ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 193

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

63
17 Meitheamh 2020


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

COMHAONTUITHE IDIRNÁISIÚNTA

 

*

Cinneadh (AE) 2020/788 ón gComhairle an 9 Meitheamh 2020 maidir le hathnuachan an Chomhaontaithe le haghaidh comhar san eolaíocht agus sa teicneolaíocht idir an Comhphobal Eorpach agus an Úcráin

1

 

*

Cinneadh (AE) 2020/789 ón gComhairle an 9 Meitheamh 2020 maidir le hathnuachan an Chomhaontaithe le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an Comhphobal Eorpach agus Rialtas Phoblacht na hIndia

3

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (AE) 2020/790 ón gComhairle an 9 Meitheamh 2020 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste agus san Fhochoiste um Thrádáil agus Infheistíocht a bunaíodh leis an gCreat-Chomhaontú maidir le Comhpháirtíocht agus Comhar idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus an Mhongóil, den pháirt eile, maidir le glacadh cinntí i ndáil le rialacha nós imeachta an Chomhchoiste agus rialacha nós imeachta an Fhochoiste um Thrádáil agus Infheistíocht

5

 

*

Cinneadh (AE) 2020/791 ón gComhairle an 10 Meitheamh 2020 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an 13ú seisiún de Choiste Saineolaithe Teicniúla na hEagraíochta Idir-rialtasaí um Iompar Idirnáisiúnta d’Iarnród maidir le glacadh na leasuithe ar na Saintreoracha Teicniúla Aonfhoirmeacha a bhaineann le vaigíní lastais, marcáil feithiclí agus torann rothstoic, agus maidir le glacadh athbhreithnithe iomláin ar na rialacha maidir le deimhniú agus iniúchadh na n-eititeas atá freagrach as cothabháil agus ar na sonraíochtaí a bhaineann le cláir náisiúnta feithiclí

7

 

*

Cinneadh (CBES) 2020/792 ón gComhairle an 11 Meitheamh 2020 lena leasaítear Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/124/CBES maidir le Misean Smachta Reachta an Aontais Eorpaigh sa Chosaiv (EULEX KOSOVO)

9

 

*

Cinneadh (AE) 2020/793 ón gComhairle an 12 Meitheamh 2020 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh laistigh de Choiste Stiúrtha Réigiúnach an Chomhphobail Iompair a mhéid a bhaineann le hábhair áirithe riaracháin agus foirne agus le rialacha airgeadais le haghaidh an Chomhphobail Iompair a leagan síos

11

 

*

Cinneadh (CBES) 2020/794 ón gComhairle an 16 Meitheamh 2020 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/101 maidir le rialuithe éifeachtacha ar onnmhairiú arm a chur chun cinn

13

 

*

Cinneadh (CBES) 2020/795 ón Gcomhairle an 16 Meitheamh 2020 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2017/809 chun tacú le cur chun feidhme Rún 1540 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le neamhleathadh arm ollscriosta agus modhanna a seachadta

14

 

*

Cinneadh (CBES) 2020/796 ón gComhairle an 16 Meitheamh 2020 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2017/1252 chun tacú le sábháilteacht agus slándáil ceimiceán a neartú san Úcráin i gcomhréir le cur chun feidhme Rún 1540 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le neamhleathadh arm ollscriosta agus modhanna a seachadta

15

 

 

Ceartúchán

 

*

Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2018 lena mbunaítear Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1077/2011, (AE) Uimh. 515/2014, (AE) 2016/399, (AE) 2016/1624 agus (AE) 2017/2226 ( IO L 236, 19.9.2018 )

16

GA


II Gníomhartha neamhreachtacha

COMHAONTUITHE IDIRNÁISIÚNTA

17.6.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 193/1


CINNEADH (AE) 2020/788 ÓN gCOMHAIRLE

an 9 Meitheamh 2020

maidir le hathnuachan an Chomhaontaithe le haghaidh comhar san eolaíocht agus sa teicneolaíocht idir an Comhphobal Eorpach agus an Úcráin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 186, i gcomhar le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(v) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh 2003/96/CE (2), d’fhormheas an Chomhairle tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe le haghaidh comhar san eolaíocht agus sa teicneolaíocht idir an Comhphobal Eorpach agus an Úcráin (3) (“an Comhaontú”). Síníodh an Comhaontú i gCóbanhávan an 4 Iúil 2002 agus tháinig sé i bhfeidhm an 11 Feabhra 2003.

(2)

Foráladh le pointe (b) d’Airteagal 12 den Chomhaontú go dtabharfaí an Comhaontú i gcrích le haghaidh tréimhse tosaigh dar críoch an 31 Nollaig 2002 agus go bhféadfaí é a athnuachan de chomhthoil na bpáirtithe ar feadh tréimhsí breise cúig bliana.

(3)

Ar bhonn Chinntí 2003/737/CE (4), 2011/182/AE (5) agus (AE) 2015/344 (6) ón gComhairle, athnuadh an Comhaontú ar feadh trí thréimhse bhreise cúig bliana gach uair, le héifeacht chúlghabhálach ón 8 Samhain 2009 agus ón 8 Samhain 2014, don dá athnuachan dheireanacha. Chuaigh an Comhaontú in éag an 7 Samhain 2019.

(4)

Tá an Úcráin ina gníomhaí tábhachtach maidir leis an eolaíocht, an teicneolaíocht agus an nuálaíocht i gcomharsanacht an Aontais. Chun go leanfar den chomhar a éascú i réimsí tosaíochta comhchoiteanna ó thaobh na heolaíochta agus na teicneolaíochta, measann an dá pháirtí gur lena gcomhleas a bheadh sé an Comhaontú a athnuachan.

(5)

Dheimhnigh an dá pháirtí go bhfuil sé ar intinn acu an Comhaontú a athnuachan go ceann tréimhse bhreise cúig bliana. Ba cheart inneachar an Chomhaontaithe athnuaite a bheith comhionann le hinneachar an Chomhaontaithe atá ann faoi láthair. Ar mhaithe le leanúnachas an Chomhaontaithe a áirithiú, ba cheart éifeacht chúlghabhálach a bheith ag an athnuachan amhail ón 8 Samhain 2019.

(6)

Ba cheart dá bhrí sin athnuachan an Chomhaontaithe a fhormheas thar ceann an Aontais,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, déantar athnuachan an Chomhaontaithe le haghaidh comhar san eolaíocht agus sa teicneolaíocht idir an Comhphobal Eorpach agus an Úcráin go ceann tréimhse bhreise cúig bliana a fhormheas thar ceann an Aontais.

Gabhfaidh éifeacht chúlghabhálach le hathnuachan an Chomhaontaithe amhail ón 8 Samhain 2019.

Airteagal 2

Leis seo, tugtar údarú d’Uachtarán na Comhairle an duine (nó na daoine) a ainmniú dá dtabharfar de chumhacht a chur in iúl don Úcráin, ag gníomhú dó (dóibh) thar ceann an Aontais agus i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 12 den Chomhaontú, fógra a thabhairt á rá go bhfuil a chuid nósanna imeachta inmheánacha is gá chun go ndéanfaí an Comhaontú a athnuachan tugtha chun críche ag an Aontas.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an dáta a ghlacfar é.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 9 Meitheamh 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. METELKO-ZGOMBIĆ


(1)  Toiliú an 13 Bealtaine 2020 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Cinneadh 2003/96/CE ón gComhairle an 6 Feabhra 2003 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an Comhphobal Eorpach agus an Úcráin (IO L 36, 12.2.2003, lch. 31).

(3)  IO L 36, 12.2.2003, lch. 32.

(4)  Cinneadh 2003/737/CE ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le tabhairt i gcrích comhaontaithe lena n-athnuaitear an Comhaontú le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an Comhphobal Eorpach agus an Úcráin (IO L 267, 17.10.2003, lch. 24).

(5)  Cinneadh 2011/182/AE ón gComhairle an 9 Márta 2011 maidir le hathnuachan an Chomhaontaithe le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an Comhphobal Eorpach agus an Úcráin (IO L 79, 25.3.2011, lch. 3).

(6)  Cinneadh (AE) 2015/344 ón gComhairle an 17 Feabhra 2015 maidir le hathnuachan an Chomhaontaithe le haghaidh comhar san eolaíocht agus sa teicneolaíocht idir an Comhphobal Eorpach agus an Úcráin (IO L 60, 4.3.2015, lch. 37).


17.6.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 193/3


CINNEADH (AE) 2020/789 ÓN gCOMHAIRLE

an 9 Meitheamh 2020

maidir le hathnuachan an Chomhaontaithe le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an Comhphobal Eorpach agus Rialtas Phoblacht na hIndia

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 186, i gcomhar le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(v) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh 2002/648/CE (2), d’fhormheas an Chomhairle tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an Comhphobal Eorpach agus Rialtas Phoblacht na hIndia (3). Síníodh an Comhaontú seo i nDeilí Nua an 23 Samhain 2001 agus tháinig sé i bhfeidhm an 14 Deireadh Fómhair 2002. Le Cinneadh 2009/501/CE (4), d’fhormheas an Chomhairle tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe lena n-athnuaitear an Comhaontú le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an Comhphobal Eorpach agus Rialtas Phoblacht na hIndia (5), a rinne an Comhaontú a síníodh sa bhliain 2001 a athnuachan agus a mhodhnú de bheagán. Síníodh é i nDeilí Nua an 30 Samhain 2007 agus tháinig sé i bhfeidhm an 17 Bealtaine 2010. Tagraítear don Chomhaontú seo mar aon leis an gComhaontú a síníodh sa bhliain 2001 mar “an Comhaontú”.

(2)

I gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 11 den Chomhaontú, tugadh an Comhaontú i gcrích go ceann tréimhse cúig bliana agus is féidir é a athnuachan le comhaontú frithpháirteach idir na páirtithe tar éis meastóireacht le linn na bliana deiridh den tréimhse cúig bliana.

(3)

Le Cinneadh (AE) 2015/1788 (6), d’fhormheas an Chomhairle athnuachan an Chomhaontaithe go ceann tréimhse bhreise cúig bliana. Tá an Comhaontú le dul in éag an 17 Bealtaine 2020.

(4)

An mheastóireacht a rinne seirbhísí an Choimisiúin, léiríonn sí go soiléir go soláthraítear leis an gComhaontú creat tábhachtach chun comhar idir an tAontas agus an India a éascú i réimsí tosaíochta comhchoiteanna ó thaobh Eolaíochta agus Teicneolaíochta, a mbeidh sochair frithpháirteacha do na pártithe mar thoradh air. Dá bhrí sin is chun leas an Aontais é an Comhaontú a athnuachan go ceann tréimhse bhreise cúig bliana.

(5)

Dheimhnigh an dá Pháirtí go bhfuil sé ar intinn acu an Comhaontú a athnuachan go ceann tréimhse bhreise cúig bliana gan aon leasuithe a dhéanamh ar an gComhaontú.

(6)

Ba cheart athnuachan an Chomhaontaithe a fhormheas thar ceann an Aontais,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Déantar leis seo athnuachan an Chomhaontaithe go ceann tréimhse bhreise cúig bliana a fhormheas thar ceann an Aontais.

Airteagal 2

Ainmneoidh Uachtarán na Comhairle an duine nó na daoine dá dtabharfar de chumhacht fógra a thabhairt do Rialtas Phoblacht na hIndia, thar ceann an Aontais, go ndearna an tAontas a chuid nósanna imeachta inmheánacha is gá chun go ndéanfar an Comhaontú a athnuachan i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 11 den Chomhaontú a thabhairt chun críche.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an dáta a ghlacfar é.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 9 Meitheamh 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. METELKO-ZGOMBIĆ


(1)  Toiliú tugtha an 13 Bealtaine 2020.

(2)  Cinneadh 2002/648/CE ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an Comhphobal Eorpach agus Rialtas Phoblacht na hIndia (IO L 213, 9.8.2002, lch. 29).

(3)  IO L 213, 9.8.2002, lch. 30.

(4)  Cinneadh 2009/501/CE ón gComhairle an 19 Eanáir 2009 maidir le tabhairt i gcrích comhaontaithe lena n-athnuaitear an Comhaontú le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an Comhphobal Eorpach agus Rialtas Phoblacht na hIndia (IO L 171, 1.7.2009, lch. 17).

(5)  IO L 171, 1.7.2009, lch. 19.

(6)  Cinneadh (AE) 2015/1788 ón gComhairle an 1 Deireadh Fómhair 2015 maidir le hathnuachan an Chomhaontaithe le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an Comhphobal Eorpach agus Rialtas Phoblacht na hIndia (IO L 260, 7.10.2015, lch. 18).


CINNTÍ

17.6.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 193/5


CINNEADH (AE) 2020/790 ÓN GCOMHAIRLE

an 9 Meitheamh 2020

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste agus san Fhochoiste um Thrádáil agus Infheistíocht a bunaíodh leis an gCreat-Chomhaontú maidir le Comhpháirtíocht agus Comhar idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus an Mhongóil, den pháirt eile, maidir le glacadh cinntí i ndáil le rialacha nós imeachta an Chomhchoiste agus rialacha nós imeachta an Fhochoiste um Thrádáil agus Infheistíocht

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, go háirithe Airteagail 207 agus 209, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tháinig an Creat-Chomhaontú maidir le Comhpháirtíocht agus Comhar idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus an Mhongóil, den pháirt eile (1) (an “Comhaontú”), i bhfeidhm an 1 Samhain 2017.

(2)

Bunaítear le hAirteagal 56(1) den Chomhaontú Comhchoiste chun feidhmiú agus cur chun feidhme cuí an Chomhaontaithe a áirithiú (an “Comhchoiste”).

(3)

Foráiltear le hAirteagal 56(6) den Chomhaontú go bhfuil an Comhchoiste chun a rialacha nós imeachta féin a ghlacadh agus foráiltear le hAirteagal 56(4) den Chomhaontú go bhféadfaidh sé meithleacha speisialaithe a chur ar bun chun cabhrú leis a chuid cúraimí a chomhlíonadh.

(4)

Bunaítear le hAirteagal 28(1) den Chomhaontú Fochoiste um Thrádáil agus Infheistíocht.

(5)

Foráiltear le hAirteagal 28(3) den Chomhaontú go bhfuil an Fochoiste um Thrádáil agus Infheistíocht chun a rialacha nós imeachta a ghlacadh.

(6)

Chun cur chun feidhme éifeachtach an Chomhaontaithe a áirithiú, ba cheart rialacha nós imeachta an Chomhchoiste agus an Fhochoiste um Thrádáil agus Infheistíocht a ghlacadh a luaithe is féidir.

(7)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste agus san Fhochoiste um Thrádáil agus Infheistíocht a bhunú.

(8)

Ba cheart seasamh an Aontais sa Chomhchoiste agus san Fhochoiste um Thrádáil agus Infheistíocht a bhunú, dá bhrí sin, ar na dréachtChinntí ón gComhchoiste agus ón bhFochoiste um Thrádáil agus Infheistíocht,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste arna bhunú leis an gCreat-Chomhaontú maidir le Comhpháirtíocht agus Comhar idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus an Mhongóil, den pháirt eile (an “Comhaontú”), bunófar é ar an dréachtChinneadh ón gComhchoiste (2).

2.   Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Fhochoiste um Thrádáil agus Infheistíocht a bhunaítear leis an gComhaontú, bunófar é ar an dréachtChinneadh ón bhFochoiste um Thrádáil agus Infheistíocht (2).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an dáta a ghlacfar é.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 9 Meitheamh 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. METELKO-ZGOMBIĆ


(1)  IO L 326, 9.12.2017, lch. 7.

(2)  Féach doiciméad ST 6856/20 ar http://register.consilium.europa.eu.


17.6.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 193/7


CINNEADH (AE) 2020/791 ÓN gCOMHAIRLE

an 10 Meitheamh 2020

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an 13ú seisiún de Choiste Saineolaithe Teicniúla na hEagraíochta Idir-rialtasaí um Iompar Idirnáisiúnta d’Iarnród maidir le glacadh na leasuithe ar na Saintreoracha Teicniúla Aonfhoirmeacha a bhaineann le vaigíní lastais, marcáil feithiclí agus torann rothstoic, agus maidir le glacadh athbhreithnithe iomláin ar na rialacha maidir le deimhniú agus iniúchadh na n-eititeas atá freagrach as cothabháil agus ar na sonraíochtaí a bhaineann le cláir náisiúnta feithiclí

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91 i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

D’aontaigh an tAontas don Choinbhinsiún maidir le hIompar Idirnáisiúnta d’Iarnród an 9 Bealtaine 1980 arna leasú le Prótacal Vilnius an 3 Meitheamh 1999 (‘COTIF’) i gcomhréir le Cinneadh 2013/103/AE ón gComhairle (1).

(2)

Tá na Ballstáit uile, seachas an Chipir agus Málta, ina bpáirtithe i COTIF.

(3)

De bhun litir f) d’Airteagal 13 § 1 de COTIF, bunaíodh Coiste Saineolaithe Teicniúla (CTE) na hEagraíochta Idir-rialtasaí um Iompar Idirnáisiúnta d’Iarnród (OTIF).

(4)

De bhun litir b) d’Airteagal 20 § 1 de COTIF, agus i gcomhréir le hAirteagal 6 d’Iarscríbhinn F (APTU), tá CTE inniúil chun Iarscríbhinn F (APTU) de, inter alia, shaintreoracha teicniúla aonfhoirmeacha (UTP) a bhaineann le vaigíní lastais, marcáil feithiclí agus torann rothstoic a ghlacadh nó a leasú. I gcomhréir le hAirteagal 13 §§ 1, 4 agus 5 d’Iarscríbhinn G (ATMF), tá CTE inniúil freisin chun cinntí a ghlacadh maidir le bunú nó modhnú, cumasc nó tarraingt siar na gclár náisiúnta feithiclí (NVR). Ar deireadh, i gcomhréir le hAirteagal 15 § 2 d’Iarscríbhinn G (ATMF), tá CTE inniúil chun rialacha a ghlacadh agus a leasú le haghaidh eintitis atá freagrach as cothabháil (ECM) a dheimhniú agus a iniúchadh.

(5)

Tá tograí le haghaidh cinntí chun leasú a dhéanamh ar UTP a bhaineann le vaigíní lastais, marcáil feithiclí agus torann rothstoic, maidir le hathbhreithniú iomlán ar na rialacha maidir le ECM a dheimhniú agus a iniúchadh agus maidir le hathbhreithniú iomlán ar na sonraíochtaí a bhaineann le NVR curtha san áireamh ag CTE ar chlár oibre an 13ú seisiún CTE, atá le bheith ann an 16 agus an 17 Meitheamh 2020.

(6)

Is iomchuí an seasamh a ghlacfar thar ceann an Aontais i CTE a bhunú, toisc go mbeidh na leasuithe atá beartaithe ceangailteach ar an Aontas.

(7)

Is é is cuspóir do na leasuithe sin atá beartaithe ailíniú a dhéanamh idir UTP a bhaineann le vaigíní lastais, marcáil feithiclí agus torann rothstoic, chomh maith leis na rialacha maidir le deimhniú agus a iniúchadh ECM le Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2019/774 (2), (AE) 2019/776 (3), (AE) 2019/773 (4) agus (AE) 2019/779 (5) ón gCoimisiún faoi seach. Rinneadh nuashonrú ar na sonraíochtaí a bhaineann le NVR i bhfianaise Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1614 ón gCoimisiún (6).

(8)

Tá na leasuithe beartaithe i gcomhréir leis an dlí agus le cuspóirí straitéiseacha an Aontais, toisc go rannchuidíonn siad le hailíniú reachtaíocht OTIF le forálacha coibhéiseacha dhlí an Aontais, agus ar an ábhar sin ba cheart don Aontas tacú leis na leasuithe sin atá beartaithe,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Déanfar an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an 13ú seisiún de Choiste Saineolaithe Teicniúla (CTE) na hEagraíochta Idir-rialtasaí maidir le hIompar Idirnáisiúnta d’Iarnród (OTIF) maidir leis na leasuithe ar na saintreoracha teicniúla aonfhoirmeacha (UTP) a bhaineann le vaigíní lastais, marcáil feithiclí agus torann rothstoic, maidir le hathbhreithniú iomlán ar na rialacha maidir le deimhniú agus iniúchadh eintiteas atá freagrach as cothabháil (ECM) agus maidir le hathbhreithniú iomlán ar na sonraíochtaí a bhaineann le cláir náisiúnta feithiclí (NVR) a leagan amach i ndoiciméad ST 7725/20 (7).

Airteagal 2

A luaithe a ghlacfar na cinntí ón CTE, foilseofar iad in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, agus léireofar dáta a dteacht i bhfeidhm.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 10 Meitheamh 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. METELKO-ZGOMBIĆ


(1)  Cinneadh 2013/103/AE ón gComhairle an 16 Meitheamh 2011 maidir le síniú agus tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an Eagraíocht Idir-rialtasach um Iompar Idirnáisiúnta d’Iarnród maidir le hAontachas an Aontais Eorpaigh don Choinbhinsiún maidir le hIompar Idirnáisiúnta d’Iarnród (COTIF) an 9 Bealtaine 1980, arna leasú le Prótacal Vilnius an 3 Meitheamh 1999 (IO L 51, 23.2.2013, lch. 1).

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/774 ón gCoimisiún an 16 Bealtaine 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1304/2014 maidir le cur i bhfeidhm na sonraíochta teicniúla le haghaidh idir-inoibritheacht a bhaineann leis an bhfochóras “rothstoc – torann” i leith vaigíní lastais atá ann cheana (IO L 139I, 27.5.2019, lch. 89).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/776 an 16 Bealtaine 2019 ón gCoimisiún lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 321/2013, (AE) Uimh. 1299/2014, (AE) Uimh. 1301/2014, (AE) Uimh 1302/2014, (AE) Uimh. 1303/2014 agus (AE) 2016/919 ón gCoimisiún agus Cinneadh Cur Chun Feidhme 2011/665/AE maidir le hailíniú le Treoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus cur chun feidhme na gcuspóirí sonracha a leagtar amach i gCinneadh Tarmligthe (AE) 2017/1474 (IO L 139I, 27.5.2019, lch. 108) ón gCoimisiún.

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/773 ón gCoimisiún an 16 Bealtaine 2019 maidir leis an tsonraíocht theicniúil le haghaidh idir-inoibritheacht a bhaineann le fochóras oibriúcháin agus bainistithe tráchta an chórais iarnróid laistigh den Aontas Eorpach agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2012/757/AE (IO L 139I, 27.5.2019, lch. 5).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/779 ón gCoimisiún an 16 Bealtaine 2019 lena leagtar síos forálacha mionsonraithe maidir le córas deimhniúcháin le haghaidh eintiteas atá freagrach as cothabháil feithiclí de bhun Threoir (AE) 2016/798 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 445/2011 (IO L 139I, 27.5.2019, lch. 360) ón gCoimisiún.

(6)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1614 an 25 Deireadh Fómhair 2018 lena leagtar síos sonraíochtaí le haghaidh cláir feithiclí dá dtagraítear in Airteagal 47 de Threoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2007/756/CE ón gCoimisiún (IO L 268, 26.10.2018, lch. 53).

(7)  Tá Doiciméad ST 7725/20 ar fáil ag http://register.consilium.europa.eu.


17.6.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 193/9


CINNEADH (CBES) 2020/792 ÓN GCOMHAIRLE

an 11 Meitheamh 2020

lena leasaítear Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/124/CBES maidir le Misean Smachta Reachta an Aontais Eorpaigh sa Chosaiv (1) (EULEX KOSOVO)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 42(4) agus 43(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 4 Feabhra 2008, ghlac an Chomhairle Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/124/CBES (2).

(2)

An 8 Meitheamh 2018, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2018/856 (3), lena leasaítear Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/124/CBES agus lena gcuirtear síneadh leis an Misean go dtí an 14 Meitheamh 2020.

(3)

An 16 Aibreán 2020, chomhaontaigh an Coiste Polaitiúil agus Slándála (CPS) gur cheart, i ngeall ar na himthosca a bhaineann le paindéim COVID-19, síneadh bliain amháin a chur le EULEX KOSOVO leis an sainordú céanna, ar tréimhse í a fhéadfar a athbhreithniú nuair is féidir sin a dhéanamh de réir na n-imthosca.

(4)

Ba cheart méid tagartha do thréimhse a tsinídh a dheonú do EULEX KOSOVO.

(5)

Ina theannta sin, chomhaontaigh CPS an 14 Bealtaine 2020 gur cheart do Lars-Gunnar WIGEMARK, a ceapadh mar Cheann Misin an 28 Samhain 2019 le Cinneadh (CBES) 2019/1991 ó CPS (4), leanúint den fheidhm seo a chomhlíonadh go ceann tréimhse bliain amháin eile.

(6)

Níor cheart a thuiscint go ndéanann aon ní sa Chinneadh seo dochar do neamhspleáchas agus d’uathriail na mbreithiúna agus na n-ionchúisitheoirí i gcomhthéacs EULEX KOSOVO.

(7)

Ós rud é go bhfuil saintréithe speisialta ag roinnt le gníomhaíochtaí EULEX KOSOVO de thaca leis na himeachtaí breithiúnacha a athlonnaíodh laistigh de Bhallstát, is iomchuí a shainaithint sa Chinneadh seo an méid a bheartaítear chun an tacaíocht do na himeachtaí breithiúnacha sin a athlonnaíodh a chumhdach agus foráil a dhéanamh maidir leis an gcuid sin den bhuiséad a chur chun feidhme trí bhíthin deontais.

(8)

Ba cheart Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/124/CBES a leasú dá réir.

(9)

Cuirfear EULEX KOSOVO i gcrích i gcomhthéacs staid a bhféadfadh meath teacht uirthi agus a d’fhéadfadh bac a chur ar bhaint amach chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar a leagtar amach iad in Airteagal 21 den Chonradh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear leis seo Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/124/CBES mar seo a leanas:

(1)

In Airteagal 8, cuirtear an mhír seo a leanas leis::

“11.   Beidh Lars-Gunnar WIGEMARK ina Cheann Misin don tréimhse ón 15 Meitheamh 2020 go dtí an 14 Meitheamh 2021.”.

(2)

In Airteagal 16(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na fomhíre deiridh:

“Is é EUR 83 745 000 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais a bheartaítear chun caiteachas EULEX KOSOVO a chumhdach ón 15 Meitheamh 2020 go dtí an 14 Meitheamh 2021.

As an méid dá dtagraítear sa seachtú fomhír déag, is é EUR 38 700 000 a bheidh sa mhéid a bheartaítear chun caiteachas EULEX KOSOVO a chumhdach lena shainordú a chur chun feidhme sa Chosaiv agus is é EUR 45 045 000 a bheidh sa mhéid a bheartaítear chun an tacaíocht do na himeachtaí breithiúnacha a athlonnaíodh laistigh de Bhallstát a chumhdach.

Síneoidh an Coimisiún comhaontú deontais le cláraitheoir a bheidh ag gníomhú thar ceann clárlainne a bheidh i gceannas ar riaradh na n-imeachtaí breithiúnacha athlonnaithe ar shuim EUR 45 045 000. Beidh feidhm ag na rialacha maidir le deontais dá bhforáiltear i Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*) maidir leis an gcomhaontú deontais seo.

Cinnfidh an Chomhairle an méid tagartha airgeadais don tréimhse ina dhiaidh sin do EULEX KOSOVO.”

(*)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ón gComhairle (IO L 193, 30.07.2018, lch. 1).”."

(3)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte den dara fomhír d’Airteagal 20:

“Rachaidh sé in éag ar an 14 Meitheamh 2021.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 11 Meitheamh 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. METELKO-ZGOMBIĆ


(1)  Ní dochar an t-ainmniú seo do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé ag teacht le Rún 1244 (1999) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus le Tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.

(2)  Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/124/CBES ón gComhairle an 4 Feabhra 2008 maidir le Misean Smachta Reachta an Aontais Eorpaigh sa Chosaiv, EULEX KOSOVO (IO L 42, 16.2.2008, lch. 92).

(3)  Cinneadh (CBES) 2018/856 ón gComhairle an 8 Meitheamh 2018 lena leasaítear Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/124/CBES ón gComhairle an 4 Feabhra 2008maidir le Misean Smachta Reachta an Aontais Eorpaigh sa Chosaiv (*1) (EULEX KOSOVO) (IO L 146, 11.6.2018, lch. 5).

(4)  Cinneadh 2019/1991 (CBES) ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála (CBES) an 28 Samhain 2019 maidir le ceapadh Ceann Misin ar Mhisean Smachta Reachta an Aontais Eorpaigh sa Chosaiv (EULEX KOSOVO) (EULEX KOSOVO/2/2019) (IO L 308, 29.11.2019, lch. 105).


17.6.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 193/11


CINNEADH (AE) 2020/793 ÓN gCOMHAIRLE

an 12 Meitheamh 2020

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh laistigh de Choiste Stiúrtha Réigiúnach an Chomhphobail Iompair a mhéid a bhaineann le hábhair áirithe riaracháin agus foirne agus le rialacha airgeadais le haghaidh an Chomhphobail Iompair a leagan síos

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91 agus Airteagal 100(2) de i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir leis an gCinneadh ón gComhairle (AE) 2017/1937, shínigh an tAontas Eorpach an Conradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair (“TCT”) (1). Formheasadh é thar ceann an Aontais an 4 Márta 2019 le Cinneadh (AE) 2019/392 ón gComhairle (2) agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2019.

(2)

Bunaíodh an Coiste Stiúrtha Réigiúnach le TCT d’fhonn TCT a riar agus a chur chun feidhme i gceart. Le TCT, ceanglaítear ar an gCoiste Stiúrtha Réigiúnach rialacha a ghlacadh maidir le dálaí oibre fhoireann Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair, mar aon le cinneadh lena sonrófar an nós imeachta lena gcuirfear an buiséad chun feidme agus lena ndéanfar na cuntais a thíolacadh agus a iniúchadh.

(3)

Tá an Coiste Stiúrtha Réigiúnach le cinntí a ghlacadh go luath maidir leis na rialacha taistil d’fhoireann an Chomhphobail Iompair, maidir leis na rialacha maidir le haisíoc speansas arna dtabhú ag daoine ó lasmuigh de Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair a fhaigheann cuireadh freastal ar chruinnithe i gcáil saineolaí, agus maidir leis na rialacha airgeadais agus leis na nósanna imeachta um iniúchóireacht is infheidhme maidir leis an gComhphobal Iompair.

(4)

Is iomchuí an seasamh a bhunú atá le glacadh thar ceann an Aontais laistigh den Choiste Stiúrtha Réigiúnach, óir tá na cinntí sin riachtanach do dhea-fheidhmiú Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair agus beidh siad ina gceangal ar an Aontas,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh laistigh den Choiste Stiúrtha Réigiúnach arna bhunú leis an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair, i dtaca leis na rialacha taistil d’fhoireann an Chomhphobail Iompair, i dtaca leis na rialacha maidir le haisíoc na gcostas a thabhaíonn daoine ó lasmuigh de Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair a fhaigheann cuireadh freastal ar chruinnithe i gcáil saineolaí, agus i dtaca leis na rialacha airgeadais agus leis na nósanna imeachta um iniúchóireacht is infheidhme maidir leis an gComhphobal Iompair, beidh sé bunaithe ar na dréachtchinntí comhfhreagracha ón gCoiste Stiúrtha Réigiúnach (3).

Féadfaidh ionadaithe an Aontais Eorpaigh laistigh den Choiste Stiúrtha Réigiúnach toiliú le mionathruithe ar na dréachtchinntí sin gan cinneadh eile ón gComhairle.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an dáta a nglacfar é.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 12 Meitheamh 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A.METELKO-ZGOMBIĆ


(1)  Cinneadh (AE) 2017/1937 ón gComhairle an 11 Iúil 2017 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chonartha lena mbunaítear an Comhphobal Iompair (IO L 278, 27.10.2017, lch. 1).

(2)  Cinneadh (AE) 2019/392 ón gComhairle an 4 Márta 2019 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chonartha lena mbunaítear an Comhphobal Iompair. (IO L 71, 13.3.2019, lch. 1).

(3)  Féach doiciméad ST 8100/20 ag http://register.consilium.europa.eu.


17.6.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 193/13


CINNEADH (CBES) 2020/794 ÓN GCOMHAIRLE

an 16 Meitheamh 2020

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/101 maidir le rialuithe éifeachtacha ar onnmhairiú arm a chur chun cinn

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 28(1) agus 31(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 22 Eanáir 2018, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2018/101 (1), lena bhforáiltear do thréimhse cur chun feidhme 30 mí ó dháta thabhairt i gcrích an chomhaontaithe maoinithe dá dtagraítear sa Chinneadh sin, le haghaidh na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1 de.

(2)

An 30 Aibreán 2020, d’iarr an Bundesamt für Wirtschaft und Ausfuhrkontrolle, ina cháil mar an Ghníomhaireacht Cur Chun Feidhme, údarú ón Aontas síneadh a chur le tréimhse cur chun feidhme Chinneadh (CBES) 2018/101 go dtí an 30 Samhain 2020 mar gheall ar dhúshláin a eascraíonn as an bpaindéim COVID-19 leanúnach.

(3)

Is féidir leanúint leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1 de Chinneadh (CBES) 2018/101 gan aon impleacht ó thaobh acmhainní airgeadais de go dtí an 30 Samhain 2020.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2018/101 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear, leis seo, Cinneadh (CBES) 2018/101 mar a leanas:

(1)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5:

Airteagal 5

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha agus rachaidh sé in éag an 30 Samhain 2020.”.

(2)

San Iarscríbhinn, cuirtear an méid a leanas in ionad théacs roinn 10:

“10.

Fad ama

Tiocfaidh deireadh leis an tionscadal an 30 Samhain 2020.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 16 Meitheamh 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. METELKO-ZGOMBIĆ


(1)  Cinneadh (CBES) 2018/101 ón gComhairle an 22 Eanáir 2018 maidir le rialuithe éifeachtacha ar onnmhairiú arm a chur chun cinn (IO L 17, 23.1.2018, lch. 40).


17.6.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 193/14


CINNEADH (CBES) 2020/795 ÓN GCOMHAIRLE

an 16 Meitheamh 2020

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2017/809 chun tacú le cur chun feidhme Rún 1540 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le neamhleathadh arm ollscriosta agus modhanna a seachadta

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 28(1) agus 31(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ar an 11 Bealtaine 2017, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2017/809 (1), ar Cinneadh é lena bhforáiltear do thréimhse cur chun feidhme 36 mhí ó dháta thabhairt i gcrích an chomhaontaithe maoinithe dá dtagraítear in Airteagal 3(3) den Chinneadh sin, le haghaidh na dtionscadal dá dtagraítear in Airteagal 1 de.

(2)

Tugadh an comhaontú maoinithe sin i gcrích le hOifig na Náisiún Aontaithe (NA) um Ghnóthaí Dí-armála (UNODA) an 10 Lúnasa 2017 agus rachaidh sé in éag an 10 Lúnasa 2020.

(3)

An 19 Márta 2020, d’iarr UNODA, atá freagrach as cur chun feidhme teicniúil na dtionscadal dá dtagraítear in Airteagal 1 de Chinneadh (CBES) 2017/809, síneadh 12 mhí ar thréimhse chur chun feidhme an Chinnidh (CBES) sin. Chuirfeadh an síneadh atá iarrtha ar chumas UNODA leanúint de chúnamh a chur ar fáil do Bhallstáit na Náisiún Aontaithe a bhfuil Rún 1540 (2004) (“UNSCR 1540”) á chur chun feidhme acu, rannchuidiú a thuilleadh le hathbhreithniú cuimsitheach leanúnach, rannchuidiú a thuilleadh le cúnamh a chur ar fáil do Choiste Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe arna bhunú le UNSCR 1540 go dtí deireadh a shainordaithe reatha an 25 Aibreán 2021, agus na caillteanais a eascraíonn as tionscadail atá fós gan seachadadh de bharr phaindéim COVID-19 a mhaolú.

(4)

Níl aon impleacht ó thaobh acmhainní airgeadais de le leanúint de na tionscadail dá dtagraítear in Airteagal 1 de Chinneadh (CBES) 2017/809 go dtí an 10 Lúnasa 2021.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2017/809 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad Airteagal 5(2) de Chinneadh (CBES) 2017/809:

"2.   Rachaidh an Cinneadh seo in éag an 10 Lúnasa 2021.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm dáta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 16 Meitheamh 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. METELKO-ZGOMBIĆ


(1)  Cinneadh (CBES) 2017/809 ón gComhairle an 11 Bealtaine 2017 chun tacú le cur chun feidhme Rún 1540 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le neamhleathadh arm ollscriosta agus a modhanna seachadta (IO L 121, 12.5.2017, lch. 39).


17.6.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 193/15


CINNEADH (CBES) 2020/796 ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Meitheamh 2020

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2017/1252 chun tacú le sábháilteacht agus slándáil ceimiceán a neartú san Úcráin i gcomhréir le cur chun feidhme Rún 1540 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le neamhleathadh arm ollscriosta agus modhanna a seachadta

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 28(1) agus 31(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 11 Iúil 2017, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2017/1252 (1);

(2)

Foráiltear le hAirteagal 5(2) de Chinneadh (CBES) 2017/1252 do thréimhse cur chun feidhme 36 mhí ó dháta thabhairt i gcrích an chomhaontaithe maoinithe dá dtagraítear in Airteagal 3(3) den Chinneadh sin, le haghaidh na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1 de.

(3)

Tugadh an comhaontú maoinithe leis an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE) i gcrích an 30 Lúnasa 2017, agus dá bhrí sin rachaidh sé in éag an 30 Lúnasa 2020.

(4)

An 23 Aibreán 2020, d’iarr ESCE síneadh sé mhí ar thréimhse cur chun feidhme Chinneadh (CBES) 2017/1252, toisc gur cuireadh ar fionraí go sealadach roinnt gníomhaíochtaí chun tacú le sábháilteacht agus slándáil ceimiceán a neartú san Úcráin mar gheall ar phaindéim COVID-19.

(5)

Níl aon impleacht ó thaobh acmhainní airgeadais de ag leanúint de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1 de Chinneadh (CBES) 2017/1252 ón gComhairle go dtí an 28 Feabhra 2021.

(6)

Ba cheart Cinneadh (CBES) 2017/1252 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad Airteagal 5(2) de Chinneadh (CBES) 2017/1252:

“2.   Rachaidh an Cinneadh seo in éag an 28 Feabhra 2021.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm dáta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 16 Meitheamh 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. METELKO-ZGOMBIĆ


(1)  Cinneadh (CBES) 2017/1252 ón gComhairle an 11 Iúil 2017 chun tacú le sábháilteacht agus slándáil ceimiceaceán a neartú san Úcráin i gcomhréir le cur chun feidhme Rún 1540 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le neamhleathadh arm ollscriosta agus a modhanna seachadta (IO L 179, 12.7.2017, lch. 8).


Ceartúchán

17.6.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 193/16


Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2018 lena mbunaítear Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1077/2011, (AE) Uimh. 515/2014, (AE) 2016/399, (AE) 2016/1624 agus (AE) 2017/2226

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 236 an 19 Meán Fómhair 2018 ) (Iris Oifigiúil an Aontas Eorpaigh L Eagrán Speisialta Gaeilge an 19 Meán Fómhair 2018)

Ar leathanach 62, i bpointe (2) d'Airteagal 80:

in ionad:

“(a)

i bpointe (a), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (i):

‘(i)

fíorú go bhfuil doiciméad i seilbh an náisiúnaigh tríú tír atá bailí chun an teorainn a thrasnú agus nach bhfuil imithe in éag, agus go bhfuil ag gabháil leis an doiciméad sin, nuair is infheidhme, an víosa, an t-údarú taistil nó an cead cónaithe atá riachtanach.’;”;

léitear:

“(a)

i bpointe (a), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (ii):

‘(ii)

fíorú go bhfuil an víosa, an t-údarú taistil nó an cead cónaithe atá riachtanach ag gabháil leis an doiciméad taistil, i gcás inarb infheidhme.’;”.