ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 341

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

63
15 Deireadh Fómhair 2020

Clár

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

RIALACHÁIN

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1480 ón gComhairle an 14 Deireadh Fómhair 2020 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2018/1542 maidir le bearta sriantacha i gcoinne leathadh agus úsáid arm ceimiceach

1

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1481 ón gComhairle an 14 Deireadh Fómhair 2020 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 21(2) de Rialachán (AE) 2016/44 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia

7

CINNTÍ

*

Cinneadh (CBES) 2020/1482 ón gComhairle an 14 Deireadh Fómhair 2020 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/1544 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne leathadh agus úsáid arm ceimiceach

9

*

Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2020/1483 ón gComhairle an 14 Deireadh Fómhair 2020 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh (CBES) 2015/1333 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia

16

GA

II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

15.10.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 341/1

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2020/1480 ÓN gCOMHAIRLE

an 14 Deireadh Fómhair 2020

lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2018/1542 maidir le bearta sriantacha i gcoinne leathadh agus úsáid arm ceimiceach

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1542 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2018 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne leathadh agus úsáid arm ceimiceach (1), agus go háirithe Airteagal 12 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 15 Deireadh Fómhair 2018, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2018/1542.

(2)

An 20 Lúnasa 2020, tógadh Alexei Navalny, ceannaire mór le rá ar an bhfreasúra sa Rúis, isteach in ospidéal in Omsk, Cónaidhm na Rúise, mar gheall ar a riocht sláinte tromchúiseach.

(3)

An 22 Lúnasa 2020, aistríodh Alexei Navalny go Beirlín, an Ghearmáin, áit a ndearnadh scrúdú cuimsitheach air.

(4)

An 2 Meán Fómhair 2020, d’fhógair Rialtas Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine go raibh sainsaotharlann de chuid Fhórsaí Armtha na Cónaidhme tar éis fianaise a fháil go ndearnadh Alexei Navalny a nimhiú le hoibreán néaróg tocsaineach de chuid an ghrúpa Novichok. Chomhthacaigh saotharlanna sa Fhrainc agus sa tSualainn leis an dtoradh sin ina dhiaidh sin, mar a fógraíodh an 14 Meán Fómhair 2020.

(5)

Ina conclúidí an 1 agus an 2 Deireadh Fómhair 2020, cháin an Chomhairle Eorpach an iarracht chun Alexei Navalny a fheallmharú. Is sárú tromchúiseach ar an dlí idirnáisiúnta airm cheimiceacha a úsáid. D’iarr an Chomhairle Eorpach ar údaráis Chónaidhm na Rúise comhoibriú go huile agus go hiomlán leis an Eagraíocht um Thoirmeasc ar Airm Cheimiceacha chun go mbeadh imscrúdú neamhchlaon idirnáisiúnta ann, agus go ndéanfaí iad siúd atá freagrach a thabhairt faoi chuing an cheartais.

(6)

Sa chomhthéacs sin, agus i bhfianaise na bagartha leanúnaí ó leathadh agus úsáid arm ceimiceach, ba cheart seisear agus eintiteas amháin a áireamh ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n‐eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1542.

(7)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1542 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1542 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 14 Deireadh Fómhair 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH

(1)  IO L 259, 16.10.2018, lch. 12.

IARSCRÍBHINN

Cuirtear na daoine agus an t-eintiteas seo a leanas leis an liosta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1542:

A.   DAOINE NÁDÚRTHA

Ainm

Faisnéis aitheantais

Na forais atá leis an ainmniú

Dáta an liostaithe

‘10.

Andrei Veniaminovich YARIN

(Андрей Вениаминович ЯРИН)

Inscne: fireann;

Dáta breithe: 13 Feabhra 1970;

Áit bhreithe: Nizhny Tagil;

Náisiúntacht: Rúiseach;

Teideal: Ceann an Presidential Domestic Policy Directorate

Tá Andrei Yarin ina cheann ar an Presidential Domestic Policy Directorate sa Presidential Executive Office i gCónaidhm na Rúise. Sa phost sin, tá sé i bhfeighil ar threoshuíomhanna polaitiúla inmheánacha a cheapadh agus a chur chun feidhme. Ceapadh Andrei Yarin freisin sa tascfhórsa laistigh den Presidential Executive Office agus ba é ról an tascfhórsa tionchar Alexei Navalny i sochaí na Rúise a chomhrac lena n-áirítear trí oibríochtaí a bhí ceaptha chun míchlú a tharraingt air.

Tá ciapadh agus cos ar bolg déanta ar Alexei Navalny ag gníomhaithe an Stáit agus ag gníomhaithe breithiúnacha i gCónaidhm na Rúise toisc an róil lárnaigh atá aige sa fhreasúra polaitiúil.

15.10.2020

Rinne údaráis Chónaidhm na Rúise faireachán géar ar ghníomhaíochtaí Alexei Navalny agus é ag taisteal go dtí an tSibéir i mí Lúnasa 2020. An 20 Lúnasa 2020, d’éirigh sé go dona tinn agus tugadh chun an ospidéil in Omsk, Cónaidhm na Rúise é. An 22 Lúnasa 2020, aistríodh chuig ospidéal i mBeirlín, sa Ghearmáin é. D’aimsigh sainsaotharlann sa Ghearmáin fianaise shoiléir ina dhiaidh sin, fianaise ar chomhthacaigh saotharlanna sa Fhrainc agus sa tSualainn léi, go ndearnadh Alexei Navalny a nimhiú le hoibreán néaróg tocsaineach de chuid an ghrúpa Novichok. Níl rochtain ag aon dream seachas údaráis Stáit i gCónaidhm na Rúise ar an oibreán tocsaineach sin.

Sna himthosca sin, tá sé réasúnta a rá nárbh fhéidir Alexei Navalny a nimhiú ach amháin le toil an Presidential Executive Office. I bhfianaise a róil shinsearaigh ceannaireachta san Oifig sin, tá Andrei Yarin freagrach, dá bhrí sin, as tacaíocht a spreagadh agus a chur ar fáil do na daoine sin a nimhigh Alexei Navalny nó a raibh baint acu lena nimhiú le hoibreán néaróg Novichok, agus is ionann sin agus úsáid arm ceimiceach faoin gCoinbhinsiún um Airm Cheimiceacha.

11.

Sergei Vladilenovich KIRIYENKO

(Сергей Владиленович КИРИЕНКО)

Inscne: fireann;

Dáta breithe: 26 Iúil 1962;

Áit bhreithe: Sukhumi;

Náisiúntacht: Rúiseach;

Teideal: Céad-Leas-Cheann-Foirne ar an Presidential Executive Office

Is é Sergei Kiriyenko Céad-Leas-Cheann-Foirne an Presidential Executive Office de Chónaidhm na Rúise. Sa phost sin, tá sé freagrach as gnóthaí intíre, lena n-áirítear grúpaí agus gníomhaíochtaí polaitiúla.

Sna himthosca sin, tá sé réasúnta a rá nárbh fhéidir Alexei Navalny a nimhiú ach amháin le toil an Presidential Executive Office. I bhfianaise a róil shinsearaigh ceannaireachta san Oifig sin, tá Sergei Kiriyenko freagrach, dá bhrí sin, as tacaíocht a spreagadh agus a chur ar fáil do na daoine sin a nimhigh Alexei Navalny nó a raibh baint acu lena nimhiú le hoibreán néaróg Novichok, agus is ionann sin agus úsáid arm ceimiceach faoin gCoinbhinsiún um Airm Cheimiceacha.

12.

Sergei Ivanovich MENYAILO

(Сергей Иванович МЕНЯЙЛО)

Inscne: fireann;

Dáta breithe: 22 Lúnasa 1960;

Áit bhreithe: Alagir;

Náisiúntacht: Rúiseach;

Teideal: Ionadaí Lánchumhachtach d’Uachtarán Chónaidhm na Rúise in Siberian Federal District

Is é Sergei Menyailo an tIonadaí Lánchumhachtach d’Uachtarán Chónaidhm na Rúise in Siberian Federal District agus sa cháil sin tá sé freagrach as cumhachtaí bunreachtúla an Uachtaráin a chur chun feidhme lena n-áirítear beartas intíre agus seachtrach an Stáit a chur chun feidhme. Tá Sergei Menyailo ina chomhalta neamhbhuan de Security Council of the Russian Federation freisin.

Sna himthosca sin, tá sé réasúnta a rá nárbh fhéidir Alexei Navalny a nimhiú ach amháin le toil an Presidential Executive Office.

I bhfianaise a róil shinsearaigh ceannaireachta san Oifig sin in Siberian Federal District, tá Sergei Menyailo freagrach, dá bhrí sin, as tacaíocht a spreagadh agus a chur ar fáil do na daoine sin a nimhigh Alexei Navalny nó a raibh baint acu lena nimhiú le hoibreán néaróg Novichok, agus is ionann sin agus úsáid arm ceimiceach faoin gCoinbhinsiún um Airm Cheimiceacha.

13.

Aleksandr Vasilievich BORTNIKOV

(Александр Васильевич БОРТНИКОВ)

Inscne: fireann;

Dáta breithe: 15 Samhain 1951;

Áit bhreithe: Perm;

Náisiúntacht: Rúiseach;

Teideal: Stiúrthóir ar Federal Security Service Chónaidhm na Rúise

Tá Aleksandr Bortnikov ina Stiúrthóir ar Federal Security Service Chónaidhm na Rúise agus sa cháil sin tá sé freagrach as gníomhaíochtaí príomhghníomhaireacht slándála na Rúise.

Rinne an Federal Security Service faireachán géar ar ghníomhaíochtaí Alexei Navalny agus é ag taisteal go dtí an tSibéir i mí Lúnasa 2020. An 20 Lúnasa 2020, d’éirigh sé go dona tinn agus tugadh chun an ospidéil in Omsk, Cónaidhm na Rúise é. An 22 Lúnasa 2020, aistríodh chuig ospidéal i mBeirlín, sa Ghearmáin é. D’aimsigh sainsaotharlann sa Ghearmáin fianaise shoiléir ina dhiaidh sin, fianaise ar chomhthacaigh saotharlanna sa Fhrainc agus sa tSualainn léi, go ndearnadh Alexei Navalny a nimhiú le hoibreán néaróg tocsaineach de chuid an ghrúpa Novichok. Níl rochtain ag aon dream seachas údaráis Stáit i gCónaidhm na Rúise ar an oibreán tocsaineach sin.

15.10.2020

Sna himthosca sin, agus é á chur san áireamh go raibh faireachas á dhéanamh ar Alexei Navalny tráth a nimhithe, tá sé réasúnta a rá nárbh fhéidir an nimhiú a dhéanamh mura mbeadh an Federal Security Service rannpháirteach.

I bhfianaise a róil shinsearaigh ceannaireachta sa Federal Security Service, tá Aleksandr Bortnikov freagrach, dá bhrí sin, as tacaíocht a chur ar fáil do na daoine sin a nimhnigh Alexei Navalny nó a raibh baint acu lena nimhiú le hoibreán néaróg Novichok, agus is ionann sin agus úsáid arm ceimiceach faoin gCoinbhinsiún um Airm Cheimiceacha.

14.

Pavel Anatolievich POPOV

(Павел Анатольевич ПОПОВ)

Inscne: fireann;

Dáta breithe: 1 Eanáir 1957;

Áit bhreithe: Krasnoyarsk;

Náisiúntacht: Rúiseach;

Teideal: Leas-Aire Cosanta Chónaidhm na Rúise

Is é Pavel Popov Leas-Aire Cosanta Chónaidhm na Rúise agus sa cháil sin, is air atá an fhreagracht fhoriomlán maidir le gníomhaíochtaí taighde. Áirítear leis sin maoirseacht agus forbairt ar chumais eolaíocha agus teicneolaíocha na hAireachta, lena n-áirítear airm agus trealamh míleata ionchais a fhorbairt agus nuachóiriú a dhéanamh ar an cinn atá ann faoi láthair.

Ghlac Aireacht Cosanta na Rúise le cúram na stoc arm ceimiceach a bhí fágtha ón Aontas Sóivéadach agus tá sí freagrach as na stoic sin a stóráil ar bhealach sábháilte go dtí gur féidir iad go léir a scriosadh.

15.10.2020

An 20 Lúnasa 2020, d’éirigh Alexi Navalny go dona tinn agus tugadh chun an ospidéil in Omsk, Cónaidhm na Rúise é. An 22 Lúnasa 2020, aistríodh chuig ospidéal i mBeirlín, sa Ghearmáin é. D’aimsigh sainsaotharlann sa Ghearmáin fianaise shoiléir ina dhiaidh sin, fianaise ar chomhthacaigh saotharlanna sa Fhrainc agus sa tSualainn léi, go ndearnadh Alexei Navalny a nimhiú le hoibreán néaróg tocsaineach de chuid an ghrúpa Novichok. Níl rochtain ag aon dream seachas údaráis Stáit i gCónaidhm na Rúise ar an oibreán tocsaineach sin.

Ós rud é gurb ar an Aireacht Cosanta atá an fhreagracht fhoriomlán maidir le hairm cheimiceacha a stóráil ar bhealach sábháilte agus as na hairm sin a scriosadh, is le hintinn nó trí mhórfhaillí ar thaobh na hAireachta Cosanta agus na ceannaireachta polaitiúla, agus leis sin amháin, a bhféadfaí airm cheimiceacha mar sin a úsáid ar chríoch Chónaidhm na Rúise.

I bhfianaise a róil shinsearaigh ceannaireachta in Aireacht Cosanta Chónaidhm na Rúise, tá Pavel Popov freagrach, dá bhrí sin, as cúnamh a thabhairt do na daoine sin a nimhigh Alexei Navalny nó a raibh baint acu lena nimhiú le hoibreán néaróg Novichok, agus is ionann sin agus úsáid arm ceimiceach faoin gCoinbhinsiún um Airm Cheimiceacha.

15.

Aleksei Yurievich KRIVORUCHKO

(Алексей Юрьевич КРИВОРУЧКО)

Inscne: fireann;

Dáta breithe: 17 Iúil 1975;

Áit bhreithe: Stavropol;

Is é Aleksei Krivoruchko Leas-Aire Cosanta Chónaidhm na Rúise agus is air atá an fhreagracht fhoriomlán maidir le harmálacha. Áirítear maoirseacht ar stoc arm agus trealaimh mhíleata na hAireachta leis sin. Tá sé freagrach as na hairm agus an trealamh míleata a dhíothú faoi chuimsiú chur chun feidhme na gconarthaí idirnáisiúnta a shanntar don Aireacht Cosanta chomh maith.

Ghlac Aireacht Cosanta na Rúise le cúram stoc na n-arm ceimiceach a bhí fágtha ón Aontas Sóivéadach agus tá sí freagrach as na hairm sin a stóráil ar bhealach sábháilte go dtí gurbh fhéidir iad go léir a scriosadh.

15.10.2020’

I bhfianaise a róil shinsearaigh ceannaireachta in Aireacht Cosanta Chónaidhm na Rúise, tá Aleksei Krivoruchko freagrach, dá bhrí sin, as cúnamh a thabhairt do na daoine sin a nimhigh Alexei Navalny nó a raibh baint acu lena nimhiú le hoibreán néaróg Novichok, agus is ionann sin agus úsáid arm ceimiceach faoin gCoinbhinsiún um Airm Cheimiceacha.

B.   DAOINE DLÍTHEANACHA, EINTITIS AGUS COMHLACHTAÍ

Ainm

Faisnéis aitheantais

Na forais atá leis an ainmniú

Dáta an liostaithe

‘2.

State Scientific Research Institute for Organic Chemistry and Technology (GosNIIOKhT)

(Государственный научно-исследовательский институт органической химии и технологии)

Seoladh: Shosse Entuziastov 23, 11 124 Moscow, Moscow Oblast, Russia;

Teileafón: +7 (495) 673 7530;

Facs: +7 (495) 673 2218;

Suíomh gréasáin: http://gosniiokht.ru

Rphost: dir@gosniiokht.ru

Is institiúid taighde stáit é The State Scientific Research Institute for Organic Chemistry and Technology (GosNIIOKhT) atá freagrach as stoc na n-arm ceimiceach a bhí fágtha ón Aontas Sóivéadach a scriosadh.

Sa ról bunaidh a bhí aici roimh 1994, bhí an institiúid rannpháirteach i bhforbairt agus i dtáirgeadh arm ceimiceach, lena n-áirítear an t-oibreán néaróg tocsaineach ar a dtugtar “Novichok” anois. Tar éis 1994, bhí an tsaoráid chéanna rannpháirteach i gclár an rialtais chun stoc na n-arm ceimiceach a bhí fágtha ón Aontas Sóivéadach a scriosadh.

15.10.2020’

An 20 Lúnasa 2020, d’éirigh Alexi Navalny go dona tinn agus tugadh chun an ospidéil in Omsk, Cónaidhm na Rúise é. An 22 Lúnasa 2020, aistríodh chuig ospidéal i mBeirlín, sa Ghearmáin é. D’aimsigh sainsaotharlann sa Ghearmáin fianaise shoiléir ina dhiaidh sin, fianaise ar chomhthacaigh saotharlanna sa Fhrainc agus sa tSualainn léi, go ndearnadh Alexei Navalny a nimhiú le hoibreán néaróg tocsaineach de chuid an ghrúpa Novichok. Níl rochtain ag aon dream seachas údaráis Stáit i gCónaidhm na Rúise ar an oibreán tocsaineach sin.

Mar sin de, ní fhéadfaí oibreán néaróg tocsaineach de chuid an ghrúpa Novichok a úsáid mura mhainnigh an Institiúid sa chúram a bhí uirthi stoc-chairn na n-arm ceimiceach a scriosadh.

15.10.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 341/7

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2020/1481 ÓN gCOMHAIRLE

an 14 Deireadh Fómhair 2020

lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 21(2) de Rialachán (AE) 2016/44 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/44 ón gComhairle an 18 Eanáir 2016 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia agus lena n‐aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 204/2011 (1), agus go háirithe Airteagal 21(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 18 Eanáir 2016, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2016/44.

(2)

An 12 Bealtaine 2020, d’eisigh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála dearbhú, thar ceann an Aontais, inar luadh gur de thiomantas an Aontais fós go ndéanfar trádbhac na Náisiún Aontaithe sa Libia a urramú go hiomlán. Cuireadh i dtreis chomh maith sa dearbhú nach mór gach iarracht a dhéanamh a áirithiú go gcuirfear na rúin ábhartha ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe chun feidhme go hiomlán agus go héifeachtach freisin ag na teorainneacha talún agus aeir leis an Libia.

(3)

An 21 Meán Fómhair 2020, ghlac an Chomhairle Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1309 (2), inar ainmníodh trí eintiteas a raibh lámh acu i sárú thrádbhac arm na Náisiún Aontaithe.

(4)

Is cúis mhór imní don Chomhairle i gcónaí an staid sa Libia go háirithe a mhéid a bhaineann le gníomhartha a chuireann síocháin, slándáil nó cobhsaíocht na Libia i mbaol, lena n‐áirítear sáruithe ar thrádbhac arm na Náisiún Aontaithe.

(5)

Sa chomhthéacs sin, ba cheart duine amháin a bhfuil lámh aige i ngníomhartha den sórt sin a chur le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n‐eintiteas nó na gcomhlachtaí atá faoi réir bearta sriantacha mar a leagtar amach iad in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/44.

(6)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/44 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/44 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 14 Deireadh Fómhair 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH

(1)  IO L 12, 19.1.2016, lch. 1.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1309 ón gComhairle an 21 Meán Fómhair 2020 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 21(2) de Rialachán (AE) 2016/44 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia (IO L 305 I, 21.9.2020, lch. 1).

IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/44, faoin gceannteideal ‘A. Daoine’, cuirtear isteach an iontráil seo a leanas:

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

‘22.

Yevgeniy Viktorovich PRIGOZHIN

(Евгений Викторович Пригожин)

Dáta breithe: 1 Meitheamh 1961

Áit bhreithe: Leningrad (St. Petersburg)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Is fear gnó é Yevgeniy Viktorovich Prigozhin a bhfuil dlúthnaisc aige leis an gcuideachta phríobháideach mhíleata, Wagner Group, naisc airgeadais san áireamh.

Ar an gcaoi sin, tá Prigozhin rannpháirteach sna gníomhaíochtaí atá ar bun ag Wagner Group sa Libia, gníomhaíochtaí a chuireann síocháin, slándáil agus cobhsaíocht na tíre i mbaol, agus tá sé ag tacú leis na gníomhaíochtaí sin.

Go háirithe, tá Wagner Group rannpháirteach i sáruithe iomadúla a dhéantar arís agus arís eile ar an trádbhac arm sa Libia arna bhunú i Rún 1970 (2011) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus arna thrasuí in Airteagal 1 de Chinneadh (CBES) 2015/1333, lena n-áirítear seachadadh arm mar aon le himscaradh amhas isteach sa Libia chun tacú leis an Libya National Army. Ghlac Wagner Group páirt in oibríochtaí míleata iomadúla i gcoinne an Government of National Accord a dtacaíonn na Náisiúin Aontaithe leis agus chuidigh sé le díobháil a dhéanamh do chobhsaíocht na Libia agus leis an mbonn a bhaint de phróiseas síochána.’

15.10.2020

CINNTÍ

15.10.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 341/9

CINNEADH (CBES) 2020/1482 ÓN GCOMHAIRLE

an 14 Deireadh Fómhair 2020

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/1544 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne leathadh agus úsáid arm ceimiceach

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 15 Deireadh Fómhair 2018, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2018/1544 (1) a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne leathadh agus úsáid arm ceimiceach.

(2)

An 20 Lúnasa 2020, tógadh Alexei Navalny, ceannaire mór le rá ar an bhfreasúra sa Rúis, isteach in ospidéal in Omsk, Cónaidhm na Rúise, mar gheall ar a riocht sláinte tromchúiseach.

(3)

An 22 Lúnasa 2020, aistríodh Alexei Navalny go Beirlín, an Ghearmáin, áit a ndearnadh scrúdú cuimsitheach air.

(4)

An 2 Meán Fómhair 2020, d'fhógair Rialtas Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine go raibh sainsaotharlann de chuid Fhórsaí Armtha na Cónaidhme tar éis fianaise a fháil go ndearnadh Alexei Navalny a nimhiú le hoibreán néaróg tocsaineach de chuid an ghrúpa Novichok. Chomhthacaigh saotharlanna sa Fhrainc agus sa tSualainn leis an dtoradh sin ina dhiaidh sin, mar a fógraíodh an 14 Meán Fómhair 2020.

(5)

Ina conclúidí an 1 agus an 2 Deireadh Fómhair 2020, cháin an Chomhairle Eorpach an iarracht chun Alexei Navalny a fheallmharú. Is sárú tromchúiseach ar an dlí idirnáisiúnta airm cheimiceacha a úsáid. D'iarr an Chomhairle Eorpach ar údaráis Chónaidhm na Rúise comhoibriú go huile agus go hiomlán leis an Eagraíocht um Thoirmeasc ar Airm Cheimiceacha chun go mbeadh imscrúdú neamhchlaon idirnáisiúnta ann, agus chun go ndéanfaí iad siúd atá freagrach a thabhairt faoi chuing an cheartais.

(6)

Sa chomhthéacs sin, agus i bhfianaise na bagartha leanúnaí ó leathadh agus úsáid arm ceimiceach, ba cheart seisear agus eintiteas amháin a áireamh ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n‐eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2018/1544.

(7)

Ba cheart, dá bhrí sin, an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2018/1544 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2018/1544 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 14 Deireadh Fómhair 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH

(1)  Cinneadh (CBES) 2018/1544 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2018 a bhaineann le bearta sriantacha in aghaidh leathadh agus úsáid arm ceimiceach (IO L 259, 16.10.2018, lch. 25).

IARSCRÍBHINN

Cuirtear isteach na hiontrálacha seo a leanas faoin gceannteideal ‘Liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 2 agus 3’ san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2018/1544:

A.   DAOINE NÁDÚRTHA

Ainm

Faisnéis aitheantais

Na forais atá leis an ainmniú

Dáta an liostaithe

‘10.

Andrei Veniaminovich YARIN

(Андрей Вениаминович ЯРИН)

Inscne: fireann;

Dáta breithe: 13 Feabhra 1970;

Áit bhreithe: Nizhny Tagil;

Náisiúntacht: Rúiseach;

Teideal: Ceann an Presidential Domestic Policy Directorate

Tá Andrei Yarin ina cheann ar an Presidential Domestic Policy Directorate sa Presidential Executive Office i gCónaidhm na Rúise. Sa phost sin, tá sé i bhfeighil ar threoshuíomhanna polaitiúla inmheánacha a cheapadh agus a chur chun feidhme. Ceapadh Andrei Yarin freisin sa tascfhórsa laistigh den Presidential Executive Office agus ba é ról an tascfhórsa tionchar Alexei Navalny i sochaí na Rúise a chomhrac lena n-áirítear trí oibríochtaí a bhí ceaptha chun míchlú a tharraingt air.

Tá ciapadh agus cos ar bolg déanta ar Alexei Navalny ag gníomhaithe an Stáit agus ag gníomhaithe breithiúnacha i gCónaidhm na Rúise toisc an róil lárnaigh atá aige sa fhreasúra polaitiúil.

Rinne údaráis Chónaidhm na Rúise faireachán géar ar ghníomhaíochtaí Alexei Navalny agus é ag taisteal go dtí an tSibéir i mí Lúnasa 2020. An 20 Lúnasa 2020, d’éirigh sé go dona tinn agus tugadh chun an ospidéil in Omsk, Cónaidhm na Rúise é. An 22 Lúnasa 2020, aistríodh chuig ospidéal i mBeirlín, sa Ghearmáin é. D’aimsigh sainsaotharlann sa Ghearmáin fianaise shoiléir ina dhiaidh sin, fianaise ar chomhthacaigh saotharlanna sa Fhrainc agus sa tSualainn léi, go ndearnadh Alexei Navalny a nimhiú le hoibreán néaróg tocsaineach de chuid an ghrúpa Novichok. Níl rochtain ag aon dream seachas údaráis Stáit i gCónaidhm na Rúise ar an oibreán tocsaineach sin.

Sna himthosca sin, tá sé réasúnta a rá nárbh fhéidir Alexei Navalny a nimhiú ach amháin le toil an Presidential Executive Office. I bhfianaise a róil shinsearaigh ceannaireachta san Oifig sin, tá Andrei Yarin freagrach, dá bhrí sin, as tacaíocht a spreagadh agus a chur ar fáil do na daoine sin a nimhigh Alexei Navalny nó a raibh baint acu lena nimhiú le hoibreán néaróg Novichok, agus is ionann sin agus úsáid arm ceimiceach faoin gCoinbhinsiún um Airm Cheimiceacha.

15.10.2020

11.

Sergei Vladilenovich KIRIYENKO

(Сергей Владиленович КИРИЕНКО)

Inscne: fireann;

Dáta breithe: 26 Iúil 1962;

Áit bhreithe: Sukhumi;

Náisiúntacht: Rúiseach;

Teideal: Céad-Leas-Cheann-Foirne ar an Presidential Executive Office

Is é Sergei Kiriyenko Céad-Leas-Cheann-Foirne an Presidential Executive Office de Chónaidhm na Rúise. Sa phost sin, tá sé freagrach as gnóthaí intíre, lena n-áirítear grúpaí agus gníomhaíochtaí polaitiúla.

Tá ciapadh agus cos ar bolg déanta ar Alexei Navalny ag gníomhaithe an Stáit agus ag gníomhaithe breithiúnacha i gCónaidhm na Rúise toisc an róil lárnaigh atá aige sa fhreasúra polaitiúil.

Rinne údaráis Chónaidhm na Rúise faireachán géar ar ghníomhaíochtaí Alexei Navalny agus é ag taisteal go dtí an tSibéir i mí Lúnasa 2020. An 20 Lúnasa 2020, d’éirigh sé go dona tinn agus tugadh chun an ospidéil in Omsk, Cónaidhm na Rúise é. An 22 Lúnasa 2020, aistríodh chuig ospidéal i mBeirlín, sa Ghearmáin é. D’aimsigh sainsaotharlann sa Ghearmáin fianaise shoiléir ina dhiaidh sin, fianaise ar chomhthacaigh saotharlanna sa Fhrainc agus sa tSualainn léi, go ndearnadh Alexei Navalny a nimhiú le hoibreán néaróg tocsaineach de chuid an ghrúpa Novichok. Níl rochtain ag aon dream seachas údaráis Stáit i gCónaidhm na Rúise ar an oibreán tocsaineach sin.

Sna himthosca sin, tá sé réasúnta a rá nárbh fhéidir Alexei Navalny a nimhiú ach amháin le toil an Presidential Executive Office. I bhfianaise a róil shinsearaigh ceannaireachta san Oifig sin, tá Sergei Kiriyenko freagrach, dá bhrí sin, as tacaíocht a spreagadh agus a chur ar fáil do na daoine sin a nimhigh Alexei Navalny nó a raibh baint acu lena nimhiú le hoibreán néaróg Novichok, agus is ionann sin agus úsáid arm ceimiceach faoin gCoinbhinsiún um Airm Cheimiceacha.

15.10.2020

12.

Sergei Ivanovich MENYAILO

(Сергей Иванович МЕНЯЙЛО)

Inscne: fireann;

Dáta breithe: 22 Lúnasa 1960;

Áit bhreithe: Alagir;

Náisiúntacht: Rúiseach;

Teideal: Ionadaí Lánchumhachtach d’Uachtarán Chónaidhm na Rúise in Siberian Federal District

Is é Sergei Menyailo an tIonadaí Lánchumhachtach d’Uachtarán Chónaidhm na Rúise in Siberian Federal District agus sa cháil sin tá sé freagrach as cumhachtaí bunreachtúla an Uachtaráin a chur chun feidhme lena n-áirítear beartas intíre agus seachtrach an Stáit a chur chun feidhme. Tá Sergei Menyailo ina chomhalta neamhbhuan de Security Council of the Russian Federation freisin.

Tá ciapadh agus cos ar bolg déanta ar Alexei Navalny ag gníomhaithe an Stáit agus ag gníomhaithe breithiúnacha i gCónaidhm na Rúise toisc an róil lárnaigh atá aige sa fhreasúra polaitiúil.

Rinne údaráis Chónaidhm na Rúise faireachán géar ar ghníomhaíochtaí Alexei Navalny agus é ag taisteal go dtí an tSibéir i mí Lúnasa 2020. An 20 Lúnasa 2020, d’éirigh sé go dona tinn agus tugadh chun an ospidéil in Omsk, Cónaidhm na Rúise é. An 22 Lúnasa 2020, aistríodh chuig ospidéal i mBeirlín, sa Ghearmáin é. D’aimsigh sainsaotharlann sa Ghearmáin fianaise shoiléir ina dhiaidh sin, fianaise ar chomhthacaigh saotharlanna sa Fhrainc agus sa tSualainn léi, go ndearnadh Alexei Navalny a nimhiú le hoibreán néaróg tocsaineach de chuid an ghrúpa Novichok. Níl rochtain ag aon dream seachas údaráis Stáit i gCónaidhm na Rúise ar an oibreán tocsaineach sin.

Sna himthosca sin, tá sé réasúnta a rá nárbh fhéidir Alexei Navalny a nimhiú ach amháin le toil an Presidential Executive Office.

I bhfianaise a róil shinsearaigh ceannaireachta san Oifig sin in Siberian Federal District, tá Sergei Menyailo freagrach, dá bhrí sin, as tacaíocht a spreagadh agus a chur ar fáil do na daoine sin a nimhigh Alexei Navalny nó a raibh baint acu lena nimhiú le hoibreán néaróg Novichok, agus is ionann sin agus úsáid arm ceimiceach faoin gCoinbhinsiún um Airm Cheimiceacha.

15.10.2020

13.

Aleksandr Vasilievich BORTNIKOV

(Александр Васильевич БОРТНИКОВ)

Inscne: fireann;

Dáta breithe: 15 Samhain 1951;

Áit bhreithe: Perm;

Náisiúntacht: Rúiseach;

Teideal: Stiúrthóir ar Federal Security Service Chónaidhm na Rúise

Tá Aleksandr Bortnikov ina Stiúrthóir ar Federal Security Service Chónaidhm na Rúise agus sa cháil sin tá sé freagrach as gníomhaíochtaí príomhghníomhaireacht slándála na Rúise.

Tá ciapadh agus cos ar bolg déanta ar Alexei Navalny ag gníomhaithe an Stáit agus ag gníomhaithe breithiúnacha i gCónaidhm na Rúise toisc an róil lárnaigh atá aige sa fhreasúra polaitiúil.

Rinne an Federal Security Service faireachán géar ar ghníomhaíochtaí Alexei Navalny agus é ag taisteal go dtí an tSibéir i mí Lúnasa 2020. An 20 Lúnasa 2020, d’éirigh sé go dona tinn agus tugadh chun an ospidéil in Omsk, Cónaidhm na Rúise é. An 22 Lúnasa 2020, aistríodh chuig ospidéal i mBeirlín, sa Ghearmáin é. D’aimsigh sainsaotharlann sa Ghearmáin fianaise shoiléir ina dhiaidh sin, fianaise ar chomhthacaigh saotharlanna sa Fhrainc agus sa tSualainn léi, go ndearnadh Alexei Navalny a nimhiú le hoibreán néaróg tocsaineach de chuid an ghrúpa Novichok. Níl rochtain ag aon dream seachas údaráis Stáit i gCónaidhm na Rúise ar an oibreán tocsaineach sin.

Sna himthosca sin, agus é á chur san áireamh go raibh faireachas á dhéanamh ar Alexei Navalny tráth a nimhithe, tá sé réasúnta a rá nárbh fhéidir an nimhiú a dhéanamh mura mbeadh an Federal Security Service rannpháirteach.

I bhfianaise a róil shinsearaigh ceannaireachta sa Federal Security Service, tá Aleksandr Bortnikov freagrach, dá bhrí sin, as tacaíocht a chur ar fáil do na daoine sin a nimhnigh Alexei Navalny nó a raibh baint acu lena nimhiú le hoibreán néaróg Novichok, agus is ionann sin agus úsáid arm ceimiceach faoin gCoinbhinsiún um Airm Cheimiceacha.

15.10.2020

14.

Pavel Anatolievich POPOV

(Павел Анатольевич ПОПОВ)

Inscne: fireann;

Dáta breithe: 1 Eanáir 1957;

Áit bhreithe: Krasnoyarsk;

Náisiúntacht: Rúiseach;

Teideal: Leas-Aire Cosanta Chónaidhm na Rúise

Is é Pavel Popov Leas-Aire Cosanta Chónaidhm na Rúise agus sa cháil sin, is air atá an fhreagracht fhoriomlán maidir le gníomhaíochtaí taighde. Áirítear leis sin maoirseacht agus forbairt ar chumais eolaíocha agus teicneolaíocha na hAireachta, lena n-áirítear airm agus trealamh míleata ionchais a fhorbairt agus nuachóiriú a dhéanamh ar an cinn atá ann faoi láthair.

Ghlac Aireacht Cosanta na Rúise le cúram na stoc arm ceimiceach a bhí fágtha ón Aontas Sóivéadach agus tá sí freagrach as na stoic sin a stóráil ar bhealach sábháilte go dtí gur féidir iad go léir a scriosadh.

An 20 Lúnasa 2020, d’éirigh Alexi Navalny go dona tinn agus tugadh chun an ospidéil in Omsk, Cónaidhm na Rúise é. An 22 Lúnasa 2020, aistríodh chuig ospidéal i mBeirlín, sa Ghearmáin é. D’aimsigh sainsaotharlann sa Ghearmáin fianaise shoiléir ina dhiaidh sin, fianaise ar chomhthacaigh saotharlanna sa Fhrainc agus sa tSualainn léi, go ndearnadh Alexei Navalny a nimhiú le hoibreán néaróg tocsaineach de chuid an ghrúpa Novichok. Níl rochtain ag aon dream seachas údaráis Stáit i gCónaidhm na Rúise ar an oibreán tocsaineach sin.

Ós rud é gurb ar an Aireacht Cosanta atá an fhreagracht fhoriomlán maidir le hairm cheimiceacha a stóráil ar bhealach sábháilte agus as na hairm sin a scriosadh, is le hintinn nó trí mhórfhaillí ar thaobh na hAireachta Cosanta agus na ceannaireachta polaitiúla, agus leis sin amháin, a bhféadfaí airm cheimiceacha mar sin a úsáid ar chríoch Chónaidhm na Rúise.

I bhfianaise a róil shinsearaigh ceannaireachta in Aireacht Cosanta Chónaidhm na Rúise, tá Pavel Popov freagrach, dá bhrí sin, as cúnamh a thabhairt do na daoine sin a nimhigh Alexei Navalny nó a raibh baint acu lena nimhiú le hoibreán néaróg Novichok, agus is ionann sin agus úsáid arm ceimiceach faoin gCoinbhinsiún um Airm Cheimiceacha.

15.10.2020

15.

Aleksei Yurievich KRIVORUCHKO

(Алексей Юрьевич КРИВОРУЧКО)

Inscne: fireann;

Dáta breithe: 17 Iúil 1975;

Áit bhreithe: Stavropol;

Náisiúntacht: Rúiseach;

Teideal: Leas-Aire Cosanta Chónaidhm na Rúise

Is é Aleksei Krivoruchko Leas-Aire Cosanta Chónaidhm na Rúise agus is air atá an fhreagracht fhoriomlán maidir le harmálacha. Áirítear maoirseacht ar stoc arm agus trealaimh mhíleata na hAireachta leis sin. Tá sé freagrach as na hairm agus an trealamh míleata a dhíothú faoi chuimsiú chur chun feidhme na gconarthaí idirnáisiúnta a shanntar don Aireacht Cosanta chomh maith.

Ghlac Aireacht Cosanta na Rúise le cúram stoc na n-arm ceimiceach a bhí fágtha ón Aontas Sóivéadach agus tá sí freagrach as na hairm sin a stóráil ar bhealach sábháilte go dtí gurbh fhéidir iad go léir a scriosadh.

An 20 Lúnasa 2020, d’éirigh Alexi Navalny go dona tinn agus tugadh chun an ospidéil in Omsk, Cónaidhm na Rúise é. An 22 Lúnasa 2020, aistríodh chuig ospidéal i mBeirlín, sa Ghearmáin é. D’aimsigh sainsaotharlann sa Ghearmáin fianaise shoiléir ina dhiaidh sin, fianaise ar chomhthacaigh saotharlanna sa Fhrainc agus sa tSualainn léi, go ndearnadh Alexei Navalny a nimhiú le hoibreán néaróg tocsaineach de chuid an ghrúpa Novichok. Níl rochtain ag aon dream seachas údaráis Stáit i gCónaidhm na Rúise ar an oibreán tocsaineach sin.

Ós rud é gurb ar an Aireacht Cosanta atá an fhreagracht fhoriomlán maidir le hairm cheimiceacha a stóráil ar bhealach sábháilte agus as na hairm sin a scriosadh, is le hintinn nó trí mhórfhaillí ar thaobh na hAireachta Cosanta agus na ceannaireachta polaitiúla, agus leis sin amháin, a bhféadfaí airm cheimiceacha mar sin a úsáid ar chríoch Chónaidhm na Rúise.

I bhfianaise a róil shinsearaigh ceannaireachta in Aireacht Cosanta Chónaidhm na Rúise, tá Aleksei Krivoruchko freagrach, dá bhrí sin, as cúnamh a thabhairt do na daoine sin a nimhigh Alexei Navalny nó a raibh baint acu lena nimhiú le hoibreán néaróg Novichok, agus is ionann sin agus úsáid arm ceimiceach faoin gCoinbhinsiún um Airm Cheimiceacha.

15.10.2020’

B.   DAOINE DLÍTHEANACHA, EINTITIS AGUS COMHLACHTAÍ

Ainm

Faisnéis aitheantais

Na forais atá leis an ainmniú

Dáta an liostaithe

‘2.

State Scientific Research Institute for Organic Chemistry and Technology (GosNIIOKhT)

(Государственный научно-исследовательский институт органической химии и технологии)

Seoladh: Shosse Entuziastov 23, 11124 Moscow, Moscow Oblast, Russia;

Teileafón: +7 (495) 673 7530;

Facs: +7 (495) 673 2218;

Suíomh gréasáin: http://gosniiokht.ru

Rphost: dir@gosniiokht.ru

Is institiúid taighde stáit é The State Scientific Research Institute for Organic Chemistry and Technology (GosNIIOKhT) atá freagrach as stoc na n-arm ceimiceach a bhí fágtha ón Aontas Sóivéadach a scriosadh.

Sa ról bunaidh a bhí aici roimh 1994, bhí an institiúid rannpháirteach i bhforbairt agus i dtáirgeadh arm ceimiceach, lena n-áirítear an t-oibreán néaróg tocsaineach ar a dtugtar “Novichok” anois. Tar éis 1994, bhí an tsaoráid chéanna rannpháirteach i gclár an rialtais chun stoc na n-arm ceimiceach a bhí fágtha ón Aontas Sóivéadach a scriosadh.

An 20 Lúnasa 2020, d’éirigh Alexi Navalny go dona tinn agus tugadh chun an ospidéil in Omsk, Cónaidhm na Rúise é. An 22 Lúnasa 2020, aistríodh chuig ospidéal i mBeirlín, sa Ghearmáin é. D’aimsigh sainsaotharlann sa Ghearmáin fianaise shoiléir ina dhiaidh sin, fianaise ar chomhthacaigh saotharlanna sa Fhrainc agus sa tSualainn léi, go ndearnadh Alexei Navalny a nimhiú le hoibreán néaróg tocsaineach de chuid an ghrúpa Novichok. Níl rochtain ag aon dream seachas údaráis Stáit i gCónaidhm na Rúise ar an oibreán tocsaineach sin.

Mar sin de, ní fhéadfaí oibreán néaróg tocsaineach de chuid an ghrúpa Novichok a úsáid mura mhainnigh an Institiúid sa chúram a bhí uirthi stoc-chairn na n-arm ceimiceach a scriosadh.

15.10.2020’

15.10.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 341/16

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (CBES) 2020/1483 ÓN GCOMHAIRLE

an 14 Deireadh Fómhair 2020

lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh (CBES) 2015/1333 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 31(2) de,

Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2015/1333 ón gComhairle an 31 Iúil 2015 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia, agus lena n‐aisghairtear Cinneadh 2011/137/CBES (1), agus go háirithe Airteagal 12(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 31 Iúil 2015, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2015/1333.

(2)

An 12 Bealtaine 2020, d’eisigh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála dearbhú, thar ceann an Aontais, inar luadh gur de thiomantas an Aontais fós go ndéanfar trádbhac na Náisiún Aontaithe sa Libia a urramú go hiomlán. Cuireadh i dtreis chomh maith sa dearbhú nach mór gach iarracht a dhéanamh a áirithiú go gcuirfear na rúin ábhartha ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe chun feidhme go hiomlán agus go héifeachtach freisin ag na teorainneacha talún agus aeir leis Libia.

(3)

An 21 Meán Fómhair 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2020/1310 (2), inar ainmníodh trí eintiteas a raibh lámh acu i sárú thrádbhac arm na Náisiún Aontaithe.

(4)

Is cúis mhór imní don Chomhairle i gcónaí an staid sa Libia go háirithe a mhéid a bhaineann le gníomhartha a chuireann síocháin, slándáil nó cobhsaíocht na Libia i mbaol, lena n‐áirítear sáruithe ar thrádbhac arm na Náisiún Aontaithe.

(5)

Sa chomhthéacs sin, ba cheart duine amháin ag a raibh láimh sna gníomhartha den sórt sin a chur le liosta na ndaoine agus na n‐eintiteas atá faoi réir bearta sriantacha mar a leagtar amach in Iarscríbhinní II agus IV a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2015/1333.

(6)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinní II agus IV a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2015/1333 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinní II agus IV a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2015/1333 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 14 Deireadh Fómhair 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH

(1)  IO L 206, 1.8.2015, lch. 34.

(2)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2020/1310 ón gComhairle an 21 Meán Fómhair 2020 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh (CBES) 2015/1333 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia (IO L 305 I, 21.9.2020, lch. 5).

IARSCRÍBHINN

(1)   

In Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2015/1333, faoin gceannteideal ‘A. Daoine’, cuirtear isteach an iontráil seo a leanas:

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

‘19.

Yevgeniy Viktorovich PRIGOZHIN

(Евгений Викторович Пригожин)

Dáta breithe: 1 Meitheamh 1961

Áit bhreithe:: Leningrad (St. Petersburg)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Is fear gnó Rúiseach é Yevgeniy Viktorovich Prigozhin a bhfuil dlúthnaisc aige leis an gcuideachta phríobháideach mhíleata, Wagner Group, naisc airgeadais san áireamh.

Ar an gcaoi sin, tá Prigozhin rannpháirteach sna gníomhaíochtaí atá ar bun ag Wagner Group sa Libia, gníomhaíochtaí a chuireann síocháin, slándáil agus cobhsaíocht na tíre i mbaol, agus tá sé ag tacú leis na gníomhaíochtaí sin.

Go háirithe, tá Wagner Group rannpháirteach i sáruithe iomadúla a dhéantar arís agus arís eile ar an trádbhac arm sa Libia arna bhunú i Rún 1970 (2011) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus arna thrasuí in Airteagal 1 de Chinneadh (CBES) 2015/1333, lena n-áirítear seachadadh arm mar aon le himscaradh amhas isteach sa Libia chun tacú leis an Libya National Army. Ghlac Wagner Group páirt in oibríochtaí míleata iomadúla i gcoinne an Government of National Accord a dtacaíonn na Náisiúin Aontaithe leis agus chuidigh sé le díobháil a dhéanamh do chobhsaíocht na Libia agus leis an mbonn a bhaint de phróiseas síochána.’

15.10.2020

(2)   

In Iarscríbhinn IV a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2015/1333, faoin gceannteideal ‘A. Daoine’, cuirtear isteach na hiontrálacha seo a leanas:

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

‘24.