ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

Eagrán Speisialta ( *1 )

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

62
22 Márta 2019


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (AE) 2019/476 ón gComhairle Eorpach, arna dhéanamh i gcomhaontú leis an Ríocht Aontaithe, an 22 Márta 2019 lena gcuirtear síneadh leis an tréimhse faoi Airteagal 50(3)CAE

1

 


 

(*1)   Faoin tagairt L 80I a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

GA


II Gníomhartha neamhreachtacha

CINNTÍ

22.3.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


CINNEADH (AE) 2019/476 ÓN gCOMHAIRLE EORPACH,

arna dhéanamh i gcomhaontú leis an Ríocht Aontaithe,

an 22 Márta 2019

lena gcuirtear síneadh leis an tréimhse faoi Airteagal 50(3)CAE

TÁ AN CHOMHAIRLE EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 50(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 29 Márta 2017, thug an Ríocht Aontaithe fógra don Chomhairle Eorpach go raibh sé ar intinn aici tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (“Euratom”) i gcomhréir le hAirteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, a bhfuil feidhm aige maidir le Euratom de bhua Airteagal 106a den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach.

(2)

An 22 Bealtaine 2017, d'údaraigh an Chomhairle don Choimisiún an chaibidlíocht a thosú leis an Ríocht Aontaithe le haghaidh comhaontú lena leagtar amach na socruithe dá tarraingt siar, ag féachaint don chreat don chaidreamh a bheidh aici leis an Aontas sa todhchaí.

(3)

Rinneadh an chaibidlíocht a sheoladh i bhfianaise na dtreoirlínte arna dtabhairt ag an gComhairle Eorpach an 29 Aibreán agus an 15 Nollaig 2017 agus an 23 Márta 2018 agus é mar chuspóir foriomlán léi tarraingt siar rianúil na Ríochta Aontaithe as an Aontas agus as Euratom a áirithiú.

(4)

An 14 Samhain 2018, chuir Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh chuig Uachtarán na Comhairle Eorpaí an dréacht-Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (“An Comhaontú um Tharraingt Siar”), agus chuir rialtas na Ríochta Aontaithe in iúl gur dheonaigh siad formheas ina leith. Ar an 22 Samhain 2018, chuir Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh faoi bhráid Uachtarán na Comhairle Eorpaí an dréacht-Dhearbhú Polaitiúil lena leagtar amach an creat don chaidreamh sa todhchaí idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (“An Dearbhú Polaitiúil”), a aontaíodh ar leibhéal na n-idirbheartaithe agus a aontaíodh i bprionsabal ar an leibhéal polaitiúil, faoi réir fhormhuiniú na gCeannairí.

(5)

An 25 Samhain 2018, d'fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach an Comhaontú um Tharraingt Siar agus d'fhormheas siad an Dearbhú Polaitiúil.

(6)

An 11 Márta 2019, chuir Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh chuig Uachtarán na Comhairle Eorpaí an Ionstraim i dtaca leis an gComhaontú um Tharraingt Siar agus an Ráiteas Comhpháirteach lena ndéantar forlíonadh ar an Dearbhú Polaitiúil, a aontaíodh idir an Príomh-Aire May agus Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Juncker agus a d'fhormhuinigh an Coimisiún an lá céanna. An 21 Márta 2019, d'fhormheas an Chomhairle Eorpach an dá dhoiciméad.

(7)

De réir Airteagal 50(3) CAE, scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an mBallstát atá ag tarraingt siar ó dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar nó, ina éagmais sin, dhá bhliain tar éis an fhógra, ach amháin má chinneann an Chomhairle Eorpach d'aon toil, i gcomhaontú leis an mBallstát i dtrácht, an tréimhse sin a fhadú.

(8)

Thíolaic an Ríocht Aontaithe, i litir ón 20 Márta 2019, iarraidh ar an tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 50(3) CAE a shíneadh go dtí an 30 Meitheamh 2019, chun daingniú an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar a chur i gcrích.

(9)

An 21 Márta 2019, d'aontaigh an Chomhairle Eorpach le síneadh, go dtí an 22 Bealtaine 2019, ar choinníoll go ndéanfaidh Teach na dTeachtaí an Comhaontú um Tharraingt Siar a fhormheas an tseachtain dar tús 25 Márta 2019. Mura ndéanfar an formheas, d'aontaigh an Chomhairle Eorpach le síneadh go dtí an 12 Aibreán 2019 agus léirigh sí go raibh sí ag súil go léireodh an Ríocht Aontaithe bealach chun cinn roimh an 12 Aibreán 2019, a mbreithneoidh an Chomhairle Eorpach é.

(10)

Mar thoradh ar an síneadh sin, leanfaidh an Ríocht Aontaithe de bheith ina Ballstát agus beidh na cearta uile aici agus na hoibleagáidí uile uirthi a leagtar amach sna Conarthaí agus faoi dhlí an Aontais. Má bhíonn an Ríocht Aontaithe fós ina Ballstát ar an 23-26 Bealtaine 2019, beidh d'oibleagáid uirthi na toghcháin do Pharlaimint na hEorpa a chomóradh i gcomhréir le dlí an Aontais. Tugtar faoi deara go mbeadh ar an Ríocht Aontaithe fógra faoin vótaíocht a thabhairt faoin 12 Aibreán 2019 chun na toghcháin sin a chomóradh.

(11)

Eisiatar, leis an síneadh sin, aon athoscailt ar an gComhaontú um Tharraingt Siar. Aon ghealltanas nó ráiteas aontaobhach nó aon ghníomh aontaobhach eile arna ndéanamh ag an Ríocht Aontaithe, ba cheart é a bheith ag luí le fuarlitir agus le spiorad an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar.

(12)

Faoi mar a fhoráiltear in Airteagal 50(4) CAE, níor ghlac an Ríocht Aontaithe páirt i bpléití na Comhairle Eorpaí maidir leis an gcinneadh seo ná maidir lena ghlacadh. Mar sin féin, mar a leagtar amach sa litir, an 22 Márta 2019, ó Bhuanionadaí na Ríochta Aontaithe chuig an Aontas Eorpach, an Ridire Tim Barrow, d'aontaigh sí, i gcomhréir le hAirteagal 50(3) CAE, go gcuirfí síneadh leis an tréimhse dá dtagraítear san Airteagal sin agus leis an gcinneadh seo,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

I gcás ina bhformheasfaidh Teach na dTeachtaí an Comhaontú um Tharraingt Siar faoin 29 Márta 2019 ar a dhéanaí, cuirtear síneadh leis an tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 50(3) CAE go dtí an 22 Bealtaine 2019.

I gcás nach bhformheasfaidh Teach na dTeachtaí an Comhaontú um Tharraingt Siar faoin 29 Márta 2019 ar a dhéanaí, cuirtear síneadh leis an tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 50(3) CAE go dtí an 12 Aibreán 2019. Sa chás sin, léireoidh an Ríocht Aontaithe bealach chun cinn roimh an 12 Aibreán 2019, a mbreithneoidh an Chomhairle Eorpach é.

Airteagal 2

Tiocfaidh an cinneadh seo i bhfeidhm an dáta a nglacfar é.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Márta 2019.

Thar ceann na Comhairle Eorpaí

An tUachtarán

D. TUSK