ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 99

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

63
31 Márta 2020


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) 2020/459 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Márta 2020 lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 95/93 ón gComhairle maidir le comhrialacha do leithroinnt sliotán in aerfoirt an Chomhphobail ( 1 )

1

 

*

Rialachán (AE) 2020/460 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Márta 2020 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013 agus (AE) Uimh. 508/2014 a mhéid a bhaineann le bearta sonracha chun infheistíochtaí a shlógadh i gcórais cúraim sláinte na mBallstát agus in earnálacha eile dá ngeilleagar mar fhreagairt ar ráig COVID-19 (An Tionscnamh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas)

5

 

*

Rialachán (AE) 2020/461 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Márta 2020 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle chun cúnamh airgeadais a sholáthar do Bhallstáit agus do thíortha a bhfuil a n-aontachas leis an Aontas Eorpach á chaibidliú acu, atá buailte go trom ag mór-éigeandáil sláinte poiblí

9

 

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (AE) 2020/462 ón gComhairle An 20 Feabhra 2020 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh laistigh den Choiste Comhlachais a bunaíodh faoin gComhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Ríocht Mharacó, den pháirt eile, maidir le malartú faisnéise d’fhonn meastóireacht a dhéanamh ar thionchar an Chomhaontaithe i bhfoirm Malartú Litreacha lena leasaítear an Comhaontú sin

13

 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

31.3.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 99/1


RIALACHÁN (AE) 2020/459 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 30 Márta 2020

lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 95/93 ón gComhairle maidir le comhrialacha do leithroinnt sliotán in aerfoirt an Chomhphobail

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Mar thoradh ar ráig COVID‐19, tá laghdú géar ar an aerthrácht i ngeall ar an titim shuntasach ar an éileamh agus ar bhearta díreacha atá déanta ag na Ballstáit chomh maith le tríú tíortha chun an ráig a choinneáil faoi smacht. Thosaigh an tionchar mór dá bharr ar aeriompróirí chomh luath le hEanáir 2020 i ndáil le Daon‐Phoblacht na Síne agus Sainréigiún Riaracháin Hong Cong de chuid Dhaon‐Phoblacht na Síne, tá sé forleathan ó bhí an 1 Márta 2020 ann, agus is dócha go ndéanfaidh sé difear do dhá thréimhse sceidealaithe, ar a laghad, is iad sin geimhreadh 2019/2020 agus samhradh 2020.

(2)

Níl neart ag aeriompróirí ar na cúinsí sin agus is freagairt riachtanach nó dhlisteanach ar na cúinsí sin ag aeriompróirí aersheirbhísí a chur ar ceal go deonach nó go héigeantach dá bharr. Go háirithe, le cealuithe deonacha, cosnaítear sláinte airgeadais aeriompróirí agus seachnaítear tionchar diúltach comhshaoil eitiltí folmha nó beagnach folamh nach n‐oibrítear ach chun na críche na sliotáin foluiteacha aerfoirt a choinneáil.

(3)

Le figiúirí atá foilsithe ag Eurocontrol, arb é an bainisteoir líonra d’fheidhmeanna bainistíochta aerthráchta an aerspáis Eorpaigh aonair, léirítear titim bliain ar bhliain de thart ar 10 % san aerthrácht sa réigiún Eorpach sa chéad leath de Mhárta 2020. Tá titim mhór á tuairisciú ag aeriompróirí sna háirithintí atá le teacht agus tá líon suntasach eitiltí á chur ar ceal sna tréimhsí sceidealaithe “geimhreadh 2019‐2020” agus “samhradh 2020” mar thoradh ar an ráig.

(4)

Faoi Airteagal 8(2) de Rialachán (CEE) Uimh. 95/93 ón gComhairle (2), á léamh i gcomhar le hAirteagal 10(2) de, i gcás ina mainníonn aeriompróir 80 % ar a laghad de shraith de shliotáin arna leithroinnt air ag aerfort comhordaithe a oibriú, cuirtear an tosaíocht stairiúil le haghaidh na sliotán sin i mbaol.

(5)

Le hAirteagal 10(4) de Rialacháin (CEE) Uimh. 95/93, ceadaítear do chomhordaitheoirí sliotán neamhaird a dhéanamh, chun na críche an tosaíocht stairiúil a ríomh, ar neamhoibriú sliotán aerfoirt le haghaidh tréimhsí nach bhfuil an t‐aeriompróir in ann na haersheirbhísí pleanáilte a oibriú i ngeall ar dhúnadh aerfort, mar shampla. Ní thugtar aghaidh leis an Airteagal sin, áfach, ar chásanna cosúil le ráig COVID‐19. Is iomchuí dá bhrí sin Rialachán (CEE) Uimh. 95/93 a leasú dá réir sin.

(6)

I bhfianaise na n‐áirithintí atá le teacht atá ar eolas agus réamhaisnéisí eipidéimeolaíochta, is féidir a bheith ag súil leis go réasúnta ag an gcéim seo go dtarlóidh líon suntasach cealuithe arb í ráig COVID‐19 an chúis a bheidh leo sa tréimhse idir an 1 Márta 2020 agus ar a laghad an 24 Deireadh Fómhair 2020. Níor cheart gurbh é a bheadh mar thoradh ar neamhúsáid na sliotán a leithroinneadh don tréimhse sin go gcaillfeadh aeriompróirí an tosaíocht stairiúil a mbainfidís leas as murach sin. Tá sé riachtanach dá bhrí sin na dálaí a shainiú faoinar cheart sliotáin nár oibríodh a mheas mar shliotáin a oibríodh chun na gcríoch sin, i ndáil leis an séasúr comhfhreagrach ina dhiaidh sin.

(7)

Is acmhainn luachmhar eacnamaíoch iad sliotáin ag aerfoirt chomhordaithe. D’ainneoin na titime ginearálta san aerthrácht, níor cheart cur ar ceal aersheirbhísí, áfach, cosc a chur ar úsáid sliotán aerfoirt ag aeriompróirí eile a bhféadfaidh siad a bheith ag iarraidh iad a úsáid ar bhonn sealadach gan cearta marthanachta a bheith á bhfáil ag sliotáin den sórt sin. Dá bhrí sin, nuair nach bhfuil siad in úsáid ag an aeriompróir ar leithroinneadh air iad, ba cheart na sliotáin a thabhairt ar ais don chomhordaitheoir gan mhoill.

(8)

Is deacair a thuar cé na forbairtí breise a thiocfaidh ar COVID‐19 agus cén tionchar breise a bheidh aige ar aeriompróirí. Ba cheart don Choimisiún anailís leanúnach a dhéanamh ar thionchar COVID‐19 ar an earnáil aeriompair agus ba cheart é a bheith de chumas ag an Aontas síneadh a chur, gan moill mhíchuí, leis an tréimhse ina mbeidh na bearta atá beartaithe faoin Rialachán seo i bhfeidhm dá leanfadh na drochdhálaí ar aghaidh.

(9)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon sliotáin nár úsáideadh mar gheall ar ráig COVID‐19 a mheas mar shliotáin a oibríodh, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta atá beartaithe, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(10)

Chun síneadh a chur leis na bearta a leagtar amach sa Rialachán seo, más gá agus má tá bonn cirt leis an méid sin, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le síneadh a chur leis an tréimhse ina mbeidh feidhm ag na bearta atá beartaithe faoin Rialachán seo. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‐áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (3). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(11)

I bhfianaise na práinne a bhí i gceist leis na cúinsí eisceachtúla arb í ráig COVID‐19 ba chúis leo, measadh gurbh iomchuí foráil a dhéanamh maidir le heisceacht ar an tréimhse ocht seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach.

(12)

Ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 95/93 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10a:

Airteagal 10a

1.   Chun críocha Airteagail 8(2) agus 10(2), measfaidh comhordaitheoirí go bhfuil sliotáin a leithroinneadh don tréimhse ón 1 Márta 2020 go dtí an 24 Deireadh Fómhair 2020 oibrithe ag an aeriompróir ar leithroinneadh air ar dtús iad.

2.   Chun críocha Airteagail 8(2) agus 10(2), measfaidh comhordaitheoirí go bhfuil sliotáin a leithroinneadh don tréimhse ón 23 Eanáir 2020 go dtí an 29 Feabhra 2020 oibrithe ag an aeriompróir ar leithroinneadh air ar dtús iad, a mhéid a bhaineann le haersheirbhísí idir aerfoirt san Aontas agus aerfoirt atá i nDaon‐Phoblacht na Síne nó i Sainréigiún Riaracháin Hong Cong de chuid Dhaon‐Phoblacht na Síne.

3.   I ndáil le sliotáin a bhfuil dáta acu níos déanaí ná an 8 Aibreán 2020, ní bheidh feidhm ag mír 1 ach amháin i gcás inar cuireadh na sliotáin ábhartha nár úsáideadh ar fáil don chomhordaitheoir lena n‐ath‐leithroinnt ar aeriompróirí eile.

4.   I gcás ina gcinneann an Coimisiún, ar bhonn figiúirí arna bhfoilsiú ag Eurocontrol, arb é atá ann an bainisteoir líonra d’fheidhmeanna líonra bainistíochta aerthráchta an aerspáis Eorpaigh aonair, go bhfuil an laghdú ar leibhéal an aerthráchta i gcomparáid leis an leibhéal sa tréimhse chomhfhreagrach den bhliain roimhe sin ag leanúint ar aghaidh agus gur dócha go leanfaidh sé ar aghaidh, agus go gcinneann sé freisin, ar bhonn na sonraí eolaíochta is fearr atá ar fáil, gurb é an tionchar atá ag ráig COVID‐19 an toradh atá ar an staid seo, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 12a chun an tréimhse a shonraítear i mír 1 a leasú dá réir.

5.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán leanúnach ar an gcás trí úsáid a bhaint as na critéir a leagtar amach i mír 4. Bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil dó, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil achomair faoin ábhar seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 15 Meán Fómhair 2020. Más gá, glacfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe dá bhforáiltear i mír 4 a luaithe is féidir.

6.   Más rud é, i gcás go mbeidh tionchar fada ag ráig COVID‐19 ar an earnáil aeriompair san Aontas, go n‐éilítear amhlaidh ar mhórfhorais phráinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 12b maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun an Airteagail seo.”

(2)

Cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach:

Airteagal 12a

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 10a a thabhairt don Choimisiún go dtí an 2 Aibreán 2021. .

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 10a a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n‐ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 10a i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 12b

An nós imeachta práinne

1.   Tiocfaidh gníomhartha tarmligthe a ghlactar faoin Airteagal seo i bhfeidhm gan mhoill agus beidh feidhm acu ar choinníoll nach ndéanfar agóid i gcomhréir le mír 2. Déanfar na cúiseanna le húsáid a bhaint as an nós imeachta práinne a lua san fhógra faoi ghníomh tarmligthe a thugtar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

2.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gníomh tarmligthe i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 12a(6). I gcás den sórt sin, déanfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe a aisghairm láithreach tar éis do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis an gcinneadh agóid a dhéanamh.”

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 30 Márta 2020.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. GRLIĆ RADMAN


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 26 Márta 2020 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 30 Márta 2020.

(2)  Rialachán (CEE) Uimh. 95/93 ón gComhairle an 18 Eanáir 1993 maidir le comhrialacha do leithroinnt sliotán in aerfoirt an Chomhphobail (IO L 14, 22.1.1993, lch. 1).

(3)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.


31.3.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 99/5


RIALACHÁN (AE) 2020/460 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 30 Márta 2020

lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013 agus (AE) Uimh. 508/2014 a mhéid a bhaineann le bearta sonracha chun infheistíochtaí a shlógadh i gcórais cúraim sláinte na mBallstát agus in earnálacha eile dá ngeilleagar mar fhreagairt ar ráig COVID-19 (An Tionscnamh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 43(2), 177 agus 178 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá iarmhairtí ráig COVID-19 dulta i bhfeidhm ar na Ballstáit ar shlí ar leith. Tá an ghéarchéim sláinte poibli atá ann i láthair na huaire ag cur bac ar fhás sna Ballstáit agus, mar thoradh air sin, tá an easpa leachtachta thromchúiseach ag dul in olcas, easpa arb é is cúis léi an t‐ardú tobann agus suntasach atá tagtha ar na hinfheistíochtaí poiblí is gá a dhéanamh i gcórais cúraim sláinte na mBallstát agus in earnálacha eile dá ngeilleagair. Tháinig de sin staid eisceachtúil nach mór aghaidh a thabhairt uirthi le bearta sonracha.

(2)

Tá sé ríthábhachtach nach mbeidh an easpa leachtachta agus an easpa cistí poiblí i mBallstáit ina bac ar na hinfheistíochtaí is gá a dhéanamh faoi chláir a fhaigheann tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (“CFRE”), ó Chiste Sóisialta na hEorpa (CSE) agus ón gCiste Comhtháthaithe (“CC”) (dá ngairtear le chéile “na Cistí”) agus ón gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh (“CEMI”) chun ráig COVID-19 a chomhrac.

(3)

Chun freagairt a thabhairt ar thionchar na géarchéime sláinte poiblí, ba cheart do CFRE tacú le maoiniú caipitil oibre i bhfiontair bheaga agus mheánmhéide (“FBManna”), i gcás inar gá, mar bheart sealadach chun freagairt éifeachtach a thabhairt ar an ngéarchéim sláinte poiblí.

(4)

Chun freagairt a thabhairt ar thionchar na géarchéime sláinte poiblí, ba cheart do thosaíocht infheistíochta CFRE maidir le taighde, forbairt teicneolaíochta agus nuálaíocht a neartú, infheistíocht a chumhdach sna táirgí agus sna seirbhísí a bhfuil gá leo chun acmhainneachtaí freagartha ar ghéarchéimeanna sna seirbhísí sláinte a chothú.

(5)

Chun tuilleadh solúbthachta a sholáthar chun aghaidh a thabhairt ar ráig COVID-19, ba cheart tuilleadh solúbthachta a thabhairt do na Ballstáit chun cláir a chur chun feidhme agus ba cheart nós imeachta simplithe nach n‐éilíonn cinneadh ón gCoimisiún a chur ar fáil maidir le hathruithe ar chláir oibríochtúla. Ba cheart an fhaisnéis a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin maidir le hathruithe den sórt sin a shoiléiriú.

(6)

Chun freagairt a thabhairt ar thionchar na géarchéime sláinte poiblí, ba cheart d’ionstraimí airgeadais arna maoiniú ag na Cistí tacaíocht a chur ar fáil i bhfoirm caipitil oibre freisin d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide, i gcás inar gá, mar bheart sealadach chun freagairt éifeachtach a thabhairt ar an ngéarchéim sláinte poiblí.

(7)

Chun freagairt láithreach a thabhairt ar thionchar na géarchéime sláinte poiblí, ba cheart an caiteachas ar oibríochtaí chun acmhainneachtaí freagartha ar ghéarchéimeanna a chothú a bheith incháilithe amhail ón 1 Feabhra 2020.

(8)

Chun a áirithiú go mbeidh na hacmhainní leordhóthanacha airgeadais ag Ballstáit chun na hinfheistíochtaí a bhfuil gá leo a dhéanamh gan mhoill, is iomchuí don Choimisiún gan orduithe aisghabhála a eisiúint maidir leis na méideanna is in‐aisghabhála ó Bhallstáit le haghaidh na gcuntas bliantúil arna gcur isteach in 2020. Ba cheart do na Ballstáit na méideanna nár aisghabhadh a úsáid chun dlús a chur le hinfheistíochtaí a bhaineann le ráig COVID-19 agus atá incháilithe faoi Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) agus faoi na rialacha Ciste-shonracha.

(9)

Ba cheart na méideanna nár aisghabhadh in 2020 a imréiteach nó iad a bheith faoi réir orduithe aisghabhála tráth dúnta na gclár.

(10)

Chun freagairt ar thionchar na géarchéime sláinte poiblí, ba cheart do CEMI tacaíocht a thabhairt do chistí frithpháirteacha agus d’árachas stoc chun ioncam iascairí agus feirmeoirí dobharshaothraithe a ndéanann an ghéarchéim sláinte poiblí difear dóibh a choimirciú.

(11)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon freagairt do thionchar na géarchéime sláinte poiblí, a ghnóthú go leordhóthanach ach, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta atá beartaithe, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (“CAE”). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(12)

I bhfianaise na práinne atá leis an tacaíocht atá ag teastáil, ba cheart don Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(13)

I bhfianaise ráig COVID-19 agus an phráinn atá ag baint maidir le haghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim sláinte phoiblí ghaolmhar, measadh go raibh sé iomchuí foráil a dhéanamh d’eisceacht ón tréimhse ocht seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh 1 maidir le na bParlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal leis an CAE, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Eorpach um Fhuinneamh Adamhach.

(14)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013 (3), (AE) Uimh. 1303/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 (4) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013

Leasaítear Rialachán (AE) 1301/2013 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 3(1) cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

“5. Ina theannta sin, féadfaidh CRFE tacú le maoiniú caipitil oibre in FBManna i gcás inar gá, mar bheart sealadach, chun freagairt éifeachtach a thabhairt ar ghéarchéim sláinte poiblí.”;

(2)

in Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (1)(b):

“(b)

infheistíocht ghnó a chur chun cinn i réimse na teicneolaíochta agus na nuálaíochta, agus naisc agus sineirgí a fhorbairt idir fiontair, ionaid taighde agus forbartha agus earnáil an ardoideachais, go háirithe trí infheistíocht a chur chun cinn i bhforbairt táirgí agus seirbhísí, aistriú teicneolaíochta, nuálaíocht shóisialta, éiceanuálaíocht, feidhmchláir don tseirbhís phoiblí, cothú éilimh, líonrú, braislí agus nuálaíocht oscailte trí speisialtóireacht chliste, agus trí thacú le taighde teicneolaíochta agus feidhmeach, línte píolótacha, bearta luathbhailíochtaithe táirge, ardchumas monaraíochta agus céadtáirgeadh, go háirithe in eochairtheicneolaíochtaí cumasúcháin agus scaipeadh teicneolaíochtaí ilfheidhmeacha, chomh maith leis an infheistíocht is gá a chothú chun acmhainneachtaí freagartha ar ghéarchéimeanna sna seirbhísí sláinte a neartú;”.

Airteagal 2

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 30, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“5.   De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, i gcás na gclár a fhaigheann tacaíocht ó CFRE, ón gCiste Comhtháthaithe agus ó CSE, féadfaidh an Ballstát suas le 8 % de leithdháileadh de thosaíocht amhail ón 1 Feabhra 2020 agus nach mó ná 4 % de bhuiséad an chláir a aistriú le linn na clárthréimhse chuig tosaíocht eile de chuid an Chiste chéanna den chlár céanna.

Ní dhéanfaidh na haistrithe sin difear do bhlianta roimhe sin. Measfar nach aistrithe substaintiúla iad agus ní bheidh gá le cinneadh ón gCoimisiún lena leasaítear an clár. Mar sin féin, beidh siad i gcomhréir leis na ceanglais rialála uile agus déanfaidh an coiste faireacháin iad a fhormheas roimh ré. Tabharfaidh an Ballstát fógra don Choimisiún maidir leis na táblaí airgeadais athbhreithnithe.”;

(2)

in Airteagal 37(4), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

“Féadfaidh ionstraimí airgeadais tacaíocht a chur ar fáil i bhfoirm caipitil oibre d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide más gá, mar bheart sealadach, chun freagairt éifeachtach a thabhairt ar ghéarchéim sláinte poiblí.”;

(3)

in Airteagal 65(10), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

“De mhaolú ar mhír 9, beidh caiteachas ar oibríochtaí chun acmhainneachtaí freagartha ar ghéarchéimeanna a chothú i gcomhthéacs ráig COVID-19 incháilithe amhail ón 1 Feabhra 2020.”;

(4)

in Airteagal 96, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 10:

“10.   Gan dochar d’Airteagal 30(5), glacfaidh an Coimisiún cinneadh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, lena bhformheasfar gnéithe uile an chláir oibríochtúil, lena n‐áirítear aon leasú a dhéanfar air amach anseo, a thagann faoin Airteagal seo, ach amháin na gnéithe sin a thagann faoi phointí (b)(vi), (c)(v) agus (e) den chéad fhomhír de mhír 2, faoi mhíreanna 4 agus 5, faoi phointí (a) agus (c) de mhír 6 agus faoi mhír 7, arb iad na Ballstáit a bheidh freagrach astu i gcónaí.”;

(5)

In Airteagal 139(7), cuirtear na fomhíreanna seo a leanas leis:

“De mhaolú ar an gcéad fhomhír, ní eiseoidh an Coimisiún ordú aisghabhála i leith méideanna is inghnóthaithe ón mBallstát le haghaidh na gcuntas arna dtíolacadh in 2020. Bainfear úsáid as méideanna nár aisghabhadh chun dlús a chur le hinfheistíochtaí a bhaineann le ráig COVID-19 agus atá incháilithe faoin Rialachán seo agus faoi rialacha a bhaineann go sonrach leis na Cistí.

Déanfar na méideanna nár aisghabhadh a imréiteach nó a aisghabháil tráth an dúnta.”.

Airteagal 3

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 508/2014

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 mar a leanas:

(1)

Leasaítear Airteagal 35 mar seo a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

“Cistí frithpháirteacha le haghaidh géarchéimeanna sláinte poiblí, teagmhais dhíobhálacha aeráide agus teagmhais chomhshaoil”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Féadfaidh CEMI rannchuidiú leis na cistí frithpháirteacha a íocann cúiteamh airgeadais le hiascairí i gcomhair caillteanas eacnamaíoch a tharlaíonn mar thoradh ar ghéarchéimeanna sláinte poiblí, ar theagmhais dhíobhálacha aeráide, ar theagmhais chomhshaoil nó ar na costais tarrthála i gcás iascairí nó soithí iascaireachta ar éirigh tionóiscí dóibh le linn a ngníomhaíochtaí iascaireachta.”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 5 agus 6:

“5.   Saineoidh na Ballstáit na rialacha maidir le bunú agus bainistíocht na gcistí frithpháirteacha, go háirithe maidir le deonú íocaíochtaí cúitimh agus le hincháilitheacht iascairí an cúiteamh sin a fháil i gcás géarchéimeanna sláinte poiblí, teagmhais dhíobhálacha aeráide, teagmhais chomhshaoil nó tionóiscí ar muir amháil dá dtagraítear i mír 1, agus maidir le riarachán agus faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na rialacha sin. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar foráil i socruithe na gcistí do phionóis i gcás mórfhaillí ó thaobh an iascaire de.

6.   Is iad na géarchéimeanna sláinte poiblí, na teagmhais dhíobhálacha aeráide, na teagmhais chomhshaoil nó na tionóiscí ar muir amhail dá dtagraítear i mír 1 na cinn sin a aithníonn údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann go foirmiúil a tharla.”;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8:

“8.   Ní dheonófar rannchuidithe faoi mhír 1 ach amháin chun caillteanas a tharla trí ghéarchéimeanna sláinte poiblí, trí theagmhais dhíobhálacha aeráide, trí theagmhais chomhshaoil nó trí thionóiscí ar muir a chúiteamh, ar caillteanas é ar fiú níos mó ná 30 % de láimhdeachas bliantúil an ghnóthais lena mbaineann é agus a ríomhfar ar bhonn mheánláimhdeachas an ghnóthais sin sna 3 bliana féilire roimhe sin.”;

(2)

in Airteagal 57(1) cuirtear an pointe seo a leanas leis:

“(e)

géarchéimeanna sláinte poiblí.”.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 30 Márta 2020.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. GRLIĆ RADMAN


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 26 Márta 2020 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 30 Márta 2020 .

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n‐aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 320).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus maidir le forálacha sonracha a bhaineann le sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post agus lena n‐aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1080/2006 (IO L 347, 20.12.2013, lch 289)

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n‐aisghairtear Rialachán (CE) 2328/2003 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 861/2006 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 791/2007 ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 1255/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 149 20.5.2014, lch. 1).


31.3.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 99/9


RIALACHÁN (AE) 2020/461 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 30 Márta 2020

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle chun cúnamh airgeadais a sholáthar do Bhallstáit agus do thíortha a bhfuil a n-aontachas leis an Aontas Eorpach á chaibidliú acu, atá buailte go trom ag mór-éigeandáil sláinte poiblí

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an tríú mír d’Airteagal 175 agus d’Airteagal 212(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Bunaíodh Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (“an Ciste”) le Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle (2). Bunaíodh an Ciste chun cúnamh airgeadais a sholáthar do Bhallstáit tar éis tubaistí móra mar chomhartha nithiúil ar dhlúthpháirtíocht na hEorpa i gcásanna éigeantais.

(2)

I gcás mór-éigeandálaí sláinte poiblí, ba cheart don Aontas a dhlúthpháirtíocht le Ballstáit agus leis an bpobal lena mbaineann a léiriú trí chúnamh airgeadais a sholáthar chun cúnamh a thabhairt don phobal atá buailte, chun cuidiú le hathbhunú na ngnáthdhálaí maireachtála go tapa sna réigiúin atá buailte agus chun cosc a chur ar scaipeadh galar tógálach.

(3)

Chomh maith leis sin, ba cheart don Aontas, i gcás mór-éigeandálaí sláinte poiblí, dlúthpháirtíocht a léiriú do na tíortha a bhfuil a n-aontachas leis an Aontas á chaibidliú acu.

(4)

D’fhéadfadh géarchéim mhór eascairt ó mhór-éigeandálaí sláinte poiblí, go háirithe víreas a dearbhaíodh go hoifigiúil ina víreas paindéime. Leis an gCiste, cuirtear ar chumas an Aontais cuidiú a thabhairt do sheirbhísí éigeandála a shlógadh chun freastal ar riachtanais phráinneacha daoine agus chun cuidiú a thabhairt príomh-bhonneagair dá ndearnadh damáiste a athbhunú sa ghearrthéarma chun gur féidir gabháil don ghníomhaíocht eacnamaíoch arís sna réigiúin atá buailte ag tubaiste. Tá an Ciste sin teoranta faoi láthair, áfach, do thubaistí nádúrtha a dhéanann damáiste fisiceach agus níl san áireamh ann tubaistí móra a bhíonn ann de dheasca bithghuaiseacha. Ba cheart foráil a dhéanamh chun go bhféadfadh an tAontas idirghabháil a dhéanamh i gcás mór-éigeandálaí sláinte poiblí.

(5)

Is é is cuspóir don ghníomhaíocht atá le glacadh, go mbeidh sí ina comhlánú ar iarrachtaí na mBallstát lena mbaineann i gcásanna nach féidir leis na Stáit sin, lena gcuid acmhainní féin amháin, dul i ngleic leis an gcás, ar a thromchúisí atá iarmhairtí na géarchéime. Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit an cuspóir sin a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (“CAE”). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(6)

I gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, ba cheart gníomhaíocht faoin Rialachán seo a theorannú do mhór-éigeandálaí sláinte poiblí. Ba cheart na héigeandálaí sin a shainiú ar bhonn an chaiteachais phoiblí is gá chun aghaidh a thabhairt orthu.

(7)

An cúnamh a thabharfaidh an tAontas, ba cheart é a bheith ina chomhlánú ar iarrachtaí na Stát lena mbaineann, agus is leis ba cheart sciar den chaiteachas poiblí a chumhdach a bheidh geallta chun déileáil leis na hoibríochtaí éigeandála is fíor-riachtanaí a eascraíonn ón ngéarchéim.

(8)

I gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, níor cheart cúnamh an Aontais a dheonú ach amháin ar iarratas ón Stát atá buailte. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go láimhseálfar iarrataí ó na Stáit go cothromasach.

(9)

Ba cheart an deis a bheith ag an gCoimisiún cinneadh a dhéanamh go tapa chun acmhainní airgeadais sonracha a ghealladh agus iad a shlógadh a luaithe is féidir. Dá bhrí sin, maidir leis na forálacha atá ann faoi láthair maidir le réamhíocaíochtaí a dhéanamh, ba cheart iad a threisiú trína méadú.

(10)

Ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm mar ábhar práinne an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(11)

I bhfianaise ráig COVID-19 agus na práinne atá i gceist le haghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim sláinte phoiblí a bhaineann léi, measadh gurbh iomchuí foráil a dhéanamh maidir le heisceacht ar an tréimhse ocht seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal le CAE, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach.

(12)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 mar a leanas:

(1)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2:

“Airteagal 2

1.   Arna iarraidh sin do Bhallstát nó do thír atá i mbun caibidlíocht aontachais leis an Aontas, dá ngairtear “Stát incháilithe” anseo feasta, féadfaidh cúnamh as an gCiste a shlógadh i gcás ina mbeidh iarmhairtí tromchúiseacha ar dhálaí maireachtála, ar shláinte an duine, ar an timpeallacht nádúrtha nó ar an ngeilleagar i gceann amháin nó níos mó de réigiúin an Stáit incháilithe sin ag:

(a)

mórthubaiste nádúrtha nó ag tubaiste nádúrtha réigiúnach a tharla ar chríoch an Stáit incháilithe chéanna nó ar chríoch an Stáit incháilithe chomharsanachta; nó

(b)

mór-éigeandáil sláinte poiblí a tharla archríoch an Stáit incháilithe chéanna.

Measfar damáiste díreach arna dhéanamh ag tubaiste nádúrtha a bheith ina chuid den damáiste a rinne an tubaiste nádúrtha sin.

2.   Chun críocha an Rialacháin seo, ciallaíonn “mórthubaiste nádúrtha” aon tubaiste nádúrtha a dhéanann damáiste díreach, i Stát incháilithe, a meastar a chostas a bheith os cionn EUR 3 000 000 000 de réir phraghsanna 2011, nó os cionn 0,6 % dá OIN.

2a.   Chun críocha an Rialacháin seo, ciallaíonn “mór-éigeandáil sláinte poiblí” aon ghuais thromchúiseach ar baol don bheatha nó baol eile don tsláinte de thionscnamh bitheolaíoch i Stát incháilithe í, ar guais í a dhéanann dochar tromchúiseach do shláinte an duine agus ar gá gníomhaíocht chinntitheach a dhéanamh ina leith chun cosc a chur ar aon scaipeadh breise a fhágfaidh ualach airgeadais phoiblí ar an Stát atá incháilithe do bhearta práinnfhreagartha a meastar a gcostas a bheith os cionn EUR 1 500 000 000 de réir phraghsanna 2011, nó breis agus 0,3 % dá OIN.

3.   Chun críocha an Rialacháin seo, ciallaíonn “tubaiste nádúrtha réigiúnach” aon tubaiste nádúrtha a dhéanann damáiste díreach, i réigiún atá ar leibhéal NUTS 2 de chuid Stát incháilithe, os cionn 1,5 % d’olltáirgeacht intíre (OTI) an réigiúin sin.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, nuair is réigiún forimeallach é an réigiún lena mbaineann, inar tharla tubaiste nádúrtha, de réir bhrí Airteagal 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ciallaíonn “tubaiste nádúrtha réigiúnach” aon tubaiste nádúrtha a dhéanann damáiste díreach os cionn 1 % d’OTI an réigiúin sin.

I gcás ina mbaineann an tubaiste nádúrtha le roinnt réigiún ar leibhéal NUTS 2, cuirfear an tairseach i bhfeidhm maidir le meán-olltáirgeacht intíre na réigiún sin, ualaithe de réir sciar an damáiste iomláin i ngach réigiún.

4.   Féadfar cúnamh as an gCiste a shlógadh freisin i gcás aon tubaiste nádúrtha i Stát incháilithe más mórthubaiste nádúrtha í i Stát incháilithe comharsanachta freisin.

5.   Chun críoch an Airteagail seo, úsáidfear staitisticí comhchuibhithe arna soláthar ag Eurostat.”.

(2)

In Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:

“1.   Is i bhfoirm ranníocaíocht as an gCiste a bheidh an cúnamh. Aon ranníocaíocht amháin a dheonófar ar Stát incháilithe in aghaidh gach tubaiste nó éigeandáil incháilithe.

2.   Is é is aidhm don Chiste comhlánú a dhéanamh ar iarrachtaí na Stát lena mbaineann agus cuid dá gcaiteachas poiblí a chumhdach chun cuidiú leis an Stát incháilithe, de réir chineál na tubaiste nó na héigeandála incháilithe, na hoibríochtaí éigeandála agus aisghabhála fíor-riachtanacha seo a leanas a dhéanamh:

(a)

an bonneagar agus na gléasraí i réimsí an fhuinnimh, an uisce agus an fhuíolluisce, na teileachumarsáide, an iompair, na sláinte agus an oideachais a thabhairt ar ais chun feidhme;

(b)

cóiríocht shealadach a sholáthar agus seirbhísí tarrthála a chistiú chun freastal ar riachtanais an phobail lena mbaineann;

(c)

bonneagar coisctheach agus bearta cosanta na hoidhreachta cultúrtha a dhaingniú;

(d)

limistéir ar bhuail tubaiste iad a ghlanadh, lena n-áirítear criosanna nádúrtha, i gcomhréir, i gcás inarb iomchuí, le cineálacha cur chuige a bheidh bunaithe ar éiceachórais, chomh maith leis na criosanna nádúrtha atá buailte a athchóiriú láithreach chun éifeachtaí láithreacha chreimeadh na hithreach a sheachaint;

(e)

bearta arb é is aidhm dóibh cúnamh a sholáthar go tapa, lena n-áirítear cúnamh leighis, don phobal atá buailte ag mór-éigeandáil sláinte poiblí agus chun an pobal a chosaint ar bhaol a n-ionfhabhtaithe, lena n-áirítear scaipeadh galar a chosc, a rialú nó faireachán a dhéanamh air, rioscaí tromchúiseacha don tsláinte phoiblí a chomhrac nó an tionchar a bheidh acu ar an tsláinte phoiblí a mhaolú.

Chun críocha phointe (a) den chéad fhomhír, is éard a chiallaíonn “tabhairt ar ais chun feidhme” an bonneagar agus na gléasraí a athbhunú sa riocht ina raibh siad roimh an tubaiste nádúrtha. I gcás nach féidir an riocht a bhí ann roimh an tubaiste nádúrtha a athbhunú ar bhonn dlíthiúil nó nach bhfuil údar cuí eacnamaíoch leis sin, nó i gcás ina gcinnfidh an Stát is tairbhí an bonneagar nó an gléasra atá i gceist a athlonnú nó feabhas a chur ar fheidhmiúlacht an bhonneagair nó an ghléasra sin chun gur fearr is féidir tubaistí nádúrtha a d’fhéadfadh a bheith ann sa todhchaí a sheasamh leis nó léi, ní fhéadfaidh an Ciste ranníocaíocht a dhéanamh leis an gcostas athchóirithe ach suas go dtí an gcostas measta a bhaineann leis an mbonneagar nó leis an ngléasra a athbhunú sa riocht ina raibh sé roimhe sin.

Na costais sa bhreis ar leibhéal na gcostas dá dtagraítear sa dara fomhír, is é an Stát is tairbhí a mhaoineoidh iad as a chistí féin nó, i gcás inar féidir, as cistí eile de chuid an Aontais.

Chun críocha phointe (b) den chéad fhomhír, ciallaíonn “cóiríocht shealadach” cóiríocht a bheidh ann go dtí gur féidir leis an bpobal lena mbaineann filleadh ar a n-áitreabh bunaidh tar éis a dheisithe nó a atógála.”.

(3)

In Airteagal 4a, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Ní bheidh luach na réamhíocaíochta os cionn 25 % de mhéid na ranníocaíochta lena bhfuiltear ag súil, agus i gcás ar bith ní bheidh sí os cionn EUR 100 000 000. A luaithe a chinnfear méid cinntitheach na ranníocaíochta, cuirfidh an Coimisiún méid na réamhíocaíochta san áireamh sula n-íocfar iarmhéid na ranníocaíochta. Aon réamhíocaíocht a rinneadh go míchuí, aisghabhfaidh an Coimisiún é.”.

(4)

In Airteagal 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis dul in éag don tréimhse 18 mí dá dtagraítear i mír 1, tíolacfaidh an Stát is tairbhí tuarascáil maidir le cur chun feidhme na ranníocaíochta as an gCiste mar aon le ráiteas lena dtabharfar údar leis an gcaiteachas, ina léireofar aon fhoinse mhaoiniúcháin eile le haghaidh na n-oibríochtaí lena mbaineann, lena n-áirítear socraíochtaí árachais agus cúiteamh ó thríú páirtithe.

De réir chineál na tubaiste nó na héigeandála incháilithe, leagfar amachna sonraí seo a leanas sa tuarascáil cur chun feidhme:

(a)

na bearta coisctheacha, a rinne an Stát is tairbhí nó atá beartaithe aige chun damáiste amach anseo a shrianadh agus chun nach dtarlóidh, a mhéid is féidir, tubaistí nádúrtha ná éigeandálaí sláinte poiblí den chineál sin arís, lena n-áirítear úsáid a bhaint as Cistí Struchtúrtha agus Infheistíochta na hEorpa chun na críche sin;

(b)

an staid atá ann maidir le cur chun feidhme reachtaíocht ábhartha an Aontais maidir le riosca tubaiste a chosc agus a bhainistiú;

(c)

an taithí a fuarthas ón tubaiste nó ón éigeandáil agus na bearta a rinneadh nó atá beartaithe chun cosaint agus athléimneacht an chomhshaoil a áirithiú i ndáil leis an athrú aeráide, le tubaistí nádúrtha agus le héigeandálaí sláinte poiblí; agus

(d)

aon fhaisnéis ábhartha eile faoi bhearta coisctheacha agus maolaithe a rinneadh agus a bhaineann le cineál na tubaiste nádúrtha nó le cineál na héigeandála sláinte poiblí.

Beidh tuairim ó chomhlacht iniúchóireachta neamhspleách ag gabháil leis an tuarascáil cur chun feidhme, tuairim a tharraingeofar suas i gcomhréir le caighdeáin iniúchóireachta a bhfuil glacadh leo go hidirnáisiúnta agus a léireoidh an léargas fírinneach cothrom é an ráiteas lena dtugtar údar don chaiteachas, agus an rud dlíthiúil rialta í an ranníocaíocht as an gCiste, i gcomhréir le hAirteagail 59(5) agus 60(5) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

Ag deireadh an nós imeachta dá dtagraítear sa chéad fhomhír, cuirfidh an Coimisiún deireadh leis an gcúnamh as an gCiste.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 30 Márta 2020.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. GRLIĆ RADMAN


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 26 Márta 2020 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 30 Márta 2020.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle an 11 Samhain 2002 lena mbunaítear Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (IO L 311, 14.11.2002. lch. 3).


II Gníomhartha neamhreachtacha

CINNTÍ

31.3.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 99/13


CINNEADH (AE) 2020/462 ÓN gCOMHAIRLE

An 20 Feabhra 2020

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh laistigh den Choiste Comhlachais a bunaíodh faoin gComhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Ríocht Mharacó, den pháirt eile, maidir le malartú faisnéise d’fhonn meastóireacht a dhéanamh ar thionchar an Chomhaontaithe i bhfoirm Malartú Litreacha lena leasaítear an Comhaontú sin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhomhír d’Airteagal 207(3) agus an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tugadh an Comhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Ríocht Mharacó, den pháirt eile (1) ("an Comhaontú Comhlachais") i gcrích thar ceann an Aontais trí bhíthin Cinneadh 2000/204/CE, CEGC ón gComhairle agus ón gCoimisiún (2) agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Márta 2000.

(2)

Trí bhíthin Cinneadh (AE) 2019/217 (3), d’fhormheas an Chomhairle tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Mharacó maidir le leasú ar Phrótacail 1 agus 4 den Chomhaontú Comhlachais (4) ("an Comhaontú leasaitheach"), d'fhonn na fabhair tharaife dá bhforáiltear sa Chomhaontú Comhlachais a leathnú chuig táirgí ar de thionscnamh an tSahára Thiar iad.

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 81 den Chomhaontú Comhlachais, bunaíodh Coiste Comhlachais a bheidh freagrach as bainistiú an Chomhaontaithe Comhlachais. De bhun Airteagal 83 den Chomhaontú Comhlachais céanna, tá sé de chumhacht ag an gCoiste Comhlachais cinntí a dhéanamh maidir le bainistiú an Chomhaontaithe Comhlachais agus sna réimsí sin ina bhfuil a cumhachtaí tarmligthe ag an gComhairle chuige.

(4)

Ní mór don Choiste Comhlachais, ar a dhéanaí dhá mhí tar éis don leasú ar an gComhaontú leasaitheach teacht i bhfeidhm, cinneadh a ghlacadh maidir leis na socruithe chun meastóireacht a dhéanamh ar thionchar an Chomhaontaithe leasaithigh, go háirithe maidir le forbairt inbhuanaithe, go mór mór i ndáil leis na sochair a bheidh ann do na pobail lena mbaineann agus le saothrú acmhainní nádúrtha an tSahára Thiar.

(5)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Comhlachais a bhunú, ós rud é go mbeidh an cinneadh atá beartaithe ina cheangal ar an Aontas.

(6)

D’fhonn faireachán a dhéanamh ar éifeachtaí an Chomhaontaithe leasaitheach ar na pobail lena mbaineann agus ar shaothrú acmhainní nádúrtha na gcríoch lena mbaineann, foráiltear go sainráite sa Chomhaontú leasaitheach do chreat agus nós imeachta iomchuí le go mbeidh na Páirtithe, ar bhonn malartuithe rialta faisnéise, in ann meastóireacht a dhéanamh ar a thionchar le linn a chur chun feidhme. Chomhaontaigh an tAontas agus Ríocht Mharacó faisnéis a mhalartú le chéile, uair in aghaidh na bliana, ar a laghad, faoi chuimsiú an Choiste Comhlachais. Is iomchuí, dá bhrí sin, socruithe sonracha a leagan síos don mheastóireacht seo lena nglacadh ag an gCoiste Comhlachais.

(7)

Tá cuspóir an mhalartaithe faisnéise ar aon dul le cuspóir na tuarascála comhpháirtí an 11 Meitheamh 2018ón gCoimisiúin agus ón tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, maidir leis na tairbhí a bheidh ann do mhuintir an tSahára Thiar agus maidir le dul i gcomhairle leis an bpobal sin maidir le fabhair tharaife a leathnú chuig táirgí an tSahára Thiar.

(8)

Maidir leis an tionchar ar gheilleagar na críche, baineann an fhaisnéis atá ar fáil go dtí seo le talmhaíocht agus iascach go príomha, ach is le gach táirge a bhaineann na fabhair; dá bhrí sin, d’fhéadfadh athrú teacht ar na sonraí a bheidh le malartú, de réir an méid a tharlóidh sa Sahára Thiar. Ina theannta sin, ní ar ghnéithe eacnamaíocha amháin ("sochair" sa chiall is cúinge) atá an malartú faisnéise dírithe; tá sé beartaithe meastóireacht níos leithne a dhéanamh, lena n-áirítear gnéithe amhail forbairt inbhuanaithe agus an tionchar a imrítear ar shaothrú acmhainní nádúrtha.

(9)

Ina theannta sin, thoiligh Ríocht Mharacó chomh maith sásra bailithe sonraí staidrimh ar leithligh a chur ar bun maidir le honnmhairithe táirgí ar de thionscnamh an tSahára Thiar iad chuig an Aontas, ar sonraí iad a chuirfear ar fáil go míosúil don Choimisiún agus do na húdaráis chustaim sna Ballstáit.

(10)

Maidir le táirgeadh agus trádáil i réimse catagóirí sonracha táirgí a ngabhann leas do Ríocht Mharacó leo, beidh Ríocht Mharacó in ann faisnéis a iarraidh ar an Aontas ar bhonn na gcóras faisnéise atá ann cheana,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais laistigh de Choiste Comhlachais AE-Ríocht Mharacó a bunaíodh faoin gComhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Ríocht Mharacó, den pháirt eile, beidh sé bunaithe ar an dréachtchinneadh ón gCoiste Comhlachais sin, atá i gceangal leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Feabhra 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

B. DIVJAK


(1)  IO L 70; an 18.3.2000, lch.2.

(2)  Cinneadh 2000/204/CE/CECG ón gComhairle agus ón gCoimisiún an 26 Eanáir 2000 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Eora-Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Ríocht Mharacó, den pháirt eile (IO L 70 an 18.3.2000, lch. 1).

(3)  Cinneadh (AE) 2019/217 ón gComhairle an 28 Eanáir 2019 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Mharacó maidir le leasú ar Phrótacail 1 agus 4 den Chomhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Ríocht Mharacó, den pháirt eile (IO L 34 an 6.2.2019, lch. 1).

(4)  IO L 34 an 6.2.2019, lch. 4.


DRÉACHT

CINNEADH UIMH../…..

DE CHOISTE COMHLACHAIS AE-RÍOCHT MHARACÓ

an ...

maidir le malartú faisnéise idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Mharacó d'fhonn meastóireacht a dhéanamh ar thionchar an Chomhaontaithe i bhfoirm Malartú Litreacha an 25 Deireadh Fómhair 2018 maidir le leasú ar Phrótacail 1 agus 4 den Chomhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit , de pháirt amháin, agus Ríocht Mharacó, den pháirt eile

COISTE COMHLACHAIS AE-RÍOCHT MHARACÓ,

Ag féachaint do Chomhaontú Eora-Mheánmhara an 26 Feabhra 1996 lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Ríocht Mharacó, den pháirt eile, agus go háirithe Airteagal 83 de,

Ag féachaint don Chomhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Mharacó an 25 Deireadh Fómhair 2018 maidir le leasú a dhéanamh ar Phrótacail 1 agus 4 den Chomhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Ríocht Mharacó, den pháirt eile,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ar an 19 Iúil 2019 a tháinig i bhfeidhm an Comhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Mharacó ("an Comhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha") maidir le leasú a dhéanamh ar Phrótacail 1 agus 4 den Chomhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Ríocht Mharacó, den pháirt eile.

(2)

Tugadh an Comhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha sin i gcrích gan dochar do sheasaimh faoi seach an Aontais Eorpaigh maidir le stádas an tSahára Thiar agus stádas Ríocht Mharacó maidir leis an réigiún sin.

(3)

Faoin gComhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha seo, na táirgí ar de thionscnamh an tSahára Thiar iad, atá faoi réir a rialaithe ag údaráis chustaim Ríocht Mharacó, is ionann na fabhair thrádála a bheidh acu agus na fabhair thrádála sin a dheonaíonn an tAontas Eorpach do na táirgí a chumhdaítear faoin gComhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Ríocht Mharacó, den pháirt eile ("an Comhaontú Comhlachais").

(4)

De mheon comhpháirtíochta agus chun a chur ar chumas na bPáirtithe measúnú a dhéanamh ar thionchar an Chomhaontaithe i bhfoirm Malartú Litreacha, go háirithe a thionchar ar an bhforbairt inbhuanaithe, go mór mór i ndáil leis na sochair a bheidh ann do na daoine lena mbaineann agus le saothrú acmhainní nádúrtha na gcríoch lena mbaineann, tá sé comhaontaithe ag an Aontas Eorpach agus ag Ríocht Mharacó faisnéis a mhalartú faoi chuimsiú an Choiste Comhlachais uair sa bhliain ar a laghad.

(5)

Tá an Coiste Comhlachais chun na socruithe sonracha don chleachtadh meastóireachta sin a ghlacadh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   De mheon comhpháirtíochta agus d'fhonn a chur ar chumas na bPáirtithe measúnú a dhéanamh ar thionchar an Chomhaontaithe i bhfoirm Malartú Litreacha le linn a chur i bhfeidhm ó thaobh na forbartha inbhuanaithe de, chomhaontaigh an tAontas Eorpach agus Ríocht Mharacó faisnéis a mhalartú le chéile, uair in aghaidh na bliana, faoi chuimsiú an Choiste Comhlachais.

2.   Malartóidh an tAontas Eorpach agus Ríocht Mharacó sonraí a mheastar a bheith ábhartha sna príomhearnálacha gníomhaíochta lena mbaineann chomh maith le faisnéis staidrimh, eacnamaíoch, shóisialta agus chomhshaoil, agus go háirithe faisnéis faoi thairbhí an Chomhaontaithe i bhfoirm Malartú Litreacha do na pobail lena mbaineann agus faoi shaothrú acmhainní nádúrtha na gcríoch atá i gceist. Leagtar amach liosta faisnéise ábhartha san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Déanfar an malartú sin ar bhonn teachtaireacht i scríbhinn a sheolfar roimh ré tráth nach déanaí ná deireadh mhí na Márta gach bliain; tar éis na teachtaireachta sin, féadfar iarrataí ar shoiléiriú agus ar cheisteanna breise a eascraíonn as na saincheisteanna a leagtar síos sa Chinneadh seo. Cuirfear freagraí ar fáil faoi dheireadh mhí an Mheithimh gach bliain.

3.   Anuas air sin, comhaontaíodh idir na páirtithe freisin, de mheon comhpháirtíochta agus chun a chur ar a gcumas meastóireacht a dhéanamh ar thionchar an chomhaontaithe i bhfoirm Malartú Litreacha, go bhféadfadh Ríocht Mharacó faisnéis a iarraidh ar an Aontas Eorpach maidir le táirgeadh agus trádáil i gcatagóirí sonracha táirgí a ngabhann leas do Ríocht Mharacó leo, ar bhonn na gcóras faisnéise atá ann cheana.

Chun na críche sin, cuirfidh Ríocht Mharacó a iarraidh ar aghaidh i scríbhinn chuig an Aontas Eorpach faoi dheireadh mhí na Márta gach bliain; tar éis na teachtaireachta sin, féadfar iarrataí ar shoiléiriú agus ar cheisteanna breise a chur ar aghaidh. Cuirfear freagraí ar fáil ar a dhéanaí faoi dheireadh mhí an Mheithimh gach bliain.

4.   Tabharfaidh na Páirtithe aird ar na malartuithe sin laistigh den Choiste Comhlachais, uair sa bhliain.

5.   Déanfaidh na Páirtithe na miontuairiscí, lena n-áirítear conclúidí an Choiste Comhlachais, a fhormheas faoi dheireadh na míosa a thagann i ndiaidh na míosa ina raibh an cruinniú ar siúl.

Airteagal 2

Is cuid dhílis den Chinneadh seo an Iarscríbhinn.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an dáta a ghlacfar é.

Arna dhéanamh in/ sa…., an … 2020

Do Choiste Comhlachais AE- Ríocht Mharacó


IARSCRÍBHINN

FAISNÉIS IS ÁBHARTHA MAIDIR LE MALARTÚ FAISNÉISE FAOIN gCOMHAONTÚ I bhFOIRM MALARTÚ LITREACHA

Úsáidfear an fhaisnéis a mhalartófar chun an tuarascáil a dhréachtaigh an Coimisiúin agus an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) (1) ar an 11 Meitheamh 2018. Ní mór, dá bhrí sin, faisnéis mhionsonraithe a bheith sa mhalartú faisnéise ionas gur féidir meastóireacht a dhéanamh ar thionchar an Chomhaontaithe i bhfoirm Malartú Litreacha le linn a chur chun feidhme, lena n‐áirítear faisnéis ghinearálta ar na críocha agus ar na pobail lena mbaineann. Is chun críche meastóireachta agus chun críche an nuashonraithe arna dhéanamh ag an Coimisiún agus SEGS ar an tuarascáil, agus chun na críche sin amháin, an fhaisnéis sin. Seo a leanas samplaí den fhaisnéis ábhartha, mar shampla:

1.

Faisnéis arna soláthar ag Ríocht Mharacó

(a)

Faisnéis ghinearálta

*

Staitisticí socheacnamaíoch agus comhshaoil.

(b)

Faisnéis maidir leis na príomhearnálacha eacnamaíocha onnmhairiúcháin

*

táirgeadh de réir cineáil táirge;

*

achar dromchla arna úsáid agus toirteanna arna mbaint

*

onnmhairí chuig an Aontas Eorpach de réir méide agus luacha

*

gníomhaíochtaí na n-oibreoirí áitiúla a mbaineann an comhaontú i bhfoirm malartú litreacha leo agus an fhostaíocht a ghintear leis an méid sin;

*

bainistíocht inbhuanaithe na n-acmhainní nádúrtha;

*

córais costála.

2.

Faisnéis arna soláthar ag an Aontas

Faisnéis maidir le trádáil i dtáirgí sonracha a onnmhairítear go Maracó de réir cóid custaim, méid agus dtéarmaí méid agus luach an táirge agus, i gcás ina bhfuil an fhaisnéis sin ar fáil, maidir lena dtáirgeadh.

3.

Faisnéis ábhartha eile

De réir mar a deirtear sa chomhfhreagras idir an Coimisiún agus Misean Ríocht Mharacó an 6 Nollaig 2018, bunóidh Ríocht Mharacó sásra chun faisnéis a bhailiú faoi onnmhairí a chumhdaítear faoin gComhaontú Comhlachais, arna leasú leis an malartú litreacha, a sholáthróidh faisnéis chórasach agus rialta agus a chuirfidh ar fáil ar bhonn míosúil sonraí beachta a chuirfidh ar chumas an Aontais Eorpaigh faisnéis thrédhearcach iontaofa a bheith acu maidir le tionscnamh na n‐onnmhairí sin chuig an Aontas, de réir réigiúin (2). Beidh rochtain dhíreach ag an gCoimisiún Eorpach ar shonraí den sórt sin agus roinnfidh siad iad le húdaráis custaim Ballstáit agus an Aontais Eorpaigh.

Beidh ag Ríocht Mharacó, ar a taobh féin, faisnéis thrédhearcach agus iontaofa faoi onnmhairithe ón Aontas Eorpach chuig Ríocht Mharacó.


(1)  "Tuarascáil maidir le buntáistí do phobail an tSahára Thiar agus comhairliúchán poiblí maidir leis na fabhair tharaife a leathnú chuig táirgí an tSahára Thiar" an 11 Meitheamh 2018 (SWD (2018) 346 críochnaitheach).

(2)  NB: Tá feidhm ag an sásra seo ó 1 Deireadh Fómhair 2019 i leith.