ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 179I

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

63
9 Meitheamh 2020


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (CBES) 2020/754 ón gComhairle an 8 Meitheamh 2020 lena gcuirtear síneadh le sainordú Cheann Misin Mhisean Comhairleach an Aontais Eorpaigh chun tacú le hAthchóiriú na hEarnála Slándála san Úcráin (EUAM Ukraine)

1

 

*

Cinneadh (CBES) 2020/755 ón gComhairle an 8 Meitheamh 2020 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2016/2383 maidir le tacaíocht an Aontais do ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach i réimsí na slándála núicléiche agus faoi chuimsiú chur chun feidhme Straitéis an Aontais i gcoinne Leathadh na nArm Ollscriosta

2

 

 

Ceartúchán

 

*

Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha ( IO L 169, 25.6.2019 )

4

GA


II Gníomhartha neamhreachtacha

CINNTÍ

9.6.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 179/1


CINNEADH (CBES) 2020/754 ÓN gCOMHAIRLE

an 8 Meitheamh 2020

lena gcuirtear síneadh le sainordú Cheann Misin Mhisean Comhairleach an Aontais Eorpaigh chun tacú le hAthchóiriú na hEarnála Slándála san Úcráin (EUAM Ukraine)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 42(4) agus 43(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 22 Iúil 2014, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2014/486/CBES (1) maidir le Misean Comhairleach an Aontais Eorpaigh le haghaidh Athchóiriú na hEarnála Sibhialtaí Slándála san Úcráin (EUAM Ukraine).

(2)

An 13 Bealtaine 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2019/761 (2), lena gcuirtear síneadh le sainordú an Mhisin go dtí an 31 Bealtaine 2021.

(3)

An 4 Meitheamh 2019, ghlac an Coiste Polaitiúil agus Slándála Cinneadh (CBES) 2019/992 (3) lenar ceapadh Antti HARTIKAINEN mar Cheann Misin don tréimhse ón 1 Iúil 2019 go dtí an 30 Meitheamh 2020.

(4)

An 14 Bealtaine 2020, chomhaontaigh an Coiste Polaitiúil agus Slándála gur cheart do Antti HARTIKAINEN leanúint den fheidhm seo a chomhlíonadh go dtí an 31 Bealtaine 2021,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, cuirtear síneadh le sainordú Antti HARTIKAINEN, mar Cheann Misin EUAM Ukraine go dtí an 31 Bealtaine 2021.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Beidh feidhm aige ón 1 Iúil 2020.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 8 Meitheamh 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. METELKO-ZGOMBIĆ


(1)  Cinneadh 2014/486/CBES ón gComhairle an 22 Iúil 2014 maidir le Misean Comhairleach an Aontais Eorpaigh i leith Athchóiriú na hEarnála Slándála Sibhialta san Úcráin (EUAM an Úcráin) (IO L 217, 23.7.2014, lch. 42).

(2)  Cinneadh (CBES) 2019/761 ón gComhairle an 13 Bealtaine 2019 lena leasaítear Cinneadh 2014/486/CBES maidir le Misean Comhairleach an Aontais Eorpaigh i leith Athchóiriú na hEarnála Slándála Sibhialta san Úcráin (EUAM an Úcráin) (IO L 125, 14.5.2019, lch. 16).

(3)  Cinneadh (CBES) 2019/992 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 4 Meitheamh 2019 maidir le Ceann Misin Mhisean Comhairleach an Aontais Eorpaigh i leith Athchóiriú na hEarnála Slándála Sibhialta san Úcráin a cheapadh (EUAM an Úcráin/1/2019) (IO L 160, 18.6.2019, lch. 24).


9.6.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 179/2


CINNEADH (CBES) 2020/755 ÓN gCOMHAIRLE

an 8 Meitheamh 2020

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2016/2383 maidir le tacaíocht an Aontais do ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach i réimsí na slándála núicléiche agus faoi chuimsiú chur chun feidhme Straitéis an Aontais i gcoinne Leathadh na nArm Ollscriosta

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 28(1) agus 31(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 21 Nollaig 2016, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2016/2383 (1), lena bhforáiltear do thréimhse cur chun feidhme 36 mhí ó dháta thabhairt i gcrích an chomhaontaithe maoinithe dá dtagraítear sa Chinneadh sin, le haghaidh na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1 de.

(2)

Síníodh an comhaontú maoinithe leis an nGníomhaireacht Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach (IAEA) an 15 Meitheamh 2017 agus, dá bhrí sin, rachaidh sé in éag an 14 Meitheamh 2020.

(3)

An 8 Bealtaine 2020, d’iarr an IAEA síneadh a chur leis an tréimhse cur chun feidhme agus le spriocdháta conarthach Chinneadh (CBES) 2016/2383 ó 36 mhí go 42 mhí, go dtí an 14 Nollaig 2020. Tá an síneadh a iarradh mar thoradh ar phaindéim COVID-19 agus fionraí shealadach gach taistil neamhchriticiúil agus cruinnithe go dtí an 1 Meitheamh 2020, lena n-áirítear iad siúd atá le reáchtáil i Vín, lena n-éilítear saineolaithe neamhchónaitheacha a bheith rannpháirteach

(4)

Is féidir leanúint de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1 de Chinneadh (CBES) 2016/2383 a dhéanamh gan aon impleacht a bheith ann maidir le hacmhainní airgeadais go dtí an 14 Nollaig 2020.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2016/2383 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad Airteagal 5(2) de Chinneadh (CBES) 2016/2383:

“Rachaidh an Cinneadh seo in éag an 14 Nollaig 2020”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 8 June 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. METELKO-ZGOMBIĆ


(1)  Cinneadh (CBES) 2016/2383 ón gComhairle an 21 Nollaig 2016 maidir le tacaíocht an Aontais do ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach i réimsí na slándála núicléiche agus faoi chuimsiú chur chun feidhme Straitéis AE i gcoinne Leathadh na nArm Ollscriosta (IO L 352, 23.12.2016, lch. 74).


Ceartúchán

9.6.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 179/4


Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 169 an 25 Meitheamh 2019 ) (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L Eagrán Speisialta Gaeilge an 25 Meitheamh 2019)

1.

Ar leathanach 59, Iarscríbhinn I, cuid A, an tábla, iontráil “Éitear teitreabrómaidhéfheinile C12H6Br4O”, an ceathrú cholún, pointe 3:

in ionad:

“3.

De mhaolú air sin, ceadófar iad seo a leanas a mhonarú, a chur ar an margadh agus a úsáid: trealamh leictreach agus leictreonach atá faoi raon feidhme Threoir 2011/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 1 .”,

léitear:

“3.

De mhaolú air sin, ceadófar iad seo a leanas a mhonarú, a chur ar an margadh agus a úsáid: trealamh leictreach agus leictreonach atá faoi raon feidhme Threoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 1 .”.

2.

Ar leathanach 59, Iarscríbhinn I, cuid A, an tábla, iontráil “Éitear peinteabrómaidhéfheinile C12H5Br5O”, an ceathrú cholún, pointe 3:

in ionad:

“3.

De mhaolú air sin, ceadófar iad seo a leanas a mhonarú, a chur ar an margadh agus a úsáid: trealamh leictreach agus leictreonach atá faoi raon feidhme Threoir 2011/65/CE.”,

léitear:

“3.

De mhaolú air sin, ceadófar iad seo a leanas a mhonarú, a chur ar an margadh agus a úsáid: trealamh leictreach agus leictreonach atá faoi raon feidhme Threoir 2011/65/AE.”.

3.

Ar leathanach 60, Iarscríbhinn I, cuid A, an tábla, iontráil “Éitear heicseabrómaidhéfheinile C12H4Br6O”, an ceathrú cholún, pointe 3:

in ionad:

“3.

De mhaolú air sin, ceadófar iad seo a leanas a mhonarú, a chur ar an margadh agus a úsáid: trealamh leictreach agus leictreonach atá faoi raon feidhme Threoir 2011/65/CE.”,

léitear:

“3.

De mhaolú air sin, ceadófar iad seo a leanas a mhonarú, a chur ar an margadh agus a úsáid: trealamh leictreach agus leictreonach atá faoi raon feidhme Threoir 2011/65/AE.”.

4.

Ar leathanach 60, Iarscríbhinn I, an tábla, iontráil “Éitear heipteabrómaidhéfheinile C12H3Br7O”, an cheathrú cholún, pointe 3:

in ionad:

“3.

De mhaolú air sin, ceadófar iad seo a leanas a mhonarú, a chur ar an margadh agus a úsáid: trealamh leictreach agus leictreonach atá faoi raon feidhme Threoir 2011/65/CE.”,

léitear:

“3.

De mhaolú air sin, ceadófar iad seo a leanas a mhonarú, a chur ar an margadh agus a úsáid: trealamh leictreach agus leictreonach atá faoi raon feidhme Threoir 2011/65/AE.”.

5.

Ar leathanach 61, Iarscríbhinn I, cuid A, an tabla, iontráil “Bis(peinteabrómaidhéfheinile) éitear (éitear deacabrómaidhéfheinile; deacaBDE)”, an cheathrú cholún, pointe (c) de phointe 3:

in ionad:

“(c)

trealamh leictreach agus leictreonach atá faoi raon feidhme Threoir 2011/65/CE.”,

léitear:

“(c)

trealamh leictreach agus leictreonach atá faoi raon feidhme Threoir 2011/65/AE.”.

6.

Ar leathanach 61, Iarscríbhinn I, cuid A, an tábla, iontráil “Bis(peinteabrómaidhéfheinile) éitear (éitear deacabrómaidhéfheinile; deacaBDE)”, an cheatrú cholún, an frása réamhráiteach agus pointe (c):

in ionad:

“4.

Beidh feidhm ag na díolúintí sonracha do pháirteanna spártha arna n-úsáid i mótarfheithiclí dá dtagraítear i bpointe 2(b)(ii) maidir le monarú agus úsáid deacaBDE thráchtála a thagann faoi cheann amháin nó níos mó de na catagóirí seo a leanas:

...

(c)

gléasraí piortheicniúla agus feidhmeanna a ndéanann gléasraí piortheicniúla difear dóibh amhail cáblaí adhainte mála aeir, clúdaigh/fabraic shuíocháin, sa chás amháin go mbaineann mála aeir leo, agus málaí aeir (tosaigh agus taobhach).”,

léitear:

“4.

Beidh feidhm ag na díolúintí sonracha do pháirteanna spártha arna n-úsáid i mótarfheithiclí dá dtagraítear i bpointe 3(b)(ii) maidir le monarú agus úsáid deaca-BDE thráchtála a thagann faoi cheann amháin nó níos mó de na catagóirí seo a leanas:

...

(c)

gléasraí piortheicniúla agus feidhmeanna a ndéanann gléasraí piortheicniúla difear dóibh amhail cáblaí adhainte mála aeir, clúdaigh/fabraic shuíocháin (sa chás amháin go mbaineann mála aeir leo) agus málaí aeir (tosaigh agus taobhach).”.

7.

Ar leathanach 61, Iarscríbhinn I, cuid A, an tábla, iontráil “Bis(peinteabrómaidhéfheinile) éitear (éitear deacabrómaidhéfheinile; deacaBDE)”, an chéad cholún, an chéad líne:

in ionad:

“Bis(peinteabrómaidhéfheinile) éitear (éitear deacabrómaidhéfheinile; deacaBDE).”,

léitear:

“Bis(peinteabrómaidhéfheinile) éitear (éitear deacabrómaidhéfheinile; deaca-BDE).”.

7.

Ar leathanach 61, Iarscríbhinn I, cuid A, an tábla, iontráil “Bis(peinteabrómaidhéfheinile) éitear (éitear deacabrómaidhéfheinile; deacaBDE)”, an ceathrú cholún, pointe 7:

in ionad:

“7.

Ceadófar earraí ina bhfuil deaca-BDE a allmhairítear chun críocha na ndíolúintí sonracha i bpointe 2 a chur ar an margadh agus a úsáid go dtí go rachaidh na díolúintí sin in éag. Beidh feidhm ag pointe 6 amhail is gur táirgeadh na hearraí sin de bhun na díolúine i bpointe 2. Féadfar leanúint de bheith ag úsáid earraí den sórt sin atá in úsáid cheana féin faoi dháta eága na díolúine ábhartha sin.”,

léitear:

“7.

Ceadófar earraí ina bhfuil deaca-BDE a allmhairítear chun críocha na ndíolúintí sonracha i bpointe 3 a chur ar an margadh agus a úsáid go dtí go rachaidh na díolúintí sin in éag. Beidh feidhm ag pointe 6 amhail is gur táirgeadh na hearraí sin de bhun na díolúine i bpointe 3. Féadfar leanúint de bheith ag úsáid earraí den sórt sin atá in úsáid cheana féin faoi dháta eága na díolúine ábhartha sin.”.

8.

Ar leathanach 63, Iarscríbhinn I, cuid A, an tábla, iontráil “1 HeicseabrómaiciogladóideacánCiallaíonn”, an chéad cholún, an chéad líne:

in ionad:

“1 HeicseabrómaiciogladóideacánCiallaíonn

‘heicseabrómaiciogladóideacán’: heicseabrómaiciogladóideacán, 1,2,5,6,9,10- heicseabrómaiciogladóideacán agus a dhiaisteiré-isiméirí príomha: alfa-heicseabrómaiciogladóideacán; béite-heicseabrómaiciogladóideacán; agus gáma-heicseabrómaiciogladóideacán”,

léitear:

“Heicseabrómaiciogladóideacán

Ciallaíonn ‘heicseabrómaiciogladóideacán’: heicseabrómaiciogladóideacán, 1,2,5,6,9,10- heicseabrómaiciogladóideacán agus a dhiaisteiré-isiméirí príomha: alfa-heicseabrómaiciogladóideacán; béite-heicseabrómaiciogladóideacán; agus gáma-heicseabrómaiciogladóideacán”.

9.

Ar leathanach 67, Iarscríbhinn III, cuid B, an ceannteideal:

in ionad:

“CUID B”,

léitear:

“CUID B

Substaint (Uimh. CAS)”.