ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 054I

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

Imleabhar 63
26 Feabhra 2020


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (CBES) 2020/249 ón gcomhairle an 25 Feabhra 2020 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/903 lena gcuirtear síneadh le sainordú Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh sa Chosaiv

1

 

*

Cinneadh (CBES) 2020/250 ón gComhairle an 25 Feabhra 2020 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/1248 lena gceaptar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh do Phróiseas Síochána an Mheánoirthir

3

 

*

Cinneadh (CBES) 2020/251 ón gcomhairle an 25 Feabhra 2020 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/905 lena gcuirtear síneadh le sainordú Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh do Chorn na hAfraice

5

 

*

Cinneadh (CBES) 2020/252 Ón Gcomhairle an 25 Feabhra 2020 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/904 lena gcuirtear síneadh le sainordú Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh don Áise Láir

7

 

*

Cinneadh (CBES) 2020/253 ón gcomhairle an 25 Feabhra 2020 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/906 lena gcuirtear síneadh le sainordú Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh don tSaiheil

9

 

*

Cinneadh (CBES) 2020/254 ón gComhairle an 25 Feabhra 2020 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/907 lena gcuirtear síneadh le sainordú Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh don Chugas Theas agus don ghéarchéim sa tSeoirsia

11

GA

Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo.

Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu.


II Gníomhartha neamhreachtacha

CINNTÍ

26.2.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 54/1


CINNEADH (CBES) 2020/249 ÓN GCOMHAIRLE

an 25 Feabhra 2020

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/903 lena gcuirtear síneadh le sainordú Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh sa Chosaiv (*)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 33 agus Airteagal 31(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ar an 4 Lúnasa 2016, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2016/1338 (1) lena gcuirtear síneadh le sainordú Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh (ISAE) sa Chosaiv agus lena gceaptar Nataliya APOSTOLOVA mar an ISAE sa Chosaiv.

(2)

Ar an 25 Meitheamh 2018, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2018/903 (2) lena gcuirtear síneadh le sainordú ISAE sa Chosaiv. Tá sainordú ISAE le dul in éag ar an 29 Feabhra 2020.

(3)

Ba cheart síneadh 6 mhí breise a chur le sainordú ISAE sa Chosaiv agus ba cheart méid tagartha airgeadais nua a bhunú don tréimhse ón 1 Márta 2020 go dtí an 31 Lúnasa 2020.

(4)

Cuirfidh ISAE an sainordú sa Chosaiv chun feidhme i gcomhthéacs staid a d’fhéadfadh dul in olcas agus a d’fhéadfadh bac a chur ar bhaint amach chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 21 den Chonradh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/903 mar a leanas:

(1)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:

Airteagal 1

Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh

Cuirtear síneadh le sainordú Nataliya APOSTOLOVA mar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh (ISAE) don Chosaiv go dtí an 31 Lúnasa 2020. Féadfaidh an Chomhairle a chinneadh go ndéanfar sainordú ISAE a fhoirceannadh níos luaithe, bunaithe ar mheasúnú ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála (CPS) agus ar thogra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (HR).”.

(2)

In Airteagal 5(1), cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach:

“Is é EUR 1 650 000 an méid tagartha airgeadais a bheartaítear chun an caiteachas a bhaineann le sainordú ISAE don tréimhse ón 1 Márta 2020 go dtí an 31 Lúnasa 2020 a chumhdach.”.

(3)

In Airteagal 14, cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach:

“Déanfar an tuarascáil chuimsitheach dheiridh ó ISAE maidir leis an sainordú a chur chun feidhme a chur i láthair ar an 15 Meitheamh 2020.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha. Beidh feidhm aige ón 1 Márta 2020.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Feabhra 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. METELKO-ZGOMBIĆ


(*)  Ní dochar an t‐ainmniú seo do sheasaimh ar stádas, agus tá sé ag teacht le UNSCR 1244 (1999) agus le tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.

(1)  Cinneadh (CBES) 2016/1388 ón gComhairle an 4 Lúnasa 2016 lena síntear sainordú Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh don Chosaiv (IO L 212, 5.8.2016, lch. 109).

(2)  Cinneadh (CBES) 2018/903 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2018 lena síntear sainordú Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh sa Chosaiv (IO L 161, 26.6.2018, lch. 7).


26.2.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 54/3


CINNEADH (CBES) 2020/250 ÓN GCOMHAIRLE

an 25 Feabhra 2020

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/1248 lena gceaptar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh do Phróiseas Síochána an Mheánoirthir

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 33 agus Airteagal 31(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ar an 18 Meán Fómhair 2018, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2018/1248 (1) lena gceaptar Susanna TERSTAL mar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh (ISAE) do Phróiseas Síochána an Mheánoirthir. Tá sainordú ISAE le dul in éag ar an 29 Feabhra 2020.

(2)

Ba cheart síneadh 12 mhí breise a chur le sainordú ISAE do Phróiseas Síochána an Mheánoirthir agus ba cheart méid tagartha airgeadais nua a bhunú don tréimhse ón 1 Márta 2020 go dtí an 28 Feabhra 2021.

(3)

Cuirfidh ISAE do Phróiseas Síochána an Mheánoirthir an sainordú chun feidhme i gcomhthéacs staid a d'fhéadfadh dul in olcas agus a d'fhéadfadh bac a chur ar bhaint amach chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 21 den Chonradh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/1248 mar a leanas:

(1)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:

"Airteagal 1

Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh

Cuirtear síneadh, le sainordú Susanna TERSTAL mar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh (ISAE) do Phróiseas Síochána an Mheánoirthir go dtí an 28 Feabhra 2021. Féadfaidh an Chomhairle a chinneadh go ndéanfar sainordú ISAE a fhoirceannadh níos luaithe, bunaithe ar mheasúnú ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála (CPS) agus ar thogra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála.".

(2)

In Airteagal 5(1), cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach:

"Is é EUR 1 182 524,33 an méid tagartha airgeadais a bheartaítear chun an caiteachas a bhaineann le sainordú ISAE don tréimhse ón 1 Márta 2020 go dtí an 28 Feabhra 2021 a chumhdach.".

(3)

In Airteagal 14 , cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach:

"Déanfar an tuarascáil chuimsitheach chríochnaitheach ó ISAE maidir leis an sainordú a chur chun feidhme a chur i láthair ar an 30 Samhain 2020.".

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha. Beidh feidhm aige ón 1 Márta 2020.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Feabhra 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. METELKO-ZGOMBIĆ


(1)  Cinneadh (CBES) ón gComhairle 2018/1248 an 18 Meán Fómhair 2018 lena gceaptar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh do Phróiseas Síochána an Mheánoirthir (IO L 235, 19.9.2018, lch. 9).


26.2.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 54/5


CINNEADH (CBES) 2020/251 ÓN GCOMHAIRLE

an 25 Feabhra 2020

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/905 lena gcuirtear síneadh le sainordú Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh do Chorn na hAfraice

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 33 agus Airteagal 31(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ar an 8 Nollaig 2011, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2011/819/CBES (1) lena gceaptar Alexander RONDOS mar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh (ISAE) do Chorn na hAfraice.

(2)

Ar an 25 Meitheamh 2018, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2018/905 (2) lena gcuirtear síneadh le sainordú ISAE do Chorn na hAfraice. Tá sainordú ISAE le dul in éag ar an 29 Feabhra 2020.

(3)

Ba cheart síneadh 6 mhí breise a chur le sainordú ISAE do Chorn na hAfraice agus ba cheart méid tagartha airgeadais nua a bhunú don tréimhse ón 1 Márta 2020 go dtí an 31 Lúnasa 2020.

(4)

Cuirfidh ISAE do Chorn na hAfraice an sainordú chun feidhme i gcomhthéacs staid a d’fhéadfadh dul in olcas agus a d’fhéadfadh bac a chur ar bhaint amach chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 21 den Chonradh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/905 mar a leanas:

(1)

In Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Cuirtear síneadh le sainordú Alexander RONDOS mar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh (ISAE) do Chorn na hAfraice go dtí an 31 Lúnasa 2020. Féadfaidh an Chomhairle a chinneadh go ndéanfar sainordú ISAE a fhoirceannadh níos luaithe, bunaithe ar mheasúnú ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála (CPS) agus ar thogra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála.”.

(2)

In Airteagal 5(1), cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach:

“Is é EUR 1 400 000 an méid tagartha airgeadais a bheartaítear chun an caiteachas a bhaineann le sainordú ISAE don tréimhse ón 1 Márta 2020 go dtí an 31 Lúnasa 2020 a chumhdach.”.

(3)

In Airteagal 14, cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach:

“Déanfar an tuarascáil chuimsitheach dheiridh ó ISAE maidir leis an sainordú a chur chun feidhme a chur i láthair ar an 15 Meitheamh 2020.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha. Beidh feidhm aige ón 1 Márta 2020.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Feabhra 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. METELKO-ZGOMBIĆ


(1)  Cinneadh 2011/819/CBES ón gComhairle an 8 Nollaig 2011 lena gceaptar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh do Chorn na hAfraice(IO L 327, 9.12.2011, lch. 62).

(2)  Cinneadh (CBES) 2018/905 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2018 lena síntear sainordú Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh do Chorn na hAfraice (IO L 161, 26.6.2018, lch. 16).


26.2.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 54/7


CINNEADH (CBES) 2020/252 ÓN GCOMHAIRLE

an 25 Feabhra 2020

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/904 lena gcuirtear síneadh le sainordú Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh don Áise Láir

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 33 agus Airteagal 31(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 15 Aibreán 2015, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2015/598 (1) lena gceaptar Peter BURIAN mar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh (ISAE) don Áise Láir.

(2)

An 25 Meitheamh 2018, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2018/904 (2) lena gcuirtear síneadh le sainordú ISAE don Áise Láir. Tá sainordú ISAE le dul in éag an 29 Feabhra 2020.

(3)

Ba cheart síneadh 12 mhí breise a chur le sainordú ISAE don Áise Láir agus ba cheart méid tagartha airgeadais nua a bhunú don tréimhse ón 1 Márta 2020 go dtí an 28 Feabhra 2021.

(4)

Cuirfidh ISAE don Áise Láir an sainordú chun feidhme i gcomhthéacs staid a d’fhéadfadh dul in olcas agus a d'fhéadfadh bac a chur ar bhaint amach chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 21 den Chonradh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/904 mar a leanas:

(1)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:

“Airteagal 1

Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh

"Cuirtear síneadhle sainordú Peter BURIAN mar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh (ISAE) don Áise Láir go dtí an 28 Feabhra 2021. Féadfaidh an Chomhairle a chinneadh go ndéanfaí sainordú ISAE a fhoirceannadh níos luaithe, bunaithe ar mheasúnú ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála (CPS) agus ar thogra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála.”.

(2)

In Airteagal 5(1), cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach:

“Is é EUR 1 170 000 an méid tagartha airgeadais a bheartaítear chun an caiteachas a bhaineann le sainordú ISAE don tréimhse ón 1 Márta 2020 go dtí an 28 Feabhra 2021 a chumhdach.”.

(3)

In Airteagal 14, cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach:

“Déanfar an tuarascáil chuimsitheach chríochnaitheach ó ISAE maidir leis an sainordú a chur chun feidhme a chur i láthair faoin 30 Samhain 2020.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha. Beidh feidhm aige ón 1 Márta 2020.

Arna dhéanamh /sa Bhruiséil, an 25 Feabhra 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. METELKO-ZGOMBIĆ


(1)  Cinneadh (CBES) 2015/598 ón gComhairle an 15 Aibreán 2015 lenar ceapadh Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh don Áise Láir (IO L 99, 16.4.2015, lch. 25).

(2)  Cinneadh (CBES) ón gComhairle an 25 Meitheamh 2018 lena síntear sainordú Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh don Áise Láir (IO L 161, 26.6.2018, lch. 12).


26.2.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 54/9


CINNEADH (CBES) 2020/253 ÓN GCOMHAIRLE

an 25 Feabhra 2020

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/906 lena gcuirtear síneadh le sainordú Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh don tSaiheil

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 33 agus Airteagal 31(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 7 Nollaig 2015, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2015/2274 (1) lena gceaptar Ángel LOSADA FERNÁNDEZ mar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh (ISAE) don tSaiheil.

(2)

An 25 Meitheamh 2018, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2018/906 (2) lena gcuirtear síneadh le sainordú ISAE don tSaiheil. Tá sainordú ISAE le dul in éag an 29 Feabhra 2020.

(3)

Ba cheart síneadh 12 mhí breise a chur le sainordú ISAE don tSaiheil agus ba cheart méid tagartha airgeadais nua a bhunú don tréimhse ón 1 Márta 2020 go dtí an 28 Feabhra 2021.

(4)

Cuirfidh ISAE don tSaiheil an sainordú chun feidhme i gcomhthéacs staid a d'fhéadfadh dul in olcas agus a d'fhéadfadh bac a chur ar bhaint amach chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 21 den Chonradh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/906 mar a leanas:

(1)

In Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

"1.   Cuirtear síneadh le sainordú Ángel LOSADA FERNÁNDEZ mar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh (ISAE) don tSaiheil go dtí an 28 Feabhra 2021. Féadfaidh an Chomhairle a chinneadh go ndéanfaí sainordú ISAE a fhoirceannadh níos luaithe, bunaithe ar mheasúnú ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála (CPS) agus ar thogra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála.".

(2)

In Airteagal 5(1), cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach:

"Is é EUR 1 600 000 an méid tagartha airgeadais a bheartaítear chun an caiteachas a bhaineann le sainordú ISAE don tréimhse ón 1 Márta 2020 go dtí an 28 Feabhra 2021 a chumhdach.".

(3)

In Airteagal 14, cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach:

"Déanfar an tuarascáil chuimsitheach chríochnaitheach ó ISAE maidir leis an sainordú a chur chun feidhme a chur i láthair faoin 30 Samhain 2020.".

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha. Beidh feidhm aige ón 1 Márta 2020.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Feabhra 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. METELKO-ZGOMBIĆ


(1)  Cinneadh (CBES) 2015/2274 ón gComhairle an 7 Nollaig 2015 lena gceaptar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh don tSaiheil (IO L 322, 8.12.2015, lch. 44).

(2)  Cinneadh (CBES) 2018/906 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2018 lena síntear sainordú Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh don tSaiheil (IO L 161, 26.6.2018, lch. 22).


26.2.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 54/11


CINNEADH (CBES) 2020/254 ÓN GCOMHAIRLE

an 25 Feabhra 2020

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/907 lena gcuirtear síneadh le sainordú Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh don Chugas Theas agus don ghéarchéim sa tSeoirsia

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 33 agus Airteagal 31(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 13 Samhain 2017, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2017/2071 (1) lena gceaptar Toivo KLAAR mar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh (ISAE) don Chugas Theas agus don ghéarchéim sa tSeoirsia.

(2)

An 25 Meitheamh 2018, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) (2) 2018/907 lena gcuirtear síneadh le sainordú ISAE don Chugas Theas agus don ghéarchéim sa tSeoirsia. Tá sainordú ISAE le dul in éag ar an 29 Feabhra 2020.

(3)

Ba cheart síneadh 12 mhí breise a chur le sainordú ISAE don Chugas Theas agus don ghéarchéim sa tSeoirsia agus ba cheart méid tagartha airgeadais nua a bhunú don tréimhse ón 1 Márta 2020 go dtí an 28 Feabhra 2021.

(4)

Cuirfidh ISAE don Chugas Theas agus don ghéarchéim sa tSeoirsia an sainordú chun feidhme i gcomhthéacs staid a d’fhéadfadh dul in olcas agus a d’fhéadfadh bac a chur ar bhaint amach chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 21 den Chonradh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh 2018/907 mar a leanas:

(1)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:

Airteagal 1

Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh

Cuirtear síneadh le sainordú Toivo KLAAR mar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh (ISAE) don Chugas Theas agus don ghéarchéim sa tSeoirsia go dtí an 28 Feabhra 2021. Féadfaidh an Chomhairle a chinneadh go ndéanfar sainordú ISAE a fhoirceannadh níos luaithe, bunaithe ar mheasúnú ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála (CPS) agus ar thogra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála.”.

(2)

In Airteagal 5(1), cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach:

“Is é EUR 2 900 000 an méid tagartha airgeadais a bheartaítear chun an caiteachas a bhaineann le sainordú ISAE don tréimhse ón 1 Márta 2020 go dtí an 28 Feabhra 2021 a chumhdach.”.

(3)

In Airteagal 14, cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach:

“Déanfar an tuarascáil chuimsitheach chríochnaitheach ó ISAE maidir leis an sainordú a chur chun feidhme a chur i láthair ar an 30 Samhain 2020.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha. Beidh feidhm aige ón 1 Márta 2020.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Feabhra 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. METELKO-ZGOMBIĆ


(1)  Cinneadh (CBES) 2012/2071 ón gComhairle an 13 Samhain 2017 lenar ceapadh Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh don Chugas Theas agus don ghéarchéim sa tSeoirsia (IO L 295, 14.11.2017, lch. 55).

(2)  Cinneadh (CBES) 2018/907 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2018 lena síntear sainordú Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh don Chugas Theas agus don ghéarchéim sa tSeoirsia(IO L 161, 26.6.2018, lch. 27).