ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

Eagrán Speisialta ( *1 )

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

62
31 Eanáir 2019


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) 2019/125 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Eanáir 2019 maidir le trádáil in earraí áirithe a d'fhéadfaí a úsáid le haghaidh phionós an bháis, le haghaidh céastóireachta nó le haghaidh íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach

1

 

*

Rialachán (AE) 2019/126 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Eanáir 2019 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA), agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2062/94 ón gComhairle

58

 

*

Rialachán (AE) 2019/127 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Eanáir 2019 lena mbunaítear an Foras Eorpach chun dálaí maireachtála agus oibre a fheabhsú (Eurofound), agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1365/75 ón gComhairle

74

 

*

Rialachán (AE) 2019/128 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Eanáir 2019 lena mbunaítear an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 337/75 ón gComhairle

90

 

*

Rialachán (AE) 2019/129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Eanáir 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 a mhéid a bhaineann le céim Euro 5 a chur i bhfeidhm i leith cineálcheadú feithiclí dhá roth nó trí roth agus cuadrothar

106

 

 

TREORACHA

 

*

Treoir (AE) 2019/130 ó pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Eanáir 2019 lena leasaítear Treoir 2004/37/CE maidir le hoibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí nó do shó-ghineacha ag an obair ( 1 )

112

 

 

Ceartúcháin

 

*

Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2018/1717 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 i dtaca leis an áit ina mbeidh suíomh an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh ( IO L 291, 16.11.2018 )

121

 


 

(*1)   Faoin tagairt L 30 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

 

(1)   (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

GA


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

31.1.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) 2019/125 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Eanáir 2019

maidir le trádáil in earraí áirithe a d'fhéadfaí a úsáid le haghaidh phionós an bháis, le haghaidh céastóireachta nó le haghaidh íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach

(códú)

TÁ PARLIAMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 1236/2005 ón gComhairle (2) a leasú go suntasach roinnt uaireanta (3). Ar mhaithe le soiléireacht agus le réasúntacht, ba cheart an Rialachán sin a chódú.

(2)

De bhun Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, ceann de na luachanna is coiteann do na Ballstáit is ea urraim do chearta an duine. Shocraigh an Comhphobal Eorpach in 1995 an urraim do chearta an duine agus do shaoirsí bunúsacha a bheith ina gné ríthábhachtach dá chaidreamh le tríú tíortha. Socraíodh clásal a chur isteach chun na críocha sin in aon chomhaontú nua trádála, comhair agus comhlachais de chineál ginearálta arna thabhairt i gcrích le tríú tíortha.

(3)

Le hAirteagal 5 de Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine, le hAirteagal 7 de Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla agus le hAirteagal 3 den Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, leagtar síos toirmeasc neamhchoinníollach uileghabhálach ar chéastóireacht agus ar íde nó ar phionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach. Le forálacha eile, go háirithe Dearbhú na Náisiún Aontaithe maidir leis an Uile Dhuine a Chosaint ó Chéastóireacht agus ó Íde nó ó Phionós eile atá Cruálach, Mídhaonna nó Táireach (4) agus Coinbhinsiún 1984 na Náisiún Aontaithe in aghaidh na Céastóireachta agus in aghaidh Íde nó Pionós eile atá Cruálach, Mídhaonna nó Táireach, cuirtear oibleagáid ar na Stáit an chéastóireacht a chosc.

(4)

In Airteagal 2(2) de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”), maítear nach ndéanfar aon duine a dhaoradh chun báis ná a chur chun báis. An 22 Aibreán 2013, d'fhormheas an Chomhairle “Treoirlínte AE i dtaca le pionós an bháis” agus shocraigh sí go n-oibreodh an tAontas i dtreo deireadh a chur le pionós an bháis ar fud an domhain.

(5)

In Airteagal 4 den Chairt, maítear nach ndéanfar céastóireacht ar aon duine agus nach gcuirfear aon íde nó pionós atá mídhaonna nó táireach ar aon duine. An 20 Márta 2012, d'fhormheas an Chomhairle “Treoirlínte maidir le beartas an AE i leith tríú tíortha i dtaca le céastóireacht agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach (Treoirlíne nuashonraithe)”. I gcomhréir leis na treoirlínte sin, ba cheart go n-iarrfaí ar thríú tíortha cosc a chur le trealamh a úsáid, a tháirgeadh agus a thrádáil atá ceaptha chun céastóireacht a dhéanamh nó chun íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach a ghearradh ar dhuine agus mí-úsáid aon trealaimh eile chun na gcríoch sin a chosc. Thairis sin, ba cheart go leagfaí síos, trí bhíthin an toirmisc ar phionós atá cruálach, mídhaonna nó táireach, srianta soiléire ar úsáid phionós an bháis. Ar an ábhar sin, ní mheasfar gur pionós dleathach é pionós an bháis in imthosca ar bith.

(6)

Is iomchuí, dá bhrí sin, rialacha de chuid an Aontais a leagan síos maidir le trádáil le tríú tíortha a mhéid a bhaineann le hearraí a d'fhéadfaí a úsáid le haghaidh phionós an bháis, agus le hearraí a d'fhéadfaí a úsáid le haghaidh céastóireachta nó le haghaidh íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach. Tá na rialacha sin ríthábhachtach maidir le hurraim do bheatha an duine agus do chearta bunúsacha an duine a chur chun cinn agus, ar an gcaoi sin, an mhoráltacht phoiblí a chosaint. Ba cheart na rialacha sin a áirithiú nach mbaineann oibreoirí eacnamaíocha an Aontais aon tairbhe as trádáil lena gcuirfí chun cinn nó lena n-éascófaí cur chun feidhme beartas maidir le pionós an bháis nó maidir le céastóireacht nó íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, nach bhfuil ag teacht le Treoirlínte AE ábhartha, leis an gCairt agus le coinbhinsiúin agus conarthaí idirnáisiúnta.

(7)

Chun críche an Rialacháin seo, meastar gurb iomchuí an sainmhíniú ar chéastóireacht a leagtar síos i gCoinbhinsiún 1984 na Náisiún Aontaithe in aghaidh Céastóireachta agus in aghaidh Íde nó Pionóis eile atá Cruálach, Mídhaonna nó Táireach agus i Rún 3452 (XXX) ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe a chur i bhfeidhm. Ba cheart an sainmhíniú sin a léiriú agus an cásdlí maidir le léiriú an téarma chomhfhreagraigh sa Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine agus i dtéacsanna ábhartha arna nglacadh ag an Aontas nó ag na Ballstáit á chur san áireamh. An sainmhíniú ar “íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach” nach bhfuil le fáil sa Choinbhinsiún sin, ba cheart é a bheith i gcomhréir le cásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine. Ba cheart, le brí an téarma “pionóis dhleathacha” atá sna sainmhínithe ar “chéastóireacht” agus ar “íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach”, beartas an Aontais maidir le pionós an bháis a chur san áireamh.

(8)

Meastar gur gá toirmeasc a chur ar onnmhairiú agus allmhairiú earraí nach bhfuil aon úsáid phraiticiúil leo seachas le haghaidh phionós an bháis nó le haghaidh íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach agus toirmeasc a chur ar sholáthar cúnaimh theicniúil a bhaineann le hearraí den sórt sin.

(9)

I gcás ina bhfuil earraí den sórt sin suite i dtríú tíortha, is gá toirmeasc a chur ar bhróicéirí atá san Aontas seirbhísí bróicéireachta a sholáthar i ndáil le hearraí den sórt sin.

(10)

Chun tacú le deireadh a chur le pionós an bháis i dtríú tíortha agus chun céastóireacht agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach a chosc, meastar gur gá toirmeasc a chur ar sholáthar cúnaimh theicniúil do thríú tíortha maidir le hearraí nach bhfuil aon úsáid phraiticiúil leo seachas le haghaidh céastóireachta nó le haghaidh íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach.

(11)

Is iomchuí freisin bróicéirí agus soláthróirí cúnaimh theicniúil a thoirmeasc ó oiliúint faoi úsáid na n-earraí sin a sholáthar do thríú tíortha agus cur chun cinn earraí den sórt sin in aontaí nó i dtaispeántais trádála san Aontas, agus díol agus ceannach spáis sna meáin chlóite nó ar an Idirlíon agus díol agus ceannach ama fógraíochta ar an teilifís nó ar an raidió i ndáil leis na hearraí sin a thoirmeasc.

(12)

Chun cosc a chur le hoibreoirí eacnamaíocha sochair a bhaint as earraí a iompar arb earraí iad atá beartaithe lena n-úsáid le haghaidh phionós an bháis, le haghaidh céastóireachta nó le haghaidh íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach agus a théann trí chríoch custaim an Aontais ar a slí chuig tríú tír, is gá iompar na n-earraí sin a thoirmeasc laistigh den Aontas má liostaítear iad in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

(13)

Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann bearta a chur i bhfeidhm lena srianfar soláthar seirbhísí áirithe i ndáil leis na hearraí nach bhfuil aon úsáid phraiticiúil ag baint leis seachas ar mhaithe le pionós na bháis nó ar mhaithe le híde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, i gcomhréir le rialacha an Aontais is infheidhme.

(14)

Leagtar síos leis an Rialachán seo córas údaraithe onnmhairiúcháin atá ceaptha úsáid earraí áirithe le haghaidh céastóireachta nó le haghaidh phionós an bháis, íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach a chosc.

(15)

Is gá, dá bhrí sin, rialuithe a fhorchur ar onnmhairiú earraí áirithe a d'fhéadfaí a úsáid ní hamháin le haghaidh céastóireachta agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, ach le haghaidh cuspóirí dlisteanacha freisin. Ba cheart feidhm a bheith ag na rialuithe sin maidir le hearraí a úsáidtear go príomha chun críocha fhorfheidhmiú an dlí agus, ach amháin má léirítear go bhfuil na rialuithe sin díréireach, maidir le haon trealamh nó táirge eile a d'fhéadfaí mí-úsáid a bhaint as le haghaidh céastóireachta agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, agus aird a thabhairt ar a dhearadh agus a ghnéithe teicniúla.

(16)

Maidir le trealamh forfheidhmithe dlí, ba cheart a thabhairt faoi deara go bhforáiltear le hAirteagal 3 den Chód Iompraíochta d'Oifigigh um Fhorfheidhmiú an Dlí (5) nach bhféadfaidh oifigigh um fhorfheidhmiú an dlí forneart a úsáid ach amháin nuair is fíorghá sin agus a mhéid is gá chun a ndualgas a dhéanamh. Foráiltear le Prionsabail Bhunúsacha maidir le hÚsáid Fornirt agus maidir le hÚsáid Arm Tine ag Oifigigh um Fhorfheidhmiú an Dlí, arna nglacadh ag Ochtú Comhdháil na Náisiún Aontaithe maidir le Coireacht a Chosc agus Cóireáil Ciontóirí in 1990 gur cheart d'oifigigh um fhorfheidhmiú an dlí, a mhéid is féidir, modhanna neamhfhoréigeanacha a úsáid chun a ndualgas a dhéanamh roimh dóibh forneart agus airm thine a úsáid.

(17)

Ina fhianaise sin, moltar leis na Prionsabail Bhunúsacha airm neamh-mharfacha éagumasúcháin a fhorbairt lena n-úsáid i gcásanna iomchuí ach aithnítear, ag an am céanna, gur cheart an úsáid a bhaintear as airm den sórt sin a rialú go cúramach. Sa chomhthéacs sin, modhnaíodh trealamh áirithe a úsáideann póilíní de ghnáth le haghaidh féinchosanta agus le haghaidh smachtú círéibe ionas go bhféadtar é a úsáid chun turraingí leictreacha agus substaintí ceimiceacha a thabhairt do dhaoine chun iad a éagumasú. Léirítear go mbaintear mí-úsáid as airm den sórt sin i roinnt tíortha le haghaidh céastóireachta nó le haghaidh íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach.

(18)

Leis na Prionsabail Bhunúsacha, aibhsítear gur cheart trealamh féinchosanta a bheith ag oifigigh um fhorfheidhmiú an dlí. Ar an ábhar sin, níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le gnáth-threalamh féinchosanta a thrádáil, amhail sciatha.

(19)

Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le trádáil substaintí ceimiceacha áirithe a úsáidtear chun daoine a éagumasú.

(20)

Maidir le geimhle cos, cuibhrigh bhuíne agus geimhle agus glais, ba cheart a mheabhrú go bhforáiltear le hAirteagal 33 de Rialacha Íosta na Náisiún Aontaithe maidir le Cóireáil Príosúnach (6) nár cheart riamh gléasanna srianta a úsáid mar phionós. Lena chois sin, ní ceart slabhraí ná geimhle a úsáid chun duine a shrianadh. Thairis sin, ba cheart aird a thabhairt go bhforáiltear le Rialacha Íosta na Náisiún Aontaithe maidir le Cóireáil Príosúnach nár cheart gléasanna srianta eile a úsáid ach amháin má tá baol éalaithe ann le linn aistrithe, ar chúiseanna leighis mar a ordóidh oifigeach liachta, nó, má theipeann ar mhodhanna eile srianta, chun cosc a chur ar phríosúnach é nó í féin nó daoine eile a ghortú, nó damáiste a dhéanamh do mhaoin.

(21)

Chun baill foirne agus daoine eile a chosaint i gcoinne caitheamh seile, uaireanta cuirtear d'iallach ar phríosúnaigh cochall frithsheile, mar a thugtar air, a chaitheamh. Toisc go gclúdaíonn cochall den sórt sin an béal agus go minic an tsrón freisin, tá baol aisfiscithe ag baint leis. Má tá srianta ceangailte de, amhail glais lámh, tá baol ann go mbainfidh gortú muiníl don phríosúnach. Dá bhrí sin, ba cheart onnmhairiú cochall frithsheile a rialú.

(22)

Le cois arm iniompartha, ba cheart a áireamh ar raon feidhme na rialuithe onnmhairiúcháin airm turrainge leictrí suite nó insuite a chlúdaíonn limistéar fairsing agus a dhíríonn ar níos mó ná duine amháin. Is minic a chuirtear airm den sórt sin i láthair mar airm neamh-mharfacha, mar a thugtar orthu, ach ar an gcuid is lú tá an riosca céanna ag baint leo agus a bhaineann le hairm turrainge leictrí iniompartha drochphian nó fulaingt ghéar a chur ar dhuine.

(23)

Toisc go bhfuiltear ag margú gléasanna suite a scaipeann substaintí ceimiceacha greannacha agus atá ceaptha lena n-úsáid laistigh d'fhoirgneamh, agus toisc go mbaineann riosca le húsáid substaintí den sórt sin faoi dhíon go ndéanfaí drochphian nó fulaingt ghéar a chur ar dhuine de shórt nach mbíonn i gceist lena ngnáthúsáid amuigh faoin aer, ba cheart onnmhairiú trealaimh den sórt sin a rialú.

(24)

Lena chois sin, ba cheart rialuithe onnmhairiúcháin a chur i bhfeidhm ar threalamh suite nó insuite a scaipeann substaintí éagumasúcháin nó greannacha a chlúdaíonn limistéar fairsing i gcás nach bhfuil trealamh den sórt sin faoi réir rialuithe onnmhairiúcháin i gcomhréir le Comhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle (7). Is minic a chuirtear trealamh den sórt sin i láthair mar theicneolaíocht neamh-mharfach, mar a thugtar air, ach ar an gcuid is lú tá an riosca céanna ag baint leis agus a bhaineann le hairm agus gléasanna iniompartha drochphian nó fulaingt ghéar a chur ar dhuine. Cé nach n-áirítear an t-uisce ar na hoibreáin cheimiceacha éagumasúcháin nó ghreannacha, féadfaidh canónacha uisce a úsáid chun oibreáin den sórt sin a scaipeadh i bhfoirm leachtach agus ba cheart a n-onnmhairiú a rialú.

(25)

Na rialuithe onnmhairiúcháin a bhaineann le capsacam oiléaroisín (OC) agus le fanailealaimíd aigéid pheileargónaigh (PAVA), ba cheart iad a fhorlíonadh le rialuithe onnmhairiúcháin ar mheascáin áirithe ina bhfuil na substaintí sin is féidir a chur i bhfeidhm amhlaidh mar oibreáin éagumasúcháin nó mar oibreáin ghreannacha nó is féidir a úsáid chun oibreáin den sórt sin a mhonarú. I gcás inarb iomchuí, ba cheart tagairtí d'oibreáin cheimiceacha éagumasúcháin nó ghreannacha a fhorléiriú mar thagairtí lena gcuimsítear capsacam oiléaroisín agus na meascáin ábhartha a bhfuil sé iontu.

(26)

Is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le díolúintí sonracha ó na rialuithe onnmhairiúcháin chun nach gcuirfí bac ar fheidhmiú fhórsaí póilíneachta na mBallstát agus ar fhorghníomhú oibríochtaí síochánaíochta agus bainistithe géarchéime.

(27)

Ag cur san áireamh go bhfuil roinnt Ballstát tar éis onnmhairiú agus allmhairiú earraí den sórt sin a thoirmeasc cheana féin, is iomchuí an ceart a thabhairt do na Ballstáit onnmhairiú agus allmhairiú geimhle cos, cuibhreach buíne agus gléasanna turrainge leictrí iniompartha, seachas criosanna turrainge leictrí, a thoirmeasc. Ba cheart an chumhacht a thabhairt do na Ballstáit freisin rialuithe onnmhairiúcháin a chur i bhfeidhm ar ghlais lámh ag a bhfuil lántoise, lena n-áirítear slabhra, is faide ná 240 mm agus iad glasáilte, más mian leo sin a dhéanamh.

(28)

Chun an t-ualach riaracháin ar onnmhaireoirí a theorannú, ba cheart cead a bheith ag na húdaráis inniúla údarú foriomlán a thabhairt d'onnmhaireoir i leith earraí a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo chun úsáid na n-earraí ábhartha le haghaidh céastóireachta nó le haghaidh íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach a chosc.

(29)

I gcásanna áirithe, atreoraíodh táirgí íocshláinte a onnmhairíodh chuig tríú tíortha agus úsáideadh le haghaidh phionós an bháis iad, go háirithe trí ródháileog mharfach a thabhairt le hinstealladh. Tá an tAontas i gcoinne phionós an bháis i ngach aon chúinse agus oibríonn sé chun deireadh a chur leis go huile is go hiomlán. Is miste do na honnmhaireoirí a bheith bainteach dá n-ainneoin le húsáid den sórt sin de na táirgí atá forbartha acu le haghaidh úsáid mhíochaine.

(30)

Is gá, dá bhrí sin, rialuithe a fhorchur ar onnmhairiú earraí áirithe a d'fhéadfaí a úsáid le haghaidh phionós an bháis chun cosc a chur le húsáid táirgí íocshláinte áirithe chun na críche sin agus chun a áirithiú go bhfuil onnmhaireoirí táirgí íocshláinte uile an Aontais faoi réir coinníollacha aonfhoirmeacha ina leith sin. Forbraíodh na táirgí íocshláinte ábhartha le haghaidh, inter alia, ainéistéise agus támhaithe.

(31)

Níor cheart an córas údaraithe onnmhairiúcháin dul thar a bhfuil comhréireach. Níor cheart, dá bhrí sin, cosc a bheith ann ar onnmhairiú táirgí íocshláinte a úsáidtear chun críocha dlisteanacha teiripe.

(32)

Maidir le liosta na n-earraí a n-éilítear údarú lena n-onnmhairiú d'fhonn cosc a chur na hearraí sin a úsáid le haghaidh phionóis an bháis, níor cheart go n-áireofaí air ach earraí a úsáideadh le haghaidh phionós an bháis i dtríú tír nach bhfuil pionós an bháis díothaithe aige, agus earraí a ndearna aon tríú tír den sórt sin a n-úsáid le haghaidh phionós an bháis a fhormheas, gan iad a bheith úsáidte chun na críche sin fós. Níor cheart go n-áireofaí ar an liosta sin earraí nach bhfuil fíor-riachtanach chun duine ciontaithe a chur chun báis, amhail troscán caighdeánach a d'fhéadfaí a fháil i seomra an chur chun báis.

(33)

De bharr na ndifríochtaí idir pionós an bháis, ar lámh amháin, agus saintréithe céastóireachta agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach ar an lámh eile, is iomchuí córas sonrach údaraithe onnmhairiúcháin a leagan síos d'fhonn cosc a chur ar úsáid earraí áirithe le haghaidh phionós an bháis. Ba cheart a chur san áireamh sa chóras sin gur chuir roinnt tíortha deireadh le pionós an bháis i gcás gach coire agus gur thug siad gealltanas ar an leibhéal idirnáisiúnta i leith na saincheiste sin. Ó tá baol ann go n-ath-onnmhaireofar earraí chuig tíortha nach ndearna amhlaidh, ba cheart coinníollacha áirithe agus ceanglais áirithe a fhorchur i gcás ina n-údaraítear onnmhairiú chuig tíortha a chuir deireadh le pionós an bháis. Is iomchuí, ar an ábhar sin, údarú onnmhairiúcháin ginearálta a thabhairt i leith onnmhairiú go dtí na tíortha sin a bhfuil pionós an bháis díothaithe acu i gcás gach coire agus a bhfuil an díothú sin deimhnithe acu trí ghealltanas idirnáisiúnta.

(34)

Mura bhfuil pionós an bháis díothaithe ag tír i gcás gach coire agus an díothú sin deimhnithe trí ghealltanas idirnáisiúnta, ba cheart do na húdaráis inniúla, agus iad ag scrúdú iarrata ar údarú onnmhairiúcháin, a sheiceáil an bhfuil baol ann go n-úsáidfidh an t-úsáideoir deiridh sa tír is ceann scríbe na hearraí a onnmhairíodh le haghaidh an phionóis sin. Ba cheart coinníollacha iomchuí agus ceanglais iomchuí a leagan síos chun rialú a dhéanamh ar dhíolacháin le tríú páirtithe nó ar aistrithe chucu a dhéanann an t-úsáideoir deiridh. Má sheoltar il-lastais idir an t-onnmhaireoir agus an t-úsáideoir deiridh céanna, ba cheart cead a bheith ag na húdaráis inniúla stádas an úsáideora deiridh a athbhreithniú ar bhonn tréimhsiúil, mar shampla gach sé mhí, seachas gach uair a thabharfar údarú onnmhairiúcháin le haghaidh lastais, gan dochar do cheart na n-údarás inniúil údarú onnmhairiúcháin a neamhniú, a chur ar fionraí, a mhodhnú nó a chúlghairm má tá údar leis sin.

(35)

Chun an t-ualach riaracháin ar onnmhaireoirí a theorannú, ba cheart cead a bheith ag na húdaráis inniúla údarú foriomlán a thabhairt d'onnmhaireoir i leith na lastas táirgí íocshláinte uile a sheoltar ón onnmhaireoir chuig úsáideoir deiridh sonrach do thréimhse shocraithe, údarú ina sonrófar, nuair is gá, cainníocht sonraithe a fhreagraíonn don ghnáthúsáid a bhaineann an t-úsáideoir deiridh as earraí den sórt sin. Ba cheart an t-údarú sin a bheith bailí go ceann idir bliain amháin agus 3 bliana, agus an fhéidearthacht ann é sin a fhadú suas go dtí 2 bhliain.

(36)

Lena chois sin, b'iomchuí údarú foriomlán a thabhairt i gcás ina bhfuil sé i gceist ag monaróir táirgí íocshláinte a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo a onnmhairiú chuig dáileoir i dtír nár chuir deireadh le pionós an bháis, ar choinníoll go bhfuil comhaontú atá ceangailteach ó thaobh dlí tugtha i gcrích idir an t-onnmhaireoir agus an dáileoir ina bhfuil sé ceangailte go gcuirfidh an dáileoir tacar beart iomchuí i bhfeidhm lena n-áiritheofar nach n-úsáidfear na táirgí íocshláinte sin le haghaidh phionós an bháis.

(37)

Féadfaidh táirgí íocshláintea thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo a bheith faoi réir rialuithe i gcomhréir le coinbhinsiúin idirnáisiúnta maidir le drugaí támhshuanacha agus substaintí síceatrópacha, amhail Coinbhinsiún 1971 maidir le Substaintí Síceatrópacha. Ós rud é nach gcuirtear na rialuithe sin i bhfeidhm chun cosc a chur ar úsáid na dtáirgí íocshláinte ábhartha le haghaidh phionós an bháis ach chun gáinneáil aindleathach drugaí a chosc, ba cheart na rialuithe onnmhairiúcháin atá leagtha síos sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm chomh maith leis na rialuithe idirnáisiúnta sin. Ba cheart na Ballstáit a spreagadh, áfach, nós imeachta aonair a úsáid chun an dá chóras rialaithe a chur i bhfeidhm.

(38)

Níor cheart feidhm a bheith ag na rialuithe ar onnmhairiú a dhéantar i gcomhréir leis an Rialachán seo maidir le hearraí a rialaítear a n-onnmhairiú i gcomhréir le Comhsheasamh 2008/944/CFSP, Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 ón gComhairle (8) agus Rialachán (AE) Uimh. 258/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9).

(39)

Ba cheart soláthar seirbhísí bróicéireachta agus soláthar cúnaimh theicniúil i ndáil leis na hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn III nó in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo a bheith faoi réir údarú a fháil roimh ré chun cosc a chur leis na seirbhísí bróicéireachta nó an cúnamh teicniúil a bheith ag rannchuidiú le húsáid na n-earraí lena mbaineann siad chun críche phionós an bháis, céastóireachta nó íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach.

(40)

Maidir leis na seirbhísí bróicéireachta agus an cúnamh teicniúil a chuirtear faoi réir údarú roimh ré leis an Rialachán seo, ba cheart gurbh iad sin na seirbhísí agus an cúnamh a sholáthraítear ó laistigh den Aontas, is é sin ó chríocha laistigh de raon feidhme críochach na gConarthaí, lena n-áirítear an t-aerspás agus aon aerárthach nó soitheach faoi dhlínse Ballstáit.

(41)

Le linn dóibh soláthar an chúnaimh theicniúil a bhaineann leis na hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo a údarú, ba cheart do na húdaráis inniúla féachaint lena áirithiú go ndéanfar an cúnamh teicniúil agus aon oiliúint maidir le húsáid na n-earraí sin a sholáthrófaí nó a thairgfí i gcomhar leis an gcúnamh teicniúil a n-iarrfar an t-údarú ina leith, a sholáthar ar bhealach ina gcuirfidh sé chun cinn caighdeáin um fhorfheidhmiú an dlí a urramóidh cearta an duine agus a rannchuideoidh le céastóireacht nó le híde nó le pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach a chosc.

(42)

Chun cosc a chur le hoibreoirí eacnamaíocha sochair a bhaint as earraí a iompar a théann trí chríoch custaim an Aontais ar a slí chuig tríú tír, arb earraí iad atá beartaithe lena n-úsáid le haghaidh phionós an bháis, le haghaidh céastóireachta nó le haghaidh íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, is gá iompar na n-earraí sin a thoirmeasc laistigh den Aontas má liostaítear iad in Iarscríbhinn III nó in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo, ar choinníoll go bhfuil eolas ag an oibreoir eacnamaíoch faoin úsáid atá beartaithe.

(43)

Le Treoirlínte i dtaca le Beartas AE i leith tríú tíortha maidir le céastóireacht agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, foráiltear, inter alia, go gcuirfidh na Cinn Mhisin i dtríú tíortha ina dtuarascálacha tréimhsiúla anailís ar chéastóireacht agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach a dhéantar sa Stát ina bhfuil siad creidiúnaithe, agus na bearta a dhéantar chun iad a chomhrac. Is iomchuí go gcuirfeadh na húdaráis inniúla san áireamh na tuarascálacha sin agus tuarascálacha cosúla a dhéanann eagraíochtaí ábhartha idirnáisiúnta agus de chuid na sochaí shibhialta agus cinneadh á dhéanamh acu maidir le hiarrataí ar údaruithe. Ba cheart cur síos a dhéanamh sna tuarascálacha sin freisin ar aon trealamh a úsáidtear i dtríú tíortha ar mhaithe le pionós an bháis nó ar mhaithe le híde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach.

(44)

Cé gur cheart d'údaráis chustaim faisnéis áirithe a roinnt le húdaráis chustaim eile agus an córas bainistithe riosca custaim á úsáid acu i gcomhréir le reachtaíocht chustaim an Aontais, ba cheart do na húdaráis inniúla dá dtagraítear sa Rialachán seo faisnéis áirithe a roinnt le húdaráis inniúla eile. Is iomchuí a éileamh go n-úsáidfidh na húdaráis inniúla córas atá slán agus criptithe chun faisnéis a mhalartú maidir le diúltú. Chuige sin, ba cheart don Choimisiún feidhmiúlacht nua a chur ar fáil sa chóras atá ann cheana a cuireadh ar bun de bhun Airteagal 19(4) de Rialachán (CE) Uimh. 428/2009.

(45)

A mhéid a bhaineann sí nó sé le sonraí pearsanta, ba cheart próiseáil agus malartú faisnéise a dhéanamh de réir na rialacha is infheidhme maidir le próiseáil agus malartú sonraí pearsanta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) agus le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11).

(46)

Chun go nglacfaí na forálacha is gá chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le leasuithe ar Iarscríbhinn I go Iarscríbhinn IX a ghabhann leis an Rialachán seo. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (12). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(47)

Chun a lamháil don Aontas freagairt go tapa nuair a fhorbraítear earraí nua a d'fhéadfaí a úsáid le haghaidh phionós an bháis, le haghaidh céastóireachta nó le haghaidh íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, agus i gcás ina bhfuil baol soiléir agus láithreach ann go n-úsáidfear na hearraí sin chun críoch a mbeidh na droch-úsáidí ar chearta an duine ag baint leo, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir leis an ngníomh ábhartha ón gCoimisiún a chur i bhfeidhm láithreach, má tá, i gcás leasú ar Iarscríbhinn II nó III a ghabhann leis an Rialachán seo, mórfhorais práinne ann an leasú sin a dhéanamh. Chun a lamháil don Aontas freagairt go tapa nuair a dhéanann tríú tír amháin nó níos mó earraí áirithe a fhormheas le haghaidh phionós an bháis nó nuair a ghlacann siad le gealltanas idirnáisiúnta chun pionós an bháis a chur ar ceal do gach coir, nó nuair a dhéanann sí nó siad an gealltanas idirnáisiúnta sin a shárú, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le cur i bhfeidhm láithreach an ghnímh ábhartha de chuid an Choimisiúin, i gcás ina ndéantar leasú ar Iarscríbhinn IV nó Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo, más rud é go n-éilítear amhlaidh ar mhórfhorais práinne. I gcás ina leantar an nós imeachta práinne, tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal saineolaithe.

(48)

Ba cheart grúpa comhordaithe a bhunú. Ba cheart don ghrúpa feidhmiú mar ardán do shaineolaithe na mBallstát agus don Choimisiún chun faisnéis a mhalartú maidir le cleachtais riaracháin agus chun ceisteanna maidir le léiriú an Rialacháin seo, saincheisteanna teicniúla maidir leis na hearraí a liostaítear, forbairtí a bhaineann leis an Rialachán seo agus aon cheisteanna eile a d'fhéadfadh teacht chun cinn a phlé. Ba cheart don ghrúpa, go háirithe, a bheith in ann saincheisteanna a bhaineann le cineál agus le héifeacht bheartaithe na n-earraí, infhaighteacht na n-earraí i dtríú tíortha agus an cheist i dtaobh an ndéantar earraí a dhearadh nó a mhodhnú go sonrach le haghaidh phionós an bháis nó le haghaidh céastóireachta nó le haghaidh íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach a phlé. Má chinneann an Coimisiún dul i gcomhairle leis an ngrúpa agus gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú aige, ba cheart dó déanamh amhlaidh i gcomhréir le Comhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

(49)

Ní sholáthraíonn an Coimisiún trealamh chun críocha fhorfheidhmiú an dlí ós rud é nach bhfuil sé freagrach as an ord poiblí a chaomhnú, as cúrsaí coireachta ná as cinntí breithiúnacha in ábhair choiriúla. Dá bhrí sin, ba cheart nós imeachta a bhunú chun a áirithiú go bhfaighidh an Coimisiún faisnéis faoi threalamh forfheidhmithe dlí nach bhfuil liostaithe agus faoi tháirgí a chuirtear ar an margadh san Aontas chun a áirithiú go nuashonrófar na liostaí d'earraí a dtoirmisctear iad a thrádáil nó a bhfuil trádáil iontu faoi rialú chun forbairtí nua a chur san áireamh. Nuair a bheidh a iarraidh á díriú chuig an gCoimisiún aige, ba cheart don Bhallstát iarrthach a iarraidh chun earraí a chur isteach in Iarscríbhinn II, in Iarscríbhinn III nó in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo a chur ar aghaidh chuig Ballstáit eile.

(50)

Le bearta an Rialacháin seo, tá sé i gceist pionós an bháis mar aon le céastóireacht agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach a chosc i dtríú tíortha. Is éard atá sna bearta ná srianta maidir le trádáil le tríú tíortha a mhéid a bhaineann le hearraí a d'fhéadfaí a úsáid le haghaidh phionós an bháis agus le haghaidh céastóireachta nó le haghaidh íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach. Ní mheastar gur gá rialuithe ar an dul céanna a chur ar bun maidir le hidirbhearta laistigh den Aontas toisc nach ann do phionós an bháis sna Ballstáit agus beidh bearta iomchuí glactha ag na Ballstáit chun céastóireacht agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach a chosc agus a thoirmeasc.

(51)

D'fhonn bearta éifeachtacha a dhéanamh i gcoinne céastóireachta agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, sonraítear sna Treoirlínte i dtaca le Beartas AE i leith tríú tíortha maidir le céastóireacht nó íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach gur cheart bearta a ghlacadh chun úsáid, táirgeadh agus trádáil trealaimh a chosc, ar trealamh é atá ceaptha chun céastóireacht a dhéanamh nó chun íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach a ghearradh. Is faoi na Ballstáit atá sé na srianta is gá a fhorchur agus a fhorfheidhmiú maidir le húsáid agus táirgeadh trealaimh den sórt sin.

(52)

Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit a chéile a chur ar an eolas faoi na bearta a ghlactar faoin Rialachán seo agus faoi fhaisnéis ábhartha eile atá ar fáil dóibh i dtaobh an Rialacháin seo.

(53)

Ba cheart do na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir le pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo agus a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Ba cheart na pionóis sin a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

ÁBHAR AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Ábhar

Tá leagtha síos sa Rialachán seo rialacha de chuid an Aontais lena rialaítear trádáil le tríú tíortha a mhéid a bhaineann le hearraí a d'fhéadfaí a úsáid le haghaidh phionós an bháis, le haghaidh céastóireachta nó le haghaidh íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, agus na rialacha lena rialaítear soláthar seirbhísí bróicéireachta, cúnaimh theicniúil, oiliúna agus fógraíochta a bhaineann le hearraí den sórt sin.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo:

(a)

ciallaíonn “céastóireacht” aon bheart lena gcuirtear pian léanmhar nó fulaingt léanmhar, baineadh sé leis an gcolainn nó leis an intinn, ar dhuine d'aon turas chun críoch amhail faisnéis nó admháil a bhaint as an duine sin nó as tríú duine, pionós a chur ar an duine sin mar gheall ar ghníomh a rinne an duine sin nó a rinne tríú duine nó a bhfuil amhras go ndearna an duine sin nó tríú duine, nó imeaglú nó comhéigniú a dhéanamh ar an duine sin nó ar thríú duine, nó ar aon chúis atá bunaithe ar idirdhealú d'aon chineál, nuair is oifigeach poiblí nó duine eile atá ag gníomhú i gcáil oifigiúil a chuireann an phian sin nó an fhulaingt sin ar dhuine, nó a chuireann faoi deara é a dhéanamh, nó má dhéantar le cead nó le toiliú oifigigh phoiblí nó duine eile atá ag gníomhú i gcáil oifigiúil é. Ní áirítear le céastóireacht, áfach, pian nó fulaingt a éiríonn ó phionóis dhleathacha amháin, bíodh sin ina ghné dhílis nó ina ghné theagmhasach de na pionóis sin. Ní mheastar pionós an bháis a bheith ina phionós dleathach in imthosca ar bith;

(b)

ciallaíonn “íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach” aon ghníomh lena gcuirtear pian nó fulaingt lena ngabhann leibhéal íosta de léan, baineadh sé leis an gcolainn nó leis an intinn, ar dhuine nuair is oifigeach poiblí nó duine eile atá ag gníomhú i gcáil oifigiúil a chuireann an phian sin nó an fhulaingt sin ar dhuine, nó a chuireann faoi deara é a dhéanamh. Ní áirítear le céastóireacht, áfach, pian nó fulaingt a éiríonn ó phionóis dhleathacha amháin, bíodh sin ina ghné dhílis nó ina ghné theagmhasach de na pionóis sin. Ní mheastar pionós an bháis a bheith ina phionós dleathach in imthosca ar bith;

(c)

ciallaíonn “údarás um fhorfheidhmiú an dlí” aon údarás atá freagrach as cionta coiriúla a chosc, a bhrath, a imscrúdú, a chomhrac agus a phionósú, lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta dóibh, na póilíní, ionchúisitheoir ar bith, údarás breithiúnach ar bith, údarás príosúin poiblí nó príobháideach ar bith agus, i gcás inarb iomchuí, aon cheann d'fhórsaí slándála nó d'údaráis mhíleata stáit;

(d)

ciallaíonn “onnmhairiú” tabhairt amach earraí ó chríoch chustaim an Aontais, lena n-áirítear imeacht earraí a n-éilítear dearbhú custaim ina leith agus imeacht earraí i ndiaidh a stórála i saorchrios de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13);

(e)

ciallaíonn “allmhairiú” aon tabhairt isteach earraí i gcríoch chustaim an Aontais, lena n-áirítear stóráil shealadach, cur i saorchrios, cur faoi nós imeachta speisialta agus scaoileadh i saorchúrsaíocht de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 952/2013;

(f)

ciallaíonn “cúnamh teicniúil” aon chúnamh teicniúil maidir le deisiúcháin, forbairt, monaraíocht, tástáil, cothabháil, cóimeáil nó aon seirbhís theicniúil eile, agus d'fhéadfadh sé gur i bhfoirm treoraithe, comhairle, oiliúna, tarchuir eolais oibre nó scileanna nó seirbhísí comhairliúcháin a bheadh an cúnamh teicniúil sin. Cuimsíonn cúnamh teicniúil cúnamh a thugtar ó bhéal agus cúnamh a chuirtear ar fáil i bhfoirm leictreonach;

(g)

ciallaíonn “músaem” institiúid neamhbhrabúsach bhuan a fheidhmíonn i seirbhís na sochaí agus a forbartha, ar institiúid í atá oscailte don phobal agus a dhéanann fianaise ábhartha den duine agus dá thimpeallacht a fháil, a chaomhnú, a léiriú agus a chur ar taispeáint, agus a dhéanann taighde ar an bhfianaise sin, chun críocha staidéir, oideachais agus pléisiúir;

(h)

ciallaíonn “údarás inniúil” údarás de chuid ceann de na Ballstáit, mar atá liostaithe in Iarscríbhinn I, atá i dteideal, i gcomhréir le hAirteagal 20, cinneadh a dhéanamh maidir le hiarratas ar údarú nó atá i dteideal onnmhaireoir a thoirmeasc ó úsáid a bhaint as údarú ginearálta onnmhairiúcháin ón Aontas;

(i)

ciallaíonn “iarratasóir”:

(1)

an t-onnmhaireoir, i gcás onnmhairiú dá dtagraítear in Airteagal 3, 11 nó 16;

(2)

an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht a iompraíonn na hearraí laistigh de chríoch chustaim an Aontais, i gcás idirthuras dá dtagraítear in Airteagal 5;

(3)

soláthróir an chúnaimh theicniúil, i gcás soláthairtí cúnaimh theicniúil dá dtagraítear in Airteagal 3;

(4)

an músaem a chuirfidh na hearraí ar taispeáint, i gcás allmhairí agus soláthairtí cúnaimh theicniúil dá dtagraítear in Airteagal 4;

(5)

soláthróir an chúnaimh theicniúil nó an bróicéir, i gcás soláthairtí cúnaimh theicniúil dá dtagraítear in Airteagal 15 nó seirbhísí bróicéireachta dá dtagraítear in Airteagal 19;

(j)

ciallaíonn “críoch chustaim an Aontais” an chríoch mar a leagtar síos in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013;

(k)

ciallaíonn “seirbhísí bróicéireachta”:

(1)

caibidlíocht nó socrú idirbheart chun earraí ábhartha ó thríú tír go haon tríú tír eile a cheannach, a dhíol nó a sholáthar, nó

(2)

earraí ábhartha atá suite i dtríú tír a dhíol nó a cheannach chun iad a aistriú go tríú tír eile.

Chun críocha an Rialacháin seo, níl soláthar seirbhísí coimhdeacha, agus an méid sin amháin, san áireamh sa sainmhíniú seo. Is é is seirbhísí coimhdeacha ann ná iompar, seirbhísí airgeadais, árachas nó ath-árachas, nó fógraíocht ghinearálta nó cur chun cinn;

(l)

ciallaíonn “bróicéir” aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht, lena n-áirítear comhpháirtíocht ar a bhfuil cónaí nó atá bunaithe i mBallstát agus a sholáthraíonn seirbhísí mar a shainmhínítear i bpointe (k) ó laistigh den Aontas; aon duine nádúrtha ag a bhfuil náisiúntacht Bhallstáit, is cuma cá bhfuil cónaí ar an duine sin, agus a sholáthraíonn na seirbhísí sin ó laistigh den Aontas; agus aon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá corpraithe nó comhdhéanta faoi dhlí Ballstáit, is cuma cá bhfuil sé bunaithe, agus a sholáthraíonn na seirbhísí sin ó laistigh den Aontas;

(m)

ciallaíonn “soláthróir cúnaimh theicniúil” aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht, lena n-áirítear comhpháirtíocht ar a bhfuil cónaí nó atá bunaithe i mBallstát agus a sholáthraíonn cúnamh teicniúil mar a shainmhínítear i bpointe (f) ó laistigh den Aontas; aon duine nádúrtha ag a bhfuil náisiúntacht Bhallstáit, is cuma cá bhfuil cónaí ar an duine sin, agus a sholáthraíonn an cúnamh sin ó laistigh den Aontas; agus aon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá corpraithe nó comhdhéanta faoi dhlí Ballstáit, is cuma cá bhfuil sé bunaithe, agus a sholáthraíonn an cúnamh sin ó laistigh den Aontas;

(n)

ciallaíonn “onnmhaireoir” duine nádúrtha nó dlíthiúil, eintiteas nó comhlacht, lena n-áirítear comhpháirtíocht, a ndéantar dearbhú onnmhairiúcháin thar a cheann, is é sin le rá an duine, eintiteas nó comhlacht a bhfuil an conradh aige leis an gcoinsíní sa tríú tír lena mbaineann an tráth a ghlactar leis an dearbhú onnmhairiúcháin, agus a bhfuil an chumhacht is gá aige chun cinneadh a dhéanamh go seolfar na hearraí amach as críoch chustaim an Aontais. Más rud é nach bhfuil aon chonradh den sórt sin tugtha i gcrích nó nach ngníomhaíonn sealbhóir an chonartha thar a cheann féin, ciallaíonn an t-onnmhaireoir an duine, eintiteas nó comhlacht a bhfuil an chumhacht is gá aige chun cinneadh a dhéanamh go seolfar na hearraí amach as críoch chustaim an Aontais. Maidir le tairbhiú den cheart na hearraí a dhiúscairt, i gcás inar le duine, eintiteas nó comhlacht ar a bhfuil cónaí lasmuigh den Aontas nó atá bunaithe lasmuigh den Aontas é de bhun an chonartha sin, measfar gurb é an páirtí conarthach ar a bhfuil cónaí san Aontas nó atá bunaithe san Aontas an t-onnmhaireoir;

(o)

ciallaíonn “Údarú Ginearálta Onnmhairiúcháin ón Aontas” údarú le haghaidh onnmhairiúcháin mar a shainmhínítear faoi phointe (d) go tíortha áirithe atá ar fáil ag na honnmhaireoirí uile a chomhlíonann na coinníollacha agus na ceanglais atá ann maidir lena úsáid de réir mar a liostaítear in Iarscríbhinn V;

(p)

ciallaíonn “údarú aonair” údarú a thugtar:

(1)

d'aon onnmhaireoir sonrach amháin le haghaidh onnmhairiú mar a shainmhínítear faoi phointe (d) chuig aon úsáideoir deiridh amháin nó chuig aon choinsíní amháin i dtríú tír agus lena gcumhdaítear aon earra amháin nó níos mó;

(2)

do bhróicéir sonrach amháin le haghaidh soláthar seirbhísí bróicéireachta mar a shainmhínítear faoi phointe (k) chuig aon úsáideoir deiridh amháin nó chuig aon choinsíní amháin i dtríú tír agus lena gcumhdaítear aon earra amháin nó níos mó; nó

(3)

do dhuine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a iompraíonn earraí laistigh de chríoch chustaim an Aontais le haghaidh idirthuras mar a shainmhínítear faoi phointe (s);

(q)

ciallaíonn “údarú foriomlán” údarú a thugtar d'aon onnmhaireoir nó bróicéir sonrach amháin i leith earraí den chineál a liostaítear in Iarscríbhinn III nó in Iarscríbhinn IV, agus a fhéadfaidh a bheith bailí le haghaidh:

(1)

onnmhairiú mar a shainmhínítear faoi phointe (d) chuig úsáideoir deiridh sonraithe amháin nó níos mó i gceann amháin nó níos mó de thríú tíortha sonraithe;

(2)

onnmhairiú mar a shainmhínítear faoi phointe (d) chuig dáileoir sonraithe amháin nó níos mó i gceann amháin nó níos mó de thríú tíortha sonraithe, i gcás inar monaróir earraí atá ar áireamh i bpointe 3.2 nó 3.3 d'Iarscríbhinn III nó i Roinn 1 d'Iarscríbhinn IV an t-onnmhaireoir;

(3)

soláthar seirbhísí bróicéireachta a bhaineann le haistrithe earraí atá suite i dtríú tír go dtí úsáideoir deiridh sonraithe amháin nó níos mó i gceann amháin nó níos mó de thríú tíortha sonraithe;

(4)

soláthar seirbhísí bróicéireachta a bhaineann le haistriú earraí atá suite i dtríú tír go dtí dáileoir sonraithe amháin nó níos mó i gceann amháin nó níos mó de thríú tíortha sonraithe i gcás inar monaróir earraí atá ar áireamh i bpointe 3.2 nó 3.3 d'Iarscríbhinn III nó i Roinn 1 d'Iarscríbhinn IV an bróicéir;

(r)

ciallaíonn “dáileoir” oibreoir eacnamaíoch a dhéanann gníomhaíochtaí mórdhíola i ndáil leis na hearraí a liostaítear i bpointe 3.2 nó 3.3. d'Iarscríbhinn III nó i Roinn 1 d'Iarscríbhinn IV, amhail na hearraí sin a fháil ó mhonaróirí nó na hearraí sin a choinneáil, a sholáthar nó a onnmhairiú; ní áirítear ar ghníomhaíochtaí mórdhíola na n-earraí sin soláthar a dhéanann ospidéal, cógaiseoir nó gairmí leighis chun na hearraí sin a chur ar fáil don phobal agus chun na críche sin amháin;

(s)

ciallaíonn “idirthuras” earraí neamh-Aontais a iompar laistigh de chríoch chustaim an Aontais, ar earraí iad a théann trí chríoch chustaim an Aontais ach a bhfuil a gceann scríbe lasmuigh de chríoch chustaim an Aontais.

CAIBIDIL II

EARRAÍ NACH BHFUIL AON ÚSÁID PHRAITICIÚIL LEO SEACHAS AR MHAITHE LE PIONÓS AN BHÁIS NÓ AR MHAITHE LE HÍDE NÓ PIONÓS EILE ATÁ CRUÁLACH, MÍDHAONNA NÓ TÁIREACH

Airteagal 3

Toirmeasc onnmhairiúcháin

1.   Aon onnmhairiú earraí a liostaítear in Iarscríbhinn II, déanfar é a thoirmeasc gan beann ar áit tionscnaimh na n-earraí sin.

Is é a bheidh in Iarscríbhinn II earraí nach bhfuil aon úsáid phraiticiúil ag baint leo seachas ar mhaithe le pionós an bháis nó ar mhaithe le híde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach.

Toirmeascfar ar sholáthróir cúnaimh theicniúil cúnamh teicniúil a bhaineann leis an hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn II a sholáthar d'aon duine, eintiteas nó comhlacht i dtríú tír, bíodh sin ar chomaoin nó gan a bheith ar chomaoin.

2.   De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh an t-údarás inniúil onnmhairiú earraí a liostaítear in Iarscríbhinn II, agus soláthar cúnaimh theicniúil a bhaineann leo, a údarú más rud é go léirítear go ndéanfar na hearraí sin a úsáid ar mhaithe le taispeáint phoiblí i músaem sa tír a n-onnmhaireofar na hearraí chuici, i bhfianaise na tábhachta stairiúla a bhaineann leo, agus chun na críche sin amháin.

Airteagal 4

Toirmeasc allmhairiúcháin

1.   I gcás aon allmhairiú earraí a liostaítear in Iarscríbhinn II, déanfar é a thoirmeasc, gan beann ar áit tionscnaimh na n-earraí sin.

Toirmeasctar ar dhuine, eintiteas nó comhlacht san Aontas glacadh le cúnamh teicniúil a bhaineann le hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn II arna sholáthar ag aon duine, eintiteas nó comhlacht ó thríú tír, bíodh sin ar chomaoin nó gan a bheith ar chomaoin.

2.   De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh an t-údarás inniúil allmhairiú earraí a liostaítear in Iarscríbhinn II, agus soláthar cúnaimh theicniúil a bhaineann leo, a údarú más rud é go léirítear go ndéanfar na hearraí sin a úsáid ar mhaithe le taispeáint phoiblí i músaem sa Bhallstát cinn scríbe, i bhfianaise na tábhachta stairiúla a bhaineann leo, agus chun na críche sin amháin.

Airteagal 5

Idirthuras a thoirmeasc

1.   Déanfar aon idirthuras earraí a liostaítear in Iarscríbhinn II a thoirmeasc.

2.   De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh an t-údarás inniúil idirthuras earraí a liostaítear in Iarscríbhinn II a údarú más rud é go léirítear go ndéanfar, sa tír is ceann scríbe, na hearraí sin a úsáid ar mhaithe le taispeáint phoiblí i músaem i bhfianaise na tábhachta stairiúla a bhaineann leo, agus chun na críche sin amháin.

Airteagal 6

Toirmeasc ar sheirbhísí bróicéireachta

Beidh toirmeasc ar bhróicéir seirbhísí bróicéireachta a sholáthar d'aon duine, d'aon eintiteas nó d'aon chomhlacht i dtríú tír i ndáil le hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn II, gan beann ar áit tionscnaimh na n-earraí sin.

Airteagal 7

Toirmeasc ar oiliúint

Beidh toirmeasc ar sholáthróir cúnaimh theicniúil nó ar bhróicéir oiliúint in úsáid na n-earraí a liostaítear in Iarscríbhinn II a sholáthar nó a thairiscint d'aon duine, d'aon eintiteas nó d'aon chomhlacht i dtríú tír.

Airteagal 8

Aontaí trádála

Toirmeascfar ar aon duine nádúrtha nó dlítheanach, ar aon eintiteas nó ar aon chomhlacht, lena n-áirítear comhpháirtíocht, bíodh cónaí air nó bíodh sé bunaithe i mBallstát nó ná bíodh, aon cheann de na hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn II a chur ar taispeáint nó a thairiscint le díol in aon taispeántas nó aonach a bhíonn ar siúl san Aontas, mura rud é go mbeidh sé léirithe, i bhfianaise nádúr an taispeántais nó an aonaigh, nach bhfuil an taispeántas nó an tairiscint le díol sin ina shiocair le díol nó soláthar na n-earraí ábhartha le haon duine, eintiteas nó comhlacht i dtríú tír agus nach ndéanann sé an díol nó soláthar sin a chur chun cinn.

Airteagal 9

Fógraíocht

Aon duine nádúrtha nó dlítheanach, aon eintiteas nó aon chomhlacht, lena n-áirítear comhpháirtíocht, a bhfuil cónaí air nó atá bunaithe i mBallstát agus a bhíonn ag díol nó ag ceannach spás fógraíochta nó am fógraíochta ó laistigh den Aontas, aon duine nádúrtha ag a bhfuil náisiúntacht Bhallstáit agus a bhíonn ag díol nó ag ceannach spás fógraíochta nó am fógraíochta ó laistigh den Aontas, agus aon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá corpraithe nó comhdhéanta faoi dhlí Ballstáit agus a bhíonn ag díol nó ag ceannach spás fógraíochta nó am fógraíochta ó laistigh den Aontas, toirmeascfar air spás fógraíochta sna meáin chlóite nó ar an Idirlíon nó am fógraíochta ar an teilifís nó ar an raidió a dhíol le haon duine, le haon eintiteas nó le haon chomhlacht i dtríú tír i ndáil le hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn II nó an spás fógraíochta sin nó an t-am fógraíochta sin a cheannach uathu.

Airteagal 10

Bearta náisiúnta

1.   Gan dochar do rialacha an Aontais is infheidhme, lena n-áirítear an toirmeasc ar idirdhealú ar fhorais náisiúntachta, féadfaidh Ballstáit bearta náisiúnta a ghlacadh nó a choimeád lena sriantar iompar, seirbhísí airgeadais, árachas nó ath-árachas, nó fógraíocht ghinearálta nó cur chun cinn i ndáil le hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn II.

2.   Aon bhearta a ghlactar de bhun mhír 1, déanfaidh na Ballstáit iad a fhógairt don Choimisiún, nó leasuithe agus aisghairmeacha orthu, sula dtiocfaidh siad i bhfeidhm.

CAIBIDIL III

EARRAÍ A D'FHÉADFAÍ A ÚSÁID LE HAGHAIDH CÉASTÓIREACHTA NÓ LE HAGHAIDH ÍDE NÓ PIONÓS EILE ATÁ CRUÁLACH, MÍDHAONNA NÓ TÁIREACH

Airteagal 11

An ceanglas maidir le húdarú onnmhairiúcháin

1.   I gcás aon onnmhairiú earraí a liostaítear in Iarscríbhinn III, beidh údarú ag teastáil ina leith, gan beann ar áit tionscnaimh na n-earraí sin. Ní bheidh aon údarú ag teastáil, áfach, i gcás earraí nach ndéantar ach iad a chur trí chríoch chustaim an Aontais, eadhon na hearraí sin nach bhfuil cóireáil nó úsáid atá formheasta ó thaobh custaim de sannta dóibh seachas an nós imeachta idirthurais sheachtraigh faoi Airteagal 226 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, lena n-áirítear stóráil earraí nach as an Aontas dóibh i saorchrios.

Is é amháin a bheidh in Iarscríbhinn III ná na hearraí seo a leanas a d'fhéadfaí a úsáid le haghaidh céastóireachta nó le haghaidh íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach:

(a)

earraí a úsáidtear go príomha chun críocha fhorfheidhmiú an dlí;

(b)

earraí a bhfuil baol ábhartha ann, agus a ndearadh agus a saintréithe teicniúil á gcur san áireamh, go n-úsáidfear iad le haghaidh céastóireachta nó le haghaidh íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach.

Ní bheidh na hearraí seo a leanas in Iarscríbhinn III:

(a)

airm thine a rialaítear le Rialachán (AE) Uimh. 258/2012;

(b)

ítimí dé-úsáide a rialaítear le Rialachán (CE) Uimh. 428/2009;

(c)

earraí a rialaítear i gcomhréir le Comhsheasamh 2008/944/CBES.

2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le honnmhairithe chuig críocha sin na mBallstát a liostaítear in Iarscríbhinn VI agus nach cuid de chríoch chustaim an Aontais iad, ar choinníoll gurb é a úsáideann na hearraí údarás atá i gceannas ar fhorfheidhmiú an dlí sa tír nó sa chríoch chinn scríbe agus sa chuid mheitreapholaiteach den Bhallstát ar leis an chríoch sin. Beidh an ceart ag lucht custaim nó ag údaráis ábhartha eile a fhíorú an gcomhlíonfar an coinníoll sin agus féadfaidh siad a chinneadh, go dtí go bhfíorófar sin, nach ndéanfar an t-onnmhairiú.

3.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le honnmhairithe chuig tríú tíortha, ar choinníoll go bhfuil na hearraí á n-úsáid ag pearsanra míleata nó sibhialta Ballstáit, má tá an pearsanra sin ag glacadh páirt i bhfeachtas síochánaíochta nó in oibríocht bainistíochta géarchéime sa tríú tír lena mbaineann nó in oibríocht atá bunaithe ar chomhaontuithe idir Ballstáit agus tríú tíortha i réimse na cosanta. Beidh an ceart ag lucht custaim nó ag údaráis ábhartha eile a fhíorú an gcomhlíonfar an coinníoll sin. Go dtí go bhfíorófar sin, ní dhéanfar an t-onnmhairiú.

Airteagal 12

Critéir maidir le húdaruithe onnmhairiúcháin a dheonú

1.   Déanfaidh na húdaráis inniúla na cinntí maidir le hiarratais ar údaruithe i leith earraí a liostaítear in Iarscríbhinn III, á chur san áireamh dóibh na breithnithe ábhartha go léir, lena n-áirítear cibé a ndearna Ballstát eile le 3 bliana anuas iarratas maidir le honnmhaire atá go bunúsach comhionann leis a dhíbhe agus cuirfidh siad san áireamh freisin breithnithe maidir leis an úsáid deiridh atá beartaithe agus an baol go n-atreorófar an t-earra.

2.   Ní dhéanfaidh an t-údarás inniúil aon údarú a dheonú má tá foras réasúnta ann a chreidiúint go bhféadfadh sé go n-úsáidfí na hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn III le haghaidh céastóireachta nó le haghaidh íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, lena n-áirítear pionós coirp breithiúnach, ag údarás um fhorfheidhmiú an dlí nó ag duine nádúrtha nó dlítheanach i dtríú tír.

Cuirfidh an t-údarás inniúil na nithe seo a leanas san áireamh:

(a)

breithiúnais idirnáisiúnta chúirte atá ar fáil;

(b)

torthaí chomhlachtaí inniúla na Náisiún Aontaithe, Chomhairle na hEorpa agus an AE, tuarascálacha ó Choiste Eorpach Chomhairle na hEorpa chun Céastóireacht agus Íde nó Pionós atá Mídhaonna nó Táireach a Chosc agus ó Rapóirtéir Speisialta na Náisiún Aontaithe maidir le Céastóireacht agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach.

Féadfar faisnéis ábhartha eile, lena n-áirítear breithiúnais náisiúnta chúirte atá ar fáil, tuarascálacha nó faisnéis eile arna n-ullmhú ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus faisnéis maidir le srianta ar onnmhairiú earraí a liostaítear in Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III a chuireann an tír chinn scríbe i bhfeidhm, féadfar iad a chur san áireamh.

3.   Beidh feidhm ag na rialacha a leagtar síos sa dara fomhír agus sa tríú fomhír maidir le fíorú na húsáide deiridh atá beartaithe agus an bhaoil atreoraithe.

Má dhéanann monaróir earraí a liostaítear i bpointe 3.2 nó pointe 3.3 d'Iarscríbhinn III údarú a iarraidh chun na hearraí sin a onnmhairiú chuig dáileoir, déanfaidh an t-údarás inniúil measúnú ar na socruithe conarthacha a bheidh déanta ag an monaróir agus ag an dáileoir agus ar na bearta atá á ndéanamh acu chun a áirithiú nach n-úsáidfear na táirgí sin ná, más infheidhme, na táirgí ina gcorprófar iad le haghaidh céastóireachta nó le haghaidh íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach.

Má iarrtar údarú chun earraí a liostaítear i bpointe 3.2 nó 3.3 d'Iarscríbhinn III a onnmhairiú chuig úsáideoir deiridh, féadfaidh an t-údarás inniúil, nuair a bheidh an baol atreoraithe á mheas aige, na socruithe conarthacha is infheidhme agus an ráiteas maidir le húsáid deiridh arna shíniú ag an úsáideoir deiridh, má tá ráiteas den sórt sin tugtha, a chur san áireamh. Mura mbeidh aon ráiteas maidir le húsáid deiridh tugtha, is faoin onnmhaireoir a bheidh sé a léiriú cé hé an t-úsáideoir deiridh agus cén úsáid a bhainfear as na hearraí. Má mhainníonn an t-onnmhaireoir dóthain faisnéise maidir leis an úsáideoir deiridh agus maidir leis an úsáid deiridh a thabhairt, measfar go bhfuil forais réasúnta ag an údarás inniúil a chreidiúint go bhféadfadh sé go n-úsáidfí na hearraí le haghaidh céastóireachta nó le haghaidh íde nó pionós atá cruálach, mídhaonna nó táireach.

4.   Sa bhreis ar na critéir a leagtar amach i mír 1, déanfaidh an t-údarás inniúil, le linn dó iarratas ar údarú foriomlán a mheasúnú, a bhreithniú cibé an bhfuil bealaí agus nósanna imeachta atá cionmhar agus leormhaith á gcur i bhfeidhm ag an onnmhaireoir chun a áirithiú go bhfuil forálacha agus cuspóirí an Rialacháin seo, mar aon le téarmaí agus coinníollacha an údaraithe, á gcomhlíonadh.

Airteagal 13

Idirthuras a thoirmeasc

Duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht, lena n-áirítear comhpháirtíocht, bíodh cónaí air nó bíodh sé bunaithe i mBallstát nó ná bíodh, toirmeascfar air idirthuras earraí a liostaítear in Iarscríbhinn III a dhéanamh más rud é go bhfuil a fhios aige go bhfuil aon chuid de sheoladh na n-earraí sin beartaithe lena húsáid le haghaidh céastóireachta nó le haghaidh íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach i dtríú tír.

Airteagal 14

Bearta náisiúnta

1.   D'ainneoin na bhforálacha in Airteagal 11 agus Airteagal 12, féadfaidh Ballstát toirmeasc a chur nó a choinneáil ar onnmhairiú agus allmhairiú geimhle cos, cuibhreach buíne agus gléasanna turrainge leictrí iniompartha.

2.   Féadfaidh Ballstát ceanglas údarúcháin a fhorchur ar onnmhairiú glas lámh ag a bhfuil lántoise lena n-áirítear slabhraí, arna dtomhas ó fhorimeall glais amháin go forimeall glais eile, is faide ná 240 mm agus iad glasáilte. Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann Caibidlí III agus V i bhfeidhm maidir le glais lámh den sórt sin.

3.   Aon bhearta a ghlacfar de bhun mhíreanna 1 agus 2, déanfaidh na Ballstáit iad a fhógairt don Choimisiún sula dtiocfaidh siad i bhfeidhm.

Airteagal 15

Ceanglas maidir le húdarú i gcomhair seirbhísí áirithe

1.   Ceanglófar údarú a fháil le haghaidh aon soláthar, ag soláthróir cúnaimh theicniúil nó ag bróicéir, faoi seach, d'aon cheann de na seirbhísí seo a leanas a dhéantar d'aon duine, eintiteas nó comhlacht i dtríú tír, bíodh sin ar chomaoin nó gan a bheith ar chomaoin:

(a)

cúnamh teicniúil a bhaineann le hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn III, gan beann ar áit tionscnaimh na n-earraí sin; agus

(b)

seirbhísí bróicéireachta a bhaineann le hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn III, gan beann ar áit tionscnaimh earraí den sórt sin.

2.   Nuair a bheidh cinneadh á dhéanamh maidir le hiarratais ar údarú chun seirbhísí bróicéireachta a sholáthar i dtaca le hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn III, beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 12.

Nuair a bheidh cinneadh á dhéanamh maidir le hiarratais ar údarú chun cúnamh teicniúil a sholáthar i dtaca le hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn III, déanfar na critéir a leagtar amach in Airteagal 12 a chur san áireamh chun a mheasúnú:

(a)

cibé an mbeadh an cúnamh teicniúil sin á sholáthar do dhuine, eintiteas nó comhlacht a bhféadfadh sé go mbainfeadh sé úsáid as na hearraí lena mbaineann an cúnamh teicniúil ar mhaithe le céastóireacht nó le híde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach; agus

(b)

cibé an mbeadh an cúnamh teicniúil sin á úsáid chun earraí a liostaítear in Iarscríbhinn III a dheisiú, a fhorbairt, a mhonarú, a thástáil, a chothabháil nó a chóimeáil do dhuine, eintiteas nó comhlacht a d'fhéadfadh úsáid a bhaint as na hearraí dá mbaineann an cúnamh teicniúil ar mhaithe le céastóireacht nó le híde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, nó cibé an mbeadh an cúnamh teicniúil sin á sholáthar do dhuine, eintiteas nó comhlacht den sórt sin chun na críche sin.

3.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le cúnamh teicniúil a sholáthar, más rud é

(a)

go bhfuil an cúnamh teicniúil á sholáthar ag údarás um fhorfheidhmiú an dlí i mBallstát nó ag pearsanra míleata nó sibhialta Ballstáit mar a dtugtar tuairisc orthu sa chéad abairt d'Airteagal 11(3);

(b)

gurb é atá sa chúnamh teicniúil ná faisnéis atá san fhearann poiblí a sholáthar; nó

(c)

gurb é an cúnamh teicniúil an t-íosmhéid is gá chun na hearraí sin a liostaítear in Iarscríbhinn III a shuiteáil, a oibriú, a chothabháil nó a dheisiú agus go bhfuil onnmhairiú na n-earraí sin údaraithe ag údarás inniúil i gcomhréir leis an Rialachán seo.

4.   In ainneoin mhír 1, féadfaidh Ballstát toirmeasc ar sholáthar seirbhísí bróicéireachta a bhaineann le geimhle cos, le cuibhrigh bhuíne agus le gléasanna turrainge leictrí iniompartha a choinneáil. I gcás ina gcoinníonn Ballstát toirmeasc den sórt sin, cuirfidh sé in iúl don Choimisiún má dhéantar bearta atá glactha aige agus a bhfuil fógra tugtha ina leith i gcomhréir le hAirteagal 7a(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1236/2005 a leasú nó a aisghairm.

CAIBIDIL IV

EARRAÍ A D'FHÉADFAÍ A ÚSÁID LE HAGHAIDH PHIONÓS AN BHÁIS

Airteagal 16

An ceanglas maidir le húdarú onnmhairiúcháin

1.   I gcás aon onnmhairiú earraí a liostaítear in Iarscríbhinn IV, beidh údarú ag teastáil ina leith, gan beann ar áit tionscnaimh na n-earraí sin. Ní bheidh aon údarú ag teastáil áfach i gcás earraí nach ndéantar ach iad a chur trí chríoch chustaim an Aontais, eadhon na hearraí sin nach bhfuil cóireáil nó úsáid atá formheasta ó thaobh custaim de sannta dóibh seachas an nós imeachta idirthurais sheachtraigh faoi Airteagal 226 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, lena n-áirítear stóráil earraí nach as an Aontas dóibh i saorchrios.

Is é amháin a bheidh in Iarscríbhinn IV, earraí a d'fhéadfaí a úsáid le haghaidh phionós an bháis agus atá formheasta nó in úsáid go hiarbhír do phionós an bháis ag tríú tír amháin nó níos mó nach bhfuil deireadh curtha acu le pionós an bháis. Ní bheidh na hearraí seo a leanas inti:

(a)

airm thine a rialaítear le Rialachán (AE) Uimh. 258/2012;

(b)

ítimí dé-úsáide a rialaítear le Rialachán (CE) Uimh. 428/2009; agus

(c)

earraí a rialaítear i gcomhréir le Comhsheasamh 2008/944/CBES.

2.   I gcás ina gceanglaítear go bhfuil gá le húdarú onnmhairiúcháin de bhun an Rialacháin seo chun táirgí íocshláinte a onnmhairiú agus go bhfuil an t-onnmhairiú freisin faoi réir ceanglais údarúcháin i gcomhréir le coinbhinsiúin idirnáisiúnta lena rialaítear drugaí támhshuanacha agus substaintí síceatrópacha, amhail Coinbhinsiún 1971 maidir le Substaintí Síceatrópacha, féadfaidh na Ballstáit nós imeachta aonair a úsáid chun na hoibleagáidí a fhorchuirtear orthu leis an Rialachán seo agus leis an gcoinbhinsiún ábhartha a chomhlíonadh.

Airteagal 17

Critéir maidir le húdaruithe onnmhairiúcháin a dheonú

1.   Déanfaidh na húdaráis inniúla na cinntí maidir le hiarratais ar údaruithe i leith earraí a liostaítear in Iarscríbhinn IV, á chur san áireamh dóibh na breithnithe ábhartha go léir, lena n-áirítear cibé a ndearna Ballstát eile le 3 bliana anuas iarratas maidir le honnmhaire atá go bunúsach comhionann leis a dhíbhe agus cuirfidh siad san áireamh freisin breithnithe maidir leis an úsáid deiridh atá beartaithe agus an baol go n-atreorófar an t-earra.

2.   Ní dhéanfaidh an t-údarás inniúil aon údarú a dheonú má tá forais réasúnta ann a chreidiúint go bhféadfadh sé go n-úsáidfí na hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn IV le haghaidh phionós an bháis i dtríú tír.

3.   Beidh feidhm ag na rialacha sa dara fomhír, sa tríú fomhír agus sa cheathrú fomhír maidir le fíorú na húsáide deiridh atá beartaithe agus an bhaoil atreoraithe.

Má dhéanann monaróir earraí a liostaítear i Roinn 1 d'Iarscríbhinn IV údarú a iarraidh chun táirgí den sóirt sin a onnmhairiú chuig dáileoir, déanfaidh an t-údarás inniúil measúnú ar na socruithe conarthacha a bheidh déanta ag an monaróir agus an dáileoir agus ar na bearta atá siad a dhéanamh chun a áirithiú nach n-úsáidfear na hearraí le haghaidh phionós an bháis.

Má iarrtar údarú chun earraí a liostaítear i Roinn 1 d'Iarscríbhinn IV a onnmhairiú chuig úsáideoir deiridh, féadfaidh an t-údarás inniúil, nuair a bheidh an baol atreoraithe á mheas aige, na socruithe conarthacha is infheidhme agus an ráiteas maidir le húsáid deiridh arna shíniú ag an úsáideoir deiridh, má tá ráiteas den sórt sin tugtha, a chur san áireamh. Mura mbeidh aon ráiteas maidir le húsáid deiridh tugtha, is faoin onnmhaireoir a bheidh sé a léiriú cé hé an t-úsáideoir deiridh agus cén úsáid a bhainfear as na hearraí. Má mhainníonn an t-onnmhaireoir dóthain faisnéise maidir leis an úsáideoir deiridh agus maidir leis an úsáid deiridh a thabhairt, measfar go bhfuil foras réasúnta ag an údarás inniúil a chreidiúint go bhféadfadh sé go n-úsáidfí na hearraí le haghaidh phionós an bháis.

Féadfaidh an Coimisiún, i gcomhar le húdaráis inniúla na mBallstát, treoirlínte maidir le dea-chleachtas a ghlacadh i dtaobh mheasúnú na húsáide deiridh agus an chuspóra a bheadh le húsáid an chúnaimh theicniúil.

4.   Sa bhreis ar na critéir a leagtar amach i mír 1, déanfaidh an t-údarás inniúil, le linn dó iarratas ar údarú foriomlán a mheasúnú, a bhreithniú cibé an bhfuil bealaí agus nósanna imeachta atá cionmhar agus leormhaith á gcur i bhfeidhm ag an onnmhaireoir chun a áirithiú go bhfuil forálacha agus cuspóirí an Rialacháin seo, mar aon le téarmaí agus coinníollacha an údaraithe, á gcomhlíonadh.

Airteagal 18

Idirthuras a thoirmeasc

Duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht, lena n-áirítear comhpháirtíocht, bíodh cónaí air nó bíodh sé bunaithe i mBallstát nó ná bíodh, toirmeascfar air idirthuras earraí a liostaítear in Iarscríbhinn IV a dhéanamh más rud é go bhfuil a fhios aige go bhfuil aon chuid de sheoladh na n-earraí sin beartaithe lena húsáid le haghaidh phionós an bháis i dtríú tír.

Airteagal 19

Ceanglas maidir le húdarú i gcomhair seirbhísí áirithe

1.   Ceanglófar údarú a fháil le haghaidh aon soláthar, ag soláthróir cúnaimh theicniúil nó ag bróicéir, faoi seach, d'aon cheann de na seirbhísí seo a leanas a dhéantar d'aon duine, eintiteas nó comhlacht i dtríú tír, bíodh sin ar chomaoin nó gan a bheith ar chomaoin:

(a)

cúnamh teicniúil a bhaineann le hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn IV, gan beann ar áit tionscnaimh na n-earraí sin; agus

(b)

seirbhísí bróicéireachta a bhaineann le hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn IV, gan beann ar áit tionscnaimh earraí den sórt sin.

2.   Nuair a bheidh cinneadh á dhéanamh maidir le hiarratais ar údarú chun seirbhísí bróicéireachta a sholáthar i dtaca le hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn IV, beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 17.

Nuair a bheidh cinneadh á dhéanamh maidir le hiarratais ar údarú chun cúnamh teicniúil a sholáthar i dtaca le hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn IV, déanfar na critéir a leagtar amach in Airteagal 17 a chur san áireamh chun a mheasúnú:

(a)

cibé an mbeadh an cúnamh teicniúil sin á sholáthar do dhuine, eintiteas nó comhlacht a bhféadfadh sé go mbainfeadh sé úsáid as na hearraí lena mbaineann an cúnamh teicniúil ar mhaithe le pionós an bháis; agus

(b)

cibé an mbeadh an cúnamh teicniúil sin á úsáid chun earraí a liostaítear in Iarscríbhinn IV a dheisiú, a fhorbairt, a mhonarú, a thástáil, a chothabháil nó a chóimeáil do dhuine, eintiteas nó comhlacht a d'fhéadfadh úsáid a bhaint as na hearraí dá mbaineann an cúnamh teicniúil ar mhaithe le pionós an bháis, nó cibé an mbeadh an cúnamh teicniúil sin á sholáthar do dhuine, eintiteas nó comhlacht den sórt sin chun na críche sin.

3.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le cúnamh teicniúil a sholáthar, más rud é

(a)

gurb é atá sa chúnamh teicniúil ná faisnéis atá san fhearann poiblí a sholáthar; nó

(b)

gurb é an cúnamh teicniúil an t-íosmhéid is gá chun na hearraí sin a liostaítear in Iarscríbhinn IV a shuiteáil, a oibriú, a chothabháil nó a dheisiú agus go bhfuil onnmhairiú na n-earraí sin údaraithe ag údarás inniúil i gcomhréir leis an Rialachán seo.

CAIBIDIL V

NÓSANNA IMEACHTA ÚDARÚCHÁIN

Airteagal 20

Cineálacha údaruithe agus údaráis eisiúna

1.   Leis an Rialachán seo, bunaítear Údarú Ginearálta Onnmhairiúcháin ón Aontas le haghaidh onnmhairiú áirithe mar a leagtar amach in Iarscríbhinn V.

Féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an t-onnmhaireoir ina chónaí nó ina bhfuil sé bunaithe toirmeasc a chur ar an onnmhaireoir an t-údarú sin a úsáid má tá amhras réasúnta ann i leith chumas an onnmhaireora téarmaí an údaraithe sin a chomhlíonadh nó foráil de chuid na reachtaíochta maidir le rialú ar onnmhairiú a chomhlíonadh.

Malartóidh údaráis inniúla na mBallstát faisnéis faoi na honnmhaireoirí uile ar baineadh an ceart díobh an tÚdarú Ginearálta Onnmhairiúcháin ón Aontas a úsáid, ach amháin má chinneann siad nach ndéanfaidh onnmhaireoir sonrach iarracht earraí a liostaítear in Iarscríbhinn IV onnmhairiú trí Bhallstát eile. Is córas malartaithe faisnéise, atá slán agus criptithe, a úsáidfear chun na críche sin.

2.   Is é údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an t-onnmhaireoir ina chónaí nó ina bhfuil sé bunaithe a dheonóidh údarú i leith onnmhairiú nach onnmhairiú dá dtagraítear i mír 1 iad agus a gceanglaítear faoin Rialacháin seo údarú a dheonú ina leith, mar a liostaítear in Iarscríbhinn I. Féadfaidh an t-údarú sin a bheith ina údarú aonair nó ina údarú foriomlán má bhaineann sé le hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn III nó in Iarscríbhinn IV. Údarú aonair a bheidh in údarú i dtaca le hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn II.

3.   Maidir le húdarú le haghaidh idirthuras earraí a liostaítear in Iarscríbhinn II, is é údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht a iompraíonn na hearraí laistigh de chríoch chustaim an Aontais ina chónaí nó ina bhfuil sé bunaithe, mar a liostaítear in Iarscríbhinn I, a dheonóidh é. Más rud é nach bhfuil an duine, eintiteas nó comhlacht sin ina chónaí nó bunaithe i mBallstát, is é údarás inniúil an Bhallstáit ina dtarlaíonn tabhairt isteach na n-earraí i gcríoch chustaim an Aontais a dheonóidh an t-údarú. Is údarú aonair a bheidh san údarú sin.

4.   Is é údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an músaem bunaithe, mar a liostaítear in Iarscríbhinn I, a dheonóidh údarú i leith allmhairí a gceanglaítear faoin Rialachán seo údarú ina leith. Údarú aonair a bheidh in údarú i dtaca le hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn II.

5.   Is iad seo a leanas na húdaráis a thabharfaidh údarú i ndáil le cúnamh teicniúil a sholáthar maidir le hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn II:

(a)

údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an soláthróir cúnaimh theicniúil ina chónaí nó ina bhfuil sé bunaithe, de réir mar a liostaítear in Iarscríbhinn I, nó, mura bhfuil Ballstát den sórt sin ann, údarás inniúil an Bhallstáit a bhfuil an soláthróir cúnaimh theicniúil ina náisiúnach de nó ar faoina dhlí atá an soláthróir sin corpraithe nó comhdhéanta, má tá an cúnamh le soláthar do mhúsaem i dtríú tír; nó

(b)

údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an músaem bunaithe, mar a liostaítear in Iarscríbhinn I, má tá an cúnamh sin le soláthar do mhúsaem san Aontas.

6.   Údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an soláthróir cúnaimh theicniúil ina chónaí nó ina bhfuil sé bunaithe, de réir mar a liostaítear in Iarscríbhinn I, nó, mura bhfuil Ballstát den sórt sin ann, údarás inniúil an Bhallstáit a bhfuil an soláthróir cúnaimh theicniúil ina náisiúnach de nó ar faoina dhlí atá an soláthróir sin corpraithe nó comhdhéanta, is é a dhéanfaidh údarú le haghaidh soláthar cúnaimh theicniúil a bhaineann leis na hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn III nó in Iarscríbhinn IV a dheonú.

7.   Údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an bróicéir ina chónaí nó ina bhfuil sé bunaithe, de réir mar a liostaítear in Iarscríbhinn I, nó, mura bhfuil Ballstát den sórt sin ann, údarás inniúil an Bhallstáit a bhfuil an bróicéir ina náisiúnach de nó ar faoina dhlí atá an bróicéir sin corpraithe nó comhdhéanta, is é a dhéanfaidh údarú le haghaidh soláthar seirbhísí bróicéireachta a bhaineann leis na hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn III nó in Iarscríbhinn IV a dheonú. Déanfar údarú den sórt sin a dheonú le haghaidh cainníocht shocraithe d'earraí sonracha a bhíonn á ngluaiseacht idir dhá cheann nó níos mó de thríú tíortha. Beidh suíomh na n-earraí sa tríú tír as ar thionscain siad, an t-úsáideoir deiridh agus suíomh beacht an úsáideora deiridh a shainaithint go soiléir.

8.   An fhaisnéis ábhartha uile a theastaíonn i gcomhair a n-iarratas ar údarú onnmhairiúcháin aonair nó foriomlán le haghaidh onnmhairithe nó le haghaidh seirbhísí bróicéireachta, le haghaidh údarú do chúnamh theicniúil, le haghaidh údarú allmhairiúcháin aonair nó le haghaidh údarú aonair le haghaidh idirthurais, cuirfidh na hiarratasóirí ar fáil í don údarás inniúil.

Maidir le honnmhairithe, gheobhaidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis iomlán faoin úsáideoir deiridh, faoin tír is ceann scríbe agus faoi úsáid deiridh na n-earraí.

Maidir le seirbhísí bróicéireachta, gheobhaidh na húdaráis inniúla go háirithe mionsonraí faoi shuíomh na n-earraí sa tríú tír as ar thionscain siad, tuairisc shoiléir ar na hearraí agus ar an gcainníocht atá i gceist, na tríú páirtithe atá páirteach san idirbheart, an tríú tír atá mar cheann scríbe, an t-úsáideoir deiridh sa tír sin agus suíomh beacht an úsáideora deiridh.

Féadfaidh deonú údaraithe a bheith faoi réir ráiteas úsáide deiridh, más iomchuí.

9.   De mhaolú ar mhír 8, i gcás ina mbíonn monaróir nó ionadaí monaróra chun onnmhairiú nó díol nó aistriú a dhéanamh ar earraí atá ar áireamh i bpointe 3.2 nó 3.3 d'Iarscríbhinn III nó i Roinn 1 d'Iarscríbhinn IV chuig dáileoir i dtrí tír, cuirfidh an monaróir faisnéis ar fáil faoi na socruithe agus na bearta a bheidh déanta chun cosc a chur le húsáid na n-earraí atá ar áireamh i bpointe 3.2 nó 3.3 d'Iarscríbhinn III le haghaidh céastóireachta nó le haghaidh íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach nó chun cosc a chur le húsáid na n-earraí atá ar áireamh i Roinn 1 d'Iarscríbhinn IV le haghaidh phionós an bháis, faoin tír is ceann scríbe agus, má tá sí ar fáil, faisnéis faoin úsáid deiridh agus faoi úsáideoirí deiridh na n-earraí.

10.   Arna iarraidh sin ag sásra náisiúnta coisctheach arna bhunú faoi Phrótacal Roghnach Choinbhinsiún 1984 na Náisiúin Aontaithe in aghaidh Céastóireachta agus in aghaidh Íde nó Pionóis Eile atá Cruálach, Mídhaonna nó Táireach, féadfaidh na húdaráis inniúla a chinneadh an fhaisnéis a bheidh faighte acu ó iarratasóir faoin tír is ceann scríbe, faoin gcoinsíní, faoin úsáid deiridh agus faoi na húsáideoirí deiridh nó, i gcás inarb ábhartha, faoin dáileoir, mar aon le faisnéis faoi na socruithe agus na bearta dá dtagraítear i mír 9, a chur ar fáil don sásra náisiúnta coisctheach a iarrann an fhaisnéis sin. Tabharfaidh na húdaráis inniúla éisteacht don iarratasóir sula gcuirfidh siad an fhaisnéis sin ar fáil agus féadfaidh siad srianta a chur ar an úsáid a fhéadfar a bhaint as an bhfaisnéis. Déanfaidh na húdaráis inniúla a gcuid cinntí i gcomhréir leis na dlíthe náisiúnta agus leis an gcleachtas náisiúnta.

11.   Próiseálfaidh na Ballstáit iarrataí ar údaruithe aonair nó foriomlána laistigh de thréimhse ama a bheidh le socrú faoin dlí náisiúnta nó faoin gcleachtas náisiúnta.

Airteagal 21

Údaruithe

1.   Déanfar údaruithe le haghaidh onnmhairiú, allmhairiú nó idirthuras a eisiúint i bhfoirm a bheidh ar aon dul leis an múnla a leagtar amach in Iarscríbhinn VII. Déanfar údaruithe maidir le seirbhísí bróicéireachta a eisiúint i bhfoirm a bheidh ar aon dul leis an múnla a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII. Déanfar údaruithe maidir le cúnamh teicniúil a eisiúint i bhfoirm a bheidh ar aon dul leis an múnla a leagtar amach in Iarscríbhinn IX. Beidh na húdaruithe sin bailí ar fud an Aontais. Mairfidh an tréimhse bailíochta a bheidh ag údarú ó 3 mhí go dtí 12 mhí agus féadfar í a fhadú suas le 12 mhí. Mairfidh an tréimhse bailíochta a bheidh ag údarú foriomlán ó 1 bhliain amháin go dtí 3 bliana agus féadfar í a fhadú suas le 2 bhliain.

2.   Údarú le haghaidh onnmhairiú a dheonaítear i gcomhréir le hAirteagal 12 nó le hAirteagal 17, tuigtear leis gurb údarú é don onnmhaireoir cúnamh teicniúil a sholáthar don úsáideoir deiridh a mhéid go bhfuil an cúnamh sin riachtanach le haghaidh suiteáil, oibriú, cothabháil nó deisiú na n-earraí sin a bhfuil údarú tugtha dá n-onnmhairiú.

3.   Féadfar údaruithe a eisiúint go leictreonach. Déanfar na nósanna imeachta sonracha a bhunú ar bhonn náisiúnta. Ballstáit a bhainfidh leas as an rogha seo, cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas.

4.   Údaruithe le haghaidh onnmhairiú, allmhairiú, idirthurais, soláthar cúnaimh theicniúil nó soláthar seirbhísí bróicéireachta, beidh siad faoi réir aon cheanglas agus coinníollacha a measann an t-údarás inniúil iad a bheith iomchuí.

5.   Féadfaidh na húdaráis inniúla, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an Rialachán seo, diúltú údarú a dheonú agus féadfaidh siad údarú atá deonaithe cheana acu a chur ar neamhní, a fhionraí, a mhodhnú nó a chúlghairm.

Airteagal 22

Foirmiúlachtaí custaim

1.   Nuair a bheidh foirmiúlachtaí custaim á gcur i gcrích, cuirfidh an t-onnmhaireoir nó an t-allmhaireoir isteach an fhoirm chomhlánaithe iomchuí a leagtar amach in Iarscríbhinn VII mar chruthúnas go bhfuarthas an t-údarú is gá don onnmhairiú nó don allmhairiú lena mbaineann. Mura bhfuil an doiciméad líonta isteach i dteanga oifigiúil de chuid an Bhallstáit ina gcuirfear na foirmiúlachtaí custaim i gcrích, féadfar a iarraidh ar an onnmhaireoir nó ar an allmhaireoir aistriúchán chuig teanga oifigiúil den sórt sin a chur ar fáil.

2.   Má dhéantar dearbhú custaim i dtaca le hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn II, Iarscríbhinn III nó Iarscríbhinn IV agus go ndeimhnítear nach bhfuil aon údarú deonaithe de bhun an Rialacháin seo don onnmhairiú nó allmhairiú beartaithe, déanfaidh na húdaráis chustaim na hearraí atá dearbhaithe a choinneáil agus cuirfidh siad an t-onnmhaireoir nó an t-allmhaireoir ar an eolas mar gheall ar an bhféidearthacht atá ann iarratas ar údarú a dhéanamh de bhun an Rialacháin seo. Mura ndéantar aon iarratas ar údarú laistigh de 6 mhí i ndiaidh thráth na coinneála, nó má dhéanann an t-údarás inniúil iarratas den sórt sin a dhíbhe, déanfaidh na húdaráis inniúla na hearraí a bheidh coinnithe a dhiúscairt i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme.

Airteagal 23

Ceanglas maidir le fógra a thabhairt agus maidir le comhairliúchán

1.   Tabharfaidh Ballstát fógra do na Ballstáit eile agus don Choimisiún más rud é go nglacann a chuid údarás inniúil, de réir mar a liostaítear in Iarscríbhinn I, cinneadh lena ndéantar iarratas ar údarú faoin Rialachán seo a dhíbhe nó má dhéanann siad údarú a bhí deonaithe acu a chur ar neamhní. Déanfar fógra den sórt sin a thabhairt tráth nach déanaí ná 30 lá i ndiaidh dháta an chinnidh nó an neamhnithe.

2.   Rachaidh an t-údarás inniúil, trí bhealaí taidhleoireachta i gcás inar gá sin nó i gcás inarb iomchuí, i mbun comhairliúcháin leis an údarás nó leis na húdaráis a rinne, sna 3 bliana roimhe sin, iarratas ar údarú d'onnmhairiú, d'idirthuras, do sholáthar cúnaimh theicniúil do dhuine, d'eintiteas nó do chomhlacht i dtríú tír nó do sholáthar seirbhísí bróicéireachta a dhíbhe faoin Rialachán seo más rud é go bhfaigheann sé iarratas i dtaca le honnmhairiú, le hidirthuras, le soláthar cúnaimh theicniúil do dhuine, d'eintiteas nó do chomhlacht i dtríú tír nó i dtaca le soláthar seirbhísí bróicéireachta lena mbaineann go bunúsach idirbheart comhionann leis an idirbheart dá dtagraítear san iarratas sin a rinneadh níos túisce agus go measann an t-údarás inniúil sin gur cheart, amhlaidh, an t-údarú a dheonú.

3.   Más rud é, tar éis na gcomhairliúchán dá dtagraítear i mír 2, go gcinneann an t-údarás inniúil údarú a dheonú, déanfaidh an Ballstát ábhartha na Ballstáit eile agus an Coimisiún a chur ar an eolas láithreach i dtaobh a chinnidh agus míneoidh sé na cúiseanna atá aige lena chinneadh, agus á dhéanamh sin dó cuirfidh sé faisnéis tacaíochta faoina mbráid de réir mar is iomchuí.

4.   I gcás ina bhfuil diúltú údarú a dheonú bunaithe ar thoirmeasc náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 14(1) nó le hAirteagal 15(4), ní cinneadh a bheidh ann lena ndéantar iarratas a dhíbhe de réir bhrí mhír 1 den Airteagal seo.

5.   Na fógraí uile a cheanglaítear a dhéanamh faoin Airteagal seo, déanfar iad trí chóras malartaithe faisnéise atá slán agus criptithe.

CAIBIDIL VI

FORÁLACHA GINEARÁLTA AGUS DEIRIDH

Airteagal 24

Na hIarscríbhinní a leasú

Cumhachtaítear don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 29, chun Iarscríbhinní I, II, III, IV, V, VI, VII, VIII agus IX go IX a leasú. Na sonraí in Iarscríbhinn I maidir leis na húdaráis inniúla de chuid na mBallstát, déanfar iad a leasú ar bhonn faisnéis a chuirfidh na Ballstáit ar fáil.

Más rud é, i gcás leasú ar Iarscríbhinn II, III, IV nó V, gur gá sin a dhéanamh ar mhórfhorais práinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 30 maidir le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun an Airteagail seo.

Airteagal 25

Iarrataí ar earraí a chur le ceann de na liostaí earraí

1.   Féadfaidh gach Ballstát iarraidh chuí-réasúnaithe a chur chuig an gCoimisiún chun earraí atá deartha le haghaidh fhorfheidhmiú an dlí nó atá margaithe le haghaidh fhorfheidhmiú an dlí a chur isteach in Iarscríbhinn II, in Iarscríbhinn III nó in Iarscríbhinn IV. San iarraidh sin beidh faisnéis maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

dearadh agus saintréithe na n-earraí;

(b)

na críocha uile ar féidir iad a úsáid chucu; agus

(c)

na rialacha idirnáisiúnta nó intíre a shárófaí dá n-úsáidfí na hearraí sin le haghaidh fhorfheidhmiú an dlí.

Nuair a bheidh an iarraidh uaidh á dhíriú ag an mBallstát chuig an gCoimisiún, déanfaidh an Ballstát iarrthach an iarraidh sin a chur ar aghaidh chuig na Ballstáit eile freisin.

2.   Féadfaidh an Coimisiún, laistigh de 3 mhí tar éis an iarraidh a fháil, a iarraidh ar an mBallstát iarrthach faisnéis bhreise a sholáthar, má mheasann sé nach bhfuil aghaidh tugtha san iarraidh ar cheann amháin nó níos mó de na pointí ábhartha nó go dteastaíonn faisnéis bhreise faoi cheann amháin nó níos mó de na pointí ábhartha. Cuirfidh sé in iúl cad iad na pointí ar gá faisnéis bhreise a chur ar fáil fúthu. Cuirfidh an Coimisiún a chuid ceisteanna ar aghaidh chuig na Ballstáit eile. Féadfaidh na Ballstáit eile tuilleadh faisnéise a sholáthar don Choimisiún ar mhaithe le measúnú a dhéanamh ar an iarraidh.

3.   Má mheasann sé nach gá faisnéis bhreise a iarraidh nó, i gcás inarb infheidhme, ar fháil na faisnéise breise a d'iarr sé, tosóidh an Coimisiún laistigh de 20 seachtain tar éis an iarraidh nó an fhaisnéis bhreise faoi seach a fháil ar an nós imeachta chun an leasú a iarradh a ghlacadh nó cuirfidh sé in iúl do na Ballstáit iarrthacha cad iad na cúiseanna atá aige gan an méid sin a dhéanamh.

Airteagal 26

Malartú faisnéise idir údaráis na mBallstát agus an Coimisiún

1.   Gan dochar d'Airteagal 23, cuirfidh an Coimisiún agus na Ballstáit in iúl dá chéile, arna iarraidh sin, na bearta a ghlacfar faoin Rialachán seo agus cuirfidh siad ar fáil dá chéile aon fhaisnéis ábhartha eile atá ar fáil acu a bhaineann leis an Rialachán seo, go háirithe faisnéis maidir le húdaruithe arna ndeonú agus arna ndiúltú.

2.   San fhaisnéis ábhartha maidir le húdaruithe arna ndeonú agus arna ndiúltú, beidh ar a laghad an cineál cinnidh, na forais don chinneadh nó achoimre orthu, ainmneacha na gcoinsínithe agus, murab iad na daoine céanna iad, ainmneacha na n-úsáideoirí deiridh chomh maith leis na hearraí lena mbaineann.

3.   Déanfaidh na Ballstáit, i gcomhar leis an gCoimisiún más féidir, tuarascáil bhliantúil phoiblí maidir le gníomhaíochtaí a thabhairt, lena soláthrófar faisnéis maidir le líon na n-iarratas arna bhfáil, maidir leis na hearraí agus na tíortha lena mbaineann na hiarratais sin, agus maidir leis an cinntí atá déanta acu i leith na n-iarratas sin. Ní bheidh sa tuarascáil sin faisnéis ar dóigh leis an mBallstát go mbeidh nochtadh na faisnéise sin ag teacht salach ar leasanna bunúsacha a shlándála.

4.   Ullmhóidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil arb éard a bheidh inti na tuarascálacha bliantúla maidir le gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 3. Cuirfear an tuarascáil bhliantúil sin ar fáil go poiblí.

5.   Cé is moite den fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 a sholáthrófar d'údaráis an Bhallstáit eile agus don Choimisiún, beidh an tAirteagal seo gan dochar do na rialacha náisiúnta is infheidhme maidir le rúndacht agus sicréideacht ghairmiúil.

6.   Diúltú údarú a dheonú, má tá an diúltú sin bunaithe ar thoirmeasc náisiúnta arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 14(1), ní bheidh sé ina údarú arna dhiúltú de réir bhrí mhír 1, mír 2 agus mír 3 den Airteagal seo.

Airteagal 27

Sonraí pearsanta a phróiseáil

Próiseálfar agus malartófar sonraí pearsanta i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos i Rialachán (AE) 2016/679 agus i Rialachán (AE) 2018/1725.

Airteagal 28

Faisnéis a úsáid

Gan dochar do Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) agus reachtaíocht náisiúnta maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid, is chun na críche ar iarradh í, agus chun na críche sin amháin, a úsáidfear faisnéis a fhaightear de bhun an Rialacháin seo.

Airteagal 29

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 24 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana amhail ón 16 Nollaig 2016. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 24 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 24 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 30

An nós imeachta práinne

1.   Tiocfaidh gníomhartha tarmligthe a ghlactar faoin Airteagal seo i bhfeidhm gan mhoill agus beidh feidhm acu ar choinníoll nach ndéanfar agóid i gcomhréir le mír 2. Déanfar na cúiseanna le húsáid a bhaint as an nós imeachta práinne a lua san fhógra faoi ghníomhartha tarmligthe a thugtar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

2.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gníomh tarmligthe i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 29(6). I gcás den sórt sin, déanfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe a aisghairm láithreach tar éis do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle fógra a thabhairt maidir leis an gcinneadh chun agóid a dhéanamh.

Airteagal 31

An Grúpa Comhordaithe um Fhrith-Chéastóireacht

1.   Bunófar Grúpa Comhordaithe um Fhrith-Chéastóireacht agus beidh ionadaí ón gCoimisiún mar chathaoirleach air. Déanfaidh gach Ballstát ionadaí don Ghrúpa seo a cheapadh.

2.   Scrúdóidh an Grúpa Comhordaithe um Fhrith-Chéastóireacht aon cheisteanna a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, lena n-áirítear, agus gan teorannú, malartú faisnéise maidir le cleachtais riaracháin agus aon cheisteanna eile a fhéadfaidh an Cathaoirleach nó ionadaí Ballstáit a ardú.

3.   Féadfaidh an Grúpa Comhordaithe um Fhrith-Chéastóireacht, cibé uair a mheasann sé gur gá sin, dul i gcomhairle le honnmhaireoirí, le bróicéirí, le soláthróirí cúnaimh theicniúil agus le geallsealbhóirí ábhartha eile lena mbaineann an Rialachán seo.

4.   Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil a thíolacadh i scríbhinn do Pharlaimint na hEorpa maidir le gníomhaíochtaí, scrúduithe agus comhairliúcháin an Ghrúpa Comhordaithe um Fhrith-Chéastóireacht.

Déanfar an tuarascáil bhliantúil a tharraingt suas agus aird chuí á tabhairt ar a riachtanaí atá sé gan an bonn a bhaint ó na leasanna tráchtála atá ag daoine nádúrtha nó dlítheanacha. Is i modh rúin a bheidh na pléití sa Ghrúpa Comhordaithe um Fhrith-Chéastóireacht.

Airteagal 32

Athbhreithniú

1.   Faoin 31 Iúil 2020, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar chur chun feidhme an Rialacháin seo agus cuirfidh sé tuarascáil chuimsitheach um chur chun feidhme agus um measúnú tionchair faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, agus féadfaidh sé go mbeidh tograí san áireamh sa tuarascáil i ndáil leis an Rialachán seo a leasú. San athbhreithniú sin, déanfar measúnú ar a riachtanaí atá sé na gníomhaíochtaí a dhéanann náisiúnaigh de chuid an Aontais ar an gcoigríoch a chur san áireamh. Tabharfaidh na Ballstáit an fhaisnéis uile is iomchuí don Choimisiún chun an tuarascáil a ullmhú.

2.   I ranna speisialta den tuarascáil, déileálfar leis na nithe seo a leanas:

(a)

an Grúpa Comhordaithe um Fhrith-Chéastóireacht agus a chuid gníomhaíochtaí. Déanfar an tuarascáil a tharraingt suas agus aird chuí á tabhairt ar a riachtanaí atá sé gan an bonn a bhaint ó na leasanna tráchtála atá ag daoine nádúrtha nó dlítheanacha. Is i modh rúin a bheidh na pléití sa ghrúpa;

(b)

faisnéis faoi na bearta a bheidh glactha ag na Ballstáit de bhun Airteagal 33(1) agus a mbeidh fógra ina dtaobh tugtha don Choimisiún de bhun Airteagal 33(2).

Airteagal 33

Pionóis

1.   Déanfaidh na Ballstáit na rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach bearta is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

2.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún gan mhoill faoi aon leasú a dhéanfaidh difear do rialacha maidir le pionóis ar tugadh fógra ina leith i gcomhréir le hAirteagal 17(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1236/2005.

Airteagal 34

Raon feidhme críochach

1.   Beidh ag an Rialachán seo an raon feidhme críochach céanna agus atá ag na Conarthaí, ach amháin i gcás na chéad fhomhíre d'Airteagal 3(1), na chéad fhomhíre d'Airteagal 4(1), Airteagail 5, 11, 13, 14, 16 agus 18, Airteagal 20(1) go (4) agus Airteagal 22, a mbeidh feidhm acu sin maidir le:

críoch chustaim an Aontais;

críocha Spáinneacha Ceuta agus Melilla;

críoch Ghearmánach Helgoland.

2.   Chun críche an Rialacháin seo, measfar gur cuid de chríoch chustaim an Aontais Ceuta, Helgoland agus Melilla.

Airteagal 35

Aisghairm

Déantar Rialachán (CE) Uimh. 1236/2005 a aisghairm.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn XI.

Airteagal 36

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna déanamh in Strasbourg, an 16 Eanáir 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. CIAMBA


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 29 Samhain 2018 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 17 Nollaig 2018.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 1236/2005 ón gComhairle an 27 Meitheamh 2005 maidir le trádáil in earraí áirithe a d'fhéadfaí a úsáid le haghaidh phionós an bháis, le haghaidh céastóireachta nó le haghaidh íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach (IO L 200, 30.7.2005, lch. 1).

(3)  Féach Iarscríbhinn X.

(4)  Rún 3452 (XXX) an 9 Nollaig 1975 ó Chruinniú Ardleibhéil Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe.

(5)  Rún 34/169 an 17 Nollaig 1979 ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe.

(6)  Arna bhformheas le Rúin 663 C (XXIV) an 31 Iúil 1957 agus 2076 (LXII) an 13 Bealtaine 1977 ó Chomhairle Eacnamaíoch agus Shóisialta na Náisiún Aontaithe.

(7)  Comhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle an 8 Nollaig 2008 lena sainmhínítear comhrialacha lena rialaítear rialú onnmhairithe teicneolaíochta míleata agus trealaimh mhíleata (IO L 335, 13.12.2008, lch. 99).

(8)  Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 ón gComhairle an 5 Bealtaine 2009 lena ndéantar córas Comhphobail a chur ar bun chun rialú a dhéanamh ar onnmhairiú, ar aistriú agus ar bhróicéireacht ítimí dé-úsáide agus ar iad a bheith ar idirthuras (IO L 134, 29.5.2009, lch. 1).

(9)  Rialachán (AE) Uimh. 258/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2012 lena gcuirtear Airteagal 10 de Phrótacal na Náisiún Aontaithe i gcoinne monarú agus gáinneáil aindleathach arm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna agus armlóin, lena bhforlíontar Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh coireachta eagraithe trasnáisiúnta (Prótacal Arm Tine na Náisiún Aontaithe) chun feidhme, agus lena mbunaítear údarú onnmhairithe, agus bearta allmhairithe agus idirthurais, le haghaidh arm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna agus armlóin (IO L 94, 30.3.2012, lch. 1).

(10)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(11)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(12)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(13)  Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).

(14)  Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).


IARSCRÍBHINN I

LIOSTA NA N-ÚDARÁS DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 20 AGUS AIRTEAGAL 23, AGUS SEOLADH LE HAGHAIDH FÓGRAÍ CHUIG AN GCOIMISIÚN EORPACH

A.   Údaráis na mBallstát

AN BHEILG

Federale Overheidsdienst Economie, K.M.O., Middenstand en Energie

Algemene Directie Economische Analyses en Internationale Economie

Dienst Vergunningen

Vooruitgangstraat 50

B-1210 Brussel

BELGIË

Service public fédéral économie, PME, classes moyennes et énergie

Direction générale des analyses économiques et de l'économie internationale

Service licences

Rue du Progrès 50

B-1210 Bruxelles

BELGIQUE

Teil. +32 22776713, +32 22775459

Facs +32 22775063

Seoladh ríomhphoist: frieda.coosemans@economie.fgov.be

johan.debontridder@economie.fgov.be

AN BHULGÁIR

Министерство на икономиката

ул. “Славянска” № 8

1052 София/Sofia

БЪЛГАРИЯ/BULGARIA

Ministry of Economy

8, Slavyanska Str.

1052 София/Sofia

BULGARIA

Teil. +359 29407771

Facs +359 29880727

Seoladh ríomhphoist: exportcontrol@mi.government.bg

POBLACHT NA SEICE

Ministerstvo průmyslu a obchodu

Licenční správa

Na Františku 32

110 15 Praha 1

ČESKÁ REPUBLIKA

Teil. +420 224907638

Facs +420 224214558

Seoladh ríomhphoist: dual@mpo.cz

AN DANMHAIRG

Iarscríbhinn III, Uimh. 2 agus 3

Justitsministeriet

Slotsholmsgade 10

DK-1216 København K

DANMARK

Teil. +45 72268400

Facs +45 33933510

Seoladh ríomhphoist: jm@jm.dk

Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III, Uimh. 1

Erhvervs- og Vækstministeriet

Erhvervsstyrelsen

Eksportkontrol

Langelinie Allé 17

DK-2100 København K

DANMARK

Teil. +45 35291000

Facs +45 35291001

Seoladh ríomhphoist: eksportkontrol@erst.dk

AN GHEARMÁIN

Bundesamt für Wirtschaft und Ausfuhrkontrolle (BAFA)

Frankfurter Straße 29—35

D-65760 Eschborn

DEUTSCHLAND

Teil. +49 6196 908 2217

Facs +49 6196 908 1800

Seoladh ríomhphoist: ausfuhrkontrolle@bafa.bund.de

AN EASTÓIN

Strateegilise kauba komisjon

Islandi väljak 1

15049 Tallinn

EESTI/ESTONIA

Teil. +372 6377192

Facs +372 6377199

Seoladh ríomhphoist: stratkom@vm.ee

ÉIRE

An tAonad Ceadúnúcháin

An Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta

23 Sráid Chill Dara

Baile Átha Cliath 2

ÉIRE

Teil. +353 16312121

Facs +353 16312562

Seoladh ríomhphoist: exportcontrol@djei.ie

Licensing Unit

Department of Business, Enterprise and Innovation

23 Kildare Street

Dublin 2

ÉIRE

Teil. +353 16312121

Facs +353 16312562

Seoladh ríomhphoist: exportcontrol@djei.ie

AN GHRÉIG

Υπουργείο Ανάπτυξης, Ανταγωνιστικότητας, Υποδομών, Μεταφορών και Δικτύων

Γενική Διεύθυνση Διεθνούς Οικονομικής Πολιτικής

Διεύθυνση Καθεστώτων Εισαγωγών-Εξαγωγών, Εμπορικής Άμυνας

Ερμού και Κορνάρου 1,

GR-105 63 Αθήνα/Athens

ΕΛΛΑΔΑ/GREECE

Ministry of Development, Competitiveness, Infrastructure, Transport and Networks

General Directorate for International Economic Policy

Directorate of Import-Export Regimes, Trade Defence Instruments

Ermou and Kornarou 1,

GR-105 63 Athens

GREECE

Teil. +30 2103286021-22, +30 2103286051-47

Facs +30 2103286094

Seoladh ríomhphoist: e3a@mnec.gr, e3c@mnec.gr

AN SPÁINN

Subdirección General de Comercio Internacional de Material de Defensa y Doble Uso

Secretaría de Estado de Comercio

Ministerio de Economía y Competitividad

Paseo de la Castellana 162, planta 7

E-28046 Madrid

ESPAÑA

Teil. +34 913492587

Facs. +34 913492470

Seoladh ríomhphoist: sgdefensa.sscc@comercio.mineco.es

AN FHRAINC

Ministère des finances et des comptes publics

Direction générale des douanes et droits indirects

Bureau E2

11 Rue des Deux Communes

F-93558 Montreuil Cedex

FRANCE

Teil. +33 1 57 53 43 98

Facs +33 1 57 53 48 32

Seoladh ríomhphoist: dg-e2@douane.finances.gouv.fr

AN CHRÓIT

Ministarstvo vanjskih i europskih poslova

Samostalni sektor za trgovinsku politiku i gospodarsku multilateralu

Trg Nikole Šubića Zrinskog 7-8

10 000 Zagreb

REPUBLIKA HRVATSKA

Teil. +385 1 6444 625 (626)

Facs +385 1 6444 601

AN IODÁIL

Ministero dello Sviluppo Economico

Direzione Generale per la Politica Commerciale Internazionale

Divisione IV

Viale Boston, 25

00144 Roma

ITALIA

Teil. +39 0659932439

Facs. +39 0659647506

Seoladh ríomhphoist: polcom4@mise.gov.it

AN CHIPIR

Υπουργείο Ενέργειας, Εμπορίου, Βιομηχανίας και Τουρισμού

Υπηρεσία Εμπορίου

Κλάδος Έκδοσης Αδειών Εισαγωγών/Εξαγωγών

Ανδρέα Αραούζου 6

CY-1421 Λευκωσία

ΚΥΠΡΟΣ/CYPRUS

Ministry of Energy, Commerce, Industry and Tourism

Trade Service

Import/Export Licensing Section

6 Andreas Araouzos Street

CY-1421 Nicosia

CYPRUS

Tel. +357 22867100, +357 22867197, +357 22867332

Facs +357 22375443

Seoladh rphoist: ts@mcit.gov.cy, pevgeniou@mcit.gov.cy

AN LAITVIA

Ārlietu ministrija

K. Valdemāra iela 3

LV-1395 Rīga

LATVIJA

Teil. +371 67016426

Facs +371 67828121

Seoladh ríomhphoist: mfa.cha@mfa.gov.lv

AN LIOTUÁIN

Policijos departamento prie Vidaus reikalų ministerijos

Viešosios policijos valdybos Licencijavimo skyrius

Saltoniškių g. 19

LT-08105 Vilnius

LIETUVA/LITHUANIA

Teil. +370 82719767

Facs +370 52719976

Seoladh ríomhphoist: leidimai.pd@policija.lt

LUCSAMBURG

Ministère de l'Économie

Office des Licences

19-21, boulevard Royal

L-2449 Luxembourg

BP 113/L-2011 Luxembourg

LUXEMBOURG

Teil. +352 22 61 62

Facs +352 46 61 38

Seoladh ríomhphoist: office.licences@eco.etat.lu

AN UNGÁIR

Magyar Kereskedelmi Engedélyezési Hivatal

Németvölgyi út 37-39

H-1124 Budapest

MAGYARORSZÁG/HUNGARY

Teil. +36 14585599

Facs +36 14585885

Seoladh ríomhphoist: armstrade@mkeh.gov.hu

MÁLTA

Dipartiment tal-Kummerċ

Servizzi ta' Kummerċ

Lascaris

Valletta VLT2000

MALTA

Commerce Department

Trade Service

Lascaris

Valletta VLT2000

MALTA

Teil. +356 21242270

Facs +356 25690286

AN ÍSILTÍR

Ministerie van Buitenlandse Zaken

Directoraat-Generaal Buitenlandse Economische Betrekkingen

Directie Internationale Marktordening en Handelspolitiek

Bezuidenhoutseweg 67

Postbus 20061

2500 EB Den Haag

NEDERLAND

Teil. +31 703485954, +31 703484652

AN OSTAIR

Bundesministerium für Wissenschaft, Forschung und Wirtschaft

Abteilung “Außenwirtschaftskontrolle” C2/9

Stubenring 1

A-1011 Wien

ÖSTERREICH

Teil. +43 1711008341

Facs +43 1711008366

Seoladh ríomhphoist: post.c29@bmwfw.gv.at

AN PHOLAINN

Ministerstwo Gospodarki

Departament Handlu i Usług

Plac Trzech Krzyży 3/5

00-507 Warszawa

POLSKA/POLAND

Teil. +48 226935553

Facs +48 226934021

Seoladh ríomhphoist: SekretariatDHU@mg.gov.pl

AN PHORTAINGÉIL

Ministério das Finanças

AT- Autoridade Tributária e Aduaneira

Direcção de Serviços de Licenciamento

Rua da Alfândega, n. 5, r/c

P-1149-006 Lisboa

PORTUGAL

Teil. +351 218813843

Facs +351 218813986

Seoladh ríomhphoist: dsl@at.gov.pt

AN RÓMÁIN

Ministerul Economiei, Comerțului și Turismului

Departamentul pentru Comerț Exterior și Relații Internaționale

Direcția Politici Comerciale

Calea Victoriei nr. 152

București, sector 1

Cod poștal 010096

ROMÂNIA

Teil. +40 214010552, +40 214010504, +40 214010507

Facs +40 214010568, +40 213150454

Seoladh ríomhphoist: adrian.berezintu@dce.gov.ro

AN tSLÓIVÉIN

Ministrstvo za gospodarski razvoj in tehnologijo

Direktorat za notranji trg, Sektor za trgovinsko politiko

Kotnikova 5

1000 Ljubljana

REPUBLIKA SLOVENIJA

Teil. +386 1 400 3564;

Facs +386 1 400 3588

Ministry for Economic Development and Technology

Directorate for Internal Market, Trade Policy Division

Kotnikova 5

1000 Ljubljana

THE REPUBLIC OF SLOVENIA

Teil. +386 1 400 3564;

Facs +386 1 400 3588

AN tSLÓVAIC

Ministerstvo hospodárstva Slovenskej republiky

Odbor výkonu obchodných opatrení

Mierová 19

827 15 Bratislava

SLOVENSKO

Teil. +421 248542163

Facs +421 243423915

Seoladh ríomhphoist: lucia.filipkova@economy.gov.sk

AN FHIONLAINN

Sisäministeriö

Poliisiosasto

PL 26

FI-00023 Valtioneuvosto

FINLAND

Inrikesministeriet

Polisavdelningen

PB 26

FI-00023 Statsrådet

SUOMI/FINLAND

Teil. +358 295 480 171

Facs +358 916 044 635

Seoladh ríomhphoist: kirjaamo@intermin.fi

AN tSUALAINN

Kommerskollegium

PO Box 6803

SE-113 86 Stockholm

SVERIGE

Teil. +46 86904800

Facs +46 8306759

Seoladh ríomhphoist: registrator@kommers.se

AN RÍOCHT AONTAITHE

Allmhairiú earraí a liostaítear in Iarscríbhinn II:

Department for Business, Innovation and Skills (BIS)

Import Licensing Branch (ILB)

Seoladh ríomhphoist: enquiries.ilb@bis.gsi.gov.uk

Onnmhairiú earraí a liostaítear in Iarscríbhinn II nó III, agus soláthar cúnaimh theicniúil a bhaineann leis na hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn II dá dtagraítear in Airteagal 3(1) agus Airteagal 4(1):

Department for Business, Innovation and Skills (BIS)

Export Control Organisation

1 Victoria Street

London

SW1H 0ET

UNITED KINGDOM

Teil. +44 2072154594

Facs: +44 2072152635

Seoladh ríomhphoist: eco.help@bis.gsi.gov.uk

B.   Seoladh le haghaidh fógraí chuig an gCoimisiún Eorpach

An Coimisiún Eorpach

An tSeirbhís um Ionstraimí Beartais Eachtraigh

Oifig EEAS 7/99

B-1049 Bruxelles/Brussel

AN BHEILG

Seoladh ríomhphoist: relex-sanctions@ec.europa.eu


IARSCRÍBHINN II

LIOSTA NA N-EARRAÍ DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 3 AGUS AIRTEAGAL 4

Nóta Réamhráiteach:

Tagraíonn na “cóid Ainmníochta Comhcheangailte” (cóid AC) san Iarscríbhinn seo do chóid a shonraítear i gCuid a Dó d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (1).

I gcás ina dtagann “ex” roimh an gcód AC, ní bheidh sna hearraí a chumhdaítear leis an Rialachán seo ach cuid de raon feidhme an chóid AC agus is í an tuairisc a thugtar orthu san Iarscríbhinn seo agus raon feidhme an chóid AC araon a chinnfidh iad.

Nótaí:

1.

Ní chumhdaíonn ítimí 1.3 agus 1.4 i Roinn 1 a bhaineann le hearraí atá ceaptha chun daoine a chur chun báis, ní chumhdaíonn siad earraí míochaine-teicniúla.

2.

Níor cheart go ndéanfaí cuspóir na rialuithe atá san Iarscríbhinn seo a shárú toisc aon earraí neamhrialaithe (lena n-áirítear gléasra) a bheith á n-onnmhairiú, a bhfuil comhpháirt rialaithe amháin nó níos mó ann, nuair is í an chomhpháirt rialaithe nó nuair is iad na comhpháirteanna rialaithe sin príomheilimint na n-earraí agus nuair is féidir an chomhpháirt sin nó na comhpháirteanna sin a bhaint nó a úsáid chun críche eile.

N.B.:

Agus é á mheas arb í an chomhpháirt rialaithe nó arb iad na comhpháirteanna rialaithe príomheilimint an earra, ní mór an chainníocht, an luach agus an saineolas teicneolaíochta atá i gceist a chur san áireamh, chomh maith le cúinsí speisialta eile lena bhféadfaí a shuíomh gurb í an chomhpháirt rialaithe nó gurb iad na comhpháirteanna rialaithe príomheilimint na n-earraí atá á bhfáil.

Cód AC

Tuairisc

  1.   

Earraí atá ceaptha chun daoine a chur chun báis, mar a leanas:

ex 4421 90 97

ex 8208 90 00

1 1.1.

Crocha, gilitíní agus lanna le haghaidh gilitíní

ex 8543 70 90

ex 9401 79 00

ex 9401 80 00

ex 9402 10 00

1.2.

Cathaoireacha leictreacha a úsáidtear chun daoine a chur chun báis

ex 9406 00 38

ex 9406 00 80

1.3.

Seomraí aerdhíonacha, déanta as cruach nó gloine mar shampla, atá ceaptha chun daoine a chur chun báis trí ghás marfach nó substaint mharfach a thabhairt dóibh

ex 8413 81 00

ex 9018 90 50

ex 9018 90 60

ex 9018 90 84

1.4.

Córais uathoibríocha insteallta drugaí atá ceaptha chun daoine a chur chun báis trí ghás marfach nó substaint mharfach a thabhairt dóibh

  2.   

Earraí nach bhfuil oiriúnach lena n-úsáid ag údaráis um fhorfheidhmiú an dlí chun daoine a shrianadh, mar a leanas:

ex 8543 70 90

2.1.

Gléasanna turrainge leictrí atá ceaptha lena gcaitheamh ar an gcorp ag duine faoi shrian, amhail criosanna, muinchillí agus cufaí, atá ceaptha le daoine a shrianadh trí thurraing leictreach a thabhairt dóibh

ex 7326 90 98

ex 7616 99 90

ex 8301 50 00

ex 3926 90 97

ex 4203 30 00

ex 4203 40 00

ex 4205 00 90

2.2.

Glais ordóg, glais méar, bíseanna ordóige agus bíseanna méire

Nóta:

Leis an ítim seo, áirítear glais dhéadacha agus neamhdhéadacha agus bíseanna déadacha agus neamhdhéadacha araon

ex 7326 90 98

ex 7616 99 90

ex 8301 50 00

ex 3926 90 97

ex 4203 30 00

ex 4203 40 00

ex 4205 00 90

ex 6217 10 00

ex 6307 90 98

2.3.

Barra-laincisí, srianta ualaithe cos agus cuibhrigh bhuíne a bhfuil barra-laincisí nó srianta ualaithe cos mar chuid díobh

Nótaí:

1.

Geimhle nó fáinní murnáin is ea barra-laincisí agus iad feistithe le fearas glasála, nasctha le barra docht is gnách a bheith déanta as miotal

2.

Leis an ítim seo, áirítear barra-laincisí agus srianta ualaithe cos atá ceangailte de ghnáthghlais lámh le slabhra

ex 7326 90 98

ex 7616 99 90

ex 8301 50 00

ex 3926 90 97

ex 4203 30 00

ex 4203 40 00

ex 4205 00 90

ex 6217 10 00

ex 6307 90 98

2.4.

Glais chun daoine a shrianadh, atá ceaptha le bheith ceangailte de bhalla, d'urlár nó de shíleáil

ex 9401 61 00

ex 9401 69 00

ex 9401 71 00

ex 9401 79 00

ex 9401 80 00

ex 9402 10 00

2.5.

Cathaoireacha srianta: cathaoireacha atá feistithe le geimhle nó le gléasanna eile chun duine a shrianadh

Nóta:

Leis an ítim seo, ní thoirmeasctar cathaoireacha nach bhfuil feistithe ach le strapaí nó criosanna

ex 9402 90 00

ex 9403 20 20

ex 9403 20 80

ex 9403 50 00

ex 9403 70 00

ex 9403 81 00

ex 9403 89 00

2.6.

Cláir gheimhle agus leapacha geimhle: cláir agus leapacha atá feistithe le geimhle nó le gléasanna eile chun duine a shrianadh

Nóta:

Leis an ítim seo, ní thoirmeasctar cláir agus leapacha nach bhfuil feistithe ach le strapaí nó criosanna

ex 9402 90 00

ex 9403 20 20

ex 9403 50 00

ex 9403 70 00

ex 9403 81 00

ex 9403 89 00

2.7.

Leapacha caighin: leapacha ar caighin iad (ceithre thaobh agus clár uachtair orthu) nó struchtúr atá cosúil le caighean ina ndúntar duine taobh istigh den spás leapa, an clár uachtair nó taobh amháin nó níos mó de na taobhanna feistithe le barraí miotail nó barraí eile, agus nach féidir a oscailt ach ón taobh amuigh

ex 9402 90 00

ex 9403 20 20

ex 9403 50 00

ex 9403 70 00

ex 9403 81 00

ex 9403 89 00

2.8.

Leapacha eangaí: leapacha ar caighin iad (ceithre thaobh agus clár uachtair orthu) nó struchtúr atá cosúil le caighean ina ndúntar duine taobh istigh den spás leapa, an clár uachtair nó taobh amháin nó níos mó de na taobhanna feistithe le heangacha, agus nach féidir a oscailt ach ón taobh amuigh

  3.   

Gléasanna iniompartha nach bhfuil oiriúnach lena n-úsáid ag údaráis um fhorfheidhmiú an dlí le haghaidh círéib a smachtú nó le haghaidh féinchosanta, mar a leanas:

ex 9304 00 00

3.1.

Bataí nó smachtíní atá déanta as miotal nó ábhar eile agus ag a bhfuil crann ar a bhfuil spící miotail

ex 3926 90 97

ex 7326 90 98

3.2.

Sciatha ar a bhfuil spící miotail

  4.   

Fuipeanna mar a leanas:

ex 6602 00 00

4.1.

Fuipeanna ag a bhfuil iliomad lasca nó iallacha, amhail lasca Rúiseacha nó lasca na naoi gcraobh

ex 6602 00 00

4.2.

Fuipeanna ag a bhfuil lasc nó iall, nó níos mó ná lasc nó iall amháin, ar a bhfuil friofaic, crúcaí, spící, sreang mhiotail nó rudaí comhchosúla feistithe a chuireann le héifeacht bhuille na laisce nó na héille


(1)  Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).


IARSCRÍBHINN III

LIOSTA NA N-EARRAÍ DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 11

Nóta Réamhráiteach:

Tagraíonn na “cóid Ainmníochta Comhcheangailte” (Cóid AC) san Iarscríbhinn seo do chóid a shonraítear i gCuid a Dó d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87.

I gcás ina dtagann “ex” roimh an gcód AC, ní bheidh sna hearraí a chumhdaítear leis an Rialachán seo ach cuid de raon feidhme an chóid AC agus is í an tuairisc a thugtar orthu san Iarscríbhinn seo agus raon feidhme an chóid AC araon a chinnfidh iad.

Nótaí:

1.

Níor cheart go ndéanfaí cuspóir na rialuithe atá san Iarscríbhinn seo a shárú toisc aon earraí neamhrialaithe (lena n-áirítear gléasra) a bheith á n-onnmhairiú, a bhfuil comhpháirt rialaithe amháin nó níos mó ann, nuair is í an chomhpháirt rialaithe nó nuair is iad na comhpháirteanna rialaithe sin príomheilimint na n-earraí agus nuair is féidir an chomhpháirt sin nó na comhpháirteanna sin a bhaint nó a úsáid chun críche eile.

N.B.:

Agus é á mheas arb í an chomhpháirt rialaithe nó arb iad na comhpháirteanna rialaithe príomheilimint an earra, ní mór an chainníocht, an luach agus an saineolas teicneolaíochta atá i gceist a chur san áireamh, chomh maith le cúinsí speisialta eile lena bhféadfaí a shuíomh gurb í an chomhpháirt rialaithe nó gurb iad na comhpháirteanna rialaithe príomheilimint na n-earraí atá á bhfáil.

2.

I gcásanna áirithe, is de réir ainm agus uimhir CAS a liostaítear ceimiceáin. Beidh feidhm ag an liosta maidir le ceimiceáin a bhfuil an fhoirmle struchtúrach céanna acu (lena n-áirítear hiodráití) is cuma an t-ainm atá orthu ná an uimhir CAS atá acu. Léirítear na huimhreacha CAS ionas go bhféadfar ceimiceán áirithe nó meascán áirithe a shainaithint, gan spleáchas d'ainmníocht. Ní féidir uimhreacha CAS a úsáid mar aitheantóirí uathúla toisc go bhfuil uimhreacha difriúla CAS ag foirmeacha áirithe de na ceimiceáin a liostaítear, agus toisc go bhféadfadh uimhir dhifriúil CAS a bheith ag meascáin a bhfuil ceimiceán atá sa liosta iontu.

Cód AC

Tuairisc

  1.   

Earraí atá ceaptha chun daoine a shrianadh, mar a leanas:

ex 7326 90 98

ex 7616 99 90

ex 8301 50 00

ex 3926 90 97

ex 4203 30 00

ex 4203 40 00

ex 4205 00 90

ex 6217 10 00

ex 6307 90 98

1.1.

Geimhle agus cuibhrigh bhuíne

Nótaí:

1.

Srianta is ea geimhle ar a bhfuil dhá ghlas nó dhá fháinne agus iad feistithe le fearas glasála, nasctha le slabhra nó barra

2.

Leis an ítim seo, ní rialaítear geimhle cos agus cuibhrigh bhuíne a thoirmeasctar le hítim 2.3 d'Iarscríbhinn II.

3.

Leis an ítim seo, ní rialaítear “gnáthghlais lámh”. Gnáthghlais lámh is ea glais lámh a chomhlíonann na coinníollacha uile seo a leanas:

tá an lántoise atá acu lena n-áirítear slabhra, arna dtomhas ó fhorimeall glais amháin go forimeall glais eile, idir 150 mm agus 280 mm nuair atá an dá ghlas glasáilte;

ní mó ná 165 mm an imlíne laistigh de gach glas nuair atá an bhacfhiacail gafa sa pholl deiridh den chuid sin den ghlas a chuirtear isteach san fhearas glasála;

ní lú ná 200 mm an imlíne laistigh de gach glas nuair atá an bhacfhiacail gafa sa chéad pholl den chuid sin den ghlas a chuirtear isteach san fhearas glasála; agus

níl na glais modhnaithe chun bheith ina gcúis le pian fhisiciúil nó fulaingt.

ex 7326 90 98

ex 7616 99 90

ex 8301 50 00

ex 3926 90 97

ex 4203 30 00

ex 4203 40 00

ex 4205 00 90

ex 6217 10 00

ex 6307 90 98

1.2.

Glais nó fáinní aonair a bhfuil fearas glasála feistithe orthu, ar mó an imlíne taobh istigh ná 165 mm nuair atá an bhacfhiacail gafa san eang dheiridh a théann isteach san fhearas glasála

Nóta:

Leis an ítim seo, áirítear srianta muiníl agus glais aonair eile nó fáinní eile atá feistithe le fearas glasála atá ceangailte de ghnáthghlais lámh le slabhra

ex 6505 00 10

ex 6505 00 90

ex 6506 91 00

ex 6506 99 10

ex 6506 99 90

1.3.

Cochaill frithsheile: cochaill, lena n-áirítear cochaill atá déanta d'eangach ag a bhfuil clúdach béil a chuireann cosc ar dhuine seile a chaitheamh

Nóta:

Leis an ítim seo, áirítear cochaill frithsheile atá ceangailte de ghnáthghlais lámh le slabhra

  2.   

Airm agus gléasanna atá ceaptha le haghaidh círéib a smachtú nó le haghaidh féinchosanta, mar a leanas:

ex 8543 70 90

ex 9304 00 00

2.1.

Airm turrainge leictrí iniompartha nach féidir a dhíriú ach ar dhuine amháin gach uair a thugtar turraing leictreach, lena n-áirítear stiúdsmachtíní, sciatha turrainge leictrí, stiúdghunnaí agus ga-ghunnaí turrainge leictrí

Nótaí:

1.

Leis an ítim seo, ní rialaítear criosanna turrainge leictrí agus gléasanna eile a thagann faoi ítim 2.1 d'Iarscríbhinn II.

2.

Leis an ítim seo, ní rialaítear gléasanna turrainge leictrí aonair nuair is lena n-úsáideoir atá siad agus ar mhaithe le cosaint phearsanta an úsáideora

ex 8543 90 00

ex 9305 99 00

2.2.

Fearais ina bhfuil na comhpháirteanna riachtanacha uile chun airm turrainge leictrí iniompartha a chóimeáil a rialaítear le hítim 2.1

Nóta:

Meastar gur comhpháirteanna riachtanacha na hearraí seo a leanas:

an t-aonad a ghineann an turraing leictreach,

an lasc, bíodh sí ina cianlasc nó ná bíodh, agus

na leictreoidí nó, i gcás inarb infheidhme, na sreanga trína dtugtar an turraing leictreach

ex 8543 70 90

ex 9304 00 00

2.3.

Airm turrainge leictrí suite nó insuite a chlúdaíonn limistéar fairsing agus lenar féidir turraingí leictreacha a dhíriú ar níos mó ná duine amháin

  3.   

Airm agus trealamh lena scaiptear substaintí ceimiceacha greannacha nó éagumasúcháin le haghaidh círéib a smachtú nó le haghaidh féinchosanta agus substaintí gaolmhara áirithe, mar a leanas:

ex 8424 20 00

ex 8424 89 00

ex 9304 00 00

3.1.

Airm agus trealamh iniompartha lena dtugtar dáileog de shubstaint cheimiceach ghreannach nó éagumasúcháin a dhírítear ar dhuine amháin nó lena scaiptear dáileog den substaint a dhéanann dochar do limistéar beag, mar shampla i bhfoirm ceobhráin nó scamaill, nuair a thugtar dáileog den substaint cheimiceach nó nuair a scaiptear í.

Nótaí:

1.

Leis an ítim seo, ní rialaítear trealamh a rialaítear le hítim ML7(e) ó Liosta Comhchoiteann Míleata an Aontais Eorpaigh (1)

2.

Leis an ítim seo, ní rialaítear trealamh iniompartha aonair, fiú má tá substaint cheimiceach ann, nuair is lena úsáideoir atá sé ar mhaithe le cosaint phearsanta an úsáideora

3.

Le cois substaintí ceimiceacha ábhartha, amhail oibreáin smachtaithe círéibe nó PAVA, measfar gur substaintí ceimiceacha greannacha nó éagumasúcháin iad na hearraí a rialaítear le hítimí 3.3 agus 3.4

ex 2924 29 98

3.2.

Fanailealaimíd aigéid pheileargónaigh (PAVA) (CAS RN 2444-46-4)

ex 3301 90 30

3.3.

Capsacaim oiléaroisín (OC) (CAS RN 8023-77-6)

ex 2924 29 98

ex 2939 99 00

ex 3301 90 30

ex 3302 10 90

ex 3302 90 10

ex 3302 90 90

ex 3824 90 97

3.4.

Meascáin de 0,3 % PAVA nó OC ar a laghad de réir meáchain agus tuaslagóir (amhail eatánól, 1-própánól nó heacsán), a d'fhéadfaí a thabhairt mar oibreáin ghreannacha nó éagumasúcháin, go háirithe in aerasóil agus i bhfoirm leachtach, nó a d'fhéadfaí a úsáid chun oibreáin ghreannacha nó éagumasúcháin a dhéanamh

Nótaí:

1.

Leis an ítim seo, ní rialaítear anlainn agus ullmhóidí lena n-aghaidh, anraithí agus ullmhóidí lena n-aghaidh agus tarsainn mheasctha agus blastanais mheasctha, ar choinníoll nach iad PAVA agus OC an t-aon bhlas comhpháirteach atá iontu

2.

Leis an ítim seo, ní rialaítear táirgí íocshláinte dá dtugtar údarú margaíochta i gcomhréir le dlí an Aontais (2)

ex 8424 20 00

ex 8424 89 00

3.5.

Is éard atá sa trealamh suite chun substaintí ceimiceacha greannacha nó éagumasúcháin a scaipeadh, ar féidir a fheistiú ar bhalla nó ar shíleáil laistigh d'fhoirgneamh, ná ceanastar oibreán ceimiceach éagumasúcháin nó greannach a ghníomhaítear trí úsáid a bhaint as córas cianrialaithe

Nóta:

Le cois substaintí ceimiceacha ábhartha, amhail oibreáin smachtaithe círéibe nó PAVA, measfar gur substaintí ceimiceacha greannacha nó éagumasúcháin iad na hearraí a rialaítear le hítimí 3.3 agus 3.4

ex 8424 20 00

ex 8424 89 00

ex 9304 00 00

3.6.

Trealamh suite nó insuite chun oibreáin cheimiceacha ghreannacha nó éagumasúcháin a scaipeadh a chlúdaíonn limistéar fairsing agus nach bhfuil ceaptha le bheith feistithe ar bhalla nó ar shíleáil laistigh d'fhoirgneamh

Nótaí:

1.

Leis an ítim seo, ní rialaítear trealamh a rialaítear le hítim ML7(e) ó Liosta Comhchoiteann Míleata an Aontais Eorpaigh

2.

Leis an ítim seo, rialaítear freisin canónacha uisce

3.

Le cois substaintí ceimiceacha ábhartha, amhail oibreáin smachtaithe círéibe nó PAVA, measfar gur substaintí ceimiceacha greannacha nó éagumasúcháin iad na hearraí a rialaítear le hítimí 3.3 agus 3.4


(1)  An leagan is déanaí arna ghlacadh ag an gComhairle an 26 Feabhra 2018 (IO C 98, 15.3.2018, lch. 1).

(2)  Féach go háirithe Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail maidir le húdarú agus maoirseacht táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine agus le haghaidh úsáid tréidliachta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Leigheasra Eorpach (IO L 136, 30.4.2004, lch. 1) agus Treoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine (IO L 311, 28.11.2001, lch. 67).


IARSCRÍBHINN IV

EARRAÍ A D'FHÉADFAÍ A ÚSÁID LE HAGHAIDH PHIONÓS AN BHÁIS DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 16

Cód AC

Tuairisc

 

1.

Táirgí a d'fhéadfaí a úsáid chun daoine a chur chun báis le hinstealladh marfach, mar a leanas:

 

1.1.

Oibreáin barbatúráite ainéistéiseacha a ghníomhaíonn go gearrthréimhseach agus go meántréimhseach lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta do:

ex 2933 53 90

[(a) go (f)]

ex 2933 59 95

[(g) agus (h)]

(a)

aimileabarbatón (CAS RN 57-43-2)

(b)

salann sóidiam aimileabarbatóin (CAS RN 64-43-7)

(c)

peantabarbatón (CAS RN 76-74-4)

(d)

salann sóidiam peantabarbatóin (CAS RN 57-33-0)

(e)

seacabarbatón (CAS RN 76-73-3)

(f)

salann sóidiam seacabarbatóin (CAS RN 309-43-3)

(g)

tiaipeantán (CAS RN 76-75-5)

(h)

salann sóidiam tiaipeanteáin, (CAS RN 71-73-8), dá ngairtear sóidiam tiaipeantóin freisin

ex 3003 90 00

ex 3004 90 00

ex 3824 90 96

Nóta:

Rialaítear leis an ítim seo freisin táirgí ina bhfuil ceann de na hoibreáin ainéistéiseacha atá liostaithe faoi oibreáin a ghníomhaíonn go gearrthréimhseach nó go meántréimhseach.


IARSCRÍBHINN V

ÚDARÚ GINEARÁLTA ONNMHAIRIÚCHÁIN ÓN AONTAS AE GEA 2019/125

CUID 1

Earraí

Cumhdaítear faoin údarú ginearálta onnmhairiúcháin seo na hearraí sin atá liostaithe in aon taifead in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/125 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).

Cumhdaítear faoi freisin soláthar cúnaimh theicniúil don úsáideoir deiridh sa mhéid go bhfuil gá le cúnamh den sórt sin chun na hearraí sin a bhfuil a n-onnmhairiú údaraithe a shuiteáil, a oibriú, a chothabháil nó a dheisiú, má chuireann an t-onnmhaireoir cúnamh den sórt sin ar fáil.

CUID 2

Cinn Scríbe

Níl údarú onnmhairiúcháin faoi Rialachán (AE) 2019/125 ag teastáil i leith soláthairtí go tír nó go críoch ar cuid í de chríoch chustaim an Aontais, a n-áirítear inti chun críche an Rialacháin seo Ceuta, Helgoland agus Melilla (Airteagal 34(2)).

Tá an t-údarú ginearálta onnmhairiúcháin seo bailí ar fud an Aontais i gcás onnmhairiú chuig na cinn scríbe seo a leanas:

 

Críocha na Danmhairge nach n-áirítear sa chríoch chustaim:

Oileáin Fharó,

An Ghraonlainn

 

Críocha na Fraince nach n-áirítear sa chríoch chustaim:

Polainéis na Fraince,

Críocha an Deiscirt agus an Antartaigh de chuid na Fraince,

An Nua-Chaladóin agus a Spleáchríocha,

Saint Barthélemy,

San Pierre agus Miquelon,

Oileáin Wallis agus Futuna

 

Críocha na hÍsiltíre nach n-áirítear sa chríoch chustaim:

Arúba,

Bonaire,

Cúrasó,

Saba,

Sint Eustasius,

Sint Maarten

 

Críocha ábhartha na Breataine nach n-áirítear sa chríoch chustaim:

Angaíle,

Beirmiúda,

Oileáin Fháclainne,

Giobráltar,

Montsarat,

San Héilin agus a Spleáchríocha,

Seoirsia Theas agus Oileáin Sandwich Theas,

Oileáin na dTurcach agus Caicos

 

An Albáin

 

Andóra

 

An Airgintín

 

An Astráil

 

Beinin

 

An Bholaiv

 

An Bhoisnia agus an Heirseagaivéin

 

Ceanada

 

Rinn Verde

 

An Cholóim

 

Cósta Ríce

 

Djibouti

 

An Phoblacht Dhoiminiceach

 

Eacuadór

 

Iar-Phoblacht Iúgslavach na Macadóine

 

An Ghabúin

 

An tSeoirsia

 

Guine-Bissau

 

Hondúras

 

An Íoslainn

 

An Chirgeastáin

 

An Libéir

 

Lichtinstéin

 

Meicsiceo

 

An Mholdóiv

 

An Mhongóil

 

Montainéagró

 

Mósaimbíc

 

An Namaib

 

Neipeal

 

An Nua-Shéalainn

 

Nicearagua

 

An Iorua

 

Panama

 

Paragua

 

Na hOileáin Fhilipíneacha

 

Ruanda

 

San Mairíne

 

São Tomé agus Príncipe

 

An tSeirbia

 

Na Séiséil

 

An Afraic Theas

 

An Eilvéis (lena n-áirítear Büsingen agus Campione d'Italia)

 

Tíomór Thoir

 

Tóga

 

An Tuirc

 

An Tuircméanastáin

 

An Úcráin

 

Uragua

 

An Úisbéiceastáin

 

Veiniséala

CUID 3

Coinníollacha agus ceanglais maidir leis an údarú ginearálta onnmhairiúcháin seo a úsáid

(1)

Ní féidir an t-údarú ginearálta onnmhairiúcháin seo a úsáid sna cásanna seo a leanas:

(a)

más rud é go bhfuil toirmeasc ar an onnmhaireoir an t-údarú ginearálta onnmhairiúcháin seo a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 20(1) de Rialachán (AE) 2019/125;

(b)

más rud é gur chuir údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil an t-onnmhaireoir ina chónaí nó bunaithe in iúl don onnmhaireoir sin go bhfuil sé, nó go bhféadfadh sé go mbeadh sé beartaithe go n-ath-onnmhaireofaí na hearraí i gceist, ina n-iomláine nó go páirteach, go tríú tír, nó go n-úsáidfí iad chun críche phionós an bháis i dtríú tír;

(c)

más rud é go bhfuil a fhios ag an onnmhaireoir nó go bhfuil forais réasúnta aige lena chreidiúint go bhfuil sé beartaithe na hearraí i gceist, ina n-iomláine nó go páirteach, a athonnmhairiú go tríú tír nó go mbainfear an úsáid astu chun críche phionós an bháis i dtríú tír;

(d)

más rud é go n-onnmhairítear na hearraí ábhartha chuig limistéar saor ó chustaim nó chuig stóras saor atá suite i gceann scríbe atá cumhdaithe leis an údarú ginearálta onnmhairiúcháin seo;

(e)

más rud é gurb é an t-onnmhaireoir monaróir na dtáirgí íocshláinte i gceist agus nach bhfuil comhaontú atá ceangailteach ó thaobh dlí tugtha i gcrích aige leis an dáileoir, á cheangal ar an dáileoir go gcuirfidh sé gach soláthar agus aistriú faoi réir tabhairt i gcrích comhaontaithe a bheadh ceangailteach ó thaobh dlí, á cheangal ar an gcustaiméir, faoi réir pionóis athchomhairligh chonarthaigh de rogha

(i)

gan aon cheann de na hearraí a fuarthas ón dáileoir a úsáid le haghaidh phionós an bháis;

(ii)

gan aon cheann de na hearraí sin a sholáthar nó a aistriú go tríú páirtí, más rud é go bhfuil a fhios ag an gcustaiméir nó go bhfuil forais réasúnta aige lena chreidiúint go bhfuil sé beartaithe na hearraí a úsáid chun críche phionós an bháis; agus

(iii)

chun na ceanglais chéanna a chur ar aon tríú páirtí a bhféadfadh an custaiméir aon cheann de na hearraí sin a sholáthar dó nó a aistriú chuige;

(f)

más rud é nach é an t-onnmhaireoir monaróir na dtáirgí íocshláinte i gceist agus nach bhfuil dearbhú sínithe úsáideora deiridh aige ón úsáideoir deiridh sa tír is ceann scríbe;

(g)

más rud é nach bhfuil comhaontú atá ceangailteach ó thaobh dlí tugtha i gcrích ag onnmhaireoir táirgí íocshláinte leis an dáileoir nó leis an úsáideoir deiridh á cheangal, faoi réir pionóis athchomhairligh chonarthaigh de rogha, ar an dáileoir nó ar an úsáideoir deiridh más é a thug an comhaontú i gcrích, réamhúdarú a fháil ón onnmhaireoir le haghaidh

(i)

aon chuid den lastas a aistriú go húdarás um fhorfheidhmiú an dlí in aon tír nó aon chríoch nach bhfuil deireadh curtha le pionós an bháis inti, nó a sholáthar di;

(ii)

aon chuid den lastas a aistriú go duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a fhaigheann earraí ábhartha nó a sholáthraíonn seirbhísí lena mbaineann earraí den sórt sin d'údarás um fhorfheidhmiú an dlí, nó a sholáthar dóibh; agus

(iii)

aon chuid den lastas a athonnmhairiú nó a aistriú go haon tír nó aon chríoch nach bhfuil deireadh curtha le pionós an bháis inti; nó

(h)

más rud é nach bhfuil comhaontú atá ceangailteach ó thaobh dlí dá dtagraítear i bpointe (g) tugtha i gcrích ag onnmhaireoir earraí seachas táirgí íocshláinte leis an úsáideoir deiridh.

(2)

Cuirfidh na honnmhaireoirí a úsáideann údarú ginearálta onnmhairiúcháin AE GEA 2019/125 seo in iúl do na húdaráis inniúla sna Ballstáit ina bhfuil cónaí orthu nó ina bhfuil siad bunaithe, cén uair a chéadúsáid siad an t-údarú seo, tráth nach déanaí ná 30 lá tar éis an dáta a rinneadh an chéad onnmhairiú.

Tuairisceoidh onnmhaireoirí sa dearbhú custaim go bhfuil siad ag úsáid údarú ginearálta onnmhairiúcháin AE GEA 2019/125 seo tríd an gcód iomchuí sa bhunachar TARIC a thaispeáint i mbosca 44.

(3)

Is iad na Ballstáit a shainíonn na ceanglais maidir le tuairisciú a ghabhann le húsáid an údaraithe seo agus sainmhíneoidh siad aon fhaisnéis bhreise a d'fhéadfadh an Ballstát as a ndéantar an t-onnmhairiú a éileamh i dtaobh ítimí a onnmhairítear faoin údarú seo.

Féadfaidh Ballstát a cheangal ar onnmhaireoirí atá ina gcónaí nó atá bunaithe sa Bhallstát sin clárú sula ndéantar an t-údarú seo a úsáid den chéad uair. Gan dochar d'Airteagal 20(1) de Rialachán (AE) 2019/125, déanfar an clárú go huathoibríoch agus déanfaidh na húdaráis inniúla an clárú a admháil don onnmhaireoir gan mhoill, agus ar aon chuma faoi cheann 10 lá oibre tar éis dóibh an iarraidh a fháil.


(1)  Rialachán(AE) 2019/125 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Eanáir 2019 maidir le trádáil in earraí áirithe a d'fhéadfaí a úsáid le haghaidh phionós an bháis, le haghaidh céastóireachta nó le haghaidh íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach (féach leathanach 1 den Iris Oifigiúil).


IARSCRÍBHINN VI

LIOSTA DE CHRÍOCHA NA MBALLSTÁT DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 11(2)

AN DANMHAIRG:

An Ghraonlainn

AN FHRAINC

An Nua-Chaladóin agus a Spleáchríocha,

Polainéis na Fraince,

Críocha an Deiscirt agus an Antartaigh de chuid na Fraince,

Oileáin Wallis agus Futuna,

San Pierre agus Miquelon

AN GHEARMÁIN

Büsingen


IARSCRÍBHINN VII

FOIRM ÚDARAITHE ONNMHAIRIÚCHÁIN NÓ ALLMHAIRIÚCHÁIN DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 21(1)

Sonraíocht theicniúil:

Beidh méid 210 × 297 mm ag an bhfoirm a leanas le huaslamháltas de 5 mm níos lú agus 8 mm níos mó. Tá na boscaí bunaithe ar aonad tomhais d'aon deichiú d'orlach go cothrománach agus aon séú d'orlach go ceartingearach. Tá na foranna bunaithe ar aonad tomhais d'aon deichiú d'orlach go cothrománach.

Image Téacs an íomhá Image Téacs an íomhá

Nótaí mínitheacha a ghabhann leis an bhfoirm

“Údarú le haghaidh onnmhairiúchán nó allmhairiúchán earraí a d'fhéadfaí a úsáid le haghaidh céastóireachta (Rialachán (AE) 2019/125”.

Úsáidfear an fhoirm údaraithe seo chun údarú a eisiúint le haghaidh onnmhairiú nó allmhairiú earraí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/125 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1). Níor cheart í a úsáid chun soláthar cúnaimh theicniúil a údarú.

Is é an t-údarás eisiúna an t-údarás a shainmhínítear i bpointe (h) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2019/125 a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin.

Eiseofar údaruithe ar an bhfoirm aonleathanaigh seo, ar cheart a phriontáil ar an dá thaobh. Déanfaidh an oifig inniúil custaim na cainníochtaí a onnmhairítear a bhaint den chainníocht iomlán atá ar fáil. Chun na críche sin, caithfidh an oifig a chinntiú go ndeighltear amach ar bhealach soiléir na hítimí difriúla faoi réir an údaraithe.

I gcás ina n-éilítear cóipeanna breise den fhoirm de bharr nósanna imeachta náisiúnta na mBallstát (i gcás an iarratais, mar shampla), d'fhéadfaí an fhoirm údaraithe seo a bheith mar chuid de thacar foirmeacha a chuimsíonn na cóipeanna is gá de réir na rialacha náisiúnta is infheidhme. Sa bhosca os cionn bhosca 3 ar gach foirm shamplach agus san imeall ar thaobh na láimhe clé, ba cheart a léiriú go soiléir cad chuige (mar shampla, iarratas, cóip don iarratasóir) na cóipeanna ábhartha atá beartaithe. Foirm shamplach amháin a bheidh san fhoirm údaraithe a leagtar amach in Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/125.

Bosca 1:

Iarratasóir:

Léirigh ainm agus seoladh iomlán an iarratasóra.

Féadfar uimhir custaim an iarratasóra a thabhairt freisin (roghnach i bhformhór na gcásanna).

Ba cheart an cineál iarratasóra a thabhairt (roghnach) sa bhosca ábhartha, ag úsáid uimhreacha 1, 2 nó 4 a thagraíonn do na pointí a leagtar amach sa sainmhíniú i bpointe (i) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2019/125.

Bosca 3:

Uimh. Údarúcháin:

Líon amach an uimhir agus cuir tic sa bhosca onnmhairiúcháin nó sa bhosca allmhairiúcháin. 1 Féach pointí (d) agus (e) d'Airteagal 2 agus Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2019/125 maidir le sainmhíniú ar na focail “onnmhairiú” agus “allmhairiú”.

Bosca 4:

Dáta éaga:

Tabhair an lá (dhá dhigit), an mhí (dhá dhigit) agus an bhliain (ceithre dhigit).

Bosca 5:

Gníomhaire / Ionadaí

Tabhair ainm ionadaí cuí-údaraithe nó oifigigh (custaim) atá ag gníomhú thar ceann an iarratasóra, murab é an t-iarratasóir féin a chuireann an t-iarratas isteach. Féach freisin Airteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.

Bosca 6:

Tír ina bhfuil na hearraí suite:

Luaigh ainm na tíre lena mbaineann agus an cód tíre ábhartha, bainte as na cóid a bhunaítear de bhun Rialachán (CE) Uimh. 471/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2). Féach Rialachán (AE) Uimh. 1106/2012 (3) ón gCoimisiún.

Bosca 7:

Tír is ceann scríbe:

Luaigh ainm na tíre lena mbaineann agus an cód tíre ábhartha, bainte as na cóid a bhunaítear de bhun Rialachán (CE) Uimh. 471/2009. Féach Rialachán Uimh. 1106/2012.

Bosca 10:

Tuairisc ar an ítim:

Is fiú smaoineamh ar shonraí a chur san áireamh maidir le pacáistíocht na n-earraí lena mbaineann. Tabhair do d'aire gur féidir luach na n-earraí a lua i mbosca 10.

Mura bhfuil go leor spáis i mbosca 10, lean ar aghaidh ar bhileog bhán a chuirfear i gceangal leis an bhfoirm seo, agus luaigh an uimhir údaraithe. Luaigh líon na gceangaltán i mbosca 16.

Tá an fhoirm ceaptha lena húsáid do suas le trí chineál éagsúla earraí (féach Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/125). Más gá onnmhairiú nó allmhairiú níos mó ná trí chineál earraí a údarú, iarrtar ort dhá údarú a dheonú.

Bosca 11

Uimhir Ítime:

Ní mór an bosca seo a líonadh ar chúl na foirme amháin. Cinntigh go bhfreagraíonn an Uimhir Ítime don uimhir ítime chlóscríofa i mbosca 11 in aice leis an gcur síos ar an ítim ábhartha ar an taobh radhairc.

Bosca 14:

Ceanglais agus coinníollacha faoi leith:

Mura bhfuil go leor spáis i mbosca 14, lean ar aghaidh ar bhileog bhán a chuirfear i gceangal leis an bhfoirm seo, agus luaigh an uimhir údaraithe. Luaigh líon na gceangaltán i mbosca 16.

Bosca 16:

Líon na gceangaltán:

Luaigh líon na gceangaltán, más ann dóibh (féach ar mhínithe do bhoscaí 10 agus 14).


(1)  Rialachán (AE) 2019/125 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Eanáir 2019 maidir le trádáil in earraí áirithe a d'fhéadfaí a úsáid le haghaidh phionós an bháis, le haghaidh céastóireachta nó le haghaidh íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach (IO L 30, 31.1.2019, lch. 1).

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 471/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 maidir le staidreamh Comhphobail a bhaineann le trádáil eachtrach le tíortha nach Ballstáit iad agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1172/95 ón gComhairle (IO L 152, 16.6.2009, lch. 23).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1106/2012 ón gCoimisiún an 27 Samhain 2012 agus lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 471/2009 ó Pharlaimint na hEorpa maidir le staidreamh Comhphobail a bhaineann le trádáil eachtrach le tíortha nach Ballstáit iad, maidir le hainmníocht tíortha agus críocha a nuashonrú (IO L 328, 28.11.2012, lch. 7).


IARSCRÍBHINN VIII

FOIRM ÚDARAITHE CHUN SEIRBHÍSÍ BRÓICÉIREACHTA DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 21(1) A SHOLÁTHAR

Sonraíocht theicniúil:

Beidh méid 210 × 297 mm ag an bhfoirm a leanas le huaslamháltas de 5 mm níos lú agus 8 mm níos mó. Tá na boscaí bunaithe ar aonad tomhais d'aon deichiú d'orlach go cothrománach agus aon séú d'orlach go ceartingearach. Tá na foranna bunaithe ar aonad tomhais d'aon deichiú d'orlach go cothrománach. Iarscríbhinn

Image Téacs an íomhá Image Téacs an íomhá

Nótaí mínitheacha a ghabhann leis an bhfoirm

“Údarú chun seirbhísí bróicéireachta a sholáthar maidir le hearraí a d'fhéadfaí a úsáid le haghaidh phionós an bháis nó le haghaidh céastóireachta (Rialachán (AE) 2019/125 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1)”.

Úsáidfear an fhoirm údaraithe chun údarú a eisiúint do sheirbhísí bróicéireachta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/125.

Is é an t-údarás eisiúna an t-údarás a shainmhínítear i bpointe (h) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2019/125. Is údarás é a áirítear i liosta na n-údarás inniúil in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin.

Bosca 1

Bróicéir is iarratasóir

Léirigh ainm agus seoladh iomlán an bhróicéara is iarratasóir. Sainmhínítear an téarma “bróicéir” i bpointe (l) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2019/125.

Bosca 3

Uimh. Údarúcháin

Líon amach an uimhir agus cuir tic sa bhosca iomchuí, ag léiriú an údarú aonair nó údarú foriomlán atá i gceist (féach pointí (p) agus (q) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2019/125.

Bosca 4

Dáta éaga

Tabhair an lá (dhá dhigit), an mhí (dhá dhigit) agus an bhliain (ceithre dhigit). Is í an ghnáththréimhse bailíochta a bhíonn ag údarú aonair ná 3 mhí go 12 mhí agus ag údarú foriomlán ná bliain amháin go 3 bliana. Nuair a thagann an tréimhse bailíochta chun deiridh, is féidir fadú a iarraidh, más gá.

Bosca 5

An Coinsíní

In éineacht leis an ainm agus an seoladh, luaigh cé acu úsáideoir deiridh, dáileoir amhail dá dtagraítear i bpointe (r) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2019/125 nó páirtí le ról eile san idirbheart, is ea an coinsíní sa tríú tír atá mar cheann scríbe.

Más dáileoir é an coinsíní ach má tá cuid den lastas á úsáid aige freisin d'úsáid deiridh faoi leith, cuir tic le “Dáileoir” agus “Úsáideoir deiridh” agus luaigh an úsáid deiridh i mbosca 11.

Bosca 6

Tríú tír ina bhfuil na hearraí suite

Luaigh ainm na tíre lena mbaineann agus an cód tíre ábhartha, bainte as na cóid a bhunaítear de bhun Rialachán (CE) Uimh. 471/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2). Féach Rialachán (AE) Uimh. 1106/2012 ón gCoimisiún (3).

Bosca 7

Tríú tír is ceann scríbe

Luaigh ainm na tíre lena mbaineann agus an cód tíre ábhartha, bainte as na cóid a bhunaítear de bhun Rialachán (CE) Uimh. 471/2009. Féach Rialachán (AE) Uimh. 1106/2012.

Bosca 9

Ballstát Eisiúna

Luaigh ar an líne iomchuí ainm an Bhallstáit lena mbaineann agus an cód tíre ábhartha, bainte as na cóid a bhunaítear de bhun Rialachán (CE) Uimh. 471/2009. Féach Rialachán (AE) Uimh. 1106/2012.

Bosca 11

Úsáid deiridh

Déan cur síos beacht ar an úsáid a bhainfear as na hearraí agus tabhair le fios freisin cé acu údarás um fhorfheidhmiú an dlí mar a shainmhínítear i bpointe (c) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2019/125 nó soláthróir d'oiliúint ar úsáid na n-earraí bróicéireachta an t-úsáideoir deiridh.

Fág bán má sholáthraítear na seirbhísí bróicéireachta do dháileoir, mura núsáideann an dáileoir féin cuid de na hearraí d'úsáid deiridh faoi leith.

Bosca 12

Suíomh beacht na n-earraí sa tríú tír óna n-onnmhaireofar iad

Déan cur síos ar an áit ina bhfuil na hearraí sa tríú tír óna soláthrófar iad don duine, eintiteas nó comhlacht a luaitear i mbosca 2. Ní mór don suíomh seoladh sa tír a luadh i mbosca 6 a bheith aige nó faisnéis den chineál sin ina ndéantar cur síos ar an áit ina bhfuil na hearraí. Tabhair faoi deara nach gceadaítear uimhir bhosca oifig phoist nó seoladh poist den chineál sin.

Bosca 13

Tuairisc ar an ítim

Ba cheart go gcuirfeadh an cur síos ar na hearraí tagairt san áireamh d'ítim shonrach d'Iarscríbhinn III nó d'Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/125. Is fiú smaoineamh ar shonraí a chur san áireamh maidir le pacáistíocht na n-earraí lena mbaineann.

Mura bhfuil go leor spáis i mbosca 13, lean ar aghaidh ar bhileog bhán a chuirfear i gceangal leis an bhfoirm seo, agus luaigh an uimhir údaraithe. Luaigh líon na gceangaltán i mbosca 20.

Bosca 14

Uimhir Ítime

Ní mór an bosca seo a líonadh ar chúl na foirme amháin. Cinntigh go bhfreagraíonn an Uimhir Ítime don uimhir ítime chlóscríofa i mbosca 14 in aice leis an gcur síos ar an ítim ábhartha ar an taobh radhairc.

Bosca 15

Cód HS

Is cód custaim é an cód HS a shanntar do na hearraí sa Chóras Comhchuibhithe. Nuair atá an cód ó Ainmníocht Chomhcheangailte AE ar eolas, féadfar an cód sin a úsáid ina ionad. Féach ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1821 (4) ón gCoimisiún don leagan reatha den Ainmníocht Chomhcheangailte.

Bosca 17

Airgeadra agus luach

Luaigh luach agus airgeadra ag baint úsáid as an bpraghas atá le híoc (gan é a mhalartú). Mura bhfuil an praghas sin ar eolas, ba cheart an luach measta a shonrú, leis an tagairt EV roimhe. Caithfear an t-airgeadra a thaispeáint ag baint úsáid as an gcód aibítre (ISO 4217:2015).

Bosca 18

Ceanglais agus coinníollacha faoi leith

Tá bosca 18 bainteach le hítim 1, le hítim 2 nó le hítim 3 (sonraigh nuair is iomchuí) ar a ndéantar cur síos i mboscaí 14 go 16 roimhe. Mura bhfuil go leor spáis i mbosca 18, lean ar aghaidh ar bhileog bhán a chuirfear i gceangal leis an bhfoirm seo, agus luaigh an uimhir údaraithe. Luaigh líon na gceangaltán i mbosca 20.

Bosca 20

Líon na gceangaltán

Luaigh líon na gceangaltán, más ann dóibh (féach ar na mínithe do bhosca 13 agus do bhosca 18)


(1)  Rialachán (AE) 2019/125 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Eanáir 2019 maidir le trádáil in earraí áirithe a d'fhéadfaí a úsáid le haghaidh phionós an bháis, le haghaidh céastóireachta nó le haghaidh íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach (IO L 30, 31.1.2019, lch. 1).

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 471/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 maidir le staidreamh Comhphobail a bhaineann le trádáil eachtrach le tíortha nach Ballstáit iad agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1172/95 ón gComhairle (IO L 152, 16.6.2009, lch. 23).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1106/2012 ón gCoimisiún an 27 Samhain 2012 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 471/2009 ó Pharlaimint na hEorpa maidir le staidreamh Comhphobail a bhaineann le trádáil eachtrach le tíortha nach Ballstáit iad, maidir le hainmníocht tíortha agus críocha a nuashonrú (IO L 328, 28.11.2012, lch. 7).

(4)  Rialachán Chur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2016/1821 ón gCoimisiún an 6 Deireadh Fómhair 2016 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 294, 28.10.2016, lch. 1).


IARSCRÍBHINN IX

FOIRM ÚDARAITHE CHUN CÚNAMH TEICNIÚIL DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 21(1) A SHOLÁTHAR

Sonraíocht theicniúil:

Beidh méid 210 × 297 mm ag an bhfoirm a leanas le huaslamháltas de 5 mm níos lú agus 8 mm níos mó. Tá na boscaí bunaithe ar aonad tomhais d'aon deichiú d'orlach go cothrománach agus aon séú d'orlach go ceartingearach. Tá na foranna bunaithe ar aonad tomhais d'aon deichiú d'orlach go cothrománach.

Image Téacs an íomhá

Nótaí mínitheacha a ghabhann leis an bhfoirm

“Údarú chun cúnamh teicniúil a sholáthar maidir le hearraí a d'fhéadfaí a úsáid le haghaidh phionós an bháis nó le haghaidh céastóireachta (Rialachán (AE) 2019/125 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1))”

Úsáidfear an fhoirm údaraithe seo chun údarú a thabhairt chun cúnamh teicniúil a sholáthar i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/125. Má ghabhann an cúnamh teicniúil le honnmhairiú a bhfuil údarú tugtha dó ag nó i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/125, níor cheart an fhoirm seo a úsáid, seachas sna cásanna a leanas:

más rud é go mbaineann an cúnamh teicniúil le hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/125 (féach Airteagal 3(2)); nó

más rud é go bhfuil níos mó ag baint leis an gcúnamh teicniúil a bhaineann le hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn III nó in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/125 ná mar is gá le haghaidh suiteáil, oibriú, cothabháil nó deisiú na n-earraí onnmhairithe (féach Airteagal 21(2) agus, maidir le hearraí atá liostaithe in Iarscríbhinn IV, Cuid 1 d'Údarú Ginearálta Onnmhairiúcháin AE GEA 2019/125 ón Aontas in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/125.

Is é an t-údarás eisiúna an t-údarás a shainmhínítear i bpointe (h) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2019/125. Is údarás é a áirítear i liosta na n-údarás inniúil in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin.

Eiseofar údaruithe ar an bhfoirm aonleathanaigh seo a mbeidh ceangaltáin léi de réir mar is gá.

Bosca 1

Soláthróir cúnaimh theicniúil is iarratasóir

Léirigh ainm agus seoladh iomlán an iarratasóra. Sainmhínítear an téarma “soláthróir cúnaimh theicniúil” i bpointe (m) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2019/125.

Má ghabhann an cúnamh teicniúil le honnmhairiú a bhfuil údarú tugtha dó, léirigh freisin uimhir custaim an iarratasóra, más féidir, agus léirigh uimhir an údaraithe onnmhairiúcháin a bhaineann leis i mbosca 14.

Bosca 3

Uimh. Údarúcháin

Líon amach an uimhir agus cuir tic sa bhosca iomchuí, ag léiriú an tAirteagal de Rialachán (AE) 2019/125 a bhfuil an t-údarú bunaithe.

Bosca 4

Dáta éaga

Tabhair an lá (dhá dhigit), an mhí (dhá dhigit) agus an bhliain (ceithre dhigit). Is í an tréimhse bailíochta a bhíonn ag údarú ná ó 3 mhí go 12 mhí. Nuair a thagann an tréimhse bailíochta chun deiridh, is féidir fadú a iarraidh, más gá.

Bosca 5

Gníomhaíocht a dhéanann duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a luaitear ag 2

Léirigh príomhghníomhaíocht an duine, an eintitis nó an chomhlachta lena soláthrófar an cúnamh teicniúil. Sainmhínítear an téarma “údarás um fhorfheidhmiú an dlí” i bpointe (c) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2019/125.

Mura bhfuil an phríomhghníomhaíocht ar an liosta, cuir tic le “Ceann ar bith de na roghanna thuas” agus déan cur síos ar an bpríomhghníomhaíocht ag baint úsáid as focail chineálacha (e.g. mórdhíoltóir, miondíoltóir, ospidéal).

Bosca 6

Tríú tír nó Ballstát lena soláthrófar an cúnamh teicniúil

Luaigh ainm na tíre lena mbaineann agus an cód tíre ábhartha, bainte as na cóid a bhunaítear de bhun Rialachán (CE) Uimh. 471/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2). Féach Rialachán (AE) Uimh. 1106/2012 ón gCoimisiún (3).

Tabhair faoi deara nár cheart Ballstát a lua i mbosca 6 ach amháin i gcás ina bhfuil an t-údarú bunaithe ar Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2019/125.

Bosca 7

An cineál údaraithe

Léirigh an gcuirtear soláthar an chúnaimh theicniúil ar fáil le linn tréimhse faoi leith agus, má chuirtear, tabhair an tréimhse i laethanta, seachtainí nó míonna inar gá do sholáthróir an chúnaimh theicniúil freagra a thabhairt ar iarrataí maidir le comhairle, tacaíocht agus oiliúint. Baineann iarratas amháin faoi leith maidir le comhairle nó tacaíocht nó oiliúint faoi leith le soláthar cúnaimh theicniúil aonair (fiú má bhaineann sé le cúrsa oiliúna a mhaireann cúpla lá).

Bosca 8

Ballstát Eisiúna

Luaigh ar an líne iomchuí ainm an Bhallstáit lena mbaineann agus an cód tíre ábhartha, bainte as na cóid a bhunaítear de bhun Rialachán (CE) Uimh. 471/2009. Féach Rialachán (AE) Uimh. 1106/2012.

Bosca 9

Cur síos ar chineál na n-earraí lena mbaineann an cúnamh teicniúil.

Déan cur síos ar chineál na n-earraí lena mbaineann an cúnamh teicniúil. Ba cheart go gcuirfeadh an cur síos tagairt san áireamh do mhír shonrach d'Iarscríbhinn II, Iarscríbhinn III nó Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/125.

Bosca 10

Cur síos ar an gcúnamh teicniúil atá údaraithe

Déan cur síos ar an gcúnamh teicniúil ar mhodh soiléir agus beacht. Cuir isteach tagairt do dháta agus uimhir an chomhaontaithe atá tugtha i gcrích ag soláthróir cúnaimh theicniúil nó cuir comhaontú den chineál sin i gceangal, nuair is iomchuí.

Bosca 11

Modh soláthair

Níor cheart bosca 11 a líonadh amach i gcás go bhfuil an t-údarú bunaithe ar Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2019/125.

Má sholáthraítear cúnamh teicniúil ó thríú tír nach é an tríú tír ina bhfuil an faighteoir ina chónaí nó bunaithe, luaigh ainm na tíre lena mbaineann agus an cód tíre ábhartha, bainte as na cóid a bhunaítear de bhun Rialachán (CE) Uimh. 471/2009. Féach Rialachán (AE) Uimh. 1106/2012.

Bosca 12

Cur síos ar oiliúint ar úsáid na n-earraí lena mbaineann an cúnamh teicniúil.

Léirigh an gcuirtear oiliúint d'úsáideoirí na n-earraí ábhartha leis an gcúnamh teicniúil nó an tseirbhís theicniúil a fholaíonn an sainmhíniú de chúnamh teicniúil i bpointe (f) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2019/125. Luaigh cé acu cineál úsáideoirí a gheobhaidh oiliúint den chineál sin agus sonraigh na cuspóirí agus inneachar an chúrsa oiliúna.

Bosca 14

Ceanglais agus coinníollacha faoi leith

Mura bhfuil go leor spáis i mbosca 14, lean ar aghaidh ar bhileog bhán a chuirfear i gceangal leis an bhfoirm seo, agus luaigh an uimhir údaraithe. Luaigh líon na gceangaltán i mbosca 16.

Bosca 16

Líon na gceangaltán

Luaigh líon na gceangaltán, má tá ann dóibh (féach ar mhínithe do bhoscaí 10 agus 14).


(1)  Rialachán (AE) 2019/125 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Eanáir maidir le trádáil in earraí áirithe a d'fhéadfaí a úsáid le haghaidh phionós an bháis, le haghaidh céastóireachta nó le haghaidh íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach (IO L 30, 31.1.2019, lch. 1).

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 471/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 maidir le staidreamh Comhphobail a bhaineann le trádáil eachtrach le tíortha nach Ballstáit iad agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1172/95 ón gComhairle (IO L 152, 16.6.2009, lch. 23).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1106/2012 ón gCoimisiún an 27 Samhain 2012 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 471/2009 ó Pharlaimint na hEorpa maidir le staidreamh Comhphobail a bhaineann le trádáil eachtrach le tíortha nach Ballstáit iad, maidir le hainmníocht tíortha agus críocha a nuashonrú (IO L 328, 28.11.2012, lch. 7).


IARSCRÍBHINN X

AN RIALACHÁN AISGHAIRTHE AGUS LIOSTA DE NA LEASUITHE COMHLEANÚNACHA A RINNEADH AIR

Rialachán (CE) No 1236/2005 ón gComhairle

(IO L 200, 30.7.2005, lch. 1)

 

Rialachán (CE) Uimh. 1377/2006 ón gCoimisiún

(IO L 255, 19.9.2006, lch. 3)

 

Rialachán (CE) Uimh. 1791/2006 ón gComhairle

(IO L 363, 20.12.2006, lch. 1)

An tríú fleasc déag d'Airteagal 1(1) amháin maidir le Rialachán (CE) Uimh. 1236/2005, agus pointe 13(5) den Iarscríbhinn

Rialachán (CE) Uimh. 675/2008 ón gCoimisiún

(IO L 189, 17.7.2008, lch. 14)

 

Rialachán (AE) Uimh. 1226/2010 ón gCoimisiún

(IO L 336, 21.12.2010, lch. 13)

 

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1352/2011 ón gCoimisiún

(IO L 338, 21.12.2011, lch. 31)

 

Rialachán (AE) Uimh. 517/2013 ón gComhairle

(IO L 158, 10.6.2013, lch. 1)

An cheathrú fleasc d'Airteagal 1(1)(n) amháin, agus pointe 16(4) den Iarscríbhinn

Rialachán (AE) Uimh. 585/2013 ón gCoimisiún

(IO L 169, 21.6.2013, lch. 46)

 

Rialachán (AE) Uimh. 37/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 18, 21.1.2014, lch. 1)

Pointe 12 den Iarscríbhinn amháin

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 775/2014 ón gCoimisiún

(IO L 210, 17.7.2014, lch. 1)

 

Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/1113 ón gCoimisiún

(IO L 182, 10.7.2015, lch. 10)

 

Rialachán (AE) 2016/2134 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 338, 13.12.2016, lch. 1)

 

Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/181 ón gCoimisiún

(IO L 40, 13.2.2018, lch. 1)

 


IARSCRÍBHINN XI

TÁBLA COMHGHAOIL

Rialachán (CE) Uimh. 1236/2005

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2

Airteagal 2

Airteagal 3

Airteagal 3

Airteagal 4

Airteagal 4

Airteagal 4a

Airteagal 5

Airteagal 4b

Airteagal 6

Airteagal 4c

Airteagal 7

Airteagal 4d

Airteagal 8

Airteagal 4e

Airteagal 9

Airteagal 4f

Airteagal 10

Airteagal 5

Airteagal 11

Airteagal 6(1)

Airteagal 12(1)

Airteagal 6(2), an chéad fhomhír

Airteagal 12(2), an chéad fhomhír

Airteagal 6(2), an dara fomhír, na focail tosaigh

Airteagal 12(2), an dara fomhír, na focail tosaigh

Airteagal 6(2), an dara fomhír, an chéad fleasc

Airteagal 12(2), an dara fomhír, pointe (a)

Airteagal 6(2), an dara fomhír, an dara fleasc

Airteagal 12(2), an dara fomhír, pointe (b)

Airteagal 6(2), an tríú fomhír

Airteagal 12(2), an tríú fomhír

Airteagal 6(3), na focail tosaigh

Airteagal 12(3), an chéad fhomhír

Airteagal 6(3), pointe 3.1

Airteagal 12(3), an dara fomhír

Airteagal 6(3), pointe 3.2

Airteagal 12(3), an tríú fomhír

Airteagal 6a

Airteagal 13

Airteagal 7

Airteagal 14

Airteagal 7a

Airteagal 15

Airteagal 7b

Airteagal 16

Airteagal 7c(1)

Airteagal 17(1)

Airteagal 7c(2)

Airteagal 17(2)

Airteagal 7c(3), na focail tosaigh

Airteagal 17(3), an chéad fhomhír

Airteagal 7c(3), pointe 3.1

Airteagal 17(3), an dara fomhír

Airteagal 7c(3), pointe 3.2

Airteagal 17(3), an tríú fomhír

Airteagal 7c(3), pointe 3.3

Airteagal 17(3), an cheathrú fomhír

Airteagal 7c(4)

Airteagal 17(4)

Airteagal 7d

Airteagal 18

Airteagal 7e

Airteagal 19

Airteagal 8

Airteagal 20

Airteagal 9

Airteagal 21

Airteagal 10

Airteagal 22

Airteagal 11

Airteagal 23

Airteagal 12

Airteagal 24

Airteagal 12a

Airteagal 25

Airteagal 13(1), (2) agus (3)

Airteagal 26(1), (2) agus (3)

Airteagal 13(3a)

Airteagal 26(4)

Airteagal 13(4)

Airteagal 26(5)

Airteagal 13(5)

Airteagal 26(6)

Airteagal 13a

Airteagal 27

Airteagal 14

Airteagal 28

Airteagal 15a

Airteagal 29

Airteagal 15b

Airteagal 30

Airteagal 15c

Airteagal 31

Airteagal 15d

Airteagal 32

Airteagal 17

Airteagal 33

Airteagal 18

Airteagal 34

Airteagal 35

Airteagal 19

Airteagal 36

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn III

Iarscríbhinn III

Iarscríbhinn IIIa

Iarscríbhinn IV

Iarscríbhinn IIIb

Iarscríbhinn V

Iarscríbhinn IV

Iarscríbhinn VI

Iarscríbhinn V

Iarscríbhinn VII

Iarscríbhinn VI

Iarscríbhinn VIII

Iarscríbhinn VII

Iarscríbhinn IX

Iarscríbhinn X

Iarscríbhinn XI


31.1.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

58


RIALACHÁN (AE) 2019/126 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Eanáir 2019

lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA), agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2062/94 ón gComhairle

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe pointe (a) d'Airteagal 153(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid a leanas:

(1)

Bunaíodh an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (“EU-OSHA”) le Rialachán (CE) Uimh. 2062/94 ón gComhairle (3) chun rannchuidiú le feabhsú na timpeallachta oibre, a mhéid a bhaineann le sábháilteacht agus sláinte oibrithe a chosaint, trí ghníomhaíocht a cheaptar chun eolas sa réimse sin a mhéadú agus a scaipeadh.

(2)

Ón uair a bunaíodh é in 1994, bhí ról tábhachtach ag EU-OSHA maidir le tacaíocht a thabhairt d'fheabhsú na sábháilteachta agus na sláinte ag an obair ar fud an Aontais. San am céanna, tá forbairtí i réimse na sábháilteachta agus na sláinte ceirde agus tá forbairtí teicneolaíochta ann. Dá bhrí sin, ba cheart an téarmaíocht a úsáidtear chun cur síos a dhéanamh ar chuspóirí agus ar chúraimí EU-OSHA i Rialachán (CE) Uimh. 2062/94 a oiriúnú chun na forbairtí sin a léiriú.

(3)

Leasaíodh Rialachán (CE) Uimh. 2062/94 roinnt uaireanta. Ós rud é go bhfuil tuilleadh leasuithe le déanamh air, ba cheart an Rialachán sin a aisghairm agus a ionadú ar mhaithe le soiléireacht.

(4)

Maidir leis na rialacha lena rialaítear EU-OSHA, ba cheart iad a bhunú, a mhéid is féidir agus a chineál trípháirteach á chur san áireamh, i gcomhréir le prionsabail Ráiteas Comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus ón gCoimisiún Eorpach maidir le gníomhaireachtaí díláraithe an 19 Iúil 2012.

(5)

Ós rud é go ndíríonn na trí ghníomhaireacht thrípháirteacha, eadhon EU-OSHA, an Foras Eorpach chun dálaí maireachtála agus oibre a fheabhsú (Eurofound) agus an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop), ar shaincheisteanna a bhaineann leis an margadh saothair, leis an timpeallacht oibre, leis an ngairmoideachas agus an ghairmoiliúint, agus le scileanna, tá gá le dlúth-chomhordú eatarthu. Dá bhrí sin, ba cheart do EU-OSHA, agus é i mbun a chuid oibre, comhlánú a dhéanamh ar obair Eurofound agus Cedefop i gcás ina bhfuil réimsí leasa comhchosúla acu, agus san am céanna, taobhú le huirlisí a fheidhmíonn go maith, amhail meabhráin tuisceana. Ba cheart do EU-OSHA leas a bhaint as bealaí le feabhas a chur ar éifeachtúlacht agus ar shineirgí agus ba cheart dó, ina chuid gníomhaíochtaí, dúbláil ar ghníomhaíochtaí Eurofound agus Cedefop agus ar ghníomhaíochtaí an Choimisiúin a sheachaint. Ina theannta sin, i gcás inarb ábhartha, ba cheart do EU-OSHA féachaint le comhar éifeachtúil a dhéanamh leis na hacmhainní taighde atá ag institiúidí an Aontais agus ag comhlachtaí speisialaithe seachtracha.

(6)

Ba cheart don Choimisiún dul i gcomhairle leis na príomhgheallsealbhóirí, lena n-áirítear comhaltaí an Bhoird Bainistíochta agus Feisirí de chuid Pharlaimint na hEorpa, le linn na meastóireachta ar EU-OSHA.

(7)

Is léiriú an-luachmhar é cineál trípháirteach Cedefop, Eurofound agus EU-OSHA ar chur chuige cuimsitheach atá bunaithe ar an idirphlé sóisialta idir na comhpháirtithe sóisialta agus údaráis an Aontais agus na húdaráis náisiúnta, rud atá thar a bheith tábhachtach chun teacht ar réitigh shóisialta agus eacnamaíocha atá comhpháirteach agus inbhuanaithe.

(8)

Nuair a thagraítear don tsábháilteacht agus don tsláinte ag an obair sa Rialachán seo, táthar ag tagairt don tsláinte fhisiceach agus don mheabhairshláinte araon.

(9)

Chun an próiseas cinnteoireachta EU-OSHA a shruthlíniú agus chun rannchuidiú le héifeachtúlacht agus le héifeachtacht a fheabhsú, ba cheart strúchtúr rialachais dé-leibhéil a thabhairt isteach. Chun na críche sin, ba cheart ionadaíocht a bheith ag na Ballstáit, ag eagraíochtaí náisiúnta na bhfostóirí agus na bhfostaithe agus ag an gCoimisiún ar Bhord Bainistíochta a ndílsítear na cumhachtaí is gá dó, lena n-áirítear an chumhacht an buiséad a ghlacadh agus an doiciméad clársceidealaithe a fhormheas. Sa doiciméad clársceidealaithe, ina bhfuil clár oibre ilbhliantúil EU-OSHA agus a chlár oibre bliantúil, ba cheart don Bhord Bainistíochta tosaíochtaí straitéiseacha ghníomhaíochtaí EU-OSHA a leagan síos. Thairis sin, ba cheart a áireamh ar na rialacha arna nglacadh ag an mBord Bainistíochta maidir le coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú bearta chun rioscaí a d'fhéadfadh a bheith ann a bhrath ag céim luath.

(10)

Chun go bhfeidhmeoidh EU-OSHA mar is cuí, ba cheart do na Ballstáit, na bhfostóirí agus d'eagraíochtaí Eorpacha na bhfostaithe, agus don Choimisiún a áirithiú, maidir leis na daoine a bheidh le ceapadh ar an mBord Bainistíochta, go bhfuil eolas iomchuí acu i réimse na sláinte agus na sábháilteachta ag an obair d'fhonn cinntí suntasacha straitéiseacha a dhéanamh agus chun maoirsiú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí EU-OSHA.

(11)

Ba cheart an Bord Feidhmiúcháin a chur ar bun agus é de chúram air cruinnithe an Bhoird Bainistíochta a ullmhú ar shlí iomchuí agus tacú lena phróisis cinnteoireachta agus faireacháin. Agus cúnamh á thabhairt don Bhord Bainistíochta aige, ba cheart don Bhord Feidhmiúcháin bheith in ann, i gcás inar gá ar chúiseanna práinne, cinntí sealadacha áirithe a ghlacadh thar ceann an Bhoird Bainistíochta. Ba cheart don Bhord Bainistíochta rialacha nós imeachta an Bhoird Feidhmiúcháin a ghlacadh.

(12)

Ba cheart don Stiúrthóir Feidhmiúcháin a bheith freagrach as bainistiú foriomlán EU-OSHA i gcomhréir leis an treoir straitéiseach a leagann an Bord Bainistíochta amach, lena n-áirítear riarachán laethúil agus bainistiú airgeadais agus acmhainní daonna. Ba cheart don Stiúrthóir Feidhmiúcháin na cumhachtaí a chuirtear de chúram air nó uirthi a fheidhmiú. Ba cheart é a bheith indéanta na cumhachtaí sin a chur ar fionraí i gcúinsí eisceachtúla, amhail coinbhleachta leasanna nó mainneachtain thromchúiseach oibleagáidí faoi Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (na Rialacháin Foirne) a chomhlíonadh.

(13)

Is prionsabal bunúsach de dhlí an Aontais é prionsabal an chomhionannais. Ceanglaítear leis nach mór an comhionannas idir mná agus fir a áirithiú i ngach réimse, lena n-áirítear fostaíocht, obair agus pá. Ba cheart do gach páirtí díriú ar ionadaíocht chothrom a bhaint amach idir mná agus fir ar an mBord Bainistíochta agus ar an mBord Feidhmiúcháin. Ba cheart don Bhord Bainistíochta an aidhm sin a shaothrú freisin maidir lena Chathaoirleach agus lena Leas-Chathaoirligh i dteanna a chéile, agus ba cheart do na grúpaí a dhéanann ionadaíocht ar na rialtais agus ar eagraíochtaí na bhfostóirí agus na bhfostaithe ar an mBord Bainistíochta an aidhm sin a shaothrú freisin maidir le comhaltaí malartacha a ainmniú chun freastal ar chruinnithe an Bhoird Bainistíochta.

(14)

Tá oifig idirchaidrimh ag EU-OSHA sa Bhruiséil. Ba cheart an fhéidearthacht an oifig sin a oibriú a choinneáil.

(15)

Tá eagraíochtaí san Aontas agus sna Ballstáit cheana a sholáthraíonn an cineál céanna faisnéise agus seirbhísí is a sholáthraíonn EU-OSHA. Chun an tairbhe is mó a bhaint ar leibhéal an Aontais as an obair atá déanta cheana ag na heagraíochtaí sin, is iomchuí an líonra a choinneáil a chuir EU-OSHA ar bun faoi Rialachán (CE) Uimh. 2062/94, ar líonra é a fheidhmíonn go maith agus a bhfuil lárionaid náisiúnta agus líonraí trípháirteacha na mBallstát ann. Is den tábhacht freisin dlúthnaisc fheidhmiúla a bheith á gcoimeád ar bun ag EU-OSHA leis an gCoiste Comhairleach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair a cuireadh ar bun le Cinneadh ón gComhairle an 22 Iúil 2003 (4), chun dea-chomhordú agus sineirgí a áirithiú.

(16)

Ba cheart na forálacha airgeadais agus na forálacha maidir le clársceidealú agus tuairisciú a bhaineann le EU-OSHA a nuashonrú. Le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 ón gCoimisiún (5), foráiltear go bhfuil EU-OSHA le meastóireachtaí ex ante agus meastóireachtaí ex post a dhéanamh ar na cláir agus na gníomhaíochtaí sin lena ngabhann caiteachas suntasach. Ba cheart do EU-OSHA na meastóireachtaí sin a chur san áireamh ina chlársceidealú ilbhliantúil agus bliantúil.

(17)

Chun uathriail agus neamhspleáchas iomlán EU-OSHA a áirithiú, agus chun a chumasú dó a chuspóirí agus cúraimí a dhéanamh go cuí i gcomhréir leis an Rialachán seo, ba cheart buiséad leormhaith agus neamhspleách a dheonú dó ina mbeadh an t-ioncam ag teacht go príomha ó ranníocaíocht ó bhuiséad ginearálta an Aontais. Ba cheart feidhm a bheith ag nós imeachta buiséadach an Aontais maidir le EU-OSHA, a mhéid a bhaineann le ranníocaíocht an Aontais agus le haon fhóirdheontais eile is inmhuirearaithe ar bhuiséad ginearálta an Aontais. Ba cheart gurb í an Chúirt Iniúchóirí a dhéanfadh iniúchadh ar chuntais EU-OSHA.

(18)

Ba cheart gurb é Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh (an tIonad Aistriúcháin) a sholáthródh na seirbhísí aistriúcháin is gá chun go bhfeidhmeoidh EU-OSHA. Ba cheart do EU-OSHA oibriú leis an Ionad Aistriúcháin chun táscairí cáilíochta, tráthúlachta agus rúndachta a bhunú, chun riachtanais agus tosaíochtaí EU-OSHA a shainaithint go soiléir agus chun nósanna imeachta trédhearcacha oibiachtúla a chruthú do phróiseas an aistriúcháin.

(19)

Ba cheart na forálacha maidir le foireann EU-OSHA a bheith i gcomhréir leis na Rialacháin Foirne agus le Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh (Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile), a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (6).

(20)

Ba cheart do EU-OSHA na bearta is gá a dhéanamh chun a áirithiú go ndéantar faisnéis rúnda a láimhseáil agus a phróiseáil go sábháilte. Más gá, ba cheart do EU-OSHA rialacha slándála a ghlacadh atá coibhéiseach leo siúd a leagtar amach i gCinneadh (AE, Euratom) 2015/443 (7) agus Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 (8) ón gCoimisiún.

(21)

Is gá forálacha buiséadacha idirthréimhseacha agus forálacha idirthréimhseacha maidir leis an mBord Bainistíochta, maidir leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus maidir leis an bhfoireann a leagan síos chun leanúnachas ghníomhaíochtaí EU-OSHA a áirithiú go dtí go gcuirfear an Rialachán seo chun feidhme,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

CUSPÓIRÍ AGUS CÚRAIMÍ

Airteagal 1

Bunú agus cuspóirí

1.   Leis seo, bunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA) ina gníomhaireacht de chuid an Aontais.

2.   Beidh sé de chuspóir ag EU-OSHA an fhaisnéis theicniúil, eolaíoch agus eacnamaíoch agus an saineolas cáilithe atá ábhartha i réimse na sábháilteachta agus na sláinte ag an obair a sholáthar d'institiúidí agus do chomhlachtaí an Aontais, do na Ballstáit, do na comhpháirtithe sóisialta agus do gníomhaithe eile atá bainteach leis an réimse sin chun feabhas a chur ar an timpeallacht oibre a mhéid a bhaineann le sábháilteacht agus sláinte oibrithe a chosaint.

Chuige sin, feabhsóidh agus scaipfidh EU-OSHA eolas, agus soláthróidh sé fianaise agus seirbhísí chun críocha déanamh beartais, lena n-áirítear conclúidí atá bunaithe ar thaighde, agus éascóidh sé comhroinnt eolais i measc gníomhairí de chuid an Aontais agus gníomhairí náisiúnta agus eatarthu.

Airteagal 2

Cúraimí

1.   Beidh na cúraimí seo a leanas ag EU-OSHA i ndáil leis na réimsí beartais dá dtagraítear in Airteagal 1(2), agus freagrachtaí na mBallstát á n-urramú go hiomlán aige:

(a)

faisnéis theicniúil, eolaíoch agus eacnamaíoch a bhailiú agus a anailísiú maidir leis an tsábháilteacht agus leis an tsláinte ag an obair sna Ballstáit chun:

(i)

rioscaí agus dea-chleachtais a shainaithint chomh maith le tosaíochtaí náisiúnta agus cláir náisiúnta atá ann cheana;

(ii)

an t-ionchur is gá a sholáthar do thosaíochtaí agus do chláir an Aontais; agus

(iii)

an fhaisnéis sin a scaipeadh ar institiúidí agus comhlachtaí an Aontais, ar na Ballstáit, ar na comhpháirtithe sóisialta agus ar ghníomhairí eile atá bainteach leis an sábháilteacht agus an sláinte ag an obair;

(b)

faisnéis theicniúil, eolaíoch agus eacnamaíoch a bhailiú agus a anailísiú maidir le taighde ar an tsábháilteacht agus ar an tsláinte ag an obair agus ar ghníomhaíochtaí taighde eile lena mbaineann gnéithe i dtaca leis an tsábháilteacht agus leis an tsláinte ag an obair agus torthaí an taighde agus na ngníomhaíochtaí taighde sin a scaipeadh;

(c)

comhar agus malartú faisnéise agus taithí idir na Ballstáit a chur chun cinn agus a thacú i réimse na sábháilteachta agus na sláinte ag an obair, lena n-áirítear faisnéis maidir le cláir oiliúna;

(d)

comhdhálacha agus seimineáir agus malartuithe saineolais ó na Ballstáit a eagrú i réimse na sábháilteachta agus na sláinte ag an obair;

(e)

an méid seo a leanas a sholáthar d'institiúidí agus do chomhlachtaí an Aontais agus do na Ballstáit: an fhaisnéis oibiachtúil theicniúil, eolaíoch, agus eacnamaíoch atá ar fáil agus an saineolas cáilithe a theastaíonn uathu chun beartais stuama éifeachtacha a leagan amach agus chun a chur chun feidhme atá ceaptha sábháilteacht agus sláinte oibrithe a chosaint, lena n-áirítear guaiseacha féideartha a chosc agus a thuar, go háirithe an méid seo a leanas a sholáthar don Choimisiún: an fhaisnéis theicniúil, eolaíoch agus eacnamaíoch agus an saineolas cáilithe a theastaíonn uaidh chun na cúraimí atá air a chomhlíonadh maidir le bearta reachtacha agus eile maidir le cosaint shábháilteacht agus shláinte na n-oibrithe, go sonrach i ndáil le tionchar na mbungníomhartha reachtacha a n-oiriúnú do dhul chun cinn teicniúil, eolaíoch agus rialaitheach atá déanta agus iad a chur chun feidhme go praiticiúil ag gnóthais, agus béim ar leith ar mhicrifhiontair agus ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide (MFBManna);

(f)

fóraim a chur ar fáil chun taithí agus faisnéis a mhalartú idir na rialtais, na comhpháirtithe sóisialta agus geallsealbhóirí eile ar an leibhéal náisiúnta;

(g)

rannchuidiú, lena n-áirítear trí fhaisnéis agus anailísí atá fianaise-bhunaithe, le cur chun feidhme athchóirithe agus beartas ar an leibhéal náisiúnta;

(h)

faisnéis maidir le cúrsaí sábháilteachta agus sláinte a bhailiú ó thríú tíortha agus ó eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a chur ar fáil dóibh;

(i)

faisnéis theicniúil, eolaíoch agus eacnamaíoch a sholáthar maidir le modhanna agus uirlisí chun gníomhaíochtaí coisctheacha a chur chun feidhme, dea-chleachtais a shainaithint agus bearta coisctheacha a chur chun cinn, agus aird ar leith á tabhairt ar na fadhbanna sonracha a bhíonn ag MFBManna agus, maidir le dea-chleachtais, díreoidh EU-OSHA, go háirithe, ar chleachtais ar uirlisí praiticiúla iad a úsáidfear chun measúnú a tharraingt suas ar na rioscaí sábháilteachta agus sláinte ag an obair, agus chun na bearta a shainaithint atá le déanamh chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sin;

(j)

rannchuidiú le straitéisí agus cláir ghníomhaíochta an Aontais a fhorbairt i ndáil le cosaint na sábháilteachta agus na sláinte ag an obair, gan dochar do réimse inniúlachtaí an Choimisiúin;

(k)

straitéis a bhunú le haghaidh caidreamh le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 30 a mhéid a bhaineann le cúrsaí a bhfuil EU-OSHA inniúil maidir leo;

(l)

gníomhaíochtaí agus feachtais a dhéanamh chun feasacht a ardú agus cumarsáid a dhéanamh maidir le saincheisteanna sábháilteachta agus sláinte ag an obair.

2.   I gcás ina bhfuil gá le staidéir nua, agus sula nglacfar cinntí beartais, déanfaidh institiúidí an Aontais aird a thabhairt ar shaineolas EU-OSHA agus ar aon staidéir atá déanta aige sa réimse lena mbaineann nó a bhfuil sé in ann iad a dhéanamh, i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9).

3.   Áiritheoidh EU-OSHA go mbeidh an fhaisnéis a scaipfear agus na huirlisí a chuirfear ar fáil in oiriúint do na húsáideoirí dár ceapadh iad. Chun an cuspóir sin a bhaint amach, oibreoidh EU-OSHA i ndlúthchomhar leis na lárionaid náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 12(1), i gcomhréir le hAirteagal 12(2).

4.   Féadfaidh EU-OSHA comhaontuithe comhair a thabhairt i gcrích le gníomhaireachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais chun comhar leo a éascú agus a chur chun cinn.

5.   Agus a chúraimí á ndéanamh aige, beidh idirphlé dlúth ag EU-OSHA go háirithe le comhlachtaí speisialaithe, bídís poiblí nó príobháideach, náisiúnta nó idirnáisiúnta, le húdaráis phoiblí, le comhlachtaí acadúla agus taighde, agus le heagraíochtaí na bhfostóirí agus na bhfostaithe agus, i gcás inarb ann dóibh, le comhlachtaí trípháirteacha náisiúnta. Déanfaidh EU-OSHA, gan dochar dá chuspóirí ná dá chríocha, obair i gcomhar le gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais, go háirithe Eurofound agus Cedefop, agus sineirgí agus comhlántacht lena gcuid gníomhaíochtaí á gcur chun cinn, agus aon dúbláil iarrachtaí á seachaint ag an am céanna.

CAIBIDIL II

EAGRÚ EU-OSHA

Airteagal 3

Struchtúr riaracháin agus bainistithe

Is éard a bheidh i struchtúr riaracháin agus bainistíochta EU-OSHA:

(a)

Bord Bainistíochta;

(b)

Bord Feidhmiúcháin;

(c)

Stiúrthóir Feidhmiúcháin;

(d)

Líonra.

ROINN 1:

An Bord Bainistíochta

Airteagal 4

Comhdhéanamh an Bhoird Bainistíochta

1.   Beidh an Bord Bainistíochta comhdhéanta díobh seo a leanas:

(a)

comhalta amháin, ó gach Ballstát, a dhéanann ionadaíocht ar an rialtas;

(b)

comhalta amháin, ó gach Ballstát, a dhéanann ionadaíocht ar eagraíochtaí na bhfostóirí;

(c)

comhalta amháin, ó gach Ballstát, a dhéanann ionadaíocht ar eagraíochtaí na bhfostaithe;

(d)

triúr comhaltaí a dhéanann ionadaíocht ar an gCoimisiún;

(e)

saineolaí neamhspleách amháin arna cheapadh ag Parlaimint na hEorpa.

Beidh an ceart vótála ag gach duine de na comhaltaí dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (d).

Is í an Chomhairle a cheapfaidh na comhaltaí dá dtagraítear i bpointe (a), pointe (b) agus pointe (c) as measc chomhaltaí agus chomhaltaí malartacha an Choiste Chomhairligh um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair.

Is ar mholadh na mBallstát a cheapfar na comhaltaí dá dtagraítear i bpointe (a). Is ar mholadh urlabhraithe na ngrúpaí faoi seach sa Choiste Comhairleach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair a cheapfar na comhaltaí dá dtagraítear i bpointe (b) agus pointe (c).

Cuirfear na moltaí dá dtagraítear sa cheathrú fomhír faoi bhráid na Comhairle agus cuirfear faoi bhráid an Choimisiúin iad le haghaidh faisnéise.

Is é an Coimisiún a cheapfaidh na comhaltaí dá dtagraítear i bpointe (d).

Is é an coiste freagrach de chuid Pharlaimint na hEorpa a cheapfaidh an saineolaí dá dtagraítear i bpointe (e).

2.   Beidh comhalta malartach ag gach comhalta den Bhord Bainistíochta. Beidh an comhalta malartach mar ionadaí don chomhalta ina éagmais nó ina héagmais. Ceapfar na comhaltaí malartacha i gcomhréir le mír 1.

3.   Ainmneofar agus ceapfar comhaltaí an Bhoird Bainistíochta agus a gcomhaltaí malartacha ar bhonn a gcuid eolais i réimse na sláinte agus na sábháilteachta ag an obair, ag cur san áireamh a gcuid scileanna ábhartha amhail scileanna bainistíochta, riaracháin agus buiséadacha, agus a gcuid saineolais i réimse phríomhchúraimí EU-OSHA, chun tabhairt faoi ról maoirseachta éifeachtach. Féachfaidh na páirtithe uile a mbeidh ionadaíocht acu ar an mBord Bainistíochta le ráta athrúcháin a n-ionadaithe a theorannú chun leanúnachas obair an Bhoird a áirithiú. Beidh sé d'aidhm ag na páirtithe uile ionadaíocht chothrom idir mná agus fir a bhaint amach ar an mBord Bainistíochta.

4.   Déanfaidh gach comhalta agus gach comhalta malartach ráiteas i scríbhinn a shíniú an tráth céanna a rachaidh sé nó sí in oifig á dhearbhú nach bhfuil coinbhleacht leasanna ann ina leith. Déanfaidh gach comhalta agus gach comhalta malartach a ráiteas a nuashonrú i gcás ina dtiocfaidh athrú ar imthosca maidir le haon choinbhleacht leasanna. Foilseoidh EU-OSHA na ráitis agus na nuashonruithe ar a shuíomh gréasáin.

5.   Ceithre bliana a bheidh i dtéarma oifige na gcomhaltaí agus na gcomhaltaí malartacha. Beidh an téarma sin in-athnuaite. Nuair a thiocfaidh deireadh lena dtréimhse oifige nó i gcás ina n-éireoidh siad as oifig, fanfaidh comhaltaí agus comhaltaí malartacha in oifig go dtí go ndéanfar a gceapacháin a athnuachan nó go gcuirfear comhaltaí nua ina n-ionad.

6.   Ar an mBord Bainistíochta, beidh ionadaithe na rialtas, ionadaithe eagraíochtaí na bhfostóirí agus na bhfostaithe, faoi seach, ina ngrúpaí. Ainmneoidh gach grúpa comhordaitheoir chun éifeachtúlacht an phlé a fheabhsú laistigh de na grúpaí agus eatarthu. Is é a bheidh i gcomhordaitheoirí ghrúpaí na bhfostóirí agus na bhfostaithe ionadaithe a n-eagraíochtaí Eorpacha faoi seach agus féadfar iad a ainmniú as measc na gcomhaltaí atá ceaptha ar an mBord Bainistíochta. Déanfaidh comhordaitheoirí nach bhfuil ceaptha ina gcomhaltaí den Bhord Bainistíochta i gcomhréir le mír 1 páirt a ghlacadh i gcruinnithe an Bhoird Bainistíochta ach ní bheidh an ceart vótála acu.

Airteagal 5

Feidhmeanna an Bhoird Bainistíochta

1.   Déanfaidh an Bord Bainistíochta:

(a)

treoruithe straitéiseacha a sholáthar maidir le gníomhaíochtaí EU-OSHA;

(b)

doiciméad clársceidealaithe EU-OSHA, ina bhfuil clár ilbhliantúil oibre EU-OSHA agus a chlár oibre bliantúil don bhliain dár gcionn, a ghlacadh gach bliain, trí thromlach dhá thrian de na comhaltaí a bhfuil an ceart vótála acu agus i gcomhréir le hAirteagal 6;

(c)

buiséad bliantúil EU-OSHA a ghlacadh trí thromlach dhá thrian de na comhaltaí a bhfuil an ceart vótála acu agus feidhmeanna eile a fheidhmiú i dtaobh an bhuiséid sin de bhun Chaibidil III;

(d)

tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí a ghlacadh chomh maith le measúnú ar ghníomhaíochtaí EU-OSHA, iad a chur, faoin 1 Iúil gach bliain, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, an Choimisiúin agus na Cúirte Iniúchóirí agus an tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí a chur ar fáil don phobal;

(e)

na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le EU-OSHA a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 17;

(f)

straitéis frithchalaoise a ghlacadh, atá comhréireach leis na rioscaí calaoise agus costais agus tairbhí na mbeart atá le cur chun feidhme á gcur san áireamh;

(g)

rialacha a ghlacadh maidir le coinbhleachtaí leasanna a chosc agus a bhainistiú i dtaca lena chomhaltaí agus le saineolaithe neamhspleácha, agus freisin i dtaca le saineolaithe náisiúnta ar iasacht agus baill foirne eile nach bhfuil fostaithe ag EU-OSHA, dá dtagraítear in Airteagal 20;

(h)

na pleananna cumarsáide agus scaipthe a ghlacadh agus a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn rialta, bunaithe ar anailís ar na riachtanais, agus an méid sin a léiriú i ndoiciméad clársceidealaithe EU-OSHA;

(i)

a rialacha nós imeachta a ghlacadh;

(j)

cumhachtaí an Údaráis Ceapacháin arna dtabhairt leis na Rialacháin Foirne agus cumhachtaí an Údaráis atá Cumhachtaithe chun Conradh Fostaíochta a Thabhairt i gCrích, arna dtabhairt le Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach eile (“cumhachtaí an údaráis ceapacháin”) a fheidhmiú, i gcomhréir le mír 2, i dtaca le foireann EU-OSHA;

(k)

rialacha cur chun feidhme oiriúnacha a ghlacadh chun éifeacht a thabhairt do na Rialacháin Foirne agus do Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile i gcomhréir le Airteagal 110 de na Rialacháin Foirne;

(l)

an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh agus, i gcás inarb iomchuí, síneadh a chur lena théarma oifige/lena téarma oifige nó é nó í a chur as oifig, i gcomhréir le hAirteagal 19;

(m)

Oifigeach Cuntasaíochta a cheapadh, faoi réir na Rialachán Foirne agus Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile, a bheidh go hiomlán neamhspleách i gcomhlíonadh a chuid nó a cuid dualgas;

(n)

rialacha nós imeachta an Bhoird Feidhmiúcháin a ghlacadh;

(o)

faireachán a dhéanamh go ndéantar obair leantach leordhóthanach i dtaca leis na torthaí agus na moltaí a eascróidh as na tuarascálacha agus meastóireachtaí iniúchóireachta inmheánacha nó seachtracha, agus as imscrúduithe de chuid na hOifige Eorpaí Frithchalaoise (OLAF);

(p)

bunú socruithe comhair le húdaráis inniúla tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta a údarú i gcomhréir le hAirteagal 30.

2.   Glacfaidh an Bord Bainistíochta, i gcomhréir le hAirteagal 110 de na Rialacháin Foirne, cinneadh bunaithe ar Airteagal 2(1) de na Rialacháin Foirne agus ar Airteagal 6 de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile, lena ndéantar cumhachtaí ábhartha an údaráis ceapacháin a tharmligean chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus lena leagtar amach na coinníollacha faoinar féidir an tarmligean cumhachtaí sin a chur ar fionraí. Beidh údarás ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na cumhachtaí sin a fho-tharmligean.

I gcás inar gá déanamh amhlaidh mar gheall ar imthosca eisceachtúla, féadfaidh an Bord Bainistíochta tarmligean chumhachtaí an údaráis ceapacháin chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus na cinn arna bhfo-tharmligean ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chur ar fionraí go sealadach. I gcásanna den sórt sin, déanfaidh an Bord Bainistíochta iad a tharmligean, ar feadh tréimhse theoranta, chuig duine d'ionadaithe an Choimisiúin a ainmneoidh sé nó chuig duine den fhoireann taobh amuigh den Stiúrthóir Feidhmiúcháin.

Airteagal 6

Clársceidealú ilbhliantúil agus bliantúil

1.   Gach bliain, déanfaidh an Stiurthóir Feidhmiúcháin, i gcomhréir le pointe (e) d'Airteagal 11(5) den Rialachán seo, dréachtdoiciméad clársceidealaithe a tharraingt suas ina mbeidh clár oibre ilbhliantúil agus bliantúil i gcomhréir le hAirteagal 32 de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013.

2.   Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an dréachtdoiciméad clársceidealaithe dá dtagraítear i mír 1 a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta. Tar éis don Bhord Bainistíochta an dréachtdoiciméad clársceidealaithe a fhormheas, cuirfear faoi bhráid an Choimisiúin, Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle é tráth nach déanaí ná an 31 Eanáir gach bliain. Tíolacfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin aon leaganacha nuashonraithe den doiciméad sin i gcomhréir leis an nós imeachta céanna. Glacfaidh an Bord Bainistíochta an doiciméad, agus tuairim an Choimisiúin á cur san áireamh.

Tiocfaidh an doiciméad clársceidealaithe chun bheith cinntitheach tar éis ghlacadh críochnaitheach bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh agus déanfar coigeartú air dá réir, más gá sin.

3.   Leagfar amach sa chlár oibre ilbhliantúil an clársceidealú straitéiseach foriomlán lena n-áirítear cuspóirí, torthaí a bhfuiltear ag súil leo agus táscairí feidhmíochta, agus forluí clársceidealaithe le gníomhaireachtaí eile á sheachaint. Leagfar amach ann clársceidealú acmhainní freisin, lena n-áirítear an buiséad ilbhliantúil agus an fhoireann. Cuimseofar ann straitéis maidir le caidreamh le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 30, na gníomhaíochtaí a bhaineann leis an straitéis sin, agus sonrú na n-acmhainní gaolmhara.

4.   Beidh an clár oibre bliantúil comhsheasmhach leis an gclár oibre ilbhliantúil dá dtagraítear i mír 3 agus beidh an méid a leanas ann:

(a)

cuspóirí mionsonraithe chomh maith leis na torthaí a bhfuiltear ag súil leo, lena n-áirítear táscairí feidhmíochta;

(b)

cur síos ar an gníomhaíochtaí atá le maoiniú, lena n-áirítear bearta pleanáilte arb é is aidhm leo éifeachtúlacht a mhéadú;

(c)

léiriú ar na hacmhainní airgeadais agus daonna arna leithdháileadh ar gach gníomh, i gcomhréir le prionsabail an bhuiséadaithe agus an bhainistithe de réir gníomhaíochtaí;

(d)

gníomhaíochtaí a d'fhéadfaí a dhéanamh maidir leis an gcaidreamh le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 30.

Sonrófar go soiléir ann na gníomhartha a cuireadh leis, a athraíodh nó a scriosadh i gcomparáid leis an mbliain airgeadais roimhe sin.

5.   Leasóidh an Bord Bainistíochta an clár oibre bliantúil a glacadh i gcás ina sannfar gníomhaíocht nua do EU-OSHA. Féadfaidh an Bord Bainistíochta an chumhacht leasuithe neamhshubstaintiúla a dhéanamh ar an gclár oibre bliantúil a tharmligean chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin.

Is i gcomhréir leis an nós imeachta céanna a úsáideadh don chlár oibre bliantúil tosaigh a ghlacfar aon leasú substaintiúil ar an gclár oibre bliantúil.

6.   Tabharfar an clársceidealú acmhainní cothrom le dáta go bliantúil. Tabharfar an clársceidealú straitéiseach cothrom le dáta, i gcás inarb iomchuí agus, go háirithe, rachaidh sé i ngleic le toradh na meastóireachta dá dtagraítear in Airteagal 28.

Maidir le gníomhaíocht nua a shannadh do EU-OSHA chun na cúraimí a leagtar síos in Airteagal 2 a chomhlíonadh, déanfar é agus aird á tabhairt ar a chlársceidealú acmhainní agus airgeadais, gan dochar do chumhachtaí Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle (an “t-údarás buiséadach”)

Airteagal 7

Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta

1.   Toghfaidh an Bord Bainistíochta Cathaoirleach agus triúr Leas-Chathaoirligh mar a leanas:

(a)

duine as measc na gcomhaltaí a dhéanann ionadaíocht ar rialtais na mBallstát;

(b)

duine as measc na gcomhaltaí a dhéanann ionadaíocht ar eagraíochtaí na bhfostóirí;

(c)

duine as measc na gcomhaltaí a dhéanann ionadaíocht ar eagraíochtaí na bhfostaithe; agus

(d)

duine as measc na gcomhaltaí a dhéanann ionadaíocht ar an gCoimisiún.

Toghfar an Cathaoirleach agus na Leas-Chathaoirligh trí thromlach dhá thrian de chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta a bhfuil an ceart vótála acu.

2.   Bliain amháin a bheidh i dtéarma oifige an Chathaoirligh agus na Leas-Chathaoirleach. Beidh a dtéarma oifige in-athnuaite. I gcás ina dtiocfaidh deireadh lena gcomhaltas ar an mBord Bainistíochta tráth ar bith le linn a dtéarma oifige, rachaidh a dtéarma oifige in éag go huathoibríoch ar an dáta sin.

Airteagal 8

Cruinnithe an Bhoird Bainistíochta

1.   Tionólfaidh an Cathaoirleach cruinnithe an Bhoird Bainistíochta.

2.   Glacfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin páirt sa phlé, ach ní bheidh an ceart vótála ag an té sin.

3.   Beidh gnáthchruinniú amháin ar a laghad in aghaidh na bliana ag an mBord Bainistíochta. Ina theannta sin, tiocfaidh sé le chéile ar thionscnamh an Chathaoirligh, arna iarraidh sin don Choimisiún nó arna iarraidh sin do thrian de na comhaltaí ar a laghad.

4.   Féadfaidh an Bord Bainistíochta iarraidh ar aon duine ar díol spéise a thuairim nó a tuairim freastal ar a chuid cruinnithe mar bhreathnadóir. Maidir le hionadaithe thíortha Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE) is páirtithe sa Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (Comhaontú LEE), féadfaidh siad freastal ar chruinnithe an Bhoird Bainistíochta mar bhreathnóirí i gcás ina ndéantar foráil i gComhaontú LEE dá rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí EU-OSHA.

5.   Cuirfidh EU-OSHA an rúnaíocht ar fáil don Bhord Bainistíochta.

Airteagal 9

Rialacha vótála an Bhoird Bainistíochta

1.   Gan dochar do phointe (b) agus pointe (c) d'Airteagal 5(1), don dara fomhír d'Airteagal 7(1) agus d'Airteagal 19(7), déanfaidh an Bord Bainistíochta cinntí trí thromlach na gcomhaltaí a bhfuil an ceart vótála acu.

Mar sin féin, beidh gá le toiliú a fháil ó thromlach chomhaltaí an ghrúpa a dhéanann ionadaíocht ar na rialtais maidir le cinntí faoi chuimsiú an chláir oibre bhliantúil agus a bhfuil iarmhairtí buiséadacha acu i ndáil leis na lárionaid náisiúnta.

2.   Beidh aon vóta amháin ag gach comhalta ag a bhfuil an ceart vótála. I gcás nach mbeidh comhalta áirithe ag a bhfuil an ceart vótála i láthair, beidh a chomhalta malartach nó a comhalta malartach i dteideal a cheart vótála nó a ceart vótála a fheidhmiú.

3.   Glacfaidh an Cathaoirleach páirt sa vótáil.

4.   Glacfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin páirt sa phlé ach ní bheidh an ceart vótála ag an té sin.

5.   Le rialacha nós imeachta an Bhoird Bainistíochta, leagfar síos socruithe vótála níos mionsonraithe, go háirithe na cúinsí ina bhféadfaidh comhalta gníomhú thar ceann comhalta eile.

ROINN 2

An Bord Feidhmiúcháin

Airteagal 10

An Bord Feidhmiúcháin

1.   Beidh Bord Feidhmiúcháin de chúnamh ag an mBord Bainistíochta.

2.   Déanfaidh an Bord Feidhmiúcháin:

(a)

na cinntí atá le glacadh ag an mBord Bainistíochta a ullmhú;

(b)

faireachán a dhéanamh, i dteannta an Bhoird Bainistíochta, go ndéantar obair leantach leordhóthanach ar na torthaí agus na moltaí a eascróidh as na tuarascálacha agus meastóireachtaí iniúchóireachta inmheánacha nó seachtracha, agus as imscrúduithe de chuid OLAF;

(c)

gan dochar d'fhreagrachtaí an Stiúrthóra Feidhmiúcháin, mar a leagtar amach in Airteagal 11, comhairle a chur air nó uirthi, i gcás inar gá, maidir le cinntí an Bhoird Bainistíochta a chur chun feidhme, d'fhonn an mhaoirseacht ar an mbainistíocht riaracháin agus bhuiséadach a threisiú.

3.   I gcás inar gá, ar chúiseanna práinne, féadfaidh an Bord Feidhmiúcháin cinntí sealadacha áirithe a dhéanamh thar cheann an Bhoird Bainistíochta, lena n-áirítear cinntí maidir le tarmligean chumhachtaí an údaráis ceapacháin a chur ar fionraí i gcomhréir leis na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 5(2) agus maidir le cúrsaí buiséadacha.

4.   Beidh an Bord Feidhmiúcháin comhdhéanta de Chathaoirleach an Bhoird Bainistíochta, an triúr Leas-Chathaoirligh, comhordaitheoirí na dtrí ghrúpa dá dtagraítear in Airteagal 4(6) agus ionadaí amháin ón gCoimisiún. Féadfaidh gach grúpa dá dtagraítear in Airteagal 4(6) suas le beirt chomhaltaí malartacha a ainmniú chun freastal ar chruinnithe an Bhoird Bainistíochta i gcás ina bhfuil comhalta arna cheapadh ag an ngrúpa ábhartha as láthair. Beidh Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta mar Chathaoirleach ar an mBord Feidhmiúcháin freisin. Glacfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin páirt i gcruinnithe an Bhoird Feidhmiúcháin, ach ní bheidh an ceart vótála ag an té sin.

5.   Dhá bhliain a bheidh i dtéarma oifige chomhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin. Beidh an téarma sin in-athnuaite. Tiocfaidh deireadh le téarma oifige comhalta de chuid an Bhoird Feidhmiúcháin ar an dáta a thiocfaidh deireadh lena chomhaltas nó lena comhaltas ar an mBord Bainistíochta.

6.   Tiocfaidh an Bord Feidhmiúcháin le chéile 3 huaire sa bhliain ar a laghad. In theannta sin, tiocfaidh sé le chéile ar thionscnamh an Chathaoirligh nó arna iarraidh sin dá chuid comhaltaí. Tar éis gach cruinnithe, déanfaidh comhordaitheoirí na dtrí ghrúpa dá dtagraítear in Airteagal 4(6) a ndícheall comhaltaí a ngrúpa féin a chur ar an eolas, ar bhealach tráthúil trédhearcach, faoin méid is ábhar don phlé.

ROINN 3

An Stiúrthóir Feidhmiúcháin

Airteagal 11

Freagrachtaí an Stiúrthóra Feidhmiúcháin

1.   Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach as bainistiú EU-OSHA i gcomhréir leis an treoir straitéiseach atá leagtha amach ag an mBord Bainistíochta, agus beidh an té sin freagrach don Bhord Bainistíochta.

2.   Gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin, an Bhoird Bainistíochta, agus an Bhoird Feidhmiúcháin, beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin neamhspleách i bhfeidhmiú na ndualgas agus ní iarrfaidh sé nó sí treoracha ar aon rialtas ná ar aon chomhlacht eile ná ní thógfaidh sé nó sí treoracha ó aon rialtas ná ó aon chomhlacht eile.

3.   Tabharfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin tuairisc do Pharlaimint na hEorpa maidir le comhlíonadh a dhualgas nó a dualgas i gcás ina n-iarrtar sin air nó uirthi. Féadfaidh an Chomhairle iarraidh ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin tuairisc a thabhairt maidir le comhlíonadh a dhualgas nó a dualgas.

4.   Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ionadaí dlíthiúil EU-OSHA.

5.   Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach as cur chun feidhme na gcúraimí arna sannadh do EU-OSHA faoin Rialachán seo. Go háirithe, beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach as an méid seo a leanas:

(a)

riarachán EU-OSHA ó lá go lá, lena n-áirítear na cumhachtaí a thugtar de chúram air nó uirthi i dtaca le cúrsaí foirne a fheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 5(2);

(b)

cinntí arna nglacadh ag an mBord Bainistíochta a chur chun feidhme;

(c)

cinntí a dhéanamh maidir le bainistiú acmhainní daonna, i gcomhréir leis an gcinneadh dá dtagraítear in Airteagal 5(2);

(d)

agus á chur san áireamh na riachtanais a bhaineann le gníomhaíochtaí EU-OSHA agus le bainistíocht fhónta airgeadais, cinntí a dhéanamh maidir le struchtúir inmheánacha EU-OSHA agus, i gcás inar gá, maidir lena leasú;

(e)

an doiciméad clársceidealaithe a ullmhú agus é a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún;

(f)

an doiciméad clársceidealaithe a chur chun feidhme agus tuairisc a thabhairt don Bhord Bainistíochta maidir lena chur chun feidhme;

(g)

an tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí EU-OSHA a ullmhú agus í a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta lena measúnú agus lena glacadh;

(h)

córas faireacháin éifeachtach a bhunú le gur féidir na meastóireachtaí rialta dá dtagraítear in Airteagal 28 a dhéanamh, mar aon le córas tuairiscithe chun achoimre a dhéanamh ar na torthaí a bhíonn orthu;

(i)

dréachtrialacha airgeadais is infheidhme maidir le EU-OSHA a ullmhú;

(j)

dréachtráiteas EU-OSHA ar a mheastacháin ioncaim agus chaiteachais, mar cuid de dhoiciméad clársceidealaithe EU-OSHA a ullmhú; agus buiséad EU-OSHA a chur chun feidhme;

(k)

plean gníomhaíochta a ullmhú ina ndéanfar obair leantach ar chonclúidí tuarascálacha agus meastóireachtaí iniúchóireachta inmheánacha nó seachtracha, mar aon le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-chalaoise (OLAF) agus tuairisc a thabhairt ar dhul chun cinn 2 uair sa bhliain don Choimisiún agus go tráthrialta don Bhord Bainistíochta agus don Bhord Feidhmiúcháin;

(l)

féachaint le cothromaíocht inscne a áirithiú in EU-OSHA;

(m)

leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne na calaoise, an éillithe agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, trí sheiceálacha éifeachtacha a dhéanamh agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí mhéideanna a íocadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis riaracháin agus airgeadais a ghearradh a bheidh éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach;

(n)

straitéis frithchalaoise le haghaidh EU-OSHA a ullmhú agus í a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta lena formheas;

(o)

i gcás inarb ábhartha, comhar a dhéanamh le gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais agus comhaontuithe comhair a thabhairt i gcrích leo.

6.   Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach freisin as cinneadh a dhéanamh an gá, chun críocha cúraimí EU-OSHA a dhéanamh ar dhóigh éifeachtúil éifeachtach, oifig idirchaidrimh a bhunú sa Bhruiséil chun comhar EU-OSHA le hinstitiúidí ábhartha an Aontais a chothú tuilleadh. I gcás an chinnidh sin, caithfear réamhthoiliú a fháil ón gCoimisiún, ón mBord Bainistíochta agus ón mBallstát ábhartha. Leis an gcinneadh sin, sonrófar raon feidhme na ngníomhaíochtaí a dhéanfaidh an oifig idirchaidrimh sin ar dhóigh a sheachnóidh costais neamhriachtanacha agus aon dúbláil ar fheidhmeanna riaracháin EU-OSHA.

ROINN 4

Líonra

Airteagal 12

Líonra

1.   Cuirfidh EU-OSHA líonra ar bun ina mbeidh:

(a)

na príomh-chomhpháirteanna de na líonraí faisnéise náisiúnta, lena n-áirítear eagraíochtaí náisiúnta na bhfostóirí agus na bhfostaithe, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó leis an gcleachtas náisiúnta;

(b)

na lárionaid náisiúnta.

2.   Cuirfidh na Ballstáit EU-OSHA ar an eolas go tráthrialta maidir le príomh-chomhpháirteanna a líonraí faisnéise náisiúnta um shábháilteacht agus sláinte ag an obair, lena n-áirítear aon institiúid a mheasann siad a d'fhéadfadh rannchuidiú le hobair EU-OSHA, agus an gá an cumhdach is iomláine is féidir a áirithiú i leith a gcríche á chur san áireamh.

Déanfaidh na húdaráis náisiúnta nó institiúid náisiúnta arna hainmniú ag an mBallstát mar lárionad náisiúnta an fhaisnéis atá le soláthar ar an leibhéal náisiúnta do EU-OSHA a chomhordú agus a chur ar aghaidh faoi chuimsiú comhaontú idir gach lárionad agus EU-OSHA ar bhonn an chláir oibre arna ghlacadh ag EU-OSHA.

Rachaidh na húdaráis náisiúnta nó institiúid náisiúnta i gcomhairle le heagraíochtaí náisiúnta na bhfostóirí agus le heagraíochtaí náisiúnta na bhfostaithe agus cuirfidh siad a dtuairimí san áireamh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó leis an gcleachtas náisiúnta.

3.   Na topaicí a measadh gur díol spéise ar leith iad, déanfar iad a liostú i gclár oibre bliantúil EU-OSHA.

CAIBIDIL III

FORÁLACHA AIRGEADAIS

Airteagal 13

Buiséad

1.   Ullmhófar meastacháin ar ioncam agus ar chaiteachas uile EU-OSHA gach bliain airgeadais agus léireofar i mbuiséad EU-OSHA iad. Comhfhreagróidh an bhliain airgeadais don bhliain féilire.

2.   Beidh buiséad EU-OSHA ar comhardú i dtéarmaí ioncaim agus caiteachais.

3.   Gan dochar d'acmhainní eile, beidh na nithe seo leanas ar áireamh in ioncam EU-OSHA:

(a)

ranníocaíocht ón Aontas a chuirfear isteach i mbuiséad ginearálta an Aontais;

(b)

aon ranníocaíocht airgeadais dheonach ó na Ballstáit;

(c)

táillí ar fhoilseacháin agus ar aon seirbhísí eile a sholáthraíonn EU-OSHA;

(d)

aon ranníocaíocht ó thríú tíortha a rannchuideoidh le hobair EU-OSHA, dá bhforáiltear in Airteagal 30.

4.   Cuirfear luach saothair na foirne, costais riaracháin agus bonneagair, agus caiteachas oibríochtúil san áireamh i gcaiteachas EU-OSHA.

Airteagal 14

An buiséad a bhunú

1.   Gach bliain, tarraingeoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin suas dréachtmheastachán sealadach ar ioncam agus caiteachas EU-OSHA don bhliain airgeadais dár gcionn, lena n-áirítear an plean bunaíochta, agus cuirfidh sé chuig an mBord Bainistíochta é.

Beidh an dréachtmheastachán sealadach bunaithe ar chuspóirí agus ar na torthaí a bhfuiltear ag súil leo i dtaca leis an doiciméad clársceidealaithe bliantúil dá dtagraítear in Airteagal 6(1) agus cuirfear san áireamh ann na hacmhainní airgeadais is gá chun na cuspóirí agus na torthaí sin a bhfuiltear ag súil leo a bhaint amach, i gcomhréir le prionsabal an bhuiséadaithe ar bhonn feidhmíochta.

2.   Ar bhonn an dréachtmheastacháin shealadaigh, glacfaidh an Bord Bainistíochta dréachtmheastachán ar ioncam agus ar chaiteachas EU-OSHA don bhliain airgeadais dár gcionn, agus seolfaidh sé é chuig an gCoimisiún faoin 31 Eanáir gach bliain.

3.   Cuirfidh an Coimisiún an dréachtmheastachán, mar aon le dréachtbhuiséad ginearálta an Aontais, chuig an údarás buiséadach. Cuirfear an dréachtmheastachán ar fáil do EU-OSHA freisin.

4.   Ar bhonn an dréachtmheastacháin, cuirfidh an Coimisiún i ndréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh an meastachán sin a mheasann sé is gá don phlean bunaíochta agus méid na ranníocaíochta a dhéanfar a mhuirearú ar an mbuiséad ginearálta, agus cuirfidh sé faoi bhráid an údaráis bhuiséadaigh é i gcomhréir le hAirteagal 313 agus Airteagal 314 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

5.   Údaróidh an t-údarás buiséadach na leithreasuithe don ranníocaíocht ó bhuiséad ginearálta an Aontais le EU-OSHA.

6.   Glacfaidh an t-údarás buiséadach plean bunaíochta EU-OSHA.

7.   Is é an Bord Bainistíochta a ghlacfaidh buiséad EU-OSHA. Tiocfaidh sé chun bheith cinntitheach tar éis ghlacadh críochnaitheach bhuiséad ginearálta an Aontais agus, más gá, déanfar coigeartú air dá réir. Aon mhodhnú ar bhuiséad EU-OSHA, lena n-áirítear an plean bunaíochta, glacfar é i gcomhréir leis an nós imeachta céanna.

8.   I gcás aon tionscadail tógála ar dócha go mbeadh impleachtaí móra aige ar bhuiséad EU-OSHA, beidh feidhm ag Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 maidir leis.

Airteagal 15

An buiséad a chur chun feidhme

1.   Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin buiséad EU-OSHA chun feidhme.

2.   Gach bliain, déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an fhaisnéis uile is ábhartha maidir le torthaí na nósanna imeachta meastóireachta a chur chuig an údarás buiséadach.

Airteagal 16

Na cuntais a thíolacadh agus a urscaoileadh

1.   Cuirfidh oifigeach cuntasaíochta EU-OSHA na cuntais shealadacha don bhliain airgeadais (bliain N) chuig Oifigeach Cuntasaíochta an Choimisiúin agus chuig an gCúirt Iniúchóirí faoin 1 Márta an bhliain airgeadais dár gcionn (bliain N + 1).

2.   Seolfaidh EU-OSHA tuarascáil ar an mbainistíocht bhuiséadach agus airgeadais do bhliain N chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí faoin 31 Márta de bhliain N + 1.

3.   Cuirfidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin cuntais shealadacha EU-OSHA do bhliain N, arna gcomhdhlúthú le cuntais an Choimisiúin, ar aghaidh chuig an gCúirt Iniúchóirí faoin 31 Márta de bhliain N + 1.

4.   Tar éis don oifigeach cuntasaíochta barúlacha na Cúirte Iniúchóirí maidir le cuntais shealadacha EU-OSHA do bhliain N a fháil, de bhun Airteagal 246 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, tarraingeoidh sé nó sí suas cuntais chríochnaitheacha EU-OSHA don bhliain sin. Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta iad chun tuairim a fháil.

5.   Tabharfaidh an Bord Bainistíochta tuairim uaidh maidir le cuntais chríochnaitheacha EU-OSHA do bhliain N.

6.   Faoin 1 Iúil de bhliain N + 1, déanfaidh oifigeach cuntasaíochta EU-OSHA na cuntais chríochnaitheacha do bhliain N, in éineacht le tuairim an Bhoird Bainistíochta, a chur ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí.

7.   Foilseofar na cuntais chríochnaitheacha do bhliain N in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh faoin 15 Samhain de bhliain N + 1.

8.   Faoin 30 Meán Fómhair de bhliain N + 1, seolfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagra chuig an gCúirt Iniúchóirí ar na barúlacha arna ndéanamh ina tuarascáil bhliantúil. Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an freagra chuig an mBord Bainistíochta freisin.

9.   Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, ar iarraidh ó Pharlaimint na hEorpa, aon fhaisnéis is gá faoina bráid chun an nós imeachta urscaoilte a chur i bhfeidhm go rianúil do bhliain N, i gcomhréir le hAirteagal 109(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013.

10.   Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, ar mholadh ón gComhairle ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, urscaoileadh a thabhairt don Stiúrthóir Feidhmiúcháin roimh an 15 Bealtaine de bhliain N + 2 i dtaca le cur chun feidhme an bhuiséid do bhliain N.

Airteagal 17

Rialacha airgeadais

Déanfaidh an Bord Bainistíochta na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le EU-OSHA a ghlacadh tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoimisiún. Ní imeoidh siad ó Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 ach amháin má tá gá leis an imeacht sin go sonrach d'fheidhmiú EU-OSHA agus má tá toiliú tugtha ag an gCoimisiún roimh ré.

CAIBIDIL IV

AN FHOIREANN

Airteagal 18

Forálacha ginearálta

1.   Beidh feidhm ag na Rialacháin Foirne agus ag Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile agus ag na rialacha arna nglacadh trí chomhaontú idir institiúidí an Aontais chun éifeacht a thabhairt do na Rialacháin Foirne agus do Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile maidir le foireann EU-OSHA.

2.   Déanfaidh an Bord Bainistíochta rialacha iomchuí cur chun feidhme a ghlacadh chun éifeacht a thabhairt do na Rialacháin Foirne agus do Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile i gcomhréir le hAirteagal 110 de na Rialacháin Foirne.

Airteagal 19

An Stiúrthóir Feidhmiúcháin

1.   Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ina bhall foirne nó ina ball foirne agus is mar ghníomhaire sealadach de EU-OSHA a fhostófar é nó í faoi phointe (a) d'Airteagal 2 de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile.

2.   Is é an Bord Bainistíochta a cheapfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ó liosta iarrthóirí a mholfaidh an Coimisiún tar éis nós imeachta roghnúcháin oscailte agus trédhearcach a bheith ann.

Iarrfar ar an iarrthóir a roghnaítear ráiteas a dhéanamh os comhair Pharlaimint na hEorpa agus ceisteanna ó Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa a fhreagairt. Ní chuirfear moill mhíchuí ar an gceapadh de bharr an mhalartaithe tuairimí sin.

Chun an conradh a thabhairt i gcrích leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, déanfaidh Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta ionadaíocht do EU-OSHA.

3.   Cúig bliana a bheidh i dtéarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin. Roimh dheireadh na tréimhse sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú ina gcuirfear san áireamh meastóireacht ar fheidhmíocht an Stiúrthóra Feidhmiúcháin agus ar chúraimí agus dúshláin EU-OSHA amach anseo.

4.   Féadfaidh an Bord Bainistíochta, ag cur san áireamh dó an measúnú dá dtagraítear i mír 3, síneadh a chur le téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin uair amháin, go gceann 5 bliana ar a mhéad.

5.   I gás inar cuireadh síneadh le téarma oifige Stiúrthóra Feidhmiúcháin, ní ghlacfaidh sé nó sí páirt i nós imeachta roghnúcháin eile don phost céanna ag deireadh na tréimhse foriomláine.

6.   Ní fhéadfar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chur as oifig ach amháin ar chinneadh ón mBord Bainistíochta. Sa chinneadh uaidh, tabharfaidh an Bord Bainistíochta aird ar mheasúnú an Choimisiúin ar fheidhmíocht an Stiúrthóra Feidhmiúcháin, dá dtagraítear i mír 3.

7.   Is trí thromlach dhá thrian dá chuid comhaltaí a bhfuil an ceart vótála acu a dhéanfaidh an Bord Bainistíochta cinntí faoi cheapadh, faoi shíneadh téarma oifige agus faoi chur as oifig an Stiúrthóra Feidhmiúcháin.

Airteagal 20

Saineolaithe náisiúnta ar iasacht agus baill foirne eile

1.   Féadfaidh EU-OSHA leas a bhaint as saineolaithe náisiúnta ar iasacht nó as baill foirne eile nach fostaithe de chuid EU-OSHA iad.

2.   Glacfaidh an Bord Bainistíochta cinneadh lena leagfar síos rialacha maidir le saineolaithe náisiúnta a thabhairt ar iasacht do EU-OSHA.

CAIBIDIL V

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 21

Stádas dlíthiúil

1.   Gníomhaireacht de chuid an Aontais a bheidh in EU-OSHA. Beidh pearsantacht dhlítheanach aige.

2.   I ngach ceann de na Ballstáit, tabharfar do EU-OSHA an inniúlacht dhlítheanach is fairsinge atá ar fáil faoin dlí náisiúnta ag daoine dlítheanacha. Féadfaidh sé, go háirithe, maoin shochorraithe agus maoin dhochorraithe a fháil agus a dhiúscairt agus féadfaidh sé bheith ina pháirtí in imeachtaí dlíthiúla.

3.   Is in Bilbao a bheidh suíomh EU-OSHA.

4.   Féadfaidh EU-OSHA oifig idirchaidrimh a bhunú sa Bhruiséil chun an comhar a dhéanann sé le hinstitiúidí ábhartha an Aontais a chothú tuilleadh i gcomhréir le hAirteagal 11(6).

Airteagal 22

Pribhléidí agus díolúintí

Beidh feidhm ag Prótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh maidir le EU-OSHA agus maidir lena fhoireann.

Airteagal 23

Socruithe teanga

1.   Beidh feidhm ag na forálacha a leagtar síos i Rialachán Uimh. 1 (10) ón gComhairle maidir le EU-OSHA.

2.   Is é an tIonad Aistriúcháin a sholáthróidh na seirbhísí aistriúcháin is gá chun go bhfeidhmeoidh EU-OSHA.

Airteagal 24

Trédhearcacht agus cosaint sonraí

1.   Cuirfidh EU-OSHA a ghníomhaíochtaí i gcrích le hardleibhéal trédhearcachta.

2.   Beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) maidir le doiciméid atá i seilbh EU-OSHA.

3.   Laistigh de 6 mhí tar éis dháta a chéad chruinnithe, glacfaidh an Bord Bainistíochta na rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a chur i bhfeidhm.

4.   Beidh an phróiseáil a dhéanann EU-OSHA ar shonraí pearsanta faoi réir Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12). Laistigh de 6 mhí tar éis dháta a chéad chruinnithe, bunóidh an Bord Bainistíochta bearta maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2018/1725 ag EU-OSHA, lena n-áirítear bearta a bhaineann le hOifigeach Cosanta Sonraí a cheapadh. Bunófar na bearta sin tar éis dul i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí.

Airteagal 25

An chalaois a chomhrac

1.   Chun an comhrac in aghaidh na calaoise, an éillithe agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a éascú faoi Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), aontóidh EU-OSHA, faoin 21 Lúnasa 2019, do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Coimisiún na gComhphobal Eorpach maidir le himscrúduithe inmheánacha arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) (14) agus glacfaidh sé na forálacha iomchuí is infheidhme maidir lena fhostaithe uile, ag úsáid an teimpléid a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gComhaontú sin.

2.   Beidh cumhacht ag an gCúirt Iniúchóirí iniúchtaí a dhéanamh, ar bhonn doiciméad agus cigireachtaí ar an láthair, ar gach tairbhí deontais, ar gach conraitheoir agus ar gach fochonraitheoir a fuair cistí Aontais ó EU-OSHA.

3.   Féadfaidh OLAF imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 agus i Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle (15), d'fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna an Aontais i ndáil le comhaontú deontais nó le cinneadh deontais nó conradh arna mhaoiniú ag EU-OSHA.

4.   Gan dochar do mhír 1, mír 2 ná mír 3, beidh forálacha i gcomhaontuithe comhair le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, i gconarthaí, i gcomhaontuithe deontais agus i gcinntí deontais EU-OSHA, ar forálacha iad lena dtabharfar an chumhacht go sainráite don Chúirt Iniúchóirí agus do OLAF iniúchtaí agus imscrúduithe den sórt sin a dhéanamh i gcomhréir lena gcuid inniúlachtaí faoi seach.

Airteagal 26

Rialacha slándála maidir le faisnéis rúnaicmithe agus faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe a chosaint

Glacfaidh EU-OSHA rialacha slándála a bheidh coibhéiseach le rialacha slándála an Choimisiúin chun Faisnéis Rúnaicmithe an Aontais Eorpaigh (FRAE) agus faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe a chosaint, a leagtar amach i gCinneadh (AE, Euratom) 2015/443 agus Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444, i gcás inar gá. Cuimseofar le rialacha slándála EU-OSHA, inter alia agus i gcás inar gá, forálacha maidir le faisnéis den sórt sin a mhalartú, a phróiseáil agus a stóráil.

Airteagal 27

Dliteanas

1.   Beidh dliteanas conarthach EU-OSHA faoi rialú ag an dlí is infheidhme maidir leis an gconradh atá i gceist.

2.   Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (an Chúirt Bhreithiúnais) breith a thabhairt de bhun aon chlásail eadrána a bheidh i gconradh arna thabhairt i gcrích ag EU-OSHA.

3.   I gcás dliteanas neamhchonarthach, déanfaidh EU-OSHA, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta is coiteann do dhlíthe na mBallstát, aon damáiste a shlánú a raibh a ranna nó a bhaill foirne féin ina siocair leis i gcomhlíonadh a gcuid dualgas.

4.   Beidh dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais maidir leis an gcúiteamh i ndamáiste dá dtagraítear i mír 3.

5.   Beidh dliteanas pearsanta a fhoirne i leith EU-OSHA faoi rialú ag na forálacha a leagtar síos sna Rialacháin Foirne agus i gCoinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile.

Airteagal 28

Meastóireacht

1.   I gcomhréir le hAirteagal 29(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013, déanfaidh EU-OSHA meastóireachtaí ex ante agus meastóireachtaí ex post ar na cláir agus na gníomhaíochtaí sin lena ngabhann caiteachas suntasach.

2.   Faoin 21 Lúnasa 2024, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar meastóireacht i gcomhréir le treoirlínte an Choimisiúin chun feidhmíocht EU-OSHA a mheasúnú ó thaobh a chuspóirí, a shainordaithe agus a chúraimí de. Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le comhaltaí an Bhoird Bainistíochta agus leis na príomhgheallsealbhóirí eile le linn a mheastóireachta. Tabharfar aghaidh sa mheastóireacht sin, go háirithe, ar an ngá a d'fhéadfadh a bheith ann sainordú EU-OSHA a leasú, agus ar na himpleachtaí airgeadais a d'fhéadfadh a bheith ag aon leasuithe den sórt sin.

3.   Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Bhord Bainistíochta ar thorthaí na meastóireachta. Poibleofar torthaí na meastóireachta.

Airteagal 29

Imscrúduithe riaracháin

Beidh gníomhaíochtaí EU-OSHA faoi réir fhiosrúcháin an Ombudsman Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 228 CFAE.

Airteagal 30

Comhar le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta

1.   A mhéid is gá chun na cuspóirí a leagtar amach sa Rialachán seo a bhaint amach, agus gan dochar d'inniúlachtaí na mBallstát agus institiúidí an Aontais faoi seach, féadfaidh EU-OSHA dul i gcomhar le húdaráis inniúla tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta.

Chuige sin, féadfaidh EU-OSHA, faoi réir údarú an Bhoird Bainistíochta agus tar éis formheas a fháil ón gCoimisiún, socruithe oibre a bhunú le húdaráis inniúla tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta. Ní chuirfear oibleagáidí dlíthiúla ar an Aontas ná ar na Ballstáit de dheasca na socruithe sin.

2.   Beidh EU-OSHA oscailte do rannpháirtíocht tríú tíortha a bhfuil comhaontuithe chuige sin déanta acu leis an Aontas.

Faoi fhorálacha ábhartha na gcomhaontuithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, forbrófar socruithe lena sonrófar, go háirithe, cineál, méid agus modh rannpháirtíocht na dtríú tíortha lena mbaineann in obair EU-OSHA, lena n-áirítear forálacha a bhaineann le rannpháirtíocht i dtionscnaimh a dhéanann EU-OSHA, le ranníocaíochtaí airgeadais agus le cúrsaí foirne. I dtaca le cúrsaí foirne, comhlíonfaidh na socruithe sin na Rialacháin Foirne i gcás ar bith.

3.   Glacfaidh an Bord Bainistíochta straitéis i gcomhair caidreamh le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta a bhaineann le cúrsaí a mbeidh inniúlacht ag EU-OSHA ina leith.

Airteagal 31

Comhaontú Ceanncheathrún agus coinníollacha oibriúcháin

1.   Na socruithe is gá maidir leis an gcóiríocht atá le cur ar fáil do EU-OSHA sa Bhallstát óstach agus na saoráidí a chuirfidh an Ballstát sin ar fáil mar aon leis na rialacha sonracha is infheidhme sa Bhallstát óstach maidir leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, comhaltaí an Bhoird Bainistíochta, baill foirne agus baill dá dteaghlaigh, leagfar síos iad i gComhaontú Ceanncheathrún idir EU-OSHA agus an Ballstát ina bhfuil an suíomh lonnaithe.

2.   Cuirfidh Ballstát óstach EU-OSHA na dálaí is gá ar fáil chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh EU-OSHA, lena n-áirítear scolaíocht ilteangach a bhfuil béim ar an ngné Eorpach inti agus naisc iomchuí iompair.

CAIBIDIL VI

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA

Airteagal 32

Forálacha idirthréimhseacha maidir leis an mBord Bainistíochta

Fanfaidh comhaltaí an Bhoird Rialúcháin arna bhunú ar bhonn Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 2062/94 in oifig agus feidhmeoidh siad feidhmeanna an Bhoird Bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 5 den Rialachán seo go dtí go gceapfar comhaltaí an Bhoird Bainistíochta agus an saineolaí neamhspleách de bhun Airteagal 4(1) den Rialachán seo.

Airteagal 33

Forálacha idirthréimhseacha maidir leis an bhfoireann

1.   Ar feadh na dtréimhsí a bheidh fágtha dá théarma oifige nó dá téarma oifige, is do Stiúrthóir EU-OSHA a ceapadh ar bhonn Airteagal 11 de Rialachán (CE) Uimh. 2062/94 a shannfar cúraimí an Stiúrthóra Feidhmiúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 11 den Rialachán seo. Ní athrófar coinníollacha eile a chonartha nó a conartha.

2.   I gcás nós imeachta atá ag dul ar aghaidh i gcónaí chun an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a roghnú agus a cheapadh tráth theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, beidh feidhm ag Airteagal 11 de Rialachán (CE) Uimh. 2062/94 go dtí go dtabharfar an nós imeachta sin chun críche.

3.   Leis an Rialachán seo, ní dhéanfar difear do chearta ná d'oibleagáidí na mball foirne atá fostaithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 2062/94. Féadfar a gconarthaí fostaíochta a athnuachan faoin Rialachán seo i gcomhréir leis na Rialacháin Foirne agus le Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile.

Coinneofar aon oifig idirchaidrimh de chuid EU-OSHA atá oibríochtúil tráth theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Airteagal 34

Forálacha buiséadacha idirthréimhseacha

Is i gcomhréir le hAirteagal 13 de Rialachán (CE) Uimh. 2062/94 a dhéanfar an nós imeachta um urscaoileadh maidir leis na buiséid arna bhformheas ar bhonn Airteagal 14 den Rialachán sin.

CAIBIDIL VII

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 35

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2062/94 agus déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

Airteagal 36

Na rialacha inmheánacha arna nglacadh ag an mBord Rialúcháin a choinneáil i bhfeidhm

Fanfaidh na rialacha inmheánacha arna nglacadh ag an mBord Rialúcháin ar bhonn Rialachán (CE) Uimh. 2062/94 i bhfeidhm tar éis an 20 Feabhra 2019, mura gcinnfidh an Bord Bainistíochta a mhalairt agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm.

Airteagal 37

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 16 Eanáir 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. CIAMBA


(1)  IO C 209, 30.6.2017, lch. 49.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Nollaig 2018 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 20 Nollaig 2018.

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 2062/94 ón gComhairle an 18 Iúil 1994 ag bunú na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht agus Sláinte ar an Láthair Oibre (IO L 216, 20.8.1994, lch. 1).

(4)  Cinneadh an 22 Iúil 2003 ón gComhairle lena mbunaítear Coiste Comhairleach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (IO C 218, 13.9.2003, lch. 1).

(5)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2013 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 7.12.2013, lch. 42).

(6)  IO L 56, 4.3.1968, lch. 1.

(7)  Cinneadh (AE, Euratom) 2015/443 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir le Slándáil sa Choimisiún (IO L 72, 17.3.2015, lch. 41).

(8)  Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe AE a chosaint (IO L 72, 17.3.2015, lch. 53).

(9)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(10)  Rialachán Uimh. 1 ón gComhairle lena gcinntear na teangacha atá le húsáid ag Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (IO 17, 6.10.1958, lch. 385).

(11)  Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).

(12)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(13)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(14)  IO L 136, 31.5.1999, lch. 15.

(15)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).


31.1.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

74


RIALACHÁN (AE) 2019/127 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Eanáir 2019

lena mbunaítear an Foras Eorpach chun dálaí maireachtála agus oibre a fheabhsú (Eurofound), agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1365/75 ón gComhairle

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe pointe (a) d'Airteagal 153(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Bunaíodh an Foras Eorpach chun dálaí maireachtála agus oibre a fheabhsú (“Eurofound”) le Rialachán (CEE) Uimh. 1365/75 ón gComhairle (3) chun rannchuidiú le dálaí maireachtála agus oibre níos fearr a phleanáil agus a chur ar bun trí ghníomhaíochaí a cheaptar chun eolas a mhéadú agus a scaipeadh. Ba cheart do Eurofound na gnéithe meántéarmacha agus fadtéarmacha sa chomhthéacs sin a thabhairt ar aird freisin.

(2)

Ón uair a bunaíodh é in 1975, bhí ról tábhachtach ag Eurofound maidir le tacaíocht a thabhairt d'fheabhsú dálaí maireachtála agus oibre ar fud an Aontais. Ag an am céanna, tá athrú tagtha ar choincheapa na ndálaí maireachtála agus oibre agus ar an tábhacht a bhaineann leo faoi thionchar forbairtí sochaíocha agus athruithe bunúsacha ar na margaí saothair. Dá bhrí sin, ba cheart an téarmaíocht a úsáidtear chun cur síos a dhéanamh ar chuspóirí agus cúraimí Eurofound a oiriúnú.

(3)

Leasaíodh Rialachán (CEE) Uimh. 1365/75 roinnt uaireanta. Ós rud é go bhfuil tuilleadh leasuithe le déanamh air, ba cheart an Rialachán sin a aisghairm agus reachtaíocht nua a chur ina áit ar mhaithe le soiléireacht.

(4)

Maidir leis na rialacha lena rialaítear Eurofound, ba cheart iad a bhunú, a mhéid is féidir agus a chineál trípháirteach á chur san áireamh, i gcomhréir le prionsabail Ráiteas Comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus ón gCoimisiún Eorpach maidir le gníomhaireachtaí díláraithe an 19 Iúil 2012.

(5)

Déanann Eurofound faisnéis atá speisialaithe agus lena soláthraítear breisluach laistigh de réimse saineolais Eurofound a chur ar fáil d'institiúidí agus do chomhlachtaí an Aontais, do na Ballstáit agus do na comhpháirtithe sóisialta.

(6)

Ba cheart do Eurofound leanúint de bheith ag déanamh suirbhéanna chun go leanfar de na hanailísí comparáideacha ar threochtaí i ndálaí maireachtála agus oibre agus ar fhorbairtí sa mhargadh saothair san Aontas.

(7)

Tá sé tábhachtach freisin go n-oibreodh Eurofound i ndlúthchomhar le comhlachtaí gaolmhara ar an leibhéal idirnáisiúnta, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta.

(8)

Ós rud é go ndíríonn na trí ghníomhaireacht thrípháirteacha, eadhon Eurofound, an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA) agus an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop), ar shaincheisteanna a bhaineann leis an margadh saothair, leis an timpeallacht oibre, leis an ngairmoideachas agus an ghairmoiliúint, agus le scileanna, tá gá le dlúth-chomhordú eatarthu. Dá bhrí sin, ba cheart do Eurofound, agus é i mbun a chuid oibre, comhlánú a dhéanamh ar obair EU-OSHA agus Cedefop i gcás ina bhfuil réimsí leasa comhchosúla ag na trí cinn acu, agus san am céanna, taobhú le huirlisí a fheidhmíonn go maith, amhail meabhráin tuisceana. Ba cheart do Eurofound leas a bhaint as bealaí le feabhas a chur ar éifeachtúlacht agus ar shineirgí agus ba cheart dó, ina chuid gníomhaíochtaí, dúbláil le gníomhaíochtaí EU-OSHA agus Cedefop agus le gníomhaíochtaí an Choimisiúin a sheachaint. Ina theannta sin, i gcás inarb ábhartha, ba cheart do Eurofound féachaint le comhar éifeachtúil a dhéanamh leis na seirbhísí taighde atá ag institiúidí an Aontais agus comhlachtaí speisialaithe seachtracha.

(9)

Ba cheart don Choimisiún dul i gcomhairle leis na príomhgheallsealbhóirí, lena n-áirítear comhaltaí an Bhoird Bainistíochta agus Feisirí de chuid Pharlaimint na hEorpa, le linn na meastóireachta ar Eurofound.

(10)

Is léiriú an-luachmhar é cineál trípháirteach Eurofound, EU-OSHA agus Cedefop ar chur chuige cuimsitheach atá bunaithe ar an idirphlé sóisialta idir na comhpháirtithe sóisialta agus údaráis an Aontais agus na húdaráis náisiúnta, rud atá thar a bheith tábhachtach chun teacht ar réitigh shóisialta agus eacnamaíocha atá comhpháirteach agus inbhuanaithe.

(11)

Chun próiseas cinnteoireachta Eurofound a shruthlíniú agus chun cuidiú le héifeachtúlacht agus le héifeachtacht a fheabhsú, ba cheart strúchtúr rialachais dé-leibhéil a thabhairt isteach. Chun na críche sin, ba cheart ionadaíocht a bheith ag na Ballstáit, ag eagraíochtaí na bhfostóirí Eorpacha agus ag eagraíochtaí na bhfostaithe Eorpacha, agus ag an gCoimisiún ar Bhord Bainistíochta a ndílsítear na cumhachtaí is gá dó, lena n-áirítear an chumhacht an buiséad a ghlacadh agus an doiciméad clársceidealaithe a fhormheas. Sa doiciméad clársceidealaithe, ina bhfuil clársceidealú ilbhliantúil Eurofound agus a chlár oibre bliantúil, ba cheart don Bhord Bainistíochta tosaíochtaí straitéiseacha ghníomhaíochtaí Eurofound a leagan síos. Thairis sin, ba cheart a áireamh ar na rialacha arna nglacadh ag an mBord Bainistíochta maidir le coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú bearta chun rioscaí a d'fhéadfadh a bheith ann a bhrath ag céim luath.

(12)

Chun go bhfeidhmeoidh Eurofound mar is cuí, ba cheart do na Ballstáit, d'eagraíochtaí Eorpacha na bhfostóirí agus d'eagraíochtaí Eorpacha na bhfostaithe, agus don Choimisiún a áirithiú, maidir leis na daoine a bheidh le ceapadh ar an mBord Bainistíochta, go bhfuil eolas iomchuí acu i réimse na mbeartas sóisialta agus oibre d'fhonn cinntí straitéiseacha a dhéanamh agus maoirsiú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí Eurofound.

(13)

Ba cheart an Bord Feidhmiúcháin a chur ar bun agus é de chúram aige cruinnithe an Bhoird Bainistíochta a ullmhú ar shlí iomchuí agus tacú lena phróisis cinnteoireachta agus faireacháin. Agus cúnamh á thabhairt don Bhord Bainistíochta aige, ba cheart gurbh fhéidir leis an mBord Feidhmiúcháin, i gcás inar gá ar chúiseanna práinne, cinntí sealadacha áirithe a dhéanamh thar ceann an Bhoird Bainistíochta. Ba cheart don Bhord Bainistíochta rialacha nós imeachta an Bhoird Feidhmiúcháin a ghlacadh.

(14)

Ba cheart don Stiúrthóir Feidhmiúcháin a bheith freagrach as bainistiú foriomlán Eurofound i gcomhréir leis an treoir straitéiseach a leagann an Bord Bainistíochta amach, lena n-áirítear riarachán laethúil mar aon le bainistiú airgeadais agus acmhainní daonna. Ba cheart don Stiúrthóir Feidhmiúcháin na cumhachtaí a chuirtear de chúram air nó uirthi a fheidhmiú. Ba cheart é a bheith indéanta na cumhachtaí sin a chur ar fionraí i gcúinsí eisceachtúla, amhail coinbhleachtaí leasanna nó mainneachtain thromchúiseach oibleagáidí faoi Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (na Rialacháin Foirne) a chomhlíonadh.

(15)

Is prionsabal bunúsach de dhlí an Aontais é prionsabal an chomhionannais. Ceanglaítear leis nach mór an comhionannas idir mná agus fir a áirithiú i ngach réimse, lena n-áirítear fostaíocht, obair agus pá. Ba cheart do gach páirtí díriú ar ionadaíocht chothrom a bhaint amach idir mná agus fir ar an mBord Bainistíochta agus ar an mBord Feidhmiúcháin. Ba cheart don Bhord Bainistíochta an aidhm sin a shaothrú freisin maidir lena Chathaoirleach agus lena Leas-Chathaoirligh i dteannta a chéile, agus ba cheart do na grúpaí a dhéanann ionadaíocht ar na rialtais agus ar eagraíochtaí na bhfostóirí agus ar eagraíochtaí na bhfostaithe ar an mBord Bainistíochta an aidhm sin a shaothrú freisin maidir le comhaltaí malartacha a ainmniú chun freastal ar chruinnithe de chuid an Bhoird Bainistíochta.

(16)

Tá oifig idirchaidrimh ag Eurofound sa Bhruiséil. Ba cheart an fhéidearthacht chun an oifig sin a oibriú a choinneáil.

(17)

Ba cheart na forálacha airgeadais agus na forálacha maidir le clársceidealú agus tuairisciú a bhaineann le Eurofound a nuashonrú. Le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 ón gCoimisiún (4), foráiltear go bhfuil Eurofound le meastóireachtaí ex ante agus meastóireachtaí ex post a dhéanamh i leith gach ceann de na cháir agus na gníomhaíochtaí lena ngabhann caiteachas suntasach. Ba cheart do Eurofound na meastóireachtaí sin a chur san áireamh ina chlársceidealú ilbhliantúil agus bliantúil.

(18)

Chun uathriail agus neamhspleáchas iomlán Eurofound a áirithiú, agus chun a chumasú dó a cuspóirí agus cúraimí a dhéanamh go cuí i gcomhréir leis an Rialachán seo, ba cheart buiséad leormhaith agus neamhspleách a dheonú dó ina mbeadh an t-ioncam ag teacht go príomha ó ranníocaíocht ó bhuiséad ginearálta an Aontais. Ba cheart feidhm a bheith ag nós imeachta buiséadach an Aontais maidir le Eurofound, a mhéid a bhaineann le ranníocaíocht an Aontais agus le haon fhóirdheontais eile is inmhuirearaithe ar bhuiséad ginearálta an Aontais. Ba cheart gurb í an Chúirt Iniúchóirí a dhéanfadh iniúchadh ar chuntais Eurofound.

(19)

Ba cheart gurb é Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh (an tIonad Aistriúcháin) a sholáthródh na seirbhísí aistriúcháin is gá chun go bhfeidhmeoidh Eurofound. Ba cheart do Eurofound oibriú leis an Ionad Aistriúcháin chun táscairí cáilíochta, tráthúlachta agus rúndachta a bhunú, chun riachtanais agus tosaíochtaí Eurofound a shainaithint go soiléir, agus chun nósanna imeachta trédhearcacha oibiachtúla a chruthú do phróiseas an aistriúcháin.

(20)

Ba cheart na forálacha maidir le foireann Eurofound a bheith i gcomhréir leis na Rialacháin Foirne agus le Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh (Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile), a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (5).

(21)

Ba cheart do Eurofound na bearta is gá a dhéanamh chun a áirithiú go ndéantar faisnéis rúnda a láimhseáil agus a phróiseáil go sábháilte. Más gá, ba cheart do Eurofound rialacha slándála a ghlacadh atá coibhéiseach leo siúd a leagtar amach i gCinntí (AE, Euratom) 2015/443 (6) agus i gCinneadh (AE, Euratom) 2015/444 (7) ón gCoimisiún.

(22)

Is gá forálacha buiséadacha idirthréimhseacha agus forálacha idirthréimhseacha maidir leis an mBord Bainistíochta, maidir leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus maidir leis an bhfoireann a leagan síos chun leanúnachas ghníomhaíochtaí Eurofound a áirithiú go dtí go gcuirfear an Rialachán seo chun feidhme,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

CUSPÓIRÍ AGUS CÚRAIMÍ

Airteagal 1

Bunú agus cuspóirí

1.   Leis seo, bunaítear an Foras Eorpach chun dálaí maireachtála agus oibre a fheabhsú (Eurofound) ina ghníomhaireacht de chuid an Aontais.

2.   Is iad na cuspóirí a bheidh ar Eurofound tacaíocht a thabhairt don Choimisiún, d'institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais, do na Ballstáit agus do na comhpháirtithe sóisialta chun beartais a mhúnlú agus a chur chun feidhme maidir le dálaí maireachtála agus oibre a fheabhsú, beartais fostaíochta a cheapadh, agus idirphlé a chur chun cinn idir lucht bainistíochta agus lucht saothair.

Chuige sin, feabhsóidh agus scaipfidh Eurofound eolas, soláthróidh sé fianaise agus seirbhísí le haghaidh déanamh beartais, lena n-áirítear conclúidí atá bunaithe ar thaighde, agus éascóidh sé comhroinnt eolais i measc gníomhairí de chuid an Aontais agus gníomhairí náisiúnta agus eatarthu.

Airteagal 2

Cúraimí

1.   Beidh na cúraimí seo a leanas ag Eurofound i ndáil leis na réimsí beartais dá dtagraítear in Airteagal 1(2), agus freagrachtaí na mBallstát á n-urramú go hiomlán aige:

(a)

forbairtí a anailísiú agus anailísí comparáideacha a sholáthar maidir le beartais, creata institiúideacha agus cleachtais sna Ballstáit agus, i gcás inarb ábhartha, i dtíortha eile;

(b)

sonraí a bhailiú, mar shampla trí bhíthin suirbhéanna, agus anailís a dhéanamh ar threochtaí i ndálaí maireachtála agus oibre, agus ar fhorbairtí san fhostaíocht agus sa mhargadh saothair;

(c)

anailís a dhéanamh ar na forbairtí ar chórais caidrimh thionsclaíoch agus go háirithe ar an idirphlé sóisialta ar leibhéal an Aontais agus sna Ballstáit;

(d)

staidéir a dhéanamh nó a choimisiúnú agus taighde a dhéanamh maidir le forbairtí socheacnamaíocha ábhartha agus na saincheisteanna gaolmhara beartais;

(e)

i gcás inarb ábhartha agus arna iarraidh sin don Choimisiún, tionscadail phíolótacha agus gníomhaíochtaí ullmhúcháin a dhéanamh;

(f)

fóraim a chur ar fáil chun taithí agus faisnéis a mhalartú idir na rialtais, na comhpháirtithe sóisialta agus geallsealbhóirí eile ar an leibhéal náisiúnta, lena n-áirítear trí fhaisnéis agus anailís atá fianaise-bhunaithe;

(g)

uirlisí agus tacair sonraí a bhainistiú agus a chur ar fáil do lucht déanta beartais, do na comhpháirtithe sóisialta, do lucht léinn agus do gheallsealbhóirí eile;

(h)

straitéis a bhunú le haghaidh caidreamh le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 30 a mhéid a bhaineann le cúrsaí a bhfuil Eurofound inniúil maidir leo.

2.   I gcás ina bhfuil gá le staidéir nua, agus sula ndéanfar cinntí beartais, déanfaidh institiúidí an Aontais aird a thabhairt ar shaineolas Eurofound agus ar aon staidéir atá déanta aige sa réimse lena mbaineann nó a bhfuil sé in ann iad a dhéanamh, i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8).

3.   Féadfaidh Eurofound comhaontuithe comhair a thabhairt i gcrích le gníomhaireachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais chun comhar leo a éascú agus a chur chun cinn.

4.   Agus a chúraimí á ndéanamh aige, beidh idirphlé dlúth ag Eurofound go háirithe le comhlachtaí speisialaithe, bídís poiblí nó príobháideach, náisiúnta nó idirnáisiúnta, le húdaráis phoiblí, le comhlachtaí acadúla agus taighde agus le heagraíochtaí na bhfostóirí agus na bhfostaithe agus le comhlachtaí trípháirteacha náisiúnta, i gcás inarb ann dóibh. Déanfaidh Eurofound, gan dochar dá chuspóirí ná dá chríocha, obair i gcomhar le gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais, go háirithe EU-OSHA agus Cedefop, agus sineirgíochtaí agus comhlántacht lena gcuid gníomhaíochtaí á gcur chun cinn, agus aon dúbláil iarrachtaí á seachaint ag an am céanna.

CAIBIDIL II

EAGRÚ EUROFOUND

Airteagal 3

Struchtúr riaracháin agus bainistíochta

Is éard a bheidh i struchtúr riaracháin agus bainistíochta Eurofound:

(a)

Bord Bainistíochta;

(b)

Bord Feidhmiúcháin;

(c)

Stiúrthóir Feidhmiúcháin.

Roinn 1

An Bord Bainistíochta

Airteagal 4

Comhdhéanamh an Bhoird Bainistíochta

1.   Beidh an Bord Bainistíochta comhdhéanta díobh seo a leanas:

(a)

comhalta amháin, ó gach ceann de na Ballstáit, a dhéanann ionadaíocht ar an rialtas;

(b)

comhalta amháin, ó gach Ballstát, a dhéanann ionadaíocht ar eagraíochtaí na bhfostóirí;

(c)

comhalta amháin, ó gach Ballstát, a dhéanann ionadaíocht ar eagraíochtaí na bhfostaithe;

(d)

triúr comhaltaí a dhéanann ionadaíocht ar an gCoimisiún;

(e)

saineolaí neamhspleách amháin arna cheapadh ag Parlaimint na hEorpa.

Beidh ceart vótála ag gach duine de na comhaltaí dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (d).

Is í an Chomhairle a cheapfaidh na comhaltaí dá dtagraítear i bpointe (a), pointe (b) agus pointe (c) ar bhonn iarrthóirí arna n-ainmniú, faoi seach, ag na Ballstáit agus ag eagraíochtaí Eorpacha na bhfostóirí agus eagraíochtaí Eorpacha sna bhfostaithe.

Is é an Coimisiún a cheapfaidh na comhaltaí dá dtagraítear i bpointe (d).

Is é an coiste freagrach de chuid Pharlaimint na hEorpa a cheapfaidh an saineolaí dá dtagraítear i bpointe (e).

2.   Beidh comhalta malartach ag gach comhalta den Bhord Bainistíochta. Beidh an comhalta malartach mar ionadaí don chomhalta ina éagmais nó ina héagmais. Ceapfar na comhaltaí malartacha i gcomhréir le mír 1.

3.   Ainmneofar agus ceapfar comhaltaí an Bhoird Bainistíochta agus a gcomhaltaí malartacha ar bhonn a gcuid eolais i réimse na mbeartas sóisialta agus oibre, ag cur san áireamh a gcuid scileanna ábhartha, amhail scileanna bainistíochta, riaracháin agus buiséadacha, agus a gcuid saineolais i réimse phríomhchúraimí Eurofound, chun tabhairt faoi ról maoirseachta go héifeachtach. Féachfaidh na páirtithe uile a mbeidh ionadaíocht acu ar an mBord Bainistíochta le ráta athrúcháin a n-ionadaithe a theorannú chun leanúnachas obair an Bhoird a áirithiú. Beidh sé d'aidhm ag na páirtithe uile ionadaíocht chothrom idir mná agus fir a bhaint amach ar an mBord Bainistíochta.

4.   Déanfaidh gach comhalta agus gach comhalta malartach ráiteas i scríbhinn a shíniú an tráth céanna a rachaidh sé nó sí in oifig á dhearbhú nach bhfuil coinbhleachtaí leasanna ann ina leith. Déanfaidh gach comhalta agus gach comhalta malartach a ráiteas a nuashonrú i gcás ina dtiocfaidh athrú ar imthosca maidir le haon choinbhleachtaí leasanna. Foilseoidh Eurofound na ráitis agus na nuashonruithe ar a shuíomh gréasáin.

5.   Ceithre bliana a bheidh i dtéarma oifige na gcomhaltaí agus na gcomhaltaí malartacha. Beidh an téarma sin in-athnuaite. Nuair a thiocfaidh deireadh lena dtréimhse oifige nó i gcás ina n-éireoidh siad as oifig, fanfaidh comhaltaí agus comhaltaí malartacha in oifig go dtí go ndéanfar a gceapachán a athnuachan nó go gcuirfear comhaltaí nua ina n-ionad.

6.   Ar an mBord Bainistíochta, beidh ionadaithe na rialtas, ionadaithe eagraíochtaí na bhfostóirí agus ionadaithe eagraíochtaí na bhfostaithe, faoi seach, ina ngrúpaí. Ainmneoidh gach grúpa comhordaitheoir chun an plé a fheabhsú laistigh de na grúpaí agus eatarthu. Is é a bheidh i gcomhordaitheoirí ghrúpaí na bhfostóirí agus na bhfostaithe ionadaithe a n-eagraíochtaí Eorpacha faoi seach agus féadfar iad a ainmniú as measc na gcomhaltaí atá ceaptha ar an mBord Bainistíochta. Déanfaidh comhordaitheoirí nach bhfuil ceaptha ina gcomhaltaí den Bhord Bainistíochta i gcomhréir le mír 1 páirt a ghlacadh i gcruinnithe an Bhoird Bainistíochta ach ní bheidh ceart vótála acu.

Airteagal 5

Feidhmeanna an Bhoird Bainistíochta

1.   Déanfaidh an Bord Bainistíochta:

(a)

treoruithe straitéiseacha a sholáthar maidir le gníomhaíochtaí Eurofound;

(b)

doiciméad clársceidealaithe Eurofound, ina bhfuil clár ilbhliantúil agus clár oibre bliantúil Eurofound don bhliain dar gcionn, a ghlacadh gach bliain, trí thromlach dhá thrian de na comhaltaí a bhfuil ceart vótála acu agus i gcomhréir le hAirteagal 6;

(c)

buiséad bliantúil Eurofound a ghlacadh trí thromlach dhá thrian de na comhaltaí a bhfuil ceart vótála acu agus feidhmeanna eile a fheidhmiú i dtaobh an bhuiséid sin de bhun Chaibidil III;

(d)

tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí a ghlacadh maille le measúnú ar ghníomhaíochtaí Eurofound, iad a chur, faoin 1 Iúil gach bliain, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, an Choimisiúin agus na Cúirte Iniúchóirí agus an tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí a chur ar fáil don phobal;

(e)

na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le Eurofound a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 17;

(f)

straitéis frithchalaoise a ghlacadh, atá comhréireach leis na rioscaí calaoise ag cur san áireamh costais agus tairbhí na mbeart atá le cur chun feidhme;

(g)

rialacha a ghlacadh maidir le coinbhleachtaí leasanna a chosc agus a bhainistiú i dtaca lena chomhaltaí agus le saineolaithe neamhspleácha, agus freisin maidir le saineolaithe náisiúnta ar iasacht agus baill foirne eile nach bhfuil fostaithe ag Eurofound, dá dtagraítear in Airteagal 20;

(h)

na pleananna cumarsáide agus scaipthe a ghlacadh agus a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn rialta, bunaithe ar anailís ar na riachtanais, agus an méid sin a léiriú i ndoiciméad clársceidealaithe Eurofound;

(i)

a rialacha nós imeachta a ghlacadh.

(j)

cumhachtaí an Údaráis Ceapacháin arna dtabhairt le Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus cumhachtaí an Údaráis atá Cumhachtaithe chun Conradh Fostaíochta a Thabhairt i gCrích arna dtabhairt le Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile (“cumhachtaí an údaráis ceapacháin”) a fheidhmiú, i gcomhréir le mír 2, i dtaca le foireann Eurofound;

(k)

rialacha cur chun feidhme oiriúnacha a ghlacadh chun éifeacht a thabhairt do na Rialacháin Foirne agus do Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile i gcomhréir le Airteagal 110 de na Rialacháin Foirne;

(l)

an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh agus, i gcás inarb iomchuí, síneadh a chur lena théarma oifige/lena téarma oifige nó é nó í a chur as oifig, i gcomhréir le hAirteagal 19;

(m)

Oifigeach Cuntasaíochta a cheapadh, faoi réir na Rialachán Foirne agus Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile, a bheidh go hiomlán neamhspleách i gcomhlíonadh a chuid nó a cuid dualgas;

(n)

rialacha nós imeachta an Bhoird Feidhmiúcháin a ghlacadh;

(o)

Coistí Comhairleacha a bhunú agus a lánscor i gcomhréir le hAirteagal 12, agus a rialacha nós imeachta a ghlacadh;

(p)

faireachán a dhéanamh go ndéantar obair leantach leordhóthanach i dtaca leis na torthaí agus na moltaí a eascróidh as na tuarascálacha agus meastóireachtaí iniúchóireachta inmheánacha nó seachtracha, agus as imscrúduithe de chuid na hOifige Eorpaí Frithchalaoise (OLAF);

(q)

bunú socruithe comhair le húdaráis inniúla tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta a údarú i gcomhréir le hAirteagal 30.

2.   Glacfaidh an Bord Bainistíochta, i gcomhréir le hAirteagal 110 de na Rialacháin Foirne, cinneadh bunaithe ar Airteagal 2(1) de na Rialacháin Foirne agus ar Airteagal 6 de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile, lena ndéantar cumhachtaí ábhartha an údaráis ceapacháin a tharmligean chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus lena leagtar amach na coinníollacha faoinar féidir an tarmligean cumhachtaí sin a chur ar fionraí. Beidh údarás ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na cumhachtaí sin a fho-tharmligean.

I gcás inar gá déanamh amhlaidh mar gheall ar imthosca eisceachtúla, féadfaidh an Bord Bainistíochta tarmligean chumhachtaí an údaráis ceapacháin chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus na cinn arna bhfo-tharmligean ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chur ar fionraí go sealadach. I gcásanna den sórt sin, déanfaidh an Bord Bainistíochta iad a tharmligean, ar feadh tréimhse theoranta, chuig duine d'ionadaithe an Choimisiúin a ainmneoidh sé nó chuig duine den fhoireann taobh amuigh den Stiúrthóir Feidhmiúcháin.

Airteagal 6

Clársceidealú ilbhliantúil agus bliantúil

1.   Gach bliain, déanfaidh an Stiurthóir Feidhmiúcháin, i gcomhréir le pointe (f) d'Airteagal 11(5) den Rialachán seo, dréachtdoiciméad clársceidealaithe a tharraingt suas ina mbeidh clár oibre ilbhliantúil agus bliantúil i gcomhréir le hAirteagal 32 de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013.

2.   Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an dréachtdoiciméad clársceidealaithe dá dtagraítear i mír 1 a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta. Tar éis don Bhord Bainistíochta an dréachtdoiciméad clársceidealaithe a fhormheas, cuirfear faoi bhráid an Choimisiúin, Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle é tráth nach déanaí ná an 31 Eanáir gach bliain. Tíolacfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin aon leagan nuashonraithe den doiciméad sin i gcomhréir leis an nós imeachta céanna. Glacfaidh an Bord Bainistíochta an doiciméad agus tuairim an Choimisiúin á cur san áireamh.

Tiocfaidh an doiciméad clársceidealaithe chun bheith cinntitheach tar éis ghlacadh críochnaitheach bhuiséad ginearálta an Aontais agus déanfar coigeartú air dá réir, más gá sin.

3.   Leagfar amach sa chlár oibre ilbhliantúil an clársceidealú straitéiseach foriomlán lena n-áirítear cuspóirí, torthaí a bhfuiltear ag súil leo agus táscairí feidhmíochta, agus forluí clársceidealaithe le gníomhaireachtaí eile á sheachaint. Leagfar amach ann clársceidealú acmhainní freisin, lena n-áirítear an buiséad ilbhliantúil agus an fhoireann. Cuimseofar ann straitéis maidir le caidreamh le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 30, na gníomhaíochtaí a bhaineann leis an straitéis sin, agus sonrú na n-acmhainní gaolmhara.

4.   Beidh an clár oibre bliantúil comhsheasmhach leis an gclár oibre ilbhliantúil dá dtagraítear i mír 3 agus beidh an méid seo a leanas ann:

(a)

cuspóirí mionsonraithe chomh maith leis na torthaí a bhfuiltear ag súil leo, lena n-áirítear táscairí feidhmíochta;

(b)

cur síos ar na gníomhaíochtaí atá le maoiniú, lena n-áirítear bearta pleanáilte arb é is aidhm leo éifeachtúlacht a mhéadú;

(c)

léiriú ar na hacmhainní airgeadais agus daonna arna leithdháileadh ar gach gníomhaíocht, i gcomhréir le prionsabail an bhuiséadaithe agus an bhainistithe de réir gníomhaíochtaí;

(d)

gníomhaíochtaí a d'fhéadfaí a dhéanamh maidir leis an gcaidreamh le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 30.

Sonrófar go soiléir ann na gníomhaíochtaí a cuireadh leis, a athraíodh nó a scriosadh i gcomparáid leis an mbliain airgeadais roimhe sin.

5.   Leasóidh an Bord Bainistíochta an clár oibre bliantúil a glacadh i gcás ina sannfar gníomhaíocht nua do Eurofound. Féadfaidh an Bord Bainistíochta an chumhacht leasuithe neamhshubstaintiúla a dhéanamh ar an gclár oibre bliantúil a tharmligean chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin.

Is i gcomhréir leis an nós imeachta céanna a úsáideadh don chlár oibre bliantúil tosaigh a ghlacfar aon leasú substaintiúil ar an gclár oibre bliantúil.

6.   Tabharfar an clársceidealú acmhainní cothrom le dáta go bliantúil. Tabharfar an clársceidealú straitéiseach cothrom le dáta, i gcás inarb iomchuí agus, go háirithe, rachaidh sé i ngleic le toradh na meastóireachta dá dtagraítear in Airteagal 28.

Maidir le gníomhaíocht nua a shannadh do Eurofound chun na cúraimí a leagtar síos in Airteagal 2 a chomhlíonadh, déanfar é sin agus aird á tabhairt ar a chlársceidealú acmhainní agus airgeadais, gan dochar do chumhachtaí Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle (“an t-údarás buiséadach”).

Airteagal 7

Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta

1.   Toghfaidh an Bord Bainistíochta Cathaoirleach agus triúr Leas-Chathaoirligh mar seo a leanas:

(a)

duine as measc na gcomhaltaí a dhéanann ionadaíocht ar rialtais na mBallstát;

(b)

duine as measc na gcomhaltaí a dhéanann ionadaíocht ar eagraíochtaí na bhfostóirí;

(c)

duine as measc na gcomhaltaí a dhéanann ionadaíocht ar eagraíochtaí na bhfostaithe; agus

(d)

duine as measc na gcomhaltaí a dhéanann ionadaíocht ar an gCoimisiún.

Toghfar an Cathaoirleach agus na Leas-Chathaoirligh trí thromlach dhá thrian de chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta a bhfuil an ceart vótála acu.

2.   Bliain amháin a bheidh i dtéarma oifige an Chathaoirligh agus an Leas-Chathaoirligh. Beidh a dtéarma oifige in-athnuaite. I gcás ina dtiocfaidh deireadh lena gcomhaltas ar an mBord Bainistíochta tráth ar bith le linn a dtéarma oifige, rachaidh a dtéarma oifige in éag go huathoibríoch ar an dáta sin.

Airteagal 8

Cruinnithe an Bhoird Bainistíochta

1.   Tionólfaidh an Cathaoirleach cruinnithe an Bhoird Bainistíochta.

2.   Glacfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin páirt sa phlé, ach ní bheidh an ceart vótála ag an té sin.

3.   Beidh gnáthchruinniú amháin in aghaidh na bliana ag an mBord Bainistíochta. Ina theannta sin, tiocfaidh sé le chéile ar thionscnamh an Chathaoirligh, arna iarraidh sin don Choimisiún nó arna iarraidh sin do thrian de na comhaltaí ar a laghad.

4.   Féadfaidh an Bord Bainistíochta iarraidh ar aon duine ar díol spéise a thuairim nó a tuairim freastal ar a chuid cruinnithe mar bhreathnadóir. Maidir le tíortha Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE) is páirtithe sa Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (Comhaontú LEE), féadfaidh ionadaithe ó na tíortha sin freastal ar chruinnithe an Bhoird Bainistíochta mar bhreathnadóirí i gcás ina ndéantar foráil i gComhaontú LEE dá rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí Eurofound.

5.   Cuirfidh Eurofound an rúnaíocht ar fáil don Bhord Bainistíochta.

Airteagal 9

Rialacha vótála an Bhoird Bainistíochta

1.   Gan dochar do phointe (b) agus pointe (c) d'Airteagal 5(1), don dara fomhír d'Airteagal 7(1) agus d'Airteagal 19(7), déanfaidh an Bord Bainistíochta cinntí trí thromlach na gcomhaltaí a bhfuil an ceart vótála acu.

2.   Beidh aon vóta amháin ag gach comhalta ag a bhfuil an ceart vótála. I gcás nach mbeidh comhalta áirithe ag a bhfuil an ceart vótála i láthair, beidh a chomhalta malartach i dteideal a cheart vótála nó a ceart vótála a fheidhmiú.

3.   Glacfaidh an Cathaoirleach páirt sa vótáil.

4.   Glacfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin páirt sa phlé ach ní bheidh an ceart vótála ag an té sin.

5.   Le rialacha nós imeachta an Bhoird Bainistíochta, leagfar síos socruithe vótála níos mionsonraithe, go háirithe na cúinsí ina bhféadfaidh comhalta gníomhú thar ceann comhalta eile.

Roinn 2

An Bord Feidhmiúcháin

Airteagal 10

An Bord Feidhmiúcháin

1.   Tabharfaidh Bord Feidhmiúcháin cúnamh don Bhord Bainistíochta.

2.   Déanfaidh an Bord Feidhmiúcháin:

(a)

na cinntí atá le glacadh ag an mBord Bainistíochta a ullmhú;

(b)

faireachán a dhéanamh, i dteannta an Bhoird Bainistíochta, go ndéantar obair leantach leordhóthanach ar na torthaí agus na moltaí a eascróidh as na tuarascálacha agus meastóireachtaí iniúchóireachta inmheánacha nó seachtracha, agus as imscrúduithe de chuid OLAF;

(c)

gan dochar d'fhreagrachtaí an Stiúrthóra Feidhmiúcháin, mar a leagtar amach in Airteagal 11, comhairle a chur air nó uirthi, i gcás inar gá, maidir le cinntí an Bhoird Bainistíochta a chur chun feidhme, d'fhonn an mhaoirseacht ar an mbainistíocht riaracháin agus bhuiséadach a threisiú.

3.   I gcás inar gá, ar chúiseanna práinne, féadfaidh an Bord Feidhmiúcháin cinntí sealadacha áirithe a dhéanamh thar ceann an Bhoird Bainistíochta, lena n-áirítear cinntí maidir le tarmligean chumhachtaí an údaráis ceapacháin a chur ar fionraí i gcomhréir leis na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 5(2) agus maidir le cúrsaí buiséadacha.

4.   Beidh an Bord Feidhmiúcháin comhdhéanta de Chathaoirleach an Bhoird Bainistíochta, an triúr Leas-Chathaoirligh, comhordaitheoirí na dtrí ghrúpa dá dtagraítear in Airteagal 4(6) agus ionadaí amháin ón gCoimisiún. Féadfaidh gach grúpa dá dtagraítear in Airteagal 4(6) suas le beirt chomhaltaí mhalartacha a ainmniú chun freastal ar chruinnithe an Bhoird Bainistíochta i gcás ina bhfuil comhalta arna cheapadh ag an ngrúpa ábhartha as láthair. Beidh Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta mar Chathaoirleach ar an mBord Feidhmiúcháin freisin. Glacfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin páirt i gcruinnithe an Bhoird Feidhmiúcháin ach ní bheidh an ceart vótála ag an té sin.

5.   Dhá bhliain a bheidh i dtéarma oifige chomhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin. Beidh an téarma sin in-athnuaite. Tiocfaidh deireadh le téarma oifige comhalta de chuid an Bhoird Feidhmiúcháin ar an dáta a thiocfaidh deireadh lena chomhaltas nó lena comhaltas ar an mBord Bainistíochta.

6.   Tiocfaidh an Bord Feidhmiúcháin le chéile 3 huaire sa bhliain. Ina theannta sin, tiocfaidh sé le chéile ar thionscnamh an Chathaoirligh nó arna iarraidh sin dá chuid comhaltaí. Tar éis gach cruinnithe, déanfaidh comhordaitheoirí na dtrí ghrúpa dá dtagraítear in Airteagal 4(6) a ndícheall comhaltaí a ngrúpa féin a chur ar an eolas, ar bhealach tráthúil agus trédhearcach, faoin méid is ábhar don phlé.

Roinn 3

An Stiúrthóir Feidhmiúcháin

Airteagal 11

Freagrachtaí an Stiúrthóra Feidhmiúcháin

1.   Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach as bainistiú Eurofound i gcomhréir leis an treoir straitéiseach atá leagtha amach ag an mBord Bainistíochta, agus beidh an té sin freagrach don Bhord Bainistíochta.

2.   Gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin, an Bhoird Bainistíochta, agus an Bhoird Feidhmiúcháin, beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin neamhspleách i bhfeidhmiú na ndualgas agus ní iarrfaidh sé nó sí treoracha ar aon rialtas ná ar aon chomhlacht eile ná ní thógfaidh sé nó sí aon treoracha ó aon rialtas ná ó aon chomhlacht eile.

3.   Tabharfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin tuairisc do Pharlaimint na hEorpa maidir le comhlíonadh a dhualgas nó a dualgas i gcás ina n-iarrtar sin air nó uirthi. Féadfaidh an Chomhairle iarraidh ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin tuairisc a thabhairt maidir le comhlíonadh a dhualgas nó a dualgas.

4.   Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ionadaí dlíthiúil Eurofound.

5.   Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach as cur chun feidhme na gcúraimí arna sannadh do Eurofound faoin Rialachán seo. Go háirithe, beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach as an méid seo a leanas:

(a)

riarachán Eurofound ó lá go lá, lena n-áirítear na cumhachtaí a chuirtear de chúram air nó uirthi i dtaca le cúrsaí foirne a fheidhmiú, i gcomhréir le hAirteagal 5(2);

(b)

cinntí arna nglacadh ag an mBord Bainistíochta a chur chun feidhme;

(c)

cinntí a dhéanamh maidir le bainistiú acmhainní daonna, i gcomhréir leis an gcinneadh dá dtagraítear in Airteagal 5(2);

(d)

á chur san áireamh na riachtanais a bhaineann le gníomhaíochtaí Eurofound agus bainistíocht fhónta airgeadais, struchtúir inmheánacha Eurofound a chinneadh agus, i gcás inar gá, maidir lena leasú;

(e)

an Leas-Stiúrthóir, a thabharfaidh tacaíocht don Stiúrthóir Feidhmiúcháin feidhmeanna agus gníomhaíochtaí Eurofound a chur i gcrích, a roghnú agus a cheapadh;

(f)

an doiciméad clársceidealaithe a ullmhú agus é a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún;

(g)

an doiciméad clársceidealaithe a chur chun feidhme agus tuairisc a thabhairt don Bhord Bainistíochta maidir lena chur chun feidhme;

(h)

an tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí Eurofound a ullmhú agus í a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta lena measúnú agus lena glacadh;

(i)

córas faireacháin éifeachtach a bhunú le gur féidir na meastóireachtaí rialta dá dtagraítear in Airteagal 28 a dhéanamh, mar aon le córas tuairiscithe chun achoimre a dhéanamh ar na torthaí a bhíonn orthu;

(j)

dréachtrialacha airgeadais is infheidhme maidir le Eurofound a ullmhú;

(k)

dréachtráiteas Eurofound ar a mheastacháin ioncaim agus chaiteachais, mar chuid de dhoiciméad clársceidealaithe Eurofound, a ullmhú; agus buiséad Eurofound a chur chun feidhme;

(l)

plean gníomhaíochta a ullmhú ina ndéanfar obair leantach ar chonclúidí tuarascálacha agus meastóireachtaí iniúchóireachta inmheánacha nó seachtracha, mar aon le himscrúduithe arna ndéanamh ag OLAF agus tuairisc a thabhairt ar dhul chun cinn 2 uair sa bhliain don Choimisiún agus go tráthrialta don Bhord Bainistíochta agus don Bhord Feidhmiúcháin;

(m)

féachaint le cothromaíocht inscne a áirithiú in Eurofound;

(n)

leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne na calaoise, an éillithe agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, trí sheiceálacha éifeachtacha a dhéanamh agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí mhéideanna a íocadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis riaracháin agus airgeadais a ghearradh a bheidh éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach;

(o)

straitéis frithchalaoise le haghaidh Eurofound a ullmhú agus í a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta lena formheas;

(p)

i gcás inarb ábhartha, comhar a dhéanamh le gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais agus comhaontuithe comhair a thabhairt i gcrích leo.

6.   Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach freisin as cinneadh a dhéanamh an gá, chun críocha cúraimí Eurofound a dhéanamh ar dhóigh éifeachtúil éifeachtach, oifig idirchaidrimh a bhunú sa Bhruiséil chun comhar Eurofound le hinstitiúidí ábhartha an Aontais a chothú tuilleadh. I gcás an chinnidh sin, caithfear réamhthoiliú a fháil ón gCoimisiún, ón mBord Bainistíochta agus ón mBallstát ábhartha. Leis an gcinneadh sin, sonrófar raon feidhme na ngníomhaíochtaí a dhéanfaidh an oifig idirchaidrimh sin ar dhóigh a sheachnóidh costais neamhriachtanacha agus aon dúbláil ar fheidhmeanna riaracháin Eurofound.

Roinn 4

Coistí Comhairleacha

Airteagal 12

Coistí Comhairleacha

1.   Féadfaidh an Bord Bainistíochta Coistí Comhairleacha a bhunú i gcomhréir leis na réimsí beartais tosaíochta a leagtar amach i ndoiciméid chlársceidealaithe Eurofound.

2.   Beidh Coistí Comhairleacha ina gcomhlachtaí oibriúcháin a bhunaítear chun cáilíocht an taighde a dhéanann Eurofound a áirithiú, chomh maith le húinéireacht fhairsing ar na tionscadail agus ar a dtorthaí a áirithiú, trí rannpháirtíocht i gcur chun feidhme chláir Eurofound a chothú agus trí chomhairle agus ionchur nua a thabhairt.

3.   I gcomhairle leis an mBord Bainistíochta agus leis an mBord Feidhmiúcháin, déanfaidh Coistí Comhairleacha na príomhfheidhmeanna seo a leanas maidir le tionscadail taighde:

(a)

comhairle a thabhairt maidir lena gceapadh agus lena gcur chun feidhme;

(b)

faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn i ndáil lena gcur chun feidhme;

(c)

meastóireacht a dhéanamh ar a dtorthaí;

(d)

comhairle a thabhairt maidir le torthaí a scaipeadh.

4.   Déanfaidh comhordaitheoirí na ngrúpaí dá dtagraítear in Airteagal 4(6) maoirseacht ar ainmniú agus ar rannpháirtíocht chomhaltaí na gCoistí Comhairleacha i gcomhréir le rialacha nós imeachta an Bhoird Bainistíochta.

5.   Féadfaidh an Bord Bainistíochta na Coistí Comhairleacha arna mbunú de bhun mhír 1 a lánscor, i gcomhréir leis na tosaíochtaí atá leagtha amach i ndoiciméid clársceidealaithe Eurofound.

CAIBIDIL III

FORÁLACHA AIRGEADAIS

Airteagal 13

Buiséad

1.   Ullmhófar meastacháin ar ioncam agus ar chaiteachas uile Eurofound gach bliain airgeadais agus léireofar i mbuiséad Eurofound iad. Comhfhreagróidh an bhliain airgeadais don bhliain féilire.

2.   Beidh buiséad Eurofound ar comhardú i dtéarmaí ioncaim agus caiteachais.

3.   Gan dochar d'acmhainní eile, beidh ar áireamh in ioncam Eurofound:

(a)

ranníocaíocht ón Aontas a chuirfear isteach i mbuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh;

(b)

aon ranníocaíocht airgeadais dheonach ó na Ballstáit;

(c)

táillí ar fhoilseacháin agus ar aon seirbhísí eile a sholáthraíonn Eurofound;

(d)

aon ranníocaíocht ó thríú tíortha a rannchuideoidh le hobair Eurofound, dá bhforáiltear in Airteagal 30;

4.   Cuirfear luach saothair na foirne, costais riaracháin agus bonneagair, agus caiteachas oibríochtúil san áireamh i gcaiteachas Eurofound.

Airteagal 14

An buiséad a bhunú

1.   Gach bliain, tarraingeoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin suas dréachtmheastachán sealadach ar ioncam agus caiteachas Eurofound don bhliain airgeadais dár gcionn, lena n-áirítear an plean bunaíochta, agus cuirfidh sé chuig an mBord Bainistíochta é.

Beidh an dréachtmheastachán sealadach bunaithe ar chuspóirí agus ar na torthaí a bhfuiltear ag súil leo i dtaca leis an doiciméad clársceidealaithe bliantúil dá dtagraítear in Airteagal 6(1) agus cuirfear san áireamh ann na hacmhainní airgeadais is gá chun na cuspóirí agus na torthaí sin a bhfuiltear ag súil leo a bhaint amach, i gcomhréir le prionsabal an bhuiséadaithe ar bhonn feidhmíochta.

2.   Ar bhonn an dréachtmheastacháin shealadaigh, glacfaidh an Bord Bainistíochta dréachtmheastachán ar ioncam agus ar chaiteachas Eurofound don bhliain airgeadais dár gcionn, agus seolfaidh sé chuig an gCoimisiún é faoin 31 Eanáir gach bliain.

3.   Cuirfidh an Coimisiún an dréachtmheastachán chuig an údarás buiséadach maille le dréachtbhuiséad ginearálta an Aontais. Cuirfear an dréachtmheastachán ar fáil do Eurofound freisin.

4.   Ar bhonn an dréachtmheastacháin, cuirfidh an Coimisiún i ndréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh an meastachán sin a mheasann sé is gá don phlean bunaíochta agus méid na ranníocaíochta a dhéanfar a mhuirearú ar an mbuiséad ginearálta, agus cuirfidh sé faoi bhráid an údaráis bhuiséadaigh é i gcomhréir le hAirteagal 313 agus Airteagal 314 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

5.   Údaróidh an t-údarás buiséadach na leithreasuithe don ranníocaíocht ó bhuiséad ghinearálta an Aontais le Eurofound.

6.   Glacfaidh an t-údarás buiséadach plean bunaíochta Eurofound.

7.   Is é an Bord Bainistíochta a ghlacfaidh buiséad Eurofound. Tiocfaidh sé chun bheith cinntitheach tar éis ghlacadh críochnaitheach bhuiséad ginearálta an Aontais agus, más gá, déanfar coigeartú air dá réir. Aon mhodhnú ar bhuiséad Eurofound, lena n-áirítear an plean bunaíochta, glacfar é i gcomhréir leis an nós imeachta céanna.

8.   I gcás aon tionscadail tógála ar dócha go mbeadh impleachtaí móra aige ar bhuiséad Eurofound, beidh feidhm ag Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 maidir leis.

Airteagal 15

An buiséad a chur chun feidhme

1.   Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin buiséad Eurofound chun feidhme.

2.   Gach bliain, déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an fhaisnéis uile is ábhartha maidir le torthaí na nósanna imeachta meastóireachta a chur chuig an údarás buiséadach.

Airteagal 16

Na cuntais a thíolacadh agus a urscaoileadh

1.   Seolfaidh oifigeach cuntasaíochta Eurofound na cuntais shealadacha don bhliain airgeadais (bliain N) chuig Oifigeach Cuntasaíochta an Choimisiúin agus chuig an gCúirt Iniúchóirí faoin 1 Márta an bhliain airgeadais dár gcionn (bliain N + 1).

2.   Seolfaidh Eurofound tuarascáil ar an mbainistíocht bhuiséadach agus airgeadais do bhliain N chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí faoin 31 Márta de bhliain N + 1.

3.   Seolfaidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin cuntais shealadacha Eurofound do bhliain N, agus iad comhdhlúite le cuntais an Choimisiúin, chuig an gCúirt Iniúchóirí faoin 31 Márta de bhliain N + 1.

4.   Tar éis don oifigeach cuntasaíochta barúlacha na Cúirte Iniúchóirí maidir le cuntais shealadacha Eurofound do bhliain N a fháil, de bhun Airteagal 246 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2018/1046, tarraingeoidh sé nó sí suas cuntais chríochnaitheacha Eurofound don bhliain sin. Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta iad chun tuairim a fháil.

5.   Tabharfaidh an Bord Bainistíochta tuairim uaidh maidir le cuntais chríochnaitheacha Eurofound do bhliain N.

6.   Faoin 1 Iúil de bhliain N + 1, déanfaidh oifigeach cuntasaíochta Eurofound na cuntais chríochnaitheacha do bhliain N, in éineacht le tuairim an Bhoird Bainistíochta, a chur ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí.

7.   Foilseofar na cuntais deiridh do bhliain N in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh faoin 15 Samhain de bhliain N + 1.

8.   Faoin 30 Meán Fómhair de bhliain N + 1, seolfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagra chuig an gCúirt Iniúchóirí ar na barúlacha arna ndéanamh ina thuarascáil bhliantúil. Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an freagra chuig an mBord Bainistíochta freisin.

9.   Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, ar iarraidh ó Pharlaimint na hEorpa, aon fhaisnéis is gá faoina bráid chun an nós imeachta urscaoilte a chur i bhfeidhm go rianúil do bhliain N, i gcomhréir le hAirteagal 109(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013.

10.   Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, ar mholadh ón gComhairle ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, urscaoileadh a thabhairt don Stiúrthóir Feidhmiúcháin roimh an 15 Bealtaine de bhliain N + 2 i dtaca le cur chun feidhme an bhuiséid do bhliain N.

Airteagal 17

Rialacha airgeadais

Déanfaidh an Bord Bainistíochta na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le Eurofound a ghlacadh tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoimisiún. Ní imeoidh siad ó Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 ach amháin má tá gá leis an imeacht sin go sonrach d'fheidhmiú Eurofound agus má tá toiliú tugtha ag an gCoimisiún roimh ré.

CAIBIDIL IV

AN FHOIREANN

Airteagal 18

Forálacha ginearálta

1.   Beidh feidhm ag na Rialacháin Foirne agus ag Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile agus ag na rialacha arna nglacadh trí chomhaontú idir institiúidí an Aontais chun éifeacht a thabhairt do na Rialacháin Foirne sin agus do Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile maidir le foireann Eurofound.

2.   Déanfaidh an Bord Bainistíochta rialacha iomchuí cur chun feidhme a ghlacadh chun éifeacht a thabhairt do na Rialacháin Foirne agus do Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile i gcomhréir le hAirteagal 110 de na Rialacháin Foirne.

Airteagal 19

An Stiúrthóir Feidhmiúcháin

1.   Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ina bhall foirne nó ina ball foirne agus is mar ghníomhaire sealadach de Eurofound a fhostófar é nó í faoi phointe (a) d'Airteagal 2 de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile.

2.   Is é an Bord Bainistíochta a cheapfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ó liosta iarrthóirí a mholfaidh an Coimisiún tar éis nós imeachta roghnúcháin oscailte agus trédhearcach a bheith ann.

Iarrfar ar an iarrthóir a roghnaítear ráiteas a dhéanamh os comhair Pharlaimint na hEorpa agus ceisteanna ó Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa a fhreagairt. Ní chuirfear moill mhíchuí ar an gceapadh de bharr an mhalartaithe tuairimí sin.

Chun an conradh a thabhairt i gcrích leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, déanfaidh Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta ionadaíocht do Eurofound.

3.   Cúig bliana a bheidh i dtéarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin. Roimh dheireadh na tréimhse sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú ina gcuirfear san áireamh meastóireacht ar fheidhmíocht an Stiúrthóra Feidhmiúcháin agus ar chúraimí agus dúshláin Eurofound amach anseo.

4.   Féadfaidh an Bord Bainistíochta, ag cur san áireamh dó an measúnú dá dtagraítear i mír 3, síneadh a chur le téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin uair amháin, go ceann 5 bliana ar a mhéad.

5.   I gcás inar cuireadh síneadh le téarma oifige Stiúrthóra Feidhmiúcháin, ní ghlacfaidh sé nó sí páirt i nós imeachta roghnúcháin eile don phost céanna ag deireadh na tréimhse foriomláine.

6.   Ní fhéadfar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chur as oifig ach amháin ar chinneadh ón mBord Bainistíochta. Sa chinneadh uaidh, tabharfaidh an Bord Bainistíochta aird ar mheasúnú an Choimisiúin ar fheidhmíocht an Stiúrthóra Feidhmiúcháin, dá dtagraítear i mír 3.

7.   Is trí thromlach dhá thrian na gcomhaltaí a bhfuil an ceart vótála acu a dhéanfaidh an Bord Bainistíochta cinntí faoi cheapadh, faoi shíneadh téarma oifige agus faoi chur as oifig an Stiúrthóra Feidhmiúcháin.

Airteagal 20

Saineolaithe náisiúnta ar iasacht agus baill foirne eile

1.   Féadfaidh Eurofound leas a bhaint as saineolaithe náisiúnta ar iasacht nó as baill foirne eile nach fostaithe de chuid Eurofound iad.

2.   Glacfaidh an Bord Bainistíochta cinneadh lena leagfar síos rialacha maidir le saineolaithe náisiúnta a thabhairt ar iasacht do Eurofound.

CAIBIDIL V

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 21

Stádas dlíthiúil

1.   Gníomhaireacht de chuid an Aontais a bheidh in Eurofound. Beidh pearsantacht dhlítheanach aige.

2.   I ngach ceann de na Ballstáit, beidh ag Eurofound an inniúlacht dhlítheanach is fairsinge atá ar fáil faoin dlí náisiúnta ag daoine dlítheanacha. Féadfaidh sé, go háirithe, maoin shochorraithe agus maoin dhochorraithe a fháil agus a dhiúscairt agus féadfaidh sé a bheith ina pháirtí in imeachtaí dlíthiúla.

3.   Is i mBaile Átha Cliath a bheidh suíomh Eurofound.

4.   Féadfaidh Eurofound oifig idirchaidrimh a bhunú sa Bhruiséil chun an comhar a dhéanann Eurofound le hinstitiúidí ábhartha an Aontais a chothú tuilleadh i gcomhréir le hAirteagal 11(6).

Airteagal 22

Pribhléidí agus díolúintí

Beidh feidhm ag Prótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh maidir le Eurofound agus a bhaill foirne.

Airteagal 23

Socruithe teanga

1.   Beidh feidhm ag na forálacha a leagtar síos i Rialachán Uimh. 1 ón gComhairle (9) maidir le Cedefop.

2.   Is é an tIonad Aistriúcháin a sholáthróidh na seirbhísí aistriúcháin is gá chun go bhfeidhmeoidh Eurofound.

Airteagal 24

Trédhearcacht agus cosaint sonraí

1.   Cuirfidh Eurofound a ghníomhaíochtaí i gcrích le hardleibhéal trédhearcachta.

2.   Beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) maidir le doiciméid atá i seilbh Eurofound.

3.   Laistigh de 6 mhí tar éis dháta a chéad chruinnithe, glacfaidh an Bord Bainistíochta na rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a chur i bhfeidhm.

4.   Beidh an phróiseáil a dhéanann Eurofound ar shonraí pearsanta faoi réir Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11). Laistigh de 6 mhí tar éis dháta a chéad chruinnithe, bunóidh an Bord Bainistíochta bearta maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2018/1725 ag Eurofound, lena n-áirítear bearta a bhaineann le hOifigeach Cosanta Sonraí a cheapadh. Bunófar na bearta sin tar éis dul i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí.

Airteagal 25

An chalaois a chomhrac

1.   Chun an comhrac in aghaidh na calaoise, an éillithe agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a éascú faoi Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), aontóidh Eurofound, faoin 21 Lúnasa 2019, do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Coimisiún na gComhphobal Eorpach maidir le himscrúduithe inmheánacha arna ndéanamh ag OLAF (13) agus glacfaidh sé na forálacha iomchuí is infheidhme maidir lena fhostaithe uile, ag úsáid an teimpléid a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gComhaontú sin.

2.   Beidh cumhacht iniúchóireachta ag an gCúirt Iniúchóirí iniúchtaí a dhéanamh, ar bhonn doiciméad agus cigireachtaí ar an láthair, ar gach tairbhí deontais, ar gach conraitheoir agus ar gach fochonraitheoir a fuair cistí Aontais ó Eurofound.

3.   Féadfaidh OLAF imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 agus i Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle (14) d'fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais i ndáil le comhaontú deontais nó le cinneadh deontais nó conradh arna mhaoiniú ag Eurofound.

4.   Gan dochar do mhír 1, mír 2 ná mír 3, beidh forálacha i gcomhaontuithe comhair le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, i gconarthaí, i gcomhaontuithe deontais agus i gcinntí deontais Eurofound, ar forálacha iad lena dtabharfar an chumhacht go sainráite don Chúirt Iniúchóirí agus do OLAF iniúchtaí agus imscrúduithe den sórt sin a dhéanamh i gcomhréir lena gcuid inniúlachtaí faoi seach.

Airteagal 26

Rialacha slándála maidir le faisnéis rúnaicmithe agus faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe a chosaint

Glacfaidh Eurofound rialacha slándála a bheidh coibhéiseach le rialacha slándála an Choimisiúin chun Faisnéis Rúnaicmithe an Aontais Eorpaigh (FRAE) agus faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe a chosaint, a leagtar amach i gCinneadh (AE, Euratom) 2015/443 agus Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444, i gcás inar gá. Cuimseofar le rialacha slándála Eurofound, inter alia agus i gcás inar gá, forálacha maidir le faisnéis den sórt sin a mhalartú, a phróiseáil agus a stóráil.

Airteagal 27

Dliteanas

1.   Beidh dliteanas conarthach Eurofound faoi rialú ag an dlí is infheidhme maidir leis an gconradh atá i gceist.

2.   Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (an Chúirt Bhreithiúnais) breith a thabhairt de bhun aon chlásail eadrána a bheidh i gconradh arna thabhairt i gcrích ag Eurofound.

3.   I gcás dliteanas neamhchonarthach, déanfaidh Eurofound, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta is coiteann do dhlíthe na mBallstát, aon damáiste a shlánú a raibh a ranna nó a bhaill foirne féin ina siocair leis i gcomhlíonadh a gcuid dualgas.

4.   Beidh dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais maidir leis an gcúiteamh i ndamáiste dá dtagraítear i mír 3.

5.   Beidh dliteanas pearsanta a fhoirne i leith Eurofound faoi rialú ag na forálacha a leagtar síos sna Rialacháin Foirne agus i gCoinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile.

Airteagal 28

Meastóireacht

1.   I gcomhréir le hAirteagal 29(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013, déanfaidh Eurofound meastóireachtaí ex ante agus meastóireachtaí ex post ar na cláir agus na gníomhaíochtaí sin lena ngabhann caiteachas suntasach.

2.   Faoin 21 Feabhra 2024, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar meastóireacht i gcomhréir le treoirlínte an Choimisiúin chun feidhmíocht Eurofound a mheasúnú ó thaobh a chuspóirí, a shainordaithe agus a chúraimí de. Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le comhaltaí an Bhoird Bainistíochta agus leis na príomhgheallsealbhóirí eile le linn a mheastóireachta. Tabharfar aghaidh sa mheastóireacht sin, go háirithe, ar an ngá a d'fhéadfadh a bheith le sainordú Eurofound a leasú, agus ar na himpleachtaí airgeadais a d'fhéadfadh a bheith ag aon leasuithe den sórt sin.

3.   Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Bhord Bainistíochta ar thorthaí na meastóireachta. Poibleofar torthaí na meastóireachta.

Airteagal 29

Imscrúduithe riaracháin

Beidh gníomhaíochtaí Eurofound faoi réir fhiosrúcháin an Ombudsman Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 228 CFAE.

Airteagal 30

Comhar le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta

1.   A mhéid is gá chun na cuspóirí a leagtar amach sa Rialachán seo a bhaint amach, agus gan dochar d'inniúlachtaí na mBallstát agus institiúidí an Aontais faoi seach, féadfaidh Eurofound dul i gcomhar le húdaráis inniúla tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta.

Chuige sin, féadfaidh Eurofound, faoi réir údarú an Bhoird Bainistíochta agus tar éis formheas a fháil ón gCoimisiún, socruithe oibre a bhunú le húdaráis inniúla tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta. Ní chruthófar oibleagáidí dlíthiúla ar an Aontas ná ar na Ballstáit mar gheall ar na socruithe sin.

2.   Beidh Eurofound oscailte do rannpháirtíocht tríú tíortha a bhfuil comhaontuithe déanta chuige sin déanta acu leis an Aontas.

Faoi fhorálacha ábhartha na gcomhaontuithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, forbrófar socruithe lena sonrófar, go háirithe, cineál, méid agus modh rannpháirtíocht na dtríú tíortha lena mbaineann in obair Eurofound, lena n-áirítear forálacha a bhaineann le rannpháirtíocht i dtionscnaimh a dhéanann Eurofound, le ranníocaíochtaí airgeadais agus le cúrsaí foirne. I dtaca le cúrsaí foirne, comhlíonfaidh na socruithe sin na Rialacháin Foirne i gcás ar bith.

3.   Glacfaidh an Bord Bainistíochta straitéis i gcomhair caidreamh le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta a bhaineann le cúrsaí a mbeidh inniúlacht ag Eurofound ina leith.

Airteagal 31

Comhaontú Ceanncheathrún agus coinníollacha oibriúcháin

1.   Na socruithe is gá maidir leis an gcóiríocht atá le cur ar fáil do Eurofound sa Bhallstát óstach agus na saoráidí a chuirfidh an Ballstát sin ar fáil mar aon leis na rialacha sonracha is infheidhme sa Bhallstát óstach maidir leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, comhaltaí an Bhoird Bainistíochta, baill foirne agus baill dá dteaghlaigh, leagfar síos iad i gComhaontú Ceanncheathrún idir Eurofound agus an Ballstát ina bhfuil an suíomh lonnaithe.

2.   Cuirfidh Ballstát óstach Eurofound na dálaí is gá ar fáil chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh Eurofound, lena n-áirítear scolaíocht ilteangach a bhfuil béim ar an ngné Eorpach inti agus naisc iomchuí iompair.

CAIBIDIL VI

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA

Airteagal 32

Forálacha idirthréimhseacha maidir leis an mBord Bainistíochta

Fanfaidh comhaltaí an Bhoird Rialúcháin arna bhunú ar bhonn Airteagal 6 de Rialachán (CEE) Uimh. 1365/75 in oifig agus feidhmeoidh siad feidhmeanna an Bhoird Bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 5 den Rialachán seo go dtí go gceapfar comhaltaí an Bhoird Bainistíochta agus saineolaí neamhspleách de bhun Airteagal 4(1) den Rialachán seo.

Airteagal 33

Forálacha idirthréimhseacha maidir leis an bhfoireann

1.   Ar feadh na dtréimhsí a bheidh fágtha dá théarma oifige nó dá téarma oifige, is do Stiúrthóir Eurofound arna cheapadh ar bhonn Airteagal 8 de Rialachán (CEE) Uimh. 1365/75 a shannfar cúraimí an Stiúrthóra Feidhmiúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 11 den Rialachán seo. Ní athrófar coinníollacha eile a chonartha nó a conartha.

2.   I gcás nós imeachta atá ag dul ar aghaidh i gcónaí chun an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a roghnú agus a cheapadh tráth theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (CEE) Uimh. 1365/75 go dtí go dtabharfar an nós imeachta sin chun críche.

3.   Leis an Rialachán seo, ní dhéanfar difear do chearta ná d'oibleagáidí na mball foirne atá fostaithe faoi Rialachán (CEE) Uimh. 1365/75. Féadfar a gconarthaí fostaíochta a athnuachan faoin Rialachán seo i gcomhréir leis na Rialacháin Foirne agus le Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile.

Coinneofar aon oifig idirchaidrimh de chuid Eurofound atá oibríochtúil tráth theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Airteagal 34

Forálacha buiséadacha idirthréimhseacha

Is i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (CEE) Uimh. 1365/75 a dhéanfar an nós imeachta um urscaoileadh maidir leis na buiséid arna bhformheas ar bhonn Airteagal 16 den Rialachán sin.

CAIBIDIL VII

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 35

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1365/75 agus déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

Airteagal 36

Na rialacha inmheánacha arna nglacadh ag an mBord Rialúcháin a choinneáil i bhfeidhm

Fanfaidh na rialacha inmheánacha arna nglacadh ag an mBord Rialúcháin ar bhonn Rialachán (CEE) Uimh. 1365/75 i bhfeidhm tar éis an 20 Feabhra 2019, mura gcinnfidh an Bord Bainistíochta a mhalairt agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm.

Airteagal 37

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 16 Eanáir 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. CIAMBA


(1)  IO C 209, 30.6.2017, lch. 49.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Nollaig 2018 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 20 Nollaig 2018.

(3)  Rialachán (CEE) Uimh. 1365/75 ón gComhairle an 26 Bealtaine 1975 maidir le cur ar bun Foras Eorpach chun dálaí maireachtála agus oibre a fheabhsú (IO L 139, 30.5.1975, lch. 1).

(4)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2013 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, (IO L 328, 7.12.2013, lch. 42).

(5)  IO L 56, 4.3.1968, lch. 1.

(6)  Cinneadh (AE, Euratom) 2015/443 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir le slándáil sa Choimisiún (IO L 72, 17.3.2015, lch. 41).

(7)  Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe AE a chosaint. (IO L 72, 17.3.2015, lch. 53).

(8)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(9)  Rialachán Uimh. 1 ón gComhairle lena gcinntear na teangacha atá le húsáid ag Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (IO 17, 6.10.1958, lch. 385).

(10)  Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).

(11)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(12)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(13)  IO L 136, 31.5.1999, lch. 15.

(14)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).


31.1.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

90


RIALACHÁN (AE) 2019/128 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Eanáir 2019

lena mbunaítear an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 337/75 ón gComhairle

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 166(4) agus Airteagal 165(4),

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Bunaíodh an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (“Cedefop”) le Rialachán (CEE) Uimh. 337/75 ón gComhairle (3) chun cúnamh a thabhairt don Choimisiún cur chun cinn agus forbairt na gairmoiliúna agus na hoiliúna inseirbhíse a spreagadh ar leibhéal an Aontais.

(2)

Ón uair a bunaíodh é in 1975, bhí ról tábhachtach ag Cedefop maidir le tacaíocht a thabhairt agus comhbheartas gairmoideachais agus gairmoiliúna á fhorbairt. Ag an am céanna, tá athrú tagtha ar choincheap na gairmoiliúna agus ar an tábhacht a bhaineann léi faoi thionchar margaí saothair atá ag athrú, forbairtí teicneolaíocha, go háirithe sa réimse digiteach, agus na soghluaisteachta lucht saothair atá ag méadú. Cuireann na tosca sin leis an dúshlán a ghabhann le hinniúlachtaí agus cáilíochtaí a chur in oiriúint, ar bhealach níos fearr, d'éileamh atá ag síorathrú. Tá athrú tagtha dá réir sin ar na beartais ghairmoiliúna agus cuimsíonn siad sraith ionstraimí agus tionscamh, lena n-áirítear na cinn sin a bhaineann le scileanna agus cáilíochtaí agus bailíochtú foghlama, rud a théann thar ghnáthraon an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna toisc gur gá sin. Dá bhrí sin, ba cheart cineál ghníomhaíochtaí Cedefop a shainiú go soiléir chun léiriú níos fearr a thabhairt ar a ghníomhaíochtaí reatha, a théann thar an ngairmoideachas agus an ghairmoiliúint agus ar a n-áirítear obair ar scileanna agus ar cháilíochtaí, agus ba cheart an téarmaíocht a úsáidtear chun cur síos a dhéanamh ar chuspóirí agus ar chúraimí Cedefop a oiriúnú chun na forbairtí sin a léiriú.

(3)

Ba é conclúid na tuarascála meastóireachta a rinneadh i leith Cedefop in 2013 gur cheart Rialachán (CEE) Uimh. 337/75 a leasú chun obair Cedefop maidir le scileanna a chur san áireamh mar cheann dá chúraimí agus a obair maidir le tuairisciú beartais chomh maith le huirlisí Eorpacha comhchoiteanna agus tionscnaimh Eorpacha chomhchoiteanna a chomhtháthú ar bhonn níos soiléire.

(4)

Chun tacú le beartas gairmoideachais agus gairmoiliúna a chur chun feidhme, is gá díriú ar an gcaidreamh idir an t-oideachas agus an oiliúint agus saol na hoibre chun a áirithiú go dtacaítear le foghlaim ar feadh an tsaoil, le comhtháthú agus le hinfhostaitheacht an duine, i margaí saothair atá ag athrú, de bharr an eolais, na scileanna agus na n-inniúlachtaí a fhaigheann an duine sin, agus go bhfuil na nithe sin ábhartha do riachtanais na saoránach agus na sochaí.

(5)

Leasaíodh Rialachán (CEE) Uimh. 337/75 roinnt uaireanta. Ós rud é go bhfuil tuilleadh leasuithe le déanamh air, ba cheart an Rialachán sin a aisghairm agus a ionadú ar mhaithe le soiléireacht.

(6)

Maidir leis na rialacha lena rialaítear Cedefop, ba cheart iad a bhunú, a mhéid is féidir agus a chineál trípháirteach á chur san áireamh, i gcomhréir le prionsabail Ráiteas Comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus ón gCoimisiún Eorpach maidir le gníomhaireachtaí díláraithe an 19 Iúil 2012.

(7)

Ós rud é go ndíríonn na gníomhaireachtaí trípháirteacha, eadhon Cedefop, an Foras Eorpach chun dálaí maireachtála agus oibre a fheabhsú (Eurofound) agus an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA), ar shaincheisteanna a bhaineann leis an margadh saothair, leis an timpeallacht oibre, leis an ngairmoideachas agus an ghairmoiliúint, agus le scileanna, tá gá le dlúth-chomhordú eatarthu. Tá gá le dlúth-chomhordú leis an bhFondúireacht Eorpach Oiliúna (ETF) freisin. Dá bhrí sin, ba cheart do Cedefop, agus é i mbun a chuid oibre, comhlánú a dhéanamh ar obair ETF, Eurofound agus EU-OSHA i gcás ina bhfuil réimsí leasa comhchosúla acu, agus san am céanna, taobhú le huirlisí a fheidhmíonn go maith, amhail meabhráin tuisceana. Ba cheart do Cedefop leas a bhaint as bealaí le feabhas a chur ar éifeachtúlacht agus ar shineirgí agus ba cheart dó, ina chuid gníomhaíochtaí, dúbláil ar ghníomhaíochtaí ETF, Eurofound agus EU-OSHA agus ar ghníomhaíochtaí an Choimisiúin a sheachaint. Ina theannta sin, i gcás inarb ábhartha, ba cheart do Cedefop féachaint le comhar éifeachtúil a dhéanamh leis na seirbhísí taighde atá ag institiúidí an Aontais agus comhlachtaí speisialaithe seachtracha.

(8)

Ba cheart don Choimisiún dul i gcomhairle leis na príomhgheallsealbhóirí, lena n-áirítear comhaltaí an Bhoird Bainistíochta agus Feisirí de chuid Pharlaimint na hEorpa, le linn na meastóireachta ar Cedefop.

(9)

Is léiriú an-luachmhar é cineál trípháirteach Cedefop, Eurofound agus EU-OSHA ar chur chuige cuimsitheach atá bunaithe ar an idirphlé sóisialta idir na comhpháirtithe sóisialta agus údaráis an Aontais agus na húdaráis náisiúnta, rud atá thar a bheith tábhachtach chun teacht ar réitigh shóisialta agus eacnamaíocha atá comhpháirteach agus inbhuanaithe.

(10)

Chun an próiseas cinnteoireachta Cedefop a shruthlíniú agus chun rannchuidiú le héifeachtúlacht agus le héifeachtacht a fheabhsú, ba cheart strúchtúr rialachais dé-leibhéil a thabhairt isteach. Chun na críche sin, ba cheart ionadaíocht a bheith ag na Ballstáit, ag eagraíochtaí náisiúnta na bhfostóirí agus eagraíochtaí náisiúnta na bhfostaithe agus ag an gCoimisiún ar Bhord Bainistíochta a ndílsítear na cumhachtaí is gá dó, lena n-áirítear an chumhacht an buiséad a ghlacadh agus an doiciméad clársceidealaithe a fhormheas. Sa doiciméad clársceidealaithe, ina bhfuil clár oibre ilbhliantúil Cedefop agus a chlár oibre bliantúil, ba cheart don Bhord Bainistíochta tosaíochtaí straitéiseacha ghníomhaíochtaí Cedefop a leagan síos. Thairis sin, ba cheart a áireamh ar na rialacha arna nglacadh ag an mBord Bainistíochta maidir le coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú bearta chun rioscaí a d'fhéadfadh a bheith ann a bhrath ag céim luath.

(11)

Chun go bhfeidhmeoidh Cedefop mar is cuí, ba cheart do na Ballstáit, d'eagraíochtaí Eorpacha na bhfostóirí agus d'eagraíochtaí Eorpacha na bhfostaithe, agus don Choimisiún a áirithiú, maidir leis na daoine a bheidh le ceapadh ar an mBord Bainistíochta, go bhfuil eolas iomchuí i réimse an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna, scileanna agus cáilíochtaí acu d'fhonn cinntí suntasacha straitéiseacha a dhéanamh agus chun maoirsiú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí Cedefop.

(12)

Ba cheart an Bord Feidhmiúcháin a chur ar bun agus é de chúram air cruinnithe an Bhoird Bainistíochta a ullmhú ar shlí iomchuí agus tacú lena phróisis cinnteoireachta agus faireacháin. Agus cúnamh á thabhairt don Bhord Bainistíochta aige, ba cheart gurbh fhéidir leis an mBord Feidhmiúcháin, i gcás inar gá ar chúiseanna práinne, cinntí sealadacha áirithe a dhéanamh thar ceann an Bhoird Bainistíochta. Ba cheart don Bhord Bainistíochta rialacha nós imeachta an Bhoird Feidhmiúcháin a ghlacadh.

(13)

Ba cheart don Stiúrthóir Feidhmiúcháin a bheith freagrach as bainistiú foriomlán Cedefop i gcomhréir leis an treoir straitéiseach a leagann an Bord Bainistíochta amach, lena n-áirítear riarachán laethúil agus bainistiú airgeadais agus acmhainní daonna. Ba cheart don Stiúrthóir Feidhmiúcháin na cumhachtaí a chuirtear de chúram air nó uirthi a fheidhmiú. Ba cheart é a bheith indéanta na cumhachtaí sin a chur ar fionraí i gcúinsí eisceachtúla, amhail coinbhleachtaí leasanna nó mainneachtain thromchúiseach oibleagáidí faoi Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (na Rialacháin Foirne) a chomhlíonadh.

(14)

Is prionsabal bunúsach de dhlí an Aontais é prionsabal an chomhionannais. Ceanglaítear leis nach mór an comhionannas idir mná agus fir a áirithiú i ngach réimse, lena n-áirítear fostaíocht, obair agus pá. Ba cheart do gach páirtí díriú ar ionadaíocht chothrom a bhaint amach idir mná agus fir ar an mBord Bainistíochta agus ar an mBord Feidhmiúcháin. Ba cheart don Bhord Bainistíochta an aidhm sin a shaothrú freisin maidir lena Chathaoirleach agus lena Leas-Chathaoirligh i dteanna a chéile, agus ba cheart do na grúpaí a dhéanann ionadaíocht ar na rialtais agus ar eagraíochtaí na bhfostóirí agus ar eagraíochtaí na bhfostaithe ar an mBord Bainistíochta an aidhm sin a shaothrú freisin maidir le comhaltaí malartacha a ainmniú chun freastal ar chruinnithe an Bhoird Bainistíochta.

(15)

Tá oifig idirchaidrimh ag Cedefop sa Bhruiséil. Ba cheart an fhéidearthacht an oifig sin a oibriú a choinneáil.

(16)

Ba cheart na forálacha airgeadais agus na forálacha maidir le clársceidealú agus tuairisciú a bhaineann le Cedefop a nuashonrú. Le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 ón gCoimisiún (4), foráiltear go bhfuil Cedefop le meastóireachtaí ex ante agus meastóireachtaí ex post a dhéanamh ar na cláir agus na gníomhaíochtaí lena ngabhann caiteachas suntasach. Ba cheart do Cedefop na meastóireachtaí sin a chur san áireamh ina chlársceidealú ilbhliantúil agus bliantúil.

(17)

Chun uathriail agus neamhspleáchas iomlán Cedefop a áirithiú, agus chun a chumasú dó a chuspóirí agus cúraimí a dhéanamh go cuí i gcomhréir leis an Rialachán seo, ba cheart buiséad leormhaith agus neamhspleách a dheonú dó ina mbeadh an t-ioncam ag teacht go príomha ó ranníocaíocht ó bhuiséad ginearálta an Aontais. Ba cheart feidhm a bheith ag nós imeachta buiséadach an Aontais maidir le Cedefop, a mhéid a bhaineann le ranníocaíocht an Aontais agus le haon fhóirdheontais eile is inmhuirearaithe ar bhuiséad ginearálta an Aontais. Ba cheart gurb í an Chúirt Iniúchóirí a dhéanfadh iniúchadh ar chuntais Cedefop.

(18)

Ba cheart gurb é Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh (an tIonad Aistriúcháin) a sholáthródh na seirbhísí aistriúcháin is gá d'fheidhmiú Cedefop. Ba cheart do Cedefop oibriú leis an Ionad Aistriúcháin chun táscairí cáilíochta, tráthúlachta agus rúndachta a bhunú, chun riachtanais agus tosaíochtaí Cedefop a shainaithint go soiléir, agus chun nósanna imeachta trédhearcacha oibiachtúla a chruthú do phróiseas an aistriúcháin.

(19)

Ba cheart forálacha maidir le foireann Cedefop a bheith i gcomhréir leis na Rialacháin Foirne agus le Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh (Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile) a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (5).

(20)

Ba cheart do Cedefop na bearta is gá a dhéanamh chun a áirithiú go ndéantar faisnéis rúnda a láimhseáil agus a phróiseáil go sábháilte. Más gá, ba cheart do Cedefop rialacha slándála a ghlacadh atá coibhéiseach leo siúd a leagtar amach i gCinneadh (AE, Euratom) 2015/443 (6) agus Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 (7) ón gCoimisiún.

(21)

Is gá forálacha buiséadacha idirthréimhseacha agus forálacha idirthréimhseacha maidir leis an mBord Bainistíochta agus maidir leis an bhfoireann a leagan síos chun leanúnachas ghníomhaíochtaí Cedefop a áirithiú go dtí go gcuirfear an Rialachán seo chun feidhme,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

CUSPÓIRÍ AGUS CÚRAIMÍ

Airteagal 1

Bunú agus cuspóirí

1.   Leis seo, bunaítear an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop) ina ghníomhaireacht de chuid an Aontais.

2.   Beidh sé de chuspóir ag Cedefop tacú le beartais an Aontais i réimse an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna, chomh maith le beartais maidir le scileanna agus le cáilíochtaí, a chur chun cinn, a fhorbairt agus a chur chun feidhme trí oibriú leis an gCoimisiún, leis na Ballstáit agus leis na comhpháirtithe sóisialta.

Chuige sin, feabhsóidh agus scaipfidh Cedefop eolas, soláthróidh sé fianaise agus seirbhísí chun críocha déanamh beartais, lena n-áirítear conclúidí atá bunaithe ar thaighde, agus éascóidh sé comhroinnt eolais i measc gníomhairí de chuid an Aontais agus gníomhairí náisiúnta agus eatarthu.

Airteagal 2

Cúraimí

1.   Beidh na cúraimí seo a leanas ag Cedefop i ndáil leis na réimsí beartais dá dtagraítear in Airteagal 1(2), agus freagrachtaí na mBallstát á n-urramú go hiomlán aige:

(a)

anailís a dhéanamh ar threochtaí i mbeartais agus i gcórais maidir le gairmoideachas agus gairmoiliúint, le scileanna agus le cáilíochtaí, agus anailísí comparáideacha a sholáthar maidir leo thar thíortha;

(b)

anailís a dhéanamh ar threochtaí i margadh an tsaothair i ndáil le scileanna agus le cailíochtaí, agus i ndáil leis an ngairmoideachas agus leis an ngairmoiliúint;

(c)

anailís a dhéanamh ar fhorbairtí a bhaineann le ceapadh agus bronnadh cáilíochtaí, leis na cáilíochtaí sin a eagrú ina gcreataí, agus leis an bhfeidhm atá leo i margadh an tsaothair, agus i ndáil leis an ngairmoideachas agus leis an ngairmoiliúint, agus rannchuidiú leis na forbairtí sin, d'fhonn trédhearcacht agus aitheantas na gcáilíochtaí sin a fheabhsú;

(d)

anailís a dhéanamh ar fhorbairtí i réimse bhailíochtú na foghlama seachfhoirimiúla agus neamhfhoirmiúla, agus rannchuidiú leo;

(e)

staidéir a dhéanamh nó a choimisiúnú agus taighde a dhéanamh maidir le forbairtí socheacnamaíocha ábhartha agus na saincheisteanna gaolmhara beartais;

(f)

fóraim a chur ar fáil chun taithí agus faisnéis a mhalartú idir na rialtais, na comhpháirtithe sóisialta agus geallsealbhóirí eile ar an leibhéal náisiúnta;

(g)

rannchuidiú, lena n-áirítear trí fhaisnéis agus anailísí atá fianaise-bhunaithe, le cur chun feidhme athchóirithe agus beartas ar an leibhéal náisiúnta;

(h)

faisnéis a scaipeadh d'fhonn rannchuidiú le beartais agus d'fhonn feasacht agus tuiscint ar ionchas an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna a ardú ó thaobh tacú le hinfhostaitheacht daoine agus í a chur chun cinn, chomh maith le táirgeacht agus foghlaim ar feadh an tsaoil;

(i)

uirlisí, tacair sonraí agus seirbhísí le haghaidh an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna, scileanna, gairmeacha agus cáilíochtaí a bhainistiú agus a chur ar fáil do shaoránaigh, do chuideachtaí, do lucht déanta beartais, do na comhpháirtithe sóisialta agus do gheallsealbhóirí eile;

(j)

straitéis a bhunú le haghaidh caidreamh le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 29 a mhéid a bhaineann le cúrsaí a bhfuil Cedefop inniúil maidir leo.

2.   I gcás ina bhfuil gá le staidéir nua, agus sula nglacfar cinntí beartais, déanfaidh institiúidí an Aontais aird a thabhairt ar shaineolas Cedefop agus ar aon staidéir atá déanta aige sa réimse lena mbaineann nó a bhfuil sé in ann iad a dhéanamh, i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8).

3.   Agus é i mbun a chuid gníomhaíochtaí, cuirfidh Cedefop san áireamh na naisc atá ann idir an gairmoideachas agus an ghairmoiliúint agus na hearnálacha eile den oideachas agus den oiliúint.

4.   Féadfaidh Cedefop comhaontuithe comhair a thabhairt i gcrích le gníomhaireachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais chun comhar leo a éascú agus a chur chun cinn.

5.   Agus a chúraimí á ndéanamh aige, beidh idirphlé dlúth ag Cedefop go háirithe le comhlachtaí speisialaithe a bhíonn ag obair ar bheartais maidir leis an ngairmoideachas agus an ghairmoiliúint agus le scileanna agus cáilíochtaí, bídís poiblí nó príobháideach, náisiúnta nó idirnáisiúnta, le húdaráis phoiblí agus le hinstitiúidí oideachais, le heagraíochtaí na bhfostóirí agus na bhfostaithe agus, i gcás inarb ann dóibh, le comhlachtaí trípháirteacha náisiúnta. Déanfaidh Cedefop, gan dochar dá cuspóirí ná dá chríocha, obair i gcomhar le gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais, go háirithe ETF, Eurofound agus EU-OSHA, agus sineirgí agus comhlántacht lena gcuid gníomhaíochtaí á gcur chun cinn, agus aon dúbláil iarrachtaí á seachaint ag an am céanna.

CAIBIDIL II

EAGAR CEDEFOP

Airteagal 3

Struchtúr riaracháin agus bainistíochta

Is éard a bheidh i struchtúr riaracháin agus bainistíochta Cedefop:

(a)

Bord Bainistíochta;

(b)

Bord Feidhmiúcháin;

(c)

Stiúrthóir Feidhmiúcháin.

ROINN 1

An Bord Bainistíochta

Airteagal 4

Comhdhéanamh an Bhoird Bainistíochta

1.   Beidh an Bord Bainistíochta comhdhéanta díobh seo a leanas:

(a)

comhalta amháin, ó gach Ballstát, a dhéanann ionadaíocht ar an rialtas;

(b)

comhalta amháin, ó gach Ballstát, a dhéanann ionadaíocht ar eagraíochtaí na bhfostóirí;

(c)

comhalta amháin, ó gach Ballstát, a dhéanann ionadaíocht ar eagraíochtaí na bhfostaithe;

(d)

triúr comhaltaí a dhéanann ionadaíocht ar an gCoimisiún;

(e)

saineolaí neamhspleách amháin arna cheapadh ag Parlaimint na hEorpa.

Beidh an ceart vótála ag gach duine de na comhaltaí dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (d).

Is í an Chomhairle a cheapfaidh na comhaltaí dá dtagraítear i bpointe (a), pointe (b) agus pointe (c) ar bhonn na n-iarrthóirí arna n-ainmniú, faoi seach, ag na Ballstáit agus ag eagraíochtaí Eorpacha na bhfostóirí agus eagraíochtaí Eorpacha na bhfostaithe.

Is é an Coimisiún a cheapfaidh na comhaltaí dá dtagraítear i bpointe (d).

Is é an coiste freagrach de chuid Pharlaimint na hEorpa a cheapfaidh an saineolaí dá dtagraítear i bpointe (e).

2.   Beidh comhalta malartach ag gach comhalta den Bhord Bainistíochta. Beidh an comhalta malartach mar ionadaí don chomhalta ina éagmais nó ina héagmais. Ceapfar na comhaltaí malartacha i gcomhréir le mír 1.

3.   Ainmneofar agus ceapfar comhaltaí an Bhoird Bainistíochta agus a gcomhaltaí malartacha ar bhonn a gcuid eolais i réimse an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna, a gcuid scileanna agus cáilíochtaí, ag cur san áireamh a scileanna ábhartha amhail scileanna bainistíochta, riaracháin agus buiséadacha, agus a gcuid saineolais i réimse phríomhchúraimí Cedefop, chun tabhairt faoi ról maoirseachta éifeachtach. Féachfaidh na páirtithe uile a mbeidh ionadaíocht acu ar an mBord Bainistíochta le ráta athrúcháin a n-ionadaithe a theorannú chun leanúnachas obair an Bhoird a áirithiú. Beidh sé d'aidhm ag na páirtithe uile ionadaíocht chothrom idir mná agus fir a bhaint amach ar an mBord Bainistíochta.

4.   Déanfaidh gach comhalta agus gach comhalta malartach ráiteas i scríbhinn a shíniú an tráth a rachaidh sé nó sí in oifig á dhearbhú nach bhfuil coinbhleacht leasanna ann ina leith. Déanfaidh gach comhalta agus gach comhalta malartach a ráiteas a nuashonrú i gcás ina dtiocfaidh athrú ar imthosca maidir le haon choinbhleacht leasanna. Foilseoidh Cedefop na ráitis agus na nuashonruithe ar a shuíomh gréasáin.

5.   Ceithre bliana a bheidh i dtéarma oifige na gcomhaltaí agus na gcomhaltaí malartacha. Beidh an téarma sin in-athnuaite. Nuair a thiocfaidh deireadh lena dtréimhse oifige nó i gcás ina n-éireoidh siad as oifig, fanfaidh comhaltaí agus comhaltaí malartacha in oifig go dtí go ndéanfar a gceapacháin a athnuachan nó go gcuirfear comhaltaí nua ina n-ionad.

6.   Ar an mBord Bainistíochta, beidh ionadaithe na rialtas, ionadaithe eagraíochtaí na bhfostóirí agus ionadaithe eagraíochtaí na bhfostaithe, faoi seach, ina ngrúpaí. Ainmneoidh gach grúpa comhordaitheoir chun éifeachtúlacht an phlé a fheabhsú laistigh de na grúpaí agus eatarthu. Is é a bheidh i gcomhordaitheoirí ghrúpaí na bhfostóirí agus na bhfostaithe ionadaithe a n-eagraíochtaí Eorpacha faoi seach agus féadfar iad a ainmniú as measc na gcomhaltaí atá ceaptha ar an mBord Bainistíochta. Déanfaidh comhordaitheoirí nach bhfuil ceaptha ina gcomhaltaí den Bhord Bainistíochta i gcomhréir le mír 1 páirt a ghlacadh i gcruinnithe an Bhoird Bainistíochta ach ní bheidh an ceart vótála acu.

Airteagal 5

Feidhmeanna an Bhoird Bainistíochta

1.   Déanfaidh an Bord Bainistíochta:

(a)

treoruithe straitéiseacha a sholáthar maidir le gníomhaíochtaí Cedefop;

(b)

doiciméad clársceidealaithe Cedefop, ina bhfuil clár oibre ilbhliantúil Cedefop agus a chlár oibre bliantúil don bhliain dar gcionn, a ghlacadh gach bliain, trí thromlach dhá thrian de na comhaltaí a bhfuil an ceart vótála acu agus i gcomhréir le hAirteagal 6;

(c)

buiséad bliantúil Cedefop a ghlacadh trí thromlach dhá thrian de na comhaltaí a bhfuil an ceart vótála acu agus feidhmeanna eile a fheidhmiú i dtaobh an bhuiséid sin de bhun Chaibidil III;

(d)

tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí a ghlacadh maille le measúnú ar ghníomhaíochtaí Cedefop, iad a chur, faoin 1 Iúil gach bliain, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, an Choimisiúin agus na Cúirte Iniúchóirí agus an tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí a chur ar fáil don phobal;

(e)

na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le Cedefop a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16;

(f)

straitéis frithchalaoise a ghlacadh, atá comhréireach leis na rioscaí calaoise agus costais agus tairbhí na mbeart atá le cur chun feidhme á gcur san áireamh;

(g)

rialacha a ghlacadh maidir le coinbhleachtaí leasanna a chosc agus a bhainistiú i dtaca lena chomhaltaí agus le saineolaithe neamhspleácha, agus freisin i dtaca le saineolaithe náisiúnta ar iasacht agus baill foirne eile nach bhfuil fostaithe ag Cedefop, dá dtagraítear in Airteagal 19;

(h)

na pleananna cumarsáide agus scaipthe a ghlacadh agus a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn rialta, bunaithe ar anailís ar na riachtanais, agus an méid sin a léiriú i ndoiciméad clársceidealaithe Cedefop;

(i)

a rialacha nós imeachta a ghlacadh;

(j)

cumhachtaí an Údaráis Ceapacháin arna dtabhairt leis na Rialacháin Foirne agus cumhachtaí an Údaráis atá Cumhachtaithe chun Conradh Fostaíochta a Thabhairt i gCrích arna dtabhairt le Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach eile (“cumhachtaí an údaráis ceapacháin”) a fheidhmiú, i gcomhréir le mír 2, i dtaca le foireann Cedefop;

(k)

rialacha cur chun feidhme oiriúnacha a ghlacadh chun éifeacht a thabhairt do na Rialacháin Foirne agus do Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile i gcomhréir le Airteagal 110 de na Rialacháin Foirne;

(l)

an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh agus, i gcás inarb iomchuí, síneadh a chur lena théarma oifige nó lena téarma oifige nó é nó í a chur as oifig, i gcomhréir le hAirteagal 18;

(m)

Oifigeach Cuntasaíochta a cheapadh, faoi réir na Rialachán Foirne agus Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile, a bheidh go hiomlán neamhspleách i gcomhlíonadh a chuid nó a cuid dualgas;

(n)

rialacha nós imeachta an Bhoird Feidhmiúcháin a ghlacadh;

(o)

faireachán a dhéanamh go ndéantar obair leantach leordhóthanach i dtaca leis na torthaí agus na moltaí a eascróidh as na tuarascálacha agus meastóireachtaí iniúchóireachta inmheánacha nó seachtracha, agus as imscrúduithe de chuid na hOifige Eorpaí Frithchalaoise (OLAF);

(p)

bunú socruithe comhair le húdaráis inniúla tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta a údarú i gcomhréir le hAirteagal 29.

2.   Glacfaidh an Bord Bainistíochta, i gcomhréir le hAirteagal 110 de na Rialacháin Foirne, cinneadh bunaithe ar Airteagal 2(1) de na Rialacháin Foirne agus ar Airteagal 6 de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile, lena ndéantar cumhachtaí ábhartha an údaráis ceapacháin a tharmligean chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus lena leagtar amach na coinníollacha faoinar féidir an tarmligean cumhachtaí sin a chur ar fionraí. Beidh údarás ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na cumhachtaí sin a fho-tharmligean.

I gcás inar gá déanamh amhlaidh mar gheall ar imthosca eisceachtúla, féadfaidh an Bord Bainistíochta tarmligean chumhachtaí an údaráis ceapacháin chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus na cinn arna bhfo-tharmligean ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chur ar fionraí go sealadach. I gcásanna den sórt sin, déanfaidh an Bord Bainistíochta iad a tharmligean, ar feadh tréimhse theoranta, chuig duine d'ionadaithe an Choimisiúin a ainmneoidh sé nó chuig duine den fhoireann taobh amuigh den Stiúrthóir Feidhmiúcháin.

Airteagal 6

Clársceidealú ilbhliantúil agus bliantúil

1.   Gach bliain, déanfaidh an Stiurthóir Feidhmiúcháin, i gcomhréir le pointe (e) d'Airteagal 11(5) den Rialachán seo, dréachtdoiciméad clársceidealaithe a tharraingt suas ina mbeidh clár oibre ilbhliantúil agus bliantúil i gcomhréir le hAirteagal 32 de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013.

2.   Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an dréachtdoiciméad clársceidealaithe dá dtagraítear i mír 1 a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta. Tar éis don Bhord Bainistíochta an dréachtdoiciméad clársceidealaithe a fhormheas, cuirfear faoi bhráid an Choimisiúin, Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle é tráth nach déanaí ná an 31 Eanáir gach bliain. Tíolacfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin aon leagan nuashonraithe den doiciméad sin i gcomhréir leis an nós imeachta céanna. Glacfaidh an Bord Bainistíochta an doiciméad, agus tuairim an Choimisiúin á cur san áireamh.

Tiocfaidh an doiciméad clársceidealaithe chun bheith cinntitheach tar éis ghlacadh críochnaitheach bhuiséad ginearálta an Aontais agus déanfar coigeartú air dá réir, más gá sin.

3.   Leagfar amach sa chlár oibre ilbhliantúil an clársceidealú straitéiseach foriomlán lena n-áirítear cuspóirí, torthaí a bhfuiltear ag súil leo agus táscairí feidhmíochta, agus forluí clársceidealaithe le gníomhaireachtaí eile á sheachaint. Leagfar amach ann clársceidealú acmhainní freisin, lena n-áirítear an buiséad ilbhliantúil agus an fhoireann. Cuimseofar ann straitéis maidir le caidreamh le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 29, na gníomhaíochtaí a bhaineann leis an straitéis sin, agus sonrú na n-acmhainní gaolmhara.

4.   Beidh an clár oibre bliantúil comhsheasmhach leis an gclár oibre ilbhliantúil dá dtagraítear i mír 3 agus beidh an méid seo a leanas ann:

(a)

cuspóirí mionsonraithe chomh maith leis na torthaí a bhfuiltear ag súil leo, lena n-áirítear táscairí feidhmíochta;

(b)

cur síos ar na gníomhaíochtaí atá le maoiniú, lena n-áirítear bearta pleanáilte arb é is aidhm leo éifeachtúlacht a mhéadú;

(c)

léiriú ar na hacmhainní airgeadais agus daonna arna leithdháileadh ar gach gníomhaíocht, i gcomhréir le prionsabail an bhuiséadaithe agus an bhainistithe de réir gníomhaíochtaí;

(d)

gníomhaíochtaí a d'fhéadfaí a dhéanamh maidir leis an gcaidreamh le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 29.

Sonrófar go soiléir ann na gníomhaíochtaí a cuireadh leis, a athraíodh nó a scriosadh i gcomparáid leis an mbliain airgeadais roimhe sin.

5.   Leasóidh an Bord Bainistíochta an clár oibre bliantúil a glacadh i gcás ina sannfar gníomhaíocht nua do Cedefop. Féadfaidh an Bord Bainistíochta an chumhacht leasuithe neamhshubstaintiúla a dhéanamh ar an gclár oibre bliantúil a tharmligean chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin.

Is i gcomhréir leis an nós imeachta céanna a úsáideadh don chlár oibre bliantúil tosaigh a ghlacfar aon leasú substaintiúil ar an gclár oibre bliantúil.

6.   Tabharfar an clársceidealú acmhainní cothrom le dáta go bliantúil. Tabharfar an clársceidealú straitéiseach cothrom le dáta i gcás inarb iomchuí, agus, go háirithe, rachaidh sé i ngleic le toradh na meastóireachta dá dtagraítear in Airteagal 27.

Maidir le gníomhaíocht nua a shannadh do Cedefop chun na cúraimí a leagtar síos in Airteagal 2 a chomhlíonadh, déanfar é agus aird á tabhairt ar a chlársceidealú acmhainní agus airgeadais, gan dochar do chumhachtaí Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle (an “t-údarás buiséadach”).

Airteagal 7

Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta

1.   Toghfaidh an Bord Bainistíochta Cathaoirleach agus triúr Leas-Chathaoirligh mar a leanas:

(a)

duine as measc na gcomhaltaí a dhéanann ionadaíocht ar rialtais na mBallstát;

(b)

duine as measc na gcomhaltaí a dhéanann ionadaíocht ar eagraíochtaí na bhfostóirí;

(c)

duine as measc na gcomhaltaí a dhéanann ionadaíocht ar eagraíochtaí na bhfostaithe; agus

(d)

duine as measc na gcomhaltaí a dhéanann ionadaíocht ar an gCoimisiún.

Toghfar an Cathaoirleach agus na Leas-Chathaoirligh trí thromlach dhá thrian de chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta a bhfuil an ceart vótála acu.

2.   Bliain amháin a bheidh i dtéarma oifige an Chathaoirligh agus na Leas-Chathaoirleach. Beidh a dtéarma oifige in-athnuaite. I gcás ina dtiocfaidh deireadh lena gcomhaltas ar an mBord Bainistíochta tráth ar bith le linn a dtéarma oifige, rachaidh a dtéarma oifige in éag go huathoibríoch ar an dáta sin.

Airteagal 8

Cruinnithe an Bhoird Bainistíochta

1.   Tionólfaidh an Cathaoirleach cruinnithe an Bhoird Bainistíochta.

2.   Glacfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin páirt sa phlé, ach ní bheidh an ceart vótála ag an té sin.

3.   Beidh gnáthchruinniú amháin in aghaidh na bliana ag an mBord Bainistíochta. Ina theannta sin, tiocfaidh sé le chéile ar thionscnamh an Chathaoirligh, arna iarraidh sin don Choimisiún nó arna iarraidh sin do thrian de na comhaltaí ar a laghad.

4.   Féadfaidh an Bord Bainistíochta iarraidh ar aon duine ar díol spéise a thuairim nó a tuairim freastal ar a chuid cruinnithe mar bhreathnadóir. Maidir le hionadaithe thíortha Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE) is páirtithe sa Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (Comhaontú LEE), féadfaidh siad freastal ar chruinnithe an Bhoird Bainistíochta mar bhreathnadóirí i gcás ina ndéantar foráil i gComhaontú LEE dá rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí Cedefop.

5.   Cuirfidh Cedefop an rúnaíocht ar fáil don Bhord Bainistíochta.

Airteagal 9

Rialacha vótála an Bhoird Bainistíochta

1.   Gan dochar do phointí (b) agus (c) d'Airteagal 5(1), don dara fomhír d'Airteagal 7(1) agus d'Airteagal 18(7), déanfaidh an Bord Bainistíochta cinntí trí thromlach na gcomhaltaí a bhfuil an ceart vótála acu.

2.   Beidh aon vóta amháin ag gach comhalta ag a bhfuil an ceart vótála. I gcás nach mbeidh comhalta áirithe ag a bhfuil an ceart vótála i láthair, beidh a chomhalta malartach nó a comhalta malartach i dteideal a cheart vótála nó a ceart vótála a fheidhmiú.

3.   Glacfaidh an Cathaoirleach páirt sa vótáil.

4.   Glacfaidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin páirt sa phlé ach ní bheidh an ceart vótála ag an té sin.

5.   Le rialacha nós imeachta an Bhoird Bainistíochta, leagfar síos socruithe vótála níos mionsonraithe, go háirithe na cúinsí ina bhféadfaidh comhalta gníomhú thar ceann comhalta eile.

ROINN 2

An Bord Feidhmiúcháin

Airteagal 10

An Bord Feidhmiúcháin

1.   Tabharfaidh Bord Feidhmiúcháin cúnamh don Bhord Bainistíochta.

2.   Déanfaidh an Bord Feidhmiúcháin:

(a)

na cinntí atá le glacadh ag an mBord Bainistíochta a ullmhú;

(b)

faireachán a dhéanamh, i dteannta an Bhoird Bainistíochta, go ndéantar obair leantach leordhóthanach ar na torthaí agus na moltaí a eascróidh as na tuarascálacha agus meastóireachtaí iniúchóireachta inmheánacha nó seachtracha, agus as imscrúduithe de chuid OLAF;

(c)

gan dochar d'fhreagrachtaí an Stiúrthóra Feidhmiúcháin, mar a leagtar amach in Airteagal 11, comhairle a chur air nó uirthi, i gcás inar gá, maidir le cinntí an Bhoird Bainistíochta a chur chun feidhme, d'fhonn an mhaoirseacht ar an mbainistíocht riaracháin agus bhuiséadach a threisiú.

3.   I gcás inar gá, ar chúiseanna práinne, féadfaidh an Bord Feidhmiúcháin cinntí sealadacha áirithe a dhéanamh thar cheann an Bhoird Bainistíochta, lena n-áirítear cinntí maidir le tarmligean chumhachtaí an údaráis ceapacháin a chur ar fionraí i gcomhréir leis na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 5(2) agus maidir le cúrsaí buiséadacha.

4.   Beidh an Bord Feidhmiúcháin comhdhéanta de Chathaoirleach an Bhoird Bainistíochta, an triúr Leas-Chathaoirligh, comhordaitheoirí na dtrí ghrúpa dá dtagraítear in Airteagal 4(6) agus ionadaí amháin ón gCoimisiún. Féadfaidh gach grúpa dá dtagraítear in Airteagal 4(6) suas le beirt chomhaltaí malartacha a ainmniú chun freastal ar chruinnithe an Bhoird Bainistíochta i gcás ina bhfuil comhalta arna cheapadh ag an ngrúpa ábhartha as láthair. Beidh Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta mar Chathaoirleach ar an mBord Feidhmiúcháin freisin. Glacfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin páirt i gcruinnithe an Bhoird Feidhmiúcháin, ach ní bheidh an ceart vótála ag an té sin.

5.   Dhá bhliain a bheidh i dtéarma oifige chomhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin. Beidh an téarma sin in-athnuaite. Tiocfaidh deireadh le téarma oifige comhalta de chuid an Bhoird Feidhmiúcháin ar an dáta a thiocfaidh deireadh lena chomhaltas nó lena comhaltas ar an mBord Bainistíochta.

6.   Tiocfaidh an Bord Feidhmiúcháin le chéile 3 huaire sa bhliain. Ina theannta sin, tiocfaidh sé le chéile ar thionscnamh an Chathaoirligh nó arna iarraidh sin dá chuid comhaltaí. Tar éis gach cruinnithe, déanfaidh comhordaitheoirí na dtrí ghrúpa dá dtagraítear in Airteagal 4(6) a ndícheall comhaltaí a ngrúpa féin a chur ar an eolas, ar bhealach tráthúil trédhearcach, faoin méid is ábhar don phlé.

ROINN 3

An Stiúrthóir Feidhmiúcháin

Airteagal 11

Freagrachtaí an Stiúrthóra Feidhmiúcháin

1.   Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach as bainistiú Cedefop i gcomhréir leis an treoir straitéiseach atá leagtha amach ag an mBord Bainistíochta, agus beidh an té sin freagrach don Bhord Bainistíochta.

2.   Gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin, an Bhoird Bainistíochta, agus an Bhoird Feidhmiúcháin, beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin neamhspleách i bhfeidhmiú na ndualgas agus ní iarrfaidh sé nó sí treoracha ar aon rialtas ná ar aon chomhlacht eile ná ní thógfaidh sé nó sí aon treoracha ó aon rialtas ná ó aon chomhlacht eile.

3.   Tabharfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin tuairisc do Pharlaimint na hEorpa maidir le comhlíonadh a dhualgas nó a dualgas i gcás ina n-iarrtar sin air nó uirthi. Féadfaidh an Chomhairle iarraidh ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin tuairisc a thabhairt maidir le comhlíonadh a dhualgas nó a dualgas.

4.   Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ionadaí dlíthiúil Cedefop.

5.   Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach as cur chun feidhme na gcúraimí arna sannadh do Cedefop faoin Rialachán seo. Go háirithe, beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach as an méid seo a leanas:

(a)

riarachán Cedefop ó lá go lá, lena n-áirítear na cumhachtaí a thugtar de chúram air nó uirthi i dtaca le cúrsaí foirne a fheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 5(2);

(b)

cinntí arna nglacadh ag an mBord Bainistíochta a chur chun feidhme;

(c)

cinntí a dhéanamh maidir le bainistiú acmhainní daonna, i gcomhréir leis an gcinneadh dá dtagraítear in Airteagal 5(2);

(d)

á chur san áireamh na riachtanais a bhaineann le gníomhaíochtaí Cedefop agus le bainistíocht fhónta airgeadais, cinntí a dhéanamh maidir le struchtúir inmheánacha Cedefop, lena n-áirítear, i gcás inar gá, gabháil, mar ionadaí, d'fheidhmeanna a bhféadfaí bainistiú Cedefop ó lá go lá a chumhdach leo;

(e)

an doiciméad clársceidealaithe a ullmhú agus é a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún;

(f)

an doiciméad clársceidealaithe a chur chun feidhme agus tuairisc a thabhairt don Bhord Bainistíochta maidir lena chur chun feidhme;

(g)

an tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí Cedefop a ullmhú agus í a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta lena measúnú agus lena glacadh;

(h)

córas faireacháin éifeachtach a bhunú le gur féidir na meastóireachtaí rialta dá dtagraítear in Airteagal 27 a dhéanamh, mar aon le córas tuairiscithe chun achoimre a dhéanamh ar na torthaí a bhíonn orthu;

(i)

dréachtrialacha airgeadais is infheidhme maidir le Cedefop a ullmhú;

(j)

dréachtráiteas Cedefop ar a mheastacháin ioncaim agus chaiteachais, mar chuid de dhoiciméad clársceidealaithe Cedefop, a ullmhú; agus buiséad Cedefop a chur chun feidhme;

(k)

plean gníomhaíochta a ullmhú ina ndéanfar obair leantach ar chonclúidí tuarascálacha agus meastóireachtaí iniúchóireachta inmheánacha nó seachtracha, mar aon le himscrúduithe arna ndéanamh ag OLAF agus tuairisc a thabhairt ar dhul chun cinn 2 uair sa bhliain don Choimisiún agus go tráthrialta don Bhord Bainistíochta agus don Bhord Feidhmiúcháin;

(l)

féachaint le cothromaíocht inscne a áirithiú in Cedefop;

(m)

leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne na calaoise, an éillithe agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, trí sheiceálacha éifeachtacha a dhéanamh agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí mhéideanna a íocadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis riaracháin agus airgeadais a ghearradh a bheidh éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach;

(n)

straitéis frithchalaoise le haghaidh Cedefop a ullmhú agus í a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta lena formheas;

(o)

i gcás inarb ábhartha, comhar a dhéanamh le gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais agus comhaontuithe comhair a thabhairt i gcrích leo.

6.   Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach freisin as cinneadh a dhéanamh an gá, chun críocha cúraimí Cedefop a dhéanamh ar dhóigh éifeachtúil éifeachtach, oifig idirchaidrimh a bhunú sa Bhruiséil chun comhar Cedefop le hinstitiúidí ábhartha an Aontais a chothú tuilleadh. I gcás an chinnidh sin, caithfear réamhthoiliú a fháil ón gCoimisiún, ón mBord Bainistíochta agus ón mBallstát ábhartha. Leis an gcinneadh sin, sonrófar raon feidhme na ngníomhaíochtaí a dhéanfaidh an oifig idirchaidrimh sin ar dhóigh a sheachnóidh costais neamhriachtanacha agus aon dúbláil ar fheidhmeanna riaracháin Cedefop.

CAIBIDIL III

FORÁLACHA AIRGEADAIS

Airteagal 12

Buiséad

1.   Ullmhófar meastacháin ar ioncam agus ar chaiteachas uile Cedefop gach bliain airgeadais agus léireofar i mbuiséad Cedefop iad. Comhfhreagróidh an bhliain airgeadais don bhliain féilire.

2.   Beidh buiséad Cedefop ar comhardú i dtéarmaí ioncaim agus caiteachais.

3.   Gan dochar d'acmhainní eile, beidh ar áireamh in ioncam Cedefop:

(a)

ranníocaíocht ón Aontas a chuirfear isteach i mbuiséad ginearálta an Aontais;

(b)

aon ranníocaíocht airgeadais dheonach ó na Ballstáit;

(c)

táillí ar fhoilseacháin agus ar aon seirbhísí eile a sholáthraíonn Cedefop;

(d)

aon ranníocaíocht ó thríú tíortha a rannchuideoidh le hobair Cedefop dá bhforáiltear in Airteagal 29;

4.   Cuirfear luach saothair na foirne, costais riaracháin agus bonneagair, agus caiteachas oibríochtúil san áireamh i gcaiteachas Cedefop.

Airteagal 13

An buiséad a bhunú

1.   Gach bliain, tarraingeoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin suas dréachtmheastachán sealadach ar ioncam agus caiteachas Cedefop don bhliain airgeadais dár gcionn, lena n-áirítear an plean bunaíochta, agus cuirfidh sé chuig an mBord Bainistíochta é.

Beidh an dréachtmheastachán sealadach bunaithe ar chuspóirí agus ar na torthaí a bhfuiltear ag súil leo i dtaca leis an doiciméad clársceidealaithe bliantúil dá dtagraítear in Airteagal 6(1) agus cuirfear san áireamh ann na hacmhainní airgeadais is gá chun na cuspóirí agus na torthaí sin a bhfuiltear ag súil leo a bhaint amach, i gcomhréir le prionsabal an bhuiséadaithe ar bhonn feidhmíochta.

2.   Ar bhonn an dréachtmheastacháin shealadaigh, glacfaidh an Bord Bainistíochta dréachtmheastachán ar ioncam agus ar chaiteachas Cedefop don bhliain airgeadais dár gcionn, agus seolfaidh sé chuig an gCoimisiún é faoin 31 Eanáir gach bliain.

3.   Cuirfidh an Coimisiún an dréachtmheastachán, mar aon le dréachtbhuiséad ginearálta an Aontais, chuig an údarás buiséadach. Cuirfear an dréachtmheastachán ar fáil do Cedefop freisin.

4.   Ar bhonn an dréachtmheastacháin, cuirfidh an Coimisiún i ndréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh an meastachán sin a mheasann sé is gá don phlean bunaíochta agus méid na ranníocaíochta a dhéanfar a mhuirearú ar an mbuiséad ginearálta, agus cuirfidh sé faoi bhráid an údaráis bhuiséadaigh é i gcomhréir le hAirteagal 313 agus Airteagal 314 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

5.   Údaróidh an t-údarás buiséadach na leithreasuithe don ranníocaíocht ó bhuiséad ginearálta an Aontais le Cedefop.

6.   Glacfaidh an t-údarás buiséadach plean bunaíochta Cedefop.

7.   Is é an Bord Bainistíochta a ghlacfaidh buiséad. Tiocfaidh sé chun bheith cinntitheach tar éis ghlacadh críochnaitheach bhuiséad ginearálta an Aontais agus, más gá, déanfar coigeartú air dá réir. Aon mhodhnú ar bhuiséad Cedefop, lena n-áirítear an plean bunaíochta, glacfar é i gcomhréir leis an nós imeachta céanna.

8.   I gcás aon tionscadail tógála ar dócha go mbeidh impleachtaí móra aige ar bhuiséad Cedefop, beidh feidhm ag Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 maidir leis.

Airteagal 14

An buiséad a chur chun feidhme

1.   Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin buiséad Cedefop chun feidhme.

2.   Gach bliain, déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an fhaisnéis uile is ábhartha maidir le torthaí na nósanna imeachta meastóireachta a chur chuig an údarás buiséadach.

Airteagal 15

Na cuntais a thíolacadh agus a urscaoileadh

1.   Seolfaidh oifigeach cuntasaíochta Cedefop na cuntais shealadacha don bhliain airgeadais (bliain N) chuig Oifigeach Cuntasaíochta an Choimisiúin agus chuig an gCúirt Iniúchóirí faoin 1 Márta an bhliain airgeadais dár gcionn (bliain N + 1).

2.   Seolfaidh Cedefop tuarascáil ar an mbainistíocht bhuiséadach agus airgeadais do bhliain N chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí faoin 31 Márta de bhliain N + 1.

3.   Seolfaidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin cuntais shealadacha Cedefop do bhliain N, agus iad comhdhlúite le cuntais an Choimisiúin, chuig an gCúirt Iniúchóirí faoin 31 Márta de bhliain N + 1.

4.   Tar éis don oifigeach cuntasaíochta barúlacha na Cúirte Iniúchóirí maidir le cuntais shealadacha Cedefop do bhliain N a fháil, de bhun Airteagal 246 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2018/1046, tarraingeoidh sé nó sí suas cuntais chríochnaitheacha Cedefop don bhliain sin. Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta iad chun tuairim a fháil.

5.   Tabharfaidh an Bord Bainistíochta tuairim uaidh maidir le cuntais chríochnaitheacha Cedefop do bhliain N.

6.   Faoin 1 Iúil de bhliain N + 1, déanfaidh oifigeach cuntasaíochta Cedefop na cuntais chríochnaitheacha do bhliain N, in éineacht le tuairim an Bhoird Bainistíochta, a chur ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí.

7.   Foilseofar na cuntais deiridh do bhliain N in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh faoin 15 Samhain de bhliain N + 1.

8.   Faoin 30 Meán Fómhair de bhliain N + 1, seolfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagra chuig an gCúirt Iniúchóirí ar na barúlacha arna ndéanamh ina tuarascáil bhliantúil. Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an freagra chuig an mBord Bainistíochta freisin.

9.   Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, ar iarraidh ó Pharlaimint na hEorpa, aon fhaisnéis is gá faoina bráid chun an nós imeachta urscaoilte a chur i bhfeidhm go rianúil do bhliain N, i gcomhréir le hAirteagal 109(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013.

10.   Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, ar mholadh ón gComhairle ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, urscaoileadh a thabhairt don Stiúrthóir Feidhmiúcháin roimh an 15 Bealtaine de bhliain N + 2 i dtaca le cur chun feidhme an bhuiséid do bhliain N.

Airteagal 16

Rialacha airgeadais

Déanfaidh an Bord Bainistíochta na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le Cedefop a ghlacadh tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoimisiún. Ní imeoidh siad ó Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 ach amháin má tá gá leis an imeacht sin go sonrach d'fheidhmiú Cedefop agus má tá toiliú tugtha ag an gCoimisiún roimh ré.

CAIBIDIL IV

AN FHOIREANN

Airteagal 17

Forálacha ginearálta

1.   Beidh feidhm ag na Rialacháin Foirne agus ag Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile agus ag na rialacha arna nglacadh trí chomhaontú idir institiúidí an Aontais chun éifeacht a thabhairt do na Rialacháin Foirne agus do Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile maidir le foireann Cedefop.

2.   Déanfaidh an Bord Bainistíochta rialacha iomchuí cur chun feidhme a ghlacadh chun éifeacht a thabhairt do na Rialacháin Foirne agus do Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile i gcomhréir le hAirteagal 110 de na Rialacháin Foirne.

Airteagal 18

An Stiúrthóir Feidhmiúcháin

1.   Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ina bhall foirne nó ina ball foirne agus is mar ghníomhaire sealadach de Cedefop a fhostófar é nó í faoi phointe (a) d'Airteagal 2 de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile.

2.   Is é an Bord Bainistíochta a cheapfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ó liosta iarrthóirí a mholfaidh an Coimisiún tar éis nós imeachta roghnúcháin oscailte agus trédhearcach a bheith ann.

Iarrfar ar an iarrthóir a roghnaítear ráiteas a dhéanamh os comhair Pharlaimint na hEorpa agus ceisteanna ó Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa a fhreagairt. Ní chuirfear moill mhíchuí ar an gceapadh de bharr an mhalartaithe tuairimí sin.

Chun an conradh a thabhairt i gcrích leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, déanfaidh Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta ionadaíocht do Cedefop.

3.   Cúig bliana a bheidh i dtéarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin. Roimh dheireadh na tréimhse sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú ina gcuirfear san áireamh meastóireacht ar fheidhmíocht an Stiúrthóra Feidhmiúcháin agus ar chúraimí agus dúshláin Cedefop amach anseo.

4.   Féadfaidh an Bord Bainistíochta, ag cur san áireamh dó an measúnú dá dtagraítear i mír 3, síneadh a chur le téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin uair amháin, go ceann 5 bliana ar a mhéad.

5.   I gás inar cuireadh síneadh le téarma oifige Stiúrthóra Feidhmiúcháin, ní ghlacfaidh sé nó sí páirt i nós imeachta roghnúcháin eile don phost céanna ag deireadh na tréimhse foriomláine.

6.   Ní fhéadfar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chur as oifig ach amháin ar chinneadh ón mBord Bainistíochta. Sa chinneadh uaidh, tabharfaidh an Bord Bainistíochta aird ar mheasúnú an Choimisiúin ar fheidhmíocht an Stiúrthóra Feidhmiúcháin, dá dtagraítear i mír 3.

7.   Is trí tromlach dhá thrian dá chuid comhaltaí a bhfuil an ceart vótála acu a dhéanfaidh an Bord Bainistíochta cinntí faoi cheapadh, faoi shíneadh téarma oifige agus faoi chur as oifig an Stiúrthóra Feidhmiúcháin.

Airteagal 19

Saineolaithe náisiúnta ar iasacht agus baill foirne eile

1.   Féadfaidh Cedefop leas a bhaint as saineolaithe náisiúnta ar iasacht nó as baill foirne eile nach fostaithe de chuid Cedefop iad.

2.   Glacfaidh an Bord Bainistíochta cinneadh lena leagfar síos rialacha maidir le saineolaithe náisiúnta a thabhairt ar iasacht do Cedefop.

CAIBIDIL V

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 20

Stádas dlíthiúil

1.   Gníomhaireacht de chuid an Aontais a bheidh in Cedefop. Beidh pearsantacht dhlítheanach aige.

2.   I ngach ceann de na Ballstáit, beidh ag Cedefop an inniúlacht dhlítheanach is fairsinge atá ar fáil faoin dlí náisiúnta ag daoine dlítheanacha. Féadfaidh sé, go háirithe, maoin shochorraithe agus maoin dhochorraithe a fháil agus a dhiúscairt agus féadfaidh sé bheith ina pháirtí in imeachtaí dlíthiúla.

3.   Is in Thessaloniki a bheidh suíomh Cedefop.

4.   Féadfaidh Cedefop oifig idirchaidrimh a bhunú sa Bhruiséil chun an comhar a dhéanann sé le hinstitiúidí ábhartha an Aontais a chothú tuilleadh i gcomhréir le hAirteagal 11(6).

Airteagal 21

Pribhléidí agus díolúintí

Beidh feidhm ag Prótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh maidir le Cedefop agus maidir lena fhoireann.

Airteagal 22

Socruithe teanga

1.   Beidh feidhm ag na forálacha a leagtar síos i Rialachán Uimh. 1 ón gComhairle (9) maidir le Cedefop.

2.   Is é an tIonad Aistriúcháin a sholáthróidh na seirbhísí aistriúcháin is gá chun go bhfeidhmeoidh Cedefop.

Airteagal 23

Trédhearcacht agus cosaint sonraí

1.   Cuirfidh Cedefop a ghníomhaíochtaí i gcrích le hardleibhéal trédhearcachta.

2.   Beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) maidir le doiciméid atá i seilbh Cedefop.

3.   Laistigh de 6 mhí tar éis dháta a chéad chruinnithe, glacfaidh an Bord Bainistíochta na rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a chur i bhfeidhm.

4.   Beidh an phróiseáil a dhéanann Cedefop ar shonraí pearsanta faoi réir Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11). Laistigh de 6 mhí tar éis dháta a chéad chruinnithe, bunóidh an Bord Bainistíochta bearta maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2018/1725 ag Cedefop, lena n-áirítear bearta a bhaineann le hOifigeach Cosanta Sonraí a cheapadh. Bunófar na bearta sin tar éis dul i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí.

Airteagal 24

An chalaois a chomhrac

1.   Chun an comhrac in aghaidh na calaoise, an éillithe agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a éascú faoi Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), aontóidh Cedefop, faoin 21 Lúnasa 2019, do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Coimisiún na gComhphobal Eorpach maidir le himscrúduithe inmheánacha arna ndéanamh ag OLAF (13) agus glacfaidh sé na forálacha iomchuí is infheidhme maidir lena fhostaithe uile, ag úsáid an teimpléid a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gComhaontú sin.

2.   Beidh cumhacht ag an gCúirt Iniúchóirí iniúchtaí a dhéanamh, ar bhonn doiciméad agus cigireachtaí ar an láthair, ar gach tairbhí deontais, ar gach conraitheoir agus ar gach fochonraitheoir a fuair cistí Aontais ó Cedefop.

3.   Féadfaidh OLAF imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle (14) d'fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais i ndáil le comhaontú deontais nó le cinneadh deontais nó conradh arna mhaoiniú ag Cedefop.

4.   Gan dochar do mhír 1, mír 2 ná mír 3, beidh forálacha i gcomhaontuithe comhair le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, i gconarthaí, i gcomhaontuithe deontais agus i gcinntí deontais Cedefop, ar forálacha iad lena dtabharfar an chumhacht go sainráite don Chúirt Iniúchóirí agus do OLAF iniúchtaí agus imscrúduithe den sórt sin a dhéanamh i gcomhréir lena gcuid inniúlachtaí faoi seach.

Airteagal 25

Rialacha slándála maidir le faisnéis rúnaicmithe agus faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe a chosaint

Glacfaidh Cedefop rialacha slándála a bheidh coibhéiseach le rialacha slándála an Choimisiúin chun Faisnéis Rúnaicmithe an Aontais Eorpaigh (FRAE) agus faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe a chosaint, a leagtar amach i gCinneadh (AE, Euratom) 2015/443 agus Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444, i gcás inar gá. Cuimseofar le rialacha slándála Cedefop, inter alia agus i gcás inar gá, forálacha maidir le faisnéis den sórt sin a mhalartú, a phróiseáil agus a stóráil.

Airteagal 26

Dliteanas

1.   Beidh dliteanas conarthach Cedefop faoi rialú ag an dlí is infheidhme maidir leis an gconradh atá i gceist.

2.   Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (an Chúirt Bhreithiúnais) breith a thabhairt de bhun aon chlásail eadrána a bheidh i gconradh arna thabhairt i gcrích ag Cedefop.

3.   I gcás dliteanas neamhchonarthach, déanfaidh Cedefop, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta is coiteann do dhlíthe na mBallstát, aon damáiste a shlánú a raibh a ranna nó a bhaill foirne féin ina siocair leis i gcomhlíonadh a gcuid dualgas.

4.   Beidh dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais maidir leis an gcúiteamh i ndamáiste dá dtagraítear i mír 3.

5.   Beidh dliteanas pearsanta a fhoirne i leith Cedefop faoi rialú ag na forálacha a leagtar síos sna Rialacháin Foirne agus i gCoinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile.

Airteagal 27

Meastóireacht

1.   I gcomhréir le hAirteagal 29(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013, déanfaidh Cedefop meastóireachtaí ex ante agus meastóireachtaí ex post ar na cláir agus na gníomhaíochtaí sin lena ngabhann caiteachas suntasach.

2.   Faoin 21 Feabhra 2024, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar meastóireacht i gcomhréir le treoirlínte an Choimisiúin chun feidhmíocht Cedefop a mheasúnú ó thaobh a chuspóirí, a shainordaithe agus a chúraimí de. Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le comhaltaí an Bhoird Bainistíochta agus leis na príomhgheallsealbhóirí eile le linn a mheastóireachta. Tabharfar aghaidh sa mheastóireacht sin, go háirithe, ar an ngá a d'fhéadfadh a bheith le sainordú Cedefop a leasú, agus ar na himpleachtaí airgeadais a d'fhéadfadh a bheith ag aon leasuithe den sórt sin.

3.   Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Bhord Bainistíochta ar thorthaí na meastóireachta. Poibleofar torthaí na meastóireachta.

Airteagal 28

Fiosrúcháin riaracháin

Beidh gníomhaíochtaí Cedefop faoi réir fhiosrúcháin an Ombudsman Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 228 CFAE.

Airteagal 29

Comhar le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta

1.   A mhéid is gá chun na cuspóirí a leagtar amach sa Rialachán seo a bhaint amach, agus gan dochar d'inniúlachtaí na mBallstát agus institiúidí an Aontais faoi seach, féadfaidh Cedefop dul i gcomhar le húdaráis inniúla tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta.

Chuige sin, féadfaidh Cedefop, faoi réir údarú an Bhoird Bainistíochta agus tar éis formheas a fháil ón gCoimisiún, socruithe oibre a bhunú le húdaráis inniúla tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta. Ní chuirfear oibleagáidí dlíthiúla ar an Aontas ná ar na Ballstáit de dheasca na socruithe sin.

2.   Beidh Cedefop oscailte do rannpháirtíocht tríú tíortha a bhfuil comhaontuithe chuige sin déanta acu leis an Aontas.

Faoi fhorálacha ábhartha na gcomhaontuithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, forbrófar socruithe lena sonrófar, go háirithe, cineál, méid agus modh rannpháirtíocht na dtríú tíortha lena mbaineann in obair Cedefop, lena n-áirítear forálacha a bhaineann le rannpháirtíocht i dtionscnaimh a dhéanann Cedefop, le ranníocaíochtaí airgeadais agus le cúrsaí foirne. I dtaca le cúrsaí foirne, comhlíonfaidh na socruithe sin na Rialacháin Foirne i gcás ar bith.

3.   Glacfaidh an Bord Bainistíochta straitéis i gcomhair caidreamh le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta a bhaineann le cúrsaí a mbeidh inniúlacht ag Cedefop ina leith.

Airteagal 30

Comhaontú Ceanncheathrún agus coinníollacha oibriúcháin

1.   Na socruithe is gá maidir leis an gcóiríocht atá le cur ar fáil do Cedefop sa Bhallstát óstach agus na saoráidí a chuirfidh an Ballstát sin ar fáil mar aon leis na rialacha sonracha is infheidhme sa Bhallstát óstach maidir leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, comhaltaí an Bhoird Bainistíochta, baill foirne agus baill dá dteaghlaigh, leagfar síos iad i gComhaontú Ceanncheathrún idir Cedefop agus an Ballstát ina bhfuil an suíomh lonnaithe.

2.   Cuirfidh Ballstát óstach Cedefop na dálaí is gá ar fáil chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh Cedefop, lena n-áirítear scolaíocht ilteangach a bhfuil béim ar an ngné Eorpach inti agus naisc iomchuí iompair.

CAIBIDIL VI

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA

Airteagal 31

Socruithe idirthréimhseacha maidir leis an mBord Bainistíochta

Fanfaidh comhaltaí an Bhoird Rialúcháin arna bhunú ar bhonn Airteagal 4 de Rialachán (CEE) Uimh. 337/75 in oifig agus feidhmeoidh siad feidhmeanna an Bhoird Bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 5 den Rialachán seo go dtí go gceapfar comhaltaí an Bhoird Bainistíochta agus an saineolaí neamhspleách de bhun Airteagal 4(1) den Rialachán seo.

Airteagal 32

Forálacha idirthréimhseacha maidir leis an bhfoireann

1.   Ar feadh na dtréimhsí a bheidh fágtha dá théarma oifige nó dá téarma oifige, is do Stiúrthóir Cedefop a ceapadh ar bhonn Airteagal 6 de Rialachán (CEE) Uimh. 337/75 a shannfar cúraimí an Stiúrthóra Feidhmiúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 11 den Rialachán seo. Ní athrófar coinníollacha eile a chonartha nó a conartha.

2.   I gcás nós imeachta atá ag dul ar aghaidh i gcónaí chun an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a roghnú agus a cheapadh tráth theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, beidh feidhm ag Airteagal 6 de Rialachán (CEE) Uimh. 337/75 go dtí go dtabharfar an nós imeachta sin chun críche.

3.   Leis an Rialachán seo, ní dhéanfar difear do chearta ná d'oibleagáidí na mball foirne atá fostaithe faoi Rialachán (CEE) Uimh. 337/75. Féadfar a gconarthaí fostaíochta a athnuachan faoin Rialachán seo i gcomhréir leis na Rialacháin Foirne agus le Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile.

Coinneofar aon oifig idirchaidrimh de chuid Cedefop atá oibríochtúil tráth theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Airteagal 33

Forálacha buiséadacha idirthréimhseacha

Is i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (CEE) Uimh. 337/75 a dhéanfar an nós imeachta um urscaoileadh maidir leis na buiséid arna bhformheas ar bhonn Airteagal 12a den Rialachán sin.

CAIBIDIL VII

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 34

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 337/75 agus déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

Airteagal 35

Na rialacha inmheánacha arna nglacadh ag an mBord Rialúcháin a choinneáil i bhfeidhm

Fanfaidh na rialacha inmheánacha arna nglacadh ag an mBord Rialúcháin ar bhonn Rialachán (CEE) Uimh. 337/75 i bhfeidhm tar éis an 20 Feabhra 2019, mura gcinnfidh an Bord Bainistíochta a mhalairt agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm.

Airteagal 36

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 16 Eanáir 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. CIAMBA


(1)  IO C 209, 30.6.2017, lch. 49.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Nollaig 2018 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 20 Nollaig 2018.

(3)  Rialachán (CEE) Uimh. 337/75 ón gComhairle an 10 Feabhra 1975 lena mbunaítear Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (IO L 39, 13.2.1975, lch. 1).

(4)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2013 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 7.12.2013, lch. 42).

(5)  IO L 56, 4.3.1968, lch. 1.

(6)  Cinneadh (AE, Euratom) 2015/443 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir le Slándáil sa Choimisiún (IO L 72, 17.3.2015, lch. 41).

(7)  Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe AE a chosaint. (IO L 72, 17.3.2015, lch. 53).

(8)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(9)  Rialachán Uimh. 1 ón gComhairle lena gcinntear na teangacha atá le húsáid ag Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (IO 17, 6.10.1958, lch. 385).

(10)  Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).

(11)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(12)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(13)  IO L 136, 31.5.1999, lch. 15.

(14)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).


31.1.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

106


RIALACHÁN (AE) 2019/129 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Eanáir 2019

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 a mhéid a bhaineann le céim Euro 5 a chur i bhfeidhm i leith cineálcheadú feithiclí dhá roth nó trí roth agus cuadrothar

TÁ PARLIAMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ar bhonn na tuarascála ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir leis an staidéar cuimsitheach ar an tionchar ar an gcomhshaol i dtaca le céim chomhshaoil Euro 5 d'fheithiclí de chatagóir L (“an staidéar ar an tionchar”) a rinneadh faoi Airteagal 23(4) de Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus ag cur saincheisteanna san áireamh a tháinig chun cinn agus an Rialachán sin á chur i bhfeidhm ag údaráis cheadaithe agus ag geallsealbhóirí, ba cheart athruithe áirithe agus soiléiriú áirithe a dhéanamh ar Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 chun cur i bhfeidhm rianúil an Rialacháin sin a áirithiú.

(2)

Maidir leis an gceanglas córas diagnóiseach ar bord (DAB) céim II a shuiteáil lena n-áirithítear go ndéantar faireachán agus tuairisciú ar chlistí agus meath sa chóras rialaithe astaíochta, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid ar bhonn an staidéir ar an tionchar go bhfuil teorainneacha teicniúla i ndáil le faireachán a dhéanamh ar an gcatalaíoch i gcás feithiclí áirithe agus gur gá forbairt bhreise a dhéanamh chun an cur chun feidhme ceart a áirithiú. Meastar nach mbeifear réidh chun faireachán a dhéanamh ar an gcatalaíoch tráth an chéad bhabhta de chéim astaíochta Euro 5, ach tá sé beartaithe go mbeifear réidh i gcomhair 2025. Dá bhrí sin, ba cheart foráil a dhéanamh in Airteagal 21 de Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 don aga is gá chun a áirithiú go gcuirfear an ceanglas a bhaineann le córas DAB céim II chun feidhme i gceart.

(3)

Ós rud é go ndéantar feithiclí de chatagóirí L1e agus L2e a eisiamh cheana ón gceanglas a bheith feistithe le córas DAB céim I, i dtaca leis na feithiclí de chatagóir L6e, ar feithiclí iad a dheartar agus a thógtar de réir sonraíochtaí móipéidí agus nach dtáirgtear ach líon measartha beag díobh, ba cheart iad a dhíolmhú ón gceanglas sin freisin.

(4)

Is gá soiléiriú a thabhairt ar an díolúine atá ag feithiclí de chatagóirí L1e agus L2e ón gceanglas a bheith feistithe le córas DAB céim II agus is gá an díolúine sin a leathnú chuig cuadrothair éadroma (catagóir L6e) agus chuig na fochatagóirí a bhaineann le gluaisrothair enduro (L3e-AxE) agus trial-ghluaisrothair (L3e-AxT).

(5)

Tá saolré ghairid ag gluaisrothair enduro agus trial-ghluaisrothair agus tá cineál na ngluaisrothar sin agus an úsáid a bhaintear astu an-chosúil le cuadrothair uileraoin throma (L7e-B) atá díolmhaithe ón gceanglas a bheith feistithe le córas DAB céim II. Dá bhrí sin, ba cheart an díolúine sin a leathnú chuig gluaisrothair enduro agus trial-ghluaisrothair.

(6)

Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid sa staidéar ar an tionchar nach léirítear an fíormheath a thagann ar an gcóras rialaithe astaíochta de chuid feithicle le linn a saolré leis an nós imeachta marthanachta matamaiticiúil a leagtar amach i bpointe (c) d'Airteagal 23(3) de Rialachán (AE) Uimh. 168/2013, trína ndéantar feithiclí a chnuasaigh 100 km a thástáil. Níor cheart an modh sin a úsáid a thuilleadh ba cheart deireadh a chur leis de réir a chéile faoi 2025 chun a dhóthain aga a thabhairt do gheallsealbhóirí dul i dtaithí air sin. Don tréimhse go dtí 2025, ba cheart fad a chur leis an achar taistil is gá a bheith cnuasaithe ag feithicil sula ndéantar í a thástáil chun a áirithiú go mbeidh torthaí na tástála iontaofa.

(7)

Tá an teicneolaíocht is gá chun cloí le teorainneacha Euro 5 ar fáil cheana. Mar sin féin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid sa staidéar ar an tionchar gur gá dáta chur i bhfeidhm theorainneacha astaíochta Euro 5 le haghaidh feithiclí áirithe de chatagóir L (L6e-B, L2e-U, L3e-AxT agus L3e-AxE) a chur siar ó 2020 go 2024 chun an cóimheas costais is tairbhe a mhéadú i gcomparáid leis an mbunlíne. Ina theannta sin, tá aga breise ag teastáil ó mhonaróirí na bhfeithiclí sin, ar FBManna iad den chuid is mó, chun a áirithiú gur féidir aistriú chuig gléasraí cumhachta gan astaíochtaí ar bith, amhail leictriúchán, ar bhealach costéifeachtach.

(8)

Le hAirteagal 30 de Rialachán (AE) Uimh. 168/2013, ceanglaítear go mbeidh torthaí na tástála, mar cheangaltán, i ndeimhniú ar chineálcheadú AE. Ar mhaithe le soiléireacht, ba cheart an fhoráil sin a leasú chun a shoiléiriú gurb é an rud a bhfuiltear ag tagairt dó ná bileog thorthaí na tástála.

(9)

Maidir le neamhréireachtaí áirithe i leith dháta chur i bhfeidhm na dteorainneacha don leibhéal fuaime le haghaidh Euro 5 in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 168/2013, ba cheart iad a shoiléiriú chun a áirithiú go leanfaidh na teorainneacha (Euro 4) atá ann cheana de bheith infheidhme go dtí gur féidir na teorainneacha nua a leagan síos le haghaidh Euro 5.

(10)

Le Rialachán (AE) Uimh. 168/2013, tugadh an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh ar feadh tréimhse 5 bliana, a chuaigh in éag an 21 Márta 2018. Ós rud é go mbíonn síorghá le gnéithe den reachtaíocht maidir le cineálcheadú a thabhairt bord ar bhord le dul chun cinn teicniúil nó go mbíonn síorghá le leasuithe eile a thabhairt isteach i gcomhréir leis na cumhachtaí a tugadh, ba cheart an Rialachán sin a leasú chun foráil a dhéanamh maidir leis an tarmligean a fhadú go ceann 5 bliana eile agus an deis a thabhairt an tréimhse sin a fhadú go hintuigthe.

(11)

Ar mhaithe le deimhneacht dhlítiúil, maidir leis an gcumhacht a thugtar don Choimisiún i Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i dtaca leis na ceanglais theicniúla a bhaineann le córas diagnóiseach ar bord, ba cheart an chumhacht sin a shoiléiriú agus a bheachtú.

(12)

Ós rud é go leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 leis an Rialachán seo gan an t-ábhar rialála atá ann a leathnú agus nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí an Rialacháin seo, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(13)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 21:

“Airteagal 21

Ceanglais ghinearálta maidir le córais dhiagnóiseacha ar bord

1.   Déanfar feithiclí de chatagóir L, cé is moite d'fheithiclí de chatagóirí L1e, L2e agus L6e, a fheistiú le córas DAB lena gcomhlíontar na ceanglais fheidhmiúla agus na nósanna imeachta tástála a leagtar síos sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 8 agus amhail ó na dátaí cur i bhfeidhm a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.

2.   Ó na dátaí a leagtar amach i bpointe 1.8.1 d'Iarscríbhinn IV, déanfar feithiclí de (fho-)chatagóirí L3e, L4e, L5e-A agus L7e-A a fheistiú le córas DAB céim I lena ndéantar faireachán ar aon chliseadh ar an gciorcad leictreach nó ar an gcóras leictreonaice sa chóras rialaithe astaíochta agus lena ndéantar tuairisciú ar na clistí sin arb é an toradh a bhíonn orthu go sáraítear na tairseacha astaíochta a leagtar síos in Iarscríbhinn VI (B1).

3.   Ó na dátaí a leagtar amach i bpointe 1.8.2 d'Iarscríbhinn IV, déanfar feithiclí de (fho-)chatagóirí L3e, L4e, L5e agus L7e a fheistiú le córas DAB céim I lena ndéantar faireachán ar aon chliseadh ar an gciorcad leictreach agus ar an gcóras leictreonaice sa chóras rialaithe astaíochta agus lena dtionscnaítear tuarascáil nuair a sháraítear na tairseacha astaíochta a leagtar síos in Iarscríbhinn VI (B1). Ina theannta sin, maidir leis na (fo-)chatagóirí feithiclí sin, déanfar tuairisciú trí bhíthin córais DAB céim I ar aon mhodh oibríochta a thionscnaítear lena laghdaítear casmhóimint an innill go suntasach.

4.   Ó na dátaí a leagtar amach i bpointe 1.8.3 d'Iarscríbhinn IV, déanfar feithiclí de chatagóirí L3e, L4e, L5e agus L7e a fheistiú le córas DAB céim I lena ndéantar faireachán ar aon chliseadh ar an gciorcad leictreach agus ar an gcóras leictreonaice sa chóras rialaithe astaíochta agus lena dtionscnaítear tuarascáil nuair a sháraítear na tairseacha astaíochta a leagtar síos in Iarscríbhinn VI (B2). Ina theannta sin, maidir leis na catagóirí feithiclí sin, déanfar tuairisciú trí bhíthin córais DAB céim I ar aon mhodh oibríochta a thionscnaítear lena laghdaítear casmhóimint an innill go suntasach.

5.   Ó na dátaí a leagtar amach i bpointe 1.8.4 d'Iarscríbhinn IV, déanfar feithiclí de (fho-)chatagóirí L3e, L4e, L5e-A agus L7e-A a fheistiú ina theannta sin le córas DAB céim II lena ndéantar faireachán agus tuairisciú ar chlistí agus meath ar an gcóras rialaithe astaíochta, cé is moite d'fhaireachán ar an gcatalaíoch, arb é an toradh a bhíonn orthu go sáraítear na tairseacha astaíochta DAB a leagtar síos in Iarscríbhinn VI (B1).

6.   Ó na dátaí a leagtar amach i bpointe 1.8.5 d'Iarscríbhinn IV, déanfar feithiclí de (fho-)chatagóirí L3e, L4e, L5e-A agus L7e-A a fheistiú ina theannta sin le córas DAB céim II lena ndéantar faireachán agus tuairisciú ar chlistí agus meath ar an gcóras rialaithe astaíochta arb é an toradh a bhíonn orthu go sáraítear na tairseacha astaíochta DAB a leagtar síos in Iarscríbhinn VI (B2).

7.   Ní bheidh feidhm ag mír 5 ná mír 6 maidir le gluaisrothair enduro i bhfochatagóir L3e-AxE ná le trial-ghluaisrothair i bhfochatagóir L3e-AxT.

8.   Chun an tuairisciú a dhéantar leis an gcóras DAB ar shábháilteacht fheidhmiúil nó ar fhabhtanna sa chóras rialaithe astaíochta a chomhchuibhiú agus deisiú éifeachtach éifeachtúil feithicle a éascú, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 75 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na ceanglais theicniúla mhionsonraithe a leagan síos a bhaineann le córas diagnóiseach ar bord i leith na gcatagóirí feithiclí agus na bhfochatagóirí feithiclí a leagtar amach in Iarscríbhinn II, C1 – Ceanglais maidir le tógáil feithiclí agus ceanglais ghinearálta maidir le cineálcheadú, sa tsraith a bhaineann le hUimh. 11, lena n-áirítear ceanglais fheidhmiúla DAB agus nósanna imeachta tástála i gcás na n-ábhar a liostaítear i mír 1 go mír 7 den Airteagal seo, agus trí na ceanglais theicniúla mhionsonraithe a leagan síos a bhaineann le cineál tástála VIII dá dtagraítear in Iarscríbhinn V.”;

(2)

in Airteagal 23(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

“(c)

nós imeachta marthanachta matamaiticiúil:

Go dtí an 31 Nollaig 2024, i gcomhair gach comhchoda astaíochta, maidir le toradh iolrú na toisce meatha a leagtar amach in Iarscríbhinn VII (B) agus a dtagann de bharr na tástála feidhmíochta comhshaoil de chuid feithicil a chnuasaigh breis is 100 km tar éis í a chur ar siúl den chéad uair i gceann na líne táirgthe, beidh an toradh sin níos ísle ná an teorainn tástála feidhmíochta comhshaoil a leagtar amach in Iarscríbhinn VI (A).

D'ainneoin na chéad fhomhíre, i gcás cineálacha nua feithiclí ón 1 Eanáir 2020 agus i gcás cineálacha feithiclí atá ann cheana ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2024, i gcomhair gach comhchoda astaíochta, maidir le toradh iolrú na toisce meatha a leagtar amach in Iarscríbhinn VII (B) agus a dtagann de bharr na tástála feidhmíochta comhshaoil de chuid feithicil a chnuasaigh breis is 2 500 km i gcás feithicil faoi uasluas dearaidh feithicle de < 130 km san uair agus 3 500 km i gcás feithicil faoi uasluas dearaidh feithicle de ≥ 130 km san uair nó atá comhionann leis tar éis í a chur ar siúl den chéad uair i gceann na líne táirgthe, beidh an toradh sin níos ísle ná an teorainn astaíochtaí sceithphíopa a leagtar amach in Iarscríbhinn VI (A).”;

(3)

in Airteagal 30(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b)

bileog thorthaí na tástála;”;

(4)

in Airteagal 44(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír ach amháin maidir le feithiclí laistigh de chríoch an Aontais a bhí cumhdaithe ag cineálcheadú AE bailí tráth a dtáirgthe, ach nár cláraíodh nó nár cuireadh i seirbhís sular chaill an cineál-cheadú AE sin a bhailíocht.”;

(5)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 75(2):

“2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 18(3), Airteagal 20(2), Airteagal 21(8), Airteagal 22(5) agus (6), Airteagal 23(6) agus (12), Airteagal 24(3), Airteagal 25(8), Airteagal 32(6), Airteagal 33(6), Airteagal 50(4), Airteagal 54(3), Airteagal 57(12), Airteagal 65 agus Airteagal 74 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 22 Márta 2013. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí 5 bliana, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná an 22 Meitheamh 2022 agus 9 mí roimh dheireadh gach tréimhse 5 bliana ina dhiaidh sin tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta.”;

(6)

déantar Iarscríbhinní II, IV, V agus VI a leasú i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 16 Eanáir 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. CIAMBA


(1)  IO C 367, 10.10.2018, lch. 32.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 29 Samhain 2018 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 17 Nollaig 2018.

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2013 maidir le ceadú agus le faireachas margaidh ar fheithiclí dhá nó trí roth agus cuadrothair (IO L 60, 2.3.2013, lch. 52).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinní II, IV, V agus VI a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 mar a leanas:

(1)

In Iarscríbhinn II, roinn C1, sa tsraith a bhaineann le hUimh. 11, scriostar an comhartha “X” i gcás na bhfochatagóirí L6e-A agus L6e-B;

(2)

In Iarscríbhinn IV, leasaítear an tábla mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí 1.1.2.1., 1.1.2.2. agus 1.1.2.3.:

“1.1.2.1.

Euro 4: Iarscríbhinn VI A1

L1e, L2e, L6e

1.1.2017

1.1.2018

31.12.2020; le haghaidh L2e-U agus L6e-B: 31.12.2024

1.1.2.2.

Euro 4: Iarscríbhinn VI A1

L3e, L4e, L5e, L7e

1.1.2016

1.1.2017

31.12.2020; le haghaidh L3e-AxE agus L3e-AxT 31.12.2024

1.1.2.3.

Euro 5: Iarscríbhinn VI A2

L1e-L7e

1.1.2020;

le haghaidh L2e-U, L3e-AxE, L3e-AxT agus L6e-B: 1.1.2024

1.1.2021;

le haghaidh L2e-U, L3e-AxE, L3e-AxT agus L6e-B: 1.1.2025”;

 

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1.8.1., pointe 1.8.2. agus pointe 1.8.3:

“1.8.1..

DAB céim I, ceanglais fheidhmiúla

L3e, L4e, L5e-A, L7e-A

1.1.2016

1.1.2017

31.12.2020

DAB céim I, nós imeachta don tástáil comhshaoil (cineál tástála VIII)

DAB céim I, tairseacha don tástáil comhshaoil, Iarscríbhinn VI (B1)

1.8.2.

DAB céim I, ceanglais fheidhmiúla lena n-áirítear aon mhodh oibríochta lena laghdaítear casmhóimint an innill go suntasach

L3e, L4e, L5e, L7e

1.1.2020

1.1.2021

31.12.2024

DAB céim I, nós imeachta don tástáil comhshaoil (cineál tástála VIII)

DAB céim I, tairseacha don tástáil comhshaoil, Iarscríbhinn VI (B1)

1.8.3.

DAB céim I, ceanglais fheidhmiúla lena n-áirítear aon mhodh oibríochta lena laghdaítear casmhóimint an innill go suntasach

L3e, L4e, L5e, L7e

1.1.2024

1.1.2025”;

 

DAB céim I, nós imeachta don tástáil comhshaoil (cineál tástála VIII)

DAB céim I, tairseacha don tástáil comhshaoil, Iarscríbhinn VI (B2)

(c)

cuirtear na pointí seo a leanas isteach:

“1.8.4.

DAB céim II, ceanglais fheidhmiúla cé is moite d'fhaireachán ar an gcatalaíoch

L3e (cé is moite de L3e-AxE agus L3e-AxT), L4e, L5e-A, L7e-A

1.1.2020

1.1.2021

31.12.2024

DAB céim II, nósanna imeachta don tástáil comhshaoil (cineál tástála VIII)

DAB céim II, tairseacha don tástáil comhshaoil, Iarscríbhinn VI (B1)

1.8.5.

DAB céim II, ceanglais fheidhmiúla,

L3e (cé is moite de L3e-AxE agus L3e-AxT), L4e, L5e-A, L7e-A

1.1.2024

1.1.2025”;

 

DAB céim II, nósanna imeachta don tástáil comhshaoil (cineál tástála VIII),

DAB céim II, tairseacha don tástáil comhshaoil, Iarscríbhinn VI (B2)

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí 1.9.1. agus 1.9.2.:

“1.9.1.

Nós imeachta tástála agus luachanna teorann don leibhéal fuaime, Iarscríbhinn VI (D)

L1e, L2e, L6e

1.1.2017

1.1.2018

 

1.9.2.

Nós imeachta tástála agus luachanna teorann don leibhéal fuaime (3), Iarscríbhinn VI (D)

L3e, L4e, L5e, L7e

1.1.2016

1.1.2017”;

 

(e)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1.9.4.:

“1.9.4.

Rialacháin de chuid Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip Uimhreacha 9, 41, 63, 92 agus na luachanna teorann nua gaolmhara arna moladh ag an gCoimisiún

L1e-L7e”.

 

 

 

(3)

In Iarscríbhinn V, roinn B, cuirtear an méid seo a leanas in ionad inneachar na cille sa chéad cholún, an dara sraith:

“Cineál tástála I (19) Mais cháithníneach (Euro 5 amháin).”;

(4)

Leasaítear Iarscríbhinn VI mar a leanas:

(a)

i roinn B1, scriostar an chéad sraith a thagraíonn do chatagóir feithicle “L6e-A”;

(b)

i roinn B2, sa chéad sraith:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téarma: “L3e-L7e (6)”:

“L3e, L4e, L5e, L7e”;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na bhfocal: “Gach feithicil de chatagóir L seachas catagóir L1e agus L2e”:

“Gach feithicil de chatagóir L seachas catagóir L1e, L2e agus L6e”.


TREORACHA

31.1.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

112


TREOIR (AE) 2019/130 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Eanáir 2019

lena leasaítear Treoir 2004/37/CE maidir le hoibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí nó do shó-ghineacha ag an obair

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe pointe (b) d'Airteagal 153(2), i gcomhar le pointe (a) d'Airteagal 153(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is é is aidhm do Threoir 2004/37/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) oibrithe a chosaint i gcoinne rioscaí dá sláinte agus dá sábháilteacht a thagann as nochtadh do charcanaiginí nó do shó-ghineacha sa láthair oibre. Leis an Treoir sin, foráiltear do leibhéal comhsheasmhach cosanta ar na rioscaí a bhaineann le carcanaiginí nó só-ghineacha trí bhíthin chreat na bprionsabal ginearálta ionas gur féidir leis na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear na ceanglais íosta i bhfeidhm ar bhealach comhsheasmhach. Is gnéithe tábhachtacha de na socruithe ginearálta maidir le cosaint oibrithe a bunaíodh faoin Treoir sin, na teorainnluachanna ceangailteacha um nochtadh ag an obair arna mbunú ar bhonn na faisnéise infhaighte, lena n-áirítear sonraí eolaíocha agus teicniúla, indéantacht eacnamaíoch, measúnú críochnúil ar thionchar socheacnamaíoch agus infhaighteacht prótacal agus teicnící um nochtadh a thomhas sa láthair oibre. Sa chomhthéacs sin, tá sé bunriachtanach go gcuirfí prionsabal an réamhchúraim san áireamh i gcás éiginnteachtaí. Is é is aidhm do na ceanglais íosta dá bhforáiltear sa Treoir sin oibrithe a chosaint ar leibhéal an Aontais. Is féidir leis na Ballstáit teorainnluachanna ceangailteacha níos déine maidir le nochtadh ag an obair, mar aon le bearta cosanta eile, a leagan síos iad féin.

(2)

Is cuid de na bearta bainistithe riosca atá i dTreoir 2004/37/CE na teorainnluachanna céanna sin um nochtadh ag an obair. Ní dochar comhlíonadh na dteorainnluachanna sin do na ceanglais eile a leagfar ar fhostóirí de bhun na Treorach sin, go háirithe laghdú ar úsáid carcanaiginí agus só-ghineach ar an láthair oibre, nochtadh na n-oibrithe do charcanaiginí agus do shó-ghineacha a chosc nó a laghdú, agus bearta is ceart a chur chun feidhme chun na críche sin. Ach é a bheith indéanta go teicniúil, is ceart a áireamh ar na bearta sin go bhféadfaí carcanaigin nó só-ghineach a bhaint agus substaint, meascán nó próiseas nach bhfuil contúirteach do shláinte na n-oibrithe nó ar lú a gcontúirt do shláinte na n-oibrithe a chur ina n-ionad, sin nó córas dúnta a úsáid, nó bearta eile darb aidhm leibhéal an nochta a laghdú a mhéid is féidir do na hoibrithe.

(3)

I dtaca le formhór na gcarcanaiginí agus na só-ghineach, ní acmhainn don eolaíocht leibhéil a shainaithint nach mbeadh éifeachtaí díobhálacha ann faoina mbun. Bíodh is nach féidir na rioscaí do shláinte agus sábháilteacht na n-oibrithe as nochtadh do charcanaiginí nó do shó-ghineacha ag an obair (i.e. riosca iarmharach) a dhíothú trí theorainnluachanna a leagan síos don láthair oibre de bhun na Treorach seo, ní beag an cúnamh sin, mar sin féin, mar go laghdaítear go mór na rioscaí a eascraíonn ó nochtadh dá leithéid, a bhuí leis an gcur chuige céim ar chéim agus cuspóir-dírithe de bhun Threoir 2004/37/CE. I dtaca le carcanaiginí agus só-ghineacha eile, is acmhainn don eolaíocht leibhéil a shainaithint nár dhóigh go dtarlódh éifeachtaí díobhálacha faoina mbun.

(4)

I dtaca le huasleibhéil nochtadh na n-oibrithe do charcanaiginí nó do shó-ghineacha, is le teorainnluachanna a bhunaítear iad agus, de bhun Threoir 2004/37/CE, ní ceadmhach na teorainnluachanna sin a shárú. Ba cheart na teorainnluachanna sin a athbhreithniú agus ba cheart teorainnluachanna a leagan síos maidir le carcanaiginí agus só-ghineacha breise.

(5)

Ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar na teorainnluachanna a leagtar síos sa Treoir seo, nuair is gá sin, i bhfianaise na faisnéise atá ar fáil, lena n-áirítear sonraí eolaíocha agus teicniúla agus dea-chleachtais fhianaise-bhunaithe, teicnící fianaise-bhunaithe agus prótacail fhianaise-bhunaithe maidir le leibhéil nochta a thomhas ar an láthair oibre. Ba cheart sonraí maidir le rioscaí iarmharacha do shláinte na n-oibrithe agus na tuairimí a fuarthas ón gCoiste Eolaíoch um Theorainneacha Nochta Ceirde (SCOEL) agus ón gCoiste Comhairleach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (ACSH) a bheith san áireamh ar an bhfaisnéis sin, más féidir. I dtaca le faisnéis a bhaineann le riosca iarmharach agus a chuirtear ar fáil go poiblí ar leibhéal an Aontais, ní beag an éadáil sin i ndáil lena ndéanfar amach anseo ar mhaithe le teorainn a chur leis na rioscaí a eascraíonn ón nochtadh do charcanaiginí agus do shó-ghineacha, lena n-áirítear aon athbhreithniú a dhéanfar feasta ar theorainnluachanna a leagtar síos sa Treoir seo.

(6)

Tráth nach déanaí ná an chéad ráithe de 2019, ba cheart don Choimisiún, agus na forbairtí is déanaí ar an eolas eolaíoch á gcur san áireamh aige, measúnú a dhéanamh ar an rogha chun raon feidhme Threoir 2004/37/CE a leasú chun substaintí atá tocsaineach don atáirgeadh a áireamh. Ar an mbonn sin, ba cheart don Choimisiún togra reachtach a thíolacadh, i gcás inarb iomchuí, tar éis dó dul i gcomhairle leis an lucht bainistíochta agus leis an lucht saothair.

(7)

I dtaca le carcanaiginí neamhthairsí áirithe, níl sé indéanta teorainnluach nochta sláintebhunaithe a dhíorthú ina leith, ach is féidir teorainnluach a leagan síos do na carcanaiginí sin ar bhonn na faisnéise atá ar fáil, lena n-áirítear sonraí eolaíocha agus teicniúla.

(8)

I dtaca le cuid de na carcanaiginí agus só-ghineacha, chun an leibhéal cosanta is airde is féidir a áirithiú, ní mór a thabhairt san áireamh go bhféadfadh conairí ionsúcháin eile a theacht i gceist, lena n-áirítear tógáil tríd an gcraiceann.

(9)

Cuidíonn SCOEL leis an gCoimisiún, go háirithe leis na sonraí eolaíocha is deireanaí dá bhfuil ar fáil a mheas, agus le teorainnluachanna um nochtadh ag an obair a mholadh ar mhaithe le hoibrithe a chosaint ar rioscaí ceimiceacha, a bheith le socrú ar leibhéal an Aontais de bhun Threoir 98/24/CE ón gComhairle (4) agus Threoir 2004/37/CE. Comhlacht trípháirteach a thugann cúnamh don Choimisiún maidir le hullmhú, le cur chun feidhme agus le meastóireacht na ngníomhaíochtaí i réimse na sláinte agus na sábháilteachta ag an obair is ea ACSH. Go háirithe, glacann ACSH tuairimí trípháirteacha i ndáil le tionscnaimh lena ndéantar teorainnluachanna nochta ag an obair a shocrú ar leibhéal an Aontais ar bhonn na faisnéise atá ar fáil, lena n-áirítear sonraí eolaíocha agus teicniúla, mar aon le sonraí maidir le gnéithe sóisialta agus indéantacht eacnamaíoch na dtionscnamh sin. Breithníodh freisin ar fhoinsí eile faisnéise eolaíche, a bhí sách iontaofa agus san fhearann poiblí, go háirithe an Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta um Thaighde ar Ailse (IARC), an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte agus gníomhaireachtaí náisiúnta.

(10)

Tá obair SCOEL agus trédhearcacht na hoibre sin ríthábhachtach chun próiseas beartais atá freagrach a bhaint amach. Má tá obair SCOEL le hatheagrú, ba cheart acmhainní tiomnaithe a ráthú agus níor cheart saineolas sonrach maidir le heipidéimeolaíocht, tocsaineolaíocht, míochaine shaothair agus sláinteachas oibre a chailleadh.

(11)

Na leasuithe ar Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2004/37/CE dá bhforáiltear sa Treoir seo, is céim bhreise iad i bpróiseas fadtéarmach chun Treoir 2004/37/CE a thabhairt cothrom le dáta. Mar an chéad chuid eile den phróiseas sin, thíolaic an Coimisiún togra maidir le teorainnluachanna agus nodaireachtaí craicinn a bhunú i dtaca le cúig cinn de charcanaiginí breise. Thairis sin, ina theachtaireacht an 10 Eanáir 2017 dar teideal “Obair níos Sábháilte agus níos Folláine do Chách — Nuachóiriú ar Reachtaíocht agus ar Bheartas an Aontais maidir le Sábháilteacht agus Sláinte Cheirde” (Safer and Healthier Work for All — Modernisation of the EU Occupational Safety and Health Legislation and Policy), chuir an Coimisiún in iúl gur cheart leasuithe breise a dhéanamh ar Threoir 2004/37/CE. Ba cheart don Choimisiún, ar bhonn leanúnach, leanúint dá chuid oibre maidir le nuashonruithe ar Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2004/37/CE, i gcomhréir le hAirteagal 16 de sin agus leis an ngnáthchleachtas, agus ba cheart dó iad a leasú nuair is gá sin, i bhfianaise na faisnéise atá ar fáil, lena n-áirítear sonraí eolaíocha agus teicniúla arna bhfáil i rith an ama, amhail sonraí a bhaineann le riosca iarmharach. Ba cheart gurbh é a bheadh mar thoradh ar an obair sin, i gcás inarb iomchuí, moltaí maidir le hathbhreithnithe a dhéanfar amach anseo ar na teorainnluachanna atá leagtha amach i dTreoir 2004/37/CE agus sa Treoir seo, mar aon le moltaí le haghaidh substaintí breise, meascáin agus próisis bhreise in Iarscríbhinn I agus teorainnluachanna breise in Iarscríbhinn III.

(12)

Is den tábhacht go gcosnófar oibrithe a nochtar do shubstaintí carcanaigineacha nó do shubstaintí só-ghineacha a scaoiltear agus drugaí guaiseacha a bheith á n-ullmhú, á riar nó á ndiúscairt, lena n-áirítear drugaí cíteastatacha nó cíteatocsaineacha, agus obair lena mbaineann nochtadh do shubstaintí carcanaigineacha nó substaintí só-ghineacha mar gheall ar dhrugaí guaiseacha nó ábhair atá éillithe ag drugaí guaiseacha a bheith á nglanadh, á n-iompar, á ní agus á ndiúscairt agus i gcúram pearsanta othar atá á gcóireáil le drugaí guaiseacha. Mar an chéad chéim, d'eisigh an Coimisiún comhairle i ndáil leis na rioscaí sláinte agus sábháilteachta ag an obair a laghdú in earnáil an chúraim sláinte, lena n-áirítear maidir leis an riosca a bhaineann leis an nochtadh do dhrugaí cíteastatacha nó cíteatocsaineacha, i dtreoir thiomnaithe i ndáil leis an gcosc agus leis an dea-chleachtas. Ní dochar an chomhairle sin do thograí reachtacha eile nó tionscnaimh eile a d'fhéadfaí a dhéanamh.

(13)

I gcomhréir le moltaí SCOEL agus ACSH, nuair atá fáil orthu, bunaítear teorainnluachanna do bhealach ionanálaithe an nochta maidir le tréimhse thagartha 8 n-uaire mar mheán ualaithe thar thréimhse ama (teorainnluachanna nochta fhadtéarmaigh) agus, i gcás carcanaiginí agus só-ghineacha áirithe maidir le tréimhse tagartha níos giorra, 15 nóiméad mar mheán ualaithe thar thréimhse ama i gcoitinne (teorainnluachanna nochta ghearrthéarmaigh), chun na héifeachtaí a eascraíonn as nochtadh gearrthéarmach a theorannú, a mhéid is féidir. Socraítear freisin nodaireachtaí craicinn i gcomhréir le moltaí SCOEL agus le moltaí ACSH. Ba cheart foinsí breise faisnéise eolaíche atá sách iontaofa agus san fhearann poiblí a chur san áireamh freisin.

(14)

Ba cheart an prionsabal go ndéanfaí cosc ar an láthair oibre a chur chun cinn freisin maidir le héifeachtaí carcanaiginí agus le héifeachtaí só-ghineach ar na glúine atá le teacht acu, amhail tionchair dhiúltacha ar an acmhainn atáirgthe d'fhir agus do mhná araon, agus ar fhorbairt an fhéatais. Chuige sin, ba cheart do na Ballstáit dea-chleachtais a chomhroinnt sa réimse sin.

(15)

Tá dóthain fianaise ann maidir le carcanaigineacht na n-olaí mianracha sin a úsáideadh in innill dócháin inmheánaigh chun na páirteanna a ghluaiseann laistigh den inneall a bhealú agus a fhuarú. Ó tharla gur trí phróiseas a ghintear na holaí innill mianracha úsáidte sin, ní faoi réir a n-aicmithe iad i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). Shainaithin SCOEL an fhéidearthacht go dtarlódh ionsúchán suntasach tríd an gcraiceann i gcás na n-olaí sin, agus measadh go dtarlaíonn nochtadh ag an obair tríd an mbealach deirmeach agus moladh go láidir nodaireacht craicinn a bhunú. D'aontaigh ACSH gur cheart olaí innill mianracha úsáidte a chur leis na substaintí carcanaigineacha agus na meascáin agus próisis charcanaigineacha a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2004/37/CE agus go bhféadfadh sé go dtarlódh ionsúchán suntasach tríd an gcraiceann. I dtaca leis an nochtadh deirmeach, is féidir úsáid a bhaint as raon de na cleachtais is fearr chun an nochtadh sin a theorannú, lena n-áirítear úsáid a bhaint as trealamh cosanta pearsanta, amhail lámhainní, agus éadaí éillithe a ghlanadh agus a dhiúscairt. Ach na cleachtais sin agus cleachtais eile ar gearr uainn anois iad á gcomhlíonadh ina n-iomláine, d'fhéadfaí an nochtadh sin a laghdú. Dá bhrí sin, i ndáil le hobair ina dtarlaíonn nochtadh d'olaí mianracha a úsáideadh in innill dócháin inmheánaigh chun na páirteanna a ghluaiseann laistigh den inneall a bhealú agus a fhuarú, is iomchuí í a chur in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2004/37/CE agus nodaireacht craicinn a shannadh di in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2004/37/CE lena léirítear go bhféadfadh ionsúchán suntasach tríd an gcraiceann a tharlú.

(16)

Tá dóthain fianaise ann maidir le carcanaigineacht astaíochtaí sceite innill díosail a thagann as breosla díosail a dhó in innill adhainte comhbhrú. Ó tharla gur trí phróiseas a ghintear na hastaíochtaí sceite innill díosail sin, ní faoi réir a n-aicmithe iad i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008. Chomhaontaigh ACSH gur cheart astaíochtaí traidisiúnta innill díosail a chur leis na substaintí carcanaigineacha agus na meascáin agus próisis charcanaigineacha atá liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2004/37/CE agus d'iarr sé tuilleadh imscrúduithe a dhéanamh ar ghnéithe eolaíocha agus teicniúla cineálacha nua inneall. Tá astaíochtaí sceite innill díosail rangaithe ag IARC ina gcarcanaigineach i gcás daoine (IARC chatagóir 1) agus tá sé sonraithe ag IARC, cé gur lú líon na gcáithníní agus na gceimiceán sna cineálacha nua inneall díosail, nach bhfuil sé soiléir fós an mbeidh difríochtaí sna héifeachtaí sláinte mar gheall ar na hathruithe cainníochtúla agus cáilíochtúla sin. Tá sé sonraithe freisin ag IARC gur gnáth go n-úsáidtear an carbón eiliminteach, ar cuid shuntasach de na hastaíochtaí sin é, mar chomhartha nochta. I bhfianaise an méid sin thuasluaite agus líon na n-oibrithe atá nochta, is iomchuí obair lena mbaineann nochtadh d'astaíochtaí sceite innill díosail a chur san áireamh in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2004/37/CE agus teorainnluach a bhunú do dhíosail in Iarscríbhinn III a ghabhann leis d'astaíochtaí sceite innill díosail arna ríomh ar charbón eiliminteach. Ba cheart astaíochtaí sceite ó gach cineál innill díosail a chumhdach leis na hiontrálacha in Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2004/37/CE.

(17)

Maidir le hastaíochtaí sceite innill díosail, d'fhéadfadh sé gur deacair teorainnluach de 0.05 mg/m3, arna thomhas mar charbón eiliminteach, a bhaint amach sa ghearrthéarma. Ba cheart, dá bhrí sin, idirthréimhse 2 bhliain a thabhairt isteach, de bhreis ar an tréimhse don trasuí, sula mbeadh feidhm ag an teorainnluach. I gcás earnálacha na mianadóireachta faoi thalamh agus na tógála tollán, áfach, ba cheart idirthréimhse 5 bliana a thabhairt isteach, de bhreis ar an tréimhse trasuite, sula mbeadh feidhm ag an teorainnluach.

(18)

Tá meascáin áirithe de hidreacarbóin il-timthriallacha aramatacha (PAHanna) ann, go háirithe iad siúd ina mbíonn beinsi[a]piréin, agus ó tharla go gcomhlíonann siad na critéir sin a d'fhágfadh in aicme na gcarcanaiginí (catagóir 1A nó 1B) iad i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008, is carcanaiginí iad mar a shainmhínítear i dTreoir 2004/37/CE. D'fhéadfadh nochtadh do mheascáin den sórt sin tarlú agus obair a bhaineann le próisis dócháin ar siúl, amhail ó dhóchán sceite innill, agus próisis dócháin ardteochta, i measc nithe eile. Shainaithin SCOEL an fhéidearthacht go dtarlódh ionsúchán suntasach tríd an gcraiceann i gcás na meascán sin agus d'aontaigh ACSH ar a thábhachtaí atá sé teorainnluach don nochtadh do mheascáin PAHanna ag an obair a thabhairt isteach agus mhol sé go ndéanfaí an obair mheastóireachta ar na gnéithe eolaíocha d'fhonn teorainnluach don nochtadh ag an obair a mholadh amach anseo. Is iomchuí, dá bhrí sin, nodaireacht craicinn a shannadh dó in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2004/37/CE ina léirítear an fhéidearthacht maidir le hionsúchán suntasach tríd an gcraiceann. Ba cheart imscrúduithe breise a dhéanamh freisin lena mheasúnú an gá teorainnluach a shocrú do mheascáin PAHanna d'fhonn oibrithe a chosaint ar na meascáin sin ar bhealach níos fearr.

(19)

Comhlíonann tríchlóireitiléin na critéir lena cur in aicme charcanaigineach (catagóir 1B) i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 agus, dá bhrí sin, is carcanaigin í mar a shainmhínítear i dTreoir 2004/37/CE. Shainaithin SCOEL tríchlóireitiléine mar charcanaigin ghéineatocsaineach. Ar bhonn na faisnéise atá ar fáil, lena n-áirítear sonraí eolaíocha agus teicniúla, is féidir teorainnluachanna a leagan síos do thríchlóireitiléin i ndáil le tréimhse thagartha dar fad 8 n-uaire an chloig (teorainnluach nochta fhadtéarmaigh), agus i ndáil le tréimhse thagartha am-ualaithe is giorra ná sin dar fad 15 nóiméad (teorainnluach nochta ghearrthéarmaigh). Shainaithin SCOEL an fhéidearthacht go dtarlódh ionsúchán suntasach tríd an gcraiceann i gcás na carcanaigine sin agus chomhaontaigh ACSH teorainnluach praiticiúil, ar bhonn na faisnéise atá ar fáil, lena n-áirítear sonraí eolaíocha agus teicniúla. Is iomchuí, dá bhrí sin, teorainnluachanna fadtéarmacha agus gearrthéarmacha a bhunú do thríchlóireitiléin agus nodaireacht craicinn a shannadh dóibh in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2004/37/CE ina léirítear an fhéidearthacht maidir le hionsúchán suntasach tríd an gcraiceann. Ó tharla go mbíonn an fhianaise eolaíoch ag síorfhorbairt agus go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh, ba cheart súil ghéar a choinneáil ar theorainnluachanna na substainte sin i gcónaí.

(20)

Comhlíonann 4,4′-Mheitiléindi-ainilín (MDA) na critéir lena chur in aicme charcanaigineach (catagóir 1B) i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 agus, dá bhrí sin, is carcanaigin é mar a shainmhínítear i dTreoir 2004/37/CE. Chinn SCOEL nach féidir teorainnluach sláintebhunaithe a dhíorthú i gcás na carcanaigine neamhthairsí sin. Ach is féidir, ar bhonn na faisnéise atá ar fáil, lena n-áirítear sonraí eolaíocha agus teicniúla, teorainnluach a shocrú i gcás 4,4′-Mheitiléindi-ainilín. Shainaithin SCOEL an fhéidearthacht go dtarlódh ionsúchán suntasach tríd an gcraiceann i gcás na carcanaigine sin agus chomhaontaigh ACSH teorainnluach praiticiúil, ar bhonn na faisnéise atá ar fáil, lena n-áirítear sonraí eolaíocha agus teicniúla. Is iomchuí, dá bhrí sin, teorainnluach a bhunú do 4,4′-Mheitiléindi-ainilín agus nodaireacht craicinn a shannadh dó in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2004/37/CE ina léirítear an fhéidearthacht maidir le hionsúchán suntasach tríd an gcraiceann.

(21)

Comhlíonann eipeaclóraihidrin (1-clóra-2,3-eapocsaprópán) na critéir lena chur in aicme charcanaigineach (catagóir 1B) i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 agus, dá bhrí sin, is carcanaigin é de réir an tsainmhínithe atá i dTreoir 2004/37/CE. Chinn SCOEL nach féidir teorainnluach sláintebhunaithe a dhíorthú don charcanaigin neamhthairsí sin agus tá sé molta aige nochtadh ceirde a sheachaint. Shainaithin SCOEL an fhéidearthacht go dtarlódh ionsúchán suntasach tríd an gcraiceann i gcás eipeaclóraihidrin agus chomhaontaigh ACSH teorainnluach praiticiúil, ar bhonn na faisnéise atá ar fáil, lena n-áirítear sonraí eolaíocha agus teicniúla. Is iomchuí, dá bhrí sin, teorainnluach a bhunú d'eipeaclóraihidrin agus nodaireacht craicinn a shannadh dó in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2004/37/CE ina léirítear an fhéidearthacht maidir le hionsúchán suntasach tríd an gcraiceann.

(22)

Comhlíonann débhróimíd eitiléine (1,2-débhróimeatán, EDB) na critéir lena cur in aicme charcanaigineach (catagóir 1B) i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 agus, dá bhrí sin, is carcanaigin í mar atá sainmhínithe i dTreoir 2004/37/CE. Chinn SCOEL nach féidir teorainnluach sláintebhunaithe a dhíorthú don charcanaigin neamhthairsí sin agus tá sé molta aige nochtadh ceirde a sheachaint. Shainaithin SCOEL an fhéidearthacht go dtarlódh ionsúchán suntasach tríd an gcraiceann i gcás débhróimíd eitiléine agus chomhaontaigh ACSH teorainnluach praiticiúil, ar bhonn na faisnéise atá ar fáil, lena n-áirítear sonraí eolaíocha agus teicniúla. Is iomchuí, dá bhrí sin, teorainnluach a bhunú do 4,4'-Mheitiléindi-ainilín agus nodaireacht craicinn a shannadh dó in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2004/37/CE ina léirítear an fhéidearthacht maidir le hionsúchán suntasach tríd an gcraiceann.

(23)

Comhlíonann déchlóiríd eitiléine (1,2-déchlóireatán, EDC) na critéir lena cur in aicme charcanaigineach (catagóir 1B) i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 agus, dá bhrí sin, is carcanaigin í mar atá sainmhínithe i dTreoir 2004/37/CE. Chinn SCOEL nach féidir teorainnluach sláintebhunaithe a dhíorthú i gcás na carcanaigine neamhthairsí sin. Ach is féidir, ar bhonn na faisnéise atá ar fáil, lena n-áirítear faisnéis eolaíoch agus theicniúil, teorainnluach a shocrú i gcás déchlóiríd eitiléine. Shainaithin SCOEL an fhéidearthacht go dtarlódh ionsúchán suntasach tríd an gcraiceann i gcás déchlóiríd eitiléine agus chomhaontaigh ACSH teorainnluach praiticiúil, ar bhonn na faisnéise atá ar fáil, lena n-áirítear sonraí eolaíocha agus teicniúla, agus béim á leagan aige ar an easpa sonraí eolaíocha iontaofa cothrom le dáta atá ann, go háirithe sa mhéid a bhaineann le modh gníomhaíochta. Is iomchuí, dá bhrí sin, teorainnluach a bhunú do dhéchlóiríd eitiléine agus nodaireacht craicinn a shannadh dó in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2004/37/CE ina léirítear an fhéidearthacht maidir le hionsúchán suntasach tríd an gcraiceann.

(24)

De bhun “Agreement on Workers' Health Protection Through the Good Handling and Use of Crystalline Silica and Products Containing it”, arna shíniú ag comhlachais atá ina mbaill den Líonra Eorpach um Shilice (NEPSI) agus ag comhaontuithe na gcomhpháirtithe sóisialta eile ina gcuirtear treoir agus uirlisí ar fáil chun tacú, i dteannta leis na bearta rialála, le cur chun feidhme éifeachtach oibleagáidí na bhfostóirí a leagtar síos i dTreoir 2004/37/CE. Agus urraim á tabhairt dá neamhspleáchas, ba cheart don Choimisiún na comhpháirtithe sóisialta a spreagadh chun comhaontuithe den sórt sin a chur i gcrích. Níor cheart, áfach, go n-eascródh toimhde comhréireachta le hoibleagáidí na bhfostóirí a leagtar síos i dTreoir 2004/37/CE as comhaontuithe den sórt sin. Ba cheart liosta cothrom le dáta de chomhaontuithe den sórt sin a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA).

(25)

Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle le ACSH agus chuaigh sé i mbun comhairliúchán dhá chéim leis na comhpháirtithe sóisialta Eorpacha i gcomhréir le hAirteagal 154 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

(26)

Leis an Treoir seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus comhlíontar leis na prionsabail atá cumhdaithe sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe in Airteagal 31(1) de.

(27)

Déanfar athbhreithniú leanúnach ar na teorainnluachanna atá bunaithe sa Treoir seo i bhfianaise chur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) agus tuairimí an dá choiste de chuid na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceáin (ECHA) (an Coiste um Measúnú Riosca (RAC) agus an Coiste um Anailís Shocheacnamaíoch (SEAC)), go háirithe chun an idirghníomhaíocht idir teorainnluachanna atá bunaithe i dTreoir 2004/37/CE agus gaolmhaireachtaí idir dáileog agus freagairt, faisnéis nochta iarbhír, agus, i gcás ina mbeidh siad ar fáil, DNELanna (Leibhéil Dhíorthaithe gan Éifeacht) a dhíorthaítear do cheimiceáin ghuaiseacha i gcomhréir leis an Rialachán sin a chur san áireamh d'fhonn cosaint éifeachtach a thabhairt d'oibrithe.

(28)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo a ghnóthú go leordhóthanach, ar cuspóirí iad chun dálaí maireachtála agus oibre a fheabhsú agus sláinte oibrithe a chosaint ar na rioscaí sonracha a eascraíonn as an nochtadh do charcanaiginí agus do shó-ghineacha, agus de bharr a fhairsinge agus a iarmhairtí, gur féidir iad a ghnóthú ar bhonn níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar atá leagtha amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(29)

Ó tharla gur le cosaint sláinte agus sábháilteacht oibrithe ina n-ionad oibre a bhaineann an Treoir seo, ba cheart í a thrasuí laistigh de 2 bhliain ó dháta a theacht i bhfeidhm.

(30)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2004/37/CE a leasú dá réir.

(31)

I gcomhréir leis an Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin (7), ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an gaol idir codanna de threoir agus an chuid sin de na hionstraimí náisiúnta trasuite a chomhfhreagraíonn dóibh. I ndáil leis an Treoir seo, measann an reachtóir go bhfuil údar cuí le doiciméid den sórt sin a tharchur,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Treoir 2004/37/CE mar a leanas:

(1)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 13a

Comhaontuithe na gcomhpháirtithe sóisialta

Liostófar comhaontuithe na gcomhpháirtithe sóisialta a bhféadfaí a thabhairt chun críche i réimse na Treorach seo ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta Eorpaigh um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA). Tabharfar an liosta sin cothrom le dáta go rialta.”;

(2)

in Iarscríbhinn I, cuirtear na pointí seo a leanas leis:

“7.

Obair ina dtarlaíonn nochtadh deirmeach d'olaí mianracha a úsáideadh in innill dócháin inmheánaigh chun na páirteanna a ghluaiseann laistigh den inneall a bhealú agus a fhuarú.

8.

Obair a bhaineann le sceitheadh astaíochtaí ó innill díosail.”;

(3)

cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo in ionad Iarscríbhinn III.

Airteagal 2

1.   Tabharfaidh na Ballstáit na dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh i bhfeidhm tráth nach déanaí ná 2 bhliain tar éis dháta a theacht i bhfeidhm. Cuirfidh siad téacs na mbeart sin in iúl don Choimisiún láithreach. Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs bhearta an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 16 Eanáir 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. CIAMBA


(1)  IO C 288, 31.8.2017, lch. 56.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Nollaig 2018 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 20 Nollaig 2018.

(3)  Treoir 2004/37/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le hoibrithe a chosaint ar rioscaí a bhaineann le bheith faoi lé carcanaiginí nó só-ghiniginí ar an láthair oibre (an séú Treoir ar leith de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE) ón gComhairle (IO L 158, 30.4.2004, lch. 50).

(4)  Treoir 98/24/CE ón gComhairle an 7 Aibreán 1998 maidir le sláinte agus sábháilteacht oibrithe a chosaint ó phriacail a bhaineann le hoibreáin cheimiceacha ar an láthair oibre (an ceathrú Treoir déag aonair de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE) (IO L 131, 5.5.1998, lch. 11).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 ar aicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir 67/548/CEE agus Treoir 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (IO L 353, 31.12.2008, lch. 1).

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht,Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).

(7)  IO C 369, 17.12.2011, lch. 14.


IARSCRÍBHINN

“IARSCRÍBHINN III

TEORAINNLUACHANNA AGUS FORÁLACHA EILE ATÁ ÁBHARTHA GO DÍREACH (AIRTEAGAL 16)

A.   TEORAINNLUACHANNA MAIDIR LE NOCHTADH AG AN OBAIR

Ainm an oibreáin

Uimh. CE (1)

Uimh. CAS (2)

Teorainnluachanna

Nodaireacht

Bearta idirthréimhseacha

8 n-uaire an chloig (3)

Gearrthéarmach (4)

mg/m3  (5)

csm (6)

f/ml (7)

mg/m3  (5)

Csm (6)

f/ml (7)

Mionrabh crua-adhmaid

2 (8)

Teorainnluach de 3 mg/m3 go dtí 17 Eanáir 2023

Cumaisc de Chróimiam (VI) ar carcanaiginí iad de réir bhrí phointe (i) d'Airteagal 2(a)

(mar chróimiam)

0,005

Teorainnluach de 0,010 mg/m3 go dtí 17 Eanáir 2025

Teorainnluach: 0.025 mg/m3 le haghaidh próisis táthúcháin nó próisis ghearrtha plasma nó próisis oibre atá cosúil leo sin agus a ghineann múch, agus sin go dtí 17 Eanáir 2025

Snáithíní ceirmeacha teasfhulangacha ar carcanaiginí iad de réir bhrí phointe (i) d'Airteagal 2(a)

0,3

 

Deannach silice criostalta inanálaithe

0,1 (9)

 

Beinséin

200-753-7

71-43-2

3,25

1

craiceann (10)

 

Monaiméir de chlóiríd vinile

200-831-0

75-01-4

2,6

1

 

Ocsaíd eitiléine

200-849-9

75-21-8

1,8

1

craiceann (10)

 

1,2-eapocsaprópán

200-879-2

75-56-9

2,4

1

 

Tríchlóireitiléin

201-167-4

79-01 -6

54,7

10

164,1

30

craiceann (10)

 

Aicriolaimíd

201-173-7

79-06-1

0,1

craiceann (10)

 

2-Nítreaprópán

201-209-1

79-46-9

18

5

 

o-Tolúidín

202-429-0

95-53-4

0,5

0,1

craiceann (10)

 

4,4'-Mheitiléindi-ainilín

202-974-4

101-77-9

0,08

craiceann (10)

 

Eipeaclóraihidrin

203-439-8

106-89-8

1,9

craiceann (10)

 

Débhróimíd eitiléine

203-444-5

106-93-4

0,8

0,1

craiceann (10)

 

1,3-Bútaidhé-éin

203-450-8

106-99-0

2,2

1

 

Déchlóiríd eitiléine

203-458-1

107-06-2

8,2

2

craiceann (10)

 

Hiodraisín

206-114-9

302-01-2

0,013

0,01

craiceann (10)

 

Bróiméitiléin

209-800-6

593-60-2

4,4

1

 

Sceitheadh astaíochtaí ó innill díosail

 

 

0,05 (*1)

 

 

 

 

 

 

Beidh feidhm ag an teorainnluach ón 21 Feabhra 2023. Beidh feidhm ag an teorainnluach ón 21 Feabhra 2026 i gcás mianadóireacht faoi thalamh agus tógáil tollán.

Meascáin de hidreacarbóin aramatacha il-timthriallacha ina bhfuil beinsi[a]piréin ar carcanaiginí iad de réir bhrí na Treorach seo

 

 

 

 

 

 

 

 

Craiceann (10)

 

Olaí mianracha a úsáideadh in innill dócháin inmheánaigh chun na páirteanna a ghluaiseann laistigh den inneall a bhealú agus a fhuarú

 

 

 

 

 

 

 

 

Craiceann (10)

 

B   FORÁLACHA EILE ATÁ ÁBHARTHA GO DÍREACH

p.m.

”.

(1)  Is í an uimhir CE, i.e. Einecs, ELINCS nó NLP, uimhir oifigiúil na substainte laistigh den Aontas Eorpach, faoi mar atá sainmhínithe i roinn 1.1.1.2 in Iarscríbhinn VI, Cuid 1, de Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008.

(2)  CAS Uimh: Uimhir Chláraithe na Seirbhíse Achoimreachtaí Ceimiceán.

(3)  Arna thomhas nó arna ríomh i dtaca le tréimhse thagartha 8 n-uaire an chloig mar mheán am-ualaithe (TWA).

(4)  Teorainn nochta ghearrthéarmaigh (STEL). Teorainnluach nár chóir go dtarlódh nochtadh os a chionn agus a bhaineann le tréimhse 15 nóiméad mura sonrófar a mhalairt.

(5)  

mg/m33 = milleagram sa mhéadar ciúbach d'aer ag 20 °C agus 101,3 kPa (760 mm de bhrú mearcair).

(6)  

csm= codanna sa mhilliún de réir toirt aeir (ml/m3).

(7)  

f/ml= snáithíní sa mhillilítear.

(8)  Codán in-ion-análaithe: má mheasctar deannaigh chrua-adhmaid le deannaigh adhmaid eile, beidh an teorainnluach infheidhme i dtaca le gach deannach adhmaid atá sa mheascán sin.

(9)  Codán inanálaithe.

(10)  D'fhéadfaí go gcuirfí go suntasach le hualach iomlán an choirp trí nochtadh deirmeach.

(*1)  Arna tomhas mar charbón eiliminteach.


Ceartúcháin

31.1.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

121


Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2018/1717 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 i dtaca leis an áit ina mbeidh suíomh an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 291, Eagrán Speisialta Gaeilge an 16 Samhain 2018 )

Ar leathanach 1, aithris (1):

in ionad:

“… rinne na 27 mBallstát eile, i gcruinniú ar imeall na Comhairle …”,

léitear:

“… rinne na 27 mBallstát eile, ag teacht le chéile dóibh ar imeall na Comhairle …”.

Ar leathanach 2, aithris (4):

in ionad:

“Chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh an tÚdarás mar is ceart san áit ina mbeidh sé, ba cheart comhaontú maidir le ceannáras idir an tÚdarás agus an Fhrainc, agus tionscadal tógála i gcomhréir le hAirteagal 88 de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 ón gCoimisiún (1) a thabhairt i gcrích, sula nglacfaidh an tÚdarás a shuíomh nua …”,

léitear:

“Chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh an tÚdarás mar is ceart san áit ina mbeidh sé, ba cheart comhaontú maidir le ceanncheathrú a thabhairt i gcrích idir an tÚdarás agus an Fhrainc, agus ba cheart tionscadal tógála a fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 88 de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 ón gCoimisiún (1), sula nglacfaidh an tÚdarás a shuíomh nua …”.

Ar leathanach 2, aithris (5):

in ionad:

“Le haistriú shuíomh an Údaráis, ní chaitear amhras ar an bplean bunaíochta, mar a ghlac Parlaimint na hEorpa agus an gComhairle é, ná ní dhéantar amhlaidh le cur i bhfeidhm na Rialachán Foirne ar oifigigh agus ar ghníomhairí eile a oibríonn ag an Údarás.”,

léitear:

“Le haistriú shuíomh an Údaráis, ní chaitear amhras ar an bplean bunaíochta, mar a ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle é, ná ní dhéantar amhlaidh i dtaca le cur i bhfeidhm na Rialachán Foirne ar oifigigh agus ar ghníomhairí eile a oibríonn ag an Údarás.”.

Ar leathanach 2, aithris (6):

in ionad:

“Níor cheart go mbeadh aon iarmhairtí ag athshuí an Údaráis maidir le sainorduithe soiléire na nÚdarás Maoirseachta Eorpacha a fhorghníomhú ná maidir lena stádas dhlíthiúil ar leithligh a chaomhnú …”,

léitear:

“Níor cheart go mbeadh aon iarmhairtí ag athshuí an Údaráis maidir le sainorduithe soiléire na nÚdarás Maoirseachta Eorpach a fhorghníomhú ná maidir lena stádas dlíthiúil ar leithligh a chaomhnú …”.

Ar leathanach 2, aithris (7), an dara líne:

in ionad:

“… agus i gConradh maidir le Feidhmiú an Aontais Eorpaigh agus i gcomhréir leis na nósanna imeachta, coinníollacha agus cuspóirí a leagtar amach iontu.”,

léitear:

“… agus sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus i gcomhréir leis na nósanna imeachta, coinníollacha agus cuspóirí a leagtar amach iontu.”.