ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 088I

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

63
24 Márta 2020


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (AE) 2020/430 ón gComhairle an 23 Márta 2020 maidir le maolú sealadach ar Rialacha Nós Imeachta na Comhairle i bhfianaise na ndeacrachtaí taistil a chruthaigh an phaindéim COVID-19 san Aontas

1

GA


II Gníomhartha neamhreachtacha

CINNTÍ

24.3.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 88/1


CINNEADH (AE) 2020/430 ÓN gCOMHAIRLE

an 23 Márta 2020

maidir le maolú sealadach ar Rialacha Nós Imeachta na Comhairle i bhfianaise na ndeacrachtaí taistil a chruthaigh an phaindéim COVID-19 san Aontas

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 240(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ó thosaigh an ghéarchéim eipidéimeolaíoch i ngeall ar an gcoróinvíreas SARS-CoV-2, tá an galar gaolmhar, COVID-19, ag leathadh go gasta ar fud na cruinne, agus críoch an Aontais sroichte aige freisin. Mar gheall ar an méadú géar a tháinig ar líon na gcásanna, shainigh Ard-Stiúrthóir na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS) COVID-19 mar phaindéim ar an 11 Márta 2020. Ar an 12 Márta 2020, i bhfianaise mhórleathadh an ghalair i Réigiún Eorpach EDS, áit ar deimhníodh breis is 20 000 cás agus a bhfuair beagnach 1 000 duine bás, chuir Stiúrthóir Réigiúnach EDS don Eoraip in iúl gurb í an Eoraip forlár na paindéime seo anois.

(2)

Mar thoradh air sin, rinne na Ballstáit roinnt bearta coisctheacha agus roinnt bearta srianta amhail coraintín a chur i bhfeidhm, siopaí neamhriachtanacha, scoileanna agus ollscoileanna a dhúnadh, beartas cianoibre a chur i bhfeidhm chomh maith le srianta nó toirmisc gluaiseachta agus taistil. I ngeall ar na bearta sin, tá sé do-dhéanta ag comhaltaí áirithe den Chomhairle, nó an-deacair orthu, taisteal le bheith i láthair go fisiciúil ag cruinnithe na Comhairle arna dtionól i gceanncheathrú na Comhairle. Fágann sin gur deacair an córam a cheanglaítear le hAirteagal 11(4) de Rialacha Nós Imeachta na Comhairle a bhaint amach (1), agus, dá bhrí sin, gur deacair don Chomhairle cruinnithe foirmiúla a thionól.

(3)

I bhfianaise na n-imthosca eisceachtúla seo, agus d’fhonn an leanúnachas institiúideach a áirithiú i gcinnteoireacht na Comhairle, tá sé riachtanach maolú go sealadach ar an gcéad fhomhír d’Airteagal 12(1) de Rialacha Nós Imeachta na Comhairle maidir le cinntí chun an gnáthnós imeachta i scríbhinn a úsáid. Le linn thréimhse chur i bhfeidhm an Chinnidh seo, agus le linn na tréimhse seo amháin, ba cheart cinneadh a dhéanamh chun an gnáthnós imeachta i scríbhinn a úsáid a ghlacann an Coiste de Bhuanionadaithe Rialtais na mBallstát chuig an Aontas Eorpach (Coreper) i gcomhréir leis an riail vótála is infheidhme chun an gníomh lena mbaineann ón gComhairle a ghlacadh. Ba cheart feidhm a bheith ag an maolú sin go ceann míosa amháin, agus é a bheith inathnuaite.

(4)

Ba cheart ullmhú críochnaitheach a dhéanamh in Coreper sula mbainfí leas as an ngnáthnós imeachta i scríbhinn mar rogha mhalartach ar ghníomhartha ón gComhairle a ghlacadh ag cruinnithe den Chomhairle, agus ba cheart do na hairí, i gcás inarb indéanta agus ábhartha, an gníomh lena mbaineann ón gComhairle a phlé roimh ré, mar shampla trí fhíschomhdháil neamhfhoirmiúil, chun go n áiritheofar, a mhéid is féidir, i measc nithe eile, comhordú náisiúnta, trédhearcacht phoiblí, agus rannpháirtíocht na bparlaimintí náisiúnta i gcomhréir le cleachtais na mBallstát,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

De mhaolú ar an gcéad fhomhír d’Airteagal 12(1) de Rialacha Nós Imeachta na Comhairle, déanfar cinneadh chun an gnáthnós imeachta i scríbhinn a úsáid, i gcás ina nglacann Coreper an cinneadh sin, i gcomhréir leis an riail vótála is infheidhme chun an gníomh lena mbaineann ón gComhairle a ghlacadh.

Airteagal 2

Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go ceann tréimhse míosa amháin ó dháta a ghlactha.

Más rud é go dtugann na himthosca eisceachtúla leanúnacha bonn cirt dó, féadfaidh an Chomhairle an Cinneadh seo a athnuachan.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an dáta a nglacfar é.

Foilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 23 Márta 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. METELKO-ZGOMBIĆ


(1)  Cinneadh 2009/937/AE ón gComhairle an 1 Nollaig 2009 lena nglactar Rialacha Nós Imeachta na Comhairle (IO L 325, 11.12.2009, lch. 35).