ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 172I

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

63
3 Meitheamh 2020


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/730 ón gComhairle an 3 Meitheamh 2020 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2017/1509 maidir le bearta sriantacha i gcoinne Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré

1

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (AE) 2020/731 ón gComhairle an 28 Bealtaine 2020 lena gceaptar comhalta agus comhalta malartach, arna moladh ag Ríocht na Spáinne, de Choiste na Réigiún

3

 

*

Cinneadh (CBES) 2020/732 ón gComhairle an 2 Meitheamh 2020 chun tacú le Sásra Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe um imscrúdú ar úsáid líomhnaithe arm ceimiceach agus bitheolaíoch nó tocsaineach

5

 

*

Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2020/733 ón gComhairle an 2 Meitheamh 2020 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh (CBES) 2016/849a bhaineann le bearta sriantachai gcoinne Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré

15

GA


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

3.6.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 172/1


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (|AE) 2020/730 ÓN gCOMHAIRLE

an 3 Meitheamh 2020

lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2017/1509 maidir le bearta sriantacha i gcoinne Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/1509 ón gComhairle an 30 Lúnasa 2017 maidir le bearta sriantacha i gcoinne Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 329/2007 (1), agus go háirithe Airteagal 47(5) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 30 Lúnasa 2017, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2017/1509.

(2)

An 11 Bealtaine 2020, nuashonraigh Coiste Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, arna bhunú de bhun Rún 1718 (2006) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, an fhaisnéis a bhaineann le heintiteas amháin atá faoi réir bearta sriantacha.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 2017/1509 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 2017/1509 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 3 Meitheamh 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. GRLIĆ RADMAN


(1)  IO L 224, 31.8.2017, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

I Rialachán (AE) 2017/1509, Iarscríbhinn XIII, Cuid (b) (“Daoine dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí”), cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 75:

“75.

YUK TUNG ENERGY PTE LTD

 

80 Raffles Place, #17-22 UOB Plaza, Singapore, 048624, Singapore

30.3.2018

Bainisteoir na long agus bainisteoir tráchtála YUK TUNG, a rinne táirgí peitriliam scagtha a aistriú ó long go long.”


CINNTÍ

3.6.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 172/3


CINNEADH (AE) 2020/731 ÓN gCOMHAIRLE

an 28 Bealtaine 2020

lena gceaptar comhalta agus comhalta malartach, arna moladh ag Ríocht na Spáinne, de Choiste na Réigiún

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 305 de,

Ag féachaint don togra ó rialtas na Spáinne,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 10 Nollaig 2019, an 20 Eanáir 2020, an 3 Feabhra 2020 agus an 26 Márta 2020, ghlac an Chomhairle Cinntí (AE) 2019/2157 (1), (AE) 2020/102 (2), (AE) 2020/144 (3) agus (AE) 2020/511 (4) lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025.

(2)

Tá suíochán chomhalta ar Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh tar éis deireadh a theacht le téarma oifige Alfred BOSCH i PASCUAL.

(3)

Tá suíochán comhalta mhalartaigh ar Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh tar éis deireadh a theacht le téarma oifige Mireia BORRELL PORTA,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, ceaptar na daoine seo a leanas chuig Coiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025:

(a)

mar chomhalta:

Mr Bernat SOLÉ BARRIL, Member of a Regional Executive: Gobierno de la Generalitat de Cataluña;

(b)

mar chomhalta malartach:

Ms Elisabet NEBREDA VILA, Representative of a regional body with political accountability to an elected Assembly: Parlamento de Cataluña.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 28 Bealtaine 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. GRLIĆ RADMAN


(1)  Cinneadh (AE) 2019/2157 ón gComhairle an 10 Nollaig 2019 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025 (IO L 327, 17.12.2019, lch. 78).

(2)  Cinneadh (AE) 2020/102 ón gComhairle an 20 Eanáir 2020 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025 (IO L 20, 24.1.2020, lch. 2).

(3)  Cinneadh (AE) 2020/144 ón gComhairle an 3 Feabhra 2020 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025 (IO L 32, 4.2.2020, lch. 16).

(4)  Cinneadh (AE) 2020/511 ón gComhairle an 26 Márta 2020 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025 (IO L 113, 8.4.2020, lch. 18).


3.6.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 172/5


CINNEADH (CBES) 2020/732 ÓN gCOMHAIRLE

an 2 Meitheamh 2020

chun tacú le Sásra Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe um imscrúdú ar úsáid líomhnaithe arm ceimiceach agus bitheolaíoch nó tocsaineach

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 28(1) agus 31(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 12 Nollaig 2003, ghlac an Chomhairle Eorpach Straitéis an AE i gcoinne Leathadh na n-Arm Ollscriosta (“Straitéis an AE”), a bhfuil liosta de bhearta chun leathadh den sórt sin a chomhrac i gCaibidil III.

(2)

Tá Straitéis an AE á cur chun feidhme go gníomhach ag an Aontas agus tá éifeacht á tabhairt aige do na bearta a liostaítear i gCaibidil III di, go háirithe na bearta sin a bhaineann leis an gCoinbhinsiún maidir le hAirm Bhitheolaíocha agus Thocsaine (BTWC) a neartú, a chur chun feidhme agus a uiliú.

(3)

Le Sásra Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe (NA) um imscrúdú ar úsáid líomhnaithe arm ceimiceach agus bitheolaíoch nó tocsaineach (an “SGM”) tagraítear don údarás a thugtar d’Ard-Rúnaí NA le Rún A/RES/42/37C ó Chomhthionól Ginearálta na NA. Athdhearbhaíodh le Rún 620 (1988) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe an t-údarás sin chun imscrúdú a sheoladh mar fhreagra ar thuarascálacha a thabharfaidh aon Bhallstát de chuid na Náisiún Aontaithe ar a aird d’Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe, chun na fíorais a bhaineann le líomhaint go bhfuil airm den sórt sin á n-úsáid a shuí.

(4)

An 27 Feabhra 2006, ghlac an Chomhairle Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2006/184/CBES (1) chun tacú le BTWC, faoi chuimsiú Straitéis an AE.

(5)

An 20 Márta 2006, ghlac an Chomhairle Plean Gníomhaíochta an AE maidir le hairm bhitheolaíocha agus thocsaine (2), comhlántach leis an nGníomhaíocht Chomhpháirteach 2006/184/CBES chun tacú le BTWC. Leis an bPlean Gníomhaíochta sin foráiltear d’úsáid éifeachtúil a bhaint as Bearta Forbartha Muiníne (CBManna) agus as SGM.

(6)

An 10 Samhain 2008, ghlac an Chomhairle an Ghníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/858/CBES (3) chun tacú le BTWC, faoi chuimsiú Straitéis an AE.

(7)

An 18 Iúil 2011, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2011/429/CBES (4) maidir le seasamh an Aontais don Seachtú Comhdháil Athbhreithnithe de chuid na Stát is Páirtithe sa BTWC, lena n-áirítear tacú le SGM.

(8)

An 23 Iúil 2012, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2012/421/CBES (5) chun tacú le BTWC, faoi chuimsiú Straitéis an Aontais.

(9)

An 18 Eanáir 2016, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2016/51 (6) chun tacú le BTWC, faoi chuimsiú Straitéis an Aontais, lena n-áirítear tacú le SGM.

(10)

Ina Chlár Oibre um Dhí-armáil dar teideal Securing our Common Future [Ár dTodhchaí Choiteann a Shlánú] a tíolacadh an 24 Bealtaine 2018, thug Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe dá aire nach bhfuil aon bhuanchomhlacht amháin ag BTWC a bhfuil freagracht air imscrúduithe a dhéanamh agus é mar aidhm aige a chinneadh ar úsáideadh airm bhitheolaíocha de shárú ar an BTWC nó nár úsáideadh. Dá bhrí sin, bunaítear leis an gClár Oibre um Dhí-armáil gníomhaíochtaí a bhfuil sé mar aidhm acu rannchuidiú le creat a fhorbairt lena n‐áirithítear freagairt chomhordaithe idirnáisiúnta ar úsáid arm bitheolaíoch, agus lena ndírítear ar acmhainn lárnach bhuanchomhordaithe a bhunú chun imscrúduithe neamhspleácha a dhéanamh ar úsáid líomhnaithe arm bitheolaíoch.

(11)

An 21 Eanáir 2019, ghlac an Chomhairle an Cinneadh (CBES) 2019/97 (7) chun tacú le BTWC faoi chuimsiú Straitéis an AE.

(12)

De réir na nGníomhaíochtaí Comhpháirteacha ón gComhairle agus de réir na gCinntí ón gComhairle a thacaíonn le BTWC, rannchuidigh an tAontas le cumas iltaobhach a fhorbairt chun imscrúdú a dhéanamh ar úsáid líomhnaithe arm bitheolaíoch. Leis an gCinneadh seo soláthraítear tacaíocht leis an SGM,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Chun críche cur i bhfeidhm láithreach agus praiticiúil roinnt gnéithe de Straitéis an AE agus chun cur le cur chun feidhme rathúil Ghníomhaíochtaí Comhpháirteacha 2006/184/CBES agus 2008/858/CBES agus Cinneadh 2012/421/CBES, is uirlis bheartais oibríochtúil an Cinneadh seo chun obair leantach riachtanach a sholáthar do na gníomhaíochtaí a rinneadh i rith na tréimhse 2016 go 2019 faoi chuimsiú Cinntí (CBES) 2016/51 agus (CBES) 2019/97 chun tacú le BTWC.

2.   Tá an Cinneadh seo bunaithe ar na prionsabail seo a leanas:

(a)

an leas is fearr a bhaint as an taithí a fuarthas trí Chinntí 2012/421/CBES agus (CBES) 2016/51;

(b)

agus aird á tabhairt ar na ceachtanna a foghlaimíodh ón imscrúdú is déanaí faoi SGM a rinneadh in 2013 sa tSiria, agus a bhfuil sé mar aidhm aige leanúint de na ceachtanna sin a foghlaimíodh a chur chun feidhme;

(c)

ainmniúcháin saineolaithe agus saotharlann ón Domhan Theas ar uainchlár SGM a spreagadh go gníomhach;

(d)

ainmniúchán saineolaithe baineanna ar uainchlár SGM a spreagadh go gníomhach;

(e)

comhpháirtíochtaí straitéiseacha a fhorbairt leis na hinstitiúidí ábhartha;

(f)

tacú le hiarrachtaí na mBallstát na Náisiún Aontaithe leasmhar chun ullmhacht oibríochtúil SGM a áirithiú;

(g)

rannchuidiú le Clár Oibre an Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe um Dhí-armáil “Securing our Common Future” [Ár dTodhchaí Choiteann a Shlánú] a chur chun feidhme.

3.   Tacóidh an tAontas leis na tionscadail seo a leanas a chomhfhreagraíonn do bhearta Straitéis an Aontais:

(a)

tacaíocht chun saineolaithe ar uainchlár SGM a oiliúint;

(b)

fothú acmhainní saotharlann ó thíortha i mbéal forbartha;

(c)

gníomhaíochtaí for-rochtana chun ainmniúcháin saineolaithe agus saotharlann ón Domhan Theas ar an uairchlár SGM a áirithiú;

(d)

tacaíocht do chleactadh lán-allamuigh (Cleactadh Capstone);

(e)

tacaíocht do ghníomhaíochtaí nó ceardlanna comhordaithe rialto nó an dá cheann le comhpháirtithe eagraíochtúla ábhartha.

4.   Leagtar síos tuairisc mhionsonraithe ar na tuarascálacha sin san Iarscríbhinn.

Airteagal 2

1.   Cuirfear de chúram ar Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (Ardionadaí) an Cinneadh seo a chur chun feidhme.

2.   Cuirfear de chúram ar Oifig na Náisiún Aontaithe um Ghnóthaí Dí-armála (UNODA) cur chun feidhme theicniúil na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1. Déanfaidh sé an cúram sin faoi fhreagracht an Ardionadaí. Chun na críche sin, déanfaidh an tArdionadaí na socruithe is gá le UNODA.

Airteagal 3

1.   Is é EUR 1 418 042 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais le haghaidh chur chun feidhme na dtionscadal dá dtagraítear in Airteagal 1(3).

2.   Bainisteofar an caiteachas a mhaoinítear leis an méid a leagtar amach i mír 1 i gcomhréir leis na nósanna imeachta agus na rialacha is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais.

3.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar dhea-bhainistiú an chaiteachais dá dtagraítear i mír 2. Chuige sin, tabharfaidh sé comhaontú airgeadais i gcrích le UNODA. Sonróidh an comhaontú airgeadais go n-áiritheoidh UNODA infheictheacht ranníocaíocht an Aontais, atá iomchuí lena méid.

4.   Déanfaidh an Coimisiún iarracht an comhaontú airgeadais a thabhairt i gcrích a luaithe agus is féidir tar éis theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo. Cuirfidh sé an Chomhairle ar an eolas maidir le haon deacrachtaí sa phróiseas sin agus maidir leis an dáta a dtabharfar an comhaontú airgeadais chun críche.

Airteagal 4

Cuirfidh an tArdionadaí tuarascáil faoi bhráid na Comhairle ar chur chun feidhme an Chinnidh seo bunaithe ar thuarascáil deiridh airgeadais agus insinte ina mbeidh, inter alia, ceachtanna a foghlaimíodh, chomh maith le tuarascálacha achomair a d’ullmhaigh UNODA i dtaca leis na tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 1(3). Beidh na tuarascálacha sin mar bhonn ag an measúnú a dhéanfaidh an Chomhairle. Cuirfear an Chomhairle ar an eolas faoi fhaisnéis a chuireann UNODA ar fail maidir le dul chun cinn chur i bhfeidhm na dtionscadal sin. Cuirfidh an Coimisiún faisnéis ar fáil maidir le gnéithe airgeadais chur chun feidhme na dtionscadal sin.

Airteagal 5

1.   Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

2.   Rachaidh an Cinneadh seo in éag 36 mhí tar éis an dáta a dtabharfar an comhaontú airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 3(3) i gcrích, nó sé mhí tar éis dháta an Chinnidh seo a ghlacadh mura mbeidh comhaontú airgeadais tugtha i gcrích laistigh den tréimhse sin.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 2 Meitheamh 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. GRLIĆ RADMAN


(1)  Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2006/184/CBES ón gComhairle an 27 Feabhra 2006 chun tacú leis an gCoinbhinsiún maidir le hAirm Bhitheolaíocha agus Thocsaine, faoi chuimsiú Straitéis an Aontais i gcoinne leathadh arm ollscriosta (IO L 65, 7.3.2006, lch. 51).

(2)  Plean Gníomhaíochta an AE maidir le hairm bhitheolaíochta agus tocsaine, comhlántach leis an nGníomhaíocht Chomhpháirteach a thacaigh le BTWC (IO C 57, 9.3.2006, lch. 1)

(3)  Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/858/CBES ón gComhairle an 10 Samhain 2008 chun tacú leis an gCoinbhinsiún maidir le hAirm Bhitheolaíocha agus Thocsaine (BTWC), faoi chuimsiú Straitéis an Aontais i gcoinne leathadh arm ollscriosta a chur chun feidhme (IO L 302, 13.11.2008, lch. 29).

(4)  Cinneadh 2011/429/CBES ón gComhairle an 18 Iúil 2011 maidir le seasamh an Aontais Eorpaigh don Seachtú Comhdháil Athbhreithnithe de chuid na Stát is Páirtithe sa Choinbhinsiún maidir le toirmeasc ar fhorbairt, táirgeadh agus stoc-charnadh arm baictéareolaíoch (bitheolaíoch) agus tocsaine agus maidir lena ndíothú (BTWC) (IO L 188, 19.7.2011, lch. 42).

(5)  Cinneadh 2012/421/CBES ón gComhairle an 23 Iúil 2012 chun tacú leis an gCoinbhinsiún maidir le hAirm Bhitheolaíocha agus Thocsaine (BTWC), faoi chuimsiú Straitéis an Aontais i gcoinne leathadh arm ollscriosta (IO L 196, 24.7.2012, lch. 61).

(6)  Cinneadh (CBES) 2016/51 ón gComhairle an 18 Eanáir 2016 chun tacú leis an gCoinbhinsiún maidir le hAirm Bhitheolaíocha agus Thocsaine (BTWC), faoi chuimsiú Straitéis an Aontais i gcoinne leathadh arm ollscriosta (IO L 12, 19.1.2016, lch. 50).

(7)  Cinneadh (CBES) 2019/97 ón gComhairle an 21 Eanáir 2019 chun tacú leis an gCoinbhinsiún maidir le hairm bhitheolaíocha agus thocsaine, faoi chuimsiú Straitéis an Aontais i gcoinne leathadh arm ollscriosta (IO L 19, 22.1.2019, lch. 11)


IARSCRÍBHBINN

1.   CÚLRA

Bhunaigh Comhthionól Ginearálta na NA, lena Rún A/RES/42/37C, Sásra Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe (NA) chun imscrúdú a dhéanamh ar úsáid líomhnaithe arm ceimiceach agus bitheolaíoch nó tocsaine (“an SGM”) in 1987. D’athdhearbhaigh an Chomhairle Slándála an t-údarás sin le rún 620 (1988). Rinne saineolaithe arna soláthar ag Ballstáit na NA leasmhara na treoirlínte teicniúla agus na nósanna imeachta le haghaidh imscrúdú tráthúil éifeachtúil ar thuairiscí faoi úsáid líomhnaithe arm den sórt sin a cheapadh, agus leagan amach i nDoiciméad A/44/561 ó Chomhthionól Ginearálta na NA in 1989. D’fhormhuinigh Comhthionól Ginearálta na NA na treoirlínte agus na nósanna imeachta sin in 1990 lena Rún A/RES/45/57C.

In éagmais sásra fíorúcháin don Choinbhinsiún maidir le hAirm Bhitheolaíocha agus Tocsaine, faoi mar atá ann don Choinbhinsiún maidir le hAirm Cheimiceacha, is é SGM an t-aon uirlis neamhspleách idirnáisiúnta lena ndéantar imscrúdú ar líomhain maidir le húsáid arm bitheolaíoch, le formhuiniú Comhthionóil Ghinearálta na NA agus Comhairle Slándála na NA araon.

2.   CUSPÓIRÍ

D’fhéadfadh SGM, trí imscrúdú a dhéanamh go pras ar úsáid líomhnaithe arm ceimiceach agus bitheolaíoch nó tocsaine, agus trí fhíorais a bhunú a bhaineann leis na líomhaintí, seasamh le noirm dhomhanda in aghaidh úsáid arm den sórt sin, cabhrú le húsáid arm den sórt sin ag Stáit na NA, daoine aonair nó eagraíochtaí a dhíspreagadh, agus síocháin agus slándáil idirnáisiúnta a chaomhnú faoi dheoidh.

Tá gníomhaíochtaí a thacaíonn le feabhas a chur ar leibhéal ullmhachta SGM chun imscrúdú a dhéanamh ar úsáid líomhnaithe arm ceimiceach agus bitheolaíoch nó tocsaine ag teacht le Straitéis an AE i gcoinne Leathadh Arm Ollscriosta. Le Cinneadh (CBES) 2016/51, agus go háirithe Tionscadal 5 “Tacaíocht do Shásra Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe” de, rinneadh iarracht tacaíocht a thabhairt chun SGM a neartú trí líon na saineolaithe cuí-oilte ar uainchlár na saineolaithe agus na saotharlann SGM (“uainchlár SGM”) a leathnú, agus trí chruinniú de pháirtithe leasmhara SGM a thionól agus trí roinnt imeachtaí oiliúna tras-eagraíochta a eagrú. Le Tionscadal 5 de Chinneadh (CBES) 2016/51 sin, cuireadh oiliúint i scileanna bunúsacha agus speisialaithe ar fáil do shaineolaithe ar an uainchlár, trí choincheap nua oiliúna córasaí, líonra de shaotharlanna anailíseacha ainmnithe agus de ghníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta do shaotharlanna den sórt sin, agus trí ghníomhaíochtaí for-rochtana chun éagsúlacht gheografach saineolaithe agus saotharlann a chur chun cinn.

Is gá leanúint de na gníomhaíochtaí sin d’fhonn an acmhainneacht agus an cumas idirnáisiúnta imscrúdú pras a dhéanamh ar aon sáruithe ar an toirmeasc domhanda ar úsáid arm ceimiceach agus bitheolaíoch nó tocsaine a neartú a thuilleadh, le béim ar leith ar airm bhitheolaíocha. Chuideodh cur chun cinn éagsúlacht gheografach agus chothromaíocht inscne na saineolaithe le creidiúnacht agus dlisteanacht CCF a fheabhsú. Trí fhorbairt bhreise a dhéanamh ar acmhainneacht agus ar chumas na saineolaithe agus na saotharlann ainmnithe, d’fhéadfadh sé go mbeadh éifeachtaí tánaisteacha dearfacha aige sin ar thaighde bitheolaíoch agus ar thaighde agus forbairt ar shláinte phoiblí, go háirithe i dtíortha i mbéal forbartha. Ina theannta sin, beidh cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí sin ina shampla de thacaíocht nithiúil do Chlár Oibre an Ard-Rúnaí um Dhí-armáil - “Ár dTodhchaí Choiteann a Dhaingniú”, agus Go háirithe, Gníomh 10 den chlár oibre maidir le dí-armáil – “ullmhacht chun imscrúdú a dhéanamh ar úsáid líomhnaithe arm bitheolaíoch”.

Na prionsabail

(a)

An leas is fearr a bhaint as an taithí a fuarthas trí Chinntí 2012/421/CBES agus (CBES) 2016/51.

(b)

Agus aird á tabhairt ar na ceachtanna a foghlaimíodh ó imscrúdú SGM ó 2013 sa tSiria.

(c)

Ainmniúcháin saineolaithe agus saotharlann ón Domhan Theas ar uainchlár SGM a spreagadh go gníomhach, arna bhfoinsiú trí líonraí agus páirtithe leasmhara straitéiseacha sa Domhan Theas.

(d)

Comhpháirtíochtaí straitéiseacha a fhorbairt leis na hinstitiúidí ábhartha.

(e)

Raon níos leithne saineolais a lorg ar uainchlár SGM, agus ainmniú saineolaithe mná ar an uainchlár sin a spreagadh go gníomhach;

(f)

Tacú le hiarrachtaí Bhallstát leasmhar na NA chun ullmhacht iomlán oibríochtúil SGM a áirithiú.

(g)

Rannchuidiú le Clár Oibre an Ard-Rúnaí um Dhí-armáil a chur chun feidhme.

Na torthaí a bhfuiltear ag súil leo

Táthar ag súil go mbeidh na torthaí foriomlána seo a leanas mar thoradh ar chur chun feidhme an tionscadail seo:

(a)

feabhas a chur ar ullmhacht oibríochtúil SGM;

(b)

tuilleadh forbartha ar líonra na saotharlann ainmnithe;

(c)

feabhas a chur ar scileanna saineolaithe a bhfuil gá leo i gcomhthéacs mhisin GGM; agus

(d)

saineolas ar uainchlár saineolaithe SGM a éagsúlú.

Ina theannta sin, bheadh na torthaí tánaisteacha seo a leanas ag cur chun feidhme an tionscadail seo:

(a)

an ailtireacht imscrúdúcháin náisiúnta, réigiúnacha agus idirnáisiúnta d’airm bhitheolaíocha a chomhchuibhiú;

(b)

eolas agus cumas imscrúdúcháin feabhsaithe maidir le húsáid líomhnaithe arm bitheolaíoch agus ceimiceach ar an leibhéal náisiúnta; agus

(c)

múscailt feasachta le Stáit na NA agus le páirtithe leasmhara ábhartha.

3.   TIONSCADAIL

3.1.   Tionscadal 1: Tacaíocht chun saineolaithe ar uainchlár SGM a oiliúint

3.1.1.   Cuspóir an tionscadail

Tacar sainscileanna saineolaithe cáilithe a fheabhsú, a thabhairt cothrom le dáta agus a chomhchuibhiú, agus tuilleadh oiliúna a chur ar fáil do shainchomhairleoirí chun a áirithiú go mbeidh an cumas agus an acmhainneacht le haghaidh cleachtaí agus imscrúduithe allamuigh ar fáil go héasca.

3.1.2.   Na torthaí a bhfuiltear ag súil leo ón tionscadal

(a)

Cuirfear oiliúint ar chaidre breise saineolaithe nua d’fhonn acmhainneacht leordhóthanach “inrochtana siar” (cúltaca/tacaíocht) a áirithiú;

(b)

Beidh na saineolaithe atá ag gabháil do ghníomhaíochtaí SGM cheana féin á gcur faoi ardoiliúint go fóill; agus

(c)

Reáchtálfar cúrsaí oiliúna go rialta le linn na tréimhse a chumhdaítear leis an gCinneadh seo.

3.1.3.   Cur síos ar an tionscadal

Leis an tionscadal seo, déanfar obair leantach agus fairsingiú ar na gníomhaíochtaí agus ar na nithe a baineadh amach faoi Thionscadal 5 de Chinneadh (CBES) 2016/51 chun méadú a dhéanamh ar líon na saineolaithe cáilithe agus na sainchomhairleoirí ar uainchlár SGM ar cuireadh oiliúint orthu sna croí-scileanna a theastaíonn chun imscrúdú SGM a dhéanamh go rathúil, mar chuid d’fhoireann de chuid na NA, agus faoi dhálaí allamuigh a d’fhéadfadh a bheith díobhálach.

Chuirfeadh an tionscadal ar chumas Oifig na Náisiún Aontaithe um Ghnóthaí Dí-armála (UNODA) líon na saineolaithe cáilithe oilte agus na sainchomhairleoirí oilte a leathnú, d’fhonn cumas leordhóthanach “inrochtana siar” a áirithiú le linn cleachtadh allamuigh nó imscrúdú iarbhír. Ar na príomhinniúlachtaí oiliúna atá ann tá bailiú agus láimhseáil fianaise, dréachtú tuairiscí, slándáil oibríochtúil, cumarsáid allamuigh, caibidlíocht agus láimhseáil na meán.

Beidh uainiú agus suíomh na gcúrsaí oiliúna sin ag brath go mór ar Bhallstáit na NA a chuireann cúrsaí oiliúna den sórt sin ar fáil. Luaitear an méid seo a leanas sna treoirlínte agus sna nósanna imeachta le haghaidh imscrúdú SGM a cuireadh faoi bhráid Chomhthionóil Ghinearálta na NA in 1989 agus a d’fhormhuinigh an Comhthionól sin go bhféadfaidh aon Bhallstát leasmhar oiliúint nó cúrsaí ábhartha speisialaithe a ainmniú don Ard-Rúnaí, oiliúint nó cúrsaí atá ar fáil do shaineolaithe cáilithe chun tacú leis an ról a d’fhéadfadh a bheith acu thar a cheann agus imscrúduithe á ndéanamh aige ar úsáid fhéideartha ghníomhairí CBT”.

3.1.4.   Freagrachtaí na gníomhaireachta cur chun feidhme

Ullmhúchán substainteach:

I gcomhairle le Ballstáit na NA a bhfuil an t-imeacht oiliúna á óstáil acu agus leis na comhpháirtithe ábhartha, déanfaidh UNODA an clár oiliúna agus roghnú na saineolaithe rannpháirteacha a fhorbairt.

Seirbhísí lóistíochta agus riaracháin:

Oibreoidh UNODA ag obair i gcomhpháirt le hOifig na NA um Sheirbhísí Tionscadail (UNOPS) maidir leis na socruithe lóistíochta (amhail socruithe taistil do rannpháirtithe agus do shaineolaithe etc.) do na gníomhaíochtaí oiliúna.

3.2.   Tionscadal 2: Fothú acmhainní saotharlann ó thíortha i mbéal forbartha

3.2.1.   Cuspóir an tionscadail

Chun tacú le rannpháirtíocht ionadaithe saotharlann ainmnithe i ngníomhaíochtaí oiliúna atá dírithe ar líonra a fhorbairt a bheidh in ann tacú le himscrúdú SGM ar líomhain maidir le húsáid arm bitheolaíoch.

3.2.2.   Na torthaí a bhfuiltear ag súil leo ón tionscadal

(a)

Rannpháirtíocht fheabhsaithe ionadaithe saotharlann ó thíortha i mbéal forbartha in imeachtaí atá dírithe ar líonra saotharlann ainmnithe SGM a fhorbairt.

(b)

Páirt níos mó a thabhairt do shaotharlanna ó thíortha i mbéal forbartha in oiliúint SGM.

3.2.3.   Cur síos ar an tionscadal

D’fhonn a áirithiú go bhfeicfear go bhfuil SGM slán agus neamhchlaonta go hiomlán, tá rannpháirtíocht iomlán na saotharlann ainmnithe ón Domhan Theas, agus a rannpháirtíocht sna gníomhaíochtaí sin chun tacú leis an SGM ríthábhachtach. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach rannpháirtíocht bhreise saotharlann uainithe ó na tíortha sin a éascú sa phróiseas sin, lena n-áirítear a rannpháirtíocht i gceardlann thiomnaithe do shaotharlanna arna eagrú ag Ballstáit na NA, chomh maith lena rannpháirtíocht mar bhreathnóirí i ngníomhaíochtaí oiliúna do shaineolaithe cáilithe ar uainchlár SGM, chun a áirithiú go mbeidh na saotharlanna agus na saineolaithe ar an eolas faoin ngá atá le gníomhaíochtaí a chomhchuibhiú go trédhearcach chun tacú le himscrúdú atá á dhéanamh i gceart.

3.2.4.   Freagrachtaí na gníomhaireachta cur chun feidhme

Ullmhúchán substainteach:

I gcomhairle leis na saotharlanna ábhartha agus leis na Ballstáit na NA atá ag óstáil an imeachta chun líonra saotharlainne a fhorbairt, sainaithneoidh UNODA saotharlanna sna tíortha i mbéal forbartha a dtacófar lena rannpháirtíocht san imeacht sin.

Seirbhísí lóistíochta agus riaracháin:

Oibreoidh UNODA i gcomhpháirt le UNOPS maidir le socruithe lóistíochtúla (socruithe taistil do rannpháirtithe).

3.3.   Tionscadal 3: Gníomhaíochtaí for-rochtana

3.3.1.   Cuspóir an tionscadail

Chun ainmniúcháin saineolaithe agus saotharlann ón Domhan Theas ar uainchlár SGM a fheabhsú.

3.3.2.   Na torthaí a bhfuiltear ag súil leo ón tionscadal

(a)

Reáchtálfar ceardlanna for-rochtana réigiúnacha san Afraic agus i Meiriceá Láir agus i Meiriceá Theas.

(b)

Ainmniú feabhsaithe saineolaithe agus saotharlann ó na réigiúin sin d’uainchlár SGM.

(c)

Beidh líon méadaithe saineolaithe ó na réigiúin sin rannpháirteach i gcúrsaí oiliúna i scileanna SGM.

3.3.3.   Cur síos ar an tionscadal

Cé go bhfuil uainchlár na saineolaithe agus na saotharlann arna n-ainmniú ag Ballstáit na NA ilchineálach, tá ionadaíocht ar Bhallstáit na NA ón Afraic agus ó Mheiriceá Láir agus ó Mheiriceá Theas gann go fóill (1).

Neartófar ionracas agus neamhchlaontacht bhraite SGM trí linn éagsúil saineolaithe agus saotharlann a áirithiú óna bhféadfaidh UNODA roghnú le haghaidh gníomhaíochtaí oiliúna agus óna bhféadfaidh Ardrúnaí na NA rogha a dhéanamh le linn imscrúdú iarbhír.

Ag tacú dóibh leis an méid sin, reáchtálfar ceardlanna réigiúnacha sa dá réigiún, agus é mar aidhm acu dul i dteagmháil go díreach leis an saineolas ábhartha sna príomhchathracha náisiúnta chun SGM a mhíniú, an tábhacht a bhaineann leis i bhfreagairt chomhordaithe idirnáisiúnta ar líomhaintí maidir le húsáid arm bitheolaíoch, agus an ról agus an tábhacht a bhaineann le grúpa ilchineálach saineolaithe i gcás ina dtionscnófar imscrúdú SGM. Déanfar sonraí maidir leis na hainmniúcháin ó thíortha sna réigiúin seo a thiomsú tar éis an “note verbale” bliantúil ó ODA chuig Ballstáit na NA, chun féachaint an bhfuil aon tionchar intomhaiste ar na hainmniúcháin. Is trí chomhairliúcháin idir UNODA agus na tíortha a bheadh sásta na ceardlanna a óstáil is mó a chinnfear an raon feidhme cruinn agus líon beacht Bhallstáit na NA agus na rannpháirtithe a ghlacfaidh páirt sna ceardlanna, agus imthosca á gcur san áireamh amhail suíomh na ceardlainne, an buiséad agus an acmhainneacht ábhartha sna tíortha. Cuirfidh UNODA cur chun feidhme an Chomhairle ar an eolas faoin bpróiseas maidir le tíortha óstacha a roghnú agus lorgóidh UNODA treoir agus formhuiniú ón gComhairle ina leith sin.

3.3.4.   Freagrachtaí na gníomhaireachta cur chun feidhme

Ullmhúchán substainteach:

I gcomhairle le Ballstáit na NA a bhfuil na ceardlanna á n-óstáil acu, déanfaidh UNODA an clár oibre agus an clár, agus roghnú na rannpháirtithe a fhorbairt.

Seirbhísí lóistíochta agus riaracháin:

Oibreoidh UNODA i gcomhpháirt le UNOPS maidir le socruithe lóistíochtúla do na ceardlanna, amhail socruithe taistil do rannpháirtithe.

3.4.   Tionscadal 4:Tacaíocht do Chleachtadh Capstone

3.4.1.   Cuspóir an tionscadail

Chun ullmhúchán leordhóthanach a dhéanamh do chleachtadh iomlán allamuigh (ar a dtugar “Cleachtadh Capstone”) atá beartaithe a reáchtáil sa Ghearmáin i mí Mheán Fómhair 2020, agus cur i gcrích rathúil an chleachtaidh sin a áirithiú.

3.4.2.   Na torthaí a bhfuiltear ag súil leo ón tionscadal

(a)

Déanfar an t-ullmhúchán do Chleachtadh Capstone ar bhealach tráthúil cuimsitheach;

(b)

Déanfar misin phleanála do Chleachtaí Capstone, agus beidh gach ullmhúchán riachtanach don chleachtadh curtha i gcrích nó pléite leis an tír is óstach agus leis na heagraithe.

(c)

Cuirfear tacaíocht ar fáil do rannpháirtíocht saineolaithe i gCleachtadh Capstone.

(d)

Déanfaidh UNODA éascú agus comhairliúchán chun a áirithiú go gcuirfidh Ballstáit na NA agus daoine eile an trealamh ginearálta speisialaithe is gá chun Cleachtadh Capstone a dhéanamh ar fáil roimh chleachtadh Capstone.

3.4.3.   Cur síos ar an tionscadal

Ceapadh Cleachtadh Capstone, nó gníomhaíocht oiliúna toraidh, chun deis a sholathair do na saineolaithe oilte raon iomlán a gcuid saineolais eolaíoch agus a gcuid croí-scileanna faighte a chleachtadh in imeacht réalaíoch réimse-bhunaithe mar ullmhúchán d’imscaradh iarbhír. Tá cleachtadh den sórt sin beartaithe faoi láthair sa dara leath de 2020 ag Rialtas na Gearmáine agus ag Rialtas na Sualainne.

D’fhonn a áirithiú go mbeidh rath ar ghníomhaíocht den sórt sin agus go mbeidh luach uirthi, ní mór roinnt cúrsaí oiliúna a chur i gcrích roimh Chleachtadh Capstone, chun a áirithiú go gcuirfear oiliúint iomlán ar shaineolaithe atá rannpháirteach i gCleachtadh Capstone agus go n-ullmhófar iad go hiomlán. Tá foráil déanta do na cúrsaí oiliúna sin i dTionscadal 1 thuas. Tabharfar tacaíocht faoin tionscadal seo do rannpháirtíocht saineolaithe agus oifigeach ó eagraíochtaí ábhartha idirnáisiúnta amhail Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS), an Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe (OIE) agus Interpol.

Ina theannta sin, beidh ar Bhallstáit na NA trealamh iomchuí, amhail trealamh cosanta pearsanta, díghalráin, trealamh imscrúdaitheach, feistí cumarsáide agus trealamh braite agus aitheantais eile a bhfuil gá leis, feistí agus ábhair calabrúcháin agus feistí taifeadta agus grianghrafadóireachta, a fháil agus a chur ar fáil do na saineolaithe rannpháirtithe roimh Chleachtadh Capstone.

Beidh na ceachtanna a fhoghlaimeofar ó Chleachtadh Capstone ina ngné thábhachtach ó thaobh bonn eolais a chur faoi ghníomhaíochtaí oiliúna SGM agus iad a fheabhsú, ar gníomhaíochtaí iad a bheidh ann amach anseo agus bearnaí agus dúshláin a shainaithint i leagan amach oibríochtúil reatha SGM. Anuas ar sheisiún láithreach aiseolais agus faisnéisiú do na saineolaithe rannpháirteacha nuair a bheidh deireadh le Cleachtadh Capstone, féadfar imeacht ar leith bunaithe ar na ceachtanna a foghlaimíodh a reáchtáil le cistiú ó fhoinsí eile.

Déanfar na gníomhaíochtaí ábhartha uile i ndlúth-chomhordu agus i ndlúthchomhar le UNODA agus le rialtas na Gearmáine agus rialtas na Sualainne a bhfuil Cleachtadh Capstone á eagrú acu.

3.4.4.   Freagrachtaí na gníomhaireachta cur chun feidhme

Ullmhúchán substainteach:

Rachaidh UNODA i gcomhairle le rialtas na Gearmáine agus le rialtas na Sualainne agus le Ballstáit na NA agus comhpháirtithe ábhartha eile chun an Cleachtadh Capstone a ullmhú go substaintiúil, lena n-áirítear an fhorbairt a dhéanfar ar a chuspóir, ar a chás, ar a chlár agus ar a shásra meastóireachta.

Seirbhísí lóistíochta agus riaracháin:

Oibreoidh UNODA i gcomhpháirt le UNOPS maidir leis na socruithe lóistíochtúla don Chleactadh Capstone, lena n-áirítear socruithe taistil do rannpháirtithe agus do shaineolaithe, chomh maith le trealamh a fháil agus a iompar.

3.5.   Tionscadal 5: Tacaíocht do ghníomhaíochtaí nó cheardlanna comhordúcháin rialta le comhpháirtithe eagraíochtúla ábhartha

3.5.1.   Cuspóir an tionscadail

Comhpháirtithe eagrúcháin a shainaithint agus dul i bpáirt leo chun oibriú i gcomhar maidir le SGM.

3.5.2.   Na torthaí a bhfuiltear ag súil leo ón tionscadal

(a)

Reáchtálfar sraith ceardlann i gcomhar leis na comhpháirtithe idirnáisiúnta ábhartha;

(b)

Déanfar socruithe sonracha nua comhair leis na comhpháirtithe idirnáisiúnta sin a fhorbairt agus a ghlacadh, amhail treoirlínte, nósanna imeachta oibriúcháin molta (SOPanna), comhaontuithe, meabhrán comhaontuithe.

3.5.3.   Cur síos ar an tionscadal

Chun an tacaíocht a thugtar do SGM le córas na Náisiún Aontaithe a uasmhéadú, agus i bhfianaise acmhainní teoranta UNODA, tá sé riachtanach comhpháirtíochtaí láidre a fhorbairt le heagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha. Maidir le samplaí de shocruithe rathúla atá ann chun saineolas agus tacaíocht a chur ar fáil d’oiliúint agus d’imscrúduithe iarbhír a d’fhéadfadh a bheith ann, áirítear comhpháirtíocht UNODA leis an Eagraíocht um Thoirmeasc ar Airm Cheimiceacha (OPCW), an Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe (OIE), an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS), Interpol agus le hIonaid Barr Feabhais CBRN.

D’fhéadfaí an líonra comhpháirtíochta seo a leathnú chuig níos mó eagraíochtaí idirnáisiúnta a bhféadfadh riachtanais chomhcosúla a bheith acu i dtéarmaí oiliúna, forbartha saineolaithe agus trealaimh.

Dá bhrí sin, féachann UNODA leis na comhpháirtithe eagraíochtúla ábhartha a shainaithint, rannpháirtíocht a dhéanamh agus an tuiscint chuí ar shainorduithe aonair á léiriú, agus sraith ceardlann a reáchtáil chun na comóntachtaí agus na réimsí comhair sin a shainaithint d’fhonn gealltanais a bhaineann le himeachtaí oiliúna comhroinnte, trealamh roinnte agus saineolas a dhaingniú.

3.5.4.   Freagrachtaí na gníomhaireachta cur chun feidhme

Ullmhúchán substainteach:

Tabharfaidh UNODA faoin ullmhúchán substainteach don cheardlann lena n-áirítear forbairt an chláir oibre agus an chláir, agus roghnú na rannpháirtithe.

Seirbhísí lóistíochta agus riaracháin:

Oibreoidh UNODA i gcomhpháirt le UNOPS maidir leis na socruithe lóistíochtúla, lena n-áirítear socruithe taistil do rannpháirtithe agus do shaineolaithe.

4.   TUAIRISCIÚ AGUS MEASÚNÚ

Cuirfidh UNODA an Chomhairle ar an eolas gach sé mhí faoin dul chun cinn atá déanta maidir le cur chun feidhme an tionscadail.

Ar chur i gcrích an tionscadail, cuirfidh UNODA tuarascáil deiridh airgeadais agus insinte faoi bhráid an Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus an Choimisiúin Eorpaigh (“Commission”) ina mbeidh tuarascálacha achomair ar gach tionscadal.

5.   ACHAR AMA

Is é 32 mhí, ó Bhealtaine 2020 go Nollaig 2022, fad iomlán measta chur chun feidhme an tionscadail.

6.   TAIRBHITHE

Is iad saineolaithe ar uainchlár SGM chomh maith leis na húdaráis sláinte náisiúnta agus institiúidí na saineolaithe a bheidh ina dtairbhithe de Thionscadal 1.

Is iad saotharlanna ainmnithe atá rannpháirteach sna gníomhaíochtaí, go háirithe iad siúd sna tíortha i mbéal forbartha a bheidh ina dtairbhithe de Thionscadal 2.

Is iad tíortha sna réigiúin gheografacha a bhfuil tearcionadaíocht á déanamh orthu faoi láthair ar uainchlár SGM a bheidh ina dtairbhithe de Thionscadal 3. Bheadh sé de chumas ag SGM a dhlisteanacht bhraite a fheabhsú trína bhonn geografach a leathnú óna dtarraingeofaí saineolaithe agus saotharlanna le haghaidh gníomhaíochtaí oiliúna agus misin iarbhír.

Is iad Ballstáit na NA agus na comhpháirtithe a bhfuil Cleactadh Capstone á eagrú acu a bheidh ina dtairbhithe de Thionscadal 4 chomh maith leis na saineolaithe a bheidh rannpháirteach sa chleachtadh.

Is iad UNODA, na ranna agus na gníomhaireachtaí ábhartha i gcóras na Náisiún Aontaithe agus comhpháirtithe idirnáisiúnta agus réigiúnacha a bheidh ina dtairbhithe de Thionscadal 5.

7.   GNÍOMHAIREACHT CUR CHUN FEIDHME — SAINCHEISTEANNA FOIRNE

Leagfar cur chun feidhme an tionscadail sin mar chúram ar UNODA. Beidh cur chun feidhme an tionscadail sin i gcomhréir leis an gcomhaontú maoiniúcháin atá le tabhairt i gcrích idir an Coimisiún Eorpach agus UNODA. Oibreoidh UNODA i gcomhpháirt le UNOPS a sholáthróidh tacaíocht lóistíochtúil agus riaracháin don tionscadal seo. Bheadh ról UNOPS teoranta do thacaíocht lóistíochta agus riaracháin a thabhairt amháin.

I bhfianaise chineál seachbhuiséadach na ngníomhaíochtaí atá beartaithe sa Chinneadh seo do UNODA, beidh gá le foireann bhreise. Beidh an fhoireann freagrach as an tionscadal a chur chun feidhme agus gníomhaíochtaí arna sainaithint ina thionscadail a eagrú/a sheachadadh. Go háirithe, táthar ag súil go gcuirfidh an fhoireann leis na gníomhaíochtaí oiliúna a cheapadh agus a chur i gcrích agus le teagmháil a dhéanamh le comhpháirtithe ábhartha amhail eagraíochtaí agus saotharlanna réigiúnacha trí bhíthin na taithí substaintí agus an tsaineolais atá aici. Ní mór don fhoireann a bheith ag leibhéal an-ard (leibhéal P-5 sna Náisiúin Aontaithe) i bhfianaise chastacht an tionscadail agus an leibhéil ard taithí agus saineolais is gá i réimsí éagsúla lena n-áirítear imscaradh allamuigh, imscrúduithe, ceapadh agus cur i gcrích na ngníomhaíochtaí oiliúna, agus an bhitheolaíocht agus airm bhitheolaíocha - nithe atá ríthábhachtach do na gníomhaíochtaí oiliúna.

Ina theannta sin, bainfear úsáid as UNOPS chun tacaíocht riaracháin agus lóistíochtúil a thabhairt maidir leis na tionscadail a chur chun feidhme agus go háirithe maidir le cúrsaí oiliúna agus ceardlanna a eagrú trí thicéid a chur in áirithe/a eisiúint agus íocaíocht per diem a íoc amach leis na rannpháirtithe den chuid is mó. Is fearr a gcuid saineolais a úsáid mar acmhainn a bhfuil taithí mar bhonn aici chun tionscadail a chur chun feidhme agus le haghaidh seirbhísí tacaíochta riaracháin seachas foireann tacaíochta riaracháin a fhostú toisc go mbítear ag súil go minic go mbeidh fostaíocht leanúnach ar fáil leis an eagraíocht ag deireadh an tionscadail agus tá baol ann go n-úsáidfear foireann riaracháin den sórt sin le haghaidh tascanna nach mbaineann leis an tionscadal toisc iad a bheith comhshuite leo san oifig chéanna. D’fhéadfadh UNODA, ach UNOPS a úsáid mar ghníomhaireacht cur chun feidhme sa tionscadal seo, rannpháirtíocht UNOPS a fheabhsú a thuilleadh i ngníomhaíochtaí SGM, lena n-áirítear i gcás ina n-imscarfar misean SGM go hiarbhír mar fhreagra ar iarraidh ó Bhallstáit na Náisiún Aontaithe. D’fhéadfadh buntáistí móra a bheith ag gabháil leis an líonra leathan a mhéid a bhaineann le soláthar poiblí, le soláthar i gcoitinne agus le hiompar, atá i seilbh UNOPS, i gcásanna ina mbeadh sé ríthábhachtach go bhféadfaí trealamh a fháil agus a iompar go tapa chun go n-éireodh le misean.

8.   INFHEICTHEACHT AN AONTAIS

Déanfaidh UNODA gach beart iomchuí chun a phoibliú gur chistigh an tAontas an tionscadal seo. Tabharfar aitheantas do thacaíocht an Aontais freisin i gcuirí agus i ndoiciméid eile a chomhroinnfear le rannpháirtithe na n-imeachtaí éagsúla. Áiritheoidh UNODA go ndéanfar ionadaíocht thar ceann an Aontais, i gcás inar féidir, ag imeachtaí a dtacaítear leo faoin gCinneadh seo.


(1)  Níl saineolaithe ainmnithe ach ag sé Bhallstát san Afraic agus tá saotharlanna ainmnithe ag dhá Stát. Níl saineolaithe ainmnithe ach ag cúig stát i Meiriceá Láir/Meiriceá Theas agus níl saotharlann ainmnithe ach ag stát amháin.


3.6.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 172/15


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (CBES) 2020/733 ÓN gCOMHAIRLE

an 2 Meitheamh 2020

lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh (CBES) 2016/849a bhaineann le bearta sriantachai gcoinne Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 31(2) de,

Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2016/849 ón gComhairle an 27 Bealtaine 2016 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2016/849/CBES (1), agus go háirithe Airteagal 33(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 27 Bealtaine 2016, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2016/849.

(2)

An 11 Bealtaine 2020, rinne Coiste Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe arna bhunú de bhun Rún 1718 (2006) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe nuashonrú ar an bhfaisnéis a bhaineann le heintiteas amháin atá faoi réir bearta sriantacha.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2016/849 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear leis seo Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2016/849 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 2 Meitheamh 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. GRLIĆ RADMAN


(1)  IO L 141, 28.5.2016, lch. 79.


IARSCRÍBHINN

I gCinneadh (CBES) 2016/849, Iarscríbhinn I, Cuid B (“Eintitis”), cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 75:

“75.

YUK TUNG ENERGY PTE LTD

 

80 Raffles Place, #17-22 UOB Plaza, Singapore, 048624, Singapore

30.3.2018

Bainisteoir na long agus bainisteoir tráchtála YUK TUNG, a rinne táirgí peitriliam scagtha a aistriú ó long go long. ”