ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

Eagrán Speisialta ( *1 )

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

Imleabhar 63
12 Meitheamh 2020


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

COMHAONTUITHE IDIRNÁISIÚNTA

 

*

Cinneadh (AE) 2020/753 ón gComhairle an 30 Márta 2020 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Shóisialach Vítneam

1

 


 

(*1)   Faoin tagairt L 186 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

GA

Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo.

Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu.


II Gníomhartha neamhreachtacha

COMHAONTUITHE IDIRNÁISIÚNTA

12.6.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


CINNEADH (AE) 2020/753 ÓN gCOMHAIRLE

an 30 Márta 2020

maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Shóisialach Vítneam

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91(1), Airteagal 100(2) agus an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4), i gcomhar le pointe (a)(v) den dara fomhír d’Airteagal 218(6) agus Airteagal 218(7) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le Cinneadh (AE) 2019/1121 ón gComhairle (2), síníodh an Comhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Shóisialach Vítneam (“an Comhaontú”) an 30 Meitheamh 2019, faoi réir a thabhairt i gcrích ar dháta is déanaí.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 218(7) den Chonradh, is iomchuí an Coimisiún a údarú modhnuithe áirithe ar an gComhaontú a fhormheas, thar ceann an Aontais, tar éis dul i gcomhairle leis an gcoiste speisialta arna cheapadh ag an gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 207(3) den Chonradh, ar modhnuithe iad atá le glacadh trí nós imeachta simplithe de bhun Airteagal 9.20 den Chomhaontú nó, maidir leis an liosta eintiteas i Ranna A go C d’Iarscríbhinní 9-A agus 9-B a ghabhann leis an gComhaontú, ag an gCoiste um Infheistíocht, um Sheirbhísí, um Thráchtáil Leictreonach agus um Sholáthar Rialtas de bhun Airteagal 9.23 den Chomhaontú.

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 17.20 den Chomhaontú, ní fhorléireofar aon ní sa Chomhaontú mar ní a thugann cearta do dhaoine nó a fhorchuireann oibleagáidí ar dhaoine, seachas iad sin a cruthaíodh idir na Páirtithe faoin dlí idirnáisiúnta poiblí.

(4)

Ba cheart an Comhaontú a fhormheas thar ceann an Aontais,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Déantar leis seo an Comhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Shóisialach Vítneam (“an Comhaontú”) a fhormheas thar ceann an Aontais.

Tá téacs an Chomhaontaithe i gceangal leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Chun críocha Airteagail 9.20 agus 9.23 den Chomhaontú, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dul i gcomhairle leis an gcoiste speisialta a cheapfaidh an Chomhairle i gcomhréir le Airteagal 207(3) den Chonradh, aon mhodhnuithe nó ceartúcháin ar Ranna A go D agus ar Roinn F d’Iarscríbhinní 9-A agus 9-B a ghabhann leis an gComhaontú a fhormheas thar ceann an Aontais.

Airteagal 3

Cuirfidh Uachtarán na Comhairle an fógra dá bhforáiltear in Airteagal 17.16 den Chomhaontú in iúl, thar ceann an Aontais, d’fhonn toiliú an Aontais a bheith faoi cheangal ag an gComhaontú a chur in iúl (3).

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 30 Márta 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. METELKO-ZGOMBIĆ


(1)  Toiliú an 12 Feabhra 2020 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Cinneadh (AE) 2019/1121 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2019 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Shóisialach Vítneam (IO L 177, 2.7.2019, lch. 1).

(3)  Déanfaidh Ardrúnaíocht na Comhairle dáta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.