ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 207

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

Imleabhar 63
30 Meitheamh 2020


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

COMHAONTUITHE IDIRNÁISIÚNTA

 

*

Cinneadh (AE) 2020/899 ón gComhairle an 26 Meitheamh 2020 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais agus a Bhallstáit, Prótacail lena leasaítear an Comhaontú Eitlíochta Eora-Mheánmhara idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Ríocht Haisimíteach na hIordáine, den pháirt eile, chun aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach a chur san áireamh

1

 

*

Fógra maidir le teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Shóisialach Vítneam

3

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) 2020/900ón gComhairle an 25 Meitheamh 2020 lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1838 a mhéid a bhaineann le deiseanna iascaireachta áirithe le haghaidh 2020 i Muir Bhailt, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2020/123 a mhéid a bhaineann le deiseanna iascaireachta áirithe in 2020 in uiscí an Aontais agus in uiscí nach de chuid an Aontais iad

4

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (CBES) 2020/901 ón gComhairle an 29 Meitheamh 2020 maidir le tacaíocht an Aontais do ghníomhaíochtaí Choimisiún Ullmhúcháin Eagraíocht an Chonartha um Chosc Cuimsitheach ar Thrialacha Núicléacha (CTBTO) chun a chumas faireacháin agus fíoraithe a neartú agus faoi chuimsiú chur chun feidhme Straitéis an AE I gcoinne Leathadh Arm Ollscriosta

15

 

*

Cinneadh (CBES) 2020/902 ón gComhairle an 29 Meitheamh 2020 lena leasaítear Cinneadh 2013/354/CBES maidir le Misean Póilíneachta an Aontais Eorpaigh do na Críocha Palaistíneacha (EUPOL COPPS)

30

 

*

Cinneadh (CBES) 2020/903 ón gComhairle an 29 Meitheamh 2020 lena leasaítear Cinneadh 2013/233/CBES maidir le Misean Cúnaimh an Aontais Eorpaigh um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha sa Libia (EUBAM Libya)

32

 

*

Cinneadh (CBES) 2020/904 ón gComhairle an 29 Meitheamh 2020 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2017/1424 ón gComhairle i dtaca leis an dáta éaga maidir le tacaíocht do ghníomhaíochtaí ESCE a bhaineann le mionairm, airm éadroma agus gnáth-armlón a laghdú i bPoblacht na Macadóine Thuaidh agus sa tSeoirsia

34

 

*

Cinneadh (CBES) 2020/905 ón gComhairle an 29 Meitheamh 2020 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2017/1428 chun tacú le cur chun feidhme Phlean Gníomhaíochta Maputo le haghaidh chur chun feidhme Choinbhinsiún 1997 maidir le Toirmeasc ar Úsáid, Stoc-Charnadh, Táirgeadh agus Aistriú Mianach Frithphearsanra agus maidir lena nDíothú

35

 

*

Cinneadh (CBES) 2020/906 ón gComhairle an 29 Meitheamh 2020 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2019/615 ón gComhairle maidir le tacaíocht ón Aontas do ghníomhaíochtaí in oirchill na Comhdhála Athbhreithnithe de chuid na bPáirtithe sa Chonradh maidir le Neamhleathadh Arm Núicléach (NPT) 2020

36

 

*

Cinneadh (CBES) 2020/907 ón gComhairle an 29 Meitheamh 2020 lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES maidir le bearta sriantacha I bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine

37

GA

Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo.

Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu.


II Gníomhartha neamhreachtacha

COMHAONTUITHE IDIRNÁISIÚNTA

30.6.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 207/1


CINNEADH (AE) 2020/899 ÓN gCOMHAIRLE

an 26 Meitheamh 2020

maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais agus a Bhallstáit, Prótacail lena leasaítear an Comhaontú Eitlíochta Eora-Mheánmhara idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Ríocht Haisimíteach na hIordáine, den pháirt eile, chun aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach a chur san áireamh

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) de, i gcomhar le hAirteagal 218(6)(a) de,

Ag féachaint d’Ionstraim Aontachais na Cróite, agus go háirithe don dara fomhír d’Airteagal 6(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le Cinneadh (AE) 2016/803 ón gComhairle (2), síníodh an Prótacal lena leasaítear an Comhaontú Eitlíochta Eora-Mheánmhara idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Ríocht Haisimíteach na hIordáine, den pháirt eile (3), chun aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach a chur san áireamh (“an Prótacal”), faoi réir a thabhairt i gcrích.

(2)

Ba cheart an Prótacal a fhormheas,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An Prótacal lena leasaítear an Comhaontú Eitlíochta Eora-Mheánmhara idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Ríocht Haisimíteach na hIordáine, den pháirt eile, chun aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach a chur san áireamh (4), formheastar é leis seo thar ceann an Aontais agus a Bhallstáit.

Airteagal 2

Déantar Uachtarán na Comhairle a údarú leis seo chun an duine (na daoine) a ainmniú a mbeidh de chumhacht aige nó aici nó acu an ionstraim formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 3 den Phrótacal a thaisceadh thar ceann an Aontais agus a Bhallstáit.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 26 Meitheamh 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. METELKO-ZGOMBIĆ


(1)  Toiliú an 12 Nollaig 2018 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Cinneadh (AE) 2016/803 ón gComhairle an 7 Bealtaine 2015 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh agus a Bhallstáit, agus cur i bhfeidhm sealadach Prótacail lena leasaítear an Comhaontú Eitlíochta Eora-Mheánmhara idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Ríocht Haisimíteach na hIordáine, den pháirt eile, chun aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach a chur san áireamh (IO L 132, 21.5.2016, lch. 79).

(3)  Tá téacs an Chomhaontaithe foilsithe in IO L 334, 6.12.2012, lch. 3.

(4)  Foilsíodh téacs an Phrótacail in IO L 132, 21.5.2016, lch. 81, in éineacht leis an gcinneadh maidir lena shíniú.


30.6.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 207/3


Fógra maidir le teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Shóisialach Vítneam

Tiocfaidh an Comhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Shóisialach Vítneam (1), a síníodh in Hanáí an 30 Meitheamh 2019, i bhfeidhm an 1 Lúnasa 2020.


(1)   IO L 186, 12.6.2020, lch. 3


RIALACHÁIN

30.6.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 207/4


RIALACHÁN (AE) 2020/900ÓN GCOMHAIRLE

an 25 Meitheamh 2020

lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1838 a mhéid a bhaineann le deiseanna iascaireachta áirithe le haghaidh 2020 i Muir Bhailt, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2020/123 a mhéid a bhaineann le deiseanna iascaireachta áirithe in 2020 in uiscí an Aontais agus in uiscí nach de chuid an Aontais iad

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2019/1838 ón gComhairle (1) socraítear na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme i Muir Bhailt le haghaidh 2020. Bunaítear leis tréimhsí coiscthe le haghaidh an dá stoc troisc, tréimhsí atá ina dtréimhsí sceite ag na stoic sin, lena mbaineann maolú le haghaidh soithí iascaireachta ar lú a bhfad iomlán ná 12 mhéadar a bhíonn ag iascaireacht le trealaimh éighníomhacha áirithe. Tá iascaireacht a dhéantar le sruthdhoruithe eisiata ón maolú. Mar sin féin, meastar gur cheart úsáid sruthdhoruithe a cheadú agus gur cheart dá réir í a áireamh leis an maolú, mar a rinneadh sna rialacháin maidir le deiseanna iascaireachta a bhí ann roimhe seo. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2019/1838 a leasú dá réir.

(2)

Le Rialachán (AE) 2020/123 ón gComhairle (2), socraítear le haghaidh 2020 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad.

(3)

Sa tuarascáil faoina sheisiún iomlánach an 16-20 Márta 2020, ba é an conclúid ón gCoiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (STECF), i gcás foghabhálacha faoitíní (Merlangius merlangus) sa Mhuir Cheilteach, gurb é an soc-fhoirceann mogaill mhuileataigh 100 mm le painéal de mhogall cearnógach 160 mm an cineál soc-fhoircinn is roghnaithí de na ceithre chineál a liostaítear sna bearta feabhais a leagtar amach i bpointe (a) d’Airteagal 13(1) de Rialachán (AE) 2020/123 lena socraítear deiseanna iascaireachta le haghaidh 2020. Ní raibh aon mheastacháin iontaofa ag STECF maidir le roghnaíocht trosc (Gadus morhua) sa soc-fhoirceann mogaill mhuileataigh 100 mm le painéal de mhogall cearnógach 160 mm. Dá bhrí sin, chun athshlánú an stoic faoitíní lena mbaineann a áirithiú, is iomchuí leanúint d’úsáid an chomhcheangail sin de shoc-fhoirceann agus painéal de mhogall cearnógach. D’fhonn athshlánú trosc sa Mhuir Cheilteach a áirithiú, ba cheart leanúint den soc-fhoirceann mogaill mhuileataigh 100 mm le painéal de mhogall cearnógach 160 mm a úsáid le líne iascaireachta ardaithe.

(4)

Tá an bhásmhaireacht iascaireachta (F) le haghaidh an troisc sa Mhuir Thuaidh (Gadus morhua) méadaithe ó bhí 2016 ann agus meastar anois go bhfuil sí os cionn an phointe thagartha um an ráta básmhaireachta san iascaireacht (Flim), i.e. pointe tagartha a mbeidh meánmhéid stoic ag pointe tagartha teorann i dtaca le bithmhais (Blim) mar thoradh air san fhadtéarma. Má dhéantar iascaireacht ar leibhéil os cionn Flim ídeofar an stoc dá bharr go leibhéil faoi bhun Blim. Mar thoradh air sin, tá bithmhais an stoic sceite (SSB) laghdaithe ó bhí 2015 ann agus meastar go bhfuil sé faoi bhun Blim.Is é Blim an pointe tagartha dá bhforáiltear sa chomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil, dá bhforálann an Chomhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES) go háirithe, arbh fhéidir go mbeadh acmhainneacht síolraithe laghdaithe faoina bhun. Thairis sin, bhí an earcaíocht tearc i gcónaí ó bhí 1998 ann, agus thar a bheith tearc in 2016 agus 2018.

(5)

I gcomhréir le hAirteagal 7(2) de Rialachán (AE) 2018/973 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) lena mbunaítear plean ilbhliantúil na Mara Thuaidh (4), i gcás ina léireofar leis an gcomhairle eolaíoch go bhfuil bithmhais stoic sceite aon cheann de na stoic éisc dá dtagraítear in Airteagal 1(1) den Rialachán sin faoi bhun Blim, tá bearta ceartaitheacha breise le glacadh chun a áirithiú go ndéanfar leibhéil an stoic éisc a athbhunú go tapa os cionn na leibhéal atá in ann uastáirgeacht inbhuanaithe (UTI) a tháirgeadh. Féadfar a áireamh ar na bearta ceartaitheacha sin go háirithe iascaireacht dhírithe an stoic lena mbaineann a chur ar fionraí agus laghdú leordhóthanach deiseanna iascaireachta le haghaidh na stoc sin nó le haghaidh stoc eile in iascaigh ina dtarlaíonn foghabhálacha trosc, nó lena n-aghaidh sin araon.

(6)

In éagmais Moladh Comhpháirteach ó ghrúpa réigiúnach Bhallstáit na Mara Thuaidh maidir le bearta níos fadtéarmaí, tá an Coimisiún ag moladh bearta teicniúla breise a thabhairt isteach atá nasctha go feidhmiúil leis na deiseanna iascaireachta le haghaidh 2020, i gcomhréir leis na gealltanais atá tugtha idir an tAontas agus an Iorua, atá comhsheasmhach leis an ráiteas comhpháirteach ón gCoimisiún Eorpach agus ón gComhairle.

(7)

D’fhonn gabhálacha na stoc éisc a socraítear gabhálacha iomlána incheadaithe (TACanna) ina leith a laghdú, ba cheart na deiseanna iascaireachta le haghaidh na n-iascach as a ngabhtar na stoic sin a shocrú ag leibhéil a chuidíonn le bithmhais na stoc leochaileach a athshlánú go leibhéal inbhuanaithe. Ba cheart bearta teicniúla atá nasctha go feidhmiúil le deiseanna iascaireachta a bhunú freisin. Ina fhorbhreathnú maidir le hiascach measctha le haghaidh na Mara Thuaidh, measann ICES go mbeidh na gabhálacha trosc tuairim is 40 000 tonna, is é sin i gcás nach dtiocfaidh aon athrú ar phatrúin iascaireachta agus i bhfianaise an aischuir neamhdhleathaigh a bhítear a dhéanamh. Chun an riosca go ndéanfaí gabhálacha i bhfad níos mó ná an TAC comhaontaithe a íoslaghdú, teastaíonn bearta breise chun gabhálacha a theorannú tuilleadh.

(8)

I gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear sna comhaontuithe nó sna prótacail ar an gcaidreamh iascaigh leis an Iorua (5), bhí comhairliúcháin maidir le cearta iascaireachta ag an Aontas leis an Iorua. Tá sé comhaontaithe ag na Páirtithe a mholadh dá n-údaráis ar leith bearta ceartaitheacha breise a thabhairt isteach chun an TAC a aontaíodh cheana i Nollaig 2019 a fhorlíonadh, ionas go soláthrófar cosaint bhreise ar bhonn sealadach do throisc idir óg agus aosach le linn 2020. Ba cheart a áireamh ar na bearta sin tréimhsí coiscthe séasúracha ar mhaithe le troisc óga a chosaint, limistéir shrianta lena mbaineann coinníollacha sonracha rochtana agus tabhairt isteach bearta nua atá bunaithe ar threalamh iascaireachta.

(9)

An 9 Márta 2020, d’eisigh ICES comhairle le haghaidh gabhálacha séaclaí Artacha (Pandalus borealis) i ranna 3a agus 4a Thoir ICES (Skagerrak, Kattegat, agus an taobh ó thuaidh den Mhuir Thuaidh i dTrinse na hIorua). Ar bhonn na comhairle sin agus i ndiaidh comhairliúcháin leis an Iorua, is iomchuí cuóta an Aontais le haghaidh séaclaí Artacha i roinn 3a ICES a shocrú ag 3 266 thona, i gcomhréir leis an UTI.

(10)

De réir chomhairle ICES an 14 Aibreán 2020, ní ceart gabhálacha salán (Sprattus sprattus) in uiscí an Aontais i bhfolimistéar 4 ICES (an Mhuir Thuaidh) agus i roinn 3a ICES (Skagerrak agus Kattegatt) a bheith níos mó ná 207 807 tona le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil 2020 go dtí an 30 Meitheamh 2021. Ba cheart, mar sin, na deiseanna iascaireachta le haghaidh salán a shocrú ag 169 778 in uiscí an Aontais i 2a ICES agus i bhfolimistéar 4 ICES, agus ag 38 029 tona i roinn 3a ICES le haghaidh na tréimhse sin, i gcomhréir leis an UTI.

(11)

Tá an TAC le haghaidh ainseabhaithe (Engraulis encrasicolus) i bhfolimistéir 9 agus 10 ICES agus in uiscí de chuid an Aontais a bhaineann leis an gCoiste Iascaigh um an Atlantach Thoir Láir (CECAF) 34.1.1. le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil 2020 go dtí an 30 Meitheamh 2021 socraithe ag nialas, go dtí go n-eiseofar an chomhairle eolaíoch le haghaidh na tréimhse sin. Eiseoidh ICES a chomhairle le haghaidh an stoic éisc sin ag deireadh Mheitheamh 2020. Chun a áirithiú go bhféadfar leanúint de ghníomhaíocht iascaireachta go dtí go socrófar an TAC ar bhonn na comhairle eolaíche is déanaí, ba cheart TAC sealadach 4 018 tona, arna bhunú ar na gabhálacha a rinneadh sa tríú ráithe de 2019, a bhunú. Ba cheart an TAC sealadach sin a leasú i gcomhréir le comhairle eolaíoch ICES.

(12)

I dTaifead Comhaontaithe na gComhairliúchán Iascaigh idir an Iorua agus an tAontas Eorpach le haghaidh 2020 an 19 Nollaig 2019, d’aontaigh na Páirtithe go ndéanfar líon breise 10 000 tona ar a mhéid a dheonú, anuas ar an 50 000 tona scadáin (Clupea harengus) arb é sin an líon comhaontaithe a dtugtar cead don Iorua é a ghabháil óna cuóta in uiscí an Aontais in 4a agus 4b agus is féidir leis an Aontas a ghabháil in uiscí na hIorua laisteas de 62°T, má iarann an Iorua nó an tAontas méadú den sórt sin. Ba cheart an comhaontú sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais.

(13)

Ag an gcruinniú bliantúil a bhí aici in 2020 a reáchtáladh ón 14 go dtí an 18 Feabhra 2020, d’athbhreithnigh an Eagraíocht Réigiúnach um Bainistíocht Iascaigh san Aigéan Ciúin Theas (SPRFMO) an beart caomhnaithe le haghaidh bolmán (Trachurus murphyi), nár cinneadh fós na deiseanna iascaireachta ina leith i Rialachán (AE) 2020/123. Ba cheart na bearta infheidhme a chur chun feidhme i ndlí an Aontais.

(14)

Ag an gcruinniú bliantúil a bhí aige a reáchtáladh ón 23 go dtí an 27 Meán Fómhair 2019, chinn Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh (NAFO) an t-iascach alfainsín thaibhsigh (Beryx splendens) a dhúnadh i bhfolimistéar 6 NAFO de bharr gurbh fhéidir go n-ídeofaí an stoc. Dá bhrí sin ba cheart an beart sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais agus an liosta speiceas atá faoi thoirmeasc a leasú dá réir.

(15)

Tá Moladh 16-05 ón gCoimisiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh (ICCAT), lenar laghdaíodh an TAC le haghaidh colgáin Mheánmhuirí (Xiphias gladius) in 2020, curtha chun feidhme cheana i ndlí an Aontais. In Eanáir 2020, áfach, d’eisigh Rúnaíocht ICCAT treoirlínte maidir le ríomh an TAC le haghaidh colgáin Mheánmhuirí. Mar thoradh air sin, caithfear cuóta an Aontais a nuashonrú dá réir.

(16)

Ag an gcruinniú bliantúil a bhí aige in 2019 a reáchtáladh ón 17 go dtí an 21 Meitheamh 2019, ghlac an Coimisiún um Thuinníní an Aigéin Indiaigh (IOTC) teorainneacha nua gabhála le haghaidh tuinníní buí (Thunnus albacares) nach ndéanann difear do theorainneacha gabhála an Aontais faoi chreat IOTC. Mar sin féin, laghdaigh sé na deiseanna úsáid a bhaint as feistí um chomhbhailiú éisc (FADanna), soithí soláthair agus baoithe gléasta freisin. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán AE 2020/123 a athrú tuilleadh chun a áirithiú go léirítear i gceart leis na rialacha cur chun feidhme na cinntí atá glactha ag na Páirtithe Conarthacha in IOTC.

(17)

I mí Iúil 2019, sa Séú Cruinniú de Pháirtithe Chomhaontú Iascaigh an Aigéin Indiaigh Theas (SIOFA), socraíodh bearta maidir le hiascaireacht ghrinnill agus teorannú iarrachta i limistéar an Chomhaontaithe. Cuireadh na bearta sin chun feidhme i ndlí an Aontais le Rialachán (AE) 2020/123. Mar sin féin, ba cheart tuilleadh athruithe a dhéanamh lena áirithiú go léirítear i gceart sna rialacha cur chun feidhme na cinntí atá glactha ag SIOFA maidir le teorainneacha le hiascaireacht ghrinnill.

(18)

Tugann an Coimisiún ceadúnais iascaireachta do shoithí a bhfuil bratach Veiniséala ar foluain acu chun a cheadú dóibh sclamhaire a ghabháil in uiscí de chuid na hEorpa amach ó chósta Ghuáin na Fraince. Foráiltear le Rialachán (AE) 2020/123 do dheonú 45 cheadúnas. Chun go n-eiseofar na húdaruithe sin, ní mór fianaise a sholáthar go bhfuil conradh bailí tugtha chun críche idir an longúinéir agus cuideachta próiseála atá lonnaithe i Roinn Ghuáin na Fraince. Le linn an phróisis údaraithe a bhíonn ar siúl idir dhá bhliain, ba cheart leanúnachas oibríochtaí iascaireachta a cheadú faoi choinníollacha áirithe.

(19)

I gcás soithí a bhíonn ag iascach spéirlintí ag baint úsáid as gléasanna áirithe i bhforanna 2a, 3a agus 4 ICES, ba cheart iad a bheith faoi réir tréimhsí toirmisc ón 1 Lúnasa go dtí an 31 Nollaig 2020 agus ón 1 Eanáir go dtí an 31 Márta 2021.

(20)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2020/123 a leasú dá réir.

(21)

Tá feidhm ag na teorainneacha gabhála dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2019/1838 agus Rialachán (AE) 2020/123 ón 1 Eanáir 2020. Dá bhrí sin ba cheart na forálacha maidir le teorainneacha gabhála a thugtar isteach leis an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm a luaithe is féidir. Maidir le hathruithe ar leibhéil TACanna, an maolú breise i Muir Bhailt agus an cead leanúnach trealamh a úsáid sa Mhuir Cheilteach, ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha ón 1 Eanáir 2020 ar aghaidh. Ós rud é nach bhfuil na deiseanna iascaireachta atá i gceist ídithe go fóill nó toisc go méadaítear iad agus go dtugtar isteach rialacha níos boige leis an Rialachán seo, ní dhéantar difear do phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla agus don phrionsabal i dtaobh ionchais dhlisteanacha a chosaint le cur i bhfeidhm cúlghabhálach an Rialacháin seo.

(22)

Chuathas i gcomhairle leis an Ríocht Aontaithe i gcomhréir le hAirteagal 130(1) den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, (6)

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasú ar Rialachán (AE) 2019/1838

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1838 i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Leasú ar Rialachán (AE) 2020/123

Leasaítear Rialachán (AE) 2020/123 mar a leanas:

(1)

In Airteagal 3, cuirtear isteach na pointí seo a leanas:

“(j)

ciallaíonn ‘baoi gléasta’ baoi atá marcáilte go soiléir le huimhir thagartha uathúil lenar féidir a úinéir a shainaithint agus atá feistithe le córas rianaithe satailíte chun faireachán a dhéanamh ar a shuíomh;

(k)

ciallaíonn ‘baoi oibríochtúil’ aon bhaoi gléasta, a rinneadh a ghníomhachtú, a chasadh air agus a imlonnú roimhe ar muir ar FAD nó loga le sruth, a tharchuireann suíomhanna agus aon fhaisnéis eile atá ar fáil amhail meastacháin sondálaí fuaime.”;

(2)

Cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

Airteagal 12a

Séasúir coiscthe iascaireachta le haghaidh spéirlintí

Toirmeascfar iascaireacht tráchtála a dhéanamh ar spéirlintí le trál grinnill, líon saighne ná trealamh tarraingthe comhchosúla ag a bhfuil mogallmhéid is lú ná 16 mm i ranna 2a agus 3a ICES agus i bhfolimistéar 4 ICES ón 1 Lúnasa go dtí an 31 Nollaig 2020 agus ón 1 Eanáir go dtí an 31 Márta 2021.”

(3)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheathrú fleasc de phointe (a) d’Airteagal 13(1):

“—

100 mm agus painéal de mhogall cearnógach 160 mm;”.

(4)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 14:

Airteagal 14

Bearta ceartaitheacha le haghaidh troisc sa Mhuir Thuaidh

1.   Leagtar amach in Iarscríbhinn IV na limistéir atá coiscthe don iascaireacht seachas le hiascaigh peiligeach (peas-saighne agus tráil) agus na tréimhsí a mbeidh feidhm ag na tréimhsí coiscthe lena linn.

2.   Soithí a bhíonn ag iascaireacht le tráil ghrinnill agus saighní lena mbaineann mogallmhéid íosta 70 mm in 4a agus 4b nó ar a laghad 90mm in 3a, agus spiléir (7), toirmiscfear orthu sin a bheith ag iascaireacht in uiscí de chuid an Aontais i roinn 4a ICES, lastuaidh de dhomhanleithead 58° 30′ 00 T agus laisteas de dhomhanleithead 61° 30′ 00 T agus in uiscí de chuid an Aontais i ranna 3a.20 (Skagerrak), 4a agus 4b ICES, lastuaidh de dhomhanleithead 57° 00′ 00 T agus lastoir de dhomhanfhad 5 00’ 00" O.

3.   De mhaolú ar mhír 2, féadfaidh soithí iascaireachta dá dtagraítear i mír 2 iascaireacht a dhéanamh sna limistéir dá dtagraítear i mír 1 ar choinníoll go gcomhlíontar leo ceann amháin ar a laghad de na critéir a leanas:

(a)

níl céatadán na ngabhálacha troisc níos mó ná 5 % de na gabhálacha iomlána in aghaidh an turais iascaireachta; soithí nach raibh a ngabhálacha trosc níos mó ná 5 % dá ngabhálacha iomlána sa tréimhse 2017-2019, glactar leis go gcomhlíonann siad an critéar sin ar choinníoll go leanann siad de bheith ag úsáid an trealaimh chéanna a bhí á úsáid acu le linn na tréimhse sin; d’fhéadfaí an toimhde sin a bhréagnú;

(b)

úsáidtear trál grinnill nó saighean rialáilte agus ardroghnaíoch, agus dá bharr sin, de réir staidéar eolaíoch, bíonn laghdú 30 % ann maidir le gabhálacha troisc i gcomparáid le soithí a dhéanann iascaireacht le mogallmhéid íosta do threalamh tarraingthe, mar a shonraítear i bpointe 1.1 de Chuid B d’Iarscríbhinn V de Rialachán (AE) 2019/1241; is féidir go ndéanfaidh STECF meastóireacht ar na staidéir sin; i gcás ina ndéanfadh STECF meastóireacht dhiúltach, ní mheasfar na trealaimh sin a thuilleadh mar threalaimh atá bailí lena n-úsáid sna limistéir a shainmhínítear i mír 2 den Airteagal seo;

(c)

maidir le soithí atá ag oibriú le grinnill nó saighní lena mbaineann mogallmhéid atá cothrom le 100 mm nó níos mó ná sin [TR1], úsáidtear na trealaimh ardroghnaíocha a leanas:

tráil bhoilg lena mbaineann mogallmhéid boilg íosta 600mm;

líne iascaireachta ardaithe (0.6 m);

painéal deighilte cothrománach ina bhfuil painéal éalaithe mogaill mhóir;

(d)

maidir le soithí atá ag oibriú le tráil ghrinnill nó saighní lena mbaineann mogallmhéid atá cothrom le 70 mm nó níos mó ná sin in 4a agus 90mm in 3a agus atá níos lú ná 100 mm TR2, úsáidtear na trealaimh ardroghnaíocha seo a leanas:

greille shórtála nach mó ná 50 mm an spás idir na barraí inti lena scartar na speicis d’iasc leathógach, agus d’iasc cruinn, agus ina bhfuil sceithbhealach iasc neamhbhlocáilte don iasc cruinn;

painéal Seltra agus méid mogall cearnach 300 mm ann;

greille shórtála nach mó ná 35 mm an spás idir na barraí inti, agus ina bhfuil sceithbhealach iasc neamhbhlocáilte;

(e)

tá soithí faoi réir plean náisiúnta seachanta trosc chun gabhálacha trosc a chothú i gcomhréir leis an mbásmhaireacht san iascaireacht a chomhfhreagraíonn do na deiseanna iascaireachta arna socrú, bunaithe ar leibhéil na comhairle eolaíche, trí bhearta spásúla nó teicniúla, nó meascán den dá chineál birt sin; ba cheart pleananna den sórt sin a mheasúnú tráth nach déanaí ná dhá mhí i ndiaidh a gcur chun feidhme, i gcás Bhallstáit an Aontais is é STECF a dhéanfaidh measúnú agus i gcás tríú tíortha is é an comhlacht eolaíoch náisiúnta a dhéanfaidh measúnú, agus nuair a mheastar gur gá, ba cheart na pleananna sin a athbhreithniú tuilleadh, má mheastar nach mbainfear cuspóir an phlean amach.

4.   Feabhsóidh na Ballstáit faireachán, rialú agus faireachas ar na soithí dá dtagraítear i mír 2 chun comhlíonadh na gcoinníollacha a shonraítear i bpointí (a) go (e) de mhír 3 a rialú.

(7)  Cóid trealaimh: OTB, OTT, OT, TBN, TBS, TB, TX, PTB, SDN, SSC, SX, LL, LLS.” "

(5)

In Airteagal 16(1), cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“(o)

alfainsín taibhseach (Beryx splendens) i bhfolimistéar 6 NAFO.”.

(6)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 27:

Airteagal 27

Sruthfheistí um chomhbhailiú éisc (FADanna) agus soithí tacaíochta

1.   Beidh sruthfheistí um chomhbhailiú éisc (FADanna) feistithe le baoithe gléasta. Tá cosc ar aon bhaoi eile, amhail baoithe raidió, a úsáid.

2.   Ní leanfaidh soitheach peas-saighne níos mó ná 300 baoi oibríochtúil ag aon tráth amháin.

3.   Is é 500 an t-uaslíon baoithe gléasta is féidir a fháil go bliantúil le haghaidh gach soithigh spiléireachta. Ní bheidh níos mó ná 500 baoi gléasta ag aon soitheach spiléireachta (idir bhaoithe atá sa stoc agus bhaoithe oibríochtúla) tráth ar bith.

4.   Uaslíon dhá shoitheach soláthair mar thaca le líon nach lú ná cúig shoitheach peas-saighne a bheidh sa líon soithí soláthair, agus bratach Ballstáit ar foluain acu uile. Ní bheidh feidhm ag an bhforáil seo maidir le Ballstáit nach mbainfidh úsáid ach as an aon soitheach soláthair amháin.

5.   Ní bheidh níos mó ná an t-aon soitheach soláthair amháin mar thaca ag soitheach peas-saighne ar a mbeidh bratach Ballstáit ar foluain tráth ar bith.

6.   Ní chláróidh an tAontas soithí soláthair nua nó breise i gclár soithí údaraithe IOTC.”.

(7)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 46:

Airteagal 46

Teorainneacha le hiascaireacht ghrinnill

Áiritheoidh Ballstáit, maidir le soithí a bhfuil a mbratach ar foluain acu a bhíonn ag iascaireacht i Limistéar Chomhaontú SIOFA:

(a)

go mbeidh srian ag na soithí céanna ar a n-iarracht iascaireachta grinnill bhliantúil agus a ngabhálacha ó iascaireacht ghrinnill, ionas nach sárófar an meánleibhéal bliantúil a bhí acu sna blianta sin nuair a bhí siad gníomhach i Limistéar Chomhaontú SIOFA, thar tréimhse ionadaíoch a bhfuil sonraí atá fógartha don Choimisiún ann lena haghaidh;

(b)

nach méadóidh siad dáileadh spásúil a n-iarrachta iascaireachta grinnill, iarracht nach n-áirítear léi modhanna líne agus gaiste, thar limistéir ina ndearnadh iascaireacht le blianta beaga anuas;

(c)

nach n-údaraítear dóibh a bheith ag iascaireacht i limistéir Atlantis Bank, Coral, Fools Flat, Middle of What, ná Walter’s Shoal, ar limistéir iad atá faoi chosaint eatramhach, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn IK, seachas más modhanna líne agus gaiste a úsáideann siad agus ar an gcoinníoll breathnóir eolaíoch a bheith ar bord acu i gcónaí le linn dóibh a bheith ag iascach sna limistéir sin.”.

(8)

Cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad Airteagal 51:

Airteagal 51

Séasúir coiscthe iascaireachta

Soithí tríú tír a údaraítear chun spéirlintí agus foghabhálacha gaolmhara a iascach in uiscí an Aontais i bhfolimistéar 4 ICES, ní dhéanfaidh siad spéirlintí a iascach san fholimistéar sin le trál grinnill, líon saighne ná trealamh tarraingthe comhchosúla ag a bhfuil mogallmhéid is lú ná 16 mm le linn na dtréimhsí seo a leanas:

(a)

ón 1 Lúnasa go dtí an 31 Nollaig 2020;

(b)

ón 1 Eanáir go dtí an 31 Márta 2021.”.

(9)

Leasaítear Iarscríbhinní, IA, ID, IH agus V i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag Airteagal 1 agus pointe (3) d’Airteagal 2 agus pointe (9) d’Airteagal 2 i gcomhcheangal le pointí 1(a) agus (e) agus le pointí 2 agus 3 d’Iarscríbhinn II ón 1 Eanáir 2020.

Beidh feidhm ag pointí (1), (2) agus (5) go (8) d’Airteagal 2 agus ag pointe (9) d’Airtegal 2 i gcomhcheangal le pointí 1(b), (c) agus (d) agus le pointe 4 d’Iarscríbhinn II ón 1 Iúil 2020.

Beidh feidhm ag pointe (4) d’Airteagal 2 ón 15 Lúnasa 2020.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Meitheamh 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. METELKO-ZGOMBIĆ


(1)  Rialachán (AE) 2019/1838 ón gComhairle an 30 Deireadh Fómhair 2019 lena socraítear le haghaidh 2020 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme i Muir Bhailt, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/124 maidir le deiseanna iascaireachta áirithe in uiscí eile (IO L 281, 31.10.2019, lch. 1).

(2)  Rialachán (AE) 2020/123 ón gComhairle an 27 Eanáir 2020 lena socraítear le haghaidh 2020 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc, is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad (IO L 25, 30.1.2020, lch. 1)

(3)  Rialachán (AE) 2020/123 ón gComhairle an 27 Eanáir 2020 lena socraítear le haghaidh 2020 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc, is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad (IO L 25, 30.1.2020, lch. 1).

(4)  Rialachán (AE) 2018/973 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 lena mbunaítear plean ilbhliantúil do stoic ghrinnill sa Mhuir Thuaidh agus don iascach a shaothraíonn na stoic sin, lena sonraítear mionsonraí maidir le cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír sa Mhuir Thuaidh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 676/2007 agus Rialachán (CE) Uimh. 1342/2008 ón gComhairle (IO L 179, 16.7.2018, lch. 1).

(5)  An Comhaontú ar iascaigh idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Ríocht na hIorua (IO L 226, 29.8.1980, lch. 48).

(6)   IO L 29, 31.1.2020, lch. 7.


IARSCRÍBHINN I

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1838 mar a leanas:

(1)

Sa tábla deiseanna iascaireachta le haghaidh troisc i bhforanna 25-32 ICES, cuirtear an méid seo a leanas in áit fhonóta 2:

“(2)

I bhforanna 25 agus 26 beidh toirmeasc ar iascaireacht an chuóta seo ón 1 Bealtaine go dtí an 31 Lúnasa.

De mhaolú ar an gcéad mhír, féadfar tabhairt faoi oibríochtaí iascaireachta ar chun críche imscrúduithe eolaíocha iad agus chun na críche sin amháin, ar choinníoll go ndéanfar na himscrúduithe céanna go hiomlán i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2019/1241.

De mhaolú ar an gcéad mhír, ní bheidh feidhm ag an tréimhse choiscthe sin maidir le soithí iascaireachta de chuid an Aontais ar lú a bhfad iomlán ná 12 mhéadar agus a mbíonn siad ag iascaireacht le heangacha geolbhaigh, líonta fostúcháin nó líonta traimlí, le doruithe grinneallsocraithe, spiléir, doruithe láimhe agus trealamh díreoige, nó gléasanna iascaireachta éighníomhacha eile i limistéir inar lú ná 20 méadar doimhneacht an uisce de réir na gcomhordanáidí ar an gcairt loingseoireachta oifigiúil arna heisiúint ag na húdaráis náisiúnta inniúla. Áiritheoidh máistrí na soithí iascaireachta sin go bhféadfaidh údaráis rialúcháin inniúla an Bhallstáit faireachán a dhéanamh ar a ngníomhaíochtaí iascaireachta am ar bith.”;

(2)

Sa tábla deiseanna iascaireachta le haghaidh troisc i bhforanna 22-24 ICES, cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhonótaí 1 agus 2:

“(1)

I bhforoinn 24 le haghaidh foghabhálacha amháin. Ní cheadaítear iascaigh dhírithe faoin gcuóta seo i bhforoinn 24.

De mhaolú ar an gcéad mhír, féadfar tabhairt faoi oibríochtaí iascaireachta, ar chun críche imscrúduithe eolaíocha iad agus chun na críche sin amháin, a dhíriú ar an trosc ar choinníoll go ndéanfar na himscrúduithe sin i gcomhréir iomlán leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2019/1241.

De mhaolú ar an gcéad mhír, ceadófar iascaireacht an chuóta seo i bhforoinn 24 maidir le soithí iascaireachta de chuid an Aontais ar lú a bhfad iomlán ná 12 mhéadar agus a mbíonn siad ag iascaireacht le heangacha geolbhaigh, líonta fostúcháin nó líonta traimlí, le doruithe grinneallsocraithe, spiléir, doruithe láimhe agus trealamh díreoige, nó gléasanna iascaireachta éighníomhacha eile i limistéir atá suas le sé mhuirmhíle arna dtomhas ó na bonnlínte agus inar lú ná 20 méadar doimhneacht an uisce de réir na gcomhordanáidí ar an gcairt loingseoireachta oifigiúil arna heisiúint ag na húdaráis náisiúnta inniúla. Áiritheoidh máistrí na soithí iascaireachta sin go bhféadfaidh údaráis rialúcháin inniúla an Bhallstáit faireachán a dhéanamh ar a ngníomhaíochtaí iascaireachta am ar bith.

(2)

Beidh toirmeasc ar iascaireacht an chuóta seo i bhforanna 22 agus 23 ón 1 Feabhra go dtí an 31 Márta, agus i bhforoinn 24 ón 1 Meitheamh go dtí an 31 Iúil.

De mhaolú ar an gcéad mhír, féadfar tabhairt faoi oibríochtaí iascaireachta ar chun críche imscrúduithe eolaíocha iad agus chun na críche sin amháin, ar choinníoll go ndéanfar na himscrúduithe céanna go hiomlán i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2019/1241.

De mhaolú ar an gcéad mhír, ní bheidh feidhm ag an tréimhse choiscthe sin maidir le soithí iascaireachta de chuid an Aontais ar lú a bhfad iomlán ná 12 mhéadar agus a mbíonn siad ag iascaireacht le heangacha geolbhaigh, líonta fostúcháin nó líonta traimlí, le doruithe grinneallsocraithe, spiléir, doruithe láimhe agus trealamh díreoige, nó gléasanna iascaireachta éighníomhacha eile i limistéir inar lú ná 20 méadar doimhneacht an uisce de réir na gcomhordanáidí ar an gcairt loingseoireachta oifigiúil arna heisiúint ag na húdaráis náisiúnta inniúla. Áiritheoidh máistrí na soithí iascaireachta sin go bhféadfaidh údaráis rialúcháin inniúla an Bhallstáit faireachán a dhéanamh ar a ngníomhaíochtaí iascaireachta am ar bith.”.


IARSCRÍBHINN II

Leasaítear Iarscríbhinní IA, ID, IH agus V a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/123 mar a leanas:

(1)

Leasaítear Iarscríbhinn IA mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in áit an tábla deiseanna iascaireachta le haghaidh scadáin in uiscí de chuid an Aontais agus uiscí de chuid na hIorua in 4 lastuaidh de 53° 30′ T:

“Speiceas:

an séacla Artach (1)

Limistéar:

Union and Norwegian waters of 4 north of 53° 30′ N

Clupea harengus

(HER/4AB.)

An Danmhairg

59 468

 

TAC anailíseach

Tá feidhm ag Airteagal 7(2) den Rialachán seo

An Ghearmáin

39 404

 

An Fhrainc

20 670

 

An Ísiltír

51 717

 

An tSualainn

3 913

 

An Ríocht Aontaithe

55 583

 

An tAontas

230 755

 

Oileáin Fharó

250

 

An Iorua

111 652

 (2)

TAC

385 008

 

Coinníoll speisialta: laistigh de theorainneacha na gcuótaí thuasluaite, ní fhéadfaidh an tAontas níos mó ná na cainníochtaí a thugtar thíos a thógáil in uiscí na hIorua laisteas de 62° T. Deonófar cainníocht bhreise 10 000 tona ar a mhéid má iarrann an tAontas méadú den sórt sin.

Uiscí na hIorua laisteas de 62° T(HER/*04N-)

50 000 ”

(b)

an tábla deiseanna iascaireachta le haghaidh ainseabhaithe i bhfolimistéir 9 agus 10 ICES; Cuirtear an méid seo a leanas in áit uiscí de chuid an Aontais i roinn 34.1.1. CECAF:

“Speiceas:

an t-Ainseabhaí

Limistéár:

9 agus 10; uiscí de chuid an Aontais i roinn 34.1.1 CECAF

Engraulis encrasicolus

(ANE/9/3411)

An Spáinn

1 922

 (3)

TAC réamhchúraim

An Phortaingéil

2 096

 (3)

An tAontas

4 018

 (3)

TAC

4 018

 (3)

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in áit an tábla deiseanna iascaireachta le haghaidh an tséacla Artaigh i roinn 3a ICES:

“Speiceas:

an séacla Artach

Limistéár:

3a

Pandalus borealis

(PRA/03A)

An Danmhairg

2 123

 

TAC anailíseach”

An tSualainnl

1 143

 

An tAontas

3 266

 

TAC

6 115

 

(d)

cuirtear isteach an tábla deiseanna iascaireachta seo a leanas le haghaidh salán agus foghabhálacha gaolmhara in uiscí de chuid an Aontais i roinn 3a ICES:

“Speiceas:

an salán agus foghabhálacha gaolmhara

Limistéar

3a

Sprattus sprattus

(SPR/03A.2)

An Danmhairg

25 482

 (4)  (5)

TAC anailíseach

An Ghearmáin

53

 (4)  (5)

An tSualainn

9 642

 (4)  (5)

An tAontas

35 177

 (4)  (5)

TAC

38 029

 (5)

(e)

cuirtear an méid seo a leanas in áit an tábla deiseanna iascaireachta le haghaidh salán agus foghabhálacha gaolmhara in uiscí de chuid an Aontais i roinn 2a agus folimistéar 4 ICES:

“Speiceas:

an salán agus foghabhálacha gaolmhara

Limistéar:

uiscí de chuid an Aontais in 2a agus 4

Sprattus sprattus

(SPR/2AC4-C)

An Bheilg

1 821

 (6)  (7)

TAC anailíseach

An Danmhairg

144 154

 (6)  (7)

 

An Ghearmáin

1 821

 (6)  (7)

 

An Fhrainc

1 821

 (6)  (7)

 

An Ísiltír

1 821

 (6)  (7)

 

An tSualann

1 330

 (6)  (7)  (8)

 

An Ríocht Aontaithe

6 010

 (6)  (7)

 

An tAontas

158 778

 (6)  (7)

 

An Iorua

10 000

 (6)

 

Oileáin Fharó

1 000

 (6)  (9)

 

TAC

169 778

 (6)

 

(2)

In Iarscríbhinn ID, cuirtear an méid seo a leanas in áit an tábla deiseanna iascaireachta le haghaidh colgáin sa Mheánmhuir:

“Speiceas

an colgán

Xiphias gladius

Limistéar:

An Mheánmhuir

(SWO/MED)

An Chróit

14,60

 (10)

TAC anailíseach

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.

An Chipir

53,85

 (10)

An Spáinn

1 663,34

 (10)

An Fhrainc

115,93

 (10)

An Ghréig

1 101,10

 (10)

An Iodáil

3 409,98

 (10)

Málta

404,55

 (10)

An tAontas

6 763,35

 (10)

TAC

9 583,07

 

(3)

In Iarscríbhinn IH, cuirtear an méid seo a leanas in áit an tábla deiseanna iascaireachta le haghaidh bolmáin i limistéar choinbhinsiún SPRFMO:

“Speiceas:

an bolmán

Trachurus murphyi

Limistéar:

Limistéar Choinbhinsiún SPRFMO

(CJM/SPRFMO)

An Ghearmáin

10 446,80

 

TAC anailíseach

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96”

An Ísiltír

11 323,26

 

An Liotuáin

7 269,16

 

An Pholainn

12 498,78

 

An tAontas

41 538

 

TAC

Ní bhaineann le hábhar

 

(4)

In Iarscríbhinn V, i gcuid B an tábla maidir leis “An líon uasta údaruithe iascaireachta le haghaidh soithí tríú tír a dhéanann iascaireacht in uiscí an Aontais”, cuirtear an méid seo a leanas in áit fhonóta 1:

“(1)

Ionas go bhféadfar na húdaruithe iascaireachta sin a eisiúint, ní mór cruthúnas a chur ar fáil go bhfuil conradh bailí ann idir úinéir an tsoithigh ag a bhfuil iarratas á dhéanamh ar údarú iascaireachta agus gnóthas próiseála atá lonnaithe i Roinn Ghuáin na Fraince, agus go gcuimsítear ann oibleagáid chun 75 % ar a laghad de na gabhálacha sclamhairí uile ón soitheach sin a thabhairt i dtír sa roinn sin ionas go bhféadfar iad a phróiseáil i monarcha an ghnóthais sin. Ní mór d’údaráis na Fraince conradh den sórt sin a fhormhuiniú, agus áiritheofar leis an bhformhuiniú sin go bhfuil an conradh comhsheasmhach le cumas iarbhír an ghnóthais próiseála chonarthaigh agus leis na cuspóirí chun geilleagar na Guáine a fhorbairt. Cuirfear cóip den chonradh atá formhuinithe mar is cuí i gceangal leis an iarratas ar údarú iascaireachta. I gcás ina ndiúltaítear d’fhormhuiniú den sórt sin, tabharfaidh údaráis na Fraince fógra faoin diúltú sin agus luafaidh siad na cúiseanna a bhí acu leis don pháirtí lena mbaineann agus don Choimisiún. Féadfaidh soitheach iascaireachta a bhfuil bratach Veiniséala ar foluain aige agus é údaraithe gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanamh in 2020 leanúint den iascaireacht go dtí an 1 Aibreán 2021, go dtí go n-athnuafar an t-údarú iascaireachta atá aige agus ar choinníoll:

go bhfuil conradh soláthair nua sínithe ag oibreoir an tsoithigh le haghaidh 2021,

go bhfuil na nósanna imeachta um athnuachan údaraithe ar siúl faoi láthair maidir leis an soitheach sin,

gur chomhlíon oibreoir an tsoithigh a oibleagáidí tuairiscithe agus a oibleagáidí conarthacha gabhálacha a thabhairt i dtír in 2020.

Téann an síneadh ama sin in éag ar dháta teacht i bhfeidhm chinneadh an Choimisiún lena n-eisítear údarú iascaireachta le haghaidh 2021 don soitheach, nó nuair a fhaightear fógra ón gCoimisiún gur diúltaíodh údarú a thabhairt.”.


(1)  Gabhálacha scadán a thógtar in iascaigh a úsáideann líonta a bhfuil méid a mogaill cothrom le 32 mm nó níos mó ná sin.

(2)  Gabhálacha a thógtar laistigh den chuóta seo, asbhainfear iad ó sciar na hIorua den TAC. Laistigh de theorainn an chuóta seo, ní fhéadfar níos mó ná an chainníocht a thugtar thíos a thógáil in uiscí de chuid an Aontais in 4a agus 4b (HER/*4AB-C). Deonófar cainníocht bhreise 10 000 tona ar a mhéid má iarrann an Iorua méadú den sórt sin.

50 000

(3)  Ní fhéadfar an cuóta a ghabháil ach ón 1 Iúil 2020 go dtí an 30 Meán Fómhair 2020.”

(4)  Féadfaidh suas le 5 % den chuóta a bheith ina fhoghabhálacha faoitíní (OTH/*2AC4C). Foghabhálacha faoitíní arna gcomhaireamh in aghaidh an chuóta de bhun na forála seo agus foghabhálacha speiceas arna gcomhaireamh in aghaidh an chuóta de bhun Airteagal 15(8) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ní rachaidh siad, i dteannta a chéile, thar 9 % den chuóta.

(5)  Ní fhéadfar an cuóta a ghabháil ach ón 1 Iúil 2020 go dtí an 30 Meitheamh 2021.”

(6)  Ní fhéadfar an cuóta a ghabháil ach ón 1 Iúil 2020 go dtí an 30 Meitheamh 2021.

(7)  Féadfaidh suas le 2 % den chuóta a bheith ina fhoghabhálacha faoitíní (OTH/*2AC4C). Foghabhálacha faoitíní arna gcomhaireamh in aghaidh an chuóta de bhun na forála seo agus foghabhálacha speiceas arna gcomhaireamh in aghaidh an chuóta de bhun Airteagal 15(8) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ní rachaidh siad, i dteannta a chéile, thar 9 % den chuóta.

(8)  Lena n-áirítear spéirlintí.

(9)  Féadfaidh suas le 4 % de a bheith ina fhoghabhálacha scadán.”

(10)  Ní fhéadfar an cuóta seo a ghabháil ach ón 1 Aibreán go dtí an 31 Nollaig.”


CINNTÍ

30.6.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 207/15


CINNEADH (CBES) 2020/901 ÓN gCOMHAIRLE

an 29 Meitheamh 2020

maidir le tacaíocht an Aontais do ghníomhaíochtaí Choimisiún Ullmhúcháin Eagraíocht an Chonartha um Chosc Cuimsitheach ar Thrialacha Núicléacha (CTBTO) chun a chumas faireacháin agus fíoraithe a neartú agus faoi chuimsiú chur chun feidhme Straitéis an AE I gcoinne Leathadh Arm Ollscriosta

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 28(1) agus Airteagal 31(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 12 Nollaig 2003, ghlac an Chomhairle Eorpach Straitéis an Aontais i gcoinne Leathadh Arm Ollscriosta (“an Straitéis”), ina bhfuil, i gCaibidil III, liosta de na bearta is gá a dhéanamh laistigh den Aontas agus i dtríú tíortha chun an leathadh sin a chomhrac.

(2)

Tá an Straitéis á cur chun feidhme go gníomhach ag an Aontas agus tá éifeacht á tabhairt aige do na bearta atá liostaithe i gCaibidil III di, go háirithe trí acmhainní airgeadais a scaoileadh chun tacú le tionscadail shonracha arna seoladh ag institiúidí iltaobhacha, amhail Rúnaíocht Theicniúil Shealadach Eagraíocht an Chonartha um Chosc Cuimsitheach ar Thrialacha Núicléacha (CTBTO).

(3)

An 17 Samhain 2003, ghlac an Chomhairle Comhsheasamh 2003/805/CBES (1) maidir le huiliú agus le comhaontuithe iltaobhacha a neartú i réimse neamhleathadh arm ollscriosta agus a modh seachadta. Leis an gcomhsheasamh sin, iarrtar, inter alia, go ndéanfaí síniú agus daingniú an Chonartha um Chosc Cuimsitheach ar Thrialacha Núicléacha (CTBT) a chur chun cinn.

(4)

Tá cinneadh déanta ag na Stáit is Sínitheoirí le CTBT Coimisiún Ullmhúcháin a bhunú, dá dtabharfar inniúlacht dhlítheanach agus a bheidh ina eagraíocht idirnáisiúnta chun cur chun feidhme éifeachtach CTBT a chur i gcrích, go dtí go mbunófar CTBTO.

(5)

Cuspóirí tábhachtacha den Straitéis is ea teacht i bhfeidhm luath agus uiliú CTBT agus córas faireacháin agus fíoraithe Choimisiún Ullmhúcháin CTBTO a neartú. Sa chomhthéacs sin, leis na trialacha núicléacha a rinne Daon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré, leagadh béim bhreise ar a thábhachtaí atá teacht i bhfeidhm luath CTBT agus an gá atá le córas faireacháin agus fíoraithe CTBT a choimeád agus a neartú.

(6)

In “Securing our Common Future: an Agenda for Disarmament” [Ár dTodhchaí Chomhchoiteann a Dhaingniú: Clár Oibre um Dhí-Armáil], luaigh Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe tríd an gConradh um Chosc Cuimsitheach ar Thrialacha Núicléacha, gur cuireadh moill ar rás na n-arm trí shrian a chur le hardchineálacha arm núicléach a fhorbairt agus ina theannta sin, go bhfuil sé ina bhacainn normatach chumhachtach ar Stáit a d’fhéadfadh iarracht a dhéanamh airm núicléacha a fhorbairt, a mhonarú agus a fháil ina dhiaidh sin de shárú ar a ngealltanais maidir le neamhleathadh.

(7)

Faoi chuimsiú chur chun feidhme na Straitéise, ghlac an Chomhairle trí Ghníomhaíocht Chomhpháirteacha agus ceithre Chinneadh maidir le tacaíocht do ghníomhaíochtaí Choimisiún Ullmhúcháin CTBTO, eadhon Gníomhaíochtaí Chomhpháirteacha 2006/243/CBES (2), 2007/468/CBES (3) agus 2008/588/CBES (4), agus Cinntí 2010/461/CBES (5), 2012/699/CBES (6), (CBES) 2015/1837 (7) agus (CBES) 2018/298 ón gComhairle (8).

(8)

Ba cheart leanúint den tacaíocht sin a thugann an tAontas.

(9)

Ba cheart cur chun feidhme teicniúil an Chinnidh seo a chur ar iontaoibh Choimisiún Ullmhúcháin CTBO arb é an t-aon eagraíocht idirnáisiúnta a bhfuil sé de chumas aige agus a bhfuil an dlisteanacht aige an Cinneadh seo a chur chun feidhme ar bhonn a chuid saineolais agus a chuid cumas uathúil trí líonra an Chórais Faireacháin Idirnáisiúnta (IMS), lena gcuimsítear níos mó ná 337 saoráid ar fud an domhain agus tríd an Ionad Sonraí Idirnáisiúnta (IDC). Ní féidir na tionscadail a fhaigheann tacaíocht ón Aontas a mhaoiniú ach amháin trí ranníocaíocht sheachbhuiséadach le Coimisiún Ullmhúcháin CTBTO,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Chun leanúint den Straitéis a chur chun feidhme go héifeachtach, tabharfaidh an t-Aontas tacaíocht do ghníomhaíochtaí Choimisiún Ullmhúcháin an CTBTO, arb é is aidhm dóibh:

(a)

cumais chóras faireacháin agus fíoraithe an CTBT a neartú, lena n-áirítear brath radanúiclíde;

(b)

cumais na Stát is Sínitheoirí le CTBT a neartú chun a bhfreagrachtaí maidir le fíorú faoi CTBT a chomhlíonadh agus chun cur ar a gcumas tairbhe iomlán a bhaint as a rannpháirtíocht i gcóras CTBT.

2.   Leis na tionscadail atá le maoiniú ag an Aontas, tabharfar tacaíocht don mhéid seo a leanas:

(a)

cothabháil na stáisiún seismeach cúnta deimhnithe, atá mar chuid de IMS CTBTO;

(b)

rannpháirtíocht leis na Stáit is Sínitheoirí, lena n-áirítear córais theicniúla a bhailíochtú agus a thástáil trí úsáid a bhaint as an Néalteicneolaíocht le haghaidh chéim 3 d’Athstruchtúrú an IDC;

(c)

an tsamhail Fheabhsaithe Ardthaifeach um Iompar Atmaisféarach a fhorbairt;

(d)

staidéar a dhéanamh ar fheabhsuithe feidhmíochta a d’fhéadfaí a dhéanamh ar ionsamhlúcháin FLEXPART trí dhlús a chur leis an Aonad Próiseála Grafaice;

(e)

uirlis meastóra cúlra a fhorbairt chun an sciar de radaixeanón i mbraith ag stáisiúin IMS a chainníochtú;

(f)

uirlis meastóra téarma foinse a fhorbairt;

(g)

deasc chabhrach agus tacaíocht níos fearr a chur ar fáil d’ardán an lárionaid fhíorúil um shaothrú sonraí;

(h)

leanúint de na feachtais shoghluaiste tomhaiste radaixeanóin i réigiúin éagsúla ar fud an domhain;

(i)

cúnamh teicniúil a sholáthar lena n-áirítear fothú acmhainneachta comhtháite agus for-rochtain amhail feabhas a chur ar chumais uathphróiseála seismeach, hidreafhuaimiúil, infreafhuaime (SHI) maidir le NDC-in-a-Box mar aon le rochtain do na Lárionaid Náisiúnta Sonraí (NDCanna) ar tháirgí agus seirbhísí IDC caighdeán-chomhlíontacha de;

(j)

tacaíocht a thabhairt don oiliúint, do cheardlanna agus don obair leantach maidir le NDCanna i dtíortha atá i mbéal forbartha ar fud an domhain, agus córais forbairt acmhainní do NDCanna a fháil agus a chothabháil;

(k)

tacú le héabhlóid agus le homaiginiú na próiseála teicneolaíochta il-tonnchrutha agus an chórais idirghníomhaigh il-tonnchrutha;

(l)

bunchúrsaí réigiúnacha foinse oscailte ar an tionchar seismeach a eagrú do dhá réigiún gheografacha CTBT;

(m)

for-rochtain a dhéanamh ar na tíortha nár shínigh ná nár dhaingnigh CTBT lena n-áirítear Stáit a n-éilítear a síniú agus a ndaingniú chun go dtiocfaidh CTBT i bhfeidhm, agus chun go ndéanfar acmhainní don óige, do na parlaiminteoirí, do na hiriseoirí agus do na heolaithe a fhorbairt i dtíortha atá i mbéal forbartha nó atá ag teacht chun cinn.

3.   Áiritheofar infheictheacht an Aontais chomh maith le bainistiú cuí an chláir maidir leis an gCinneadh seo a chur chun feidhme, agus na tionscadail dá dtagraítear i mír 2 á gcur chun feidhme.

4.   Déanfar na tionscadail a chur i gcrích chun leas na Stát is Sínitheoirí uile le CTBT.

5.   Tabharfar tacaíocht do gach comhpháirt de na tionscadail le gníomhaíochtaí for-rochtana poiblí atá réamhghníomhach agus nuálach agus leithdháilfear acmhainní dá réir sin.

6.   Leagtar síos tuairisc mhionsonraithe ar na tionscadail sin san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

1.   Beidh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (“an tArdrúnaí”) freagrach as an gCinneadh seo a chur chun feidhme.

2.   Is é Coimisiún Ullmhúcháin CTBTO a dhéanfaidh cur chun feidhme teicniúil na dtionscadal dá dtagraítear in Airteagal 1(2) a chur i gcrích. Is faoi rialú an Ardrúnaí a chuirfear an cúram sin i gcrích. Chun na críche sin, rachaidh an tArdionadaí i mbun na socruithe is gá le Coimisiún Ullmhúcháin CTBTO.

Airteagal 3

1.   Is é EUR 6 288 892,37 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais chun na tionscadail dá dtagraítear in Airteagal 1(2) a chur chun feidhme.

2.   Déanfar an caiteachas a mhaoineofar leis an méid a leagtar amach i mír 1 a bhainistiú i gcomhréir leis na nósanna imeachta agus na rialacha is infheidhme maidir le buiséad an Aontais.

3.   Déanfaidh an Coimisiún Eorpach maoirseacht ar bhainistiú cuí an mhéid tagartha airgeadais dá dtagraítear i mír 1. Chun na críche sin, tabharfaidh sé comhaontú maoiniúcháin le Coimisiún Ullmhúcháin CTBTO i gcrích. Leagfar síos sa chomhaontú maoiniúcháin go n-áiritheoidh Coimisiún Ullmhúcháin CTBTO infheictheacht ranníocaíocht an Aontais, i gcomhréir lena mhéid.

4.   Déanfaidh an Coimisiún Eorpach iarracht an comhaontú airgeadais dá dtagraítear i mír 3 a thabhairt chun críche a luaithe is féidir tar éis theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo. Cuirfidh sé an Chomhairle ar an eolas maidir le haon deacrachtaí sa phróiseas sin agus maidir leis an dáta a dtabharfar an comhaontú airgeadais i gcrích.

Airteagal 4

1.   Tuairisceoidh an tArdionadaí don Chomhairle maidir le cur chun feidhme an Chinnidh seo ar bhonn thuarascálacha rialta arna n-ullmhú ag Coimisiún Ullmhúcháin CTBTO. Beidh na tuarascálacha sin mar bhonn don mheastóireacht a dhéanfaidh an Chomhairle.

2.   Soláthróidh an Coimisiún Eorpach faisnéis faoi ghnéithe airgeadais de chur chun feidhme na dtionscadal dá dtagraítear in Airteagal 1(2).

Airteagal 5

1.   Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

2.   Rachaidh an Cinneadh seo in éag 36 mhí tar éis an dáta a dtabharfar an comhaontú maoiniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 3(3) i gcrích nó sé mhí tar éis an dáta a nglacfar é mura mbeidh aon chomhaontú maoiniúcháin tugtha i gcrích laistigh den tréimhse sin.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 29 Meitheamh 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. METELKO-ZGOMBIĆ


(1)  Comhsheasamh 2003/805/CBES ón gComhairle an 17 Samhain 2003 maidir le huiliú agus le comhaontuithe iltaobhacha a neartú i réimse neamhleathadh arm ollscriosta agus a modh seachadta (IO L 302, 20.11.2003, lch. 34).

(2)  Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2006/243/CBES ón gComhairle an 20 Márta 2006 maidir le tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí Choimisiún Ullmhúcháin Eagraíocht an Chonartha um Chosc Cuimsitheach ar Thrialacha Núicléacha (CTBTO) i réimse na hoiliúna agus an fhothaithe acmhainneachta maidir le fíorú agus faoi chuimsiú chur chun feidhme Straitéis an Aontais i gcoinne leathadh arm ollscriosta (IO L 88, 25.3.2006, lch. 68).

(3)  Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2007/468/CBES ón gComhairle an 28 Meitheamh 2007 maidir le tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí Choimisiún Ullmhúcháin Eagraíocht an Chonartha um Chosc Cuimsitheach ar Thrialacha Núicléacha (CTBTO) chun a chumais faireacháin agus fíoraithe a neartú agus faoi chuimsiú chur chun feidhme straitéis an Aontais Eorpaigh i gcoinne leathadh arm ollscriosta (IO L 176, 6.7.2007, lch. 31).

(4)  Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/588/CBES ón gComhairle an 15 Iúil 2008 maidir le tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí Choimisiún Ullmhúcháin Eagraíocht an Chonartha um Chosc Cuimsitheach ar Thrialacha Núicléacha (CTBTO) chun a chumais faireacháin agus fíoraithe a neartú agus faoi chuimsiú chur chun feidhme straitéis an Aontais Eorpaigh i gcoinne leathadh arm ollscriosta (IO L 189, 17.7.2008, lch. 28).

(5)  Cinneadh 2010/461/CBES ón gComhairle an 26 Iúil 2010 maidir le tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí Choimisiún Ullmhúcháin Eagraíocht an Chonartha um Chosc Cuimsitheach ar Thrialacha Núicléacha (CTBTO) chun a chumais faireacháin agus fíoraithe a neartú agus faoi chuimsiú chur chun feidhme straitéis an Aontais Eorpaigh i gcoinne leathadh arm ollscriosta (IO L 219, 20.8.2010, lch. 7).

(6)  Cinneadh 2012/699/CBES ón gComhairle an 13 Samhain 2012 maidir le tacaíocht an Aontais do ghníomhaíochtaí Choimisiún Ullmhúcháin Eagraíocht an Chonartha um Chosc Cuimsitheach ar Thrialacha Núicléacha (CTBTO) chun a chumais faireacháin agus fíoraithe a neartú agus faoi chuimsiú chur chun feidhme straitéis an Aontais Eorpaigh i gcoinne leathadh arm ollscriosta (IO L 314, 14.11.2012, lch. 27).

(7)  Cinneadh (CBES) 2015/1837 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2015 maidir le tacaíocht an Aontais do ghníomhaíochtaí Choimisiún Ullmhúcháin in Eagraíocht an Chonartha um Chosc Cuimsitheach ar Thrialacha Núicléacha (CTBTO) chun a chumais faireacháin agus fíoraithe a neartú faoi chuimsiú chur chun feidhme straitéis an Aontais Eorpaigh i gcoinne leathadh arm ollscriosta (IO L 266, 13.10.2015, lch. 83).

(8)  Cinneadh (CBES) 2018/298 ón gComhairle an 26 Feabhra 2018 maidir le tacaíocht an Aontais do ghníomhaíochtaí Choimisiún Ullmhúcháin Eagraíocht an Chonartha um Chosc Cuimsitheach ar Thrialacha Núicléacha (CTBTO) chun a chumais faireacháin agus fíoraithe a neartú agus faoi chuimsiú chur chun feidhme straitéis an Aontais Eorpaigh i gcoinne leathadh arm ollscriosta (IO L 56, 28.2.2018, lch. 34).


IARSCRÍBHINN

Ceannteideal 1: Tacú le Teicneolaíochtaí Fíorúcháin agus leis an gCóras Faireacháin

Comhpháirt 1: Tionscadal 1: Stáisiúin Sheismeacha chúnta IMS dheimhnithe a Chothabháil ar Bhonn Leanúnach

Tionscadal 1: Stáisiúin Sheismeacha Chúnta Dheimhnithe IMS a Chothabháil ar Bhonn Leanúnach

Cúlra

Is é príomhfhócas an tionscadail seo leanúint d’aghaidh a thabhairt ar stáisiúin chúnta atá ag cliseadh agus a bhfuil gníomhaíocht phráinneach chothabhála ag teastáil uathu, agus a lonnaítear más féidir i dtíortha a bhfuil deacrachtaí airgeadais rompu, agus ag an am céanna leanúint de chothabháil choisctheach a dhéanamh. Déanfar é sin trí aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a bhaineann le trealamh atá imithe i léig agus na huasghráduithe dá bharr sin, agus trí fheabhas a chur ar an bhfáil ar pháirteanna spártha.

Cuspóirí agus Spriocanna Insoláthartha

Is é an príomhchuspóir stáisiúin spriocdhírithe a thabhairt go dtí leibhéal teicniúil a bheadh comhoiriúnach le ceanglais IMS ar bhealach inbhuanaithe. Cuideofar leis an gcuspóir sin a bhaint amach trí chothabháil choisctheach leordhóthanach agus tríd an trealamh gaolmhar a spáráil. Ar an gcaoi chéanna, laghdófar aga neamhfhónaimh agus cuideofar le stáisiú(i)n a chothabháil trí thacú leis na stáisiúin agus lena n-oibreoir(í) i gcás cothabháil cheartaitheach phráinneach, lena n-áirítear cuairteanna ar an stáisiún ar an láthair, nuair is gá. Tugtar ar aird go mbainfear é sin amach i gcomhar le cúraimí eile amhail oiliúint a chur ar oibreoirí stáisiúin agus ceardlanna chun an inbhuanaitheacht a uasmhéadú. Fostófar foireann shealadach lánaimseartha chun tionscadail oibre a phleanáil agus a chur i gcrích ag na stáisiúin ábhartha, mar a bhí amhlaidh le tionscadail roimhe seo faoi chistiú an Aontais.

Méadú ar infhaighteacht agus cáilíocht na sonraí i ngréasán Stáisiún Chúnta de bharr struchtúr neartaithe cothabhála rud a fhágann go mbeidh infheictheacht mhéadaithe ann don AE.

Comhpháirt 2: Tionscadal 2-8

Tionscadal 2: Rannpháirtíocht leis na Stáit is Sínitheoirí, lena n-áirítear córais theicniúla a bhailíochtú agus a thástáil trí úsáid a bhaint as an Néalteicneolaíocht le haghaidh Céim 3 d’Aathstruchtúrú an IDC

Cúlra

Chuir IDC tús le Céim 3 den Tionscadal maidir le hAthstruchtúrú an IDC (RP3) arb is aidhm di córas cuimsitheach bogearraí a fhorbairt le haghaidh phróiseáil SHI sna deich mbliana atá le teacht.

Leis an tionscadal sin, déanfar córas SHI atá ann cheana a fheabhsú go suntasach, amhail:

feabhas a chur ar sholúbthacht an chomhéadain úsáideora d’uirlisí anailísí, ar shreabhadh oibre na n-anailísithe, ar bhainistiú imeachtaí, ar thras-chomhghaolú na n-imeachtaí agus comparáid a dhéanamh eatarthu, ar uirlisí léarscáilithe agus ar chomhtháthú léarscáileanna, ar eagarthóireacht ar mhaisc thonnchrutha um rialú cáilíochta agus ar a léirshamhlú, ar thaispeáint na minicíochta tonnuimhreach agus ar an tacaíocht don oiliúint d’anailísithe;

foinse sonraí a ghabháil go cuimsitheach chun tuiscint a fháil ar an gcaoi ar thángthas ar thorthaí próiseála agus imscrúdú a dhéanamh ar theacht chun cinn na dtorthaí de réir mar a thagann athrú ar an bhfaisnéis atá ar fáil;

inbhreisitheacht mar phríomhghné ionsuite i ngach comhpháirt;

cumraíocht sholúbtha chomhtháite i dtaca le píblíne SHI le tacaíocht ó uirlisí grafaice;

éascú a dhéanamh ar shamhail nua d’fhorbairt chomhoibríoch bogearraí de réir na gcleachtas is fearr maidir le forbairt bogearraí foinse oscailte;

cumais faireacháin agus tástála feabhsaithe — Aithris Tacar Sonraí Tástála.

Cuireadh Tionscadal maidir le hAthchóiriú 2 (RP2) i gcrích trí Ranníocaíochtaí Comhchineáil ó na Stáit Aontaithe agus trí chistiú faoi Chinneadh (CBES) 2015/1837. Baineadh úsáid as an gcistiú, go háirithe, chun cruinnithe teicniúla le saineolaithe ó Bhallstáit a choimeád ag imeacht chun rannpháirtiú forleathan in RP2 a áirithiú. Ina theannta sin, tugadh tacaíocht do ghníomhaíochtaí fréamhshamhaltaithe leis na cistí sin chun a léiriú conas is féidir na bogearraí arna gcur ar fáil ag NDCanna a chomhtháthú san ailtireacht athchóirithe.

Mar ullmhúchán do RP3, baineadh úsáid as cistí faoi Chinneadh (CBES) 2018/298 chun na leibhéil ullmhachta teicneolaíochta a mhéadú i gcás roinnt algartaim, a d’fhéadfaí a áireamh sna bogearraí athchóirithe, go háirithe chun bealaí níos fearr a sholáthar chun seichimh iarmharta sheismeacha a phróiseáil i mód uathoibríoch nó leath-uathoibríoch.

Cuspóirí

Tacú le forbairt an chórais athchóirithe chun riachtanais NDC ón tús a chomhlíonadh, trí thacaíocht a thabhairt d’iarrataí NDC ar bhogearraí agus ar nuashonruithe gaolmhara agus d’fheidhmiúlachtaí chun gníomhaíochtaí NDC a fheidhmiú.

Rochtain íseal-bhacainne a thabhairt do Stáit is Sínitheoirí chun tacú le dul chun cinn an Tionscadail maidir le hAthstruchtúrú an IDC, an dul chun cinn sin a mheas agus a bhailíochtú.

Rannpháirtiú phobal NDC i gCéim 3 de thionscadal maidir le hAthstruchtúrú an IDC a fheabhsú

Meastóireacht a dhéanamh ar a indéanta a bheadh sé “NDC-as-a-service” a thairgeadh amach anseo, ag baint úsáid as an néalteicneolaíocht.

Spriocanna inghnóthaithe

ardán meastóireachta agus tástála atá néalbhunaithe do NDCanna chun athbhreithniú a dhéanamh ar fheidhmiúlacht chóras athchóirithe SHI agus ar na ceanglais neamhfheidhmiúla a bhaineann leis.

Áisc iolracha faoi ostaíocht den ardán chun nach gcuirfear isteach ar NDCanna éagsúla.

Córas fréamhshamhaltaithe “NDC-as-a-service”, arna óstáil sa néal.

Toradh

Is é an príomhbhuntáiste a bhaineann leis an tionscadal ná rochtain íseal-bhacainne ar an gcóras athchóirithe mar atá faoi láthair a cheadú do Stáit is Sínitheoirí agus do NDCanna, go háirithe do na NDCanna nach bhfuil cumas fairsing ríomhaireachta ná eolas ar an gcóras tacaíochta acu. Bunaithe ar an obair sin, soláthrófar staidéar ar na himpleachtaí costais a bheadh ag baint le “NDC-as-a-service” a tháirgeadh amach anseo agus ar a indéanta atá sé.

Tionscadal 3: An tSamhail Ardthaifeach um Iompar Atmaisféarach a Fheabhsú

Cúlra

Chun iompar fadraoin a shamhaltú, úsáidtear ardchóras um Shamhaltú an Iompair Atmaisféaraigh (ATM) in CTBTO bunaithe ar an tSamhail Lagrange d’Easrú Cáithníní FLEXPART. Leis an gcóras seo, is féidir samhaltú a dhéanamh ar scála domhanda. Mar sin féin, i gcás imeachtaí speisialta, tá gá ann freisin le hionsamhlúcháin a dhéanamh ar scála áitiúil (ardtaifeach). Forbraíodh an bunleagan den Samhail Fheabhsaithe Ardthaifeach um Iompar Atmaisféarach (HRATM) bunaithe ar FLEXPART-WRF le cistiú ag an Aontas faoi na Cinntí ón gComhairle a bhí ann roimhe seo. Léiríodh sna tástálacha tosaigh na gnéithe is gá a fheabhsú nó a chur chun feidhme ar bhealach éagsúil chun go mbeidh córas ann atá go hiomlán iontaofa.

Cuspóirí

Samhail Ardtaifeach um Iompar Atmaisféarach (EHRAT) a fheabhsú agus comhéadan a fhorbairt dá seoladh.

Taithí a fháil ar an leagan reatha den HRATM atá suiteáilte in CTBTO agus ar liosta na bhfeabhsuithe a mholtar.

Taithí a fháil ar phíblíne ATM, go háirithe ó thaobh fhormáid na sonraí meitéareolaíocha de.

Réitigh a mholadh, a fhorbairt agus a thástáil chun dul in ngleic leis na feabhsuithe sin;

I bhfianaise go n-oibríonn an leagan reatha le sonraí na n-ionad náisiúnta um réamhchúram comhshaoil (NCEP) amháin, athruithe a mholadh agus a chur chun feidhme lena gcumasófaí HRATM a rith in éineacht le sonraí ón Lárionad Eorpach do Réamhaisnéisí Aimsire Meánraoin (ECMWF).

Cásanna éagsúla a thástáil.

Comhéadan a fhorbairt chun EHRAT a sheoladh i bpíblíne ATM atá ann cheana; dá gcomhaontófaí amhlaidh, d’féadfadh sé a bheith ina chuid den chomhéadan lainseála reatha a úsáidtear chun ionsamhlúcháin ATM a rith ar mhaithe le hanailís ó shaineolaithe in CTBTO.

Toradh

Beidh EHRAT ar cheann de na huirlisí ATM a úsáidfidh saineolaithe ATM agus a úsáidfear in NDCanna chun hipitéisí a bhaineann le meastachán faoi shuíomh théarma an fhoinse, mar shampla, a thástáil agus a bhailíochtú.

Tionscadal 4: Staidéar ar luathú an Aonaid Próiseála Grafaice (GPU) i dtaca le FLEXPART (FLEX-GPU)

Cúlra

Chun iompar fadraoin a shamhaltú, úsáidtear ardchóras um Shamhaltú an Iompair Atmaisféaraigh (ATM) in CTBTO bunaithe ar an tSamhail Lagrange d’Easrú Cáithníní FLEXPART.

Agus é á chur san áireamh go bhféadfadh samhaltú ensemble a bheith mar chuid de na rití oibríochtúla arna ndéanamh ag píblíne ATM sa todhchaí, tá fiosrú á dhéanamh ar bhealach nua chun na hionsamhlúcháin a luathú.

Tá CTBTO tar éis NVIDIA DGX STATION a fháil a bhfuil GPUnna 4X Tesla V100 ag gabháil leis lena soláthraítear 500 TFLOPS (beachtas measctha). Ritear Linux leis agus tá tiomsaitheoir FORTRAN ó PGI ar fáil leis, a thacaíonn le OpenACC, a úsáidtear chun comhuainíocht a dhéanamh ar algartaim oiriúnacha amhail lúba agus ríomhanna maitríse arna gceapadh le haghaidh chórais GPU.

Cuspóirí

Staidéar a dhéanamh chun a fháil amach cad iad na feabhsuithe feidhmíochta féideartha in ionsamhlúcháin FLEXPART a d’fhéadfaí a dhéanamh tríd an t-aonad próiseála grafaice a luathú agus trí phacáiste cóid FLEXPART a mbeadh tacaíocht OpenACC ag gabháil leis a sholáthar.

Eolas a chur ar an leagan reatha de FLEXPART (9.3.2.) arna shuiteáil in CTBTO agus meastóireacht a dhéanamh an féidir é a thiomsú le tiomsóir Fortran PGI; meastóireacht a dhéanamh ar an mbuntáiste a bhaineann le FLEXPART 10 a úsáid in ionad FLEXPART 9.3.2.

Próifíliú a dhéanamh ar rith FLEXPART chun a fháil amach cé na halgartaim/lúba is oiriúnaí maidir le hiarracht thosaigh a dhéanamh ar chomhuainíocht agus leis na GPUnna a úsáid.

Meastóireacht a dhéanamh ar an bhfeabhas feidhmíochta.

Pacáiste cóid FLEXPART atá réidh agus doiciméadaithe, a bhfuil tacaíocht OpenACC ag gabháil leis, ar cheart a bheith éasca a chomhtháthú le píblíne ATM, a sholáthar.

Toradh

Má tá toradh dearfach ar an staidéar seo, d’fhéadfaí bealach nua a chur ar fáil le FLEXPART modhnaithe chun ionsamhlúcháin ATM a luathú. Sa chéad chéim eile, d’fhéadfaí é sin a chomhtháthú le píblíne ATM agus d’fhéadfaí na torthaí a chur ar fáil do NDCanna.

Tionscadal 5: Uirlis Meastóra Cúlra Xeanóin (XeBET)

Cúlra

Fágtar go bhfuil sé dúshlánach sainaithint dhearfach a dhéanamh ar shampla a bhaineann le triail núicléach mar gheall ar an iliomad triathghás atá de shíor ag éabhlóidiú san atmaisféar. Le hUirlis Meastóra Cúlra Xeanóin, ginfear meastachán ar an sciar de radaixeanóin ó fhoinsí aitheanta atá i ngach sampla arna bhailiú ag córais triathgháis ag stáisiúin IMS. Beidh an meastachán seo ina chabhair chun a chinneadh an féidir an brath a mhíniú le foinsí aitheanta.

Cuspóirí

Uirlis meastóra cúlra (BET) a fhorbairt chun an sciar de radaixeanón i mbraite ó fhoinsí aitheanta ag stáisiúin IMS a chainníochtú. Beidh an uirlis sin bunaithe ar bhraite IMS, ar eolas ar fhoinsí aitheanta agus ar SRS CTBTO. Caithfidh an uirlis nua a bheith iontaofa, tráthúil agus éasca a thástáil, a chothabháil agus a uasghrádú. Beidh sí á rith ar dtús ar Development-LAN.

Athbhreithniú litríochta a dhéanamh chun an cur chuige is fearr a shainaithint chun braite xeanóin sibhialta a chatagóiriú agus a chainníochtú ag stáisiúin IMS agus chun plean tionscadail a ullmhú maidir le forbairt fréamhshamhlacha.

Faisnéis a bhailiú ó fhoinsí aitheanta agus í a chur ar fáil trí SWP.

Bunachar ar líne a fhorbairt chun faisnéis a bhailiú ó fhoinsí aitheanta.

Fréamhshamhail a fhorbairt agus a thástáil i bhfothacar stáisiúin IMS. Ní mór an fhréamhshamhail a fhorbairt le go mbeifear in ann í a aistriú go héasca chuig Development-LAN IDC in CTBTO agus í a chur ar fáil do NDCanna.

An fhréamhshamhail a rith ar bhraite áirithe dúshlánacha (mar shampla tástálacha Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré nó cásanna eile) agus roghanna léirshamhlaithe a mholadh.

An uirlis meastóra cúlra a choigeartú agus a rith i líon mór stáisiún IMS.

Rannchuidiú le haistriú TF chuig CTBTO.

Déanfar cur síos sa doiciméadacht ar na toimhdí uile a dhéanfar chun an uirlis a fhorbairt agus a rith.

Toradh

Le BET cuirfear faisnéis oibiachtúil ar fáil faoi gach sampla de thriathghás ó IMS chun cabhrú le cinneadh a dhéanamh faoina dhóichí atá sé go raibh baint ag brath sonrach le triail núicléach nó le foinsí aitheanta. Úsáidfear an fhaisnéis sin, ar a uain, mar ionchur in uirlis atógála téarma foinse. D’fhéadfaí torthaí agus conclúidí na staidéar a rinneadh a bhunú ar phobal WOSMIP (Saotharlann um Shínithe Táirgthe Iseatóp de Dhéantús an Duine) nó iad a chomhroinnt leo.

Tionscadal 6: Meastóir Téarma Foinse

Cúlra

Le blianta beaga anuas tá roinnt cur chuige tréitheach tagtha ar an bhfód chun paraiméadair an téarma foinse (suíomh, próifíl ama scaoilte agus an méid iomlán radaighníomhaíochta arna scaoileadh) a mheas ó bhraith. Tá an fhaisnéis seo faoi pharaiméadair fhoinse an-tábhachtach do CTBTO i gcás teagmhas atá ábhartha don Chonradh. Is é atá á mholadh go ndéanfaí ceann de na cuir chuige sin a chur in oiriúint do riachtanais CTBTO. Caithfidh an uirlis nua a bheith iontaofa, tráthúil agus éasca a thástáil, a chothabháil agus a uasghrádú. Beidh sí á rith ar dtús ar IDC Development-LAN.

Cuspóirí

Ginfidh an Meastóir Téarma Foinse (STE) an chéad mheastachán uathoibríoch ar pharaiméadair téarma foinse ag úsáid brath agus neamhbhrath ó stáisiúin IMS. Déanfar comhéadan a fhorbairt do shaineolaithe IDC agus NDC chun tacair éagsúla hipitéisí a thástáil go hidirghníomhach.

Spriocanna inghnóthaithe

Athbhreithniú a dhéanamh ar an litríocht chun an cur chuige is fearr a aithint le haghaidh logánú agus cainníochtú téarma foinse, agus plean tionscadail a ullmhú chun an STE a fhorbairt agus a thástáil.

Fréamhshamhail a fhorbairt agus a thástáil do chásanna éagsúla, roghanna léirshamhlaithe agus comhéadain a mholadh agus a fhorbairt. Ní mór an fhréamhshamhail a fhorbairt le go mbeifear in ann í a aistriú go héasca chuig uirlisí IDC CTBTO agus í a chur ar fáil do NDCanna.

Rannchuidiú le haistriú TF chuig CTBTO.

Déanfar cur síos sa doiciméadacht ar na toimhdí uile a dhéanfar chun an uirlis a fhorbairt agus a rith.

Toradh

Leis an STE cuirfear faisnéis oibiachtúil ar fáil chun cuidiú le suíomh tástála féideartha a aimsiú agus a neart a mheas. D’fhéadfadh uirlis den sórt sin limistéar níos teoranta a léiriú ina bhféadfadh an fhoinse a bheith, agus d’fhéadfadh an uirlis cabhrú le meastachán a dhéanamh ar an dóchúlacht maidir le radanúiclídí a bhrath le himeacht ama, ar buntáiste suntasach é má tá gá le cigireacht ar an láthair (OSI).

Tionscadal 7: Tacaíocht ón deasc chabhrach don Lárionad Fíorúil um Shaothrú Sonraí (vDEC)

Cúlra

Le hardán vDEC ceadaítear rochtain ar shonraí atá i gcartlann CTBTO le haghaidh taighde agus d’institiúidí acadúla atá ag obair ar thionscadail eolaíocha. Tá an rochtain sin teoranta do shonraí atá ag teastáil go sonrach chun críoch an tionscadail agus sainítear sa chreat conarthach an comhaontú frithpháirteach idir CTBTO agus úsáideoirí vDEC. Go háirithe ceadaítear obair eolaíoch a fhoilsiú, ar choinníoll go n-aithnítear CTBTO mar fhoinse na sonraí san fhoilseachán.

Tá an t-ardán ann le hocht mbliana anuas agus tá go leor páipéir phiarmheasúnaithe foilsithe in irisí clúiteacha ag úsáideoirí vDEC.

Cé gur tugadh a lán de ghnéithe teicniúla na tacaíochta d’ardán vDEC isteach i ngníomhaíochtaí tacaíochta ginearálta fhoireann IDC, tá gá le tacaíocht bhreise a bheidh níos sonraí. Áirítear leis seo feidhm deisce cabhrach a chlúdóidh ní hamháin rochtain ar an ardán ríomhaireachta ar a bhfuil an chartlann suiteáilte, agus rochtain ar an mbunachar sonraí ina bhfuil na sonraí, ach na gnéithe atá níos sonraí d’fhearann freisin, mar shampla, cabhrú leis an tsamhail sonraí, sonraíochtaí na stáisiún, calabrú na stáisiún, agus nithe den chineál sin a thuiscint. Áirítear leis an tacaíocht sin freisin nuashonrú a dhéanamh ar chumraíocht ardán vDEC agus ar na bogearraí a suiteáladh ar an ardán.

Ós rud é go mbíonn úsáideoirí ag súil go dtiocfaidh éabhlóid ar an ardán le himeacht ama, agus go bhfuil na sonraí sa chartlann ag dul i méid, tá gá le feidhm phleanála lena ndéanfaí fís a fhorbairt maidir le héabhlóid ghearrthéarmach an ardáin. Ar deireadh, leis an tacaíocht sin déanfar cothabháil ar bhunachar sonraí poiblí na bhfoilseachán bunaithe ar shonraí CTBTO arna bhfáil trí rochtain vDEC.

Cuspóirí

Tacú le gníomhaíochtaí laethúla úsáideoirí vDEC trí fheidhm deisce cabhrach.

Pleanáil le haghaidh uasghráduithe agus feidhmiúlachtaí nua atá le suiteáil.

Cothabháil a dhéanamh ar bhunachar sonraí poiblí d’fhoilseacháin bunaithe ar shonraí CTBTO a fhaightear trí rochtain ar vDEC.

Spriocanna inghnóthaithe

Tuarascáil ráithiúil maidir le gníomhaíochtaí tacaíochta.

Pleananna le haghaidh uasghráduithe agus feabhsuithe.

Bunachar sonraí poiblí bunaithe ar shonraí CTBTO a fhaightear trí rochtain vDEC.

Toradh

Tacaíocht fheabhsaithe d’úsáideoirí vDEC, chun cur lena sástacht.

Ardán feabhsaithe vDEC.

Doiciméadacht maidir le toradh eolaíoch vDEC.

Tionscadal 8: Leanúint d’fheachtais tomhaiste soghluaiste radaixeanóin i réigiúin éagsúla ar fud an domhain

Cúlra

Tá Coimisiún Ullmhúcháin CTBTO i mbun tomhas a dhéanamh ar radaixeanón le córais thar a bheith íogair. Leis an ranníocaíocht a fuarthas ón Aontas faoi chuimsiú Ghníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/588/CBES, d’fhorbair agus cheannaigh an Coimisiún dhá chóras iniompartha: SAUNA TXL-2 agus SPALAX-DR chun 133Xe, 135Xe, 133mXe agus 131mXe a thomhas. Faoi chuimsiú Chinntí 2012/699/CBES, (CBES) 2015/1837 agus (CBES) 2018/298, ritheadh roinnt feachtais tomhaiste soghluaiste radaixeanóin ar fud an domhain.

Leis an ranníocaíocht a fuarthas ó Rialtas na Seapáine in 2017, cheannaigh an Coimisiún tríú córas iniompartha. Tá an córas seo imlonnaithe faoi láthair in Horonobe na Seapáine. Tá deireadh le teacht leis an tréimhse oibríochta dhá bhliain faoi chistiú na Seapáine i mí Eanáir 2020.

Faoi chuimsiú Chinneadh (CBES) 2018/298, tá feachtas amháin tomhaiste á reáchtáil in Mutsu na Seapáine. Tá athchóiriú déanta ar an dara córas agus imlonnófar in Fukuoka na Seapáine é.

Cuspóirí

Leis an tríú córas soghluaiste imlonnaithe in Fukuoka, tá an chumraíocht ard-dlúis timpeall ar chóras triathgháis JPX38 IMS in Takasaki curtha i gcrích. Tá sé beartaithe ag CTBTO leanúint de na córais a oibriú ar an suíomh ina bhfuil siad faoi láthair, arna chomhaontú sin leis an óstach áitiúil, go dtí go measfaidh an pobal saineolaithe agus na NDCanna go bhfuil sa tacar sonraí a bhaileofar brabús eolaíoch agus staidrimh le haghaidh staidéir a dhéanfar amach anseo. Beidh na trí chóras shoghluaiste á n-oibriú sa chumraíocht seo ar feadh bliain amháin ar a laghad. Déanfar na córais shoghluaiste a athshuíomh ansin, de réir straitéis imlonnaithe shoiléir. Déanfar suíomh féideartha nua a bhreithniú le haghaidh gach ceann de na trí chóras seo bunaithe ar cibé aschur eolaíoch a bhféadfaí a bheith ag súil leis a bhfuil gá leis le haghaidh chalabrú agus fheidhmíocht chórais triathgháis IMS mar a thuairiscítear sa CTBT.

Déanfar aon uasghráduithe nó athchóirithe ag deireadh an fheachtais de réir mar is gá. Tá comhaontuithe comhair le tíortha óstacha féideartha á bplé faoi láthair.

Chun leanúint de na feachtais tomhaiste seo, tá gá leis na córais shoghluaiste triathgháis a sheoladh go dtí suíomhanna nua, agus na trí chóras a rith agus a chothabháil ar feadh dhá bhliain. Beidh cistí ar fáil freisin chun cruinnithe saineolaithe a eagrú chun athbhreithniú a dhéanamh ar na torthaí. Déanfar iarracht ar leith na cruinnithe saineolaithe sin a úsáid mar dheis chun acmhainneacht a fhothú agus chun staidéir a dhéanfar amach anseo a phlé bunaithe ar shonraí ón bhfeachtas tomhaiste. Arna iarraidh sin ag an tír óstach, tacóidh an tionscadal freisin le fothú acmhainneachta maidir le faireachán ar thriathghás, lena n-áirítear úsáidí gaolmhara sibhialta agus eolaíocha.

Toradh

Is iad na príomhbhuntáistí a ghabhann le feachtais shealadacha tomhaiste le córais shoghluaiste radaixeanóin ná modhanna eolaíocha a fhorbairt agus a chur chun cinn atá dírithe ar chalabrú agus ar fheidhmíocht an chórais fíoraithe mar a thuairiscítear sa CTBT agus, i gcás inarb iomchuí, fothú acmhainneachta gaolmhar.

Ceannteideal 2: Cúnamh teicniúil lena n-áirítear fothú acmhainneachta comhtháite agus for-rochtain

I gcás na dtionscadal uile faoin gceannteideal seo, moltar don rúnaíocht theicniúil shealadach (PTS) tosaíocht a thabhairt do shaineolaithe ó Bhallstáit CTBTO a íocann, i bpáirt ar a laghad, a ranníocaíochtaí measúnaithe.

CUID 1: Cúnamh teicniúil agus fothú acmhainneachta

Tionscadal 1: Feabhas a chur ar cumais uathphróiseála SHI in NDC-in-a-Box [SeisComp3 SEEDLink agus comhpáirteanna NET-VISA] agus táirgí simplithe, caighdeán-chomhlíontacha IDC agus rochtain ar sheirbhísí do NDCanna

Cúlra

Tá cumais uathphróiseála tugtha isteach ag IDC in SHI NDC-in-a-Box SeisComp3 bunaithe ar an gcomhcheangaltóir NET-VISA. Leis an gcumas nua seo, atá á thástáil faoi láthair ag NDCanna, beidh úsáideoirí in ann torthaí fheasacháin VSEL a bhaintear amach in IDC a atáirgeadh. Le cur lena bhfuil bainte amach, tá sé beartaithe ag IDC an chomhpháirt NET-VISA SeisComp3 a fheabhsú le go dtacófar freisin le húsáid stáisiúin shonracha agus líonraí réigiúnacha NDC.

Anuas air sin, tá cumas nua á thógáil ag IDC chun feabhas a chur leis an tacaíocht do phacáistí anailíse seismí foinse oscailte, amhail SEISAN, trí tharchur sonraí tonnchrutha fíor-ama a thairiscint do NDCanna ag baint úsáid as prótacal SEEDLink. Ní bheidh an tseirbhís seo ar fáil ach amháin do NDCanna atá ceangailte trí líonra Innéacs Iomaíochais Dhomhanda. Tá an teorainn sin á forchur ag easnaimh theicniúla i gcomhpháirt fhreastalaí SeisComp3 SEEDLink. Tá sé i gceist ag IDC feabhas a chur ar fhreastalaí SesiComp3 SEEDLink trí shásraí láidre fíordheimhniúcháin agus criptiúcháin ionas gur féidir an tseirbhís a thairiscint d’úsáideoirí údaraithe chomh maith trí nasc slán idirlín.

Chun feabhas a chur ar an tacaíocht a thugtar le rochtain a fháil ar tháirgí agus ar sheirbhísí IDC, tá sé i gceist ag IDC seirbhísí gréasáin atá comhlíontach le Cónaidhm na Líonraí Seismeagraf Digiteach (FDSN) a chur chun feidhme. Leis an modh rochtana nua caighdeán-chomhlíontach seo beidh a lán úsáideoirí in ann pacáistí anailíse seismí foinse oscailte, amhail SEISAN, chun táirgí agus sonraí a aisghabháil go héasca ó IDC ón taobh istigh d’fheidhmchláir lena dtacaítear leis an gcaighdeán seo. Cuirfidh sé le Córas Fíorúil um Chur Teachtaireachtaí Sonraí (VDMS), ach ní thiocfaidh sé ina ionad, ós rud é nach sainítear a lán teachtaireachtaí VDMS i gcaighdeán seirbhísí gréasáin FDSN. Cuirfear chun feidhme gach seirbhís gréasáin de réir chaighdeán FDSN (fdsnws-station, fdsnws-dataselect, fdsnws-event agus fdsnws-availability).

Cuspóirí

Ábhar ar líne a sholáthar do NDCanna chun sonraí IMS a chomhtháthú le pacáistí anailíse seismí foinse oscailte a úsáidtear go háitiúil amhail SEISAN

Feabhas a chur ar chumas uathphróiseála SHI NDC-in-a-Box trí thacaíocht a thabhairt do stáisiúin áitiúla atá sonrach do NDC agus do líonraí réigiúnacha in NET-VISA.

Rochtain ar shonraí tonnchrutha IMS fíor-ama a shimpliú agus a nuachóiriú d’úsáideoirí údaraithe.

Spriocanna inghnóthaithe

Na spriocanna inghnóthaithe uile don tionscadal seo is feabhsuithe iad ar mhódúil bogearraí ar cuid iad de NDC-in-a-Box (lena n-áirítear módúil bhogearraí do leaganacha de NDC-in-a-Box sa todhchaí).

Toradh

Leanúint de na hiarrachtaí maidir le bogearraí NDC-in-a-Box a tionscnaíodh faoi Chinneadh 2012/699/CBES agus a leanadh díobh faoi Chinntí (CBES) 2015/1837 and (CBES) 2018/298 chun ligean do NDCanna na sonraí atá ar fáil ó IMS agus ó stáisiúin áitiúla araon, agus ó ghréasáin réigiúnacha, a phróiseáil.

Comhoibriú le NDCanna chun rochtain údaraithe agus shlán ar shonraí tonnchrutha IMS fíor-ama a shimpliú.

Tionscadal 2: Oiliúint, ceardlanna agus obair leantach do NDCanna atá ag teacht chun cinn (tíortha atá i mbéal forbartha ar fud an domhain) agus Córais Fothaithe Acmhainneachta (CBS) a fháil agus a chothabháil do NDCanna

Cúlra

Tá sé léirithe go bhfuil an fothú acmhainneachta bunriachtanach chun córas fíoraithe CTBT a neartú.

D’éirigh leis an gCoimisiún leanúint de thacaíocht a thabhairt do Stáit is Sínitheoirí maidir le modhanna a chur ar fáil chun cumais a fhorbairt chun páirt ghníomhach a ghlacadh i bhfíorú CTBT. Tá tíortha i mbéal forbartha as ilchríocha éagsúla tosaithe ar bhuntáiste a bhaint as an soláthar sonraí agus táirgí ag an Lárionad Sonraí Idirnáisiúnta toisc go bhfuil siad úsáideach ní hamháin chun fíorú a dhéanamh ach le haghaidh feidhmeanna sibhialta, eolaíocha agus tionsclaíocha freisin.

Tá straitéis an Choimisiúin maidir le fothú acmhainneachta aitheanta ag Meitheal B (WGB). I gcaitheamh thréimhse an chistithe ón Aontas chuaigh an fhoireann eolaíoch agus theicniúil (na céadta díobh) faoi oiliúint speisialaithe maidir le pacáiste bogearraí NDC-in-a-Box, chomh maith le heolas a bhaineann le CTBT a théann go díreach chun sochair do na húdaráis náisiúnta ionchasacha i ngach Stát.

Tá tairbhe á baint freisin ag institiúidí i dtíortha atá i mbéal forbartha, a bhfuil Lárionaid Sonraí Idirnáisiúnta á n-óstáil acu, as an soláthar trealaimh bhunúsaigh chun a saotharlanna a bhunú nó a fhorbairt a thuilleadh ar mhaithe le próiseáil sonraí.

Cuspóirí

Is iad cuspóirí ghníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta an Choimisiúin:

forbairt bogearraí agus bonneagair;

ceardlanna teicniúla;

oiliúint do NDCanna atá ag teacht chun cinn maidir le rochtain ar shonraí IMS agus maidir le huirlisí IMS agus IDC;

oiliúint a chur ar shaineolaithe ó NDCanna atá ag teacht chun cinn trí chuairteanna a thabhairt ar NDCanna an Aontais;

oiliúint chórasach le haghaidh bhogearraí Extended NDC-in-a-Box (eNIAB);

tacaíocht chun próiseáil sonraí IMS a chomhtháthú leis na líonraí seismeacha náisiúnta agus réigiúnacha;

tacaíocht a thabhairt do NDCanna chun sonraí IMS a chomhtháthú le pacáistí anailíse seismí foinse oscailte a úsáidtear go háitiúil amhail SEISAN;

cúnamh teicniúil feabhais a sholáthar i bhfoirm threalamh CBS agus an chothabháil agus an t-athsholáthar a bhaineann leis sin.

Toradh

Cuirfear feabhas ar chumais na Stát is Sínitheoirí, go háirithe i dtíortha atá i mbéal forbartha, rannpháirt a ghlacadh i gcóras fíoraithe CTBT.

Tionscadal 3: Éabhlóid agus aonchineálú na próiseála teicneolaíochta il-tonnchrutha agus an chórais idirghníomhaigh il-tonnchrutha

Cúlra

Tá athdhearadh déanta ag IDC ar an uathchóras infreafhuaime agus tá tionscadail Extended-NDC-in-a-Box forbartha aige agus eisíodh na bogearraí ar dtús in 2016 agus rinneadh nuashonrú mór orthu in 2018 agus 2019. Is é a bhí sna hiarrachtaí maidir leis an gcóras próiseála infreafhuaime ná córas uathphróiseála de stáisiúin eagair agus bogearraí athbhreithnithe idirghníomhaí a fhorbairt. Rinneadh na huirlisí a forbraíodh a chomhtháthú in NDC-in-a-Box (lena n-áirítear leagan 5.0, an leagan is déanaí a eisíodh in 2019) agus i dtimpeallacht phróiseála IDC. Ina theannta sin, tá an poitéinseal ann leis an gcóras próiseála hidreafhuaimiúla giaráil mhór a dhéanamh ag éirí as na hiarrachtaí arna ndéanamh maidir leis an teicneolaíocht infreafhuaime a fhorbairt, ós rud é go bhfuil a lán de chomhpháirteanna an dá theicneolaíocht comhoiriúnach dá chéile ar mhórscála. Is gá, áfach, iarracht a dhéanamh comhpháirteanna agus próisis na mbogearraí a aonchineálú agus roinnt riachtanais teicneolaíochta neamhspleácha agus sonracha á gcur san áireamh ag an am céanna.

A bhuí le NDC-in-Box agus oiliúint thiomnaithe infreafhuaime a cuireadh ar fáil ag baint úsáid as cistiú a fuarthas roimhe seo ón Aontas, tá cumais anois ag na NDCanna maidir le teicneolaíochtaí infreafhuaime agus tá siad ag baint dianúsáid as uirlisí NDC-in-a-Box. Faigheann an IDC, ar bhonn leanúnach, iarrataí ar shainoiliúint thiomnaithe sa teicneolaíocht tonnchrutha, lena n-áirítear teicneolaíochtaí infreafhuaime agus hidreafhuaimiúla, chomh maith le héilimh ar bhogearraí speisialaithe nua nó feabhsaithe.

Molann IDC go leanfar de na hiarrachtaí chun na córais próiseála infreafhuaime agus hidreafhuaimiúla a chomhlánú chun tacú le riachtanais IDC agus IMS agus chun aghaidh a thabhairt ar iarrataí NDC ar bhogearraí úrscothacha. Is é is aidhm don tionscadal an córas próiseála hidreafhuaimiúil a chur ar chomhchéim leis an gcóras infreafhuaime athdhearaithe agus comhpháirteanna na mbogearraí a aonchineálú agus spleáchais theicneolaíochta sonracha aonair a bheachtú, agus leanúint ag an am céanna den phróiseáil a chur ar aghaidh chun coinneáil suas leis na forbairtí teicneolaíochta is déanaí. Leis an tionscadal seo ba cheart do IDC a bheith in ann comhtháthú rianúil uirlisí sonracha IDC i gcóras athchóirithe IDC atá á fhorbairt faoi láthair a phleanáil.

Cuspóirí

Tacú le héabhlóid chóras próiseála an stáisiúin chun riachtanais inbhuanaitheachta oibríocht IMS agus IDC a chomhlíonadh ar bhonn leanúnach.

Tacú le hiarrataí NDC ar bhogearraí, uasdátú bogearraí agus feidhmiúlachtaí le gníomhaíochtaí NDC a dhéanamh.

Leanúint d’fheidhmiúlachtaí úrscothacha a chur chun feidhme chun feabhas a chur ar anailísí léirmhíniú ar chomharthaí infreafhuaime agus hidreafhuaimiúla don aithint foinse, chun inchreidteacht eolaíoch na dteicneolaíochtaí hidreafhuaimiúla agus infreafhuaime ag CTBTO a choinneáil.

Iarrachtaí a shaothrú ar shamhlacha forleata tonnta ag a bhfuil cainníochtú neamhchinnteachta a áireamh, go háirithe don teicneolaíocht infreafhuaime trí shonraíochtaí atmaisféaracha ardtaifeacha a chur san áireamh do phróiseáil líonraí agus don mhionanailís ar eachtraí chun cuspóirí na Straitéise Meántéarmaí a chomhlíonadh.

Spriocanna inghnóthaithe

Na spriocanna inghnóthaithe uile don tionscadal seo is feabhsuithe iad ar mhódúil bogearraí ar cuid iad de chóras próiseála IDC agus NDC-in-a-Box (lena n-áirítear módúil bogearraí do leaganacha de NDC-in-a-Box sa todhchaí).

Toradh

Leanúint d’inchreidteacht theicniúil agus eolaíoch chóras infreafhuaime agus hidreafhuaimiúil IDC a fhorbairt agus inbhuanaitheacht oibríochtaí IDC agus IMS a áirithiú, de réir mar a leagtar amach iad i sprioc straitéiseach 1 de Straitéis Mheántéarmach 2018-2021.

Leanúint de na hiarrachtaí i leith bhogearraí NDC-in-a-Box a tionscnaíodh agus a forbraíodh ó chistiú a fuarthas ón Aontas roimhe, lena gceadaítear do NDCanna na sonraí atá ar fáil ó IMS a phróiseáil chun faireachán a dhéanamh ar CTBT agus chun críoch náisiúnta. Chruthaigh na hiarrachtaí sin bonn úsáideora láidir NDC agus leis an tionscadal a beartaíodh mhéadófaí a thuilleadh iontaobhas na NDCanna in inchreidteacht an chórais fíorúcháin. Leis seo tugtar cumais bhreise do NDCanna chun go mbeidh siad in ann sonraí IDC a phróiseáil go huathoibríoch, sonraí ó stáisiúin IMS agus neamh-IMS a mheascadh in NDC-in-a-Box agus torthaí IDC a atáirgeadh i bpróiseáil uathoibríoch NDC-in-a-Box.

Comhoibriú le NDCanna chun córais infreafhuaime agus hidreafhuaimiúla úrscothacha a thógáil mar chuid d’iarrachtaí Athstruchtúrú an IDC.

CUID 2: Tionscadal 1 Fothú acmhainneachta do theicneolaíochtaí OSI

Tionscadal: Réamhchúrsaí Réigiúnacha OSI do 2 Réigiún Gheografacha CTBT

Cúlra

Léiríodh go bhfuil Réamhchúrsaí Réigiúnacha (RIC) OSI tábhachtach ó thaobh córas fíorúcháin CTBT a neartú, go háirithe ó thaobh Clár Oiliúna Cigirí OSI a fhorbairt agus ó thaobh iarrthóirí do chigirí ionadacha faoi oiliúint a ainmniú don chlár sin ó Stáit is Sínitheoir.

Tá an Coimisiún sna céimeanna deiridh den 3ú Timthriall Oiliúna Chigirí Ionadacha OSI. Ó thaobh dháileadh geografach agus inscne an timthrialla oiliúna reatha de, is é an daonra oiliúnaithe is éagsúlaí de réir na staitisticí, i gcomparáid leis an 1ú agus an 2ú timthriall oiliúna.

Taispeánann na taifid go bhfuil comhchoibhneas idir uimhreacha méadaithe na n-ainmniúchán ó réigiún geografach tar éis sheoladh RIC. Leis an 2 RIC is déanaí (a seoladh san Airgintín sa bhliain 2019 agus san Afraic Theas sa bhliain 2016) léiríodh méadú suntasach ar ainmniúcháin saineolaithe ó réigiún Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib agus ón Afraic, faoi seach, ar dhá réigiún iad a bhí tearcionadaithe i ngníomhaíochtaí oiliúna OSI. Níorbh ionann céatadán na hionadaíochta ar réigiún Mheiriceá Laidineach agus Muir Chairib, áfach, agus ionadaíocht na hAfraice toisc gur seoladh an RIC san Afraic díreach roimh thús an 3ú Timthriall Oiliúna, cé gur seoladh an RIC san Airgintín 2 bhliain ina dhiaidh sin i lár an timthrialla oiliúna.

Cé gur seoladh RICanna go débhliantúil san aimsir chaite, molann an tionscadal seo 2 RIC a sheoladh in 2 réigiún gheografacha CTBT éagsúla laistigh de 12 mhí dá chéile, chun go mbeidh an comhthiomsú geografach agus inscne is leithne d’oiliúnaithe ann sula dtosóidh an 4ú Clár Oiliúna Chigirí Ionadacha OSI.

Cuspóirí

Tá dhá chuspóir ag réamhchúrsaí réigiúnacha OSI:

córas OSI a chur in aithne do shaineolaithe teicniúla náisiúnta agus foireann ó Stáit is Sínitheoirí an réigiúin;

líon na saineolaithe ó Stáit is Sínitheoirí an réigiúin atá ar fáil chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí a bhaineann le OSI a leathnú agus iarrthóirí a d’fhéadfadh a bheith ann d’uainchlár Rúnaíocht Theicniúil Shealadach de chigirí ionadacha a shainaithint.

Toradh

Eolas bunúsach faoin CTBT agus a fhorálacha a bhaineann le OSI a sholáthar mar aon le forléiriú ar ghníomhaíochtaí agus trealamh OSI, lena n-úsáidtear oiliúint phraiticiúil do shaineolaithe ó Stát is Sínitheoirí, go háirithe tíortha i mbéal forbartha, a mbeidh méadú ar ainmniúcháin agus rannpháirtíocht i gcláir oiliúna OIS a bheidh ann amach anseo mar thoradh orthu.

CUID 3: For-Rochtain Do Thíortha Nár Shínigh Agus Nár Dhaininigh An Conradh Lena nÁirítear Stáit Iarscríbhinn 2 & Fothú Acmhainneachta Na N-Óg, Na Bparlaiminteoirí, Na N-Iriseoirí Agus Na N-Eolaithe I Dtíortha Atá I Mbéal Forbartha Nó Atá Ag Teacht Chun Cinn

Tionscadal 1: For-rochtain d’eolaithe, an lucht acadúil, an tsochaí shibhialta, na heagraíochtaí idirnáisiúnta agus neamhrialtasacha, na parlaiminteoirí agus lucht ceaptha beartais, i dtreo theacht i bhfeidhm CTBT

Cúlra

Is bealach ríthábhachtach é idirghníomhú leis an gCoimisiún Ullmhúcháin ar leibhéal na saineolaithe chun tacaíocht pholaitiúil do ghnéithe uile CTBT agus do thús cadhnaíochta teicniúil agus fadbhreathnacht theicniúil sna gnéithe sin a choinneáil.

Le blianta beaga anuas, ba ríthábhachtach iad sraith comhdhálacha agus ócáidí for-rochtana acadúla, taidhleoireachta agus eolaíochta (mar shampla Comhdháil Eolaíochta agus Teicneolaíochta CTBT, Ceardlanna agus Comhdhálacha Réigiúnacha CTBT, Siompóisiaim) chun córas fíorúcháin CTBTO a fhothú agus a choinneáil agus muinín as a leathnú. Chuir siad le feasacht an phobail i dtaobh ról CTBTO freisin agus chuir siad béim ar a thábhachtaí atá an CTBT mar bhunchloch don chóras domhanda maidir le neamhleathadh agus dí-armáil.

Leis an tionscadal thíos baintear tairbhe as gníomhaíochtaí a rinneadh roimhe seo, a mhaoinigh an tAontas faoi Chinntí ón gComhairle roimhe seo agus le Gníomhaíochtaí Comhpháirteacha agus déanann sé rochtain PTS ar eolas straitéiseach agus ar inniúlachtaí a neartú a thuilleadh.

Bainfidh an tionscadal leas as sineirgí agus naisc thraseagrúcháin le straitéis for-rochtana níos leithne PTS.

Cuspóirí

Mír (i)

An próiseas SnT a neartú trí rannpháirtiú le lárionaid eolaíochta agus teicneolaíochta cheannasacha ar fud an domhain

Tá rochtain leanúnach ar eolas eolaíoch agus teicniúil ríthábhachtach do PTS chun tús cadhnaíochta teicniúil a choinneáil agus chun bheith ullamh ar bhealach cuí le haghaidh aon dúshlán teicneolaíoch a d’fhéadfadh a theacht chun cinn. Ina theannta sin, agus an comhar le lárionaid cheannasacha á chothú cheadófaí do CTBTO feasacht an CTBT a ardú mar aon leis an ról atá aige i measc glúin thrasnáisiúnta d’eolaithe agus saineolaithe teicniúla nua atá ag teacht chun cinn.

Spriocanna inghnóthaithe

Molann an tionscadal seo suas le ceithre chúrsa agus chlár oiliúna de mhéideanna éagsúla a sheoladh maidir le saincheisteanna CTBT, go háirithe i leith gnéithe eolaíocha agus teicniúla an CTBT.

Díreofar go sonrach ar thíortha i mbéal forbartha agus ar Stáit Iarscríbhinn 2, i gcomhréir le teacht i bhfeidhm PTS agus lena straitéisí uilithe. Ag eascairt as Siompóisiam 2020 ar Eolaíocht agus Taidhleoireacht a bhí pleanáilte agus a bhí le cistiú faoi Chinneadh (CBES) 2018/298, soláthróidh an tionscadal síolchistiú don chéad cheann eile sa tsraith Siompóisiam agus do Chomhdháil 2021 ar Eolaíocht agus Teicneolaíocht, agus leagfar béim ar leith ar rannpháirtíocht na mban agus na ndaoine ó thíortha i mbéal forbartha, mar aon le Stáit Iarscríbhinn 2 nár dhaingnigh an conradh, lena n-áirítear comhaltaí óga Grúpa CTBTO na nÓg agus Grúpa na nDaoine Uaisle.

Mír (ii)

Uiliú an Chonartha trí Cheardlanna Réigiúnacha agus Foréigiúnacha:

Freagracht don chomhphobal idirnáisiúnta iomlán is ea domhain a bhaint amach atá saor ó thrialacha núicléacha trí chóras infhorfheidhmithe atá ceangailteach ó thaobh an dlí de.

Chun an sprioc sin a bhaint amach, ní mór straitéis réamhghníomhach i leith ardú feasachta, fothú muiníne agus comhar réigiúnach a chur i bhfeidhm.

Mar shampla, Ceardlann Réigiúnach Stáit an Aigéin Chiúin a reáchtáladh in 2018 agus Ceardlann Réigiúnach na hÁise Thoir Theas a reachtáladh in 2014, d’éirigh go han-mhaith leo i dtéarmaí sínithe agus daingnithe breise an Chonartha amhail an Téalainn agus Tuvalu a áirithiú.

Spriocanna inghnóthaithe

Beidh an chuid shonrach seo den tionscadal ag díriú ar cheithre chomhdháil fhoréigiúnacha ar a laghad a chomóradh. Reáchtálfar dhá cheann acu ar mhór-roinn na hAfraice agus é mar raon feidhme acu tíortha na hAfraice a bhfuil an CTBT fós le síniú acu a dhaingniú a spreagadh chun sin a dhéanamh. Déanfar ceardlann amháin a chomóradh i measc náisiúin na hAfraice a bhfuil an Béarla acu. Díreoidh an dara ceardlann ar na comhaltaí a bhfuil an Fhraincis acu.

Beidh eolaithe óga páirteach sa dá cheardlann eile agus déanfar iarracht sna ceardlanna sin tús cadhnaíochta a léiriú i dtaobh an idirphlé eolaíoch réigiúnaigh san Áise agus san Eoraip faoi seach.

Mír (iii)

An Spéis Acadúil in CTBT a athbheochan:

Le linn na 80idí agus na 90idí bhí díospóireacht go mór i mbéal an lucht acadúil faoin gcaoi a bhféadfaí deireadh a chur le trialacha núicléacha. Ba iad gluaiseachtaí sóisialta na ngníomhaithe comhshaoil óga a raibh spéis acu i gcomhar domhanda níos láidre a bhaint amach ar mhaithe le slí maireachtála níos inbhuanaithe a thug inspioráid don ugach intleachtúil agus a choinnigh ar siúl é. Sa lá atá inniu ann, tá easpa oibre acadúil ann i dtaobh an CTBT agus is fánach gur é an caighdeán a bheith i gcoinne trialacha núicléacha. Mar thoradh air sin, is annamh a phléitear ról an CTBT agus an fheidhm thábhachtach atá aige i gcuraclaim oideachais. Féadann an tionscadal an cás seo a réiteach trí líon beag síolchistithe a sholáthar chun an méid a leanas a chumhdach:

Spriocanna inghnóthaithe

trí cheardlann acadúla a sheoladh: i Londain, Páras, Moscó, Washington, Beirlín nó i gCathair na hAilgéire.

Ar a laghad cúig pháipéar a choimisiúnú ina bpléitear an chaoi a bhfuil an CTBT ríthábhachtach chun iontaobhas agus muinín straitéiseach a fhothú ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal domhanda.

For-rochtain chuig 10 n-ollscoil ar a laghad ina múintear faoi shaincheisteanna a bhaineann le rialú arm agus neamhleathadh chun iad a spreagadh an CTBT a áireamh ina gcuraclam oideachais ar leibhéal an fhochéimí agus ar leibhéal an chéimí.

Mír (iv)

Foilseachán CTBT a bhunú do scoláirí óga

Ó bunaíodh a Ghrúpa na nÓg in 2016, thug CTBTO faoi thréaniarrachtaí chun a áirithiú go bhfuil daoine óga i láthair i ngach ceann dá cheardlanna agus ag gach ócáid. Ina theannta sin, le linn Chomhdháil 2017 agus 2019 ar Eolaíocht agus Teicneolaíocht, eisíodh irisleabhar darbh ainm Newsroom Project chun béim a chur ar dhearcadh na scoláirí óga faoin gcaoi a bhféadfaí CTBT a thabhairt i bhfeidhm.

Spriocanna inghnóthaithe

De bhun an aiseolais dhearfaigh a fuarthas, d’áiritheodh an tionscadal seo go n-eiseofaí an t-irisleabhar ar bhonn comhsheasmhach tréimhsiúil (dhá uair sa bhliain go hidéalach). Agus an rud is tábhachtaí, leis an gcistiú ón tionscadal seo d’fheabhsófaí cáilíocht an fhoilseacháin agus dhéanfaí é a thiontú ina acmhainn inar féidir le scoláirí óga smaointe a mhalartú faoi CTBT agus é a phlé.

Toradh

I dteannta leis an tslándáil domhanda níos fearr, le tacaíocht an Aontais don tionscadal seo cuirfear go mór le Straitéis an Aontais i gcoinne leathadh arm ollscriosta agus leis an gComhsheasamh ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh maidir le huilíochas agus le comhaontuithe iltaobhacha a neartú i réimse neamhleathadh arm ollscriosta agus a mhodh seachadta. Beidh pobal leathan de gheallsealbhóirí rannpháirteach i saincheisteanna a bhaineann le CTBT mar thoradh ar na tionscadail; agus déanfaidh siad sineirgí intra-eagraíocht, éifeachtúlacht agus éifeachtacht a chur chun cinn laistigh de PTS; agus déanfaidh siad an for-rochtain chuig príomh-gheallsealbhóirí i Stáit nár shínigh agus/nó nár dhaingnigh an CTBT go fóill, lena n-áirítear Stáit Iarscríbhinn II, a threisiú chun teacht i bhfeidhm agus uilíochas CTBT a bhaint amach.

Tionscadal 2: Tionscadal le haghaidh rannpháirtíocht saineolaithe teicniúla ó Thíortha i mBéal Forbartha i gcruinnithe teicniúla oifigiúla den Choimisiún Ullmhúcháin (tagairt neamhfhoirmiúil “Treoirthionscadal”)

Rannpháirtíocht mhéadaithe na saineolaithe ó thíortha i mbéal forbartha agus i mbéal a dtionsclaithe i gcruinnithe teicniúla oifigiúla an Choimisiúin agus i gcruinnithe eolaíocha agus teicniúla arna reáchtáil ag PTS. Tugtar an deis do na saineolaithe a bhfaisnéis eolaíóch agus theicniúil agus a scileanna eolaíocha agus teicniúla a fheabhsú i ndáil leis na teicneolaíochtaí fíorúcháin (seismeach, hidreafhuaimiúil, infreafhuaime agus radanúiclíde).

Cúlra

Tá easpa acmhainní airgeadais in an-chuid tíortha i mbéal forbartha agus i mbéal a dtionsclaithe agus mar sin níl a saineolaithe i ann páirt a ghlacadh san obair eolaíoch agus teicniúil atá ar siúl i gcruinnithe teicniúla oifigiúla an Choimisiúin Ullmhúcháin. Ciallaíonn sé sin go bhfuil easnamh soiléir ann i dtaobh rannpháirtíocht ionadaithe ó thíortha i mbéal forbartha sna moltaí agus sna cinntí a dhéantar maidir leis na saincheisteanna teicniúla atá ábhartha ó thaobh réimeas fíorúcháin an CTBT de. Is fadhb é an t-easnamh sin ó tharla go bhfuil, nó go mbeidh, go leor stáisiún de chuid Chóras Faireacháin Idirnáisiúnta an CTBT lonnaithe ar chríoch tíortha i mbéal forbartha nó i mbéal a dtionsclaithe agus go ndéantar nó go ndéanfaidh institiúidí na tíre iad a bhainistiú. Ina theannta sin, tá an-chuid tíortha i mbéal forbartha i mbun a Lárionaid Sonraí Náisiúnta a bhunú agus a fheabhsú chun go mbeidh siad in ann tairbhe a bhaint as na sonraí agus na táirgí a ghintear leis an gcóras fíorúcháin.

Ciallaíonn an easpa rannpháirtíochta sin go n-eisítear an-chuid tíortha ó mhodh tábhachtach lena bhféadfaidís a n-acmhainneacht, faisnéis agus scileanna a bhaineann le teicneolaíochtaí fíorúcháin an CTBT a fheabhsú. Tá na teicneolaíochtaí sin ábhartha ní hamháin do chuspóirí an CTBT a bhaineann le díarmú agus neamhleathadh, ach freisin do chur i bhfeidhm sibhialta agus eolaíoch tábhachtach lena dtugtar buntáiste níos leithne do phobail sna tíortha sin, amhail rabhadh tubaiste do shúnámaithe, creathanna talún agus brúchtaí bolcánacha.

Mar sin, le linn Cuid II dá 27ú Seisiún (13-17 Samhain 2006), chomhaontaigh an Coimisiún treoirthionscadal a bhunú chun aghaidh a thabhairt ar an dúshlán sin. Ag a 51ú Sheisiún (7-9 Samhain 2018), chinn an Coimisiún leanúint den tionscadal ar feadh trí bliana eile ó 2019 go dtí 2021.

Go dtí seo, bhíothas in ann an cistiú a choinneáil i gcomhair suas le 12 shaineolaí. Leis an gcistiú breise seo, d’fhéadfaí tuilleadh saineolaithe a roghnú ó líon níos mó d’ainmniúchán iarrthóirí.

Cuspóirí

Carachtar uilíoch an Choimisiúin Ullmhúcháin do CTBTO agus fothú acmhainneachta i dtíortha i mbéal forbartha agus i mbéal a dtionsclaithe a neartú trí rannpháirtíocht mhéadaithe shaineolaithe na dtíortha sin i bpróisis cinnteoireachta CTBTO agus a n-acmhainneacht fheabhsaithe i ndáil le teicneolaíochtaí fíorúcháin CTBTO agus le cur i bhfeidhm sibhialta agus eolaíoch níos leithne na dteicneolaíochtaí.

Toradh

Rannpháirtíocht mhéadaithe na saineolaithe ó thíortha i mbéal forbartha agus i mbéal a dtionsclaithe i gcruinnithe teicniúla oifigiúla an Choimisiúin agus i gcruinnithe eolaíocha agus teicniúla arna reáchtáil ag PTS. Tugtar an deis do na saineolaithe a bhfaisnéis eolaíoch agus teicniúil agus a scileanna eolaíocha agus teicniúla a fheabhsú i ndáil leis na teicneolaíochtaí fíorúcháin (seismeach, hidreafhuaimiúil, infreafhuaime agus radanúiclíde).


30.6.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 207/30


CINNEADH (CBES) 2020/902 ÓN GCOMHAIRLE

an 29 Meitheamh 2020

lena leasaítear Cinneadh 2013/354/CBES maidir le Misean Póilíneachta an Aontais Eorpaigh do na Críocha Palaistíneacha (EUPOL COPPS)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 42(4) agus 43(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 3 Iúil 2013, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2013/354/CBES (1), lenar leanadh ar aghaidh le EUPOL COPPS amhail ón 1 Iúil 2013.

(2)

An 28 Meitheamh 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2019/1114 (2) lenar leasaíodh Cinneadh 2013/354/CBES agus lenar cuireadh síneadh leis ón 1 Iúil 2019 go dtí an 30 Meitheamh 2020.

(3)

Chomhaontaigh an Coiste Polaitiúil agus Slándála (CPS) an 28 Márta 2019 agus dhaingnigh sé an 16 Aibreán 2020 gur cheart síneadh a chur leis an Misean leis an sainordú céanna, go ceann tréimhse breise 12 mhí, go dtí an 30 Meitheamh 2021, agus é le tuiscint go mbeidh an Misean faoi réir Athbhreithniú Straitéiseach a luaithe agus is féidir sna himthosca.

(4)

Ba cheart méid tagartha airgeadais don tréimhse nua seo dar fad bliain amháin a dheonú do EUPOL COPPS.

(5)

An 14 Bealtaine 2020, chomhaontaigh CPS, ina theannta sin, go mba cheart do Kauko AALTOMAA, a ceapadh ina Cheann Misin an 28 Meán Fómhair 2017 le Cinneadh (CBES) 2017/1802 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála (3), agus ar cuireadh síneadh lena shainordú ar an 2 Iúil 2019, go dtí an 30 Meitheamh 2020 leis an gCinneadh ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála (CBES) 2019/1165 (4) ó CPS, leanúint den fheidhm sin a chomhlíonadh go dtí an 30 Meán Fómhair 2020.

(6)

Ba cheart Cinneadh 2013/354/CBES a leasú dá réir.

(7)

Cuirfear EUPOL COPPS i gcrích i gcomhthéacs staid a bhféadfadh meath teacht uirthi agus a d’fhéadfadh bac a chur ar bhaint amach chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar a leagtar amach iad in Airteagal 21 den Chonradh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh 2013/354/CBES mar a leanas:

(1)

in Airteagal 6, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“8.   Beidh Kauko AALTOMAA ina Cheann Misin don tréimhse ón 1 Iúil 2020 go dtí an 30 Meán Fómhair 2020.”.

(2)

in Airteagal 12(1), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

“Is é EUR 12 651 893,91 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais atá ceaptha an caiteachas a bhaineann le EUPOL COPPS a chumhdach don tréimhse ón 1 Iúil 2020 go dtí an 30 Meitheamh 2021.”.

(3)

in Airteagal 15, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú mír:

“Rachaidh sé in éag ar an 30 Meitheamh 2021.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Beidh feidhm aige ón 1 Iúil 2020.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 29 Meitheamh 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. METELKO-ZGOMBIĆ


(1)  Cinneadh 2013/354/CBES ón gComhairle an 3 Iúil 2013 maidir le Misean Póilíneachta an Aontais Eorpaigh le haghaidh na gCríoch Palaistíneach (EUPOL COPPS) (IO L 185, 4.7.2013, lch. 12).

(2)  Cinneadh (CBES) 2019/1114 ón gComhairle an 28 Meitheamh 2019 lena leasaítear Cinneadh 2013/354/CBES maidir le Misean Póilíneachta an Aontais Eorpaigh le haghaidh na gCríoch Palaistíneach (EUPOL COPPS) (IO L 176, 1.7.2019, lch. 5).

(3)  Cinneadh (CBES) 2017/1802 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 28 Meán Fómhair 2017 maidir le Ceann Misin Mhisean Póilíneachta an Aontais Eorpaigh le haghaidh na gCríoch Palaistíneach a cheapadh (EUPOL COPPS) (EUPOL COPPS/1/2017) (IO L 259, 7.10.2017, lch. 20).

(4)  Cinneadh (CBES) 2019/1165 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 2 Iúil 2019 lena gcuirtear síneadh le sainordú Cheann Misin Mhisean Póilíneachta an Aontais Eorpaigh le haghaidh na gCríoch Palaistíneach (EUPOL COPPS) (EUPOL COPPS/1/2019) (IO L 182, 8.7.2019, lch. 43).


30.6.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 207/32


CINNEADH (CBES) 2020/903 ÓN gCOMHAIRLE

an 29 Meitheamh 2020

lena leasaítear Cinneadh 2013/233/CBES maidir le Misean Cúnaimh an Aontais Eorpaigh um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha sa Libia (EUBAM Libya)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 42(4) agus Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 22 Bealtaine 2013, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2013/233/CBES (1), lenar bunaíodh Misean Cúnaimh an Aontais Eorpaigh um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha sa Libia (EUBAM Libya).

(2)

An 17 Nollaig 2018, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2018/2009 (2), a chuir síneadh le sainordú EUBAM Libya go dtí an 30 Meitheamh 2020.

(3)

An 16 Aibreán 2020, chomhaontaigh an Coiste Polaitiúil agus Slándála (“CPS”) gur cheart, i ngeall ar phaindéim COVID-19, síneadh bliain amháin a chur le EUBAM Libya leis an sainordú céanna, a fhéadfar a athbhreithniú nuair is féidir sin a dhéanamh de réir na n-imthosca.

(4)

An 14 Bealtaine 2020, chomhaontaigh CPS, ina theannta sin, go mba cheart do Vincenzo TAGLIAFERRI, a ceapadh ina Cheann Misin an 30 Lúnasa 2016 le Cinneadh (CBES) 2016/1634 (3) ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála , agus ar cuireadh síneadh lena shainordú go rialta, agus le deireanas go dtí an 30 Meitheamh 2020 le Cinneadh (CBES) 2019/2077 (4) ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála , go mba cheart dó leanúint den fheidhm sin a chomhlíonadh go dtí an 30 Meán Fómhair 2020.

(5)

Ba cheart Cinneadh 2013/233/CBES a leasú dá réir.

(6)

Cuirfear EUBAM Libya i gcrích i gcomhthéacs staid a d'fhéadfadh dul in olcas agus a d'fhéadfadh bac a chur ar bhaint amach chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar a leagtar amach iad in Airteagal 21 den Chonradh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear leis seo Cinneadh 2013/233/CBES mar a leanas:

(1)

in Airteagal 6, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“8.   Beidh Vincenzo TAGLIAFERRI ina Cheann Misin don tréimhse ón 1 Iúil 2020 go dtí an 30 Meán Fómhair 2020.”.

(2)

in Airteagal 13(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an séú fomhír:

“Is é EUR 60 038 863,03 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais a bheartaítear chun caiteachas EUBAM Libya a chumhdach ón 1 Eanáir 2019 go dtí an 30 Meitheamh 2021.”.

(3)

in Airteagal 16, cuirtear an mhír seo a leanas in ionad an dara mír:

“Beidh feidhm aige go dtí an 30 Meitheamh 2021.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 29 Meitheamh 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. METELKO-ZGOMBIĆ


(1)  Cinneadh 2013/233/CBES ón gComhairle an 22 Bealtaine 2013 maidir le Misean Cúnaimh an Aontais Eorpaigh um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha sa Libia (EUBAM Libya) (IO L 138, 24.5.2013, lch. 15).

(2)  Cinneadh (CBES) 2018/2009 ón gComhairle an 17 Nollaig 2018 lena leasaítear agus lena gcuirtear síneadh le Cinneadh 2013/233/CBES maidir le Misean Cúnaimh an Aontais Eorpaigh um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha sa Libia (EUBAM Libya) (IO L 322, 18.12.2018, lch. 25).

(3)  Cinneadh ón gCoiste Pholaitiúil agus Slándála (CBES) 2016/1634 an 30 Lúnasa 2016 maidir le ceapadh Cheann Mhisin Misean Cúnaimh an Aontais Eorpaigh um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha sa Libia (EUBAM Libya) (EUBAM Libya/1/2016) (IO L 243, 10.9.2016, lch. 10).

(4)  Cinneadh (CBES) 2019/2077 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 28 Samhain 2019 lena gcuirtear síneadh le sainordú Cheann Mhisin do Mhisean Cúnaimh an Aontais Eorpaigh um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha sa Libia (EUBAM Libya) (EUBAM Libya/1/2019) (IO L 316, 6.12.2019, lch. 32).


30.6.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 207/34


CINNEADH (CBES) 2020/904 ÓN gCOMHAIRLE

an 29 Meitheamh 2020

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2017/1424 ón gComhairle i dtaca leis an dáta éaga maidir le tacaíocht do ghníomhaíochtaí ESCE a bhaineann le mionairm, airm éadroma agus gnáth-armlón a laghdú i bPoblacht na Macadóine Thuaidh agus sa tSeoirsia

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 28(1) agus 31(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 4 Lúnasa 2017, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2017/1424 (1), lena bhforáiltear do thréimhse cur chun feidhme 36 mhí ó dháta thabhairt i gcrích an chomhaontaithe maoinithe dá dtagraítear in Airteagal 3(3) den Chinneadh sin, le haghaidh na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1 de.

(2)

Síníodh an comhaontú maoinithe le Rúnaíocht na hEagraíochta um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE), arb é an t-eintiteas cur chun feidhme le haghaidh Chinneadh (CBES) 2017/1424, an 7 Meán Fómhair 2017 agus rachaidh sé in éag an 6 Meán Fómhair 2020.

(3)

An 27 Aibreán 2020, d’iarr Fóram um Chomhar Slándála ESCE go gcuirfí síneadh gan chostas sé mhí le tréimhse cur chun feidhme Chinneadh (CBES) 2017/1424 go dtí an 6 Márta 2021, de dheasca phaindéim COVID-19 agus na srianta ar an taisteal idirnáisiúnta.

(4)

Níl aon impleacht maidir le hacmhainní airgeadais ag leanúint de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1 de Chinneadh (CBES) 2017/1424 go dtí an 6 Márta 2021.

(5)

Ba cheart Cinneadh (CBES) 2017/1424 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh (CBES) 2017/1424 mar seo a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

“Cinneadh (CBES) 2017/1424 ón gComhairle an 4 Lúnasa 2017 chun tacú le gníomhaíochtaí ESCE chun an riosca a laghdú maidir le gáinneáil aindleathach agus carnadh iomarcach mionarm agus arm éadrom agus gnáth-armlóin i bPoblacht na Macadóine Thuaidh agus sa tSeoirsia”;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad Airteagal 5(2):

“2.   Rachaidh an Cinneadh seo in éag an 6 Márta 2021.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 29 Meitheamh 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. METELKO-ZGOMBIĆ


(1)  Cinneadh (CBES) 2017/1424 an 4 Lúnasa 2017 chun tacú le gníomhaíochtaí ESCE chun an riosca a laghdú maidir le gáinneáil aindleathach agus carnadh iomarcach mionarm agus arm éadrom agus gnáth-armlóin in Iar-Phoblacht Iúgslavach na Macadóine agus sa tSeoirsia (IO L 204, 5.8.2017, lch. 82).


30.6.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 207/35


CINNEADH (CBES) 2020/905 ÓN gCOMHAIRLE

an 29 Meitheamh 2020

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2017/1428 chun tacú le cur chun feidhme Phlean Gníomhaíochta Maputo le haghaidh chur chun feidhme Choinbhinsiún 1997 maidir le Toirmeasc ar Úsáid, Stoc-Charnadh, Táirgeadh agus Aistriú Mianach Frithphearsanra agus maidir lena nDíothú

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 28(1) agus 31(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 4 Lúnasa 2017, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2017/1428 (1), lena bhforáiltear do thréimhse cur chun feidhme 36 mhí ó dháta thabhairt i gcrích an chomhaontaithe maoinithe dá dtagraítear in Airteagal 3(3) den Chinneadh sin, le haghaidh na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1 de.

(2)

Síníodh an comhaontú maoinithe le hAonad Tacaíochta Cur Chun Feidhme an Choinbhinsiúin maidir le Toirmeasc ar Úsáid, Stoc-Charnadh, Táirgeadh agus Aistriú Mianach Frithphearsanra agus maidir lena nDíothú (an “ISU”), arna ionadú ag Lárionad Idirnáisiúnta na Ginéive um Dhímhianú Daonnúil, arb í an ghníomhaireacht cur chun feidhme le haghaidh Chinneadh (CBES) 2017/1428 ón gComhairle, an 30 Deireadh Fómhair 2017 agus rachaidh sé in éag an 29 Deireadh Fómhair 2020.

(3)

An 16 Aibreán 2020, d’iarr ISU go gcuirfí síneadh gan chostas ceithre mhí le tréimhse chur chun feidhme Chinneadh (CBES) 2017/1428 go dtí an 28 Feabhra 2021, de dheasca phaindéim COVID-19 agus srianta ar an taisteal idirnáisiúnta.

(4)

Níl aon impleacht maidir le hacmhainní airgeadais ag leanúint de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1 de Chinneadh (CBES) 2017/1428 go dtí an 28 Feabhra 2021.

(5)

Ba cheart Cinneadh (CBES) 2017/1428 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad Airteagal 5 de Chinneadh (CBES) 2017/1428:

Airteagal 5

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Rachaidh sé in éag an 28 Feabhra 2021.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Meitheamh 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. METELKO-ZGOMBIĆ


(1)  Cinneadh (CBES) 2017/1428 ón gComhairle an 4 Lúnasa 2017 mar thaca le cur chun feidhme Phlean Gníomhaíochta Mhapútóo chun Coinbhinsiún 1997 maidir le Toirmeasc ar Úsáid, Stoc-Charnadh, Táirgeadh agus Aistriú Mianach Frithphearsanra agus maidir lena nDíothú a chur chun feidhme (IO L 204, 5.8.2017, lch. 101).


30.6.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 207/36


CINNEADH (CBES) 2020/906 ÓN gCOMHAIRLE

an 29 Meitheamh 2020

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2019/615 ón gComhairle maidir le tacaíocht ón Aontas do ghníomhaíochtaí in oirchill na Comhdhála Athbhreithnithe de chuid na bPáirtithe sa Chonradh maidir le Neamhleathadh Arm Núicléach (NPT) 2020

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 28(1) agus 31(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 15 Aibreán 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2019/615 (1), lena bhforáiltear do thréimhse cur chun feidhme 18 mí ó dháta thabhairt i gcrích an chomhaontaithe maoinithe dá dtagraítear sa Chinneadh sin, le haghaidh na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1 de.

(2)

D’iarr Oifig na Náisiún Aontaithe um Ghnóthaí Dí-armála síneadh go dtí an 16 Aibreán 2021 ar thréimhse cur chun feidhme Chinneadh (CBES) 2019/615. Iarradh an síneadh sin mar gheall ar phaindéim COVID-19 agus mar gheall ar ghníomhaíochtaí atá curtha ar fionraí go sealadach faoi Chinneadh (CBES) 2019/615.

(3)

Is féidir leanúint leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1 de Chinneadh (CBES) 2019/615 gan aon impleacht ó thaobh acmhainní airgeadais de go dtí an 16 Aibreán 2021.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2019/615 a leasú dá réir.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad Airteagal 5(2) de Chinneadh (CBES) 2019/615:

“2.

Rachaidh an Cinneadh seo in éag 24 mhí tar éis an dáta a dtabharfar an comhaontú airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 3(3) i gcrích, nó sé mhí tar éis dáta a ghlactha mura mbeidh comhaontú airgeadais tugtha i gcrích laistigh den tréimhse sin.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Meitheamh 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A METELKO-ZGOMBIĆ


(1)  Cinneadh (CBES) 2019/615 ón gComhairle an 15 Aibreán 2019 maidir le tacaíocht ón Aontas do ghníomhaíochtaí in oirchill na Comhdhála Athbhreithnithe de chuid na bPáirtithe sa Chonradh maidir le Neamhleathadh Arm Núicléach (NPT) 2020 (IO L 105, 16.4.2019, lch. 25).


30.6.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 207/37


CINNEADH (CBES) 2020/907 ÓN GCOMHAIRLE

an 29 Meitheamh 2020

lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES maidir le bearta sriantacha I bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 31 Iúil 2014, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2014/512/CBES (1).

(2)

An 19 Márta 2015, d’aontaigh an Chomhairle Eorpach go ndéanfaí na bearta is gá chun fad na mbeart sriantach a nascadh go soiléir le cur chun feidhme iomlán chomhaontuithe Mhionsc, agus é á chur san áireamh gur beartaíodh an cur chun feidhme iomlán don 31 Nollaig 2015.

(3)

An 19 Nollaig 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2019/2192 (2), lena ndéantar Cinneadh 2014/512/CBES a athnuachan go dtí an 31 Iúil 2020 chun a chur ar a cumas measúnú breise a dhéanamh ar chur chun feidhme chomhaontuithe Mhionsc.

(4)

Tar éis di measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme chomhaontuithe Mhionsc, measann an Chomhairle gur cheart Cinneadh 2014/512/CBES a athnuachan go ceann sé mhí eile chun a chur ar chumas na Comhairle measúnú breise a dhéanamh ar a gcur chun feidhme.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2014/512/CBES a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre d’Airteagal 9(1) de Chinneadh 2014/512/CBES:

”1.   Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 31 Eanáir 2021.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 29 Meitheamh 2020

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. METELKO-ZGOMBIĆ


(1)  Cinneadh 2014/512/CBES ón gComhairle an 31 Iúil 2014 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 229, 31.7.2014, lch. 13).

(2)  Cinneadh (CBES) 2019/2192 ón gComhairle an 19 Nollaig 2019 lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES maidir le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 330, 20.12.2019, lch. 71).