ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 196

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

Imleabhar 63
19 Meitheamh 2020


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/847 ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 267/2012 a bhaineann le bearta sriantacha in aghaidh na hIaráine

1

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (AE) 2020/848 ón gComhairle an 16 Meitheamh 2020 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh san Fhóram Domhanda um Chomhchuibhiú Rialachán d’Fheithiclí faoi choimirce Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip a mhéid a bhaineann leis na tograí le haghaidh modhnuithe ar Rialacháin Uimh. 13, 14, 16, 22, 30, 41, 78, 79, 83, 94, 95, 101, 108, 109, 117, 129, 137, 138, 140 agus 152 ó na Náisiúin Aontaithe, a mhéid a bhaineann leis na tograí le haghaidh modhnuithe ar Rialacháin Theicniúla Dhomhanda Uimh. 3, 6, 7, 16 agus 19, a mhéid a bhaineann leis na tograí le haghaidh leasuithe a dhéanamh ar Rialachán Comhdhlúithe R.E.3 agus a mhéid a bhaineann leis na tograí le haghaidh cúig rialachán nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le sábháilteacht, astaíochtaí agus uathoibriú i réimse na mótarfheithiclí

5

 

*

Cinneadh (CBES) 2020/849 ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 lena leasaítear Cinneadh 2010/413/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na hIaráine

8

 

*

Cinneadh (CBES) 2020/850 ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 lena leasaítear Cinneadh 2014/386/CBES maidir le bearta sriantacha mar fhreagairt ar an ionghabháil neamhdhleathach ar an gCrimé agus Sevastopol

12

GA

Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo.

Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu.


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

19.6.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 196/1


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2020/847 ÓN gCOMHAIRLE

an 18 Meitheamh 2020

lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 267/2012 a bhaineann le bearta sriantacha in aghaidh na hIaráine

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 267/2012 ón gComhairle an 23 Márta 2012 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na hIaráine agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 961/2010 (1), agus go háirithe Airteagal 46(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 23 Márta 2012, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 267/2012.

(2)

Ar bhonn athbhreithniú ar Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh 2010/413/CBES, tháinig an Chomhairle ar an tátal gur cheart na bearta sriantacha i gcoinne gach duine agus gach eintitis atá ar an liosta a leagtar amach san Iarscríbhinn sin a choimeád ar bun, sa mhéid nach luaitear a n-ainmneacha in Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an gCinneadh sin.

(3)

Tháinig an Chomhairle ar an tátal freisin gur cheart 10 n-iontráil a áirítear in Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 267/2012 a nuashonrú.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 267/2012 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 267/2012 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 18 Meitheamh 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. METELKO-ZGOMBIĆ


(1)   IO L 88, 24.3.2012, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 267/2012 mar a leanas:

(1)

faoin gceannteideal “I. Daoine agus eintitis a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí diúracán núicléach nó le gníomhaíochtaí diúracán balaistíoch agus daoine agus eintitis a thugann tacaíocht do Rialtas na hIaráine”, cuirtear na hiontrálacha seo a leanas in ionad na n-iontrálacha comhfhreagracha sa liosta a leagtar amach faoin bhfo-cheannteideal “A. Daoine”:

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

“8.

Ebrahim MAHMUDZADEH

 

Iar-Stiúrthóir Bainistíochta Iran Electronic Industries (féach Cuid B, Uimh. 20). Is Ard-Stiúrthóir ar The Armed Forces Social Security Organization é faoi láthair.

23.6.2008

12.

Mohammad Reza MOVASAGHNIA

 

Iar-cheannaire ar Ghrúpa Tionscal Samen Al A’Emmeh (SAIG), dá ngairtear freisin Cruise Missile Industry Group. Ainmníodh an eagraíocht sin faoi Rún 1747 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus liostaítear í in Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhsheasamh 2007/140/CBES.

26.7.2010

25.

Sayed Shamsuddin BORBORUDI

(ar a dtugtar freisin Seyed Shamseddin BORBOROUDI)

Dáta Breithe: 21.9.1969

Iar-Leas-Cheann Atomic Energy Organisation of Iran atá ainmnithe ag na Náisiúin Aontaithe, áit a raibh sé faoi cheannas Feridun Abbasi Davani atá ainmnithe ag na Náisiúin Aontaithe. Tá sé rannpháirteach i gclár núicléach na hIaráine ó 2002 ar a laghad, lena n-áirítear mar iarcheannaire soláthair agus lóistíochta ag AMAD, áit a raibh sé freagrach as cuideachtaí caocha amhail Kimia Madan a úsáid chun trealamh agus ábhar a sholáthar do chlár arm núicléach na hIaráine.

1.12.2011”;

(2)

faoin gceannteideal “I. Daoine agus eintitis a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí diúracán núicléach nó le gníomhaíochtaí diúracán balaistíoch agus daoine agus eintitis a thugann tacaíocht do Rialtas na hIaráine”, cuirtear na hiontrálacha seo a leanas in ionad na n-iontrálacha comhfhreagracha sa liosta a leagtar amach faoin bhfo-cheannteideal “B. Eintitis”:

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

“87.

Khala Afarin Pars (ar a dtugtar freisin PISHRO KHALA AFARIN COMPANY)

An seoladh deiridh aige is eol dúinn: Unit 5, 2nd Floor, No 75, Mehran Afrand St, Sattarkhan St, Tehran.

Tá baint acu le trealamh agus ábhair a cheannach a bhfuil feidhmeanna díreacha acu i gclár núicléach na hIaráine.

1.12.2011

161.

Sharif University of Technology

An seoladh deiridh aige is eol dúinn: Azadi Ave/Street, PO Box 11365-11155, Tehran, Iran, Tel: +98 21 66 161 Ríomhphost: info@sharif.ir

Tá roinnt comhaontuithe comhair ag Sharif University of Technology (SUT) le heagraíochtaí Rialtas na hIaráine atá ainmnithe ag na Náisiúin Aontaithe agus/nó ag an Aontas Eorpach, agus a fheidhmíonn i réimsí míleata nó a bhaineann le réimsí míleata, go háirithe i réimse tháirgeadh agus sholáthar na ndiúracán balaistíoch. Áirítear leis sin: comhaontú leis an Aerospace Industries Organisation atá ainmnithe ag an Aontas Eorpach chun, i measc nithe eile, satailítí a tháirgeadh; oibriú i gcomhar le hAireacht Cosanta na hIaráine agus Iranian Revolutionary Guards Corps (IRGC) maidir le comórtais do bháid chliste; comhaontú níos leithne le hAerfhórsa IRGC lena gcumhdaítear caidreamh na hOllscoile, comhar eagraíochtúil agus straitéiseach a fhorbairt agus a neartú; Is cuid de chomhaontú 6 ollscoil é SUT a thacaíonn le Rialtas na hIaráine trí thaighde a bhaineann leis an gcosaint.

I dteannta a chéile, léirítear leis an méid sin rannpháirtíocht shuntasach le Rialtas na hIaráine i réimsí míleata nó a bhaineann le réímsí míleata arb ionann iad agus tacaíocht do Rialtas na hIaráine.

8.11.2014”;

(3)

faoin gceannteideal “II. Islamic Revolutionary Guard Corps.”, cuirtear na hiontrálacha seo a leanas in ionad na n-iontrálacha comhfhreagracha sa liosta a leagtar amach faoin bhfo-cheannteideal “A. Daoine”:

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

“6.

IRGC Mohammad Ali JAFARI

 

Iar-Cheannasaí IRGC.

23.6.2008

7.

An Briogáidire-Ghinearál Mostafa Mohammad NAJJAR ó IRGC

 

Iar-Aire Gnóthaí Baile agus Iar-Aire MODAFL, a bhfuil freagracht air as gach clár míleata, lena n-áirítear cláir diúracán balaistíoch. Faoi láthair, tá sé ina chomhairleoir sinsearach ag Ceann General Staff of the Armed Forces.

23.6.2008

8.

An Briogáidire-Ghinearál Mohammad Reza NAQDI ó IRGC

Áit bhreithe: Nadjaf, an Iaráic

Dáta Breithe: 1953

Leas-Chomhordaitheoir IRGC. Iar-Leas-Cheannasaí IRGC um Ghnóthaí Cultúrtha agus Sóisialta. Iar-Cheannasaí Fhórsa Frithbheartaíochta Basij.

26.7.2010

11.

An Briogáidire-Ghinearál Hossein SALAMI ó IRGC

 

Ceannasaí IRGC.

26.7.2010

13.

An Briogáidire-Ghinearál Ahmad VAHIDI ó IRGC

 

Uachtarán Supreme National Defense University agus iar-Aire MODAFL.

23.6.2008”.


CINNTÍ

19.6.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 196/5


CINNEADH (AE) 2020/848 ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Meitheamh 2020

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh san Fhóram Domhanda um Chomhchuibhiú Rialachán d’Fheithiclí faoi choimirce Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip a mhéid a bhaineann leis na tograí le haghaidh modhnuithe ar Rialacháin Uimh. 13, 14, 16, 22, 30, 41, 78, 79, 83, 94, 95, 101, 108, 109, 117, 129, 137, 138, 140 agus 152 ó na Náisiúin Aontaithe, a mhéid a bhaineann leis na tograí le haghaidh modhnuithe ar Rialacháin Theicniúla Dhomhanda Uimh. 3, 6, 7, 16 agus 19, a mhéid a bhaineann leis na tograí le haghaidh leasuithe a dhéanamh ar Rialachán Comhdhlúithe R.E.3 agus a mhéid a bhaineann leis na tograí le haghaidh cúig rialachán nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le sábháilteacht, astaíochtaí agus uathoibriú i réimse na mótarfheithiclí

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh 97/836/CE ón gComhairle (1), d’aontaigh an tAontas Eorpach do Chomhaontú Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (CENAE) maidir le saintreoracha teicniúla aonfhoirmeacha a ghlacadh i gcomhair feithiclí rothacha, trealaimh agus páirteanna ar féidir iad a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha agus maidir leis na coinníollacha le haghaidh aitheantas frithpháirteach i gcás ceaduithe a dheonaítear ar bhonn na saintreoracha sin (‘Comhaontú Leasaithe 1958’). Comhaontú Athbhreithnithe 1958, tháinig sé i bhfeidhm an 24 Márta 1998.

(2)

Trí Chinneadh 2000/125/CE ón gComhairle (2), d’aontaigh an tAontas don Chomhaontú maidir le rialacháin theicniúla dhomhanda a leagan síos i gcomhair feithiclí rothacha, trealaimh agus páirteanna ar féidir iad a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha (an “Comhaontú Comhthreomhar”). Tháinig an Comhaontú Comhthreomhar i bhfeidhm an 15 Feabhra 2000.

(3)

Le Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) cuireadh nós imeachta ceadaithe an Aontais in ionad chórais cheadaithe na mBallstát agus leagadh síos creat comhchuibhithe ina bhfuil forálacha riaracháin agus ceanglais theicniúla ghinearálta maidir le gach feithicil, córas, comhpháirt nua agus gach aonad teicniúil ar leithligh. D’ionchorpraigh an Treoir sin rialacháin arna nglacadh faoi Chomhaontú Athbhreithnithe 1958 (“Rialacháin ó na Náisiúin Aontaithe”) i gcóras cineálcheadaithe an Aontais, mar cheanglais maidir le cineálcheadú nó mar roghanna malartacha ar reachtaíocht an Aontais. Ó glacadh Treoir 2007/46/CE, tá méadú ag teacht ar an líon Rialachán ó na Náisiúin Aontaithe atá á n-ionchorprú i reachtaíocht an Aontais.

(4)

De bhun Airteagal 1 de Chomhaontú Athbhreithnithe 1958 agus Airteagal 6 den Chomhaontú Comhthreomhar, féadfaidh Fóram Domhanda UNECE um Chomhchuibhiú Rialachán d’Fheithiclí (UNECE WP.29) tograí a ghlacadh le haghaidh modhnuithe ar Rialacháin, Rialacháin Theicniúla Dhomhanda (RTDanna) agus Rúin ó na Náisiúin Aontaithe chomh maith le tograí le haghaidh Rialacháin nua, Rialacháin Theicniúla Dhomhanda (RTDanna) nua agus Rúin nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le feithiclí a cheadú. Ina theannta sin, de bhun na bhforálacha sin, féadfaidh UNECE WP.29 tograí a ghlacadh le haghaidh údaruithe chun leasuithe a dhéanamh ar RTDanna ó na Náisiúin Aontaithe nó le haghaidh leasuithe a dhéanamh ar RTDanna ó na Náisiúin Aontaithe agus féadfaidh sé tograí a ghlacadh le haghaidh sainorduithe le haghaidh RTDanna ó na Náisiúin Aontaithe a shíneadh.

(5)

Le linn a 181ú seisiún atá le reáchtáil an 23 Meitheamh 2020, féadfaidh UNECE WP.29 na tograí seo a leanas a ghlacadh: na tograí le haghaidh modhnuithe ar Rialacháin Uimh. 13, 14, 16, 22, 30, 41, 78, 79, 83, 94, 95, 101, 108, 109, 117, 129, 137, 138, 140 agus 152 ó na Náisiúin Aontaithe, an togra le haghaidh Rialachán nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le feithiclí a cheadú i ndáil le sláine an chórais breosla agus sábháilteacht na traenach cumhachta leictrí i gcás imbhualadh deiridh, an togra le haghaidh Rialachán nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le tástáil chomhchuibhithe dhomhanda ar fheithiclí éadroma agus modhnú ar an Rialachán sin ó na Náisiúin Aontaithe, an togra le haghaidh Rialachán nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le forálacha aonfhoirmeacha i ndáil le feithiclí a cheadú a mhéid a bhaineann leis an gcibearshlándáil agus le córas bainistithe cibearshlándála, an togra le haghaidh Rialachán nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le forálacha aonfhoirmeacha i ndáil le feithiclí a cheadú a mhéid a bhaineann le nuashonrú ar bhogearraí agus córas bainistithe nuashonraithe bogearraí, an togra le haghaidh Rialachán nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le forálacha aonfhoirmeacha i ndáil le feithiclí a cheadú a mhéid a bhaineann le Córas Uathoibrithe Coimeádta Lána, na tograí le haghaidh leasuithe ar RTDanna Uimh. 3, 6, 7, 16 agus 19 ó na Náisiúin Aontaithe agus an togra le haghaidh leasú ar Rialachán Comhdhlúite R.E.3. maidir le Tógáil Feithiclí. Thairis sin, tá UNECE WP.29 le togra a ghlacadh le haghaidh síneadh a chur leis an sainordú do RTD Uimh. 9 ó na Náisiúin Aontaithe agus togra le haghaidh údaruithe chun leasú ar RTD Uimh. 8 ó na Náisiúin Aontaithe a fhorbairt agus chun RTD nua ó na Náisiúin Aontaithe a fhorbairt maidir le marthanacht ceallraí infheithicle.

(6)

Is iomchuí an seasamh a bheidh le glacadh thar ceann an Aontais in UNECE WP.29 a leagan síos a mhéid a bhaineann leis na tograí sin a ghlacadh, ós rud é go mbeidh na Rialacháin sin ó na Náisiúin Aontaithe ina gceangal ar an Aontas agus go bhféadfaidh siad, in éineacht leis na RTDanna agus an Rún Comhdhlúite R.E.3 ó na Náisiúin Aontaithe, tionchar cinntitheach a imirt ar inneachar dhlí an Aontais i réimse an chineálcheadaithe feithicle.

(7)

I bhfianaise taithí agus forbairtí teicniúla, is gá na ceanglais a bhaineann le heilimintí nó gnéithe áirithe a chumhdaítear le Rialacháin Uimh. 14, 16, 22, 30, 41, 78, 79, 83, 94, 95, 101, 108, 109, 117, 129, 137, 138, 140 agus 152 ó na Náisiúin Aontaithe, chomh maith le Rún Comhdhlúite R.E.3., a leasú nó a fhorlíonadh.

(8)

Ina theannta sin, is gá forálacha áirithe in RTDanna Uimh. 3, 6, 7, 16 agus 19 ó na Náisiúin Aontaithe a leasú.

(9)

Is gá Rialachán Uimh. 13 ó na Náisiúin Aontaithe a cheartú, cé nach mbaineann na hathruithe ach leis an leagan Rúiseach amháin.

(10)

Chun dul chun cinn teicniúil a chur san áireamh agus chun sábháilteacht feithiclí agus tástáil astaíochtaí a fheabhsú, is gá cúig cinn de Rialacháin nua ó na Náisiúin Aontaithe a ghlacadh: maidir le sláine an chórais breosla agus sábháilteacht na traenach cumhachta leictrí i gcás imbhualadh deiridh, maidir le Tástáil chomhchuibhithe Dhomhanda ar fheithiclí Éadroma, maidir le cibearshlándáil agus córas bainistithe cibearshlándála, maidir le nuashonrú bogearraí agus córas bainistithe nuashonraithe bogearraí agus maidir le Córas Uathoibrithe Coimeádta Lána. Ag an am céanna, caithfear leasú ar an Rialachán nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le tástáil chomhchuibhithe dhomhanda ar fheithiclí éadroma a ghlacadh, toisc go gceadófar leis sin, ar leithligh, lánaitheantas frithpháirteach do na Páirtithe Conarthacha a roghnaíonn ceanglais nua a chur i bhfeidhm a théann níos faide ná sraith bhunaidh 00 an Rialacháin, lena gcumhdaítear ceanglais réigiúnacha amháin.

(11)

Chun go bhféadfar tuilleadh forbartha a dhéanamh ar cheanglais theicniúla, caithfear na tograí chun sainordú RTD Uimh. 9 ó na Náisiúin Aontaithe a shíneadh, chun leasú a fhorbairt ar RTD Uimh. 8 ó na Náisiúin Aontaithe agus forbairt RTD nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le marthanacht ceallraí infheithicle a údarú a ghlacadh ar bhonn na n-iarrataí ó Pháirtithe Conarthacha UNECE a urraíonn an obair ar RTD ó na Náisiúin Aontaithe nó ó fhochomhlachtaí tiomanta UNECE WP.29.

(12)

An 27 Feabhra 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2020/287 (4) maidir leis an seasamh a bheidh le glacadh maidir le RTDanna Uimh. 3, 6 agus 16 ó na Náisiúin Aontaithe don 180ú seisiún de chuid UNECE WP.29, a tionóladh idir an 10 agus an 12 Márta 2020. Mar sin féin, ní raibh WP.29 in ann vóta a ghlacadh sa seisiún sin agus chinn sé na tograí a thíolacadh lena vótáil an athuair ag seisiún mhí an Mheithimh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Is éard atá sa seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais le linn an 181ú seisiún d’Fhóram Domhanda UNECE um Chomhchuibhiú Rialachán d’Fheithiclí a thionólfar an 23 Meitheamh 2020 maidir leis na tograí le haghaidh modhnuithe ar Rialacháin de chuid na Náisiún Aontaithe Uimh. 13, 14, 16, 22, 30, 41, 78, 79, 83, 94, 95, 101, 108, 109, 117, 129, 137, 138, 140 agus 152, maidir leis na tograí le haghaidh modhnuithe ar Rialacháin Theicniúla Dhomhanda Uimh. 3, 6, 7, 16 agus 19, maidir leis an togra le haghaidh údaruithe chun leasuithe a dhéanamh ar Rialachán Comhdhlúithe R.E.3 agus maidir leis na tograí le haghaidh cúig Rialachán nua de chuid na Náisiún Aontaithe i dtaca le sábháilteacht, astaíochtaí agus uathoibriú i réimse na mótarfheithiclí (5), go vótálfar ina bhfabhar.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 16 Meitheamh 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. METELKO-ZGOMBIĆ


(1)  Cinneadh 97/836/CE ón gComhairle an 27 Samhain 1997 d’fhonn go n-aontóidh an Comhphobal Eorpach do Chomhaontú Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip maidir le saintreoracha teicniúla aonfhoirmeacha a ghlacadh i gcomhair feithiclí rothacha, trealaimh agus páirteanna ar féidir iad a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha agus maidir leis na coinníollacha le haghaidh aitheantas frithpháirteach i gcás ceaduithe a dheonaítear ar bhonn na saintreoracha sin (“Comhaontú Leasaithe 1958”) (IO L 346, 17.12.1997, lch. 78).

(2)  Cinneadh 2000/125/CE ón gComhairle an 31 Eanáir 2000 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe maidir le rialacháin theicniúla dhomhanda a leagan síos i gcomhair feithiclí rothacha, trealaimh agus páirteanna ar féidir iad a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha (‘Comhaontú Comhthreomhar’) (IO L 35, 10.2.2000, lch. 12).

(3)  Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meán Fómhair 2007 lena mbunaítear creat chun mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh atá beartaithe le haghaidh feithiclí den sórt sin a cheadú (Treoir Réime) (IO L 263, 9.10.2007, lch. 1).

(4)  Cinneadh (AE) 2020/287 ón gComhairle an 27 Feabhra 2020 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gCoistí ábhartha Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip a mhéid a bhaineann leis na tograí le haghaidh modhnuithe ar Rialacháin Uimh. 10, 26, 28, 46, 48, 51, 55, 58, 59, 62, 79, 90, 106, 107, 110, 117, 121, 122, 128, 144, 148, 149, 150, 151 agus 152 ó na Náisiún Aontaithe, a mhéid a bhaineann leis na tograí le haghaidh modhnuithe ar Rialacháin Theicniúla Dhomhanda (RTDanna) Uimh. 3, 6, agus 16, a mhéid a bhaineann leis na tograí le haghaidh leasuithe ar Rialachán Comhdhlúite R.E.5, agus a mhéid a bhaineann leis na tograí le haghaidh údaruithe chun leasú a fhorbairt ar RTD Uimh. 6 agus RTD nua a fhorbairt maidir le Cumhacht Feithiclí Leictrithe a Chinneadh (IO L 62, 2.3.2020, lch. 26).

(5)  Féach doiciméad ST 8471/20 ag http://register.consilium.europa.eu.


19.6.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 196/8


CINNEADH (CBES) 2020/849 ÓN gCOMHAIRLE

an 18 Meitheamh 2020

lena leasaítear Cinneadh 2010/413/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na hIaráine

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 26 Iúil 2010, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2010/413/CBES (1) a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na hIaráine.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 26(3) de Chinneadh 2010/413/CBES, rinne an Chomhairle athbhreithniú ar liosta na ndaoine agus na n-eintiteas ainmnithe a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh sin.

(3)

Tháinig an Chomhairle ar an tátal gur cheart na bearta sriantacha i gcoinne gach duine agus gach eintiteas ar an liosta a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh 2010/413/CBES a choimeád ar bun, a mhéid nach luaitear a n-ainmneacha in Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an gCinneadh sin, agus gur cheart 10 n-iontráil atá in Iarscríbhinn II a thabhairt cothrom le dáta.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh 2010/413/CBES a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh 2010/413/CBES mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 18 Meitheamh 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. METELKO-ZGOMBIĆ


(1)  Cinneadh 2010/413/CBES an 26 Iúil 2010 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na hIaráine agus lena n-aisghairtear Comhsheasamh 2007/140/CBES (IO L 195, 27.7.2010, lch. 39).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh 2010/413/CBES mar a leanas:

(1)

faoin gceannteideal “I. Daoine agus eintitis a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí diúracán núicléach nó le gníomhaíochtaí diúracán balaistíoch agus daoine agus eintitis a thugann tacaíocht do Rialtas na hIaráine”, cuirtear na hiontrálacha seo a leanas in ionad na n-iontrálacha comhfhreagracha sa liosta a leagtar amach faoin bhfo-cheannteideal “A. Daoine”:

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

“8.

Ebrahim MAHMUDZADEH

 

Iar-Stiúrthóir Bainistíochta Iran Electronic Industries (féach Cuid B, Uimh. 20). Is Ard-Stiúrthóir ar The Armed Forces Social Security Organization é faoi láthair.

23.6.2008

12.

Mohammad Reza MOVASAGHNIA

 

Iar-cheannaire ar Ghrúpa Tionscal Samen Al A’Emmeh (SAIG), dá ngairtear freisin Cruise Missile Industry Group. Ainmníodh an eagraíocht sin faoi Rún 1747 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus liostaítear í in Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhsheasamh 2007/140/CBES.

26.7.2010

25.

Sayed Shamsuddin BORBORUDI

(ar a dtugtar freisin Seyed Shamseddin BORBOROUDI)

Dáta Breithe: 21.9.1969

Iar-Leas-Cheann Atomic Energy Organisation of Iran atá ainmnithe ag na Náisiúin Aontaithe, áit a raibh sé faoi cheannas Feridun Abbasi Davani atá ainmnithe ag na Náisiúin Aontaithe. Tá sé rannpháirteach i gclár núicléach na hIaráine ó 2002 ar a laghad, lena n-áirítear mar iarcheannaire soláthair agus lóistíochta ag AMAD, áit a raibh sé freagrach as cuideachtaí caocha amhail Kimia Madan a úsáid chun trealamh agus ábhar a sholáthar do chlár arm núicléach na hIaráine.

1.12.2011”;

(2)

faoin gceannteideal “I. Daoine agus eintitis a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí diúracán núicléach nó le gníomhaíochtaí diúracán balaistíoch agus daoine agus eintitis a thugann tacaíocht do Rialtas na hIaráine”, cuirtear na hiontrálacha seo a leanas in ionad na n-iontrálacha comhfhreagracha sa liosta a leagtar amach faoin bhfo-cheannteideal “B. Eintitis”:

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

“87.

Khala Afarin Pars (ar a dtugtar freisin PISHRO KHALA AFARIN COMPANY)

An seoladh deiridh aige is eol dúinn: Unit 5, 2nd Floor, No 75, Mehran Afrand St, Sattarkhan St, Tehran.

Tá baint acu le trealamh agus ábhair a cheannach a bhfuil feidhmeanna díreacha acu i gclár núicléach na hIaráine.

1.12.2011

161.

Sharif University of Technology

An seoladh deiridh aige is eol dúinn: Azadi Ave/Street, PO Box 11365-11155, Tehran, Iran, Tel: +98 21 66 161 Ríomhphost: info@sharif.ir

Tá roinnt comhaontuithe comhair ag Sharif University of Technology(SUT) le heagraíochtaí Rialtas na hIaráine atá ainmnithe ag na Náisiúin Aontaithe agus/nó ag an Aontas Eorpach, agus a fheidhmíonn i réimsí míleata nó a bhaineann le réimsí míleata, go háirithe i réimse tháirgeadh agus sholáthar na ndiúracán balaistíoch. Áirítear leis sin: comhaontú leis an Aerospace Industries Organisation atá ainmnithe ag an Aontas Eorpach chun, i measc nithe eile, satailítí a tháirgeadh; oibriú i gcomhar le hAireacht Cosanta na hIaráine agus Iranian Revolutionary Guards Corps (IRGC) maidir le comórtais do bháid chliste; comhaontú níos leithne le hAerfhórsa IRGC lena gcumhdaítear caidreamh na hOllscoile, comhar eagraíochtúil agus straitéiseach a fhorbairt agus a neartú; Is cuid de chomhaontú 6 ollscoil é SUT a thacaíonn le Rialtas na hIaráine trí thaighde a bhaineann leis an gcosaint.

I dteannta a chéile, léirítear leis an méid sin rannpháirtíocht shuntasach le Rialtas na hIaráine i réimsí míleata nó a bhaineann le réímsí míleata arb ionann iad agus tacaíocht do Rialtas na hIaráine.

8.11.2014”;

(3)

faoin gceannteideal “II. Islamic Revolutionary Guard Corps.”, cuirtear na hiontrálacha seo a leanas in ionad na n-iontrálacha comhfhreagracha sa liosta a leagtar amach faoin bhfo-cheannteideal “A. Daoine”:

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

“6.

IRGC Mohammad Ali JAFARI

 

Iar-Cheannasaí IRGC.

23.6.2008

7.

An Briogáidire-Ghinearál Mostafa Mohammad NAJJAR ó IRGC

 

Iar-Aire Gnóthaí Baile agus Iar-Aire MODAFL, a bhfuil freagracht air as gach clár míleata, lena n‐áirítear cláir diúracán balaistíoch. Faoi láthair, tá sé ina chomhairleoir sinsearach ag Ceann General Staff of the Armed Forces.

23.6.2008

8.

An Briogáidire-Ghinearál Mohammad Reza NAQDI ó IRGC

Áit bhreithe: Nadjaf, an Iaráic

Dáta Breithe: 1953

Leas-Chomhordaitheoir IRGC. Iar-Leas-Cheannasaí IRGC um Ghnóthaí Cultúrtha agus Sóisialta. Iar-Cheannasaí Fhórsa Frithbheartaíochta Basij.

26.7.2010

11.

An Briogáidire-Ghinearál Hossein SALAMI ó IRGC

 

Ceannasaí IRGC.

26.7.2010

13.

An Briogáidire-Ghinearál Ahmad VAHIDI ó IRGC

 

Uachtarán Supreme National Defense University agus iar-Aire MODAFL.

23.6.2008”.


19.6.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 196/12


CINNEADH (CBES) 2020/850 ÓN gCOMHAIRLE

an 18 Meitheamh 2020

lena leasaítear Cinneadh 2014/386/CBES maidir le bearta sriantacha mar fhreagairt ar an ionghabháil neamhdhleathach ar an gCrimé agus Sevastopol

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 23 Meitheamh 2014, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2014/386/CBES (1).

(2)

Ní thugann an Chomhairle Eorpach aitheantas don ionghabháil neamhdhleathach a rinne Cónaidhm na Rúise ar an gCrimé agus Sevastopol agus leanann sí den ionghabháil sin a cháineadh agus beidh sí tiomanta i gcónaí dá beartas neamhaitheantais a chur chun feidhme ina iomláine.

(3)

Ar bhonn athbhreithniú ar Chinneadh 2014/386/CBES, ba cheart na bearta sriantacha a athnuachan go dtí an 23 Meitheamh 2021.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh 2014/386/CBES a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 5 de Chinneadh 2014/386/CBES, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír:

“Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 23 Meitheamh 2021.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 18 Meitheamh 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A.METELKO-ZGOMBIĆ


(1)  Cinneadh 2014/386/CBES ón gComhairle an 23 Meitheamh 2014 maidir le bearta sriantacha mar fhreagairt ar an ionghabháil neamhdhleathach ar an gCrimé agus Sevastopol (IO L 183, 24.6.2014, lch. 70).