ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 53

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

63
25 Feabhra 2020


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (AE) 2020/243 ón gComhairle an 13 Feabhra 2020 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an tríú cruinniú dhéag de Chomhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún maidir le caomhnú na speiceas imirceach ainmhithe fiáine a mhéid a bhaineann le moltaí ó pháirtithe éagsúla na Foscríbhinní a ghabhann leis an gCoinbhinsiúin a leasú, agus maidir le haistarraingt forchoimeádais ar tugadh fógra don Choinbhinsiún sin faoi

1

GA


II Gníomhartha neamhreachtacha

CINNTÍ

25.2.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 53/1


CINNEADH (AE) 2020/243 ÓN GCOMHAIRLE

an 13 Feabhra 2020

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an tríú cruinniú dhéag de Chomhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún maidir le caomhnú na speiceas imirceach ainmhithe fiáine a mhéid a bhaineann le moltaí ó pháirtithe éagsúla na Foscríbhinní a ghabhann leis an gCoinbhinsiúin a leasú, agus maidir le haistarraingt forchoimeádais ar tugadh fógra don Choinbhinsiún sin faoi

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Thug an tAontas an Coinbhinsiún maidir le caomhnú na speiceas imirceach ainmhithe fiáine (“an Coinbhinsiún”) i gcrích le Cinneadh 82/461/CEE ón gComhairle (1) agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Samhain 1983.

(2)

De bhun Airteagal XI den Choinbhinsiún, féadfaidh Comhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiun (“Comhdháil na bPáirtithe”) cinntí a ghlacadh chun na Foscríbhinní a ghabhann leis an gChoinbhinsiún a leasú.

(3)

Le linn an tríú cruinniú dhéag ón 15 go dtí an 22 Feabhra 2020, tá Comhdháil na bPáirtithe chun cinntí a ghlacadh chun na Foscríbhinní a ghabhann leis an gCoinbhinsiúin a leasú.

(4)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhdháil na bPáirtithe a leagan síos mar beidh na cinntí lena leasaítear na Foscríbhinní a ghabhann leis an gCoinbhinsiún ceangailteach i leith an Aontais.

(5)

Chuir an tAontas isteach moltaí le go gcuirfí an speiceas Tetrax tetrax le Foscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún agus na speicis Galeorhinus galeus, Tetrax tetrax agus Sphyrna zygaena le Foscríbhinn II a ghabhann leis an gCoinbhinsiún. Ní theastódh aon athrú ar dhlí an Aontais mar gheall ar aon cheann de na leasuithe beartaithe sin.

(6)

Chuir páirtithe eile sa Choinbhinsiún moltaí isteach maidir le Elephas maximus indicus, Panthera onca, Ardeotis nigriceps, Houbaropsis bengalensis bengalensis, Diomedea antipodensis agus Carcharhinus longimanus a chur le Foscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún agus maidir le Panthera onca, Ovis vignei agus Sphyrna zygaena (pobal réigiúnach a fhaightear feadh Limistéir Eacnamaíocha Eisiacha na Brasaíle, Uragua agus na hAirgintíne agus sna huiscí idirnáisiúnta máguaird) a chur le Foscríbhinn II.

(7)

Ba cheart an tAontas a thacú lena mholadh féin an pobal réigiúnach de Sphyrna zygaena a chur le Foscríbhinn II a ghabhann leis an gCoinbhinsiún, de rogha ar an moladh arna chur isteach ag páirtí eile sa Choinbhinsiún nach gcumhdaíonn ach an pobal réigiúnach a fhaightear feadh Limistéir Eacnamaíocha Eisiacha na Brasaíle, Uragua agus na hAirgintíne agus sna huiscí idirnáisiúnta máguaird.

(8)

Ba cheart don Aontas tacú leis na moltaí eile uile toisc iad a bheith bunaithe ar an eolaíocht, i gcomhréir le tiomantas an Aontais don chomhar idirnáisiúnta ar son chosaint na bithéagsúlachta de réir Airteagal 5 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch, agus i gcomhréir le cinntí a glacadh ag Comhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún sin.

(9)

Ní stát raoin é an tAontas i gcás na speiceas Elephas maximus indicus, Ardeotis nigriceps agus Houbaropsis bengalensis bengalensis agus dá bhrí sin ní theastódh aon athrú ar dhlí an Aontais chun na speicis sin a chur le Foscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún.

(10)

Ní stát raoin é an tAontas Eorpach i gcás an speicis Ovis vignei agus dá bhrí sin ní theastódh aon athrú ar dhlí an Aontais chun an speiceas sin a chur le Foscríbhinn II a ghabhann leis an gCoinbhinsiún.

(11)

Níl an speiceas Panthera onca ar fáil san Aontas ach i nGuáin na Fraince, áit atá lasmuigh de raon feidhme Threoir 92/43/CEE ón gComhairle (2), treoir nach bhfuil feidhm aici ach i gcríoch Eorpach na mBallstát a bhfuil feidhm ag an gConradh maidir leo. Is le reachtaíocht náisiúnta a áirithítear caomhnú na speiceas i nGuáin na Fraince, an speiceas Panthera onca san áireamh. Ní theastódh aon athrú ar dhlí an Aontais, dá bhrí sin, chun an speiceas sin a chur le Foscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún.

(12)

Ní fhaightear an speiceas éan Diomedea antipodensis san Aontas. Le Comhbheartas Iascaigh an Aontais agus le rialáil na hiascaireachta ag na heagraíochtaí réigiúnacha ábhartha um bainistiú iascaigh, tá na hionstraimí iomchuí ar fáil don Aontas chun rannchuidiú leis an mbainistíocht ar chaomhnú an speicis sin agus dá bhrí sin Ní theastódh aon athrú ar dhlí an Aontais chun an speiceas sin a chur le Foscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún.

(13)

Le Comhbheartas Iascaigh an Aontais agus le rialáil na hiascaireachta ag na heagraíochtaí réigiúnacha ábhartha um bainistiú iascaigh, tá na hionstraimí iomhcuí ar fáil don Aontas chun rannchuidiú leis an mbainistíocht ar chaomhnú an speicis éisc Carcharhinus longimanus. Anuas air sin, tá iascaireacht agus coinneáil an speicis sin toirmiscthe faoi Rialachán 2019/124 ón gComhairle (3). Ní theastódh aon athrú ar dhlí an Aontais, dá bhrí sin, chun an speiceas sin a chur le Foscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún.

(14)

Faoi Rialachán (AE) 2019/124, tá iascaireacht agus coinneáil an speicis Cetorhinus maximus toirmiscthe, speiceas atá cumhdaithe i bhFoscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún ach forchoimeádas a bheith i bhfeidhm ag an Aontas faoi láthair maidir leis an gcumhdach sin. Ní theastódh aon athrú ar dhlí an Aontais, dá bhrí sin, chun an forchoimeádas sin a tharraingt siar,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Is é seo a leanas an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an tríú cruinniú dhéag de Chomhdháil na bPáirtithe:

(1)

tacú leis na speicis seo a leanas a chur le Foscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún:

Tetrax tetrax,

Elephas maximus indicus,

Panthera onca,

Ardeotis nigriceps,

Houbaropsis bengalensis bengalensis,

Diomedea antipodensis,

Carcharhinus longimanus;

(2)

tacú leis na speicis seo a leanas a chur le Foscríbhinn II don Choinbhinsiún:

Tetrax tetrax,

Galeorhinus galeus,

Sphyrna zygaena (an pobal domhanda),

Panthera onca,

Ovis vignei.

Airteagal 2

Cuirfidh an Coimisiún in iúl do Thaiscí an Choinbhinsiúin, thar ceann an Aontais, go bhfuil a fhorchoimeádas maidir le Cetorhinus maximus a chur le Foscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún á tharraingt siar aige.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar an lá a ghlacfar é.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Feabhra 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. METELKO-ZGOMBIĆ


(1)  Cinneadh 82/461/CEE ón gComhairle an 24 Meitheamh 1982 maidir le tabhairt i gcrích an Choinbhinsiúin maidir le caomhnú na speiceas imirceach ainmhithe fiáine (IO L 210, 19.7.1982, lch. 10).

(2)  Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flóra fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7).

(3)  Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir leis an margadh inmheánach don leictreachas (IO L 29, 31.1.2019, lch. 1).