|
ISSN 1977-0839 |
||
|
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 362 |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Reachtaíocht |
Imleabhar 63 |
|
Clár |
|
II Gníomhartha neamhreachtacha |
Leathanach |
|
|
|
RIALACHÁIN |
|
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
|
CINNTÍ |
|
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
|
GA |
Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo. Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu. |
II Gníomhartha neamhreachtacha
RIALACHÁIN
|
30.10.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 362/1 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2020/1578 ÓN gCOMHAIRLE
an 29 Deireadh Fómhair 2020
lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2015/1755 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhurúin
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/1755 ón gComhairle an 1 Deireadh Fómhair 2015 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhurúin (1), agus go háirithe Airteagal 13(4) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 1 Deireadh Fómhair 2015, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2015/1755. |
|
(2) |
Ar bhonn athbhreithniú a rinne an Chomhairle, ba cheart an fhaisnéis a bhaineann le beirt daoine nádúrtha agus atá in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/1755 a leasú. |
|
(3) |
Ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/1755 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/1755 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 29 Deireadh Fómhair 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. ROTH
IARSCRÍBHINN
San Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2015/1755, in ionad iontrálacha 1 agus 2 faoin gceannteideal “Liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n‐eintiteas agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 1 agus 2”, cuirtear an méid seo a leanas:
|
|
Ainm |
Faisnéis aitheantais |
Forais ainmniúcháin |
|
“1. |
Godefroid BIZIMANA |
Inscne: Fireann Dáta breithe: 23.4.1968 Áit breithe: Nyagaseke, Mabayi, Cibitoke Náisiúntacht: An Bhurúin. Uimhir an Phas: DP0001520 |
“Chargé de missions de la Présidence” agus iarLeas-Ard-Stiúrthóir na bPóilíní Náisiúnta. An 31 Nollaig 2019, tugadh ardú céime do Bizimana go Príomh-Choimisinéir Póilíneachta. Freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas trí chinntí oibríochtúla a dhéanamh as ar eascair úsáid dhíréireach an fhornirt agus gníomhartha de bhrú faoi chois foréigneach i gcoinne léirsithe síochánta a thosaigh an 26 Aibreán 2015 tar éis fhógairt iarrthóireacht uachtaránachta Uachtarán Nkurunziza. |
|
2. |
Gervais NDIRAKOBUCA dá ngairtear freisin NDAKUGARIKA |
Inscne: Fireann Dáta Breithe: 1.8.1970 Náisiúntacht: An Bhurúin. Uimhir an Phas: DP0000761 |
An tAire Gnóthaí Baile, Forbartha Pobail agus Slándála Poiblí ó mhí an Mheithimh 2020 ar aghaidh. Iarcheannaire Oifig Rialtais na hUachtaránachta (“Présidence”) a bhí freagrach as cúrsaí a bhaineann leis na Póilíní Náisiúnta idir Bealtaine 2013 agus Samhain 2019, agus iar-Ard-Stiúrthóir na Seirbhíse Náisiúnta Faisnéise idir Samhain 2019 agus Meitheamh 2020. Freagrach as bac a chur ar an iarracht teacht ar réiteach polaitiúil sa Bhurúin trí threoracha a thabhairt as ar eascair úsáid dhíréireach an fhornirt, gníomhartha foréigin, gníomhartha diansmachta agus sáruithe ar an dlí idirnáisiúnta ar léirsitheoirí a bhí ag agóid ón 26 Aibreán 2015 ar aghaidh, tar éis fhógairt iarrthóireacht uachtaránachta an Uachtaráin Nkurunziza, lena n‐áirítear an 26, an 27 agus an 28 Aibreán 2015 sna dúichí Nyakabiga agus Musaga in Bujumbura.” |
|
30.10.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 362/3 |
RIALACHÁN (AE) 2020/1579 ÓN gCOMHAIRLE
an 29 Deireadh Fómhair 2020
lena socraítear le haghaidh 2021 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc agus grúpaí stoc éisc is infheidhme i Muir Bhailt agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2020/123 maidir le deiseanna iascaireachta áirithe in uiscí eile
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(3) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Ceanglaítear, le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), go nglactar bearta caomhantais agus aird á tabhairt ar an gcomhairle eolaíoch, theicniúil agus eacnamaíoch a bhíonn ar fáil, lena n‐áirítear, i gcás inarb ábhartha, tuarascálacha arna dtarraingt suas ag an gCoiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascaigh agus ag comhlachtaí comhairleacha eile, mar aon le comhairle a fhaightear ó Chomhairlí Comhairleacha a bunaíodh do na limistéir gheografacha ábhartha nó do na réimsí inniúlachta ábhartha agus do mholtaí comhpháirteacha arna ndéanamh ag na Ballstáit. |
|
(2) |
Tá sé de dhualgas ar an gComhairle bearta a ghlacadh maidir le deiseanna iascaireachta a shocrú agus a chionroinnt, lena n‐áirítear coinníollacha áirithe atá nasctha go feidhmiúil leis sin, de réir mar is iomchuí. Ba cheart deiseanna iascaireachta a leithdháileadh ar na Ballstáit chun go n‐áiritheofar cobhsaíocht choibhneasta gníomhaíochtaí gach Ballstát le haghaidh gach stoic nó iascaigh agus ag féachaint do chuspóirí an Chomhbheartais Iascaigh (CBI) a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013. |
|
(3) |
Foráiltear le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 gurb é cuspóir an CBI ráta saothraithe na huastáirgeachta inbhuanaithe (UTI) a bhaint amach faoi 2015 i gcás inar féidir agus, ar bhonn forchéimnitheach incriminteach, faoi 2020 ar a dhéanaí do na stoic uile. |
|
(4) |
Ba cheart na gabhálacha iomlána incheadaithe (TACanna) a bhunú, dá bhrí sin, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ar bhonn na comhairle eolaíche atá ar fáil, agus aird á tabhairt ar ghnéithe bitheolaíocha agus socheacnamaíocha agus cóir chothrom idir earnálacha iascaireachta á háirithiú ag an am céanna, agus aird á tabhairt ar na tuairimí a cuireadh in iúl le linn an chomhairliúcháin le geallsealbhóirí. |
|
(5) |
Bunaítear le Rialachán (AE) 2016/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) plean ilbhliantúil do na stoic trosc, scadán agus salán i Muir Bhailt agus don iascach i Muir Bhailt agus don iascach a shaothraíonn na stoic (“an plean”). Is é is aidhm don phlean a áirithiú go ndéanfaidh saothrú beo-acmhainní bitheolaíocha na mara líon na speiceas atá á saothrú a athbhunú agus a choinneáil ar bun os cionn leibhéil atá in ann an UTI a tháirgeadh. Chuige sin, tá spriocbhásmhaireacht iascaireachta na stoc lena mbaineann, arna sloinneadh ina raonta, le baint amach a luaithe is féidir, agus ar bhonn forchéimnitheach agus incriminteach, faoi 2020. Is iomchuí na teorainneacha gabhála is infheidhme in 2021 maidir le stoic trosc, scadán agus salán i Muir Bhailt a bhunú i gcomhréir le cuspóirí an phlean. |
|
(6) |
Chuir an Chomhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES) in iúl nach raibh bithmhais scadán Mhuir Bhailt Thiar in ICES, foranna 20-24 ach 48 % den phointe tagartha teorann do bhithmhais (Blim), arbh fhéidir go mbeadh acmhainneacht síolraithe laghdaithe faoina bhun. Dá bhrí sin, sa chomhairle eolaíoch a d’eisigh ICES an 29 Bealtaine 2020 ina comhairle bhliantúil maidir le stoc, ná gan aon ghabhálacha a bheith ann do scadán Mhuir Bhailt Thiar. Faoi Airteagal 5(2) de Rialachán (AE) 2016/1139, ba cheart beart feabhais iomchuí a ghlacadh chun a áirithiú go ndéanfar leibhéil an stoic éisc lena mbaineann a athbhunú go tapa os cionn na leibhéal atá in ann UTI a tháirgeadh. Thairis sin, ceanglaítear leis an bhforáil sin bearta feabhais breise a ghlacadh. Chuige sin, is gá go gcuirfí san áireamh an amlíne maidir le cuspóirí CBI i gcoitinne, agus go háirithe an plean, i bhfianaise na héifeachta a mheastar a bheidh ag na bearta feabhais a ghlacadh, agus ag an am céanna cloí leis na cuspóirí maidir le tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus fostaíochta a bhaint amach, mar a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013. Dá bhrí sin, agus i gcomhréir le hAirteagal 4(4) de Rialachán (AE) 2016/1139, is iomchuí na deiseanna iascaireachta do scadán Mhuir Bhailt Thiar a shocrú ar leibhéil faoi bhun na raonta básmhaireachta iascaireachta, chun an laghdú ar an mbithmhais a chur san áireamh don stoc sin in ICES foranna 20-24. |
|
(7) |
Maidir le stoc trosc Mhuir Bhailt Thoir, ó 2019 i leith, tá ICES in ann a chomhairle réamhchúraim a bhunú ar mheasúnú atá níos iomláine ó thaobh sonraí de ná mar a bhí roimhe sin. Measann ICES go raibh bithmhais na dtrosc i Muir Bhailt Thoir faoi bhun Blim in 2019 agus go bhfuil laghdú breise tagtha uirthi ó shin i leith. Dá bhrí sin, d’athdhearbhaigh ICES a comhairle nach ndéanfaí aon fhoghabháil ar throsc Mhuir Bhailt Thoir le haghaidh 2021. Mar sin féin, níl ICES in ann luachanna na raonta básmhaireachta iascaireachta a chinneadh. Amhail anuraidh, dá ndéanfaí na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic Mhuir Bhailt Thoir a shocrú ar an leibhéal a léirítear sa chomhairle eolaíoch, thiocfadh feiniméan an “tachtspeicis” chun cinn de thoradh na hoibleagáide na gabhálacha ar fad in iascaigh mheasctha a thabhairt i dtír le foghabhálacha trosc Mhuir Thoir a thabhairt i dtír. Chun an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir iascaigh a choimeád ar bun i bhfianaise na n‐impleachtaí tromchúiseacha socheacnamaíocha a d’fhéadfadh a bheith i gceist le toirmeasc ar aon fhoghabháil ar throsc Mhuir Bhailt Thoir, agus an gá atá le stádas maith bitheolaíoch a bhaint amach don stoc, agus aird á tabhairt ar an deacracht a bhaineann le gach stoc a iascach in iascach measctha ag an UTI ag an am céanna, is iomchuí TAC sonrach a bhunú le haghaidh fhoghabhálacha troisc Mhuir Bhailt Thoir. Tá na deiseanna iascaireachta le socrú i gcomhréir le hAirteagal 5(2) de Rialachán (AE) 2016/1139. |
|
(8) |
Mí na Bealtaine 2020, chuir ICES comhairle nuashonraithe ar fáil maidir le leibhéil trosc i dtéarmaí foghabhálacha éisc in iascaigh eile. Is iomchuí na deiseanna iascaireachta a shocrú i gcomhréir leis an gcomhairle sin, le díolúine d’oibríochtaí iascaireachta a dhéantar chun críche imscrúduithe eolaíocha agus, chun na críche sin amháin, agus go hiomlán i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). Thairis sin, de bhun Airteagal 5(2) de Rialachán (AE) 2016/1139, tá gach beart feabhais iomchuí le glacadh chun a áirithiú go ndéanfar leibhéil an stoic éisc lena mbaineann a athbhunú go tapa os cionn na leibhéal atá in ann UTI a tháirgeadh. Tugtar le fios leis an gcomhairle eolaíoch go bhféadfadh tairbhí breise a bheith ag stoc nach féidir a bhaint amach le TAC amháin, mar shampla ardú ar earcaíocht trí sceitheadh neamhchorraithe. Dá bhrí sin, is iomchuí an cosc le linn sceitheadh an tsamhraidh atá ann cheana a choinneáil ar bun. Thairis sin, léirítear leis an gcomhairle eolaíoch go mbíonn tábhacht choibhéiseach na n‐iascach áineasa trosc i Muir Bhailt Thoir ag brath ar leibhéal TAC. De bharr an laghdaithe ar TAC, meastar gur cainníochtaí suntasacha iad na cainníochtaí a ghabhtar in iascaigh áineasa agus is iomchuí, dá bhrí sin, an toirmeasc ar iascaireacht áineasa trosc in ICES foranna 25 agus 26 ina bhfuil an trosc i Muir Bhailt Thoir níos flúirsí. |
|
(9) |
Maidir le stoc trosc Mhuir Bhailt Thiar, rinne ICES athbhreithniú ar an laghdú ar an mbithmhais agus measann sí nach ndearnadh trosc Mhuir Bhailt Thiar a athshlánú os cionn an phointe tagartha do bhithmhais stoic sceite ar faoina bhun a dhéanfar gníomhaíocht shonrach agus iomchuí bainistíochta (Btrigger). Is iomchuí dá bhrí sin na bearta tionlacain a tugadh isteach do 2020 a choinneáil ar bun agus na deiseanna iascaireachta a shocrú i gcomhréir le hAirteagal 5(1) de Rialachán (AE) 2016/1139 agus na leibhéil trosc arna ngabháil in iascaigh eile in ICES foroinn 24, ar ina leith a thug ICES comhairle, á gcur san áireamh chun a bheith comhleanúnach leis an gcur chuige a leanadh i limistéar bainistithe troisc Mhuir Bhailt Thoir. Thairis sin, léirítear leis an gcomhairle eolaíoch gur in ICES foroinn 24 atá an meascán idir stoic trosc san iarthar agus san oirthear. Chun stoc throisc Mhuir Bhailt Thoir a chosaint agus cothroime iomaíochta a áirithiú le limistéar bainistithe troisc Mhuir Bhailt Thoir, ba cheart úsáid TAC in ICES foroinn 24 a theorannú d’fhoghabhálacha trosc le díolúine do chás oibríochtaí iascaireachta a dhéantar chun críche na n‐imscrúduithe eolaíocha, agus chun na críche sin amháin, agus i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2019/1241, agus i gcás iascairí cósta ar mhionscála a bhfuil trealamh éighníomhach acu i limistéir suas le sé mhuirmhíle ón gcósta a bhfuil doimhneacht an uisce níos lú ná 20 méadar ós rud é gurb é trosc Mhuir Bhailt Thiar is flúirsí sna limistéir éadoimhne cósta sin. Thairis sin, ba cheart an tréimhse choiscthe in ICES foroinn 24 a ailíniú leis an tréimhse choiscthe in ICES foranna 25 agus 26 d’fhonn cosaint chomhionann a áirithiú atá comhsheasmhach le comhairle ó ICES. |
|
(10) |
Dá réir sin, agus d’fhonn cothrom iomaíochta a áirithiú le ICES foranna 25 agus 26, ba cheart leanúint de thoirmeasc a chur ar iascaireacht troisc in ICES foroinn 24 thar sé mhuirmhíle amach ón gcósta. Thairis sin, ós rud é léirítear leis an gcomhairle eolaíoch go gcuireann iascaigh áineasa go mór le básmhaireacht fhoriomlán iascaireachta an stoic agus le laghdú TAC, ba cheart an teorainn laethúil gabhála in aghaidh an iascaire a choinneáil ar bun. Ní dochar do phrionsabal na cobhsaíochta coibhneasta is infheidhme maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta tráchtála atá sa mhéid seo. Ar deireadh, ós rud é go bhfuil stádas leochaileach ag an stoc agus go léirítear leis an gcomhairle eolaíoch gur féidir tairbhí breise a bheith ag baint le cosc le linn an tséasúir sceite go háirithe do stoc nach féidir a bhaint amach le TAC amháin, mar shampla ardú ar earcaíocht trí sceitheadh neamhchorraithe, ba cheart cosc le linn sceitheadh an gheimhridh a choinneáil ar bun, le díolúine d’iascairí cósta áirithe ar mhionscála agus le díolúine d’oibríochtaí iascaireachta a dhéantar chun críche imscrúduithe eolaíocha agus, chun na críche sin amháin, agus go hiomlán i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. |
|
(11) |
Measann ICES go bhfuil bithmhais scadáin Mhuir Bhailt tite faoi bhun an phointe tagartha do bhithmhais stoic sceite ar faoina bhun a dhéanfar gníomhaíocht shonrach agus iomchuí bainistíochta (Btrigger). Is iomchuí na deiseanna iascaireachta a shocrú i gcomhréir le hAirteagal 5(1) de Rialachán (AE) 2016/1139. |
|
(12) |
De réir comhairle ó ICES, bíonn trosc á ghabháil in iascaigh leathóg. Thairis sin, gabhtar saláin in iascach measctha le scadáin agus is speiceas creiche don trosc é. Is iomchuí na breithnithe sin idir speicis a chur san áireamh maidir leis na deiseanna iascaireachta a shocrú do leathóga agus do shaláin. |
|
(13) |
Chun úsáid iomlán na ndeiseanna iascaireachta cósta a áirithiú, tugadh isteach solúbthacht theoranta idirlimistéir do bhradáin ó ICES foranna 22-31 go ICES foroinn 32 in 2019. I bhfianaise na n‐athruithe ar dheiseanna iascaireachta don dá stoc sin, is iomchuí an tsolúbthacht sin a mhéadú. |
|
(14) |
Nuair a tugadh isteach toirmeasc ar iascaireacht breac geal thar cheithre mhuirmhíle agus teorannú ar fhoghabhálacha breac geal go dtí 3 % de chomhghabháil breac geal agus bradán, chuir an toirmeasc go mór le laghdú substaintiúil a dhéanamh ar mhíthuairisciú suntasach gabhálacha in iascach bradán a bhí ann roimhe seo, go háirithe mar ghabhálacha breac geal. Is iomchuí, dá bhrí sin, an fhoráil sin a choimeád chun míthuairisciú a laghdú a mhéid is féidir. |
|
(15) |
Tá úsáid na ndeiseanna iascaireachta a leagtar amach sa Rialachán seo faoi réir Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle (4), agus go háirithe Airteagail 33 agus 34 de, maidir le gabhálacha agus iarracht iascaireachta a thaifeadadh agus maidir le sonraí i ndáil le hídiú deiseanna iascaireachta a tharchur chuig an gCoimisiún. Ba cheart a shonrú sa Rialachán seo na cóid a bhaineann le stoic a thabhairt i dtír stoc atá faoi réir an Rialacháin seo agus atá le húsáid ag na Ballstáit agus sonraí á seoladh chuig an gCoimisiún. |
|
(16) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 847/96 ón gComhairle (5), tugadh coinníollacha breise isteach maidir le TACanna a bhainistiú ó bhliain go bliain, lena n‐áirítear, faoi Airteagail 3 agus 4, forálacha solúbthachta le haghaidh TACanna réamhchúraim agus anailíseacha. Faoi Airteagal 2 den Rialachán sin, bíonn sé le cinneadh ag an gComhairle, agus TACanna á socrú aici, cé na stoic nach mbeidh feidhm ag Airteagail 3 nó 4 maidir leo, go háirithe ar bhonn stádas bitheolaíoch na stoc. Níos déanaí fós, tugadh an sásra solúbthachta ó bhliain go bliain isteach le hAirteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 maidir le gach stoc a bheidh faoi réir oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír. Dá bhrí sin, d’fhonn solúbthacht iomarcach a sheachaint a bhainfeadh an bonn de phrionsabal shaothrú céillí freagrach na mbeo-acmhainní bitheolaíocha muirí, a chuirfeadh bac ar ghnóthú chuspóirí CBI agus a chúiseodh meath ar stádas bitheolaíoch na stoc, ba cheart a shuí nach mbeidh feidhm ag Airteagail 3 agus 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 maidir le TACanna anailíseacha ach amháin i gcás nach mbaintear leas as an tsolúbthacht ó bhliain go bliain dá bhforáiltear in Airteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013. |
|
(17) |
Thairis sin, ós rud é go bhfuil bithmhais an stoic trosc i Muir Bhailt Thoir faoi bhun Blim agus nach gceadaítear ach iascaigh foghabhála agus eolaíocha in 2021, ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin gan Airteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a chur i bhfeidhm maidir leis an stoc seo le haghaidh aistrithe ó 2020 go 2021 ionas nach rachaidh gabhálacha in 2021 thar TAC maidir le trosc i Muir Bhailt Thoir arna socrú. |
|
(18) |
Is ón 1 Samhain go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2021 a mhaireann an bhliain iascaireachta don trosc Ioruach i roinn 3a ICES agus in uiscí an Aontais de ICES roinn 2a agus i de ICES folimistéar 4. Bunaithe ar chomhairle eolaíoch nua, ba cheart TAC tosaigh a bhunú don trosc Ioruach do na limistéir sin. Níl cuóta don trosc Ioruach ag an Ríocht Aontaithe. Mar sin féin, tógtar cuid den chuóta in uiscí na Ríochta Aontaithe. Chuathas i gcomhairle leis an Ríocht Aontaithe i gcomhréir le hAirteagal 130(1) den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (6). Ba cheart, dá bhrí sin, TAC tosaigh a shocrú do na deiseanna iascaireachta don tréimhse ón 1 Samhain 2020 go dtí an 31 Nollaig 2020. Leis an TAC sin, beifear in ann tús a chur leis an séasúr iascaireachta. Rachfar i gcomhairle leis an Ríocht Aontaithe maidir le deiseanna iascaireachta don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2021. D’ainneoin nach bhfuil aon chion den chuóta ag an Ríocht Aontaithe sa stoc seo, roinntear an acmhainn leis an Ríocht Aontaithe. Dá bhrí sin, ba cheart comhairliúcháin maidir le comhbhainistiú an stoic a dhéanamh tar éis don idirthréimhse dul in éag an 31 Nollaig 2020. Ba cheart an Rialachán maidir le deiseanna iascaireachta don trosc Ioruach in ICES roinn 3a agus in uiscí an Aontais de ICES roinn 2a agus ICES folimistéar 4 a leasú ina dhiaidh sin chun toradh na gcomhairliúchán seo a áireamh, don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2021, chun an bhliain iomlán iascaireachta ón 1 Samhain 2020 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2021 a chumhdach. |
|
(19) |
Chun briseadh i ngníomhaíochtaí iascaireachta a sheachaint agus chun slí bheatha iascairí an Aontais a áirithiú, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón 1 Eanáir 2021. Mar sin féin, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir leis an trosc Ioruach i ICES roinn 3a agus in uiscí an Aontais de ICES roinn 2a agus in ICES folimistéar 4 ón 1 Samhain 2020 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2021. Ar chúiseanna práinne, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm láithreach tar éis a fhoilsithe, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Ábhar
Leis an Rialachán seo, socraítear na deiseanna iascaireachta do stoic éisc áirithe agus do ghrúpaí stoc éisc i Muir Bhailt le haghaidh 2021 agus leasaítear deiseanna iascaireachta áirithe in uiscí eile arna socrú le Rialachán (AE) 2020/123 (7).
Airteagal 2
Raon feidhme
1. Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le soithí an Aontais a oibríonn i Muir Bhailt.
2. Tá feidhm ag an Rialachán seo freisin maidir le hiascaigh áineasa i gcás ina dtagraítear go sainráite dóibh sna forálacha ábhartha.
Airteagal 3
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin sin, tá feidhm ag na sainmhínithe a leagtar síos in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.
Ina theannta sin, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
(1) |
ciallaíonn “foroinn” foroinn ICES de Mhuir Bhailt mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 218/2009 ón gComhairle (8); |
|
(2) |
ciallaíonn “an ghabháil iomlán is incheadaithe” (TAC) líon gach stoic ar ceadmhach a ghabháil in imeacht bliana; |
|
(3) |
ciallaíonn “cuóta” an cion de TAC a chionroinntear ar an Aontas, ar Bhallstát nó ar thríú tír; |
|
(4) |
ciallaíonn “iascaigh áineasa” gníomhaíochtaí iascaireachta neamhthráchtála lena saothraítear acmhainní bitheolaíocha na mara mar shampla le haghaidh áineasa, turasóireachta nó spóirt. |
CAIBIDIL II
DEISEANNA IASCAIREACHTA
Airteagal 4
TACanna agus cionrannta
Leagtar amach san Iarscríbhinn TACanna, na cuótaí agus na coinníollacha a bhaineann go feidhmiúil leo, i gcás inarb iomchuí.
Airteagal 5
Forálacha speisialta maidir le cionrannta deiseanna iascaireachta
Beidh cionroinnt deiseanna iascaireachta i measc na mBallstát, mar a leagtar amach iad sa Rialachán seo gan dochar do na nithe seo a leanas:
|
(a) |
malartuithe arna ndéanamh de bhun Airteagal 16(8) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013; |
|
(b) |
asbhaintí agus ath-chionrannta arna ndéanamh de bhun Airteagal 37 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009; |
|
(c) |
gabhálacha breise arna gceadú faoi Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 nó faoi Airteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013; |
|
(d) |
cainníochtaí arna gcoinneáil siar i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 nó a aistríodh faoi Airteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013; |
|
(e) |
asbhaintí arna ndéanamh de bhun Airteagail 105 agus 107 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009. |
Airteagal 6
Coinníollacha maidir le gabhálacha agus foghabhálacha a thabhairt i dtír
Sainaithnítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo stoic na speiceas nach spriocspeicis iad laistigh de na teorainneacha bitheolaíocha sábháilte dá dtagraítear in Airteagal 15(8) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 atá incháilithe don mhaolú ón oibleagáid gabhálacha a chomhaireamh in aghaidh an chuóta ábhartha.
Airteagal 7
Tréimhsí coiscthe chun trosc sceite a chosaint
1. Beidh toirmeasc ar iascaireacht le haon chineál trealaimh iascaireachta i bhforanna 25 agus 26 ón 1 Bealtaine go dtí an 31 Lúnasa,
2. Beidh díolúine ón toirmeasc a leagtar síos i mír 1 sna cásanna seo a leanas:
|
(a) |
oibríochtaí iascaireachta ar chun críche imscrúduithe eolaíocha iad, agus chun na críche sin amháin, ar choinníoll go ndéanfar na himscrúduithe céanna go hiomlán i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2019/1241; |
|
(b) |
soithí iascaireachta de chuid an Aontais ar lú a bhfad iomlán ná 12 mhéadar agus a bhíonn ag iascaireacht le heangacha geolbhaigh, líonta fostúcháin nó líonta traimlí, le doruithe grinneallsocraithe, spiléir, sruthdhoruithe, doruithe láimhe agus trealamh díreoige, nó gléasanna iascaireachta comhchosúla éighníomhacha eile i limistéir inar lú ná 20 méadar doimhneacht an uisce de réir na gcomhordanáidí ar an gcairt loingseoireachta oifigiúil arna heisiúint ag na húdaráis náisiúnta inniúla; |
|
(c) |
soithí iascaireachta de chuid an Aontais a bhíonn ag iascaireacht i bhforoinn 25, inar lú ná 50 méadar doimhneacht an uisce, do stoic pheiligeacha lena gcaitheamh go díreach ag an duine, a bhfuil trealamh á úsáid acu arb ionann méid a mhogaill agus 45 mm nó ar lú é ná sin, agus a sórtáiltear a dtabhairt i dtír. |
3. Beidh toirmeasc ar iascaireacht le haon chineál trealaimh iascaireachta i bhforanna 22 agus 23 ón 1 Feabhra go dtí an 31 Márta, agus i bhforoinn 24 ón 15 Bealtaine go dtí an 15 Lúnasa.
4. Beidh díolúine ón toirmeasc a leagtar síos i mír a trí sna cásanna seo a leanas:
|
(a) |
oibríochtaí iascaireachta ar chun críche imscrúduithe eolaíocha iad, agus chun na críche sin amháin, má dhéantar iad i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2019/1241; |
|
(b) |
soithí iascaireachta de chuid an Aontais ar lú a bhfad iomlán ná 12 mhéadar agus a mbíonn ag iascaireacht le heangacha geolbhaigh, líonta fostúcháin nó líonta traimlí, le doruithe grinneallsocraithe, spiléir, sruthdhoruithe, doruithe láimhe agus trealamh díreoige, nó gléasanna iascaireachta comhchosúla éighníomhacha eile i bhforanna 22 agus 23 i limistéir inar lú ná 20 méadar doimhneacht an uisce de réir na gcomhordanáidí ar an gcairt loingseoireachta oifigiúil arna heisiúint ag na húdaráis náisiúnta inniúla, agus i bhforoinn 24 i limistéir suas le sé mhuirmhíle arna dtomhas ó na bunlínte inar lú ná 20 méadar doimhneacht an uisce de réir na gcomhordanáidí ar an gcairt loingseoireachta oifigiúil arna heisiúint ag na húdaráis náisiúnta inniúla; |
|
(c) |
soithí iascaireachta de chuid an Aontais a bhíonn ag iascaireacht i bhforoinn 24 suas le sé mhuirmhíle arna dtomhas ó na bonnlínte agus inar lú ná 40 méadar doimhneacht an uisce, do stoic pheiligeacha lena gcaitheamh go díreach ag an duine, a bhfuil trealamh á úsáid acu arb ionann méid a mhogaill agus 45 mm nó ar lú é ná sin, agus a sórtáiltear a dtabhairt i dtír. |
5. Áiritheoidh máistrí na soithí iascaireachta dá dtagraítear i mír 2, pointí (b) agus (c) agus mír 4, pointí (b) agus (c) go bhféadfaidh údaráis rialúcháin an Bhallstáit faireachán a dhéanamh ar a ngníomhaíochtaí iascaireachta am ar bith.
Airteagal 8
Bearta maidir le hiascaigh áineasa do throsc i bhforanna 22-26
1. In iascaigh áineasa, ní fhéadfar níos mó ná cúig eiseamal trosc a choinneáil in aghaidh an iascaire in aghaidh an lae i bhforanna 22 agus 23 agus i bhforoinn 24 laistigh de shé mhuirmhíle arna dtomhas ó na bunlínte, seachas sa tréimhse ón 1 Feabhra go dtí an 31 Márta 2021, nuair nach féidir níos mó ná dhá eiseamal trosc a choinneáil in aghaidh an iascaire in aghaidh an lae.
2. Toirmeascfar iascaireacht áineasa do throsc i bhforoinn 24 thar sé mhuirmhíle arna dtomhas ó na bunlínte, agus i bhforanna 25 agus 26.
3. Tá an tAirteagal seo gan dochar do bhearta náisiúnta níos déine.
Airteagal 9
Bearta maidir le iascaireacht breac geal agus bradán i bhforanna 22-32
1. Beidh cosc ar shoithí iascaireachta breac geal a iascach thar cheithre mhuirmhíle arna dtomhas ó na bunlínte i bhforanna 22-32 ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig 2021. Agus bradáin á n‐iascaireacht sna huiscí sin, ní rachaidh foghabhálacha breac geal thar 3 % de ghabháil iomlán na mbradán agus na mbreac geal tráth ar bith a bheidh ar bord nó tugtha i dtír tar éis gach turais iascaireachta.
2. Tá an tAirteagal seo gan dochar do bhearta náisiúnta níos déine.
Airteagal 10
Solúbthacht
1. Seachas i gcás ina sonraítear a mhalairt san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, tá feidhm ag Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 maidir le stoic atá faoi réir TACanna réamhchúraim, agus beidh feidhm ag Airteagal 3(2) agus (3) agus ag Airteagal 4 den Rialachán sin maidir le stoic atá faoi réir TAC anailíseach.
2. Níl feidhm ag Airteagal 3(2) agus (3) agus Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 i gcás ina n‐úsáidfidh Ballstát an tsolúbthacht bhliantúil dá bhforáiltear in Airteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.
Airteagal 11
Tarchur sonraí
I gcás ina seolfaidh na Ballstáit sonraí a bhaineann le cainníochtaí na stoc a ghabhtar nó a thugtar i dtír chuig an gCoimisiún, de bhun Airteagail 33 agus 34 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, úsáidfidh siad na cóid stoic a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
CAIBIDIL III
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 12
Leasú ar Rialachán (AE) 2020/123
In Iarscríbhinn IA, cuirtear an méid seo a leanas in áit an tábla deiseanna Iascaireachta le haghaidh trosc Ioruach agus foghabhálacha gaolmhara in ICES roinn 3a agus uiscí an Aontais ICES roinn 2a agus agus ICES folimistéir 4:
|
“Speiceas: |
trosc Ioruach agus foghabhálacha gaolmhara Trisopterus esmarkii |
Limistéar: |
3a; Uiscí de chuid an Aontais in 2a agus 4 (NOP/2A3A4.) |
|||
|
Tréimhse |
1 Samhain 2019 go 31 Deireadh Fómhair 2020 |
1 Samhain 2020go 31 Nollaig 2020 |
TAC anailíseach |
|||
|
an Danmhairg |
72 433 |
29 972 |
Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 |
|||
|
an Ghearmáin |
14 |
6 |
Ní bheidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 |
|||
|
An Ísiltír |
53 |
22 |
|
|||
|
an tAontas |
72 500 |
30 000 |
|
|||
|
an Iorua |
14 500 |
pm |
|
|
||
|
Oileáin Fharó |
5 000 |
pm |
|
|
||
|
TAC |
Ní bhaineann le hábhar |
|
Ní bhaineann le hábhar |
|
|
|
Airteagal 13
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón Dé hAoine 1 Eanáir 2021, seachas Airteagal 12 a mbeidh feidhm aige ón 1 Samhain 2020 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2021.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 29 Deireadh Fómhair 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. ROTH
(1) Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1954/2003 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 2371/2002 agus (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).
(2) Rialachán (AE) 2016/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 lena mbunaítear plean ilbhliantúil do na stoic troisc, scadáin agus saláin i Muir Bhailt agus don iascach a shaothraíonn na stoic sin, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1098/2007 ón gComhairle (IO L 191, 15.7.2016, lch. 1).
(3) Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le hacmhainní iascach a chaomhnú agus le héiceachórais mhara a chosaint trí bhearta teicniúla, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1967/2006, (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus Rialacháin (AE) Uimh. 1380/2013, (AE) 2016/1139, (AE) 2018/973, (AE) 2019/472 agus (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 894/97, (CE) Uimh. 850/98, (CE) Uimh. 2549/2000, (CE) Uimh. 254/2002, (CE) Uimh. 812/2004 agus (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle (IO L 198, 25.7.2019, lch. 105).
(4) Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe Aontais d’fhonn comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006 (IO L 343, 22.12.2009, lch. 1).
(5) Rialachán (CE) Uimh. 847/96 ón gComhairle an 6 Bealtaine 1996 lena dtugtar isteach coinníollacha breise le haghaidh bhainistiú bliantúil na ngabhálacha iomlána is incheadaithe agus na gcuótaí (IO L 115, 9.5.1996, lch. 3).
(6) IO L 29, 31.1.2020, lch. 7.
(7) Rialachán (AE) 2020/123 ón gComhairle an 27 Eanáir 2020 lena socraítear le haghaidh 2020 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc, is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad (IO L 25, 30.1.2020, lch. 1).
(8) Rialachán (CE) Uimh. 218/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Ballstáit atá ag iascaireacht san Atlantach thoir thuaidh do thíolacadh staidrimh ar ghabháil ainmniúil (IO L 87, 31.3.2009, lch. 70).
(9) Féadfaidh suas le 5 % den chuóta a bheith ina fhoghabhálacha cadóg agus faoitíní (OT2/* 2A3A4). Foghabhálacha cadóg agus faoitíní arna gcomhaireamh in aghaidh an chuóta de bhun na forála seo agus foghabhálacha speiceas arna gcomhaireamh in aghaidh an chuóta de bhun Airteagal 15(8) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ní rachaidh siad, i dteannta a chéile, thar 9 % den chuóta.
(10) Ní fhéadfar an cuóta a iascach ach in uiscí an Aontais i limistéir 2a, 3a agus 4 ICES.
(11) Ní fhéadfar cuóta an Aontais a iascach ach ón 1 Samhain 2019 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2020.
(12) Bainfear úsáid as greille shórtála.
(13) Bainfear úsáid as greille shórtála. Áirítear leis seo uasmhéid 15 % d’fhoghabhálacha dosheachanta (NOP/*2A3A4), nach mór a chomhaireamh in aghaidh an chuóta seo.
(14) Féadfar cuóta an Aontais a iascach ón 1 Samhain 2020 go dtí an 31 Nollaig 2020.”
IARSCRÍBHINN
TACanna IS INFHEIDHME MAIDIR LE SOITHÍ IASCAIREACHTA DE CHUID AN AONTAIS I LIMISTÉIR ARB ANN DO TACanna INA LEITH DE RÉIR SPEICIS AGUS DE RÉIR LIMISTÉIR
Déantar leis na táblaí seo a leanas na TACanna agus na cuótaí a leagan amach (i dtonaí beomheáchain, seachas i gcás ina sonraítear a mhalairt) de réir stoic, agus na coinníollacha atá nasctha go feidhmiúil leo.
Is tagairtí do limistéir ICES tagairtí do limistéir iascaireachta, mura sonraítear a mhalairt.
Tagraítear do na stoic éisc trí úsáid a bhaint as ord aibítre ainmneacha Laidine an speicis.
Chun críocha an Rialacháin seo, soláthraítear an tábla comparáideach seo a leanas, ina gcuimsítear ainmneacha Laidine agus gnáthainmneacha:
|
Ainm eolaíoch |
Cód alpha-3 |
Gnáthainm |
|
Clupea harengus |
HER |
An scadán |
|
Gadus morhua |
TROSC |
An trosc |
|
Pleuronectes platessa |
PLE |
An leathóg |
|
Salmo salar |
SAL |
An bradán Atlantach |
|
Sprattus sprattus |
SPR |
An salán |
|
Speiceas: |
an scadán Clupea harengus |
Limistéar: |
Foranna 30-31 (HER/30/31.) |
|
|
an Fhionlainn |
53 306 |
|
|
|
|
an tSualainn |
11 712 |
|
||
|
an tAontas |
65 018 |
|
||
|
TAC |
65 018 |
|
TAC réamhchúraim |
|
|
Speiceas: |
an scadán Clupea harengus |
Limistéar: |
Foranna 22-24 (HER/3BC+24) |
|
|
an Danmhairg |
221 |
|
|
|
|
an Ghearmáin |
869 |
|
||
|
an Fhionlainn |
0 |
|
||
|
an Pholainn |
205 |
|
||
|
an tSualainn |
280 |
|
||
|
an tAontas |
1 575 |
|
||
|
TAC |
1 575 |
|
TAC anailíseach Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 847/96. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96. |
|
|
Speiceas: |
an scadán Clupea harengus |
Limistéar: |
Uiscí an Aontais i bhForanna 25-27, 28.2, 29 agus 32 (HER/3D-R30) |
|
|
an Danmhairg |
2 146 |
|
|
|
|
an Ghearmáin |
569 |
|
||
|
an Eastóin |
10 960 |
|
||
|
an Fhionlainn |
21 393 |
|
||
|
an Laitvia |
2 705 |
|
||
|
an Liotuáin |
2 848 |
|
||
|
an Pholainn |
24 304 |
|
||
|
an tSualainn |
32 626 |
|
||
|
an tAontas |
97 551 |
|
||
|
TAC |
Ní bhaineann le hábhar |
TAC anailíseach Tá feidhm ag Airteagal 6 den Rialachán seo. |
||
|
Speiceas: |
An scadán Clupea harengus |
Limistéar: |
Foroinn 28.1
|
|
|
an Eastóin |
18 216 |
|
|
|
|
an Laitvia |
21 230 |
|
||
|
an tAontas |
39 446 |
|
||
|
TAC |
39 446 |
|
TAC anailíseach Tá feidhm ag Airteagal 6 den Rialachán seo. |
|
|
Speiceas: |
an trosc Gadus morhua |
Limistéar: |
Uiscí an Aontais i bhForanna 25-32 (COD/3DX32) |
|
|
an Danmhairg |
137 |
|
||
|
an Ghearmáin |
54 |
|||
|
an Eastóin |
13 |
|||
|
an Fhionlainn |
10 |
|||
|
an Laitvia |
51 |
|||
|
an Liotuáin |
33 |
|||
|
an Pholainn |
159 |
|||
|
an tSualainn |
138 |
|||
|
an tAontas |
595 |
|||
|
TAC |
Ní bhaineann le hábhar |
TAC réamhchúraim Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 847/96. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96. |
||
|
Speiceas: |
an trosc Gadus morhua |
Limistéar: |
Foranna 22-24 (COD/3BC+24) |
|
|
an Danmhairg |
1 746 |
|
||
|
an Ghearmáin |
854 |
|||
|
an Eastóin |
39 |
|||
|
an Fhionlainn |
34 |
|||
|
an Laitvia |
144 |
|||
|
an Liotuáin |
94 |
|||
|
an Pholainn |
467 |
|||
|
an tSualainn |
622 |
|||
|
an tAontas |
4 000 |
|||
|
TAC |
4 000 |
TAC anailíseach Níl feidhm ag Airteagal 3(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 847/96. Níl feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96. |
||
|
Speiceas: |
an leathóg Pleuronectes platessa |
Limistéar: |
Uiscí an Aontais i bhforanna 22-32 (PLE/3BCD-C) |
|
|
an Danmhairg |
5 187 |
|
|
|
|
an Ghearmáin |
576 |
|
||
|
an Pholainn |
1 086 |
|
||
|
an tSualainn |
391 |
|
||
|
an tAontas |
7 240 |
|
||
|
TAC |
7 240 |
|
TAC anailíseach Tá feidhm ag Airteagal 6 den Rialachán seo. |
|
|
Speiceas: |
an bradán Atlantach Salmo salar |
Limistéar: |
Uiscí an Aontais i bhForanna 22-31 (SAL/3BCD-F) |
|
|
an Danmhairg |
19 582 |
|
||
|
an Ghearmáin |
2 179 |
|||
|
an Eastóin |
1 990 |
|||
|
an Fhionlainn |
24 417 |
|||
|
an Laitvia |
12 455 |
|||
|
an Liotuáin |
1 464 |
|||
|
an Pholainn |
5 940 |
|||
|
an tSualainn |
26 469 |
|||
|
an tAontas |
94 496 |
|||
|
TAC |
Ní bhaineann le hábhar |
TAC réamhchúraim Níl feidhm ag Airteagal 3(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 847/96. Níl feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96. |
||
|
Speiceas: |
an bradán Atlantach Salmo salar |
Limistéar: |
Uiscí an Aontais i bhforoinn 32 (SAL/3D32.) |
|
|
an Eastóin |
911 |
|
||
|
an Fhionlainn |
7 972 |
|||
|
an tAontas |
8 883 |
|||
|
TAC |
Ní bhaineann le hábhar |
TAC réamhchúraim |
||
|
Speiceas: |
an salán Sprattus sprattus |
Limistéar: |
Uiscí an Aontais i bhforanna 22-32 (SPR/3BCD-C) |
|
|
an Danmhairg |
21 993 |
|
|
|
|
an Ghearmáin |
13 933 |
|
||
|
an Eastóin |
25 539 |
|
||
|
an Fhionlainn |
11 513 |
|
||
|
an Laitvia |
30 845 |
|
||
|
an Liotuáin |
11 158 |
|
||
|
an Pholainn |
65 460 |
|
||
|
an tSualainn |
42 517 |
|
||
|
an tAontas |
222 958 |
|
||
|
TAC |
Ní bhaineann le hábhar |
TAC anailíseach Tá feidhm ag Airteagal 6 den Rialachán seo. |
||
(1) Go heisiach le haghaidh foghabhálacha. Ní cheadaítear iascaigh dhírithe faoin gcuóta seo.
De mhaolú ar an gcéad mhír, féadfar oibríochtaí iascaireachta ar chun críche imscrúduithe eolaíocha iad, agus chun na críche sin amháin, a dhíriú ar an trosc ar choinníoll go ndéanfar na himscrúduithe céanna go hiomlán i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2019/1241.
(2) I bhforoinn 24 le haghaidh foghabhálacha amháin. Ní cheadaítear iascaigh dhírithe faoin gcuóta seo i bhforoinn 24.
De mhaolú ar an gcéad mhír, féadfar oibríochtaí iascaireachta ar chun críche imscrúduithe eolaíocha iad, agus chun na críche sin amháin, a dhíriú ar an trosc ar choinníoll go ndéanfar na himscrúduithe céanna go hiomlán i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2019/1241.
De mhaolú ar an gcéad mhír, ceadaítear iascaireacht an chuóta seo i bhforoinn 24 do shoithí iascaireachta de chuid an Aontais ar lú a bhfad iomlán ná 12 mhéadar a bhíonn ag iascaireacht le heangacha geolbhaigh, líonta fostúcháin nó líonta traimlí, le doruithe grinneallsocraithe, spiléir, sruthdhoruithe, doruithe láimhe agus trealamh díreoige, nó gléasanna iascaireachta comhchosúla éighníomhacha eile i limistéir atá suas le sé mhuirmhíle arna dtomhas ó na bonnlínte agus inar lú ná 20 méadar doimhneacht an uisce de réir na gcomhordanáidí ar an gcairt loingseoireachta oifigiúil arna heisiúint ag na húdaráis náisiúnta inniúla. Áiritheoidh máistrí na soithí iascaireachta sin go bhféadfaidh údaráis rialúcháin an Bhallstáit faireachán a dhéanamh ar a ngníomhaíochtaí iascaireachta am ar bith.
(3) Arna shloinneadh i dtéarmaí líon éisc aonair.
(4) Coinníoll speisialta: a bhféadfar suas le 25 % agus 500 eiseamal den chuóta seo a iascach in uiscí an Aontais i bhforoinn 32 (SAL/*3D32).
(5) Arna shloinneadh i dtéarmaí líon éisc aonair.
CINNTÍ
|
30.10.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 362/15 |
CINNEADH (AE) 2020/1580 ÓN gCOMHAIRLE
an 23 Deireadh Fómhair 2020
lena leasaítear Cinneadh (AE) 2020/721 ionas go n‐áirítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh in Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta le linn an 75ú seisiún den Choiste um Chaomhnú an Chomhshaoil Mhuirí agus an 102ú seisiún den Choiste Muir-Shábháilteachta i dtaca le formheas chiorclán MSC-MEPC.5 i dtaca le Samhail-Chomhaontú maidir le húdarú Eagraíochtaí Aitheanta a ghníomhaíonn thar ceann an Chórais Riaracháin
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Ba cheart é a bheith d’aidhm ag gníomhaíocht an Aontais san earnáil mhuiriompair an comhshaol muirí agus sláinte an duine a chosaint agus an tsábháilteacht mhuirí a fheabhsú. |
|
(2) |
Táthar ag súil go bhformheasfaidh an Coiste Muir-Shábháilteachta de chuid na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta (“IMO”), le linn a 102ú seisiún a thionólfar ón 4 go dtí an 11 Samhain 2020 (“MSC 102”), ciorclán MSC-MEPC.5 i dtaca le Samhail-Chomhaontú maidir le húdarú eagraíochtaí aitheanta a ghníomhaíonn thar ceann an Chórais Riaracháin i gcomhpháirt leis an gCoiste um Chaomhnú an Chomhshaoil Mhuirí de chuid an IMO (“ciorclán MSC-MEPC.5”). |
|
(3) |
Táthar ag súil go bhformheasfaidh an Coiste um Chaomhnú an Chomhshaoil Mhuirí de chuid an IMO, le linn a 75ú seisiún a thionólfar ón 16 go dtí an 20 Samhain 2020 (“MEPC 75”), ciorclán MSC-MEPC.5 i gcomhpháirt leis an gCoiste Muir-Shábháilteachta de chuid an IMO. |
|
(4) |
Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais le linn MSC 102 agus MEPC 75 a bhunú, toisc go bhfuil formheas chiorclán MSC-MEPC.5 in ann tionchar cinntitheach a imirt ar inneachar dhlí an Aontais, eadhon Treoir (AE) 2019/15/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1). |
|
(5) |
Le formheas chiorclán MSC-MEPC.5, a ghabhann ionad chiorcláin MSC/Circ.710 agus MEPC/Circ.307, dhéanfaí uasdátú ar an Samhail-Chomhaontú maidir le húdarú eagraíochtaí aitheanta a ghníomhaíonn thar ceann an Chórais Riaracháin agus thabharfaí é i gcomhréir leis an gCód d’Eagraíochtaí Aitheanta (rúin MSC.349(92) agus MEPC.237(65) de chuid IMO). Rannchuideodh an formheas sin le beachtas, trédhearcacht agus cuntasacht an chórais riaracháin bhrataí agus na n‐eagraíochtaí aitheanta araon a mhéadú ar an leibhéál domhanda. |
|
(6) |
Ní comhalta de IMO an tAontas, ná ní páirtí conarthach é sna coinbhinsiúin ná sna cóid ábhartha. Dá bhrí sin, ba cheart don Chomhairle na Ballstáit a údarú seasamh an Aontais a chur in iúl. |
|
(7) |
Ba cheart raon feidhme an Chinnidh seo a theorannú don mhéid atá i gciorclán MSC-MEPC.5, a mhéid a thagann an ciorclán sin faoi inniúlacht eisiach an Aontais agus a mhéid a d’fhéadfadh sé difear a dhéanamh do rialacha comhchoiteanna an Aontais. Níor cheart don Chinneadh seo difear a dhéanamh do roinnt na n‐inniúlachtaí idir an tAontas agus na Ballstáit. |
|
(8) |
Ba cheart Cinneadh (AE) ón gComhairle 2020/721 an 19 Bealtaine 2020 (2) a leasú le go n‐áireofaí tagairt d’fhormheas chiorclán MSC-MEPC.5 ann, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Dá bhrí sin, leasaítear Cinneadh (AE) 2020/721 ón gComhairle mar a leanas:
|
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad an teidil “ Cinneadh (AE) 2020/721 ón gComhairle an 19 Bealtaine 2020 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste um Chaomhnú an Chomhshaoil Mhuirí de chuid na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta le linn a 75ú seisiún agus sa Choiste Muir-Shábháilteachta de chuid na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta le linn a 102ú seisiún i dtaca le glacadh leasuithe ar rialacháin 2, 14 agus 18 agus foscríbhinní I agus VI d’Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Thruailliú ó Longa a Chosc, leasuithe ar Chodanna A-1, B, B-1, B-2 go B-4 de Chaibidil II-1 den Choinbhinsiún Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir, leasuithe ar Chodanna A-1 agus B-1 den Chód Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Long a úsáideann Gáis nó Breoslaí Íseal-splancphointe Eile agus leasuithe ar rún A.658(16) maidir le húsáid agus feistiú na n‐ábhar ais-fhrithchaiteach ar fhearais tarrthála, agus maidir le formheas chiorclán MSC-MEPC.5 i dtaca le Samhail-Chomhaontú maidir le húdarú eagraíochtaí aitheanta a ghníomhaíonn thar ceann an Chórais Riarachái n ”; |
|
(2) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1: “Airteagal 1 Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gCoiste um Chaomhnú an Chomhshaoil na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta, le linn an 75ú seisiún de, tacú le glacadh na leasuithe ar rialacháin 2, 14 agus 18 agus ar fhoscríbhinní I agus VI de Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Thruailliú ó Longa a Chosc, mar a leagtar síos iad san Iarscríbhinn a ghabhann le doiciméad MEPC 75/3 de chuid IMO, agus tacú le formheas chiorclán MSC-MEPC.5 mar a leagtar síos in Iarscríbhinn 8 a ghabhann le doiciméad III 6/15 IMO. Cumhdaítear leis an seasamh sin na leasuithe agus an ciorclán lena mbaineann a mhéid a thagann siad faoi inniúlacht eisiach an Aontais agus a mhéid a d’fhéadfadh na leasuithe agus an ciorclán sin difear a dhéanamh do rialacha comhchoiteanna an Aontais. |
|
(3) |
cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad Airteagal 2: “Airteagal 2 1. Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gCoiste Muir‐Shábháilteachta na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta, le linn an 102ú seisiún de, ciorclán MSC-MEPC.5 mar a leagtar síos in Iarscríbhinn 8 a ghabhann le doiciméad III 6/15 IMO, agus tacú le glacadh na leasuithe ar an méid seo a leanas:
2. Cumhdaítear leis an seasamh dá dtagraítear i mír 1 an ciorclán agus na leasuithe lena mbaineann a mhéid a thagann an ciorclán sin agus na leasuithe sin faoi inniúlacht eisiach an Aontais agus a mhéid a d’fhéadfadh siad difear a dhéanamh do rialacha comhchoiteanna an Aontais.” |
|
(4) |
cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad Airteagal 4: “Airteagal 4 Údaraítear leis seo do na Ballstáit a dtoiliú a thabhairt a bheith faoi cheangal, chun leasanna an Aontais, ag na leasuithe agus an ciorclán dá dtagraítear in Airteagail 1 agus 2, a mhéid a thagann na leasuithe agus an ciorclán sin faoi inniúlacht eisiach an Aontais.”. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, 23 Deireadh Fómhair 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
S. SCHULZE
(1) Treoir 2009/15/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna agus caighdeáin chomhchoiteanna d’eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge agus maidir le gníomhaíochtaí ábhartha lucht riaracháin muirí (IO L 131, 28.5.2009, lch. 47).
(2) Cinneadh (AE) 2020/721 ón gComhairle an 19 Bealtaine 2020 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste um Chaomhnú an Chomhshaoil Mhuirí de chuid na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta le linn a 75ú seisiún agus sa Choiste Muir-Shábháilteachta de chuid na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta le linn a 102ú seisiún i dtaca le glacadh leasuithe ar rialacháin 2, 14 agus 18 agus foscríbhinní I agus VI d’Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Thruailliú ó Longa a Chosc, leasuithe ar Chodanna A-1, B, B-1, B-2 go B-4 de Chaibidil II-1 den Choinbhinsiún Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir, leasuithe ar Chodanna A-1 agus B-1 den Chód Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Long a úsáideann Gáis nó Breoslaí Íseal-splancphointe Eile agus leasuithe ar rún A.658(16) maidir le húsáid agus feistiú na n‐ábhar ais-fhrithchaiteach ar fhearais tarrthála (IO L 171, 2.6.2020, lch. 1).
|
30.10.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 362/18 |
CINNEADH (AE) 2020/1581 ÓN GCOMHAIRLE
an 23 Deireadh Fómhair 2020
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste Comhlachais i ndáil le cumraíocht Trádála a bunaíodh leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt amháin, agus an tSeoirsia, den pháirt eile, maidir le nuashonrú a dhéanamh ar Iarscríbhinn XIII (Comhfhogasú na reachtaíochta custaim) a ghabhann leis an gComhaontú
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4) de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rinne an tAontas an Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus an tSeoirsia, den pháirt eile (1) (“an Comhaontú”) a thabhairt i gcrích le Cinneadh (AE) 2016/838 (2) ón gComhairle agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Iúil 2016. |
|
(2) |
De bhun Airteagal 406(3) den Chomhaontú, tá de chumhacht ag an gComhairle Chomhlachais na hIarscríbhinní a ghabhann leis an gComhaontú a nuashonrú nó a leasú. |
|
(3) |
De bhun Airteagal 408(2) den Chomhaontú, féadfaidh an Chomhairle Chomhlachais aon cheann de na cumhachtaí atá aici a tharmligean chuig an gCoiste Comhlachais, lena n‐áirítear an chumhacht cinntí ceangailteacha a dhéanamh. |
|
(4) |
De bhun Airteagal 1 de Chinneadh Uimh. 3/2014 ón gComhairle Chomhlachais (3), tharmlig an Chomhairle Chomhlachais an chumhacht na hIarscríbhinní a ghabhann leis an gComhaontú a bhaineann, inter alia, le Caibidil 5 (Custam agus éascú na trádála) de Theideal IV (Trádáil agus Nithe a bhaineann le Trádáil) den Chomhaontú a nuashonrú nó a leasú chuig an gCoiste Comhlachais i ndáil le cumraíocht Trádála, a mhéid nach bhfuil aon fhorálacha sonracha i gCaibidil 5 a bhaineann leis na hIarscríbhinní sin a nuashonrú nó a leasú. |
|
(5) |
Tá an Coiste Comhlachais i ndáil le cumraíocht Trádála, le linn an tseachtú cruinniú, le cinneadh a ghlacadh maidir le nuashonrú a dhéanamh ar Iarscríbhinn XIII (Comhfhogasú reachtaíochta custaim) a ghabhann leis an gComhaontú. |
|
(6) |
Is iomchuí an seasamh a ghlacfar thar ceann an Aontais sa Choiste Comhlachais i ndáil le cumraíocht Trádála a bhunú, a mhéid a bheidh an cinneadh atá beartaithe ceangailteach ar an Aontas, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Bunófar an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag seachtú cruinniú an Choiste Comhlachais i ndáil le cumraíocht Trádála, dá dtagraítear in Airteagal 408(4) den Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt amháin, agus an tSeoirsia, den pháirt eile, maidir le nuashonrú a dhéanamh ar Iarscríbhinn XIII (Comhfhogasú na reachtaíochta custaim) a ghabhann leis an gComhaontú, ar Dhréachtchinneadh an Choiste Comhlachais i ndáil le cumraíocht Trádála (4).
Airteagal 2
Tar éis a ghlactha, foilseofar Cinneadh an Choiste Comhlachais i ndáil le cumraíocht Trádála dá dtagraítear in Airteagal 1 in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, 23 Deireadh Fómhair 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
S. SCHULZE
(1) IO L 261, 30.8.2014, lch. 4.
(2) Cinneadh (AE) 2016/838 ón gComhairle an 23 Bealtaine 2016 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus an tSeoirsia, den pháirt eile (IO L 141, 28.5.2016, lch. 26).
(3) Cinneadh Uimh. 3/2014 ó Chomhairle Comhlachais AE-na Seoirsia an 17 Samhain 2014 maidir le cumhachtaí áirithe a tharmligean chuig an gCoiste Comhlachais ag an gComhairle Chomhlachais i ndáil le cumraíocht Trádála (2015/2263) (IO L 321, 5.12.2015, p. 72.).
(4) Féach doiciméad ST 11388/20 ag http://register.consilium.europa.eu.
|
30.10.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 362/20 |
CINNEADH (AE) 2020/1582 ÓN gCOMHAIRLE
an 23 Deireadh Fómhair 2020
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh I gCruinnithe na bPáirtithe sa Chomhaontú chun cosc a chur ar iascach mórmhara neamhrialáilte i Lár an Aigéin Artaigh
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Maidir leis an gComhaontú chun cosc a chur ar iascach mórmhara neamhrialáilte i Lár an Aigéin Artaigh (“an Comhaontú”), thug an tAontas i gcrích é le Cinneadh (AE) 2019/407 ón gComhairle (1). Meastar go dtiocfaidh an comhaontú sin i bhfeidhm níos déanaí i mbliana. |
|
(2) |
Tá cruinniú na bPáirtithe freagrach as bearta a ghlacadh atá ceaptha cur chun feidhme an Chomhaontaithe a áirithiú chun go mbainfear amach an cuspóir, is é sin cosc a chur ar iascaireacht neamhrialáilte i limistéar mórmhara i lár an Aigéin Artaigh trí chur i bhfeidhm bearta réamhchúraim caomhnaithe agus bainistíochta mar chuid de straitéis fhadtéarmach chun éiceachórais shláintiúla mhuirí a chosaint, agus caomhnú agus úsáid inbhuanaithe na stoc éisc a áirithiú. D’fhéadfadh sé go dtiocfadh bearta den sórt sin chun bheith ina gceangal ar an Aontas. |
|
(3) |
Le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), foráiltear go bhfuil an tAontas lena áirithiú go mbeidh gníomhaíochtaí iascaireachta agus dobharshaothraithe inbhuanaithe san fhadtéarma ó thaobh an chomhshaoil agus go mbainisteofar iad ar bhealach a bheidh ag luí leis na cuspóirí tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus fostaíochta a bhaint amach, agus lena gcuirfear le hinfhaighteacht soláthairtí bia. Foráiltear leis freisin go bhfuil an tAontas le cur chuige réamhchúraim a chur i bhfeidhm i leith bainistiú iascaigh, agus go mbeidh mar aidhm leis a áirithiú go ndéanfaidh saothrú acmhainní bitheolaíocha na mara líon na speiceas atá á saothrú a athbhunú agus a chothabháil ag leibhéil atá in acmhainn an uastáirgeacht inbhuanaithe a tháirgeadh. Ina theannta sin, foráiltear leis go bhfuil an tAontas le bearta bainistíochta agus caomhnaithe a dhéanamh ar bhonn na comhairle eolaíche is fearr atá ar fáil, le tacú le forbairt an eolais eolaíoch agus na comhairle eolaíche, le hábhar muirí aischurtha a dhíchur de réir a chéile agus le modhanna iascaireachta a chur chun cinn a chuideoidh le hiascaireacht níos roghnaí, le gabhálacha de thaisme a sheachaint agus a laghdú a mhéid is féidir, agus le hiascaireacht a bhfuil tionchar íseal aici ar an éiceachóras muirí agus ar acmhainní iascaigh. Thairis sin, foráiltear go sonrach le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 go bhfuil an tAontas leis na cuspóirí agus na prionsabail sin le cur i bhfeidhm agus a chaidreamh seachtrach iascaigh á sheoladh aige. |
|
(4) |
Mar a dhearbhaítear i gconclúidí ón gComhairle an 19 Samhain 2019 maidir le hAigéin agus Farraigí, lena n-airítear an tArtach, sa Teachtaireacht Chomhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Beartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach, dar teideal An integrated European Union policy for the Arctic [Beartas comhtháite an Aontais Eorpaigh don Artach], agus i gconclúidí ón gComhairle an 24 Márta 2017 maidir le International ocean governance: an agenda for the future of oceans [Rialachas idirnáisiúnta na n‐aigéan: clár oibre le haghaidh thodhchaí na n‐aigéan], tacaíocht don Chomhaontú agus eagraíocht réigiúnach um bainistíocht iascaigh a d’fhéadfaí a chruthú nó do shocrú i mórmhuir an Artaigh, is cuspóirí tábhachtacha iad don Aontas chun comhshaol an Artaigh a chosaint agus forbairt inbhuanaithe a áirithiú i limistéar an Artaigh agus sa limistéar máguaird, ar bhonn comhar idirnáisiúnta. |
|
(5) |
Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag cruinniú na bPáirtithe sa Chomhaontú don tréimhse 2020-2024 a bhunú, ós rud é go mbeidh bearta caomhnaithe agus bainistíochta faoin gComhaontú ina gceangal ar an Aontas agus go mbeidh siad in ann tionchar cinntitheach a bheith acu ar inneachar dhlí an Aontais, is é sin Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle (3) agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle (4), agus Rialachán (AE) 2017/2403 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). |
|
(6) |
I bhfianaise an eolais theoranta ar acmhainní iascaigh agus nádúr na n-acmhainní iascaigh i Limistéar an Chomhaontaithe, agus an gá atá ann dá bharr go n-áireofar ar sheasamh an Aontais forbairtí nua, lena n-áirítear faisnéis eolaíoch nua agus faisnéis ábhartha eile a thíolactar roimh chruinnithe na bPáirtithe nó lena linn, ba cheart nósanna imeachta a bhunú, i gcomhréir le prionsabal an chomhair dhílis i measc institiúidí an Aontais a chumhdaítear in Airteagal 13(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, maidir le sonraíocht sheasamh an Aontais ó bhliain go bliain don tréimhse 2020-2024. |
|
(7) |
Tar éis an chinnidh seo, féadfar ag céim níos déanaí cinneadh eile ar leith ón gComhairle a bheith ann maidir le tús a chur le caibidlíocht chun eagraíochtaí nó socruithe breise maidir le bainistiú iascaigh, idir réigiúnach nó fhoréigiúnach, a bhunú i mórmhuir an Artaigh, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Beidh an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag cruinnithe na bPáirtithe sa Chomhaontú chun cosc a chur ar iascach mórmhara neamhrialáilte i Lár an Aigéin Artaigh (“an Comhaontú”) i gcomhréir leis na prionsabail agus na treoshuíomhanna maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gcruinnithe na bPáirtithe sa Chomhaontú (6).
Airteagal 2
Roimh gach cruinniú de chuid na bPáirtithe sa Chomhaontú, nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin cinntí a ghlacadh a mbeidh éifeacht dhlíthiúil acu ar an Aontas, glacfar na céimeanna is gá ionas go gcuirfear san áireamh sa seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais an fháisnéis eolaíoch is déanaí agus faisnéis ábhartha eile arna tarchur chuig an gCoimisiún, i gcomhréir leis na prionsabail agus na treoshuíomhanna dá dtagraítear in Airteagal 1.
Chuige sin, agus bunaithe ar an bhfaisnéis sin, tarchuirfidh an Coimisiún doiciméad chuig an gComhairle, in am trátha roimh gach cruinniú de chuid na bPáirtithe sa Chomhaontú, doiciméad ina leagfar amach sonraí shonraíocht mholta sheasamh an Aontais le haghaidh plé agus formhuiniú shonraí mhionsonraí an seasaimh atá le glacadh thar ceann an Aontais.
Más rud é, le linn chruinniú na bPáirtithe sa Chomhaontú, go bhfuil sé dodhéanta teacht ar chomhaontú, lena n‐áirítear ar an toirt, tarchuirfear an cheist chuig an gComhairle nó chuig a comhlachtaí ullmhúcháin ionas gur féidir eilimintí nua a chur san áireamh i seasamh an Aontais.
Airteagal 3
Déanfaidh an Chomhairle seasamh an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1 a mheasúnú agus, i gcás inarb iomchuí, a athbhreithniú ar thogra a fháil ón gCoimisiún i gcruinniú na bPáirtithe sa Chomhaontú in 2025 ar a dhéanaí.
Airteagal 4
Tiofaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, 23 Deireadh Fómhair 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
S. SCHULZE
(1) Cinneadh (AE) 2019/407 ón gComhairle an 4 Márta 2019 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe chun cosc a chur iascach mórmhara neamhrialáilte i Lár an Aigéin Artaigh (IO L 73, 15.3.2019, lch. 1).
(2) Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n‐aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).
(3) Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 lena mbunaítear córas Comhphobail chun cosc chur ar iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (NNN), a dhíspreagadh agus a dhíothú, lena leasaítear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1936/2001 agus (CE) Uimh. 601/2004 agus lena n aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 1093/94 agus (CE) Uimh. 1447/1999 (IO L 286, 29.10.2008, lch. 1).
(4) Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe an Aontais d’fhonn comhlíonadh rialacha an Chomhbheartais Iascaigh a áirithiú agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008 agus lena n‐aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006 (IO L 343, 22.12.2009, lch. 1).
(5) Rialachán (AE) 2017/2403 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le bainistiú inbhuanaithe a dhéanamh ar chabhlaigh iascaireachta sheachtracha, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1006/2008 ón gComhairle (IO L 347, 28.12.2017, lch. 81).
(6) Féach doic. ST 11439/20 ar http://register.consilium.europa.eu.
|
30.10.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 362/23 |
CINNEADH (AE) 2020/1583 ÓN gCOMHAIRLE
an 23 Deireadh Fómhair 2020
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh laistigh den Choiste Comhpháirtíochta a bunaíodh faoin gComhaontú Comhpháirtíochta Cuimsitheach Feabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na hAirméine, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le liosta na ndaoine aonair atá le feidhmiú mar eadránaithe in imeachtaí um réiteach díospóide a ionadú
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe d’Airteagal 207(4) de, an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Síníodh an Comhaontú Comhpháirtíochta Cuimsitheach Feabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na hAirméine, den pháirt eile (1) (“an Comhaontú”) thar ceann an Aontais i gcomhréir le Cinneadh (AE) 2018/104 ón gComhairle (2) agus tá sé á chur i bhfeidhm ar bhonn sealadach ón 1 Meitheamh 2018. |
|
(2) |
I gcomhréir le hAirteagal 339(1) den Chomhaontú, bhunaigh an Coiste Comhpháirtíochta liosta 15 dhuine aonair atá toilteanach agus ábalta feidhmiú mar eadránaithe (“an liosta eadránaithe”) ag an gcruinniú a bhí aige an 17 Deireadh Fómhair 2019. |
|
(3) |
Chuir an Airméin in iúl don Aontas nach gcomhlíonann duine de na daoine aonair a bhí molta aici na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 339(2) den Chomhaontú a thuilleadh agus ba cheart dá bhrí sin an duine sin a ionadú. |
|
(4) |
Chun a áirithiú go ndéanfar forálacha an Chomhaontaithe atá á gcur i bhfeidhm go sealadach a oibriú, tá an Coiste Comhpháirtíochta chun cinneadh a ghlacadh liosta leasaithe a chur in ionad liosta na n‐eadránaithe. |
|
(5) |
Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Comhpháirtíochta a bhunú mar go mbeidh an cinneadh ón gCoiste Comhpháirtíochta ina cheangal ar an Aontas, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais laistigh den Choiste Comhpháirtíochta a bunaíodh leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Cuimsitheach Feabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na hAirméine, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le liosta na n‐eadránaithe, faoi mar a thagraítear dó in Airteagal 339 den Chomhaontú sin (3), a ionadú, is ar dhréacht-Chinneadh comhfhreagrach an Choiste Comhpháirtíochta a bhunófar é.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar lá a ghlactha.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, 23 Deireadh Fómhair 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
S. SCHULZE
(1) IO L 23, 26.1.2018, lch. 4.
(2) Cinneadh (AE) 2018/104 ón gComhairle an 20 Samhain 2017 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach, an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Chuimsithigh Fheabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na hAirméine, den pháirt eile (IO L 23, 26.1.2018, lch. 1).
(3) Féach doiciméad ST 11524/20 ag http://register.consilium.europa.eu.
|
30.10.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 362/25 |
CINNEADH (AE) 2020/1584 ÓN gCOMHAIRLE
an 26 Deireadh Fómhair 2020
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gComhairle na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta maidir le glacadh Leasú 46 ar Iarscríbhinn 6, Cuid I, agus Leasú 39 ar Iarscríbhinn 6, Cuid II, a ghabhann leis an gCoinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta, a bhaineann le cur siar an cheanglais le haghaidh trealamh sa todhchaí le haghaidh taifeadán gutha cúig uair is fiche ó chró an phíolóta chun iarmhairtí neamhbheartaithe mar gheall ar theagmhas a bhaineann le paindéim COVID-19 a chosc
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Tháinig an Coinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta (“Coinbhinsiún Chicago”) lena rialaítear aeriompar idirnáisiúnta, i bhfeidhm an 4 Aibreán 1947. Bunaíodh an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) leis. |
|
(2) |
Is Stáit Chonarthacha i gCoinbhinsiún Chicago iad na Ballstáit agus is comhaltaí de chuid ICAO iad, agus tá stádas breathnóra ag an Aontas i gcomhlachtaí áirithe ICAO. Tá ionadaithe ó sheacht mBallstát i gComhairle ICAO. |
|
(3) |
De bhun Airteagal 54 de Choinbhinsiún Chicago, féadfaidh Comhairle ICAO na caighdeáin idirnáisiúnta agus na cleachtais mholta a ghlacadh, agus iad a ainmniú mar Iarscríbhinní a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago. |
|
(4) |
Maidir le hAirteagal 90 de Choinbhinsiún Chicago, tiocfaidh aon Iarscríbhinn den sórt sin nó aon leasú ar Iarscríbhinn i bhfeidhm laistigh de thrí mhí tar éis í a thíolacadh do Stáit Chonarthacha ICAO, nó ag deireadh cibé tréimhse ama is faide a fhorordóidh Comhairle ICAO, mura rud é go gcláraíonn tromlach de Stáit Chonarthacha ICAO a míshástacht idir an dá linn. |
|
(5) |
De bhun Airteagal 38 de Choinbhinsiún Chicago, más dofheidhmithe d’aon Stát caighdeán nó nós imeachta idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 37 den Choinbhinsiún sin a chomhlíonadh ar gach bealach, sin nó más dofheidhmithe dó a rialacháin nó a chleachtais féin a chur i gcomhréir go hiomlán lena leithéid de chaighdeán nó de nósanna imeachta idirnáisiúnta, nó má mheasann sé é a bheith riachtanach rialacháin nó cleachtais a ghlacadh atá éagsúil ar dhóigh ar bith leis na rialacháin nó na cleachtais arna mbunú le caighdeán idirnáisiúnta, tá an Stát sin le fógra láithreach a thabhairt do ICAO faoi na difríochtaí idir a chleachtas féin agus an cleachtas arna bhunú leis an gcaighdeán idirnáisiúnta. |
|
(6) |
Bhí tionchar diúltach ag paindéim COVID-19 ar oibreoirí aerárthaigh, monaróirí aerárthaí agus soláthróirí foshraithe do mhonaróirí, agus chuir sé moill ar chórais nua a fhorbairt. Tá seachadtaí aerárthaigh á gcur ar ceal nó siar ag oibreoirí aerárthaigh, agus dá thoradh sin, tá seachadadh aerárthaí atá beartaithe don bhliain 2020 curtha ar athló go 2021. Teastaíonn athchumrú ó aerárthach monaraithe a cumraíodh le haghaidh seachadta in 2020 agus ar cuireadh a sheachadadh siar go 2021 chun go mbeidh sé in oiriúint do na forálacha is infheidhme tar éis 1 Eanáir 2021. Tá oibreoirí aerárthaí agus monaróirí aerárthaí i ngleic le hualach airgeadais míchuí más gá aisfheistiú a dhéanamh ar na aerárthaí sin. Dá bhrí sin, tá an Coimisiún i mbun atráth i leith an dáta sin a ghlacadh ar leibhéal an Aontais a ghlacadh, trí bhíthin leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 965/2012. Baintear úsáid as an taifeadán gutha ó chró an phíolóta mar thacaíocht d’imscrúdú tionóiscí agus teagmhas. Ní bhaineann riosca suntasach sábháilteachta le moill ar chur chun feidhme fhad an taifeadáin gutha ó chró an phíolóta ó dhá huair go cúig uair is fiche, ach déantar an leas sábháilteachta a bhaineann le fad níos mó ar an taifead gutha ó chró an phíolóta a ailíniú leis na dálaí atá ann faoi láthair agus dálaí a mbíonn an tionscal eitlíochta i ngleic leo. Is láidir a thacaíonn an tAontas leis an dícheall a dhéanann ICAO le feabhas a chur ar shábháilteacht eitlíochta. I bhfianaise na staide nach bhfacthas a leithéid riamh a chruthaigh paindéim COVID-19 agus ó nach bhfuil riosca suntasach sábháilteachta ann, ba cheart don Aontas, dá bhrí sin, tacaíocht a thabhairt do na leasuithe sin. |
|
(7) |
Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa 221ú seisiún de chuid Chomhairle ICAO maidir le Leasú 46 ar Iarscríbhinn 6, Cuid I, agus Leasú 39 ar Iarscríbhinn 6, Cuid IIa bhunú. Is é an seasamh sin gur cheart tacaíocht a thabhairt do na leasuithe sin, agus is seasamh é atá le cur in iúl ag na Ballstáit den Aontas ar comhaltaí iad de Chomhairle ICAO, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach thar ceann an Aontais. |
|
(8) |
Maidir le seasamh an Aontais tar éis do Chomhairle ICAO Leasú 46 ar Iarscríbhinn 6, Cuid I, agus Leasú 39 ar Iarscríbhinn 6, Cuid II, a ghlacadh, gan athruithe suntasacha, rud atá le fógairt ag Ardrúnaí ICAO trí nós imeachta Litreach Stáit de chuid ICAO, ba cheart gan fógra míshástachta a chlárú agus fógra a thabhairt maidir le comhlíonadh na leasuithe sin, agus tá sé le cur in iúl ag Ballstáit uile an Aontais, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa 221ú seisiún de Chomhairle na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) tacaíocht a thabhairt do Leasú 46 ar Iarscríbhinn 6, Cuid I, agus Leasú 39 ar Iarscríbhinn 6, Cuid II, a ghabhann leis an gCoinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta ina n‐iomláine.
2. Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais, ar choinníoll go nglacfaidh Comhairle ICAO, gan athruithe suntasacha, na leasuithe atá beartaithe, dá dtagraítear i mír 1, gan míshástacht a chlárú agus fógra a thabhairt maidir le comhlíonadh na leasuithe a glacadh mar fhreagra ar Litreacha Stáit ICAO faoi seach.
Airteagal 2
1. Déanfaidh na Ballstáit den Aontas ar comhaltaí iad de Chomhairle ICAO, ag gníomhú go comhpháirteach dóibh, an seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1(1) a chur in iúl.
2. An seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1(2), is seasamh é a ndéanfaidh Ballstáit uile an Aontais a chur in iúl.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 26 Deireadh Fómhair 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. ROTH
|
30.10.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 362/27 |
CINNEADH (CBES) 2020/1585 ÓN gCOMHAIRLE
an 29 Deireadh Fómhair 2020
lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2015/1763 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhurúin
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 1 Deireadh Fómhair 2015, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2015/1763 (1) maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhurúin. |
|
(2) |
Ar bhonn athbhreithniú a rinneadh ar Chinneadh (CBES) 2015/1763, ba cheart na bearta sriantacha a athnuachan go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2021 agus ba cheart an fhaisnéis a bhaineann le beirt daoine nádúrtha a leasú. |
|
(3) |
Ba cheart Cinneadh (CBES) 2015/1763 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh (CBES) 2015/1763 mar a leanas:
|
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír d’Airteagal 6: “Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2021.”; |
|
(2) |
leasaítear an Iarscríbhinn mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 29 Deireadh Fómhair 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. ROTH
(1) Cinneadh (CBES) 2015/1763 ón gComhairle an 1 Deireadh Fómhair 2015 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhurúin (IO L 257, 2.10.2015, lch. 37).
IARSCRÍBHINN
San Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2015/1763, in ionad iontrálacha 1 agus 2 faoin gceannteideal “Liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n‐eintiteas agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 1 agus 2”, cuirtear an méid seo a leanas:
|
|
Ainm |
Faisnéis aitheantais |
Forais ainmniúcháin |
|
“1. |
Godefroid BIZIMANA |
Inscne: Fireann Dáta breithe: 23.4.1968 Áit breithe: Nyagaseke, Mabayi, Cibitoke Náisiúntacht: An Bhurúin. Uimhir an Phas: DP0001520 |
“Chargé de missions de la Présidence” agus iarLeas-Ard-Stiúrthóir na bPóilíní Náisiúnta. An 31 Nollaig 2019, tugadh ardú céime do Bizimana go Príomh-Choimisinéir Póilíneachta. Freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas trí chinntí oibríochtúla a dhéanamh as ar eascair úsáid dhíréireach an fhornirt agus gníomhartha de bhrú faoi chois foréigneach i gcoinne léirsithe síochánta a thosaigh an 26 Aibreán 2015 tar éis fhógairt iarrthóireacht uachtaránachta Uachtarán Nkurunziza. |
|
2. |
Gervais NDIRAKOBUCA dá ngairtear freisin NDAKUGARIKA |
Inscne: Fireann Dáta Breithe: 1.8.1970 Náisiúntacht: An Bhurúin. Uimhir an Phas: DP0000761 |
An tAire Gnóthaí Baile, Forbartha Pobail agus Slándála Poiblí ó mhí an Mheithimh 2020 ar aghaidh. Iarcheannaire Oifig Rialtais na hUachtaránachta (“Présidence”) a bhí freagrach as cúrsaí a bhaineann leis na Póilíní Náisiúnta idir Bealtaine 2013 agus Samhain 2019, agus iar-Ard-Stiúrthóir na Seirbhíse Náisiúnta Faisnéise idir Samhain 2019 agus Meitheamh 2020. Freagrach as bac a chur ar an iarracht teacht ar réiteach polaitiúil sa Bhurúin trí threoracha a thabhairt as ar eascair úsáid dhíréireach an fhornirt, gníomhartha foréigin, gníomhartha diansmachta agus sáruithe ar an dlí idirnáisiúnta ar léirsitheoirí a bhí ag agóid ón 26 Aibreán 2015 ar aghaidh, tar éis fhógairt iarrthóireacht uachtaránachta an Uachtaráin Nkurunziza, lena n‐áirítear an 26, an 27 agus an 28 Aibreán 2015 sna dúichí Nyakabiga agus Musaga in Bujumbura.” |
|
30.10.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 362/29 |
CINNEADH (CBES) 2020/1586 ÓN gCOMHAIRLE
an 29 Deireadh Fómhair 2020
lena leasaítear Cinneadh 2010/573/CBES maidir le bearta sriantacha i gcoinne cheannaireacht réigiún Tras-dnístria Phoblacht na Moldóive
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 27 Meán Fómhair 2010, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2010/573/CBES (1) maidir le bearta sriantacha i gcoinne cheannaireacht réigiún Tras-dnístria Phoblacht na Moldóive. |
|
(2) |
Ar bhonn athbhreithniú ar Chinneadh 2010/573/CBES, ba cheart síneadh a chur leis na bearta sriantacha i gcoinne cheannaireacht réigiún Tras-dnístria Phoblacht na Moldóive go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2021. Déanfaidh an Chomhairle athbhreithniú ar an staid maidir leis na bearta sriantacha tar éis sé mhí. |
|
(3) |
Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh 2010/573/CBES a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, cuirtear an méid a leanas in ionad Airteagal (4)2 de Chinneadh 2010/573/CBES:
|
“2. |
Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2021. Déanfar athbhreithniú leanúnach air. Déanfar é a athnuachan nó a leasú, de réir mar is iomchuí, má mheasann an Chomhairle nár comhlíonadh a chuspóirí.”. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 29 Deireadh Fómhair 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. ROTH
(1) Cinneadh 2010/573/CBES ón gComhairle an 27 Meán Fómhair 2010 maidir le bearta sriantacha i gcoinne cheannaireacht réigiún Tras-dnístria Phoblacht na Moldóive (IO L 253, 28.9.2010, lch. 54).
|
30.10.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 362/30 |
CINNEADH (AE) 2020/1587 ÓN gCOMHAIRLE
an 29 Deireadh Fómhair 2020
maidir leis na ranníocaíochtaí airgeadais a bheidh le híoc ag na Ballstáit chun an Ciste Eorpach Forbraíochta a mhaoiniú, lena n‐áirítear an tríú tráthchuid le haghaidh 2020
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach agus don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint don Chomhaontú Inmheánach idir Ionadaithe Rialtais Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, agus iad cruinn i dtionól den Chomhairle, maidir le maoiniú an chúnaimh ón Aontas Eorpach faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil le haghaidh na tréimhse 2014 go 2020, i gcomhréir le Comhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE agus maidir le leithdháileadh cúnaimh airgeadais do na Tíortha agus Críocha Thar Lear a bhfuil feidhm ag Cuid a Ceathair den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leo (1), agus go háirithe Airteagal 7 de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1877 ón gComhairle an 26 Samhain 2018 maidir leis an rialachán airgeadais is infheidhme maidir leis an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta, agus lena n‐aisghairtear Rialachán (AE) 2015/323 (2), agus go háirithe Airteagal 19(5) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagail 19 go 22 de Rialachán (AE) 2018/1877 (“an 11ú Rialachán Airgeadais CEF”), tá an Coimisiún le togra a chur i láthair faoin 10 Deireadh Fómhair 2020 lena sonrófar (a) méid an tríú tráthchuid den ranníocaíocht le haghaidh 2020, agus (b) méid bliantúil athbhreithnithe na ranníocaíochta le haghaidh 2020, i gcásanna nach mbeidh an méid ag teacht leis na riachtanais iarbhír. |
|
(2) |
I gcomhréir le hAirteagal 46 den 11ú Rialachán Airgeadais CEF, chuir Banc Eorpach Infheistíochta (BEI) a chuid meastacháin nuashonraithe maidir le gealltanais agus íocaíochtaí faoi na hionstraimí a ndéanann sé bainistíocht orthu seolta ag BEI chuig an gCoimisiún. |
|
(3) |
Deantar foráil in Airteagal 20(1) den 11ú Rialachán Airgeadais CEF go n‐ídeofar ar dtús, do ghlaonna ar ranníocaíochtaí, na méideanna a bheidh le fáil as Cistí Eorpacha Forbraíochta (CEFanna) atá ann cheana. Dá bhrí sin, ba cheart glao ar chistí a dhéanamh faoin 10ú Ciste Eorpach Forbraíochta (“an 10ú CEF”) do BEI agus faoin 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta (“an 11ú CEF”) don Choimisiún. |
|
(4) |
Ghlac an Chomhairle, ar bhonn togra ón gCoimisiún, Cinneadh (AE) 2019/1800 (3), lena sonraítear méid bliantúil ranníocaíochtaí CEF na mBallstát le haghaidh 2020 ag EUR 4 400 000 000 don Choimisiún, agus ag EUR 300 000 000 don BEI. |
|
(5) |
In Airteagail 152 agus 153 den Chomhaontú um tharraingt siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (4), sonraítear go leanfaidh an Ríocht Aontaithe de bheith ina páirtí sa CEF go dtí go ndúnfar an 11ú CEF agus gach CEF eile roimhe sin atá fós gan dúnadh. Mar sin féin, ní athúsáidfear sciar na Ríochta Aontaithe de chistí saortha ó thionscadail faoin 10ú CEF nó faoi na CEFanna roimhe sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leagtar amach sa tábla san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo na ranníocaíochtaí aonair CEF a bheidh le híoc ag na Ballstáit leis an gCoimisiún agus leis an BEI i leith an tríú tráthchuid le haghaidh 2020.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 29 Deireadh Fómhair 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. ROTH
(1) IO L 210, 6.8.2013, lch. 1
(2) IO L 307, 3.12.2018, lch. 1.
(3) Cinneadh (AE) 2019/1800 ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2019 maidir le ranníocaíochtaí airgeadais atá le híoc ag na Ballstáit chun an Ciste Eorpach Forbraíochta a chistiú, lena n‐áirítear an uasteorainn do 2020, an chéad tráthchuid do 2020 agus réamhaisnéis tásach agus neamhcheangailteach maidir leis na méideanna bliantúla a mheastar a bheidh sna ranníocaíochtaí do do bhliain 2022 go 2023 (IO L 274, 28.10.2019, lch. 9).
IARSCRÍBHINN
|
NA BALLSTÁIT & AN RÍOCHT AONTAITHE |
Scála 10ú CEF % |
Scála 11ú CEF % |
An tríú tráthchuid 2020 (EUR) |
Iomlán |
|
|
an Coimisiún |
BEI |
||||
|
11ú CEF |
10ú CEF |
||||
|
AN BHEILG |
3,53 |
3,24927 |
32 492 700,00 |
3 530 000,00 |
36 022 700,00 |
|
AN BHULGÁIR |
0,14 |
0,21853 |
2 185 300,00 |
140 000,00 |
2 325 300,00 |
|
AN tSEICIA |
0,51 |
0,79745 |
7 974 500,00 |
510 000,00 |
8 484 500,00 |
|
AN DANMHAIRG |
2,00 |
1,98045 |
19 804 500,00 |
2 000 000,00 |
21 804 500,00 |
|
AN GHEARMÁIN |
20,50 |
20,57980 |
205 798 000,00 |
20 500 000,00 |
226 298 000,00 |
|
AN EASTÓIN |
0,05 |
0,08635 |
863 500,00 |
50 000,00 |
913 500,00 |
|
ÉIRE |
0,91 |
0,94006 |
9 400 600,00 |
910 000,00 |
10 310 600,00 |
|
AN GHRÉIG |
1,47 |
1,50735 |
15 073 500,00 |
1 470 000,00 |
16 543 500,00 |
|
AN SPÁINN |
7,85 |
7,93248 |
79 324 800,00 |
7 850 000,00 |
87 174 800,00 |
|
AN FHRAINC |
19,55 |
17,81269 |
178 126 900,00 |
19 550 000,00 |
197 676 900,00 |
|
AN CHRÓIT |
0,00 |
0,22518 |
2 251 800,00 |
0,00 |
2 251 800,00 |
|
AN IODÁIL |
12,86 |
12,53009 |
125 300 900,00 |
12 860 000,00 |
138 160 900,00 |
|
AN CHIPIR |
0,09 |
0,11162 |
1 116 200,00 |
90 000,00 |
1 206 200,00 |
|
AN LAITVIA |
0,07 |
0,11612 |
1 161 200,00 |
70 000,00 |
1 231 200,00 |
|
AN LIOTUÁIN |
0,12 |
0,18077 |
1 807 700,00 |
120 000,00 |
1 927 700,00 |
|
LUCSAMBURG |
0,27 |
0,25509 |
2 550 900,00 |
270 000,00 |
2 820 900,00 |
|
AN UNGÁIR |
0,55 |
0,61456 |
6 145 600,00 |
550 000,00 |
6 695 600,00 |
|
MÁLTA |
0,03 |
0,03801 |
380 100,00 |
30 000,00 |
410 100,00 |
|
AN ÍSILTÍR |
4,85 |
4,77678 |
47 767 800,00 |
4 850 000,00 |
52 617 800,00 |
|
AN OSTAIR |
2,41 |
2,39757 |
23 975 700,00 |
2 410 000,00 |
26 385 700,00 |
|
AN PHOLAINN |
1,30 |
2,00734 |
20 073 400,00 |
1 300 000,00 |
21 373 400,00 |
|
AN PHORTAINGÉIL |
1,15 |
1,19679 |
11 967 900,00 |
1 150 000,00 |
13 117 900,00 |
|
AN RÓMÁIN |
0,37 |
0,71815 |
7 181 500,00 |
370 000,00 |
7 551 500,00 |
|
AN tSLÓIVÉIN |
0,18 |
0,22452 |
2 245 200,00 |
180 000,00 |
2 425 200,00 |
|
AN tSLÓVAIC |
0,21 |
0,37616 |
3 761 600,00 |
210 000,00 |
3 971 600,00 |
|
AN FHIONLAINN |
1,47 |
1,50909 |
15 090 900,00 |
1 470 000,00 |
16 560 900,00 |
|
AN tSUALAINN |
2,74 |
2,93911 |
29 391 100,00 |
2 740 000,00 |
32 131 100,00 |
|
AN RÍOCHT AONTAITHE |
14,82 |
14,67862 |
146 786 200,00 |
14 820 000,00 |
161 606 200,00 |
|
IOMLÁN – AE-27 & AN RÍOCHT AONTAITHE |
100,00 |
100,00 |
1 000 000 000,00 |
100 000 000,00 |
1 100 000 000,00 |