|
ISSN 1977-0839 |
||
|
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
Eagrán Speisialta ( *1 ) |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Reachtaíocht |
Imleabhar 61 |
|
|
|
II Gníomhartha neamhreachtacha |
|
|
|
|
CINNEADH |
|
|
|
* |
|
|
|
|
|
(*1) Faoin tagairt L 291 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh. |
|
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir le LEE. |
|
GA |
Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo. Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu. |
I Gníomhartha reachtacha
RIALACHÁIN
|
16.11.2018 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
1 |
RIALACHÁN (AE) 2018/1717 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE
an 14 Samhain 2018
lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 i dtaca leis an áit ina mbeidh suíomh an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Tar éis dóibh dul i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Eorpach,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),
De bharr an méid seo a leanas:
|
(1) |
I gcomhthéacs an fhógra a thug an Ríocht Aontaithe an 29 Márta 2017 go raibh sé beartaithe aici tarraingt siar ón Aontas, de bhun Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), rinne na 27 mBallstát eile, i gcruinniú ar imeall na Comhairle, an 20 Samhain 2017, Páras, an Fhrainc a roghnú mar shuíomh nua an Údaráis Maoirseachta Eorpaigh (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) (an “tÚdarás”). |
|
(2) |
Agus aird á tabhairt ar an “Tuarascáil Chomhpháirteach ó idirbheartaithe an Aontais Eorpaigh agus Rialtas na Ríochta Aontaithe maidir leis an dul chun cinn le linn chéim 1 den chaibidlíocht faoi Airteagal 50 CAE maidir le haistarraingt ordúil na Ríochta Aontais ón Aontas Eorpach” an 8 Nollaig 2017 agus go háirithe ar an gcaibidil maidir le socrú airgeadais, agus ar an ngealltanas ón Ríocht Aontaithe rannchuidiú le buiséad ginearálta an Aontais do na blianta airgeadais 2019 agus 2020 amhail gur fhan sí san Aontas agus rannchuidiú lena sciar de mhaoiniú na ngealltanas gan íoc amhail an 31 Nollaig 2020, tá na costais a bhaineann le suíomh an Údaráis a athshuí, a eascraíonn as cinneadh na Ríochta Aontaithe tarraingt siar ón Aontas, le seasamh ag cáiníocóirí uile an Aontais trí bhuiséad ginearálta an Aontais. Tá tairiscint déanta ag an Ríocht Aontaithe plé a dhéanamh leis na gníomhaireachtaí sin de chuid an Aontais atá lonnaithe i Londain ar conas is féidir leo a gcostais aistarraingthe a laghdú. |
|
(3) |
Ag féachaint d’Airteagal 50(3) CAE, ba cheart don Údarás a shuíomh nua a ghlacadh amhail ón 30 Márta 2019. |
|
(4) |
Chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh an tÚdarás mar is ceart san áit ina mbeidh sé, ba cheart comhaontú maidir le ceannáras idir an tÚdarás agus an Fhrainc, agus tionscadal tógála i gcomhréir le hAirteagal 88 de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 ón gCoimisiún (3) a thabhairt i gcrích, sula nglacfaidh an tÚdarás a shuíomh nua. Ba cheart an t-áitreabh nua a bheith ullamh agus socraithe chun críche an bhuan-athshuí faoin 30 Márta 2019. Ba cheart go dtabharfadh an comhaontú maidir le ceanncheathrú léiriú ar fhreagracht údaráis na Fraince maidir leis na coinníollacha is iomchuí a sholáthar chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh an tÚdarás i gceart i gcomhthéacs a athshuite. |
|
(5) |
Le haistriú shuíomh an Údaráis, ní chaitear amhras ar an bplean bunaíochta, mar a ghlac Parlaimint na hEorpa agus an gComhairle é, ná ní dhéantar amhlaidh le cur i bhfeidhm na Rialachán Foirne ar oifigigh agus ar ghníomhairí eile a oibríonn ag an Údarás. |
|
(6) |
Níor cheart go mbeadh aon iarmhairtí ag athshuí an Údaráis maidir le sainorduithe soiléire na nÚdarás Maoirseachta Eorpacha a fhorghníomhú ná maidir lena stádas dhlíthiúil ar leithligh a chaomhnú. Leis an athshuí, i gcás inarb infheidhme, d’fhéadfaí deis a thabhairt do ghníomhaireachtaí de chuid an Aontais seirbhísí tacaíochta riaracháin agus seirbhísí bainistithe saoráidí nach bhfuil baint acu leis na croíghníomhaíochtaí a chomhroinnt. |
|
(7) |
Ba cheart an caidreamh idir institiúidí de chuid an Aontais a dhéanamh i gcomhar dílis eatarthu féin, agus gach institiúid díobh ag gníomhú laistigh de theorainneacha na gcumhachtaí arna dtabhairt di i CAE agus i gConradh maidir le Feidhmiú an Aontais Eorpaigh agus i gcomhréir leis na nósanna imeachta, coinníollacha agus cuspóirí a leagtar amach iontu. |
|
(8) |
Chun go mbeidh a dhóthain ama ag an Údarás athshuí a dhéanamh, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne tar éis a ghlactha i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach. |
|
(9) |
Ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010:
“Airteagal 7
Suíomh
Is i bPáras na Fraince a bheidh suíomh an Údaráis.
Ní dhéanfaidh an áit a mbeidh suíomh Údarás difear d’fhorghníomhú chúraimí agus chumhachtaí an Údaráis, d’eagar a struchtúir rialaithe, d’oibriú a phríomheagraíochta, ná do phríomh-mhaoiniú a chuid gníomhaíochtaí, agus ag an am céanna, i gcás inarb infheidhme, tabharfar deis do ghníomhaireachtaí de chuid an Aontais seirbhísí tacaíochta riaracháin agus seirbhísí bainistithe saoráidí nach bhfuil baint acu le croíghníomhaíochtaí an Údaráis a chomhroinnt. Faoin 30 Márta 2019 agus gach 12 mhí dá éis, tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis an gceanglas sin a bheith á chomhlíonadh ag Údaráis Maoirseachta Eorpacha.”
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón 30 Márta 2019.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 30 Samhain 2018.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
A. TAJANI
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
K. EDTSTADLER
(1) IO C 197, 8.6.2018, lch. 72
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2018 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 9 Samhain 2018.
(3) Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2013 maidir leis an rialachán réime airgeadais do na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 7.12.2013, lch. 42).
(4) Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).
|
16.11.2018 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
3 |
RIALACHÁN (AE) 2018/1718 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE
an 14 Samhain 2018
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 maidir le láthair shuíomh na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 agus pointe (c) d’Airteagal 168(4) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),
De bharr an méid seo a leanas:
|
(1) |
I gcomhthéacs an fhógra a thug an Ríocht Aontaithe an 29 Márta 2017 go bhfuil sé ar intinn aici tarraingt siar ón Aontas de bhun Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (“CAE”), roghnaigh na 27 mBallstát eile, ar theacht le chéile dóibh ar an 20 Samhain 2017 ar imeall na Comhairle, Amstardam na hÍsiltíre mar shuíomh nua na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí (“an Ghníomhaireacht”). |
|
(2) |
Ag féachaint d’Airteagal 50(3) de CAE, ba cheart don Ghníomhaireacht a suíomh nua a ghlacadh ón 30 Márta 2019. |
|
(3) |
Chun feidhmiú cuí na Gníomhaireachta ina láthair nua a áirithiú, ba cheart comhaontú ceanncheathrún a thabhairt i gcrích idir an Ghníomhaireacht agus an Ísiltír sula nglacfaidh an Ghníomhaireacht a suíomh nua. |
|
(4) |
Cuirtear fáilte roimhe go bhfuil iarrachtaí á déanamh ag údaráis na hÍsiltíre chun éifeachtacht oibríochtúil, leanúnachas agus feidhmiú gan bhriseadh na Gníomhaireachta a áirithiú le linn an athlonnaithe agus ina dhiaidh. Mar sin féin, mar gheall ar an staid urghnách, d’fhéadfadh go sealadach go mbeadh ar an nGníomhaireacht díriú ar a chroí-thascanna, agus tabhairt faoi gníomhaíochtaí eile de réir a n-iarmhairt ar shláinte an phobail agus ar chumas na Gníomhaireachta feidhmiú. |
|
(5) |
Ba cheart don Choimisiún monatóireacht a dhéanamh ar phróiseas athlonnaithe foriomlán na Gníomhaireachta chuig a suíomh nua agus cuidiú leis an bpróiseas sin laistigh de theorainneacha a inniúlachtaí. |
|
(6) |
Ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm ar bhonn práinne ionas go mbeadh a dóthain ama ag an nGníomhaireacht athlonnú a dhéanamh. |
|
(7) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach i Rialachán (CE) Uimh. 726/2004:
“Airteagal 71a
Beidh suíomh na Gníomhaireachta in Amstardam na hÍsiltíre.
Glacfaidh údaráis inniúla na hÍsiltíre gach beart is gá chun a áirithiú go mbeidh an Ghníomhaireacht in ann bogadh go dtí a láthair sealadach tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2019 agus go mbeidh sí in ann bogadh go dtí a láthair buan tráth nach déanaí ná an 16 Samhain 2019.
Cuirfidh údaráis inniúla na hÍsiltíre tuarascáil i scríbhinn faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis an dul chun cinn maidir le hoiriúnuithe ar an áitreabh sealadach agus ar thógáil an fhoirgnimh bhuan faoi 17 Feabhra 2019 , agus gach 3 mhí ina dhiaidh sin, go dtí go mbeidh an Ghníomhaireacht tar éis bogadh go dtí a láthair buan.”.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón 30 Márta 2019.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 14 Samhain 2018.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
A. TAJANI
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
K. EDTSTADLER
(1) IO C 197, 8.6.2018, lch. 71.
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 25 Deireadh Fómhair 2018 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 9 Samhain 2018.
(3) Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail maidir le húdarú agus maoirseacht táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine agus le haghaidh úsáid tréidliachta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Leigheasra Eorpach (IO L 136, 30.4.2004, lch. 1).
|
16.11.2018 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
5 |
RIALACHÁN (AE) 2018/1719 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE
an 14 Samhain 2018
lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a mhéid a bhaineann leis na hacmhainní le haghaidh comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach agus leis na hacmhainní le haghaidh sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 177 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),
De bharr an méid seo a leanas:
|
(1) |
Is é a leagtar síos le Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) na rialacha coiteanna agus ginearálta is infheidhme maidir le Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa. |
|
(2) |
Le Rialachán (AE) 2017/2305 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), leasaíodh Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, inter alia, a mhéid a bhaineann leis na hacmhainní a leithdháiltear le haghaidh comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach. |
|
(3) |
Le buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh maidir leis an mbliain airgeadais 2018 (4), leasaíodh an cláreagrú airgeadais maidir leis an Tionscnamh Fostaíochta don Aos Óg (“TFAO”) trí EUR 116,7 milliún i bpraghsanna reatha a chur leis na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas maidir leis an leithdháileadh sonrach do TFAO agus méid foriomlán na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas do TFAO don bhliain 2018 a ardú go EUR 350 milliún i bpraghsanna reatha. |
|
(4) |
Is gá méid na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas don bhliain 2020 a ísliú dá réir chun an tús-ualú ar 2018 a chur san áireamh. Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a leasú dá réir sin. |
|
(5) |
Nuair a rinneadh Airteagal 92(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a leasú le Rialachán (AE) 2017/2305, bhí sonraí airgeadais áirithe a leagtar amach i bpointe (a) d’Airteagal 1 de Rialachán (AE) 2017/2305 mícheart. Ba cheart na sonraí cearta a chur in ionad na sonraí airgeadais sin. Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a leasú dá réir sin. |
|
(6) |
I bhfianaise a phráinní atá sé na cláir a thacaíonn le TFAO a leasú, is iomchuí foráil d’eisceacht ón tréimhse ocht seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bParlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach. |
|
(7) |
I bhfianaise a phráinní atá sé na cláir a thacaíonn le TFAO a leasú, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 91, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: “1. Is EUR 329 982 345 366, i bpraghsanna 2011, a bheidh sna hacmhainní le haghaidh comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a bheidh ar fáil le haghaidh gealltanas buiséadach i leith na tréimhse 2014–2020, i gcomhréir leis an miondealú bliantúil a leagtar amach in Iarscríbhinn VI, arb ionann EUR 325 938 694 233 de agus na hacmhainní foriomlána arna leithdháileadh ar CFRE, ar CSE agus ar an gCiste Comhtháthaithe agus arb ionann EUR 4 043 651 133 de agus leithdháileadh sonrach do TFAO. Ar mhaithe lena gcláreagrú agus lena gcuimsiú ina dhiaidh sin i mbuiséad an Aontais, déanfar méid na n-acmhainní le haghaidh comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a innéacsú de réir 2 % in aghaidh na bliana.”; |
|
(2) |
Leasaítear Airteagal 92 mar a leanas:
|
|
(3) |
Cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn VI. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 14 Samhain 2018.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
A. TAJANI
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
K. EDTSTADLER
(1) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Deireadh Fómhair 2018 (nár foilsíódh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 9 Samhain 2018.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 320).
(3) Rialachán (AE) 2017/2305 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a mhéid a bhaineann leis na hathruithe ar na hacmhainní le haghaidh comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach agus ar na hacmhainní le haghaidh sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post agus sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (IO L 335, 15.12.2017, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
“IARSCRÍBHINN VI
MIONDEALÚ BLIANTÚIL AR LEITHREASUITHE FAOI CHOMHAIR GEALLTANAS DO NA BLIANTA 2014 GO 2020
Próifíl bhliantúil choigeartaithe (lena n-áirítear breisiú TFAO)
|
|
2014 |
2015 |
2016 |
2017 |
|
EUR, praghsanna 2011 |
34 108 069 924 |
55 725 174 682 |
46 044 910 736 |
48 027 317 164 |
|
|
2018 |
2019 |
2020 |
Iomlán |
|
EUR, praghsanna 2011 |
48 341 984 652 |
48 712 359 314 |
49 022 528 894 |
329 982 345 366 ” |
II Gníomhartha neamhreachtacha
CINNEADH
|
16.11.2018 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
8 |
CINNEADH (AE) 2018/1720 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE
an 23 Deireadh Fómhair 2018
maidir le leas a bhaint as gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú tar éis iarratas ón bPortaingéil — EFG/2018/002 PT/Norte — Centro — Lisboa wearing apparel
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (2014-2020) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006 (1), agus go háirithe Airteagal 15(4) de,
Ag féachaint don Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, le comhar i gcúrsaí buiséid agus le bainistíocht fhónta airgeadais (2), agus go háirithe pointe 13 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an méid seo a leanas:
|
(1) |
Is é an aidhm atá leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (CECD) tacaíocht a thabhairt d’oibrithe a cuireadh ar iomarcaíocht agus do dhaoine féinfhostaithe a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht i ngeall ar mhórathruithe struchtúracha ar phatrúin na trádála domhanda de thoradh an domhandaithe nó mar gur lean an ghéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíochta ar aghaidh, nó i ngeall ar ghéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíochta nua, agus cabhrú le hath-imeascadh na n-oibrithe sin sa mhargadh saothair. |
|
(2) |
Ní sháróidh CECD uasmhéid bliantúil EUR 150 milliún (praghsanna 2011), mar a leagtar síos in Airteagal 12 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle (3). |
|
(3) |
An 24 Aibreán 2018, chuir an Phortaingéil isteach iarratas chun leas a bhaint as CECD i dtaca le hiomarcaíochtaí in earnáil an mhonaraithe corpbhirt sna réigiúin Norte, Centro agus Liospóin sa Phortaingéil. Mar fhorlíonadh ar an iarratas sin, bhí faisnéis bhreise a soláthraíodh i gcomhréir le hAirteagal 8(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013. Comhlíontar san iarratas sin na ceanglais chun ranníocaíocht airgeadais ó CECD a shocrú, mar a leagtar síos in Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013. |
|
(4) |
I gcomhréir le hAirteagal 6(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013, chinn an Phortaingéil seirbhísí pearsanaithe a sholáthar do 730 duine óg nach bhfuil fostaithe, páirteach san oideachas ná faoi oiliúint (NEETanna), seirbhísí a bheidh cómhaoinithe ag CECD. |
|
(5) |
Dá bhrí sin, ba cheart CECD a shlógadh chun ranníocaíocht airgeadais EUR 4 655 883 a sholáthar i leith an iarratais a chuir an Phortaingéil isteach. |
|
(6) |
Chun íoslaghdú a dhéanamh ar an am is gá chun CECD, a shlógadh, ba cheart feidhm a bheith ag an gcinneadh seo ó dháta a ghlactha, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Le haghaidh bhuiséad ginearálta an Aontais don bhliain airgeadais 2018, déanfar an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a shlógadh chun EUR 4 655 883 a sholáthar mar leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus mar leithreasuithe íocaíochta.
Airteagal 2
Tiocfaidh an cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 23 Deireadh Fómhair 2018.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 23 Deireadh Fómhair 2018.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
A. TAJANI
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
K. EDTSTADLER
(1) IO L 347, 20.12.2013, lch. 855.
(2) IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.
(3) Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014 go 2020 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 884).