ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 58

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

63
27 Feabhra 2020


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) 2020/261 ón gComhairle an 19 Nollaig 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 389/2012 maidir le comhar riaracháin i réimse na ndleachtanna máil a mhéid a bhaineann le hábhar na gclár leictreonach

1

 

 

TREORACHA

 

*

Treoir (AE) 2020/262 ón gComhairle an 19 Nollaig 2019 lena leagtar síos na socruithe ginearálta maidir le dleacht mháil (athmhúnlú)

4

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (AE) 2020/263 ó Pharlaimint na Heorpa agus ón Gcomhairle an 15 Eanáir 2020 maidir le ríomhairiú gluaiseachta agus faireacháin earraí máil (athmhúnlú)

43

 

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (AE) 2020/264 ó Pharlaimint na Heorpa agus ón Gcomhairle an 27 Samhain 2019 maidir le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a shlógadh chun foráil a dhéanamh maidir le réamhíocaíochtaí a íoc i mbuiséad ginearálta an Aontais do 2020

49

 

*

Cinneadh (AE) 2020/265 Ó Pharlaimint Na Heorpa Agus Ón Gcomhairle an 27 Samhain 2019 maidir le leas a bhaint as an Ionstraim Sholúbthachta chun bearta buiséadacha láithreacha a mhaoiniú chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin leanúnacha na himirce, insreabhadh na ndídeanaithe agus na mbagairtí slándála

51

 

*

Cinneadh (AE, Euratom) 2020/266 ón gComhairle an 25 Feabhra 2020 lena n-údaraítear tús a chur le caibidlíocht le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann maidir le comhaontú nua comhpháirtíochta

53

GA


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

27.2.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 58/1


RIALACHÁN (AE) 2020/261 ÓN GCOMHAIRLE

an 19 Nollaig 2019

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 389/2012 maidir le comhar riaracháin i réimse na ndleachtanna máil a mhéid a bhaineann le hábhar na gclár leictreonach

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 113 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 389/2012 (3) ón gComhairle leagtar síos oibleagáid do na Ballstáit cothabháil a dhéanamh ar chláir leictreonacha d'údaruithe ar oibreoirí eacnamaíocha agus ar thrádstórais atá i mbun earraí máil a ghluaiseacht faoi shocrú fionraí dleachta.

(2)

Le Treoir (AE) 2020/262 ón gComhairle (4), déantar úsáid an chórais ríomhairithe faoi Chinneadh (AE) 2020/262 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5)+, atá á úsáid faoi láthair chun maoirseacht a dhéanamh ar ghluaiseachtaí earraí máil faoi fhionraí dleachta, a leathnú amach chun go n-úsáidfear é freisin chun maoirseacht a dhéanamh ar earraí máil arna scaoileadh lena dtomhailt i gcríoch Ballstáit amháin agus a ghluaistear go críoch Ballstáit eile lena seachadadh chun críoch tráchtála.

(3)

Chun go bhféadfar an córas ríomhairithe a fheidhmiú i gceart trína áirithiú go ndéanfar sonraí iomlána, cothrom le dáta agus cruinne a stóráil, is gá raon feidhme Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 389/2012 a leasú chun dhá chatagóir nua d'oibreoirí eacnamaíocha a áireamh: coinsíneoirí deimhnithe atá cláraithe mar choinsíneoirí le haghaidh earraí máil a scaoileadh cheana féin lena dtomhailt agus coinsínithe deimhnithe atá cláraithe mar choinsínithe le haghaidh earraí máil a scaoileadh cheana féin lena dtomhailt.

(4)

I gcomhréir le hAirteagal 22 de Threoir (AE) 2020/262, i gcás gluaiseacht táirgí fuinnimh faoi shocrú fionraí dleachta ar muir nó ar uiscebhealaí intíre, d'fhéadfadh údaráis inniúla an Bhallstáit seolta a údarú don choinsíneoir sonraí an choinsíní a fhágáil ar lár tráth an tseolta sa dréachtdoiciméad riaracháin leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 20(2) den Treoir sin. I gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 389/2012, is é coimeádaí údaraithe stórais amháin a áireoidh an fhaisnéis sin sa chlár leictreonach. Tá sé ríthábhachtach go mbeadh an coinsíneoir cláraithe in ann an fhaisnéis a chur isteach sa chlár leictreonach maidir lena cheart chun sonraí an choinsíní a fhágáil ar lár tráth an tseolta.

(5)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon leathnú amach an chláir leictreonaigh chun oibreoirí eacnamaíocha a ghluaiseann earraí máil arna scaoileadh lena dtomhailt, a ghnóthú go leordhóthanach, agus de bharr áirithiú fheidhmiú comhchuibhithe an chórais ríomhairithe agus éascú chomhrac na calaoise, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(6)

Leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe an ceart chun sonraí pearsanta a chosaint. I bhfianaise na dteorainneacha arna socrú leis an Rialachán reatha, ní théann próiseáil na sonraí sin a dhéantar faoi chreat an Rialacháin seo thar a bhfuil riachtanach agus comhréireach chun leas fioscach dlisteanach na mBallstát a chosaint.

(7)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6).

(8)

Chun dáta cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a ailíniú le dáta cur i bhfeidhm fhorálacha Threoir (AE) 2020/262 maidir le huathoibriú gluaiseachtaí earraí máil a scaoileadh lena dtomhailt i gcríoch Ballstáit amháin agus a ghluaistear go críoch Ballstáit eile chun go seachadtar chun críoch tráchtála i gcríoch an Bhallstáit eile sin iad agus chun go gceadófar dóthain ama do na Ballstáit chun ullmhú do na hathruithe a eascraíonn as an Rialachán seo, ba cheart feidhm a bheith aige ón 13 Feabhra 2023.

(9)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 389/2012 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Airteagal 19 i Rialachán (CE) Uimh. 389/2012 mar a leanas:

(1)

i bpointe (a) de mhír 1, cuirtear isteach na pointí seo a leanas:

“(iv)

coinsínithe deimhnithe de réir bhrí phointe (12) d'Airteagal 3 de Threoir (AE) 2020/262 ón gComhairle (*1);

(v)

coinsínithe deimhnithe de réir bhrí phointe (13) d'Airteagal 3 de Threoir (AE) 2020/262;

(*1)  Treoir (AE) 2020/262 ón gComhairle an 19 Nollaig 2019 lena leagtar síos na socruithe ginearálta maidir le dleacht mháil (IO L 058, 27.2.2020 lch. 4.).”;"

(2)

leasaítear mír 2 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (f) agus (g):

“(f)

i gcás coimeádaithe údaraithe stórais, an stóras cánach nó an liosta de na stórais cánach a bhfuil feidhm ag a n-údarú maidir leis agus, más infheidhme faoin reachtaíocht náisiúnta, léiriú go bhfuil údarú acu sonraí an choinsíní a fhágáil ar lár tráth an tseolta i gcomhréir le hAirteagal 22 de Threoir (AE) 2020/262, go bhfuil údarú acu gluaiseacht a roinnt i gcomhréir le hAirteagal 23 den Treoir sin nó go bhfuil údarú acu earraí máil a ghluaiseacht go áit seachadta dhírigh i gcomhréir le hAirteagal 16(4) den Treoir sin, agus léiriú go bhfuil sé nó sí ag gníomhú mar choinsíneoir deimhnithe nó mar choinsíní deimhnithe i gcomhréir le hAirteagal 35(6) agus (7) den Treoir sin;

(g)

i gcás coinsínithe cláraithe, más infheidhme faoin reachtaíocht náisiúnta, léiriú go bhfuil údarú aige nó aici earraí máil a ghluaiseacht go dtí áit seachadta dhírigh i gcomhréir le hAirteagal 16(4) de Threoir (AE) 2020/262, agus léiriú go bhfuil sé nó sí ag gníomhú mar choinsíní deimhnithe i gcomhréir le hAirteagal 35(7) den Treoir sin,”;

(b)

cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“(k)

i gcás coinsíneoirí cláraithe, léiriú go bhfuil údarú aige nó aici sonraí an choinsíní a fhágáil ar lár tráth an tseolta i gcomhréir le hAirteagal 22 de Threoir (AE) 2020/262, agus léiriú go bhfuil sé nó sí ag gníomhú mar choinsíneoir deimhnithe i gcomhréir le hAirteagal 35(6) den Treoir sin.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 13 Feabhra 2023.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 19 Nollaig 2019.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

K. MIKKONEN


(1)  Tuairim an 3 Deireadh Fómhair 2018 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Tuairim an 17 Deireadh Fómhair 2018 (IO C 62, 15.2.2019, lch. 108).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 389/2012 ón gComhairle an 2 Bealtaine 2012 maidir le comhar riaracháin i réimse na ndleachtanna máil agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2073/2004 (IO L 121, 8.5.2012, lch. 1).

(4)  Treoir (AE) 2020/262 ón gComhairle an 19 Nollaig 2019 lena leagtar síos na socruithe ginearálta do dhleacht mháil (Féach leathanach 4 den Iris Oifigiúil seo).

(5)  Cinneadh (AE) 2020/262 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2020 maidir le ríomhairiú gluaiseachta agus faireacháin earraí máil (Féach leathanach 43 den Iris Oifigiúil seo).

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).


TREORACHA

27.2.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 58/4


TREOIR (AE) 2020/262 ÓN gCOMHAIRLE

an 19 Nollaig 2019

lena leagtar síos na socruithe ginearálta maidir le dleacht mháil

(athmhúnlú)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 113 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rinneadh Treoir 2008/118/CE ón gComhairle (3) a leasú go suntasach roinnt uaireanta. Ós rud é go bhfuil tuilleadh leasuithe le déanamh uirthi, ba cheart an Treoir sin a athmhúnlú ar mhaithe le soiléireacht.

(2)

Na coinníollacha maidir le dleacht mháil a mhuirearú ar earraí a chumhdaítear le Treoir 2008/118/CE, ní mór dóibh fanacht comhchuibhithe chun feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú.

(3)

Is iomchuí na hearraí máil a bhfuil feidhm ag an Treoir seo maidir leo a shonrú agus tagairt a dhéanamh, chun na críche sin, do Threoracha 92/83/CEE (4), 92/84/CEE (5), 2003/96/CE (6) agus 2011/64/AE (7) ón gComhairle .

(4)

D'fhéadfadh earraí máil a bheith faoi réir cánacha indíreacha eile chun críocha sonracha. I gcásanna den sórt sin, áfach, agus ionas nach gcuirtear i mbaol an éifeacht úsáideach atá ag rialacha an Aontais maidir le cánacha indíreacha, ba cheart do na Ballstáit gnéithe bunriachtanacha áirithe de na rialacha sin a chomhlíonadh.

(5)

Chun saorghluaiseacht a áirithiú, níor cheart foirmiúlachtaí a bhaineann le trasnú teorainneacha a eascairt as cánachas ar earraí nach earraí máil iad.

(6)

Is gá a áirithiú go gcuirtear foirmiúlachtaí i bhfeidhm nuair atá earraí máil ag gluaiseacht idir na críocha a shainítear mar chríocha ar cuid de chríoch chustaim an Aontais iad ach atá eisiata ó raon feidhme na Treorach seo agus críocha a bhfuil feidhm ag an Treoir seo maidir leo.

(7)

Ós rud é go bhfuil sé riachtanach fós d'fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh gur mar an gcéanna sna Ballstáit go léir é coincheap agus coinníollacha inmhuirearachta na dleachta máil, is gá a shoiléiriú ar leibhéal an Aontais cén uair a scaoiltear earraí máil lena dtomhailt agus cé atá faoi dhliteanas an dleacht mháil a íoc.

(8)

Ós rud é gur cáin ar thomhailt earraí í an dleacht mháil, níor cheart dleacht a mhuirearú i leith earraí máil atá díothaithe go hiomlán nó imithe ó mhaith ar fad in imthosca airithe.

(9)

I dteannta díothú iomlán nó caillteanas dholeigheasta earraí, d'fhéadfadh páirtchaillteanais tarlú mar gheall ar chineál na n-earraí. Ach amháin in imthosca a bhfuil bonn cirt cuí leo, níor cheart aon dleacht a mhuirearú i leith na bpáirtchaillteanas sin a mhéid nach sáraítear leo na tairseacha comhchoiteanna páirtchaillteanais a bhunaítear roimh ré.

(10)

I gcás farasbarr neamhbheartaithe earraí a aimsítear le linn gluaiseacht faoi ghluaiseacht fionraí dleachta, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a cheadú go dtabharfaí na hearraí farasbairr isteach i stóras cánach faoi fhionraí dleachta.

(11)

Chun a áirithiú go ndéileáltar go haonfhoirmeach le páirtchaillteanais ar fud an Aontais, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis na tairseacha comhchoiteanna páirtchaillteanais a chinneadh. Nuair atá na tairseacha páirtchaillteanais sin á gcinneadh, ba cheart don Choimisiún gnéithe a bhaineann le saintréithe fisiceacha agus ceimiceacha na n-earraí (amhail cineál na n-earraí máil, go háirithe táirgí fuinnimh (so-ghalaitheacht), an teocht chomhthimpeallach le linn gluaiseachta, an t-achar gluaiseachta nó an t-am a ídítear le linn gluaiseachta) a chur san áireamh. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéantar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (8). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(12)

Bíonn tionchar ag socruithe maidir le bailiú agus aisíoc dleachta ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh agus dá bhrí sin ba cheart iad a bheith bunaithe ar chritéir neamh‐idirdhealaitheacha.

(13)

I gcás neamhrialtacht le linn gluaiseachtaí earraí máil faoi shocrú fionraí dleachta, ba cheart dleacht mháil a bheith dlite sa Bhallstát ar ar a chríoch a rinneadh an neamhrialtacht ba chúis le scaoileadh lena dtomhailt nó, mura bhféadfar a shuí cá ndearnadh an neamhrialtacht, ba cheart í a bheith dlite sa Bhallstát inar braitheadh an neamhrialtacht. Sa chás nach dtiocfaidh earraí máil chuig a gceann scríbe agus nár aimsíodh neamhrialtacht, measfar gur sa Bhallstát seolta a tharla an neamhrialtacht.

(14)

I dteannta na gcásanna aisíocaíochta dá bhforáiltear sa Treoir seo, ba cheart do na Ballstáit, i gcás ina n-éilítear amhlaidh le cuspóir na Treorach seo, aisíoc a dhéanamh ar dhleacht mháil arna híoc ar earraí máil a scaoilfear lena dtomhailt.

(15)

Ba cheart do na rialacha agus na coinníollacha maidir leis na seachadtaí atá díolmhaithe ó dhleacht mháil a íoc ina leith fanacht comhchuibhithe. Maidir leis na seachadtaí díolmhaithe chuig eagraíochtaí atá lonnaithe i mBallstáit eile, ba cheart úsáid a bhaint as deimhniú díolúine.

(16)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le foirm an deimhnithe díolúine, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9).

(17)

Na cásanna inar ceadmhach díolachán saor ó cháin le taistealaithe atá ag imeacht as críoch an Aontais, ba cheart iad a chinneadh go soiléir d'fhonn imghabháil agus mí-úsáid a sheachaint. Ós rud é gur féidir le daoine atá ag taisteal thar tír gluaiseacht níos minice agus le saoirse níos mó i gcomparáid le daoine atá ag taisteal ar bhád nó aerárthach, is mó cuid mhaith i gcás taisteal thar tír an baol nach gcloífidh an taistealaí leis na liúntais maidir le hallmhairiú saor ó dhleacht nó saor ó cháin, agus dá dhroim sin is mó cuid mhaith an t‐ualach rialaithe a bhíonn ar na húdaráis chustaim sa chás sin. Dá bhrí sin, is iomchuí a fhoráil nár cheart díolachán saor ó dhleacht mháil ag teorainneacha talún a cheadú.

(18)

Ós rud é nach mór seiceálacha a dhéanamh i saoráidí táirgthe agus stórála lena áirithiú go mbaileofar an dleacht, is gá córas stóras a choimeád ar bun, faoi réir údarú ag na húdaráis inniúla, chun na seiceálacha sin a éascú. Ba cheart a thuiscint go dtugtar le tuiscint má shealbhaítear nó má stóráiltear earraí máil go bhfuil seilbh fhisiceach ar na hearraí sin i gceist.

(19)

Is gá freisin ceanglais atá le comhlíonadh a leagan síos coimeádaithe údaraithe stórais agus oibreoirí eacnamaíocha nach bhfuil stádas mar choimeádaí údaraithe stórais acu.

(20)

Ba cheart é a bheith indéanta earraí máil, sula scaoiltear iad lena dtomhailt, a ghluaiseacht laistigh den Aontas faoi fhionraí dleachta máil. Ba cheart gluaiseacht den sórt sin a cheadú ó stóras cánach go dtí cinn scríbe éagsúla, go háirithe chuig stóras cánach eile ach freisin chuig áiteanna is coibhéiseach chun críocha na Treorach seo.

(21)

Ba cheart gluaiseacht earraí máil faoi fhionraí dleachta a cheadú freisin óna n-áit allmhairiúcháin go dtí na cinn scríbe sin agus dá réir sin ba cheart foráil a dhéanamh maidir le stádas an duine a gceadaítear dó na hearraí a sheoladh ón áit allmhairiúcháin sin, ach nach gceadaítear dó iad a choinneáil ina sheilbh nó a stóráil.

(22)

Chun a áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm go cuí an fhoráil a bhaineann le deireadh gluaiseacht earraí máil faoi fhionraí, ba cheart a shoiléiriú go mbíonn deireadh leis an ngluaiseacht nuair a bhíonn an coinsíní in ann fios a bheith aige go beacht a bheith ar an eolas faoi cén chainníocht earraí a fuair sé iarbhír. D'fhéadfaí an díluchtú agus an iontráil sna cuntais a úsáid mar fhianaise go bhfuil deireadh leis an ngluaiseacht.

(23)

Chun úsáid an nós imeachta idirthurais sheachtraigh a cheadú tar éis an nós imeachta onnmhairiúcháin, ba cheart an oifig custaim imeachta bheith ina ceann scríbe féideartha do ghluaiseacht faoi fhionraí dleachtanna máil. Ba cheart an tráth a mbeidh deireadh leis an socrú fionraí dleachta sa chás sin a shonrú. Ba cheart a shonrú gur cheart do na húdaráis inniúla sa Bhallstát onnmhairiúcháin an tuarascáil onnmhairiúcháin a chomhlánú ar bhonn an deimhnithe imeachta a sheolfaidh an oifig custaim imeachta chuig an oifig custaim onnmhairiúcháin ag tús an nós imeachta idirthurais sheachtraigh. Chun gur féidir na freagrachtaí do na hearraí máil faoin Treoir seo a chur i gcrích faoin nós imeachta idirthurais sheachtraigh, rinneadh Airteagal 189 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún (10) a leasú le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 2018/1063 ón gCoimisiún (11). Dá bhrí sin, ba cheart a cheadú go ndéanfaí earraí máil de chuid an Aontais a chur faoin nós imeachta idirthurais sheachtraigh.

(24)

Chun a chumasú do na húdaráis inniúla comhsheasmhacht a áirithiú idir an doiciméad riaracháin leictreonach agus an dearbhú custaim tráth an allmhairithe nuair a dhéantar earraí máil a scaoiltear le haghaidh saorchúrsaíochta a ghluaiseacht ón áit allmhairiúcháin faoi fhionraí dleachta, ba cheart don duine a dhearbhaíonn na hearraí máil lena n‐allmhairiú faisnéis faoin gcoinsíneoir agus faoin gcoinsíní agus cruthúnas go seolfar earraí allmhairithe ón mBallstát allmhairiúcháin chuig Ballstát eile a chur ar fáil do na húdaráis inniúla sa Bhallstát allmhairiúcháin.

(25)

Chun íocaíocht dleachta máil a chosaint i gcás nach gcuirfear i gcrích an ghluaiseacht mháil, ba cheart do na Ballstáit a ráthaíocht a éileamh, ar cheart don choimeádaí údaraithe stórais seolta nó don choinsíneoir cláraithe údaraithe í a thaisceadh, nó, má cheadaíonn an Ballstát seolta é, ar cheart do dhuine eile a bhfuil baint aige leis an ngluaiseacht í a thaisceadh, faoi na coinníollacha arna leagan síos ag na Ballstáit.

(26)

Deonaíonn roinnt Ballstát tarscaoileadh ráthaíochta cheana féin maidir le gluaiseacht táirgí fuinnimh trí phíblínte seasta toisc go mbaineann riosca fioscach an-íseal leis an gcineál gluaiseachta sin. Chun na ceanglais maidir le soláthar ráthaíochta a chomhchuibhiú sna cásanna sin, is iomchuí an ceanglas ráthaíochta maidir le gluaiseachtaí táirgí fuinnimh trí phíblínte seasta a tharscaoileadh i ngach Ballstát.

(27)

Chun a áirithiú go dtabharfar na foirmiúlachtaí is gá chun críche go tapa agus chun go n‐éascófar maoirsiú gluaiseachtaí earraí máil a ghluaistear faoi fhionraí dleachta máil, is iomchuí an córas ríomhairithe faoi Chinneadh (AE) 2020/263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) a úsáid chun doiciméid riaracháin leictreonacha a mhalartú idir na daoine agus na húdaráis inniúla lena mbaineann ('an córas ríomhairithe').

(28)

D'fhonn a áirithiú go mbeidh na doiciméid a úsáidtear i gcomhthéacs gluaiseacht earraí máil faoi shocrú fionraí dleachta sothuigthe sna Ballstáit uile agus gur féidir leis an gcóras ríomhairithe iad a phróiseáil, lena n-áirítear nuair nach mbeidh an córas ríomhairithe ar fáil, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le struchtúr agus inneachar na ndoiciméad sin a leagan síos.

(29)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le doiciméid a úsáidtear i gcomhthéacs gluaiseacht earraí máil faoi shocrú fionraí dleachta a chomhlánú, a thíolacadh agus a tharchur, lena n-áirítear nuair nach bhfuil an córas ríomhairithe ar fáil, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

(30)

Is iomchuí an nós imeachta a leagan síos trína gcuireann oibreoirí eacnamaíocha údaráis inniúla na mBallstát seolta agus cinn scríbe ar an eolas faoi choinsíneachtaí earraí máil. Ba cheart aird chuí a thabhairt ar an staid ina bhfuil coinsínithe áirithe nach bhfuil ceangailte leis an gcóras ríomhairithe ach a d'fhéadfadh earraí máil a fháil atá ag gluaiseacht faoi fhionraí dleachta.

(31)

Chun feidhmiú cuí na rialacha a bhaineann le gluaiseacht faoi fhionraí dleachta máil a áirithiú, ba cheart soiléiriú a dhéanamh ar na coinníollacha maidir le tosach na gluaiseachta chomh maith le deireadh na gluaiseachta, agus ar chomhlíonadh freagrachtaí.

(32)

Chun go mbeidh na húdaráis inniúla in ann comhsheasmhacht a áirithiú idir an doiciméad riaracháin leictreonach agus an dearbhú custaim le haghaidh onnmhairiú i gcásanna ina ngluaistear earraí máil faoi fhionraí dleachta sula dtugtar amach as críoch an Aontais iad, ba cheart don duine a dhearbhaíonn na hearraí máil lena n-onnmhairiú an cód tagartha riaracháin uathúil a chur in iúl do na húdaráis inniúla sa Bhallstát onnmhairiúcháin.

(33)

Chun go bhféadfaidh an Ballstát seolta gníomhaíocht iomchuí a dhéanamh, ba cheart don údarás inniúil sa Bhallstát onnmhairiúcháin an t-údarás inniúil sa Bhallstát seolta a chur ar an eolas faoi aon neamhrialtachtaí a tharlaíonn le linn an onnmhairithe nó a chur ar an eolas nach bhfuil na hearraí le tógáil amach as críoch an Aontais a thuilleadh.

(34)

Chun a chumasú don choinsíneoir ceann scríbe nua a shannadh do na earraí máil, ba cheart don Bhallstát seolta a chur in iúl don choinsíneoir nach bhfuil na hearraí le tógáil amach as críoch an Aontais a thuilleadh.

(35)

Chun gur fearr a d'fhéadfaí rialuithe a dhéanamh le linn gluaiseacht earraí máil, ba cheart don duine a bheidh ag tionlacan na n-earraí máil, nó i gcás nach bhfuil aon duine tionlacain ann, don iompróir, a bheith in ann an cód tagartha riaracháin uathúil a thíolacadh do na húdaráis inniúla, i bhfoirm ar bith, chun gur féidir leo sonraí na n-earraí máil a aisghabháil.

(36)

Is gá a chinneadh cé na nósanna imeachta atá le húsáid i gcás nach bhfuil an córas ríomhairithe ar fáil.

(37)

Chun na nósanna imeachta faoin Treoir seo a ailíniú leis na cinn dá bhforáiltear in Airteagal 335(4) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún (13), agus chun aithint fianaise malartaí imeachta sa Bhallstát seolta a shimpliú, ba cheart liosta íosta d'fhianaise mhalartach chaighdeánach imeachta a bhunú, lena gcruthaítear gur tógadh na hearraí amach as críoch an Aontais.

(38)

Ba cheart a cheadú do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le socrú speisialta le haghaidh gluaiseacht earraí máil faoi fhionraí dleachta a tharlaíonn go hiomlán laistigh dá gcríoch, nó comhaontuithe déthaobhacha nó iltaobhacha a thabhairt i gcrích le Ballstáit eile chun an simpliú a cheadú. Níor cheart oibleagáid a bheith ar Bhallstáit nach páirtithe iad i gcomhaontuithe déthaobhacha nó iltaobhacha glacadh le socrú speisialta a dhéantar faoi chomhaontú den sórt sin.

(39)

Is iomchuí soiléiriú a dhéanamh ar na rialacha cánach agus na rialacha nós imeachta a bhaineann le gluaiseacht earraí ar íocadh dleacht mháil ina leith cheana i mBallstát gan a struchtúr ginearálta a athrú.

(40)

I gcás ina bhfaighidh daoine aonair príobháideacha earraí máil dá n-úsáid féin agus ina n‐iompraíonn siad iad ó chríoch Ballstáit amháin go críoch Ballstáit eile, ba cheart dleacht mháil a íoc sa Bhallstát ina bhfaighidh siad earraí máil, i gcomhréir leis an bprionsabal lena rialaítear an margadh inmheánach.

(41)

Tá éagsúlacht ann i ndáil le leibhéil na dleachta máil maidir le táirgí tobac agus deochanna alcólacha arna gcur i bhfeidhm ag na Ballstáit mar gheall ar roinnt tosca, amhail an beartas fioscach agus an beartas sláinte poiblí, agus tá éagsúlachtaí den sórt sin suntasach i gcásanna áirithe. Sa chomhthéacs sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann na rioscaí sin a shrianadh atá ag éascú na calaoise cánach, na seachanta cánach nó na mí-úsáide cánach, atá ina mbagairt ar bheartas poiblí nó ar chosaint sláinte agus beatha daoine nó atá ag baint an bhoinn den bheartas poiblí nó den chosaint sláinte agus beatha daoine. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann bearta atá iomchuí agus comhréireach a ghlacadh lena gcumasaítear dóibh a chinneadh an bhfuair nó nach bhfuair duine príobháideach earraí máil a bhí á n-iompar as críoch Ballstáit amháin go críoch Ballstáit eile chun a úsáide féin amháin.

(42)

I gcásanna inarb amhlaidh, tar éis earraí máil a scaoileadh lena dtomhailt i mBallstát, agus go seachadtar na hearraí sin chun críoch tráchtála i mBallstát eile, is gá a shuí go bhfuil dleacht mháil dlite sa dara Ballstát. Chun na gcríoch sin, is gá, go háirithe, an coincheap "seachadadh chun críoch tráchtála" a shainmhíniú.

(43)

Ba cheart an córas ríomhairithe, a úsáidtear faoi láthair maidir le gluaiseacht earraí máil atá faoi fhionraí dleachta, a leathnú amach, chun go gcumhdófar gluaiseacht earraí máil a scaoileadh lena dtomhailt i gcríoch Ballstáit amháin agus a ghluaistear go críoch Ballstáit eile chun iad a sheachadadh ansin chun críoch tráchtála. Déanfaidh úsáid an chórais ríomhairithe sin faireachán maidir le gluaiseachtaí den sórt sin a shimpliú agus áiritheoidh sé go bhfeidhmeoidh an margadh inmheánach mar is ceart.

(44)

I gcás ina scaoiltear earraí máil lena dtomhailt i gcríoch Ballstáit amháin agus a ghluaistear go críoch Ballstáit eile chun iad a sheachadadh ansin chun críoch tráchtála, is iomchuí a shoiléiriú cé atá faoi dhliteanas an dleacht a íoc agus cén uair is inmhuirearaithe an dleacht.

(45)

Chun an infheistíocht neamhriachtanach a sheachaint, ba cheart an ríomhairiú i dtaca le gluaiseacht earraí máil a scaoiltear lena dtomhailt i gcríoch Ballstáit amháin agus a ghluaistear go críoch Ballstáit eile chun iad a sheachadadh ansin chun críoch tráchtála, ba cheart é a chur ar bun trí leas a bhaint as, a mhéid is féidir, na socruithe atá ann cheana maidir le gluaiseachtaí atá faoi fhionraí dleachta. Chun na críche sin agus chun gluaiseachtaí den sórt sin a éascú, ba cheart na forálacha ráthaíochta maidir leis na gluaiseachtaí sin a ailíniú leis na forálacha ráthaíochta maidir le gluaiseachtaí atá faoi shocrú fionraí dleachtanna chun rogha na ráthóirí a leathnú.

(46)

Chun an clárú atá ann cheana féin i ndáil leis na hoibreoirí eacnamaíocha a bhíonn ag déileáil leis na socruithe fionraí dleachta a éascú, ní mór an deis a thabhairt do stóras cánach agus do choinsíneoir cláraithe, tar éis dóibh fógra a thabhairt d'údaráis inniúla an Bhallstáit seolta, gníomhú mar choinsíneoir deimhnithe d'earraí máil a scaoiltear lena dtomhailt i gcríoch Ballstáit amháin agus a ghluaistear go críoch Ballstáit eile chun iad a sheachadadh ansin chun críoch tráchtála. Ag an am céanna, ba cheart go mbeadh stóras cánach nó coinsíní cláraithe in ann gníomhú mar choinsíní deimhnithe do na hearraí máil sin.

(47)

Ní mór na nósanna imeachta a chinneadh a bheidh le húsáid i gcás nach mbeidh fáil ar an gcóras ríomhairithe agus go gcaithfear doiciméad cúltaca a úsáid.

(48)

Ba cheart a cheadú do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le socrú speisialta le haghaidh gluaiseacht earraí máil a scaoiltear lena dtomhailt i gcríoch Ballstáit amháin agus a ghluaistear go críoch Ballstáit eile chun iad a sheachadadh ansin chun críoch tráchtála, ar bhonn comhaontuithe déthaobhacha nó iltaobhacha le Ballstáit eile chun an simpliú a cheadú. Níor cheart oibleagáid a bheith ar Bhallstáit nach páirtithe iad i gcomhaontuithe déthaobhacha nó iltaobhacha glacadh le socrú speisialta a dhéantar faoi chomhaontú den sórt sin.

(49)

D'fhonn a áirithiú go mbeidh na doiciméid a úsáidtear i gcomhthéacs gluaiseacht earraí máil a mheastar a bheith á seachadadh chun críoch tráchtála sothuigthe sna Ballstáit uile agus gur féidir leis an gcóras ríomhairithe iad a phróiseáil, lena n-áirítear nuair nach mbeidh an córas ríomhairithe ar fáil, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith struchtúr agus inneachar na ndoiciméad sin a leagan síos.

(50)

D'fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le doiciméid a úsáidtear i gcomhthéacs gluaiseacht earraí máil a mheastar a bheith á seachadadh chun críoch tráchtála a chomhlánú, a thíolacadh agus a tharchur, lena n-áirítear nuair nach bhfuil an córas ríomhairithe ar fáil, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

(51)

I gcás ina bhfaighidh daoine earraí máil, ar daoine iad nach coimeádaithe údaraithe stórais ná coinsínithe cláraithe iad agus nach bhfuil gníomhaíocht eacnamaíoch neamhspleách á seoladh acu, agus ina ndéanfaidh coinsíneoir na hearraí sin ansin a sheoladh nó a iompar agus a bhfuil gníomhaíocht eacnamaíoch neamhspleách á seoladh aige nó ina ndéantar na hearraí sin a sheoladh nó a iompar thar a cheann, ba cheart dleacht mháil a íoc sa Bhallstát cinn scríbe. Déantar foráil maidir le nós imeachta a bheidh le leanúint ag an gcoinsíneoir i ndáil leis an dleacht mháil a íoc. D'fhonn a áirithiú go ndéanfar an íocaíocht sa Bhallstát cinn scríbe, ní mór go gcláródh an coinsíneoir nó an t-ionadaí cánach atá aige nó aici a chéannacht nó a céannacht agus go rathódh an coinsíneoir go n-íocfar an dleacht mháil leis an oifig inniúil arna sainiú go sonrach agus faoi na coinníollacha arna leagan síos ag an mBallstát cinn scríbe. D'fhonn na socruithe sin a éascú, ba cheart go mbeadh an coinsíneoir in ann rogha a dhéanamh an úsáidfidh nó nach n-úsáidfidh sé nó sí ionadaí cánach chun na ceanglais maidir le clárú agus íocaíocht ráthaíochta a chomhlíonadh. Mura gcomhlíonann an coinsíneoir nó an t-ionadaí cánach na ceanglais sin, ba cheart go mbeadh an coinsíní faoi dhliteanas na dleachtanna máil a íoc sa Bhallstát cinn scríbe.

(52)

D'fhonn coinbhleachtaí leasa idir na Ballstáit a sheachaint agus cánachas dúbailte a sheachaint i gcásanna ina ngluaisfidh earraí máil laistigh den Aontas, ar earraí iad a scaoileadh cheana lena dtomhailt i gcríoch Ballstáit amháin, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le cásanna ina mbeidh earraí máil, tar éis iad a scaoileadh lena dtomhailt, faoi réir neamhrialtachtaí.

(53)

Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a fhoráil go mbeidh marcálacha cánach nó marcanna aitheantais náisiúnta ar earraí arna scaoileadh lena dtomhailt. Níor cheart, le húsáid na marcálacha ná na marcanna sin, aon chonstaic a chur ar an trádáil laistigh den Aontas. Ós rud é nár cheart ualach cánachais dhúbailte a eascairt as úsáid na marcálacha nó na marcanna sin, ba cheart a shoiléiriú, i gcás aon mhéid a íocfar nó a ráthófar ar mhaithe leis na marcálacha nó na marcanna sin a fháil, go bhfuil an Ballstát a d'eisigh na marcanna chun an méid sin a aisíoc, a loghadh nó a scaoileadh más rud é go bhfuil dleacht mháil tagtha chun bheith inmhuirearaithe agus gur bailíodh í i mBallstát eile. Chun aon mhí-úsáid a chosc, áfach, ba cheart do na Ballstáit a d'eisigh marcálacha nó marcanna den sórt sin a bheith in ann aisíoc, loghadh nó scaoileadh a chur faoi réir an choinníll go dtíolacfar fianaise gur baineadh iad nó gur díothaíodh iad.

(54)

D'fhéadfadh cur i bhfeidhm na ngnáthcheanglas a bhaineann le gluaiseacht earraí máil agus faireachán orthu ualach riaracháin díréireach a chur ar mhiontáirgeoirí fíona. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann na táirgeoirí sin a dhíolmhú ó cheanglais áirithe.

(55)

Ba cheart a chur san áireamh nár aimsíodh aon chur chuige comhchoiteann oiriúnach fós maidir le hearraí máil a úsáidtear mar stórais do bháid agus d'aerárthaí.

(56)

Maidir le hearraí máil a úsáidtear chun droichid trasteorann idir na Ballstáit a thógáil agus a chothabháil, ba cheart a cheadú do na Ballstáit sin bearta a ghlacadh de mhaolú ar na gnáthrialacha agus na gnáthnósanna imeachta a bhfuil feidhm acu maidir le hearraí máil a ghluaiseann ó chríoch Ballstáit amháin go críoch Ballstáit eile, chun an t-ualach riaracháin a laghdú.

(57)

Chun a cheadú go mbeidh tréimhse ann chun dul i dtaithí ar an gcóras rialaithe leictreonaigh maidir le gluaiseacht earraí, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann tairbhe a bhaint as idirthréimhse ina bhféadfar an ghluaiseacht sin a dhéanamh fós faoi réir na bhfoirmiúlachtaí a leagtar síos le Treoir 2008/118/CE.

(58)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir na Treorach seo, eadhon socruithe coiteanna a áirithiú i ndáil le gnéithe áirithe den dleacht mháil, a ghnóthú go leordhóthanach agus gur fearr, dá bhrí sin, de bharr a fhairsinge agus de bharr a héifeachtaí, is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(59)

Ba cheart an oibleagáid an Treoir seo a thrasuí sa dlí náisiúnta a theorannú do na forálacha sin ar leasú substainteach iad i gcomparáid leis an Treoir a bhí ann roimhe seo. An oibleagáid na forálacha nach bhfuil athraithe a thrasuí, is mar thoradh ar an Treoir a bhí ann roimhe seo atá sí ann.

(60)

Ba cheart nár dhochar an Treoir seo d'oibleagáidí na mBallstát maidir leis na teorainneacha ama chun an Treoir a leagtar amach i gCuid B d'Iarscríbhinn I a thrasuí sa dlí náisiúnta agus maidir le dáta chur i bhfeidhm na dTreoracha sin,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

Forálacha ginearálta

Airteagal 1

Ábhar

1.   Leagtar síos sa Treoir seo socruithe ginearálta i leith dleacht mháil a thoibhítear go díreach nó go hindíreach ar thomhailt na n-earraí a leanas ("earraí máil'):

(a)

táirgí fuinnimh agus leictreachas a chumhdaítear le Treoir 2003/96/CE;

(b)

alcól agus deochanna alcólacha a chumhdaítear le Treoracha 92/83/CEE agus 92/84/CEE;

(c)

tobac monaraithe a chumhdaítear le Treoir 2011/64/AE.

2.   Féadfaidh na Ballstáit cánacha indíreacha eile a thobhach ar earraí máil chun críocha sonracha, ar choinníoll go gcomhlíonfaidh na cánacha sin na rialacha cánach Aontais is infheidhme i leith dleacht mháil nó cáin bhreisluacha chomh fada agus a bhaineann le cinneadh an bhoinn cánach, le ríomh na cánach, le hinmhuirearacht na cánach agus leis an bhfaireachán ar an gcáin, ach gan na forálacha maidir le díolúintí a bheith san áireamh.

3.   Féadfaidh na Ballstáit cánacha a thobhach orthu seo a leanas:

(a)

táirgí nach earraí máil iad;

(b)

soláthar seirbhísí, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le hearraí máil, nach bhfuil saintréithe cánacha láimhdeachais acu.

Ní fhéadfaidh foirmiúlachtaí a bhaineann le trasnú teorainneacha a eascairt as cánacha den sórt sin a thobhach, áfach, sa trádáil idir na Ballstáit.

Airteagal 2

Cód Custaim an Aontais a chur i bhfeidhm maidir le hearraí máil

1.   Na foirmiúlachtaí a leagtar síos le forálacha custaim an Aontais maidir le hearraí a theacht isteach i gcríoch chustaim an Aontais, beidh feidhm mutatis mutandis acu maidir le hearraí máil a theacht isteach i gcríoch an Aontais ó cheann de na críocha dá dtagraítear in Airteagal 4(2).

2.   Na foirmiúlachtaí a leagtar síos le forálacha custaim an Aontais maidir le hearraí a thabhairt amach as críoch chustaim an Aontais, beidh feidhm mutatis mutandis acu maidir le hearraí máil a thabhairt amach as críoch an Aontais chuig ceann de na críocha dá dtagraítear in Airteagal 4(2).

3.   De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, údarófar don Fhionlainn, maidir le gluaiseachtaí earraí máil idir críoch an Bhallstáit sin agus na críocha dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 4(2), na nósanna imeachta céanna a chur i bhfeidhm agus a chuirtear i bhfeidhm maidir le gluaiseachtaí den sórt sin laistigh de chríoch an Bhallstáit sin.

4.   Ní bheidh feidhm ag Airteagail 14 go 46 maidir le hearraí máil dar stádas custaim earraí nach‐ earraí de chuid an Aontais, mar a shainmhínítear i bpointe (24) d'Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14).

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn "coimeádaí údaraithe stórais" duine nádúrtha nó dlítheanach arna údarú ag údaráis inniúla Ballstáit, agus an duine sin i mbun gnó, chun earraí máil a tháirgeadh, a phróiseáil, a choinneáil ina sheilbh, a stóráil, a fháil nó a sheoladh faoi shocrú fionraí dleachta i stóras cánach;

(2)

ciallaíonn "críoch Bhallstáit" críoch Bhallstáit a bhfuil na Conarthaí infheidhme maidir leis, i gcomhréir le hAirteagail 349 agus 355 de CFAE, cé is moite de thríú críocha;

(3)

ciallaíonn "críoch an Aontais" críocha na mBallstát;

(4)

ciallaíonn "tríú críocha" na críocha dá dtagraítear in Airteagal 4(2) agus (3);

(5)

ciallaíonn "tríú tíortha" aon Stát nó críoch nach bhfuil feidhm ag na Conarthaí maidir leis nó léi;

(6)

ciallaíonn "socrú fionraí dleachta" socrú cánach a chuirtear i bhfeidhm maidir le hearraí máil a tháirgeadh, a phróiseáil, a choinneáil i seilbh, a stóráil nó a ghluaiseacht i gcás ina gcuirtear an dleacht mháil ar fionraí;

(7)

ciallaíonn "allmhairiú" earraí máil a scaoiltear le haghaidh saorchúrsaíochta i gcomhréir le hAirteagal 201 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013;

(8)

ciallaíonn 'teacht isteach neamhrialta" earraí a theacht isteach i gcríoch an Aontais, nár scaoileadh le haghaidh saorchúrsaíochta i gcomhréir le hAirteagal 201 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 agus ar tabhaíodh fiach custaim ina leith faoi Airteagal 79(1) den Rialachán sin, nó a dtabhófaí fiach custaim ina leith faoi Airteagal 79(1) den Rialachán sin dá mba rud é go raibh na hearraí sin faoi réir dleacht chustaim;

(9)

ciallaíonn 'coinsíní cláraithe" duine nádúrtha nó dlítheanach arna údarú ag údaráis inniúla an Bhallstáit cinn scríbe, agus an duine sin i mbun gnó agus faoi na coinníollacha a shocróidh na húdaráis sin, chun earraí máil a ghluaiseann faoi shocrú fionraí dleachta ó chríoch Ballstáit eile a fháil;

(10)

ciallaíonn "coinsíneoir cláraithe" duine nádúrtha nó dlítheanach arna údarú ag údaráis inniúla an Bhallstáit allmhairiúcháin, agus an duine sin i mbun gnó agus faoi na coinníollacha a shocróidh na húdaráis sin, gan earraí máil faoi shocrú fionraí dleachta a sheoladh ach amháin nuair a scaoilfear le haghaidh saorchúrsaíochta iad i gcomhréir le hAirteagal 201 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013;

(11)

ciallaíonn "stóras cánach" áit a ndéanann coimeádaí údaraithe stórais, agus an duine sin i mbun gnó, earraí máil a tháirgeadh, a phróiseáil, a choinneáil ina sheilbh, a fháil nó a sheoladh faoi shocruithe fionraí dleachta, faoi réir coinníollacha áirithe arna leagan síos ag údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil an stóras cánach suite;

(12)

ciallaíonn "coinsíneoir cláraithe" duine nádúrtha nó dlítheanach atá cláraithe le húdaráis inniúla an Bhallstáit seolta chun earraí máil a sheoladh, agus an duine sin i mbun gnó, a scaoileadh lena dtomhailt i gcríoch Ballstáit amháin agus, ina dhiaidh sin, a ghluaistear go críoch Ballstáit eile;

(13)

ciallaíonn "coinsíneoir deimhnithe" duine nádúrtha nó dlítheanach atá cláraithe le húdaráis inniúla Bhallstát cinn scríbe chun earraí máil a fháil, agus an duine sin i mbun gnó, a scaoileadh lena dtomhailt i gcríoch Ballstáit amháin agus, ina dhiaidh sin, a ghluaistear go críoch Ballstáit eile ansin;

(14)

ciallaíonn "Ballstát cinn scríbe" an Ballstát sin ina seachadfar nó ina n-úsáidfear earraí máil i gcomhréir le forálacha na Treorach seo;

(15)

ciallaíonn "loghadh" tarscaoileadh na hoibleagáide ar mhéid faoi leith den dleacht mháil nár íocadh a íoc;

(16)

ciallaíonn "aisíocaíocht" aisíocaíocht ar mhéid faoi leith den dleacht mháil a íocadh.

Airteagal 4

Cur i bhfeidhm críochach

1.   Beidh feidhm ag an Treoir seo agus ag Treoracha 92/83/CEE, 92/84/CEE, 2003/96/CE agus 2011/64/AE maidir le críoch an Aontais.

2.   Ní bheidh feidhm ag an Treoir seo ná ag Treoracha 92/83/CEE, 92/84/CEE, 2003/96/CE agus 2011/64/AE maidir leis na críocha seo a leanas ar cuid de chríoch chustaim an Aontais iad:

(a)

na hOileáin Chanáracha;

(b)

críocha na Fraince dá dtagraítear in Airteagal 349 agus Airteagal 355(1) den CFAE;

(c)

Oileáin Åland;

(d)

Oileáin Mhuir nIocht.

3.   Ní bheidh feidhm ag an Treoir seo ná ag Treoracha 92/83/CEE, 92/84/CEE, 2003/96/CE agus 2011/64/AE maidir leis na críocha a thagann faoi raon feidhme Airteagal 355(3) CFAE, ná maidir leis na críocha eile seo a leanas nach cuid de chríoch chustaim an Aontais iad:

(a)

Oileán Heligoland;

(b)

críoch Büsingen;

(c)

Ceuta;

(d)

Melilla;

(e)

Livigno.

4.   Féadfaidh an Spáinn fógra a thabhairt, trí dhearbhú, go mbeidh feidhm ag an Treoir seo agus ag Treoracha 92/83/CEE, 92/84/CEE, 2003/96/CE agus 2011/64/AE maidir leis na hOileáin Chanáracha – faoi réir bearta chun oiriúnú d'fhíor-iargúltacht na gcríoch sin – i leith na n-earraí máil go léir nó roinnt díobh dá dtagraítear in Airteagal 1, ón gcéad lá den dara mí tar éis thaisceadh an dearbhaithe sin.

5.   Féadfaidh an Fhrainc fógra a thabhairt, trí dhearbhú, go mbeidh feidhm ag an Treoir seo agus ag Treoracha 92/83/CEE, 92/84/CEE, 2003/96/CE agus 2011/64/AE maidir leis na críocha dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 2, faoi réir bearta chun oiriúnú d'fhíor‐iargúltacht na gcríoch sin, i leith na n-earraí máil go léir nó roinnt díobh dá dtagraítear in Airteagal 1, ón gcéad lá den dara mí tar éis thaisceadh an dearbhaithe sin.

6.   Le forálacha na Treorach seo, ní choiscfear ar an nGréig an stádas sonrach a deonaíodh do Shliabh Athos, a ráthaítear le hAirteagal 105 de Bhunreacht na Gréige, a choimeád.

Airteagal 5

Stádas críochach speisialta

1.   I bhfianaise na gcoinbhinsiún agus na gconarthaí a tugadh chun críche leis an bhFrainc, leis an Iodáil, leis an gCipir agus leis an Ríocht Aontaithe faoi seach, ní mheasfar, chun críocha na Treorach seo, gur tríú tíortha iad Prionsacht Mhonacó, San Mairíne, Limistéir Bhunáite Fhlaitheasacha Akrotiri agus Dhekelia de chuid na Ríochta Aontaithe ná Oileán Mhanann.

2.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá lena áirithiú, maidir le gluaiseachtaí earraí máil de thionscnamh na n-áiteanna seo a leanas nó atá beartaithe dóibh:

(a)

i gcás Phrionsacht Mhonacó, go láimhseálfar iad mar ghluaiseachtaí de thionscnamh na Fraince nó atá beartaithe le haghaidh na Fraince;

(b)

i gcás Shan Mairíne, go láimhseálfar iad mar earraí de thionscnamh na hIodáile nó atá beartaithe le haghaidh na hIodáile;

(c)

i gcás Limistéir Bhunáite Fhlaitheasacha Akrotiri agus Dhekelia de chuid na Ríochta Aontaithe, go láimhseálfar iad mar earraí de thionscnamh na Cipire nó atá beartaithe le haghaidh na Cipire;

(d)

i gcás Oileán Mhanann, go láimhseálfar iad mar earraí de thionscnamh na Ríochta Aontaithe nó atá beartaithe le haghaidh na Ríochta Aontaithe.

3.   Glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá lena áirithiú, i gcás gluaiseachtaí earraí máil de thionscnamh Jungholz agus Mittelberg (Kleines Walsertal) nó earraí máil atá beartaithe dóibh, go láimhseálfar iad mar earraí de thionscnamh na Gearmáine nó atá beartaithe le haghaidh na Gearmáine.

Caibidil II

Forálacha ginearálta nós imeachta

Roinn 1

Teagmhas incháinithe, inmhuirearacht, mírialtachtaí le linn gluaiseacht faoi fhionraí dleachta

Airteagal 6

Teagmhas incháinithe, tráth agus áit na inmhuirearachta, díothú agus caillteanais dholeigheasta

1.   Beidh earraí máil faoi réir dleacht mháil:

(a)

tráth a ndéanfar iad a tháirgeadh, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, iad a eastóscadh, laistigh de chríoch an Chomhphobail;

(b)

tráth a ndéanfar iad a allmhairiú nó a thabhairt isteach go neamhrialta i gcríoch an Aontais.

2.   Tiocfaidh dleacht mháil chun bheith inmhuirearaithe tráth, agus sa Bhallstát, a scaoilfear earraí lena dtomhailt.

3.   Chun críocha na Treorach seo, ciallaíonn "scaoileadh lena dtomhailt" aon cheann díobh seo a leanas:

(a)

imeacht earraí máil, lena n-áirítear imeacht neamhrialta, ó shocrú fionraí dleachta;

(b)

seilbh nó stóráil earraí máil, lena n-áirítear mírialtachtaí, lasmuigh de shocrú fionraí dleachta i gcás nach ndearnadh dleacht mháil a thobhach de bhun na bhforálacha is infheidhme de dhlí an Aontais agus den reachtaíocht náisiúnta;

(c)

earraí máil a tháirgeadh, lena n-áirítear táirgeadh neamhrialta, lasmuigh de shocrú fionraí dleachta;

(d)

allmhairiú earraí máil, murab é go gcuirtear na hearraí sin faoi shocrú fionraí dleachta a luaithe a allmhairítear iad, nó tabhairt isteach neamhrialta earraí máil, murab é gur múchadh an fiach custaim faoi phointí (e), (f), (g) nó (k) d'Airteagal 124(1) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013. Más rud é gur múchadh an fiach custaim i gcomhréir le pointe (e) d'Airteagal 124(1) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh ina ndlí náisiúnta do phionós, agus méid an fhéich máil a thabhófaí á chur san áireamh.

4.   Measfar gurb iad seo a leanas an tráth a n-imítear ón socrú fionraí dleachta dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 3:

(a)

tráth a bhfaighidh an coinsíní cláraithe na hearraí máil sna cásanna dá dtagraítear i bpointe (a)(ii) d'Airteagal 16(1);

(b)

tráth a bhfaighidh an coinsíní na hearraí máil sna cásanna dá dtagraítear i bpointe (a)(iv) d'Airteagal 16(1);

(c)

tráth a bhfaighfear na hearraí máil ag áit an tseachadta dhírigh sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 16(4).

5.   I gcás díothú iomlán nó caillteanas doleigheasta, iomlán nó páirteach, earraí máil atá faoi shocrú fionraí dleachta, mar gheall ar chineál iarbhír na n-earraí, ar chúinsí neamh‐intuartha nó force majeure, nó de thoradh ar údarú ó údaráis inniúla an Bhallstáit, ní mheasfar gur scaoileadh lena dtomhailt é sin.

6.   Chun críocha na Treorach seo, measfar go mbeidh díothú iomlán déanta ar earraí máil nó go mbeidh siad caillte ar fad nuair a chuirfear ó mhaith iad mar earraí máil.

7.   I dtaca le páirtchaillteanas a tharlaíonn le linn gluaiseacht fionraí dleachta idir na Ballstáit i ngeall ar chineál na n-earraí, ní mheasfar gur scaoileadh lena dtomhailt é sin sa mhéid go dtiteann méid an chaillteanais faoi bhun na tairsí comhchoitinne páirtchaillteanais do na hearraí máil sin, murab é go bhfuil cúis réasúnach ag Ballstát le hamhras a bheith air gur tharla calaois nó neamhrialtacht. An chuid sin de chaillteanas páirteach is airde ná tairseach chomhchoiteann pháirtchaillteanais na n-earraí máil sin, caithfear léi mar earraí a scaoileadh lena dtomhailt.

8.   Féadfaidh Ballstát a chuid rialacha féin a leagan síos maidir le páirtchaillteanas faoi shocrú fionraí dleachta nach gcumhdaítear le mír 7 a láimhseáil.

9.   Déanfar díothú iomlán nó caillteanas doleigheasta, iomlán nó páirteach, na n-earraí dá dtagraítear i mír 5 a chruthú chun sástacht údaráis inniúla an Bhallstáit i gcás inar tharla an díothú iomlán nó an caillteanas doleigheasta, iomlán nó páirteach nó, nuair nach féidir a chinneadh cén áit ar tharla an caillteanas, údaráis inniúla an Bhallstáit inar braitheadh é.

I gcás ina mbunaítear gur tharla díothú iomlán nó caillteanas doleigheasta, iomlán nó páirteach, na n-earraí máil, déanfar an ráthaíocht a taisceadh i gcomhréir le hAirteagal 17 a scaoileadh, ina hiomláine nó i bpáirt, de réir mar is iomchuí, ach a gcuirtear ar fáil cruthúnas sásúil.

10.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 51 lena mbunaítear na tairseacha comhchoiteanna páirtchaillteanais dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo agus in Airteagal 45(2) ag féachaint, inter alia, do chineál na n-earraí, dá saintréithe fisiciúla agus ceimiceacha, don teocht chomhthimpeallach le linn na gluaiseachta, d'fhad na gluaiseachta nó don am a ídítear le linn na gluaiseachta, agus sonrófar na hearraí máil agus an tairseach chomhchoiteann pháirtchaillteanais chomhfhreagrach mar chéatadán den chainníocht iomlán, mar aon le gnéithe ábhartha eile a bhaineann le hiompar na n-earraí.

I gcás nach ann do thairseacha chomhchoiteann pháirtchaillteanais, leanfaidh na Ballstáit de na forálacha náisiúnta a chur i bhfeidhm.

Airteagal 7

Duine atá faoi dhliteanas dleacht mháil a íoc

1.   Is é an duine a bheidh faoi dhliteanas an dleacht mháil atá inmhuirearaithe a íoc:

(a)

i ndáil le hearraí máil a imeacht ó shocrú fionraí dleachta dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 6(3):

(i)

an coimeádaí údaraithe stórais, an coinsíní cláraithe nó aon duine eile a scaoilfidh na hearraí máil nó a scaoilfear na hearraí máil ar a shon ón socrú fionraí dleachta agus, i gcás imeacht neamhrialta ón stóras cánach, aon duine eile a mbeidh baint aige leis an imeacht sin;

(ii)

i gcás neamhrialtacht le linn gluaiseacht earraí máil faoi shocrú fionraí dleachta mar a shainítear in Airteagal 9(1), (2) agus (4): an coimeádaí údaraithe stórais, an coinsíneoir cláraithe nó aon duine eile a ráthaigh an íocaíocht i gcomhréir le hAirteagal 17(1) agus (3) agus aon duine a bhí rannpháirteach san imeacht neamhrialta agus a raibh a fhios aige faoi chineál neamhrialta an imeachta nó ar cheart le réasún fios a bheith aige faoi;

(b)

i ndáil le hearraí máil dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 6(3) a shealbhú nó a stóráil: an duine a shealbhaíonn nó a stórálann na hearraí máil, nó aon duine eile a bhfuil baint aige le sealbhú nó stóráil na n-earraí máil, nó aon teaglaim de dhaoine den sórt sin i gcomhréir le prionsabal an dliteanais chomhpháirtigh agus leithligh;

(c)

i ndáil le hearraí máil dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 6(3) a tháirgeadh – lena n-áirítear iad a phróiseáil: an duine a tháirgeann na hearraí máil agus, i gcás táirgeadh neamhrialta, aon duine eile a mbeidh baint aige lena dtáirgeadh;

(d)

i ndáil le hearraí máil dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 6(3) a onnmhairiú nó a thabhairt isteach go neamhrialta: an dearbhóir a shainmhínítear i bpointe (15) d'Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 (an "dearbhóir") nó aon duine eile dá dtagraítear in Airteagal 77(3) den Rialachán sin agus, i gcás teacht isteach neamhrialta, aon duine eile a bhfuil baint aige leis an teacht isteach neamhrialta sin.

2.   I gcás ina mbeidh roinnt daoine faoi dhliteanas an dleacht mháil chéanna a íoc, beidh siad faoi dhliteanas i gcomhpháirt agus go leithleach i leith an fhéich sin.

Airteagal 8

Coinníollacha inmhuirearachta agus rátaí dleachta máil a bheidh le húsáid

Is iad na coinníollacha inmhuirearachta agus an ráta dleachta máil atá le cur i bhfeidhm iad siúd a bheidh i bhfeidhm ar an dáta a dtiocfaidh an dleacht chun bheith inmhuirearaithe sa Bhallstát ina scaoilfear na hearraí lena dtomhailt.

Déanfar dleacht mháil a thobhach agus a bhailiú agus, i gcás inarb iomchuí, a aisíoc nó a loghadh i gcomhréir leis an nós imeachta arna leagan síos ag gach Ballstát. Is iad na nósanna imeachta céanna a chuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm maidir le hearraí náisiúnta agus le hearraí ó Bhallstáit eile.

De mhaolú ar an gcéad mhír, nuair a athraítear rátaí dleachta máil, féadfaidh pé earraí máil a scaoileadh cheana féin lena dtomhailt a bheith faoi réir, i gcás inarb iomchuí, méadú nó laghdú ar an dleacht mháil.

Airteagal 9

Neamhrialtachtaí le linn gluaiseachtaí earraí máil faoi fhionraí dleachta

1.   I gcás inar tharla neamhrialtacht le linn gluaiseacht earraí máil atá faoi shocrú fionraí dleachta, as a n-eascraíonn a scaoileadh lena dtomhailt iad i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 6(3), scaoilfear lena dtomhailt iad i gcríoch an Bhallstáit inar tharla an neamhrialtacht.

2.   I gcás inar braitheadh neamhrialtacht le linn gluaiseacht earraí máil atá faoi shocrú fionraí dleachta, as a n-eascraíonn a scaoileadh lena dtomhailt i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 6(3), agus nach féidir a chinneadh cén áit ar tharla an neamhrialtacht, measfar gur i gcríoch an Bhallstáit inar braitheadh an neamhrialtacht a tharla sí agus tráth ar braitheadh í.

3.   Sna cásanna dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, cuirfidh údaráis inniúla na mBallstát inar scaoileadh na hearraí lena dtomhailt nó inar measadh gur scaoileadh iad lena dtomhailt údaráis inniúla an Bhallstáit seolta ar an eolas.

4.   I gcás nach bhfuil earraí máil atá ag gluaiseacht faoi shocrú fionraí dleachta tagtha chuig a gceann scríbe agus nár braitheadh le linn na gluaiseachta aon neamhrialtacht as a n‐eascraíonn a scaoileadh lena dtomhailt i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 6(3), measfar gur tharla neamhrialtacht sa Bhallstát seolta agus gur tharla sí tráth ar thosaigh an ghluaiseacht, mura rud é, laistigh de thréimhse ceithre mhí ó thosach na gluaiseachta i gcomhréir le hAirteagal 19(1), go soláthrófar fianaise chun sástacht údaráis inniúla an Bhallstáit seolta ar dheireadh na gluaiseachta i gcomhréir le hAirteagal 19(2), nó ar an áit inar tharla an neamhrialtacht.

I gcás nár cuireadh ar an eolas an duine a ráthaigh an íocaíocht i gcomhréir le hAirteagal 17, nó nárbh fhéidir é a chur ar an eolas, nár tháinig na hearraí chuig a gceann scríbe, deonófar tréimhse míosa amháin ón dáta ar a gcuirfidh údaráis inniúla an Bhallstáit seolta an fhaisnéis sin in iúl chun a chur ar chumas an duine sin fianaise a sholáthar ar dheireadh na gluaiseachta i gcomhréir le hAirteagal 19(2), nó ar an áit ar tharla an neamhrialtacht.

5.   Sna cásanna dá dtagraítear i míreanna 2 agus 4, más rud é go bhfaighfear amach sula rachaidh in éag tréimhse trí bliana ón dáta ar thosaigh an ghluaiseacht, i gcomhréir le hAirteagal 19(1), cén Ballstát inar tharla an neamhrialtacht iarbhír, beidh feidhm ag mír 1.

Cuirfidh údaráis inniúla an Bhallstáit inar tharla an neamhrialtacht údaráis inniúla an Bhallstáit inar toibhíodh an dleacht mháil ar an eolas, agus déanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit inar toibhíodh an dleacht mháil í a aisíoc nó a loghadh a luaithe a sholáthrófar fianaise gur toibhíodh an dleacht mháil sa Bhallstát eile.

6.   Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn "neamhrialtacht" cás a tharla le linn gluaiseacht earraí máil faoi shocrú fionraí dleachta, seachas an cás dá dtagraítear in Airteagal 6(5) agus (6), a bhfuil sé ina thoradh air nár cuireadh i gcrích gluaiseacht earraí máil, nó cuid de ghluaiseacht earraí máil, i gcomhréir le hAirteagal 19(2).

Roinn 2

Aisíoc agus loghadh

Airteagal 10

Aisíoc agus loghadh

I dteannta na gcásanna dá dtagraítear in Airteagal 37(4), Airteagal 44(5), agus Airteagal 46(3), chomh maith leo siúd dá bhforáiltear le Treoracha 92/83/CEE, 92/84/CEE, 2003/96/CE agus 2011/64/AE, féadfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit inar scaoileadh na hearraí sin lena dtomhailt, ar iarraidh ó dhuine lena mbaineann, dleacht mháil ar earraí a scaoileadh lena dtomhailt a aisíoc nó a loghadh sna cásanna a shocróidh na Ballstáit agus i gcomhréir leis na coinníollacha a leagfaidh na Ballstáit síos chun críche aon imghabháil nó mí-úsáid fhéideartha a chosc.

Ní fhéadfaidh díolúine seachas na díolúintí dá bhforáiltear in Airteagal 11 nó i dTreoracha 92/83/CEE, 92/84/CEE, ]2003/96/CE nó 2011/64/AE eascairt as aisíocaíocht nó loghadh den sórt sin.

Roinn 3

Díolúintí

Airteagal 11

Díolúintí ó dhleacht mháil a íoc

1.   Beidh earraí máil díolmhaithe ó íoc dleachta máil i gcás ina mbeartaítear go mbeidh siad á n-úsáid:

(a)

i gcomhthéacs caidreamh taidhleoireachta nó caidreamh consalachta;

(b)

ag eagraíochtaí idirnáisiúnta a n-aithníonn údaráis phoiblí an Bhallstáit aíochta iad amhlaidh, agus ag comhaltaí na n-eagraíochtaí sin, laistigh de na teorainneacha agus faoi na coinníollacha a leagtar síos sna coinbhinsiúin idirnáisiúnta lena mbunaítear na heagraíochtaí sin, nó le comhaontuithe ceanncheathrún;

(c)

ag fórsaí armtha aon Bhallstáit seachas an Ballstát ina bhfuil an dleacht mháil inmhuirearaithe, lena n-úsáid ag na fórsaí armtha sin, le haghaidh na gcomhaltaí foirne sibhialtacha a bhíonn á dtionlacan nó mar sholáthairtí dá gcuid bialann nó dá gcuid ceaintíní nuair a ghlacann na fórsaí sin páirt in iarracht chosanta a dhéantar chun gníomhaíocht de chuid an Aontais faoin gcomhbheartas slándála agus cosanta a chur chun feidhme;

(d)

ag fórsaí armtha aon Stáit ar páirtí é i gConradh an Atlantaigh Thuaidh, seachas an Ballstát ina bhfuil an dleacht mháil inmhuirearaithe, lena n-úsáid ag na fórsaí armtha sin, le haghaidh na gcomhaltaí foirne sibhialtacha a bhíonn á dtionlacan nó mar sholáthairtí dá gcuid bialann nó dá gcuid ceaintíní;

(e)

ag fórsaí armtha na Ríochta Aontaithe atá lonnaithe sa Chipir de bhun an Chonartha Bunaíochta maidir le Poblacht na Cipire dar dáta an 16 Lúnasa 1960, lena n-úsáid ag na fórsaí armtha sin, le haghaidh na gcomhaltaí foirne sibhialtacha a bhíonn á dtionlacan nó mar sholáthairtí dá gcuid bialann nó dá gcuid ceaintíní;

(f)

lena dtomhailt faoi chomhaontú arna thabhairt i gcrích le tríú tíortha nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta, ar choinníoll go gceadófar nó go n-údarófar an comhaontú sin maidir le díolúine ó cháin bhreisluacha.

2.   Beidh díolúintí faoi réir coinníollacha agus teorainneacha arna leagan síos ag an mBallstát aíochta. Féadfaidh na Ballstáit an díolúine a dheonú trí dhleacht mháil a aisíoc.

Airteagal 12

Deimhniú díolúine

1.   Earraí máil a bheidh ag gluaiseacht ó chríoch Ballstáit amháin go críoch Ballstáit eile faoi shocrú fionraí dleachta agus atá faoi réir na díolúine dá dtagraítear in Airteagal 11(1), beidh deimhniú díolúine ag gabháil leo. Sonrófar ar an deimhniú díolúine cineál agus cainníocht na n-earraí máil atá le seachadadh, luach na n-earraí agus céannacht an choinsíní dhíolmhaithe agus an Bhallstáit aíochta a dheimhníonn an díolúine.

2.   Féadfaidh na Ballstáit an deimhniú díolúine dá dtagraítear i mír 1 a úsáid chun réimsí eile cánachais indírigh a chumhdach agus chun a áirithiú go bhfuil an deimhniú díolúine comhoiriúnach leis na coinníollacha agus leis na teorainneacha maidir le díolúintí a dheonú ina ndlí náisiúnta.

3.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunófar an fhoirm a bheidh le húsáid don deimhniú díolúine. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 52(2).

4.   Ní bheidh feidhm ag an nós imeachta a leagtar síos in Airteagail 20 go 27 maidir le gluaiseachtaí earraí máil faoi shocrú fionraí dleachta chuig na fórsaí armtha dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 11(1), má chumhdaítear iad le nós imeachta atá bunaithe go díreach ar Chonradh an Atlantaigh Thuaidh.

Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil, áfach, go n-úsáidfear an nós imeachta a leagtar síos in Airteagail 20 go 27 le haghaidh gluaiseachtaí den sórt sin a dhéanfar ina n-iomláine laistigh dá gcríoch nó, trí chomhaontú idir na Ballstáit lena mbaineann, idir a gcríocha.

Airteagal 13

Díolúintí ó íocaíocht dleachta máil do phaisinéirí a bhíonn ag taisteal chuig tríú tíortha nó tríú críocha

1.   Féadfaidh na Ballstáit díolúine ó dhleacht mháil a íoc a chur i bhfeidhm maidir le hearraí máil a sholáthraíonn siopaí saor ó cháin a thugtar ar shiúl i mbagáiste pearsanta taistealaithe chuig tríú críoch nó chuig tríú tír atá chun dul ar eitilt nó ar thrasnú farraige.

2.   Déileálfar le hearraí a sholáthraítear ar bord aerárthaigh nó loinge le linn na heitilte nó an trasnaithe farraige chuig tríú críoch nó tríú tír ar an gcaoi chéanna agus a dhéileáiltear le hearraí arna soláthar ag siopaí saor ó cháin.

3.   Glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá lena áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm na díolúintí dá bhforáiltear i míreanna 1 agus 2 ar bhealach lena ndéanfar aon imghabháil, seachaint nó mí-úsáid fhéideartha a chosc.

4.   Chun críocha an Airteagail seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn "siopa saor ó cháin" aon bhunaíocht atá suite laistigh d'aerfort nó calafort a chomhlíonann na coinníollacha arna leagan síos ag údaráis inniúla na mBallstát, de bhun mhír 3 go háirithe;

(b)

ciallaíonn "taistealaí chuig tríú críoch nó tríú tír" aon phaisinéir a bhfuil doiciméad iompair aige, le haghaidh aerthaisteal nó taisteal ar farraige, ar a sonraítear gur aerfort nó calafort atá suite i dtríú críoch nó tríú tír an ceann scríbe deiridh.

CAIBIDIL III

Táirgeadh, próiseáil, coinneáil agus stóráil

Airteagal 14

Foráil ghinearálta

1.   Cinnfidh gach Ballstát a chuid rialacha maidir le táirgeadh, próiseáil, seilbh agus stóráil earraí máil, faoi réir na Treorach seo.

2.   Is i stóras cánach a dhéanfar táirgeadh, próiseáil, coinneáil i seilbh agus stóráil earraí máil i gcás nár íocadh an dleacht mháil.

Airteagal 15

Coinníollacha maidir le húdarú mar choimeádaí údaraithe stórais

1.   Beidh oscailt agus oibriú stórais cánach ag coimeádaí údaraithe stórais faoi réir údarú ag údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil an stóras cánach suite.

Beidh an t-údarú sin faoi réir na gcoinníollacha atá na húdaráis i dteideal a leagan síos chun aon imghabháil nó mí-úsáid fhéideartha a chosc.

2.   Ceanglófar ar choimeádaí údaraithe stórais:

(a)

ráthaíocht a sholáthar, más gá, chun an riosca a chumhdach is gné dhílis de tháirgeadh, próiseáil, coinneáil i seilbh agus stóráil earraí máil;

(b)

na ceanglais a chomhlíonadh arna leagan síos ag an mBallstát a bhfuil an stóras cánach suite ar a chríoch;

(c)

cuntais a choimeád, i leith gach stórais cánach, ar stoc agus gluaiseachtaí earraí máil;

(d)

dul isteach ina stóras cánach agus na hearraí máil go léir a ghluaiseann faoi shocrú fionraí dleachta a iontráil ina chuntas nó ina cuntas ag deireadh a ngluaiseachta, ach amháin i gcás ina mbeidh feidhm ag Airteagal 16(4);

(e)

toiliú le gach faireachán agus gach seiceáil stoic.

Is iad údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil an stóras cánach údaraithe a leagfaidh síos na coinníollacha maidir leis an ráthaíocht dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír.

CAIBIDIL IV

Gluaiseacht earraí mail faoi fhionraí dleachta máil

Roinn 1

Forálacha ginearálta

Airteagal 16

Forálacha ginearálta maidir le hionad seolta agus ceann scríbe na gluaiseachta

1.   Féadfar earraí máil a ghluaiseacht faoi shocrú fionraí dleachta idir na háiteanna seo a leanas laistigh de chríoch an Aontais, lena n-áirítear trí thríú tír nó tríú críoch:

(a)

ó stóras cánach go dtí:

(i)

stóras cánach eile;

(ii)

coinsíní cláraithe;

(iii)

áit óna bhfágfaidh na hearraí máil críoch an Aontais, dá dtagraítear in Airteagal 25(1);

(iv)

an coinsíní dá dtagraítear in Airteagal 11(1), i gcás ina seolfar na hearraí ó chríoch Ballstáit eile;

(v)

an oifig custaim imeachta i gcás ina bhforáiltear di in Airteagal 329(5) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 agus arb í an oifig custaim imeachta ag an am céanna í le haghaidh an nós imeachta idirthurais sheachtraigh i gcás ina bhforáiltear dó sin in Airteagal 189(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446;

(b)

ón áit allmhairiúcháin chuig aon cheann de na cinn scríbe dá dtagraítear i bpointe (a), i gcás inarb é coinsíneoir cláraithe a sheolfaidh na hearraí.

Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn "áit allmhairiúcháin" an áit a scaoilfear na hearraí le haghaidh saorchúrsaíochta i gcomhréir le hAirteagal 201 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.

2.   Ach amháin i gcás ina ndéantar allmhairiú laistigh de stóras cánach, ní fhéadfar earraí máil a ghluaiseacht ón áit allmhairiúcháin faoi shocrú fionraí dleachta ach amháin má sholáthraíonn an dearbhóir nó aon duine a bhfuil baint aige go díreach nó go hindíreach le foirmiúlachtaí custaim a chur i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 an méid seo a leanas d'údaráis inniúla an Bhallstáit allmhairiúcháin:

(a)

an uimhir mháil uathúil faoi phointe (a) d'Airteagal 19(2) de Rialachán (AE) Uimh. 389/2012 ón gComhairle (15) lena sainaithnítear an coinsíneoir cláraithe don ghluaiseacht;

(b)

an uimhir mháil uathúil faoi phointe (a) d'Airteagal 19(2) de Rialachán (AE) Uimh. 389/2012 lena sainaithnítear an coinsíní a seoltar na hearraí chuige;

(c)

más infheidhme, an fhianaise go bhfuil sé beartaithe na hearraí allmhairithe a sheoladh ó chríoch an Bhallstáit allmhairiúcháin chuig críoch Ballstáit eile.

3.   Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil nach gcuirfear an fhianaise dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 2 in iúl do na húdaráis inniúla ach amháin arna iarraidh sin.

4.   De mhaolú ar phointe (a)(i) agus (ii) agus pointe (b) de mhír 1 den Airteagal seo, féadfaidh an Ballstát cinn scríbe, faoi na coinníollacha a leagann sé síos, a cheadú go ndéanfar earraí máil a ghluaiseacht faoi shocrú fionraí dleachta go dtí áit seachadta dhírigh atá suite ina chríoch, i gcás ina mbeidh an áit sin ainmnithe ag an gcoimeádaí údaraithe stórais sa Bhallstát cinn scríbe nó ag an gcoinsíní cláraithe seachas coinsíní cláraithe a bhfuil údarú aige atá teoranta i gcomhréir le hAirteagal 18(3).

Fanfaidh an coimeádaí údaraithe stórais sin nó an coinsíní cláraithe sin freagrach as an tuarascáil fála dá dtagraítear in Airteagal 24(1) a chur isteach.

5.   Beidh feidhm ag míreanna 1, 2 agus 4 freisin maidir le gluaiseachtaí earraí máil ar ráta nialasach, nár scaoileadh lena dtomhailt.

Airteagal 17

Ráthaíocht

1.   Ceanglóidh údaráis inniúla an Bhallstáit seolta, faoi na coinníollacha a shocróidh siad, go mbeidh na rioscaí is gné dhílis den ghluaiseacht faoi fhionraí dleachta máil faoi chumhdach ag ráthaíocht a sholáthróidh an coimeádaí údaraithe stórais seolta nó an coinsíneoir cláraithe.

2.   Ní cheanglófar aon ráthaíocht a thabhairt le haghaidh gluaiseachtaí táirgí fuinnimh trí phíblíne sheasta, ach amháin in imthosca a bhfuil údar cuí leo.

3.   De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit seolta, faoi na coinníollacha a shocróidh siad, a cheadú go dtabharfaidh an t-iompróir, úinéir na n-earraí máil nó an coinsíní an ráthaíocht dá dtagraítear i mír 1, nó go dtabharfaidh beirt nó níos mó de na daoine sin agus na daoine a luaitear i mír 1 an ráthaíocht sin i gcomhpháirt le chéile.

4.   Beidh an ráthaíocht bailí ar fud an Aontais.

5.   Féadfaidh an Ballstát seolta an oibleagáid a tharscaoileadh i dtaobh an ráthaíocht a sholáthar maidir leis na gluaiseachtaí earraí máil seo a leanas faoi shocrú fionraí dleachta:

(a)

gluaiseachtaí a dhéantar ina n-iomláine ina chríoch;

(b)

i gcás ina n-aontóidh na Ballstáit eile lena mbaineann leis sin, gluaiseachtaí táirgí fuinnimh laistigh den Aontas de mhuir.

6.   Leagfaidh na Ballstáit síos rialacha mionsonraithe lena rialaítear soláthar agus bailíocht ráthaíochta.

Airteagal 18

Coinsíní cláraithe

1.   Ní fhéadfaidh coinsíní cláraithe earraí máil a tháirgeadh, a phróiseáil, a choinneáil ina sheilbh ná a sheoladh faoi shocrú fionraí dleachta.

2.   Comhlíonfaidh coinsíní cláraithe na ceanglais seo a leanas:

(a)

sula seolfar na hearraí máil, ráthóidh sé go n-íocfar dleacht mháil faoi na coinníollacha a shocróidh údaráis inniúla an Bhallstáit cinn scríbe;

(b)

ag deireadh na gluaiseachta, iontrálfaidh sé ina chuntais nó ina cuntais na hearraí máil a fuarthas faoi shocrú fionraí dleachta;

(c)

toileoidh sé le haon seiceáil lena gcuirfear ar a gcumas d'údaráis inniúla an Bhallstáit cinn scríbe a dheimhniú dóibh féin go bhfuarthas na hearraí iarbhír.

3.   I gcás coinsíní cláraithe nach bhfaigheann earraí máil ach ó am go ham, beidh an t-údarú dá dtagraítear i bpointe (9) d'Airteagal 3 teoranta do mhéid sonraithe earraí máil, do choinsíneoir amháin agus do thréimhse shonraithe ama. Féadfaidh na Ballstáit an t-údarú a theorannú d'aon ghluaiseacht amháin.

Airteagal 19

Tosach agus deireadh gluaiseachtaí earraí máil atá ar fionraí ó dhleacht

1.   Tosóidh gluaiseacht earraí máil faoi shocrú fionraí dleachta:

(a)

sna cásanna dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 16(1), nuair a fhágann na hearraí máil an stóras cánach seolta;

(b)

sna cásanna dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 16(1) nuair a scaoiltear i saorchúrsaíocht iad i gcomhréir le hAirteagal 201 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.

2.   Críochnóidh gluaiseacht earraí máil faoi shocrú fionraí dleachta:

(a)

sna cásanna dá dtagraítear i bpointí (a)(i), (ii) agus (iv) d'Airteagal 16(1) agus i bpointe (b) d'Airteagal 16(1), nuair a bheidh na hearraí máil glactha ag an gcoinsíní;

(b)

sna cásanna dá dtagraítear i bpointe (a)(iii) d'Airteagal 16(1), nuair a fhágann na hearraí críoch an Aontais;

(c)

sna cásanna dá dtagraítear i bpointe (a)(v) d'Airteagal 16(1), nuair a chuirtear na hearraí faoin nós imeachta idirthurais sheachtraigh.

Roinn 2

An nós imeachta atá le leanúint maidir le gluaiseacht earraí mail faoi fhionraí dleachta máil

Airteagal 20

Doiciméad riaracháin leictreonach

1.   Ní mheasfar gur faoi shocrú fionraí dleachta a dhéanfar gluaiseacht earraí máil ach amháin má tharlaíonn sí faoi chumhdach doiciméad riaracháin leictreonach arna phróiseáil i gcomhréir le míreanna 2 agus 3.

2.   Chun críocha mhír 1 den Airteagal seo, cuirfidh an coinsíneoir dréachtdoiciméad riaracháin leictreonach faoi bhráid údaráis inniúla an Bhallstáit seolta, ag baint úsáid as an gcóras ríomhairithe dá dtagraítear in Airteagal 1 de Chinneadh (AE) 2020/263 ("an córas ríomhairithe").

3.   Déanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit seolta fíorú leictreonach ar na sonraí a sholáthrófar sa dréachtdoiciméad riaracháin leictreonach.

I gcás nach mbeidh na sonraí sin bailí, cuirfear an coinsíneoir ar an eolas faoi sin gan mhoill.

I gcás ina mbeidh na sonraí sin bailí, sannfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit seolta cód tagartha riaracháin uathúil don doiciméad agus cuirfidh sé in iúl don choinsíneoir é.

4.   Sna cásanna dá dtagraítear i bpointí (a)(i), (ii) agus (iv) d'Airteagal 16(1), pointe (b) d'Airteagal 16(1)(b) agus d'Airteagal 16(4), cuirfidh údaráis inniúla an Bhallstáit seolta an doiciméad riaracháin leictreonach ar aghaidh gan mhoill chuig údaráis inniúla an Bhallstáit cinn scríbe, agus cuirfidh an Ballstát cinn scríbe sin ar aghaidh é chuig an gcoinsíní i gcás inar coimeádaí údaraithe stórais nó coinsíní cláraithe é an coinsíní.

I gcás ina mbeidh na hearraí máil beartaithe do choimeádaí údaraithe stórais sa Bhallstát seolta, cuirfidh údaráis inniúla an Bhallstáit sin an doiciméad leictreonach riaracháin díreach ar aghaidh chuig an gcoimeádaí údaraithe stórais.

5.   Déanfaidh an coinsíneoir an cód tagartha riaracháin uathúil a sholáthar don duine a bheidh ag tionlacan na n-earraí máil, nó i gcás nach mbeidh aon duine ag tionlacan na n-earraí, leis an iompróir. Soláthróidh an duine a bheidh ag tionlacan na n-earraí máil nó an t-iompróir an cód sin do na húdaráis inniúla arna iarraidh sin le linn na gluaiseachta faoi shocrú fionraí dleachta máil. Mar sin féin, i gcás inarb iomchuí, féadfaidh na húdaráis inniúla cóip chlóite den doiciméad riaracháin leictreonach nó d'aon doiciméad tráchtála eile a iarraidh.

6.   Féadfaidh an coinsíneoir an doiciméad leictreonach riaracháin a chealú, ag baint úsáid as an gcóras ríomhairithe, chomh fada agus nach bhfuil an ghluaiseacht tosaithe faoi Airteagal 19(1).

7.   Le linn gluaiseacht faoi shocrú fionraí dleachta, féadfaidh an coinsíneoir, agus é ag baint úsáid as an gcóras ríomhairithe, an ceann scríbe nó coinsíní na n-earraí máil a athrú chuig ceann de na cinn scríbe dá dtagraítear in bpointí (a)(i), (ii) (iii) nó (v) d'Airteagal 16(1), nó i gcás inarb infheidhme, in Airteagal 16(4). Chun na críche sin, cuirfidh an coinsíneoir dréachtdoiciméad maidir le hathrú leictreonach ar an gceann scríbe faoi bhráid údaráis inniúla an Bhallstáit seolta ag baint úsáid as an gcóras ríomhairithe.

Airteagal 21

An doiciméad riaracháin leictreonach a láimhseáil maidir leis na hearraí atá á n-onnmhairiú

1.   Sna cásanna dá dtagraítear i bpointí (a)(iii) agus (v) d'Airteagal 16(1), cuirfidh údaráis inniúla an Bhallstáit seolta an doiciméad leictreonach riaracháin ar aghaidh chuig údaráis inniúla an Bhallstáit ina ndéanfar an dearbhú onnmhairiúcháin a thaisceadh faoi Airteagal 221(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ("an Ballstát onnmhairiúcháin"), murab ionann an Ballstát sin agus an Ballstát seolta.

2.   Soláthróidh an dearbhóir an cód tagartha riaracháin uathúil d'údaráis inniúla an Bhallstáit onnmhairiúcháin lena sonrófar na hearraí máil dá dtagraítear sa dearbhú onnmhairiúcháin.

3.   Sula scaoilfear na hearraí le haghaidh onnmhairiú, fíoróidh na húdaráis inniúla sa Bhallstát onnmhairiúcháin cibé acu an gcomhfhreagraíonn sonraí an doiciméid riaracháin leictreonaigh do na sonraí sin atá sa dearbhú onnmhairiúcháin.

4.   I gcás ina mbeidh aon neamhréireachtaí idir an doiciméad riaracháin leictreonach agus an dearbhú onnmhairiúcháin, tabharfaidh na húdaráis inniúla sa Bhallstát onnmhairiúcháin fógra do na húdaráis inniúla sa Bhallstát seolta ag baint úsáid as an gcóras ríomhairithe.

5.   I gcás nach mbeidh na hearraí le tabhairt amach as críoch chustaim an Aontais a thuilleadh, tabharfaidh na húdaráis inniúla sa Bhallstát onnmhairiúcháin fógra do na húdaráis inniúla sa Bhallstát seolta tríd an gcóras ríomhairithe a luaithe a gheobhaidh siad amach nach dtabharfar na hearraí amach as críoch chustaim an Aontais a thuilleadh. Cuirfidh údaráis inniúla an Bhallstáit seolta an fógra ar aghaidh chuig an gcoinsíneoir gan mhoill. Tar éis dó an fógra a fháil, cealóidh an coinsíneoir an doiciméad riaracháin leictreonach dá bhforáiltear in Airteagal 20(6) nó athróidh sé ceann scríbe na n-earraí dá bhforáiltear in Airteagal 20(7), de réir mar is iomchuí.

Airteagal 22

Socruithe speisialta maidir le gluaiseachtaí táirgí fuinnimh

1.   I gcás gluaiseachtaí táirgí fuinnimh faoi shocrú fionraí dleachta ar muir nó ar uiscebhealaí intíre chuig coinsíní nach eol go cinnte cé hé féin tráth a gcuirfidh an coinsíneoir isteach an dréachtdoiciméad riaracháin leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 20(2), féadfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit seolta a údarú don choinsíneoir na sonraí a bhaineann leis an gcoinsíní a fhágáil ar lár as an doiciméad sin.

2.   A luaithe is eol na sonraí a bhaineann leis an gcoinsíní, agus ar a dhéanaí ag deireadh na gluaiseachta, déanfaidh an coinsíneoir, agus é ag baint úsáid as an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 20(7), iad a tharchur chuig údaráis inniúla an Bhallstáit seolta.

3.   Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir leis na gluaiseachtaí dá dtagraítear i bpointí (a)(iii) agus (v) d'Airteagal 16(1).

Airteagal 23

Coinsíneachtaí a roinnt

1.   Féadfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit seolta a cheadú, faoi na coinníollacha arna socrú ag an mBallstát sin, go ndéanfaidh an coinsíneoir gluaiseacht táirgí fuinnimh faoi fhionraí dleachta máil a roinnt ina dhá gluaiseacht nó níos mó ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

nach n-athrófar cainníocht iomlán na n-earraí máil;

(b)

go ndéanfar an roinnt i gcríoch Bhallstáit a cheadaíonn nós imeachta den sórt sin;

(c)

go gcuirfear údaráis inniúla an Bhallstáit sin ar an eolas faoin áit ina ndéanfar an roinnt.

2.   Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi cibé a cheadaíonn siad gluaiseachtaí a roinnt ina gcríoch agus na coinníollacha faoina gceadaíonn siad sin. Tarchuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin chuig na Ballstáit eile.

Airteagal 24

Foirmiúlachtaí ag an gceann scríbe

1.   Ar na n-earraí máil sin a fháil ag aon cheann de na cinn scríbe dá dtagraítear i bpointí (a)(i), (ii) nó (iv) d'Airteagal 16(1) nó in Airteagal 16(4), déanfaidh an coinsíní, gan mhoill agus tráth nach déanaí ná cúig lá oibre tar éis dheireadh na gluaiseachta, ach amháin i gcásanna a bhfuil údar cuí leo chun sástacht na n-údarás inniúil, tuarascáil a bhfála a chur faoi bhráid údaráis inniúil an Bhallstáit cinn scríbe, ag baint úsáid as an gcóras ríomhairithe.

2.   Cinnfidh údaráis inniúla an Bhallstáit cinn scríbe na nósanna imeachta maidir le tuarascáil fála i leith na n-earraí ó na coinsínithe dá dtagraítear in Airteagal 11(1) a thíolacadh.

3.   Déanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit cinn scríbe fíorú leictreonach ar na sonraí a thugtar sa tuarascáil fála.

I gcás nach mbeidh na sonraí sin bailí, tabharfar fógra don choinsíní gan mhoill.

I gcás ina mbeidh na sonraí sin bailí, cuirfidh údaráis inniúla an Bhallstáit cinn scríbe dearbhú maidir le clárú na tuarascála fála ar fáil don choinsíní agus seolfaidh siad an dearbhú sin chuig údaráis inniúla an Bhallstáit seolta.

4.   Cuirfidh údaráis inniúla an Bhallstáit seolta an tuarascáil fála ar aghaidh chuig an gcoinsíneoir. I gcás ina mbeidh áit an tseolta agus an ceann scríbe lonnaithe sa Bhallstát céanna, cuirfidh údaráis inniúla an Bhallstáit sin an tuarascáil fála go díreach ar aghaidh chuig an gcoinsíneoir.

Airteagal 25

Foirmiúlachtaí ag deireadh gluaiseacht earraí atá á n-onnmhairiú

1.   Sna cásanna dá dtagraítear i bpointe (a)(iii) d'Airteagal 16(1) agus, i gcás inarb infheidhme, i bpointe (b) d'Airteagal 16(1) den Treoir seo, déanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit onnmhairiúcháin tuarascáil onnmhairiúcháin a chomhlánú ar bhonn na faisnéise a bheidh faighte aige ó oifig custaim imeachta faoi earraí a thabhairt amach faoi Airteagal 329 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 nó ón oifig ina gcuirtear i gcrích na foirmiúlachtaí maidir le hearraí a thabhairt amach as an gcríoch chustaim, dá dtagraítear in Airteagal 2(2) den Treoir seo agus deimhneofar sa tuarascáil sin go bhfuil na hearraí máil imithe as críoch an Aontais, ag baint úsáid as an gcóras ríomhairithe.

2.   Sna cásanna dá dtagraítear i bpointe (a)(v) d'Airteagal 16(1), comhlánóidh údaráis inniúla an Bhallstáit onnmhairiúcháin tuarascáil onnmhairiúcháin ar bhonn na faisnéise atá faighte acu ó oifig custaim imeachta faoi Airteagal 329(5) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447.

3.   Déanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit onnmhairiúcháin fíorú leictreonach ar na sonraí ar ar a bhonn a bheidh an tuarascáil onnmhairiúcháin le comhlánú i gcomhréir le míreanna 1 agus 2. A luaithe a fhíorófar na sonraí sin, agus i gcás nach ionann an Ballstát seolta agus an Ballstát onnmhairiúcháin, seolfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit onnmhairiúcháin an tuarascáil onnmhairiúcháin chuig údaráis inniúla an Bhallstáit seolta.

Cuirfidh údaráis inniúla an Bhallstáit seolta an tuarascáil onnmhairiúcháin ar aghaidh chuig an gcoinsíneoir.

Airteagal 26

Neamh-infhaighteacht an chórais ríomhairithe

1.   De mhaolú ar Airteagal 20(1), i gcás nach mbeidh an córas ríomhairithe ar fáil sa Bhallstát seolta, féadfaidh an coinsíneoir tús a chur le gluaiseacht earraí máil faoi shocrú fionraí dleachta ar choinníoll:

(a)

go bhfuil doiciméad cúltaca ag gabháil leis na hearraí ina bhfuil na sonraí céanna atá sa dréachtdoiciméad riaracháin leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 20(2);

(b)

go gcuirfidh an coinsíneoir údaráis inniúla an Bhallstáit seolta ar an eolas roimh thús na gluaiseachta.

Féadfaidh an Ballstát seolta a cheangal ar an gcoinsíneoir freisin go soláthróidh an coinsíneoir cóip den doiciméad dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír, go bhfíoróidh an Ballstát seolta na sonraí atá sa chóip sin agus, i gcás inarb é an coinsíneoir atá freagrach as neamh-infhaighteacht an chórais ríomhairithe, go soláthróidh sé faisnéis iomchuí faoi na cúiseanna leis an neamh-infhaighteacht sin roimh thús na gluaiseachta.

2.   A luaithe a chuirfear an córas ríomhairithe ar fáil arís, déanfaidh an coinsíneoir dréachtdoiciméad riaracháin leictreonach a thíolacadh, i gcomhréir le hAirteagal 20(2).

A luaithe a dhéanfar na sonraí sa dréachtdoiciméad riaracháin leictreonach a fhíorú i gcomhréir le hAirteagal 20(3) má tá na sonraí sin bailí, déanfar an doiciméad sin a chur in ionad an doiciméid cúltaca dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír de mhír 1 den Airteagal seo. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 20(4), Airteagal 21(1) agus Airteagail 24 agus 25.

3.   Coimeádfaidh an coinsíneoir cóip den doiciméad cúltaca dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír de mhír 1 ina thaifid nó ina taifid.

4.   I gcás nach mbeidh fáil ar an gcóras ríomhairithe sa Bhallstát seolta, féadfaidh an coinsíneoir ceann scríbe na n-earraí dá dtagraítear in Airteagal 20(7) a leasú nó gluaiseacht na n-earraí fuinnimh dá dtagraítear in Airteagal 23 a roinnt agus déanfaidh sé nó sí an fhaisnéis sin a chur in iúl do na húdaráis inniúla an Bhallstáit seolta trí mhodh eile cumarsáide a úsáid. Chuige sin, cuirfidh an coinsíneoir údaráis inniúla an Bhallstáit seolta ar an eolas sula ndéanfar an t-athrú cinn scríbe nó roinnt na gluaiseachta a thionscnamh. Beidh feidhm mutatis mutandis ag míreanna 2 agus 3.

5.   I gcás nach mbeidh an córas ríomhairithe ar fáil sa Bhallstát seolta sna cásanna dá dtagraítear i bpointí (a)(iii) agus (v) d'Airteagal 16(1), cuirfidh an coinsíneoir cóip den doiciméad cúltaca dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír de mhír 1 ar fáil don dearbhóir.

Soláthróidh an dearbhóir d'údaráis inniúla an Bhallstáit onnmhairiúcháin cóip den doiciméad cúltaca sin, a bhfreagróidh a inneachar do na hearraí máil a dhearbhófar sa dearbhú onnmhairiúcháin, nó aitheantóir uathúil an doiciméid cúltaca.

Airteagal 27

Doiciméid chúltaca ag an gceann scríbe nó i gcás onnmhairiúcháin

1.   Nuair is amhlaidh, sna cásanna dá dtagraítear i bpointí (a)(i), (ii) agus (iv) d'Airteagal 16(1), i bpointe (b) d'Airteagal 16(1) agus d'Airteagal 16(4), nach féidir an tuarascáil fála dá bhforáiltear in Airteagal 24(1) a thíolacadh ag deireadh gluaiseachta earraí máil roimh an spriocdháta dá bhforáiltear san Airteagal sin, toisc nach bhfuil an córas ríomhairithe ar fáil sa Bhallstát cinn scríbe nó toisc, sa chás dá dtagraítear in Airteagal 26(1), nach bhfuil na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 26(2) curtha i gcrích fós, cuirfidh an coinsíní faoi bhráid údaráis inniúla an Bhallstáit cinn scríbe, ach amháin i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad cúltaca ina mbeidh na sonraí céanna atá sa tuarascáil fála agus ina sonrófar go bhfuil deireadh tagtha leis an ngluaiseacht.

Cé is moite den chás inar féidir leis an gcoinsíní an tuarascáil fála dá bhforáiltear in Airteagal 24(1) a chur isteach go pras tríd an gcóras ríomhairithe, nó cé is moite de chásanna a bhfuil údar cuí leo, cuirfidh údaráis inniúla an Bhallstáit cinn scríbe cóip den doiciméad cúltaca a luaitear sa chéad fhomhír chuig údaráis inniúla an Bhallstáit seolta, agus cuirfidh an Ballstát seolta ar aghaidh é chuig an gcoinsíneoir nó coimeádfaidh sé nó sí ar fáil don choinsíneoir é. A luaithe a chuirfear an córas ríomhairithe ar fáil arís sa Bhallstát cinn scríbe nó a chuirfear na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 26(2) i gcrích, déanfaidh an coinsíní tuarascáil fála a thíolacadh, i gcomhréir le hAirteagal 24(1). Beidh feidhm mutatis mutandis ag míreanna 3 agus 4 d'Airteagal 24.

2.   Nuair is amhlaidh, sa chás dá dtagraítear i bpointí (a)(iii) nó (v) d'Airteagal 16(1) nach féidir an tuarascáil onnmhairiúcháin dá dtagraítear in Airteagal 25(1) agus (2) nó an fógra, dá bhforáiltear in Airteagal 21(5), nach dtabharfar na hearraí amach as críoch an Aontais a thuilleadh, a chomhlánú ag deireadh gluaiseacht earraí máil toisc nach bhfuil an córas ríomhairithe ar fáil sa Bhallstát onnmhairiúcháin nó toisc, sa chás dá dtagraítear in Airteagal 26(1), nach bhfuil na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 26(2) curtha i gcrích fós, seolfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit onnmhairiúcháin chuig údaráis inniúla an Bhallstáit seolta doiciméad ina mbeidh na sonraí céanna atá sa tuarascáil onnmhairiúcháin nó atá san fhógra agus lena ndeimhneofar go bhfuil deireadh tagtha leis an ngluaiseacht nó nach dtabharfar na hearraí amach as críoch an Aontais ach amháin i gcás gur féidir an tuarascáil onnmhairiúcháin a chomhlánú go pras tríd an gcóras ríomhairithe, nó i gcásanna a bhfuil údar cuí leo.

Cuirfidh údaráis inniúla an Bhallstáit seolta cóip den doiciméad dá dtagraítear sa chéad fhomhír ar aghaidh chuig an gcoinsíneoir nó coimeádfaidh sé ar fáil don choinsíneoir é.

A luaithe a chuirfear an córas ríomhairithe ar fáil arís sa Bhallstát onnmhairiúcháin nó a bheidh na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 26(2) curtha i gcrích, seolfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit onnmhairiúcháin tuarascáil onnmhairiúcháin i gcomhréir le hAirteagal 25(1) agus (2) nó leis an nóta dá bhforáiltear in Airteagal 21(5). Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 25(3).

Airteagal 28

Cruthúnais fála mhalartacha agus fianaise ar imeacht

1.   D'ainneoin Airteagal 27, beidh an tuarascáil fála dá bhforáiltear in Airteagal 24(1) nó an tuarascáil onnmhairiúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 25(1) agus (2) ina cruthúnas go bhfuil deireadh tagtha le gluaiseacht earraí máil, i gcomhréir le hAirteagal 19(2).

2.   De mhaolú ar mhír 1, in éagmais na tuarascála fála nó na tuarascála onnmhairiúcháin ar chúiseanna seachas na cúiseanna sin a luaitear in Airteagal 27, féadfar cruthúnas malartach ar dheireadh gluaiseachta earraí máil faoi shocrú fionraí dleachta a sholáthar, i gcomhréir le mír 3 agus 4.

3.   Sna cásanna dá dtagraítear i bpointí (a)(i), (ii) agus (iv) d'Airteagal 16(1), i bpointe (b) d'Airteagal 16(1) agus Airteagal 16(4), féadfar cruthúnas malartach ar dheireadh gluaiseacht earraí máil a chur ar fáil trí bhíthin formhuiniú ó údaráis inniúla an Bhallstáit cinn scríbe, bunaithe ar fhianaise iomchuí, go bhfuil a gceann scríbe bainte amach ag na hearraí máil.

Beidh doiciméad cúltaca dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 26(1) ina fhianaise iomchuí.

4.   Sna cásanna dá dtagraítear i bpointí (a)(iii) nó (v) d'Airteagal 16(1), chun a chinneadh ar tugadh na hearraí máil amach as críoch an Aontais sna cásanna dá dtagraítear i mír 2, maidir le húdaráis inniúla an Bhallstáit seolta:

(a)

glacfaidh siad le formhuiniú ó údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil an oifig custaim imeachta lonnaithe, lena ndeimhneofar go bhfuil na hearraí máil imithe ó chríoch an Aontais nó lena ndeimhneofar gur cuireadh na hearraí máil faoin nós imeachta idirthurais seachtrach i gcomhréir le pointe (a)(v) d'Airteagal 16(1) mar fhianaise iomchuí go bhfuil na hearraí tugtha amach as críoch an Aontais.

(b)

féadfaidh siad aon teaglaim de na píosaí fianaise seo a leanas a chur san áireamh:

(i)

nóta seachadta;

(ii)

doiciméad arna shíniú nó arna fhíordheimhnithe ag an oibreoir eacnamaíoch a bhfuil na hearraí máil tugtha amach as críoch chustaim an Aontais aige nó aici lena ndeimhnítear imeacht na n-earraí;

(iii)

doiciméad lena ndeimhníonn údarás custaim an Bhallstáit nó an tríú tír an seachadadh i gcomhréir leis na rialacha agus na nósanna imeachta is infheidhme maidir leis an deimhniúchán sin sa Bhallstát nó sa tír sin;

(iv)

taifid ar earraí a sholáthraítear do longa, d'aerárthaí nó do shuiteálacha amach ón gcósta arna gcoimeád ag oibreoirí eacnamaíocha;

(v)

fianaise eile is inghlactha d'údaráis an Bhallstáit seolta.

5.   I gcás inar ghlac údaráis inniúla an Bhallstáit seolta le fianaise iomchuí, cuirfear deireadh leis an ngluaiseacht sa chóras ríomhairithe.

Airteagal 29

Tarmligean na cumhachta agus bronnadh cumhachtaí cur chun feidhme i ndáil leis na doiciméid atá le malartú faoin socrú fionraí dleachta

1.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 51 lena mbunaítear struchtúr agus inneachar na ndoiciméad riaracháin leictreonach a mhalartaítear tríd an gcóras ríomhairithe chun críocha Airteagail 20 go 25, agus struchtúr agus inneachar na ndoiciméad cúltaca dá dtagraítear in Airteagail 26 agus 27 i gcomhthéacs gluaiseacht earraí máil faoi shocrú fionraí dleachta.

2.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunófar na rialacha agus nósanna imeachta maidir le malartú na ndoiciméad riaracháin leictreonach tríd an gcóras ríomhairithe i gcomhthéacs gluaiseacht earraí máil faoi fhionraí dleachta máil agus na rialacha agus na nósanna imeachta maidir le húsáid na ndoiciméad cúltaca dá dtagraítear in Airteagail 26 agus 27. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 52(2).

3.   Cinnfidh gach Ballstát na cásanna inar féidir a mheas nach bhfuil an córas ríomhairithe ar fáil agus déanfaidh sé na rialacha agus na nósanna imeachta a bheidh le leanúint sna cásanna sin a leagan síos, chun críocha Airteagail 26 agus 27 agus i gcomhréir leis na hAirteagail sin.

Roinn 3

Nósanna imeachta simplithe

Airteagal 30

Nósanna imeachta simplithe i mBallstát amháin

Féadfaidh na Ballstáit nósanna imeachta simplithe a bhunú i ndáil le gluaiseachtaí earraí máil faoi shocrú fionraí dleachta a dhéantar ina n-iomláine ar a gcríoch, lena n-áirítear an fhéidearthacht maidir leis an gceanglas a tharscaoileadh i dtaobh maoirseacht leictreonach ar ghluaiseachtaí den sórt sin.

Airteagal 31

Nósanna imeachta in dhá Bhallstát nó níos mó

Trí chomhaontú agus faoi choinníollacha arna socrú ag na Ballstáit uile lena mbaineann, féadfar nósanna imeachta simplithe a bhunú chun críoch gluaiseachtaí earraí máil faoi shocrú fionraí dleachta a tharlaíonn go minic agus go rialta idir críocha dhá Bhallstát nó níos mó.

Áirítear leis an bhforáil sin gluaiseachtaí trí phíblínte seasta.

CAIBIDIL V

Gluaiseacht earraí máil agus cánachas orthu tar éis iad a scaoileadh lena dtomhailt

Roinn 1

Fáil ag daoine príobháideacha

Airteagal 32

Fáil ag duine príobháideach

1.   Ní dhéanfar dleacht mháil ar earraí máil a gheobhaidh duine aonair phríobháideach dá úsáid nó dá húsáid féin, agus a iompróidh an duine príobháideach sin ó chríoch Ballstáit amháin go críoch Ballstáit eile, a mhuirearú ach amháin sa Bhallstát ina bhfaighfear na hearraí máil.

2.   Chun a chinneadh an bhfuil na hearraí máil dá dtagraítear i mír 1 ceaptha don duine aonair príobháideach dá úsáid nó dá húsáid féin, cuirfidh na Ballstáit san áireamh an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

stádas tráchtála shealbhóir na n-earraí máil agus na cúiseanna lena gcoinneáil ina seilbh;

(b)

an áit a bhfuil na hearraí máil lonnaithe nó, más iomchuí, an modh iompair a úsáidtear;

(c)

aon doiciméad a bhaineann leis na hearraí máil;

(d)

cineál na n-earraí máil;

(e)

cainníocht na n-earraí máil.

3.   Chun mír 2(e) a chur i bhfeidhm, féadfaidh na Ballstáit leibhéil treorach a leagan síos, mar fhoirm fianaise amháin. Ní fhéadfaidh na leibhéil treorach sin a bheith níos ísle ná:

(a)

maidir le táirgí tobac:

toitíní: 800 ítim,

todóigíní (todóga a bhfuil meáchan nach mó ná 3 g an ceann iontu): 400 ítim,

todóga: 200 ítim,

tobac lena chaitheamh: 1,0 kg;

(b)

maidir le deochanna alcólacha:

deochanna biotáilleacha: 10 l,

táirgí idirmheánacha: 20 l,

fíonta: 90 l (lena n-áirítear 60 l ar a mhéad d'fhíonta súilíneacha),

beoracha: 110 l.

4.   Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh freisin go dtiocfaidh dleacht mháil chun bheith dlite sa Bhallstát tomhaltais tráth a bhfaighfear olaí mianraí a scaoileadh cheana lena dtomhailt i mBallstát eile más rud é go n-iompróidh duine aonair príobháideach na táirgí sin, nó go n-iomprófar thar ceann duine príobháideach iad, ar mhodhanna iompair neamhghnácha.

Chun críocha na míre seo, ciallaíonn "modh iompair neamhghnách" breoslaí a iompar ar shlí seachas in umair feithiclí nó i gceanastair iomchuí breosla cúltaca agus táirgí teasa leachtacha a iompar ar shlí seachas trí thancaeir a úsáidtear thar ceann oibreoirí eacnamaíocha.

Roinn 2

An nós imeachta atá le leanúint maidir le gluaiseacht earraí mail a scaoileadh lena dtomhailt i gcríoch Ballstáit amháin agus a ghluaistear go críoch Ballstáit eile chun iad a sheachadadh ansin chun críoch tráchtála

Airteagal 33

Ginearálta

1.   I gcás ina ngluaisfear earraí máil a scaoileadh lena dtomhailt i gcríoch Ballstáit amháin agus go críoch Ballstáit eile chun iad a sheachadadh ansin chun críoch tráchtála, beidh siad faoi réir dleacht mháil sa Bhallstát cinn scríbe.

Faoi raon feidhme na socraíochtaí sa Roinn seo, ní ghluaisfear earraí máil ach ó choinsíneoir deimhnithe chuig coinsíní deimhnithe.

2.   Chun críocha an Airteagail seo, measfar gur "seachadadh chun críoch tráchtála" earraí máil i gcás inar scaoileadh iad lena dtomhailt i gcríoch Ballstáit amháin, inar gluaiseadh iad ón mBallstát sin go críoch Ballstáit eile agus inar seachadadh iad chuig duine nach duine príobháideach é nó chuig duine príobháideach mura gcumhdaítear an ghluaiseacht le hAirteagal 32 nó le hAirteagal 44. Mar sin féin, ní mheasfar gur "seachadadh chun críoch tráchtála" earraí máil i gcás ina n-iompróidh an duine aonair príobháideach iad dá úsáid nó dá húsáid féin, nuair a ghluaisfear iad ó chríoch an Bhallstáit eile.

3.   Cuirfear tús le gluaiseacht earraí máil faoin Airteagal seo nuair a fhágfaidh na táirgí máil áitreabh an choinsíneora dheimhnithe nó aon suíomh sa Bhallstát seolta, a dtabharfar fógra faoi roimh thosach na gluaiseachta d'údaráis inniúla an Bhallstáit seolta.

4.   Tiocfaidh deireadh le gluaiseacht earraí máil faoin Airteagal seo nuair a bheidh earraí máil glactha ag an gcoinsíní deimhnithe ag a áitreabh nó ag a háitreabh nó ag aon suíomh sa Bhallstát cinn scríbe, a dtabharfar fógra faoi d'údaráis inniúla an Bhallstáit cinn scríbe roimh thosach na gluaiseachta.

5.   Is iad na coinníollacha inmhuirearachta agus an ráta dleachta máil a chuirfear i bhfeidhm iad siúd a bheidh i bhfeidhm ar an dáta a dtiocfaidh an dleacht chun bheith inmhuirearaithe sa Bhallstát cinn scríbe.

Airteagal 34

Teagmhas inmhuirearaithe

1.   Beidh an coinsíní deimhnithe faoi dhliteanas an dleacht mháil a íoc, a bheidh inmhuirearaithe nuair a bheidh na hearraí seachadta go dtí an Ballstát cinn scríbe, ach amháin i gcás ina dtarlóidh neamhrialtacht faoi Airteagal 46 le linn na gluaiseachta.

2.   I gcás nach mbeidh duine amháin nó na daoine go léir a bhfuil baint acu leis an ngluaiseacht cláraithe nó deimhnithe, tiocfaidh na daoine sin chun bheith faoi dhliteanas an dleacht mháil a íoc.

3.   I gcás earraí máil a gcoinnítear seilbh orthu ar bord báid nó aerárthaigh a théann ar aistir farraige nó eitiltí idir críocha dhá Bhallstát ach nach mbíonn ar fáil lena ndíol nuair a bhíonn an bád nó an t-aerárthach i gcríoch ceann de na Ballstáit, ní bheidh siad faoi réir dleacht mháil sa Bhallstát sin.

Airteagal 35

Coinníollacha maidir le gluaiseacht earraí máil faoin Roinn seo

1.   Ní mheasfar gluaiseacht earraí máil a bheith i gcomhréir leis na riachtanais faoin Roinn seo ach amháin má tharlaíonn sí faoi chumhdach doiciméad riaracháin leictreonach arna phróiseáil i gcomhréir le hAirteagal 36.

2.   Comhlíonfaidh an coinsíní deimhnithe faoi Airteagal 34(1) gach ceann de na ceanglais a leanas:

(a)

sula seolfar na táirgí, soláthróidh sé ráthaíocht lena gcumhdófar rioscaí dúchasacha neamhíocaíocht na ndleachtanna máil a d'fhéadfadh a bheith ann i rith na gluaiseachta trí chríocha na mBallstát a thrasnaítear agus sa Bhallstát cinn scríbe;

(b)

an dleacht mháil atá dlite sa Bhallstát cinn scríbe a íoc i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos ag an mBallstát cinn scríbe ag deireadh ghluaiseacht na dtáirgí;

(c)

toiliú le haon seiceálacha lena gcuirfear ar chumas údaráis inniúla an Bhallstáit cinn scríbe a dheimhniú dóibh féin go bhfuarthas na hearraí máil iarbhír agus gur íocadh an dleacht mháil a bhí inmhuirearaithe ina leith.

3.   De mhaolú ar phointe (a) de mhír 2, féadfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit cinn scríbe, faoi na coinníollacha a shocróidh siad, a cheadú go dtabharfaidh an t-iompróir, úinéir na n‐earraí máil, an coinsíní deimhnithe nó beirt nó níos mó de na daoine sin an ráthaíocht i gcomhpháirt le chéile nó gan an coinsíní deimhnithe.

4.   Beidh an ráthaíocht dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 2 bailí ar fud an Aontais.

5.   Leagfaidh na Ballstáit síos rialacha mionsonraithe lena rialaítear soláthar agus bailíocht ráthaíochta.

6.   Féadfaidh coimeádaí údaraithe stórais nó coinsíneoir cláraithe gníomhú mar choinsíneoir deimhnithe chun críocha na Roinne seo tar éis dó nó di fógra a thabhairt d'údaráis inniúla an Bhallstáit seolta.

7.   Féadfaidh coimeádaí údaraithe stórais nó coinsíní cláraithe gníomhú mar choinsíní deimhnithe chun críocha na Roinne seo tar éis dó fógra a thabhairt d'údaráis inniúla an Bhallstáit cinn scríbe.

8.   I gcás coinsíneoir deimhnithe nó coinsíní cláraithe nach bhfaigheann earraí máil ach ó am go ham, beidh an deimhniú dá dtagraítear i bpointí (12) agus (13) d'Airteagal 3 teoranta do mhéid sonraithe earraí máil, do choinsíneoir nó coinsíní amháin agus do thréimhse shonraithe ama. Féadfaidh na Ballstáit an deimhniú a theorannú d'aon ghluaiseacht amháin. D'ainneoin cheanglais phointí (12) agus (13) d'Airteagal 3, féadfar an deimhniú sealadach sin a thabhairt freisin do dhaoine aonair príobháideacha atá ag gníomhú mar choinsíneoirí nó mar choinsínithe nuair a sheachadtar earraí máil chun críoch tráchtála faoi Airteagal 33(2).

Airteagal 36

Doiciméad riaracháin leictreonach simplithe

1.   I gcás ina mbeidh earraí máil le gluaiseacht faoin Roinn seo, cuirfidh an coinsíneoir deimhnithe dréachtdoiciméad riaracháin leictreonach simplithe faoi bhráid údaráis inniúla an Bhallstáit seolta ag baint úsáid as an gcóras ríomhairithe.

2.   Déanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit seolta fíorú leictreonach ar na sonraí a sholáthrófar sa dréachtdoiciméad riaracháin leictreonach simplithe.

I gcás nach mbeidh na sonraí sin bailí, cuirfear an coinsíneoir deimhnithe ar an eolas faoi sin gan mhoill.

I gcás ina mbeidh na sonraí sin bailí, sannfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit seolta cód tagartha riaracháin uathúil simplithe don doiciméad agus cuirfidh sé in iúl don choinsíneoir deimhnithe é.

3.   Cuirfidh údaráis inniúla an Bhallstáit seolta an doiciméad riaracháin leictreonach ar aghaidh gan mhoill chuig údaráis inniúla an Bhallstáit cinn scríbe, agus cuirfidh an Ballstát sin ar aghaidh é chuig an gcoinsíní deimhnithe.

4.   Déanfaidh an coinsíneoir deimhnithe an cód tagartha riaracháin uathúil simplithe a sholáthar don duine a bheidh ag tionlacan na n-earraí máil, nó i gcás nach mbeidh aon duine ag tionlacan na n-earraí, leis an iompróir. Soláthróidh an duine a bheidh a bheidh ag tionlacan na n-earraí máil nó an t-iompróir an cód sin do na húdaráis inniúla arna iarraidh sin le linn na gluaiseachta.

5.   Le linn gluaiseacht earraí máil faoin Roinn seo, féadfaidh an coinsíneoir deimhnithe, ag baint úsáid as an gcóras ríomhairithe, an ceann scríbe a athrú go háit seachadta eile sa Bhallstát céanna atá á hoibriú ag an gcoinsíní deimhnithe céanna, nó go dtí an t-ionad seolta. Chun na críche sin, cuirfidh an coinsíneoir deimhnithe dréachtdoiciméad maidir le hathrú leictreonach ar an gceann scríbe faoi bhráid údaráis inniúla an Bhallstáit seolta ag baint úsáid as an gcóras ríomhairithe.

Airteagal 37

Tuarascáil fála

1.   Tar éis don choinsíní deimhnithe na hearraí máil a fháil, cuirfidh sé, gan mhoill agus tráth nach déanaí ná cúig lá oibre tar éis dheireadh na gluaiseachta, ach amháin i gcásanna a bhfuil údar cuí leo chun sástacht na n-údarás inniúil, tuarascáil ar a bhfáil faoi bhráid údaráis inniúla an Bhallstáit cinn scríbe, ag baint úsáid as an gcóras ríomhairithe.

2.   Déanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit cinn scríbe fíorú leictreonach ar na sonraí a thugtar sa tuarascáil fála.

I gcás nach mbeidh na sonraí sin bailí, cuirfear an coinsíní deimhnithe ar an eolas faoi sin gan mhoill.

I gcás ina mbeidh na sonraí sin bailí, cuirfidh údaráis inniúla an Bhallstáit cinn scríbe dearbhú maidir le clárú na tuarascála fála ar fáil don choinsíní agus seolfaidh siad an dearbhú sin chuig údaráis inniúla an Bhallstáit seolta.

Measfar gur cruthúnas leordhóthanach í an tuarascáil fála go bhfuil na foirmiúlachtaí uile is gá comhlíonta ag an gcoinsíní deimhnithe agus, más infheidhme agus mura bhfuil na hearraí máil díolmhaithe ó dhleacht mháil a íoc, go bhfuil aon íocaíochtaí dleachta máil atá dlite don Bhallstát cinn scríbe nó socrú fionraí dleachta i gcomhréir le Caibidil III déanta aige.

3.   Cuirfidh údaráis inniúla an Bhallstáit seolta an tuarascáil fála ar aghaidh chuig an gcoinsíneoir deimhnithe.

4.   Aisíocfar an dleacht mháil a íocadh sa Bhallstát seolta, arna iarraidh sin agus ar bhonn na tuarascála fála dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 38

An nós imeachta cúltaca agus aisghabháil tráth an tseolta

1.   De mhaolú ar Airteagal 36, i gcás nach mbeidh an córas ríomhairithe ar fáil sa Bhallstát seolta, féadfaidh an coinsíneoir deimhnithe tús a chur le gluaiseacht earraí máil ar na coinníollacha a leanas:

(a)

tá doiciméad cúltaca ag gabháil leis na hearraí ina bhfuil na sonraí céanna atá sa dréachtdoiciméad riaracháin leictreonach simplithe dá dtagraítear in Airteagal 35(1);

(b)

cuirfidh an coinsíneoir údaráis inniúla an Bhallstáit seolta ar an eolas roimh thosach na gluaiseachta.

Féadfaidh an Ballstát seolta a cheangal ar an gcoinsíneoir deimhnithe go soláthrófar cóip den doiciméad dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír, go bhfíoróidh an Ballstát seolta na sonraí atá sa chóip sin agus, más é an coinsíneoir atá freagrach as neamh‐infhaighteacht an chórais ríomhairithe, go soláthrófar faisnéis iomchuí ar na cúiseanna leis an neamh-infhaighteacht sin roimh thús na gluaiseachta.

2.   A luaithe a chuirfear an córas ríomhairithe ar fáil arís, déanfaidh an coinsíneoir deimhnithe dréachtdoiciméad riaracháin leictreonach simplithe a thíolacadh, i gcomhréir le hAirteagal 36(1).

A luaithe a fhíorófar na sonraí sa dréachtdoiciméad riaracháin leictreonach simplithe i gcomhréir le hAirteagal 36(2), má tá na sonraí sin bailí, cuirfear an doiciméad sin in ionad an doiciméid cúltaca dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír de mhír 1 den Airteagal seo. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 36(3) agus ag Airteagal 37.

3.   Coimeádfaidh an coinsíneoir cóip den doiciméad cúltaca dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír de mhír 1 ina thaifid nó ina taifid.

4.   I gcás nach mbeidh fáil ar an gcóras ríomhairithe sa Bhallstát seolta, féadfaidh an coinsíneoir deimhnithe ceann scríbe na n-earraí dá dtagraítear in Airteagal 36(5) a leasú agus cuirfidh sé an fhaisnéis sin in iúl d'údaráis inniúla an Bhallstáit seolta trí mhodh eile cumarsáide a úsáid. Cuirfidh an coinsíneoir deimhnithe údaráis inniúla an Bhallstáit seolta ar an eolas sula ndéanfar an t-athrú cinn scríbe a thionscnamh. Beidh feidhm mutatis mutandis ag míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo.

Airteagal 39

Doiciméid chúltaca agus aisghabháil sonraí — tuarascáil fála

I gcás ina mbeidh earraí máil le gluaiseacht faoin Roinn seo agus nach féidir an tuarascáil fála a thíolacadh ag deireadh ghluaiseacht na n-earraí máil i gcomhréir le hAirteagal 37(1), toisc nach bhfuil an córas ríomhairithe ar fáil sa Bhallstát cinn scríbe nó toisc nach bhfuil na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 38(2) curtha i gcrích fós, cuirfidh an coinsíní deimhnithe faoi bhráid údaráis inniúla an Bhallstáit cinn scríbe, ach amháin i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad cúltaca ina mbeidh na sonraí céanna atá sa tuarascáil fála agus ina sonrófar go bhfuil deireadh tagtha leis an ngluaiseacht.

Cé is moite den chás inar féidir leis an gcoinsíní deimhnithe an tuarascáil fála a chur isteach go pras tríd an gcóras ríomhairithe mar a fhoráiltear don mhéid sin in Airteagal 37(1), nó i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, cuirfidh údaráis inniúla an Bhallstáit cinn scríbe cóip den doiciméad cúltaca dá dtagraítear sa chéad fhomhír chuig údaráis inniúla an Bhallstáit seolta. Cuirfidh údaráis inniúla an Bhallstáit seolta an chóip ar aghaidh chuig an gcoinsíneoir deimhnithe nó coinneoidh siad ar fáil don choinsíneoir deimhnithe í.

A luaithe a chuirfear an córas ríomhairithe ar fáil arís sa Bhallstát cinn scríbe nó a bheidh na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 38(2) curtha i gcrích, tíolacfaidh an coinsíní deimhnithe tuarascáil fála, i gcomhréir le hAirteagal 37(1). Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 37(2) agus (3).

Airteagal 40

Cruthúnais fála mhalartacha

1.   D'ainneoin Airteagal 39, beidh an tuarascáil fála a cheanglaítear le hAirteagal 37(1) ina cruthúnas gur seachadadh na hearraí máil ar an gcoinsíní deimhnithe.

2.   De mhaolú ar mhír 1, in éagmais na tuarascála fála ar chúiseanna seachas na cinn a luaitear in Airteagal 39, féadfar cruthúnas malartach ar sheachadadh earraí máil a sholáthar trí fhormhuiniú ó údaráis inniúla an Bhallstáit cinn scríbe, bunaithe ar fhianaise iomchuí, go bhfuil a gceann scríbe bainte amach ag na hearraí máil a seoladh.

Beidh an doiciméad cúltaca dá dtagraítear sa chéad mhír d'Airteagal 39 ina fhianaise iomchuí chun críocha na chéad fhomhíre den mhír seo.

3.   I gcás inar ghlac údaráis inniúla an Bhallstáit cinn scríbe le formhuiniú údaráis inniúla an Bhallstáit seolta, measfar gur cruthúnas leordhóthanach é go bhfuil na foirmiúlachtaí uile is gá comhlíonta ag an gcoinsíní deimhnithe agus go bhfuil aon íocaíochtaí dleachta máil atá dlite don Bhallstát cinn scríbe déanta aige.

Airteagal 41

Maolú ón oibleagáid úsáid a bhaint as an gcóras ríomhairithe — nósanna imeachta simplithe in dhá Bhallstát nó níos mó

Trí chomhaontú agus ar choinníollacha arna socrú ag na Ballstáit uile lena mbaineann, féadfar nósanna imeachta simplithe a bhunú i dtaca le gluaiseachtaí earraí máil faoin Roinn seo a tharlaíonn idir críocha dhá Bhallstát nó níos mó.

Airteagal 42

Gluaiseacht earraí máil a scaoileadh lena dtomhailt idir dhá áit i gcríoch an Bhallstáit chéanna trí chríoch Ballstáit eile

1.   I gcás ina ndéanfar earraí máil a scaoileadh cheana lena dtomhailt i gcríoch Bhallstáit a ghluaiseacht go ceann scríbe i gcríoch an Bhallstáit sin trí chríoch Ballstáit eile, beidh feidhm ag na ceanglais a leanas:

(a)

déanfar gluaiseacht den sórt sin faoi chumhdach an doiciméid riaracháin leictreonaigh shimplithe dá dtagraítear in Airteagal 35(1) tar éis cúrsa taistil iomchuí ina leith;

(b)

fianóidh an coinsíní deimhnithe go bhfuair sé na hearraí i gcomhréir leis na rialacha arna leagan síos ag údaráis inniúla an chinn scríbe;

(c)

toileoidh an coinsíneoir deimhnithe agus an coinsíní deimhnithe le haon seiceálacha lena gcuirfear ar chumas a n-údarás inniúil faoi seach a dheimhniú dóibh féin go bhfuarthas na hearraí iarbhír.

2.   I gcás ina ngluaistear earraí máil go minic agus go rialta faoi na coinníollacha a shonraítear i mír 1, féadfaidh na Ballstáit lena mbaineann, trí chomhaontú, faoi choinníollacha a chinnfidh siad, na ceanglais a shonraítear i mír 1 a shimpliú.

Airteagal 43

Tarmligean cumhachta agus cumhacht cur chun feidhme a thabhairt le haghaidh ghluaiseacht earraí atá le seachadadh chun críoch tráchtála

1.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 51 lena mbunófar struchtúr agus inneachar na ndoiciméad riaracháin leictreonach a mhalartaítear tríd an gcóras ríomhairithe chun críocha Airteagail 36 agus 37, agus struchtúr agus inneachar na ndoiciméad cúltaca dá dtagraítear in Airteagail 38, 39 agus 41 i gcomhthéacs gluaiseacht earraí máil faoin Roinn seo.

2.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe lena mbunófar na rialacha agus na nósanna imeachta a bheidh le leanúint chun na doiciméid riaracháin leictreonacha a mhalartú tríd an gcóras ríomhairithe chun críocha Airteagail 36 agus 37, agus na rialacha agus na nósanna imeachta a bhaineann leis na doiciméid chúltaca dá dtagraítear in Airteagail 38, 39 agus 40 a úsáid i gcomhthéacs gluaiseacht earraí máil faoin Roinn seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 52.

Roinn 3

Ciandíol

Airteagal 44

Ciandíol

1.   I gcás earraí máil a scaoileadh cheana lena dtomhailt i gcríoch Ballstáit amháin, a cheannóidh duine, seachas coimeádaí údaraithe stórais, coinsíní cláraithe nó coinsíní deimhnithe, atá bunaithe i mBallstát eile agus nach bhfuil gníomhaíocht eacnamaíoch neamhspleách á déanamh aige, agus ina ndéanfaidh coinsíní a bhfuil gníomhaíocht eacnamaíoch neamhspleách á déanamh aige na hearraí máil sin a sheoladh nó a iompar go díreach nó go neamhdhíreach, nó ina n-iomprófar thar a cheann iad go díreach nó go neamhdhíreach, go críoch Ballstáit eile, beidh siad faoi réir dleacht mháil sa Bhallstát cinn scríbe.

2.   Sa chás dá dtagraítear i mír 1, beidh an dleacht mháil inmhuirearaithe sa Bhallstát cinn scríbe tráth a ndéanfar na hearraí máil a seachadadh. Is iad na coinníollacha inmhuirearachta agus an ráta dleachta máil a chuirfear i bhfeidhm iad siúd a bheidh i bhfeidhm ar an dáta a dtiocfaidh an dleacht chun bheith inmhuirearaithe.

Íocfar an dleacht mháil i gcomhréir leis an nós imeachta arna leagan síos ag an mBallstát cinn scríbe.

3.   Is é an coinsíneoir an duine a bheidh faoi dhliteanas an dleacht mháil a íoc sa Bhallstát cinn scríbe.

Mar sin féin, féadfaidh an Ballstát cinn scríbe a cheadú don choinsíneoir ionadaí cánach, atá bunaithe sa Bhallstát cinn scríbe, a cheapadh mar an duine atá faoi dhliteanas dleacht mháil a íoc. Formheasfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit sin an t-ionadaí cánach. Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil, i gcásanna nach ndearna an coinsíneoir nó an t-ionadaí cánach foráil phointe (a) de mhír 4 a urramú, gurb é coinsíní na n-earraí máil a bheidh faoi dhliteanas an dleacht mháil a íoc.

4.   Comhlíonfaidh an coinsíneoir nó an t-ionadaí cánach na ceanglais seo a leanas:

(a)

sula seolfaidh sé na hearraí máil, cláróidh sé a chéannacht nó a céannacht agus rathóidh an coinsíneoir go n-íocfar an dleacht mháil leis an oifig inniúil arna sainiú go sonrach agus faoi na coinníollacha arna leagan síos ag an mBallstát cinn scríbe;

(b)

íocfaidh sé an dleacht mháil ag an oifig dá dtagraítear i bpointe (a) tar éis do na hearraí máil a bheith seachadta;

(c)

coimeádfaidh sé cuntas ar sheachadtaí earraí máil.

Féadfaidh na Ballstáit lena mbaineann, ar choinníollacha a chinnfidh siad féin, na ceanglais sin a shimpliú ar bhonn comhaontuithe déthaobhacha nó iltaobhacha.

5.   Sa chás dá dtagraítear i mír 1, déanfar an dleacht mháil a toibhíodh sa chéad Bhallstát a aisíoc nó a loghadh, arna iarraidh sin ag an gcoinsíneoir, i gcás inar lean an coinsíneoir nó a ionadaí cánach na nósanna imeachta a leagtar síos i mír 4.

6.   Féadfaidh na Ballstáit rialacha sonracha a leagan síos chun míreanna 1 go 5 a chur i bhfeidhm maidir le hearraí máil a chumhdaítear faoi shocruithe dáilte náisiúnta speisialta.

Roinn 4

Díothú agus caillteanas

Airteagal 45

Díothú agus caillteanas

1.   Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 33(1) agus Airteagal 44(1), i gcás ina ndéanfar na hearraí máil a dhíothú go hiomlán nó ina gcaillfear go doleigheasta iad agus iad á n-iompar i gcríoch Bhallstáit seachas an Ballstát inar scaoileadh iad lena dtomhailt, de bharr imthosca nárbh fhéidir a thuar, nó force majeure, nó mar thoradh ar údarú ó údaráis inniúla an Bhallstáit sin na hearraí a dhíothú, ní bheidh an dleacht mháil inmhuirearaithe sa Bhallstát sin.

Chun críocha na Treorach seo, measfar go mbeidh díothú iomlán déanta ar earraí máil nó go mbeidh siad caillte ar fad nuair a bheidh siad curtha ó mhaith mar earraí máil.

2.   I gcás páirtchaillteanas i ngeall ar chineál na n-earraí a tharlaíonn le linn a n-iompair i gcríoch Bhallstáit seachas an Ballstát inar scaoileadh iad lena dtomhailt, ní bheidh dleacht mháil inmhuirearaithe sa Bhallstát sin ina dtagann méid an chaillteanais laistigh den tairseach chomhchoiteann pháirtchaillteanais i ndáil leis na hearraí máil sin a leagtar amach i gcomhréir le hAirteagal 6(9), ach amháin má tá cúis réasúnach ag Ballstát amhras a bheith air faoi chalaois nó faoi neamhrialtacht.

3.   Déanfar díothú iomlán nó caillteanas doleigheasta páirteach nó iomlán na n-earraí máil dá dtagraítear i mír 1 a chruthú chun sástacht údaráis inniúla an Bhallstáit inar tharla an díothú iomlán nó an caillteanas doleigheasta páirteach nó iomlán nó, mura féidir a chinneadh cén áit ar tharla an caillteanas, údaráis inniúla an Bhallstáit inar braitheadh é.

I gcás ina mbunaítear gur tharla díothú iomlán nó caillteanas doleigheasta páirteach nó iomlán na n-earraí máil, déanfar an ráthaíocht a taisceadh i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 35(2) nó pointe (a) d'Airteagal 44(4) a scaoileadh, ina hiomláine nó i bpáirt, de réir mar is iomchuí, ach a gcuirtear ar fáil cruthúnas sásúil.

Roinn 5

Neamhrialtachtaí le linn gluaiseacht earraí máil

Airteagal 46

Neamhrialtachtaí le linn gluaiseacht earraí máil

1.   I gcás inar tharla neamhrialtacht le linn gluaisteacht earraí máil faoi Airteagal 33(1) nó Airteagal 44(1), i gcríoch Bhallstáit seachas críoch an Bhallstáit inar scaoileadh iad lena dtomhailt, beidh na hearraí sin faoi réir dleacht mháil agus beidh dleacht mháil inmhuirearaithe sa Bhallstát inar tharla an neamhrialtacht.

2.   I gcás inar braitheadh neamhrialtacht le linn gluaisteacht earraí máil faoi Airteagal 33(1) nó Airteagal 44(1), i gcríoch Bhallstáit seachas críoch an Bhallstáit inar scaoileadh iad lena dtomhailt, agus nach féidir a chinneadh cén áit ar tharla an neamhrialtacht, measfar gur tharla an neamhrialtacht sa Bhallstát inar braitheadh an neamhrialtacht agus is sa Bhallstát sin a bheidh an dleacht mháil inmhuirearaithe.

Más rud é, áfach, sula rachaidh tréimhse trí bliana in éag ón dáta a bhfuarthas na hearraí máil, go bhfaighfear amach cén Ballstát inar tharla an neamhrialtacht i bhfírinne ina chríoch, beidh feidhm ag forálacha mhír 1.

3.   Beidh an dleacht mháil dlite ón duine a ráthaigh íocaíocht na dleachta sin i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 35(2) nó pointe (a) d'Airteagal 44(4) agus ó aon duine a bhí rannpháirteach sa neamhrialtacht. I gcás ina mbeidh roinnt daoine faoi dhliteanas an dleacht mháil chéanna a íoc, beidh siad faoi dhliteanas i gcomhpháirt agus go leithleach i leith an fhéich sin.

Déanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit inar scaoileadh na hearraí máil lena dtomhailt an dleacht mháil a aisíoc nó a loghadh, arna iarraidh sin, sa chás ina ndearnadh í a thobhach sa Bhallstát inar tharla an neamhrialtacht nó inar braitheadh í. Scaoilfidh údaráis inniúla an Bhallstáit cinn scríbe an ráthaíocht arna taisceadh de bhun phointe (a) d'Airteagal 35(2) nó de bhun phointe (a) d'Airteagal 44(4).

4.   Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn "neamhrialtacht" cás a tharla le linn gluaiseacht earraí máil faoi Airteagal 33(1) nó Airteagal 44(1), nach gcumhdaítear faoi Airteagal 45, ar dá bharr nár tháinig deireadh go cuí le gluaiseacht earraí máil, nó cuid de ghluaiseacht earraí máil.

5.   Measfar gur neamhrialtacht í aon easpa clárúcháin nó deimhnithe maidir le duine amháin nó maidir leis na daoine go léir a bhfuil baint acu leis an ngluaiseacht i gcontrárthacht le hAirteagal 33(1) nó le pointe (a) d'Airteagal 44(4) nó aon easpa measa ar an bhforáil faoi Airteagal 35(1). Beidh feidhm ag míreanna 1 go 4 dá réir sin, ach amháin má tá an coinsíní faoi dhliteanas an dleacht mháil a íoc de réir na habairte deiridh d'Airteagal 44(3).

CAIBIDIL VI

Ilghnéitheach

Roinn 1

Marcáil

Airteagal 47

Marcáil

1.   Gan dochar d'Airteagal 6(2), féadfaidh na Ballstáit a cheangal go n-iompróidh earraí máil marcálacha cánach nó marcanna aitheantais náisiúnta a úsáidtear chun críoch fioscach tráth a scaoilfear iad lena dtomhailt ina gcríoch nó, sna cásanna dá bhforáiltear in Airteagal 33(1) agus in Airteagal 44(1), nuair a thiocfaidh siad isteach ina gcríoch.

2.   Aon Bhallstát a cheanglóidh go n-úsáidfear marcálacha cánach nó marcanna aitheantais náisiúnta mar a leagtar amach i mír 1, ceanglófar air iad a chur ar fáil do choimeádaithe údaraithe stórais ó na Ballstáit eile. Féadfaidh gach Ballstát, áfach, a cheangal go gcuirfear na marcálacha nó na marcanna sin ar fáil d'ionadaí cánach arna údarú ag údaráis inniúla an Bhallstáit sin.

3.   Gan dochar d'aon fhorálacha a fhéadfaidh siad a leagan síos lena áirithiú go gcuirfear an tAirteagal seo chun feidhme go cuí agus chun aon imghabháil, seachaint nó mí-úsáid a chosc, áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh na marcálacha cánach ná na marcanna aitheantais náisiúnta a leagtar amach i mír 1 ina gcúis le constaicí ar shaorghluaiseacht earraí máil.

I gcás ina ngreamófar marcálacha nó marcanna den sórt sin d'earraí máil, déanfaidh an Ballstát a d'eisigh iad aon mhéid a íocadh nó a rathaíodh chun na marcálacha nó na marcanna sin a fháil, seachas na táillí as ucht iad a eisiúint, a aisíoc, a loghadh nó a scaoileadh, más rud é go bhfuil dleacht mháil tagtha chun bheith inmhuirearaithe agus gur bailíodh í i mBallstát eile.

Féadfaidh an Ballstát a d'eisigh na marcálacha nó na marcanna sin, áfach, aisíoc, loghadh nó scaoileadh an méid a íocadh nó a rathaíodh a chur faoi réir fianaise a thabhairt ar láimh, chun sástacht a údarás inniúil, go ndearnadh iad a bhaint nó a dhíothú.

4.   Beidh marcálacha cánach nó marcanna aitheantais náisiúnta amhail a leagtar amach i mír 1 bailí sa Bhallstát a d'eisigh iad. Féadfaidh aitheantas frithpháirteach ar na marcálacha nó na marcanna sin a bheith ann i measc na mBallstát, áfach.

Roinn 2

Táirgeoirí beaga fíona

Airteagal 48

Táirgeoirí beaga fíona

1.   Féadfaidh na Ballstáit miontáirgeoirí fíona a dhíolmhú ó cheanglais Airteagail 14 go 31 agus ó na ceanglais eile a bhaineann le gluaiseacht agus faireachán. I gcás ina ndéanfaidh na táirgeoirí beaga sin féin idirbhearta laistigh den Aontas, cuirfidh siad a n-údaráis ábhartha ar an eolas agus comhlíonfaidh siad na ceanglais a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/273 ón gCoimisiún (16).

2.   I gcás ina mbeidh miontáirgeoirí fíona díolmhaithe ó cheanglais i gcomhréir le mír 1, cuirfidh an coinsíní, trí bhíthin an doiciméid a cheanglaítear le Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/273 nó trí thagairt dó, údaráis inniúla an Bhallstáit cinn scríbe ar an eolas faoi na seachadtaí fíona arna bhfáil.

3.   Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn "táirgeoir beag" táirgeoir a tháirgeann níos lú ná 1 000 hl fíona in aghaidh na bliana, bunaithe ar an meántáirgeacht bhliantúil thar thrí bliana fíona as a chéile ar a laghad, i gcomhréir le hAirteagal 2(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/273.

Roinn 3

Stórais do bháid agus aerárthaí

Airteagal 49

Stórais do bháid agus aerárthaí

Go dtí go nglacfaidh an Chomhairle forálacha an Aontais maidir le stórais do bháid agus aerárthaí, féadfaidh na Ballstáit a gcuid forálacha náisiúnta féin a choimeád maidir le díolúintí i leith stórais den sórt sin.

Roinn 4

Socruithe speisialta

Airteagal 50

Socruithe speisialta

I gcás na mBallstát a bhfuil Comhaontú déanta acu maidir leis an bhfreagracht as droichead trasteorann a thógáil nó a chothabháil, féadfaidh siad bearta a ghlacadh de mhaolú ar fhorálacha na Treorach seo chun simpliú a dhéanamh ar an nós imeachta maidir le dleacht mháil a bhailiú ar na hearraí máil a úsáidtear chun an droichead sin a thógáil agus a chothabháil.

Chun críocha na mbeart sin, measfar gur cuid de chríoch an Bhallstáit atá freagrach as an droichead a thógáil nó a chothabháil i gcomhréir leis an gComhaontú an droichead agus na láithreáin tógála dá dtagraítear sa Chomhaontú.

Cuirfidh na Ballstáit lena mbaineann na bearta sin in iúl don Choimisiún, agus cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit eile ar an eolas.

CAIBIDIL VII

An tarmligean a fheidhmiú agus an nós imeachta coiste

Airteagal 51

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun na gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 6(10), in Airteagal 29(1) agus in Airteagal 43(1) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ón 20 Feabhra 2020.

3.   Féadfaidh an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 6(10), Airteagal 29(1) agus Airteagal 43(1) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí mar a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 6(10), Airteagail 29(1) agus Airteagail 43(1) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go gcuirfidh an Chomhairle in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh sí aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh na Comhairle.

Airteagal 52

Nós imeachta coiste

1.   Déanfaidh an Coiste um Dhleacht Mháil cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

CAIBIDIL VIII

Tuairisciú agus forálacha aistrithe agus deiridh

Airteagal 53

Tuairisciú ar chur chun feidhme na Treorach seo

Gach cúig bliana, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar chur chun feidhme na Treorach seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle. Tíolacfar an chéad tuarascáil trí bliana ar a dhéanaí tar éis dháta chur i bhfeidhm na Treorach seo.

Go háirithe, déanfar measúnú sa chéad tuarascáil ar chur i bhfeidhm agus ar thionchar na bhforálacha náisiúnta arna nglacadh agus arna gcur i bhfeidhm de bhun Airteagal 32, agus fianaise ábhartha á cur san áireamh maidir le tionchar na bhforálacha sin a mhéid a bhaineann le héifeachtaí trasteorann, calaois, seachaint, imghabháil nó mí-úsáid, agus maidir le tionchar ar fheidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh agus ar an tsláinte phoiblí.

Déanfaidh Ballstáit, arna iarraidh sin dóibh, an fhaisnéis ábhartha infhaighte a bheidh ag teastáil chun an tuarascáil a bhunú a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil sin, i gcás inarb iomchuí.

Airteagal 54

Forálacha idirthréimhseacha

Ceadóidh na Ballstáit earraí máil a fháil faoi na foirmiúlachtaí a leagtar amach in Airteagail 33, 34 agus 35 de Threoir 2008/118/CE go dtí an 31 Nollaig 2023.

Féadfar na fógraí dá dtagraítear in Airteagal 21(5) den Treoir seo a dhéanamh trí mhodhanna eile seachas an córas ríomhairithe go dtí an 13 Feabhra 2024.

Airteagal 55

Trasuí

1.   Déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun Airteagail 2, 3, 6, 12, 16, 17, Airteagail 19 go 22, Airteagail 25 go 29, Airteagail 33 go 46 agus Airteagail 54 agus 55 agus Airteagal 57 a chomhlíonadh a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 31 Nollaig 2021. Cuirfidh siad téacs na mbeart sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Faoi réir Airteagail 54, cuirfidh siad na bearta sin i bhfeidhm ón 13 Feabhra 2023.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Áireofar iontu freisin ráiteas go ndéanfar tagairtí don Treoir a aisghairtear leis an Treoir seo i bhforálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin atá ann cheana a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh agus conas a dhéanfar an ráiteas sin a leagan amach.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 56

Aisghairm

Déantar Treoir 2008/118/CE, arna leasú leis na gníomhartha a liostaítear i gCuid A d'Iarscríbhinn I, a aisghairm le héifeacht ón 13 Feabhra 2023, gan dochar d'oibleagáidí na mBallstát maidir leis na teorainneacha ama chun na Treoracha a leagtar amach i gCuid B d'Iarscríbhinn I a thrasuí sa dlí náisiúnta agus maidir le dátaí chur i bhfeidhm na dTreoracha sin.

Déanfar tagairtí don Treoir aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn II.

Airteagal 57

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag Airteagail 1, 4, 5, Airteagail 7 go 11, Airteagail 13 go 15, Airteagail 18, 23, 24, Airteagail 30 go 32, Airteagail 47 go 53, Airteagal 56 agus Airteagal 58 ón 13 Feabhra 2023.

Airteagal 58

Seolaithe

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 19 Nollaig 2019.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

K. MIKKONEN


(1)  Tuairim an 27 Márta 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Tuairim an 17 Deireadh Fómhair 2018 (IO C 62, 15.2.2019, lch. 108).

(3)  Treoir 2008/118/CE ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir leis na socruithe ginearálta maidir le dleacht mháil agus lena n-aisghairtear Treoir 92/12/CEE (IO L 9, 14.1.2009, lch. 12).

(4)  Treoir 92/83/CEE ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 1992 maidir le struchtúir dleachtanna máil ar alcól agus deochanna alcólacha a chomhchuibhiú (IO L 316, 31.10.1992, lch. 21).

(5)  Treoir 92/84/CEE ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 1992 maidir leis na rátaí dleachta máil ar alcól agus deochanna alcólacha a neasú (IO L 316, 31.10.1992, lch. 29).

(6)  Treoir 2003/96/CE ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2003 lena ndéantar athstruchtúrú ar an gcreat Comhphobail le haghaidh cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas (IO L 283, 31.10.2003, lch. 51).

(7)  Treoir 2011/64/AE ón gComhairle an 21 Meitheamh 2011 maidir le struchtúr agus rátaí an dleachta máil a chuirtear i bhfeidhm ar thobac monaraithe (IO L 176, 5.7.2011, lch. 24).

(8)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(9)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(10)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 an 28 Iúil 2015 ón gCoimisiún lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha mionsonraithe maidir le forálacha áirithe de Chód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12. 2015, lch. 1).

(11)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/1063 an 16 Bealtaine 2018 ón gCoimisiún lena leasaítear agus lena ceartaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha mionsonraithe maidir le forálacha áirithe de Chód Custaim an Aontais (IO L 192, 30.7. 2018, lch. 1).

(12)  Cinneadh (AE) 2020/263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2020 maidir le ríomhairiú gluaiseachta agus faireacháin earraí máil (Féach leathanach 43 den Iris Oifigiúil seo).

(13)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme forálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12.2015, lch. 558).

(14)  Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1), arna leasú le Rialachán (AE) 2016/2339 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais, a mhéid a bhaineann le hearraí a d'fhág go sealadach críoch chustaim an Aontais ar muir nó san aer (OJ L 354, 23.12.2016, lch. 32).

(15)  Rialachán (AE) Uimh. 389/2012 ón gComhairle an 2 Bealtaine 2012 maidir le comhar riaracháin i réimse na ndleachtanna máil agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2073/2004 (IO L 121, 8.5.2012, lch. 1).

(16)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 2018/273 ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2017 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le scéim na n-údaruithe le haghaidh planduithe fíniúnacha, clár na bhfíonghort, doiciméid tionlacain agus deimhniúchán, an clár isteach agus amach, dearbhuithe éigeantacha, fógraí agus foilsiú faisnéise ar tugadh fógra fúithi, agus lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na seiceálacha agus na pionóis ábhartha, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 555/2008 ón gCoimisiún, Rialachán (CE) Uimh. 606/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 607/2009 ón gCoimisiún agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 436/2009 ón gCoimisiún agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/560 ón gCoimisiún (IO L 58, 28.2.2018, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

CUID A

An Treoir aisghairthe agus liosta de na leasuithe a rinneadh uirthi

(dá dtagraítear in Airteagal 56)

Treoir 2008/118/CE ón gComhairle

(IO L 9, 14.1.2009, lch. 12)

Treoir 2010/12/AE ón gComhairle

(IO L 50, 27.2.2010, lch. 1)

Conradh Aontachais na Cróite

(IO L 112, 24.4.2012, lch. 10)

Treoir 2013/61/AE ón gComhairle

(IO L 353, 28.12.2013, lch. 5)

Treoir (AE) 2019/2235 ón gComhairle

(IO L 336, 30.12.2019, lch. 10)

CUID B

Teorainneacha ama don trasuí sa dlí náisiúnta agus dátaí cur i bhfeidhm (dá dtagraítear in Airteagal 56)

(dá dtagraítear in Airteagal 56)

Treoir

Teorainn ama don trasuí

Dáta cur i bhfeidhm

2008/118/CE

1 Eanáir 2010

1 Aibreán 2010

2010/12/AE

1 Eanáir 2011

 

2013/61/AE

1 Eanáir 2014

 

(AE) 2019/2235

30 Meitheamh 2022

1 Iúil 2022


IARSCRÍBHINN II

Tábla comhghaoil

Treoir 2008/118/CE

An Treoir seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2

Airteagal 6(1)

Airteagal 3(1), (2) agus (3)

Airteagal 2(1), (2) agus (3)

Airteagal 3(4)

Airteagal 2(4)

Airteagal 4, an fhoclaíocht tosaigh

Airteagal 3, an fhoclaíocht tosaigh

Airteagal 4, pointí (1) go (5)

Airteagal 3, pointí (1) go (5)

Airteagal 4, pointe (6)

Airteagal 4, pointe (7)

Airteagal 3, pointe (6)

Airteagal 4, pointe (8)

Airteagal 3, pointe (7)

Airteagal 3, pointe (8)

Airteagal 4, pointí (9) go (11)

Airteagal 3, pointí (9) go (11)

Airteagal 3, pointí (12) agus (13)

Airteagal 36(1), an dara fomhír

Airteagal 3, pointe (14)

Airteagal 3, pointí (15) agus (16)

Airteagal 5(1) agus (2)

Airteagal 4(1) agus (2)

Airteagal 5(3), an fhoclaíocht tosaigh

Airteagal 4(3), an fhoclaíocht tosaigh

Airteagal 5(3)(a) go (e)

Airteagal 4(3)(a) go (e)

Airteagal 5(3)(f) agus (g)

Airteagal 5(4), (5) agus (6)

Airteagal 4(4), (5) agus (6)

Airteagal 6

Airteagal 5

Airteagal 7(1) go (3)

Airteagal 6(2) go (4)

Airteagal 7(4), an chéad fhomhír

Airteagal 6(5)

Airteagal 7(4), an dara fomhír

Airteagal 6(6)

Airteagal 7(4), an tríú fomhír

Airteagal 6(9), an chéad fhomhír

Airteagal 7(5)

Airteagal 6(7)

Airteagal 6(8)

Airteagal 6(9), an dara fomhír

Airteagal 6(10)

Airteagal 8

Airteagal 7

Airteagal 9

Airteagal 8, an chéad fhomhír agus an dara fomhír

Airteagal 8, an tríú fomhír

Airteagail 10 go 12

Airteagail 9 go 11

Airteagal 13(1)

Airteagal 12(1)

Airteagal 13(2)

Airteagal 12(2) agus (3)

Airteagal 13(3)

Airteagal 12(4)

Airteagal 14(1), (2) agus (3)

Airteagal 13(1), (2) agus (3)

Airteagal 14(4)

Airteagal 14(5)

Airteagal 13(4)

Airteagail 15 agus 16

Airteagail 14 agus 15

Airteagal 17(1), an fhoclaíocht tosaigh

Airteagal 16(1), an fhoclaíocht tosaigh

Airteagal 17(1)(a) an fhoclaíocht tosaigh

Airteagal 16(1)(a) an fhoclaíocht tosaigh

Airteagal 17(1)(a)(i) go (iv)

Airteagal 16(1)(a)(i) go (iv)

Airteagal 16(1)(a)(v)

Airteagal 17(1)(b)

Airteagal 16(1)(b)

Airteagal 16(2) agus (3)

Airteagal 17(2)

Airteagal 16(4)

Airteagal 17(3)

Airteagal 16(5)

Airteagal 18(1)

Airteagal 17(1)

Airteagal 17(2)

Airteagal 18(2)

Airteagal 17(3)

Airteagal 18(3), an chéad abairt

Airteagal 17(4)

Airteagal 18(4)

Airteagal 17(5)

Airteagal 18(3), an dara habairt

Airteagal 17(6)

Airteagal 19

Airteagal 18

Airteagal 20(1)

Airteagal 19(1)

Airteagal 20(2)

Airteagal 19(2)(a) agus (b)

Airteagal 19(2)(c)

Airteagal 21(1) go (4)

Airteagal 20(1) go (4)

Airteagal 21(5)

Airteagal 21(1)

Airteagal 21(6)

Airteagal 20(5)

Airteagal 21(7)

Airteagal 20(6)

Airteagal 21(8)

Airteagal 20(7), an chéad abairt

Airteagal 20(7), an dara habairt

Airteagal 21(2) go (5)

Airteagal 22

Airteagal 22(1) agus (2)

Airteagal 22(3)

Airteagal 23, an chéad mhír, an fhoclaíocht tosaigh

Airteagal 23(1), an fhoclaíocht tosaigh

Airteagal 23, an chéad mhír, pointe 1

Airteagal 23(1)(a)

Airteagal 23, an chéad mhír, pointe 2

Airteagal 23(1)(b)

Airteagal 23, an chéad mhír, pointe 3

Airteagal 23(1)(c)

Airteagal 23, an dara fomhír

Airteagal 23(2)

Airteagal 24

Airteagal 24

Airteagal 25(1)

Airteagal 25(1)

Airteagal 25(2)

Airteagal 25(2)

Airteagal 25(3), an chéad fhomhír

Airteagal 25(3)

Airteagal 25(3), an dara fomhír

Airteagal 26(1) agus (2)

Airteagal 26(1) agus (2)

Airteagal 26(3)

Airteagal 26(4) agus (5)

Airteagal 26(3) agus (4)

Airteagal 26(5)

Airteagal 27

Airteagal 27

Airteagal 28(1)

Airteagal 28(1)

Airteagal 28(2), an chéad fhomhír agus an dara fomhír

Airteagal 28(2) agus (3)

Airteagal 28(4)

Airteagal 28(2), an tríú fomhír

Airteagal 28(5)

Airteagal 29

Airteagal 29

Airteagal 30

Airteagal 30

Airteagal 31

Airteagal 31

Airteagal 32

Airteagal 32

Airteagal 33(1)

Airteagal 33(1) agus (2)

Airteagal 33(3) agus (4)

Airteagal 33(2)

Airteagal 33(5)

Airteagal 33(3) agus (4)

Airteagal 34(1) agus (2)

Airteagal 33(5)

Airteagal 34(3)

Airteagal 33(6)

Airteagal 37(4)

Airteagal 34(1)

Airteagal 35(1)

Airteagal 34(2)(a), (b) agus (c)

Airteagal 35(2)(a), (b) agus (c)

Airteagal 34(2), an dara fomhír

Airteagal 35(3) go (8)

Airteagail 36 go 41

Airteagal 35

Airteagal 42

Airteagal 43

Airteagal 36(1), an chéad fhomhír

Airteagal 44(1)

Airteagal 36(1), an dara fomhír

Airteagal 3, pointe (14)

Airteagal 36(2) go (6)

Airteagal 44(2) go (6)

Airteagal 37(1), an chéad fhomhír

Airteagal 45(1), an chéad fhomhír

Airteagal 45(1), an dara fomhír

Airteagal 45(2)

Airteagal 37(1), an dara fomhír

Airteagal 45(3), an chéad fhomhír

Airteagal 37(1), an tríú fomhír

Airteagal 45(3), an dara fomhír

Airteagal 37(2)

Airteagal 38

Airteagal 46(1) go (4)

Airteagal 46(3), an chéad fhomhír, an dara habairt

Airteagal 46(5)

Airteagal 39

Airteagal 47

Airteagal 40

Airteagal 48

Airteagal 41

Airteagal 49

Airteagal 42

Airteagal 50

Airteagal 51

Airteagal 43

Airteagal 52

Airteagal 44

Airteagail 53 agus 54

Airteagail 45 agus 46

Airteagal 47

Airteagal 56

Airteagal 48

Airteagal 55

Airteagal 49

Airteagal 57

Airteagal 50

Airteagal 58

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn II


CINNTÍ

27.2.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 58/43


CINNEADH (AE) 2020/263 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 15 Eanáir 2020

maidir le ríomhairiú gluaiseachta agus faireacháin earraí máil

(athmhúnlú)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 (1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá roinnt leasuithe le déanamh ar Chinneadh Uimh. 1152/2003/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). Ar mhaithe le soiléireacht, ba cheart an Cinneadh sin a athmhúnlú.

(2)

Le Treoir (AE) 2020/262 ón gComhairle (4), foráiltear go mbeidh doiciméad arna líonadh ag an gcoinsíneoir a bheith ag gabháil le hearraí atá á mbogadh idir críocha na mBallstát faoi shocruithe fionraí dleachtanna máil.

(3)

Le Rialachán (CE) Uimh. 684/2009 ón gCoimisiún (5), leagtar síos struchtúr agus inneachar an doiciméid tionlacain dá dtagraítear i dTreoir (AE) 2020/262 agus an nós imeachta lena úsáid.

(4)

Chun seiceálacha a fheabhsú agus chun simpliú a dhéanamh ar ghluaiseacht earraí máil laistigh den Aontas, bunaíodh córas ríomhairithe de bhun Chinneadh Uimh. 1152/2003/CE.

(5)

Is gá tuilleadh cothabhála agus forbartha a dhéanamh ar an gcóras ríomhairithe lena ndéantar faireachán ar ghluaiseacht earraí máil chun go mbeadh na Ballstáit in ann faisnéis fíor-ama a fháil faoi ghluaiseachtaí den sórt sin agus na seiceálacha riachtanacha a dhéanamh de láimh agus go huathoibríoch, lena n-áirítear seiceálacha le linn gluaiseachtaí earraí máil de réir bhrí Chaibidlí IV agus V de Threoir (AE) 2020/262 agus Chaibidil IV de Rialachán (AE) Uimh. 389/2012 ón gComhairle (6).

(6)

De thoradh mhodhnú, leathnú agus oibriú an chórais ríomhairithe ba cheart go gceadófar gluaiseacht earraí máil laistigh den Aontas a bhfuil na dleachtanna ina leith ar fionraí chomh maith le gluaiseacht earraí máil a scaoileadh cheana féin lena dtomhailt ar chríoch Ballstáit amháin agus a bhogtar go críoch Ballstáit eile chun iad a sheachadadh chun críocha tráchtála.

(7)

Tríd an gcóras ríomhairithe a mhodhnú agus a leathnú, cuirtear feabhas ar ghnéithe an mhargaidh inmheánaigh de ghluaiseacht earraí máil. Aon ghnéithe fioscacha a bhaineann le gluaiseacht earraí máil, ba cheart aghaidh a thabhairt orthu trí leasú a dhéanamh ar Threoir (AE) 2020/262 nó ar Rialachán (AE) Uimh. 389/2012. Ní dochar an Cinneadh seo do bhunús dlí aon leasuithe a dhéanfar amach anseo ar Threoir (AE) 2020/262/ nó ar Rialachán (AE) Uimh. 389/2012.

(8)

Is gá sainiú a dhéanamh ar an dealú idir comhpháirteanna den chóras ríomhairithe ar de chuid an Aontais iad agus comhpháirteanna nach de chuid an Aontais iad, chomh maith leis na dualgais atá ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit faoi seach maidir le forbairt agus cur in úsáid an chórais. Sa chomhthéacs sin, ba cheart don Choimisiún, le cúnamh an Choiste ábhartha, ról mór a imirt maidir le comhordú, eagrú agus bainistiú an chórais.

(9)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú le haghaidh cur chun feidhme na mbeart is gá le haghaidh mhodhnú, leathnú agus oibriú an chórais ríomhairithe, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7).

(10)

Ba cheart socruithe a dhéanamh maidir le meastóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme an chórais ríomhairithe lena ndéantar faireachán ar earraí máil.

(11)

Sula mbeidh leathnú nua ar an gcóras ríomhairithe oibríochtúil, agus i bhfianaise na bhfadhbanna a bhí ann, ba cheart don Choimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit agus ag cur san áireamh bharúlacha na n-earnálacha trádála lena mbaineann, a fhiosrú an bhfuil aon cheann de na córais ar pháipéar atá ann faoi láthair fós oiriúnach.

(12)

Ba cheart costais an chórais ríomhairithe a roinnt ar an Aontas agus ar na Ballstáit.

(13)

De thoradh mhéid agus chastacht an chórais ríomhairithe, is gá go soláthraíonn an tAontas agus na Ballstáit acmhainní daonna agus airgeadais chun an córas a fhorbairt agus a chur in úsáid. Agus na comhpháirteanna náisiúnta á bhforbairt ag na Ballstáit, ba cheart dóibh na prionsabail a chur i bhfeidhm atá leagtha síos maidir le córais rialtais leictreonacha agus ba cheart dóibh caitheamh leis na hoibreoirí eacnamaíocha ar an dóigh chéanna a gcaitear leo sna réimsí eile ina bhfuil córais ríomhaireachta curtha ar bun. Go háirithe, ba cheart dóibh ligean do na hoibreoirí eacnamaíocha, go háirithe na fiontair bheaga agus mheánmhéide atá gníomhach san earnáil seo, na comhpháirteanna náisiúnta sin a úsáid ar an gcostas is ísle is féidir, agus ba cheart dóibh gach beart a chur chun cinn atá dírithe ar iomaíochas na n-oibreoirí sin a chaomhnú.

(14)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Chinnidh seo, eadhon bonn a sholáthar le haghaidh an rialachais ar tuilleadh uathoibrithe ar phróisis arna leagan amach i reachtaíocht an Aontais maidir le dleachtanna máil, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr go n-áiritheoidh sé dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Cinneadh seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Leis an gCinneadh seo, déantar foráil maidir leis an mbainistiú ar mhodhnú, ar leathnú agus ar oibriú an chórais ríomhairithe a úsáidtear le haghaidh gluaiseacht earraí máil agus le haghaidh faireachas ar na hearraí sin, dá dtagraítear in Airteagal 1(1) de Threoir (AE) 2020/262 (‘an córas ríomhairithe’).

2.   Is é atá beartaithe leis an gcóras ríomhairithe:

(a)

go mbeifear in ann na doiciméid riaracháin a tharchur dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2020/262 agus i Rialachán (AE) Uimh. 389/2012, agus feabhas a chur ar sheiceálacha;

(b)

go gcuirfear feabhas ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, trí shimpliú a dhéanamh ar ghluaiseacht earraí máil laistigh den Aontas agus tríd an deis a thabhairt do na Ballstáit faireachán a dhéanamh ar na sreafaí i bhfíor-am agus na seiceálacha riachtanacha a dhéanamh nuair is gá.

Airteagal 2

Cuirfear tús leis na gníomhaíochtaí a bhaineann le leathnú an chórais ríomhairithe faoin 10 Feabhra 2021.

Airteagal 3

1.   Beidh an córas ríomhairithe comhdhéanta de chomhpháirteanna de chuid an Aontais agus comhpháirteanna nach de chuid an Aontais iad.

2.   Áiritheoidh an Coimisiún go dtabharfar, le linn na hoibre ar na comhpháirteanna de chuid an Aontais den chóras ríomhairithe, gach aird ar athúsáid a bhaint an oiread is féidir as na córais atá ann cheana agus ar a áirithiú go bhfuil an córas ríomhairithe comhoiriúnach le córais ríomhairithe ábhartha eile de chuid an Choimisiúin agus an Bhallstáit, leis an gcuspóir sraith chomhtháite de chórais ríomhairithe le haghaidh faireachas ar ghluaiseachtaí earraí máil laistigh den Aontas agus ar ghluaiseachtaí earraí máil agus earraí atá faoi réir dleachtanna agus muirir eile atá ag teacht ó thríú tíortha nó ag dul chucu a thógáil.

3.   Is éard a bheidh sna comhpháirteanna de chuid an Aontais den chóras ríomhairithe na sonraíochtaí coiteanna, na táirgí teicniúla, seirbhísí an Líonra Cumarsáide Coiteann/Comhéadan Coiteann na gCóras, agus na seirbhísí comhordúcháin a úsáideann na Ballstáit uile, diomaite d’aon leagan difriúil de na seirbhísí sin nó d’aon ghné speisialta dá gcuid atá ceaptha chun riachtanais náisiúnta a shásamh.

4.   Is éard a bheidh sna comhpháirteanna den chóras ríomhairithe nach comhpháirteanna de chuid an Aontais iad na sonraíochtaí náisiúnta, na bunachair sonraí náisiúnta ar cuid den chóras ríomhairithe iad, na hidirnaisc líonra idir na comhpháirteanna de chuid an Aontais agus na comhpháirteanna nach de chuid an Aontais iad agus aon bhogearraí nó trealamh a mheasfaidh Ballstát a bheith riachtanach chun lán-úsáid an chórais ríomhairithe ina chóras riaracháin trí chéile a áirithiú.

Airteagal 4

1.   Déanfaidh an Coimisiún comhordú ar mhodhnú, leathnú agus oibriú na gcomhpháirteanna de chuid an Aontais agus na gcomhpháirteanna nach de chuid an Aontais iad den chóras ríomhairithe, agus go háirithe:

(a)

an bonneagar agus na huirlisí is gá chun naisc inmheánacha agus idir-inoibritheacht fhoriomlán an chórais ríomhairithe a ráthú;

(b)

forbairt beartais slándála den chaighdeán is airde is féidir chun cosc a chur le rochtain neamhúdaraithe ar shonraí agus chun sláine an chórais ríomhairithe a ráthú;

(c)

na huirlisí lena saothraítear sonraí chun calaois a chomhrac.

2.   Chun na haidhmeanna a leagtar amach i mír 1 a bhaint amach, déanfaidh an Coimisiún na conarthaí is gá a thabhairt i gcrích chun na comhpháirteanna de chuid an Aontais den chóras ríomhairithe a mhodhnú agus a leathnú agus déanfaidh sé, i gcomhar leis na Ballstáit arna dtionól sa Choiste dá dtagraítear in Airteagal 7(1), máistirphlean agus pleananna bainistíochta a tharraingt suas is gá le haghaidh mhodhnú, leathnú agus oibriú an chórais ríomhairithe.

Sonrófar sa mháistirphlean agus sna pleananna bainistíochta na cúraimí tosaigh agus na gnáthchúraimí a dhéanfaidh an Coimisiún agus gach Ballstát. Sonrófar sna pleananna bainistíochta na dátaí críochnaithe do na cúraimí is gá chun gach tionscadal a shainaithnítear sa mháistirphlean a chur i gcrích.

Airteagal 5

1.   Críochnóidh na Ballstáit, faoin dáta a shonraítear sna pleananna bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 4(2), na cúraimí tosaigh agus na gnáthchúraimí arna sannadh dóibh.

Tuairisceoidh siad don Choimisiún maidir le torthaí gach cúraim agus dáta a chríochnaithe. Ansin déanfaidh an Coimisiún an Coiste dá dtagraítear in Airteagal 7(1) a chur ar an eolas faoi sin.

2.   Ní dhéanfaidh na Ballstáit aon bheart i ndáil le modhnú, leathnú nó oibriú an chórais ríomhairithe a chuirfeadh isteach ar naisc inmheánacha an chórais agus ar a idir-inoibritheacht fhoriomlán nó ar a fheidhmiú ina iomláine.

Aon bhearta is mian le Ballstát a dhéanamh a d’fhéadfadh cur isteach ar naisc inmheánacha an chórais agus ar a idir-inoibritheacht fhoriomlán nó ar a fheidhmiú ina iomláine, déanfar iad le réamh-chomhaontú an Choimisiúin.

3.   Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas go rialta maidir le haon bheart atá déanta acu chun é a chur ar a gcumas dá n-údaráis féin lán-úsáid a bhaint as an gcóras ríomhairithe. Ansin déanfaidh an Coimisiún an Coiste dá dtagraítear in Airteagal 7(1) a chur ar an eolas faoi sin.

Airteagal 6

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunófar na bearta is gá le haghaidh mhodhnú, leathnú agus oibriú an chórais ríomhairithe i ndáil le hábhair dá dtagraítear in Airteagal 4(1) agus sa dara fomhír d’Airteagal 5(2). Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7(2). Ní dhéanfaidh na gníomhartha cur chun feidhme sin difear d’fhorálacha an Aontais i ndáil le bailiú agus seiceáil cánacha indíreacha nó i ndáil le comhar riaracháin agus cúnamh frithpháirteach i gcúrsaí cánachais indírigh.

Airteagal 7

1.   Déanfaidh an Coiste um Dhleacht Mháil cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 8

1.   Déanfaidh an Coimisiún a fhíorú go bhfuil na bearta arna maoiniú as buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh á gcur i gcrích i gceart agus i gcomhréir le forálacha an Chinnidh seo.

Déanfaidh sé, i gcomhar leis na Ballstáit arna dtionól sa Choiste dá dtagraítear in Airteagal 7(1), faireachán tráthrialta ar chéimeanna éagsúla forbartha agus cur in úsáid an chórais ríomhairithe d’fhonn a dhéanamh amach ar gnóthaíodh na cuspóirí atáthar a shaothrú agus d’fhonn treoirlínte a eisiúint maidir le cén chaoi le méadú a dhéanamh ar éifeachtacht na ngníomhaíochtaí a bhaineann le cur chun feidhme an chórais ríomhairithe.

2.   Faoin 10 Feabhra 2025 agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, tabharfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur chun feidhme agus oibriú an chórais ríomhairithe.

Leagfar amach sa tuarascáil, inter alia, na modhanna agus na critéir atá le húsáid sa mheastóireacht amach anseo ar an gcaoi a bhfuil an córas ríomhairithe ag feidhmiú.

Airteagal 9

Coinneoidh an Coimisiún na tíortha a bhfuil iarratas déanta acu ar bhallraíocht san Aontas maidir le forbairt agus cur i bhfeidhm an chórais ríomhairithe agus féadfaidh siad, más mian leo, páirt a ghlacadh sna scrúduithe atá le déanamh.

Airteagal 10

1.   Déanfar na costais a bhaineann leis an gcóras ríomhairithe a mhodhnú agus a leathnú a roinnt idir an tAontas agus na Ballstáit i gcomhréir le míreanna 2 agus 3.

2.   Is ar an Aontas a thitfidh na costais cheapadh, éadáil, shuiteáil agus chothabháil na gcomhpáirteanna de chuid an Aontais den chóras ríomhairithe agus costais leanúnacha oibriúcháin na gcomhpáirteanna sin de chuid an Aontais atá suiteáilte in áitreabh de chuid an Choimisiúin, nó in áitreabh fochonraitheora arna ainmniú ag an gCoimisiún.

3.   Is ar na Ballstáit a thitfidh costais mhodhnú, leathnú agus oibriú na gcomhpháirteanna den chóras ríomhairithe nach de chuid an Aontais iad agus costais leanúnacha oibriúcháin na gcompháirteanna sin de chuid an Aontais atá suiteáilte in áitreabh dá gcuid, nó in áitreabh fochonraitheora arna ainmniú ag an mBallstát lena mbaineann.

Airteagal 11

1.   Na leithreasuithe bliantúla, lena n-áirítear leithreasuithe arna sannadh d’úsáid agus d’oibriú an chórais ríomhairithe tar éis na tréimhse cur chun feidhme, údaróidh an t-údarás buiséadach iad laistigh de theorainneacha na peirspictíochta airgeadais a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1286/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8).

2.   Na buiséid agus na hacmhainní daonna is gá chun a n-oibleagáidí de réir Airteagal 5 a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a mheas agus a chur ar fáil. Soláthróidh an Coimisiún agus na Ballstáit na hacmhainní daonna, buiséadacha agus teicniúla is gá chun an córas ríomhairithe a mhodhnú, a leathnú, a oibriú agus a fhorbairt a thuilleadh.

Airteagal 12

Aisghairtear Cinneadh Uimh. 1152/2003/CE.

Déanfar tagairtí don Chinneadh aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Chinneadh seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá san Iarscríbhinn.

Airteagal 13

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 14

Dírítear an Cinneadh seo chuig na Ballstáit.

Arna dhéanamh in Strasbourg, 15 Eanáir 2020.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

N. BRNJAC


(1)  IO C 62, 15.2.2019, p. 108.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Aibreán 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 19 Nollaig 2019.

(3)  Cinneadh Uimh. 1152/2003/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meitheamh 2003 maidir le ríomhairiú gluaiseachta agus faireacháin táirgí inmháil (IO L 162, 1.7.2003, lch. 5).

(4)  Treoir (AE) 2020/262 ón gComhairle an 19 Nollaig 2019 lena leagtar síos na socruithe ginearálta do dhleacht mháil (Féach leathanach 4 den Iris Oifigiúil seo).

(5)  Rialachán (CE) Uimh, 684/2009 ón gCoimisiún an 24 Iúil 2009 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2008/118/CE ón gComhairle i ndáil leis na nósanna imeachta ríomhairithe maidir le gluaiseacht earraí máil a bhfuil an dleacht mháil ina leith ar fionraí (IO L 197, 29.7.2009, lch. 24).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 389/2012 ón gComhairle an 2 Bealtaine 2012 maidir le comhar riaracháin i réimse na ndleachtanna máil agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2073/2004 (IO L 121, 8.5.2012, lch. 1).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 1286/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear clár gníomhaíochta chun feabhas a chur ar oibriú na gcóras cánachais san Aontas Eorpach don tréimhse 2014–2020 (Fiscalis 2020) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1482/2007/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 25).


IARSCRÍBHINN

TÁBLAÍ COMHGHAOIL

Cinneadh Uimh. 1152/2003/CE

An Cinneadh seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2, an chéad fhomhír

_

Airteagal 2, an dara fomhír

Airteagal 2

Airteagal 3

Airteagal 3

Airteagal 4

Airteagal 4

Airteagal 5

Airteagal 5

Airteagal 6

Airteagal 6

Airteagal 7(1)

Airteagal 7(1)

Airteagal 7(2)

Airteagal 7(2)

Airteagal 7(3)

-

Airteagal 8(1)

Airteagal 8(1)

Airteagal 8(2)

-

Airteagal 8(3)

Airteagal 8(2)

Airteagal 9

Airteagal 9

Airteagal 10

Airteagal 10

Airteagal 11(1), an chéad fhomír

_

Airteagal 11(1), an dara fomhír

Airteagal 11(1)

Airteagal 11(2)

Airteagal 11(2)

-

Airteagal 12

Airteagal 12

Airteagal 13

Airteagal 13

Airteagal 14

_

Iarscríbhinn


II Gníomhartha neamhreachtacha

CINNTÍ

27.2.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 58/49


CINNEADH (AE) 2020/264 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 27 Samhain 2019

maidir le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a shlógadh chun foráil a dhéanamh maidir le réamhíocaíochtaí a íoc i mbuiséad ginearálta an Aontais do 2020

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle an 11 Samhain 2002 lena mbunaítear Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (1), agus go háirithe Airteagal 4a(4) de,

ag féachaint don Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, comhar in ábhair bhuiséadacha agus bainistíocht fhónta airgeadais (2), agus go háirithe pointe 11 de,

ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá sé d’aidhm ag Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (an “Ciste”) a chur ar chumas an Aontais freagairt ar bhealach mear, éifeachtúil agus solúbtha a thabhairt ar staideanna éigeandála chun dlúthpháirtíocht a léiriú le muintir na réigiún a bheadh thíos le tubaistí nádúrtha.

(2)

Níl an ciste le dul thar uasmhéid EUR 500 000 000 (praghsanna 2011) mar a leagtar síos in Airteagal 10 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle (3).

(3)

In Airteagal 4a(4) de Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 foráiltear, i gcás inar gá sin chun a áirithiú go mbeidh acmhainní buiséadacha ar fáil go tráthúil, go bhféadfar an Ciste suas a shlógadh go dtí méid nach mó ná EUR 50 000 000 le haghaidh réamhíocaíochtaí a íoc, agus na leithreasuithe comhfhreagracha a iontráil i mbuiséad ginearálta an Aontais.

(4)

Chun a áirithiú go mbeidh a dhóthain acmhainní buiséadacha ar fáil go tráthúil do bhuiséad ginearálta an Aontais do 2020, ba cheart EUR 50 000 000 ón gCiste a shlógadh le haghaidh réamhíocaíochtaí a íoc.

(5)

Chun an Ciste a shlógadh a thapúla is féidir, ba cheart feidhm a bheith ag an gCinneadh seo ó thús na bliana airgeadais 2020,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Le haghaidh bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, déanfar Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a shlógadh chun suim EUR 50 000 000 a sholáthar i leithreasuithe faoi chomhair gealltanais agus i leithreasuithe íocaíochta chun réamhíocaíochtaí a íoc.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2020.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 27 Samhain 2019,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

T. TUPPURAINEN


(1)  IO L 311, 14.11.2002, lch. 3.

(2)  IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.

(3)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 884).


27.2.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 58/51


CINNEADH (AE) 2020/265 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 27 Samhain 2019

maidir le leas a bhaint as an Ionstraim Sholúbthachta chun bearta buiséadacha láithreacha a mhaoiniú chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin leanúnacha na himirce, insreabhadh na ndídeanaithe agus na mbagairtí slándála

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, le comhar i dtaca le hábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais (1), agus go háirithe pointe 12 de,

ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá sé beartaithe leis an Ionstraim Sholúbthachta go bhféadfar caiteachas a mhaoiniú, ar caiteachas a shainaithneofar go soiléir é agus nach bhféadfaí a mhaoiniú faoi na huasteorainneacha a bheadh ar fáil do cheann amháin nó níos mó de na ceannteidil eile.

(2)

Is é EUR 600 000 000 (praghsanna 2011), mar a leagtar síos in Airteagal 11 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 (2) ón gComhairle é, an uasteorainn leis an méid bliantúil a bheidh ar fáil don Ionstraim Sholúbthachta, arna méadú, i gcás inarb infheidhme ag méideanna atá dulta i léig agus curtha ar fáil i gcomhréir leis an dara fomhír de mhír 1 den Airteagal sin.

(3)

Chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin leanúnacha na himirce, insreabhadh na ndídeanaithe agus na mbagairtí slándála, is gá méideanna suntasacha breise a shlógadh chun na bearta sin a mhaoiniú go práinneach.

(4)

Tar éis scrúdú a dhéanamh ar na féidearthachtaí uile i ndáil le leithreasuithe a ath-leithdháileadh faoi na huasteorainneacha caiteachais do cheannteideal 3 (Slándáil agus saoránacht), is gá leas a bhaint as an Ionstraim Sholúbthachta chun forlíonadh EUR 778 074 489 a chur leis an maoiniú atá ar fáil i mbuiséad ginearálta an Aontais don bhliain airgeadais 2020 thar uasteorainn cheannteideal 3 chun bearta a mhaoiniú i réimse na himirce, na ndídeanaithe agus na slándála.

(5)

Ar bhonn na próifíle íocaíochta lena bhfuiltear ag súil, na leithreasuithe íocaíochta a chomhfhreagraíonn do leas a bhaint as an Ionstraim Sholúbthachta, ba cheart iad a leithdháileadh thar roinnt blianta airgeadais.

(6)

Chun go bhféadfar úsáid a bhaint as na cistí go mear, ba cheart feidhm a bheith ag an gCinneadh seo ó thús na bliana airgeadais 2020,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   I gcás bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh do bhliain airgeadais 2020, úsáidfear an Ionstraim Sholúbthachta chun EUR 778 074 489 a sholáthar i leithreasuithe faoi chomhair oibleagáidí faoi cheannteideal 3 (Slándáil agus Saoránacht).

Déanfar an tsuim dá dtagraítear sa chéad fhomhír a úsáid chun bearta a mhaoiniú chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin leanúnacha na himirce, insreabhadh na ndídeanaithe agus na mbagairtí slándála.

2.   Ar bhonn na próifíle íocaíochta lena bhfuiltear ag súil, is é seo a leanas meastachán na leithreasuithe íocaíochta a chomhfhreagraíonn do leas a bhaint as an Ionstraim Sholúbthachta:

(a)

EUR 407 402 108 in 2020;

(b)

EUR 312 205 134 in 2021;

(c)

EUR 42 336 587 in 2022;

(d)

EUR 16 130 660 in 2023;

Déanfar na méideanna sonracha de leithreasuithe íocaíochta le haghaidh gach bliana airgeadais a údarú i gcomhréir leis an nós imeachta buiséadach bliantúil.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2020.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 27 Samhain 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

T. TUPPURAINEN


(1)  IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 884).


27.2.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 58/53


CINNEADH (AE, Euratom) 2020/266 ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Feabhra 2020

lena n-údaraítear tús a chur le caibidlíocht le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann maidir le comhaontú nua comhpháirtíochta

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, go háirithe Airteagal 217 de, i gcomhar le hAirteagal 218(3) agus (4) de,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, go háirithe Airteagal 101 de,

Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 1 Feabhra 2020, tharraing Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (“an Ríocht Aontaithe”) siar as an Aontas Eorpach.

(2)

Leagtar amach na socruithe don tarraingt siar sa Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (1) (“an Comhaontú um Tharraingt Siar”) a ndearnadh é a chaibidil agus a thabhairt i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

(3)

Tháinig an Comhaontú um Tharraingt Siar i bhfeidhm an 1 Feabhra 2020 agus déantar foráil ann maidir le hidirthréimhse ar lena linn a mbeidh feidhm ag dlí an Aontais maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe i gcomhréir leis an gComhaontú sin. Tiocfaidh deireadh leis an tréimhse sin an 31 Nollaig 2020 mura nglacfaidh an Comhchoiste arna bhunú leis an gComhaontú um Tharraingt Siar cinneadh aonair, roimh an 1 Iúil 2020, lena gcuirtear síneadh leis an idirthréimhse ar feadh suas le 1 bhliain nó 2 bhliain.

(4)

I dtreoirlínte an 23 Márta 2018, d’athdhearbhaigh an Chomhairle Eorpach cinneadh an Aontais go mbeadh comhpháirtíocht chomh dlúth agus ab fhéidir aige leis an Ríocht Aontaithe sa todhchaí. I gcomhréir leis na treoirlínte sin, ba cheart don chomhpháirtíocht sin an trádáil agus an comhar eacnamaíoch a chumhdach mar aon le réimsí eile, go háirithe an comhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta agus i gcoinne na coireachta idirnáisiúnta, chomh maith le slándáil, cosaint, agus an beartas eachtrach. Shocraigh an Chomhairle Eorpach na treoirlínte sin ag féachaint do thús a chur le caibidlíocht faoi thuiscint fhoriomlán ar an gcreat don chaidreamh sa todhchaí, a bhí le mionléiriú i ndearbhú polaitiúil a bhí le gabháil leis an gComhaontú um Tharraingt Siar agus a dtagraítear dó ann.

(5)

Leagtar amach an creat don chaidreamh sa todhchaí idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe sa dearbhú polaitiúil a ghabh leis an gComhaontú um Tharraingt Siar (2) (“an Dearbhú Polaitiúil”). Bunaítear leis na paraiméadair do chomhpháirtíocht a bheidh uaillmhianach, leathan, domhain agus solúbtha fud fad an chomhair trádála agus eacnamaíoch a mbeidh comhaontú saorthrádála cuimsitheach cothromaithe ina chroílár, fhorfheidhmiú an dlí agus an cheartas choiriúil, bheartais eachtrach, na slándála agus na cosanta agus réimsí is forleithne comhair.

(6)

Foráiltear le hAirteagal 184 den Chomhaontú um Tharraingt Siar go ndéanfaidh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe a ndícheall, de mheon macánta agus lánurraim á tabhairt do dhlíchórais a chéile, na bearta is gá a dhéanamh chun caibidlíocht a dhéanamh go gasta ar na comhaontuithe lena rialófar an caidreamh a bheidh eatarthu sa todhchaí dá dtagraítear sa Dearbhú Polaitiúil agus chun na nósanna imeachta ábhartha a chur i gcrích chun na comhaontuithe sin a dhaingniú nó a thabhairt chun críche, d’fhonn a áirithiú go mbeidh feidhm ag na comhaontuithe sin, a mhéid is féidir, ó dheireadh na hidirthréimhse.

(7)

Sna conclúidí uaithi an 13 Nollaig 2019, d’athdheimhnigh an Chomhairle Eorpach gur mian léi caidreamh sa todhchaí a bheidh chomh dlúth agus is féidir a bhunú leis an Ríocht Aontaithe, i gcomhréir leis an Dearbhú Polaitiúil, agus na treoirlínte ón gComhairle Eorpach a comhaontaíodh roimhe sin á n-urramú, chomh maith leis na ráitis agus na dearbhuithe, go háirithe iad siúd ón 25 Samhain 2018. D’athdhearbhaigh an Chomhairle Eorpach go sonrach nár mhór an caidreamh a bheadh ann leis an Ríocht Aontaithe sa todhchaí a bheith bunaithe ar chothromaíocht idir cearta agus oibleagáidí, agus nár mhór cothrom na Féinne a áirithiú leis do chách. Ba dhíol sásaimh don Chomhairle Eorpach gur chinn an Coimisiún Michel BARNIER a athcheapadh le haghaidh na caibidlíochta ar an gcaidreamh sa todhchaí, agus d’iarr sí ar an gCoimisiún dréachtsainordú cuimsitheach le haghaidh caidreamh sa todhchaí leis an Ríocht Aontaithe a chur faoi bhráid na Comhairle díreach tar éis don Ríocht Aontaithe tarraingt siar. Dúirt an Chomhairle Eorpach go gcoimeádfadh sí súil ghéar ar an gcaibidlíocht agus go gcuirfeadh sí tuilleadh treoirlínte polaitiúla ginearálta ar fáil de réir mar ba ghá.

(8)

Ba cheart, dá réir sin, tús a chur leis an gcaibidlíocht d’fhonn comhaontú nua comhpháirtíochta a thabhairt i gcrích leis an Ríocht Aontaithe. Ba cheart an Coimisiún a ainmniú mar idirbheartaí an Aontais. Maidir leis na hábhair i dtaca leis an gComhbheartas Eachtrach agus Slándála, tá an Coimisiún le caibidlíocht a sheoladh i gcomhaontú le hArdionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Údaraítear leis seo don Choimisiún tús a chur le caibidlíocht le haghaidh comhaontú nua comhpháirtíochta le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann.

Airteagal 2

Déantar an Coimisiún a ainmniú leis seo mar idirbheartaí an Aontais.

Airteagal 3

Seolfar an chaibidlíocht i gcomhairle leis an Meitheal um an Ríocht Aontaithe agus i gcomhréir leis na treoracha atá san aguisín, faoi réir aon treoracha a fhéadfaidh an Chomhairle a eisiúint dá éis seo chuig an gCoimisiún.

Airteagal 4

Dírítear an Cinneadh seo chuig an gCoimisiún.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Feabhra 2020

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. METELKO-ZGOMBIĆ


(1)  IO L 29, 31.1.2020, lch. 7

(2)  IO C 34, 31.1.2020, lch. 1.