ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 335

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

Imleabhar 63
13 Deireadh Fómhair 2020


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1463 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2020 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2018/1542 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne leathadh agus úsáid arm ceimiceach

1

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (CBES) 2020/1464 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2020 maidir le rialuithe éifeachtacha ar onnmhairiú arm a chur chun cinn

3

 

*

Cinneadh (CBES) 2020/1465 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2020 maidir le gníomhaíocht ón Aontas Eorpach chun tacú le Sásra Cigireachta agus Fíoraithe na Náisiún Aontaithe in Éimin

13

 

*

Cinneadh (CBES) 2020/1466 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2020 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/1544 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne leathadh agus úsáid arm ceimiceach

16

 

*

Cinneadh (CBES) 2020/1467 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2020 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2019/1720 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Nicearagua

18

 

*

Cinneadh (AE) 2020/1468 ón gComhairle a glacadh de chomhthoil le hUachtarán an Choimisiúin an 12 Deireadh Fómhair 2020 lena gceaptar Comhalta den Choimisiún Eorpach

19

 

 

Ceartúcháin

 

*

Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2019/630 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a mhéid a bhaineann le cumhdach caillteanais íosta le haghaidh risíochtaí neamhthuillmheacha ( IO L 111, 25.4.2019 ) ( IO L 0, 25.4.2019 )

20

GA

Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo.

Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu.


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

13.10.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 335/1


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2020/1463 ÓN gCOMHAIRLE

an 12 Deireadh Fómhair 2020

lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2018/1542 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne leathadh agus úsáid arm ceimiceach

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1542 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2018 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne leathadh agus úsáid arm ceimiceach (1), agus go háirithe Airteagal 12 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 15 Deireadh Fómhair 2018, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2018/1542.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán (AE) 2018/1542, d’athbhreithnigh an Chomhairle liosta na ndaoine agus na n‐eintiteas ainmnithe a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin. Ba cheart nuashonrú a dhéanamh ar iontráil amháin ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n‐eintiteas agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1542 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1542 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, 12 Deireadh Fómhair 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)   IO L 259, 16.10.2018, lch. 12.


IARSCRÍBHINN

Cuirtear an iontráil seo a leanas in ionad iontráil Uimh. 5 i liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n‐eintiteas agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2 faoin bhfocheannteideal “A. Daoine nádúrtha” mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1542:

Ainm

Faisnéis sainaitheantais

Na forais atá leis an ainmniú

Dáta na liostála

“5. Said SAID

dá ngairtear freisin: Saeed, Sa’id Sa’id

Image 1

Teideal: Dochtúir, ball de Institute 3000 (dá ngairtear freisin Institute 6000) de SSRC;

Inscne: fireann;

Dáta breithe: 11 Nollaig 1955

Pearsa shuntasach é Said Said in Institute 3000 dá ngairtear freisin Institute 6000, an rannán den Ionad Staidéir Eolaíochta agus Taighde (SSRC) atá freagrach as airm cheimiceacha na Siria a fhorbairt agus a tháirgeadh.

21.1.2019”.


CINNTÍ

13.10.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 335/3


CINNEADH (CBES) 2020/1464 ÓN gCOMHAIRLE

an 12 Deireadh Fómhair 2020

maidir le rialuithe éifeachtacha ar onnmhairiú arm a chur chun cinn

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 28(1) agus 31(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I Straitéis Slándála na hEorpa, arna glacadh ag an gComhairle Eorpach an 12 Nollaig 2003, leagtar amach cúig phríomhdhúshlán nach mór don Aontas Eorpach aghaidh a thabhairt orthu: an sceimhlitheoireacht, iomadú na n‐arm ollscriosta, coinbhleachtaí réigiúnacha, loiceadh stáit agus coireacht eagraithe. Is gné lárnach i gceithre cinn de na cúig dhúshlán sin gnáth-airm a bheith i gcúrsaíocht ar bhealach neamhrialaithe agus na hiarmhairtí a eascraíonn as sin. Sa Straitéis sin, cuirtear i dtreis a thábhachtaí atá rialuithe onnmhairiúcháin chun iomadú arm a shrianadh. Le Straitéis Dhomhanda an Aontais Eorpaigh maidir leis an mbeartas eachtrach agus slándála dar teideal Shared vision, common action: a stronger Europe, (“Fís chomhroinnte, comhghníomhaíochtaí: Eoraip níos láidre”), a thíolaic an tArdionadaí an 28 Meitheamh 2016, daingnítear tacaíocht an Aontais chun conarthaí agus córais maidir le dí-armáil iltaobhach, neamhleathadh agus rialú arm a uiliú, a chur chun feidhme ina n‐iomláine agus a fhorfheidhmiú.

(2)

An 5 Meitheamh 1998, ghlac an tAontas Cód Iompair maidir le honnmhairiú arm atá ceangailteach go polaitiúil, ina leagtar síos critéir choiteanna chun trádáil dhlíthiúil i ngnáth-airm a rialáil.

(3)

An 19 Samhain 2018, ghlac an Chomhairle Straitéis an Aontais in aghaidh airm thine, mionairm agus airm éadroma aindleathacha agus a n‐armlón dar teideal Securing Arms, Protecting Citizens, (“Airm a dhaingniú, saoránaigh a chosaint”). Is é príomhchuspóir Straitéis an Aontais Eorpaigh Clár Gníomhaíochta 2001 na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme go hiomlán agus go héifeachtach chun trádáil aindleathach i mionairm agus in airm éadroma, agus gach gné den trádáil sin, a chosc, a chomhrac agus a dhíothú. Luaitear sa Straitéis go leanfaidh an tAontas de rialú freagrach agus éifeachtach ar onnmhairiú arm a chur chun cinn agus go dtabharfaidh sé tacaíocht chun an Conradh Trádála Arm a uiliú agus a chur chun feidhme. Luaitear sa Straitéis freisin go leanfaidh an tAontas de thacaíocht a thabhairt d’Aontas na hAfraice agus do na pobail eacnamaíocha réigiúnacha ábhartha ina n‐iarrachtaí in aghaidh na trádála aindleathaí i mionairm agus airm éadroma agus a n‐armlón.

(4)

An 8 Nollaig 2008, tháinig Comhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle (1) in ionad an Chóid Iompair maidir le h-onnmhairiú arm; le Comhsheasamh 2008/944/CBES, lena gcuirtear ar bun ocht gcritéar a bhfuil iarratais ar onnmhairiú gnáth-arm le measúnú dá réir. Áirítear ann freisin sásra fógra agus comhairliúchán i gcás ina ndéanfar onnmhairithe arm a dhiúltú, agus bearta trédhearcachta amhail tuarascáil bhliantúil de chuid an Aontais maidir le honnmhairiú arm a fhoilsiú. Tá roinnt tríú tíortha tar éis iad féin a ailíniú le Comhsheasamh 2008/944/CBES. In 2019, mar thoradh ar athbhreithniú a rinneadh ar an gComhsheasamh sin, glacadh Cinneadh (CBES) 2019/1560 ón gComhairle (2).

(5)

In Airteagal 11 de Chomhsheasamh 2008/944/CBES, cuirtear in iúl go ndéanfaidh na Ballstáit a ndícheall a thathant ar stáit eile a onnmhairíonn teicneolaíocht mhíleata nó trealamh míleata na critéir a leagtar amach sa Chomhsheasamh sin a chur i bhfeidhm.

(6)

Ghlac Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an Conradh Trádála Arm (CTA) i mí Aibreáin 2013 agus tháinig sé i bhfeidhm an 24 Nollaig 2014. Tá sé d’aidhm ag CTA trédhearcacht agus an fhreagracht i dtrádáil arm a neartú. Leis an gConradh Trádála Arm, amhail Comhsheasamh 2008/944/CBES, leagtar síos roinnt critéar maidir le measúnú riosca nach mór onnmhairiú arm a mheasúnú dá réir. Tacaíonn an tAontas, trí na cláir thiomnaithe atá aige arna nglacadh faoi Chinntí 2013/768/CBES (3) agus (CBES) 2017/915 (4) ón gComhairle, le cur chun feidhme agus uiliú éifeachtach an Chonartha Trádála Arm. Leis na cláir sin, tugtar cúnamh do roinnt tríú tíortha, arna iarraidh sin dóibh, a gcórais rialaithe maidir le haistriú arm a neartú i gcomhréir le ceanglais CTA.

(7)

Ar an ábhar sin, tá sé tábhachtach comhlántacht a áirithiú idir gníomhaíochtaí for-rochtana agus gníomhaíochtaí cúnaimh dá bhforáiltear sa Chinneadh seo agus na gníomhaíochtaí dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2017/915. Chuige sin, ba cheart malartuithe rialta faisnéise a dhéanamh idir gníomhaireachtaí cur chun feidhme ghníomhaíochtaí for-rochtana an Aontais i réimse an rialaithe ar onnmhairiú arm, agus leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí. Leis an sásra comhordaithe sin, déanfar rannpháirtíocht saineolaithe ó Bhallstáit eile a spreagadh, cibé uair is ábhartha.

(8)

Ó 2008 i leith, faoi Ghníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/230/CBES (5) agus faoi Chinntí 2009/1012/CBES (6), 2012/711/CBES (7), (CBES) 2015/2309 (8) agus (CBES) 2018/101 (9) ón gComhairle, tá forbairt ar ghníomhaíochtaí an Aontais chun rialuithe éifeachtacha trédhearcacha ar onnmhairiú arm a chur chun cinn. Leis na gníomhaíochtaí a rinneadh, tacaíodh go háirithe le tuilleadh comhar réigiúnach, feabhsaíodh go háirithe an trédhearcacht agus breis freagrachta, i gcomhréir le prionsabail Chomhsheasamh 2008/944/CBES agus leis na critéir measúnaithe riosca a leagtar amach ann. De ghnáth, leis gníomhaíochtaí atá i gceist, tugadh aghaidh ar thríú tíortha chomharsanachtaí oirthir agus deiscirt an Aontais.

(9)

Le blianta beaga anuas, tá cúnamh curtha ar fáil ag an Aontas chun feabhas a chur ar na rialuithe ar onnmhairiú earraí dé-úsáide i dtríú tíortha. Ba cheart comhordú éifeachtach a áirithiú leis na gníomhaíochtaí sin atá ábhartha do rialuithe ar onnmhairiú dé-úsáide.

(10)

Chuir an Chomhairle de chúram ar Oifig Cónaidhme na Gearmáine um Ghnóthaí Eacnamaíocha agus Rialú ar Onnmhairiú (“Bundesamt für Wirtschaft und Ausfuhrkontrolle – BAFA”) Cinntí 2009/1012/CBES, 2012/711/CBES, (CBES) 2015/2309 agus (CBES) 2018/101 a chur chun feidhme go teicniúil. Is gníomhaireacht cur chun feidhme é BAFA freisin i gcás na dtionscadal sin lena dtacaítear le cur chun feidhme éifeachtach an Chonartha Trádála CTA faoi Chinntí 2013/768/CBES agus (CBES) 2017/915. Ó 2005 i leith, tá BAFA i mbun roinnt tionscadal comhair de chuid an Aontais a chur chun feidhme i réimse na rialuithe onnmhairí dé-úsáide. Is é BAFA an t‐údarás inniúil um rialú onnmhairiúcháin sa Ghearmáin, agus tá neart eolais agus saineolais forbartha aige maidir le gníomhaíochtaí for-rochtana, chomh maith lena chroí-inniúlachtaí a roinnt le stáit eile.

(11)

An 28 Bealtaine 2018, chuir Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe a chlár oibre maidir le dí-armáil i láthair, dar teideal Securing Our Common Future (“Ár dTodhchaí Choiteann a shlánú”). Le trédhearcacht i ngníomhaíochtaí míleata, amhail tuairisciú ar allmhairiú agus onnmhairiú arm, cuirtear cuntasacht dhaonlathach agus rialachas freagrach chun cinn. Leis na gníomhaíochtaí a dtacaítear leo tríd an gCinneadh seo, rannchuidítear le cuspóirí an chláir oibre sin, agus le Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 16 de Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Chun an tsíocháin agus an tslándáil a chur chun cinn, agus i gcomhréir le Straitéis Slándála na hEorpa agus leis an Straitéis Dhomhanda maidir le beartas eachtrach agus slándála an Aontais, saothróidh an tAontas na cuspóirí seo a leanas:

(a)

rialuithe éifeachtacha ar onnmhairiú arm a dhéanann tríú tíortha a chur chun cinn i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach i gComhsheasamh 2008/944/CBES agus i CTA (an Conradh Trádála Arm), agus, i gcás inarb iomchuí, comhlántacht agus sineirgí a lorg le tionscadail chúnaimh an Aontais i réimse na rialuithe ar onnmhairiú earraí dé-úsáide; agus

(b)

tacú le hiarrachtaí tríú tíortha, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach, trádáil i ngnáth-airm a dhéanamh níos freagraí agus níos trédhearcaí, agus an baol go ndéanfaí airm a atreorú chuig úsáideoirí neamhúdaraithe a mhaolú.

2.   Saothróidh an tAontas na cuspóirí dá dtagraítear i mír 1 trí na gníomhaíochtaí tionscadail seo a leanas:

(a)

na critéir agus na prionsabail a leagtar amach i gComhsheasamh 2008/944/CBES agus i CTA a chur chun cinn a thuilleadh, i measc tríú tíortha, ar bhonn an méid a baineadh amach trí Chomhsheasamh 2008/230/CBES, agus Cinntí 2009/1012/CBES, 2012/711/CBES, (CBES) 2015/2309, agus (CBES) 2018/101 a chur chun feidhme;

(b)

cuidiú le tríú tíortha bearta iomchuí reachtacha agus riaracháin a dhréachtú, a thabhairt cothrom le dáta agus a chur chun feidhme, de réir mar is iomchuí, arb é is aidhm dóibh córas éifeachtach do rialuithe ar onnmhairiú gnáth-arm a bhunú;

(c)

cúnamh a thabhairt do thíortha is tairbhithe san oiliúint ar oifigigh cheadúnúcháin agus forfheidhmiúcháin chun cur chun feidhme agus forfheidhmiú leordhóthanach na rialuithe ar onnmhairiú arm a áirithiú;

(d)

cúnamh a thabhairt do thíortha is tairbhithe agus for-rochtain á déanamh acu ar a dtionscal náisiúnta arm chun comhlíonadh na rialachán maidir le rialú ar onnmhairiú a áirithiú;

(e)

trédhearcacht agus freagracht i dtrádáil idirnáisiúnta arm a chur chun cinn, lena n‐áirítear trí thacú le bearta náisiúnta agus réigiúnacha lena gcuirtear trédhearcacht agus grinnscrúdú iomchuí chun cinn i dtaca le gnáth-airm a onnmhairiú;

(f)

na tíortha is tairbhithe sin nach bhfuil aon chéimeanna tugtha acu i dtreo aontachas le CTA a spreagadh chun clárú le CTA, agus sínitheoirí CTA a spreagadh chun an conradh sin a dhaingniú; agus

(g)

tuilleadh machnaimh ar riosca agus ar mhaolú an atreoraithe arm, ó thaobh allmhairiúcháin agus onnmhairiúcháin araon, a chur chun cinn.

Tá tuairisc mhionsonraithe ar na gníomhaíochtaí tionscadail dá dtagraítear sa mhír seo san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

1.   Is é Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (“an tArdionadaí”) a bheidh freagrach as an gCinneadh seo a chur chun feidhme.

2.   Is í Oifig Cónaidhme na Gearmáine um Ghnóthaí Eacnamaíocha agus Rialú ar Onnmhairiú (“Bundesamt für Wirtschaft und Ausfuhrkontrolle – BAFA”) a dhéanfaidh cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí tionscadail dá dtagraítear in Airteagal 1(2). Tá bonn cirt le roghnú BAFA i ngeall ar an taithí chruthaithe, na cáilíochtaí agus an saineolas riachtanach atá aige thar réimse iomlán ghníomhaíochtaí an Aontais um rialú ar onnmhairiú arm.

3.   Cuirfidh BAFA a chuid cúraimí i gcrích faoi fhreagracht an Ardionadaithe. Chun na críche sin, déanfaidh an tArdionadaí na socruithe is gá le BAFA.

Airteagal 3

1.   EUR 1 377 542,73 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais chun gníomhaíochtaí an tionscadail dá dtagraítear in Airteagal 1(2) a chur chun feidhme.

2.   Déanfar an caiteachas a mhaoineofar leis an méid tagartha airgeadais a leagtar amach i mír 1 a bhainistiú i gcomhréir leis na nósanna imeachta agus na rialacha is infheidhme maidir le buiséad an Aontais.

3.   Maoirseoidh an Coimisiún bainistiú cuí an mhéid tagartha airgeadais a leagtar amach i mír 1. Chun na críche sin, tabharfaidh sé comhaontú maoiniúcháin i gcrích le BAFA. Forálfar sa chomhaontú maoiniúcháin go bhfuil BAFA chun infheictheacht ranníocaíocht an Aontais, a bheidh iomchuí dá mhéid, a áirithiú.

4.   Déanfaidh an Coimisiún iarracht an comhaontú airgeadais dá dtagraítear i mír 3 a thabhairt i gcrích a luaithe is féidir tar éis theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo. Cuirfidh sé an Chomhairle ar an eolas faoi aon deacrachtaí sa phróiseas sin agus faoin dáta a thabharfar an comhaontú maoiniúcháin i gcrích.

Airteagal 4

Tuairisceoidh an tArdionadaí don Chomhairle maidir le cur chun feidhme an Chinnidh seo ar bhonn tuarascálacha tráthrialta arna n‐ullmhú ag BAFA. Beidh na tuarascálacha sin mar bhonn don mheastóireacht a dhéanfaidh an Chomhairle. Tuairisceoidh an Coimisiún ar ghnéithe airgeadais chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí tionscadail dá dtagraítear in Airteagal 1(2).

Airteagal 5

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Rachaidh sé in éag 24 mhí tar éis an dáta a dtabharfar an comhaontú maoiniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 3(3) i gcrích, nó 6 mhí tar éis an dáta a nglacfar é, mura mbeidh aon chomhaontú maoiniúcháin tugtha i gcrích laistigh den tréimhse sin.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 12 Deireadh Fómhair 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Comhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle an 8 Nollaig 2008 lena sainítear comhrialacha lena rialaítear rialú onnmhairithe teicneolaíochta míleata agus trealaimh mhíleata (IO L 335, 13.12.2008, lch. 99).

(2)  Cinneadh 2019/1560 (CBES) ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2019 lena leasaítear Comhsheasamh 2008/944/CBES lena sainítear comhrialacha lena rialaítear rialú onnmhairithe teicneolaíochta míleata agus trealaimh mhíleata (IO L 239, 17.9.2019, lch. 16).

(3)  Cinneadh 2013/768/CBES ón gComhairle an 16 Nollaig 2013 maidir le gníomhaíochtaí AE le tacú le cur chun feidhme an Chonartha Trádála Arm, i gcreat Straitéis Slándála na hEorpa (IO L 8.12.2013, lch. 56)

(4)  Cinneadh (CBES) 2017/915 ón gComhairle an 29 Bealtaine 2017 maidir le gníomhaíochtaí for-rochtana de chuid an Aontais chun tacú le cur chun feidhme an Chonartha Trádála Arm (IO L 139, 30.5.2017, lch. 38).

(5)  Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/230/CBES ón gComhairle an 17 Márta 2008 maidir le tacaíocht do ghníomhaíochtaí de chuid AE d’fhonn rialú onnmhairithe arm agus prionsabail agus critéir Chód Iompair AE maidir le hOnnmhairithe Arm i measc tríú tíortha a chur chun cinn (IO L 75, 18.3.2008, lch. 81).

(6)  Cinneadh 2009/1012/CBES ón gComhairle an 22 Nollaig 2009 maidir le tacaíocht do ghníomhaíochtaí de chuid AE d’fhonn rialú onnmhairithe arm agus prionsabail agus critéir Chomhsheasamh 2008/944/CBES i measc tríú tíortha a chur chun cinn (IO L 348, 29.12.2009, lch. 16).

(7)  Cinneadh 2012/711/CBES ón gComhairle an 19 Samhain 2012 maidir le tacaíocht do ghníomhaíochtaí de chuid an Aontais d’fhonn rialú onnmhairithe arm agus prionsabail agus critéir Chomhsheasamh 2008/944/CBES a chur chun cinn i measc tríú tíortha (IO L 321, 20.11.2012, lch. 62).

(8)  Cinneadh (CBES) 2015/2309 ón gComhairle an 10 Nollaig 2015 maidir le rialuithe éifeachtacha ar onnmhairithe arm a chur chun cinn (IO L 326, 11.12.2015, lch. 56).

(9)  Cinneadh (CBES) 2018/101 ón gComhairle an 22 Eanáir 2018 maidir le rialuithe éifeachtacha ar onnmhairithe arm a chur chun cinn (IO L 17, 23.1.2018, lch. 40).


IARSCRIBHINN

TIONSCADAL CHUN RIALUITHE ÉIFEACHTACHA AR ONNMHAIRIÚ ARM A CHUR CHUN CINN

1.   Cuspóirí

Is é is cuspóir don Chinneadh seo an chuntasacht agus an fhreagracht a chur chun cinn maidir le trádáil dhlíthiúil arm i gcomhréir le Comhsheasamh 2008/944/CBES, rud a chuirfidh leis an tsíocháin, leis an tslándáil agus leis an gcobhsaíocht i dtíortha atá i gcomharsanacht an Aontais. Is iad cuspóirí an Chinnidh seo rialuithe feabhsaithe ar aistrithe arm ag tríú tíortha a chur chun cinn agus tacú le hiarrachtaí tríú tíortha, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach, trádáil idirnáisiúnta i ngnáth-airm a dhéanamh níos freagraí agus níos trédhearcaí, agus an baol go ndéanfaí airm a atreorú chuig úsáideoirí neamhúdaraithe a mhaolú. Ba cheart na cuspóirí sin a bhaint amach trí chur chun cinn na bprionsabal agus na gcritéar a leagtar amach i gComhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle, agus in CTA. Ba cheart é a bheith mar aidhm leis na torthaí sin éifeachtacht na gcóras náisiúnta onnmhairiúcháin arm i dtíortha spriocdhírithe a mhéadú: tuairisceoidh an ghníomhaireacht cur chun feidhme ar athruithe dlíthiúla agus institiúideacha agus ar athruithe ábhartha eile agus ar a n‐ailíniú le Comhsheasamh 2008/944/CBES agus, i gcás inarb iomchuí, le CTA. Ba cheart na torthaí sin a shaothrú agus comhlántacht agus sineirgí á lorg le tionscadail leanúnacha cúnaimh an Aontais chun tacú le cur chun feidhme CTA agus i réimse na rialuithe onnmhairiúcháin ar earraí dé-úsáide. Ní bheidh forluí idir raon feidhme na dtairbhithe faoin gCinneadh reatha agus na tairbhithe a chumhdaítear faoi Chinneadh (CBES) 2017/915 ón gComhairle chun tacú le CTA.

D’fhonn na cuspóirí thuasluaite a bhaint amach, ba cheart don Aontas leanúint de chaighdeáin Chomhsheasamh 2008/944/CBES a chur chun cinn, lena gcuirtear leis an méid a baineadh amach trí chur chun feidhme Chinntí 2018/101/CBES, 2015/2309/CBES, 2012/711/CBES agus 2009/1012/CBES ón gComhairle, agus Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/230/CBES ón gComhairle. Chun na críche sin, ba cheart cúnamh a thabhairt do thriú tíortha is tairbhithe chun bearta ábhartha reachtacha, riaracháin agus institiúideacha a dhréachtú, a nuashonrú agus a chur chun feidhme, mar is iomchuí, lena dtacaítear le córas éifeachtach rialuithe aistrithe gnáth-arm.

Ba cheart tacú freisin le hoiliúint oifigeach ceadúnúcháin agus forfheidhmithe atá freagrach as rialuithe aistrithe arm a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú, agus do bhearta náisiúnta agus réigiúnacha lena gcuirtear trédhearcacht agus grinnscrúdú iomchuí ar onnmhairiú gnáth-arm chun cinn. Ina theannta sin, ba cheart teagmhálacha leis an earnáil phríobháideach (lena n‐áirítear tionsclaíocht, institiúidí taighde agus lucht acadúil) a chur chun cinn d’fhonn comhlíonadh reachtaíocht agus rialacháin maidir le rialú aistrithe arm a áirithiú, ag díriú go háirithe ar chláir inmheánacha um chomhlíonadh (ICPanna).

2.   An ghníomhaireacht cur chun feidhme a roghnú

Cuirtear cur chun feidhme an Chinnidh seo faoi chúram BAFA. I gcás inarb iomchuí, beidh BAFA i gcomhpháirt le gníomhaireachtaí rialaithe onnmhairí na mBallstát, le heagraíochtaí ábhartha réigiúnacha agus idirnáisiúnta, le meithleacha machnaimh, le hinstitiúidí taighde agus le heagraíochtaí neamhrialtasacha.

Tá taithí ceannaireachta ag BAFA i soláthar cúnaimh rialaithe onnmhairí agus gníomhaíochtaí for-rochtana. Tá taithí den sórt sin faighte aige i réimsí ábhartha uile rialaithe straitéisigh onnmhairí, lena dtugtar aghaidh ar earraí dé-úsáide a bhaineann le CBRN agus ar earraí míleata. Trí na cláir agus na gníomhaíochtaí sin, tá eolas cuimsitheach faighte ag BAFA ar chórais rialaithe onnmhairí maidir le formhór na dtíortha a áirítear sa Chinneadh seo.

Maidir le cúnamh agus for-rochtain i ndáil le rialú onnmhairí arm, thug BAFA chun críche go rathúil cur chun feidhme Chinntí 2009/1012/CBES, 2012/711/CBES, (CBES) 2015/2309 agus (CBES) 2018/101. Tá BAFA i gceannas freisin ar chur chun feidhme teicniúil chlár tacaíochta cur chun feidhme CTA arna bhunú le Cinntí 2013/768/CBES agus (CBES) 2017/915.

Is é an éifeacht fhoriomlán atá ann go bhfuil BAFA in áit ar leith chun láidreachtaí agus laigí na gcóras rialaithe onnmhairiúcháin sna tíortha sin a bheidh ina dtairbhithe do na gníomhaíochtaí dá bhforáiltear sa Chinneadh seo a shainaithint. Is fearr is féidir leis sineirgí a éascú idir an cúnamh éagsúil maidir le rialú ar onnmhairiú arm agus na cláir fhor-rochtana agus chun dúbailt a sheachaint. Tá sé sin thar a bheith ábhartha do thíortha is tairbhithe a fuair tacaíocht faoi chláir comhair de chuid an Aontais a bhí ann roimhe seo chun an acmhainneacht áitiúil a neartú maidir leis an gcóras náisiúnta rialaithe ar thrádáil arm a chur i bhfeidhm agus a nuashonrú i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta agus leis na forbairtí le déanaí.

3.   Comhordú le tionscadail chúnaimh eile de chuid an Aontais i réimse na rialuithe onnmhairiúcháin

Bunaithe ar an taithí a fuarthas ó ghníomhaíochtaí for-rochtana an Aontais a bhí ann roimhe seo i réimse na rialuithe onnmhairiúcháin lena gcumhdaítear earraí dé-úsáide agus gnáth-airm araon, ba cheart sineirge agus comhlántacht a lorg. Chuige sin, ní dhéanfar na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i Roinn 5 ach amháin i dtíortha nach ndírítear orthu cheana féin trí ghníomhaíochtaí faoi thionscadal cúnaimh for-rochtana CTA. I gcás inarb iomchuí, féadfar sineirge a lorg i gcomhar le gníomhaíochtaí eile arna maoiniú trí bhuiséad CBES nó le gníomhaíochtaí eile a bhaineann le rialuithe ar onnmhairiú earraí dé-úsáide arna maoiniú trí ionstraimí airgeadais an Aontais seachas buiséad CBES. Ba cheart é sin a dhéanamh i gcomhréir iomlán leis na teorainneacha dlíthiúla agus airgeadais a leagtar síos le haghaidh úsáid ionstraimí ábhartha airgeadais de chuid an Aontais.

Chuige sin, déanfar malartuithe rialta faisnéise idir gníomhaireachtaí cur chun feidhme ghníomhaíochtaí for-rochtana an Aontais i réimse an rialaithe onnmhairiúcháin, agus leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí. Ba cheart an sásra comhordaithe sin a chur ar bhonn foirmiúil agus déanfar rannpháirtíocht saineolaithe ó Bhallstáit eile an Aontais a spreagadh, nuair is ábhartha.

4.   Comhordú le tionscadail chúnaimh deontóirí eile i réimse na rialuithe onnmhairiúcháin

I gcás inarb iomchuí, ba cheart sineirge agus comhlántacht le tionscadail chúnaimh deontóirí eile i réimse na for-rochtana maidir le rialú onnmhairiúcháin a lorg freisin. Mar a luaitear i roinn 3, ba cheart an comhordú le deontóirí eile a dhéanamh go háirithe do na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bhforanna 5.2.1 go 5.2.3 agus 5.2.6.

5.   Cur síos ar ghníomhaíochtaí tionscadail

5.1.   Cuspóirí tionscadail

Is é an príomhchuspóir cúnamh teicniúil a thabhairt do roinnt tíortha is tairbhithe a bhfuil sé léirithe acu go bhfuil siad toilteanach a gcaighdeáin agus a gcleachtais maidir le rialú ar onnmhairiú arm a fhorbairt. Chuige sin, cuirfear san áireamh sna gníomhaíochtaí a bheidh le déanamh stádas na dtíortha is tairbhithe, go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:

ballraíocht a d’fhéadfadh a bheith ann, nó iarratas ar bhallraíocht, córais idirnáisiúnta rialaithe onnmhairí a bhaineann le haistriú gnáth-arm agus aistriú earraí agus teicneolaíochtaí dé-úsáide;

na hiarrthóireachtaí ar bhallraíocht san Aontas agus cibé acu an iarrthóirí oifigiúla nó iarrthóirí ionchasacha iad na tíortha is tairbhithe;

an acmhainneacht a bhaineann le trádáil i ngnáth-threalamh agus i ngnáth-theicneolaíochtaí míleata, mar tháirgeoir, mar allmhaireoir nó mar mhol trádála;

leibhéal aibíochta an chórais náisiúnta rialaithe onnmhairí atá ann cheana, agus aird ar leith á tabhairt ar an dul chun cinn a rinneadh mar thoradh ar thacaíocht a fuarthas faoi chláir chomhair um rialú onnmhairí arm a bhí ann roimhe seo agus atá á maoiniú ag an Aontas;

an seasamh atá acu maidir le CTA.

I gcás nach bhfuil sna tíortha is tairbhithe a ndírítear orthu ach sínitheoirí le CTA, ba cheart go bhféachfaí leis na gníomhaíochtaí — i gcás inarb indéanta — a fháil amach ar bhealach níos fearr cad iad na bacainní ar dhaingniú CTA, go háirithe i gcás ina bhfuil na bacainní sin de chineál dlítheanach nó rialála agus go bhfuil baint acu le bearnaí nó le riachtanais ó thaobh acmhainneachtaí cur chun feidhme de. I gcás nach mbeidh aon chéim glactha i dtreo an CTA ag na tíortha a ndírítear orthu (ní dhéanann siad síniú, daingniú ná aontachas), ba cheart aontachas le CTA a chur chun cinn sna gníomhaíochtaí, le tacaíocht ó thíortha eile is tairbhithe a bhfuil CTA daingnithe acu, b’fhéidir.

5.2.   Cur síos ar an tionscadal

5.2.1.   Ceardlanna réigiúnacha

Beidh suas le hocht gceardlann réigiúnacha dhá lá i gceist leis an tionscadal, lena gcuirfear oiliúint theoiriciúil agus phraiticiúil ar fáil chomh maith le deis idirphlé a dhéanamh chun cur chuige réigiúnach a chomhdhlúthú i réimsí ábhartha na rialuithe ar onnmhairí gnáth-arm.

Áireofar ar na rannpháirtithe sna ceardlanna (suas go dtí 35) oifigigh rialtais de chuid na dtíortha is tairbhithe a chumhdófar. Féadfar cuireadh a thabhairt d’ionadaithe ó na parlaimintí náisiúnta, ón tionsclaíocht agus ón tsochaí shibhialta, i measc ionadaithe eile, i gcás inarb iomchuí.

Is saineolaithe ó riaracháin náisiúnta na mBallstát (lena n‐áirítear iaroifigigh), ionadaithe ó thíortha a d’ailínigh iad féin le Comhsheasamh 2008/944/CBES, agus ionadaithe ón earnáil phríobháideach agus ón tsochaí shibhialta, a thabharfaidh an oiliúint.

Féadfaidh na ceardlanna a bheith ar siúl i dtír is tairbhí nó in áit eile atá le cinneadh ag an Ardionadaí, i gcomhairle le Meitheal na Comhairle um Onnmhairiú Gnáth-Arm (COARM).

Is mar a leanas a eagrófar na ceardlanna réigiúnacha:

(a)

suas le dhá cheardlann do na tíortha in Oirdheisceart na hEorpa;

(b)

suas le dhá cheardlann do thíortha Oirthear na hEorpa agus do thíortha Cugasacha de chuid Bheartas Comharsanachta na hEorpa;

(c)

suas le dhá cheardlann do thíortha Meánmhara na hAfraice Thuaidh de chuid Bheartas Comharsanachta na hEorpa; agus

(d)

suas le dhá cheardlann don Áise Láir.

D’fhonn comhar trasréigiúnach a chothú, tabharfar cuireadh do thíortha comhpháirtíochta ó réigiúin eile freastal ar cheann amháin ar a laghad de na ceardlanna do gach réigiún.

D’fhéadfadh sé nach mbainfí amach an miondealú réigiúnach sin ar dhá cheardlann in aghaidh an réigiúin mura mbíonn na cúinsí fabhracha (mar shampla, má bhíonn líon na rannpháirtithe ró-íseal agus gan súil a bheith leis sin, mura bhfuil aon tairiscint dháiríre ann ó aon tír is tairbhí sa réigiún iad a óstáil, nó má bhíonn dúbailt ann le gníomhaíochtaí eile de chuid soláthraithe for-rochtana eile). Sa chás nach gcuirtear ceardlann amháin nó níos mó chun feidhme, d’fhéadfaí líon na gceardlann don réigiún/do na réigiúin eile thuasluaite a mhéadú dá réir, laistigh den uasteorainn fhoriomlán arb í dhá cheardlann déag.

5.2.2.   Cuairteanna staidéir

Is éard a bheidh sa tionscadal suas le seacht gcuairt staidéir dhá nó trí lá ó oifigigh rialtais ar údaráis ábhartha Bhallstáit an Aontais nó tíortha eile is tairbhithe.

Ba cheart go gcumhdófaí idir dhá thír agus ceithre thír is tairbhithe le cuairteanna staidéir. Ní gá gur as an réigiún céanna a thiocfadh tíortha is tairbhithe na gcuairteanna staidéir.

5.2.3.   Cúnamh aonair agus cianchúnamh do thíortha is tairbhithe

Déanfar an tionscadal i bhfoirm ceardlann nach mairfidh níos faide ná 10 lá san iomlán i gcás tíortha aonair is tairbhithe a iarrann ceann, agus ina mbeidh oifigigh Stáit ó na tíortha is tairbhithe, lena n‐áirítear oifigigh rialtais, ceadúnaithe agus forfheidhmithe, rannpháirteach. Más féidir, beidh na himeachtaí sin ar siúl sna tíortha is tairbhithe faoi seach. Leithdháilfear an 10 lá foriomlána atá ar fáil le formáid de thréimhsí dhá lá an ceann ar a laghad, ag brath ar riachtanais bheachta shaineolaithe na dtíortha is tairbhithe agus na mBallstát, agus ar an bhfáil a bheidh orthu.

Tionólfar na ceardlanna cúnaimh aonair sin go príomha arna iarraidh sin do na tíortha is tairbhithe. Leis na ceardlanna sin, tá sé i gceist aghaidh a thabhairt ar shaincheist shonrach a bhaineann le rialú ar onnmhairiú arm arna tarraingt anuas ag tír is tairbhí, mar shampla, ar imeall ceardlainne réigiúnaí nó le linn teagmhálacha rialta le saineolaithe an Aontais agus le BAFA. Beidh na ceardlanna sin ar fáil chun saincheisteanna agus iarrataí ó na tíortha is tairbhithe a bhaineann le rialú ar onnmhairiú arm a chumhdach, lena n‐áirítear, ach gan a bheith teoranta dóibh, bearta náisiúnta fothaithe acmhainneachta spriocdhírithe, for-rochtain don tionscal agus/nó don lucht acadúil, agus straitéisí náisiúnta oiliúna i réimse an rialaithe ar onnmhairiú arm.

Ina theannta sin, leithdháilfear suas le 20 lá ar thacaíocht aonair a sholáthraítear trí chianchúnamh (e.g. athbhreithnithe dlí; comhairliúchán maidir le cásanna sonracha, lena n‐áirítear tacaíocht chun rátáil theicniúil a dhéanamh ar earra ar leith; etc.).

Cuirfidh saineolaithe ó riaracháin náisiúnta na mBallstát (lena n‐áirítear iaroifigigh), ionadaithe na dtíortha atá tar éis iad féin a ailíniú le Comhsheasamh 2008/944/CBES, agus ionadaithe na hearnála príobháidí a gcuid saineolais ar fáil.

5.2.4.   Fothú acmhainneachta institiúidí agus imeachtaí ardaithe feasachta ardleibhéil

Beidh an tionscadal i bhfoirm suas le trí cheardlann a mhairfidh suas le ceithre lá an ceann agus é d’aidhm ag gach ceann acu tacaíocht a chur ar fáil do thíortha is tairbhithe a bhfuil córais rialaithe ar onnmhairiú arm ardleibhéil acu chun a bhfothú náisiúnta féin a fhorbairt. Áireofar sna bearta a dhéanfar cur chuige “oiliúint don oiliúnóir” a chur i bhfeidhm, ina ndíreofar, i measc nithe eile, ar chur chuige teagascach, ar aistriú eolais agus ar chuimhne institiúideach sa tír is tairbhí. Leis an bhfothú acmhainneachta institiúidí, ba cheart saincheisteanna a chumhdach amhail comhlíonadh inmheánach, bainistiú riosca, agus an trasnú idir laghdú bagairtí hibrideacha agus rialuithe ar onnmhairiú arm.

5.2.5.   Comhdháil le haghaidh tíortha comhpháirtíochta a bhfuil ardchórais rialaithe onnmhairiúcháin acu

Beidh an tionscadal i bhfoirm comhdhála amháin sa Bhruiséil a mhairfidh suas le dhá lá, a chuirfidh fóram ar fáil do phlé ardleibhéil idir saineolaithe an Aontais agus ionadaithe sinsearacha (i réimsí an bheartais, an cheadúnúcháin agus an fhorfheidhmithe) na dtíortha is tairbhithe a bhfuil ardchórais rialaithe onnmhairiúcháin acu.

Tabharfaidh an chomhdháil seo deis do na tíortha rannpháirteacha is tairbhithe:

(a)

faisnéis a fháil faoi na forbairtí is nuaí a bhaineann leis an trádáil arm (e.g. bealaí soláthair reatha, tionchar na nuatheicneolaíochtaí, saincheisteanna a bhaineann leis an mbeartas slándála amhail bagairtí hibrideacha, etc.); agus

(b)

plé a dhéanamh agus tuairimí a mhalartú maidir leis an gcaoi ar féidir athruithe agus feabhsuithe a rinneadh le déanaí ar rialuithe trádála arm a chur chun feidhme mar chuid dá gcóras náisiúnta rialaithe onnmhairiúcháin féin.

5.2.6.   Imeachtaí measúnaithe

Chun meastóireacht agus athbhreithniú a dhéanamh ar thionchar na ngníomhaíochtaí faoin gCinneadh seo, eagrófar dhá imeacht mheasúnaithe (meántéarma agus críochnaitheach) sa Bhruiséil, go hidéalach i gcomhthráth le cruinniú rialta de chuid na Meithle um Onnmhairiú Gnáth-Arm (COARM).

Beidh an t‐imeacht measúnaithe meántéarma i bhfoirm ceardlainne ina mbeidh Ballstáit an Aontais rannpháirteach, agus d’fhéadfadh sé maireachtáil suas le lá amháin.

Imeacht sa Bhruiséil ina mbeidh tíortha is tairbhithe agus Ballstáit an Aontais rannpháirteach a bheidh san imeacht measúnaithe deiridh. Tabharfar cuireadh do suas le beirt ionadaithe (oifigigh iomchuí rialtais) ó gach tír is tairbhí chuig an imeacht measúnaithe deiridh.

6.   Tairbhithe

6.1.   Tíortha a thairbhíonn de ghníomhaíochtaí faoin gcinneadh seo ón gComhairle

Ní bheidh forluí idir raon feidhme na dtairbhithe faoin gcinneadh reatha agus na tairbhithe a chumhdaítear faoin gCinneadh (CBES) 2017/915ón gComhairle chun tacú le ATT.

(a)

Tíortha is iarrthóirí nó tíortha is iarrthóirí ionchasacha (an Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, Poblacht na Macadóine Thuaidh, Montainéagró, an tSeirbia agus an Chosaiv (*));

(b)

Tíortha Oirthear na hEorpa agus tíortha Cugasacha de chuid Bheartas Comharsanachta na hEorpa (an Airméin, an Asarbaiseáin, an Bhealarúis, an tSeoirsia, Poblacht na Moldóive agus an Úcráin);

(c)

Tíortha na hAfraice Thuaidh, na Meánmhara agus an Deiscirt de chuid Bheartas Comharsanachta na hEorpa (an Ailgéir, an Éigipt, Maracó, an Túinéis, an Iordáin agus an Liobáin);

(d)

Tíortha na hÁise Láir (an Chasacstáin, an Táidsíceastáin, an Úisbéiceastáin, an Chirgeastáin, an Tuircméanastáin).

6.2.   Leasú ar raon feidhme na dtíortha is tairbhithe

Féadfaidh COARM, tar éis dul i gcomhairle leis an sásra comhordúcháin a luaitear i Roinn 3, a chinneadh tíortha a chur le liosta na dtairbhithe, ar choinníoll nach tairbhithe iad faoi Chinneadh (CBES) 2017/915 chun tacú le CTA. I gcásanna eisceachtúla, nuair a mheastar go bhfuil fiúntas leis, féadfaidh leis an sásra comhordaithe a chomhaontú dul i dteagmháil leis na tairbhithe a chumhdaítear le Cinneadh (CBES) 2017/915 chun tacú le CTA. Ba cheart modhnuithe a chur in iúl ar bhealach foirmiúil idir an BAFA agus an Aontais trí Chathaoirleach COARM.

7.   Torthaí an tionscadail agus táscairí cur chun feidhme

I dteannta an imeachta measúnaithe deiridh dá dtagraítear i bhforoinn 5.2.6, cuirfear an méid seo a leanas san áireamh sa mheasúnú ar thorthaí an tionscadail:

7.1.   Measúnú aonair ar thíortha is tairbhithe

Tar éis dheireadh na ngníomhaíochtaí atá beartaithe, cuirfidh BAFA tuarascáil ar dhul chun cinn ar fáil don tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí agus don Choimisiún maidir le gach ceann de na tíortha is tairbhithe dá dtagraítear i bhforoinn 6.1. Leis an tuarascáil, déanfar na gníomhaíochtaí a rinneadh sa tír is tairbhí le linn thréimhse an Chinnidh a achoimriú, agus déanfar measúnú agus cur síos ar acmhainneacht na tíre is tairbhí i réimse na rialuithe aistrithe arm bunaithe ar fhaisnéis atá ar fáil do BAFA. Is é an bonn measúnaithe a bheidh ann an chaoi a gcuireann an tír is tairbhí ionstraimí rialaithe i bhfeidhm mar atá leagtha síos i gComhsheasamh 2008/944/CBES, a mhéid is nach bhfuil feidhm acu seo maidir le Ballstáit amháin.

7.2.   Measúnú tionchair agus táscairí cur chun feidhme

Ba cheart tionchar na ngníomhaíochtaí dá bhforáiltear leis an gCinneadh sin ar na tíortha is tairbhithe a mheasúnú tar éis na gníomhaíochtaí a bheith déanta. Is é an tArdionadaí, i gcomhar le COARM agus, mar is iomchuí, le Toscaireachtaí an Aontais sna tíortha is tairbhithe, agus le geallsealbhóirí ábhartha eile, a dhéanfaidh an measúnú tionchair.

Chun na críche sin, úsáidfear na táscairí seo a leanas:

an bhfuil rialacháin ábhartha náisiúnta maidir le rialuithe ar aistriú arm i bhfeidhm agus an gcomhlíonann siad forálacha Chomhsheasamh 2008/944/CBES (inter alia, cur i bhfeidhm na gcritéar measúnaithe, cur chun feidhme liosta comhchoiteann míleata an Aontais, tuairisciú),

i gcás ina mbeidh sí ar fáil, faisnéis maidir le cásanna forfheidhmithe,

an bhfuil na tíortha is tairbhithe in ann onnmhairiú arm agus/nó allmhairiú a thuairisciú (e.g. Clár na Náisiún Aontaithe, tuairisciú bliantúil ATT, Socrú Wassenaar, an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip, tuarascálacha chuig parlaimintí náisiúnta), agus

an bhfuil ailíniú déanta ag an tír is tairbhí le Comhsheasamh 2008/944/CBES, nó an bhfuil sé ar intinn aici ailíniú go hoifigiúil leis.

Ba cheart go dtagródh na tuarascálacha measúnaithe aonair dá dtagraítear i bhforoinn 7.1 do na táscairí cur chun feidhme sin mar is iomchuí.

8.   Úsáid thairseach gréasáin P2P an Aontais a chur chun cinn (1)

Is mar acmhainn atá faoi úinéireacht an Aontais a forbraíodh tairseach gréasáin P2P AE dá bhforáiltear i gCinneadh 2012/711/CBES. Is mar chomhardán do chláir fhor-rochtana uile an Aontais (dé-úsáid, airm) a fheidhmíonn sé. Is chun feasacht a ardú maidir le tairseach gréasáin for-rochtana an Aontais agus a húsáid a chur chun cinn atá na gníomhaíochtaí atá liostaithe i bhforanna 5.2.1 go 5.2.6. Ba cheart rannpháirtithe i ngníomhaíochtaí for-rochtana a chur ar an eolas maidir leis an gcuid phríobháideach den tairseach gréasáin lena dtugtar rochtain bhuan ar acmhainní, ar dhoiciméid agus ar theagmhálacha. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart úsáid na tairsí gréasáin a chur chun cinn d’oifigigh eile nach bhfuil in ann páirt dhíreach a ghlacadh i ngníomhaíochtaí cúnaimh agus for-rochtana. Ina theannta sin, ba cheart gníomhaíochtaí a chur chun cinn trí Nuachtlitir P2P an Aontais.

9.   Infheictheacht an Aontais

Déanfaidh BAFA gach beart is iomchuí chun a phoibliú go bhfuil an ghníomhaíocht á maoiniú ag an Aontas. Cuirfear na bearta sin chun feidhme i gcomhréir leis an lámhleabhar um ghníomhaíochtaí cumarsáide agus infheictheachta le haghaidh gníomhaíochtaí seachtracha an Aontais arna fhoilsiú ag an gCoimisiún Eorpach. Dá bhrí sin, áiritheoidh BAFA infheictheacht rannchuidiú an Aontais le brandáil agus le poiblíocht iomchuí, agus l béim á leagan ar ról an Aontais agus feasacht ar na cúiseanna atá leis an gCinneadh á mhéadú, chomh maith le tacaíocht an Aontais don Chinneadh agus torthaí na tacaíochta sin. Beidh bratach an Aontais ar taispeáint go feiceálach ar an ábhar a tháirgeann an tionscadal i gcomhréir le treoirlínte ábhartha an Aontais, lena n‐áirítear an lógó “clár rialaithe onnmhairiúcháin P2P an Aontais”. Ba cheart do Thoscaireachtaí an Aontais a bheith rannpháirteach in imeachtaí i dtríú tíortha chun feabhas a chur ar an obair leantach pholaitiúil agus ar an infheictheacht.

Ós rud é go bhfuil éagsúlacht mhór idir raon feidhme agus chineál na ngníomhaíochtaí atá beartaithe, úsáidfear réimse uirlisí fógraíochta, lena n‐áirítear na meáin thraidisiúnta, suíomh gréasáin, na meáin shóisialta, agus ábhair faisnéise agus fógraíochta (lena n‐áirítear grafaicí faisnéise, bileoga, nuachtlitreacha, preaseisiúintí agus nithe eile de réir mar is iomchuí). Déanfar foilseacháin agus imeachtaí poiblí, arna soláthar faoin tionscadal, a bhrandáil dá réir sin.

10.   Fad ama

Meastar gur 24 mhí a bheidh i ré iomlán an tionscadail.

11.   Tuairisciú

Ullmhóidh an t‐eintiteas cur chun feidhme tuarascálacha ráithiúla rialta ina mbeidh cur síos achomair ar dhul chun cinn an tionscadail, chomh maith le tuarascálacha misin tar éis gach gníomhaíocht a chur i gcrích. Cuirfear na tuarascálacha faoi bhráid an Ardionadaí tráth nach déanaí ná sé seachtaine tar éis na gníomhaíochtaí ábhartha a chur i gcrích.

12.   Costas iomlán measta an tionscadail agus ranníocaíocht airgeadais an Aontais

Is é EUR 1 538 292,73 costas measta iomlán an tionscadail le cómhaoiniú ó Rialtas Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine. Is é EUR 1 377 542,73 costas measta iomlán an tionscadail atá maoinithe ag an Aontas.


(*)  Ní dochar an t‐ainmniú seo do sheasaimh ar stádas, agus tá sé ag teacht le Rún 1244/1999 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus le tuairim na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.

(1)  https://ec.europa.eu/jrc/en/research-topic/chemical-biological-radiological-and-nuclear-hazards/eu-p2p-outreach-programmes-export-control agus https://circabc.europa.eu/


13.10.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 335/13


CINNEADH (CBES) 2020/1465 ÓN gCOMHAIRLE

an 12 Deireadh Fómhair 2020

maidir le gníomhaíocht ón Aontas Eorpach chun tacú le Sásra Cigireachta agus Fíoraithe na Náisiún Aontaithe in Éimin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 28(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 18 Meán Fómhair 2018, bunaithe ar iarraidh ó Shásra Cigireachta agus Fíoraithe na Náisiún Aontaithe (NA) (UNVIM), ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2018/1249 (1) maidir le gníomhaíocht ón Aontas Eorpach chun tacú le UNVIM. Cuireadh cur chun feidhme teicniúil Chinneadh (CBES) 2018/1249 ar iontaoibh Oifig NA um Sheirbhísí Tionscadail (UNOPS) agus beartaíodh leis go gcuirfí ar chumas UNVIM leanúint dá chúraimí a chomhlíonadh i ndáil le faireachán agus cigireacht i gcomhréir le Rún 2216 (2015) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (CSNA).

(2)

An 13 Nollaig 2018, shínigh na páirtithe sa choinbhleacht in Éimin Comhaontú Stócólm, ar formhuiníodh a chuid forálacha le Rúin 2451 (2018) agus 2452 (2019) ó CSNA. Tugadh ról ceannasach do UNVIM maidir le tacú le Corparáid Chalafoirt Mhara Éimin i ndáil le calafoirt Hodeidah, Saleef agus Ras Issa a bhainistiú, agus maidir le cigireachtaí a dhéanamh ar na calafoirt sin.

(3)

An 18 Feabhra 2019, ghlac an Chomhairle conclúidí inar dúradh gur díol sásaimh di gur glacadh Comhaontú Stócólm agus gur glacadh d’aon ghuth Rúin 2451 (2018) agus 2452 (2019) ó CSNA. D’iarr an Chomhairle an athuair ar na páirtithe uile seachadadh soláthairtí tráchtála a éascú, lena n‐áirítear breosla, agus mheabhraigh sí gur den ríthábhacht é feidhmiú chalafort Hodeidah taobh le calafort Saleef agus calafort Ras Issa chun go mairfidh na milliúin Éimeanach. D’athdhearbhaigh an Chomhairle go dtacaíonn sí le UNVIM d’fhonn a áirithiú go leanfaidh an sreabhadh earraí tráchtála isteach go dtí Éimin agus lánurraim á tabhairt do na rúin ábhartha uile ó CSNA.

(4)

Bunaithe ar iarraidh ó UNVIM, an 4 Deireadh Fómhair 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2019/1672 (2) agus d’athnuaigh sí an tacaíocht ón Aontas do UNIVIM.

(5)

Le Rúin 2505 (2020) agus 2534 (2020) ó CNSA, cuireadh síneadh le sainordú Mhisean NA chun tacú le Comhaontú Hodeidah (UNMHA) chun tacú le cur chun feidhme an chomhaontaithe maidir le Cathair Hodeidah agus le calafoirt Hodeidah, Saleef agus Ras Issa mar a leagtar amach i gComhaontú Stócólm.

(6)

An 15 Iúil 2020, d’iarr UNVIM tuilleadh tacaíochta ar an Aontas.

(7)

Ba cheart don Aontas a thacaíocht do UNVIM chun a shainordú a chur chun feidhme a athnuachan,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Déanfaidh an tAontas a thacaíocht do UNVIM a athnuachan chun a shainordú a chur chun feidhme mar a leagtar amach i Rúin ábhartha ó CSNA, go háirithe Rúin 2216 (2015) agus 2451 (2018) ó CSNA. Beidh sé de chuspóirí foriomlána ag an tacaíocht sin rannchuidiú leis an saorshreabhadh earraí tráchtála gan bhac chuig Éimin a athbhunú, trí phróiseas imréitigh trédhearcach éifeachtach a chur ar fáil i gcás lastais tráchtála arb é calafoirt in Éimin nach bhfuil faoi rialú Rialtas Éimin a gceann scríbe, agus ról UNVIM i gcur chun feidhme fhorálacha Chomhaontú Stócólm a fheabhsú.

2.   Is iad seo a leanas cuspóirí sonracha an tionscadail seo:

an sreabhadh lasta tráchtála chuig Éimin a mhéadú trí thuilleadh dlúis a chur leis an bpróiseas imréitigh do lastais tráchtála agus muinín cuideachtaí loingseoireachta a chur chun cinn a mhéid a bhaineann le hinrochtaineacht chalafoirt Hodeidah, Saleef agus Ras Issa don loingseoireacht tráchtála,

feabhas a chur ar chumas UNVIM imscaradh i gcalafoirt Hodeidah, Saleef agus Ras Issa mar a leagtar amach i gComhaontú Stócólm agus sna Rúin ábhartha ó CSNA.

3.   Tabharfaidh an tAontas tacaíocht d’Oifig Thoscaire Speisialta Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe le haghaidh Éimin agus do UNMHA, i dtaca le UNVIM a imscaradh i gcalafoirt Hodeidah, Saleef agus Ras Issa. Chun na críche sin, rannchuideoidh an tAontas leis na costais a bhaineann le UNVIM a atreisiú, agus ar an gcaoi sin cuideoidh sé le freagairt do riachtanais mhuintir Éimin mar chuid de straitéis dhaonnúil níos leithne.

Leagtar amach cur síos ar an tionscadal san Iarscríbhinn.

Airteagal 2

1.   Beidh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (“an tArdionadaí”) freagrach as an gCinneadh seo a chur chun feidhme.

2.   Cuirfear cur chun feidhme teicniúil na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1 de chúram ar UNOPS. Is faoi fhreagracht an Ardrúnaí a chuirfidh sé an cúram sin i gcrích. Chun na críche sin, rachaidh an tArdionadaí i mbun na socruithe is gá le UNOPS.

Airteagal 3

1.   Is é EUR 2 059 838 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais le haghaidh chur chun feidhme an tionscadail dá dtagraítear in Airteagal 1.

2.   Déanfar an caiteachas a mhaoineofar leis an méid a leagtar amach i mír 1 a bhainistiú i gcomhréir leis na nósanna imeachta agus na rialacha is infheidhme maidir le buiséad an Aontais.

3.   Déanfaidh an Coimisiún maoirseacht ar dhea-bhainistiú an chaiteachais a mhaoineofar leis an méid a leagtar amach i mír 1. Chuige sin, tabharfaidh sé comhaontú ranníocaíochta i gcrích le UNOPS. Leagfar síos sa chomhaontú ranníocaíochta go bhfuil UNOPS chun infheictheacht ranníocaíocht an Aontais a áirithiú.

4.   Féachfaidh an Coimisiún leis an gcomhaontú ranníocaíochta dá dtagraítear i mír 3 a thabhairt i gcrích a luaithe is féidir tar éis ghlacadh an Chinnidh seo. Cuirfidh sé an Chomhairle ar an eolas maidir le haon deacrachtaí sa phróiseas sin agus maidir leis an dáta a dtabharfar an comhaontú ranníocaíochta sin chun críche.

Airteagal 4

1.   Tuairisceoidh an tArdionadaí don Chomhairle maidir le cur chun feidhme an Chinnidh seo ar bhonn tuarascálacha tráthrialta arna n‐ullmhú ag UNVIM, lena n‐áirítear tuarascálacha ar chruinnithe míosúla Choiste Stiúrtha UNVIM. Beidh na tuarascálacha sin mar bhonn don mheastóireacht a dhéanfaidh an Chomhairle.

2.   Tabharfaidh an Coimisiún faisnéis don Chomhairle faoi na gnéithe airgeadais de chur chun feidhme an tionscadail dá dtagraítear in Airteagal 1.

Airteagal 5

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Beidh feidhm ag an gCinneadh seo ón 1 Deireadh Fómhair 2020.

Rachaidh an Cinneadh seo in éag 12 mhí tar éis an dáta a dtabharfar an comhaontú ranníocaíochta idir an Coimisiún agus UNOPS dá dtagraítear in Airteagal 3(3) i gcrích.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, 12 Deireadh Fómhair 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Cinneadh ón gComhairle (CBES) 2018/1249 an 18 Meán Fómhair 2018 maidir le gníomhaíocht ón Aontas Eorpach chun tacú le Sásra Cigireachta agus Fíoraithe na Náisiún Aontaithe in Éimin (IO L 235, 19.9.2018, lch. 14).

(2)  Cinneadh ón gComhairle (CBES) 2019/1672 an 4 Deireadh Fómhair 2019 maidir le gníomhaíocht ón Aontas Eorpach chun tacú le Sásra Cigireachta agus Fíoraithe na Náisiún Aontaithe in Éimin (IO L 256, 7.10.2019, lch. 10).


IARSCRÍBHINN

Is é is aidhm do thacaíocht an Aontais tacú le UNVIM trína phearsanra a chistiú mar a leanas:

baill foirne atá le himscaradh chuig Hodeidah: oifigeach comhordúcháin amháin, comhairleoir slándála allamuigh amháin, beirt fhaireoir, beirt oifigeach idirchaidrimh, cúntóir prótacail agus oibríochtaí amháin, cúntóir slándála áitiúla amháin agus cúntóir riaracháin amháin;

faireoir amháin atá le himscaradh chuig Saleef agus faireoir amháin chuig Ras Issa;

oibritheoir scanacháin amháin.

Ina theannta sin, cisteofar an fhoireann tacaíochta riaracháin is gá chun gníomhaíocht an Aontais a chur chun feidhme chun tacú le UNVIM (oifigeach airgeadais amháin, oifigeach soláthair amháin agus oifigeach acmhainní daonna amháin) freisin.

Earcóidh UNOPS an phearsanra agus an fhoireann dá dtagraítear san Iarscríbhinn seo i gcomhréir le rialacha agus nósanna imeachta earcaíochta UNOPS. Cuirfidh UNOPS SEGS ar an eolas roimh ré faoi aon phoist a bheidh á n‐oscailt.


13.10.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 335/16


CINNEADH (CBES) 2020/1466 ÓN gCOMHAIRLE

an 12 Deireadh Fómhair 2020

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/1544 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne leathadh agus úsáid arm ceimiceach

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 15 Deireadh Fómhair 2018, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2018/1544 (1) a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne leathadh agus úsáid arm ceimiceach.

(2)

Tá feidhm ag Cinneadh (CBES) 2018/1544 go dtí an 16 Deireadh Fómhair 2020. Ar bhonn athbhreithniú ar an gCinneadh sin, ba cheart síneadh a chur go dtí an 16 Deireadh Fómhair 2021 leis na bearta sriantacha a leagtar amach ann agus nuashonrú a dhéanamh ar iontráil amháin atá ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n‐eintiteas agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2 agus Airteagal 3, a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh sin.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh (CBES) 2018/1544 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/1544 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8:

Airteagal 8

Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 16 Deireadh Fómhair 2021. Coimeádfar an Cinneadh seo faoi athbhreithniú go leanúnach. Déanfar é a athnuachan, nó a leasú de réir mar is iomchuí, má mheasann an Chomhairle nár comhlíonadh a chuspóirí.”;

(2)

leasaítear an Iarscríbhinn mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 12 Deireadh Fómhair 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Cinneadh (CBES) 2018/1544 an 15 Deireadh Fómhair 2018 a bhaineann le bearta sriantacha in aghaidh leathadh agus úsáid arm ceimiceach (IO L 259, 16.10.2018, lch. 25).


IARSCRÍBHINN

Cuirfear an iontráil seo a leanas in ionad iontráil Uimh. 5 i liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n‐eintiteas agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 2 agus 3 faoin bhfocheannteideal “A. Daoine nádúrtha” mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2018/1544:

Ainm

Faisnéis sainaitheantais

Na forais atá leis an ainmniú

Dáta na liostála

“5. Said SAID

dá ngairtear freisin: Saeed, Sa’id Sa’id,

Image 2

Teideal: Dochtúir, ball de Institute 3000 (dá ngairtear freisin Institute 6000) SSRC;

Inscne: fireann;

Dáta breithe: 11 Nollaig 1955

Pearsa shuntasach é Said Said in Institute 3000 dá ngairtear freisin Institute 6000, an rannán den Ionad Staidéir Eolaíochta agus Taighde (SSRC) atá freagrach as airm cheimiceacha na Siria a fhorbairt agus a tháirgeadh.

21.1.2019”.


13.10.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 335/18


CINNEADH (CBES) 2020/1467 ÓN gCOMHAIRLE

an 12 Deireadh Fómhair 2020

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2019/1720 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Nicearagua

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 14 Deireadh Fómhair 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2019/1720 (1) a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Nicearagua.

(2)

Tá feidhm ag Cinneadh (CBES) 2019/1720 go dtí an 15 Deireadh Fómhair 2020. Ar bhonn athbhreithniú ar an gCinneadh sin, ba cheart síneadh a chur leis na bearta sriantacha a leagtar amach ann go dtí an 15 Deireadh Fómhair 2021.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2019/1720 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9 de Chinneadh (CBES) 2019/1720:

Airteagal 9

Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 15 Deireadh Fómhair 2021 agus coimeádfar faoi athbhreithniú é go leanúnach. Déanfar é a athnuachan, nó a leasú de réir mar is iomchuí, má mheasann an Chomhairle nár comhlíonadh a chuspóirí.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 12 Deireadh Fómhair 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Cinneadh (CBES) 2019/1720 an 14 Deireadh Fómhair 2019 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Nicearagua (IO L 262, 15.10.2019, lch. 58).


13.10.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 335/19


CINNEADH (AE) 2020/1468 ÓN gCOMHAIRLE

a glacadh de chomhthoil le hUachtarán an Choimisiúin

an 12 Deireadh Fómhair 2020

lena gceaptar Comhalta den Choimisiún Eorpach

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an dara mír d’Airteagal 246 de,

Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 28 Samhain 2019, ghlac an Chomhairle Eorpach Cinneadh (AE) 2019/1989 (2) lena gceaptar an Coimisiún Eorpach don tréimhse go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2024.

(2)

I litir dar dáta an 27 Lúnasa 2020, chuir Ursula VON DER LEYEN, Uachtarán an Choimisiúin, in iúl don Chomhairle go raibh Phil HOGAN tar éis éirí as a phost mar Chomhalta den Choimisiún.

(3)

I gcomhréir leis an dara mír d’Airteagal 246 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, déanfar folúntas a tharlóidh de bharr éirí as oifig a líonadh ar feadh a bhfuil fágtha de théarma oifige an Chomhalta le Comhalta nua den náisiúntacht chéanna.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Comhalta nua den Choimisiún a cheapadh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

De chomhthoil le hUrsula VON DER LEYEN, Uachtarán an Choimisiúin, ceapann an Chomhairle Mairead MCGUINNESS mar Chomhalta den Choimisiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige, a leanfaidh go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2024.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Luxembourg, 12 Deireadh Fómhair 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Tuairim an 7 Deireadh Fómhair 2020 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Cinneadh (AE) 2019/1989 ón gComhairle Eorpach an 28 Samhain 2019 lena gceaptar an Coimisiún Eorpach (IO L 308, 29.11.2019, lch. 100).


Ceartúcháin

13.10.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 335/20


Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2019/630 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a mhéid a bhaineann le cumhdach caillteanais íosta le haghaidh risíochtaí neamhthuillmheacha

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 111 an 25 Aibreán 2019 )

(Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L Eagrán Speisialta Gaeilge an 25 Aibreán 2019)

Ar leathanach 8, in Airteagal 1(2), sa dara fomhír den Airteagal 47a(6) nua, sa chuid réamhráiteach:

in ionad:

“Ní mheasfar gur dócha go ndéanfar aisíocaíocht iomlán thráthúil i gcás ina ndéanann an t‐oibleagáideoir íocaíochtaí rialta tráthúla atá cothrom le ceann amháin díobh seo a leanas:”,

léitear:

“Féadfar a mheas gur dócha go ndéanfar aisíocaíocht iomlán thráthúil i gcás ina ndéanann an t‐oibleagáideoir íocaíochtaí rialta tráthúla atá cothrom le ceann amháin díobh seo a leanas:”.