ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

Eagrán Speisialta ( *1 )

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

62
22 Feabhra 2019


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (AE) 2019/275 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le leas a bhaint as an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú tar éis iarratas ón nGréig — EGF/2018/003 EL/Attica publishing

1

 

*

Cinneadh (AE) 2019/276 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2018 maidir leis an Ionstraim Sholúbthachta a shlógadh chun príomhchláir le haghaidh iomaíochas an Aontais a atreisiú agus chun maoiniú a dhéanamh ar bhearta buiséadacha láithreacha chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin leanúnacha na himirce, insreabhadh na ndídeanaithe agus bagairtí slándála

3

 

*

Cinneadh (AE) 2019/277 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2018 maidir le leas a bhaint as Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh chun foráil a dhéanamh maidir le réamhíocaíochtaí a íoc i mbuiséad ginearálta an Aontais do 2019

5

 


 

(*1)   Faoin tagairt L 54 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

GA


II Gníomhartha neamhreachtacha

CINNTÍ

22.2.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


CINNEADH (AE) 2019/275 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Nollaig 2018

maidir le leas a bhaint as an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú tar éis iarratas ón nGréig — EGF/2018/003 EL/Attica publishing

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (2014-2020) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006 (1), agus go háirithe Airteagal 15(4) de,

Ag féachaint don Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, maidir le comhar i gcúrsaí buiséadacha agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais (2), agus go háirithe pointe 13 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Is é an aidhm atá leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (CECD) tacaíocht a thabhairt d'oibrithe a cuireadh ar iomarcaíocht agus do dhaoine féinfhostaithe a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht i ngeall ar mhórathruithe struchtúracha ar phatrúin na trádála domhanda de thoradh an domhandaithe nó mar gur lean an ghéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíochta ar aghaidh, nó i ngeall ar ghéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíochta nua, agus cabhrú le hath-imeascadh na n-oibrithe sin sa mhargadh saothair.

(2)

Ní sháróidh CECD uasmhéid bliantúil EUR 150 milliún (praghsanna 2011) mar a leagtar síos in Airteagal 12 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle (3).

(3)

An 22 Bealtaine 2018, chuir an Ghréig iarratas isteach chun leas a bhain as CECD i dtaca le hiomarcaíochtaí san earnáil ngníomhaíochtaí foilsitheoireachta i réigiún na hAtaice. Mar fhorlíonadh ar an iarratas sin, soláthraíodh faisnéis bhreise i gcomhréir le hAirteagal 8(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013. Comhlíontar san iarratas sin na ceanglais le haghaidh ranníocaíocht airgeadais ó CECD a shocrú, mar a leagtar síos iad in Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart úsáid a bhaint as CECD chun ranníocaíocht airgeadais EUR 2 308 500 a sholáthar i leith an iarratais a chuir an Ghréig isteach.

(5)

Chun íoslaghdú a dhéanamh ar an am a thógfar chun úsáid a bhaint as CECD, ba cheart feidhm a bheith ag an gcinneadh seo ó dháta a ghlactha,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Le haghaidh bhuiséad ginearálta an Aontais don bhliain airgeadais 2018, bainfear úsáid as an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú chun EUR 2 308 500 a sholáthar i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus i leithreasuithe íocaíochta.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 11 Nollaig 2018.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 11 Nollaig 2018.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BOGNER-STRAUSS


(1)  IO L 347, 20.12.2013, lch. 855.

(2)  IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.

(3)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 884).


22.2.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

3


CINNEADH (AE) 2019/276 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 12 Nollaig 2018

maidir leis an Ionstraim Sholúbthachta a shlógadh chun príomhchláir le haghaidh iomaíochas an Aontais a atreisiú agus chun maoiniú a dhéanamh ar bhearta buiséadacha láithreacha chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin leanúnacha na himirce, insreabhadh na ndídeanaithe agus bagairtí slándála

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint don Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, le comhar i dtaca le hábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais (1), agus go háirithe pointe 12 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Tá sé beartaithe leis an Ionstraim Sholúbthachta go bhféadfar maoiniú a dhéanamh ar chaiteachas atá sainaitheanta go soiléir agus nach bhféadfaí a mhaoiniú faoi na huasteorainneacha a bheadh ar fáil do cheann amháin nó níos mó de na ceannteidil eile.

(2)

Is é EUR 600 000 000 (praghsanna 2011), mar a leagtar síos in Airteagal 11 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle (2) é, an uasteorainn leis an méid bliantúil a bheidh ar fáil don Ionstraim Sholúbthachta, arna méadú, i gcás inarb infheidhme le méideanna atá dulta i léig agus arna gcur ar fáil i gcomhréir leis an dara fomhír de mhír 1 den Airteagal sin.

(3)

D'fhonn príomhchláir le haghaidh iomaíochas an Aontais a atreisiú agus chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin leanúnacha na himirce, ar insreabhadh na ndídeanaithe agus ar bhagairtí slándála, is gá méideanna breise suntasacha a shlógadh chun na cláir agus na bearta sin a mhaoiniú mar ábhar práinne.

(4)

Tar éis scrúdú a dhéanamh ar na féidearthachtaí uile i ndáil le leithreasuithe a ath-leithdháileadh faoi na huasteorainneacha caiteachais d'fho-cheannteideal 1a (Iomaíochas le haghaidh fáis agus post) agus de cheannteideal 3 (Slándáil agus saoránacht), is gá an Ionstraim Sholúbthachta a shlógadh chun an maoiniú atá ar fáil i mbuiséad ginearálta an Aontais don bhliain airgeadais 2019 a fhorlíonadh thar uasteorainn fho-cheannteideal 1a le EUR 178 715 475 chun príomhchláir le haghaidh iomaíochas an Aontais a atreisiú agus cheannteideal 3 le EUR 985 629 138 chun bearta a mhaoiniú i réimse na himirce, na ndídeanaithe agus na slándála.

(5)

Ar bhonn na próifíle íocaíochta lena bhfuiltear ag súil, na leithreasuithe íocaíochta a chomhfhreagraíonn do shlógadh na hIonstraime Solúbthachta, ba cheart iad a leithdháileadh thar roinnt blianta airgeadais.

(6)

Chun go bhféadfar úsáid a bhaint as na cistí go tapa, ba cheart feidhm a bheith ag an gCinneadh seo roimh thús na bliana airgeadais 2019.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Le haghaidh bhuiséad ginearálta an Aontais don bhliain airgeadais 2019, déanfar an Ionstraim Sholúbthachta a shlógadh chun EUR 178 715 475 a sholáthar i leithreasuithe faoi chomhair oibleagáidí faoi fho-cheannteideal 1a (Iomaíochas le haghaidh fáis agus post) agus EUR 985 629 138 i leithreasuithe faoi chomhair oibleagáidí faoi cheannteideal 3 (Slándáil agus Saoránacht).

Úsáidfear an méid dá dtagraítear sa chéad fhomhír chun príomhchláir a atreisiú le haghaidh iomaíochas an Aontais agus chun bearta a mhaoiniú chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin leanúnacha na himirce, ar insreabhadh na ndídeanaithe agus ar bhagairtí slándála.

2.   Ar bhonn na próifíle íocaíochta lena bhfuiltear ag súil, is é seo a leanas meastachán na leithreasuithe íocaíochta a chomhfhreagraíonn do shlógadh na hIonstraime Solúbthachta.

(a)

EUR 548 740 834 in 2019;

(b)

EUR 257 223 207 in 2020;

(c)

EUR 135 194 558 in 2021;

(d)

EUR 140 942 662 in 2022;

(e)

EUR 82 243 352 in 2023.

Déanfar na méideanna sonracha de leithreasuithe íocaíochta le haghaidh gach bliana airgeadais a údarú i gcomhréir leis an nós imeachta buiséadach bliantúil.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2019.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 12 Nollaig 2018.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BOGNER-STRAUSS


(1)  IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 884).


22.2.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

5


CINNEADH (AE) 2019/277 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 12 Nollaig 2018

maidir le leas a bhaint as Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh chun foráil a dhéanamh maidir le réamhíocaíochtaí a íoc i mbuiséad ginearálta an Aontais do 2019

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle an 11 Samhain 2002, lena mbunaítear Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (1), agus go háirithe Airteagal 4a(4) de,

Ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, le comhar i dtaca le hábhair bhuiséadacha agus le bainistiú fónta airgeadais (2), agus go háirithe Pointe 11 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá sé d'aidhm ag Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (an “Ciste”) a chur ar chumas an Aontais freagairt thapa, éifeachtúil agus sholúbtha a thabhairt ar staideanna éigeandála chun dlúthpháirtíocht a léiriú le muintir na réigiún a bheadh thíos le tubaistí nádúrtha.

(2)

Ní rachaidh an ciste thar uasmhéid EUR 500 000 000 (i bpraghsanna 2011) mar a leagtar síos in Airteagal 10 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle (3).

(3)

In Airteagal 4a(4) de Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 foráiltear, i gcás inar gá sin chun a áirithiú go mbeidh acmhainní buiséadacha ar fáil go tráthúil, go bhféadfar leas a bhaint as an gCiste suas le EUR 50 000 000 le haghaidh réamhíocaíochtaí a íoc, agus na leithreasuithe comhfhreagracha a iontráil i mbuiséad ginearálta an Aontais.

(4)

Chun a áirithiú go mbeidh a dhóthain acmhainní buiséadacha ar fáil go tráthúil do bhuiséad ginearálta an Aontais do 2019, ba cheart leas a bhaint as an gCiste suas le EUR 50 000 000 le haghaidh réamhíocaíochtaí a íoc.

(5)

D'fhonn an méid ama a íoslaghdú is gá a thógáil chun leas a bhaint as an gCiste, beidh feidhm ag an gCinneadh seo ó thús na bliana airgeadais 2019.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

I gcás bhuiséad ginearálta an Aontais don bhliain airgeadais 2019, bainfear leas as Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh chun suim EUR 50 000 000 a sholáthar i leithreasuithe faoi chomhair oibleagáidí agus i leithreasuithe íocaíochta chun réamhíocaíochtaí a íoc.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2019.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 12 Nollaig 2018.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BOGNER-STRAUSS


(1)  IO L 311, 14.11.2002, lch. 3.

(2)  IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.

(3)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 884).