ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 047I

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

Imleabhar 63
20 Feabhra 2020


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) 2020/231ón gcomhairle an 18 Feabhra 2020 lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1977 lena n-osclaítear bainistiú tharaif-chuótaí uathrialaitheacha an Aontais le haghaidh táirgí iascaigh áirithe le linn na tréimhse 2019-2020 agus lena bhforáiltear maidir leis an mbainistiú sin

1

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (AE, Euratom) 2020/232 ón gComhairle an 17 Feabhra 2020 lena gceaptar, arna mholadh ag Ríocht na Danmhairge, comhalta de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

3

 

*

Cinneadh (AE, Euratom) 2020/233ón Gcomhairle an 17 Feabhra 2020 lena gceaptar, arna mholadh ag Poblacht na Fraince, comhalta de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

5

 

*

Cinneadh (AE) 2020/234 ón gComhairle an 17 Feabhra 2020 lena gceaptar comhalta malartach, arna mholadh ag Ríocht na Danmhairge, de Choiste na Réigiún

6

 

*

Cinneadh (AE) 2020/235 ón Gcomhairle an 17 Feabhra 2020 lena gceaptar comhalta agus comhalta malartach, arna moladh ag Poblacht na hOstaire, de Choiste na Réigiún

7

 

 

Ceartúchán

 

*

Ceartúchán ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/116 ón gComhairle an 27 Eanáir 2020 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2017/1770 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Mailí ( IO L 022, 28.1.2020 )

8

 

*

Ceartúchán ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/116 ón gComhairle an 27 Eanáir 2020 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2017/1770 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Mailí ( IO L 022, 28.1.2020 )

9

GA

Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo.

Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu.


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

20.2.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 47/1


RIALACHÁN (AE) 2020/231ÓN GCOMHAIRLE

an 18 Feabhra 2020

lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1977 lena n-osclaítear bainistiú tharaif-chuótaí uathrialaitheacha an Aontais le haghaidh táirgí iascaigh áirithe le linn na tréimhse 2019-2020 agus lena bhforáiltear maidir leis an mbainistiú sin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 31 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2018/1977 ón gComhairle (1), osclaítear bainistiú tharaif-chuótaí uathrialaitheacha an Aontais le haghaidh táirgí iascaigh áirithe le linn na tréimhse 2019‐2020 agus foráiltear maidir leis an mbainistiú sin. Cinntear méideanna iomchuí le haghaidh gach taraif-chuóta chun a áirithiú go mbeidh soláthar leordhóthanach do thionscal próiseála an Aontais le linn na tréimhse 2019-2020.

(2)

Laistigh den taraif-chuóta infheidhmithe faoi shraithuimhir 09.2750, a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1977, ní chomhfhreagraíonn ach na táirgí atá faoi chód AC ex 0305 20 00 ag a bhfuil cód TARIC 35 don tuairisc "eochraí éisc chrua, í nite, na horgáin ghreamaitheacha bainte di agus í saillte go simplí nó faoi sháile, chun ionadach caibheáir a mhonarú".

(3)

Faoi Rialachán (AE) 2015/2265 ón gComhairle (2), áfach, a tháinig roimh Rialachán (AE) 2018/1977, rinne an taraif-chuóta lena mbaineann tagairt do tháirge chód AC ex 1604 32 00 ag a bhfuil cód TARIC 20, agus is iad na táirgí sin a cumhdaíodh leis an tuairisc "eochraí éisc chrua, í nite, na horgáin ghreamaitheacha bainte di agus í saillte go simplí nó faoi sháile, chun ionadach caibheáir a mhonarú".

(4)

Maidir leis an neamhréireacht idir na cóid AC ábhartha atá sa dá Rialachán, i ndáil leis an sraithuimhir céanna, d’fhág go raibh sé deacair do thionscal próiseála an Aontais forálacha ábhartha a léirmhíniú agus an difríocht idir an dá chód AC a thuiscint. Bhí drochthionchar ag an easpa soiléireachta sin ar thionscal próiseála an Aontais.

(5)

Is iomchuí liosta na dtáirgí a chumhdaítear leis an taraif-chuóta le haghaidh shraithuimhir 09.2750 a leasú ionas go mbeidh táirgí chód AC 1604 32 00 ag a bhfuil cód TARIC 20 san áireamh go ceann tréimhse theoranta bliana amháin. Ina theannta sin, ba cheart fonóta a chur isteach a dhéanfaidh tagairt do na cóid AC agus TARIC sin agus an tréimhse ón 1 Eanáir 2019 go dtí an 31 Nollaig 2019 a chur san áireamh freisin.

(6)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2018/1977 a leasú dá réir.

(7)

Beidh feidhm ag na cuótaí a osclaítear le Rialachán (AE) 2018/1977 sa chéad bhliain i rith na tréimhse ón 1 Eanáir 2019 go dtí an 31 Nollaig 2019. Ós rud é gur gá a áirithiú go gcaithfear go cothrom le hoibreoirí eacnamaíocha, agus é a chur san áireamh nach bhfuil an taraif-chuóta faoi shraithuimhir 09.2752 caite fós, ba cheart an Rialachán seo a chur i bhfeidhm go haisghníomhach le héifeacht ón 1 Eanáir 2019 ionas go mbeidh an deis ag na hoibreoirí eacnamaíocha a bhaineann úsáid as eochraí éisc chrua (críochtháirgí) leas a bhaint as an dleacht chuóta fhabhrach i gcónaí gan bhriseadh ar feadh tréimhse theoranta ama. Dá bhrí sin, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm láithreach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an tríú líne den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1977 (sraithuimhir 09.2750) mar seo a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála faoin gcolún “cód AC”:

“ ex 0305 20 00

ex 1604 32 00 ”;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála faoin gcolún “cód TARIC”:

“35

20”;

(3)

cuirtear an fonóta seo a leanas leis an gcolún “tuairisc” i ndiaidh an fhocail “ionadach caibheáir”:

“Maidir le cód TARIC 1604320020, beidh feidhm ag an taraif-chuóta seo ón 1 Eanáir 2019 go dtí an 31 Nollaig 2019 ”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2019.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 18 Feabhra 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

Z. MARIĆ


(1)  Rialachán (AE) 2018/1977 ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena n‐osclaítear bainistiú tharaif-chuótaí uathrialaitheacha an Aontais le haghaidh táirgí iascaigh áirithe le linn na tréimhse 2019-2020 agus lena bhforáiltear maidir leis an mbainistiú sin (IO L 317, 14.12.2018, Lch. 2).

(2)  Rialachán (AE) 2015/2265 ón gComhairle an 7 Nollaig 2015 lena n‐osclaítear bainistiú tharaif-chuótaí uathrialaitheacha an Aontais le haghaidh táirgí iascaigh áirithe le linn na tréimhse 2016-2018 agus lena bhforáiltear maidir leis an mbainistiú sin (IO L 322, 8.12.2015, Lch. 4).


CINNTÍ

20.2.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 47/3


CINNEADH (AE, Euratom) 2020/232 ÓN GCOMHAIRLE

an 17 Feabhra 2020

lena gceaptar, arna mholadh ag Ríocht na Danmhairge, comhalta de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 302 de,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 106a de,

Ag féachaint don mholadh ó Rialtas na Danmhairge,

Ag féachaint don tuairim ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ar an 18 Meán Fómhair 2015 agus 1 Deireadh Fómhair 2015, ghlac an Chomhairle Cinntí (AE, Euratom) 2015/1600 (1) agus (AE, Euratom) 2015/1790 (2) lena gceaptar comhaltaí Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa don tréimhse ón 21 Meán Fómhair 2015 go dtí an 20 Meán Fómhair 2020. An 25 Bealtaine 2016, le Cinneadh (AE, Euratom) 2016/848 (3) ón gComhairle, cuireadh Klaus MATTHIESEN mar chomhalta in ionad Mikkel DALSGAARD. Ar an 20 Márta 2018, le Cinneadh (AE, Euratom) 2018/488 (4) ón gComhairle, cuireadh Thomas HOELGAARD mar chomhalta in ionad Klaus MATTHIESEN. An 16 Meán Fómhair 2019, le Cinneadh (AE, Euratom) 2019/1568 (5), ón gComhairle, cuireadh Tina CHRISTENSEN mar chomhalta in ionad Thomas HOELGAARD.

(2)

Tá suíochán comhalta de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa folamh tar éis deireadh a theacht le téarma oifige Tina CHRISTENSEN.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, ceaptar an duine seo a leanas ina chomhalta de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 20 Meán Fómhair 2020:

Mr. Flemming OVERGAARD, Vice president at United Federation of Danish Workers, Transport — 3F Transport.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Feabhra 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Cinneadh (AE, Euratom) 2015/1600 ón gComhairle an 18 Meán Fómhair 2015 lena gceaptar comhaltaí de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa don tréimhse ón 21 Meán Fómhair 2015 go dtí an 20 Meán Fómhair 2020 (IO L 248, 24.9.2015, lch. 53).

(2)  Cinneadh (AE, Euratom) 2015/1790 ón gComhairle an 1 Deireadh Fómhair 2015 lena gceaptar comhaltaí de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa don tréimhse ón 21 Meán Fómhair 2015 go dtí an 20 Meán Fómhair 2020 (IO L 260, 7.10.2015, lch. 23).

(3)  Cinneadh (AE, Euratom) 2016/848 an 25 Bealtaine 2016 lena gceaptar, arna mholadh ag Ríocht na Danmhairge, comhalta de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, (IO L 141, 28.5.2016, lch. 78).

(4)  Cinneadh (AE, Euratom) 2018/488 an 20 Márta 2018 lena gceaptar, arna mholadh ag Ríocht na Danmhairge, comhalta de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, (IO L 81, 23.3.2018, lch. 19).

(5)  Cinneadh (AE, Euratom) 2019/1568 an 16 Meán Fómhair 2019 lena gceaptar, arna mholadh ag Ríocht na Danmhairge, comhalta de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, (IO L 242, 20.9.2019, lch. 1).


20.2.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 47/5


CINNEADH (AE, Euratom) 2020/233ÓN GCOMHAIRLE

an 17 Feabhra 2020

lena gceaptar, arna mholadh ag Poblacht na Fraince, comhalta de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 302 de,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 106a de,

Ag féachaint don mholadh ó Rialtas na Fraince,

Ag féachaint don tuairim ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 18 Meán Fómhair 2015 agus 1 Deireadh Fómhair 2015, ghlac an Chomhairle Cinntí (AE, Euratom) 2015/1600 (1) agus (AE, Euratom) 2015/1790 (2) lena gceaptar comhaltaí Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa don tréimhse ón 21 Meán Fómhair 2015 go dtí an 20 Meán Fómhair 2020.

(2)

Tá suíochán comhalta de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa folamh tar éis deireadh a theacht le téarma oifige Christophe HILLAIRET,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, ceaptar Maximin CHARPENTIER, Membre du bureau de l’Assemblée permanente des chambres d’agriculture, ina chomhalta de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 20 Meán Fómhair 2020.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Feabhra 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Cinneadh (AE, Euratom) 2015/1600 ón gComhairle an 18 Meán Fómhair 2015 lena gceaptar comhaltaí Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa don tréimhse ón 21 Meán Fómhair 2015 go dtí an 20 Meán Fómhair 2020 (IO L 248, 24.9.2015, lch. 53).

(2)  Cinneadh (AE, Euratom) 2015/1790 ón gComhairle an 1 Deireadh Fómhair 2015 lena gceaptar comhaltaí Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa don tréimhse ón 21 Meán Fómhair 2015 go dtí an 20 Meán Fómhair 2020 (IO L 260, 7.10.2015, lch. 23).


20.2.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 47/6


CINNEADH (AE) 2020/234 ÓN GCOMHAIRLE

an 17 Feabhra 2020

lena gceaptar comhalta malartach, arna mholadh ag Ríocht na Danmhairge, de Choiste na Réigiún

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 305 de,

Ag féachaint don mholadh ó Rialtas na Danmhairge,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 10 Nollaig 2019, an 20 Eanáir 2020 agus an 3 Feabhra 2020, ghlac an Chomhairle Cinntí (AE) 2019/2157 (1), (AE) 2020/102 (2) agus (AE) 2020/144 (3) lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025.

(2)

Tá suíochán comhalta mhalartaigh de Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh tar éis deireadh a theacht le téarma oifige Ursula Beate DIETERICH-PEDERSEN,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, ceaptar an duine seo a leanas ina comhalta malartach de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025:

Ms Vibeke Syppli ENRUM, Member of a Regional Assembly: Regionsrådet, Region Syddanmark.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Feabhra 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Cinneadh (AE) 2019/2157 ón gComhairle an 10 Nollaig 2019 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025 (IO L 327, 17.12.2019, lch. 78).

(2)  Cinneadh (AE) 2020/102 ón gComhairle an 20 Eanáir 2020 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025 (IO L 20, 24.1.2020, lch. 2).

(3)  Cinneadh (AE) 2020/144 ón gComhairle an 3 Feabhra 2020 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025 (IO L 32, 4.2.2020, lch. 16).


20.2.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 47/7


CINNEADH (AE) 2020/235 ÓN GCOMHAIRLE

an 17 Feabhra 2020

lena gceaptar comhalta agus comhalta malartach, arna moladh ag Poblacht na hOstaire, de Choiste na Réigiún

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 305 de,

Ag féachaint don togra ó Rialtas na hOstaire,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 10 Nollaig 2019, an 20 Eanáir 2020 agus an 3 Feabhra 2020, ghlac an Chomhairle Cinntí (AE) 2019/2157 (1), (AE) 2020/102 (2) agus (AE) 2020/144 (3) lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025.

(2)

Tá suíochán comhalta de Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh tar éis deireadh a theacht le téarma oifige Barbara EIBINGER-MIEDL.

(3)

Tá suíochán comhalta mhalartaigh de Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh tar éis deireadh a theacht le téarma oifige Doris KAMPUS,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, ceaptar na daoine seo a leanas chuig Coiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025:

(a)

mar chomhalta:

Mr Christopher DREXLER, Member of a Regional Executive: State Government of Styria,

(b)

mar chomhalta malartach:

Ms Barbara EIBINGER-MIEDL, Member of a Regional Executive: State Government of Styria.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Feabhra 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Cinneadh (AE) 2019/2157 ón gComhairle an 10 Nollaig 2019 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025 (IO L 327, 17.12.2019, lch. 78).

(2)  Cinneadh (AE) 2020/102 ón gComhairle an 20 Eanáir 2020 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025 (IO L 20, 24.1.2020, lch. 2).

(3)  Cinneadh (AE) 2020/144 ón gComhairle an 3 Feabhra 2020 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025 (IO L 32, 4.2.2020, lch. 16)


Ceartúchán

20.2.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 47/8


Ceartúchán ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/116 ón gComhairle an 27 Eanáir 2020 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2017/1770 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Mailí

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 22 Eagrán Speisialta Gaeilge an 28 Eanáir 2020 )

Ar leathanach 26, an Iarscríbhinn, an chéad iontráil, an ceannteideal:

in ionad:

“1.

AHMED AG ALBACHAR (ailias: Intahmado Ag Albachar)”,

léitear:

“1.

AHMED AG ALBACHAR (ailias: Intahmadou Ag Albachar)”.

20.2.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 47/9


Ceartúchán ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/116 ón gComhairle an 27 Eanáir 2020 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2017/1770 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Mailí

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 22 Eagrán Speisialta Gaeilge an 28 Eanáir 2020 )

Ar leathanach 57, an Iarscríbhinn, Cuid (1) (lena leasaítear Cuid A de Chinneadh (CBES) 2017/1775), an ceathrú iontráil, an ceannteideal:

in ionad:

“4.

AHMED AG ALBACHAR (ailias: Intahmado Ag Albachar)”,

léitear:

“4.

AHMED AG ALBACHAR (ailias: Intahmadou Ag Albachar)”.

Ar leathanach 62, an Iarscríbhinn, Cuid (2) (lena leasaítear Cuid A de Chinneadh (CBES) 2017/1775) an chéad iontráil, an ceannteideal:

in ionad:

“1.

AHMED AG ALBACHAR (ailias: Intahmado Ag Albachar)”,

léitear:

“1.

AHMED AG ALBACHAR (ailias: Intahmadou Ag Albachar)”.