ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 308

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

Imleabhar 63
22 Meán Fómhair 2020


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) 2020/1311 ón gComhairle an 21 Meán Fómhair 2020 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 224/2014 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht na hAfraice Láir

1

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (CBES) 2020/1312 ón gComhairle an 21 Meán Fómhair 2020 lena leasaítear Cinneadh 2013/798/CBES maidir le bearta sriantacha i gcoinne Phoblacht na hAfraice Láir

3

 

*

Cinneadh (CBES) 2020/1313 ón gComhairle an 21 Meán Fómhair 2020 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2020/489 lena gceaptar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh don Idirphlé idir Béalgrád agus Pristine agus do shaincheisteanna réigiúnacha eile de chuid na mBalcán Thiar

4

GA

Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo.

Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu.


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

22.9.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 308/1


RIALACHÁN (AE) 2020/1311 ÓN GCOMHAIRLE

an 21 Meán Fómhair 2020

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 224/2014 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht na hAfraice Láir

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,

Ag féachaint do Chinneadh 2013/798/CBES ón gComhairle an 23 Nollaig 2013 maidir le bearta sriantacha i gcoinne Phoblacht na hAfraice Láir (1),

Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 10 Márta 2014, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 224/2014 (2) ar mhaithe le feidhm a thabhairt do bhearta áirithe dá bhforáiltear i gCinneadh 2013/798/CBES.

(2)

An 28 Iúil 2020, ghlac Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (CSNA) Rún 2536 (2020). Leis an Rún sin leathnaítear na díolúintí chun an trádbhac arm a chumhdach.

(3)

An 21 Meán Fómhair 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2020/1312 (3), lena leasaítear Cinneadh 2013/798/CBES i gcomhréir le Rún 2536 (2020).

(4)

Cinn áirithe de na leasuithe seo, tagann siad faoi raon feidhme an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus, dá bhrí sin, is gá gníomhaíocht rialála ar leibhéal an Aontais chun iad a chur chun feidhme i dteannta coigeartuithe teicniúla i bhfianaise Rúin CSNA a glacadh cheana, go háirithe d’fhonn a áirithiú go gcuirfidh oibreoirí eacnamaíocha iad i bhfeidhm go haonfhoirmeach i ngach Ballstát.

(5)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 224/2014 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 224/2014, cuirtear na pointí seo a leanas leis:

“(e)

maidir le hairm a bhfuil calabra 14,5 mm acu nó níos lú, armlón agus comhpháirteanna atá saindeartha do na hairm sin, agus le feithiclí míleata is feithiclí talún neamharmtha agus feithiclí míleata is feithiclí talún agus airm feistithe orthu, airm a bhfuil calabra 14,5 mm acu nó níos lú, agus a bpáirteanna spártha, agus le gránáidí roicéadtiomána, agus armlón atá saindeartha do na hairm sin, d’fhórsaí slándála Phoblacht na hAfraice Láir, lena n‐áirítear institiúidí stáit um fhorfheidhmiú an dlí shibhialta, i gcás inarb é is rún le hairm, armlón, comhpháirteanna agus feithiclí den chineál sin, iad a úsáid i bpróiseas athchóirithe na hearnála slándála i bPoblacht na hAfraice Láir nó chun tacú leis, agus sin amháin, ar choinníoll go dtugtar fógra don Coiste Smachtbhannaí ar a laghad 20 lá roimh ré maidir leis an gcúnamh nó na seirbhísí sin a sholáthar;

(f)

maidir le hairm agus trealamh marfach gaolmhar eile nach liostaítear i bpointe (e) d’Airteagal 3, d’fhórsaí slándála Phoblacht na hAfraice Láir, lena n‐áirítear institiúidí stáit um fhorfheidhmiú an dlí shibhialta, i gcás inarb é is rún le hairm, armlón, comhpháirteanna agus feithiclí den chineál sin, iad a úsáid i bpróiseas athchóirithe na hearnála slándála i bPoblacht na hAfraice Láir nó chun tacú leis, agus sin amháin, de réir mar a fhormheasann an Coiste Smachtbhannaí roimh ré.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 21 Meán Fómhair 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)   IO L 352, 24.12.2013, lch. 51.

(2)  Rialachán (AE) ón gComhairle Uimh. 224/2014 an 10 Márta 2014 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht na hAfraice Láir (IO L 70, 11.3.2014, lch. 1).

(3)  Cinneadh (CBES) 2020/1312 ón gComhairle an 21 Meán Fómhair lena leasaítear Cinneadh 2013/798/CBES maidir le bearta sriantacha i gcoinne Phoblacht na hAfraice Láir (féach leathanach 3 den Iris Oifigiúil seo).


CINNTÍ

22.9.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 308/3


CINNEADH (CBES) 2020/1312 ÓN GCOMHAIRLE

an 21 Meán Fómhair 2020

lena leasaítear Cinneadh 2013/798/CBES maidir le bearta sriantacha i gcoinne Phoblacht na hAfraice Láir

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 23 Nollaig 2013, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2013/798/CBES (1), maidir le bearta sriantacha i gcoinne Phoblacht na hAfraice Láir.

(2)

An 28 Iúil 2020, ghlac Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe Rún 2536 (2020), lena leathnaítear na díolúintí ón trádbhac arm.

(3)

Tá gá le gníomhaíocht bhreise ón Aontas chun bearta áirithe a chur chun feidhme.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2013/798/CBES a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 2(1) de Chinneadh 2013/798/CBES, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (g) agus (h):

“(g)

airm ag a bhfuil calabra 14,5 mm nó níos lú agus armlón agus comhpháirteanna atá saindeartha do na hairm sin, agus feithiclí míleata talún neamharmtha agus feithiclí míleata talún a bhfuil airm feistithe orthu ag a bhfuil calabra 14,5 mm nó níos lú, agus a bpáirteanna spártha, agus gránáidí roicéadtiomána, agus armlón atá saindeartha do na hairm sin, a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, agus cúnamh gaolmhar a thabhairt, d’fhórsaí slándála Phoblacht na hAfraice Láir, lena n‐áirítear institiúidí sibhialta forfheidhmithe dlí an stáit, i gcás ina mbeidh na hairm, an t‐armlón, na comhpháirteanna agus na feithiclí sin beartaithe go heisiach lena n‐úsáid i bpróiseas athchóirithe earnáil slándála Phoblacht na hAfraice Láir nó chun tacú leis an bpróiseas sin, faoi mar a cuireadh in iúl roimh ré don Choiste;

(h)

airm nó trealamh marfach gaolmhar eile nach liostaítear i bpointe (g) d’Airteagal 2(1) a dhíol, a sholáthar, a onnmhairiú, agus cúnamh gaolmhar a thabhairt, d’fhórsaí slándála Phoblacht na hAfraice Láir, lena n‐áirítear institiúidí sibhialta forfheidhmithe dlí an stáit, i gcás ina mbeidh na hairm agus an trealamh sin beartaithe go heisiach lena n‐úsáid i bpróiseas athchóirithe earnáil slándála Phoblacht na hAfraice Láir nó chun tacú leis an bpróiseas sin, faoi mar a d’fhormheas an Coiste roimh ré; nó”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 21 Meán Fómhair 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Cinneadh 2013/798/CBES ón gComhairle an 23 Nollaig 2013 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Phoblacht na hAfraice Láir (IO L 352, 24.12.2013, lch. 51).


22.9.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 308/4


CINNEADH (CBES) 2020/1313 ÓN gCOMHAIRLE

an 21 Meán Fómhair 2020

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2020/489 lena gceaptar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh don Idirphlé idir Béalgrád agus Pristine agus do shaincheisteanna réigiúnacha eile de chuid na mBalcán Thiar

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 33 agus Airteagal 31(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 2 Aibreán 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2020/489 (1), lena gceaptar Miroslav LAJČÁK mar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh don Idirphlé idir Béalgrád agus Pristine agus do shaincheisteanna réigiúnacha eile de chuid na mBalcán Thiar (“ISAE”). Tá sainordú ISAE le dul in éag an 31 Márta 2021.

(2)

Tar éis an tIdirphlé idir Béalgrád agus Pristine a athsheoladh i mí Iúil 2020, ba cheart foireann bhreise a earcú d'fhoireann ISAE. Ba cheart, dá bhrí sin, an méid tagartha airgeadais a oiriúnú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh (CBES) 2020/489 mar a leanas:

Cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad Airteagal 5(1):

“1.   Is é EUR 1 350 000 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais a bheartaítear chun an caiteachas a bhaineann le sainordú ISAE don tréimhse ón 2 Aibreán 2020 go dtí an 31 Márta 2021 a chumhdach.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 21 Meán Fómhair 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Cinneadh (CBES) 2020/489 an 2 Aibreán 2020 lena gceaptar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh don Idirphlé idir Béalgrád agus Pristine agus do shaincheisteanna réigiúnacha eile de chuid na mBalcán Thiar (IO L 105, 3.4.2020, lch. 3).