|
ISSN 1977-0839 |
||
|
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 265 |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Reachtaíocht |
Imleabhar 63 |
|
Clár |
|
II Gníomhartha neamhreachtacha |
Leathanach |
|
|
|
CINNTÍ |
|
|
|
* |
|
GA |
Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo. Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu. |
II Gníomhartha neamhreachtacha
CINNTÍ
|
12.8.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 265/1 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2020/1188 ÓN gCOMHAIRLE
an 6 Lúnasa 2020
maidir le seoladh malartú uathoibrithe sonraí i ndáil le sonraí dachtalascópacha sa Ríocht Aontaithe
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Chinneadh 2008/615/CGB ón gComhairle an 23 Meitheamh 2008 maidir le dlús a chur le comhar trasteorann, go háirithe chun an sceimhlitheoireacht agus an choireacht trasteorann a chomhrac (1), agus go háirithe Airteagal 33 de,
Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa (2),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I gcomhréir le hAirteagal 25(2) de Chinneadh 2008/615/CGB, ní féidir leis an soláthar sonraí pearsanta dá bhforáiltear faoin gCinneadh sin tarlú go dtí go mbeidh na forálacha ginearálta maidir le cosaint sonraí atá i gCaibidil 6 den Chinneadh sin curtha chun feidhme sa dlí náisiúnta ar chríocha na mBallstát a mbeidh baint acu leis an soláthar sin. |
|
(2) |
Foráiltear le hAirteagal 20 de Chinneadh 2008/616/CGB ón gComhairle (3) gur ar bhonn tuarascáil mheastóireachta arna bunú ar cheistneoir, cuairt mheastóireachta agus triail phíolótach atá comhlíonadh an choinníll dá dtagraítear in aithris 1 maidir le malartú uathoibrithe sonraí i gcomhréir le Caibidil 2 de Chinneadh 2008/615/CGB le fíorú. |
|
(3) |
I gcomhréir le pointe 1.1 de Chaibidil 4 den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2008/616/CGB, baineann an ceistneoir a dhréachtaigh an Mheitheal ábhartha de chuid na Comhairle le gach ceann de na malartuithe uathoibrithe sonraí agus tá sé le freagairt ag Ballstát a luaithe is dóigh leis go bhfuil na réamhriachtanais le haghaidh sonraí a chomhroinnt sa chatagóir sonraí ábhartha á gcomhlíonadh aige. |
|
(4) |
Tá an ceistneoir maidir le cosaint sonraí agus an ceistneoir maidir le malartú sonraí dachtalascópacha comhlánaithe ag an Ríocht Aontaithe. |
|
(5) |
Chuir an Ríocht Aontaithe, i bpáirt leis an nGearmáin, triail phíolótach rathúil i gcrích. |
|
(6) |
Tugadh cuairt mheastóireachta ar an Ríocht Aontaithe, agus rinne foireann meastóireachta na Gearmáine tuarascáil ar an gcuairt mheastóireachta agus chuir sí ar aghaidh í chuig an Meitheal ábhartha de chuid na Comhairle. |
|
(7) |
Tíolacadh tuarascáil fhoriomlán mheastóireachta, ina ndéantar achoimre ar thorthaí an cheistneora, na cuairte meastóireachta agus na trialach píolótaí maidir le malartú sonraí dachtalascópacha, don Chomhairle. |
|
(8) |
An 2 Nollaig 2019, tháinig an Chomhairle ar an tátal, tar éis di comhaontú na mBallstát uile atá faoi cheangal ag Cinneadh 2008/615/CGB a thabhairt dá haire, go bhfuil na forálacha ginearálta maidir le cosaint sonraí, a leagtar amach i gCaibidil 6 de Chinneadh 2008/615/CGB, curtha chun feidhme ina n‐iomláine ag an Ríocht Aontaithe. Anuas air sin, d’iarr an Chomhairle go ndéanfadh an Ríocht Aontaithe, faoin 15 Meitheamh 2020, athbhreithniú ar an mbeartas atá aici maidir le próifílí na n‐amhrastach a eisiamh ó mhalartú uathoibrithe sonraí dachtalascópacha, i bhfianaise na taithí oibríochtúla maidir le malartú sonraí dachtalascópacha agus mutatis mutandis i bhfianaise na míniúchán maidir le malartú sonraí DNA atá sa tuarascáil a rinneadh ar an gcuairt mheastóireachta. |
|
(9) |
Le litreacha dar dáta an 15 agus 19 Meitheamh 2020, thug an Ríocht Aontaithe fógra don Aontas Eorpach gur chinn Rialtas na tíre sin próifílí na n‐amhrastach a áireamh sna malartuithe uathoibrithe sonraí bithmhéadracha (DNA, agus de réir mar is iomchuí, méarloirg) faoi chuimsiú thacar sonraí inroinnte Prüm agus chuir sí in iúl go dtosódh sí ar an ngníomhaíocht is gá chun a cinneadh a chur chun feidhme maidir leis an Ríocht Aontaithe ina hiomláine. |
|
(10) |
Ag eascairt as an bhfaisnéis a chuir an Ríocht Aontaithe ar fáil i gcomhréir le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/968 ón gComhairle (4), chuir an Ríocht Aontaithe sonraí DNA na n‐amhrastach ar fáil i gcomhréir le Cinneadh 2008/615/CGB. Sa chomhthéacs sin, is cuid de thacar sonraí inroinnte Prüm iad na sonraí uile DNA atá ar fáil d’údaráis forfheidhmithe dlí na Ríochta Aontaithe, tacar sonraí a cuireadh ar fáil d’údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát, agus prionsabal na hinfhaighteachta á urramú ina iomláine. Urramaítear prionsabal na hinfhaighteachta freisin a mhéid a bhaineann le sonraí dachtalascópacha. Ní eisiatar sonraí dachtalascópacha ar bith ó mhalartuithe sonraí bithmhéadracha leis an Ríocht Aontaithe. |
|
(11) |
Dá bhrí sin, chun críoch cuardaigh uathoibrithe sonraí dachtalascópacha, ba cheart an Ríocht Aontaithe a bheith i dteideal sonraí pearsanta a fháil agus a sholáthar de bhun Airteagal 9 de Chinneadh 2008/615/CGB. |
|
(12) |
Le hAirteagal 33 de Chinneadh 2008/615/CGB, tugtar cumhachtaí cur chun feidhme don Chomhairle chun go ndéanfar na bearta is gá a ghlacadh chun an Cinneadh sin a chur chun feidhme, go háirithe a mhéid a bhaineann le fáil agus soláthar sonraí pearsanta dá bhforáiltear faoin gCinneadh sin. |
|
(13) |
Ós rud é gur comhlíonadh na coinníollacha maidir le gníomhachtú na gcumhachtaí cur chun feidhme sin agus gur leanadh an nós imeachta a ghabhann leis, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme maidir le seoladh malartú uathoibrithe sonraí i ndáil le sonraí dachtalascópacha sa Ríocht Aontaithe a ghlacadh chun ligean don Ríocht Aontaithe sonraí pearsanta a fháil agus a sholáthar de bhun Airteagal 9 de Chinneadh 2008/615/CGB. |
|
(14) |
Tá an Danmhairg agus Éire faoi cheangal ag Cinneadh 2008/615/CGB agus, dá bhrí sin, tá siad rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Chinnidh seo lena gcuirtear Cinneadh 2008/615/CGB chun feidhme. |
|
(15) |
Faoin gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (5), tá feidhm ag dlí an Aontais maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe go dtí deireadh na hidirthréimhse. Tá an Ríocht Aontaithe faoi cheangal ag Cinneadh 2008/615/CGB agus, dá bhrí sin, tá sí rannpháirteach i gcur i bhfeidhm an Chinnidh seo lena gcuirtear Cinneadh 2008/615/CGB chun feidhme, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Chun críocha sonraí dachtalascópacha a chuardachar bhonn uathoibrithe, tá an Ríocht Aontaithe i dteideal sonraí pearsanta a fháil agus a sholáthar de bhun Airteagal 9 de Chinneadh 2008/615/CGB amhail ón 11 Lúnasa 2020 agus i gcomhréir leis an gCinneadh sin.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm ag an gCinneadh seo i gcomhréir leis na Conarthaí.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 6 Lúnasa 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. ROTH
(1) IO L 210, 6.8.2008, lch. 1.
(2) Tuairim an 13 Bealtaine 2020 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(3) Cinneadh 2008/616/CGB ón gComhairle an 23 Meitheamh 2008 maidir le cur chun feidhme Chinneadh 2008/615/CGB maidir le dlús a chur le comhar trasteorann, go háirithe chun an sceimhlitheoireacht agus an choireacht trasteorann a chomhrac (IO L 210, 6.8.2008, lch. 12).
(4) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/968 ón gComhairle an 6 Meitheamh 2019 maidir le seoladh malartú uathoibrithe sonraí i ndáil le sonraí DNA sa Ríocht Aontaithe (IO L 156, 13.6.2019, lch. 8).