ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúill

an Aontais Eorpaigh

Eagrán Speisialta ( *1 )

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

62
22 Bealtaine 2019


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

TREORACHA

 

*

Treoir (AE) 2019/770 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí chun ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha a sholáthar ( 1 )

1

 

*

Treoir (AE) 2019/771 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí i ndáil le díolacháin earraí, lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2394 agus Treoir 2009/22/CE, agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/44/CE ( 1 )

28

 


 

(*1)   Faoin tagairt L 136 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE

GA


I Gníomhartha reachtacha

TREORACHA

22.5.2019   

GA

Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

L 136/1


TREOIR (AE) 2019/770 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 20 Bealtaine 2019

maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí chun ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha a sholáthar

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Níl acmhainneacht fáis na ríomhthráchtála san Aontas saothraithe go hiomlán go fóill. Leis an Straitéis maidir leis an Margadh Aonair Digiteach don Eoraip, téitear i ngleic ar bhealach iomlánaíoch leis na mórbhacainní ar fhorbairt ar ríomhthráchtáil trasteorann san Aontas chun leas a bhaint as an acmhainneacht sin. Is féidir rannchuidiú le dlús a chur le geilleagar digiteach an Aontais agus cur leis an bhfás foriomlán a spreagadh trí rochtain níos fearr ar ábhar digiteach agus ar sheirbhísí digiteacha a áirithiú do chustaiméirí agus trína éascú do ghnólachtaí ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha a sholáthar.

(2)

Foráiltear le hAirteagal 26(1) agus (2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) go nglacfaidh an tAontas bearta a mbeidh sé mar aidhm leo feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a bhunú nó a áirithiú, ar ann dó limistéar gan teorainneacha inmheánacha ina ndéanfar saorghluaiseacht earraí agus seirbhísí a áirithiú. Foráiltear le Airteagal 169(1), agus le pointe (a) d’Airteagal 169(2) CFAE, go rannchuideodh an tAontas le hardleibhéal cosanta a bhaint amach do thomhaltóirí trí bhíthin bearta arna nglacadh de bhun Airteagal 114 CFAE i gcomhthéacs chomhlánú an mhargaidh inmheánaigh. Is é is aidhm leis an Treoir seo an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí a bhaint amach agus iomaíochas fiontar a chur chun cinn, agus urraim do phrionsabal na coimhdeachta á háirithiú san am céanna.

(3)

Ba cheart comhchuibhiú a dhéanamh ar ghnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí chun ábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha a sholáthar, agus ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí a bheith mar bhonn don méid sin, chun fíormhargadh aonair digiteach a bhaint amach, deimhneacht dhlíthiúil a mhéadú agus costais idirbheart a laghdú, go háirithe d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (“FBManna”).

(4)

Is minic a bhíonn costais bhreise le híoc ag gnólachtaí, go háirithe FBManna, ar costais iad a eascraíonn as difríochtaí i rialacha náisiúnta éigeantacha éagsúla maidir le dlí na gconarthaí i dtaca le tomhaltóirí agus is minic a bhíonn éiginnteacht dhlíthiúil ann dóibh agus ábhar digiteach trasteorann nó seirbhísí digiteacha á dtairiscint acu. Ina theannta sin, bíonn costais ar ghnólachtaí, agus a gconarthaí á n-oiriúnú do rialacha sonracha éigeantacha i dtaca le hábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha a sholáthar, ar rialacha iad atá á gcur i bhfeidhm cheana i roinnt Ballstát, rud a chruthaíonn difríochtaí ó thaobh raon feidhme agus ábhair de idir na rialacha sonracha náisiúnta lena rialaítear na conarthaí sin.

(5)

Ní bhíonn muinín ag tomhaltóirí i gcónaí agus iad ag ceannach trasna teorannacha agus go háirithe nuair a dhéantar an méid sin ar líne. Ceann de na cúiseanna is mó le heaspa muiníne na dtomhaltóirí is ea éiginnteacht faoi na cearta conarthacha is tábhachtaí atá acu agus easpa creata chonarthaigh shoiléir a bheith ann le haghaidh ábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha. Bíonn fadhbanna ag roinnt mhaith tomhaltóirí maidir le cáilíocht an ábhar dhigitigh nó na seirbhísí digiteacha nó le rochtain ar an ábhar digiteach nó ar na seirbhísí digiteacha sin. Mar shampla, faigheann siad ábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha atá mícheart nó lochtach, nó ní bhíonn siad ábalta rochtain a fháil ar an ábhar digiteach nó ar an tseirbhís dhigiteach i dtrácht. Mar thoradh air sin, bíonn tomhaltóirí thíos le díobháil airgeadais agus díobháil neamhairgeadais.

(6)

Chun na fadhbanna sin a leigheas, ba cheart do ghnólachtaí agus do thomhaltóirí a bheith in ann brath ar chearta conarthacha atá comhchuibhithe go hiomlán i bpríomhréimsí áirithe maidir le soláthar ábhair dhigitigh nó seirbhísí digiteacha ar fud an Aontais. Ba cheart go méadófaí an deimhneacht dhlíthiúil go suntasach do thomhaltóirí agus do ghnólachtaí trí roinnt príomhghnéithe rialála a chomhchuibhiú go hiomlán.

(7)

Le rialacha comhchuibhithe do thomhaltóirí i ngach Ballstát i dtaca le dlí na gconarthaí, d’fhéadfadh gnólachtaí, go háirithe FMBanna, ábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha a sholáthar ar fud an Aontais ar bhealach níos éasca. Leis na rialacha sin, sholáthrófaí do ghnólachtaí timpeallacht a bheidh cobhsaí ó thaobh dhlí na gconarthaí agus ábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha á soláthar sna Ballstáit eile. Leis na rialacha sin, chuirfí cosc freisin ar ilroinnt dlí a d’eascródh as reachtaíocht náisiúnta nua lena rialófaí go sonrach ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha.

(8)

Ba cheart do thomhaltóirí leas a bhaint as cearta comhchuibhithe chun ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha a sholáthar a chuireann leibhéal ard cosanta ar fáil. Ba cheart go mbeadh cearta éigeantacha soiléire acu nuair a gheobhaidh siad ábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha ó aon áit san Aontas. Na cearta sin a bheith acu, ba cheart go méadódh sé an mhuinín atá acu ábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha a fháil. Ba cheart freisin go rannchuideodh sé leis an díobháil a dhéantar do chustaiméirí faoi láthair a laghdú, toisc go mbeadh sraith shoiléir de chearta ann a chuirfidh ar a gcumas aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna a bhíonn acu maidir le hábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha.

(9)

Leis an Treoir seo, ba cheart go ndéanfaí príomhrialacha áirithe nach bhfuil rialú déanta orthu go fóill ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta a chomhchuibhiú go hiomlán.

(10)

Sa Treoir seo, ba cheart go ndéanfaí a raon feidhme a shainiú ar bhealach soiléir neamh-dhéchiallach agus go ndéanfaí rialacha soiléire substainteacha a sholáthar maidir leis an ábhar digiteach nó na seirbhísí digiteacha a thagann faoina raon feidhme. Ba cheart go mbeadh raon feidhme na Treorach seo agus a rialacha substainteacha neodrach ó thaobh na teicneolaíochta agus go mbeidís in ann an aimsir a sheasamh.

(11)

Leis an Treoir seo, ba cheart go leagfaí síos rialacha comhchoiteanna maidir le ceanglais áirithe a bhaineann le conarthaí idir trádálaithe agus tomhaltóirí le haghaidh ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach a sholáthar. Chun na críche sin, ba cheart go ndéanfaí an méid seo a leanas a chomhchuibhiú go hiomlán: rialacha maidir le comhréireacht an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití leis an gconradh, leigheasanna i gcás nach ann don chomhréireacht sin nó i gcás mainneachtain soláthair agus na modúlachtaí chun na leigheasanna sin a fheidhmiú, chomh maith le modhnú an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití. Le rialacha atá comhchuibhithe go hiomlán i dtaca le gnéithe áirithe bunriachtanacha de dhlí na gconarthaí, d’fhéadfadh gnólachtaí, go háirithe FBManna, a gcuid táirgí a sholáthar ar bhealach níos éasca i mBallstáit eile. Bhainfeadh tomhaltóirí tairbhe as ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí agus as na sochair leasa shóisialta trí rialacha a chomhchuibhiú go hiomlán. Cuirtear bac ar na Ballstáit aon cheanglais fhoirmiúla nó shubstainteacha bhreise eile a sholáthar faoi raon feidhme na Treorach seo. Mar shampla, níor cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh do rialacha atá difriúil leis an méid a ndéantar foráil dó sa Treoir seo maidir le hualach an chruthúnais a aisiompú, nó d’oibleagáid a bheith ar an tomhaltóir fógra a thabhairt don trádálaí faoi easpa comhréireachta laistigh de thréimhse shonrach.

(12)

Níor cheart go ndéanfadh an Treoir seo difear don dlí náisiúnta sa mhéid nach rialaítear na hábhair lena mbaineann leis an Treoir seo, amhail rialacha náisiúnta maidir le foirmiú, bailíocht, neamhniú nó éifeachtaí conarthaí nó dlíthiúlacht an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití. Ina theannta sin, níor cheart don Treoir seo cineál dlíthiúil conarthaí le haghaidh soláthar an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití a chinneadh, agus ba cheart go bhfágfaí an cheist an ionann na conarthaí sin agus seirbhís díolacháin, conradh cíosa nó sui generis, mar shampla, faoin dlí náisiúnta. Níor cheart go ndéanfadh an Treoir seo difear do rialacha náisiúnta nach mbaineann go sonrach le conarthaí tomhaltóirí agus nach ndéantar foráil leo do leigheasanna sonracha le haghaidh cineálacha fabhtanna dlíthiúla áirithe nár léir go raibh siad ann tráth ar cuireadh an conradh i gcrích, eadhon forálacha náisiúnta lena bhféadfaí rialacha sonracha maidir le dliteanas an trádálaí i leith fabhtanna folaithe a leagan síos. Níor cheart ach oiread go ndéanfadh an Treoir seo difear do dhlíthe náisiúnta lena ndéantar foráil do leigheasanna neamhchonarthacha an tomhaltóra i gcás ina mbeidh neamhchomhréireacht ann i leith an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití i gcoinne daoine ag céimeanna roimhe sin i bpróiseas na n-idirbheart, nó daoine eile a chomhlíonann oibleagáidí na ndaoine sin.

(13)

Beidh sé de shaoirse ag na Ballstáit fós, mar shampla, rialáil a dhéanamh ar éilimh ar dhliteanas ó thomhaltóir i gcoinne tríú páirtí nach trádálaí é a sholáthraíonn an t-ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach, amhail forbróir, nó a ghabhann air féin é sin a dhéanamh, nach ionann é agus an trádálaí de réir na Treorach seo.

(14)

Ba cheart go mbeadh sé de shaoirse ag na Ballstáit chomh maith, mar shampla, rialáil a dhéanamh ar na hiarmhairtí a bhaineann le mainneachtain ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach a sholáthar nó neamhchomhréireacht an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití sin i gcás gur de bharr bac nach bhfuil aon smacht ag an trádálaí air agus nuair nach bhféadfaí a bheith ag súil go bhféadfadh an trádálaí an bac nó a iarmhairtí a sheachaint, amhail i gcás force majeure.

(15)

Ba cheart freisin go mbeadh sé na Ballstáit fós saor, mar shampla, rialáil a dhéanamh ar chearta páirtithe comhlíonadh a gcuid oibleagáidí nó cuid díobh a choinneáil siar go dtí go ndéanfaidh an páirtí eile a oibleagáidí a chomhlíonadh. Mar shampla, ba cheart go mbeadh sé de shaoirse ag na Ballstáit rialáil a dhéanamh i dtaobh an bhfuil tomhaltóir, i gcásanna easpa comhréireachta, le bheith i dteideal íocaíocht an phraghais nó cuid de a choinneáil siar go dtí go ndéanfaidh an trádálaí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a thabhairt chun comhréireachta, nó i dtaobh an bhfuil an trádálaí le bheith i dteideal aon aisíocaíocht atá dlite don tomhaltóir ar an gconradh a fhoirceannadh go dtí go mbeidh an oibleagáid dá bhforáiltear sa Treoir seo an meán inláimhsithe a thabhairt ar ais don trádálaí á comhlíonadh ag an tomhaltóir.

(16)

Ba cheart go mbeadh sé de shaoirse ag an Ballstáit freisin cur i bhfeidhm rialacha na Treorach seo a leathnú le go gcumhdófaí conarthaí a eisítear ó raon feidhme na Treorach, nó na conarthaí sin a rialáil ar shlí eile. Mar shampla, ba cheart go mbeadh na Ballstáit fós saor an chosaint a thugtar do thomhaltóirí leis an Treoir seo a leathnú le go gcuimseofaí daoine nádúrtha nó daoine dlítheanacha nach tomhaltóirí iad de réir bhrí na Treorach seo, amhail eagraíochtaí neamhrialtasacha, gnólachtaí nuathionscanta nó FBManna.

(17)

Ba cheart go dtiocfadh daoine nádúrtha atá ag gníomhú chun críocha nach bhfuil aon bhaint acu lena dtrádáil, lena ngnó, lena gceird ná lena ngairm faoi chuimsiú an tsainmhínithe ar thomhaltóir. Mar sin féin, ba cheart do na Ballstáit freisin, i gcás conarthaí a bhfuil dhá fheidhm acu ina gcuirtear an conradh i gcrích chun críocha atá go páirteach laistigh agus lasmuigh de thrádáil an duine agus i gcás go bhfuil an chríoch thrádála chomh teoranta sin nach í is mó atá i gceist i gcomhthéacs iomlán an tsoláthair, a bheith fós saor a chinneadh ar cheart an duine sin a mheas mar thomhaltóir freisin agus cad iad na coinníollacha faoinar cheart an duine sin a mheas amhlaidh.

(18)

Ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo maidir le haon chonradh ar faoina bhun a sholáthraíonn an trádálaí seirbhís dhigiteach don tomhaltóir, nó a gheallann seirbhís dhigiteach a sholáthar dó nó di. Is féidir soláthraithe ardán a mheas a bheith ina dtrádálaithe faoin Treoir seo má bhíonn siad ag gníomhú chun críocha a bhaineann lena ngnó féin agus mar pháirtí conarthach díreach an tomhaltóra le haghaidh ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach a sholáthar. Ba cheart go mbeadh na Ballstáit fós saor cur i bhfeidhm na Treorach seo a leathnú le go gcumhdófaí soláthraithe ardán nach gcomhlíonann na ceanglais le go measfar iad a bheith ina dtrádálaí faoin Treoir seo.

(19)

Ba cheart go dtabharfaí aghaidh leis an Treoir seo ar fhadhbanna ar fud catagóirí éagsúla ábhair dhigitigh, seirbhísí digiteacha, agus a soláthar. Chun freastal ar fhorbairtí teicneolaíocha tapa agus chun coincheap an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití a sheasfaidh an aimsir a choimeád, ba cheart go gcumhdófaí leis an Treoir seo, inter alia, ríomhchláir, feidhmchláir, físchomhaid, comhaid fuaime, comhaid cheoil, cluichí digiteacha, ríomhleabhair nó r-fhoilseacháin eile, agus seirbhísí digiteacha eile lenar féidir sonraí a chruthú, a phróiseáil, a stóráil nó rochtain a fháil orthu i bhfoirm dhigiteach, lena n-áirítear “bogearraí mar sheirbhís” amhail comhroinnt comhad físe agus fuaime agus óstáil comhad eile, próiseáil focal nó cluichí arna dtairiscint sa timpeallacht néalríomhaireachta agus sna meáin shóisialta. Toisc go bhfuil roinnt mhaith bealaí ann chun ábhar digiteach nó seirbhísí dhigiteacha a sholáthar, amhail tarchur ar mheán inláimhsithe, íoslódáil ag tomhaltóirí ar a ngléasanna, sruthú gréasáin, rochtain a thabhairt ar chumas stórála an ábhair dhigitigh nó rochtain a thabhairt ar na meáin shóisialta a úsáid, ba cheart go mbeadh feidhm ag an Treoir seo go neamhspleách ar an meán a úsáidtear chun an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a tharchur nó chun rochtain a thabhairt ar an ábhar digiteach nó ar an tseirbhís dhigiteach. Mar sin féin, níor cheart go mbeadh feidhm ag an Treoir seo maidir le seirbhísí rochtana idirlín.

(20)

Ba cheart go gcuirfeadh an Treoir seo agus Treoir (AE) 2019/771 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) lena chéile. Cé go leagtar síos leis an Treoir seo rialacha maidir le ceanglais áirithe a bhaineann le conarthaí le haghaidh ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach a sholáthar, leagtar síos leis an Treoir (AE) 2019/771 ceanglais áirithe maidir le conarthaí le haghaidh díolacháin earraí. Dá réir sin, chun ionchais na tomhaltóirí a chomhlíonadh agus chun creat dlíthiúil soiléir agus simplí le haghaidh trádálaithe an ábhair dhigitigh a áirithiú, ba cheart go mbeadh feidhm ag an Treoir seo freisin maidir le hábhar digiteach arna soláthar ar mheán inláimhsithe, amhail DVDanna, CDanna, méaróga cuimhne agus cártaí cuimhne, chomh maith leis an meán inláimhsithe féin, ar choinníoll go bhfónann an meán inláimhsithe go heisiach mar iompróir an ábhair dhigitigh. Mar sin féin, ba cheart go mbeadh feidhm ag forálacha Threoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) maidir leis na hoibleagáidí a bhaineann le seachadadh earraí agus na leigheasanna i gcás mainneachtain soláthair in ionad fhorálacha na Treorach seo maidir le hoibleagáid soláthair an trádálaí agus maidir le leigheasanna an tomhaltóra i gcás mainneachtain soláthair. Ina theannta sin, ba cheart go leanfadh forálacha Threoir 2011/83/AE, maidir leis an gceart tarraingt siar agus cineál an chonartha faoina ndéantar na hearraí sin a sholáthar, mar shampla, d’fheidhm a bheith acu freisin maidir leis na meáin inláimhsithe sin agus leis an ábhar digiteach arna sholáthar iontu. Tá an Treoir seo gan dochar don cheart dáileacháin is infheidhme i leith na n-earraí sin faoi dhlí an chóipchirt.

(21)

Ba cheart go mbeadh feidhm ag Treoir (AE) 2019/771 maidir le conarthaí le haghaidh díolacháin earraí, lena n-áirítear earraí a bhfuil gnéithe digiteacha acu. Ba cheart don choincheap “earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha” tagairt d’earraí lena n-ionchorpraítear nó a bhíonn idirnasctha le hábhar digiteach nó le seirbhís dhigiteach sa chaoi agus go gcuirfeadh easpa an ábhair dhigitigh sin nó na seirbhíse digití sin cosc ar a bhfeidhmeanna a bheith á gcomhlíonadh ag na hearraí; Ba cheart go dtiocfadh ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach a ionchorpraítear in earraí nó atá idirnasctha le hearraí ar an mbealach sin faoi raon na Treorach (AE) 2019/771 más rud é go ndéantar na hearraí a chur ar fáil dóibh faoi chonradh díolacháin a bhaineann leis na hearraí sin. Cibé acu an cuid den chonradh díolacháin soláthar an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití atá ionchorpraithe nó idirnasctha nó nach ea, ba cheart go mbraithfeadh sé sin ar ábhar an chonartha seo. Ba cheart a áireamh air sin, ábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha atá ionchorpraithe nó idirnasctha a cheanglaítear a soláthar go sainráite sa chonradh. Ba cheart a bheith san áireamh ann freisin na conarthaí díolacháin sin ar féidir a thuiscint ina leith go gcumhdaítear leo soláthar ábhair dhigitigh shonraigh nó seirbhíse digití sonraí, toisc gur gnáthearraí den chineál céanna iad agus go bhféadfadh an tomhaltóir a bheith ag súil le réasún leis an méid sin i bhfianaise chineál na n-earraí, agus aon ráiteas poiblí arna dhéanamh ag an díoltóir nó ag daoine eile nó thar a gceann i naisc roimhe sin de shlabhra na n-idirbheart, lena n-áirítear ag an táirgeoir, á chur san áireamh. Más rud é, mar shampla, go ndéanfaí teilifís chliste a fhógairt, agus á rá go n-áirítear léi fís-fheidhmchlár, bheadh an fhís-fheidhmchlár sin mar chuid den chonradh díolacháin. Tá feidhm aige sin is cuma cé acu atá an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach réamhshuiteáilte san earra féin nó is gá é nó í a íoslódáil ina dhiaidh sin ar fheiste eile agus gan é ach a bheith idirnasctha leis an earra.

Mar shampla, d’fhéadfadh sé go mbeadh feidhmchlár caighdeánach réamhshuiteáilte ar fhón cliste faoin gconradh díolacháin (amhail feidhmchlár aláraim nó feidhmchlár ceamara). D’fhéadfadh uaireadóir cliste a bheith ina shampla eile de sin. I gcás den sort sin, mheasfaí an t-uaireadóir féin a bheith ina earra ag a bhfuil gnéithe digiteacha, earra nach féidir a chuid feidhmeanna a fheidhmiú ach le feidhmchlár a sholáthraítear faoin gconradh díolacháin ach ar gá an tomhaltóir í a íoslódáil ar fhón cliste; ansin b’ionann an feidhmchlár agus gné dhigiteach idirnasctha. Ba cheart go mbeadh feidhm aige sin chomh maith más rud é gurb é an tríú páirtí seachas an díoltóir féin a sholáthróidh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach ionchorpraithe faoin gconradh díolacháin. Chun éiginnteacht a sheachaint do thrádálaithe agus do thomhaltóirí araon, i gcás amhras a bheith ann i dtaobh an bhfuil soláthar an ábhar dhigitigh nó na seirbhíse digití ina chuid den chonradh díolacháin, ba cheart feidhm a bheith ag Treoir (AE) 2019/771 Thairis sin, níor cheart go ndéanfaí difear do chaidreamh conarthach déthaobhach a fhionnadh idir an díoltóir agus an tomhaltóir, a bhfuil soláthar an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití atá ionchorpraithe nó idirnasctha ina chuid de, díreach mar go gcaithfidh an tomhaltóir toiliú le comhaontú ceadúnúcháin le tríú páirtí chun leas a bhaint as an ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach.

(22)

Os a choinne sin, más rud é, d’ainneoin uireasa an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití ionchorpraithe nó idirnasctha, nach gcuirtear cosc ar na hearraí a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh, nó dá dtabharfadh tomhaltóir conradh chun críche i ndáil le hábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach a sholáthar nach bhfuil ina chuid de chonradh díolacháin a bhaineann le hearraí a ngabhann gnéithe digiteacha leo, ba cheart an conradh sin a mheas a bheith ina chonradh ar leithligh ón gconradh i ndáil le díolacháin na n-earraí, fiú dá mbeadh an díoltóir ina idirghabhálaí den dara conradh sin leis an tríú trádálaí, agus dá bhféadfadh sé teacht faoi raon feidhme na Treorach seo. Má íoslódálann an tomhaltóir feidhmchlár cluiche ó aipmhargadh ar fhón cliste, mar shampla, beidh an conradh i ndáil leis an bhfeidhmchlár cluiche a sholáthar ar leithligh ón gconradh i ndáil leis an bhfón cliste féin a dhíol. Dá bhrí sin, ní fhéadfadh feidhm a bheith ag Treoir (AE) 2019/771 ach amháin maidir leis an gconradh díolacháin i dtaobh an fhóin chliste, ach d’fhéadfadh soláthar an fheidhmchláir teacht faoi raon na Treorach seo, má chomhlíontar coinníollacha na Treorach seo. Sampla eile a bheadh i gcás ina gcomhaontaítear go sainráite go gceannódh an tomhaltóir fón cliste gan córas oibriúcháin sonrach agus go dtabharfaidh an tomhaltóir conradh i gcrích le haghaidh córas oibriúcháin a sholáthar ó thríú páirtí ina dhaidh sin. Sa chás sin, ní bheadh soláthar an chórais oibriúcháin a ceannaíodh ar leithligh mar chuid den chonradh díolacháin agus dá bhrí sin ní bheadh sé faoi raon feidhme Threoir (AE) 2019/771 ach d’fhéadfadh sé teacht faoi raon feidhme na Treorach seo, má chomhlíontar coinníollacha na Treorach seo.

(23)

Úsáideann tomhaltóirí léirithe digiteacha ar luach amhail dearbháin leictreonacha nó ríomhchúpóin chun íoc as earraí éagsúla nó as seirbhísí sa mhargadh aonair digiteach. Tá léirithe digiteacha den sórt sin ag éirí tábhachtach maidir le soláthar ábhair dhigitigh nó seirbhísí digiteacha, agus ba cheart, dá bhrí sin, iad a mheas mar mhodh íocaíochta de réir bhrí na Treorach seo. Ba cheart a thuiscint go n-áirítear i léirithe digiteacha ar luach freisin airgeadraí fíorúla, sa mhéid a aithnítear iad faoin dlí náisiúnta. D’fhéadfadh difreáil, ag brath ar na modhanna íocaíochta, a bheith ina cúis le hidirdhealú agus dreasacht nach bhfuil údar leis nó léi a chur ar fáil do ghnólachtaí bogadh i dtreo ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach a sholáthar in aghaidh léirithe digiteacha ar luach. Mar sin féin, toisc nach bhfuil aon fheidhm eile ag gabháil le léirithe digiteacha ar luach ach amháin chun críche freastal mar mhodh íocaíochta, níor cheart iad a mheas mar ábhar digiteach nó mar sheirbhís dhigiteach de réir bhrí na Treorach seo.

(24)

Is minic a dhéantar ábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha a sholáthar i gcás go soláthraíonn an tomhaltóir sonraí pearsanta don trádálaí in ionad airgid. Úsáidtear na cineálacha éagsúla samhlacha gnó sin i sciar suntasach den mhargadh. Ba cheart go n-áiritheofaí leis an Treoir seo go bhfuil tomhaltóirí i dteideal leigheasanna conarthacha, i gcomhthéacs na samhlacha gnó sin, agus é á aithint san am céanna gur ceart bunúsach is ea sonraí pearsanta a chosaint agus, dá bhrí sin, nach féidir sonraí pearsanta a mheas mar thráchtearra. Ba cheart go mbeadh feidhm ag an Treoir seo, dá bhrí sin, maidir le conarthaí ar faoina mbun a sholáthraíonn trádálaí seirbhís dhigiteach don tomhaltóir, nó a gheallann sé nó sí seirbhís dhigiteach a sholáthar dó nó di, agus a sholáthraíonn an tomhaltóir sonraí pearsanta, nó a gheallann sé nó sí sonraí pearsanta a sholáthar. Féadfar na sonraí pearsanta a sholáthar don trádálaí tráth a gcuirfear an conradh i gcrích nó tráth níos déanaí, amhail nuair a thugann an tomhaltóir a thoiliú don trádálaí úsáid a bhaint as na sonraí pearsanta, a d’fhéadfadh an tomhaltóir a uaslódáil nó a chruthú trí úsáid a bhaint as an ábhar digiteach nó as an tseirbhís digiteach. Déantar foráil le dlí an Aontais maidir le sonraí pearsanta a chosaint liosta uileghabhálach de na forais dlí chun sonraí pearsanta a phróiseáil go dleathach. Ba cheart go mbeadh feidhm ag an Treoir seo maidir le haon chonradh ar faoina bhun a sholáthraíonn tomhaltóir sonraí pearsanta don trádálaí, nó a gheallann sé nó sí sonraí pearsanta a sholáthar dó nó di. Mar shampla, ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo i gcás ina n-osclóidh an tomhaltóir cuntas meán sóisialta agus ina soláthróidh sé nó sí ainm agus seoladh ríomhphoist a úsáidtear chun críocha eile seachas chun an t-ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach a sholáthar, nó seachas chun ceanglais dhlíthiúla a chomhlíonadh agus chun na gcríoch sin amháin. Ba cheart feidhm a bheith aici chomh maith i gcás ina dtabharfaidh an tomhaltóir toiliú d’aon ábhar arb ionann é agus sonraí pearsanta, amhail grianghraif nó postálacha a uaslódálfaidh an tomhaltóir, lena bpróiseáil ag an trádálaí chun críocha margaíochta. Ba cheart go mbeadh na Ballstáit fós saor, áfach, a chinneadh an bhfuil na ceanglais maidir le conradh a bhunú, é a bheith ann nó a bhailíochtú faoin dlí náisiúnta á gcomhlíonadh.

(25)

I gcás nach soláthrófar ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha mar mhalairt ar phraghas, níor cheart feidhm a bheith ag Treoir 2011/83/AE ach oiread maidir le cásanna ina ndéanfaidh an trádálaí sonraí pearsanta a bhailiú go heisiach chun ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach a sholáthar nó d’aon toisc chun ceanglais dlí a chomhlíonadh. Ar chásanna den sórt sin, is féidir a áireamh, mar shampla, cásanna ina gceanglófar an tomhaltóir a chlárú leis na dlíthe is infheidhme chun críocha slándála agus sainaithint a dhéanamh. Níor cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo ach oiread maidir le cásanna nach mbaileoidh an trádálaí ach meiteashonraí amháin, amhail faisnéis a bhaineann le gléas an tomhaltóra nó le stair bhrabhsála an tomhaltóra, mura meastar an cás sin a bheith ina chonradh faoin dlí náisiúnta. Níor cheart feidhm a bheith aici ach oiread maidir le cásanna ina gcuirtear an tomhaltóir, gan conradh a bheith tugtha i gcrích aige leis an trádálaí, faoi réir fógraí a bhfuil sé mar aidhm eisiach leo rochtain a ghnóthú ar ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach. Mar sin féin, ba cheart do na Ballstáit a bheith fós in ann cur i bhfeidhm na Treorach seo a leathnú le go gcuimseofaí cásanna den sórt sin nó rialáil a dhéanamh ar shlí eile ar chásanna den sórt sin nach dtagann faoi raon feidhme na Treorach sin.

(26)

Ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo maidir le conarthaí le haghaidh ábhar digiteach a fhorbairt arna shaincheapadh in oiriúint do riachtanais shonracha an tomhaltóra lena n-áirítear bogearraí saincheaptha. Ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo freisin maidir le comhaid leictreonacha a sholáthar is gá i gcomhthéacs earraí 3D a phriontáil, sa mhéid a thagann na comhaid sin faoin sainmhíniú ar ábhar digiteach nó ar sheirbhísí digiteacha de réir bhrí na Treorach seo. Mar sin féin, leis an Treoir seo, níor cheart go ndéanfaí rialáil ar aon chearta ná oibleagáidí a bhaineann le hearraí a tháirgtear trí úsáid a bhaint as teicneolaíocht phriontála 3D.

(27)

Os rud é gur cheart go mbeadh feidhm ag an Treoir seo maidir le conarthaí arb é is cuspóir dóibh ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach a sholáthar don tomhaltóir, níor cheart go mbeadh feidhm aici i gcás inarb é príomhábhar an chonartha seirbhísí gairmiúla a sholáthar amhail seirbhísí aistriúcháin, seirbhísí ailtireachta, seirbhísí dlí nó seirbhísí eile comhairle gairmiúla, ar seirbhísí iad ar minic gurb é an trádálaí féin a dhéanann iad, gan beann ar an úsáideann an trádálaí na modhanna digiteacha chun aschur na seirbhíse a tháirgeadh nó chun í a sheachadadh nó í a tharchur chuig an tomhaltóir. Ar an gcaoi chéanna, níor cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo maidir le seirbhísí poiblí, amhail seirbhísí slándála sóisialta ná cláir phoiblí i gcás nach n-úsáidtear na modhanna digiteacha ach chun críche an tseirbhís a tharchur chuig an tomhaltóir nó a chur in iúl don tomhaltóir. Níor cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo ach oiread maidir le hionstraimí barántúla agus gníomhartha eile nótaireachta, gan beann ar cibé acu a dhéantar iad, a thaifeadtar iad, a atáirgtear iad nó a tharchuirtear iad trí mhodhanna digiteacha.

(28)

Tá an margadh do sheirbhísí cumarsáide idirphearsanta atá neamhspleách ar uimhir, ar seirbhísí iad nach nascann le hacmhainní uimhrithe a shanntar go poiblí, ag forbairt go mear. Le blianta beaga anuas, tá níos mó tomhaltóirí ag baint úsáid as na seirbhísí sin a bhuí le teacht chun cinn seirbhísí digiteacha nua lenar féidir cumarsáid idirphearsanta a dhéanamh trí mhéan an idirlín, amhail seirbhísí ríomhphoist gréasánbhunaithe agus seirbhísí teachtaireachtaí ar líne. Ar na cúiseanna sin, is gá cosaint éifeachtach do thomhaltóirí a sholáthar maidir leis na seirbhísí sin. Ba cheart, dá bhrí sin, feidhm a bheith ag an Treoir seo freisin maidir le seirbhísí cumarsáide idirphearsanta atá neamhspleách ar uimhir.

(29)

Níor cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo maidir le cúram sláinte a shainmhínítear i dTreoir 2011/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). Ba cheart feidhm a bheith ag eisiamh “cúram sláinte” freisin ó raon feidhme na Treorach seo maidir le haon ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach arb ionann é nó í agus feiste leighis, mar a shainmhínítear i dTreoir 93/42/CEE (6) nó 90/385/CEE (7) ón gComhairle nó le Treoir 98/79/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), i gcás ina n-ordaíonn nó ina soláthraíonn gairmí sláinte feiste leighis mar a shainmhínítear i dTreoir 2011/24/AE. Mar sin féin, ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo maidir le haon ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach arb ionann é nó í agus feiste leighis, amhail feidhmchláir sláinte, ar féidir leis an tomhaltóir iad a fháil gan gairmí sláintiúil iad a ordú nó a sholáthar.

(30)

Is iomaí riail maidir le cosaint tomhaltóirí atá i ndlí an Aontais a bhaineann le seirbhísí airgeadais. Le seirbhísí airgeadais mar a shainítear sa dlí is infheidhme san earnáil sin, go háirithe i dTreoir 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa ón gComhairle (9), cumhdaítear freisin ábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha a bhaineann le seirbhísí airgeadais, nó lena dtugtar rochtain ar sheirbhísí airgeadais, agus, dá bhrí sin, cumhdaítear iad trí chosaint ó dhlí seirbhísí airgeadais an Aontais. Ba cheart conarthaí a bhaineann le hábhar digiteach nó le seirbhísí digiteacha arb ionann iad agus seirbhís airgeadais a eisiamh ó raon feidhme na Treorach seo.

(31)

Níor cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo maidir le hábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach a sholáthraítear don phobal mar chuid de thaibhiú ealaíne nó eile, amhail teilgean cineamatagrafaíochta digiteach nó taispeántas amharclainne closamhairc. Mar sin féin, ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo más rud é go soláthraítear ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach ar tharchur comharthaí amhail seirbhísí teilifíse digití.

(32)

A bhuí le bogearraí foinse oscailte agus saor in aisce, lena ndéantar an cód foinseach a chomhroinnt go hoscailte agus lenar féidir le húsáideoirí na bogearraí nó na leaganacha modhnaithe díobh a úsáid, a mhodhnú agus a athdháileadh, is féidir cur le taighde agus nuálaíocht i margadh an ábhair dhigitigh agus na seirbhísí digiteacha. Chun go seachnófar bacainní a chur ar na forbairtí margaidh sin, níor cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo maidir le bogearraí foinse oscailte, ar choinníoll nach soláthrófar iad mar mhalairt ar phraghas agus go n-úsáidfear sonraí pearsanta an tomhaltóra go heisiach chun slándáil, comhoiriúnacht nó idir-inoibritheacht na mbogearraí a fheabhsú.

(33)

Is minic a dhéantar ábhar digiteach nó seirbhísí a chomhcheangal le soláthar earraí nó seirbhísí eile agus is minic a dhéantar iad a thairiscint don tomhaltóir faoin gconradh céanna ina bhfuil cuach de ghnéithe éagsúla, amhail teilifís dhigiteach a sholáthar agus trealamh leictreonach a cheannach. I gcásanna den sórt sin, áirítear sa chonradh idir an tomhaltóir agus an trádálaí gnéithe de chonradh le haghaidh ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach a sholáthar agus gnéithe de chineálacha eile conarthaí chomh maith céanna amhail díolacháin earraí nó conarthaí i gcomhair seirbhísí. Níor cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo ach amháin maidir le gnéithe den chonradh foriomlán a bhaineann le hábhar digiteach nó le seirbhísí digiteacha a sholáthar. Ba cheart na gnéithe eile den chonradh a rialú leis na rialacha is infheidhme maidir leis na conarthaí sin faoin dlí náisiúnta nó, de réir mar is infheidhme, le rialacha eile an Aontais lena rialaítear earnáil nó ábhar ar leith. Ar an gcaoi chéanna, na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag gné amháin den chonradh cuachta a fhoirceannadh ar ghnéithe eile den chonradh cuachta sin, ba cheart iad a rialú leis an dlí náisiúnta. Mar sin féin, chun comhsheasmhacht a áirithiú le forálacha earnáilsonracha de Threoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) lena rialaítear conarthaí cuachta, i gcás ina soláthróidh trádálaí, de réir bhrí an Rialacháin sin, ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach in éineacht le seirbhís idirphearsanta uimhirbhunaithe nó seirbhís rochtana idirlín, níor cheart go mbeadh feidhm ag forálacha na Treorach seo i ndáil le hábhar digiteach a mhodhnú maidir leis an ábhar digiteach nó gné na seirbhíse digití den chuach. Ina ionad sin, ba cheart feidhm a bheith ag forálacha ábhartha Threoir (AE) 2018/1972 maidir le gach gné den chuach, lena n-áirítear an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach.

(34)

Ba cheart feidhm a bheith ag forálacha na Treoracha seo maidir le conarthaí cuachta amháin i gcás ina soláthróidh an trádálaí céanna na gnéithe éagsúla den chuach don tomhaltóir céanna faoi chonradh amháin. Níor cheart go ndéanfadh an Treoir seo difear do dhlíthe náisiúnta lena rialaítear na coinníollacha faoina bhféadfaí conradh le haghaidh soláthar ábhair dhigitigh nó seirbhísí digiteacha a mheas a bheith nasctha le conradh eile nó a bheith coimhdeach do chonradh eile atá curtha i gcrích ag an tomhaltóir leis an trádálaí céanna nó le trádálaí eile, ná níor cheart go ndéanfadh sí difear do na leigheasanna a bheidh le feidhmiú faoi gach conradh nó an éifeacht a bheadh ag foirceannadh conartha amháin ar an gconradh eile.

(35)

Tá an cleachtas tráchtála maidir le tairiscintí ar ábhar digiteach nó ar sheirbhísí digiteacha a chuachadh le hearraí nó le seirbhísí eile a sholáthar faoi réir Threoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) maidir le cleachtais tráchtála éagóracha den chineál gnólacht le tomhaltóir sa mhargadh inmheánach. Ní chuirtear toirmeasc ar an gcuachadh sin faoi Threoir 2005/29/CE. Déantar toirmeasc air sin, áfach, i gcás ina meastar é sin a bheith éagórach, tar éis measúnú cás ar chás a dhéanamh de bhun na gcritéar a leagtar síos sa Treoir sin. Ceadaítear le dlíthe an Aontais maidir le hiomaíocht aghaidh a thabhairt ar chleachtais ‘glac le gach táirge’ agus le cleachtais chuachta, nuair a dhéanann siad difear don phróiseas iomaíoch agus nuair a dhéanann siad díobháil do thomhaltóirí.

(36)

Ba cheart an Treoir seo a bheith gan dochar do dhlí eile an Aontais lena rialaítear earnáil nó ábhar ar leith amhail teileachumarsáid, ríomhthráchtáil agus cosaint tomhaltóirí. Ba cheart go mbeadh sé gan dochar freisin do dhlíthe an Aontais agus do dhlíthe náisiúnta maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara, lena n-áirítear inaistritheacht seirbhísí ábhair ar líne.

(37)

D’fhéadfadh saothrú gníomhaíochtaí a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo a bheith bainteach le sonraí pearsanta a phróiseáil. Soláthraítear le dlí an Aontais creat cuimsitheach maidir le sonraí pearsanta a chosaint. Go háirithe, tá an Treoir seo gan dochar do Rialachán (AE) 2016/679 (12) agus do Threoir 2002/58/CE (13). Tá feidhm ag an gcreat sin maidir le haon sonraí pearsanta a phróiseáiltear i dtaca leis na conarthaí a chumhdaítear leis an Treoir seo. Dá thoradh sin, níor cheart sonraí pearsanta a bhailiú ná a phróiseáil ach amháin i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 agus le Treoir 2002/58/CE. I gcás ina mbeidh coimhlint ann idir an Treoir seo agus dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta, ba cheart gurb é an Rialachán maidir le cosaint sonraí pearsanta ag a mbeidh feidhm.

(38)

Níor cheart na coinníollacha maidir le próiseáil dhleathach sonraí a rialáil leis an Treoir seo toisc go ndéantar an cheist sin a rialáil, go háirithe le Rialachán (AE) 2016/679. Mar thoradh air sin, níl aon phróiseáil ar shonraí pearsanta i ndáil le conradh a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo dleathach ach amháin má tá sí i gcomhréir le forálacha Rialachán (AE) 2016/679 a bhaineann leis na forais dhlíthiúla i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil. Beidh feidhm ag forálacha sonracha Rialachán (AE) 2016/679 lena n-áirítear na cinn maidir leis na coinníollacha chun measúnú a dhéanamh ar cibé acu a thugtar nó nach dtugtar toiliú faoi shaoirse nuair a bhunaítear próiseáil sonraí pearsanta ar thoiliú, go háirithe de bhun phointe (a) d’Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2016/679. Níor cheart go rialófaí leis an Treoir seo bailíocht an toilithe a thugtar. Tá cearta cuimsitheacha maidir le léirscriosadh sonraí agus iniomparthacht sonraí i Rialachán (AE) 2016/679 freisin. Ba cheart an Treoir seo gan a bheith dochar do na cearta sin, a mbeidh feidhm acu maidir le haon sonraí pearsanta a sholáthróidh an tomhaltóir don trádálaí nó le haon sonraí a bhaileoidh an trádálaí i ndáil le haon chonradh a thitfidh faoi raon feidhme na Treorach seo, agus tráth a ndéanfaidh an tomhaltóir an conradh a fhoirceannadh i gcomhréir leis an Treoir seo.

(39)

Ba cheart go mbeadh feidhm iomlán ag an gceart go scriosfaí sonraí agus ag ceart an tomhaltóra toiliú a tharraingt siar do phróiseáil sonraí pearsanta maidir leis na conarthaí a chumhdaítear leis an Treoir seo. Ba cheart go mbeadh ceart an tomhaltóra an conradh a fhoirceannadh i gcomhréir leis an Treoir seo gan dochar do cheart tomhaltóra faoi Rialachán (AE) 2016/679 chun aon toiliú arna thabhairt do phróiseáil sonraí pearsanta an tomhaltóra a tharraingt siar.

(40)

Níor cheart leis an Treoir seo go ndéanfaí rialáil ar na hiarmhairtí do na conarthaí a chumhdaítear leis an Treoir seo i gcás go ndéanfaidh an tomhaltóir an toiliú a tharraingt siar le haghaidh sonraí pearsanta an tomhaltóra a phróiseáil. Ba cheart gur ábhar don dlí náisiúnta na hiarmhairtí sin fós.

(41)

Tá bealaí éagsúla ann don trádálaí ábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha a sholáthar do thomhaltóirí. Is tráthúil rialacha soiléire agus simplí a leagan síos i ndáil leis na modúlachtaíagus an tréimhse ama maidir leis an oibleagáid soláthair sin a fheidhmiú atá mar an bpríomhoibleagáid chonarthach ar an trádálaí, tríd an ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach a chur ar fáil nó rochtain a thabhairt don tomhaltóir air. Ba cheart go measfaí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a bheith curtha ar fáil don tomhaltóir nó a bheith inrochtana ag an tomhaltóir nuair a bheidh réimse an tomhaltóra bainte amach ag an ábhar digiteach nó ag an tseirbhís dhigiteach, nó ag aon mhodhanna oiriúnacha eile lenar féidir rochtain a fháil ar an ábhar digiteach nó ar an tseirbhís sin nó lenar féidir é a íoslódáil, agus nuair nach mbeidh gá le haon ghníomhaíocht bhreise ón trádálaí chun é a chur ar chumas an tomhaltóra an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteacha a úsáid i gcomhréir leis an gconradh. Ós rud é nach é an trádálaí atá freagrach go príomha as gníomhartha nó neamhghníomhartha tríú páirtí a oibríonn saoráid fhisiceach nó fhíorúil, ardán leictreonach nó saoráid néalstórála mar shampla, a roghnaíonn an tomhaltóir chun ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach a fháil nó a stóráil, ba cheart gur leor é don trádálaí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a sholáthar don tríú páirtí sin. Ní féidir a mheas, áfach, gurb é an tomhaltóir a roghnaíonn an tsaoráid fhisiceach nó fhíorúil má tá an tsaoráid seo faoi rialú an trádálaí nó má tá sí nasctha go conarthach leis an trádálaí, nó más rud é gur roghnaigh an tomhaltóir an tsaoráid fhisiceach nó fhíorúil sin chun an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a fháil toisc gurbh é sin an t-aon rogha a chuir an trádálaí ar fáil chun an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a fháil nó chun rochtain a fháil air.

I gcás nach féidir a mheas go bhfuil an tsaoráid fhisiceach nó fhíorúil roghnaithe ag an tomhaltóir, ní féidir a mheas gur comhlíon an trádálaí a oibleagáid an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a sholáthar más rud é go soláthraítear an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach don tsaoráid fhisiceach nó fhíorúil ach nach féidir leis an tomhaltóir an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a fháil nó rochtain a fháil air i gcomhréir leis an Treoir seo. Sna cásanna sin, ba cheart go mbeadh na leigheasanna céanna ag an tomhaltóir a bheadh i bhfeidhm dá mainneodh an trádálaí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís a sholáthar. Maidir le ham an tsoláthair, i gcomhréir le cleachtais mhargaidh agus le féidearthachtaí teicniúla, agus chun foráil a dhéanamh do mhéid áirithe solúbthachta, ba cheart an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a sholáthar gan moill mhíchuí, mura gcinnfidh na páirtithe a mhalairt chun freastal ar shamhlacha soláthair eile.

(42)

Leis an ábhar digiteach nó don tseirbhís dhigiteach, ba cheart na ceanglais a comhaontaíodh idir an trádálaí agus an tomhaltóir sa chonradh a chomhlíonadh. Ba cheart go gcomhlíonfaí leis, go háirithe, an cur síos, an chainníocht (líon na gcomhad ceoil ar féidir rochtain a fháil orthu mar shampla), an cháilíocht (an taifeach mar shampla), teanga agus an leagan a comhaontaíodh sa chonradh. Ba cheart go n-áiritheofaí leis freisin an tslándáil, an fheidhmiúlacht, an chomhoiriúnacht, an idir-inoibritheacht agus gnéithe eile, mar a cheanglaítear leis an gconradh. Ba cheart go n-áireofaí ar cheanglais an chonartha na cinn sin atá ann mar thoradh ar an bhfaisnéis réamhchonarthach atá ina dlúthchuid den chonradh i gcomhréir le Treoir 2011/83/AE. D’fhéadfaí na ceanglais sin a leagan amach freisin i gcomhaontú leibhéal seirbhíse, i gcás, faoin dlí náisiúnta is infheidhme, ina mbeidh comhaontú den sórt sin ina chuid den chaidreamh conarthach idir an tomhaltóir agus an trádálaí faoin dlí náisiúnta is infheidhme.

(43)

Ba cheart coincheap na feidhmiúlachta a thuiscint mar thagairt do na bealaí inar féidir ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach a úsáid. Mar shampla, d’fhéadfadh sé go mbeadh tionchar ag neamhláithreacht nó láithreacht aon srianta teicniúla amhail cosaint trí Bhainistiú na gCeart Dhigiteach nó códú réigiúin ar an cumas go gcomhlíonfadh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a gcuid feidhmeanna uile ag féachaint dá n-aidhm. Baineann an coincheap “idir-inoibritheacht” le cibé an féidir ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach feidhmiú le crua-earraí nó bogearraí atá difriúil ó na cinn a úsáidtear de ghnáth le hábhar digiteach nó le seirbhísí digiteacha den chineál céanna agus a mhéid is féidir leo feidhmiú; D’fhéadfaí a áireamh leis an bhfeidhmiú rathúil, mar shampla, cumas an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití faisnéis a mhalartú leis na bogearraí nó na crua-earraí eile sin agus an fhaisnéis malartaithe a úsáid.

(44)

Ós rud é go bhfuil forbairt leanúnach á déanamh ar ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha, féadfaidh trádálaithe teacht ar chomhaontú le tomhaltóirí nuashonruithe agus gnéithe a sholáthar dóibh. Ba cheart measúnú a dhéanamh chomh maith, dá bhrí sin, ar chomhréireacht an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití i dtaobh an ndéantar an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a nuashonrú ar an mbealach ina sonraítear sa chonradh. Ba cheart mainneachtain soláthair maidir le nuashonruithe a comhaontaíodh sa chonradh a mheas mar easpa comhréireachta an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití, os rud é go gciallódh mainneachtain soláthair den sórt sin nach bhfeidhmítear na nuashonraithe sin ar an mbealach a sonraítear sa chonradh.

(45)

Chun bheith i gcomhréir agus chun a áirithiú nach ndéantar a gcearta a bhaint de thomhaltóirí, i gcásanna ina socraítear leis an gconradh caighdeáin an-íseal, ní hamháin gur cheart don ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach na ceanglais shuibiachtúla maidir le comhréireacht a chomhlíonadh, ach ba cheart dó na ceanglais oibiachtúla maidir le comhréireacht a leagtar amach sa Treoir seo a chomhlíonadh chomh maith. Ba cheart an chomhréireacht a mheasúnú inter alia i bhfianaise an chuspóra dá n-úsáidtear an t-ábhar digiteach nó na seirbhísí digiteacha de ghnáth a mheas. Ba cheart freisin go mbeadh na cáilíochtaí agus na gnéithe feidhmíochta aige ar gnách iad a bheith ann d’ábhar digiteach nó i seirbhísí digiteacha den chineál ceánna ar féidir tomhaltóirí a bheith ag súil le réasún, i bhfianaise chineál an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití, agus aon ráitis phoiblí maidir le saintréithe an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití arna ndéanamh ag an trádálaí nó ag an táirgeoir nó ar son an trádálaí nó ar son daoine eile i naisc roimhe sin de shlabhra na n-idirbheart á gcur san áireamh.

(46)

Ba cheart caighdeán na réasúntachta maidir le haon tagairt sa Treoir seo don mhéid is féidir le duine a bheith ag súil leis a fhionnadh go hoibiachtúil, ag féachaint do chineál agus cuspóir an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití, d’imthosca an cháis agus do ghnáthaimh agus do chleachtais na bpáirtithe lena mbaineann. Go háirithe, ba cheart an tréimhse ama a mheastar a bheith réasúnta chun an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a thabhairt chun comhréireachta a fhionnadh go hoibiachtúil, ag féachaint do chineál na heaspa comhréireachta.

(47)

Ba cheart don trádálaí nuashonruithe, nuashonruithe ar shlándáil san áireamh, a sholáthar don tomhaltóir le linn an tréimhse ama a bhféadfadh an tomhaltóir a bheith ag súil leis le réasún chun an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a choimeád slán agus i gcomhréir. Mar shampla, maidir le hábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach, a bhfuil a chuspóir nó a cuspóir teoranta ó thaobh ama de, ba cheart an oibleagáid maidir le nuashonruithe a sholáthar a bheith teoranta don tréimhse sin, agus i gcás cineálacha ábhair dhigitigh nó seirbhísí digiteacha eile, d’fhéadfadh an tréimhse ar cheart nuashonruithe a sholáthar lena linn don tomhaltóir a bheith comhionann leis an tréimhse dhliteanais le haghaidh easpa comhréireachta nó féadfaidh sí dul thar an tréimhse sin, rud a d’fhéadfadh a bheith amhlaidh go háirithe maidir le nuashonruithe slándála. Ba cheart go mbeadh sé de shaoirse ag an tomhaltóir i gcónaí a rogha a dhéanamh na nuashonruithe sin a shuiteáil. I gcás ina gcinnfidh an tomhaltóir gan na nuashonruithe a shuiteáil, áfach, níor cheart go mbeadh an tomhaltóir ag súil leis go bhfanfaidh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach i gcomhréir. Ba cheart don trádálaí an tomhaltóir a chur an eolas, maidir le cinneadh an tomhaltóra gan nuashonruithe a shuiteáil, ar nuashonruithe iad atá riachtanach chun an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a choinneáil i gcomhréir, lena n-áirítear nuashonruithe slándála, go mbeidh tionchar ag an gcinneadh sin ar dhliteanas an trádálaí i ndáil le comhréireacht na ngnéithe sin den ábhar digiteach nó den tseirbhís dhigiteach a bhfuil an nuashonrú ábhartha ceaptha lena gcoinneáil i gcomhréir. Níor cheart go ndéanfadh an Treoir seo difear d’oibleagáidí chun nuashonruithe slándála a sholáthar a leagtar síos i ndlí an Aontais nó sa dlí náisiúnta.

(48)

Ba cheart feidhm iomlán a bheith ag Rialachán (AE) 2016/679 nó ag aon dlí eile um chosaint sonraí de chuid an Aontais maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil i dtaca le haon chonradh a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo. Ina theannta sin, ba cheart go mbeadh an Treoir seo gan dochar do na cearta, na hoibleagáidí agus na leigheasanna neamhchonarthacha dá bhforáiltear le Rialachán (AE) 2016/679. Maidir le fíorais as a dtiocfaidh easpa comhlíonta maidir le ceanglais dá bhforáiltear le Rialachán (AE) 2016/679, lena n-áirítear croíphrionsabail amhail ceanglais maidir le híoslaghdú sonraí, cosaint sonraí trí dhearadh agus cosaint sonraí mar réamhshocrú, féadfar, ag brath ar imthosca an cháis, a mheas freisin gurb ionann iad agus easpa comhréireachta an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití le ceanglais shuibiachtúla nó oibiachtúla chomhréireachta dá bhforáiltear sa Treoir seo. Is sampla amháin a d’fhéadfadh a bheith ann ná cásanna ina ndéanfaidh trádálaí oibleagáid sa chonradh a ghlacadh go sainráite, nó inar féidir an conradh a léirthuiscint ar an mbealach sin, ar catagóir í a bhaineann freisin le hoibleagáidí an trádálaí faoi Rialachán (AE) 2016/679. Sa chás sin, is féidir gealltanas conarthach den sórt sin a bheith mar chuid de na ceanglais chomhréireachta shuibiachtúla. Is é an dara shampla de chásanna a d’fhéadfadh a bheith ann ná cásanna inar féidir le neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí faoi Rialachán (AE) 2016/679 a fhágáil ag an am céanna, go mbeadh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach mí-oiriúnach don fheidhm ar beartaíodh é nó í ina leith agus, dá bhrí sin, gurb ionann é agus easpa comhréireachta leis an gceanglas oibiachtúil le haghaidh comhréireachta lena gceanglaítear go mbeadh an t-ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach oiriúnach do na feidhmeanna céanna a mbainfí úsáid de ghnáth as ábhar digiteach nó seirbhís lena n-aghaidh.

B'amhlaidh a bheadh, mar shampla, má mhainníonn trádálaí bogearraí criptiúcháin sonraí bearta iomchuí a chur chun feidhme, mar a cheanglaítear le Rialachán (AE) 2016/679, chun a áirithiú nach ndéanfar sonraí pearsanta a nochtadh d’fhaighteoirí neamhúdaraithe d’aon ghnó, rud a d’fhágfadh nach mbeadh na bogearraí criptiúcháin oiriúnach don sprioc atá leo, is é sin, aistriú slán sonraí ag an tomhaltóir chuig a bhfaighteoir beartaithe. Ar deireadh, d’fhéadfadh cásanna a bheith ann ina bhféadfadh neamhchomhlíonadh ag an trádálaí maidir lena oibleagáidí faoi Rialachán (AE) 2016/679 a bheith ina easpa comhréireachta maidir leis an ábhar digiteach nó maidir leis an tseirbhís dhigiteach leis an gceanglas comhréireachta oibiachtúil lena gceanglaítear ar an ábhar digiteach nó ar an tseirbhís dhigiteach na gnéithe ar gnáthghnéithe iad le haghaidh ábhar digiteach nó seirbhísí dhigiteach den chineál céanna a bheith acu agus ar féidir leis an tomhaltóir a bheith ag súil leis go réasúnta ina leith. Mar shampla, má mhainníonn trádálaí feidhmchláir le haghaidh siopadóireacht ar líne na bearta dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2016/679 maidir le slándáil na próiseála ar shonraí pearsanta an tomhaltóra a dhéanamh agus, dá thoradh sin, déanfar faisnéis chárta creidmheasa na dtomhaltóirí a nochtadh do bhogearraí mailíseacha nó spiaireachta, d’fhéadfadh an mhainneachtain sin a bheith ina easpa comhréireachta leis an ábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha de réir bhrí na Treorach seo, toisc go mbeadh an tomhaltóir ag súil le réasún go mbeadh tréithe ag baint le feidhmchlár den chineál sin de ghnáth a chuirfeadh cosc ar shonraí íocaíochta a nochtadh. I gcás ina mbeidh na fíorais as a n-eascraíonn neamhchomhlíonadh na gceanglas faoi Rialachán (AE) 2016/679 ina easpa comhréireachta maidir leis an ábhar digiteach nó leis an tseirbhís dhigiteach le ceanglais shuibiachtúla nó ceanglais oibiachtúla le haghaidh comhréireachta dá bhforáiltear sa Treoir seo, ba cheart an tomhaltóir a bheith i dteideal na leigheasanna ar an easpa comhréireachta dá bhforáiltear leis an Treoir seo, mura bhfuil an conradh ar neamhní nó in-neamhnithe faoin dlí náisiúnta cheana féin.

(49)

Chun dóthain solúbthachta a áirithiú, ba cheart go mbeadh na páirtithe in ann imeacht ó na ceanglais oibiachtúla le haghaidh comhréireachta. Níor cheart go mbeifí in ann imeacht ó na ceanglais sa chaoi sin ach amháin más rud é go raibh an tomhaltóir ar an eolas go sonrach faoi agus más rud é go nglacann an tomhaltóir leis sin ar leithligh ó ráitis nó comhaontuithe eile agus ar bhonn iompar gníomhach agus neamh-dhéchiallach. D’fhéadfaí an dá choinníoll a chomhlíonadh mar shampla trí thic a chur i mbosca nó trí chnaipe a bhrú nó feidhm chomhchosúil a ghníomhachtú.

(50)

Nuair a bheidh rialacha na Treorach seo á gcur i bhfeidhm, ba cheart do thrádálaithe leas a bhaint as caighdeáin, sonraíochtaí teicniúla oscailte, dea-chleachtais agus cóid iompair, lena n-áirítear i dtaca leis an bhformáid a úsáidtear go coitianta agus atá inléite ag meaisín chun an t-ábhar seachas sonraí pearsanta a aisghabháil, ábhar a chuir an tomhaltóir ar fáil nó a chruthaigh an tomhaltóir agus an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach á úsáid, agus lena n-áirítear maidir le slándáil córas faisnéise agus timpeallachtaí digiteacha, cé acu an mbunaítear ar an leibhéal idirnáisiúnta, ar an leibhéal Eorpach nó ar leibhéal a bhaineann le hearnáil tionscail shonrach. Sa chomhthéacs sin, d’fhéadfadh an Coimisiún a iarraidh go ndéanfar caighdeáin idirnáisiúnta agus Aontais a fhorbairt agus cód iompair a tharraingt suas ag cumainn trádála agus eagraíochtaí ionadaíocha eile a d’fhéadfadh tacú le cur chun feidhme aonfhoirmeach na Treorach seo.

(51)

Cuirtear roinnt mhaith cineálacha ábhair dhigitigh nó seirbhísí digiteacha ar fáil go leanúnach thar tréimhse ama, amhail rochtain ar néalsheirbhísí. Is gá a áirithiú, dá bhrí sin, go mbeidh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach i gcomhréir ar feadh shaolré an chonartha. Ba cheart déileáil le bristí gearrthéarmacha ar sholáthar ábhair dhigitigh nó seirbhíse digití mar chásanna ina bhfuil easpa comhréireachta ann i gcás ina mbíonn na bristí sin níos tromchúisí ná diomaibhseach nó ina dtarlaíonn siad arís is arís eile. Thairis sin, i bhfianaise an fheabhais a chuirtear ar an ábhar digiteach agus ar na seirbhísí digiteacha go minic, go háirithe trí nuashonruithe a dhéanamh, ba cheart gurb é an leagan is deireanaí atá ar fáil tráth a dtugtar an conradh i gcrích, an leagan den ábhar digiteach nó den tseirbhís dhigiteach a sholáthraítear don tomhaltóir, mura bhfuil a mhalairt comhaontaithe ag na páirtithe.

(52)

Ní mór an t-ábhar digiteach nó na seirbhísí digiteacha a chomhtháthú i gceart i dtimpeallacht crua-earraí agus bogearraí an tomhaltóra chun go n-oibreoidh sé i gceart. Maidir le heaspa comhréireachta na n-ábhar digiteach nó na seirbhíse digití, a eascraíonn as comhtháthú mícheart, ba cheart é sin a mheas mar easpa comhréireachta an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití í féin, i gcás ina ndearna an trádálaí é nó í a chomhtháthú nó faoina rialú, nó ina ndearna an tomhaltóir é nó í a chomhtháthú tar éis threoracha an trádálaí maidir le comhtháthú agus gur i ngeall ar easnaimh sna treoracha suiteála riachtanacha, amhail neamhiomláine nó easpa soiléireachta i ndáil leis na treoracha comhtháthaithe a bheadh mar thoradh air sin go mbeadh siad deacair le húsáid ag an gnáth-thomhaltóir.

(53)

Maidir le srianta le húsáid an tomhaltóra i ndáil le hábhar digiteach nó le seirbhís dhigiteach i gcomhréir leis an Treoir seo, d’fhéadfadh na srianta sin a bheith mar thoradh ar na teorainneacha a bhaineann le cearta maoine intleachtúla arna bhforchur ag sealbhóir na gceart maoine intleachtúla, i gcomhréir leis an dlí maoine intleachtúla. D’fhéadfadh srianta den sórt sin teacht as comhaontú ceadúnais an úsáideora deiridh faoina ndéantar an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a sholáthar don tomhaltóir. Féadfaidh a leithéid sin tarlú nuair a chuirtear toirmeasc ar an tomhaltóir le comhaontú ceadúnais an úsáideora deiridh úsáid a bhaint as gnéithe áirithe a bhaineann le feidhmiúlacht an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití. D’fhéadfadh sé go bhfágfadh srianadh den sórt sin go mbeadh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach ag sárú na gceanglas oibiachtúil maidir le comhréireacht arna leagan síos sa Treoir seo, má bhaineann sé le gnéithe a fhaightear de ghnáth in ábhar digiteach nó i seirbhísí digiteacha den chineál céanna ar féidir an tomhaltóir a bheith ag súil leis le réasún. I gcásanna den sórt sin, ba cheart an tomhaltóir a bheith in ann na leigheasanna dá bhforáiltear sa Treoir seo a thionscnamh i gcoinne an trádálaí a sholáthair an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach mar gheall ar an easpa comhréireachta. Níor cheart go mbeadh an trádálaí in ann an dliteanas sin a sheachaint ach trí na coinníollacha a chomhlíonadh i ndáil le maolú a dhéanamh ar na ceanglais oibiachtúla le haghaidh comhréireachta mar a leagtar síos sa Treoir seo, is é sin ach amháin má chuireann an trádálaí in iúl don tomhaltóir go sonrach sula dtabharfar an conradh i gcrích go bhfuil tréith ar leith den ábhar digiteach nó den tseirbhís dhigiteach ag imeacht ó na ceanglais oibiachtúla le haghaidh comhréireachta agus go bhfuil glactha go sainráite agus ar leithligh ag an tomhaltóir leis an diall sin.

(54)

Is ábhar mór iad fabhtanna dlíthiúla maidir le hábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha, atá faoi réir cearta maoine intleachtúla. Maidir le srianta le húsáid an tomhaltóra i ndáil le hábhar digiteach nó le seirbhís dhigiteach i gcomhréir leis an Treoir seo, d’fhéadfadh na srianta sin a bheith ina sárú ar chearta tríú páirtí. D’fhéadfadh an sárú sin bac a chur ar an tomhaltóir leas a bhaint as an ábhar digiteach nó as an tseirbhís dhigiteach nó cuid dá ghnéithe nó dá gnéithe, mar shampla, nuair nach féidir leis an tomhaltóir rochtain a fháil ar an ábhar digiteach nó ar an tseirbhís dhigiteach ar chor ar bith nó i gcás nach féidir rochtain dhleathach a fháil ar an ábhar digiteach nó ar an tseirbhís dhigiteach. An chúis a d’fhéadfadh a bheith leis sin ná go gcuireann an trádálaí iachall ar an tríú páirtí go dlisteanach éirí as na cearta sin a shárú agus deireadh a chur leis an ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach lena mbaineann a thairiscint nó nach féidir leis an tomhaltóir an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a úsáid gan an dlí a shárú. I gcás ina mbeadh sárú ar chearta tríú páirtí a bhfuil srian arb é is toradh dó srian lena gcuirtear cosc nó teorainn le húsáid an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití i gcomhréir leis na ceanglais shuibiachtúla agus oibiachtúla le haghaidh comhréireachta, níor cheart go mbeadh an tomhaltóir i dteideal na leigheasanna ar an easpa comhréireachta, ach amháin má fhoráiltear le dlíthe náisiúnta go ndéanfaí an conradh a neamhniú nó a chealú, i dtaca le baránta dlíthiúil in aghaidh díshealbhú a shárú mar shampla.

(55)

Ba cheart an trádálaí a bheith faoi dhliteanas i leith an tomhaltóra i gcás easpa comhréireachta maidir leis an ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach, agus maidir le haon mhainneachtain an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a sholáthar. Ós rud é gur féidir ábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha a sholáthar do thomhaltóirí trí cheann amháin nó níos mó de na gníomhartha aonair soláthair nó go leanúnach thar thréimhse ama, is iomchuí an tréimhse lena mbunófar comhréireacht an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití a chinneadh i bhfianaise na gcineálacha éagsúla soláthair sin.

(56)

Is féidir ábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha a sholáthar do thomhaltóirí trí aon ghníomh soláthair amháin, i gcás go ndéanann tomhaltóirí ríomhleabhar a íoslódáil agus go ndéanann siad í a stóráil ar a ngléas pearsanta. Ar an gcaoi chéanna, féadfaidh sraith de ghníomhartha aonair den sórt sin a bheith sa soláthar, mar shampla i gcás ina bhfaigheann tomhaltóirí nasc chun ríomhleabhar nua a íoslódáil gach seachtain. Is é an ghné shainiúil den chatagóir ábhair dhigitigh nó seirbhíse digití sin ná go bhféadfaidh tomhaltóirí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a rochtain agus a úsáid ar feadh tréimhse éiginnte. Sna cásanna sin, ba cheart comhréireacht an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití a mheasúnú tráth an tsoláthair, agus, dá bhrí sin, níor cheart an trádálaí a chur faoi dhliteanas ach i leith aon easpa comhréireachta arb ann dó tráth a dtarlaíonn an gníomh soláthair aonair nó gach gníomh aonair soláthair. Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, ba cheart go mbeadh trádálaithe agus tomhaltóirí in ann brath ar thréimhse chomhchuibhithe íosta ar lena linn ba cheart an trádálaí a chur faoi dhliteanas i leith easpa comhréireachta. Maidir le conarthaí ina ndéantar foráil do ghníomh soláthair amháin nó do shraith gníomhartha soláthair i ndáil le hábhar digiteach nó i ndáil le seirbhís dhigiteach, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear an trádálaí faoi dhliteanas go ceann 2 bhliain ar a laghad ó thráth a soláthair más rud é, faoina ndlí náisiúnta faoi seach, nach mbeidh an trádálaí faoi dhliteanas ach amháin i leith aon easpa comhréireachta a thagann chun solais laistigh de thréimhse ama tar éis an tsoláthair.

(57)

D’fhéadfaí ábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha a sholáthar do thomhaltóirí ar mhodh leanúnach thar thréimhse ama chomh maith. Féadfar a bheith san áireamh sa soláthar leanúnach cásanna ina gcuireann an trádálaí seirbhís dhigiteach ar fáil do thomhaltóirí ar feadh tréimhse socraithe nó tréimhse éiginnte, amhail conradh néalstórála 2 bhliain nó ballraíocht gan téarma in ardán meán sóisialta. Is é an ghné shainiúil den chatagóir sin ná go mbeidh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach ar fáil do thomhaltóirí nó inrochtana acu do thréimhse sheasta an chonartha, nó fad atá an conradh éiginnte i bhfeidhm. Dá bhrí sin, tá údar maith ann nár cheart an trádálaí i gcásanna den sórt sin a bheith faoi dhliteanas ach i leith easpa comhréireachta a thagann chun solais agus le linn na tréimhse sin amháin. Níor cheart gur ghá soláthar fadtéarmach mar gheall ar ghné an tsoláthair leanúnaigh. Ba cheart cásanna amhail sruthú gréasáin gearrthóige físe a mheas mar sholáthar leanúnach thar thréimhse ama, gan beann ar fhad iarbhír an chomhaid closamhairc. Maidir le cásanna ina gcuirfear gnéithe sonracha den ábhar digiteach nó den tseirbhís dhigiteach ar fáil go tréimhsiúil nó roinnt uaireanta le linn ré sheasta an chonartha nó fad is a bheidh conradh éiginnte i bhfeidhm, ba cheart iad a mheas chomh maith mar sholáthar leanúnach thar thréimhse ama, nuair a shonraítear sa chonradh, mar shampla, gur féidir cóip de bhogearraí frithvíreas a úsáid ar feadh bliana agus go nuashonrófar go huathoibríoch é ar an gcéad lá de gach mí den tréimhse sin, nó go n-eiseoidh an trádálaí nuashonruithe nuair a bheidh gnéithe nua de chluiche digiteach ar fáil, agus go mbeidh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach ar fáil nó inrochtana do thomhaltóirí amháin do thréimhse seasta an chonartha nó fad a bheidh an conradh éiginnte i bhfeidhm.

(58)

Ba cheart go mbeadh na Ballstáit na Ballstáit saor fós rialáil a dhéanamh ar thréimhsí teorann náisiúnta. Níor cheart do thréimhsí teorann den sórt sin cosc a chur ar thomhaltóirí, áfach, a gcearta a fheidhmiú i rith na tréimhse ama a bhfuil an trádálaí faoi dhliteanas i leith easpa comhréireachta lena linn. Cé nár cheart, dá bhrí sin, pointe tosaigh na dtréimhsí teorann náisiúnta a chomhchuibhiú leis an Treoir seo, ba cheart a áirithiú mar sin féin go lamhálfar leis na tréimhsí sin do thomhaltóirí a leigheasanna a fheidhmiú d’aon easpa comhréireachta a thiocfaidh chun solais i rith na tréimhse a mbeidh an trádálaí faoi dhliteanas i leith easpa comhréireachta lena linn, ar a laghad.

(59)

Mar thoradh ar chineál sonrach agus ar ardchastacht an ábhair dhigitigh agus seirbhísí digiteach, chomh maith le heolas níos fearr agus rochtain níos fearr an trádálaí ar shaineolas, faisnéis theicniúil agus cúnamh ardteicneolaíochta, is dócha gur fearr a bheidh an trádálaí ná an tomhaltóir ar an eolas faoin gcúis nach soláthraítear an t-ábhar digiteach ná an tseirbhís dhigiteach nó nach bhfuil sé nó sí i gcomhréir. Is dócha gur fearr a bheidh an trádálaí in ann a mheas cé acu an i ngeall nó nach i ngeall ar neamhréireacht idir an timpeallacht dhigiteach an tomhaltóra agus na ceanglais theicniúla maidir leis an ábhar digiteach nó leis an tseirbhís dhigiteach atá an mhainneachtain soláthair nó an easpa comhréireachta. Dá bhrí sin, i gcás díospóide, cé gur faoin tomhaltóir atá sé fianaise a thabhairt nach bhfuil an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach i gcomhréir, níor cheart go mbeadh sé ar an tomhaltóir a chruthú gurbh ann don easpa comhréireachta tráth soláthair an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach nó, i gcás soláthar leanúnach, le linn thréimhse an chonartha.

Ina ionad sin, ba cheart gur faoin trádálaí a bheidh sé a chruthú go raibh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach i gcomhréir an tráth sin nó i rith na tréimhse sin. Ba cheart go mbeadh an dualgas cruthúnais sin ar an trádálaí maidir le heaspa comhréireachta a thagann chun cinn laistigh de bhliain amháin ó thráth an tsoláthair i gcás go ndéantar foráil sa chonradh do ghníomh aonair soláthair nó le sraith gníomhartha soláthair aonair, agus do thréimhse an chonartha i gcás ina ndéantar foráil sa chonradh do sholáthar leanúnach thar thréimhse ama. I gcás ina gcruthóidh an trádálaí nach bhfuil timpeallacht dhigiteach an tomhaltóra comhoiriúnach leis na ceanglais theicniúla áfach, atá curtha in iúl ag an trádálaí don tomhaltóir ar bhealach soiléir sothuigthe, sular tugadh an conradh i gcrích, ba cheart gur ar an tomhaltóir a bheadh an dualgas a chruthú gurbh ann d’easpa comhréireachta an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití tráth a soláthraítear an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití i gcás ina bhforáiltear sa chonradh le haghaidh gníomh soláthair amháin nó sraith gníomhartha soláthair aonair nó, i gcás ina ndéantar foráil sa chonradh do sholáthar leanúnach thar thréimhse ama, do thréimhse an chonartha.

(60)

Gan dochar don cheart bunúsach go ndéanfar an saol príobháideach a chosaint, lena n-áirítear rúndacht chumarsáide, agus do shonraí pearsanta an tomhaltóra a chosaint, ba cheart don tomhaltóir comhoibriú leis an trádálaí chun go bhféadfaidh an trádálaí a dhéanamh amach an mbaineann an chúis leis an easpa comhréireachta le timpeallacht dhigiteach an tomhaltóra atá ag baint úsáid as na modhanna atá ar fáil go teicniúil sa chaoi is lú comórtas don tomhaltóir. Is minic gur féidir é sin a dhéanamh mar shampla trí thuarascálacha ar theagmhais a ghintear go huathoibríoch, nó trí shonraí maidir le nasc idirlín an tomhaltóra, a chur ar fáil don trádálaí. In imthosca eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo amháin nuair nach bhfuil bealach ar bith eile ar fáil, in ainneoin go bhfuil an úsáid is fearr á baint as gach modh eile, d’fhéadfadh sé go mbeadh ar thomhaltóirí rochtain fhíorúil ar a dtimpeallacht dhigiteach a cheadú. Mar sin féin, i gcás nach gcomhoibreoidh an tomhaltóir leis an trádálaí agus inar cuireadh an tomhaltóir ar an eolas faoin iarmhairt sin maidir le neamh-chomhoibriú, ba cheart gur faoin tomhaltóir a bheidh sé a chruthú, ní hamháin nach raibh an t-ábhar digiteach ná an tseirbhís dhigiteach i gcomhréir, ach nach raibh an t-ábhar digiteach ná an tseirbhís dhigiteach i gcomhréir tráth ar soláthraíodh an tábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach i gcás ina bhforáiltear sa chonradh le haghaidh gníomh soláthair amháin nó sraith gníomhartha soláthair aonair nó, i gcás ina ndéantar foráil sa chonradh do sholáthar leanúnach thar thréimhse ama, do thréimhse an chonartha.

(61)

I gcás inar mhainnigh an tradálaí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a sholáthar, ba cheart don tomhaltóir iarraidh ar an trádálaí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a sholáthar. Sna cásanna sin, ba cheart don trádálaí gníomhú gan moill mhíchuí nó laistigh de thréimhse bhreise ama mar a chomhaontaigh na páirtithe go sainráite. Toisc go soláthraítear ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach i bhfoirm dhigiteach, ní cheart go gceanglaítear leis an soláthar, i bhformhór na gcásanna, aon am breise chun an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a chur ar fáil don tomhaltóir. Dá bhrí sin, i gcásanna den sórt sin, ba cheart go mbeadh gá ann lena sholáthar nó lena soláthar láithreach mar gheall ar an oibleagáid atá ar an trádálaí ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach a sholáthar gan moill mhíchuí. Má mhainníonn an trádálaí ansin an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a sholáthar, ba cheart don tomhaltóir a bheith i dteideal an conradh a fhoirceannadh. In imthosca sonracha, mar shampla i gcás inar léir nach soláthróidh an trádálaí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach nó go bhfuil am sonrach don soláthar riachtanach don tomhaltóir, ba cheart go mbeadh an tomhaltóir i dteideal an conradh a fhoirceannadh gan iarraidh ar an trádálaí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a sholáthar ar dtús.

(62)

I gcás easpa comhréireachta, ba cheart do na tomhaltóirí a bheith i dteideal an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a thabhairt chun comhréireachta, laghdú comhréireach ar phraghas a fháil, nó an conradh a fhoirceannadh.

(63)

Ag brath ar shaintréithe teicniúla an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití, ba cheart go mbeadh an trádálaí in ann modh sonrach a roghnú chun an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a thabhairt chun comhréireachta, mar shampla trí nuashonraithe a eisiúint nó trí chóip nua den ábhar digiteach nó den tseirbhís dhigiteach a chur ar fáil don tomhaltóir.

(64)

I bhfianaise éagsúlacht na n-ábhar digiteach agus na seirbhísí digiteacha, ní hiomchuí sprioc-amanna socraithe a leagan síos chun cearta a fheidhmiú ná chun oibleagáidí a bhaineann leis an ábhar digiteach sin nó leis na seirbhísí digiteacha a chomhlíonadh. Ní léireodh na spriocdhátaí sin an éagsúlacht sin agus d’fhéadfadh siad a bheith róghearr nó rófhada, ag brath ar an gcás. Dá bhrí sin, tá sé níos iomchuí a cheangal go dtabharfar ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha chun comhréireachta laistigh de thréimhse réasúnach ama. Níor cheart go gcuirfeadh an ceanglas sin cosc ar na páirtithe teacht ar chomhaontú maidir le tréimhse shonrach chun an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a thabhairt chun comhréireachta. Ba cheart an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a thabhairt chun comhréireachta saor in aisce. Go háirithe, níor cheart don tomhaltóir aon chostais a thabhú a bhaineann le forbairt a dhéanamh ar nuashonrú le haghaidh an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití.

(65)

I gcás nach féidir ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach a thabhairt chun comhréireachta ó thaobh dlí nó ó thaobh fíricí de nó i gcás ina ndiúltóidh an trádálaí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a thabhairt chun comhréireachta toisc go bhforchuirfí má dhéantar amhlaidh costais dhíréireacha ar an trádálaí, nó i gcás inar mhainnigh an trádálaí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a thabhairt chun comhréireachta laistigh de thréimhse ama réasúnach, saor in aisce agus gan aon mhíchaoithiúlacht shuntasach don tomhaltóir dá thoradh sin, ba cheart don tomhaltóir a bheith i dteideal laghdú ar an bpraghas a fháil nó an conradh a fhoirceannadh. I gcásanna áirithe, tá údar maith ann gur cheart an tomhaltóir a bheith i dteideal praghas laghdaithe a bheith acu nó an conradh a fhoirceannadh láithreach, mar shampla i gcás inar mhainnigh an trádálaí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a thabhairt chun comhréireachta go rathúil roimhe sin nó i gcás nach bhféadfaí a bheith ag súil leis go leanfadh an tomhaltóir de mhuinín a bheith aige as cumas an trádálaí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a thabhairt chun comhréireachta mar gheall ar a thromchúisí atá an easpa comhréireachta. Mar shampla, ba cheart an tomhaltóir a bheith i dteideal a iarraidh go díreach an praghas a laghdú nó an conradh a fhoirceannadh i gcás ina soláthraítear bogearraí frithvíreas don tomhaltóir atá ionfhabhtaithe le víris agus a bheadh ina shampla d’easpa comhréireachta de chineál tromchúiseach. Ba cheart go ndéanfaí amhlaidh i gcás ina mbeidh sé soiléir nach ndéanfaidh an trádálaí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a thabhairt chun comhréireachta laistigh de thréimhse réasúnta ama nó gan cur isteach go suntasach ar an tomhaltóir.

(66)

I gcás ina mbeidh an tomhaltóir i dteideal laghdú a fháil ar an bpraghas a íocfar as an ábhar digiteach nó as an tseirbhís dhigiteach a sholáthraítear thar thréimhse ama, ba cheart laghdú luacha an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití atá dlite ar easpa comhréireachta a chur san áireamh, agus an laghdú ar an bpraghas á ríomh, mar gheall ar an easpa comhréireachta agus mar gheall ar an am ar lena linn nach raibh an tomhaltóir in ann leas a bhaint as an ábhar digiteach le haghaidh na seirbhíse digití i gcomhréireacht.

(67)

I gcás ina soláthrófar an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach mar mhalairt ar phraghas a íoc, níor cheart go mbeadh an tomhaltóir i dteideal an conradh a fhoirceannadh ach amháin mura bhfuil mioneaspa comhréireachta i gceist. Mar sin féin, i gcás nach soláthrófar an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigitigh mar mhalairt ar phraghas a íoc ach gur ar bhonn na sonraí pearsanta arna soláthar ag an tomhaltóir, ba cheart go mbeadh an tomhaltóir i dteideal an conradh a fhoirceannadh freisin i gcásanna ina bhfuil mioneaspa comhréireachta i gceist, ós rud é nach bhfuil an leigheas ar laghdú sa phraghas ar fáil don tomhaltóir. I gcásanna ina ndéanfaidh an tomhaltóir praghas a íoc agus sonraí pearsanta a sholáthar, ba cheart an tomhaltóir a bheith i dteideal na leigheasanna go léir atá ar fáil i gcás easpa comhréireachta. Go háirithe, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha eile go léir, ba cheart go mbeadh an tomhaltóir i dteideal go gcuirfí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach i gcomhréir, laghdú praghais a fháil i ndáil leis an airgead a íocadh as an ábhar digiteach nó as an tseirbhís dhigiteach, nó go ndéanfaí an conradh a fhoirceannadh.

(68)

I gcás ina ndéanfaidh an tomhaltóir an conradh a fhoirceannadh, ba cheart don trádálaí an praghas a d’íoc an tomhaltóir a chúiteamh. Mar sin féin, is gá cothromaíocht a bhaint amach idir leasanna dlisteanacha na dtomhaltóirí agus na dtrádálaithe i gcás ina soláthraítear an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach thar thréimhse ama agus nach bhfuil an t-ábhar digiteach nó na seirbhísí digiteacha á gcomhlíonadh ach ar feadh cuid den tréimhse sin. Dá bhrí sin, ar fhoirceannadh a dhéanamh dóibh, níor cheart an tomhaltóir a teideal a bheith aige ach chuig an gcuid den phraghas a íocadh agus a chomhfhreagraíonn don tréimhse ar lena linn nach raibh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach i gcomhréir, agus atá comhréireach don tréimhse sin. Ba cheart go mbeadh an tomhaltóir i dteideal aon chuid den phraghas a íocadh roimh ré maidir le haon tréimhse a bheadh fágtha tar éis fhoirceannadh an chonartha.

(69)

I gcás ina gcuirfidh tomhaltóir sonraí pearsanta ar fáil don trádálaí, ba cheart don trádálaí na hoibleagáidí faoi Rialachán (AE) 2016/679 a chomhlíonadh. Ba cheart na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh freisin i gcásanna ina n-íocfaidh an tomhaltóir praghas agus ina soláthróidh sé sonraí pearsanta. Nuair a dhéantar an conradh a fhoirceannadh, ba cheart don trádálaí staonadh ó aon ábhar, seachas sonraí pearsanta, a rinne an tomhaltóir a sholáthar nó a chruthú agus úsáid á baint as an ábhar digiteach nó as an tseirbhís dhigiteach arna soláthar ag an trádálaí. D’fhéadfadh íomhánna digiteacha, físeáin agus closchomhaid agus ábhar a cruthaíodh ar ghléasanna móibíleacha a bheith san áireamh leis an ábhar sin. Mar sin féin, ba cheart don trádálaí a bheith i dteideal leanúint leis an ábhar arna sholáthar nó arna chruthú ag an tomhaltóir a úsáid sna cásanna nach bhfuil fóntas ar bith ag an ábhar sin lasmuigh de chomhthéacs na n-ábhar digiteach nó na seirbhíse digití arna soláthar ag an trádálaí, go mbaineann an t-ábhar sin le gníomhaíocht an tomhaltóra, go ndearnadh é a chomhiomlánú le sonraí eile an trádálaí agus nach féidir é a dhí-chomhiomlánú nó nach féidir é a dhí-chomhiomlánú ach le hiarrachtaí díréireacha amháin, nó go ndearna an tomhaltóir agus daoine eile é a ghiniúint i gcomhpháirt, agus go mbeidh tomhaltóirí eile in ann leanúint d’úsáid a bhaint as.

(70)

D’fhéadfaí an tomhaltóir a dhíspreagadh ó leigheasanna a fheidhmiú ar easpa comhréireachta na n-ábhar digiteach nó na seirbhísí digiteacha más rud é nach bhfuil an tomhaltóir in ann rochtain a fháil ar ábhar seachas sonraí pearsanta, ar sonraí iad a rinne an tomhaltóir a sholáthar nó a chruthú trí úsáid a bhaint as an ábhar digiteach nó as an tseirbhís dhigiteach. Chun a áirithiú go dtairbhíonn an tomhaltóir de chosaint éifeachtach i ndáil leis an gceart chun conradh a fhoirceannadh, ba cheart don trádálaí, dá bhrí sin, ar iarraidh ón tomhaltóir, an t-ábhar sin a chur ar fáil don tomhaltóir tar éis fhoirceannadh an chonartha.

(71)

Ba cheart don tomhaltóir a bheith i dteideal an t-ábhar a aisghabháil laistigh de thréimhse réasúnach ama, gan bhac ón trádálaí, i bhformáid meaisín-inléite a úsáidtear go minic agus saor in aisce, cé is moite de chostais arna nginiúint ag timpeallacht dhigiteach an tomhaltóra féin, mar shampla costais cheangail líonra toisc nach bhfuil na costais sin nasctha go sonrach le haisghabháil an ábhair. Mar sin féin, níor cheart go mbeadh feidhm ag oibleagáid an trádálaí maidir leis an ábhar sin a chur ar fáil i gcás nach mbeidh feidhm ag an ábhar ach amháin i gcomhthéacs úsáid an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití, nó i gcás nach bhfuil baint aige le gníomhaíocht an tomhaltóra ach amháin nuair a bhíonn ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach á úsáid aige, nó i gcás ina ndearnadh an trádálaí é a chomhiomlánú le sonraí eile, agus nach féidir an t-ábhar sin a dhíchomhiomlánú nó nach féidir é a dhí-chomhiomlánú ach le hiarrachtaí díréireacha amháin. Sna cásanna sin níl úsáid shuntasach phraiticiúil ná leas don tomhaltóir ag baint leis an ábhar, agus leasanna an trádálaí á gcur san áireamh freisin ag an am céanna. Thairis sin, maidir le hoibleagáid an trádálaí a chur ar fáil don tomhaltóir, ar fhoirceannadh an chonartha, aon ábhar nach sonraí pearsanta é agus atá soláthraithe nó cruthaithe ag an tomhaltóir, ba cheart í a bheith gan dochar do cheart an trádálaí gan ábhar áirithe a nochtadh i gcomhréir leis an dlí is infheidhme.

(72)

I gcás ina bhfoirceannfar an conradh, níor cheart ceangal a bheith ar an tomhaltóir íoc as an ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a úsáid in aghaidh aon tréimhsí ar lena linn nach raibh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach i gcomhréir, ar an ábhar go ndéanfadh sé sin cosaint éifeachtach a bhaint den tomhaltóir. Mar sin féin, ba cheart don tomhaltóir staonadh ó ábhar digiteach nó ón tseirbhís dhigiteach a úsáid agus a chur ar fáil do thríú páirtithe, mar shampla, tríd an ábhar digiteach nó aon chóip inúsáidte a scriosadh nó an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a dhéanamh neamh-inrochtana ar shlí eile.

(73)

Is gné riachtanach de chonarthaí é an prionsabal a bhaineann le dliteanas an trádálaí i leith damáistí chun ábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha a sholáthar. Dá bhrí sin, ba cheart don tomhaltóir a bheith i dteidealcúiteamh a éileamh as díobháil a rinneadh de thoradh easpa comhréireachta nó mainneachtain an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a sholáthar. Leis an gcúiteamh, ba cheart go mbeadh imthosca an tomhaltóra mar an gcéanna, a oiread agus is féidir, amhail is dá mbeadh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach soláthraithe go cuí i dtosach báire agus i gcomhréir. Ós rud é gur ann don cheart sin i leith damáistí i ngach Ballstát cheana, ba cheart an Treoir seo a bheith gan dochar do rialacha náisiúnta maidir le cúiteamh tomhaltóirí as díobháil a rinneadh de thoradh sárú ar na rialacha sin.

(74)

Leis an Treoir seo, ba cheart aghaidh a thabhairt ar mhodhnuithe, amhail nuashonruithe agus uasghráduithe, arna ndéanamh ag trádálaithe ar an ábhar digiteach nó ar an tseirbhís dhigiteach a sholáthraítear nó lena dtugtar rochtain don tomhaltóir thar thréimhse ama. I bhfianaise gné shíorathraitheach na n-ábhar digiteach agus na seirbhísí digiteacha, d’fhéadfadh go mbeadh gá le nuashonruithe, uasghráduithe nó modhnuithe dá samhail, nó d’fhéadfadh sé a bheith ina bhuntáiste don tomhaltóir. Maidir le roinnt modhnuithe, mar shampla iad atá liostaithe mar mhodhnuithe sa chonradh, féadfaidh siad a bheith mar chuid den ghealltanas conarthach. Féadfaidh modhnuithe eile a bheith ag teastáil chun na ceanglais oibiachtúla a chomhlíonadh maidir le comhréireacht na n-ábhar digiteach nó na seirbhíse digití mar a leagtar amach sa Treoir seo. Maidir le modhnuithe eile, áfach, a d’imeodh ó na ceanglais oibiachtúla maidir le comhréireacht agus a bhféadfaí a bheith ag súil leo tráth a dtabharfar an conradh i gcrích, bheadh comhaontú sainráite an tomhaltóra de dhíth agus an conradh á thabhairt i gcrích acu.

(75)

De bhreis ar na modhnuithe arb é is aidhm dóibh comhréireacht a choinneáil ar bun, ba cheart cead a bheith ag an trádálaí, faoi choinníollacha áirithe, gnéithe den ábhar digiteach nó de na seirbhísí digiteacha a mhodhnú ar choinníoll go bhfuil cúis bhailí leis an modhnú sin tugtha sa chonradh. Is éard a d’fhéadfadh a bheith i gceist leis na cúiseanna bailí sin cásanna ina bhfuil gá leis an modhnú chun an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a chur in oiriúint do thimpeallacht theicniúil nua nó do líon méadaithe úsáideoirí nó ar chúiseanna tábhachtacha oibríochtúla eile. Is minic a théann na modhnuithe sin chun tairbhe an tomhaltóra toisc go gcuireann siad feabhas ar an ábhar digiteach nó ar an tseirbhís dhigiteach. Dá réir sin, ba cheart go mbeadh páirtithe sa chonradh in ann clásail a chur sa chonradh lena gceadófaí don trádálaí modhnuithe a ghabháil de láimh. Chun cothromaíocht a bhaint amach idir leasanna tomhaltóirí agus gnó, ba cheart go mbeadh an deis ag an trádálaí an conradh a fhoirceannadh mar aon le ceart don tomhaltóir an conradh a fhoirceannadh i gcás go mbeidh tionchar diúltach nach beag ag na modhnuithe sin ar úsáid an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití. A mhéid a bheidh tionchar diúltach ag na modhnuithe sin ar úsáid an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití ag an tomhaltóir, ba cheart é sin a fhionnadh go hoibiachtúil ag féachaint do chineál agus cuspóir an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití agus do cháilíocht, feidhmiúlacht, comhoiriúnacht agus gnéithe tábhachtacha eile ar gnáthghnéithe d’ábhar digiteach nó de sheirbhís dhigiteach den chineál céanna iad. Mar sin féin, maidir leis na rialacha dá bhforáiltear sa Treoir seo a bhaineann le nuashonruithe, uasghráduithe nó modhnuithe comhchosúla, níor cheart go mbeadh baint acu le cásanna ina ndéanfaidh na páirtithe conradh nua a thabhairt i gcrích chun an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a sholáthar, mar shampla de dhroim leagan nua den ábhar digiteach nó den tseirbhís dhigiteach a dháileadh.

(76)

Ba cheart go gcuirfí an tomhaltóir ar an eolas faoi mhodhnuithe ar bhealach soiléir sothuigthe. I gcás ina mbeidh tionchar diúltach ag modhnú ar bhealach nach beag ar rochtain ar an ábhar digiteach nó ar an tseirbhís dhigiteach nó ar úsáid an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití ag an tomhaltóir, ba cheart go gcuirfí an tomhaltóir ar an eolas ar bhealach lena mbeifear in ann an fhaisnéis sin a stóráil ar mhodh buanfasach. Ba cheart don tomhaltóir, ar mheán buanfasach, an fhaisnéis a stóráil a fhad is gá chun leasanna an tomhaltóra a eascraíonn as caidreamh an tomhaltóra leis an trádálaí a chosaint. Ba cheart go n-áireofaí sna meáin sin, go háirithe, páipéar, DVDanna, CDanna, méaróga cuimhne agus cártaí cuimhne nó dioscaí crua, chomh maith le ríomhphoist.

(77)

I gcás ina mbeidh tionchar diúltach ar bhealach nach beag ag modhnú ar rochtain nó ar úsáid ábhair dhigitigh nó seirbhísí digiteacha ag an tomhaltóir, ba cheart an ceart a bheith ag an tomhaltóir mar thoradh ar an modhnú sin an ceart deireadh a chur leis an gconradh saor in aisce. Mar mhalairt air sin, féadfaidh an trádálaí cinneadh a dhéanamh ar chumas an tomhaltóra rochtain a choinneáil ar an ábhar digiteach nó ar an tseirbhís dhigiteach gan aon chostas breise gan an modhnú agus i gcomhréir, agus sa chás sin níor cheart don tomhaltóir a bheith i dteideal an conradh a fhoirceannadh. Mar sin féin, maidir leis an ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach ar chumasaigh an trádálaí don tomhaltóir a choinneáil, mura bhfuil an t-ábhar nó an tseirbhís sin i gcomhréir a thuilleadh leis na ceanglais shuibiachtúla agus oibiachtúla chomhréireachta, ba cheart go mbeadh an tomhaltóir in ann brath ar na leigheasanna ar easpa comhréireachta dá bhforáiltear faoin Treoir seo. I gcás nach gcomhlíonfar na ceanglais maidir leis an modhnú sin, mar a leagtar síos sa Treoir seo, agus go bhfuil easpa comhréireachta ann i ngeall ar an modhnú, maidir leis na cearta atá ag an tomhaltóir an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a thabhairt chun comhréireachta, laghdú praghais a fháil nó an conradh a fhoirceannadh, de réir mar a fhoráiltear faoin Treoir seo, ba cheart nach mbeadh éifeacht ar na cearta sin i gcónaí. Ar an gcaoi chéanna, más rud é, tar éis modhnú a dhéanamh, go dtarlaíonn easpa comhréireachta i ndáil leis an ábhar digiteach nó leis an tseirbhís dhigiteach ach nach é an modhnú a údar, ba cheart don tomhaltóir leanúint de bheith i dteideal dul i muinín leigheasanna dá bhforáiltear faoin Treoir seo le haghaidh easpa comhréireachta i ndáil leis an ábhar digiteach nó leis an tseirbhís dhigiteach seo.

(78)

Is minic is ann d’easpa comhréireachta an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití a sholáthraítear don tomhaltóir mar gheall ar cheann de na hidirbhearta atá i slabhra, ón dearthóir bunaidh go dtí an tradálaí deiridh. Cé gur cheart an trádálaí deiridh a bheith faoi dhliteanas i leith an tomhaltóra i gcás easpa comhréireachta, tá sé tábhachtach a áirithiú go bhfuil cearta iomchuí ag an trádálaí i leith baill éagsúla den slabhra idirbheart chun go mbeidís in ann an dliteanas i leith an tomhaltóra a chumhdach. Ba cheart na cearta sin a bheith teoranta d’idirbhearta tráchtála; níor cheart, dá bhrí sin, go gcumhdófaí leis an méid sin cásanna ina mbeidh an trádálaí faoi dhliteanas i leith an tomhaltóra as easpa comhréireachta an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití atá comhdhéanta de bhogearraí a soláthraíodh nó a tógadh ar bhogearraí faoi cheadúnas saor agus foinse oscailte ag duine i naisc de shlabhra na n-idirbheart roimhe sin. Ba cheart, áfach, go mbeadh sé ar an dlí náisiúnta is infheidhme baill de na slabhraí idirbheart ar féidir leis an trádálaí deiridh dul ina gcoinne, agus módúlachtaí agus coinníollacha na ngníomhaíochtaí sin, a shainaithint.

(79)

Daoine nó eagraíochtaí a measfar faoin dlí náisiúnta go bhfuil leas dlisteanach acu maidir le cearta conarthacha tomhaltóirí agus cosaint sonraí a chosaint, ba cheart an ceart a thabhairt dóibh imeachtaí a thionscnamh, chun a áirithiú go gcuirfear na forálacha náisiúnta lena dtrasuítear an Treoir seo i bhfeidhm, os comhair cúirte nó os comhair údarás riaracháin atá inniúil ar chinneadh a dhéanamh i dtaobh gearán nó inniúil ar imeachtaí dlíthiúla iomchuí a thionscnamh.

(80)

Níor cheart go ndéanfadh aon ní sa Treoir seo dochar do chur i bhfeidhm rialacha an dlí idirnáisiúnta phríobháidigh, go háirithe Rialacháin (CE) Uimh. 593/2008 (14) agus (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15).

(81)

Ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16) a leasú chun tagairt don Treoir seo ionas go n-éascófar an comhar trasteorann maidir le forfheidhmiú na Treorach seo.

(82)

Ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2009/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17) a leasú chun tagairt don Treoir seo ionas go n-áiritheofar go ndéanfar na comhleasanna tomhaltóirí a leagtar amach sa Treoir seo a chosaint.

(83)

Ba cheart go mbeadh tomhaltóirí in ann tairbhe a bhaint as a gcearta faoin dTreoir seo a luaithe a thiocfaidh na bearta náisiúnta trasuímh comhfhreagracha i bhfeidhm. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag na bearta náisiúnta trasuímh maidir le conarthaí éiginnte nó faid shocraithe a tugadh chun críche roimh an dáta cur i bhfeidhm agus foráil a dhéanamh maidir le hábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha a sholáthar thar thréimhse ama, ar bhonn leanúnach nó trí shraith de ghníomhaíochtaí soláthair aonair, ach níor cheart déanamh amhlaidh ach amháin maidir l hábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach a sholáthrófar ó dháta chur i bhfeidhm na mbeart náisiúnta trasuímh. Chun cothromaíocht a áirithiú idir leasanna dlisteanacha na dtomhaltóirí agus na dtrádálaithe, áfach, níor cheart feidhm a bheith ag na bearta náisiúnta lena dtrasuítear forálacha na Treorach seo maidir le modhnú a dhéanamh ar an ábhar digiteach nó ar an tseirbhís dhigiteach nó an ceart chun sásamh a fháil, ach amháin maidir le conarthaí a thabharfar i gcrích tar éis an dáta cur i bhfeidhm de bhun na Treorach seo.

(84)

I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin (18), ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an gaol idir codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na n-ionstraimí náisiúnta trasuite. I ndáil leis an Treoir seo measann an reachtóir go bhfuil údar cuí le doiciméid den sórt sin a tharchur.

(85)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19) agus thug sé uaidh tuairim an 14 Márta 2017 (20).

(86)

Ós rud é, maidir le cuspóirí na Treorach seo, eadhon rannchuidiú le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh trí dhul i ngleic ar bhealach comhsheasmhach le bacainní a bhaineann le dlí na gconarthaí maidir le soláthar ábhair dhigitigh nó seirbhíse digití agus, ag an am céanna, cosc a chur ar ilroinnt dlí, nach féidir leis na Ballstáit iad a ghnóthú go leordhóthanach ach, de bharr cúiseanna maidir le comhleanúnachas foriomlán na ndlíthe náisiúnta a áirithiú lena n-éascófaí freisin gníomhaíochtaí comhordaithe forfheidhmithe, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(87)

Leis an Treoir seo, urramaítear cearta agus saoirsí bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear, go háirithe, i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear iad sin a chumhdaítear in Airteagail 16, 38 agus 47 di,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus cuspóir

Is é is cuspóir don Treoir seo rannchuidiú le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh ach, ag an am céanna, foráil a dhéanamh maidir le hardleibhéal cosanta do thomhaltóirí trí rialacha comhchoiteanna a leagan síos i ndáil le ceanglais áirithe a bhaineann le conarthaí idir trádálaithe agus tomhaltóirí le haghaidh ábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha a sholáthar, go háirithe rialacha maidir leis na nithe seo a leanas:

comhréireacht ábhair dhigitigh nó seirbhíse digití leis an gconradh,

leigheasanna i gcás easpa comhréireachta den sórt sin nó mainneachtain ábhar nó seirbhís a sholáthar agus na modúlachtaí chun na leigheasanna sin a fheidhmiú, agus maidir leis na nithe seo a leanas, agus

modhnú ábhair dhigitigh nó seirbhíse digití.

Airteagal 2,

Sainmhínithe

Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “ábhar digiteach” sonraí a tháirgtear agus a sholáthraítear i bhfoirm dhigiteach;

(2)

ciallaíonn “seirbhís dhigiteach”:

(a)

seirbhís lenar féidir leis an tomhaltóir sonraí a chruthú, a phróiseáil, a stóráil nó a rochtain i bhfoirm dhigiteach; nó

(b)

seirbhís lenar féidir sonraí a chomhroinnt nó aon idirghníomhaíocht eile a dhéanamh le sonraí i bhfoirm dhigiteach arna n-uaslódáil nó arna gcruthú ag an tomhaltóir nó ag úsáideoirí eile na seirbhíse sin;

(3)

ciallaíonn “earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha” ítimí sochorraithe inláimhsithe lena n-ionchorpraítear ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach nó a bhíonn idirnasctha leis nó léi sa chaoi agus go gcuirfeadh easpa an ábhair dhigitigh sin nó na seirbhíse digití sin cosc ar chomhlíonadh a bhfeidhmeanna ag na hearraí;

(4)

ciallaíonn “comhtháthú” ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach mar aon leis na comhpháirteanna de thimpeallacht dhigiteach an tomhaltóra a nascadh agus a ionchorprú ionas go bhféadfar an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a úsáid i gcomhréir leis na ceanglais maidir le comhréireacht dá bhforáiltear leis an Treoir seo;

(5)

ciallaíonn “trádálaí” aon duine nádúrtha nó dlítheanach, gan beann ar é a bheith faoi úinéireacht phríobháideach nó phoiblí, atá ag gníomhú, lena n-áirítear trí aon duine eile atá ag gníomhú faoi ainm an duine nádúrtha nó an duine dlítheanaigh sin nó thar a cheann, chun críocha a bhfuil baint acu lena thrádáil, lena ghnó, lena cheird nó lena ghairm, i ndáil le conarthaí a chumhdaítear leis an Treoir seo;

(6)

ciallaíonn “tomhaltóir” aon duine nádúrtha atá ag gníomhú i ndáil le conarthaí a chumhdaítear faoin Rialachán seo, chun críocha atá lasmuigh de cheird, de ghnó, d’ealaín nó de ghairm an duine sin;

(7)

ciallaíonn “praghas” airgead nó léiriú digiteach ar luach atá dlite mar mhalairt ar sholáthar ábhair dhigitigh nó seirbhíse digití;

(8)

ciallaíonn “sonraí pearsanta” sonraí pearsanta mar a shainítear i bpointe (1) d’Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2016/679;

(9)

ciallaíonn “timpeallacht dhigiteach” crua-earraí, bogearraí agus aon nasc líonra arna úsáid ag an tomhaltóir chun rochtain a fháil ar ábhar digiteach nó ar sheirbhís dhigiteach nó chun úsáid a bhaint astu;

(10)

ciallaíonn “comhoiriúnacht” cumas an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití feidhmiú le crua-earraí nó bogearraí lena ndéantar ábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha den chineál céanna a úsáid de ghnáth, gan an gá a bheith leis an ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a thiontú;

(11)

ciallaíonn “feidhmiúlacht” cumas an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhlíonadh ag féachaint dá aidhm nó dá aidhm;

(12)

ciallaíonn “idir-inoibritheacht” cumas an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití feidhmiú le crua-earraí nó bogearraí atá difriúil ó na cinn sin a úsáidtear de ghnáth le hábhar digiteach nó le seirbhísí digiteacha den chineál céanna;

(13)

ciallaíonn “meán marthanach” aon ionstraim lenar féidir leis an tomhaltóir nó leis an trádálaí faisnéis a díríodh chuig an duine sin é féin nó í a stóráil ar bhealach atá inrochtana lena húsáid amach anseo go ceann tréimhse a bheidh leordhóthanach chun críocha na faisnéise sin agus sa dóigh gur féidir an fhaisnéis a bheidh stóráilte a atáirgeadh gan í a athrú.

Airteagal 3

Raon feidhme

1.   Beidh feidhm ag an Treoir seo maidir le haon chonradh ar faoina bhun a sholáthróidh an trádálaí seirbhís dhigiteach don tomhaltóir, nó a gheallann sé nó sí ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach a sholáthar dó nó di, agus a íocfaidh an tomhaltóir an praghas, nó a gheallfaidh sé nó sí an praghas a íoc.

Beidh feidhm ag an Treoir seo freisin i gcás ina soláthróidh an trádálaí ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach don tomhaltóir nó ina ngeallfaidh sé nó sí ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach a sholáthar don tomhaltóir, agus ina soláthróidh an tomhaltóir sonraí pearsanta don trádálaí nó a gheallfaidh sé nó sí sonraí pearsanta a sholáthar don trádálaí, ach amháin i gcás ina ndéanfaidh an trádálaí na sonraí pearsanta a sholáthróidh an tomhaltóir a phróiseáil go heisiach chun críche an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a sholáthar i gcomhréir leis an Treoir seo nó chun críche cead a thabhairt don tradálaí ceanglais dlí a bhfuil sé nó sí faoina réir a chomhlíonadh, agus nach mbeidh na sonraí sin ag an trádálaí sin á bpróiseáil chun aon chríche eile.

2.   Beidh feidhm ag an Treoir seo freisin i gcás ina ndéanfar an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a fhorbairt i gcomhréir le sonraíochtaí an tomhaltóra.

3.   Cé is moite d’Airteagal 5 agus d’Airteagal 13, beidh feidhm ag an Treoir seo freisin maidir le haon mheán inláimhsithe a fheidhmeoidh go heisiach mar iompróir ábhair dhigitigh.

4.   Ní bheidh feidhm ag an Treoir seo maidir le hábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha a ionchorprófar i n-earraí nó a dhéanfar a idirnascadh le hearraí de réir bhrí phointe (3) d’Airteagal 2 agus a ndéanfar na hearraí sin a sholáthar dóibh faoi chonradh díolacháin maidir leis na hearraí sin, gan beann ar an soláthróidh an díoltóir nó tríú páirtí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach sin. I gcás ina mbeifear in amhras an ionann soláthar ábhair dhigitigh ionchorpraithe nó idirnasctha nó seirbhíse digití ionchorpraithe nó idirnasctha agus an chuid den chonradh díolacháin, measfar an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a bheith clúdaithe faoin gconradh díolacháin.

5.   Ní bheidh feidhm ag an Treoir seo maidir le conarthaí a bhaineann leis na nithe seo a leanas:

(a)

soláthar seirbhísí seachas seirbhísí digiteacha, gan beann ar an mbaineann an trádálaí úsáid as foirmeacha nó modhanna digiteacha chun aschur na seirbhíse a tháirgeadh nó chun é a sheachadadh nó a tharchur chuig an tomhaltóir;

(b)

seirbhísí cumarsáide leictreonacha mar a shainítear i bpointe (4) d’Airteagal 2 de Threoir 2018/1972, cé is moite de sheirbhísí cumarsáide idirphearsanta atá neamhspleách ar uimhir mar a shainítear i bpointe (7) d’Airteagal 2 den Treoir sin;

(c)

cúram sláinte mar a shainítear i bpointe (a) d’Airteagal 3 de Threoir 2011/24/AE;

(d)

seirbhísí cearrbhachais, eadhon, seirbhisí lena mbaineann geall ag a bhfuil luach airgid a chur i gcluichí áidh, lena n-áirítear iad sin a bhfuil gné scile acu, amhail crannchuir, cluichí casino, cluichí pócair agus idirbhearta gealltóireachta, trí mhodhanna leictreonacha nó trí úsáid a bhaint as aon teicneolaíocht eile le haghaidh cumarsáid a éascú agus ar iarraidh aonair ó fhaighteoir seirbhíse den sórt sin;

(e)

seirbhísí airgeadais mar a shainítear i bpointe (b) d’Airteagal 2 de Threoir 2002/65/CE;

(fa)

bogearraí a thairgfidh an trádálaí faoi cheadúnas saor agus foinse oscailte, i gcás nach n-íocfaidh an tomhaltóir praghas agus go ndéanfaidh an trádálaí na sonraí pearsanta a chuir an tomhaltóir ar fáil a phróiseáil go heisiach chun críche slándáil, comhoiriúnacht nó idir-inoibritheacht na mbogearraí sonracha a fheabhsú;

(g)

ábhar digiteach a sholáthar i gcás ina gcuirfear an t-ábhar digiteach ar fáil don phobal i gcoitinne seachas trí tharchur comharthaí mar chuid de léiriú nó d’imeacht, amhail teilgean digiteach cineamatagrafaíochta;

(h)

ábhar digiteach arna sholáthar i gcomhréir le Treoir 2003/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21) ag comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí sna Ballstáit.

6.   Gan dochar do mhír 4 den Airteagal seo, i gcás ina gcuachfar i gconradh aonair idir an trádálaí céanna agus an tomhaltóir céanna gnéithe maidir le soláthar ábhair dhigitigh nó seirbhíse digití agus gnéithe maidir le soláthar seirbhísí nó earraí eile, ní bheidh feidhm ag an Treoir seo ach maidir leis an gnéithe den chonradh a bhaineann leis an ábhar digiteach nó leis an tseirbhís dhigiteach.

Ní bheidh feidhm ag Airteagail 19 den Treoir seo i gcás ina bhfolóidh cuachadh, laistigh de bhrí Threoir (AE) 2018/1972, gnéithe de sheirbhís rochtana idirlín mar a shainítear i bpointe (2) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2015/2120 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22) nó seirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe mar a shainítear le pointe (6) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2018/1972.

Gan dochar d’Airteagal 107(2) de Threoir (AE) 2018/1972, beidh na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag gné amháin den chonradh cuachta a fhoirceannadh á rialú ag an dlí náisiúnta.

7.   Más ann d’aon fhoráil den Treoir seo atá i gcoimhlint le foráil de ghníomh eile de chuid an Aontais lena rialaítear earnáil nó ábhar sonrach, beidh tosaíocht ag foráil an ghnímh eile sin de chuid an Aontais ar an Treoir seo.

8.   Beidh feidhm ag dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta i ndáil le haon sonraí pearsanta a phróiseáiltear i dtaca le conarthaí dá dtagraítear i mír 1.

Go háirithe, beidh an Treoir seo gan dochar d’fhorálacha Rialachán (AE) 2016/679 agus Threoir 2002/58/CE. I gcás ina mbeidh coimhlint ann idir forálacha na Treorach seo agus dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta, is é an Rialachán maidir le cosaint sonraí pearsanta ag a mbeidh ceannas.

9.   Beidh an Treoir seo gan dochar do dhlíthe náisiúnta agus do dhlíthe an Aontais maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara, lena n-áirítear Treoir 2001/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23).

10.   Ní dhéanfaidh an Treoir seo difear do shaoirse na mBallstát gnéithe ginearálta de dhlí na gconarthaí a rialáil, amhail rialacha maidir le foirmiú, bailíocht, neamhniú nó éifeachtaí conarthaí, lena n-áirítear na hiarmhairtí a bhaineann le foirceannadh conartha sa mhéid is nach rialaítear iad leis an Treoir seo, ná don cheart chun damáistí.

Airteagal 4

Leibhéal an chomhchuibhithe

Ní choimeádfaidh na Ballstáit forálacha ina ndlí náisiúnta ná ní thabharfaidh siad forálacha isteach ina ndlí náisiúnta, ar forálacha iad nach bhfuil i gcomhréir leis na cinn a leagtar síos sa Treoir seo, lena n-áirítear forálacha a bheadh níos déine nó nach mbeadh chomh dian céanna chun leibhéal éagsúil cosanta a áirithiú, mura bhforáiltear dá mhalairt sa Treoir seo.

Airteagal 5

An t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a sholáthar

1.   Déanfaidh an trádálaí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a sholáthar don tomhaltóir. Mura mbeidh a mhalairt aontaithe ag na páirtithe, soláthróidh an trádálaí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach gan moill mhíchuí tar éis don chonradh a bheith tugtha i gcrích.

2.   Beidh an oibleagáid chun soláthair comhlíonta ag an trádálaí sna cásanna seo a leanas:

(a)

go gcuirfear an t-ábhar digiteach nó aon bhealach atá oiriúnach chun an t-ábhar digiteach a rochtain nó a íoslódáil ar fáil nó go dtabharfar rochtain air don tomhaltóir nó do shaoráid fhisiciúil nó fhíorúil arna roghnú ag an tomhaltóir chun na críche sin;

(b)

go gcuirfear an tseirbhís dhigiteach ar fáil don tomhaltóir nó do shaoráid fhisiciúil nó fhíorúil arna roghnú ag an tomhaltóir chun na críche sin.

Airteagal 6

Comhréireacht an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití

Déanfaidh an trádálaí ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach a sholáthar don tomhaltóir, ábhar nó seirbhís lena gcomhlíontar ceanglais Airteagail 7, 8 agus 9, i gcás inarb infheidhme, gan dochar d’Airteagal 10.

Airteagal 7

Ceanglais shuibiachtúla le haghaidh comhréireachta

Chun bheidh i gcomhréir leis an gconradh, maidir leis an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach, go háirithe, i gcás inarb infheidhme:

(a)

Beidh sé nó sí i gcomhréir leis an tuairisc, an chainníocht agus an cháilíocht, agus beidh an fheidhmiúlacht, an chomhoiriúnacht, an idir-inoibritheacht agus na gnéithe eile acu, mar a cheanglaítear leis an gconradh;

(b)

beidh sé nó sí oiriúnach d’aon fheidhm shonrach a theastaíonn ón tomhaltóir ina leith agus a chuir an tomhaltóir in iúl don trádálaí ar a dhéanaí tráth ar tugadh an conradh i gcrích agus a bhfuil glactha leis ag an trádálaí i ndáil leis sin;

(c)

soláthrófar é nó í mar aon leis na comhghabhálais uile, treoracha, lena n-áirítear maidir le suiteáil, agus cúnamh custaiméara de réir mar a cheanglaítear sa chonradh; agus

(d)

tabharfar cothrom le dáta é nó í mar a shonraítear sa chonradh.

Airteagal 8

Ceanglais oibiachtúla le haghaidh comhréireachta

1.   Sa bhreis ar a bheith i gcomhréireacht le haon cheanglas suibiachtúil comhréireachta, maidir leis an ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach:

(a)

beidh sé nó sí oiriúnach do na críocha is gnáth a mbainfí úsáid as ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach den chineál céanna ina leith, agus, i gcás inarb infheidhme, dlíthe de chuid an Aontais nó aon dlíthe náisiúnta, aon chaighdeáin theicniúla atá ann cheana, nó, in éagmais na gcaighdeán teicniúil sin, aon chóid iompair tionscail is infheidhme a bhaineann le hearnálacha sonracha á gcur san áireamh;

(b)

beidh an chainníocht agus na tréithe agus na gnéithe feidhmíochta aige nó aici, lena n-áirítear maidir le feidhmiúlacht, comhoiriúnacht, inrochtaineacht, leanúnachas agus slándáil, ar gnách iad in ábhar digiteach nó i seirbhísí digiteacha den chineál céanna agus a bhféadfadh an tomhaltóir a bheith ag súil leo le réasún, ag féachaint do chineál an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití agus aon ráitis phoiblí arna ndéanamh ag an trádálaí nó ag daoine eile thar ceann an trádálaí, nó ag daoine eile i naisc roimhe sin de shlabhra na n-idirbheart, go háirithe san fhógraíocht nó ar lipéadú, á gcur san áireamh ach amháin i gcás inar féidir leis an trádálaí a léiriú:

(i)

nach raibh an trádálaí ar an eolas faoin ráiteas i dtrácht ná nach bhféadfadh sé nó sí, le réasún, a bheith ar an eolas faoi;

(ii)

tráth tugtha chun críche an chonartha, go ndearnadh an ráiteas poiblí a cheartú ar an tslí chéanna nó ar shlí atá inchomparáide leis an tslí a ndearnadh é; nó

(iii)

nach bhféadfadh tionchar a bheith ag an ráiteas poiblí ar an gcinneadh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a fháil;

(c)

déanfar é nó í a sholáthar in éineacht le haon chomhghabhálais agus treoracha a bhféadfaidh an tomhaltóir a bheith ag súil le réasún lena bhfáil; agus

(d)

comhlíonfaidh sé nó sí aon leagan trialach den ábhar digiteach nó den tseirbhís dhigiteach nó aon réamhamharc air nó uirthi, a chuirfidh an trádálaí ar fáil roimh thabhairt i gcrích an chonartha.

2.   Déanfaidh an tradálaí a áirithiú go gcuirfear an tomhaltóir ar an eolas faoi nuashonruithe, lena n-áirítear nuashonruithe slándála, agus go ndéanfar iad a sholáthar dó nó di, ar nuashonruithe iad is gá chun an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a choinneáil i gcomhréireacht:

(a)

i gcaitheamh na tréimhse lena linn a mbeidh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach le soláthar faoin gconradh, i gcás ina ndéantar foráil sa chonradh maidir le soláthar leanúnach thar thréimhse ama; nó

(b)

le linn na tréimhse ama a bhféadfaidh an tomhaltóir a bheith ag súil léi le réasún, ag féachaint do shórt agus cuspóir an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití, agus imthosca agus cineál an chonartha á gcur san áireamh, i gcás ina ndéanfar foráil sa chonradh maidir le gníomh aonair soláthair nó sraith gníomhartha soláthair aonair.

3.   I gcás nach ndéanfaidh an tomhaltóir nuashonraithe a sholáthair an trádálaí i gcomhréir le mír 2 a shuiteáil laistigh de thréimhse réasúnta ama, ní bheidh an trádálaí faoi dhliteanas maidir le haon easpa comhréireachta a thiocfaidh as easpa an nuashonraithe ábhartha agus as é sin amháin, ar choinníoll:

(a)

gur chuir an trádálaí an tomhaltóir ar an eolas faoi infhaighteacht an nuashonraithe agus na n-iarmhairtí a bhainfeadh le mainneachtain ag an tomhaltóra é a shuiteáil; agus

(b)

nárbh ann do mhainneachtain suiteáil nó do shuiteáil mhícheart an nuashonraithe ag an tomhaltóir mar thoradh ar easnaimh sna treoracha suiteála a chuir an trádálaí ar fáil.

4.   I gcás ina bhforálfar sa chonradh do sholáthar leanúnach ábhair dhigitigh nó seirbhíse digití thar thréimhse ama, beidh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach i gcomhréireacht ar fud ré na tréimhse sin.

5.   Ní bheidh aon easpa comhréireachta ann de réir bhrí mhír 1 nó mhír 2 más rud é, tráth ar tugadh an conradh i gcrích, gur cuireadh an tomhaltóir ar an eolas go sonrach gur imigh tréith ar leith den ábhar digiteach nó den tseirbhís dhigiteach ó na ceanglais oibiachtúla chomhréireachta a leagtar sios i mír 1 nó 2 agus go raibh glactha go sainráite agus go leithleach leis an diallas sin ag an tomhaltóir agus an conradh á thabhairt i gcrích.

6.   Mura rud é go bhfuil a mhalairt comhaontaithe ag na páirtithe, déanfar ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach a sholáthar sa leagan is déanaí a bheidh ar fáil tráth a dtabharfar an conradh i gcrích.

Airteagal 9

An t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a chomhtháthú go mícheart

Measfar gur easpa comhréireachta an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití í aon easpa comhréireachta a eascróidh as an comhtháthú mícheart an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití i dtimpeallacht dhigiteach an tomhaltóra más rud é:

(a)

go ndearna an trádálaí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a chomhtháthú nó go ndearnadh é sin faoi fhreagracht an trádálaí; nó

(b)

go raibh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach ceaptha lena chomhtháthú nó lena comhtháthú ag an tomhaltóir agus go ndearnadh an comhtháthú go mícheart mar thoradh ar easnaimh sna treoracha comhtháthaithe á sholáthar ag an trádálaí.

Airteagal 10

Cearta tríú páirtí

Más rud é, mar gheall ar shrian a bheidh ann mar thoradh ar shárú ar aon cheart de chuid tríú páirtí, go háirithe cearta maoine intleachtúla, go gcuirfear cosc nó teorainn ar úsáid an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití i gcomhréir le hAirteagal 7 agus le hAirteagal 8, ní dhéanfaidh na Ballstáit a áirithiú go mbeidh an tomhaltóir i dteideal na leigheasanna le haghaidh easpa comhréireachta dá bhforáiltear in Airteagal 14, ach amháin má fhoráiltear leis an dlí náisiúnta do neamhniú nó cealú an chonartha maidir le soláthar an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití i gcásanna den sórt sin.

Airteagal 11

Dliteanas an trádálaí

1.   Beidh an trádálaí faoi dhliteanas i leith aon mhainneachtain an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 5.

2.   I gcás ina bhforálfar i gconradh do ghníomh amháin soláthair nó do shraith gníomhartha aonair soláthair, beidh an trádálaí faoi dhliteanas i leith aon easpa comhréireachta faoi Airteagail 7, 8 agus 9, atá ann tráth an tsoláthair, gan dochar do phointe (b) d’Airteagal 8(2).

Más rud é, faoin dlí náisiúnta, nach mbeidh an trádálaí faoi dhliteanas ach amháin i gcás gur léir aon easpa comhréireachta a bheith ann laistigh de thréimhse ama tar éis an tsoláthair, ní bheidh an tréimhse sin níos lú ná 2 bhliain tar éis an tsoláthair, gan dochar do phointe (b) d’Airteagal 8(2).

Más rud é, faoin ndlí náisiúnta, go mbeidh na cearta a leagtar síos in Airteagal 14 faoi réir tréimhse teorann freisin nó nach mbeidh siad ach faoi réir tréimhse teorann, áiritheoidh na Ballstáit go lamhálfar leis an tréimhse teorann sin don tomhaltóir na leigheasanna a leagtar síos in Airteagal 14 a fheidhmiú maidir le haon easpa comhréireachta a bheidh ann ag an am a luaitear sa chéad fhomhír agus go mbeidh sí soiléir laistigh den tréimhse ama a luaitear sa dara fomhír.

3.   I gcás ina ndéanfar foráil sa chonradh maidir le soláthar leanúnach thar thréimhse ama, beidh an trádálaí faoi dhliteanas le haghaidh easpa comhréireachta a bheith ann faoi Airteagail 7, 8, agus 9, a tharlóidh nó ar léir gurb ann di, laistigh den tréimhse ama a mbeidh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a bheidh le soláthar faoin gconradh lena linn.

Más rud é, faoin dlí náisiúnta, go mbeidh na cearta a leagtar síos in Airteagal 14 faoi réir tréimhse teorann freisin nó nach mbeidh siad ach faoi réir tréimhse teorann, áiritheoidh na Ballstáit go lamhálfar leis an tréimhse teorann sin don tomhaltóir na leigheasanna a leagtar síos in Airteagal 14 a fheidhmiú maidir le haon easpa comhréireachta a tharloidh nó a bheidh soiléir i rith na tréimhse ama dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

Airteagal 12

Dualgas cruthúnais

1.   Is ar an trádálaí a bheidh an dualgas cruthúnais i dtaobh an ndearnadh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 5.

2.   I gcásanna dá dtagraítear in Airteagal 11(2), is ar an trádálaí a bheidh an dualgas cruthúnais i leith an raibh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a soláthraíodh i gcomhréireacht tráth an tsoláthair maidir le heaspa comhréireachta ar léir í a bheith ann laistigh de thréimhse 1 bliana ón tráth ar soláthraíodh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach.

3.   I gcásanna dá dtagraítear in Airteagal 11(3), is ar an trádálaí a bheidh an dualgas cruthúnais i dtaobh an raibh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a soláthraíodh i gcomhréireacht le linn na tréimhse ina raibh an t_ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach le soláthar maidir le heaspa comhréireachta ar léir í a bheith ann le linn na tréimhse sin.

4.   Ní bheidh feidhm ag míreanna 2 agus 3 i gcás ina léireoidh an trádálaí nach bhfuil timpeallacht dhigiteach an tomhaltóra comhoiriúnach le ceanglais theicniúla an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití agus ina ndearna an trádálaí an tomhaltóir a chur ar an eolas ar bhealach soiléir agus sothuigthe faoi na ceanglais sin roimh thabhairt i gcrích an chonartha.

5.   Comhoibreoidh an tomhaltóir leis an tradálaí, a mhéid is féidir agus is gá, le réasún chun a fháil amach an amhlaidh gur ann d’easpa comhréireachta an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití ag an am a shonraítear in Airteagal 11(2) nó (3), de réir mar is infheidhme, mar gheall ar thimpeallacht dhigiteach an tomhaltóra. Beidh an oibleagáid maidir le comhoibriú teoranta do na modhanna teicniúla a bheidh ar fáil agus is lú a chuirfeadh isteach ar an tomhaltóir. I gcás ina mainneoidh an tomhaltóir comhoibriú, agus ina ndearna an trádálaí an tomhaltóir a chur ar an eolas ar bhealach soiléir agus sothuigthe faoi na ceanglais sin roimh thabhairt i gcrích an chonartha, is ar an tomhaltóir a bheidh an dualgas cruthúnais i dtaobh arbh ann d’easpa comhréireachta an tráth a sonraítear in Airteagal 11(2) nó (3), de réir mar is infheidhme.

Airteagal 13

Leigheas ar mhainneachtain soláthair

1.   I gcás inar mhainnigh an tradálaí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 5, déanfaidh an tomhaltóir a iarraidh ar an trádálaí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a sholáthar. Má mhainníonn an trádálaí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a sholáthar gan moill mhíchuí, nó laistigh de thréimhse bhreise ama arna comhaontú go sainráite ag na páirtithe, beidh an tomhaltóir i dteideal an conradh a fhoirceannadh.

2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 agus beidh an tomhaltóir i dteideal an conradh a fhoirceannadh láithreach sna cásanna seo a leanas:

(a)

go mbeidh sé dearbhaithe ag an trádálaí, nó go mbeidh sé chomh soiléir céanna ó na himthosca, nach ndéanfaidh an trádálaí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a sholáthar;

(b)

go mbeidh comhaontú déanta idir an tomhaltóir agus an trádálaí, nó gur léir ó na himthosca maidir le tabhairt i gcrích an chonartha, go mbeidh tráth sonrach don soláthar buntábhachtach don tomhaltóir agus go mainneoidh an tomhaltóir agus an tradálaí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a sholáthar faoin tráth sin nó ag an tráth sin.

3.   I gcás ina ndéanfaidh an tomhaltóir an conradh a fhoirceannadh faoi mhír 1 nó 2 den Airteagal seo, beidh feidhm ag Airteagail 15 go 18 dá réir sin.

Airteagal 14

Leigheasanna ar easpa comhréireachta leis an gconradh

1.   I gcás easpa comhréireachta, beidh an tomhaltóir i dteideal an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a bheith curtha chun comhréireachta, laghdú comhréireach ar phraghas a fháil, nó an conradh a fhoirceannadh faoi na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo.

2.   Beidh an tomhaltóir i dteideal an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a bheith tugtha chun comhréireachta, ach amháin dá mbeadh sé sin dodhéanta nó dá gcuirfeadh sé sin costais dhíréireacha ar an trádálaí, agus imthosca uile an cháis san á gcur áireamh, lena n-áirítear:

(a)

An luach a bheadh ar an ábhar digiteach nó ar an tseirbhís dhigiteach mura mbeadh aon easpa comhréireachta ann; agus

(b)

tábhacht na heaspa comhréireachta.

3.   Déanfaidh an trádálaí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a thabhairt chun comhréireachta de bhun mhír 2 laistigh d’achar réasúnta ón tráth a mbeidh an tomhaltóir curtha ar an eolas faoin easpa comhréireachta, saor in aisce agus gan míchaoithiúlacht shuntasach don tomhaltóir, agus déanfar cineál an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití agus an cuspóir a raibh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach ag teastáil ón tomhaltóir ina leith á gcur san áireamh.

4.   Beidh an tomhaltóir i dteideal laghdú comhréireach ar an bpraghas i gcomhréir le mír 5 i gcás ina soláthrófar an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach mar mhalairt ar íocaíocht praghais, nó i leith fhoirceannadh an chonartha i gcomhréir le mír 6, in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a)

tá an leigheas chun an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a thabhairt chun comhréireachta dodhéanta nó díréireach i gcomhréir le mír 2;

(b)

níl an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach tugtha chun comhréireachta ag an tradálaí i gcomhréir le mír 3;

(c)

is ann d’easpa comhréireachta in ainneoin iarracht an trádálaí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a thabhairt chun comhréireachta;

(d)

tá an easpa comhréireachta de chineál atá chomh tromchúiseach sin le bheith mar údar le laghdú a dhéanamh láithreach ar phraghas an chonartha nó lena fhoirceannadh; nó

(e)

tá sé dearbhaithe ag an trádálaí, nó tá sé soiléir ó na himthosca, nach ndéanfaidh an trádálaí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a thabhairt chun comhréireachta laistigh d’achar réasúnta nó gan cur as go suntasach don tomhaltóir.

5.   Beidh an laghdú ar an bpraghas comhréireach leis an laghdú ar luach an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití a soláthraíodh don tomhaltóir i gcomparáid leis an luach a bheadh ag an ábhar digiteach nó ag an tseirbhís dhigiteach dá mbeadh sé i gcomhréir.

I gcás ina sonrófar sa chonradh go soláthrófar an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach thar thréimhse ama mar mhalairt ar phraghais a íoc, beidh feidhm ag an laghdú ar an bpraghas i leith na tréimhse ama nach raibh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach i gcomhréireacht lena linn.

6.   I gcás inar soláthraítear an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach mar mhalairt ar phraghas a íoc, ní bheidh an tomhaltóir i dteideal an conradh a fhoirceannadh ach amháin mura bhfuil mioneaspa comhréireachta i gceist. Is ar an trádálaí a bheidh an dualgas a chruthú gur mioneaspa comhréireachta atá i gceist.

Airteagal 15

An ceart chun foirceannadh a fheidhmiú

Feidhmeoidh an tomhaltóir an ceart an conradh a fhoirceannadh trí bhíthin ráiteas chuig an trádálaí ina gcuirfear an cinneadh in iúl an conradh a fhoirceannadh.

Airteagal 16

Oibleagáidí an trádálaí i gcás ina ndéanfar conradh a fhoirceannadh

1.   I gcás ina ndéanfar an conradh a fhoirceannadh, déanfaidh an trádálaí na suimeanna go léir a íocadh faoin gconradh a aisíoc leis an tomhaltóir.

I gcásanna ina ndéanfar foráil sa chonradh maidir le soláthar ábhair dhigitigh nó seirbhíse digití mar mhalairt ar phraghas a íoc agus thar thréimhse ama, áfach, agus ina raibh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach i gcomhréireacht ar feadh tréimhse ama sula ndearnadh an conradh a fhoirceannadh, ní aisíocfaidh an trádálaí leis an tomhaltóir ach an chuid chomhréireach den phraghas a íocadh agus a chomhfhreagraíonn don tréimhse ama nach raibh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach i gcomhréireacht lena linn, agus aon chuid den phraghas a d’íoc an tomhaltóir roimh ré le haghaidh aon tréimhse eile den chonradh a bheadh fágtha murar foirceannadh an conradh.

2.   Maidir le sonraí pearsanta an tomhaltóra, comhlíonfaidh an trádálaí na hoibleagáidí is infheidhme faoi Rialachán (AE) 2016/679.

3.   Staonfaidh an trádálaí ó úsáid a bhaint as aon ábhar seachas sonraí pearsanta, a rinne an tomhaltóir a chur ar fáil nó a chruthú, agus úsáid á baint aige nó aici as an ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach arna sholáthar nó arna soláthar ag an trádálaí, ach amháin sa chás:

(a)

nach mbeadh aon fhóntas ag an ábhar sin lasmuigh de chomhthéacs an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití sholáthar nó arna soláthar ag an trádálaí;

(b)

nach mbaineann sé ach le gníomhaíocht an tomhaltóra, agus úsáid á baint aige nó aici as an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití arna sholáthar nó arna soláthar ag an trádálaí;

(c)

nach bhfuil sé comhiomlánaithe ag an tradálaí le sonraí eile agus nach féidir é a dhíchomhiomlánú, ach amháin trí iarrachtaí díréireacha a dhéanamh; nó

(d)

go bhfuil sé ginte i gcomhpháirt ag an tomhaltóir agus ag daoine eile, agus gur féidir le tomhaltóirí eile leanúint d’úsáid a bhaint as an ábhar.

4.   Ach amháin sna cásanna dá dtagraítear i bpointe (a), (b) nó (c) de mhír 3, maidir le haon ábhar nach sonraí pearsanta é agus a rinne an tomhaltóir a chruthú nó a chur ar fáil, agus úsáid á baint as an ábhar digiteach nó as an tseirbhís dhigiteach arna sholáthar nó arna soláthar ag an trádálaí, déanfaidh an trádálaí, arna iarraidh sin ag an tomhaltóir, é a chur ar fáil dó nó di.

Beidh an tomhaltóir i dteideal an t-ábhar digiteach sin a aisghabháil saor in aisce, gan bac ón trádálaí, laistigh de thréimhse réasúnach ama agus ar fhormáid a úsáidtear go coitianta agus atá inléite ag meaisín.

5.   Féadfaidh an trádálaí cosc a chur ar an tomhaltóir aon úsáid bhreise a bhaint as an ábhar digiteach nó as an tseirbhís dhigiteach, go háirithe trí rochtain ar an ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a bhaint den tomhaltóir nó trí chuntas úsáideora an tomhaltóra a dhíchumasú, gan dochar do mhír 4.

Airteagal 17

Oibleagáidí an tomhaltóra i gcás ina ndéanfar conradh a fhoirceannadh

1.   Tar éis fhoirceannadh an chonartha, staonfaidh an tomhaltóir ó úsáid a bhaint as an ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach agus ón ábhar nó an tseirbhís sin a chur ar fáil do thríú páirtithe.

2.   I gcás ina ndearnadh an t-ábhar digiteach a sholáthar ar mheán inláimhsithe, déanfaidh an tomhaltóir, arna iarraidh sin ag an tradálaí agus ar chostas an trádálaí, an meán inláimhsithe a thabhairt ar ais don tradálaí gan moill mhíchuí. Má chinneann an tradálaí a iarraidh go ndéanfaí an meán inláimhsithe a thabhairt ar ais, déanfar an iarraidh sin laistigh de 14 lá ón lá a gcuirfear an trádálaí ar an eolas faoi chinneadh an tomhaltóra an conradh a fhoirceannadh.

3.   Ní bheidh an tomhaltóir faoi dhliteanas maidir le híoc as aon úsáid a bhainfear as an t-ábhar digiteach nó as an tseirbhís dhigiteach le linn na tréimhse sula ndeanfar an conradh a fhoirceannadh, ar conradh é nach raibh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach i gcomhréireacht lena linn.

Airteagal 18

Teorainneacha ama agus modhanna aisíocaíochta ag an trádálaí

1.   Aon aisíocaíocht a bheidh ag dul don tomhaltóir de bhun Airteagal 14(4) agus (5) nó 16(1) mar gheall ar laghdú ar phraghas an chonartha nó mar gheall ar a fhoirceannadh, déanfar í gan moill mhíchuí agus in aon chás laistigh de 14 lá ón dáta ar a gcuirfear an tradálaí ar an eolas faoi chinneadh an tomhaltóra ceart an tomhaltóra chun laghdú praghais a agairt nó chun an conradh a fhoirceannadh.

2.   Ní dhéanfaidh an trádálaí an aisíocaíocht sin trí úsáid a bhaint as na modhanna íocaíochta céanna a d’úsáid an tomhaltóir chun íoc as an ábhar digiteach nó as an tseirbhís dhigiteach, ach amháin má comhaontaíonn an tomhaltóir a mhalairt go sainráite agus ar choinníoll nach dtabhóidh an tomhaltóir aon táillí mar thoradh ar an aisíocaíocht sin.

3.   Ní dhéanfaidh an trádálaí aon táille a fhorchur ar an tomhaltóir i leith na haisíocaíochta.

Airteagal 19

An t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a mhodhnú

1.   I gcás ina ndéanfar foráil sa chonradh go mbeidh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach le soláthar nó le bheith inrochtana don tomhaltóir thar thréimhse ama, féadfaidh an trádálaí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a mhodhnú thar an méid is gá chun an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a choinneáil i gcomhréir le hAirteagal 7 agus le hAirteagal 8, má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

go gceadaítear agus go soláthraítear cúis bhailí leis an gconradh, le modhnú den sórt sin;

(b)

go ndéanfar modhnú den sórt sin gan costas breise a chur ar an tomhaltóir;

(c)

go ndéanfar an tomhaltóir a chur ar an eolas ar bhealach soiléir agus sothuigthe faoin modhnú; agus

(d)

sna gcásanna dá dtagraítear i mír 2, go ndéanfar an tomhaltóir a chur ar an eolas ar bhealach réasúnta, roimh ré agus ar mheán marthanach maidir le gnéithe an mhodhnaithe agus an t-am a rinneadh é agus maidir leis an gceart an conradh a fhoirceannadh i gcomhréir le mír 2 nó an fhéidearthacht an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a choinneáil gan modhnú den sórt sin i gcomhréir le mír 4.

2.   Beidh an tomhaltóir i dteideal an conradh a fhoirceannadh má imríonn an modhnú tionchar diúltach ar an rochtain ar an ábhar digiteach nó ar an tseirbhís dhigiteach ag an tomhaltóir nó ar úsáid an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití ag an tomhaltóir, ach amháin nach bhfuil ach miontionchar diúltach i gceist leis an tionchar diúltach sin. Sa chás sin, beidh an tomhaltóir i dteideal an conradh a fhoirceannadh saor in aisce laistigh de 30 lá ón lá a fhaigheann an trádálaí an fhaisnéis nó ón tráth a ndearna an trádálaí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a mhodhnú, cibé acu is déanaí.

3.   I gcás ina ndéanfaidh an tomhaltóir an conradh a fhoirceannadh i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo, beidh feidhm ag Airteagail 15 go 18 dá réir sin.

4.   Ní bheidh feidhm ag mír 2 agus mír 3 den Airteagal seo más rud é go bhfuil an trádálaí tar éis a chur ar chumas an tomhaltóra, gan aon chostas breise, an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a choimeád gan an modhnú, agus go bhfuil an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach fós i gcomhréireacht.

Airteagal 20

Ceart chun sásaimh

I gcás ina mbeidh an trádálaí faoi dhliteanas don tomhaltóir mar gheall ar aon mhainneachtain an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a sholáthar, nó i ngeall ar easpa comhréireachta de thoradh gníomh nó neamhghníomh a rinne duine i naisc roimhe sin de shlabhra na n-idirbheart, beidh an trádálaí i dteideal leigheasanna a lorg i gcoinne an duine nó na ndaoine a bheidh faoi dhliteanas i slabhra na n-idirbheart tráchtála. Is leis an dlí náisiúnta a chinnfear an duine a bhféadfaidh an tradálaí leigheasanna a lorg ina leith, mar aon leis na gníomhaíochtaí ábhartha agus na coinníollacha feidhmíochta.

Airteagal 21

Forfheidhmiú

1.   Áiritheoidh na Ballstáit gur ann do mhodhanna leordhóthanacha agus éifeachtacha chun comhlíonadh na Treorach seo a áirithiú.

2.   Áireofar leis na modhanna dá dtagraítear i mír 1, forálacha trína bhféadfaidh ceann amháin nó níos mó de na comhlachtaí seo a leanas, de réir mar a chinnfear leis an dlí náisiúnta, caingean a thabhairt faoin dlí náisiúnta os comhair na gcúirteanna nó os comhair na n-údarás inniúil riaracháin chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm na forálacha náisiúnta lena dtrasuítear an Treoir seo:

(a)

comhlachtaí poiblí nó a n-ionadaithe;

(b)

eagraíochtaí tomhaltóirí a bhfuil leas dlisteanach acu i dtomhaltóirí a chosaint;

(c)

eagraíochtaí gairmiúla a bhfuil leas dlisteanach acu i gcaingean a thabhairt;

(d)

comhlachtaí, eagraíochtaí nó comhlachais neamhbhrabúsacha atá gníomhach i réimse chosaint chearta agus shaoirsí na n-ábhar sonraí mar a shainítear in Airteagal 80 de Rialachán (AE) Uimh. 2016/679.

Airteagal 22

Cineál éigeantach

1.   Mura bhforáiltear dá mhalairt sa Treoir seo, maidir le haon téarma conarthach lena ndéanfar cur i bhfeidhm na mbeart náisiúnta lena dtrasuítear an Treoir seo a eisiamh, lena ndéanfar iad a mhaolú nó lena ndéanfar a n-éifeachtaí a athrú, chun dochair don tomhaltóir, sula ndéanfaidh an tomhaltóir aird an trádálaí a tharraingt ar an mainneachtain soláthair nó ar an easpa comhréireachta nó sula ndéanfaidh an tomhaltóir aird an trádálaí a tharraingt ar mhodhnú an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití i gcomhréir le hAirteagal 19, ní bheidh sé ina cheangal ar an tomhaltóir.

2.   Ní chuirfidh an Treoir seo cosc ar an trádálaí socruithe conarthacha a théann thar an gcosaint dá bhforáiltear sa Treoir seo a thairiscint don tomhaltóir.

Airteagal 23

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2017/2394 agus Treoir 2009/22/CE

(1)   San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2017(2394), cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“28.

Treoir (AE) 2019/770 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí chun ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha a sholáthar (OJ L 136, 22.5.2019, Ich. 1).”.

(2)   In Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2009/22/AE, cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

“17.

Treoir (AE) 2019/770 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí chun ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha a sholáthar (OJ L 136, 22.5.2019, Ich. 1).”.

Airteagal 24

Trasuí

1.   Faoin 1 Iúil 2021 déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a ghlacadh agus a fhoilsiú. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas láithreach faoin méid sin.

Cuirfidh siad na bearta sin i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2022.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a leagfaidh síos na modhanna le tagairt den chineál sin a dhéanamh.

Déanfaidh na Ballstáit téacs fhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

2.   Beidh feidhm ag forálacha na Treorach seo maidir le soláthar ábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha a tharlaíonn ón 1 Eanáir 2022 cé is moite d’Airteagail 19 agus 20 nach mbeidh feidhm acu ach amháin maidir le conarthaí a dhéanfar ón dáta sin i leith.

Airteagal 25

Athbhreithniú

Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 12 Meitheamh 2024 athbhreithniú ar chur i bhfeidhm na Treorach seo agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle agus faoi bhráid Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Déanfar scrúdú sa tuarascáil, inter alia, ar an gcás i dtaobh chomhchuibhiú na rialacha is infheidhme maidir le conarthaí i ndáil le hábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha a sholáthar seachas an méid a chumhdaítear leis an Treoir seo, lena n-áirítear iad a sholáthar in aghaidh fógrán.

Airteagal 26

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 27

Seolaithe

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna déanamh sa Bhruiséil, an 20 Bealtaine 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. CIAMBA


(1)  IO L 264, 20.7.2016, lch. 57.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 26 Márta 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 15 Aibreán 2019.

(3)  Treoir (AE) 2019/771 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí chun ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha a sholáthar (féach leathanach 28 den Iris Oifigiúil seo).

(4)  Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint ha hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 304, 22.11.2011, lch. 64).

(5)  Treoir 2011/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2011 maidir le cearta othar i gcúram sláinte trasteorann a chur i bhfeidhm (IO L 88, 4.4.2011, lch. 45).

(6)  Treoir 93/42/CEE ón gComhairle an 14 Meitheamh 1993 maidir le feistí míochaine (IO L 169, 12.7.1993, lch. 1).

(7)  Treoir 90/385/CEE ón gComhairle an 20 Meitheamh 1990 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le feistí míochaine gníomhacha so-ionchlannaithe (IO L 189, 20.7.1990, lch. 17).

(8)  Treoir 98/79/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 1998 maidir le feistí míochaine diagnóiseacha in vitro (IO L 331, 7.12.1998, lch. 1).

(9)  Treoir 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2002 maidir le cianmhargú seirbhísí airgeadais tomhaltóirí agus lena leasaítear Treoir 90/619/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE agus Treoir 98/27/CE (IO L 271, 9.10.2002, lch. 16).

(10)  Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear an Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach (IO L 321, 17.12.2018, lch. 36).

(11)  Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2005 maidir le cleachtais tráchtála éagothroma idir gnólachtaí agus tomhaltóirí sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 84/450/CEE ón gComhairle, Treoir 97/7/CE, Treoir 98/27/CE agus Treoir 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (‘An Treoir maidir le cleachtais tráchtála éagothroma’) (IO L 149, 11.6.2005, lch. 22).

(12)  Rialachán (AE) Uimh. 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(13)  Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le cosaint príobháideachais san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37).

(14)  Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí conarthacha (An Róimh I) (IO L 177, 4.7.2008, lch. 6).

(15)  Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (IO L 351, 20.12.2012, lch. 1).

(16)  Rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le comhar idir na húdaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 (IO L 345, 27.12.2017, lch. 1).

(17)  Treoir 2009/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le hurghairí chun leasanna tomhaltóirí a chosaint (IO L 110, 1.5.2009, lch. 30).

(18)  IO C 369, 17.12.2011, lch. 14.

(19)  Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).

(20)  IO C 200, 23.6.2017, lch. 10.

(21)  Treoir 2013/37/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Samhain 2003 lena leasaítear Treoir 2003/98/CE maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid (IO L 345, 31.12.2003, lch. 90).

(22)  Rialachán (AE) 2015/2120 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 lena leagtar síos bearta maidir le rochtain oscailte ar an idirlíon agus muirir mhiondíola ar chumarsáid rialáilte laistigh den AE agus lena leasaítear Treoir 2002/22/CE agus Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 (IO L 310, 26.11.2015, lch. 1).

(23)  Treoir 2001/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2001 maidir le gnéithe áirithe den chóipcheart agus de chearta gaolmhara a chomhchuibhiú sa tsochaí faisnéise (IO L 167, 22.6.2001, lch. 10).


22.5.2019   

GA

Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

L 136/28


TREOIR (AE) 2019/771 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 20 Bealtaine 2019

maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí i ndáil le díolacháin earraí, lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2394 agus Treoir 2009/22/CE, agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/44/CE

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a tharchur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Chun go bhfanfaidh an tAontas iomaíoch ar na margaí domhanda, ní mór dó feabhas a chur ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus dul i ngleic leis na dúshláin iomadúla atá á dtabhairt sa lá atá inniu ann ag geilleagar atá á thiomáint ag an teicneolaíocht níos mó ná riamh. Sa Straitéis maidir le Margadh Aonair Digiteach, leagtar síos creat cuimsitheach lena n-éascaítear comhtháthú na gné digití sa mhargadh inmheánach. Téann an chéad cholún den Straitéis maidir le Margadh Aonair Digiteach i ngleic leis an ilroinnt sa trádáil laistigh den Aontas trí aghaidh a thabhairt ar na bacainní móra uile atá roimh fhorbairt na ríomhthráchtála trasteorann, arb ionann í agus an chuid is suntasaí de dhíolacháin earraí gnólacht le tomhaltóir trasteorann.

(2)

Foráiltear le hAirteagal 26(1) agus (2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) go nglacfaidh an tAontas bearta a mbeidh sé mar aidhm leo feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a bhunú nó a áirithiú, ar ann dó limistéar gan teorainneacha inmheánacha ina ndéanfar saorghluaiseacht earraí agus seirbhísí a áirithiú. Foráiltear le hAirteagal 169(1) agus le pointe (a) d’Airteagal 169(2) CFAE go rannchuideoidh an tAontas le hardleibhéal cosanta a bhaint amach do thomhaltóirí trí bhíthin bearta arna nglacadh de bhun Airteagal 114 CFAE i gcomhthéacs chomhlánú an mhargaidh inmheánaigh. Is é is aidhm leis an Treoir seo an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí a bhaint amach agus iomaíocht fiontar a chur chun cinn, agus urraim do phrionsabal na coimhdeachta á háirithiú.

(3)

Ba cheart comhchuibhiú a dhéanamh ar ghnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí i ndáil le díolacháin earraí, agus ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí a bheith mar bhonn don mhéid sin, chun fíormhargadh aonair digiteach a bhaint amach, deimhneacht dhlíthiúil a mhéadú agus costais idirbheart a laghdú, go háirithe d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (“FBManna”).

(4)

Is príomhthiománaí don fhás laistigh den mhargadh inmheánach í an ríomhthráchtáil. Tá a hacmhainn fáis, áfach, i bhfad ó bheith á saothrú go hiomlán. Chun iomaíocht an Aontais a neartú agus dlús a chur leis an bhfás, ní mór don Aontas gníomhú go tapa agus gníomhaithe eacnamaíocha a spreagadh chun an acmhainn iomlán a chuireann an margadh inmheánach ar fáil a scaoileadh. Ní féidir acmhainn iomlán an mhargaidh inmheánaigh a scaoileadh ach amháin mura mbeidh rochtain rianúil ag na rannpháirtithe margaidh uile ar dhíolacháin earraí trasteorann, lena n-áirítear idirbhearta ríomhthráchtála. Tá rialacha dhlí na gconarthaí a ndéanann rannpháirtithe margaidh idirbhearta a thabhairt i gcrích ar a mbonn ar na príomhthosca a mhúnlaíonn na cinntí a dhéanann gnólachtaí i dtaca le hearraí a thairiscint ar bhonn trasteorann. Bíonn tionchar ag na rialacha sin freisin ar thoilteanas na dtomhaltóirí glacadh leis an gcineál sin ceannaigh agus iontaoibh a bheith acu as.

(5)

Tá margadh i gcomhair earraí atá ag méadú tar éis eascairt as forbairt theicneolaíoch, arb earraí iad a ionchorpraíonn ábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha nó atá idirnasctha leo sin. Mar thoradh ar líon méadaitheach na ngléasanna sin agus an glacadh leo atá ag fás i measc tomhaltóirí, tá gá le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais chun a áirithiú go bhfuil ardleibhéal cosanta ar fáil do thomhaltóirí agus chun deimhneacht dhlíthiúil a mhéadú a mhéid a bhaineann leis na rialacha is infheidhme maidir le conarthaí i ndáil le díolacháin na dtáirgí den chineál sin. Chuideodh deimhneacht dlí le hiontaoibh na dtomhaltóirí agus na díoltóirí a threisiú.

(6)

Tá rialacha an Aontais is infheidhme maidir le díolacháin earraí fós ilroinnte, cé go ndearnadh comhchuibhiú iomlán cheana féin, le Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), ar na rialacha a bhaineann le dálaí seachadta agus, a mhéid a bhaineann le cianchonarthaí agus conarthaí seacháitribh, ceanglais maidir le faisnéis réamhchonarthach agus an ceart chun tarraingt siar. Tá príomhghnéithe conarthacha eile, amhail critéir chomhréireachta, na leigheasanna ar an easpa comhréireachta leis an gconradh agus na príomh-mhodúlachtaí a bhaineann lena bhfeidhmiú, faoi réir comhchuibhiú íosta faoi Threoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) faoi láthair. Ceadaíodh do na Ballstáit dul níos faide ná caighdeáin an Aontais agus rialacha a thabhairt isteach nó a chothabháil lena n-áiritheofaí leibhéal cosanta don tomhaltóir atá níos airde fós a bhaint amach. Agus é sin á dhéanamh acu, ghníomhaigh siad ar ghnéithe éagsúla agus ar leibhéil ghníomhaíochta éagsúla. Dá bhrí sin, tá éagsúlacht shuntasach ann sa lá atá inniu idir na forálacha náisiúnta lena dtrasuítear Treoir 1999/44/CE ó thaobh gnéithe fíor-riachtanacha de, amhail ordlathas na leigheasanna a bheith ann nó as.

(7)

Is féidir leis na difríochtaí atá ann faoi láthair dochar a dhéanamh do ghnólachtaí agus do thomhaltóirí. De bhun Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), tá ceangal ar ghnólachtaí a dhíríonn a gcuid gníomhaíochtaí ar thomhaltóirí i mBallstáit eile rialacha éigeantacha dhlí na gconarthaí do thomhaltóirí atá i bhfeidhm sa tír ina bhfuil gnáthchónaí ar an tomhaltóir a chur san áireamh. Toisc nach ionann na rialacha sin i ngach Ballstát, d’fhéadfadh sé go mbeadh costais bhreise le hiompar ag na gnólachtaí. Dá thoradh sin, is iomaí gnólacht a bhféadfadh sé gurbh fhearr leo leanúint den trádáil intíre nó gan onnmhairiú a dhéanamh ach chuig Ballstát nó dhó. Is é an toradh a bhíonn ar an rogha sin maidir le híoslaghdú a dhéanamh ar an nochtadh ar chostais agus rioscaí a bhaineann le trádáil trasteorann ná go gcailltear deiseanna maidir leis an tráchtáil a leathnú agus barainneacht scála a chruthú. Bíonn tionchar aige sin ar FBManna go háirithe.

(8)

Cé go mbíonn leibhéal ard cosanta á theachtadh ag tomhaltóirí tráth a mbíonn siad ag ceannach ón gcoigríoch, mar thoradh ar chur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 593/2008, bíonn tionchar diúltach ag an ilroinnt dlí freisin ar an leibhéal muiníne a bhíonn ag tomhaltóirí as idirbhearta trasteorann. Cé go gcuireann roinnt tosca leis an drochiontaoibh sin, tá éiginnteacht maidir le príomhchearta conarthacha ar cheann de mhórchúiseanna imní na dtomhaltóirí. Bíonn an éiginnteacht sin ann gan beann ar na tomhaltóirí a bheith á gcosaint, nó gan a bheith, le rialacha éigeantacha dhlí na gconarthaí i dtaca le tomhaltóirí ina mBallstát féin sa chás ina ndíríonn díoltóirí a gcuid gníomhaíochtaí trasteorann orthu, agus bíonn sí ann gan beann ar chonarthaí trasteorann a bheith á dtabhairt i gcrích, nó gan a bheith, ag tomhaltóirí le díoltóirí gan gníomhaíochtaí tráchtála a bheith á bhfeidhmiú ag an díoltóir sin i mBallstát an tomhaltóra.

(9)

Cé gurb ionann díolacháin earraí ar líne agus tromlach mór na ndíolachán trasteorann san Aontas, déanann difríochtaí idir dlíthe náisiúnta conarthaí an difear céanna do mhiondíoltóirí a úsáideann bealaí ciandíolacháin agus a dhéanann siad do mhiondíoltóirí a dhíolann aghaidh ar aghaidh agus cuireann na difríochtaí sin cosc ar na miondíoltóirí méadú thar teorainneacha. Ba cheart go gcumhdófaí leis an Treoir seo na bealaí ciandíolacháin uile, chun go dtabharfaí cothroime iomaíochta do na gnólachtaí uile a dhíolann earraí le tomhaltóirí. Trí rialacha aonfhoirmeacha a leagan síos a bhainfeadh leis na bealaí ciandíolacháin uile, ba cheart go seachnófaí leis an Treoir seo aon éagsúlacht a chruthódh ualaí díréireacha do líon méadaitheach miondíoltóirí uile-bhealaigh san Aontas. Maidir leis an ngá le rialacha comhleanúnacha i leith díolachán agus ráthaíochtaí do na bealaí díolacháin uile, dearbhaíodh é sa tSeiceáil Oiriúnachta ón gCoimisiún ar dhlí tomhaltóirí agus margaíochta an Aontais a foilsíodh an 29 Bealtaine 2017, ar cumhdaíodh Treoir 1999/44/CE inti freisin.

(10)

Leis an Treoir seo, níor cheart go gcumhdófaí na rialacha is infheidhme maidir le díolacháin earraí, lena n-áirítear earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, ach amháin a mhéid a bhaineann siad leis na príomhghnéithe conarthacha a bhfuil gá leo chun na bacainní sa mhargadh inmheánach a bhaineann le dlí na gconarthaí a shárú. Chun na críche sin, ba cheart comhchuibhiú iomlán a dhéanamh ar na ceanglais maidir le comhréireacht, na leigheasanna atá ar fáil do thomhaltóirí i gcás easpa comhréireachta idir na hearraí agus an conradh, agus ar na príomh-mhodúlachtaí a bhaineann le feidhmiú na leigheasanna sin agus ba cheart an leibhéal cosanta do tomhaltóirí a mhéadú le hais an leibhéil dá bhforáiltear i dTreoir 1999/44/CE. Le rialacha atá comhchuibhithe go hiomlán i dtaca le gnéithe áirithe bunriachtanacha de dhlí na gconarthaí, bheadh sé níos éasca do ghnólachtaí, go háirithe FMBanna, a gcuid táirgí a thairiscint ar bhealach níos éasca i mBallstáit eile. Bainfidh tomhaltóirí tairbhe as ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí agus as na sochair leasa shóisialta trí rialacha a chomhchuibhiú go hiomlán.

(11)

Tá an Treoir seo ina gcomhlánú ar Threoir 2011/83/AE. Cé go leagtar síos forálacha a bhaineann le ceanglais maidir le faisnéis réamhchonarthach, leis an gceart chun tarraingt siar i gcás cianchonarthaí agus conarthaí seacháitribh agus le rialacha i leith seachadta agus riosca a chur ar aghaidh le Treoir 2011/83/AE, leis an Treoir seo tugtar isteach rialacha maidir le comhréireacht na n-earraí, leigheasanna i gcás easpa comhréireachta agus modúlachtaí le haghaidh fheidhmiú na leigheasanna sin.

(12)

Níor cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo ach amháin maidir le nithe inláimhsithe inbhogtha arb ionann iad agus earraí de réir an bhrí a leagtar síos sa Treoir seo. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh an tsaoirse ag na Ballstáit rialú a dhéanamh ar chonarthaí i ndáil le díolachán réadmhaoine dobhogtha, amhail foirgnimh chónaithe, agus ar a bpríomh-chomhpháirteanna atá beartaithe chun bheith mar pháirt mhór den réadmhaoin dhobhogtha sin.

(13)

Ba cheart go mbeadh an Treoir seo agus Treoir (AE) 2019/770 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) comhlántach lena chéile. Cé go leagtar síos leis an Treoir (AE) 2019/770 rialacha i dtaca le ceanglais áirithe a bhaineann le conarthaí le haghaidh ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach a sholáthar, leagtar síos leis an Treoir seo ceanglais áirithe maidir le conarthaí le haghaidh díolacháin earraí. Dá réir sin, chun ionchais na dtomhaltóirí a chomhlíonadh agus chun creat dlíthiúil soiléir agus simplí le haghaidh trádálaithe ábhair dhigitigh nó seirbhísí digiteacha a áirithiú, tá feidhm ag Treoir (AE) 2019/770 maidir le hábhar digiteach i leith soláthar ábhair dhigitigh nó seirbhísí digiteacha arna soláthar ar mheán inláimhsithe, amhail DVDanna, CDanna, méaróga cuimhne agus cártaí cuimhne, chomh maith leis an meán inláimhsithe féin, ar choinníoll nach bhfeidhmíonn an meán inláimhsithe ach mar iompróir an ábhair dhigitigh. Os a choinne sin, ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo maidir le conarthaí i ndáil le díolachán earraí, lena n-áirítear earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, a bhfuil ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach de dhíth orthu chun a bhfeidhmeanna a fheidhmiú.

(14)

Ba cheart go n-áireofaí leis an téarma “earraí” dá bhforáiltear faoin Treoir seo “earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha” agus, dá bhrí sin, ba cheart tagairt a dhéanamh leis freisin d’ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach atá ionchorpraithe in earraí den sórt sin, nó idirnasctha leo, sa chaoi agus go gcuirfeadh easpa an ábhair dhigitigh sin nó na seirbhíse digití sin cosc ar a bhfeidhmeanna á gcomhlíonadh ag na hearraí. Féadfaidh aon sonraí a tháirgtear agus a sholáthraítear i bhfoirm dhigiteach, amhail córais oibriúcháin, feidhmchláir agus aon bhogearraí eile a bheith mar ábhar digiteach atá ionchorpraithe in earra nó idirnasctha leis. Féadfar ábhar digiteach a réamhshuiteáil a luaithe a thugtar an conradh díolacháin i gcrích nó is féidir, i gcás ina ndéanann an conradh sin foráil, é a shuiteáil ina dhiaidh sin. Féadfar a bheith san áireamh le seirbhísí digiteacha atá idirnasctha le hearra seirbhísí lenar féidir sonraí i bhfoirm dhigiteach a chruthú, a phróiseáil, a rochtain nó a stóráil, ar sonraí iad amhail bogearraí mar sheirbhís arna dtairiscint i dtimpeallacht na néalríomhaireachta, soláthar leanúnach sonraí tráchta i gcóras loingseoireachta nó soláthar leanúnach pleananna traenála oiriúnaithe aonair i gcás uaireadóir cliste.

(15)

Ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo maidir le conarthaí i ndáil le hearraí a dhíol, lena n-áirítear earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha i gcás ina gcuirfí cosc ar na hearraí a bhfeidhmeanna a fheidhmiú in éagmais an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití ionchorpraithe nó idirnasctha agus i gcás ina soláthraítear an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach sin le hearraí faoin gconradh díolacháin i ndail leis na hearraí seo. Cibé acu an cuid den chonradh díolacháin leis an díoltóir soláthar an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití atá ionchorpraithe nó idirnasctha nó nach ea, ba cheart go mbraithfeadh sé sin ar ábhar an chonartha sin. Ba cheart a bheith san áireamh leis sin, ábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha atá ionchorpraithe nó idirnasctha a soláthar mar a cheanglaítear go sainráite leis an gconradh. Ba cheart a bheith san áireamh ann freisin conarthaí díolacháin ar féidir a thuiscint ina leith go gcumhdaítear leo soláthar ábhair dhigitigh shonraigh nó seirbhíse digití sonraí, toisc gur gnáthearraí den chineál céanna iad agus go bhféadfadh an tomhaltóir a bheith ag súil go réasúnach leis an méid sin i bhfianaise chineál na n-earraí, agus aon ráitis phoiblí arna ndéanamh ag an díoltóir nó ag daoine eile nó thar a gceann i naisc roimhe seo de shlabhra na n-idirbheart, lena n-áirítear ag an táirgeoir, á gcur san áireamh. Más rud é, mar shampla, go ndéanfaí teilifís chliste a fhógairt, agus á rá go n-áirítear léi fís-fheidhmchlár ar leith, bheadh an fhís-fheidhmchlár mar chuid den chonradh díolacháin. Ba cheart feidhm a bheith aige sin is cuma cé acu atá an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach réamhshuiteáilte san earra féin nó is gá é nó í a íoslódáil ina dhiaidh sin ar fheiste eile agus gan é ach a bheith idirnasctha leis an earra. Mar shampla, d’fhéadfadh sé go mbeadh feidhmchlár caighdeánach réamhshuiteáilte ar fhón cliste faoin gconradh díolacháin, amhail feidhmchlár aláraim nó feidhmchlár ceamara. D’fhéadfadh uaireadóir cliste a bheith ina shampla eile de sin. I gcás den chineál sin, bheadh an t-uaireadóir féin ina earra ag a bhfuil eilimintí digiteacha, earra nach féidir a chuid feidhmeanna a fheidhmiú ach le feidhmchlár a sholáthraítear faoin gconradh díolacháin ach ar gá don tomhaltóir í a íoslódáil ar fhón cliste; ansin b’ionann an feidhmchlár agus eilimint dhigiteach idirnasctha. Ba cheart go mbeadh feidhm aige sin chomh maith más rud é gurb é an tríú páirtí seachas an díoltóir féin a sholáthróidh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach ionchorpraithe de réir an chonartha díolacháin. Chun éiginnteacht a sheachaint do dhíoltóirí agus do thomhaltóirí araon, i gcás amhras a bheith ann i dtaobh an bhfuil soláthar an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití ina chuid den chonradh díolacháin, ba cheart feidhm a bheith ag rialacha na Treorach seo. Thairis sin, níor cheart go ndéanfaí difear do chaidreamh conarthach déthaobhach a fhionnadh idir an díoltóir agus an tomhaltóir, a bhfuil soláthar an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití atá ionchorpraithe nó idirnasctha ina chuid de, díreach mar go gcaithfidh an tomhaltóir toiliú le comhaontú ceadúnúcháin le tríú páirtí chun leas a bhaint as an ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach.

(16)

Os a choinne sin, más rud é, d’ainneoin uireasa an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití ionchorpraithe nó idirnasctha, nach gcuirfí cosc ar na hearraí a bhfeidhmeanna a fheidhmiú, nó dá gcuirfeadh an tomhaltóir conradh i gcrích i ndáil le hábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach a sholáthar nach bhfuil ina chuid de chonradh a bhaineann le díolachán earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, ba cheart an conradh sin a mheas ar leithligh ón gconradh i ndáil le díolachán earraí, fiú dá mbeadh an díoltóir ag gníomhú mar idirghabhálaí den dara conradh sin leis an soláthraí tríú páirtí, agus d’fhéadfadh sé teacht faoi raon feidhme Threoir (AE) 2019/770, dá gcomhlíonfaí coinníollacha na Treorach sin. Mar shampla, má íoslódálann an tomhaltóir feidhmchlár cluiche ón aipmhargadh ar fhón cliste, beidh an conradh i ndáil leis an bhfeidhmchlár cluiche a sholáthar ar leithligh ón gconradh i ndáil leis an bhfón cliste féin a dhíol. Dá bhrí sin, níor cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo ach amháin maidir leis an gconradh díolacháin i dtaobh an fhóin chliste, ach ba cheart soláthar an fheidhmchláir cluiche teacht faoi raon Threoir (AE) 2019/770, dá gcomhlíonfaí coinníollacha na Treorach sin. Sampla eile d’ábhar digiteach nó de sheirbhís dhigiteach nach bhfuil ina chuid den chonradh díolacháin agus nach dtagann faoi raon feidhme na Treorach seo, dá bhrí sin, a bheadh i gcás ina gcomhaontaítear go sainráite go gceannóidh an tomhaltóir fón cliste gan córas oibriúcháin sonrach agus go dtabharfaidh an tomhaltóir conradh i gcrích le haghaidh córas oibriúcháin a sholáthar ó thríú páirtí ina dhaidh sin. I gcás den chineál sin, ní bheadh soláthair an chórais oibriúcháin a ceannaíodh ar leithligh mar chuid den chonradh díolacháin agus dá bhrí sin, ní thiocfadh sé faoi raon feidhme na Treorach seo ach d’fhéadfadh sé teacht faoi raon feidhme na Threoir (AE) 2019/770, dá gcomhlíonfaí coinníollacha na Treorach sin.

(17)

Chun críche na soiléireachta dlíthiúla, ba cheart sainmhíniú ar chonradh díolacháin a leagan síos sa Treoir seo agus ba cheart a raon feidhme a shainiú go soiléir. Ba cheart raon feidhme na Treorach seo conarthaí i ndáil le hearraí atá fós le táirgeadh nó le monarú a clúdach, lena n-áirítear de réir sonraíochtaí an tomhaltóra, a áireamh faoi raon feidhme na Treorach seo. Thairis sin, d’fhéadfadh suiteáil earraí teacht faoi raon feidhme na Treorach más cuid den chonradh díolacháin an tsuiteáil agus más gá don díoltóir í a dhéanamh nó más gá í a dhéanamh faoi fhreagracht an díoltóra. I gcás ina bhfuil gnéithe a bhaineann le díolacháin earraí agus soláthar seirbhísí san áireamh i gconradh, ba cheart go bhfágfaí faoin dlí náisiúnta a chinneadh cibé acu an féidir nó nach féidir an conradh iomlán a aicmiú mar chonradh díolacháin de réir bhrí na Treorach seo.

(18)

Níor cheart don Treoir seo difear a dhéanamh don dlí náisiúnta a mhéid nach rialaítear leis an Treoir seo na hábhair lena mbaineann, go háirithe maidir le dlíthiúlacht na n-earraí, damáistí agus gnéithe ginearálta dhlí na gconarthaí amhail cruthú, bailíocht, neamhniú nó éifeachtaí conarthaí. Ba cheart feidhm a bheith ag an méid céanna maidir leis na hiarmhairtí a thagann as an gconradh a fhoirceannadh agus maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le deisiú agus athsholáthar nach rialaítear leis an Treoir seo. Agus rialú á déanamh ar chearta na bpáirtithe feidhmiú a n-oibleagáidí nó cuid díobh a choinneáil siar go dtí go bhfeidhmíonn an páirtí eile a oibleagáidí, ba cheart go mbeadh na Ballstáit fós saor chun rialú a dhéanamh ar na coinníollacha agus na modúlachtaí maidir leis an bpraghas a bheith á choinneáil siar ag an tomhaltóir. Ba cheart go mbeadh na Ballstáit fós saor freisin chun rialú a dhéanamh ar theidlíocht an tomhaltóra a mhéid a bhaineann le cúiteamh as damáistí arna dtabhú mar thoradh ar fhorálacha na Treorach seo a bheith á sárú ag an díoltóir. Níor cheart go ndéanfadh an Treoir seo difear do rialacha náisiúnta nach bhfuil sonrach do chonarthaí tomhaltóirí lena ndéantar foráil do leigheasanna sonracha le haghaidh cineálacha fabhtanna áirithe nár léir go raibh siad ann tráth ar cuireadh an conradh díolacháin i gcrích, eadhon ar rialacha iad ina ndéantar tagairt d’fhorálacha náisiúnta lena bhféadfaí rialacha sonracha maidir le dliteanas an díoltóra i leith fabhtanna folaithe a leagan síos. Ina theannta sin, níor cheart go ndéanfadh an Treoir seo difear do dhlíthe náisiúnta lena ndéantar foráil do leigheasanna neamhchonarthacha an tomhaltóra, i gcás ina mbeidh easpa comhréireachta earraí ann i gcoinne daoine i naisc roimhe seo de shlabhra na n-idirbheart, mar shampla monaróirí nó daoine eile a chomhlíonann oibleagáidí na ndaoine sin.

(19)

Níor cheart go ndéanfaí difear leis an Treoir seo do shaoirse na mBallstát a lamháil do thomhaltóirí leigheas sonrach a roghnú, más léir easpa comhréireachta na n-earraí go luath i ndiaidh seachadta, eadhon iad ag tagairt d’fhorálacha náisiúnta a d’fhéadfadh foráil a dhéanamh maidir le ceart an tomhaltóra diúltú don earra a bhfuil fabht aige agus caitheamh leis an gconradh amhail is dá mbeadh sé séanta nó athsholáthar láithreach a iarraidh, taobh istigh de thréimhse ghearr ama ar leith tar éis na hearraí a sheachadadh, ar tréimhse í nár cheart a bheith níos faide ná 30 lá.

(20)

Ba cheart go mbeadh na Ballstáit fós saor chun rialú a dhéanamh ar oibleagáidí faisnéise an díoltóra i dtaca le tabhairt i gcrích an chonartha nó dualgas an díoltóra rabhadh a thabhairt don tomhaltóir, mar shampla, faoi ghnéithe áirithe atá ag an earra, oiriúnacht na n-ábhar arna soláthar ag an tomhaltóir nó míbhuntáistí féideartha a bheadh mar thoradh ar iarrataí sonracha an tomhaltóra, amhail iarraidh ón tomhaltóir go n-úsáidfí éadach ar leith agus táilliúireacht á déanamh ar bhálghúna.

(21)

Ba cheart go mbeadh sé de shaoirse ag an Ballstáit cur i bhfeidhm rialacha na Treorach seo a leathnú chun go gcumhdófaí conarthaí a eisítear ó raon feidhme na Treorach, nó na conarthaí sin a rialú ar shlí eile. Mar shampla, ba cheart go mbeadh na Ballstáit fós saor an chosaint a thugtar do thomhaltóirí leis an Treoir seo a leathnú chun go gcuimseofaí daoine nádúrtha nó daoine dlítheanacha nach tomhaltóirí iad de réir bhrí na Treorach seo, amhail eagraíochtaí neamhrialtasacha, gnólachtaí nuathionscanta nó FBManna.

(22)

Ba cheart go dtiocfadh daoine nádúrtha atá ag gníomhú chun críocha nach bhfuil aon bhaint acu lena dtrádáil, lena ngnó, lena gceird ná lena ngairm faoi chuimsiú an tsainmhínithe ar thomhaltóir. Mar sin féin, ba cheart do na Ballstáit freisin, i gcás conarthaí a bhfuil dhá fheidhm acu ina gcuirtear an conradh i gcrích chun críocha atá go páirteach laistigh agus lasmuigh de thrádáil an duine agus i gcás go bhfuil an chríoch thrádála chomh teoranta sin nach í is mó atá i gceist i gcomhthéacs iomlán an tsoláthair, a bheith fós saor a chinneadh ar cheart an duine sin a mheas mar thomhaltóir freisin agus cad iad na coinníollacha faoinar cheart an duine sin a mheas amhlaidh.

(23)

Ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo maidir le haon chonradh ar faoina bhun a aistríonn an díoltóir úinéireacht earraí chuig an tomhaltóir, nó a gheallann díoltóir amhlaidh. D’fhéadfadh soláthraithe ardán a mheas a bheith ina díoltóirí faoin Treoir seo má bhíonn siad ag gníomhú chun críocha a bhaineann lena ngnó féin agus mar pháirtí conarthach díreach an tomhaltóra le haghaidh díolachán earraí. Ba cheart go mbeadh na Ballstáit fós saor cur i bhfeidhm rialacha na Treorach seo a leathnú le go gcumhdófaí soláthraithe ardán nach gcomhlíonann na ceanglais le go measfar iad a bheith ina dtrádálaí faoin Treoir seo.

(24)

D’fhonn cothromaíocht a bhaint amach idir an gá le deimhneacht dlíthiúla agus solúbthacht iomchuí na rialacha dlíthiúla, ba cheart go dtuigfí gur tagairt don mhéid a bhféadfaí a bheith ag súil leis go réasúnach í aon tagairt sa Treoir seo don mhéid a bhféadfaí a bheith ag súil leis ó dhuine nó a bhféadfadh duine a bheith ag súil leis. Ba cheart caighdeán na réasúntachta a fhionnadh go hoibiachtúil, ag féachaint do chineál agus do chuspóir an chonartha, d’imthosca an cháis agus do ghnáthaimh agus do chleachtais na bpáirtithe lena mbaineann.

(25)

D’fhonn soiléireacht a chur ar fáil maidir leis an méid is féidir le tomhaltóir a bheith ag súil leis ó na hearraí agus an méid a mbeadh an díoltóir faoi dhliteanas ina leith i gcás ina mainnítear an méid a raibh súil leis a chur ar fáil, tá sé riachtanach comhchuibhiú iomlán a dhéanamh ar na rialacha a bhaineann le comhréireacht earraí a dheimhniú. Ba cheart tagairt a dhéanamh do chomhréireacht earraí leis an gconradh díolacháin le haon tagairt do chomhréireacht sa Treoir seo. Chun leasanna dlisteanacha an dá pháirtí i gconradh díolacháin a choimirciú, ba cheart comhréireacht a mheasúnú bunaithe ar cheanglais shuibiachtúla agus oibiachtúla araon maidir le comhréireacht.

(26)

Dá bhrí sin, ba cheart go gcomhlíonfadh na hearraí na ceanglais arna gcomhaontú idir an díoltóir agus an tomhaltóir sa chonradh díolacháin. D’fhéadfaí a bheith san áireamh leis na ceanglais sin, inter alia, cainníocht, cáilíocht agus cineál na n-earraí agus cur síos orthu mar aon lena n-oiriúnach do chríoch ar leith chomh maith le seachadadh na n-earraí leis na gabhálais chomhaontaithe agus aon treoracha. Ba cheart go n-áireofaí ar cheanglais sa chonradh díolacháin na cinn sin atá ann mar thoradh ar an bhfaisnéis réamhchonarthach atá ina dlúthchuid den chonradh díolacháin i gcomhréir le Treoir 2011/83/AE.

(27)

Ba cheart coincheap na feidhmiúlachta a thuiscint mar thagairt do na bealaí inar féidir leis na hearraí a bhfeidhmeanna a fheidhmiú ag féachaint dá gcríoch. Baineann an coincheap “idir-inoibritheacht” le cibé an féidir leis na hearraí feidhmiú le crua-earraí nó bogearraí atá difriúil ó na cinn a úsáidtear de ghnáth le hearraí den chineál céanna agus a mhéid is féidir leo feidhmiú. D’fhéadfaí a áireamh leis an bhfeidhmiú rathúil, mar shampla, cumas na n-earraí faisnéis a mhalartú leis na bogearraí nó na crua-earraí eile sin agus an fhaisnéis malartaithe a úsáid.

(28)

Ós rud é go bhfuil forbairt sheasta ag teacht ar an ábhar digiteach nó na seirbhísí digiteacha atá ionchorpraithe in earraí, nó idirnasctha leo, féadfaidh díoltóirí a chomhaontú le tomhaltóirí go soláthróidh siad nuashonruithe do na hearraí sin. Is féidir nuashonruithe, mar a chomhaontaítear iad sa chonradh díolacháin, eilimint an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití atá ag na hearraí a fheabhsú agus a threisiú, a bhfeidhmiúlachtaí a leathnú, iad a oiriúnú d’fhorbairtí teicniúla, iad a chosaint in aghaidh bagairtí slándála nua nó freastal ar chríocha eile. Ba cheart, dá bhrí sin, measúnú a dhéanamh chomh maith ar chomhréireacht na n-earraí ag a bhfuil ábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha atá ionchorpraithe sna hearraí nó idirnasctha leo, i dtaobh an ndéantar gné an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití atá ag na hearraí sin a nuashonrú i gcomhréir leis an gconradh díolacháin. Ba cheart mainneachtain soláthair maidir le nuashonruithe a comhaontaíodh sa chonradh a mheas mar easpa comhréireachta na n-earraí. Thairis sin, ba cheart nuashonruithe lochtacha nó neamhiomlána a mheas freisin mar easpa comhréireachta na n-earraí, toisc go bhfágfadh sin nach bhfeidhmítear na nuashonraithe sin ar an mbealach a sonraítear sa chonradh díolacháin.

(29)

Chun go mbeidh siad i gcomhréir, ba cheart go gcomhlíonfadh na hearraí ní hamháin na ceanglais shuibiachtúil maidir le comhréireacht ach freisin na ceanglais oibiachtúla don chomhréireacht arna leagan amach sa Treoir seo. Ba cheart measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht, inter alia, agus breithniú á dhéanamh ar an gcríoch a n-úsáidfí earraí den saghas céanna de ghnáth ina leith, ar cibé acu a sholáthraítear iad nó nach soláthraítear iad leis na gabhálais agus na treoracha ar féidir leis an tomhaltóir a bheith ag súil lena bhfáil go réasúnach nó cibé acu a chomhfhreagraíonn siad nó nach gcomhfhreagraíonn siad don sampla nó don tsamhail a chuir an díoltóir ar fáil don tomhaltóir. Ba cheart go mbeadh na cáilíochtaí agus na gnéithe ar gnách iad a bheith in earraí den chineál céanna agus ar féidir leis an tomhaltóir a bheith ag súil leo go réasúnach i bhfianaise chineál na n-earraí agus aon ráitis phoiblí a rinne an díoltóir nó duine eile nó a rinneadh thar ceann an díoltóra nó duine eile i naisc roimhe seo de shlabhra na n-idirbheart á gcur san áireamh.

(30)

Anuas ar nuashonruithe arna gcomhaontú go conarthach, ba cheart don díoltóir nuashonruithe a sholáthar freisin, lena n-áirítear nuashonruithe slándála, chun a áirithiú go bhfanfaidh na hearraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha i gcomhréir. Ba cheart oibleagáid an díoltóra a theorannú chun go gcuimseofar nuashonruithe atá riachtanach chun go gcoinneoidh earraí den sórt sin a gcomhréireacht leis na ceanglais oibiachtúla agus shuibiachtúla maidir le comhréireacht a leagtar síos sa Treoir seo. Mura bhfuil a mhalairt comhaontaithe go conarthach ag na páirtithe, níor cheart oibleagáid a bheith ar an díoltóir leaganacha nuashonraithe d’ábhar digiteach nó de sheirbhís dhigiteach na n-earraí a sholáthar ná feidhmiúlachtaí earraí a fheabhsú nó a leathnú níos faide ná mar atá sna ceanglais chomhréireachta. Maidir le nuashonrú arna sholáthar ag an díoltóir nó ag tríú páirtí a sholáthraíonn an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís faoin gconradh díolacháin, má chruthaíonn sé easpa comhréireachta maidir leis an earra ag a bhfuil eilimintí digiteacha, ba cheart go mbeadh dliteanas ar an díoltóir as an earra a thabhairt i gcomhréir arís. Ba cheart go mbeadh sé de shaoirse ag an tomhaltóir i gcónaí na nuashonruithe sin a shuiteáil. I gcás ina gcinnfidh an tomhaltóir gan na nuashonruithe a shuiteáil, ar nuashonruithe iad atá riachtanach chun go gcoinneoidh na hearraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a gcomhréireacht, níor cheart go mbeadh an tomhaltóir ag súil leis go bhfanfaidh na hearraí sin i gcomhréir. Ba cheart don díoltóir an tomhaltóir a chur an eolas, maidir le cinneadh an tomhaltóra gan nuashonruithe a shuiteáil, ar nuashonruithe iad atá riachtanach chun na hearraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a choinneáil i gcomhréir, lena n-áirítear nuashonruithe slándála, go mbeidh tionchar ag an gcinneadh sin ar dhliteanas an díoltóra i ndáil le comhréireacht na ngnéithe sin de na hearraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a bhfuil na nuashonruithe ábhartha ceaptha lena gcoinneáil i gcomhréir. Níor cheart go ndéanfadh an Treoir seo difear d’oibleagáidí i dtaca le soláthar nuashonruithe slándála a leagtar síos i ndlí eile an Aontais nó i ndlí náisiúnta.

(31)

I bprionsabal, i gcás earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha má sholáthraítear ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach, atá ionchorpraithe sna hearraí nó idirnasctha leo, trí ghníomh aonair soláthair, níor cheart dliteanas a bheith ar an díoltóir ach amháin as easpa comhréireachta atá ann tráth an tseachadta. Ba cheart, áfach, go leanfadh an oibleagáid i dtaca le nuashonruithe a sholáthar an treocht go mbíonn timpeallacht dhigiteach aon earra den sórt sin ag athrú de shíor. Dá bhrí sin, is uirlis riachtanach iad nuashonruithe chun a áirithiú go mbeidh na hearraí in ann feidhmiú ar an mbealach céanna lenar fheidhmigh siad tráth an tseachadta. Anuas air sin, i gcodarsnacht le hearraí traidisiúnta, níl earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha go hiomlán ar leithligh ó réimse an díoltóra, mar tá an díoltóir, nó tríú duine a sholáthraíonn an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach faoin gconradh díolacháin, in ann nuashonrú a dhéanamh ar na hearraí go cianda, go hiondúil ar an idirlíon. Dá bhrí sin, má sholáthraítear an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach trí oibríocht aonair soláthair, ba cheart go mbeadh dliteanas ar an díoltóir nuashonruithe a sholáthar, ar na nuashonruithe iad atá riachtanach chun na hearraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a choinneáil i gcomhréir le linn tréimhse ama a bhféadfadh an tomhaltóir a bheith ag súil go réasúnach léi, fiú má bhí na hearraí i gcomhréir tráth an tseachadta. Ba cheart measúnú a dhéanamh ar an tréimhse ama ar féidir leis an tomhaltóir a bheith ag súil go réasúnach léi bunaithe ar shaghas agus ar chríoch na n-earraí agus na n-eilimintí digiteacha agus cúinsí agus cineál an chonartha dhíolacháin á gcur san áireamh. Bheadh tomhaltóir ag súil de ghnáth le nuashonruithe a fháil ar feadh tréimhse chomh fada ar a laghad leis an tréimhse ar lena linn a bheidh dliteanas ar an díoltóir as easpa comhréireachta, agus i gcásanna áirithe, d’fhéadfadh an tréimhse a mbeadh an tomhaltóir ag súil go réasúnach léi a leathnú thar an tréimhse sin, de réir mar a bheadh i gceist, go háirithe i dtaca le nuashonruithe slándála. I gcásanna eile, mar shampla, maidir le hearraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, a bhfuil teorainn ama ag gabháil lena gcríoch, ba ghnách gur cheart oibleagáid an díoltóra nuashonruithe a sholáthar go dtí an t-am sin.

(32)

Tá sé tábhachtach marthanacht earraí níos faide a áirithiú ionas go mbainfear amach pátrúin tomhaltais níos inbhuanaithe agus geilleagar ciorclach. Ar an gcaoi chéanna, tá sé fíor-riachtanach earraí neamh-chomhlíontacha a choinneáil amach as margadh an Aontais tríd an bhfaireachas margaidh a neartú agus trí na dreasachtaí cuí a chur ar fáil d’oibreoirí eacnamaíocha chun go méadófar an iontaoibh as feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Chun na gcríoch sin, is í reachtaíocht tháirge-shonrach an Aontais an modh is iomchuí chun ceanglais maidir le marthanacht agus ceanglais eile atá bainteach le táirgí a thabhairt isteach i ndáil le cineálacha sonracha táirgí nó grúpaí sonracha táirgí, agus critéir oiriúnaithe á n-úsáid chun na críche sin. Dá bhrí sin, ba cheart an Treoir a bheith comhlántach leis na cuspóirí a leantar i reachtaíocht shonrach Aontais den sórt sin i dtaca le táirgí, agus ba cheart go n-áireofaí marthanacht inti mar chritéar oibiachtúil chun measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht earraí. Ba cheart go dtagródh marthanacht sa Treoir seo do chumas na n-earraí a bhfeidhmeanna a éilítear agus a bhfeidhmíocht a choinneáil trí ghnáthúsáid. Chun go mbeidh earraí i gcomhréir, ba cheart go mbeadh marthanacht ag gabháil leo ar gnách é d’earraí den saghas céanna agus ar féidir leis an tomhaltóir a bheith ag súil léi go réasúnach i bhfianaise chineál na n-earraí sonracha, lena n-áirítear an gá féideartha go ndéanfaí cothabháil réasúnach ar na hearraí, amhail iniúchadh tráthrialta nó athrú scagairí i ngluaisteán, agus aon ráiteas poiblí a dhéanann aon duine ar nasc é de chuid shlabhra na n-idirbheart nó a dhéantar thar ceann an duine sin. Ina theannta sin, ba cheart go n-áireofaí sa mheasúnú gach cúinse ábhartha eile, amhail praghas na n-earraí agus déine nó minicíocht na húsáide a bhainfeadh an tomhaltóir as na hearraí. Thairis sin, a mhéid a chuirtear faisnéis shonrach maidir le marthanacht in iúl in aon ráiteas réamhchonarthach ar cuid den chonradh díolacháin é, ba cheart don tomhaltóir a bheith in ann brath uirthi mar chuid de na ceanglais shuibiachtúla le haghaidh comhréireachta.

(33)

Faoin Treoir seo, ba cheart oibleagáid a bheith ar an díoltóir earraí a sheachadadh don tomhaltóir atá i gcomhréir tráth an tseachadta. D’fhéadfadh díoltóirí úsáid a bhaint as comhpháirteanna spártha chun go gcomhlíonfaidh siad a n-oibleagáid i dtaca le hearraí a dheisiú i gcás easpa comhréireachta a bhí ann tráth an tseachadta. Cé nár cheart leis an Treoir seo go dtabharfaí oibleagáid isteach ar dhíoltóirí chun infhaighteacht páirteanna spártha le linn tréimhse ama a áirithiú mar cheanglas oibiachtúil maidir le comhréireacht, níor cheart go ndéanfadh sin difear d’fhorálacha eile i ndlíthe náisiúnta a chuireann oibleagáid ar an díoltóir, ar an táirgeoir nó ar dhaoine eile ar naisc iad de chuid shlabhra na n-idirbheart a áirithiú go bhfuil comhpháirteanna spártha ar fáil nó tomhaltóirí a chur ar an eolas maidir leis an infhaighteacht sin.

(34)

Tá líon mór earraí tomhaltais ann a bheartaítear lena suiteáil sula bhféadfaidh an tomhaltóir úsáid éifeachtacht a bhaint astu. Thairis sin, i gcás earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, is gá suiteáil an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití de ghnáth chun go mbeidh an tomhaltóir in ann na hearraí sin a úsáid i gcomhréir lena gcríoch bheartaithe. Dá bhrí sin, maidir le haon easpa comhréireachta a eascraíonn as suiteáil mhícheart na n-earraí, lena n-áirítear suiteáil mhícheart an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití atá ionchorpraithe sna hearraí nó idirnasctha leo, ba cheart í a mheas mar easpa comhréireachta i gcás ina ndearna an díoltóir an tsuiteáil nó ina ndearnadh í faoi smacht an díoltóra. I gcás inar beartaíodh go suiteálfadh an tomhaltóir na hearraí, ba cheart easpa comhréireachta a eascraíonn as suiteáil mhícheart a mheas mar easpa comhréireachta na n-earraí gan beann ar an tsuiteáil a bheith déanta ag an tomhaltóir nó ag tríú páirtí faoi fhreagracht an tomhaltóra, más mar thoradh ar easnaimh sna treoracha suiteála a tharla an tsuiteáil mhícheart, ar easnaimh iad amhail neamhiomláine nó easpa soiléireachta, rud a chiallódh go mbeadh na treoracha suiteála deacair don ghnáth-thomhaltóir a úsáid.

(35)

Ba cheart don chomhréireacht fabhtanna san ábhar mar aon le fabhtanna dlíthiúla a chumhdach. D’fhéadfadh srianta a tharlaíonn de dheasca sárú a bheith á dhéanamh cearta tríú páirtí, go háirithe cearta maoine intleachtúla, cosc nó teorainn a chur le húsáid na n-earraí i gcomhréir leis an gconradh. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú sna cásanna sin go mbeidh an tomhaltóir i dteideal na leigheasanna ar easpa comhréireachta de réir mar a leagtar amach iad sa Treoir seo, mura bhforáiltear sa dlí náisiúnta do neamhniú an chonartha nó cealú an chonartha mar thoradh ar a shárú i gcásanna mar sin.

(36)

Chun dóthain solúbthachta sna rialacha a áirithiú, mar shampla i dtaca le díolachán earraí athláimhe, ba cheart go mbeadh na páirtithe in ann imeacht ó na ceanglais oibiachtúla le haghaidh comhréireachta dá dtagraítear sa Treoir seo. Níor cheart go mbeifí in ann imeacht ó na ceanglais sa chaoi sin ach amháin más rud é go raibh an tomhaltóir ar an eolas go sonrach faoi agus más rud é go nglacann an tomhaltóir leis sin ar leithligh ó ráitis nó comhaontuithe eile agus ar bhonn iompar gníomhach agus neamh-dhéchiallach.

(37)

Chun go gcuirfear feabhas ar dheimhneacht dhlíthiúil do thomhaltóirí agus do dhíoltóirí araon, is gá léiriú soiléir a bheith ann maidir leis an tráth ar cheart comhréireacht na n-earraí a mheas. Ba cheart gurbh é an tráth ábhartha chun measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht na n-earraí an tráth a seachadtar na hearraí. Ba cheart go mbeadh feidhm aige sin freisin maidir le hearraí a ionchorpraíonn ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach arna soláthar trí oibríocht aonair soláthair, nó atá idirnasctha leo. I gcás ina bhfuil an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach atá ionchorpraithe sna hearraí nó idirnasctha leo le soláthar go leanúnach thar thréimhse ama, áfach, níor cheart gur pointe ama ábhartha a bheadh i gceist leis an tráth chun críche comhréireacht eilimint sin an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití a shuí ach tréimhse ama, ag tosú tráth an tseachadta. Ar chúiseanna na deimhneachta dlíthiúla, ba cheart gurbh ionann an tréimhse ama sin agus an tréimhse ar lena linn a bheidh dliteanas ar an díoltóir as easpa comhréireachta.

(38)

Níor cheart go ndéanfaí rialú ar bhrí “seachadadh” leis an Treoir seo, ar ina leith ba cheart an rialú sin a fhágáil faoin dlí náisiúnta, go háirithe, tá feidhm aige sin maidir lena fháil amach faoina bhfuil le déanamh ag díoltóir chun go gcomhlíonfaí oibleagáid an díoltóra na hearraí a sheachadadh. Thairis sin, ba cheart tagairtí do thráth an tseachadta sa Treoir seo a bheith gan dochar do na rialacha maidir le riosca a aistriú dá bhforáiltear i dTreoir 2011/83/AE agus a chuirtear chun feidhme dá réir sin i ndlí náisiúnta na mBallstát.

(39)

Ba cheart a mheas go bhfuil earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha seachadta don tomhaltóir nuair a bheidh comhpháirt fhisiceach na n-earraí seachadta agus nuair a bheidh oibríocht aonair soláthair an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití déanta nó nuair a bheidh soláthar leanúnach an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití thar thréimhse ama tosaithe. Ciallaíonn sé sin gur cheart don díoltóir an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a chur ar fáil nó a dhéanamh inrochtana don tomhaltóir ar bhealach go mbeidh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach, nó aon mhodh oiriúnach lena n-íoslódáil nó a rochtain, tagtha chuig réimse an tomhaltóra agus nach bhfuil gá le gníomhaíocht bhreise ó thaobh an díoltóra de chun an tomhaltóir a chumasú an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a úsáid i gcomhréir leis an gconradh, mar shampla, trí nasc nó rogha íoslódála a sholáthar. Dá bhrí sin, ba cheart gurbh é an t-am ábhartha chun comhréireacht a shuí an t-am nuair a sholáthrófar an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach, má rinneadh an chomhpháirt fhisiceach a sheachadadh roimhe sin. Mar thoradh air sin, is féidir é a áirithiú go bhfuil pointe tosaithe aonfhoirmeach ag an tréimhse dhliteanais don chomhpháirt fhisiceach ar thaobh amháin agus don eilimint dhigiteach ar an taobh eile. Thairis sin, is minic, nach mbeidh an tomhaltóir in ann fabht sa chomhpháirt dhigiteach a thabhairt faoi deara go dtí go soláthrófar an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach.

(40)

Nuair is gá don díoltóir na hearraí a shuiteáil, d’fhéadfadh sé nach mbeadh an tomhaltóir in ann na hearraí a úsáid ná fabht a thabhairt faoi deara sula mbeidh an tsuiteáil críochnaithe. Dá réir sin, i gcás ina bhfuil na hearraí le suiteáil ag an díoltóir nó faoi fhreagracht an díoltóra faoin gconradh díolacháin, ba cheart a mheas na hearraí a bheith arna seachadadh don tomhaltóir nuair a bheidh an tsuiteáil críochnaithe.

(41)

D’fhonn deimhneacht dhlíthiúil do dhíoltóirí agus an mhuinín fhoriomlán atá ag tomhaltóirí as ceannacháin trasteorann a áirithiú, is gá foráil a dhéanamh maidir le tréimhse a mbíonn an tomhaltóir i dteideal leigheasanna lena linn as aon easpa comhréireachta atá ann ag an tráth atá ábhartha chun comhréireacht a shuí. Ós rud é go ndearna formhór na mBallstát foráil do thréimhse 2 bhliain le linn Treoir 1999/44/CE a bheith á cur chun feidhme agus go measann rannpháirtithe margaidh gur tréimhse réasúnach í sin i gcleachtas, ba cheart an tréimhse sin a choinneáil. Ba cheart feidhm a bheith ag an tréimhse chéanna i gcás earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha. I gcás ina ndéanfar foráil sa chonradh maidir le soláthar leanúnach thar thréimhse ama níos faide ná 2 bhliain, áfach, ba cheart don tomhaltóir a bheith i dteideal leigheasanna as aon easpa comhréireachta a bheith ann maidir leis an ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a tharlóidh nó ar léir gur ann di, laistigh den tréimhse ama ar lena linn a bheidh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a bheidh le soláthar faoin gconradh. Chun solúbthacht a áirithiú do na Ballstáit chun an leibhéal cosanta do thomhaltóirí a mhéadú ina ndlí náisiúnta, ba cheart go mbeadh saoirse ag na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le tréimhsí ama níos faide do dhliteanas an díoltóra ná na tréimhsí a leagtar síos sa Treoir seo.

(42)

Ar mhaithe le comhleanúnachas le córais dlí náisiúnta atá ann cheana, ba cheart an saoirse a bheith ag na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le dliteanas a bheith ar an díoltóir as easpa comhréireachta ar léir é laistigh de thréimhse shonrach ama, a d’fhéadfadh a bheith ceangailte le tréimhse theorann, nó maidir le leigheasanna an tomhaltóra a bheith faoi réir tréimhse teorann. Sa chéad chás díobh sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach dtéitear timpeall ar an tréimhse le haghaidh dhliteanas an díoltóra leis an tréimhse theorann le haghaidh leigheasanna an tomhaltóra. Cé nár cheart, dá bhrí sin, pointe tosaigh na dtréimhsí teorann náisiúnta a chomhchuibhiú leis an Treoir seo, ba cheart a áirithiú léi nach gcuirfear srian leis na tréimhsí sin le ceart na dtomhaltóirí a leigheasanna a fheidhmiú d’aon easpa comhréireachta a thiocfaidh chun solais i rith na tréimhse ar lena linn a bheidh an díoltóir faoi dhliteanas i leith easpa comhréireachta. Sa dara cás díobh sin, ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann tréimhse teorann a chothabháil nó a thabhairt isteach i gcomhair leigheasanna an tomhaltóra gan tréimhse shonrach a thabhairt isteach ina mbeadh gá ann gur léir an easpa comhréireachta chun go mbeadh dliteanas ar an díoltóir. Chun a áirithiú go bhfuil cosaint chomhchosúil ag na tomhaltóirí sna cásanna mar sin, ba cheart go n-áiritheodh na Ballstáit nuair nach mbíonn feidhm ach ag tréimhse theorann go mbeadh tomhaltóirí fós in ann na leigheasanna a fheidhmiú maidir le haon easpa comhréireachta ar léir í ar a laghad le linn na tréimhse ama dá bhforáiltear sa Treoir seo mar thréimhse dhliteanais.

(43)

Maidir le gnéithe áirithe, d’fhéadfadh údar cuí a bheith le caitheamh le hearraí athláimhe ar bhealach difriúil. Cé go dtugann tréimhse dhliteanais nó teorann 2 bhliain nó níos faide leasanna an díoltóra agus an tomhaltóra le chéile de ghnáth, d’fhéadfadh sé go mbeadh cás eile i gceist maidir le hearraí athláimhe. Dá bhrí sin, ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit na páirtithe a chumasú chun teacht ar chomhaontú maidir le tréimhse dhliteanais nó teorann ghiorraithe d’earraí den sórt sin. Tríd an gceist sin a fhágáil faoi chomhaontú conarthach idir na páirtithe, méadaítear an tsaoirse chonartha agus áirithítear gur cheart an tomhaltóir a chur ar an eolas faoi chineál an earra mar earra athláimhe agus faoin tréimhse dhliteanais nó teorann ghiorraithe. Níor cheart, áfach, tréimhse chomhaontaithe de réir conradh den sórt sin a bheith níos giorra ná 1 bliain amháin.

(44)

Níor cheart don Treoir rialú a dhéanamh ar cheist na gcoinníollacha faoinar féidir an tréimhse dhliteanais, mar a fhoráiltear sa Treoir seo, nó tréimhse theorann a chur ar fionraí nó faoinar féidir cur isteach orthu. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann foráil a dhéanamh maidir leis an tréimhse dhliteanais nó an tréimhse theorann a chur ar fionraí nó maidir le cur isteach orthu, mar shampla i gcás deisiú, athsholáthair nó caibidlíochtaí idir an díoltóir agus an tomhaltóir d’fhonn réiteach cairdiúil a bhaint amach.

(45)

Ar feadh tréimhse bliana, nó ar feadh tréimhse 2 bhliain, má roghnaíonn na Ballstáit tréimhse 2 bhliain a chur i bhfeidhm, níor cheart go mbeadh ar an tomhaltóir a chruthú ach amháin nach bhfuil an t-earra i gcomhréir, gan an gá a bheith ann freisin a chruthú gurbh ann don easpa comhréireachta an tráth ábhartha chun comhréireacht a shuí. Chun éileamh an tomhaltóra a bhréagnú, bheadh ar an díoltóir a chruthú nárbh ann don easpa comhréireachta an tráth sin. Thairis sin, i gcásanna áirithe d’fhéadfadh an toimhde gurbh ann don easpa comhréireachta an tráth ábhartha chun comhréireacht a shuí a bheith neamh-chomhoiriúnach le cineál na n-earraí nó le cineál na heaspa comhréireachta. D’fhéadfadh an chéad cheann díobh sin a bheith i gceist le hearraí a théann ó mhaith mar thoradh ar a gcineál, amhail táirgí somheata, mar shampla bláthanna, nó earraí nach bhfuil beartaithe ach i gcomhair úsáid amháin. Sampla den dara ceann díobh a bheadh ann ná easpa comhréireachta nach dtiocfadh ann ach mar thoradh ar ghníomhaíocht a rinne an tomhaltóir nó gníomhaíocht fhollasach sheachtrach a tharla tar éis sheachadadh na n-earraí chuig an tomhaltóir. Maidir le hearraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha i gcás ina ndéantar foráil do sholáthar leanúnach an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití, níor cheart go mbeadh ar an tomhaltóir a chruthú nach raibh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach i gcomhréir le linn na tréimhse ama lena mbaineann chun comhréireacht a shuí. Chun éileamh an tomhaltóra a bhréagnú, bheadh ar an díoltóir a chruthú go raibh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach i gcomhréir le linn na tréimhse sin.

(46)

Ba cheart a lamháil do na Ballstáit forálacha a chothabháil nó a thabhairt isteach lena sonraítear, chun leas a bhaint as cearta an tomhaltóra, nach mór don tomhaltóir an díoltóir a chur ar an eolas faoi easpa comhréireachta faoi cheann tréimhse nach lú ná 2 mhí ón dáta ar ar thug an tomhaltóir an easpa comhréireacha sin faoi deara. Ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit leibhéal cosanta níos airde a áirithiú don tomhaltóir mura dtabharfaidh siad isteach oibleagáid den sórt sin.

(47)

Chun deimhneacht dhlíthiúil a mhéadú agus chun ceann de na mórchonstaicí a dhíothú, lena gcuirfí srian ar an margadh inmheánach, ba cheart comhchuibhiú iomlán a dhéanamh ar na leigheasanna atá ar fáil don tomhaltóir ar easpa comhréireachta na n-earraí agus ar na coinníollacha faoina bhféadfaí na leigheasanna den sórt sin a fheidhmiú. Go háirithe, i gcás easpa comhréireachta, ba cheart teidlíocht a bheith ag tomhaltóirí go dtabharfaí na hearraí chun comhréireachta, nó go bhfaighidís laghdú comhréireach ar an bpraghas, nó go ndéanfaí an conradh a fhoirceannadh.

(48)

Maidir le na hearraí a thabhairt i gcomhréir, ba cheart don tomhaltóir rogha idir deisiú nó athsholáthar a theachtadh. Trína chur ar chumas na dtomhaltóirí deisiú a éileamh, ba cheart go spreagfaí an tomhaltas inbhuanaithe agus d’fhéadfaí rannchuidiú le marthanacht a bheadh níos mó i gcás táirgí. Níor cheart rogha an tomhaltóra idir deisiú agus athsholáthar a theorannú ach amháin i gcás ina mbeadh an rogha a dhéanfaí dodhéanta go dlíthiúil nó go fíorasach nó, go bhforchuirfeadh sí costais ar an díoltóir a bheadh díréireach, i gcomparáid leis an rogha eile a bheadh ar fáil. Mar shampla, d’fhéadfadh sé a bheith díréireach a iarraidh go ndéanfaí earraí a athsholáthar mar gheall ar scríobadh beag i gcás ina gcruthódh an t-athsholáthar sin costais shuntasacha agus gurbh fhurasta an scríobadh a dheisiú.

(49)

Ba cheart go mbeadh an díoltóir in ann diúltú na hearraí a thabhairt i gcomhréir más dodhéanta iad a dheisiú nó a athsholáthar nó dá bhforchuirfí costais dhíréireacha ar an díoltóir dá mbarr. Ba cheart feidhm a bheith ag an méid céanna más dodhéanta deisiú nó athsholáthar agus dá bhforchuirfí costais dhíréireacha ar an díoltóir de thoradh an leighis mhalartaigh. Mar shampla, má tá earraí lonnaithe in áit atá difriúil ón áit inar seachadadh iad ar dtús, d’fhéadfadh costais an phoist agus an iompair a bheith díréireach don díoltóir.

(50)

Nuair a thagann easpa comhréireachta chun cinn, ba cheart don tomhaltóir é sin a chur in iúl don díoltóir chun an deis a thabhairt don díoltóir an t-earra a thabhairt chun comhréireachta. Ba cheart don díoltóir é sin a dhéanamh laistigh de thréimhse réasúnach ama. Dá réir sin, níor cheart, i bprionsabal, go mbeadh an tomhaltóir i dteideal laghdú a fháil ar an bpraghas nó an conradh a fhoirceannadh ach ba cheart don tomhaltóir tréimhse réasúnta a thabhairt don díoltóir chun an t-earra neamhchomhréireach a dheisiú nó a ionadú. I gcás nach bhfuil an t-earra deisithe nó athsholáthraithe ag an díoltóir laistigh den tréimhse sin, ba cheart go mbeadh an tomhaltóir i dteideal laghdú ar an bpraghas a éileamh agus a bhrú tríd nó an conradh a fhoirceannadh gan a bheith ag feitheamh níos mó.

(51)

I gcás nár tugadh le deisiú nó athsholáthar leigheas ceart don tomhaltóir ar an easpa comhréireachta, ba cheart go mbeadh an tomhaltóir i dteideal laghdú ar an bpraghas nó an conradh a fhoirceannadh. Ba cheart gurb é sin an cás, go háirithe, nuair nach bhfuil deisiú nó athsholáthar curtha i gcrích ag an díoltóir nó is léir ó na himthosca nach dtabharfaidh an díoltóir an deisiú nó an t-athsholáthar i gcrích, nó gur dhiúltaigh an díoltóir na hearraí a thabhairt chun comhréireachta toisc go bhfuil deisiú agus athsholáthar dodheánta nó go gcuirfidís costais dhíréireacha ar an díoltóir.

(52)

I gcásanna áirithe d’fhéadfaí údar cuí a bheith ann gur cheart an tomhaltóir a bheith i dteideal praghas laghdaithe a bheith acu nó an conradh a fhoirceannadh láithreach. I gcás ina bhfuil gníomhaíocht déanta ag an díoltóir chun na hearraí a thabhairt chun comhréireachta ach go dtagann easpa comhréireachta chun cinn ina dhiaidh sin, ba cheart a fhionnadh go hoibiachtúil cibé acu ba cheart nó nár cheart don tomhaltóir glacadh le hiarrachtaí breise ag an díoltóir maidir leis na hearraí a thabhairt chun comhréireachta, agus imthosca uile an cháis á gcur san áireamh amhail cineál agus luach na n-earraí, chomh maith le nádúr agus suntasacht na heaspa comhréireachta. Go háirithe, le haghaidh earraí costasacha agus casta d’fhéadfaí údar cuí a bheith ann a lamháil don díoltóir a iarracht eile a dhéanamh an easpa comhréireachta a leigheas. Ba cheart a chur san áireamh freisin an amhlaidh gur féidir a bheith ag súil leis go leanfadh an tomhaltóir de mhuinín a bheith aige as cumas an díoltóra na hearraí a thabhairt chun comhréireachta nó nach féidir, mar shampla toisc go dtagann an fhadhb chéanna chun cinn faoi dhó. Ar an gcaoi chéanna, i gcásanna áirithe, d’fhéadfadh an easpa comhréireachta a bheith de chineál tromchúiseach sa chaoi nach féidir leis an tomhaltóir muinín a bheith aige as cumas an díoltóra na hearraí a thabhairt chun comhréireachta. D’fhéadfadh an cás a bheith amhlaidh nuair a bhíonn tionchar tromchúiseach ag an easpa comhréireachta ar chumas an tomhaltóra gnáthúsáid a bhaint as na hearraí agus nuair nach féidir a bheith ag súil leis go leanfadh an tomhaltóir de mhuinín a bheith aige go leigheasfaí an fhadhb trí na hearraí a dheisiú nó a athsholáthar.

(53)

Chun cothromaíocht idir cearta agus oibleagáidí na bpáirtithe conarthacha a choimeád, níor cheart go mbeadh an ceart ag an tomhaltóir an conradh a fhoirceannadh ach amháin mura bhfuil mioneaspa comhréireachta i gceist.

(54)

Ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann rialáil a dhéanamh ar na coinníollacha faoinar féidir le duine eile feidhmíocht an fhéichiúnaí a chomhlíonadh, mar shampla na coinníollacha faoinar féidir leis an tomhaltóir nó le triú páirtí oibleagáid an díoltóra maidir le hearra a dheisiú a dhéanamh, ar chostas an díoltóra.

(55)

Chun tomhaltóirí a chosaint in aghaidh riosca moilleanna fada, ba cheart go mbeadh aon deisiú nó athsholáthar tugtha chun críche go rathúil laistigh de thréimse ama réasúnta. Ba cheart go mbeadh an rud a mheastar mar thréimhse réasúnach ama ag teacht leis an tréimhse ama is giorra agus is féidir chun an deisiú nó an t-athsholáthar a thabhairt chun críche. Ba cheart an tréimhse ama sin a chinneadh go hoibiachtúil i bhfianaise chineál agus chastacht na n-earraí, chineál agus dhéine na heaspa comhréireachta, agus na hiarracht atá ag teastáil chun deisiú nó athsholáthar a thabhairt chun críche. Agus an Treoir seo á cur chun feidhme, ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann coincheap na tréimhse réasúnaí ama le haghaidh deisiú nó athsholáthar a thabhairt chun críche a léirmhíniú, trí fhoráil a dhéanamh do thréimhsí áirithe ama, ar tréimhsí iad a d’fhéadfaí a mheas a bheith réasúnta le haghaidh deisiú nó athsholáthair, go háirithe maidir le catagóirí táirgí sonracha.

(56)

Níor cheart don Treoir seo forálacha maidir le cásanna inar gá oibleagáidí an fhéichiúnaí a chomhlíonadh a leagan síos. Dá bhrí sin, níor cheart go ndéanfaí leis an Treoir seo áit seachadta a shainmhíniú ná an áit inar cheart an deisiú nó an t-athsholáthar a dhéanamh a fhorordú, agus ba cheart go mbeadh ceisteanna den chineál sin fágtha faoin dlí náisiúnta.

(57)

I gcás ina dtugann an díoltóir an t-earra chun comhréireachta trí athsholáthar, níor cheart oibleagáid a bheith ar an tomhaltóir íoc as gnáthúsáid na n-earraí sular athsholáthraíodh iad. Ba cheart úsáid na n-earraí a mheas mar ghnáthúsáid earraí nuair a úsáidtear iad i gcomhréir le cineál agus le críoch na n-earraí.

(58)

Ionas go mbeidh an ceart chun conradh a fhoirceannadh éifeachtach do thomhaltóirí, i gcásanna ina bhfaigheann an tomhaltóir go leor earraí agus nach bhfuil tionchar ag an easpa comhréireachta ach amháin ar chuid de na hearraí arna seachadadh faoin chonradh, ba cheart go mbeadh an ceart ag an tomhaltóir an conradh a fhoirceannadh maidir leis na hearraí eile arna bhfáil le chéile leis na hearraí neamh-chomhréireacha, fiú má tá na hearraí sin i gcomhréir, mura féidir a bheith ag súil le réasún go nglacfadh an tomhaltóir le bheith in ann na hearraí comhréireacha amháin a choimeád.

(59)

I gcás ina ndéanann an tomhaltóir an conradh a fhoirceannadh mar gheall ar easpa comhréireachta, níor cheart go ndéanfaí leis an Treoir seo ach príomhéifeachtaí agus modúlachtaí an chirt chun foirceannadh a fhorordú, go háirithe an oibleagáid atá ar na páirtithe an méid a fuair siad a thabhairt ar ais. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh oibleagáid ar an trádálaí an praghas a fuair sé ón tomhaltóir a aisíoc agus ba cheart go dtabharfadh an tomhaltóir na hearraí ar ais.

(60)

Ní dhéanfaidh an Treoir seo difear do shaoirse go rialóidh na Ballstáit na hiarmhairtí a bhaineann le foirceannadh conartha seachas na cinn dá bhforáiltear sa Threoir seo, amhail iarmhairtí an laghdaithe ar luach na n-earraí, nó a scriosadh nó a gcaillteanas. Ba cheart go mbeadh sé de shaoirse ag na Ballstáit modúlachtaí aisíocaíochta an phraghais a rialáil don tomhaltóir, mar shampla na modúlachtaí a bhaineann leis na modhanna a úsáidtear le haghaidh a leithéid d’aisíocaíocht nó na costais agus na táillí féideartha a thabhaítear mar thoradh ar an aisíocaíocht. Ba cheart an tsaoirse a bheith ag Ballstáit freisin, mar shampla, foráil a dhéanamh do theorainneacha ama áirithe le haghaidh aisíocaíocht an phraghais nó thabhairt ar ais na n-earraí.

(61)

Is gné riachtanach de chonarthaí díolacháin é an prionsabal a bhaineann le dliteanas an díoltóra i leith damáistí. Dá bhrí sin, ba cheart don tomhaltóir a bheith i dteideal cúiteamh a éileamh as díobháil mar thoradh ar shárú a rinne an díoltóir ar fhorálacha na Treorach seo, lena n-áirítear le haghaidh damáistí a bhain don tomhaltóir de thoradh easpa comhréireachta. Leis an gcúiteamh sin, ba cheart go mbeadh imthosca an tomhaltóra mar an gcéanna, a oiread agus is féidir, amhail is dá mbeadh na hearraí i gcomhréireacht. Ós rud é go n-áirithítear an ceart sin i leith damáistí i ngach Ballstát cheana, ba cheart an Treoir seo a bheith gan dochar do rialacha náisiúnta maidir le cúiteamh tomhaltóirí as díobháil a rinneadh de thoradh sárú ar na rialacha sin. Ba cheart go mbeadh sé de shaoirse ag na Ballstáit freisin teidlíocht an tomhaltóra chun cúitimh a rialáil i gcásanna inar cruthaíodh aon mhíchaoithiúlacht leis an deisiú nó leis an athsholáthar nó má bhí moill air.

(62)

Chun trédhearcacht a áirithiú, ba cheart go soláthrófaí ceanglais trédhearcachta áirithe maidir le ráthaíochtaí tráchtála, i dteannta ceanglas faisnéise réamhchonarthaí maidir le coinníollacha na ráthaíochtaí tráchtála a leagtar amach i dTreoir 2011/83/AE. Ina theannta sin, chun deimhneacht dhlíthiúil a fheabhsú agus chun nach gcuirfear tomhaltóirí amú, ba cheart go ndéanfaí foráil leis an Treoir seo go mbeadh forlámhas ag na coinníollacha is buntáistí i gcás gur fabhraí don tomhaltóir na coinníollacha ráthaíochta tráchtála atá i bhfógraí gaolmhara ná an chuid a áirítear sa ráiteas ráthaíochta. Ar deireadh, ba cheart leis an Treoir seo rialacha a chur ar fáil maidir le hábhar ráiteas na ráthaíochta agus leis an gcaoi ar cheart é a chur ar fáil do thomhaltóirí. Mar shampla, ba cheart go n-áireodh an ráiteas ráthaíochta na ráthaíochta tráchtála agus go luafadh sé nach bhfuil tionchar ag an ráthaíocht tráchtála ar an ráthaíocht dhlíthiúil um chomhréireacht, lena soiléirítear go bhfuil téarmaí na ráthaíochta tráchtála sa bhreis ar an ráthaíocht dhlíthiúil um chomhréireacht. Ba cheart é a bheith de shaoirse ag na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir le gnéithe a bhaineann le ráthaíochtaí tráchtála nach gcumhdaítear leis an Treoir seo, mar shampla an fhéidearthacht féichiúnaithe, seachas an ráthóir, a cheangal leis an ráthaíocht tráchtála, ar choinníoll nach mbainfeadh na rialacha sin de thomhaltóirí an chosaint a dtugtar dóibh leis na forálacha lán-chomhchuibhithe maidir le ráthaíochtaí tráchtála sa Treoir seo. Cé gur cheart go mbeadh sé fós de shaoirse ag na Ballstáit a chinneadh gur gá ráthaíochtaí tráchtála a bheith curtha ar fáil saor in aisce, ba cheart dóibh a áirithiú go ndéanann aon ghealltanas a thugann an díoltóir, a thagann faoi shainmhíniú na ráthaíochtaí tráchtála a leagtar síos sa Treoir seo, rialacha comhchuibhithe na Treorach seo a chomhlíonadh.

(63)

De bhrí go bhfuil an díoltóir faoi dhliteanas i leith an tomhaltóra maidir le haon easpa comhréireachta sna hearraí de dheasca ghníomh nó neamhghníomh an díoltóra nó ag tríú páirtí, tá údar maith ann go bhféadfadh an díoltóir leigheasanna a lorg i leith an duine fhreagraigh a bhí páirteach i naisc roimhe seo de shlabhra na n-idirbheart. Ba cheart leigheasanna den sórt sin ar easpa comhréireachta atá mar thoradh ar neamhghníomh nuashonraithe a bheith san áireamh leis sin, lena n-áirítear nuashonrúchán slándála, a bheadh riachtanach chun na hearraí le gnéithe digiteacha a choimeád i gcomhréireacht. Níor cheart don Treoir seo difear a dhéanamh do phrionsabal na saoirse conarthaí idir an díoltóir agus páirtithe eile i slabhra na n-idirbheart, áfach. Ba cheart do na Ballstáit na sonraí a sholáthar maidir le feidhmiú an chirt sin, go háirithe maidir leis an duine a ndéanfar na leigheasanna sin a lorg ina leith agus an chaoi a ndéanfar iad a lorg agus cibé acu atá nó nach bhfuil na leigheasanna sin éigeantach ó thaobh cineáil de. Ní rialaítear leis an Treoir seo an cheist an bhféadfadh an tomhaltóir éileamh a dhéanamh i gcoinne duine ag naisc roimhe seo de shlabhra na n-idirbheart, seachas amháin sna cásanna ina dtáirgeann an táirgeoir ráthaíocht tráchtála le haghaidh na n-earraí don tomhaltóir.

(64)

Daoine nó eagraíochtaí a meastar faoin dlí náisiúnta go bhfuil leas dlisteanach acu maidir le cearta conarthacha tomhaltóirí a chosaint, ba cheart an ceart a thabhairt dóibh imeachtaí a thionscnamh, os comhair cúirte nó os comhair údarás riaracháin atá inniúil ar chinneadh a dhéanamh i dtaobh gearán nó inniúil ar imeachtaí dlíthiúla iomchuí a thionscnamh.

(65)

Níor cheart do rud ar bith sa Treoir seo dochar a dhéanamh do chur i bhfeidhm rialacha an dlí idirnáisiúnta phríobháidigh, go háirithe Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7).

(66)

Ba cheart Treoir 1999/44/CE a aisghairm. Ba cheart dáta na haisghairme a ailíniú le dáta trasuite na Treorach seo. D’fhonn a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm, go haonfhoirmeach, na rialacha, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá a bheith ann le go mbeidh na Ballstáit in ann an Treoir seo a chomhlíonadh i leith conarthaí a thabharfar i gcrích tar éis dháta an trasuite ar aghaidh, níor cheart go mbeadh feidhm ag an Treoir seo maidir le conarthaí a tugadh i gcrích roimh dháta a trasuite.

(67)

Ba cheart Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) a leasú chun tagairt don Treoir seo a áireamh ionas go n-éascófar an comhar trasteorann maidir le forfheidhmiú na Treorach seo.

(68)

Ba cheart Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 2009/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) a leasú chun tagairt don Treoir seo a áireamh ionas go n-áiritheofar go ndéanfar na comhleasanna tomhaltóirí a leagtar amach sa Treoir seo a chosaint.

(69)

I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin (10), ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an gaol idir codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na n-ionstraimí náisiúnta trasuite. I ndáil leis an Treoir seo, measann an reachtóir go bhfuil údar cuí le doiciméid den sórt sin a thraschur.

(70)

Ós rud é, maidir le cuspóirí na Treorach seo, eadhon rannchuidiú le feidhmiú an mhargaidh aonair trí dhul i ngleic ar bhealach comhsheasmhach le bacainní a bhaineann le dlí na gconarthaí i ndáil le díolacháin earraí trasteorann san Aontas, a ghnóthú go leordhóthanach, toisc nach bhfuil gach Ballstát go leithleach in ann dul i ngleic leis an ilroinnt dhlíthiúil atá ann cheana trí chomhleanúnachas idir a dlí agus dlí Ballstát eile a dheimhniú. Is fearr is féidir cuspóirí na Treorach seo a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, trí phríomhbhacainní a bhaineann le dlí na gconarthaí a bhaint trí chomhchuibhiú iomlán. Dá bhrí sin, d’fhonn cuspóirí na Treorach a bhaint amach, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(71)

Is iomchuí don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na Treorach seo 5 bliana tar éis di teacht i bhfeidhm, lena n-áirítear go háirithe na forálacha maidir le leigheasanna, dualgas cruthúnais — agus maidir le hearraí athláimhe chomh maith le hearraí a dhíoltar ag ceantanna poiblí — agus ráthaíocht tráchtála an táirgeora i leith marthanachta. Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh freisin ar cibé acu a áirithíonn nó nach n-áirithíonn cur chun feidhme na Treorach seo agus Threoir (AE) 2019/770 creat dlíthiúil atá comhsheasmhach agus comhleanúnach maidir le hábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha agus earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a sholáthar.

(72)

Leis an Treoir seo, urramaítear cearta agus saoirsí bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear, go háirithe, i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear iad sin a chumhdaítear in Airteagail 16, 38 agus 47 di,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus cuspóir

Is é is cuspóir don Treoir seo rannchuidiú le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh ach, ag an am céanna, foráil a dhéanamh maidir le hardleibhéal cosanta do thomhaltóirí trí rialacha comhchoiteanna a leagan síos i ndáil le ceanglais áirithe a bhaineann le conarthaí díolacháin arna dtabhairt i gcrích idir díoltóirí agus tomhaltóirí, go háirithe rialacha maidir le comhréireacht na n-earraí leis an gconradh, leigheasanna i gcás easpa comhréireachta den chineál sin, na modúlachtaí le haghaidh fheidhmiú na leigheasanna sin, agus ráthaíochtaí tráchtála.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “conradh díolacháin” aon chonradh ar faoina bhun a aistríonn an díoltóir úinéireacht earraí nó a gheallann sé úinéireacht earraí a aistriú do thomhaltóir, agus a íocann an tomhaltóir an praghas, nó a gheallann sé an praghas a íoc, i leith an aistrithe úinéireachta sin;

(2)

ciallaíonn “tomhaltóir” aon duine nádúrtha atá ag gníomhú, i ndáil le conarthaí a chumhdaítear leis an Treoir seo, chun críocha nach bhfuil aon bhaint acu le trádáil, gnó, ceird nó gairm an duine sin;

(3)

ciallaíonn “díoltóir” aon duine nádúrtha nó duine dlítheanach, gan beann ar é a bheith faoi úinéireacht phríobháideach nó phoiblí, atá ag gníomhú, lena n-áirítear trí aon duine eile atá ag gníomhú faoi ainm an duine nadúrtha nó an duine dlíthiúil sin, nó thar cheann an duine sin, chun críocha a bhfuil baint acu le trádáil an duine sin, lena ghnó, lena cheird nó lena ghairm, i ndáil le conarthaí a chumhdaítear leis an Treoir seo;

(4)

ciallaíonn “táirgeoir” monaróir earraí, allmhaireoir earraí chuig an Aontas nó aon duine a airbheartaíonn gur táirgeoir é nó í trí a ainm nó a hainm, trádmharc, nó aon sainchomhartha eile a chur ar na hearraí;

(5)

ciallaíonn “earraí”:

(a)

aon ítimí sochorraithe inláimhsithe; measfar uisce, gás agus leictreachas mar earraí de réir bhrí na Treorach seo i gcás ina gcuirtear iad ar díol i méid teoranta nó i gcainníocht sheasta iad;

(b)

ítimí sochorraithe inláimhsithe lena n-ionchorpraítear ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach nó a bhíonn idirnasctha leis nó léi sa chaoi agus go gcuirfeadh easpa an ábhair dhigitigh sin nó na seirbhíse digití sin cosc ar a bhfeidhmeanna a bheith á gcomhlíonadh ag na hearraí (“earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha”);

(6)

ciallaíonn “ábhar digiteach” sonraí a tháirgtear agus a sholáthraítear i bhfoirm dhigiteach;

(7)

ciallaíonn “seirbhís dhigiteach”:

(a)

seirbhís lenar féidir leis an tomhaltóir sonraí a chruthú, a phróiseáil, a stóráil nó a rochtain i bhfoirm dhigiteach; nó

(b)

seirbhís lenar féidir sonraí a chomhroinnt nó aon idirghníomhaíocht eile a dhéanamh le sonraí i bhfoirm dhigiteach arna n-uaslódáil nó arna gcruthú ag an tomhaltóir nó ag úsáideoirí eile na seirbhíse sin;

(8)

ciallaíonn “comhoiriúnacht” cumas na n-earraí feidhmiú le crua-earraí nó bogearraí lena ndéantar earraí den chineál céanna a úsáid de ghnáth, gan an gá a bheith leis na hearraí, na crua-earraí nó na bogearraí a thiontú;

(9)

ciallaíonn “feidhmiúlacht” cumas na n-earraí a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh ag féachaint dá n-aidhm;

(10)

ciallaíonn “idir-inoibritheacht” cumas na n-earraí feidhmiú le crua-earraí nó bogearraí atá difriúil ó na cinn a úsáidtear de ghnáth le hearraí den chineál céanna;

(11)

ciallaíonn “meán marthanach” aon ionstraim lenar féidir leis an tomhaltóir nó leis an díoltóir faisnéis a díríodh chuig an duine sin é féin nó í a stóráil ar bhealach inrochtana lena húsáid amach anseo go ceann tréimhse a bheidh leordhóthanach chun críocha na faisnéise sin agus ionas gur féidir an fhaisnéis atá stóráilte a atáirgeadh gan í a athrú;

(12)

ciallaíonn “ráthaíocht tráchtála” aon ghealltanas a thugann an díoltóir nó táirgeoir (an ráthóir) don tomhaltóir, i dteannta oibleagáid dhlíthiúil an díoltóra i leith na ráthaíochta maidir le comhréireacht, go ndéanfaidh sé an praghas a íocadh a aisíoc nó go malartóidh, go ndeiseoidh nó go seirbhíseoidh sé earraí ar bhealach ar bith mura gcomhlíonann siad na sonraíochtaí nó aon cheanglais eile nach mbaineann le comhréireacht arna leagan amach i ráiteas na ráthaíochta nó san fhógraíocht ábhartha a bhí ar fáil tráth ar tugadh an conradh i gcrích nó roimhe sin;

(13)

ciallaíonn “marthanacht” cumas na n-earraí a bhfeidhmeanna riachtanacha agus a bhfeidhmíocht a chothabháil trí ghnáthúsáid;

(14)

ciallaíonn “saor in aisce” saor ó na costais riachtanacha a thabhaítear chun na hearraí a thabhairt chun comhréireachta, go háirithe an costas postais, iompair, saothair nó ábhar;

(15)

ciallaíonn “ceant poiblí” modh díola ina dtairgeann an díoltóir earraí nó seirbhísí do thomhaltóirí, atá i láthair nó a bhfuil an deis acu a bheith i láthair iad féin ag an gceant, trí nós imeachta trédhearcach iomaíoch tairisceana atá á reáchtáil ag ceantálaí agus ina gceanglaítear ar an tairgeoir a n-éiríonn leis na hearraí nó seirbhísí a cheannach.

Airteagal 3

Raon feidhme

1.   Beidh feidhm ag an Treoir seo maidir le conarthaí díolacháin idir an tomhaltóir agus an díoltóir.

2.   Measfar freisin gur conarthaí díolacháin iad conarthaí idir an tomhaltóir agus an díoltóir chun earraí atá le monarú nó le táirgeadh chun críche na Treorach seo.

3.   Ní bheidh feidhm ag an Treoir seo maidir le conarthaí le haghaidh ábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha a sholáthar. Beidh feidhm ag an Treoir seo, áfach, maidir le hábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha a ionchorprófar in earraí nó a dhéanfar a idirnascadh le hearraí de réir bhrí phointe (5)(b) d’Airteagal 2 agus a ndéanfar na hearraí sin a sholáthar dóibh faoi chonradh díolacháin, gan beann ar an soláthróidh an díoltóir nó tríú páirtí an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach sin. I gcás ina mbeifear in amhras an ionann soláthar ábhair dhigitigh nó seirbhíse digití ionchorpraithe nó idirnasctha agus an chuid den chonradh díolacháin, measfar an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a bheith clúdaithe faoin gconradh díolacháin.

4.   Ní bheidh feidhm ag an Treoir seo maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

aon mheán inláimhsithe a fheidhmeoidh go heisiach mar iompróir ábhair dhigitigh; nó

(b)

nithe a dhíolfar trí fhorghníomhú nó ar dhóigh eile le húdarás an dlí.

5.   Féadfaidh na Ballstáit conarthaí maidir leis na nithe seo a leanas a eisiamh ó raon feidhme na Treorach seo:

(a)

díolachán earraí athláimhe a díoladh ag ceant poiblí; agus

(b)

ainmhithe beo.

Sa chás dá dtagraítear i bpointe (a), beidh faisnéis shoiléir agus chuimsitheach ar fáil go héasca do thomhaltóirí nach mbeidh feidhm ag na cearta a eascraíonn ón Treoir seo ina leith.

6.   Ní dhéanfaidh an Treoir seo difear do shaoirse na mBallstát go rialóidh gnéithe ginearálta de dhlí na gconarthaí, amhail rialacha maidir le foirmiú, bailíocht, neamhniú nó éifeachtaí conarthaí, lena n-áirítear na hiarmhairtí a bhaineann le foirceannadh conartha sa mhéid is nach rialaítear iad leis an Treoir seo, ná don cheart chun damáistí.

7.   Ní dhéanfaidh an Treoir seo difear do shaoirse na mBallstát ligean don tomhaltóir leigheas sonrach a roghnú más léir laistigh de thréimhse ghearr tar éis iad a sheachadadh, ar tréimhse í nach rachaidh thar 30 lá, go bhfuil easpa comhréireachta ann maidir leis na hearraí. Ina theanta sin, ní dhéanfaidh an Treoir seo difear do rialacha náisiúnta nach bhfuil sonrach do chonarthaí tomhaltóirí lena ndéantar foráil do leigheasanna sonracha le haghaidh cineálacha fabhtanna dlíthiúla áirithe nár léir go raibh siad ann tráth ar cuireadh an conradh díolacháin i gcrích.

Airteagal 4

Leibhéal an chomhchuibhithe

Ní choimeádfaidh na Ballstáit forálacha ina ndlí náisiúnta ná ní thabharfaidh siad forálacha isteach ina ndlí náisiúnta, ar forálacha iad nach bhfuil i gcomhréir leis na cinn a leagtar síos sa Treoir seo, lena n-áirítear forálacha a bheadh níos déine nó nach mbeadh chomh dian céanna chun leibhéal éagsúil cosanta tomhaltóra a áirithiú, mura bhforáiltear dá mhalairt sa Treoir seo.

Airteagal 5

Comhréireacht na n-earraí

Déanfaidh an díoltóir earraí a sholáthar don tomhaltóir lena gcomhlíonfar ceanglais a leagtar amach in Airteagail 6, 7 agus 8, i gcás inarb infheidhme, gan dochar d’Airteagal 9.

Airteagal 6

Ceanglais shuibiachtúla le haghaidh comhréireachta

Chun a bheith i gcomhréir leis an gconradh díolacháin, maidir leis hearraí, go háirithe, i gcás inarb infheidhme:

(a)

beidh an tuairisc, an cineál, an chainníocht agus an cháilíocht, agus an fheidhmiúlacht, an chomhoiriúnacht, an idir-inoibritheacht agus na gnéithe eile acu mar a cheanglaítear leis an gconradh díolacháin;

(b)

beidh siad oiriúnach d’aon fheidhm shonrach a dteastaíonn siad ón tomhaltóir ina leith agus a chuir an tomhaltóir in iúl don díoltóir ar a dhéanaí tráth ar tugadh an conradh díolacháin i gcrích agus a bhfuil glactha leis ag an díoltóir;

(c)

seachadfar iad mar aon leis na comhghabhálais uile agus le haon treoracha, lena n-áirítear maidir le suiteáil, de réir mar a shonraítear sa chonradh díolacháin; agus

(d)

tabharfar nuashonrú mar a shonraítear sa chonradh díolacháin.

Airteagal 7

Ceanglais oibiachtúla le haghaidh comhréireachta

1.   Sa bhreis ar a bheith i gcomhréireacht le haon cheanglas suibiachtúil comhréireachta a shonraítear sa chonradh, maidir leis na hearraí:

(a)

beidh siad oiriúnach do na críocha is gnách a mbainfí úsáid as earraí den chineál céanna ina leith, agus, i gcás inarb infheidhme, aon dlí an Aontais agus aon dlí náisiúnta atá ann cheana, aon chaighdeáin theicniúla atá ann cheana, nó, in éagmais na gcaighdeán teicniúil sin, aon chóid iompair tionscail is infheidhme a bhaineann le hearnálacha sonracha á gcur san áireamh;

(b)

i gcás inarb iomchuí, beidh an cháilíocht sna hearraí atá sa sampla nó sa tsamhail sin agus freagróidh siad don tuairisc ar an sampla nó ar an tsamhail sin, ar sampla nó samhail é nó í a chur an díoltóir ar fáil don tomhaltóir sular tugadh an conradh i gcrích;

(c)

i gcás inarb iomchuí, beidh siad á seachadadh i dteannta na ngabhálas sin, lena n-áirítear pacáistiú, treoracha suiteála nó treoracha eile, ar treoracha iad a bhféadfadh an tomhaltóir a bheith ag súil le réasún lena bhfáil; agus

(d)

beidh an chainníocht agus na cáilíochtaí agus na gnéithe eile acu, lena n-áirítear maidir le marthanacht, feidhmiúlacht, comhoiriúnacht agus slándáil, a fhaightear de ghnáth i gcomhair earraí den chineál céanna agus a bhféadfadh an tomhaltóir a bheith ag súil leo le réasún, ag féachaint do chineál na n-earraí agus i bhfianaise aon ráitis phoiblí arna dhéanamh ag an díoltóir nó ag daoine eile thar ceann an díoltóra, nó ag daoine eile i naisc roimhe seo de shlabhra na n-idirbheart, lena n-áirítear an táirgeoir, go háirithe san fhógraíocht nó ar lipéadú.

2.   Ní bheidh an díoltóir faoi cheangal ag ráitis phoiblí, dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 1 má léiríonn an díoltóir an méid seo a leanas:

(a)

nach raibh an díoltóir ar an eolas faoin ráiteas a bhí i gceist ná nach bhféadfadh sé, le réasún, a bheith ar an eolas faoi;

(b)

tráth tugtha chun críche an chonartha, go ndearnadh an ráiteas poiblí a cheartú ar an tslí chéanna, nó ar shlí atá inchomparáide leis an tslí a ndearnadh é; nó

(c)

nach bhféadfadh tionchar a bheith ag an ráiteas ar an gcinneadh na hearraí a cheannach.

3.   I gcás na n-earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, déanfaidh an díoltóir a áirithiú go gcuirfear an tomhaltóir ar an eolas faoi nuashonruithe, lena n-áirítear nuashonruithe slándála, ar nuashonruithe iad is gá chun na hearraí den chineál sin a choinneáil i gcomhréireacht, ar feadh na tréimhse ama:

(a)

go bhféadfaidh an tomhaltóir a bheith ag súil léi le réasún, ag féachaint do chineál agus cuspóir na n-earraí agus na n-eilimintí digiteacha, agus imthosca agus cineál an chonartha á gcur san áireamh, i gcás ina ndéanfar foráil sa chonradh díolacháin maidir le hoibríocht aonair soláthair i dtaca leis an ábhar digiteach agus an tseirbhís dhigiteach; nó

(b)

a léirítear in Airteagal 10(2) nó in Airteagal (5), de réir mar is infheidhme, i gcás ina ndéantar foráil sa chonradh díolacháin do sholáthar leanúnach maidir leis an ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach thar thréimhse ama.

4.   I gcás ina mainneoidh an tomhaltóir nuashonraithe a soláthraíodh i gcomhréir le mír 3 a shuiteáil laistigh de thréimhse réasúnta ama, ní bheidh an díoltóir faoi dhliteanas maidir le haon easpa comhréireachta a thiocfaidh as easpa an nuashonraithe ábhartha agus as é sin amháin, ar choinníoll:

(a)

gur chuir an díoltóir an tomhaltóir ar an eolas faoi infhaighteacht an nuashonraithe agus na n-iarmhairtí a bhainfeadh le mainneachtain an tomhaltóra é a shuiteáil; agus

(b)

nárbh ann do mhainneachtain an tomhaltóra maidir leis an suiteáil nó maidir le suiteáil mhícheart an nuashonraithe ag an tomhaltóir mar thoradh ar easnaimh sna treoracha suiteála a soláthraíodh don tomhaltóir.

5.   Ní bheidh aon easpa comhréireachta ann de réir bhrí mhír 1 nó mhír 3 más rud é, tráth ar tugadh an conradh i gcrích, gur cuireadh an tomhaltóir ar an eolas go sonrach go raibh tréith ar leith de na hearraí ag imeacht ón gcuspóir maidir leis na ceanglais chomhréireachta a leagtar síos i mír 1 nó i mír 3 agus go raibh glactha go sainráite agus go leithleach leis an diallas sin ag an tomhaltóir agus an conradh díolacháin á thabhairt i gcrích.

Airteagal 8

Suiteáil mhícheart na n-earraí

Measfar gur easpa comhréireachta na n-earraí í aon easpa comhréireachta a eascróidh as an tsuiteáil mhícheart sin, más rud é:

(a)

go bhfuil an tsuiteáil mar chuid den chonradh díolacháin agus go ndearna an díoltóir í nó go ndearnadh é faoi fhreagracht an díoltóra; nó

(b)

go raibh an tsuiteáil, a bhí ceaptha le bheith déanta ag an tomhaltóir, déanta ag an tomhaltóir agus go raibh an tsuiteáil mhícheart mar thoradh ar easnaimh sna treoracha suiteála a sholáthair an díoltóir nó, i gcás na n-earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, a sholáthair an díoltóir nó a sholáthair soláthraí an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití.

Airteagal 9

Cearta tríú páirtí

Más rud é, mar gheall ar shrian a bheidh ann mar thoradh ar shárú ar aon cheart de chuid tríú páirtí, go háirithe cearta maoine intleachtúla, go gcuirfear cosc nó teorainn ar úsáid na n-earraí i gcomhréir le hAirteagail 6 agus 7, déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go mbeidh an tomhaltóir i dteideal na leigheasanna le haghaidh easpa comhréireachta dá bhforáiltear in Airteagal 13, ach amháin má fhoráiltear leis an dlí náisiúnta do neamhniú nó cealú an chonartha díolacháin i gcásanna den sórt sin.

Airteagal 10

Dliteanas an díoltóra

1.   Beidh an díoltóir faoi dhliteanas ag an tomhaltóir le haghaidh aon easpa comhréireachta a bheith ann tráth ar seachadadh na hearraí agus ar léir gur ann di laistigh de 2 bhliain ón tráth sin. Gan dochar d’Airteagal 7(3), beidh feidhm ag an mír seo maidir le hearraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha.

2.   I gcás na n-earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus ina ndéanfar foráil sa chonradh díolacháin maidir le hábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach a sholáthar go leanúnach thar thréimhse ama, beidh an díoltóir faoi dhliteanas le haghaidh easpa comhréireachta a bheith ann maidir leis an ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a tharlóidh nó ar léir gur ann di laistigh de 2 bhliain ón tráth ar seachadadh na hearraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha. I gcás ina ndéanfar foráil sa chonradh maidir le soláthar leanúnach thar thréimhse ama níos mó ná 2 bhliain, beidh an díoltóir faoi dhliteanas le haghaidh easpa comhréireachta a bheith ann maidir leis an ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a tharlóidh nó ar léir gur ann di, laistigh den tréimhse ama a mbeidh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a bheidh le soláthar faoin gconradh díolacháin lena linn.

3.   Féadfaidh na Ballstáit na tréimhsí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a choinneáil nó tréimhsí ama níos faide a thabhairt isteach.

4.   Más rud é, faoin dlí náisiúnta, go mbeidh na leigheasanna dá bhforáiltear in Airteagal 13 faoi réir tréimhse teorann, áiritheoidh na Ballstáit go lamhálfar leis an tréimhse teorann sin don tomhaltóir na leigheasanna a leagtar síos in Airteagal 13 a fheidhmiú maidir le haon easpa comhréireachta a bheidh ann agus a mbeidh an díoltóir faoi dhliteanas ina leith de bhun mhíreanna 1 agus 2 den Airteagal seo agus go mbeidh sí soiléir laistigh den tréimhse ama dá dtagraítear sna míreanna sin.

5.   D’ainneoin mhíreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, ní fhéadfaidh na Ballstáit tréimhse teorann a choinneáil nó a thabhairt isteach ach amháin le haghaidh na leigheasanna dá bhforáiltear in Airteagal 13. Áiritheoidh na Ballstáit go lamhálfar leis an tréimhse teorann sin don tomhaltóir na leigheasanna a leagtar síos in Airteagal 13 a fheidhmiú maidir le haon easpa comhréireachta a bheidh ann agus a mbeidh an díoltóir faoi dhliteanas ina leith de bhun mhíreana 1 agus 2 den Airteagal seo agus go mbeidh sí soiléir le linn an tréimhse ama a luaitear sna míreanna sin.

6.   Is féidir leis na Ballstáit foráil a dhéanamh, i gcás earraí athláimhe, gur féidir leis an díoltóir agus an tomhaltóir teacht ar théarmaí conarthacha nó ar chomhaontuithe le tréimhse dhliteanais nó tréimhse theorann níos giorra ná na tréimhsí dá dtagraítear i mír 1, i mír 2 agus mír 5, ar choinníoll nach mbeidh na tréimhsí sin níos gaire ná aon bhliain amháin.

Airteagal 11

Dualgas cruthúnais

1.   Aon easpa comhréireachta a thagann chun solais laistigh de 2 bhliain ón tráth ar seachadadh na hearraí, toimhdeofar go raibh sí ann an tráth ar seachadadh na hearraí, mura dtagann an toimhde sin salach ar chineál na n-earraí nó ar an gcineál easpa comhréireachta. Beidh feidhm ag an mír seo maidir le hearraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha.

2.   Seachas an tréimhse 1 bhliana a leagtar síos i mír 1, féadfaidh na Ballstáit tréimhse 2 bhliain a choinneáil nó a thabhairt isteach ón tráth ar seachadadh na hearraí.

3.   I gcás na n-earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus ina ndéanfar foráil sa chonradh díolacháin maidir le hábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach a sholáthar go leanúnach thar thréimhse ama, is ar an díoltóir a bheidh an dualgas cruthúnais maidir le cibé acu a bhí nó nach raibh an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach i gcomhréireacht laistigh den tréimhse ama dá dtagraítear in Airteagal 10(2) ar easpa comhréireachta í a thagann chun solais laistigh den tréimhse ama dá dtagraítear san Airteagal sin.

Airteagal 12

Oibleagáid fógra a thabhairt

Féadfaidh na Ballstáit forálacha a thabhairt isteach lena sonraítear nach mór don tomhaltóir, chun leas a bhaint as cearta an tomhaltóra, an díoltóir a chur ar an eolas faoin easpa comhréireachta faoi cheann tréimhse 2 mhí ar a laghad ón dáta ar thug an tomhaltóir an easpa comhréireacha sin faoi deara.

Airteagal 13

Leigheasanna ar easpa comhréireachta

1.   I gcás easpa comhréireachta, beidh an tomhaltóir i dteideal na hearraí a bheith curtha chun comhréireachta, nó laghdú comhréireach ar phraghas a fháil, nó an conradh a fhoirceannadh, faoi na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo.

2.   Chun na hearraí a thabhairt chun comhréireachta, féadfaidh an tomhaltóir rogha a dhéanamh idir deisiú agus athsholáthar ach amháin dá mbeadh an leigheas a roghnaíodh dodhéanta nó neamhdhleathach nó, i gcomparáid leis an leigheas eile, go gcuirfeadh sí costais ar an díoltóir a bheadh díréireach, agus na cúinsí go léir á gcur san áireamh, lena n-áirítear:

(a)

an luach a bheadh ar na hearraí mura mbeadh aon easpa comhréireachta ann;

(b)

tábhacht na heaspa comhréireachta; agus

(c)

an bhféadfaí an leigheas malartach a sholáthair gan aon mhíchaoithiúlacht shuntasach don tomhaltóir.

3.   Féadfaidh an díoltóir diúltú na hearraí a thabhairt chun comhréireachta dá mbeadh deisiú agus athsholáthar dodhéanta nó dá gcuirfeadh sé sin costais dhíréireacha ar an díoltóir, agus na himthosca uile á gcur san áireamh lena n-áirítear iad a luaitear i bpointí (a) agus (b) de mhír 2.

4.   Beidh an tomhaltóir i dteideal laghdú comhréireach a fháil ar an bpraghas i gcomhréir le hAirteagal 15 nó i dteideal an conradh díolacháin a fhoirceannadh i gcomhréir le hAirteagal 16 sna cásanna seo a leanas:

(a)

ní dhearna an díoltóir an deisiú ná an t-athsholáthar a chur i gcrích nó, i gcás inarb infheidhme, an deisiú ná an t-athsholáthar a chur i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 14(2) agus (3), nó dhiúltaigh an díoltóir na hearraí a thabhairt chun comhréireachta i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo;

(b)

is ann d’easpa comhréireachta in ainneoin iarracht an díoltóra na hearraí a thabhairt chun comhréireachta;

(c)

tá an easpa comhréireachta de chineál atá chomh tromchúiseach sin le bheith mar údar le laghdú a dhéanamh láithreach ar an bpraghas nó leis an gconradh díolacháin a fhoirceannadh; nó

(d)

tá sé dearbhaithe ag an díoltóir, nó tá sé soiléir ó na himthosca, nach ndéanfaidh an díoltóir na hearraí a thabhairt chun comhréireachta laistigh de thréimhse ama réasúnach nó gan míchaoithiúlacht shuntasach don tomhaltóir.

5.   Ní bheidh an tomhaltóir i dteideal an conradh a fhoirceannadh mura bhfuil ach mioneaspa comhréireachta i gceist. Is ar an díoltóir a bheidh an dualgas cruthúnais maidir le cibé an mioneaspa comhréireachta atá i gceist.

6.   Beidh sé de cheart ag an tomhaltóir íocaíocht an phraghais nó cuid de a choinneáil siar go dtí go ndéanfaidh an díoltóir oibleagáidí an díoltóra a chomhlíonadh faoin Treoir seo. Féadfaidh na Ballstáit na coinníollacha agus na modúlachtaí a chinneadh inar féidir leis an tomhaltóir an cheart chun an íocaíocht a choinneáil siar a fheidhmiú.

7.   Féadfaidh na Ballstáit a rialú cé acu atá nó nach bhfuil tionchar ag rannchuidiú an tomhaltóra leis an easpa comhréireachta ar cheart an tomhaltóra chun leigheasanna agus méid an tionchair sin.

Airteagal 14

Na hearraí a dheisiú nó a athsholáthar

1.   Déanfar deisithe nó athsholáthar a chur i gcrích:

(a)

saor in aisce;

(b)

laistigh de thréimhse réasúnach ama ón tráth a mbeidh an tomhaltóir curtha ar an eolas faoin easpa comhréireachta; agus

(c)

gan míchaoithiúlacht shuntasach don tomhaltóir, agus cineál na n-earraí agus an chríoch ar chuici a bhí na hearraí ag teastáil ón tomhaltóir á gcur san áireamh.

2.   I gcás ina bhfuil an easpa comhréireachta le leigheas trí na hearraí a dheisiú nó a athsholáthar, déanfaidh an tomhaltóir na hearraí a chur ar fáil don díoltóir. Déanfaidh an díoltóir na hearraí arna n-athsholáthar a thabhairt ar ais ar chostas an díoltóra féin.

3.   I gcás ina gceanglaítear le deisiú go mbainfear earraí a bhí suiteáilte ar bhealach a bhí comhsheasmhach le cineál agus críoch na n-earraí, sular léir an easpa comhréireachta, nó i gcás ina bhfuil na hearraí sin le hathsholáthar, áireofar leis an oibleagáid na hearraí arna n-athsholáthar a thógáil ar ais go mbainfear na hearraí neamh-chomhréireacha agus go ndéanfar na hearraí athsholáthair nó na hearraí deisithe a shuiteáil, nó go seasfar na costais a bhaineann leis sin.

4.   Ní bheidh an tomhaltóir faoi dhliteanas íoc as aon ghnáthúsáid a bhaintear as na hearraí athsholáthraithe le linn na tréimhse roimh an athsholáthar.

Airteagal 15

Laghdú praghais

Beidh an laghdú ar an bpraghas comhréireach leis an laghdú ar luach na n-earraí a fuair an tomhaltóir i gcomparáid le luach a bheadh sna hearraí dá mbeadh siad i gcomhréireacht.

Airteagal 16

Foirceannadh an chonartha díolacháin

1.   Feidhmeoidh an tomhaltóir an ceart an conradh díolacháin a fhoirceannadh trí bhíthin ráiteas chuig an díoltóir ina gcuirfear an cinneadh in iúl an conradh díolacháin a fhoirceannadh.

2.   I gcás nach mbaineann an easpa comhréireachta ach le cuid de na hearraí a seachadadh faoin gconradh agus go bhfuil foras le foirceannadh an chonartha de bhun Airteagal 13, ní fhéadfaidh an tomhaltóir an conradh díolacháin a fhoirceannadh ach i ndáil leis na hearraí sin, agus maidir le haon earraí eile a fuair an tomhaltóir in éineacht leis na hearraí neamh-chomhréireacha i gcás nach féidir a bheith ag súil leis go nglacfaidh an tomhaltóir leis na hearraí comhréireacha amháin a choinneáil.

3.   I gcás ina ndéanann an tomhaltóir an conradh díolacháin a fhoirceannadh ina iomláine nó, i gcomhréir le mír 2, i ndáil le cuid de na hearraí a seachadadh faoin gconradh:

(a)

tabharfaidh an tomhaltóir na hearraí ar ais don díoltóir, ar chostas an díoltóra; agus

(b)

déanfaidh an díoltóir, ar fháil na n-earraí nó na fianaise arna soláthar ag an tomhaltóir gur seoladh na hearraí ar ais, an praghas a íocadh as na hearraí a aisíoc leis an tomhaltóir.

Chun críocha na míre seo, féadfaidh na Ballstáit na modúlachtaí maidir le tabhairt ar ais agus aisíocaíocht na n-earraí a chinneadh.

Airteagal 17

Ráthaíochtaí tráchtála

1.   Beidh aon ráthaíocht tráchtála ina ceangal ar an ráthóir faoi na coinníollacha a leagtar síos sa ráiteas um ráthaíocht trachtála agus fógraíocht ghaolmhar tráth ar tugadh an conradh i gcrích nó roimhe sin. Faoi na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus gan dochar d’aon fhorálacha is infheidhme de chuid dhlí an Aontais nó de dhlí náisiúnta, i gcás ina dtáirgeann táirgeoir ráthaíocht tráchtála um marthanacht don tomhaltóir le haghaidh earraí áirithe ar feadh tréimhse áirithe ama, beidh an táirgeoir faoi dhliteanais go díreach ag an tomhaltóir, le linn na tréimhse ar fad den ráthaíocht tráchtála um marthanacht maidir le hearraí a dheisiú agus a athsholáthar i gcomhréir le hAirteagal 14. Féadfaidh an táirgeoir coinníollacha níos fabhraí a thairiscint don tomhaltóir sa ráiteas ráthaíochta tráchtála um marthanacht.

Má tá buntáiste níos lú le baint ag an tomhaltóir as an ráiteas ráthaíochta tráchtála, ná mar atá le baint as na coinníollacha a leagtar síos san fhógraíocht ghaolmhar, beidh an ráthaíocht tráchtála ina ceangal faoi na coinníollacha a leagtar síos san fhógraíocht a bhaineann leis an ráthaíocht tráchtála, mura ndearnadh an ráiteas a cheartú ar an tslí chéanna nó ar shlí atá inchomparáide leis an tslí a ndearnadh é, sular dtabharfar an conradh chun críche.

2.   Cuirfear an ráiteas ráthaíochta tráchtála ar fáil don tomhaltóir ar mheán marthanach ar a dhéanaí tráth a seachadtar na hearraí. Sloinnfear an ráiteas ráthaíochta tráchtála i dteanga shoiléir shothuigthe. Beidh an méid seo a leanas san áireamh leis:

(a)

ráiteas soiléir go mbeidh an tomhaltóir i dteideal de réir an dlí na leigheasanna ón díoltóir i gcás easpa comhréireachta maidir leis na hearraí agus nach mbeidh tionchar ag na leigheasanna sin ar an ráthaíocht tráchtála;

(b)

ainm agus seoladh an ráthóra;

(c)

an nós imeacht atá le leanúint ag an tomhaltóir chun cur chun feidhme na ráthaíochta tráchtála a fháil;

(d)

ainmniú na n-earraí a bhfuil feidhm ag an ráthaíocht tráchtála ina leith; agus

(e)

téarmaí na ráthaíochta tráchtála.

3.   Ní dhéanfaidh neamh-chomhlíonadh mhír 2 difear do chineál ceangailteach na ráthaíochta tráchtála don ráthóir.

4.   Féadfaidh Ballstáit rialacha a leagan síos maidir le gnéithe eile a bhaineann le ráthaíochtaí trachtála nach rialaítear leis an Airteagal seo lena n-áirítear rialacha maidir leis an teanga nó na teangacha ina gcuirfear an ráiteas ráthaíochta tráchtála ar fáil don tomhaltóir.

Airteagal 18

Ceart chun sásaimh

I gcás ina bhfuil an díoltóir faoi dhliteanas ag an tomhaltóir mar gheall ar easpa comhréireachta de dheasca gnímh nó neamhghnímh, lena n-áirítear neamhghníomh maidir le nuashonruithe ar earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 7(3), ag duine i naisc roimhe seo de shlabhra na n-idirbheart, beidh an díoltóir i dteideal leigheasanna a lorg i leith an duine nó na ndaoine atá faoi dhliteanas i slabhra na n-idirbheart. Is leis an dlí náisiúnta a chinnfear an duine a bhféadfaidh an díoltóir leigheasanna a lorg ina leith mar aon leis na gníomhaíochtaí ábhartha agus na coinníollacha feidhmíochta.

Airteagal 19

Forfheidhmiú

1.   Áiritheoidh na Ballstáit gur ann do mhodhanna leordhóthanacha agus éifeachtacha chun comhlíonadh na Treorach seo a áirithiú.

2.   Áireofar leis na modhanna dá dtagraítear i mír 1, forálacha trína bhféadfaidh ceann amháin nó níos mó de na comhlachtaí seo a leanas, de réir mar a chinnfear leis an dlí náisiúnta, caingean a thabhairt faoin dlí náisiúnta os comhair na gcúirteanna nó os comhair na n-údarás inniúil riaracháin chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm na forálacha náisiúnta lena dtrasuítear an Treoir seo:

(a)

comhlachtaí poiblí nó a n-ionadaithe;

(b)

eagraíochtaí tomhaltóirí a bhfuil leas dlisteanach acu i dtomhaltóirí a chosaint;

(c)

eagraíochtaí gairmiúla a bhfuil leas dlisteanach acu i gcaingean a thabhairt.

Airteagal 20

Faisnéis do thomhaltóirí

Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun a áirithiú go bhfuil faisnéis faoi chearta tomhaltóirí faoin Treoir seo, agus na cearta sin faoi na modhanna chun iad a fhorfheidhmiú, ar fáil do thomhaltóirí.

Airteagal 21

Cineál éigeantach

1.   Mura bhforáiltear dá mhalairt sa Treoir seo, aon chomhaontú conarthach lena ndéantar, chun aimhleasa an tomhaltóra, cur i bhfeidhm beart náisiúnta lena dtrasuítear an Treoir seo a eisiamh nó a n-éifeachtaí a mhaolú nó na héifeachtaí sin a athrú, sula gcuireann an tomhaltóir an neamh-chomhréireacht ar a shúile don díoltóir, ní bheidh sé ceangailteach ar an tomhaltóir.

2.   Ní chuirfidh an Treoir seo cosc ar an díoltóir socruithe conarthacha a théann thar an gcosaint dá bhforáiltear sa Treoir seo a thairiscint don tomhaltóir.

Airteagal 22

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2017/2394 agus Treoir 2009/22/CE

1.   Cuirtear an méid seo a leanas in ionad pointe 3 san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2017/2394, pointe 3:

“3.

Treoir (AE) 2019/771 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí i ndáil le díolacháin earraí, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2017/2394 agus Treoir 2009/22/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/44/CE (IO L 136, 22.5.2019, Ich 28).”;

2.   Cuirtear an méid seo a leanas in ionad pointe 7 in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2009/22/CE:

“7.

Treoir (AE) 2019/771 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí i ndáil le díolacháin earraí, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2017/2394 agus Treoir 2009/22/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/44/CE (IO L 136, 22.5.2019, Ich. 28).”.

Airteagal 23

Treoir 1999/44/CE a Aisghairm

Aisghairtear Treoir 1999/44/CE le héifeacht ón 1 Eanáir 2022.

Déanfar tagairtí don Treoir aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil a leagtar amach san Iarscríbhinn.

Airteagal 24

Trasuí

1.   Faoin 1 Iúil 2021 déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a ghlacadh agus a fhoilsiú. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas láithreach faoin méid sin.

Cuirfidh siad na bearta sin i bhfeidhm maidir ón 1 Eanáir 2022.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a leagfaidh síos na modhanna le tagairt den chineál sin a dhéanamh.

Déanfaidh na Ballstáit téacs fhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

2.   Ní bheidh feidhm ag forálacha na Treorach seo maidir le conarthaí arna gcur i gcrích roimh 1 Eanáir 2022.

Airteagal 25

Athbhreithniú

Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 12 Meitheamh 2024, athbhreithniú ar chur i bhfeidhm na Treorach seo, lena n-áirítear na forálacha maidir le leigheasanna agus dualgas cruthúnais — maidir le earraí athláimhe chomh maith le earraí a dhíoltar ag ceantanna poiblí — agus ráthaíocht tráchtála um marthanacht an táirgeora, agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle agus faoi bhráid Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Leis an tuarascáil, déanfar measúnú go háirithe ar cibé acu a áirithítear nó nach áirithítear le cur chun feidhme na Treorach seo agus cur chun feidhme Threoir (AE) 2019/770 creat comhsheasmhach agus comhleanúnach le haghaidh dhea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh maidir le hábhar digiteach, seirbhísí digiteacha agus earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a sholáthar i gcomhréir leis na prionsabail lena rialaítear beartais an Aontais. Beidh tograí reachtacha, i gcás inarb iomchuí, ag gabháil leis an tuarascáil.

Airteagal 26

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag Airteagal 22, áfach, ón 1 Eanáir 2022.

Airteagal 27

Seolaithe

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna déanamh sa Bhruiséil, 20 Bealtaine 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. CIAMBA


(1)  IO C 264, 20.7.2016, lch. 57.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 26 Márta 2019 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 15 Aibreán 2019.

(3)  Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 304, 22.11.2011, lch. 64).

(4)  Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999 maidir le gnéithe áirithe de dhíolachán earraí tomhaltóra agus na ráthaíochtaí gaolmhara (IO L 171, 7.7.1999, lch. 12).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí conarthacha (An Róimh I) (IO L 177, 4.7.2008, lch. 6).

(6)  Treoir (AE) 2019/770 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí chun ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha a sholáthar, (Féach leathanach 1 den Iris Oifigiúil seo).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (IO L 351, 20.12.2012, lch. 1).

(8)  Rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le comhar idir na húdaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 (IO L 345, 27.12.2017, lch. 1).

(9)  Treoir 2009/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le hurghairí chun leasanna tomhaltóirí a chosaint (IO L 110, 1.5.2009, Lch. 30).

(10)  IO C 369, 17.12.2011, lch. 14.


IARSCRÍBHINN

TÁBLA COMHGHAOIL

Treoir 1999/44/EC

An Treoir seo

Airteagal 1(1)

Airteagal 1

Airteagal 1(2)(a)

Airteagal 2, pointe (2)

Airteagal 1(2)(b), an chéad fhleasc

Airteagal 3(4)(b)

Airteagal 1(2)(b), an dara fleasc agus an tríú fleasc

Airteagal 2, pointe (5)(a)

Airteagal 1(2)(c)

Airteagal 2, pointe (3)

Airteagal 1(2)(d)

Airteagal 2, pointe (4)

Airteagal 1(2)(e)

Airteagal 2, pointe (12)

Airteagal 1(3)

Airteagal 2, pointe (15) agus Airteagal 3(5)(a)

Airteagal 1(4)

Airteagal 3(2)

Airteagal 2(1)

Airteagal 5

Airteagal 2(2)(a)

Airteagal 6, pointe (a) agus Airteagal 7(1) (b)

Airteagal 2(2)(b)

Airteagal 6, pointe (b)

Airteagal 2(2)(c)

Airteagal 7(1)(a)

Airteagal 2(2)(d)

Airteagal 7(1)(d)

Airteagal 2(3)

Airteagal 7(5)

Airteagal 2(4)

Airteagal 7(2)

Airteagal 2(5)

Airteagal 8

Airteagal 3(1)

Airteagal 10(1)

Airteagal 3(2)

Airteagal 13(1)

Airteagal 3(3), an chéad fhomhír

Airteagal 13(2) agus Airteagal 14(1)(a)

Airteagal 3(3), an dara fomhír

Airteagal 13(2)

Airteagal 3(3), an triú fomhír

Airteagal 14(1)(b) agus (c)

Airteagal 3(4)

Airteagal 2, pointe (14)

Airteagal 3(5)

Airteagal 13(4)

Airteagal 3(6)

Airteagal 13(5)

Airteagal 4

Airteagal 18

Airteagal 5(1)

Airteagal 10(1), (2), (3), (4) agus (5)

Airteagal 5(2)

Airteagal 12

Airteagal 5(3)

Airteagal 11

Airteagal 6(1)

Airteagal 17(1)

Airteagal 6(2)

Airteagal 17(2)

Airteagal 6(3)

Airteagal 17(2)

Airteagal 6(4)

Airteagal 17(4)

Airteagal 6(5)

Airteagal 17(3)

Airteagal 7(1), an chéad fhomhír

Airteagal 21(1)

Airteagal 7(1), an dara fomhír

Airteagal 10(6)

Airteagal 7(2)

Airteagal 8(1)

Airteagal 3(6) agus (7)

Airteagal 8(2)

Airteagal 4

Airteagal 9

Airteagail 19 agus 20

Airteagal 10

Airteagal 22

Airteagal 11(1), an chéad fhomhír

Airteagal 24(1), an chéad fhomhír

Airteagal 11(1), an dara fomhír

Airteagal 24(1), an triú fomhír

Airteagal 11(2)

Airteagal 24(1), an ceathrú fomhír

Airteagal 12

Airteagal 25

Airteagal 13

Airteagal 26

Airteagal 14

Airteagal 27