ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 60

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

63
28 Feabhra 2020


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

COMHAONTUITHE IDIRNÁISIÚNTA

 

*

Rialachán (AE) 2020/271 ón gComhairle an 20 Feabhra 2020 maidir le leithdháileadh na ndeiseanna iascaireachta faoin bPrótacal ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Séiséal (2020-2026)

1

 

*

Cinneadh (AE) 2020/272 ón gComhairle an 20 Feabhra 2020 i dtaca le siniú, thar cheann an Aontais Eorpaigh, agus cur chun feidhme sealadach an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus agus Poblacht na Séiséal agus a phrótacal cur chun feidhme (2020-2026)

3

GA


II Gníomhartha neamhreachtacha

COMHAONTUITHE IDIRNÁISIÚNTA

28.2.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 60/1


RIALACHÁN (AE) 2020/271 ÓN GCOMHAIRLE

an 20 Feabhra 2020

maidir le leithdháileadh na ndeiseanna iascaireachta faoin bPrótacal ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Séiséal (2020-2026)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 15 Iúil 2019, thug an Chomhairle údarú don Choimisiún idirbheartaíocht a thosú le Poblacht na Séiséal (“Na Séiséil”) d'fhonn Comhaontú Comhpháirtíochta nua maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Séiséal (“Comhaontú Comhpháirtíochta”) a thabhairt i gcrích , mar aon le Prótacal Chur Chun Feidhme leis (“an Prótacal”).

(2)

Tugadh an t‐idirbheartú i gcrích go rathúil an 22 Deireadh Fómhair 2019 trí inisealú an Chomhaontaithe agus an Phrótacail.

(3)

Leis an gComhaontú Comhpháirtíochta aisghairtear an Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh (FPA) idir an tAontas Eorpach agus na Séiséil (1), a tháinig i bhfeidhm an 2 Samhain 2007 ar feadh tréimhse 6 bliana agus a rinneadh a athnuachan go hintuigthe, agus, a atá fós i bhfeidhm, dá bhrí sin.

(4)

Síníodh an Prótacal is déanaí lena gcuirtear an Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus na Séiséil (2) an 18 Nollaig 2013 agus cuireadh i bhfeidhm é go sealadach ón 18 Eanáir 2014. Chuaigh sé in éag an 17 Eanáir 2020.

(5)

I gcomhréir le Cinneadh (AE) 2020/272 (3) ón gComhairle., síníodh an Comhaontú Comhpháirtíochta agus an Prótacal an 24 Feabhra 2020, faoi réir a dtabhairt i gcrích tráth níos déanaí.

(6)

Na deiseanna iascaireachta dá bhforáiltear sa Phrótacal, ba cheart iad a leithdháileadh ar na Ballstáit ar feadh na tréimhse iomláine a gcuirfear an Prótacal i bhfeidhm lena linn.

(7)

Ba cheart an Comhaontú Comhpháirtíochta agus an Prótacal, teacht i bhfeihdm a luaithe is féidir i bhfianaise tábhacht eacnamaíoch ghníomhaíochtaí iascaireachta an Aontais i limistéar iascaireachta na Séiséal a bhaineann sí, é sin agus an gá atá ann an cur isteach ar ghníomhaíochtaí den sórt sin a laghdú a oiread is féidir.

(8)

Is ar bhonn sealadach a bheidh feidhm ag an bPrótacal ó dháta a shínithe chun go bhféadfaidh soithí an Aontais leanúint de ghníomhaíochtaí iascaireachta. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón dáta céanna amach,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Na deiseanna iascaireachta a bhunaítear faoin bPrótacal a bhaineann le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Séiséal (2020/2026) (“an Prótacal”), déanfar na deiseanna iascaireachta sin a leithdháileadh ar na Ballstáit mar seo a leanas:

(a)

soithí peaslín saighne tuinníní:

An Spáinn:

22

soithí

An Fhrainc:

16

Soithí

An Iodáil:

2

soithí

(b)

soithí spiléireachta ar fuaidreamh;

An Spáinn:

2

soithí

An Fhrainc:

4

Soithí

An Phortaingéil:

2

soithí

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 24 Feabhra 2020.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Feabhra 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

B. DIVJAK


(1)  IO L 290, 20.10.2006, lch. 2.

(2)  Protacal lena leagtar amach na deiseanna iascaireachta agus an ranníocaíocht airgeadais dá bhforáiltear sa Chomhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Séiséal (IO L 4, 9.1.2014, lch. 3).

(3)  Cinneadh (AE) 2020/272 ón gComhairle an 20 Feabhra 2020 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Unbhuanaithe idir an Chomhphobal Eorpach agus Poblacht na Séiséal agus an prótacal chur chun feidhme (2020-2026) (Féach leathanach 3 den Iris Oifigiúil seo).


28.2.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 60/3


CINNEADH (AE) 2020/272 ÓN GCOMHAIRLE

an 20 Feabhra 2020

i dtaca le siniú, thar cheann an Aontais Eorpaigh, agus cur chun feidhme sealadach an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus agus Poblacht na Séiséal agus a phrótacal cur chun feidhme (2020-2026)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43, i gcomhar le hAirteagal 218(5) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 15 Iúil 2019, thug an Chomhairle údarú don Choimisiún idirbheartaíocht a thosú le Poblacht na Séiséal ("na Séiséil"), d'fhonn Comhaontú Comhpháirtíochta nua maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Séiséal (an "Comhaontú Comhpháirtíochta"), agus prótacal chur chun feidhme a ghabhann leis ("an Prótacal") a thabhairt i gcrích.

(2)

Tugadh an chaibidilíocht i gcrích go rathúíl an 22 Deireadh Fómhair 2019 nuair a rinneadh an Comhaontú agus an Prótacal a inisiliú.

(3)

Leis an gComhaontú Comhpháirtíochta aisghairtear an Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht na Séiséal (1), comhaontú a tháinig i bhfeidhm an 2 Samhain 2007 ar feadh tréimhse sé bliana agus a rinneadh a athnuachan go hintuigthe, agus dá bhrí sin, is comhaontú é atá fós i bhfeidhm.

(4)

Síniodh an prótacal is déanaí lena gcuirtear chun feidhme an Comhaontú Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Séiséal (2) an 18 Nollaig 2013 agus cuireadh i bhfeidhm go sealadach é ón 18 Eanáir 2014. Chuaigh an prótacal sin in éag an 17 Eanáir 2020.

(5)

Is é is cuspóir don Chomhaontú Comhpháirtíochta agus don Phrótacal cur ar chumas an Aontais agus Phoblacht na Séiséal oibriú níos dlúithe le chéile chun forbairt an bheartais iascaigh inbhuanaithe a chur chun cinn, agus chun saothrú acmhainní iascaigh i limistéar iascaireachta na Séiséal agus san Aigéan Indiach a éascú ar bhealach freagrach, agus chun tacú le dálaí córa oibre in earnáil na hiascaireachta san am céanna.

(6)

Ba cheart go dtiocfadh an Comhaontú Comhpháirtíochta agus an Prótacal i bhfeidhm a luaithe is féidir i bhfianaise na tábhachta eacnamaíche a bhaineann le gníomhaíochtaí iascaireachta an Aontais i limistéar iascaireachta na Séiséal agus an ghá atá ann an cur isteach ar ghníomhaíochtaí den sórt sin a laghdú a oiread is féidir.

(7)

Chun go mbeidh soithí an Aontais in ann leanúint de ghníomhaíochtaí iascaireachta, ba cheart an Comhaontú Comhpháirtíochta agus an Prótacal a chur i bhfeidhm ar bhonn sealadach ar iad a shíniú.

(8)

Dá bhrí sin, ba cheart an Comhaontú Comhpháirtíochta agus an Prótacal a shíniú agus ba cheart iad a chur i bhfeidhm ar bhonn sealadach, go dtí go gcomhlíonfar na nósanna imeachta is gá chun go dtiocfaidh siad i bhfeidhm,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Údaraítear leis seo, thar ceann an Aontais, síniú an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Séiséal ("an Comhaontú Comhpháirtíochta") agus an Prótacal i dtaca leis an gComhaontú Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe a Chur Chun Feidhme idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Séiséal (2020-2026) ("an Prótacal"), faoi réir thabhairt i gcrích na n‐ionstraimí sin (3).

Airteagal 2

Údaraítear leis seo d’Uachtarán na Comhairle an duine nó na daoine a ainmniú atá cumhachtaithe an Comhaontú a shíniú, faoi réir a thabhairt i gcrích.

Airteagal 3

Cuirfear an Comhaontú Comhpháirtíochta agus an Prótacal i bhfeidhm, i gcomhréir le hAirteagal 15 den Chomhaontú Comhpháirtíochta, ar bhonn sealadach ó dháta a shínithe go dtí go dtiocfaidh sé i bhfeidhm (4).

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá a ghlacfar é.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 20 Feabhra 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

B. DIVJAK


(1)  IO L 290, 20.10.2006, lch. 2.

(2)  Protacal lena leagtar amach na deiseanna iascaireachta agus an ranníocaíocht airgeadais dá bhforáiltear sa Chomhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh atá i bhfeidhm idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Séiséal (IO L 4, 9.1.2014, lch. 3).

(3)  Féach leathanach 5 den Iris Oifigiúil seo.

(4)  Foilseoidh Ardrúnaíocht na Comhairle an dáta óna gcuirfear an Comhaontú Comhpháirtíochta agus an Prótacal i bhfeidhm go sealadach in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.