ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 222

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

63
10 Iúil 2020


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

COMHAONTUITHE IDIRNÁISIÚNTA

 

*

Cinneadh (AE) 2020/983 ón gComhairle an 7 Iúil 2020 maidir leis an bPrótacal maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Cabo Verde (2019-2024) a thabhairt i gcrích

1

 

*

Cinneadh (AE) 2020/984 ón gComhairle an 7 Iúil 2020 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Ghuine Bissau (2019-2024)

4

 

*

Cinneadh (AE) 2020/985 ón gComhairle an 7 Iúil 2020 maidir leis an bPrótacal maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir Poblacht Dhaonlathach São Tomé agus Príncipe agus an Comhphobal Eorpach a thabhairt i gcrích

7

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (AE) 2020/986 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a shlógadh (EGF/2020/000 TA 2020 - Cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún)

10

 

 

Ceartúcháin

 

*

Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le nochtaí ó thaobh na hinbhuanaitheachta de san earnáil airgeadais ( IO L 317, 9.12.2019 ) ( IO L 0, 9.12.2019 )

12

GA


II Gníomhartha neamhreachtacha

COMHAONTUITHE IDIRNÁISIÚNTA

10.7.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 222/1


CINNEADH (AE) 2020/983 ÓN GCOMHAIRLE

an 7 Iúil 2020

maidir leis an bPrótacal maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Cabo Verde (2019-2024) a thabhairt i gcrích

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43 de, i gcomhar le hAirteagal 218(6)(a)(v), agus Airteagal 218(7) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 19 Nollaig 2006, ghlac an Chomhairle Rialachán (EC) Uimh. 2027/2006 (2), lenar tugadh i gcrích an Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Cabo Verde (3) (“an Comhaontú”). Tháinig an Comhaontú i bhfeidhm an 30 Márta 2007, rinneadh é a athnuachan go hintuigthe agus tá sé fós i bhfeidhm.

(2)

Tar éis an mholta ón gCoimisiún, chinn an Chomhairle an 4 Meitheamh 2018, tús na caibidlíochta le Poblacht Cabo Verde a údarú chun prótacal nua lena gcuirtear an Comhaontú chun feidhme a thabhairt i gcrích.

(3)

Chuaigh an prótacal roimhe sin a bhí ag gabháil leis an gComhaontú in éag an 22 Nollaig 2018.

(4)

Rinne an Coimisiún, thar ceann an Aontais, prótacal nua a chaibidil. Mar thoradh ar an gcaibidlíocht sin, cuireadh inisealacha leis an bprótacal nua an 12 Deireadh Fómhair 2018.

(5)

I gcomhréir le Cinneadh (AE) 2019/951 ón gComhairle (4), síníodh an Prótacal maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Cabo Verde (2019-2024) (5) (“an Prótacal”) an 20 Bealtaine 2019.

(6)

Tá an Prótacal á chur i bhfeidhm ar bhonn sealadach ó dháta a shínithe.

(7)

Is é is cuspóir an Phrótacail a chur ar chumas an Aontais agus Phoblacht Cabo Verde oibriú níos dlúithe le chéile chun beartas iascaigh inbhuanaithe a chur chun cinn agus acmhainní iascaigh in uiscí Cabo Verde a shaothrú ar bhealach fónta, agus a chur ar chumas Cabo Verde iarrachtaí a dhéanamh geilleagar gorm a fhorbairt.

(8)

Ba cheart an Prótacal a fhormheas.

(9)

Le hAirteagal 9 den Chomhaontú, bunaítear an Comhchoiste a bheidh freagrach as faireachán a dhéanamh ar a chur chun feidhme. Thairis sin, i gcomhréir leis an Airteagal sin, agus le hAirteagal 5, le hAirteagal 6(3) agus le hAirteagal 7(1) agus (2) den Phrótacal, féadfaidh an Comhchoiste modhnuithe áirithe ar an bPrótacal a ghlacadh. Ionas go n-éascófaí formheas na modhnuithe sin, ba cheart a údarú don Choimisiún, faoi réir coinníollacha sonracha substainteacha agus nós imeachta, iad a fhormheas thar ceann an Aontais faoi nós imeachta simplithe.

(10)

Ba cheart do Choiste Bhuanionadaithe Rialtais na mBallstát an seasamh ón Aontas a bhunú maidir leis na modhnuithe ar an bPrótacal. Glacfar leis na leasuithe atá beartaithe mura rud é go ndéanfaidh mionlach blocála de chuid na mBallstát, i gcomhréir le hAirteagal 16(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, agóid i gCoiste Bhuanionadaithe Rialtais na mBallstát i gcoinne na modhnuithe sin.

(11)

Ba cheart an seasamh atá le glacadh ag an Aontas sa Chomhchoiste maidir le hábhair eile a chinneadh i gcomhréir leis na Conarthaí agus le foirmeacha seanbhunaithe cleachtais,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Déantar leis seo an Prótacal maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Cabo Verde (2019-2024) a fhormheas thar ceann an Aontais.

Airteagal 2

Tabharfaidh Uachtarán na Comhairle, thar ceann an Aontais, an fógra dá bhforáiltear in Airteagal 16 den Phrótacal.

Airteagal 3

I gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, údarófar don Choimisiún, thar ceann an Aontais, na modhnuithe a fhormheas a dhéanfar ar an bPrótacal atá le glacadh ag an gComhchoiste arna bhunú faoi Airteagal 9 den Chomhaontú.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar an dáta a ghlacfar é.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 7 Iúil 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH


(1)  Toiliú an 17 Meitheamh 2020 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 2027/2006 ón gComhairle an 19 Nollaig 2006 maidir leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Cabo Verde a thabhairt i gcrích (IO L 414, 30.12.2006, lch. 1).

(3)  IO L 414, 30.12.2006, lch. 3.

(4)  Cinneadh (AE) 2019/951 ón gComhairle an an 17 Bealtaine 2019 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Phrótacail maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Cabo Verde (2019-2024) (IO L 154, 12 Meitheamh 2019, lch.1).

(5)  IO L 154, 12 Meitheamh 2019, lch. 3.


IARSCRÍBHINN

AN NÓS IMEACHTA MAIDIR LE FORMHEAS A DHÉANAMH AR NA MODHNUITHE AR AN bPRÓTACAL ATÁ LE GLACADH AG AN gCOMHCHOISTE

I gcás ina n-iarrfar ar an gComhchoiste modhnuithe ar an bPrótacal a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 5, le hAirteagal 6(3) agus le hAirteagal 7(1) agus (2) den Phrótacal, údarófar don Choimisiún na modhnuithe atá beartaithe a fhormheas thar ceann an Aontais, faoi na coinníollacha seo a leanas:

(1)

Maidir leis an bhformheas a dhéanfar thar ceann an Aontais, áiritheoidh an Coimisiún:

(a)

go mbeidh sé i gcomhréir le cuspóirí an Chomhbheartais Iascaigh;

(b)

go mbeidh sé comhsheasmhach leis na rialacha ábhartha arna nglacadh ag eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh agus go gcuirfear san áireamh ann comhbhainistiú arna dhéanamh ag Stáit chósta;

(c)

go gcuirfear san áireamh ann an fhaisnéis staidrimh, an fhaisnéis bhitheolaíoch agus an fhaisnéis ábhartha eile is déanaí a cuireadh chuig an gCoimisiún.

(2)

Sula ndéanfaidh an Coimisiún modhnuithe atá beartaithe a fhormheas thar ceann an Aontais, cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid na Comhairle iad in am trátha roimh an gcruinniú ábhartha den Chomhchoiste.

(3)

Déanfaidh Coiste Bhuanionadaithe Rialtais na mBallstát measúnú ar chomhréireacht na modhnuithe atá beartaithe leis na critéir a leagtar síos i bpointe 1 den Iarscríbhinn seo.

(4)

Mura ndéanfaidh líon áirithe Ballstát agóid i gcoinne na modhnuithe atá beartaithe, líon atá ar cóimhéid le mionlach blocála de chuid na Comhairle i gcomhréir le hAirteagal 16(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, formheasfaidh an Coimisiún thar ceann an Aontais iad. Má tá an mionlach blocála sin ann, diúltóidh an Coimisiún, thar ceann an Aontais, do na modhnuithe atá beartaithe.

(5)

Más rud é, le linn cruinnithe eile, lena n-áirítear cruinnithe ar an láthair, nach féidir teacht ar chomhaontú, cuirfear an t-ábhar faoi bhráid na Comhairle arís eile, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i bpointí 2 go 4, chun go gcuirfear eilimintí nua san áireamh leis an seasamh ón Aontas.

(6)

Iarrtar ar an gCoimisiún aon bheart is gá a dhéanamh, in am trátha, mar obair leantach ag éirí as cinneadh an Chomhchoiste, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, an cinneadh ábhartha a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus aon togra is gá chun cur chun feidhme an chinnidh sin a thíolacadh.

(7)

In ábhair eile nach mbaineann le modhnuithe ar an bPrótacal i gcomhréir le hAirteagal 5, le hAirteagal 6(3), le hAirteagal 7(1) agus (2) de, déanfar an seasamh atá le glacadh ag an Aontas sa Chomhchoiste a chinneadh i gcomhréir leis na Conarthaí agus le cleachtais oibre sheanbhunaithe.


10.7.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 222/4


CINNEADH (AE) 2020/984 ÓN gCOMHAIRLE

an 7 Iúil 2020

maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Ghuine Bissau (2019-2024)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43 de, i gcomhar le pointe (a)(v) den dara fomhír d’Airteagal 218(6) agus Airteagal 218(7),

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa (1)

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 17 Márta 2008, ghlac an Chomhairle Rialachán (CE) Uimh. 241/2008 (2), lenar tugadh i gcrích an Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Ghuine Bissau (3) (“an Comhaontú”). Tháinig an Comhaontú i bhfeidhm an 15 Aibreán 2008, rinneadh é a athnuachan go hintuigthe agus tá sé fós i bhfeidhm.

(2)

Tar éis an mholta ón gCoimisiún, chinn an Chomhairle an 28 Feabhra 2017 tús na caibidlíochta le Poblacht Ghuine Bissau a údarú chun prótacal nua lena gcuirtear an Comhaontú chun feidhme a thabhairt i gcrích.

(3)

Chuaigh an prótacal roimhe sin a bhí ag gabháil leis an gComhaontú in éag an 23 Samhain 2017.

(4)

Rinne an Coimisiún, thar ceann an Aontais, prótacal nua a chaibidil. Mar thoradh ar an gcaibidlíocht sin, cuireadh inisealacha leis an bprótacal nua an 15 Samhain 2018.

(5)

I gcomhréir le Cinneadh (AE) 2019/1088 ón gComhairle (4), síníodh an Prótacal maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Ghuine Bissau (2019-2024) (“an Prótacal”) an 15 Meitheamh 2019.

(6)

Tá an Prótacal á chur i bhfeidhm ar bhonn sealadach ó dháta a sínithe.

(7)

Is é is cuspóir an Phrótacail a chur ar chumas an Aontais agus Phoblacht Ghuine Bissau oibriú níos dlúithe chun beartas iascaigh inbhuanaithe a chur chun cinn, acmhainní iascaigh in uiscí Ghuine Bissau a shaothrú ar bhealach fónta, agus a chur ar chumas Ghuine Bissau iarrachtaí a dhéanamh geilleagar gorm a fhorbairt.

(8)

Ba cheart an Prótacal a fhormheas.

(9)

Le hAirteagal 10 den Chomhaontú, bunaítear an Comhchoiste a bheidh freagrach as faireachán a dhéanamh ar a chur chun feidhme. Thairis sin, i gcomhréir leis an Airteagal sin, agus le hAirteagal 5, le hAirteagal 6(4), le hAirteagal 7(4) agus le hAirteagal 8(2) agus (4) den Phrótacal, is féidir leis an gComhchoiste modhnuithe áirithe ar an bPrótacal a ghlacadh. D’fhonn formheas na modhnuithe sin a éascú, ba cheart a údarú don Choimisiún, faoi réir coinníollacha sonracha substainteacha agus nós imeachta, iad a fhormheas thar ceann an Aontais faoi nós imeachta simplithe.

(10)

Ba cheart do Choiste Bhuanionadaithe Rialtais na mBallstát seasamh an Aontais a bhunú maidir leis na modhnuithe ar an bPrótacal. Glacfar leis na leasuithe atá beartaithe mura rud é go ndéanfaidh mionlach blocála de chuid na mBallstát agóid i gCoiste Bhuanionadaithe Rialtais na mBallstát i gcoinne na modhnuithe sin i gcomhréir le hAirteagal 16(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

(11)

Ba cheart an seasamh atá le glacadh ag an Aontas sa Chomhchoiste maidir le hábhair eile a chinneadh i gcomhréir leis na Conarthaí agus le foirmeacha seanbhunaithe cleachtais,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Déantar leis seo an Prótacal maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Ghuine Bissau (2019-2024) a fhormheas thar ceann an Aontais. (5)

Airteagal 2

Tabharfaidh Uachtarán na Comhairle, thar ceann an Aontais, an fógra dá bhforáiltear in Airteagal 17 den Phrótacal.

Airteagal 3

I gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, údarófar don Choimisiún modhnuithe a fhormheas a dhéanfar ar an bPrótacal atá le glacadh ag an gComhchoiste arna bhunú faoi Airteagal 10 den Chomhaontú.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar lá a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 7 Iúil 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH


(1)  Toiliú an 17 Meitheamh 2020 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 241/2008 ón gComhairle an 17 Márta 2008 maidir leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Ghuine Bissau a thabhairt i gcrích (IO L 75, 18.3.2008, lch. 49).

(3)  IO L 342, 27.12.2007, lch. 5.

(4)  Cinneadh (AE) 2019/1088 ón gComhairle an 6 Meitheamh 2019 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Phrótacail maidir le Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Ghuine Bissau a thabhairt i gcrích (2019-2024) (IO L 173, 27.6.2019, lch. 1).

(5)  Foilsíodh téacs an Phrótacail in IO L 173 an 27.6.2019 in éineacht leis an gcinneadh tráth a shínithe.


IARSCRÍBHINN

An nós imeachta maidir le formheas a dhéanamh ar na modhnuithe ar an bPrótacal atá le glacadh ag an gComhchoiste

I gcás ina n‐iarrfar ar an gComhchoiste modhnuithe ar an bPrótacal a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 5, le hAirteagal 6(4), le hAirteagal 7(4) agus le hAirteagal 8(2) agus (4) den Phrótacal, údarófar don Choimisiún na modhnuithe atá beartaithe a fhormheas thar ceann an Aontais, faoi na coinníollacha seo a leanas:

(1)

Maidir leis an bhformheas a dhéanfar thar ceann an Aontais, áiritheoidh an Coimisiún:

(a)

go mbeidh sé i gcomhréir le cuspóirí an Chomhbheartais Iascaigh;

(b)

go mbeidh sé comhsheasmhach leis na rialacha ábhartha arna nglacadh ag eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh agus go gcuirfear san áireamh ann comhbhainistiú arna dhéanamh ag Stáit chósta;

(c)

go gcuirfear san áireamh ann an fhaisnéis staidrimh, an fhaisnéis bhitheolaíoch agus an fhaisnéis ábhartha eile is déanaí a chuirtear chuig an gCoimisiún.

(2)

Sula ndéanfaidh an Coimisiún modhnuithe atá beartaithe a fhormheas thar ceann an Aontais, cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid na Comhairle iad in am trátha roimh an gcruinniú ábhartha den Chomhchoiste.

(3)

Déanfaidh Coiste Bhuanionadaithe Rialtais na mBallstát measúnú ar chomhréireacht na modhnuithe atá beartaithe leis na critéir a leagtar síos i bpointe 1 den Iarscríbhinn seo.

(4)

Mura ndéanfaidh líon áirithe Ballstát agóid i gcoinne na modhnuithe atá beartaithe, líon atá ar cóimhéid le mionlach blocála de chuid na Comhairle i gcomhréir le hAirteagal 16(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, formheasfaidh an Coimisiún thar ceann an Aontais iad. Má tá an mionlach blocála sin ann, diúltóidh an Coimisiún, thar ceann an Aontais, do na modhnuithe atá beartaithe.

(5)

Más rud é, le linn cruinnithe a thionólfar le Guine Bissau ina dhiaidh sin, lena n‐áirítear cruinnithe ar an láthair, nach féidir teacht ar chomhaontú, cuirfear an t‐ábhar faoi bhráid na Comhairle arís eile, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i bpointí 2 go 4, chun go gcuirfear eilimintí nua san áireamh i seasamh an Aontais.

(6)

Iarrtar ar an gCoimisiún aon bheart is gá a dhéanamh, in am trátha, mar obair leantach ag éirí as cinneadh an Chomhchoiste, lena n‐áirítear, i gcás inarb iomchuí, an cinneadh ábhartha a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus aon togra is gá chun cur chun feidhme an chinnidh sin a thíolacadh.

(7)

In ábhair eile nach mbaineann le modhnuithe ar an bPrótacal i gcomhréir le hAirteagal 5, le hAirteagal 6(4), le hAirteagal 7(4) agus le hAirteagal 8(2) agus (4) de, déanfar an seasamh atá le glacadh ag an Aontas sa Chomhchoiste a chinneadh i gcomhréir leis na Conarthaí agus le foirmeacha seanbhunaithe cleachtais oibre.


10.7.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 222/7


CINNEADH (AE) 2020/985 ÓN gCOMHAIRLE

an 7 Iúil 2020

maidir leis an bPrótacal maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir Poblacht Dhaonlathach São Tomé agus Príncipe agus an Comhphobal Eorpach a thabhairt i gcrích

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43 i gcomhar le pointe (a)(v) den dara fomhír d’Airteagal 218(6) agus Airteagal 218(7) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 23 Iúil 2007, ghlac an Chomhairle Rialachán (CE) Uimh. 894/2007 (2), lenar tugadh i gcrích an Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir Poblacht Dhaonlathach São Tomé agus Príncipe agus an Comhphobal Eorpach (3) (“an Comhaontú”). Tháinig an Comhaontú i bhfeidhm an 29 Lúnasa 2011 agus tá sé fós i bhfeidhm.

(2)

An 18 Nollaig 2017, thug an Chomhairle údarú don Choimisiún tús a chur leis an gcaibidlíocht le Poblacht Dhaonlathach São Tomé agus Príncipe (São Tomé agus Príncipe) d’fhonn prótacal nua chun an Comhaontú a chur chun feidhme a thabhairt i gcrích.

(3)

Chuaigh an prótacal roimhe sin a bhí ag gabháil leis an gComhaontú in éag an 22 Bealtaine 2018.

(4)

Rinne an Coimisiún prótacal nua a chaibidil thar ceann an Aontais. Tar éis an chaibidlíocht a bheith tugtha i gcrích, cuireadh inisealacha leis an bprótacal nua an 17 Aibreán 2019.

(5)

I gcomhréir le Cinneadh (AE) 2019/2218 ón gComhairle (4), síníodh an Prótacal maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir Poblacht Dhaonlathach São Tomé agus Príncipe agus an Comhphobal Eorpach (“an Prótacal”) an 19 Nollaig 2019 .

(6)

Tá an Prótacal á chur i bhfeidhm ar bhonn sealadach ó dháta a shínithe.

(7)

Is é is cuspóir don Phrótacal a chur ar chumas an Aontais agus Poblacht Dhaonlathach São Tomé agus Príncipe oibriú níos dlúithe le chéile chun beartas iascaigh inbhuanaithe a chur chun cinn agus acmhainní iascaigh in uiscí São Tomé agus Príncipe a shaothrú ar bhealach fónta, agus tacú le hiarrachtaí São Tomé agus Príncipe a hearnáil iascaigh a fhorbairt.

(8)

Ba cheart an Prótacal a fhormheas.

(9)

Le hAirteagal 9 den Chomhaontú, bunaítear Comhchoiste a bheidh freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe. Anuas air sin, i gcomhréir leis an Airteagal sin agus le hAirteagail 6 agus 7(2) den Phrótacal, féadfaidh an Comhchoiste leasuithe áirithe ar an bPrótacal a ghlacadh. Ionas go n-éascófaí formheas na leasuithe sin, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Coimisiún, faoi réir coinníollacha sonracha substainteacha agus nós imeachta, chun iad a fhormheas thar ceann an Aontais trí bhíthin nós imeachta simplithe.

(10)

Ba cheart don Chomhairle an seasamh ón Aontas maidir leis na leasuithe ar an bPrótacal a bhunú. Déanfar na leasuithe atá beartaithe a fhormheas mura rud é go ndéanann mionlach blocála de na Ballstáit agóid i gcoinne na leasuithe sin i gcomhréir le hAirteagal 16(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

(11)

Ba cheart an seasamh atá le glacadh ag an Aontas sa Chomhchoiste maidir le hábhair eile a chinneadh i gcomhréir leis na Conarthaí agus le cleachtais sheanbhunaithe,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Déantar leis seo an Prótacal maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir Poblacht Dhaonlathach São Tomé agus Príncipe agus an Comhphobal Eorpach a fhormheas thar ceann an Aontais (5).

Airteagal 2

Tabharfaidh Uachtarán na Comhairle, thar ceann an Aontais, an fógra dá bhforáiltear in Airteagal 16 den Phrótacal.

Airteagal 3

I gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, údaraítear don Choimisiún, thar ceann an Aontais, na leasuithe a fhormheas a dhéanfar ar an bPrótacal atá le glacadh ag an gComhchoiste arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 9 den Chomhaontú.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 7 Iúil 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH


(1)  Toiliú an 17 Meitheamh 2020 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 894/2007 ón gComhairle an 23 Iúil 2007 maidir le Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir Poblacht Dhaonlathach São Tomé agus Príncipe agus an Comhphobal Eorpach a thabhairt i gcrích (IO L 205, 7.8.2007, lch. 35).

(3)  IO L 205, 7.8.2007, lch. 36.

(4)  Cinneadh (AE) 2019/2218 ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2019 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Phrótacail maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir Poblacht Dhaonlathach São Tomé agus Príncipe agus an Comhphobal Eorpach (IO L 333, 27.12.2019, lch. 1).

(5)  Foilsíodh téacs an Phrótacail in IO L 333 an 27.12.2019 in éineacht leis an gcinneadh maidir lena shíniú.


IARSCRÍBHINN

An nós imeachta maidir le formheas a dhéanamh ar na leasuithe ar an bPrótacal atá le glacadh ag an gComhchoiste

I gcás ina n-iarrtar ar an gComhchoiste leasuithe ar an bPrótacal a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 6 agus 7(2) den Phrótacal, údaraítear don Choimisiún na leasuithe atá beartaithe a fhormheas thar ceann an Aontais, faoi na coinníollacha seo a leanas:

(1)

Maidir leis an bhformheas a dhéanfar thar ceann an Aontais, áiritheoidh an Coimisiún:

(a)

go mbeidh sé i gcomhréir le cuspóirí an chomhbheartais iascaigh;

(b)

go mbeidh sé comhsheasmhach leis na rialacha ábhartha arna nglacadh ag eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh agus go gcuirfear san áireamh ann comhbhainistiú arna dhéanamh ag stáit chósta;

(c)

go gcuirfear san áireamh ann an fhaisnéis staidrimh, an fhaisnéis bhitheolaíoch agus an fhaisnéis ábhartha eile is déanaí a cuireadh chuig an gCoimisiún.

(2)

Sula ndéanfaidh an Coimisiún leasuithe atá beartaithe a fhormheas thar ceann an Aontais, cuirfidh sé faoi bhráid na Comhairle iad in am trátha roimh an gcruinniú ábhartha den Chomhchoiste.

(3)

Déanfaidh an Chomhairle measúnú féachaint an gcomhlíontar na critéir a leagtar amach i bpointe (1) leis na leasuithe atá beartaithe.

(4)

Mura ndéanfaidh líon áirithe Ballstát agóid i gcoinne na leasuithe atá beartaithe, líon is comhionann le mionlach blocála na Comhairle i gcomhréir le hAirteagal 16(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, formheasfaidh an Coimisiún thar ceann an Aontais iad. Má tá mionlach blocála den sórt sin ann, diúltóidh an Coimisiún, thar ceann an Aontais, do na leasuithe atá beartaithe.

(5)

Más rud é, le linn cruinnithe den Chomhchoiste ina dhiaidh sin, lena n-áirítear cruinnithe ar an láthair, nach féidir teacht ar chomhaontú, cuirfear an t-ábhar faoi bhráid na Comhairle arís eile, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i bpointí (2) go (4), chun go gcuirfear tosca nua san áireamh i seasamh an Aontais.

(6)

Iarrtar ar an gCoimisiún aon bheart is gá a dhéanamh, in am trátha, mar obair leantach ar chinneadh an Chomhchoiste, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, an cinneadh ábhartha a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus aon togra is gá chun cur chun feidhme an chinnidh sin a thíolacadh.

(7)

A mhéid a bhaineann le ceisteanna eile nach mbaineann le leasuithe ar an bPrótacal i gcomhréir le hAirteagail 6 agus 7(2) de, déanfar an seasamh atá le glacadh ag an Aontas sa Chomhchoiste a chinneadh i gcomhréir leis na Conarthaí agus le cleachtais oibre sheanbhunaithe.


CINNTÍ

10.7.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 222/10


CINNEADH (AE) 2020/986 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 18 Meitheamh 2020

maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a shlógadh (EGF/2020/000 TA 2020 - Cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (2014-2020) agus lena n‐aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006 (1), agus go háirithe Airteagal 11(2) de,

Ag féachaint don Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, comhar in ábhair bhuiséadacha agus bainistíocht fhónta airgeadais (2), agus go háirithe pointe 13 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas,

(1)

Is é an aidhm atá leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (CED) tacaíocht a thabhairt d’oibrithe a cuireadh ar iomarcaíocht agus do dhaoine féinfhostaithe a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíochtaí i ngeall ar mhórathruithe struchtúracha ar phatrúin na trádála domhanda de thoradh an domhandaithe nó mar gur lean an ghéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíochta ar aghaidh, nó i ngeall ar ghéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíochta nua, agus cabhrú le hath-imeascadh na n‐oibrithe sin sa mhargadh saothair.

(2)

Ní sháróidh CED uasmhéid bliantúil EUR 150 milliún (praghsanna 2011), mar a leagtar síos in Airteagal 12 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle (3).

(3)

Foráiltear le Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 go bhféadfar uasmhéid 0,5 % d’uasmhéid bliantúil CED a úsáid gach bliain le haghaidh cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún.

(4)

Ba cheart CED a shlógadh, dá bhrí sin, chun an tsuim EUR 345 000 a chur ar fáil le haghaidh cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Le haghaidh bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, déanfar an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a shlógadh chun an tsuim EUR 345 000 a sholáthar i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus i leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Meitheamh 2020.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

N. BRNJAC


(1)  IO L 347, 20.12.2013, lch. 855.

(2)  IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.

(3)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 884).


Ceartúcháin

10.7.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 222/12


Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le nochtaí ó thaobh na hinbhuanaitheachta de san earnáil airgeadais

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 317 an 9 Nollaig 2019 )

(Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L Eagrán Speisialta Gaeilge an 9 Nollaig 2019)

Ar leathanach 8, Airteagal 2, pointe (17):

in ionad:

“(17)

ciallaíonn ‘infheistíocht inbhuanaithe’ infheistíocht i ngníomhaíocht eacnamaíoch a rannchuidíonn le cuspóir comhshaoil, amhail infheistíochtaí a thomhaistear de réir príomhtháscairí éifeachtúlachta acmhainní maidir le fuinneamh, fuinneamh inathnuaite, amhábhair, uisce agus talamh a úsáid, agus maidir le táirgeadh dramhaíola, agus maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa, agus maidir leis an tionchar ar an mbithéagsúlacht agus ar an ngeilleagar ciorclach, nó infheistíocht i ngníomhaíocht eacnamaíoch a rannchuidíonn le cuspóir sóisialta, go háirithe infheistíocht a rannchuidíonn le dul i ngleic leis an éagothroime nó a chothaíonn comhtháthú sóisialta, lánpháirtiú sóisialta agus caidreamh fostaithe, nó infheistíocht i gcaipiteal daonna nó i bpobail atá faoi mhíbhuntáiste eacnamaíoch nó sóisialta, fad is nach ndéanann na hinfheistíochtaí dochar mór d’aon cheann de na cuspóirí sin agus go leanann na cuideachtaí infheistiúcháin dea-chleachtais rialachais, go háirithe i ndáil le struchtúir fhónta bhainistíochta, caidreamh fostaithe, luach saothair do bhaill foirne ábhartha agus comhlíonadh cánach;”,

léitear:

“(17)

ciallaíonn ‘infheistíocht inbhuanaithe’ infheistíocht i ngníomhaíocht eacnamaíoch a rannchuidíonn le cuspóir comhshaoil, amhail infheistíochtaí a thomhaistear de réir príomhtháscairí éifeachtúlachta acmhainní maidir le fuinneamh, fuinneamh inathnuaite, amhábhair, uisce agus talamh a úsáid, agus maidir le táirgeadh dramhaíola, agus maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa, agus maidir leis an tionchar ar an mbithéagsúlacht agus ar an ngeilleagar ciorclach, nó infheistíocht i ngníomhaíocht eacnamaíoch a rannchuidíonn le cuspóir sóisialta, go háirithe infheistíocht a rannchuidíonn le dul i ngleic leis an éagothroime nó a chothaíonn comhtháthú sóisialta, lánpháirtiú sóisialta agus caidreamh fostaithe, nó infheistíocht i gcaipiteal daonna nó i bpobail atá faoi mhíbhuntáiste eacnamaíoch nó sóisialta, fad is nach ndéanann na hinfheistíochtaí dochar suntasach d’aon cheann de na cuspóirí sin agus go leanann na cuideachtaí infheistiúcháin dea-chleachtais rialachais, go háirithe i ndáil le struchtúir fhónta bhainistíochta, caidreamh fostaithe, luach saothair do bhaill foirne ábhartha agus comhlíonadh cánach;”.