ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 62

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

63
2 Márta 2020


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) 2020/283Ón Gcomhairle an 18 Feabhra 2020 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 maidir le bearta chun comhar riaracháin a neartú ar mhaithe le calaois CBL a chomhrac

1

 

 

TREORACHA

 

*

Treoir (AE) 2020/284 ón gComhairle an 18 Feabhra 2020 lena leasaítear Treoir 2006/112/CE a mhéid a bhaineann le ceanglais áirithe a thabhairt isteach le haghaidh soláthraithe seirbhíse íocaíochta

7

 

*

Treoir (AE) 2020/285 ón gComhairle an 18 Feabhra 2020 lena leasaítear Treoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha a mhéid a bhaineann leis an scéim speisialta d'fhiontair bheaga agus Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 a mhéid a bhaineann leis an gcomhar riaracháin agus leis an malartú faisnéise chun faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm ceart na scéime speisialta d'fhiontair bheaga

13

 

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (AE) 2020/286 ón Gcomhairle an 27 Feabhra 2020 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa 63ú seisiún den Choimisiún um Dhrugaí Támhshuanacha maidir le substaint amháin a chur le liosta na substaintí i dTábla I de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe i gcoinne Gáinneáil Aindleathach Drugaí Támhshuanacha agus Substaintí Síceatrópacha

24

 

*

Cinneadh (AE) 2020/287 ón gComhairle an 27 Feabhra 2020 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sna Coistí ábhartha de chuid Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip a mhéid a bhaineann leis na tograí le haghaidh modhnuithe ar Rialacháin de chuid na Náisiún Aontaithe Uimh. 10, 26, 28, 46, 48, 51, 55, 58, 59, 62, 79, 90, 106, 107, 110, 117, 121, 122, 128, 144, 148, 149, 150, 151 agus 152 de chuid na Náisiún Aontaithe, maidir leis na tograí le haghaidh modhnuithe ar Rialacháin Theicniúla Dhomhanda Uimh. 3, 6, agus 16, i dtaca leis na tograí le haghaidh údaruithe chun leasuithe a dhéanamh ar Rialachán Comhdhlúithe R. E.5 a dhéanamh agus maidir leis na tograí le haghaidh údaruithe chun leasú a fhorbairt ar RTD Uimh. 6 agus RTD nua a fhorbairt maidir le Cumhacht Feithiclí Leictrithe a chinneadh

26

GA


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

2.3.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 62/1


RIALACHÁN (AE) 2020/283ÓN GCOMHAIRLE

an 18 Feabhra 2020

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 maidir le bearta chun comhar riaracháin a neartú ar mhaithe le calaois CBL a chomhrac

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 113 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 ón gComhairle (3), leagtar síos rialacha, inter alia, maidir le faisnéis shonrach a stóráil agus a mhalartú trí mheán leictreonach, i réimse na cánach breisluacha (CBL).

(2)

Leis an bhfás atá tagtha ar an tráchtáil leictreonach (“r-thráchtáil”), is fusa go mór earraí agus seirbhísí a dhíol trasna na teorann le tomhaltóirí deiridh i mBallstáit eile. Sa chomhthéacs sin, is éard is ciall le r-thráchtáil trasteorann soláthairtí a bhfuil CBL dlite ina leith i mBallstát amháin, ach a bhfuil an soláthróir bunaithe i mBallstát eile, nó i dtríú críoch nó i dtríú tír. Mar sin féin, gnóthaí calaoiseacha, atá bunaithe i mBallstát nó i dtríú críoch nó i dtríú tír, baineann siad leas as deiseanna r-thráchtála chun buntáistí éagóracha a fháil ón margadh trína n-oibleagáidí CBL a sheachaint. I gcás ina mbeidh feidhm ag prionsabal an chánachais ag an gceann scríbe toisc nach mbíonn aon oibleagáidí cuntasaíochta ar thomhaltóirí, is gá uirlisí iomchuí a bheith ag na Ballstáit tomhaltais chun gnóthaí calaoiseacha den sórt sin a bhrath agus a rialú. Tá sé tábhachtach calaois CBL trasteorann a chomhrac, calaois arb é iompar calaoiseach roinnt gnóthaí i réimse na r‐thráchtála trasteorann is cúis léi.

(3)

Go dtí seo, bhí comhar idir údaráis chánach na mBallstát (“na húdaráis chánach”) chun calaois CBL a chomhrac bunaithe go hiondúil ar thaifid atá i seilbh na ngnóthaí a bhfuil baint dhíreach acu leis an idirbheart inchánach. I gcás soláthairtí trasteorann den chineál gnó le tomhaltóir, atá tipiciúil i réimse na r-thráchtála, d’fhéadfadh sé nach mbeadh an fhaisnéis sin ar fáil go díreach. Dá bhrí sin, tá gá le huirlisí nua chun gur féidir le húdaráis chánach calaois CBL a chomhrac ar bhealach éifeachtach.

(4)

I gcás fhormhór mór na gceannachán trasteorann ar líne a dhéanann tomhaltóirí san Aontas, is trí sholáthraithe seirbhíse íocaíochta a dhéantar na híocaíochtaí. Chun gur féidir seirbhísí íocaíochta a sholáthar, bíonn faisnéis shonrach ina sheilbh ag soláthraí seirbhíse íocaíochta chun faighteoir, nó íocaí, na híocaíochta trasteorann sin a shainaithint mar aon le mionsonraí maidir le dáta agus méid na híocaíochta agus maidir le Ballstát tionscnaimh na híocaíochta. Bíonn faisnéis den sórt sin riachtanach chun gur féidir leis na húdaráis chánach a gcuid bunchúraimí a dhéanamh, is é sin gnóthaí calaoiseacha a bhrath agus dliteanais CBL a chinneadh i dtaca le soláthairtí trasteorann den chineál gnó le tomhaltóir. Is gá, dá bhrí sin, agus is comhréireach go ndéanfar an fhaisnéis is ábhartha maidir le CBL, atá i seilbh soláthraithe seirbhíse íocaíochta, a chur ar fáil do na Ballstáit agus gur féidir leis na Ballstáit an fhaisnéis sin a stóráil ina gcórais leictreonacha náisiúnta agus a tharchur chuig lárchóras leictreonach faisnéise íocaíochta chun calaois CBL trasteorann a bhrath agus a chomhrac, go háirithe a mhéid a bhaineann le soláthairtí den chineál gnó le tomhaltóir.

(5)

Mar sin, is beart riachtanach comhréireach é chun calaois CBL a chomhrac go héifeachtach na huirlisí a thabhairt do na Ballstáit an fhaisnéis arna soláthar ag soláthraithe seirbhíse íocaíochta a bhailiú, a stóráil agus a tharchur agus rochtain ar an bhfaisnéis sin a thabhairt d’oifigigh idirchaidrimh Eurofisc nuair atá baint ag an bhfaisnéis le himscrúdú ar chalaois CBL amhrasta, nó calaois CBL a bhrath. Tá na huirlisí sin riachtanach ós rud é go bhfuil an fhaisnéis sin ag teastáil ó na húdaráis chánach chun críocha CBL a rialú, chun ioncam poiblí a chosaint agus, chomh maith leis sin, chun gnóthaí dlisteanacha sna Ballstáit a chosaint, ar gnóthaí iad a dhéanann an fhostaíocht agus saoránaigh an Aontais a chosaint.

(6)

Is den tábhacht é go mbeadh an phróiseáil faisnéise a dhéanann na Ballstáit i leith íocaíochtaí i gcomhréir leis an gcuspóir calaois CBL a chomhrac. Ar an ábhar sin, níor cheart do na Ballstáit faisnéis a bhailiú, a stóráil nó a tharchur faoi thomhaltóirí nó faoi íocóirí agus faoi íocaíochtaí nach dócha go mbeidh nasc acu le gníomhaíochtaí eacnamaíocha.

(7)

Chun an cuspóir maidir le calaois CBL a chomhrac ar bhealach níos éifeachtaí, ba cheart lárchóras leictreonach faisnéise íocaíochta (“CESOP”) a bhunú, lar chuige a dtarchuireann na Ballstáit faisnéis faoi íocaíochtaí a bhailíonn siad agus atá siad in ann a stóráil ar an leibhéal náisiúnta. Le CESOP, ba cheart faisnéis ábhartha uile CBL maidir le híocaíochtaí arna dtarchur ag na Ballstáit, a mhéid a bhaineann le híocaithe aonair, a stóráil, a chomhiomlánú agus a anailísiú. Le CESOP, ba cheart a bheith in ann forléargas iomlán a thabhairt ar na híocaíochtaí a fhaigheann íocaithe ó íocóirí atá lonnaithe sna Ballstáit agus toradh na hanailíse sonraí ar fhaisnéis a chur ar fáil d’oifigigh idirchaidrimh Eurofisc. Le CESOP, ba cheart iltaifid ar na híocaíochtaí céanna a aithint, mar shampla, d’fhéadfaí an íocaíocht chéanna a thuairisciú ón mbanc agus ó eisitheoir cártaí íocóra ar leith, an fhaisnéis a fhaightear ó na Ballstáit a ghlanadh, mar shampla trí dhúblaigh a bhaint agus earráidí i sonraí a cheartú, agus ba cheart cead a thabhairt d’oifigigh idirchaidrimh Eurofisc faisnéis íocaíochta a chros-seiceáil leis an bhfaisnéis CBL atá ina seilbh acu, fiosrúcháin a dhéanamh chun críche imscrúdaithe ar chalaois CBL amhrasta, nó chun calaois CBL a bhrath agus faisnéis fhorlíontach a chur ar fáil.

(8)

Cuspóir tábhachtach leas ginearálta poiblí an Aontais agus na mBallstát is ea an cánachas agus aithnítear sin i dtaca leis na srianta is féidir a fhorchur leis na hoibleagáidí agus leis na cearta dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2016/679 (4) ó Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle agus i Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle (5). Mar gheall ar chineál agus ar mhéid na faisnéise a thagann ó sholáthraithe seirbhíse íocaíochta, tá teorainneacha le leagan síos maidir le cearta cosanta sonraí agus tá siad le bunú ar na coinníollacha sonracha a leagtar síos in dTreoir (AE) 2020/284 ón gComhairle (6) . Ós rud é go bhfuil faisnéis íocaíochta thar a bheith íogair, ní mór a bheith soiléir ag gach céim den láimhseáil sonraí faoi cé hé an rialaitheoir nó an próiseálaí i gcomhréir le Rialacháin (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725.

(9)

Dá bhrí sin, is gá srianta a chur i bhfeidhm ar chearta an ábhair sonraí i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 904/2010. Go deimhin, dá gcuirfí cearta agus oibleagáidí na n‐ábhar sonraí i bhfeidhm ina n-iomláine, bhainfí an bonn go mór ón gcuspóir calaois CBL a chomhrac go héifeachtach agus thabharfadh sé an deis do na hábhair sonraí bac a chur ar anailís agus imscrúduithe, a bhíonn ar siúl i rith an ama, i ngeall ar an méid ollmhór faisnéise a sheolann na soláthraithe seirbhíse íocaíochta chuig na Ballstáit, chuig an gCoimisiún nó chucu araon agus an méadú a d’fhéadfadh teacht ar iarrataí ó ábhair sonraí. Laghdódh sé sin cumas na n-údarás cánach cuspóir an Rialacháin seo a shaothrú trí fhiosrúcháin, anailís, imscrúduithe agus nósanna imeachta a dhéantar i gcomhréir leis an Rialachán seo a chur i mbaol. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag srianta ar chearta an ábhair sonraí agus faisnéis á próiseáil aige nó aici i gcomhréir leis an Rialachán seo. Ní féidir an cuspóir maidir le calaois CBL a chomhrac a bhaint amach trí mhodhanna eile éifeachtachta nach bhfuil chomh sriantach céanna.

(10)

Ba cheart rochtain a bheith ag oifigigh idirchaidrimh Eurofisc, agus acu siúd amháin, ar an bhfaisnéis íocaíochta atá stóráilte in CESOP chun calaois CBL a chomhrac agus chuige sin amháin. D’fhéadfaí an fhaisnéis sin a úsáid, de bhreis ar an measúnú ar CBL, freisin chun measúnú a dhéanamh ar thobhaigh, ar dhleachtanna agus ar chánacha eile mar a bhunaítear le Rialachán (AE) Uimh. 904/2010. Níor cheart an fhaisnéis sin a úsáid chun críoch eile, amhail chun críoch tráchtála.

(11)

Ba cheart do gach Ballstát, agus an fhaisnéis íocaíochta á próiseáil aige i gcomhréir leis na Rialachán seo, urraim a thabhairt do na teorainneacha maidir leis na nithe is comhréireach agus is riachtanach chun imscrúdú a dhéanamh ar chalaois CBL amhrasta nó chun calaois CBL a bhrath.

(12)

Tá sé tábhachtach, chun na cearta agus na hoibleagáidí faoi Rialachán (AE) 2016/679 a choimirciú, nach n-úsáidtear faisnéis i ndáil le híocaíochtaí le haghaidh cinnteoireacht aonair uathoibrithe agus gur cheart, dá bhrí sin, í a fhíorú i gcónaí trí thagairt a dhéanamh d’fhaisnéis chánach eile a bhíonn ar fáil do n húdaráis chánach.

(13)

Chun cabhrú leis na Ballstáit an chalaois chánach a chomhrac agus calaoiseoirí a bhrath, is gá agus is iomchuí go gcoinneodh soláthraithe seirbhíse íocaíochta taifid ar an bhfaisnéis maidir le híocaithe agus le híocaíochtaí i ndáil leis na seirbhísí íocaíochta a sholáthraíonn siad ar feadh trí bliana féilire. Beidh go leor ama ag na Ballstáit, sa tréimhse sin, chun rialuithe a dhéanamh go héifeachtach agus chun calaois CBL amhrasta a imscrúdú nó a bhrath, agus tá an tréimhse comhréireach freisin i bhfianaise a líonmhaire atá méid na faisnéise íocaíochta agus a íogaire atá an fhaisnéis sin ó thaobh sonraí pearsanta a chosaint.

(14)

Cé nár cheart oifigigh idirchaidrimh Eurofisc a bheith in ann rochtain a fháil ar an bhfaisnéis íocaíochta atá stóráilte in CESOP chun calaois CBL a chomhrac, níor cheart do dhaoine cuí-chreidiúnaithe sa Choimisiún a bheith in ann rochtain a fháil ar an bhfaisnéis sin ach amháin chun CESOP a fhorbairt agus a chothabháil. Tá gach duine atá ag fáil rochtain ar an bhfaisnéis sin faoi cheangal na rialacha rúndachta a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 904/2010.

(15)

De bhrí go mbeidh gá le forbairtí teicneolaíocha nua chun CESOP a chur chun feidhme, ní mór cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur siar chun go mbeidh an deis ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún na teicneolaíochtaí sin a fhorbairt.

(16)

Chun coinníollacha comhionanna a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i ndáil leis na bearta teicniúla chun CESOP a bhunú agus a chothabháil, cúraimí an Choimisiúin maidir le CESOP a bhainistiú go teicniúil, mionsonraí teicniúla is gá chun an nasc agus an inoibritheacht fhoriomlán idir na córais leictreonacha náisiúnta agus CESOP a ráthú; foirmeacha caighdeánacha leictreonacha chun faisnéis a bhailiú ó na soláthraithe seirbhíse íocaíochta, na sonraí teicniúla agus eile maidir leis an rochtain ar an bhfaisnéis ag oifigigh idirchaidrimh Eurofisc, na socruithe praiticiúla maidir leis na hoifigigh idirchaidrimh Eurofisc a bhfuil rochtain acu ar CESOP a shainaithint, na nósanna imeachta lena bhféadfar na bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla slándála a ghlacadh d’fhorbairt agus d’oibriú CESOP, róil agus freagrachtaí na mBallstát agus an Choimisiúin maidir le feidhmeanna an rialaitheora agus an phróiseálaí faoi Rialacháin (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725 agus i leith socruithe nósanna imeachta maidir le Eurofisc. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7).

(17)

Is fadhb choiteann do na Ballstáit uile í calaois CBL. Níl an fhaisnéis is gá ag na Ballstáit ina n-aonar chun a áirithiú go ndéantar rialacha CBL maidir le ríomhthráchtáil trasteorann a chur i bhfeidhm mar is ceart nó chun calaois CBL sa ríomhthráchtáil trasteorann a chomhrac. Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon calaois CBL a chomhrac, a ghnóthú go leordhóthanach a mhéid a bhaineann leis an ríomhthráchtáil trasteorann agus, de bharr fairsinge nó éifeachtaí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(18)

Sa Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe, an ceart go ndéanfaí sonraí pearsanta a chosaint. I ndáil leis sin, cuireann an Rialachán seo teorainn dhocht leis an méid sonraí pearsanta atá le cur ar fáil do na Ballstáit. Níor cheart an fhaisnéis íocaíochta a phróiseáil, de bhun an Rialacháin seo, ach amháin chun calaois CBL a chomhrac.

(19)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 gur thug tuairim ar an 14 Márta 2019 (8).

(20)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) 904/2010 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 2, cuirtear na pointí seo a leanas isteach:

“(s)

ciallaíonn “soláthraí seirbhíse íocaíochta” na catagóirí soláthraithe seirbhísí íocaíochta a liostaítear i bpointe (a) go pointe (d) d’Airteagal 1(1) de Threoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1), nó duine nádúrtha nó dlítheanach a thairbhíonn de dhíolúine i gcomhréir le hAirteagal 32 den Treoir sin;

(t)

ciallaíonn “íocaíocht”, faoi réir na n-eisiamh dá bhforáiltear in Airteagal 3 de Threoir (AE) 2015/2366, “idirbheart íocaíochta” mar a shainmhínítear sin i bpointe (5) d’Airteagal 4 den Treoir sin, nó “seoltán airgid” mar a shainmhínítear sin i bpointe (22) d’Airteagal 4 den Treoir sin;

(u)

ciallaíonn “íocóir”“íocóir” mar a shainmhínítear sin i bpointe (8) d’Airteagal 4 de Threoir (AE) 2015/2366;

(v)

ciallaíonn “íoca픓íocaí” mar a shainmhínítear sin i bpointe (9) d’Airteagal 4 de Threoir (AE) 2015/2366.

(*1)  Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoracha 2002/65/CE, 2009/110/CE agus 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/64/CE (IO L 337, 23.12.2015, lch. 35).”;"

(2)

leasaítear Caibidil V mar seo a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Chaibidil V:

FAISNÉIS SHONRACH A BHAILIÚ, A STÓRÁIL AGUS A MHALART Ú”;

(b)

déantar an ceannteideal seo a leanas a chur isteach roimh Airteagal 17:

“ROINN 1

Rochtain uathoibrithe ar fhaisnéis shonrach atá stóráilte i gcórais leictreonacha náisiúnta ”;

(c)

déantar an Roinn seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Airteagal 24:

“ROINN 2

An lárchóras leictreonach um fhaisnéis íocaíochta;

Airteagal 24a

Déanfaidh an Coimisiún lárchóras leictreonach um fhaisnéis íocaíochta (“CESOP”) a fhorbairt, a chothabháil agus a óstáil, agus a bhainistiú go teicniúil, chun críche imscrúduithe ar chalaois CBL amhrasta nó chun calaois CBL a bhrath.

Airteagal 24b

1.   Féadfaidh gach Ballstát an fhaisnéis faoi na híocaithe agus na híocaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 243b de Threoir 2006/112/CE * a bhailiú.

Baileoidh gach Ballstát an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír ó sholáthraithe seirbhísí íocaíochta:

(a)

tráth nach déanaí ná faoi dheireadh na míosa i ndiaidh na ráithe féilire lena mbaineann an fhaisnéis;

(b)

trí bhíthin foirm chaighdeánach leictreonach

2.   Féadfaidh gach Ballstát an fhaisnéis arna bailiú i gcomhréir le mír 1 a stóráil i gcórais leictreonacha náisiúnta.

3.   Déanfaidh an lároifig idirchaidrimh, nó na ranna idirchaidrimh nó na hoifigigh inniúla arna n-ainmniú ag údarás inniúil gach Ballstáit, an fhaisnéis arna bailiú i gcomhréir le mír 1 a tharchur chuig CESOP tráth nach déanaí ná an deichiú lá den dara mí tar éis na ráithe féilire lena mbaineann an fhaisnéis.

Airteagal 24c

1.   Beidh na cumais seo a leanas ag CESOP maidir le faisnéis arna tarchur i gcomhréir le hAirteagal 24b(3):

(a)

an fhaisnéis a stóráil;

(b)

an fhaisnéis a chomhiomlánú, i leith gach íocaí aonair;

(c)

anailís a dhéanamh ar an bhfaisnéis a stórálfar agus ar an bhfaisnéis ábhartha spriocdhírithe a chuirfear in iúl nó a bhaileofar de bhun an Rialacháin seo;

(d)

an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) den mhír seo a dhéanamh inrochtana d’oifigigh idirchaidrimh Eurofisc, dá dtagraítear in Airteagal 36(1).

2.   Coinneoidh CESOP an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 ar feadh uastréimhse cúig bliana ó dheireadh na bliana inar aistríodh an fhaisnéis chuige.

Airteagal 24d

Ní thabharfar rochtain ar CESOP ach amháin d’oifigigh idirchaidrimh Eurofisc, dá dtagraítear in Airteagal 36(1), a mbeidh aitheantas úsáideora phearsanta acu do CESOP agus i gcás ina mbainfidh an rochtain sin le himscrúdú ar chalaois CBL amhrasta nó i gcás inarb é calaois CBL a bhrath is cuspóir don rochtain sin.

Airteagal 24e

Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an méid seo a leanas:

(a)

na bearta teicniúla chun CESOP a bhunú agus a chothabháil;

(b)

cúraimí an Choimisiúin maidir le CESOP a bhainistiú go teicniúil;

(c)

mionsonraí teicniúla an bhonneagair agus na n-uirlisí is gá chun an nasc agus an inoibritheacht fhoriomlán idir na córais leictreonacha náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 24b agus CESOP a ráthú;

(d)

na foirmeacha caighdeánacha leictreonacha dá dtagraítear i bpointe (b) den dara fomhír d’Airteagal 24b(1);

(e)

na sonraí teicniúla agus eile maidir leis an rochtain ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 24c(1);

(f)

na socruithe praiticiúla chun an t-oifigeach idirchaidrimh Eurofisc a shainaithint, dá dtagraítear in Airteagal 36(1), a mbeidh rochtain acu ar CESOP i gcomhréir le hAirteagal 24d;

(g)

na nósanna imeachta atá le húsáid ag an gCoimisiún i gcónaí chun a áirithiú go gcuirfear na bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla slándála d’fhorbairt agus d’oibriú CESOP i bhfeidhm;

(h)

róil agus freagrachtaí na mBallstát agus an Choimisiúin maidir le feidhmeanna an rialaitheora agus an phróiseálaí faoi Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2) agus Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3).

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 58(2).

Airteagal 24f

1.   Is as buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh a íocfar na costais a bhaineann le CESOP a bhunú, a oibriú agus a chothabháil. Áireofar ar na costais sin costais a bhaineann leis an nasc slán idir CESOP agus na córais náisiúnta leictreonacha dá dtagraítear in Airteagal 24b(2), agus na seirbhísí is gá chun na cumais a liostaítear in Airteagal 24c(1) a chur i gcrích.

2.   Seasfaidh gach Ballstát na costais a bheidh ar gach forbairt is gá a dhéanfar ar a chóras leictreonach náisiúnta féin, dá dtagraítear in Airteagal 24b(2), agus beidh siad freagrach as na forbairtí sin.”;

(*2)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2106, lch. 1)."

(*3)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39)."

(3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 37:

“Airteagal 37

1.   Cuirfidh cathaoirleach Eurofisc tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí na réimsí oibre uile faoi bhráid an Choiste dá dtagraítear in Airteagal 58(1). Beidh an méid seo a leanas ar a laghad sa tuarascáil bhliantúil:

(a)

an méid iomlán uaireanta a dhéantar rochtain ar CESOP;

(b)

na torthaí oibríochtúla bunaithe ar an bhfaisnéis a dhéantar a rochtain agus a phróiseáiltear de bhun Airteagal 24d, faoi mar atá sainaitheanta ag oifigigh idirchaidrimh Eurofisc;

(c)

measúnú cáilíochta ar na sonraí a phróiseáiltear in CESOP.

2.   Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na socruithe nós imeachta i ndáil le Eurofisc. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 58(2).”;

(4)

in Airteagal 55, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“1a.   Ní úsáidfear an fhaisnéis dá dtagraítear i Roinn 2 de Chaibidil V ach amháin chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 1 agus i gcás inar fíoraíodh í trí thagairt d’fhaisnéis eile chánach atá ar fáil d’údaráis inniúla na mBallstát.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2024.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 18 Feabhra 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

Z. MARIĆ


(1)  Tuairim an 17 Nollaig 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  IO C 240, 16.7.2019, lch. 29.

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 an 7 Deireadh Fómhair 2010 ón gComhairle maidir le comhar riaracháin agus calaois a chomhrac i réimse na cánach breisluacha (IO L 268, 12.10.2010, lch. 1).

(4)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(6)  Treoir (AE) 2020/284 ón gComhairle an 18 Feabhra 2020 lena leasaítear Treoir 2006/112/CE maidir le ceanglais áirithe do sholáthraithe seirbhíse íocaíochta a thabhairt isteach (Féach leathanach 7 den Iris Oifigiúil seo).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(8)  IO C 140, 16.4.2019, lch. 4.


TREORACHA

2.3.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 62/7


TREOIR (AE) 2020/284 ÓN GCOMHAIRLE

an 18 Feabhra 2020

lena leasaítear Treoir 2006/112/CE a mhéid a bhaineann le ceanglais áirithe a thabhairt isteach le haghaidh soláthraithe seirbhíse íocaíochta

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 113 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

Ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leagtar síos i dTreoir 2006/112/CE ón gComhairle (3) na hoibleagáidí cuntasaíochta ginearálta maidir le cáin bhreisluacha (CBL) do dhaoine inchánach.

(2)

Leis an bhfás atá tagtha ar an tráchtáil leictreonach (“ríomhthráchtáil”), is fusa go mór earraí agus seirbhísí a dhíol trasna na teorann le tomhaltóirí deiridh sna Ballstáit. Sa chomhthéacs sin, is éard is ciall le ríomhthráchtáil trasteorann soláthairtí a bhfuil an CBL dlite ina leith i mBallstát amháin, ach a bhfuil an soláthróir bunaithe i mBallstát eile, i dtríú críoch nó i dtríú tír. Mar sin féin, baineann gnóthaí calaoiseacha míbhuntáiste as deiseanna ríomhthráchtála chun buntáistí margaidh míchothroma a fháil trína n-oibleagáidí CBL a sheachaint. I gcás ina bhfuil feidhm ag prionsabal an chánachais ag an gceann scríbe, toisc nach mbíonn aon oibleagáidí cuntasaíochta ar thomhaltóirí, bíonn uirlisí iomchuí de dhíth ar na Ballstáit tomhaltais chun gnóthaí calaoiseacha den sórt sin a bhrath agus a rialú. Tá sé tábhachtach calaois CBL trasteorann a chomhrac, calaois arb é iompar calaoiseach roinnt gnóthaí i réimse na ríomhthráchtála trasteorann is cúis léi.

(3)

I gcás fhormhór mór na gceannachán ar líne a dhéanann tomhaltóirí san Aontas, is trí sholáthraithe seirbhíse íocaíochta a dhéantar na híocaíochtaí. Chun gur féidir seirbhísí íocaíochta a chur ar fáil, bíonn faisnéis shonrach ina sheilbh ag soláthraí seirbhíse íocaíochta chun faighteoir, nó íocaí, na híocaíochta a aithint mar aon le mionsonraí maidir le dáta, méid agus Ballstát tionscnaimh na híocaíochta, chomh maith le cibé ar tionscnaíodh an íocaíocht ar áitreabh fisiciúil an cheannaí. Tá tábhacht ar leith ag baint leis an bhfaisnéis shonrach sin nuair is íocaíochta trasteorann a bhíonn i gceist agus an t-íocóir lonnaithe i mBallstát amháin agus an t-íocaí lonnaithe i mBallstát eile nó i dtríú críoch nó i dtríú tír. Bíonn faisnéis den sórt sin riachtanach chun gur féidir le húdaráis chánach na mBallstát ("na húdaráis chánach”) a gcuid bunchúraimí, maidir le gnóthaí calaoiseacha a bhrath agus dliteanais CBL a rialú, a dhéanamh. Ní mór, dá bhrí sin, do sholáthraithe seirbhíse íocaíochta an fhaisnéis sin a chur ar fáil do na húdaráis chánach chun cabhrú leo calaois CBL trasteorann a bhrath agus a chomhrac.

(4)

Chun calaois CBL a chomhrac, tá sé tábhachtach go gceanglófaí ar sholáthraithe seirbhíse íocaíochta taifid leor-mhionsonraithe a choimeád, agus íocaíochtaí trasteorann áirithe a thuairisciú, a chinntear gurb íocaíochtaí trasteorann iad bunaithe ar shuíomh an íocóra agus ar shuíomh an íocaí. Ní mór, dá bhrí sin, an coincheap arb é suíomh an íocóra agus an íocaí é a shainiú, agus na modhanna lena sainaithneofar na suóimhanna sin a shainiú freisin. Na hoibleagáidí maidir le taifid a choinneáil agus tuairisciú a dhéanamh, níor cheart suíomh an íocóra agus suíomh an íocaí í a thabhairt i gceist ach i gcás soláthraithe seirbhíse íocaíochta atá bunaithe san Aontas agus ba cheart na hoibleagáidí sin a bheith gan dochar do na rialacha a leagtar síos i dTreoir 2006/112/CE agus i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 282/2011 ón gComhairle (4) maidir le háit an idirbhirt inchánach.

(5)

Ar bhonn na faisnéise atá ina seilbh cheana féin, bíonn soláthraithe seirbhíse íocaíochta in ann suíomh an íocaí agus an íocóra i ndáil leis na seirbhísí íocaíochta a sholáthraíonn siad a shainaithint agus a thabhairt, trí bhíthin aitheantóir cuntais íocaíochta aonair de chuid an íocóra nó an íocaí nó aon aitheantóir eile lena sainaithnítear an íocóir nó an íocaí, agus lena dtugtar suíomh an íocóra nó an íocaí, gan débhrí., nuair nach bhfuil aithreantóirí den sórt sin ar fáil, ba cheart suíomh an íocóra nó suíomh an íocaí a chinneadh trí bhíthin cód aitheantóra gnó lena an tsoláthraí seirbhísí íocaíochta an soláthraí seirbhíse íocaíochta ag gníomhú dó thar ceann an íocóra nó an íocaí agus lena dtugtar a shuíomh nó a suíomh, i gcásanna ina n-aistrítear na cistí chuig íocaí gan aon chuntas íocaíochta a chruthú in ainm íocóra, i gcás nach gcuirtear na cistí chun sochair d’aon chuntas íocaíochta de chuid an íocaí nó i gcás nach bhfuil aon aitheantóir eile de chuid an íocóra nó an íocaí ann.

(6)

I gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), tá sé tábhachtach go mbeadh oibleagáid soláthraí seirbhíse íocaíochta faisnéis a choimeád agus a sholáthar i ndáil le híocaíocht trasteorann comhréireach agus teoranta don mhéid is gá do na Ballstáit chun calaois CBL a chomhrac. Ina theannta sin, is é suíomh an íocóra an t-aon fhaisnéis dá mbaineann leis an íocóir is ceart a choinneáil. I dtaca le faisnéis faoin íocaí agus faoin íocaíocht féin, níor cheart a cheangal ar sholáthraithe seirbhíse íocaíochta ach pé faisnéis a theastaíonn ó na húdaráis chánach chun calaoiseoirí féideartha a bhrath agus chun rialuithe cánach a dhéanamh, a choinneáil agus a thuairisciú chuig na húdaráis sin. Dá bhrí sin, níor cheart a cheangal ar sholáthraithe seirbhíse íocaíochta ach taifid a choinneáil a bhaineann leis na híocaíochtaí trasteorann sin ar dócha go léireoidís gníomhaíochtaí eacnamaíocha. Dá dtabharfaí isteach uasteorainn, agus í bunaithe ar líon na n-íocaíochtaí a fuair íocaí le linn ráithe féilire, thabharfadh sin le fios an mar chuid de ghníomhaíocht eacnamaíoch a fuarthas na híocaíochtaí sin, rud a chuireadh as an áireamh íocaíochtaí a fuarthas ar chúiseanna neamhthráchtála. I gcás ina mbainfí an uasteorainn sin amach, chuirfí i ngníomh oibleagáidí an tsoláthraí seirbhíse íocaíochta maidir le taifid a choimeád agus tuairisciú a dhéanamh.

(7)

D’fhéadfadh níos mó ná soláthraí amháin seirbhíse íocaíochta a bheith páirteach in aon íocaíocht aonair amháin a dhéanann íocóir d’íocaí. Is féídir le roinnt aistrithe cistí idir soláthraithe seirbhíse íocaíochta éagsúla a bheith i gceist mar gheall ar an íocaíocht aonair sin. Ní mór oibleagáidí maidir le taifid a choimeád agus tuairisciú a dhéanamh a bheith ar gach soláthraí seirbhíse íocaíochta a bhíonn páirteach in íocaíocht ar leith, ach amháin i gcás go mbíonn eisiamh sonrach i bhfeidhm. Ba cheart faisnéis a bheith sna taifid agus sna tuarascálacha sin maidir leis an íocaíocht a rinne an t-íocóir tosaigh leis an íocaí deiridh seachas maidir leis na haistrithe idirmheánacha cistí idir na soláthraithe seirbhíse íocaíochta.

(8)

Oibleagáid maidir le taifid a choimeád agus tuairisciú a dhéanamh, ba cheart go dtiocfadh sí i gceist ní amháin i gcás ina n-aistríonn soláthraí seirbhíse íocaíochta cistí nó ina n‐eisíonn sé ionstraimí íocaíochta le haghaidh an íocóra ach i gcás ina bhfaigheann soláthraí seirbhíse íocaíochta cistí nó ina bhfaigheann sé idirbhearta íocaíochta thar ceann an íocaí.

(9)

Níor cheart feidhm a bheith ag na hoibleagáidí a leagtar síos sa Treoir seo maidir le soláthraithe seirbhíse íocaíochta atá lasmuigh de raon feidhme Threoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). Dá bhrí sin, i gcás nach mbíonn soláthraithe seirbhíse íocaíochta an íocaí lonnaithe i gceann de na Ballstáit, ba cheart do sholáthraithe seirbhíse íocaíochta an íocóra bheith faoi réir na n-oibleagáidí maidir le taifid a choimeád agus tuairisciú a dhéanamh. Os a choinne sin, chun go mbeidh na hoibleagáidí maidir le taifid a choimeád agus tuairisciú a dhéanamh comhréireach, nuair a bhíonn soláthraithe seirbhíse íocaíochta an íocóra agus an íocaí araon lonnaithe sa Bhallstát, níor cheart ach do sholáthraithe seirbhíse íocaíochta an íocaí taifid a choimeád. Chun críocha na n-oibleagáidí maidir le taifead a choimeád agus tuairisciú a dhéanamh, ba cheart a mheas go bhfuil soláthraí seirbhíse íocaíochta lonnaithe i mBallstát má thagraíonn a chód nó a cód aitheantóra gnó (BIC) nó aitheantóir gnó uathúil an tsoláthraí don Bhallstát sin.

(10)

I ngeall ar an lear mór faisnéise a bhíonn i gceist, mar aon le híogaireacht na faisnéise sin ó thaobh cosaint sonraí pearsanta de, is den riachtanas agus den chomhréir go gcoinneodh soláthraithe seirbhíse íocaíochta taifid a bhaineann le híocaíochtaí trasteorann ar feadh tréimhse trí bliana féilire d’fhonn cuidiú leis na Ballstáit calaois CBL a chomhrac agus calaoiseoirí a bhrath. Is leor na tréimhse chun go ndéanfadh na Ballstáit chun rialuithe go héifeachtach agus chun calaois CBL amhrasta a imscrúdú nó calaois CBL a bhrath.

(11)

Pé faisnéis a bheidh le coinneáil ag na soláthraithe seirbhíse íocaíochta, tá sí le bailiú agus le malartú i measc na mBallstát i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 ón gComhairle (7) lena leagtar síos rialacha maidir le comhar riaracháin agus malartú faisnéise chun calaois CBL a chomhrac.

(12)

Is fadhb choiteann do na Ballstáit uile í an chalaois CBL ach ní bhíonn an fhaisnéis is gá ag na Ballstáit féin chun a áirithiú go ndéantar rialacha CBL maidir le ríomhthráchtáil trasteorann a chur i bhfeidhm mar is ceart nó chun calaois CBL sa ríomhthráchtáil trasteorann a chomhrac. Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon calaois CBL a chomhrac, a ghnóthú go leordhóthanach nuair a bhaineann gné thrasteorann leis an gcás agus mar go gcaitear faisnéis a fháil ó Bhallstáit eile, agus, de bharr fairsinge nó éifeachtaí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(13)

Sa Treoir seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe an ceart go ndéanfaí sonraí pearsanta a chosaint. Níl an fhaisnéis íocaíochta a choinnítear agus a sholáthraítear i gcomhréir leis an Treoir seo le próiseáil ag saineolaithe frithchalaoise na n-údarás cánach ach ar bhealach atá comhréireach agus riachtanach chun cuspóir na Treorach seo, eadhon calaois CBL a chomhrac, a bhaint amach. Urramaítear sa Treoir seo freisin na rialacha a leagtar síos i Rialachán (AE) 2016/679 agus i Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8).

(14)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug sé tuairim uaidh an 14 Márta 2019 (9).

(15)

Ba cheart Treoir 2006/112/CE a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

I gCaibidil 4 de Theideal XI de Threoir 2008/112/CE, cuirtear isteach an Roinn seo a leanas:

Roinn 2a

Oibleagáidí ginearálta na soláthraithe seirbhíse íocaíochta”;

Airteagal 243a

Chun críocha na Roinne seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “soláthraí seirbhíse íocaíochta” aon cheann de na catagóirí soláthraithe seirbhísí íocaíochta a liostaítear i bpointe (a) go pointe (d) d’Airteagal 1(1) de Threoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1), nó duine nádúrtha nó dlítheanach a thairbhíonn de dhíolúine i gcomhréir le hAirteagal 32 den Treoir sin;

(2)

ciallaíonn “seirbhís íocaíochta” aon cheann de na gníomhaíochtaí gnó a leagtar amach i bpointe (3) go pointe (6) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2015/2366;

(3)

ciallaíonn “íocaíocht”, faoi réir na n-eisiamh dá bhforáiltear in Airteagal 3 de Threoir (AE) 2015/2366, “idirbheart íocaíochta” mar a shainmhínítear sin i bpointe (5) d’Airteagal 4 den Treoir sin, nó “seoltán airgid” mar a shainmhínítear sin i bpointe (22) d’Airteagal 4 den Treoir sin;

(4)

ciallaíonn “íocóir”“íocóir” mar a shainmhínítear sin i bpointe (8) d’Airteagal 4 de Threoir (AE) 2015/2366;

(5)

ciallaíonn “íoca픓íocaí” mar a shainmhínítear sin i bpointe (9) d’Airteagal 4 de Threoir (AE) 2015/2366;

(6)

ciallaíonn “Ballstát baile”“Ballstát baile” mar a shainmhínítear sin i bpointe (1) d’Airteagal 4 de Threoir (AE) 2015/2366;

(7)

ciallaíonn “Ballstát óstach”“Ballstát óstach” mar a shainmhínítear sin i bpointe (2) d’Airteagal 4 de Threoir (AE) 2015/2366;

(8)

ciallaíonn “cuntas íocaíochta”“cuntas íocaíochta” mar a shainmhínítear sin i bpointe (12) d’Airteagal 4 de Threoir (AE) 2015/2366;

(9)

ciallaíonn “IBAN”“IBAN” mar a shainmhínítear sin i bpointe (15) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 260/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2);

(10)

ciallaíonn “BIC”“BIC” mar a shainmhínítear sin i bpointe (16) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 260/2012.

Airteagal 243b

1.   Cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar sholáthraithe seirbhíse íocaíochta taifid leormhionsonraithe a choimeád ar íocaithe agus ar íocaíochtaí maidir leis na seirbhísí íocaíochta a sholáthraíonn siad le linn gach ráithe féilire chun gur féidir le húdaráis inniúla na mBallstát rialuithe a dhéanamh ar sholáthar earraí agus seirbhísí a mheastar, i gcomhréir le forálacha Theideal V, a bheith ar siúl i mBallstát, chun comhrac na calaoise CBL a bhaint amach.

Ní bheidh feidhm ag an gceanglas dá dtagraítear sa chéad fhomhír ach amháin maidir le seirbhísí íocaíochta a sholáthraítear i ndáil le híocaíochtaí trasteorann. Measfar gur íocaíocht trasteorann an íocaíocht más i mBallstát amháin a bhíonn an t-íocóir lonnaithe agus an t-íocaí lonnaithe i mBallstát eile, i dtríú críoch nó i dtríú tír.

2.   Beidh feidhm ag an gceanglas a bhfuil soláthróirí seirbhísí íocaíochta faoina réir faoi mhír 1 i gcás ina soláthraíonn soláthraí seirbhíse íocaíochta, le linn ráithe féilire, seirbhísí íocaíochta don íocaí céanna is ionann agus breis agus 25 íocaíocht trasteorann.

Déanfar líon na n-íocaíochtaí trasteorann dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ríomh faoi threoir líon na seirbhísí íocaíochta a sholáthraíonn an soláthraí seirbhíse íocaíochta in aghaidh an Bhallstáit agus in aghaidh na n-aitheantóirí dá dtagraítear in Airteagal 243c(2). I gcás ina mbíonn faisnéis ag an soláthraí seirbhíse íocaíochta go bhfuil roinnt aitheantóirí ag an íocaí, is in aghaidh an íocaí a dhéanfar an ríomh.

3.   Ní bheidh feidhm ag an gceanglas a leagtar síos i mír 1 maidir le seirbhísí íocaíochta a sholáthraíonn soláthraithe seirbhíse íocaíochta an íocóra maidir le híocaíocht ar bith i gcás ina mbíonn ceann amháin ar a laghad de sholáthraithe seirbhíse íocaíochta an íocaí lonnaithe i mBallstát, mar a léirítear le BIC an tsoláthraí seirbhíse íocaíochta nó de réir aon chód aitheantóra gnó eile lena sainaithnítear gan débhrí an soláthraí seirbhíse íocaíochta agus a shuíomh. Cuirfidh soláthraithe seirbhíse íocaíochta an íocóra na seirbhísí íocaíochta sin san áireamh, mar sin féin, sa ríomh dá dtagraítear i mír 2.

4.   I gcás ina bhfuil feidhm ag an gceanglas maidir le soláthraithe seirbhíse íocaíochta a leagtar síos i mír 1, déanfar an méid seo a leanas sna taifid:

(a)

coimeádfaidh an soláthraí seirbhíse íocaíochta é i bhformáid leictreonach ar feadh tréimhse trí bliana féilire ó dheireadh bhliain féilire dháta na híocaíochta;

(b)

cuirfear ar fáil iad i gcomhréir le hAirteagal 24b de Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 do Bhallstát baile an tsoláthraí seirbhíse íocaíochta, nó do na Ballstáit óstacha nuair is i mBallstáit seachas an Ballstát baile a sholáthraíonn an soláthraí seirbhíse íocaíochta seirbhísí íocaíochta.

Airteagal 243c

1.   Chun an dara fomhír d’Airteagal 243b(1) a chur i bhfeidhm agus gan dochar d’fhorálacha Theideal V, measfar áit lonnaithe an íocóra a bheith sa Bhallstát a chomhfhreagraíonn:

(a)

do IBAN chuntas íocaíochta an íocóra nó aon aitheantóir eile lena sainaithnítear gan débhrí an t-íocóir agus lena dtugtar a shuíomh, nó in éagmais na n-aitheantóirí sin,

(b)

do chód BIC nó aon chód aitheantóra gnó eile lena sainaithnítear an soláthraí seirbhíse íocaíochta, ag gníomhú dó thar ceann an íocóra, agus lena dtugtar a shuíomh, gan débhrí;

2.   Chun an dara fomhír d’Airteagal 243b(1) a chur i bhfeidhm, measfar suíomh an íocaí a bheith sa Bhallstát, sa tríú críoch nó sa tríú tír a chomhfhreagraíonn:

(a)

do IBAN chuntas íocaíochta an íocaí nó aon aitheantóir eile lena sainaithnítear an t-íocaí agus lena dtugtar a shuíomh; in éagmais na n-aitheantóirí sin, gan débhrí,

(b)

don chód BIC nó aon chód aitheantóra gnó eile lena sainaithnítear gan débhrí an soláthraí seirbhíse íocaíochta, ag gníomhú dó thar ceann an íocaí, agus lena dtugtar a shuíomh.

Airteagal 243d

1.   De bhun Airteagal 243b, beidh an fhaisnéis seo a leanas sna taifid atá na soláthraithe seirbhíse íocaíochta le coimeád:

(a)

an cód BIC nó aon chód aitheantóra gnó eile lena sainaithnítear gan débhrí an soláthraí seirbhíse íocaíochta;

(b)

ainm nó ainm gnó an íocaí, mar atá i dtaifid an tsoláthraí seirbhíse íocaíochta;

(c)

más ann di, aon uimhir aitheantais CBL nó aon uimhir eile chánach de chuid an íocaí;

(d)

uimhir IBAN nó, mura bhfuil an uimhir IBAN ar fáil, aon aitheantóir eile lena sainaithnítear gan débhrí an t-íocaí agus lena dtugtar a shuíomh;

(e)

an cód BIC nó aon chód aitheantóra gnó eile lena sainaithnítear gan débhrí soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocaí, ag gníomhú dó thar ceann an íocaí, agus lena dtugtar a shuíomh i gcás ina bhfaighidh an t-íocaí cistí gan aon chuntas íocaíochta a bheith aige;

(f)

más ann dó, seoladh an íocaí mar atá i dtaifid an tsoláthraí seirbhíse íocaíochta;

(g)

mionsonraí aon íocaíochta trasteorann dá dtagraítear in Airteagal 243b(1);

(h)

mionsonraí aon aisíocaíochtaí íocaíochta a shainaithnítear go mbaineann siad leis na híocaíochtaí trasteorann dá dtagraítear i bpointe (g).

2.   Beidh san fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (g) agus (h) de mhír 1 na mionsonraí seo a leanas:

(a)

dáta agus am na híocaíochta nó na haisíocaíochta íocaíochta;

(b)

méid agus airgeadra na híocaíochta nó na haisíocaíochta íocaíochta;

(c)

Ballstát tionscnaimh na híocaíochta a fuair an t-íocaí nó a fuarthas thar a cheann, Ballstát is ceann scríbe na haisíocaíochta, de réir mar is iomchuí, agus an fhaisnéis a úsáideadh chun tionscnamh nó ceann scríbe na híocaíochta nó na haisíocaíochta íocaíochta a chinneadh i gcomhréir le Airteagal 243c;

(d)

aon tagairt lena sainaithnítear gan débhrí an íocaíocht;

(e)

i gcás inarb infheidhme, faisnéis go dtionscnaítear an íocaíocht ag áitreabh fisiciúil an cheannaí.”.

Airteagal 2

1.   Déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 31 Nollaig 2023 ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2024.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna déanamh sa Bhruiséil, 18 Feabhra 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

Z. MARIĆ


(1)  Tuairim an 17 Nollaig 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  IO C 240, 16.7.2019, lch. 33.

(3)  Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 347, 11.12.2006, lch. 1).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 282/2011 ón gComhairle an 15 Márta 2011 lena leagtar síos bearta cur chun feidhme do Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcóras comhchoiteann cánach breisluacha (IO L 77, 23.3.2011, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(6)  Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoracha 2002/65/CE, 2009/110/CE agus 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, agus lena n–aisghairtear Treoir 2007/64/CE (IO L 337, 23.12.2015, lch. 35).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 an 7 Deireadh Fómhair 2010 ón gComhairle maidir le comhoibriú riaracháin agus calaois a chomhrac sa réimse maidir le cáin bhreisluacha (IO L 268, 12.10.2010, lch. 1).

(8)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(9)  IO C 140, 16.4.2019, lch. 4.


2.3.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 62/13


TREOIR (AE) 2020/285 ÓN GCOMHAIRLE

an 18 Feabhra 2020

lena leasaítear Treoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha a mhéid a bhaineann leis an scéim speisialta d'fhiontair bheaga agus Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 a mhéid a bhaineann leis an gcomhar riaracháin agus leis an malartú faisnéise chun faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm ceart na scéime speisialta d'fhiontair bheaga

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 113 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint do na tuairimí ó Pharlaimint na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

Ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ceadaítear le Treoir 2006/112/CE (3) ón gComhairle do na Ballstáit leanúint dá scéimeanna speisialta a chur i bhfeidhm maidir le fiontair bheaga i gcomhréir le forálacha coiteanna agus d'fhonn comhchuibhiú níos dlúithe a bhaint amach. Tá na forálacha sin as dáta, áfach, agus ní laghdaíonn siad an t‐ualach comhlíonta atá ar fhiontair bheaga toisc gur ceapadh iad do chóras comhchoiteann cánach breisluacha (CBL) bunaithe ar chánachas sa Bhallstát tionscnaimh.

(2)

Sa phlean gníomhaíochta ón gCoimisiún maidir le CBL, d'fhógair sé pacáiste cuimsitheach simplithe le haghaidh fiontair bheaga a bhfuil sé mar aidhm aige díriú ar a n‐ualach riaracháin a laghdú agus ar chuidiú le timpeallacht fhioscach a chruthú chun a bhfás chomh maith le forbairt trádála trasteorann a éascú. Is éard atá i gceist le pacáiste simplithe ná athbhreithniú ar an scéim speisialta le haghaidh fiontair bheaga mar a leagtar amach sa Teachtaireacht maidir leis an obair leantach ar phlean gníomhaíochta CBL. Dá bhrí sin, tá an t‐athbhreithniú ar an scéim speisialta le haghaidh fiontair bheaga ina eilimint thábhachtach den phacáiste athchóirithe a leagtar amach sa phlean gníomhaíochta CBL.

(3)

Ba cheart, chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist maidir leis an ualach díréireach comhlíonta atá ar fhiontair bheaga dhíolmhaithe, bearta simplithe áirithe a chur ar fáil dóibh freisin.

(4)

Ní cheadaítear leis an scéim speisialta le haghaidh fiontair bheaga faoi láthair ach díolúine a dheonú d'fhiontair a bunaíodh sa Bhallstát ina bhfuil CBL dlite. Tá tionchar diúltach aige sin ar an iomaíocht sa mhargadh inmhéanach i dtaca le fiontair nach bhfuil bunaithe sa Bhallstát sin. Chun aghaidh a thabhairt air sin agus tuilleadh saofa a sheachaint, ba cheart cead a bheith ag fiontair bheaga, atá bunaithe i mBallstáit seachas an Ballstát ina bhfuil CBL dlite, tairbhe a bhaint as an díolúine.

(5)

I gcás ina mbeidh duine inchánach faoi réir an chórais rialta CBL ina Bhallstát bunaíochta ach go mbaineann sé leas as an díolúine CBL d'fhiontair bheaga i mBallstát eile, ba cheart go léireofaí leis an asbhaint cánach ionchuir nasc le soláthairtí cánach an duine inchánach. Dá bhrí sin, i gcás ina bhfaighidh na daoine inchánacha sin ionchuir sa Bhallstát ina bhfuil siad bunaithe atá bainteach le soláthairtí díolmhaithe i mBallstáit eile, níor cheart a bheith in ann aon asbhaint CBL ar ionchur a dhéanamh.

(6)

Ní fhéadfaidh fiontair bheaga tairbhe a bhaint as an díolúine ach amháin i gcás ina bhfuil a láimhdeachas bliantúil faoi bhun na tairsí arna cur i bhfeidhm ag an mBallstát ina bhfuil CBL dlite. Agus a dtairseach á socrú acu, ba cheart do na Ballstáit cloí leis na rialacha maidir le tairseacha a leagtar amach le Treoir 2006/112/CE. Níl na rialacha sin, ar cuireadh an chuid is mó acu i bhfeidhm in 1977, oiriúnach a thuilleadh.

(7)

Chun críocha an tsimplithe, údaraíodh roinnt Ballstát tairseach a chur i bhfeidhm is airde ná an tairseach a údaraítear faoi Threoir 2006/112/CE ar bhonn sealadach. Ós rud é nach iomchuí leanúint de rialacha ginearálta a mhodhnú trí úsáid a bhaint as bearta a dheonaítear trí mhaolú, ba cheart na rialacha maidir le tairseacha a thabhairt cothrom le dáta.

(8)

Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a dtairseach náisiúnta a shocrú don díolúine ar an leibhéal is fearr a oireann dá ndálaí eacnamaíocha agus polaitiúla, faoi réir na huastairsí dá bhforáiltear faoin Treoir seo. Maidir leis sin, i gcás ina gcuirfidh Ballstáit tairseacha éagsúla i bhfeidhm d'earnálacha éagsúla gnó, ba cheart a shoiléiriú gur ghá é sin a bhunú ar chritéir oibiachtúla. I gcás ina mbeidh duine inchánach incháilithe chun tairbhe a bhaint as níos mó ná tairseach earnála amháin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach féidir leis an duine inchánach ach ceann amháin de na tairseacha sin a úsáid. Ba cheart dóibh a áirithiú freisin nach ndéanfar idirdhealú ina dtairseacha idir daoine inchánacha bunaithe agus neamhbhunaithe.

(9)

Ní bheidh sa tairseach láimhdeachais bhliantúil, arb é an bonn leis an díolúine atá curtha ar bun ag an scéim speisialta a leagtar síos sa Treoir seo, ach comhluach na soláthairtí earraí agus seirbhísí arna ndéanamh ag fiontar beag sa Bhallstát ina ndeonaítear an díolúine. D'fhéadfadh saobhadh iomaíochta teacht chun cinn i gcás ina bhféadfadh fiontar, nach bhfuil bunaithe sa Bhallstát sin, tairbhe a bhaint as díolúine den sórt sin gan beann ar an láimhdeachas a ghineann sé i mBallstáit eile. Chun saobhadh den sórt sin ar an iomaíocht a mhaolú agus mar choimirce ar ioncam cánach, níor cheart ach na fiontair sin a bhfuil a láimhdeachas bliantúil faoi bhun tairseach áirithe a bheith incháilithe do dhíolúine i mBallstát nach bhfuil siad bunaithe ann. Maidir le fiontair a bhfuil a láimhdeachas sa Bhallstát ina bhfuil siad bunaithe faoi bhun na tairsí náisiúnta, ba cheart dóibh a bheith in ann leanúint de sholáthairtí díolmhaithe a dhéanamh sa Bhallstát sin gan beann ar an láimhdeachas a ghineann siad i mBallstáit eile, fiú má sháraíonn a láimhdeachas iomlán tairseach an Aontais.

(10)

Chun rialú éifeachtach ar fheidhmiú na díolúine a cheadú agus chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag na Ballstáit ar an bhfaisnéis is gá, ba cheart a cheangal ar dhaoine inchánacha ar mian leo leas a bhaint as an díolúine i mBallstát nach bhfuil siad bunaithe ann réamhfhógra a thabhairt don Bhallstát ina bhfuil siad bunaithe. Ar mhaithe le simpliú agus laghdú ar chostais chomhlíonta, níor cheart na daoine inchánacha sin a shainaithint ach le huimhir aonair sa Bhallstát bunaíochta amháin. D'fhéadfadh sé gur uimhir aitheantais aonair CBL a bheadh san uimhir sin, ach ní gá gurb í an uimhir sin.

(11)

Chun feidhmiú agus faireachán cuí na díolúine chomh maith le tarchur tráthúil faisnéise a áirithiú, ba cheart oibleagáidí tuairiscithe do dhaoine inchánacha a bhaineann leas as an díolúine i mBallstát nach bhfuil siad bunaithe ann a leagan amach go soiléir. Ba cheart leis sin, go bhféadfaí daoine inchánacha comhlíontacha a scaoileadh ó na hoibleagáidí sin agus ón oibleagáid chlárúcháin i mBallstáit nach an Ballstát bunaíochta iad. Mar sin féin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a cheangal, i gcás nach gcomhlíonfaidh daoine inchánacha neamhbhunaithe na hoibleagáidí tuairiscithe a leagtar amach go sonrach dóibh, go gcaithfidh siad oibleagáidí ginearálta clárúcháin agus tuairiscithe CBL a leagtar amach i ndlíthe náisiúnta CBL a chomhlíonadh.

(12)

D'fhonn neamhréireachtaí a sheachaint i ríomh láimhdeachais bhliantúil an Bhallstáit a úsáidfear mar thagairt chun an díolúine a chur i bhfeidhm, agus i ríomh láimhdeachais bhliantúil an Aontais, ba cheart eilimintí an láimhdeachais atá le cur san áireamh a shonrú.

(13)

Chun imchéimniú na rialacha maidir leis an díolúine d'fhiontair bheaga a chosc agus chun cuspóir na díolúine sin a chaomhnú, níor cheart do dhuine inchánach, cibé acu atá nó nach bhfuil sé bunaithe sa Bhallstát ina ndeonaítear an díolúine, a bheith in ann tairbhe a bhaint as an díolúine i gcás inar sáraíodh an tairseach náisiúnta a leagtar síos inti sa bhliain féilire roimhe sin. Ar na cúiseanna céanna, níor cheart do dhuine inchánach nach bhfuil bunaithe sa Bhallstát ina ndeonaítear an díolúine a bheith in ann tairbhiú den díolúine i gcás inar sáraíodh tairseach bhliantúil láimhdeachais an Aontais sa bhliain féilire roimhe sin.

(14)

Chun a áirithiú go n‐aistreofar na fiontair bheaga de réir a chéile ón díolúine go cánachas, ba cheart cead a bheith ag daoine inchánacha leanúint de thairbhe a bhaint as an díolúine d'fhiontair bheaga ar feadh tréimhse theoranta ama i gcás nach mó a láimhdeachas ná an tairseach dhíolúine náisiúnta de mhéid is mó ná céatadán socraithe den tairseach sin. Ós rud é gur féidir le leibhéil na dtairseach a chuirfear i bhfeidhm a bheith éagsúil ó Bhallstát amháin go Ballstát eile, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann an rogha a dhéanamh ceann amháin den dá chéatadán atá molta a chur i bhfeidhm ar choinníoll nach sáróidh láimhdeachas díolmhaithe an duine inchánach méid áirithe seasta mar thoradh chur i bhfeidhm an chéatadáin. I gcás ina sárófar tairseach láimhdeachais bhliantúil an Aontais le linn bliain féilire, is gá, i bhfianaise fheidhm na tairsí mar choimirce ioncaim, go scoirfidh an díolúine d'fheidhm a bheith aici ón tráth sin.

(15)

I gcás ina mbeidh feidhm ag díolúine, ba cheart rochtain ar a laghad a bheith ag fiontair bheaga a bhaineann leas as an díolúine sa Bhallstát bunaíochta, ar nós imeachta clárúcháin CBL laistigh de thréimhse ama áirithe. Ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit síneadh a chur leis an tréimhse ama sin i gcásanna sonracha inar gá mionseiceálacha a dhéanamh chun imghabháil cánach nó seachaint cánach a chosc.

(16)

Ba cheart do na fiontair bheaga a bhaineann leas as an díolúine sa Bhallstát bunaíochta, rochtain ar oibleagáidí simplithe tuairiscithe, ar a laghad, a bheith acu.

(17)

De bhreis ar dhíolúine ó CBL a dheonú, ceadaítear faoiseamh cánach grádaithe leis na scéimeanna speisialta freisin. Is foinse chastachta é faoiseamh cánach grádaithe agus is beag a chuidíonn sé leis an ualach comhlíonta atá ar fhiontair bheaga a laghdú. Ba cheart, dá bhrí sin, deireadh a chur leis an mbeart sin.

(18)

Ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit an ceart a thabhairt do dhaoine inchánach roghnú idir córas ginearálta CBL agus an scéim speisialta d'fhiontair bheaga. Má fheidhmíonn an duine inchánach an ceart sin, is iomchuí é a fhágáil faoi na Ballstáit na rialacha agus na coinníollacha mionsonraithe a leagan síos maidir leis an rogha sin a fheidhmiú.

(19)

Níor cheart oibleagáidí nua clárúcháin nó tuairiscithe d'fhiontair bheaga nach mbaineann leas as an díolúine a bheith sa Treoir seo ach amháin saBhallstát bunaíochta.

(20)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir na Treorach seo, eadhon an t‐ualach comhlíonta atá ar fhiontair bheaga a laghdú, a ghnóthú go leordhóthanach agus, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(21)

I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin (4), ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an gaol idir codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na n‐ionstraimí náisiúnta trasuite. I ndáil leis an Treoir seo measann an reachtóir go bhfuil údar cuí le doiciméid den sórt sin a tharchur.

(22)

Chun a áirithiú gur féidir faireachán cuí a dhéanamh ar na bearta simpliúcháin a leagtar amach i dTreoir 2006/112/CE, a mhéid a bhaineann leis an scéim speisialta i gcomhair fiontair bheaga, is gá Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 (5) ón gComhairle a leasú ionas go mbeidh rochtain uathoibrithe ag údaráis inniúla ábhartha na mBallstát ar na sonraí a bhailítear ó na daoine inchánacha a bhaineann tairbhe as an díolúine CBL d'fhiontair bheaga.

(23)

Ionas go mbeidh rochtain éasca ag fiontair bheaga ar na forálacha a bhaineann leis an scéim speisialta le haghaidh fiontair bheaga i ngach Ballstát, ba cheart na forálacha sin a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin.

(24)

Thug Coiste na Réigiún tuairim an 10 Deireadh Fómhair 2018 (6).

(25)

Ba cheart mar sin Treoir 2006/112/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 904/2010 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Threoir 2006/112/CE

Leasaítear Treoir 2006/112/CE mar a leanas:

(1)

i bpointe (b) d'Airteagal 2(1), cuirtear an méid a leanas in ionad phointe (i):

“(i)

duine inchánach atá ag gníomhú sa cháil sin dó, nó duine dlítheanach neamh-inchánach, i gcás inar duine inchánach an díoltóir atá ag gníomhú sa cháil sin agus nach bhfuil incháilithe don díolúine d'fhiontair bheaga dá bhforáiltear in Airteagal 284 agus nach gcumhdaítear le hAirteagal 33 ná 36;”;

(2)

Leasaítear Airteagal 139 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid a leanas in ionad na chéad fhomhíre de mhír 1:

“Ní bheidh feidhm ag an díolúine dá bhforáiltear in Airteagal 138(1) maidir le soláthar earraí a dhéanann daoine inchánacha atá cumhdaithe, laistigh den Bhallstát ina ndéantar an soláthar, leis an díolúine d'fhiontair bheaga dá bhforáiltear in Airteagal 284.”;

(b)

cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Ní bheidh feidhm ag an díolúine dá bhforáiltear i bpointe (b) d'Airteagal 138(2) maidir le soláthar táirgí a ngearrtar dleacht mháil orthu a dhéanann daoine inchánacha atá cumhdaithe, laistigh den Bhallstát ina ndéantar an soláthar, leis an díolúine d'fhiontair bheaga dá bhforáiltear in Airteagal 284.”;

(3)

Leasaítear Airteagal 167a mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid a leanas in ionad an dara mír:

“Leagfaidh na Ballstáit a chuireann an scéim roghnach dá dtagraítear sa chéad mhír i bhfeidhm tairseach síos do dhaoine inchánacha a úsáideann an scéim sin laistigh dá gcríoch, bunaithe ar láimhdeachas bliantúil an duine inchánach arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 288. Ní fhéadfaidh an tairseach sin a bheith níos airde ná EUR 2 000 000 nó a choibhéis in airgeadra náisiúnta”;

(b)

scriostar an tríú mír;

(4)

in Airteagal 169, cuirtear an méid a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

idirbhearta, seachas na hidirbhearta sin atá díolmhaithe faoi Airteagal 284, a bhaineann leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 9(1), a dhéantar lasmuigh den Bhallstát ina bhfuil an cháin sin dlite nó íoctha, a mbeadh CBL inasbhainte ina leith dá ndéanfaí na gníomhaíochtaí sin laistigh den Bhallstát sin;”;

(5)

in Airteagal 220a(1) cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

“(c)

i gcás ina bhfuil an duine inchánach ag baint tairbhe as an díolúine d'fhiontair bheaga dá bhforáiltear in Airteagal 284.”;

(6)

in Airteagal 270, cuirtear an méid a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

nach mó ná EUR 35 000, nó a choibhéis in airgeadra náisiúnta, thar mhéid an láimhdeachais bhliantúil a úsáidtear mar thagairt do dhaoine inchánach a chumhdaítear leis an díolúine d'fhiontair bheaga dá bhforáiltear in Airteagal 284, luach bliantúil iomlán, ar leith ó CBL, a soláthairtí earraí agus seirbhísí;”;

(7)

scriostar pointe (d) in Airteagal 272(1);

(8)

i dTeideal XII, Caibidil 1, cuirtear isteach Roinn mar a leanas:

Roinn -1

Sainmhínithe

Airteagal 280a

Chun críocha na Caibidle seo, tá feidhm ag na sainmhínithe a leanas:

(1)

ciallaíonn “láimhdeachas bliantúil Ballstáit” luach bliantúil iomlán na soláthairtí earraí agus seirbhísí, ar leith ó CBL, arna ndéanamh ag duine inchánach laistigh den Bhallstát sin le linn bliain féilire;

(2)

ciallaíonn 'láimhdeachas bliantúil an Aontais' luach bliantúil iomlán na soláthairtí earraí agus seirbhísí, ar leith ó CBL, arna ndéanamh ag duine inchánach laistigh de chríoch an Chomhphobail le linn bliain féilire.”;

(9)

i dTeideal XII, Caibidil 1, cuirtear an méid a leanas in ionad cheannteideal Roinn 2:

“Díolúintí”;

(10)

cuirtear an méid a leanas in ionad Airteagal 282:

“Airteagal 282

Beidh feidhm ag na díolúintí dá bhforáiltear sa Roinn seo maidir le soláthar earraí agus seirbhísí ag fiontair bheaga.”;

(11)

in Airteagal 283(1), scriostar pointe (c);

(12)

cuirtear an méid a leanas in ionad Airteagal 284:

“Airteagal 284

1.   Féadfaidh na Ballstáit soláthar earraí agus seirbhísí arna ndéanamh laistigh dá gcríoch ag daoine inchánacha atá bunaithe sa chríoch sin a dhíolmhú, más rud é nach sáraíonn láimhdeachas bliantúil an Bhallstáit sin, atá inchurtha i leith soláthairtí den sórt sin, an tairseach arna socrú ag na Ballstáit sin chun an díolúine seo a chur i bhfeidhm. Ní bheidh an tairseach sin níos airde ná EUR 85 000 nó a choibhéis in airgeadra náisiúnta.

Féadfaidh na Ballstáit tairseacha éagsúla a shocrú d'earnálacha éagsúla gnó bunaithe ar chritéir oibiachtúla. Ní sháróidh aon cheann de na tairseacha sin, áfach, tairseach EUR 85 000 nó a choibhéis in airgeadra náisiúnta.

Áiritheoidh na Ballstáit nach bhféadfaidh duine inchánach atá incháilithe tairbhe a bhaint as níos mó ná tairseach earnála amháin ach ceann amháin de na tairseacha sin a úsáid.

Ní dhéanfar idirdhealú leis na tairseacha a leagann Ballstát síos idir daoine inchánacha atá bunaithe sa Bhallstát sin agus iad siúd nach bhfuil bunaithe sa Bhallstát sin.

2.   Maidir leis na Ballstáit a bhfuil an díolúine faoi mhír 1 curtha i bhfeidhm acu, deonóidh siad an díolúine sin do na soláthairtí earraí agus seirbhísí ina gcríoch féin arna ndéanamh ag daoine inchánacha atá bunaithe i mBallstát eile, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leanas:

(a)

nach mó ná EUR 100 000 láimhdeachas bliantúil an duine inchánach sin san Aontas;

(b)

nach mó luach na soláthairtí sa Bhallstát nach bhfuil an duine inchánach bunaithe ann ná an tairseach is infheidhme sa Bhallstát sin maidir le deonú na díolúine do dhaoine inchánach atá bunaithe sa Bhallstát sin.

3.   D'ainneoin Airteagal 292b, ionas gur féidir le duine inchánach leas a bhaint as an díolúine i mBallstát nach bhfuil duine inchánach sin bunaithe ann, déanfaidh an duine inchánach an méid a leanas:

(a)

réamhfhógra a thabhairt don Bhallstát bunaíochta, agus

(b)

le haghaidh chur i bhfeidhm na díolúine déanfar é a shainaithint le huimhir aonair sa Bhallstát bunaíochta amháin.

Féadfaidh na Ballstáit úsáid a bhaint as an uimhir aitheantais aonair CBL a sannadh cheana féin ar an duine inchánach i ndáil le hoibleagáidí an duine sin faoin gcóras inmheánach nó féadfaidh siad struchtúr uimhir CBL nó aon uimhir eile a chur i bhfeidhm chun críoch na sainaitheanta dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír.

Beidh an iarmhír 'EX' ag an uimhir aitheantais aonair dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír nó cuirfear an iarmhír 'EX' leis an uimhir sin.

4.   Cuirfidh an duine inchánach an Ballstát bunaíochta ar an eolas roimh ré, trí nuashonrú a dhéanamh ar réamhfhógra, maidir le haon athruithe ar an bhfaisnéis a soláthraíodh roimhe sin i gcomhréir leis an gcéad fhomhír de mhír 3, lena n‐áirítear an rún leas a bhaint as an díolúine i mBallstát nó i mBallstáit seachas na Ballstáit sin a luaitear sa réamhfhógra agus an cinneadh scor den scéim díolúine a chur i bhfeidhm i mBallstát nó i mBallstáit nach bhfuil duine inchánach sin bunaithe ann nó iontu.

Beidh éifeacht leis an scor ón gcéad lá den chéad ráithe féilire eile tar éis an fhaisnéis a fháil ón duine inchánach nó, i gcás ina bhfaighfear an fhaisnéis sin le linn na míosa deireanaí de ráithe féilire, ón gcéad lá den dara mí den chéad ráithe féilire eile.

5.   Beidh feidhm ag an díolúine maidir leis an mBallstát nach bhfuil an duine inchánach bunaithe ann agus ina bhfuil sé ar intinn ag an duine inchánach sin leas a bhaint as an díolúine de réir an mhéid a leanas:

(a)

réamhfhógra, ón dáta a gcuirfidh an Ballstát bunaíochta an uimhir aitheantais aonair in iúl don duine inchánach; nó

(b)

nuashonrú ar réamhfhógra, ón dáta a ndaingneofar an uimhir don duine inchánach de thoradh ar a nuashonrú ag an mBallstát bunaíochta.

Ní bheidh an dáta dá dtagraítear sa chéad fhomhír níos déanaí ná 35 lá oibre tar éis an réamhfhógra nó an nuashonrú ar an réamhfhógra, dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 3 agus sa chéad fhomhír de mhír 4, a fháil, ach amháin i gcásanna sonracha ina bhféadfaidh na Ballstáit, chun cosc a chur ar imghabháil cánach nó ar sheachaint cánach, am breise a éileamh chun na seiceálacha is gá a dhéanamh.

6.   Déanfar luach comhfhreagrach in airgeadra náisiúnta don mhéid dá dtagraítear san Airteagal seo a ríomh tríd an ráta malairte arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach an 18 Eanáir 2018 a chur i bhfeidhm.”;

(13)

cuirtear isteach Airteagail mar a leanas:

“Airteagal 284a

1.   Maidir leis an réamhfhógra dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír d'Airteagal 284(3), beidh an fhaisnéis a leanas ar a laghad ann:

(a)

ainm, gníomhaíocht, foirm dhlíthiúil agus seoladh an duine inchánach;

(b)

an Ballstát nó na Ballstáit ina bhfuil sé ar intinn ag an duine inchánach leas a bhaint as an díolúine;

(c)

luach iomlán na soláthairtí earraí agus/nó seirbhísí a rinneadh sa Bhallstát ina bhfuil an duine inchánach bunaithe agus i ngach ceann de na Ballstáit eile le linn na bliana féilire roimhe sin;

(d)

luach iomlán na soláthairtí earraí agus/nó seirbhísí a rinneadh sa Bhallstát ina bhfuil an duine inchánach bunaithe agus i ngach ceann de na Ballstáit eile le linn na bliana féilire reatha roimh an réamhfhógra.

Ní mór an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír den mhír seo a thabhairt do gach bliain féilire roimhe sin a bhaineann leis an tréimhse dá dtagraítear sa chéad fhomhír d'Airteagal 288a(1) a mhéid a bhaineann le haon Bhallstát a chuireann i bhfeidhm an rogha a shonraítear ann.

2.   I gcás ina gcuirfidh an duine inchánach in iúl don Bhallstát bunaíochta i gcomhréir le hAirteagal 284(4) go bhfuil sé ar intinn ag an duine sin leas a bhaint as an díolúine i mBallstát nó i mBallstáit seachas na Ballstáit a luaitear sa réamhfhógra, níl sé d'oibleagáid ar an duine sin an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a thabhairt sa mhéid go bhfuil an fhaisnéis sin curtha san áireamh cheana i dtuarascálacha a cuireadh isteach roimhe sin faoi Airteagal 284b.

Áireofar an uimhir aitheantais aonair dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 284(3) sa nuashonrú ar réamhfhógra dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

Airteagal 284b

1.   Duine inchánach a bhaineann leas as an díolúine dá bhforáiltear in Airteagal 284(1) i mBallstát nach bhfuil an duine sin bunaithe ann i gcomhréir leis an nós imeachta faoi Airteagal 284(3) agus (4), tuairisceoidh sé an fhaisnéis a leanas don Bhallstát bunaíochta i ndáil le gach ráithe féilire, lena n‐áirítear an uimhir aitheantais aonair dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 284(3):

(a)

luach iomlán na soláthairtí a rinneadh le linn na ráithe féilire sa Bhallstát bunaíochta nó '0' mura ndearnadh aon soláthairtí;

(b)

luach iomlán na soláthairtí a rinneadh le linn na ráithe féilire i ngach ceann de na Ballstáit seachas an Ballstát bunaíochta nó “0” mura ndearnadh aon soláthairtí.

2.   Cuirfidh an duine inchánach an fhaisnéis a leagtar amach i mír 1 in iúl laistigh de mhí amháin ó dheireadh na ráithe féilire.

3.   Nuair a sháraítear tairseach bhliantúil láimhdeachais an Aontais dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 284(2), cuirfidh an duine inchánach an Ballstát bunaíochta ar an eolas faoi sin laistigh de 15 lá oibre. Ag an am céanna, ceanglófar ar an duine inchánach tuairisc a thabhairt ar luach na soláthairtí dá dtagraítear i mír 1 a rinneadh ó thús na ráithe féilire reatha suas go dtí an dáta a sáraíodh tairseach láimhdeachais bhliantúil an Aontais.

Airteagal 284c

1.   Chun críocha phointí (c) agus (d) d'Airteagal 284a(1) agus Airteagal 284b(1) beidh feidhm ag an méid a leanas:

(a)

is iad na méideanna a liostaítear in Airteagal 288 na luachanna;

(b)

is in euro a ainmneofar na luachanna;

(c)

i gcás ina gcuirfidh an Ballstát a dheonaíonn an díolúine tairseacha athraitheacha chun feidhme dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 284(1), cuirfear d'oibleagáid ar an duine inchánach i leith an Bhallstáit sin luach iomlán na soláthairtí earraí agus/nó seirbhísí a thuairisciú ar leithligh a mhéid a bhaineann le gach tairseach is infheidhme.

Chun críocha phointe (b) den chéad fhomhír, féadfaidh na Ballstáit nach bhfuil an euro glactha acu a cheangal go ndéanfar na luachanna a shloinneadh ina n‐airgeadra náisiúnta. Más in airgeadraí eile a rinneadh na soláthairtí, úsáidfidh an duine inchánach an ráta malairte a mbeidh feidhm leis ar an gcéad lá den bhliain féilire. Déanfar an comhshó tríd an ráta malairte arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach don lá sin a chur i bhfeidhm, nó, mura bhfuil aon fhoilsiú ann an lá sin, ar an gcéad lá eile a bhfoilseofar é.

2.   Féadfaidh an Ballstát bunaíochta a cheangal go ndéanfar an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 284(3) agus (4) agus in Airteagal 284b(1) agus (3) a thíolacadh trí mheán leictreonach i gcomhréir le coinníollacha a leagann an Ballstát sin síos.

Airteagal 284d

1.   Ní bheidh de cheangal ar dhuine inchánach a bhainfidh leas as an díolúine i mBallstát nach bhfuil an duine inchánach sin bunaithe ann i leith soláthairtí a chumhdaítear leis an díolúine sa Bhallstát sin:

(a)

a bheith cláraithe chun críocha CBL de bhun Airteagail 213 agus 214;

(b)

tuairisceán CBL a chur isteach de bhun Airteagal 250.

2.   Ní bheidh de cheangal ar dhuine inchánach a bhainfidh leas as an díolúine sa Bhallstát bunaíochta agus in aon Bhallstát nach bhfuil an duine inchánach sin bunaithe ann i leith soláthairtí a chumhdaítear leis an díolúine sa Bhallstát bunaíochta tuairisceán CBL a chur isteach de bhun Airteagal 250.

3.   De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, i gcás nach gcomhlíonfaidh duine inchánach na rialacha dá bhforáiltear in Airteagal 284b, féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar an duine inchánach sin a oibleagáidí CBL dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chomhlíonadh.

Airteagal 284e

Déanfaidh an Ballstát bunaíochta an uimhir aitheantais dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 284(3) a dhíghníomhachtú gan mhoill nó, má leanann an duine inchánach de leas a bhaint as an díolúine i mBallstát eile nó i mBallstáit eile, an fhaisnéis a fhaightear de bhun Airteagal 284(3) agus (4) a oiriúnú a mhéid a bhaineann leis an mBallstát nó leis na Ballstáit lena mbaineann sna cásanna a leanas:

(a)

inar mó luach iomlán na soláthairtí arna dtuairisciú ag an duine inchánach ná an méid dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 284(2);

(b)

ina mbeidh an Ballstát a dheonaíonn an díolúine tar éis fógra a thabhairt nach bhfuil an duine inchánach i dteideal na díolúine nó go bhfuil scortha ag an díolúine d'fheidhm a bheith aici sa Bhallstát sin;

(c)

ina gcuirfidh an duine inchánach in iúl a chinneadh scor den díolúine a chur i bhfeidhm; nó

(d)

ina gcuirfidh an duine inchánach in iúl go bhfuil deireadh lena ghníomhaíochtaí, nó ina bhféadfar glacadh leis sin ar shlí eile.”;

(14)

scriostar Airteagail 285, 286 agus 287;

(15)

cuirtear an méid a leanas in ionad Airteagal 288:

“Airteagal 288

1.   Is iad na méideanna a leanas, ar leith ó CBL, a bheidh sa láimhdeachas bliantúil a bheidh mar thagairt chun an díolúine dá bhforáiltear in Airteagal 284 chur i bhfeidhm:

(a)

luach soláthairtí earraí agus seirbhísí, a mhéid a ngearrfaí cáin orthu dá mba dhuine inchánach neamh-dhíolmhaithe a sholáthraigh iad;

(b)

luach na n‐idirbheart atá díolmhaithe, ónar féidir an CBL arna íoc ag an gcéim roimhe sin a asbhaint, de bhun Airteagal 110, 111 nó Airteagal 125(1);

(c)

luach na n‐idirbheart atá díolmhaithe de bhun Airteagail 146 go 149 agus Airteagail 151, 152 agus 153;

(d)

luach na n‐idirbheart atá díolmhaithe de bhun Airteagal 138 i gcás ina bhfuil feidhm ag an díolúine dá bhforáiltear san Airteagal sin;

(e)

luach na n‐idirbheart eastáit réadaigh, idirbheart airgeadais dá dtagraítear i bpointí (b) go (g) d'Airteagal 135(1), agus seirbhísí árachais agus athárachais, mura idirbhearta coimhdeacha na hidirbhearta sin.

2.   Ní dhéanfar diúscairtí sócmhainní caipitil inláimhsithe nó doláimhsithe duine inchánach a chur san áireamh chun críoch an láimhdeachas dá dtagraítear i mír 1 a ríomh.”;

(16)

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

“Airteagal 288a

1.   Ní fhéadfaidh duine inchánach, bíodh sé nó sí bunaithe 'sa Bhallstát a dheonóidh an díolúine dá bhforáiltear in Airteagal 284(1) nó ná bíodh, tairbhe a bhaint as an díolúine sin ar feadh tréimhse a mhairfidh bliain féilire amháin i gcás inar sáraíodh an tairseach a leagtar síos i gcomhréir leis an mír sin le linn na bliana féilire roimhe. Féadfaidh an Ballstát a dheonóidh an díolúine síneadh ama dhá bhliain féilire a chur leis an tréimhse sin.

I gcás, le linn bliain féilire, inarb ionann an méid os cionn na tairsí dá dtagraítear in Airteagal 284(1) agus:

(a)

méid nach mó ná 10 %, beidh duine inchánach in ann leanúint de thairbhe a bhaint as an díolúine dá bhforáiltear in Airteagal 284(1) le linn na bliana féilire sin;

(b)

méid is mó ná 10 %, scoirfidh an díolúine dá bhforáiltear in Airteagal 284(1) d'fheidhm a bheith aici ón tráth sin.

D'ainneoin phointí (a) agus (b) den dara fomhír, féadfaidh na Ballstáit uasteorainn 25 % a shocrú nó cead a thabhairt don duine inchánach leanúint de thairbhe a bhaint as an díolúine dá bhforáiltear in Airteagal 284(1) gan aon uasteorainn le linn na bliana féilire inar sáraíodh an tairseach. Mar sin féin, ní ceadmhach go mbeidh mar thoradh ar an uasteorainn sin a chur i bhfeidhm díolúine ag duine inchánach ar mó láimhdeachas an duine sin laistigh den Bhallstát a dheonóidh an díolúine sin ná EUR 100 000.

De mhaolú ar an dara agus ar an tríú fomhír, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go scoirfidh an díolúine dá bhforáiltear in Airteagal 284(1) d'fheidhm a bheith aici tráth a sárófar an tairseach a leagtar síos i comhréir leis an mír sin.

2.   Ní fhéadfaidh duine inchánach nach bhfuil bunaithe sa Bhallstát a dheonóidh an díolúine dá bhforáiltear in Airteagal 284(1) tairbhe a bhaint as an díolúine sin, i gcás inar sáraíodh tairseach láimhdeachais bhliantúil an Aontais dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 284(2) sa bhliain féilire roimhe.

I gcás, le linn bliain féilire, ina sárófar tairseach láimhdeachais bhliantúil an Aontais dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 284(2), scoirfidh an díolúine dá bhforáiltear in Airteagal 284(1) a deonaíodh do dhuine inchánach nach bhfuil bunaithe sa Bhallstát ina ndeonaítear an díolúine sin d'fheidhm a bheith aici ón tráth sin ar aghaidh.

3.   Déanfar luach comhfhreagrach an mhéid, san airgeadra náisiúnta, dá dtagraítear i mír 1, a ríomh tríd an ráta malairte a d'fhoilsigh an Banc Ceannais Eorpach an 18 Eanáir 2018 a chur i bhfeidhm.”;

(17)

in Airteagal 290, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt:

“Féadfaidh na Ballstáit na rialacha agus na coinníollacha mionsonraithe a leagan síos maidir leis an rogha sin a chur i bhfeidhm.”;

(18)

scriostar Airteagail 291 agus 292;

(19)

i dTeideal XII, Caibidil 1, cuirtear isteach Roinn seo a leanas:

“Roinn 2a

Na hoibleagáidí atá ar fhiontair bheaga dhíolmhaithe a shimpliú

Airteagal 292a

Chun críocha na Roinne seo, ciallaíonn 'fiontar beag díolmhaithe' aon duine inchánach a bhaineann tairbhe as an díolúine sa Bhallstát ina bhfuil CBL dlite mar a fhoráiltear in Airteagal 284(1) agus (2).

Airteagal 292b

Gan dochar d'Airteagal 284(3), féadfaidh na Ballstáit fiontair bheaga dhíolmhaithe atá bunaithe ina gcríoch féin agus a bhaineann úsáid as an díolúine laistigh den chríoch sin amháin, a eisiamh ón oibleagáid tús a ngníomhaíochta a shonrú de bhun Airteagal 213 agus iad a shainaithint trí bhíthin uimhir aonair de bhun Airteagal 214, ach amháin i gcás ina ndéanfaidh na fiontair sin idirbhearta a chumhdaítear le pointí (b), (d) nó (e) d'Airteagal 214.

I gcás nach ndéanfar an rogha dá dtagraítear sa chéad mhír a fheidhmiú, déanfaidh na Ballstáit nós imeachta a chur ar bun chun na fiontair bheaga dhíolmhaithe sin a shainaithint trí bhíthin uimhir aonair. Ní mhairfidh an nós imeachta um shainaithint níos mó ná 15 lá oibre ach amháin i gcásanna sonracha ina bhféadfadh níos mó ama a bheith de dhíth ar Bhallstáit do na seiceálacha is gá a dhéanamh chun cosc a chur ar imghabháil cánach.

Airteagal 292c

Féadfaidh na Ballstáit fiontair bheaga dhíolmhaithe a scaoileadh ón oibleagáid, a leagtar síos in Airteagal 250, tuairisceán CBL a chur isteach, i gcás ina bhfuil na fiontair sin bunaithe ina gcríoch féin agus inarb é laistigh den chríoch sin amháin a bhaineann siad úsáid as an díolúine siúd.

I gcás nach ndéanfar an rogha dá dtagraítear sa chéad mhír a fheidhmiú, ceadóidh na Ballstáit do na fiontair bheaga dhíolmhaithe tuairisceán CBL simplithe a chur isteach chun tréimhse a mhairfidh bliain féilire a chumhdach. Mar sin féin, féadfaidh fiontair bheaga dhíolmhaithe rogha a dhéanamh go gcuirfear i bhfeidhm an tréimhse chánach a shocraítear i gcomhréir le hAirteagal 252.

Airteagal 292d

Féadfaidh na Ballstáit fiontair bheaga dhíolmhaithe a scaoileadh ó oibleagáidí áirithe dá dtagraítear in Airteagail 217 go 271 nó ó na hoibleagáidí uile sna hairteagail sin.”;

(20)

i dTeideal XII Caibidil 1, scriostar Roinn 3;

(21)

in Airteagal 314, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

“(c)

duine inchánach eile, a mhéid a chumhdaítear soláthar earraí a dhéanfaidh an duine inchánach eile sin leis an díolúine d'fhiontair bheaga dá bhforáiltear in Airteagal 284 agus a bhfuil earraí caipitiúla i gceist leis;”.

(22)

in Airteagal 334, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

“(c)

duine inchánach eile, a mhéid a chumhdaítear soláthar earraí, a dhéanfaidh an duine inchánach sin i gcomhréir le conradh faoina bhfuil coimisiún iníoctha ar dhíolachán, leis an díolúine d'fhiontair bheaga dá bhforáiltear in Airteagal 284 agus a bhfuil earraí caipitiúla i gceist leis;”.

Airteagal 2

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh 904/2010

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 904/2010 mar a leanas:

(1)

Leasaítear Airteagal 17 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“(g)

faisnéis a bhailíonn sé de bhun d'Airteagail 284(3) agus (4) agus Airteagal 284b de Threoir 2006/112/CE”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na mionsonraí teicniúla a bhaineann leis an gceadú uathoibrithe ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 58(2).”;

(2)

in Airteagal 21, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“2b.   Maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i bpointe (g) d'Airteagal 17(1), beidh rochtain ar na mionsonraí seo a leanas ar a laghad:

(a)

uimhreacha aitheantais aonair na ndaoine inchánacha díolmhaithe arna n‐eisiúint ag an mBallstát a sholáthraíonn an fhaisnéis;

(b)

ainm, gníomhaíocht, foirm dhlíthiúil agus seoladh na ndaoine inchánacha díolmhaithe arna sainaithint leis an uimhir aitheantais aonair dá dtagraítear i bpointe (a);

(c)

an Ballstát nó na Ballstáit ina mbaineann an duine inchánach úsáid as an díolúine;

(d)

dáta tosaithe na díolúine, i mBallstát nó i mBallstáit, i leith an duine inchánach;

(e)

an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (c) agus (d) den chéad fhomhír d'Airteagal 284a(1) de Threoir 2006/112/CE;

(f)

luach iomlán na soláthairtí earraí agus/nó seirbhísí, in aghaidh na ráithe féilire arna ndéanamh sa Bhallstát ina bhfuil an duine inchánach bunaithe ag gach duine inchánach ag a bhfuil uimhir aitheantais aonair dá dtagraítear i bpointe (a);

(g)

luach iomlán na soláthairtí earraí agus/nó seirbhísí, in aghaidh na ráithe féilire, arna ndéanamh i ngach ceann de na Ballstáit seachas an ceann ina bhfuil an duine inchánach bunaithe ag gach duine inchánach ag a bhfuil uimhir aitheantais aonair dá dtagraítear i bpointe (a);

(h)

an dáta a ndeachaigh an láimhdeachas bliantúil san Aontas de chuid an duine inchánach os cionn an mhéid dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 284(2) de Threoir 2006/112/CE;

(i)

an dáta a mbeidh éifeacht ag cinneadh an duine inchánach scor go deonach den díolúine a chur i bhfeidhm agus an Ballstát nó na Ballstáit ina mbeidh éifeacht ag an scor sin;

(j)

an dáta ar ar tháinig stad le gníomhaíochtaí an duine inchánach agus an Ballstát nó na Ballstáit lena mbaineann.

Déanfar na luachanna dá dtagraítear i bpointí (e) go (g) den chéad fhomhír a shonrú ar leithligh i gcás gach tairseach a d'fhéadfadh a bheith infheidhme de bhun an dara fomhír d'Airteagal 284(1) de Threoir 2006/112/CE.”;

(3)

in Airteagal 31, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“2a.   Soláthróidh gach Ballstát deimhniú trí mheán leictreonach gur fiontar beag díolmhaithe an duine inchánach ar eisíodh ina leith an uimhir aitheantais aonair dá dtagraítear in Airteagal 284(3) de Threoir 2006/112/CE. Sonrófar an Ballstát nó na Ballstáit ina mbainfidh an duine inchánach úsáid as an díolúine sa deimhniú.”;

(4)

in Airteagal 32, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Bunaithe ar an bhfaisnéis a chuirfidh na Ballstáit ar fáil, foilseoidh an Coimisiún ar a shuíomh gréasáin mionsonraí na bhforálacha a d'fhormheas gach Ballstát agus lena dtrasuitear Airteagal 167a, Caibidil 3 de Theideal XI agus Caibidil 1 de Theideal XII de Threoir 2006/112/CE.”;

(5)

cuirtear an Chaibidil seo a leanas isteach:

CAIBIDIL Xa

FORÁLACHA A BHAINEANN LEIS AN SCÉIM SPEISIALTA i gCAIBIDIL 1 de THEIDEAL XII de THREOIR 2006/112/CE

Airteagal 37a

1.   Déanfaidh an Ballstát bunaíochta an fhaisnéis seo a leanas a tharchur go leictreonach chuig údaráis inniúla na mBallstát a dheonóidh an díolúine laistigh de 15 lá oibre ón dáta ar a mbeidh an fhaisnéis ar fáil:

(a)

a mhéid a bhaineann le daoine inchánacha a thug réamhfhógra nó uasdátú i ndáil le fógra dá dtagraítear in Airteagal 284(3) nó (4) de Threoir 2006/112/CE, an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a) agus (d) d'Airteagal 21(2b) den Rialachán seo;

(b)

a mhéid a bhaineann le daoine inchánacha ar mó a láimhdeachas bliantúil san Aontas ná an méid dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 284(2) de Threoir 2006/112/CE, an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a) agus (h) d'Airteagal 21(2b) den Rialachán seo;

(c)

maidir le daoine inchánacha nár chomhlíon na rialacha dá bhforáiltear in Airteagal 284b de Threoir 2006/112/CE, fíoras na mainneachtana sin agus an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 21(2b) den Rialachán seo.

2.   Glacfaidh an Coimisiún trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme na mionsonraí teicniúla lena n‐áirítear teachtaireacht leictreonach choiteann lena dtíolacfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 58(2).

Airteagal 37b

1.   Déanfaidh an Ballstát dar thug duine inchánach réamhfhógra nó uasdátú ina dhiaidh sin i gcomhréir le hAirteagal 284(3) nó (4) de Threoir 2006/112/CE, roimh dó an duine inchánach a shainaithint nó an uimhir aitheantais aonair a dheimhniú don duine inchánach, a ríomh ar bhonn luachanna iomlána na soláthairtí arna dtuairisciú ag an duine inchánach, nár sáraíodh tairseach láimhdeachas bliantúil an Aontais dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 284(2) den Treoir le linn na bliana féilire reatha nó na bliana féilire roimhe sin.

2.   Déanfaidh an Ballstát a dheonóidh an díolúine, laistigh de 15 lá oibre tar éis dó an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 37a(1) den Rialachán seo a fháil, deimhniú a thabhairt, go leictreonach, d'údaráis inniúla an Bhallstáit bhunaíochta, bunaithe ar luachanna iomlána na soláthairtí arna dtuairisciú ag an duine inchánach, nár sáraíodh an tairseach láimhdeachais bhliantúil dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 284(2) de Threoir 2006/112/CE le linn na bliana féilire reatha agus gur comhlíonadh na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 288a(1) den Treoir sin.

3.   Tabharfaidh an Ballstát a dheonóidh an díolúine fógra d'údaráis inniúla an Bhallstáit bhunaíochta, gan mhoill, faoin dáta ar scoir an duine inchánach de bheith incháilithe don díolúine faoi Airteagal 288a(1) de Threoir 2006/112/CE.

4.   Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na mionsonraí teicniúla, lena n‐áirítear teachtaireacht leictreonach choiteann, na bhfógraí dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 58(2).”.

Trasuí

Airteagal 3

1.   Faoin 31 Nollaig 2024, glacfaidh agus foilseoidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialacháin nó riaracháin is gá chun Airteagal 1 den Treoir seo a chomhlíonadh. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún gan mhoill.

Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2025.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear le hAirteagal 1 den Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Teacht i bhfeidhm

Airteagal 4

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag Airteagal 2 ón 1 Eanáir 2025.

Seolaithe

Airteagal 5

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 18 Feabhra 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

Z. MARIĆ


(1)  Tuairim an 11 Meán Fómhair 2018 agus tuairim an 15 Eanáir 2020 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil).

(2)  IO C 283, 10.8.2018, lch. 35.

(3)  Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 347, 11.12.2006, lch. 1).

(4)  IO C 369, 17.12.2011, lch. 14.

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 an 7 Deireadh Fómhair 2010 ón gComhairle maidir le comhar riaracháin agus calaois a chomhrac i réimse na cánach breisluacha (IO L 268, 12.10.2010, lch. 1).

(6)  IO C 461, 21.12.2018, lch. 43.


II Gníomhartha neamhreachtacha

CINNTÍ

2.3.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 62/24


CINNEADH (AE) 2020/286 ÓN GCOMHAIRLE

an 27 Feabhra 2020

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa 63ú seisiún den Choimisiún um Dhrugaí Támhshuanacha maidir le substaint amháin a chur le liosta na substaintí i dTábla I de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe i gcoinne Gáinneáil Aindleathach Drugaí Támhshuanacha agus Substaintí Síceatrópacha

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4) de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tháinig Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe i gcoinne Gáinneáil Aindleathach Drugaí Támhshuanacha agus Substaintí Síceatrópacha in 1988 (“an Coinbhinsiún”), i bhfeidhm an 11 Samhain 1990 agus thugadh an tAontas i gcrích é le Cinneadh 90/611/CEE ón gComhairle (1).

(2)

De bhun Airteagal 12(2) go (7) den Choinbhinsiún, féadfar substaintí a chur le Táblaí an Choinbhinsiúin ina liostaítear réamhtheachtaithe drugaí.

(3)

Le linn an 63ú seisiún a bheidh ar siúl ón 2 go dtí an 6 Márta 2020 i Vín, tá an Coimisiún um Dhrugaí Támhshuanacha chun cinneadh a dhéanamh maidir le substaint nua amháin a chur le Tábla I an Choinbhinsiúin.

(4)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choimisiún um Dhrugaí Támhshuanacha a bhunú mar go mbeidh éifeacht dlí ag an gcinneadh ina san Aontas agus go mbeidh sé in ann tionchar cinntitheach a imirt in inneachar dhlí an Aontais, eadhon Rialachán (CE) Uimh. 111/2005 ón gComhairle (2) agus Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3).

(5)

De réir mheasúnú an Bhoird Idirnáisiúnta um Rialú Támhshuanach, úsáidtear an tsubstaint alfa-feiniolaicéataicéatáit meitile (MAPA) go minic i monarú aindleathach amfataimín agus meitiolamfataimín. Tá fianaise ann go mbaineann fadhbanna tromchúiseacha sláinte poiblí nó fadhbanna sóisialta le méid agus fairsinge mhonarú aindleathach na ndrugaí támhshuanacha agus na substaintí síceatrópacha sin agus, dá bhrí sin, tá údar maith le alfa-phenylacetoacetate meitile (MAPA) a chur faoi rialú idirnáisiúnta. Tá monarú neamhdhleathach amfataimín agus meitiolamfataimín ina chúis le fadhbanna suntasacha sláinte poiblí agus sóisialta san Aontas. Tá teagmhais a bhaineann le gáinneáil ar alfa-feiniolaicéataicéatáit meitile (MAPA) ag tarlú níos minice agus ar scála níos mó, agus tá amfataimín agus meitiolamfataimín á n-onnmhairiú go neamhdhleathach chuig tríú tíortha ag grúpaí coireachta eagraithe san Aontas.

(6)

Ba cheart do Bhallstáit an Aontas atá ina gcomhaltaí den Choimisiún um Dhrugaí Támhshuanacha seasamh an Aontais a chur in iúl,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa 63ú seisiún den Choimisiún um Dhrugaí Támhshuanacha, cuirfear alfa-feiniolaicéataicéatáit meitile (MAPA) le Tábla I den Choinbhinsiún.

Airteagal 2

Na Ballstáit sin den Aontas atá ina gcomhaltaí den Choimisiún um Dhrugaí Támhshuanacha, cuirfidh siad in iúl an seasamh a leagtar amach in Airteagal 1, ag gníomhú go comhpháirteach dóibh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 27 Feabhra 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. HORVAT


(1)  Cinneadh 90/611/CEE ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 1990 maidir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe i gcoinne Gáinneáil Aindleathach Drugaí Támhshuanacha agus Substaintí Síceatrópacha a thabhairt i gcrích thar ceann Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (IO L 326, 24.11.1990, lch. 56).

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 111/2005 ón gComhairle an 22 Nollaig 2004 lena leagtar síos rialacha chun faireachán a dhéanamh ar thrádáil i réamhtheachtaithe drugaí idir an tAontas agus tríú tíortha (IO L 22, 26.1.2005 lch. 1).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 maidir le réamhtheachtaithe drugaí (IO L 47, 18.2.2004 lch. 1).


2.3.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 62/26


CINNEADH (AE) 2020/287 ÓN GCOMHAIRLE

an 27 Feabhra 2020

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sna Coistí ábhartha de chuid Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip a mhéid a bhaineann leis na tograí le haghaidh modhnuithe ar Rialacháin de chuid na Náisiún Aontaithe Uimh. 10, 26, 28, 46, 48, 51, 55, 58, 59, 62, 79, 90, 106, 107, 110, 117, 121, 122, 128, 144, 148, 149, 150, 151 agus 152 de chuid na Náisiún Aontaithe, maidir leis na tograí le haghaidh modhnuithe ar Rialacháin Theicniúla Dhomhanda Uimh. 3, 6, agus 16, i dtaca leis na tograí le haghaidh údaruithe chun leasuithe a dhéanamh ar Rialachán Comhdhlúithe R. E.5 a dhéanamh agus maidir leis na tograí le haghaidh údaruithe chun leasú a fhorbairt ar RTD Uimh. 6 agus RTD nua a fhorbairt maidir le Cumhacht Feithiclí Leictrithe a chinneadh

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh 97/836/CE (1) ón gComhairle, d’aontaigh an tAontas Eorpach do Chomhaontú Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (CENAE) maidir le saintreoracha teicniúla aonfhoirmeacha a ghlacadh i gcomhair feithiclí rothacha, trealaimh agus páirteanna ar féidir iad a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha agus maidir leis na coinníollacha le haghaidh aitheantas frithpháirteach i gcás ceaduithe a dheonaítear ar bhonn na saintreoracha sin (‘Comhaontú Leasaithe 1958’). Comhaontú Athbhreithnithe 1958, tháinig sé i bhfeidhm an 24 Márta 1998.

(2)

Trí Chinneadh 2000/125/CE ón gComhairle (2) d’aontaigh an tAontas leis an gComhaontú maidir le rialacháin theicniúla dhomhanda a leagan síos i gcomhair feithiclí rothacha, trealaimh agus páirteanna ar féidir iad a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha (an “Comhaontú Comhthreomhar”). Tháinig an Comhaontú Comhthreomhar i bhfeidhm an 15 Feabhra 2000.

(3)

De bhun Airteagal 1 de Chomhaontú Athbhreithnithe 1958 agus Airteagal 6 den Chomhaontú Comhthreomhar, i dtaca leis na tograí le haghaidh modhnuithe ar Rialacháin de chuid na Náisiún Aontaithe arna nglacadh faoi Chomhaontú Athbhreithnithe 1958 (Rialacháin de chuid na Náisiún Aontaithe) Uimh. 10, 26, 28, 46, 48, 51, 55, 58, 59, 62, 79, 90, 106, 107, 110, 117, 121, 122, 128, 144, 148, 149, 150, 151 agus 152, na tograí le haghaidh modhnuithe ar Rialacháin Theicniúla Dhomhanda (RTD) Uimh. 3, 6, agus 16, an togra le haghaidh leasuithe ar Rún Comhdhlúite R.E.5, agus na tograí le haghaidh údaruithe chun leasú ar RTD Uimh. 6 a fhorbairt agus RTD nua a fhorbairt i dtaca le Cumhacht Feithiclí Leictrithe (DEVP) a chinneadh, féadfaidh an Fóram Domhanda um Chomhchuibhiú Rialachán d’Fheithclí faoi choimirce Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip UNECE (WP.29) iad a ghlacadh, mar is infheidhme.

(4)

Tá WP.29, le linn an 180ú seisiún den Fhóram Domhanda a thionólfar idir an 10 agus an 12 Márta 2020, leis na gníomhartha thuas a ghlacadh i ndáil leis na forálacha riaracháin agus na saintreoracha teicniúla aonfhoirmeacha maidir le ceadú agus RTDannale haghaidh feithiclí rothacha, trealaimh agus páirteanna ar féidir iad a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha.

(5)

Is iomchuí an seasamh a bheidh le glacadh thar ceann an Aontais a leagan síos in WP.29 a mhéid a bhaineann le tograí a ghlacadh le haghaidh Rialacháin de chuid na Náisiún Aontaithe, mar go mbeidh Rialacháin de chuid na Náisiún Aontaithe ceangailteach agus féadfaidh siad tionchar cinntitheach a imirt ar inneachar dhlí an Aontais i réimse an chineálcheadaithe feithicle.

(6)

Le Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) cuireadh nós imeachta ceadaithe an Aontais in ionad chórais cheadaithe na mBallstát agus leagadh síos creat comhchuibhithe ina bhfuil forálacha riaracháin agus ceanglais theicniúla ghinearálta maidir le gach feithicil, córas, comhpháirt nua agus gach aonad teicniúil ar leithligh. Rinne an Treoir sin (‘Rialacháin de chuid na Náisiún Aontaithe’) a ionchorprú i gcóras cineálcheadaithe an Aontais Eorpaigh, mar cheanglais maidir le cineálcheadú nó mar roghanna malartacha ar reachtaíocht an Aontais. Ó glacadh Treoir 2007/46/CE, tá méadú ag teacht ar an líon rialachán de chuid na Náisiún Aontaithe atá á n-ionchorprú i reachtaíocht an Aontais.

(7)

I bhfianaise taithí agus forbairtí teicniúla, na ceanglais a bhaineann le heilimintí nó gnéithe áirithe a chumhdaítear le Rialacháin de chuid na Náisiún Aontaithe Uimh. 10, 26, 28, 46, 48, 51, 55, 58, 59, 62, 79, 90, 106, 107, 110, 117, 121, 122, 128, 144, 148, 149, 150, 151 agus 152, is gá iad a leasú nó a fhorlíonadh. Ina theannta sin, is gá forálacha áirithe i GTR Uimh. 3, 6, agus 16 a mhodhnú. Ar deireadh, na leasuithe ar Rún Comhdhlúithe R.E.5 agus na húdaruithe chun leasú ar RTD Uimh 6 a fhorbairt agus RTD nua a fhorbairt maidir le (DEVP) a chinneadh, is gá iad a ghlacadh.

(8)

Doiciméad oibre ECE/TRANS/WP.29/2020/25 de chuid WP.29, baineann sé le togra le haghaidh Fhorlíonadh 2 a ghabhann le Rialachán Uimh. 144 de chuid na Náisiún Aontaithe (Córais Ghlaonna Éigeandála i gcás Timpiste), agus níl sé réidh le cur chun vóta in WP.29.

(9)

Doiciméad oibre ECE/TRANS/WP.29/2020/2 de chuid WP.29, baineann sé le togra le haghaidh Fhorlíonadh 1 a ghabhann le sraith leasuithe 08 ar Rialachán Uimh. 9 de chuid na Náisiún Aontaithe (Torann ó fheithiclí trí roth). Ós rud é nach bhfuil forálacha aonfhoirmeacha Rialachán Uimh. 9 de chuid na Náisiún Aontaithe á gcur i bhfeidhm ag an Aontas, ní gá seasamh an Aontais a leagan síos maidir le togra ECE/TRANS/WP.29/2020/2.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Is éard atá sa seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais in WP.29 le linn an 180ú seisiún a thionólfar idir an 10 agus an 12 Márta 2020, vótáil i bhfabhar na dtograí a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo a bheidh sé.

Airteagal 2

Is éard atá sa seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais in WP.29 le linn an 180ú seisiún a thionólfar idir an 10 agus an 12 Márta 2020, vótáil i gcoinne an togra le haghaidh Forlíonadh 2 a ghabhann le Rialachán Uimh. 144 de chuid na Náisiún Aontaithe (Córais Ghlaonna Éigeandála i gcás Timpiste, doiciméad oibre ECE/TRANS/WP.29/2020/25).

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 27 Feabhra 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. HORVAT


(1)  Cinneadh 97/836/CE ón gComhairle an 27 Samhain 1997 d’fhonn go n-aontóidh an Comhphobal Eorpach do Chomhaontú Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip maidir le saintreoracha teicniúla aonfhoirmeacha a ghlacadh i gcomhair feithiclí rothacha, trealaimh agus páirteanna ar féidir iad a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha agus maidir leis na coinníollacha le haghaidh aitheantas frithpháirteach i gcás ceaduithe a dheonaítear ar bhonn na saintreoracha sin (‘Comhaontú Leasaithe 1958’) (IO L 346, 17.12.1997, lch. 78).

(2)  Cinneadh 2000/125/CE ón gComhairle an 31 Eanáir 2000 maidir leis an gComhaontú a thabhairt i gcrích i ndáil le rialacháin theicniúla dhomhanda a leagan síos i gcomhair feithiclí rothacha, trealaimh agus páirteanna ar féidir iad a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha (‘Comhaontú Comhthreomhar’) (IO L 35, 10.2.2000, lch. 12).

(3)  Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meán Fómhair 2007 lena leagtar síos creat le haghaidh ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá beartaithe do na feithiclí sin (Treoir Réime) (IO L 263, 9.10.2007, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Rialachán Uimh.

Teideal mhír an chláir oibre

Tagairt do dhoiciméad (1)

10

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 1 a ghabhann le sraith leasuithe 06 de Rialachán Uimh. 10 de chuid NA (comhoiriúnacht leictreamaighnéadach)

ECE/TRANS/WP.29/2020/30

26

Togra le haghaidh sraith leasuithe 04 de Rialachán Uimh. 26 de chuid NA (starráin sheachtracha ar ghluaisteáin phaisinéirí)

ECE/TRANS/WP.29/2020/26

26

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 4 a ghabhann le sraith leasuithe 03 de Rialachán Uimh. 26 de chuid NA (starráin sheachtracha ar ghluaisteáin phaisinéirí)

ECE/TRANS/WP.29/2020/15

28

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 6 a ghabhann leis an tsraith bhunaidh leasuithe de Rialachán Uimh. 28 de chuid NA (feistí rabhaidh inchloiste)

ECE/TRANS/WP.29/2020/3

46

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 7 a ghabhann le sraith leasuithe 04 de Rialachán Uimh. 46 de chuid NA (feistí amhairc neamhdhírigh)

ECE/TRANS/WP.29/2020/16

46

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 8 a ghabhann le sraith leasuithe 04 de Rialachán Uimh. 46 de chuid NA (feistí amhairc neamhdhírigh)

ECE/TRANS/WP.29/2020/17

48

Togra le haghaidh shraith nua leasuithe 07 de Rialachán Uimh. 48 de chuid NA (suiteáil feistí soilsiúcháin agus feistí solaschomharthaíochta)

ECE/TRANS/WP.29/2020/36, WP.29-180-07

51

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 6 a ghabhann le sraith leasuithe 03 de Rialachán Uimh. 51 de chuid NA (torann ó fheithiclí i gcatagóirí M agus N)

ECE/TRANS/WP.29/2020/4

55

Togra le haghaidh sraith leasuithe 02 de Rialachán Uimh. 55 de chuid NA (cúpláin mheicniúla)

ECE/TRANS/WP.29/2020/27

58

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 1 a ghabhann le sraith leasuithe 03 de Rialachán Uimh. 58 de chuid NA (feistí cosanta fochrochta cúil)

ECE/TRANS/WP.29/2020/19

59

Togra le haghaidh sraith nua leasuithe 03 de Rialachán Uimh. 59 de chuid NA (córais thosta athsholáthair)

ECE/TRANS/WP.29/2020/7

62

Togra le haghaidh shraith leasuithe 01 a ghabhann le Rialachán Uimh. 62 (feistí frithghadaíochta (móipéidí/gluaisrothair))

ECE/TRANS/WP.29/2020/28

79

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 2 a ghabhann le sraith leasuithe 03 de Rialachán Uimh. 79 de chuid NA (trealamh stiúrtha)

ECE/TRANS/WP.29/2020/11

90

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 5 a ghabhann le sraith leasuithe 02 de Rialachán Uimh. 90 de chuid NA (comhpháirteanna athsholáthair coscán)

ECE/TRANS/WP.29/2020/8

106

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 18 a ghabhann leis an tsraith bhunaidh leasuithe de Rialachán Uimh. 106 de chuid NA (boinn le haghaidh feithiclí talmhaíochta)

ECE/TRANS/WP.29/2020/5

107

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 9 a ghabhann le sraith leasuithe 06 de Rialachán Uimh. 107 de chuid NA (feithiclí M2 agus M3)

ECE/TRANS/WP.29/2020/12

107

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 4 a ghabhann le sraith leasuithe 07 de Rialachán Uimh. 107 de chuid NA (feithiclí M2 agus M3)

ECE/TRANS/WP.29/2020/13

107

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 3 a ghabhann le sraith leasuithe 08 de Rialachán Uimh. 107 de chuid NA (feithiclí M2 agus M3)

ECE/TRANS/WP.29/2020/14

110

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 1 a ghabhann le sraith leasuithe 04 de Rialachán Uimh. 110 de chuid NA (feithiclí gáis nádúrtha chomhbhrúite agus gáis nádúrtha leachtaithe)

ECE/TRANS/WP.29/2020/20

110

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 2 a ghabhann le sraith leasuithe 04 de Rialachán Uimh. 110 de chuid NA (feithiclí gáis nádúrtha chomhbhrúite agus gáis nádúrtha leachtaithe)

ECE/TRANS/WP.29/2020/21

117

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 11 a ghabhann le sraith leasuithe 02 de Rialachán Uimh. 117 de chuid NA (friotaíocht rollta bonn, torann rollta agus fliuchghreim)

ECE/TRANS/WP.29/2020/6

121

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 4 a ghabhann le sraith leasuithe 01 de Rialachán Uimh. 121 de chuid NA (sainaithint rialaitheoirí, nodchomharthaí agus táscairí)

ECE/TRANS/WP.29/2020/22

122

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 6 a ghabhann le Rialachán Uimh. 122 (córais téimh)

ECE/TRANS/WP.29/2020/23

128

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 10 a ghabhann leis an leagan bunaidh de Rialachán Uimh. 128 de chuid NA

ECE/TRANS/WP.29/2020/31

144

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 1 a ghabhann le Rialachán Uimh. 144 (córais ghlaoite éigeandála um thionóiscí)

ECE/TRANS/WP.29/2020/24

144

Togra le haghaidh shraith leasuithe 01 a ghabhann le Rialachán Uimh. 144 (córais ghlaoite éigeandála um thionóiscí)

ECE/TRANS/WP.29/2020/29

148

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 2 a ghabhann leis an tsraith bhunaidh de Rialachán Uimh. 148 de chuid NA maidir le feistí solaschomharthaíochta (LSD)

ECE/TRANS/WP.29/2020/32

149

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 2 a ghabhann leis an tsraith bhunaidh de Rialachán Uimh. 149 de chuid NA maidir le feistí soilsiúcháin bóithre

ECE/TRANS/WP.29/2020/33

150

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 2 a ghabhann leis an tsraith bhunaidh de Rialachán Uimh. 150 de chuid NA maidir le feistí ais-fhrithchaite

ECE/TRANS/WP.29/2020/34

151

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 1 a ghabhann le Rialachán Uimh. 151 (córais faisnéise um chaochspotaí)(BSIS)

ECE/TRANS/WP.29/2020/18, WP.29-180-05

152

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 1 a ghabhann le Rialachán Uimh. 152 (AEBS le haghaidh feithiclí i gcatagóirí M1 agus N1)

ECE/TRANS/WP.29/2020/9

152

Togra le haghaidh shraith leasuithe 01 a ghabhann le Rialachán Uimh. 152 (AEBS le haghaidh feithiclí i gcatagóirí M1 agus N1)

ECE/TRANS/WP.29/2020/10


Uimh. GTR

Teideal mhír an chláir oibre

Tagairt do dhoiciméad

3

Togra le haghaidh Leasú 4 ar GTR Uimh. 3 (coscánú gluaisrothair)

Togra le haghaidh tuarascáil theicniúil faoi Leasú 4 ar GTR Uimh. 3 (coscánú gluaisrothair)

Údarú chun leasuithe ar GTR Uimh. 3 a fhorbairt

ECE/TRANS/WP.29/2020/47

ECE/TRANS/WP.29/2020/48

ECE/TRANS/WP.29/AC.3/47

6

Togra le haghaidh Leasú 2 ar GTR Uimh. 6 (gloiniú sábháilteachta)

Togra le haghaidh tuarascáil theicniúil faoi Leasú 2 ar GTR Uimh. 6 (gloiniú sábháilteachta)

Údarú chun leasuithe ar GTR Uimh. 6 a fhorbairt

ECE/TRANS/WP.29/2020/43

ECE/TRANS/WP.29/2020/44

ECE/TRANS/WP.29/AC.3/52

6

Togra le haghaidh Leasú 3 ar GTR Uimh. 6 (gloiniú sábháilteachta)

Togra le haghaidh tuarascáil theicniúil faoi Leasú 3 ar GTR Uimh. 6 (gloiniú sábháilteachta)

Údarú chun leasú ar GTR Uimh. 6 a fhorbairt

ECE/TRANS/WP.29/2020/45

ECE/TRANS/WP.29/2020/46

ECE/TRANS/WP.29/AC.3/52

16

Togra le haghaidh Leasú 2 ar GTR Uimh. 16 (Boinn)

Togra le haghaidh tuarascáil theicniúil faoi Leasú 2 ar GTR Uimh. 16 (boinn)

Údarú chun leasuithe ar GTR Uimh. 6 a fhorbairt

ECE/TRANS/WP.29/2020/41

ECE/TRANS/WP.29/2020/42

ECE/TRANS/WP.29/AC.3/48/Rev.1


Uimh. Rúin

Teideal mhír an chláir oibre

Tagairt do dhoiciméad

R.E.5

Togra le haghaidh leasú 5 ar an Rún Comhdhlúite maidir leis an tsonraíocht choiteann le haghaidh catagóirí foinsí solais (R.E.5)

ECE/TRANS/WP.29/2020/37


Nithe Ilghnéitheacha

Teideal mhír an chláir oibre

Tagairt do dhoiciméad

 

Údarú chun leasú ar GTR a fhorbairt (gloiniú sábháilteachta)

ECE/TRANS/WP.29/AC.3/55

 

Údarú Athbhreithnithe chun GTR

ECE/TRANS/WP.29/AC.3/53/Rev.1


(1)  Tá na doiciméid go léir dá dtagraítear sa tábla ar fáil ag: http://www.unece.org/trans/main/wp29/wp29wgs/wp29gen/gen2020.html