ISSN 1977-0839 |
||
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 64 |
|
An t-eagrán Gaeilge |
Reachtaíocht |
Imleabhar 63 |
Clár |
|
II Gníomhartha neamhreachtacha |
Leathanach |
|
|
COMHAONTUITHE IDIRNÁISIÚNTA |
|
|
* |
GA |
Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo. Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu. |
II Gníomhartha neamhreachtacha
COMHAONTUITHE IDIRNÁISIÚNTA
3.3.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 64/1 |
CINNEADH (AE) 2020/276 ÓN GCOMHAIRLE
an 17 Feabhra 2020
maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Íoslainn agus Ríocht na hIorua, a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua, i ndáil leis na critéir agus na sásraí lena mbunaítear cé acu Stát a bheidh freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarraidh ar thearmann arna taisceadh i mBallstát nó san Íoslainn nó san Iorua i dtaca le rochtain ar Eurodac chun críocha fhorfheidhmiú an dlí
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe pointe (a) d’Airteagal 87(2) agus pointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 88(2), i gcomhar le pointe (a) den dara fomhír d’Airteagal 218(6) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa (1),
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
I gcomhréir le Cinneadh (AE) 2019/394 ón gComhairle (2) , síníodh an Prótacal idir an tAontas Eorpach, an Íoslainn agus Ríocht na hIorua a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua, i ndáil leis na critéir agus na sásraí lena mbunaítear cé acu Stát a bheidh freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarraidh ar thearmann arna taisceadh i mBallstát nó san Íoslainn nó san Iorua i dtaca le rochtain ar Eurodac chun críocha fhorfheidhmiú an dlí (“an Prótacal”) ar an 24 Deireadh Fómhair 2019 , faoi réir a thabhairt i gcrích ar dháta níos déanaí. |
(2) |
Chun tacú agus treisiú leis an gcomhar póilíneachta idir údaráis inniúla na mBallstát agus údaráis inniúla na hÍoslainne agus na hIorua chun cionta sceimhlitheoireachta agus cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath agus a imscrúdú, tá gá le rannpháirtíocht an Aontais chun a chur ar a gcumas don Íoslainn agus don Iorua a bheith rannpháirteach sna gnéithe sin de Eurodac a bhaineann le forfheidhmiú an dlí. |
(3) |
Ba cheart an Prótacal a fhormheas. |
(4) |
Tá an Ríocht Aontaithe agus Éire faoi cheangal ag Rialachán (AE) Uimh. 603/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus dá bhrí sin tá siad rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo. |
(5) |
I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, déantar an Prótacal idir an tAontas Eorpach, an Íoslainn agus Ríocht na hIorua, a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua, i ndáil leis na critéir agus na sásraí lena mbunaítear cé acu Stát a bheidh freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarraidh ar thearmann arna taisceadh i mBallstát nó san Íoslainn nó san Iorua i dtaca le rochtain ar Eurodac chun críocha fhorfheidhmiú an dlí, a fhormheas thar ceann an Aontais (4) .
Airteagal 2
Tabharfaidh Uachtarán na Comhairle, thar ceann an Aontais, an fógra dá bhforáiltear in Airteagal 4(1) den Phrótacal.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 17 Feabhra 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
(1) Toiliú an 15 Eanáir 2020 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(2) Cinneadh ón gComhairle (AE) 2019/394 an 7 Márta 2019 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Íoslainn agus Ríocht na hIorua, a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua, i ndáil leis na critéir agus na sásraí lena mbunaítear cé acu Stát a bheidh freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarraidh ar thearmann arna taisceadh i mBallstát nó san Íoslainn nó san Iorua i dtaca le rochtain ar Eurodac chun críocha fhorfheidhmiú an dlí (IO L 71, 13.3.2019, lch. 7).
(3) Rialachán (AE) Uimh. 603/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le bunú “Eurodac” chun méarloirg a chur i gcomparáid le chéile ar mhaithe le cur i bhfeidhm éifeachtach Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i mBallstát ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát agus maidir le hiarrataí ó údaráis forfheidhmithe dhlí na mBallstát agus ó Europol ar chomparáidí le sonraí Eurodac chun críocha fhorfheidhmiú an dlí, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach le haghaidh bainistiú oibríochtúil córas TF ar mhórscála sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais (IO L 180, 29.6.2013, lch. 1).
(4) Tá téacs an Phrótacail foilsithe in IO L 64, 3.3.2020, lch. 3.