ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 225

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

63
14 Iúil 2020


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

GNÍOMHARTHA ARNA NGLACADH AG COMHLACHTAÍ ARNA GCRUTHÚ LE COMHAONTUITHE IDIRNÁISIÚNTA

 

*

Cinneadh uimh. 1/2020 ón gComhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire Agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach an 12 Meitheamh 2020 lena leasaítear an Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach [2020/1022]

1

GA


II Gníomhartha neamhreachtacha

GNÍOMHARTHA ARNA NGLACADH AG COMHLACHTAÍ ARNA GCRUTHÚ LE COMHAONTUITHE IDIRNÁISIÚNTA

14.7.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 225/1


CINNEADH uimh. 1/2020 ÓN GCOMHCHOISTE A BUNAÍODH LEIS AN GCOMHAONTÚ MAIDIR LE RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN A BHEITH AG TARRAINGT SIAR AS AN AONTAS EORPACH AGUS AS AN GCOMHPHOBAL EORPACH DO FHUINNEAMH ADAMHACH

an 12 Meitheamh 2020

lena leasaítear an Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach [2020/1022]

TÁ AN COMHCHOISTE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (1) (“an Comhaontú um Tharraingt Siar”), agus go háirithe Airteagal 164(5)(d) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le pointe (d) d'Airteagal 164(5) den Chomhaontú um Tharraingt Siar, cuirtear ar a chumas don Chomhchoiste a bunaíodh faoi Airteagal 164(1) den Chomhaontú (“an Comhchoiste”) cinntí a ghlacadh lena ndéantar an Comhaontú sin a leasú, ar choinníoll gur gá na leasuithe sin chun earráidí a cheartú, chun aghaidh a thabhairt ar neamhghníomhartha nó ar easnaimh eile, nó chun aghaidh a thabhairt ar chásanna nach raibh coinne leo nuair a síníodh an Comhaontú, agus ar choinníoll nach bhféadfaidh na cinntí sin eilimintí ríthábhachtacha an Chomhaontaithe a leasú. De bhun Airteagal 166(2) den Chomhaontú um Tharraingt Siar, tá na cinntí arna nglacadh ag an gComhchoiste ina gceangal ar an Aontas agus ar an Ríocht Aontaithe. Cinntí den sórt sin a mbeidh na héifeachtaí dlíthiúla céanna acu agus atá ag an gComhaontú um Tharraingt Siar, ní mór don Aontas agus don Ríocht Aontaithe iad a chur chun feidhme,

(2)

Ar mhaithe leis an deimhneacht dhlíthiúil agus chun na coigeartuithe is gá a léiriú, coigeartuithe atá ann de thoradh go bhfuil dáta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar níos déanaí ná an dáta a rabhthas ag súil leis ar dtús, ba cheart Airteagail 135, 137, 143, 144 agus 150 den Chomhaontú a leasú,

(3)

In Airteagal 145 den Chomhaontú um Tharraingt Siar, fágtar ar lár forálacha lena rialaítear deontais faoin gCiste Taighde um Ghual agus Cruach a deonaíodh roimh dheireadh na hidirthréimhse do thairbhithe atá bunaithe sa Ríocht Aontaithe. Ba cheart Airteagal 145 den Chomhaontú um Tharraingt Siar a leasú dá bhrí sin chun aghaidh a thabhairt ar an easnamh sin agus chun deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar i dtaca le deontais leanúnacha,

(4)

Ba cheart Cuid I d'Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar a leasú trí dhá chinneadh ón gCoimisiúin Riaracháin maidir le Comhordú na gCóras Slándála Sóisialta nár liostaíodh i gCuid I d'Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar, ríd an dá chinneadh sin a chur leis an gComhaontú,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Comhaontú um Tharraingt Siar mar a leanas:

1)

In Airteagal 135, sa teideal, cuirtear na focail “bhuiséad an Aontais don bhliain 2020” in ionad na bhfocal “bhuiséid an Aontais do na blianta 2019 agus 2020” agus, i mír 1, cuirtear na focail “na bliana” in ionad na bhfocal “na mblianta 2019 agus” agus cuirtear an focal “buiséad” in ionad an fhocail “buiséid”;

2)

In Airteagal 137, sa teideal agus sa chéad fhomhír de mhír 1, scriostar na focail “2019 agus”;

3)

leasaítear Airteagal 143(1) mar a leanas:

(a)

sa dara fomhír, cuirtear “31 Iúil 2020” in ionad “31 Iúil 2019”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:

“I gcuntais chomhdhlúite an Aontais a bhaineann le 2020, nochtfar na híocaíochtaí a dhéanfar as an soláthar dá dtagraítear i bpointe (b) den dara fomhír ó dháta an Comhaontú sin a theacht i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2020 maidir leis na hoibríochtaí airgeadais céanna dá dtagraítear sa mhír seo ach a shocrófar ar dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo nó dá éis sin.”;

4)

In Airteagal 144(1), sa dara fomhír, cuirtear “31 Iúil 2020” in ionad “31 Iúil 2019”;

5)

In Airteagal 145, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“I ndáil leis na tionscadail faoin gCiste Taighde um Ghual agus Cruach a bunaíodh le Prótacal 37 a ghabhann leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh faoi chomhaontuithe deontais a shíneofar roimh dheireadh na hidirthréimhse, leanfaidh dlí an Aontais is infheidhme d'fheidhm a bheith aige maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe tar éis dheireadh na hidirthréimhse, go dtí go ndúnfar na tionscadail. Áireofar le dlí an Aontais is infheidhme na forálacha seo a leanas go háirithe agus aon leasuithe ar na forálacha sin, gan beann ar dháta glactha, dáta theacht i bhfeidhm nó dáta chur i bhfeidhm an leasaithe:

(a)

Cinntí 2003/76/CE, 2003/77/CE agus 2008/376/CE ón gComhairle;

(b)

na gníomhartha dá dtagraítear i bpointí (a), (c), (d) agus (e) d'Airteagal 138(2).”;

6)

Leasaítear Airteagal 150 mar a leanas:

(a)

leasaítear mír 4 mar a leanas:

(i)

sa cheathrú habairt, cuirtear “15 Deireadh Fómhair” in ionad “15 Nollaig” agus cuirtear “2020” in ionad “2019”;

(ii)

sa chúigiú habairt, cuirtear “15 Deireadh Fómhair 2031” in ionad “15 Nollaig 2030”;

(b)

leasaítear mír 8 mar a leanas:

(i)

sa chéad fhomhír, cuirtear “2020” in ionad “2019”;

(ii)

sa chéad abairt den dara fomhír, cuirtear “2021” in ionad “2020”;

7)

I gCuid I d'Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar, cuirtear na gníomhartha seo a leanas léi:

Faoi “Malartú Sonraí Leictreonacha (Sraith E)”: Cinneadh Uimh. E7 ón gCoimisiún Riaracháin maidir le Comhordú Córas Slándála Sóisialta a bhaineann leis na socruithe praiticiúla le haghaidh comhair agus malartú sonraí go dtí go gcuirfear an Córas um Malartú Leictreonach Faisnéise Slándála Sóisialta (EESSI) chun feidhme go hiomlán sna Ballstáit;

Faoi “Sochair Theaghlaigh (Sraith F)”: Cinneadh Uimh. F3 ón gCoimisiún Riaracháin maidir le Comhordú na gCóras Slándála Sóisialta a bhaineann le léirmhíniú Airteagal 68 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir le modh ríofa an fhorlíonaidh dhifreálaigh.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 12 Meitheamh 2020.

Thar ceann an Chomhchoiste

Na comhchathaoirligh

Maroš ŠEFČOVIČ

Michael GOVE


(1)  IO L 29, 31.1.2020, lch .7.