ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

Eagrán Speisialta ( *1)

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

61
16 Iúil 2018


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) 2018/973 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 lena mbunaítear plean ilbhliantúil do stoic ghrinnill sa Mhuir Thuaidh agus don iascach a shaothraíonn na stoic sin, lena sonraítear mionsonraí maidir le cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír sa Mhuir Thuaidh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 676/2007 agus Rialachán (CE) Uimh. 1342/2008 ón gComhairle

1

 

*

Rialachán (AE) 2018/974 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le staidreamh ar iompar earraí d'uiscebhealaí intíre

14

 

*

Rialachán (AE) 2018/975 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 lena leagtar síos bearta bainistíochta, caomhnaithe agus rialaithe atá infheidhme i Limistéar Choinbhinsiún na hEagraíochta Réigiúnaí um Bainistíocht Iascaigh san Aigéan Ciúin Theas (SPRFMO)

30

 

*

Rialachán (AE) 2018/976 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/1139 a mhéid a bhaineann le raonta básmhaireachta iascaireachta agus leibhéil choimirce le haghaidh stoic scadáin áirithe i Muir Bhailt

76

 


 

(*1)   Faoin tagairt L 179 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

GA


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

16.7.2018   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) 2018/973 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 4 Iúil 2018

lena mbunaítear plean ilbhliantúil do stoic ghrinnill sa Mhuir Thuaidh agus don iascach a shaothraíonn na stoic sin, lena sonraítear mionsonraí maidir le cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír sa Mhuir Thuaidh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 676/2007 agus Rialachán (CE) Uimh. 1342/2008 ón gComhairle

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

I gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe an 10 Nollaig 1982 maidir le Dlí na Farraige, a bhfuil an tAontas ina pháirtí conarthach ann, déantar foráil maidir le hoibleagáidí caomhnaithe, lena n-áirítear an líon speiceas atá á saothrú a choinneáil ar leibhéil nó a thabhairt ar ais chuig leibhéil ar ar féidir an uastáirgeacht inbhuanaithe (“UTI”) a bhaint amach.

(2)

Ag Cruinniú Mullaigh na Náisiún Aontaithe um Fhorbairt Inbhuanaithe i Nua-Eabhrac in 2015, gheall an tAontas agus a Bhallstáit go ngníomhóidís faoi 2020 chun saothrú an éisc a rialú go héifeachtach, chun cosc a chur le ró-iascaireacht, iascaireacht neamhdhleathach, iascaireacht neamhthuairiscithe agus iascaireacht neamhrialáilte, mar aon le cleachtais iascaireachta dhíobhálacha, agus chun pleananna bainistithe eolaíochtbhunaithe a chur chun feidhme chun stoic éisc a athbhunú, laistigh den achar ama is giorra is féidir, ar a laghad chuig na leibhéil sin ar ar féidir UTI a bhaint amach, arna gcinneadh de réir a saintréithe bitheolaíocha.

(3)

Bunaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) rialacha an Chomhbheartais Iascaigh (CBI) agus iad ag teacht le hoibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais. Is ann do CBI chun cur le cosaint na muirthimpeallachta, le bainistiú inbhuanaithe na speiceas uile sin a ndéantar saothrú tráchtála orthu, agus go háirithe le dea-stádas comhshaoil a bhaint amach faoi 2020, mar a leagtar amach in Airteagal 1(1) de Threoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).

(4)

Is iad cuspóirí CBI, inter alia, a áirithiú gurb inbhuanaithe iad iascaireacht agus dobharshaothrú san fhadtéarma ó thaobh an chomhshaoil de, an cur chuige réamhchúraim i leith bainistiú iascaigh a chur i bhfeidhm, agus an cur chuige bunaithe ar éiceachórais i leith bainistiú iascaigh a chur chun feidhme.

(5)

D'fhonn cuspóirí CBI a bhaint amach, tá roinnt beart caomhnaithe le glacadh, de réir mar is iomchuí, i dteaglaim ar bith díobh, amhail pleananna ilbhliantúla, bearta teicniúla, socrú agus leithdháileadh deiseanna iascaireachta.

(6)

De bhun Airteagal 9 agus Airteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, táthar chun pleananna ilbhliantúla a bhunú ar chomhairle eolaíoch, theicniúil agus eacnamaíoch. I gcomhréir leis na forálacha sin, ba cheart cuspóirí, spriocanna inchainníochtaithe le tréimhsí soiléire ama, pointí tagartha caomhnaithe, coimircí agus bearta teicniúla arna ndearadh chun gabhálacha de thaisme a sheachaint agus a laghdú a bheith sa phlean ilbhliantúil arna bhunú leis an Rialachán seo (“an plean”).

(7)

Ba cheart “an chomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil” a thuiscint mar thagairt do chomhairle eolaíoch atá ar fáil go poiblí lena dtacaíonn na sonraí agus na modhanna eolaíocha is cothroime le dáta agus a d'eisigh nó a d'athbhreithnigh comhlacht eolaíoch neamhspleách arna aithint ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal idirnáisiúnta.

(8)

Ba cheart don Choimisiún an chomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil a fháil maidir leis na stoic a thagann faoi raon feidhme an phlean. Chun déanamh amhlaidh, déanann an Coimisiún Meabhráin Tuisceana a thabhairt i gcrích leis an gComhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES). Ba cheart an chomhairle eolaíoch arna heisiúint ag ICES a bheith bunaithe ar an bplean agus ba cheart a thabhairt le fios léi, go háirithe, raonta FUTI agus pointí tagartha bithmhaise, i.e. UTI Bspreagphointe agus Bteorainn. Ba cheart na luachanna sin a thabhairt le fios sa chomhairle stoic ábhartha agus, i gcás inarb iomchuí, i gcomhairle eolaíoch eile ar bith atá ar fáil go poiblí, lena n-áirítear, mar shampla, comhairle maidir le hiascaigh mheasctha arna heisiúint ag ICES.

(9)

Leagadh amach i Rialachán (CE) Uimh. 676/2007 (5) agus Rialachán (CE) Uimh. 1342/2008 (6) ón gComhairle na rialacha le haghaidh shaothrú inbhuanaithe na stoc trosc, leathóg agus sól sa Mhuir Thuaidh agus ina huiscí máguaird. Is in iascaigh mheasctha a thógtar iad sin agus stoic ghrinnill eile. Dá bhrí sin, is iomchuí plean ilbhliantúil amháin a bhunú ina gcuirfear san áireamh idirghníomhaíochtaí teicniúla den sórt sin.

(10)

Ina theannta sin, ba cheart feidhm a bheith ag plean ilbhliantúil den sórt sin maidir le stoic ghrinnill agus leis an iascach a shaothraíonn iad sa Mhuir Thuaidh. Is iad sin na speicis sin d'iasc cruinn, d'iasc leathógach agus d'iasc loingeánach, gliomach na hIorua (Nephrops norvegicus) agus séacla Artach (Pandalus borealis) a mhaireann ar ghrinneall an cholúin uisce nó i ngar dó.

(11)

Tá roinnt stoc grinnill ann a shaothraítear sa Mhuir Thuaidh agus sna huiscí máguaird araon. Dá bhrí sin, ba cheart raon feidhme na bhforálacha sin atá sa phlean i dtaca le spriocanna agus coimircí stoc a shaothraítear sa Mhuir Thuaidh den chuid is mó a leathnú ionas go gcumhdófar leo freisin na limistéir sin lasmuigh den Mhuir Thuaidh. Ina theannta sin, i gcás stoic atá sa Mhuir Thuaidh ach a shaothraítear den chuid is mó lasmuigh den Mhuir Thuaidh, ní mór na spriocanna agus na coimircí a bhunú i bpleananna ilbhliantúla do na limistéir lasmuigh den Mhuir Thuaidh ina saothraítear na stoic sin den chuid is mó, agus raon feidhme na bpleananna ilbhliantúla sin a leathnú amach chun go gcuimseoidh siad an Mhuir Thuaidh freisin.

(12)

Ba cheart raon feidhme geografach an phlean a bheith bunaithe ar dháileadh geografach na stoc arna thabhairt le fios sa chomhairle eolaíoch stoic is déanaí arna cur ar fáil ag ICES. D'fhéadfadh gur ghá athruithe a dhéanamh amach anseo ar dháileadh geografach na stoc mar a leagtar amach é sa phlean, mar thoradh ar fhaisnéis eolaíoch fheabhsaithe nó ar imirce stoc. Dá bhrí sin, ba cheart a thabhairt de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena ndéanfar dáileadh geografach na stoc a leagtar amach sa phlean a choigeartú, más rud é go dtugtar athrú ar dháileadh geografach na stoc ábhartha le fios ag an gcomhairle eolaíoch arna cur ar fáil ag ICES.

(13)

I gcás ina mbíonn stoic ar leas coiteann iad á saothrú freisin ag tríú tíortha, ba cheart don Aontas dul i mbun plé leis na tríú tíortha sin lena áirithiú go mbainistítear na stoic sin ar bhealach inbhuanaithe atá comhsheasmhach le cuspóirí Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, go háirithe Airteagal 2(2) de, agus le cuspóirí an Rialacháin seo. I gcás nach dtagtar ar chomhaontú foirmiúil, ba cheart don Aontas gach iarracht a dhéanamh socruithe coiteanna a bhaint amach chun iascaireacht a dhéanamh ar stoic den sórt sin ionas go bhféadfaí bainistiú inbhuanaithe a dhéanamh agus, ar an gcaoi sin, cothrom na Féinne a chur chun cinn d'oibreoirí an Aontais.

(14)

Ba cheart é a bheith mar chuspóir ag an bplean cuidiú le cuspóirí CBI a bhaint amach, agus go háirithe le UTI a bhaint amach agus a choinneáil ar bun do na spriocstoic sin atá i gceist, leis an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír a chur chun feidhme i gcás stoic ghrinnill atá faoi réir teorainneacha gabhála, le caighdeán cóir maireachtála a chur chun cinn do dhaoine a bhraitheann ar ghníomhaíochtaí iascaireachta, ach iascach cósta agus gnéithe socheacnamaíocha á dtabhairt ar aird, agus leis an gcur chuige atá bunaithe ar éiceachórais i leith bainistiú iascaigh a chur chun feidhme. Ba cheart a shonrú sa phlean freisin mionsonraí do chur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír in uiscí an Aontais sa Mhuir Thuaidh do stoic uile na speiceas a bhfuil feidhm ina leith ag an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír faoi Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

(15)

Ceanglaítear le hAirteagal 16(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 go socrófar deiseanna iascaireachta i gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 2(2) de agus go gcomhlíonfar leo na spriocanna, na hamchláir agus na corrlaigh arna mbunú sna pleananna ilbhliantúla.

(16)

Is iomchuí go mbunófaí an spriocbhásmhaireacht iascaireachta (“F”) a fhreagraíonn don chuspóir sin UTI a bhaint amach agus a choinneáil ar bun mar raonta luachanna atá comhsheasmhach le baint amach UTI (“FUTI”). Tá gá leis na raonta sin, atá bunaithe ar an gcomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil, chun go mbeidh an tsolúbthacht ann forbairtí ar an gcomhairle eolaíoch a chur san áireamh, chun cuidiú le cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír, agus chun saintréithe an iascaigh mheasctha a chur san áireamh. Ba cheart do ICES raonta FUTI a ríomh agus a chur ar fáil, go háirithe ina comhairle thréimhsiúil maidir le gabháil. Bunaithe ar an bplean, déantar iad a dhíorthú ionas nach mbeidh ann laghdú nach mó ná 5 % ar an táirgeacht fhadtéarmach i gcomparáid le UTI, mar a leagtar amach i bhfreagairt ICES ar “iarraidh an AE ar ICES raonta FUTI a sholáthar i dtaca le rogha de Stoic de chuid na Mara Thuaidh agus Mhuir Bhailt”. Cuirtear uasteorainn leis an raon, ionas nach mó ná 5 % an dóchúlacht go dtitfidh an stoc faoi Bteorainn. Cloíonn an uasteorainn sin freisin le riail chomhairle ICES, rud a thugann le fios, nuair atá drochbhail ar an mbithmhais sceite nó ar an bhflúirse, go bhfuil F le laghdú go luach nach mó ná uasteorainn is ionann agus luach phointe FUTI arna iolrú faoin mbithmhais sceite nó faoin bhflúirse i mbliain na gabhála iomláine is incheadaithe (TAC) arna roinnt ar UBI Bspreagphointe. Úsáideann ICES na breithnithe sin maille leis an riail chomhairle agus comhairle eolaíoch á tabhairt aici faoi bhásmhaireacht iascaireachta agus roghanna gabhála.

(17)

Chun críocha deiseanna iascaireachta a shocrú, ba cheart uastairseach a bheith ann do raonta FUTI sa ghnáthúsáid, agus, ar choinníoll go meastar go bhfuil an stoc i gceist i gcaoi mhaith, ba cheart uasteorainn a bheith ann i gcásanna áirithe. Níor cheart é a bheith indéanta deiseanna iascaireachta a shocrú le bheith teoranta leis an uasteorainn ach amháin más rud é, ar bhonn comhairle eolaíoch nó fianaise eolaíoch, gur gá sin chun na cuspóirí a leagtar síos sa Rialachán seo i dtaca le hiascach measctha a bhaint amach nó más gá sin chun díobháil a dhéantar do stoc de bharr dinimicí stoic laistigh den speiceas céanna nó idir-speiceas a sheachaint, nó chun éagsúlachtaí bliain go bliain i ndeiseanna iascaireachta a theorannú.

(18)

I gcás na stoc sin dá mbíonn fáil ar spriocanna a bhaineann le UTI, agus d'fhonn na bearta coimirce a chur i bhfeidhm, is gá pointí tagartha caomhnaithe a bhunú arna sloinneadh mar spreagleibhéil bithmhaise sceite do stoic éisc, agus mar spreagleibhéil flúirse do ghliomach na hIorua.

(19)

Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le bearta iomchuí coimirce ar fhaitíos go dtitfeadh méid an stoic faoi bhun na leibhéal sin. Ba cheart a áireamh sna bearta coimirce laghdú ar dheiseanna iascaireachta agus bearta caomhnaithe sonracha nuair is den riachtanas iad bearta ceartaitheacha, de réir comhairle eolaíoch. Ba cheart na bearta sin a fhorlíonadh le gach beart iomchuí eile, amhail bearta de chuid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 nó bearta de chuid na mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 13 den Rialachán sin.

(20)

I gcás ghliomach na hIorua, ba cheart go bhféadfaí an TAC i roinn ICES 2a agus i bhfolimistéar 4 a shocrú mar shuim na dteorainneacha gabhála a bunaíodh do gach aonaid fheidhmiúil agus na ndronuilleog staidrimh atá lasmuigh d'aonaid fheidhmiúla an limistéir TAC sin. Ach níor cheart a chosc leis sin bearta a ghlacadh chun aonaid fheidhmiúla áirithe a chosaint.

(21)

I gcás ina gcuireann an Chomhairle san áireamh tionchar suntasach ó iascach áineasa ar chreat na ndeiseanna iascaireachta do stoc ar leith, ba cheart go mbeadh sí in ann TAC a shocrú do ghabhálacha tráchtála ina gcuirfear líon na ngabhálacha áineasa san áireamh agus/nó bearta eile a ghlacadh ina gcuirfear srian ar iascaigh áineasa amhail teorainneacha málaí agus tréimhsí dúnta.

(22)

Chun an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír arna bunú le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a chomhlíonadh, ba cheart foráil a dhéanamh sa phlean maidir le bearta bainistithe breise a dhéanfar tuilleadh sonraithe orthu i gcomhréir le hAirteagal 18 den Rialachán sin.

(23)

Ionas nach gcuirfear as do ghníomhaíochtaí iascaireachta ar bhealach a bhféadfadh drochthionchar a bheith aige ar staid na stoc trosc, is iomchuí córas údaruithe iascaireachta a chothabháil agus é a bheith ceangailte le teorannú ar acmhainneacht iomlán chumhacht innill na soithí iascaireachta i roinn ICES 7d, faoi mar a bhí infheidhme roimhe sin faoi Rialachán (CE) Uimh. 1342/2008.

(24)

Ba cheart an spriocdháta maidir le moltaí comhpháirteacha ó Bhallstáit a bhfuil leas díreach bainistíochta acu a thíolacadh a bhunú, mar a cheanglaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

(25)

I gcomhréir le hAirteagal 10(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ba cheart forálacha a bhunú le go ndéanfadh an Coimisiún measúnú, faoi 6 Lúnasa 2023 agus gach 5 bliana ina dhiadh sin, ar leordhóthanacht agus éifeachtúlacht chur i bhfeidhm an Rialacháin seo bunaithe ar chomhairle eolaíoch. Is féidir, de bhíthin na tréimhse ama sin, an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír a chur i bhfeidhm go hiomlán, agus bearta réigiúnacha a ghlacadh agus a chur i bhfeidhm, agus an tionchar ar na stoic agus ar na hiascaigh a léiriú. Is é sin an íostréimhse is gá de réir comhlachtaí eolaíocha freisin.

(26)

Chun teacht chun oiriúna leis an dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch ar bhealach prap agus comhréireach, chun solúbthacht a áirithiú agus chun ligean do bhearta áirithe forbairt, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis an Rialachán seo a fhorlíonadh i ndáil le coigeartuithe a bhaineann leis na stoic a chumhdaítear leis an Rialachán seo i ndiaidh athruithe i ndáileadh geografach na stoc, i ndáil le bearta ceartaitheacha agus i ndáil le cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin a stiúradh i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (7). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna le saineolaithe na mBallstát, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(27)

Chun deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar, is iomchuí a shoiléiriú gur féidir bearta sealadacha scoir atá glactha chun cuspóirí an phlean a bhaint amach a mheas mar bhearta is incháilithe do thacaíocht faoi Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8).

(28)

Ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 676/2007 agus Rialachán (CE) Uimh. 1342/2008 a aisghairm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Bunaítear, leis an Rialachán seo, plean ilbhliantúil (“an plean”) i dtaca leis na stoic ghrinnill seo a leanas in uiscí an Aontais sa Mhuir Thuaidh (ranna ICES 2a, 3a agus folimistéar 4), lena n-áirítear san iascach ina saothraítear na stoic sin, agus, i gcás ina leathann na stoic sin amach níos faide ná an Mhuir Thuaidh, ina huiscí máguaird:

(a)

Trosc (Gadus morhua) i bhfolimistéar 4 (an Mhuir Thuaidh) agus i ranna 7d (Muir nIocht) agus 3a.20 (Skagerrak);

(b)

Cadóg (Melanogrammus aeglefinus) i bhfolimistéar 4 (an Mhuir Thuaidh) agus i ranna 6a (muir thiar na hAlban) agus 3a.20 (Skagerrak);

(c)

Leathóg (Pleuronectes platessa) i bhfolimistéar 4 (an Mhuir Thuaidh) agus i roinn 3a.20 (Skagerrak);

(d)

Glasán (Pollachius virens) i bhfolimistéir 4 (an Mhuir Thuaidh) agus 6 (Rocal agus muir thiar na hAlban) agus roinn 3a (Skagerrak agus Kattegat);

(e)

Sól (Solea solea) i bhfolimistéar 4 (an Mhuir Thuaidh);

(f)

Sól (Solea solea) i roinn 3a (Skagerrak agus Kattegat) agus i bhfolimistéir 22 go 24 (Muir Bhailt Thiar);

(g)

Faoitín (Merlangius merlangus) i bhfolimistéar 4 (an Mhuir Thuaidh) agus i roinn 7d (Muir nIocht thoir);

(h)

Láimhíneach (Lophius piscatorius) i roinn 3a (Skagerrak agus Kattegat) agus i bhfolimistéir 4 (an Mhuir Thuaidh) agus 6 (Rocal agus muir thiar na hAlban);

(i)

Séacla Artach (Pandalus borealis) i ranna 4a Thoir (an Mhuir Thuaidh thuaidh, Trinse na hIorua) agus 3a.20 (Skagerrak);

(j)

Gliomach na hIorua (Nephrops norvegicus) i roinn 3a (Aonaid Fheidhmiúla 3-4);

(k)

Gliomach na hIorua i bhfolimistéar 4 (an Mhuir Thuaidh) de réir an Aonaid Fheidhmiúil:

Gliomach na hIorua in Botney Gut-Silver Pit (Aonad Feidhmiúil 5);

Gliomach na hIorua in Farn Deeps (Aonad Feidhmiúil 6);

Gliomach na hIorua in Fladen Ground (Aonad Feidhmiúil 7);

Gliomach na hIorua i Linne Foirthe (Aonad Feidhmiúil 8);

Gliomach na hIorua i Linne Mhoireibh (Aonad Feidhmiúil 9);

Gliomach na hIorua in Noup (Aonad Feidhmiúil 10);

Gliomach na hIorua i dTrinse na hIorua (Aonad Feidhmiúil 32);

Gliomach na hIorua in Horn's Reef (Aonad Feidhmiúil 33);

Gliomach na hIorua in Devil's Hole (Aonad Feidhmiúil 34).

I gcás ina dtugann comhairle eolaíoch le fios go bhfuil athrú ann ar dháileadh geografach na stoc arna liostú sa chéad fhomhír den mhír seo, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16 lena leasaítear an Rialachán seo trí na limistéir a liostaítear sa chéad fhomhír den mhír seo a choigeartú chun an t-athrú sin a léiriú. Ní dhéanfaidh na coigeartuithe sin na limistéir stoic a leathnú amach níos faide ná uiscí an Aontais i bhfolimistéar 2 go dtí folimistéar 7.

2.   Más rud é, ar bhonn comhairle eolaíoch, go measann an Coimisiún gur gá an liosta stoc arna leagan amach sa chéad fhomhír de mhír 1 a leasú, féadfaidh an Coimisiún togra a thíolacadh chun leasú a dhéanamh ar an liosta sin.

3.   Maidir le huiscí máguaird dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, ní bheidh feidhm ach ag Airteagal 4 agus Airteagal 6 agus na bearta a bhaineann le deiseanna iascaireachta faoi Airteagal 7.

4.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo freisin maidir le foghabhálacha a ghabhtar sa Mhuir Thuaidh nuair a bhítear ag iascaireacht na stoc a liostaítear sa chéad fhomhír de mhír 1. Mar sin féin, i gcás ina mbunófar raonta FUTI agus coimircí atá ceangailte le bithmhais do na stoic sin faoi ghníomhartha dlí eile de chuid an Aontais lena mbunaítear pleananna ilbhliantúla, beidh feidhm ag na raonta agus na coimircí sin.

5.   Sonraítear sa Rialachán seo freisin mionsonraí do chur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír in uiscí an Aontais sa Mhuir Thuaidh do stoic uile na speiceas a bhfuil feidhm ag an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír ina leith faoi Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas i dteannta na sainmhínithe a leagtar síos in Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 850/98 ón gComhairle (9), in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle (10) agus in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013:

(1)

ciallaíonn “Raon FUTI” raon luachanna dá bhforáíltear sa chomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil, go háirithe ag an gComhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES), i gcás ina mbíonn uastáirgeacht inbhuanaithe (UTI) mar thoradh san fhadtéarma ar leibhéil uile bhásmhaireachta iascaireachta laistigh den raon sin, agus patrún iascaireachta tugtha a bheith ann, agus faoi mheándálaí reatha comhshaoil gan tionchar suntasach a bheith ar an bpróiseas síolraithe don stoc atá i gceist. Déantar é a dhíorthú ionas nach ndéanfar laghdú nach mó ná 5 % ar an táirgeacht fhadtéarmach i gcomparáid leis an UTI. Cuirtear uasteorainn leis chun nach mó ná 5 % an dóchúlacht go dtitfidh an stoc faoin bpointe tagartha teorann do bhithmhais stoic sceite (Bteorainn);

(2)

ciallaíonn “UTI Físeal” an luach is ísle laistigh de raon FUTI;

(3)

ciallaíonn “UTI Fuachtair” an luach is airde laistigh de raon FUTI;

(4)

is é “luach phointe FUTI” an luach básmhaireachta iascaireachta measta a thugann an UTI fhadtéarmach ag a bhfuil patrún iascaireachta tugtha agus faoi na meándhálaí reatha comhshaoil atá ann;

(5)

ciallaíonn “raon íosta FUTI” raon ina bhfuil luachanna ó UTI Físeal suas go dtí luach phointe FUTI;

(6)

ciallaíonn “raon uasta FUTI” raon ina bhfuil luachanna ó luach phointe FUTI suas go dtí UTI Fuachtair;

(7)

ciallaíonn “Bteorainn” an pointe tagartha teorann do bhithmhais stoic sceite dá bhforáiltear sa chomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil, go háirithe ag ICES, arbh fhéidir go mbeadh acmhainneacht síolraithe laghduithe faoina bhun;

(8)

ciallaíonn “UTI Bspreagphointe” an pointe tagartha bithmhaise stoic sceite, agus i gcás stoic de ghliomach na hIorua, an pointe tagartha flúirse, dá bhforáíltear sa chomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil, go háirithe ag ICES, ar faoina bhun ba cheart gur thrúig le gníomhaíocht shonrach agus iomchuí bainistíochta d'fhonn a áirithiú go dtugann na rátaí saothraithe i dteannta athruithe nádúrtha na stoic ar ais go leibhéal is airde ná na leibhéil sin arb acmhainn dóibh an uastáirgeacht inbhuanaithe a tháirgeadh san fhadtéarma.

CAIBIDIL II

CUSPÓIRÍ

Airteagal 3

Cuspóirí

1.   Leis an bplean, rannchuideofar le cuspóirí an chomhbheartais iascaigh a liostaítear in Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a bhaint amach, go háirithe tríd an gcur chuige réamhchúraim a chur i bhfeidhm i leith bainistíocht iascaigh agus beidh sé mar aidhm ag an bplean a áirithiú go ndéanfaidh saothrú bheo-acmhainní bitheolaíocha na mara líon na speiceas saothraithe a athbhunú agus a chothabháil os cionn leibhéil atá in ann UTI a bhaint amach.

2.   Rannchuideoidh an plean le hábhair mhuirí aischurtha a dhíothú, trí ghabhálacha de thaisme a sheachaint agus a laghdú, a mhéid is féidir; rannchuideoidh sé freisin le cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír a bunaíodh in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 i gcás na speiceas atá faoi réir teorainneacha gabhála agus lena mbaineannan Rialachán seo.

3.   Déanfaidh an plean an cur chuige atá bunaithe ar éiceachórais i leith bainistiú iascaigh a chur chun feidhme, chun a áirithiú go ndéanfar tionchair dhiúltacha gníomhaíochtaí iascaireachta ar éiceachóras na mara a laghdú a oiread is féidir. Beidh sé comhleanúnach le reachtaíocht chomhshaoil an Aontais, go háirithe leis an gcuspóir dea-stádas comhshaoil a bhaint amach faoi 2020 mar a leagtar amach in Airteagal 1(1) de Threoir 2008/56/CE.

4.   Go háirithe, beidh sé mar aidhm ag an bplean:

(a)

a áirithiú go gcomhlíonfar na coinníollacha a thuairiscítear i dtuairisceoir 3 atá in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2008/56/CE; agus

(b)

rannchuidiú le comhlíonadh na dtuairisceoirí ábhartha eile atá in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2008/56/CE i gcoibhneas leis an ról atá ag an iascach ina gcomhlíonadh.

5.   Déanfar bearta faoin bplean i gcomhréir leis an gcomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil. I gcás nach bhfuil go leor sonraí ann, féachfar le leibhéal inchomparáide caomhnaithe a bhaint amach do na stoic ábhartha.

CAIBIDIL III

SPRIOCANNA

Airteagal 4

Spriocanna

1.   Maidir leis an spriocbhásmhaireacht iascaireachta atá i gcomhréir le raonta FUTI a shainmhínítear in Airteagal 2, déanfar í a bhaint amach a luaithe is féidir agus ar bhonn forchéimnitheach incriminteach faoi 2020 do na stoic a liostaítear in Airteagal 1(1), agus coinneofar ar bun í uaidh sin amach laistigh de raonta FUTI, i gcomhréir leis an Airteagal seo.

2.   Déanfar na raonta seo FUTI atá bunaithe ar an bplean a iarraidh ar ICES.

3.   I gcomhréir le hAirteagal 16(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, nuair a shocraíonn an Chomhairle deiseanna iascaireachta do stoc, déanfaidh sí na deiseanna sin a bhunú laistigh den raon íosta FUTI a bheidh ar fáil an tráth sin don stoc sin.

4.   D'ainneoin mhír 1 agus mhír 3, féadfar deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic a shocrú ar leibhéil is ísle ná na raonta FUTI.

5.   D'ainneoin mhír 3 agus mhír 4, féadfar deiseanna iascaireachta a shocrú do stoc i gcomhréir leis an raon uasta FUTI a bheidh ar fáil an tráth sin don stoc sin, ar choinníoll go bhfuil an stoc dá dtagraítear in Airteagal 1(1) os cionn UTI Bspreagphointe:

(a)

más rud é, ar bhonn comhairle nó fianaise eolaíoch, gur gá sin chun na cuspóirí a leagtar síos in Airteagal 3 i dtaca leis an iascach measctha a shroicheadh;

(b)

más rud é, ar bhonn comhairle nó fianaise eolaíoch, gur gá sin chun díobháil thromchúiseach a sheachaint a dhéanfadh dinimic stoic ion-speiceas nó idir-speiceas don stoc; nó

(c)

chun athruithe ar dheiseanna iascaireachta ó bhliain go bliain a theorannú go leibhéal nach mó ná 20 %.

6.   I ngach cás, déanfar deiseanna iascaireachta a shocrú sa chaoi go n-áiritheofar gur lú ná 5 % an dóchúlacht go dtitfidh an bhithmhais stoic sceite faoin Bteorainn.

Airteagal 5

Bainistiú na stoc fo-ghabhála

1.   Do na stoic dá dtagraítear in Airteagal 1(4), déanfar bearta bainistíochta lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, deiseanna iascaireachta, a shocrú ag cur san áireamh an chomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil agus beidh siad comhsheasmhach leis na cuspóirí a leagtar síos in Airteagal 3.

2.   Déanfar na stoic sin a bhainistiú faoin gcur chuige réamhchúraim i leith bainistiú iascaigh a shainmhínítear i bpointe 8 d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 nuair nach bhfuil aon fhaisnéis eolaíoch leormhaith ar fáil.

3.   I gcomhréir le hAirteagal 9(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, cuirfear san áireamh, agus bainistiú á dhéanamh ar iascach measctha maidir leis na stoic dá dtagraítear in Airteagal 1(4) den Rialachán seo, a dheacra atá sé na stoic uile a iascach ar UTI san am céanna, go háirithe i gcásanna ina ndúntar an t-iascach roimh am dá bharr sin.

CAIBIDIL IV

COIMIRCÍ

Airteagal 6

Pointí tagartha caomhnaithe

Bunaithe ar an bplean seo, iarrfar na pointí tagartha caomhnaithe seo a leanas ar ICES chun acmhainn iomlán síolraithe na stoc dá dtagraítear in Airteagal 1(1) a choimirciú:

(a)

UTI Bspreagphointe do na stoic dá dtagraítear in Airteagal 1(1);

(b)

Bteorainn do na stoic dá dtagraítear in Airteagal 1(1).

Airteagal 7

Coimircí

1.   I gcás ina dtugann comhairle eolaíoch le fios gur ísle, i mbliain ar leith, ná an UTI Bspreagphointe an bhithmhais stoic sceite atá ag aon cheann de na stoic dá dtagraítear in Airteagal 1(1) agus, i gcás stoic de ghliomach na hIorua, gur ísle ná UTI Bspreagphointe a bhflúirse, glacfar gach beart iomchuí ceartaitheach chun a áirithiú go bhfillfidh an stoc nó an t-aonad feidhmiúil lena mbaineann go pras ar leibhéal is airde ná na leibhéil sin arb acmhainn dóibh UTI a sholáthar. Go háirithe, de mhaolú ar Airteagal 4(3) agus (5), déanfar deiseanna iascaireachta a shocrú ar leibhéil a bheidh i gcomhréir le ráta básmhaireachta iascaireachta arna laghdú faoi bhun an raoin uasta FUTI, agus an laghdú ar an mbithmhais á chur san áireamh.

2.   I gcás ina dtugann comhairle eolaíoch le fios gur ísle ná an Bteorainn an bhithmhais stoc sceite ag aon cheann de na stoic dá dtagraítear in Airteagal 1(1) agus, i gcás stoic de ghliomach na hIorua, gur ísle ná an Bteorainn an flúirse, déanfar bearta ceartaitheacha breise chun a áirithiú go bhfillfidh an stoc nó an t-aonad feidhmiúil lena mbaineann go pras ar leibhéal is airde ná na cinn sin arb acmhainn dóibh UTI a sholáthar. Go háirithe, féadfar a áireamh ar na bearta ceartaitheacha sin, de mhaolú ar Airteagal 4(3) agus (5), spriociascaireacht an stoic nó an aonaid fheidhmiúil lena mbaineann a chur ar fionraí agus deiseanna iascaireachta a laghdú go leordhóthanach.

3.   Féadfar a áireamh ar na bearta ceartaitheacha dá dtagraítear san Airteagal seo:

(a)

bearta éigeandála i gcomhréir le hAirteagal 12 agus Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;

(b)

bearta de bhun Airteagal 8 agus Airteagal 9 den Rialachán seo.

4.   Déanfar rogha na mbeart dá dtagraítear san Airteagal seo ag cur san áireamh cineál, tromchúis, fad agus atriall na staide inar ísle an bhithmhais stoic sceite agus, i gcás stoic de ghliomach na hIorua, an flúirse, ná na leibhéil dá dtagraítear in Airteagal 6.

Airteagal 8

Bearta sonracha caomhnaithe

I gcás ina dtugann comhairle eolaíoch le fios gur gá gníomhaíocht cheartaitheach a dhéanamh chun aon cheann de na stoic ghrinnill dá dtagraítear in Airteagal 1(4) den Rialachán seo a chaomhnú, nó i gcás inar ísle ná an UTI Bspreagphointe, i mbliain ar leith, an bhithmhais stoic sceite atá ag aon cheann de na stoic a chumhdaítear le hAirteagal 1(1) agus, i gcás stoic de ghliomach na hIorua, gur ísle ná an UTI Bspreagphointe a bhflúirse, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16 den Rialachán seo agus Airteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013. Féadfar an Rialachán seo a fhorlíonadh leis na gníomhartha tarmligthe sin trí rialacha a leagan síos maidir leis an méid a leanas:

(a)

saintréithe trealaimh iascaireachta, go háirithe méid mogall, méid duáin, déanamh an trealaimh, tiús sreinge, méid an trealaimh nó úsáid feistí roghnaíochta chun roghnaíocht a áirithiú nó a fheabhsú;

(b)

úsáid trealaimh iascaireachta, go háirithe an t-achar ama a mbeidh sé ar maos, an doimhneacht ag a n-úsáidfear é, chun an roghnaíocht a áirithiú nó a fheabhsú;

(c)

toirmeasc nó teorannú ar iascaireacht i limistéir shonracha chun cosaint a thabhairt d'éisc sceite, d'éisc óga, d'éisc atá faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe nó do speicis iasc nach spriocspeicis iad;

(d)

toirmeasc nó teorannú ar iascaireacht nó úsáid cineálacha áirithe trealaimh iascaireachta i rith tréimhsí ama sonracha, chun éisc sceite nó éisc atá faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe nó speicis iasc nach spriocspeicis iad a chosaint;

(e)

íosmhéideanna tagartha caomhnaithe arb aidhm dóibh cosaint a áirithiú do na hóg-orgánaigh mhuirí;

(f)

saintréithe eile a bhaineann le roghnaíocht.

CAIBIDIL V

BEARTA TEICNIÚLA

Airteagal 9

Bearta teicniúla

1.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16 den Rialachán seo agus le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh maidir leis na bearta teicniúla seo a leanas:

(a)

sonraíochtaí saintréithe trealaimh iascaireachta agus rialacha a rialaíonn a n-úsáid, chun roghnaíocht a áirithiú nó a fheabhsú, chun gabhálacha de thaisme a laghdú nó chun an tionchar diúltach ar an éiceachóras a íoslaghdú;

(b)

sonraíochtaí modhnuithe ar threalamh iascaireachta nó feistí breise a chuirtear le trealamh iascaireachta, chun roghnaíocht a áirithiú nó a fheabhsú, chun gabhálacha de thaisme a laghdú nó chun an tionchar diúltach ar an éiceachóras a íoslaghdú;

(c)

teorannuithe nó toirmisc ar úsáid trealaimh iascaireachta áirithe agus ar ghníomhaíochtaí iascaireachta, i limistéir áirithe nó i dtréimhsí áirithe chun éisc sceite, éisc atá faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe nó speicis iasc nach spriocspeicis iad a chosaint, nó chun an tionchar diúltach ar an éiceachóras a íoslaghdú; agus

(d)

íosmhéideanna tagartha caomhnaithe a shocrú d'aon cheann de na stoic a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir leo, chun cosaint a áirithiú do na hóg-orgánaigh mhuirí.

2.   Rannchuideofar leis na bearta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 a bhaint amach.

CAIBIDIL VI

DEISEANNA IASCAIREACHTA

Airteagal 10

Deiseanna iascaireachta

1.   Agus deiseanna iascaireachta atá ar fáil dóibh á leithdháileadh ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, déanfaidh siad an comhdhéanamh is dóchúla a bheidh ar ghabhálacha na soitheach atá rannpháirteach in iascach measctha a chur san áireamh.

2.   Féadfaidh na Ballstáit, tar éis dóibh fógra a thabhairt don Choimisiún, malartú a dhéanamh ar na deiseanna iascaireachta go léir a leithdháiltear orthu de bhun Airteagal 16(8) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, nó ar chuid acu.

3.   Gan dochar d'Airteagal 7 den Rialachán seo, féadfar TAC an stoic sin de ghliomach na hIorua atá i muircheantair ICES 2a agus 4 a ríomh mar shuim na dteorainneacha gabhála atá ag na haonaid fheidhmiúla agus na ndronnuilleog staidrimh sin atá lasmuigh de na haonaid fheidhmiúla.

4.   I gcás ina dtugann comhairle eolaíoch le fios go bhfuil tionchar suntasach ag iascach áineasa ar bhásmhaireacht iascaireachta stoic ar leith, déanfaidh an Chomhairle an méid sin a chur san áireamh agus féadfaidh sí iascach áineasa a theorannú agus deiseanna iascaireachta á socrú aici, ionas nach sárófar an sprioc iomlán do bhásmhaireacht iascaireachta.

CAIBIDIL VII

FORÁLACHA ATÁ NASCTHA LEIS AN OIBLEAGÁÍD GABHÁLACHA A THABHAIRT I dTÍR

Airteagal 11

Forálacha atá nasctha leis an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír in uiscí an Aontais sa Mhuir Thuaidh

I gcás stoic uile na speiceas sa Mhuir Thuaidh a bhfuil feidhm ag an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír faoi Airteagal 15(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 maidir leo, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16 den Rialachán seo agus le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí shonraí na hoibleagáide sin a mhionsonrú, mar a fhoráiltear i bpointí (a) go (e) d'Airteagal 15(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

CAIBIDIL VIII

ROCHTAIN AR UISCÍ AGUS AR ACMHAINNÍ

Airteagal 12

Údaruithe iascaireachta agus uasteorainneacha le haghaidh acmhainne

1.   Le haghaidh gach ceann de limistéir ICES dá dtagraítear in Airteagal 1(1) den Rialachán seo, eiseoidh gach Ballstát údaruithe iascaireachta i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 i gcás soithí a bhfuil bratach an Bhallstáit sin ar foluain acu agus atá i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta sa limistéar sin. I gcás údaruithe iascaireachta den sórt sin, féadfaidh na Ballstáit freisin acmhainn iomlán soithí den sórt sin, arna sloinneadh i kW, agus iad ag baint úsáid as trealamh sonrach a theorannú.

2.   Maidir le trosc i Muir nIocht Thoir (roinn ICES 7d), gan dochar do na huasteorainneacha le haghaidh acmhainne a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ní bheidh acmhainn iomlán na soithí, arna sloinneadh in kW, ar eisíodh údaruithe iascaireachta dóibh i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, níos mó ná uasacmhainn na soithí a bhí gníomhach in 2006 nó in 2007 agus a bhfuil aon trealamh amháin acu seo a leanas á úsáid acu i limistéar ICES lena mbaineann:

(a)

tráil ghrinnill agus báid saighne (OTB, OTT, PTB, SDN, SSC, SPR) a bhfuil a mogall:

(i)

cothrom le 100 mm nó os a chionn;

(ii)

cothrom le 70 mm nó os a chionn agus níos lú ná 100 mm;

(iii)

cothrom le 16 mm nó os a chionn agus níos lú ná 32 mm;

(b)

tráil bhíoma (TBB) a bhfuil a mogall:

(i)

cothrom le 120 mm nó os a chionn;

(ii)

cothrom le 80 mm nó os a chionn agus níos lú ná 120 mm;

(c)

eangacha geolbhaigh, eangacha fostúcháin (GN);

(d)

traimlí (GT);

(e)

spiléir (LL).

3.   Déanfaidh gach Ballstát liosta soithí a mbeidh an t-údarú iascaireachta dá dtagraítear i mír 1 acu a bhunú agus a chothabháil agus cuirfidh siad ar fáil don Choimisiún agus do na Ballstáit eile ar shuíomh gréasáin oifigiúil an Bhallstáit é.

CAIBIDIL IX

BAINISTIÚ STOIC AR LEAS COITEANN IAD

Airteagal 13

Prionsabail agus cuspóirí a bhaineann le bainistiú stoic ar leas coiteann don Aontas agus do thríú tíortha iad

1.   Nuair a shaothraíonn tríú tíortha stoic ar leas coiteann iad freisin, oibreoidh an tAontas i gcomhar leis na tríú tíortha sin chun a áirithiú go mbainistítear na stoic sin ar bhealach inbhuanaithe atá comhsheasmhach le cuspóirí Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, go háirithe Airteagal 2(2) de, agus le cuspóirí an Rialacháin seo. I gcás nach dtagtar ar chomhaontú foirmiúil, déanfaidh an tAontas gach iarracht teacht ar shocruithe coiteanna chun iascaireacht a dhéanamh ar stoic den sórt sin ionas go bhféadfaí bainistiú inbhuanaithe a dhéanamh, agus cothroime iomaíochta á cur chun cinn d'oibreoirí an Aontais ar an gcaoi sin.

2.   I gcomhthéacs bainistiú comhpháirteach stoc le tríú tíortha, féadfaidh an tAontas deiseanna iascaireachta a mhalartú le tríú tíortha de bhun Airteagal 33(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

CAIBIDIL X

RÉIGIÚNÚ

Airteagal 14

Comhar réigiúnach

1.   Beidh feidhm ag Airteagal 18(1) go (6) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 maidir leis na bearta dá dtagraítear in Airteagal 8, Airteagal 9 agus Airteagal 11 den Rialachán seo.

2.   Chun críche mhír 1 den Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit sin ag a bhfuil leas díreach bainistíochta moltaí comhpháirteacha a thíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 18(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 den chéad uair tráth nach déanaí ná 6 Lúnasa 2019 agus ina dhiaidh sin, 12 mhí tar éis gach meastóireacht ar an bplean a thíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 den Rialachán seo. Féadfaidh siad na moltaí sin a thíolacadh freisin nuair a mheasfaidh na Ballstáit lena mbaineann gur gá sin, go háirithe i gcás athrú tobann ar staid aon cheann de na stoic a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir leo. Ní mór gach moladh comhpháirteach i ndáil leis na bearta a bhaineann le bliain féilire tugtha a thíolacadh tráth nach déanaí ná an 1 Iúil den bhliain roimhe sin.

3.   Ní dochar an cumhachtú a dheonaítear faoi Airteagal 8, Airteagal 9 agus Airteagal 11 den Rialachán seo do chumhachtaí a thugtar don Choimisiún faoi fhorálacha eile de dhlí an Aontais, lena n-áirítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

CAIBIDIL XI

GNÍOMHAÍOCHT LEANTACH

Airteagal 15

Meastóireacht ar an bplean

Faoin 6 Lúnasa 2023, agus gach 5 bliana dá éis sin, tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le torthaí agus tionchar an phlean ar na stoic a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir leo agus ar an iascach a shaothraíonn na stoic sin, go háirithe maidir le baint amach na gcuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3.

CAIBIDIL XII

FORÁLACHA NÓS IMEACHTA

Airteagal 16

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 1(1) agus Airteagal 8, Airteagal 9 agus Airteagal 11 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 5 Lúnasa 2018. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 1(1) agus in Airteagal 8, Airteagal 9 agus Airteagal 11 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 1(1), agus Airteagal 8, Airteagal 9 agus Airteagal 11 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear síneadh 2 mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

CAIBIDIL XIII

TACAÍOCHT ÓN gCISTE EORPACH MUIRÍ AGUS IASCAIGH

Airteagal 17

Tacaíocht ón gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh

Measfar bearta scoir shealadaigh a ghlactar chun cuspóirí an phlean a bhaint amach mar scor sealadach gníomhaíochtaí iascaireachta chun críocha phointe (a) agus phointe (c) d'Airteagal 33(1) de Rialachán (AE) Uimh. 508/2014.

CAIBIDIL XIV

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHACHA

Airteagal 18

Aisghairmeacha

1.   Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 676/2007 agus Rialachán (CE) Uimh. 1342/2008.

2.   Déanfar tagairtí do na Rialacháin aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

Airteagal 19

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 4 Iúil 2018.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

K. EDTSTADLER


(1)  IO C 75, 10.3.2017, lch. 109.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 29 Bealtaine 2018 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 18 Meitheamh 2018.

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).

(4)  Treoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht chomhphobail i réimse an bheartais muirthimpeallachta (an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí) (IO L 164, 25.6.2008, lch. 19).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 676/2007 ón gComhairle an 11 Meitheamh 2007 lena mbunaítear plean ilbhliantúil d'iascaigh a shaothraíonn stoic leathóg agus sól sa Mhuir Thuaidh (IO L 157, 19.6.2007, lch. 1).

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 1342/2008 ón gComhairle an 18 Nollaig 2008 lena mbunaítear plean fadtéarmach don stoc trosc agus don iascach a shaothraíonn an stoc sin agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 423/2004 (IO L 348, 24.12.2008, lch. 20).

(7)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2328/2003 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 861/2006 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 791/2007 ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 1255/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 149, 20.5.2014, lch. 1).

(9)  Rialachán (CE) Uimh. 850/98 ón gComhairle an 30 Márta 1998 maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú trí bhearta teicniúla chun óg-orgánaigh mhuirí a chosaint IO L 125, 27.4.1998, lch. 1.

(10)  Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009, lena mbunaítear córas rialaithe Aontais chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialachán (CE) 847/96, Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002, Rialachán (CE) Uimh. 811/2004, Rialachán (CE) Uimh. 768/2005, Rialachán (CE) Uimh. 2115/2005, Rialachán (CE) Uimh. 2166/2005, Rialachán (CE) Uimh. 388/2006, Rialachán (CE) Uimh. 509/2007, Rialachán (CE) Uimh. 676/2007, Rialachán (CE) Uimh. 1098/2007, Rialachán (CE) Uimh. 1300/2008, Rialachán (CE) Uimh. 1342/2008, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93, Rialachán (CE) Uimh. 1627/94 agus Rialachán (CE) Uimh. 1966/2006, (IO L 343, 22.12.2009, lch. 1).


Comhráiteas ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le speicis thoirmiscthe

Maidir leis an Rialachán atá le glacadh ar bhonn an togra ón gCoimisiún ar acmhainní iascaigh a chaomhnú agus ar chosaint a thabhairt d'éiceachórais mhuirí trí bhearta teicniúla (2016/0074(COD)), ba cheart go mbeadh forálacha áirithe ann, inter alia, maidir leis na speicis a bhfuil sé toirmiscthe iad a iascach. Ar an gcúis sin tá sé aontaithe ag an dá institiúid gan liosta maidir leis an Muir Thuaidh a chur san áireamh sa Rialacháin seo (2016/0238(COD)).


Comhráiteas ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialú

Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na forálacha um rialú seo a leanas a chur san áireamh san athbhreithniú a dhéanfar ar an Rialachán um Rialú (Rialacháin (CE) Uimh. 1224/2009) i gcás inarb ábhartha sin maidir leis an Muir Thuaidh: réamhfhógraí, ceanglais logleabhair, calafoirt ainmnithe agus forálacha eile um rialú.


16.7.2018   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

14


RIALACHÁN (AE) 2018/974 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 4 Iúil 2018

maidir le staidreamh ar iompar earraí d'uiscebhealaí intíre

(códú)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 338(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 1365/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) a leasú go suntasach roinnt uaireanta (3). Ar mhaithe le soiléireacht agus le réasúntacht, ba cheart an Rialachán sin a chódú.

(2)

Cuid thábhachtach de ghréasáin iompair an Aontais is ea na huiscebhealaí intíre agus cuspóir de chuid an chomhbheartais iompair is ea cur chun cinn an iompair d'uiscebhealaí intíre, ar chúiseanna éifeachtúlachta eacnamaíche agus, ag an am céanna, chun ídiú fuinnimh agus tionchar comhshaoil an iompair a laghdú.

(3)

Teastaíonn staidreamh ón gCoimisiún maidir le hiompar earraí d'uiscebhealaí intíre chun faireachán agus forbairt a dhéanamh ar an gcomhbheartas iompair, agus ar na heilimintí iompair de bheartais maidir leis na réigiúin agus maidir le gréasáin thras-Eorpacha.

(4)

Ba cheart staidreamh Eorpach i ndáil le gach modh iompair a bhailiú de réir coincheapa coiteanna agus caighdeáin choiteanna, agus é mar aidhm aige sin an inchomparáideacht is iomláine is féidir idir modhanna iompair a bhaint amach.

(5)

Ní ann don iompar d'uiscebhealaí intíre i ngach Ballstát agus, dá bhrí sin, tá tionchar an Rialacháin seo teoranta do na Ballstáit sin inarb ann don mhodh iompair sin.

(6)

Le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), soláthraítear creat tagartha do na forálacha a leagtar síos sa Rialachán seo.

(7)

Chun treochtaí eacnamaíocha agus teicniúla agus athruithe ar shainmhínithe arna nglacadh ar an leibhéal idirnáisiúnta a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis an Rialachán seo a leasú chun an tairseach a ardú os cionn 1 000 000 tona do chumhdach staidrimh ar iompar d'uiscebhealaí intíre, chun sainmhínithe a chur in oiriúint nó chun foráil a dhéanamh do chinn nua, mar aon leis na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo a oiriúnú chun athruithe sa chódú agus san ainmníocht ar an leibhéal idirnáisiúnta nó i ngníomhartha reachtacha ábhartha an Aontais a léiriú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (5). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(8)

Ba cheart don Choimisiún a áirithiú nach gcuirfidh na gníomhartha tarmligthe sin ualach suntasach breise ar na Ballstáit ná ar na freagróirí.

(9)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun cur ar a chumas socruithe a ghlacadh i ndáil le sonraí a tharchur, lena n-áirítear caighdeáin idirmhalartaithe sonraí, le go scaipfeadh an Coimisiún (Eurostat) torthaí agus i ndáil le ceanglais agus critéir mhodheolaíocha a fhorbairt agus a fhoilsiú, na ceanglais agus na critéir sin arna ndearadh chun cáilíocht na sonraí a tháirgfear a áirithiú. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6).

(10)

Ní mór don Choimisiún socrú a dhéanamh chun go ndéanfar treoirstaidéir ar infhaighteacht sonraí staidrimh a bhaineann le hiompar paisinéirí d'uiscebhealaí intíre, lena n-áirítear trí sheirbhísí iompair trasteorann. Ba cheart don Aontas ranníoc le costas a ghabhann leis na treoirstaidéir sin a dhéanamh. Ba cheart do ranníocaíochtaí den sórt sin a bheith i bhfoirm deontais arna ndámhachtain chuig na hinstitiúidí staidrimh náisiúnta agus chuig údaráis náisiúnta eile dá dtagraítear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009, i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7).

(11)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon caighdeáin choiteanna staidrimh a chruthú lena bhféadfar sonraí comhchuibhithe a tháirgeadh, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge an chruthaithe sin, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo, bunaítear rialacha coiteanna maidir le táirgeadh staidrimh Eorpach maidir le hiompar d'uiscebhealaí intíre.

Airteagal 2

Raon feidhme

1.   Tarchuirfidh na Ballstáit sonraí a bhaineann le hiompar d'uiscebhealaí intíre ar a gcríoch náisiúnta chuig an gCoimisiún (Eurostat).

2.   Na Ballstáit sin inar mó ná 1 000 000 tona an méid iomlán d'earraí a iompraítear in aghaidh na bliana d'uiscebhealaí intíre mar iompar náisiúnta, idirnáisiúnta nó idirthurais, soláthróidh siad na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 4(1).

3.   De mhaolú ar mhír 2, na Ballstáit sin nach ndéantar aon iompar idirnáisiúnta ná idirthurais d'uiscebhealaí intíre iontu ach inar mó ná 1 000 000 tona an méid iomlán d'earraí a iompraítear in aghaidh na bliana d'uiscebhealaí intíre mar iompar náisiúnta, ní sholáthróidh siad ach na sonraí a cheanglaítear faoi Airteagal 4(2).

4.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

iompar earraí ag soithí is lú ná 50 tona meá-lasta;

(b)

soithí a úsáidtear go príomha chun paisinéirí a iompar;

(c)

soithí a úsáidtear chun críocha farantóireachta;

(d)

soithí a úsáideann riaracháin chalafoirt agus údaráis phoiblí chun críocha neamhthráchtála amháin;

(e)

soithí a úsáidtear chun críocha buncarála agus stórála amháin;

(f)

soithí nach n-úsáidtear chun earraí a iompar amhail soithí iascaigh, dreidirí, ceardlanna ar snámh, báid chónaithe agus árthaí pléisiúir.

5.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 a bhaineann le mír 2 den Airteagal seo a leasú d'fhonn an tairseach a ardú do chumhdach staidrimh ar iompar d'uiscebhealaí intíre dá dtagraítear inti d'fhonn treochtaí eacnamaíocha agus teicniúla a chur san áireamh.

Áiritheoidh an Coimisiún, agus an chumhacht sin á feidhmiú aige, nach gcuirfidh na gníomhartha tarmligthe ualach suntasach breise ar na Ballstáit ná ar na freagróirí. Thairis sin, tabharfaidh an Coimisiún bonn cirt do na gníomhaíochtaí staidrimh dá bhforáiltear sna gníomhartha tarmligthe sin, agus leas á bhaint aige, nuair is iomchuí, as anailís ar chost-éifeachtúlacht, lena n-áirítear measúnú ar an ualach ar fhreagróirí agus ar na costais táirgeachta amhail dá dtagraítear in Airteagal 14(3)(c) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “uiscebhealaí intíre inseolta” sruthchúrsa, nach cuid den fharraige é, atá oiriúnach, de bharr gnéithe nádúrtha nó saorga, do loingseoireacht le soithí uiscebhealaí intíre go príomha;

(b)

ciallaíonn “soitheach uiscebhealaí intíre” árthach snámhach atá ceaptha le haghaidh iompar earraí nó le haghaidh iompar poiblí paisinéirí agus a sheoltar go príomha ar uiscebhealaí intíre inseolta nó in uiscí atá laistigh d'uiscí foscúla nó de limistéir ina bhfuil feidhm ag rialacháin chalafoirt, nó in uiscí atá buailte le huiscí nó limistéir den sórt sin;

(c)

ciallaíonn “náisiúntacht an tsoithigh” an tír ina bhfuil an soitheach cláraithe;

(d)

ciallaíonn “iompar d'uiscebhealaí intíre” aon ghluaiseacht earraí agus/nó paisinéirí ag úsáid soithí uiscebhealaí intíre a dhéantar ina iomláine nó i bpáirt ar uiscebhealaí intíre inseolta;

(e)

ciallaíonn “iompar náisiúnta d'uiscebhealaí intíre” iompar d'uiscebhealaí intíre idir dhá chalafort de chríoch náisiúnta amháin gan beann ar náisiúntacht an tsoithigh;

(f)

ciallaíonn “iompar idirnáisiúnta d'uiscebhealaí intíre” iompar d'uiscebhealaí intíre idir dhá chalafort atá suite in dhá chríoch náisiúnta éagsúla;

(g)

ciallaíonn “iompar idirthurais d'uiscebhealaí intíre” iompar d'uiscebhealaí intíre trí chríoch náisiúnta idir dhá chalafort agus an dá chalafort sin suite i gcríoch náisiúnta eile nó i gcríocha náisiúnta eile ar choinníoll nach ndéantar tras ar bith laistigh den chríoch náisiúnta le linn an turais ina iomláine;

(h)

ciallaíonn “trácht uiscebhealaí intíre” aon ghluaiseacht soithigh ar uiscebhealach intíre inseolta áirithe.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 a bhaineann leis an gcéad mhír den Airteagal seo a leasú chun na sainmhínithe atá ann a chur in oiriúint nó le foráil a dhéanamh do shainmhínithe nua d'fhonn sainmhínithe ábhartha a leasaítear nó a ghlactar ar an leibhéal idirnáisiúnta a chur san áireamh.

Áiritheoidh an Coimisiún, agus an chumhacht sin á feidhmiú aige, nach gcuirfidh na gníomhartha tarmligthe ualach suntasach breise ar na Ballstáit ná ar na freagróirí. Thairis sin, tabharfaidh an Coimisiún bonn cirt do na gníomhaíochtaí staidrimh dá bhforáiltear sna gníomhartha tarmligthe sin, agus leas á bhaint aige, nuair is iomchuí, as anailís ar chost-éifeachtúlacht, lena n-áirítear measúnú ar an ualach ar fhreagróirí agus ar na costais táirgeachta amhail dá dtagraítear in Airteagal 14(3)(c) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.

Airteagal 4

Bailiú sonraí

1.   Baileofar sonraí i gcomhréir leis na táblaí a leagtar amach in Iarscríbhinní I go IV.

2.   Sa chás dá dtagraítear in Airteagal 2(3), baileofar sonraí i gcomhréir leis an tábla a leagtar amach in Iarscríbhinn V.

3.   Chun críocha an Rialacháin seo, aicmeofar earraí i gcomhréir le hIarscríbhinn VI.

4.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 a bhaineann leis na hIarscríbhinní a leasú chun na hathruithe a léiriú maidir le códú agus le hainmníocht ar an leibhéal idirnáisiúnta nó i ngníomhartha reachtacha ábhartha de chuid an Aontais Eorpaigh.

Áiritheoidh an Coimisiún, agus an chumhacht sin á feidhmiú aige, nach gcuirfidh na gníomhartha tarmligthe ualach suntasach breise ar na Ballstáit ná ar na freagróirí. Thairis sin, tabharfaidh an Coimisiún bonn cirt do na gníomhaíochtaí staidrimh dá bhforáiltear sna gníomhartha tarmligthe sin, agus leas á bhaint aige, nuair is iomchuí, as anailís ar chost-éifeachtúlacht, lena n-áirítear measúnú ar an ualach ar fhreagróirí agus ar na costais táirgeachta amhail dá dtagraítear in Airteagal 14(3)(c) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.

Airteagal 5

Treoirstaidéir

1.   Faoin 8 Nollaig 2018, déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, an mhodheolaíocht iomchuí a fhorbairt chun staidreamh a thiomsú maidir le hiompar paisinéirí d'uiscebhealaí intíre, lena n-áirítear trí sheirbhísí iompair trasteorann.

2.   Faoin 8 Nollaig 2019, seolfaidh an Coimisiún treoirstaidéir dheonacha a dhéanfaidh na Ballstáit lena gcuirfear sonraí ar fáil faoi raon feidhme an Rialacháin seo maidir le hinfhaighteacht sonraí staidrimh a bhaineann le paisinéirí a iompar ar uiscebhealaí intíre, lena n-áirítear trí sheirbhísí iompair trasteorann. Beidh sé mar aidhm ag na treoirstaidéir sin measúnú a dhéanamh ar indéantacht na mbailiúchán nua sonraí sin, ar na costais a bhaineann leis na bailiúcháin ghaolmhara sonraí agus ar an gcáilíocht intuigthe staidrimh.

3.   Faoin 8 Nollaig 2020, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le torthaí treoirstaidéar den sórt sin. Ag brath ar thorthaí na tuarascála sin, agus laistigh de thréimhse réasúnach ama, déanfaidh an Coimisiún togra reachtach a thíolacadh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, más iomchuí, chun an Rialachán seo a leasú i ndáil le staidreamh maidir le hiompar paisinéirí d'uiscebhealaí intíre, lena n-áirítear trí sheirbhísí iompair trasteorann.

4.   Rannchuideodh buiséad ginearálta an Aontais, i gcás inarb iomchuí agus breisluach an Aontais á chur san áireamh, leis na treoirstaidéir sin a mhaoiniú.

Airteagal 6

Tarchur sonraí

1.   Déanfar tarchur na sonraí a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 5 mhí tar éis dheireadh na tréimhse breathnóireachta ábhartha.

2.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos na socruithe chun sonraí a tharchur chuig an gCoimisiún (Eurostat), lena n-áirítear caighdeáin idirmhalartaithe sonraí. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(2).

Airteagal 7

Scaipeadh

Déanfar an staidreamh Eorpach atá bunaithe ar na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 4 a scaipeadh le minicíocht a bheidh ar aon dul leis an minicíocht sin a leagtar síos maidir le tarchur sonraí ag na Ballstáit.

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos na socruithe maidir le scaipeadh sonraí. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(2).

Airteagal 8

Cáilíocht sonraí

1.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos na ceanglais agus critéir mhodheolaíocha arna ndearadh chun cáilíocht na sonraí a tháirgfear a áirithiú. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(2).

2.   Déanfaidh na Ballstáit gach beart is gá le cáilíocht na sonraí a tharchuirfear a áirithiú.

3.   Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) cáilíocht na sonraí a tharchuirfear a mheasúnú. Cuirfidh na Ballstáit tuarascáil ar fáil don Choimisiún (Eurostat) ina mbeidh an fhaisnéis agus na sonraí sin a fhéadfaidh sé a iarraidh chun cáilíocht na sonraí a tharchuirfear a fhíorú.

4.   Chun críocha an Rialacháin seo, is iad na critéir cháilíochta a bheidh le cur i bhfeidhm maidir leis na sonraí a bheidh le tíolacadh ná iad siúd dá dtagraítear in Airteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.

5.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos na socruithe mionsonraithe, an struchtúr, agus na heilimintí tréimhsiúlachta agus inchomparáideachta le haghaidh na dtuarascálacha cáilíochta. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(2).

Airteagal 9

Tuarascálacha ar chur chun feidhme

Faoin 31 Nollaig 2020 agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste um an gCóras Staidrimh Eorpach, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo agus maidir le forbairtí amach anseo.

Sa tuarascáil sin, cuirfidh an Coimisiún san áireamh faisnéis ábhartha arna soláthar ag na Ballstáit maidir le feabhsuithe a d'fhéadfaí a dhéanamh agus maidir le riachtanais na n-úsáideoirí. Go háirithe, déanfar measúnú sa tuarascáil:

(a)

ar na sochair a fhabhróidh don Aontas, do na Ballstáit agus do sholáthróirí agus d'úsáideoirí faisnéise staidrimh, ón staidreamh a táirgeadh, le hais a gcostas;

(b)

ar cháilíocht na sonraí arna dtarchur agus na modhanna bailithe sonraí arna n-úsáid.

Airteagal 10

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 2(5), in Airteagal 3 agus in Airteagal 4(4) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 7 Nollaig 2016. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 2(5), in Airteagal 3, agus in Airteagal 4(4) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 2(5), Airteagal 3 nó Airteagal 4(4) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 11

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh an Coiste um an gCóras Staidrimh Eorpach, a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009, cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 12

Aisghairm

Aisghairtear leis seo Rialachán (CE) Uimh. 1365/2006.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn VIII.

Airteagal 13

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, 4 Iúil 2018.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

K. EDTSTADLER


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 29 Bealtaine 2018 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 18 Meitheamh 2018.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 1365/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meán Fómhair 2006 maidir le staidreamh ar iompar earraí d'uiscebhealaí intíre agus lena n-aisghairtear Treoir 80/1119/CEE ón gComhairle (IO L 264, 25.9.2006, lch. 1).

(3)  Féach Iarscríbhinn VII.

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).

(5)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(7)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle, (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

Tábla I1.

Earraí arna n-iompar de réir an chineáil earraí (sonraí bliantúla)

Eilimintí

Códú

Ainmníocht

Aonad

Tábla

2-alfa-uimhriúil

“I1”

 

Tír thuairiscithe

2-litir

NUTS0 (cód náisiúnta)

 

Bliain

4-dhigit

“bbbb”

 

Tír/réigiún an luchtaithe

4-alfa-uimhriúil

NUTS2 (1)

 

Tír/réigiún an díluchtaithe

4-alfa-uimhriúil

NUTS2 (1)

 

Cineál iompair

1-digit

1

=

náisiúnta

2

=

idirnáisiúnta (cé is moite d'idirthuras)

3

=

idirthuras

 

Cineál earraí

2-dhigit

NST 2007

 

Cineál pacáistíochta

1-digit

1

=

earraí i gcoimeádáin

2

=

earraí nach bhfuil i gcoimeádáin agus coimeádáin fholmha

 

Tonaí arna n-iompar

 

 

tonaí

Tonaí-km

 

 

tonaí-km


(1)  I gcás nach eol an cód réigiúnach nó i gcás nach bhfuil fáil air, úsáidfear an códú seo a leanas:

“NUTS0 + ZZ” nuair is ann do chód NUTS don tír chomhpháirtíochta.

“cód ISO + ZZ” nuair nach ann do chód NUTS don tír chomhpháirtíochta.

“ZZZZ” nuair nach eol in aon chor an tír chomhpháirtíochta.


IARSCRÍBHINN II

Tábla II1.

Iompar de réir náisiúntacht an tsoithigh agus an chineáil soithigh (sonraí bliantúla)

Eilimintí

Códú

Ainmníocht

Aonad

Tábla

3 alfa-uimhriúil

“II1”

 

Tír thuairiscithe

2 litir

NUTS0 (cód náisiúnta)

 

Bliain

4 dhigit

“bbbb”

 

Tír/réigiún an luchtaithe

4 alfa-uimhriúil

NUTS2 (1)

 

Tír/réigiún an díluchtaithe

4 alfa-uimhriúil

NUTS2 (1)

 

Cineál iompair

1 digit

1

=

náisiúnta

2

=

idirnáisiúnta (cé is moite d'idirthuras)

3

=

idirthuras

 

Cineál soithigh

1 digit

1

=

báirse féinghluaiste

2

=

báirse nach féinghluaiste

3

=

báirse tancaeir féinghluaiste

4

=

báirse tancaeir nach féinghluaiste

5

=

soitheach iompartha earraí eile

6

=

soitheach farraige

 

Náisiúntacht soithigh

2 litir

NUTS0 (cód náisiúnta) (2)

 

Tonaí arna n-iompar

 

 

tonaí

Tonaí-km

 

 

tonaí-km


Tábla II2.

Trácht soithí (sonraí bliantúla)

Eilimintí

Códú

Ainmníocht

Aonad

Tábla

3 Alfa-uimhriúil

“II2”

 

Tír thuairiscithe

2-litir

NUTS0 (cód náisiúnta)

 

Bliain

4-dhigit

“bbbb”

 

Cineál iompair

1-digit

1

=

náisiúnta

2

=

idirnáisiúnta (cé is moite d'idirthuras)

3

=

idirthuras

 

Líon na ngluaiseachtaí soithí luchtaithe

 

 

gluaiseachtaí soithí

Líon na ngluaiseachtaí soithí folmha

 

 

gluaiseachtaí folmha

Soitheach-km (soithí luchtaithe)

 

 

soitheach-km

Soitheach-km (soithí folmha)

 

 

soitheach-km

NÓTA: Is roghnach Tábla II2 a sholáthar.


(1)  I gcás nach eol an cód réigiúnach nó i gcás nach bhfuil fáil air, úsáidfear an códú seo a leanas:

“NUTS0 + ZZ” nuair is ann do chód NUTS don tír chomhpháirtíochta.

“cód ISO + ZZ” nuair nach ann do chód NUTS don tír chomhpháirtíochta.

“ZZZZ” nuair nach eol in aon chor an tír chomhpháirtíochta.

(2)  Nuair nach ann do chód NUTS do thír chláraithe an tsoithigh, déanfar an cód náisiúnta ISO a thuairisciú. I gcás nach eol náisiúntacht an tsoithigh, is é “ZZ” an cód atá le húsáid.


IARSCRÍBHINN III

Tábla III1.

Iompar coimeádán de réir an chineáil earraí (sonraí bliantúla)

Eilimintí

Códú

Ainmníocht

Aonad

Tábla

4 alfa-uimhriúil

“III1”

 

Tír thuairiscithe

2 litir

NUTS0 (cód náisiúnta)

 

Bliain

4 dhigit

“bbbb”

 

Tír/réigiún an luchtaithe

4 alfa-uimhriúil

NUTS2 (1)

 

Tír/réigiún an díluchtaithe

4 alfa-uimhriúil

NUTS2 (1)

 

Cineál iompair

1 digit

1

=

náisiúnta

2

=

idirnáisiúnta (cé is moite d'idirthuras)

3

=

idirthuras

 

Méid na gcoimeádán

1 digit

1

=

aonaid lasta 20′

2

=

aonaid lasta 40′

3

=

aonaid lasta > 20′ agus < 40′

4

=

aonaid lasta < 40′

 

Stádas luchtaithe

1 digit

1

=

coimeádáin luchtaithe

2

=

coimeádáin fholmha

 

Cineál earraí

2 dhigit

NST 2007

 

Tonaí arna n-iompar

 

 

tonaí

tonaí-km

 

 

tonaí-km

TEU

 

 

TEU

TEU-km

 

 

TEU-km


(1)  I gcás nach eol an cód réigiúnach nó i gcás nach bhfuil fáil air, úsáidfear an códú seo a leanas:

“NUTS0 + ZZ” nuair is ann do chód NUTS don tír chomhpháirtíochta.

“cód ISO + ZZ” nuair nach ann do chód NUTS don tír chomhpháirtíochta.

“ZZZZ” nuair nach eol in aon chor an tír chomhpháirtíochta.


IARSCRÍBHINN IV

Tábla IV1.

Iompar de réir náisiúntacht na soithí (sonraí ráithiúla)

Eilimintí

Códú

Ainmníocht

Aonad

Tábla

3 alfa-uimhriúil

“IV 1”

 

Tír thuairiscithe

2 litir

NUTS0 (cód náisiúnta)

 

Bliain

4 dhigit

“bbbb”

 

Ráithe

2 dhigit

41

=

ráithe 1

42

=

ráithe 2

43

=

ráithe 3

44

=

ráithe 4

 

Cineál iompair

1 digit

1

=

náisiúnta

2

=

idirnáisiúnta (cé is moite d'idirthuras)

3

=

idirthuras

 

Náisiúntacht an tsoithigh

2 litir

NUTS0 (cód náisiúnta) (1)

 

Tonaí arna n-iompar

 

 

tonaí

Tonaí-km

 

 

tonaí-km


Tábla IV2.

Iompar coimeádán de réir náisiúntacht na soithí (sonraí ráithiúla)

Eilimintí

Códú

Ainmníocht

Aonad

Tábla

3 alfa-uimhriúil

“IV2”

 

Tír thuairiscithe

2 litir

NUTS0 (cód náisiúnta)

 

Bliain

4 dhigit

“bbbb”

 

Ráithe

2 dhigit

41

=

ráithe 1

42

=

ráithe 2

43

=

ráithe 3

44

=

ráithe 4

 

Cineál iompair

1 digit

1

=

náisiúnta

2

=

idirnáisiúnta (cé is moite d'idirthuras)

3

=

idirthuras

 

Náisiúntacht an tsoithigh

2 litir

NUTS0 (cód náisiúnta) (2)

 

Stádas luchtaithe

1 digit

1

=

coimeádáin luchtaithe

2

=

coimeádáin fholmha

 

Tonaí arna n-iompar

 

 

tonaí

Tonaí-km

 

 

tonaí-km

TEU

 

 

TEU

TEU-km

 

 

TEU-km


(1)  Nuair nach ann do chód NUTS do thír chláraithe an tsoithigh, déanfar an cód náisiúnta ISO a thuairisciú. I gcás nach eol náisiúntacht an tsoithigh, is é “ZZ” an cód atá le húsáid.

(2)  Nuair nach ann do chód NUTS do thír chláraithe an tsoithigh, déanfar an cód náisiúnta ISO a thuairisciú. I gcás nach eol náisiúntacht an tsoithigh, is é “ZZ” an cód atá le húsáid.


IARSCRÍBHINN V

Tábla V1.

Iompar earraí (sonraí bliantúla)

Eilimintí

Códú

Ainmníocht

Aonad

Tábla

2 alfa-uimhriúil

“V1”

 

Tír thuairiscithe

2 litir

NUTS0 (cód náisiúnta)

 

Bliain

4 dhigit

“bbbb”

 

Cineál iompair

1 digit

1

=

náisiúnta

2

=

idirnáisiúnta (cé is moite d'idirthuras)

3

=

idirthuras

 

Cineál earraí

2 dhigit

NST 2007

 

Tonaí arna n-iompar

 

 

tonaí

Tonaí-km

 

 

tonaí-km


IARSCRÍBHINN VI

NST 2007

Rannán

Tuairisc

01

Táirgí talmhaíochta, fiaigh agus foraoiseachta; iasc agus táirgí eile iascaireachta

02

Gual agus lignít; peitriliam amh agus gás nádúrtha

03

Mianta miotail agus táirgí eile mianadóireachta agus cairéalúcháin; móin; úráiniam agus tóiriam

04

Táirgí bia, deochanna agus tobac

05

Teicstílí agus táirgí teicstíleacha; leathar agus táirgí leathair

06

Adhmad agus táirgí adhmaid agus coirc (seachas troscán); earraí tuí agus ábhar fite; laíon, páipéar agus táirgí páipéir; ábhar clóite agus meáin thaifeadta

07

Táirgí cóic agus peitriliam scagtha

08

Ceimiceáin, táirgí ceimiceacha, agus snáithíní saorga; táirgí rubair agus plaisteacha; breosla núicléach

09

Táirgí mianracha neamh-mhiotalacha eile

10

Miotail bhunúsacha; táirgí déanta as miotal, seachas innealra agus trealamh

11

Innealra agus trealamh gan aicmiú in áit ar bith eile; innealra agus ríomhairí oifige; innealra agus gléasra leictreach gan aicmiú in áit ar bith eile; trealamh agus gairis raidió, teilifíse agus cumarsáide; uirlisí míochaine, mionchruinnis agus optúla; uaireadóirí agus cloig

12

Trealamh iompair

13

Troscán; earraí monaraithe eile gan aicmiú in áit ar bith eile

14

Amhábhair thánaisteacha; dramhaíl bhardasach agus dramhaíl eile

15

Post, beartáin

16

Trealamh agus ábhar a úsáidtear chun earraí a iompar

17

Earraí a bhogtar le linn aistriú tí nó oifige; bagáiste a iompraítear ar leithligh ó na paisinéirí; mótarfheithiclí a aistrítear lena ndeisiú; earraí eile neamh-mhargaidh gan aicmiú in áit ar bith eile

18

Earraí grúpáilte: meascán de chineálacha earraí a iompraítear le chéile

19

Earraí do-aitheanta: earraí, ar cibé cúis, nach féidir a aithint agus, dá dheasca sin, nach féidir a shannadh do ghrúpaí 01–16

20

Earraí eile gan aicmiú in áit ar bith eile


IARSCRÍBHINN VII

AN RIALACHÁN AISGHAIRTHE AGUS LIOSTA DE NA LEASUITHE COMHLEANÚNACHA A RINNEADH AIR

Rialachán (CE) Uimh. 1365/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 264, 25.9.2006, lch. 1)

 

Rialachán (CE) Uimh. 425/2007 ón gCoimisiún

(IO L 103, 20.4.2007, lch. 26)

Airteagal 1 amháin

Rialachán (CE) Uimh. 1304/2007 ón gCoimisiún

(IO L 290, 8.11.2007, lch. 14)

Airteagal 4 amháin

Rialachán (AE) 2016/1954 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 311, 17.11.2016, lch. 20)

 


IARSCRÍBHINN VIII

Tábla comhghaoil

Rialachán (CE) Uimh. 1365/2006

An Rialachán seo

Airteagail 1 go 4

Airteagail 1 go 4

Airteagal 4a

Airteagal 5

Airteagal 5

Airteagal 6

Airteagal 6

Airteagal 7

Airteagal 7

Airteagal 8

Airteagal 8

Airteagal 9

Airteagal 10

Airteagal 11

Airteagal 11

Airteagal 12

Airteagal 12

Airteagal 13

Iarscríbhinn A

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn B

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn C

Iarscríbhinn III

Iarscríbhinn D

Iarscríbhinn IV

Iarscríbhinn E

Iarscríbhinn V

Iarscríbhinn F

Iarscríbhinn VI

Iarscríbhinn VII

Iarscríbhinn VIII


16.7.2018   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

30


RIALACHÁN (AE) 2018/975 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 4 Iúil 2018

lena leagtar síos bearta bainistíochta, caomhnaithe agus rialaithe atá infheidhme i Limistéar Choinbhinsiún na hEagraíochta Réigiúnaí um Bainistíocht Iascaigh san Aigéan Ciúin Theas (SPRFMO)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Is é cuspóir an Chomhbheartais Iascaigh (CBI), mar a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), a áirithiú go ndéanfar acmhainní bitheolaíocha na mara a shaothrú ar chaoi a chothóidh inbhuanaitheacht fhadtéarmach chomhshaoil, eacnamaíoch agus shóisialta.

(2)

Trí bhíthin Cinneadh 98/392/CE ón gComhairle (4), d'fhormheas an tAontas Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige ina bhfuil prionsabail agus rialacha i dtaca le beo-acmhainní na mara a chaomhnú agus a bhainistiú. Faoi chuimsiú na n-oibleagáidí idirnáisiúnta eile atá air, bíonn an tAontas rannpháirteach sna hiarrachtaí a dhéantar in uiscí idirnáisiúnta stoic éisc a chaomhnú.

(3)

De bhun Chinneadh 2012/130/AE ón gComhairle (5), ó bhí an 26 Iúil 2010 ann, is Páirtí Conarthach é an tAontas sa Choinbhinsiún um Chaomhnú agus Bainistíocht Acmhainní Iascaigh Mórmhara san Aigéan Ciúin Theas (“Coinbhinsiún SPRFMO”) lenar bunaíodh an Eagraíocht Réigiúnach um Bainistíocht Iascaigh san Aigéan Ciúin Theas (SPRFMO).

(4)

Laistigh de SPRFMO, tá Coimisiún SPRFMO (“Coimisiún SPRFMO”) freagrach as bearta a ghlacadh atá ceaptha caomhnú fadtéarmach agus úsáid inbhuanaithe acmhainní iascaigh a áirithiú tríd an gcur chuige réamhchúraim a chur i bhfeidhm maidir le bainistíocht iascaigh agus cur chuige bunaithe ar éiceachórais a chur i bhfeidhm maidir le bainistíocht iascaigh, agus, trí dhéanamh amhlaidh, na héiceachórais mhuirí ina bhfuil na hacmhainní sin ar marthain a choimirciú. D'fhéadfadh sé go dtiocfaidh bearta den sórt sin chun bheith ina gceangal ar an Aontas.

(5)

Is gá a áirithiú go ndéanfar na bearta caomhnaithe agus bainistíochta a ghlacann SPRFMO (“bearta caomhnaithe agus bainistíochta SPRFMO”) a thrasuí go hiomlán isteach i ndlí an Aontais agus, dá bhrí sin, go ndéanfar iad a chur chun feidhme ar mhodh aonfhoirmeach éifeachtach laistigh den Aontas.

(6)

Tá an t-údarás ag SPRFMO bearta caomhnaithe agus bainistíochta atá ceangailteach ar na Páirtithe Conarthacha i gCoinbhinsiún SPRFMO (“Páirtithe Conarthacha”) a ghlacadh maidir leis na hiascaigh atá faoina chúram. Tá na bearta sin dírithe go príomha ar Pháirtithe Conarthacha agus déantar foráil leo maidir le hoibleagáidí a bhaineann le hoibreoirí amhail máistrí soithigh.

(7)

Níor cheart a chumhdach leis an Rialachán seo na deiseanna iascaireachta arna gcinneadh ag SPRFMO ós rud é go ndéantar na deiseanna iascaireachta sin a chionroinnt faoi chuimsiú an Rialacháin bhliantúil maidir le deiseanna iascaireachta a ghlactar de bhun Airteagal 43(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

(8)

Agus bearta caomhnaithe agus bainistíochta SPRFMO á gcur chun feidhme, ba cheart don Aontas agus do na Ballstáit féachaint le húsáid trealaimh agus teicnící iascaireachta atá roghnaitheach agus ar lú a dtionchar ar an gcomhshaol a chur chun cinn.

(9)

Chun leasuithe ceangailteacha a dhéanfar ar bhearta caomhnaithe agus bainistíochta SPRFMO amach anseo a ionchorprú go mear isteach i ndlí an Aontais, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo agus Airteagail ábhartha an Rialacháin seo a leasú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (6). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(10)

Chun comhlíonadh CBI a áirithiú, glacadh reachtaíocht Aontais d'fhonn córas rialaithe, cigireachta agus forfheidhmithe a bhunú, lena n-áirítear an comhrac i gcoinne gníomhaíochtaí neamhdhleathacha, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (NNN).

(11)

Go sonrach, le Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle (7), bunaítear córas de chuid an Aontais um rialú, um chigireacht agus um fhorfheidhmiú ag a bhfuil cur chuige domhanda agus comhtháite chun comhlíonadh rialacha uile CBI a áirithiú, agus, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 404/2011 ón gCoimisiún (8), leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009. Le Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle (9), bunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht NNN a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú. Thairis sin, leagtar síos le Rialachán (AE) 2017/2403 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) rialacha maidir le húdaruithe iascaireachta a eisiúint agus a bhainistiú do shoithí iascaireachta de chuid an Aontais a bhíonn ag gabháil d'oibríochtaí iascaireachta in uiscí faoi choimirce eagraíocht réigiúnach um bainistíocht iascaigh (RFMO) a bhfuil an tAontas ina pháirtí conarthach inti. Leis na Rialacháin sin, tá cuid de na forálacha a leagtar síos i mbearta caomhnaithe agus bainistíochta SPRFMO á gcur chun feidhme cheana féin. Ní gá, dá bhrí sin, na forálacha sin a áireamh sa Rialachán seo.

(12)

Le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, tugadh isteach oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír, ar oibleagáid í a bhfuil feidhm aici ón 1 Eanáir 2015 ar aghaidh maidir le hiascaigh speiceas peiligeach, idir bheag agus mhór, maidir le hiascaigh a oibrítear chun críocha tionsclaíocha agus maidir le hiascaigh bradán i Muir Bhailt. Faoi Airteagal 15(2) den Rialachán sin, áfach, ní dochar an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír d'oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais, amhail na hoibleagáidí sin atá ann mar thoradh ar bhearta caomhnaithe agus bainistíochta SPRFMO,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

TEIDEAL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo, leagtar síos forálacha bainistíochta, caomhnaithe agus rialaithe a bhaineann le hiascaireacht stoc éisc traslimistéir i Limistéar Choinbhinsiún SPRFMO.

Airteagal 2

Raon Feidhme

Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

soithí iascaireachta de chuid an Aontais a oibríonn i Limistéar Choinbhinsiún SPRFMO;

(b)

soithí iascaireachta de chuid an Aontais a thrasloingsíonn táirgí iascaigh a ghabhtar i Limistéar Choinbhinsiún SPRFMO;

(c)

soithí iascaireachta tríú tír a iarrann cead isteach i gcalafoirt de chuid an Aontais, nó atá ina n-ábhar do chigireacht i gcalafort den sórt sin, agus a bhfuil táirgí iascaigh a ghabhtar i Limistéar Choinbhinsiún SPRFMO á n-iompar acu.

Airteagal 3

Gaol le gníomhartha eile de chuid an Aontais

Ach amháin má fhoráiltear dá mhalairt go sainráite sa Rialachán seo, beidh feidhm ag an Rialachán seo gan dochar do Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008, Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 agus Rialachán (AE) 2017/2403.

Airteagal 4

Sainmhínithe

Chun críche an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “Limistéar Choinbhinsiún SPRFMO” an limistéar geografach atá marcáilte in Airteagal 5 de Choinbhinsiún SPRFMO;

(2)

ciallaíonn “soitheach iascaireachta” aon soitheach d'aon mhéid a úsáidtear, nó a bheartaítear a úsáid, chun acmhainní iascaigh a shaothrú ar bhonn tráchtála, lena n-áirítear longa tacaíochta, soithí próiseála éisc, soithí a ghabhann don trasloingsiú agus soithí iompair atá trealmhaithe chun táirgí iascaigh a iompar, seachas soithí coimeádán;

(3)

ciallaíonn “soitheach iascaireachta de chuid an Aontais” soitheach iascaireachta a bhfuil bratach Ballstáit ar foluain aige agus atá cláraithe san Aontas;

(4)

ciallaíonn “acmhainní iascaigh SPRFMO” na hacmhainní bitheolaíocha muirí go léir laistigh de Limistéar Choinbhinsiún SPRFMO, gan an méid seo a leanas a áireamh:

(a)

speicis neamhaistreacha a mhéid a thagann siad faoi réir dlínse náisiúnta Stát cósta de bhun mhír 4 d'Airteagal 77 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige an 10 Nollaig 1982 (“UNCLOS”);

(b)

speicis mhórimirceacha atá liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann le UNCLOS;

(c)

speicis de chineál anadromach agus catadromach;

(d)

mamaigh mhuirí, reiptílí muirí agus éin mhara;

(5)

ciallaíonn “táirgí iascaigh SPRFMO” orgánaigh uisceacha, nó táirgí a dhíorthaítear uathu, a thagann ó aon ghníomhaíocht iascaireachta laistigh de Limistéar Choinbhinsiún SPRFMO;

(6)

ciallaíonn “gníomhaíocht iascaireachta” cuardach éisc, lámhach, socrú, tarraingt, tarlú trealaimh iascaireachta, gabháil a thabhairt ar bord, éisc agus táirgí iascaigh a thrasloingsiú, a choinneáil ar bord, a phróiseáil ar bord, a aistriú agus a thabhairt i dtír;

(7)

ciallaíonn “iascaireacht ghrinnill” iascaireacht ag aon soitheach iascaireachta a úsáideann aon trealamh ar dócha é a theacht i dteagmháil le grinneall na farraige nó le horgánaigh bheantacha i ngnáthchúrsa oibríochtaí;

(8)

ciallaíonn “lorg iascaireachta grinnill” fairsinge spásúil na hiascaireachta grinnill i Limistéar Choinbhinsiún SPRFMO le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2002 go dtí an 31 Nollaig 2006;

(9)

ciallaíonn “iascaireacht NNN” gníomhaíochtaí iascaireachta neamhdhleathacha, neamhthuairiscithe nó neamhrialáilte mar atá sainmhínithe i bpointí 1 go 4 d'Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008;

(10)

ciallaíonn “dréachtliosta soithí NNN SPRFMO” an liosta tosaigh soithí iascaireachta a dtoimhdítear ina leith go bhfuil iascaireacht NNN déanta acu, arna dhréachtú ag Rúnaíocht SPRFMO agus arna chur faoi bhráid Choiste Comhlíontachta agus Teicniúil SPRFMO lena bhreithniú;

(11)

ciallaíonn “iascach taiscéalaíoch” iascach nach bhfuil iascaireacht déanta ann nó nach bhfuil iascaireacht déanta ann le cineál áirithe trealaimh nó le teicníocht áirithe i rith na 10 mbliana roimhe sin;

(12)

ciallaíonn “sruthlíon peiligeach ar mhórscála” eangach gheolbhaigh nó eangach eile, nó cumasc eangach, atá níos mó 2,5 ciliméadar ar fhad a bhfuil mar sprioc léi iasc a sháinniú, a ghaistiú nó a chur i bhfostú trí ghluaiseacht le sruth ar bharr an uisce nó san uisce;

(13)

ciallaíonn “eangacha geolbhaigh domhainmhara” e.g. traimlí, eangacha socraithe, eangacha ar ancaire, nó eangacha suncála, sreangáin de bhalla-líontáin shingile, dhúbailte nó thriaracha, a choinnítear go hingearach, ag an ngrinneall nó i ngar dó, ina ndéanfar an t-iasc a ghaistiú, a sháinniú nó a chur i bhfostú. Bíonn eangacha geolbhaigh domhainmhara comhdhéanta de líontáin shingile nó, ní chomh minic céanna, de líontáin dhúbailte nó thriaracha a bhíonn crochta le chéile ar na rópaí fráma céanna. Is féidir roinnt cineálacha éagsúla eangach a chur le chéile in aon trealamh amháin. Is féidir na heangacha sin a úsáid ina n-aonar nó, mar a dhéantar de ghnáth, go leor eangach a chur le chéile i líne (“scuainí” eangach). Is féidir an trealamh a shocrú, a chur ar ancaire ar an ngrinneall nó é a fhágáil le sruth, go saor nó ceangailte den soitheach;

(14)

ciallaíonn “Páirtí Comhoibríoch Neamhchonarthach in SPRFMO” (PCN) Stát nó eintiteas iascaireachta nach páirtí é i gCoinbhinsiún SPRFMO ach atá tar éis a aontú go gcomhoibreoidh sé go hiomlán le cur chun feidhme bhearta caomhnaithe agus bainistíochta SPRFMO;

(15)

ciallaíonn “taifead SPRFMO soithí” an liosta soithí iascaireachta atá údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh i Limistéar Coinbhinsiúin SPRFMO, mar atá fógartha ag na Páirtithe Conarthacha agus na PCNanna ar liosta é a chothabhálann Rúnaíocht SPRFMO;

(16)

ciallaíonn “trasloingsiú” na táirgí iascaigh go léir atá ar bord soitheach iascaireachta nó aon chuid díobh sin a dhíluchtú chuig soitheach iascaireachta eile;

(17)

ciallaíonn “speicis eile is ábhar imní” na speicis a liostaítear in Iarscríbhinn XIII;

(18)

ciallaíonn “éiceachóras muirí leochaileach” (ÉML) aon éiceachóras muirí a bhfuil a shláine (i.e. struchtúr nó feidhm an éiceachórais) faoi bhagairt, de réir na faisnéise eolaíochta is fearr dá bhfuil ar fáil agus de réir phrionsabal an réamhchúraim, ó thionchair dhochracha shuntasacha atá ann mar thoradh ar theagmháil fhisiciúil le trealamh grinnill i ngnáthchúrsa oibríochtaí iascaireachta, lena n-áirítear rífeanna, tuláin ghrinnill, poill hidriteirmeacha, coiréalaigh uisce fhuair nó leapacha spúinse uisce fhuair.

TEIDEAL II

BEARTA BAINISTÍOCHTA, CAOMHNAITHE AGUS RIALAITHE I dTACA LE SPEICIS ÁIRITHE

CAIBIDIL I

Bolmáin shileacha ( Trachurus murphyi )

Airteagal 5

Faisnéis maidir le hídiú cuóta le haghaidh bolmáin Shileacha

Déanfaidh na Ballstáit dáta dúnta d'iascach le haghaidh bolmáin Shileacha a bhfuil 100 % den teorainn ghabhála bainte amach aige a chur in iúl don Choimisiún gan mhoill. Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin a tharchur go pras chuig Rúnaíocht SPRFMO.

Airteagal 6

Clúdach breathnóra maidir le hiascach bolmán Sileach

Déanfaidh na Ballstáit clúdach breathnóra eolaíoch a áirithiú i leith 10 % ar a laghad de na turais a dhéanann soithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain acu. I gcás soithí iascaireachta nach ndéanann níos mó ná dhá thuras in aghaidh na bliana, déanfar an clúdach breathnóra 10 % a ríomh faoi threoir laethanta iascaireachta gníomhaí do thrálaeir agus faoi threoir socruithe do bháid pheas-saighne.

Airteagal 7

Tuairisciú sonraí maidir le bolmáin Shileacha

1.   Déanfaidh na Ballstáit, faoin 15ú lá de gach mí, na gabhálacha bolmán Sileach ón mí roimhe sin a thuairisciú don Choimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 33 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009. Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin a tharchur chuig Rúnaíocht SPRFMO faoin 20ú lá de gach mí.

2.   De bhreis ar mhír 1, déanfaidh na Ballstáit na sonraí seo a leanas maidir le hiascaigh bholmán Sileach a thuairisciú don Choimisiún:

(a)

faoin 15ú lá de gach mí, an liosta soithí iascaireachta a raibh a mbratach ar foluain acu agus a bhí ag gabháil do thrasloingsiú sa mhí roimhe sin. Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin a tharchur chuig Rúnaíocht SPRFMO faoin 20ú lá de gach mí;

(b)

tráth nach déanaí ná 45 lá roimh an gcruinniú de Choiste Eolaíoch SPRFMO, an tuarascáil eolaíochta bhliantúil a bhaineann leis an mbliain roimhe sin. Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin a tharchur chuig Rúnaíocht SPRFMO tráth nach déanaí ná 30 lá roimh an gcruinniú de Choiste Eolaíoch SPRFMO.

Airteagal 8

Deiseanna iascaireachta le haghaidh bolmán Sileach a chionroinnt

I gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, nuair a bheidh na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic de bholmáin Shileacha a bheidh ar fáil dóibh á gcionroinnt acu, úsáidfidh na Ballstáit critéir thrédhearcacha oibiachtúla, lena n-áirítear critéir de chineál comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíocha, agus féachfaidh siad le cuótaí náisiúnta a dháileadh go cothrom ar chodanna éagsúla na gcabhlach, agus le dreasachtaí a sholáthar do shoithí iascaireachta de chuid an Aontais a mbeidh trealamh roghnaitheach iascaireachta á úsáid acu nó a mbeidh teicnící iascaireachta á n-úsáid acu ar lú a dtionchar ar an gcomhshaol.

CAIBIDIL II

Éanlaith mhara

Airteagal 9

Bearta maolúcháin do bháid spiléar i dtaca le héanlaith mhara

1.   Tiocfaidh gach soitheach iascaireachta de chuid an Aontais a úsáideann spiléir faoi réir na mbeart maolúcháin i dtaca le héanlaith mhara a leagtar amach san Airteagal seo.

2.   Bainfidh gach soitheach iascaireachta de chuid an Aontais a úsáideann spiléir ghrinnill úsáid as líne mheáchain agus as línte tori (línte scanraithe éan).

3.   Ní shocróidh soithí iascaireachta de chuid an Aontais spiléir i rith uaireanta an dorchadais.

4.   Déanfar líne-ualú a rigeáil i gcomhréir le hIarscríbhinn I.

5.   Déanfar línte scanraithe éan a rigeáil i gcomhréir le hIarscríbhinn II.

6.   Toirmeascfar ar shoithí iascaireachta de chuid an Aontais scairteach a sceitheadh le linn lámhach agus tarlú a dhéanamh. I gcás nach bhfuil sé sin indéanta agus nuair is gá bithdhramhaíl a sceitheadh mar gheall ar cheisteanna slándála oibriúcháin, déanfaidh soithí dramhaíl a bhaisceadh ar feadh 2 uair an chloig nó níos mó.

Airteagal 10

Bearta maolúcháin do thrálaeir i dtaca le héanlaith mhara

1.   Tiocfaidh gach soitheach iascaireachta de chuid an Aontais a úsáideann trealamh tráil faoi réir na mbeart maolúcháin i dtaca le héanlaith mhara a leagtar amach san Airteagal seo.

2.   Le linn iascaireacht a dhéanamh, bainfidh soithí iascaireachta de chuid an Aontais úsáid as dhá líne scanraithe éan nó, má choisceann na cleachtais oibríochtúla úsáid éifeachtach dhá líne scanraithe éan, bainfidh siad úsáid as sciath éan.

3.   Déanfar sciatha éan a rigeáil i gcomhréir le hIarscríbhinn III.

4.   I gcás inar féidir é, toirmeascfar ar shoithí iascaireachta de chuid an Aontais scairteach a sceitheadh le linn lámhach agus tarlú a dhéanamh.

5.   I gcás inar féidir agus inarb iomchuí, déanfaidh soithí iascaireachta de chuid an Aontais scairteach a thiontú ina min éisc agus coimeádfaidh siad gach dramhábhar, agus is sceitheadh leachta/uisce sumpa amháin a bheidh in aon sceitheadh. I gcás nach bhfuil sé sin indéanta agus i gcás nach iomchuí sin, déanfaidh soithí iascaireachta dramhaíl a bhaisceadh ar feadh 2 uair an chloig nó níos mó.

6.   I gcás inar féidir é, glanfar líonta tar éis gach oibríochta iascaireachta chun iasc i bhfostú agus ábhar beantach a bhaint amach d'fhonn idirghníomhaíocht le héin nuair atá trealamh á úsáid a dhíspreagadh.

7.   Déanfar an t-am a mbíonn an líon ar dhromchla an uisce le linn tarlú a íoslaghdú trí chothabháil chuí crann tochrais agus trí chleachtais mhaithe deice.

Airteagal 11

Tuairisciú sonraí faoi éanlaith mhara

Sa tuarascáil eolaíochta bhliantúil dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 7(2), tabharfaidh na Ballstáit léiriú ar na nithe seo a leanas:

(a)

na bearta maolúcháin i dtaca le héanlaith mhara arna n-úsáid ag gach soitheach iascaireachta a raibh a mbratach ar foluain acu agus a bhí ag iascaireacht i Limistéar Choinbhinsiún SPRFMO;

(b)

an leibhéal clúdaigh breathnóra atá tiomnaithe d'fhoghabhálacha d'éanlaith mhara a thaifeadadh;

(c)

aon sonraí maidir le hidirghníomhaíocht idir éanlaith mhara a thugtar faoi deara.

TEIDEAL III

BEARTA BAINISTÍOCHTA, CAOMHNAITHE AGUS RIALAITHE MAIDIR LE MODHANNA IASCAIREACHTA ÁIRITHE

CAIBIDIL I

Iascaireacht ghrinnill

Airteagal 12

Údarú chun iascaireacht ghrinnill a dhéanamh

1.   Ní údaróidh na Ballstáit do shoithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain acu iascaireacht ghrinnill a dhéanamh gan údarú a fháil ó SPRFMO roimh ré.

2.   Déanfaidh Ballstáit a mbeartaíonn a soithí gníomhaíochtaí iascaireachta grinnill a dhéanamh i Limistéar Coinbhinsiúin SPRFMO iarraidh ar údarú a chur faoi bhráid an Choimisiúin tráth nach déanaí ná 45 lá roimh an gcruinniú de Choiste Eolaíoch SPRFMO ag ar mian leo go ndéanfaí an iarraidh a bhreithniú. Déanfaidh an Coimisiún an iarraidh a chur ar aghaidh chuig Rúnaíocht SPRFMO tráth nach déanaí ná 30 lá roimh an gcruinniú de Choiste Eolaíoch SPRFMO. Beidh an méid seo a leanas san áireamh san iarraidh:

(a)

an lorg iascaireachta grinnill, bunaithe ar an teist maidir le gabhálacha ó iascaireacht ghrinnill nó ar iarracht na hiascaireachta grinnill i Limistéar Choinbhinsiún SPRFMO thar an tréimhse ón 1 Eanáir 2002 go dtí an 31 Nollaig 2006 de réir mar a bheidh bunaithe ag an mBallstát lena mbaineann;

(b)

an meánleibhéal gabhála bliantúil thar an tréimhse ón 1 Eanáir 2002 go dtí an 31 Nollaig 2006;

(c)

measúnú tionchair ar iascaireacht ghrinnill;

(d)

meastóireacht i dtaobh an gcuireann na gníomhaíochtaí atá beartaithe bainistíocht inbhuanaithe chun cinn i dtaca le spriocspeicis agus speicis nach spriocspeicis iad a ghabhtar mar fhoghabháil, agus an gcosnaíonn na gníomhaíochtaí sin na héiceachórais mhuirí ina bhfuil na hacmhainní sin ar marthain, lena n-áirítear trí chosc a chur ar thionchair dhochracha shuntasacha ar ÉMLanna.

3.   Déanfar an measúnú tionchair dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 2 i gcomhréir leis na Treoirlínte Idirnáisiúnta maidir le Bainistiú Iascaigh Dhomhainfharraige ar an Mórmhuir ón Eagraíocht Bia agus Talmhaíochta a foilsíodh in 2009 (“Treoirlínte ó EBT maidir le hIascach Domhainfharraige”) agus cuirfear san áireamh ann Caighdeán SPRFMO maidir le Measúnú Tionchair ar Iascach Grinnill agus limistéir arb eol, nó ar dóigh, ina leith go bhfuil ÉMLanna ar marthain iontu.

4.   Déanfaidh an Coimisiún cinneadh SPRFMO maidir leis an údarú chun iascaireacht ghrinnill a dhéanamh i Limistéar Choinbhinsiún SPRFMO a ndearnadh an measúnú tionchair ina leith a chur in iúl don Bhallstát ábhartha, lena n-áirítear aon choinníollacha a ghabhann leis an údarú agus na bearta ábhartha chun tionchair dhochracha shuntasacha ar ÉMLanna a chosc.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar na measúnuithe tionchair dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 2 a uasdátú nuair a tharlaíonn athrú substaintiúil san iascach ar dóigh dó tionchar a bheith aige ar ÉMLanna, agus déanfaidh siad an fhaisnéis sin a tharchur chuig an gCoimisiún, a luaithe a bheidh sí ar fáil. Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin a chur ar aghaidh chuig Rúnaíocht SPRFMO.

Airteagal 13

Iascaireacht ghrinnill lasmuigh den lorg iascaireachta grinnill nó a sháraíonn leibhéil ghabhála na tréimhse tagartha

1.   Ní údaróidh na Ballstáit do shoithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain acu iascaireacht ghrinnill a dhéanamh lasmuigh den lorg iascaireachta grinnill ná iascaireacht ghrinnill a dhéanamh a sháraíonn leibhéil ghabhála na tréimhse tagartha, gan údarú a fháil ó SPRFMO roimh ré.

2.   Ballstáit a mbeartaíonn a soithí iascaireacht a dhéanamh lasmuigh den lorg iascaireachta grinnill nó a mbeartaíonn a soithí dul thar an meánleibhéal gabhála bliantúil dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 12(2), cuirfidh siad iarraidh ar údarú faoi bhráid an Choimisiúin tráth nach déanaí ná 80 lá roimh an gcruinniú de Choiste Eolaíoch SPRFMO sa bhliain ag ar mian leo go ndéanfaí an iarraidh a bhreithniú. Déanfaidh an Coimisiún an iarraidh a chur ar aghaidh chuig Rúnaíocht SPRFMO tráth nach déanaí ná 60 lá roimh an gcruinniú de Coiste Eolaíoch SPRFMO. Beidh an méid seo a leanas san áireamh san iarraidh:

(a)

measúnú tionchair ar iascaireacht ghrinnill;

(b)

meastóireacht i dtaobh an gcuireann na gníomhaíochtaí atá beartaithe bainistíocht inbhuanaithe chun cinn, i dtaca le spriocspeicis agus speicis nach spriocspeicis iad a ghabhtar mar fhoghabháil, agus an gcosnaíonn na gníomhaíochtaí sin na héiceachórais mhuirí ina bhfuil na hacmhainní sin ar marthain, lena n-áirítear trí chosc a chur ar thionchair dhochracha shuntasacha ar ÉMLanna.

3.   Déanfar an measúnú tionchair dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír (2) i gcomhréir le Treoirlínte ó EBT maidir le hIascach Domhainfharraige agus cuirfear san áireamh ann Caighdeán SPRFMO maidir le Measúnú Tionchair ar Iascach Grinnill agus limistéir arb eol, nó ar dóigh, ina leith go bhfuil ÉMLanna ar marthain iontu.

4.   Déanfaidh an Coimisiún cinneadh SPRFMO maidir leis an údarú chun iascaireacht ghrinnill a dhéanamh laistigh de Limistéar Choinbhinsiún SPRFMO a ndearnadh an measúnú tionchair ina leith a chur in iúl don Bhallstát ábhartha, lena n-áirítear aon choinníollacha a ghabhann leis an údarú agus na bearta cuí chun tionchair dhochracha shuntasacha ar ÉMLanna a chosc.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar na measúnuithe tionchair dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 2 a uasdátú nuair a tharlaíonn athrú san iascach ar dóigh dó tionchar a bheith aige ar ÉMLanna, agus tarchuirfidh siad an fhaisnéis sin chuig an gCoimisiún, a luaithe a bheidh sí ar fáil. Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin a chur ar aghaidh chuig Rúnaíocht SPRFMO.

Airteagal 14

ÉMLanna i gcomhthéacs na hiascaireachta grinnill

1.   Go dtí go mbeidh comhairle forbartha ag Coiste Eolaíoch SPRFMO maidir le leibhéil tairsí, bunóidh na Ballstáit leibhéil tairsí i ndáil le teagmháil le ÉMLanna i gcás soithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain acu, agus aird á tabhairt ar mhír 68 de na Treoirlínte ó EBT maidir le hIascach Domhainfharraige.

2.   Cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar shoithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain acu scor d'iascaireacht ghrinnill a dhéanamh laistigh de 5 mhuirmhíle ó aon láithreán i Limistéar Choinbhinsiún SPRFMO inar mó na teagmhálacha ná na leibhéil tairsí a bhunaítear de bhun mhír 1 den Airteagal seo. Tuairisceoidh na Ballstáit teagmhálacha le ÉMLanna don Choimisiún ar bhonn na dtreoirlínte a leagtar amach in Iarscríbhinn IV. Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin a chur ar aghaidh chuig Rúnaíocht SPRFMO gan mhoill.

Airteagal 15

Clúdach breathnóra maidir le hiascaireacht ghrinnill

Áiritheoidh na Ballstáit clúdach breathnóra 100 % i gcás trálaeir a bhfuil a mbratach ar foluain acu agus a ghabhann d'iascaireacht ghrinnill agus áiritheoidh siad clúdach breathnóra 10 % ar a laghad i gcás soithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain acu agus a úsáideann trealamh eile iascaireachta grinnill.

Airteagal 16

Tuairisciú sonraí maidir le hiascaireacht ghrinnill

1.   Faoin 15ú lá de gach mí, déanfaidh na Ballstáit na gabhálacha speiceas iascaireachta grinnill ón mí roimhe sin a thuairisciú don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 33 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

2.   Faoin 15ú lá de gach mí, tabharfaidh na Ballstáit liosta don Choimisiún de na soithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain acu agus atá ag iascaireacht go gníomhach agus de na soithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain acu agus atá ag gabháil do thrasloingsiú. Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin a chur ar aghaidh chuig Rúnaíocht SPRFMO laistigh de 5 lá tar éis dó í a fháil.

3.   Toirmeascfaidh na Ballstáit ar shoithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain acu páirt a ghlacadh in iascaireacht ghrinnill más rud é nach soláthraítear na sonraí riachtanacha íosta maidir le céannacht soithigh iascaireachta a leagtar amach in Iarscríbhinn V.

CAIBIDIL II

Iascach taiscéalaíoch

Airteagal 17

Údarú maidir le hiascach taiscéalaíoch

1.   Déanfaidh na Ballstáit a bheartaíonn údarú a thabhairt do shoitheach iascaireachta a bhfuil a bhratach ar foluain aige iascaireacht a dhéanamh in iascach taiscéalaíoch an méid seo a leanas a chur faoi bhráid an Choimisiúin, tráth nach déanaí ná 80 lá roimh an gcruinniú de Choiste Eolaíoch SPRFMO:

(a)

iarraidh ar údarú ina soláthraítear an fhaisnéis atá in Iarscríbhinn V;

(b)

Plean Oibríochta Iascaigh i gcomhréir le hIarscríbhinn VI, lena n-áirítear gealltanas chun Plean SPRFMO maidir le Bailiú Sonraí dá dtagraítear in Airteagal 18(3), (4) agus (5) a chomhlíonadh.

2.   Tráth nach déanaí ná 60 lá roimh an gcruinniú de Choiste Eolaíoch SPRFMO, déanfaidh an Coimisiún an iarraidh a chur ar aghaidh chuig Coimisiún SPRFMO agus cuirfidh sé an Plean Oibríochta Iascaigh ar aghaidh chuig Coiste Eolaíoch SPRFMO.

3.   Déanfaidh an Coimisiún cinneadh SPRFMO maidir leis an údarú chun iascaireacht a dhéanamh in iascach taiscéalaíoch a chur in iúl do na Ballstáit.

Airteagal 18

Iascach taiscéalaíoch

1.   Ní údaróidh na Ballstáit do shoithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain acu iascaireacht a dhéanamh in iascach taiscéalaíoch gan údarú a fháil ó SPRFMO roimh ré.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfaidh aon soitheach iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain aige iascaireacht in iascach taiscéalaíoch ach amháin i gcomhréir le Plean Oibríochta Iascaigh atá formheasta ag SPRFMO.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéantar na sonraí a éilítear de réir Phlean SPRFMO maidir le Bailiú Sonraí a sholáthar don Choimisiún agus déanfaidh an Coimisiún na sonraí sin a chur ar aghaidh chuig Rúnaíocht SPRFMO.

4.   Déanfar soithí iascaireachta de chuid an Aontais atá údaraithe chun bheith páirteach in iascach taiscéalaíoch a thoirmeasc ó leanúint d'iascaireacht a dhéanamh san iascach taiscéalaíoch ábhartha ach amháin má cuireadh na sonraí a shonraítear i bPlean SPRFMO maidir le Bailiú Sonraí don séasúr is déanaí ina ndearnadh an iascaireacht faoi bhráid Rúnaíocht SPRFMO agus más rud é go raibh an deis ag Coiste Eolaíoch SPRFMO na sonraí sin a athbhreithniú.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit a mbeidh a soithí iascaireachta páirteach in iascach taiscéalaíoch go mbeidh ar a laghad breathnóir neamhspleách amháin nó níos mó ar bord gach soithigh iascaireachta a bhfuil a bhratach ar foluain aige de réir mar is gá chun sonraí a bhailiú i gcomhréir le Plean SPRFMO maidir le Bailiú Sonraí.

Airteagal 19

Soithí iascaireachta ionaid in iascach taiscéalaíoch

1.   D'ainneoin Airteagal 17 agus Airteagal 18, féadfaidh na Ballstáit údarú a thabhairt do shoitheach a bhfuil a bhratach ar foluain aige agus nach bhfuil sainaitheanta sa Phlean Oibríochta Iascaigh iascaireacht a dhéanamh in iascach taiscéalaíoch más rud é go gcoisctear ar shoitheach iascaireachta de chuid an Aontais atá sainaitheanta sa Phlean Oibríochta Iascaigh iascaireacht a dhéanamh de bharr cúiseanna dlisteanacha oibríochtúla nó force majeure. I gcásanna den sórt sin, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann an Coimisiún a chur ar an eolas faoi sin gan mhoill agus soláthróidh sé an méid seo a leanas:

(a)

mionsonraí iomlána faoin soitheach ionaid atá beartaithe;

(b)

cuntas cuimsitheach ar na cúiseanna le soitheach ionaid a bheith ag teastáil agus aon fhianaise thacaíochta ábhartha;

(c)

sonraíochtaí agus tuairisc iomlán faoi na cineálacha trealaimh iascaireachta atá le húsáid ag an soitheach ionaid.

2.   Tarchuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin chuig Rúnaíocht SPRFMO gan mhoill.

CAIBIDIL III

Sruthlíonta peiligeacha ar mhórscála, eangacha geolbhaigh domhainmhara agus eangacha geolbhaigh eile

Airteagal 20

Sruthlíonta peiligeacha ar mhórscála agus eangacha geolbhaigh domhainmhara

Déanfar úsáid sruthlíonta peiligeacha ar mhórscála agus úsáid gach eangaí geolbhaigh domhainmhara a thoirmeasc ar fud Limistéar Choinbhinsiún SPRFMO.

Airteagal 21

Eangacha geolbhaigh

Na Ballstáit a mbeartaíonn a soithí Limistéar Choinbhinsiún SPRFMO a thrasnú le heangacha geolbhaigh ar bord, déanfaidh siad:

(a)

réamhfhógra de 36 uair an chloig ar a laghad a thabhairt do Rúnaíocht SPRFMO roimh don soitheach dul isteach i Limistéar Choinbhinsiún SPRFMO, lena n-áirítear na dátaí iontrála agus imeachta a mheastar a bheidh i gceist agus fad na heangaí geolbhaigh atá á hiompar ar bord;

(b)

a áirithiú go mbeidh córas um fhaireachán soithí (VMS) á fheidhmiú ag soithí a bhfuil a mbratach ar foluain acu a thuairisceoidh uair amháin gach 2 uair an chloig fad is atá siad laistigh de Limistéar Choinbhinsiún SPRFMO;

(c)

tuairiscí suímh VMS a chur faoi bhráid Rúnaíocht SPRFMO laistigh de 30 lá tar éis don soitheach Limistéar Choinbhinsiún SPRFMO a fhágáil; agus

(d)

i gcás ina gcailltear eangacha geolbhaigh de thaisme nó má thiteann siad thar bord ón soitheach, tuairisc maidir leis an dáta, an t-am, an suíomh agus fad (méadair) na n-eangach geolbhaigh a cailleadh a chur chuig Rúnaíocht SPRFMO a luaithe agus is féidir agus in aon chás laistigh de 48 uair an chloig tar éis don trealamh a bheith caillte nó tite thar bord.

TEIDEAL IV

COMHBHEARTA RIALAITHE

CAIBIDIL I

Údaruithe

Airteagal 22

Taifead SPRFMO soithí

1.   Faoin 15 Samhain gach bliain, déanfaidh na Ballstáit liosta de na soithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain acu agus atá údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh i Limistéar Choinbhinsiún SPRFMO sa bhliain dár gcionn a chur faoi bhráid an Choimisiúin, lena n-áirítear an fhaisnéis atá luaite in Iarscríbhinn V. Déanfaidh an Coimisiún an liosta sin a chur ar aghaidh chuig Rúnaíocht SPRFMO. Cuirfidh na Ballstáit san áireamh stair chomhlíontachta soithí agus oibreoirí iascaireachta nuair atá breithniú á dhéanamh acu i dtaobh údaruithe a eisiúint do Limistéar Choinbhinsiún SPRFMO.

2.   Déanfaidh na Ballstáit fógra faoi shoithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain acu agus atá údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh i Limistéar Coinbhinsiúin SPRFMO a thabhairt don Choimisiún 20 lá ar a laghad roimh an dáta a théann soithí den sórt sin isteach i Limistéar Choinbhinsiún SPRFMO den chéad uair. Tarchuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin chuig Rúnaíocht SPRFMO 15 lá ar a laghad roimh an dáta a théann an soitheach lena mbaineann isteach i Limistéar Choinbhinsiún SPRFMO den chéad uair.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil na sonraí faoi shoithí a bhfuil a mbratach ar foluain acu agus atá údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh i Limistéar Choinbhinsiún SPRFMO cothrom le dáta. Tabharfar fógra don Choimisiún faoi aon mhodhnú tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis an mhodhnaithe sin. Cuirfidh an Coimisiún Rúnaíocht SPRFMO ar an eolas laistigh de 5 lá tar éis dó fógra den sórt sin a fháil.

4.   I gcás ina ndéantar údarú a chúlghairm nó a thréigean, nó in aon imthosca eile a fhágann go bhfuil údarú neamhbhailí, cuirfidh na Ballstáit an méid sin in iúl don Choimisiún gan mhoill ionas gur féidir leis an gCoimisiún an fhaisnéis sin a tharchur chuig Rúnaíocht SPRFMO laistigh de thréimhse 3 lá tar éis an dáta a ndéantar an t-údarú neamhbhailí.

5.   Ní bheidh cead ag soithí iascaireachta de chuid an Aontais nach bhfuil i dtaifead SPRFMO soithí gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanamh i gcás speicis faoi fhreagracht SPRFMO a fhaightear i Limistéar Choinbhinsiún SPRFMO.

CAIBIDIL II

Trasloingsiú

Airteagal 23

Forálacha ginearálta maidir le trasloingsiú

1.   Beidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir leis na hoibríochtaí trasloingsithe a chuirtear i gcrích:

(a)

laistigh de Limistéar Choinbhinsiún SPRFMO i ndáil le hacmhainní iascaigh SPRFMO, agus speicis eile a gabhadh i gcomhthráth leis na hacmhainní sin agus a fuarthas i Limistéar Choinbhinsiún SPRFMO;

(b)

lasmuigh de Limistéar Choinbhinsiún SPRFMO i ndáil le hacmhainní iascaigh SPRFMO agus speicis eile a gabhadh i gcomhthráth leis na hacmhainní sin agus a fuarthas i Limistéar Choinbhinsiún SPRFMO.

2.   Ní dhéanfar trasloingsiú ar muir agus i gcalafoirt ach amháin idir soithí iascaireachta atá san áireamh i dtaifead SPRFMO soithí.

3.   Ar muir, ní rachfar i mbun aistriú breosla, criú, trealaimh nó aon soláthairtí eile i Limistéar Choinbhinsiún SPRFMO ach amháin idir soithí iascaireachta atá san áireamh i dtaifead SPRFMO soithí.

4.   Toirmeascfar in uiscí an Aontais oibríochtaí trasloingsithe ar muir i ndáil le hacmhainní iascaigh SPRFMO, agus i ndáil le speicis eile a gabhadh i gcomhthráth leis na hacmhainní sin agus a fuarthas i Limistéar Choinbhinsiún SPRFMO.

Airteagal 24

Fógra a thabhairt maidir le trasloingsiú bolmán Sileach agus speiceas grinnill

1.   Beag beann ar an áit ina dtarlaíonn an trasloingsiú, i gcás trasloingsiú bolmán Sileach agus speiceas grinnill arna ngabháil i Limistéar Choinbhinsiún SPRFMO ag soithí iascaireachta de chuid an Aontais, déanfaidh údaráis an Bhallstáit brataí an fhaisnéis seo a leanas a tharchur, an tráth céanna, chuig an gCoimisiún agus chuig Rúnaíocht SPRFMO:

(a)

fógra á rá go bhfuil rún acu trasloingsiú a dhéanamh, ina luafar tréimhse 14 lá ina bhfuil sé beartaithe an trasloingsiú bolmán Sileach agus speiceas grinnill arna ngabháil i Limistéar Choinbhinsiún SPRFMO a dhéanamh, ar fógra é a gheofar ar a laghad 7 lá roimh an gcéad lá den tréimhse 14 lá sin.

(b)

fógra maidir leis an trasloingsiú féin, a gheofar ar a laghad 12 uair roimh an am a meastar go ndéanfar na gníomhaíochtaí sin.

Féadfaidh na Ballstáit a údarú d'oibreoir an tsoithigh iascaireachta de chuid an Aontais an fhaisnéis sin a tharchur go díreach chuig Rúnaíocht SPRFMO trí mheán leictreonach ach sin faoi réir an fhaisnéis a tharchur an tráth céanna chuig an gCoimisiún.

2.   I gcomhréir le hIarscríbhinn VII, áireofar sna fógraí sin dá dtagraítear i mír 1 an fhaisnéis ábhartha atá ar fáil maidir leis an oibríocht trasloingsithe, lena n-áirítear an dáta agus an t-am measta, an suíomh ionchasach, an t-iascach, agus faisnéis faoi na soithí iascaireachta de chuid an Aontais lena mbaineann.

Airteagal 25

Faireachán ar thrasloingsiú bolmán Sileach agus speiceas grinnill

1.   Má tá breathnóir ar bord an tsoithigh iascaireachta de chuid an Aontais a bhfuil díluchtú nó glacadh á dhéanamh aige, déanfaidh an breathnóir faireachán ar na gníomhaíochtaí trasloingsithe. Comhlánóidh an breathnóir bileog loga trasloingsithe SPRFMO i gcomhréir le hIarscríbhinn VIII chun cainníocht agus speicis na dtáirgí iascaigh atá á dtrasloingsiú a fhíorú, agus soláthróidh an breathnóir cóip den bhileog loga d'údaráis inniúla an Bhallstáit a bhfuil a bhratach ar foluain ag an soitheach a ndearnadh breathnóireacht air.

2.   Déanfaidh an Ballstát a bhfuil a bhratach ar foluain ag an soitheach iascaireachta sonraí an bhreathnóra ar bhileog loga trasloingsithe SPRFMO a chur faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de 10 lá ón tráth a dtagann an breathnóir i dtír. Déanfaidh an Coimisiún na sonraí sin a chur ar aghaidh chuig Rúnaíocht SPRFMO laistigh de 15 lá ón dáta a dtagann an breathnóir i dtír.

3.   Chun cainníocht agus speicis na dtáirgí iascaigh atá á dtrasloingsiú a fhíorú, agus chun a áirithiú gur féidir fíorú cuí a dhéanamh, beidh rochtain iomlán ag an mbreathnóir ar bord ar an soitheach iascaireachta de chuid an Aontais atá á bhreathnú, lena n-áirítear rochtain ar an gcriú, ar na fearais, ar an trealamh, ar na taifid (lena n-áirítear i bhformáid leictreonach) agus ar na boilg.

Airteagal 26

Faisnéis atá le tuairisciú tar éis bolmáin Shileacha agus speicis ghrinnill a thrasloingsiú

1.   Déanfaidh na Ballstáit a bhfuil baint ag a soithí leis an oibríocht trasloingsithe fógra a thabhairt faoi na mionsonraí oibríochtúla go léir, an tráth céanna, do Rúnaíocht SPRFMO agus don Choimisiún i gcomhréir le hIarscríbhinn IX agus tráth nach déanaí ná 7 lá tar éis an trasloingsiú a dhéanamh.

2.   Féadfaidh na Ballstáit a údarú d'oibreoir an tsoithigh iascaireachta de chuid an Aontais an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a tharchur go díreach chuig Rúnaíocht SPRFMO trí mheán leictreonach, ach sin faoi réir an fhaisnéis a tharchur an tráth céanna chuig an gCoimisiún. Déanfar aon iarraidh ar shoiléiriú a fhaigheann oibreoir an tsoithigh iascaireachta de chuid an Aontais ó Rúnaíocht SPRFMO a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún.

CAIBIDIL III

Sonraí a bhailiú agus a thuairisciú

Airteagal 27

Sonraí a bhailiú agus a thuairisciú

1.   De bhreis ar na ceanglais maidir le tuairisciú sonraí a leagtar amach in Airteagail 7, 11, 14, 16, 18, 25 agus 26, déanfaidh na Ballstáit a ndéanann a soithí iascaireacht i Limistéar Choinbhinsiún SPRFMO na sonraí a leagtar amach i mír 2 agus mír 3 den Airteagal seo a sholáthar don Choimisiún.

2.   Faoin 15 Meán Fómhair gach bliain, déanfaidh na Ballstáit a ndéanann a soithí iascaireacht i Limistéar Choinbhinsiún SPRFMO an beomheáchan i leith na speiceas/na ngrúpaí speiceas go léir a gabhadh i rith na bliana féilire roimhe sin a thuairisciú don Choimisiún. Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin a chur ar aghaidh chuig Rúnaíocht SPRFMO faoin 30 Meán Fómhair.

3.   Faoin 15 Meitheamh gach bliain, déanfaidh na Ballstáit a ndéanann a soithí iascaireacht i Limistéar Choinbhinsiún SPRFMO na sonraí maidir le gníomhaíocht trálaeireachta, ar bhonn gach tarraingt ar leith, a thuairisciú don Choimisiún; na sonraí faoi spiléireacht ghrinnill, ar bhonn gach tacar ar leith; agus na sonraí faoi thabhairt i dtír, lena n-áirítear soithí cuisnithe, agus faoi thrasloingsiú. Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin a chur ar aghaidh chuig Rúnaíocht SPRFMO faoin 30 Meitheamh.

4.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, ceanglais mhionsonraithe a leagan síos maidir leis an tuairisciú sonraí dá dtagraítear san Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chur feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 45(2).

CAIBIDIL IV

Cláir bhreathnóra

Airteagal 28

Cláir bhreathnóra

1.   Déanfaidh na Ballstáit a ndéanann a soithí iascaireacht i Limistéar Choinbhinsiún SPRFMO cláir bhreathnóra a bhunú chun na sonraí a leagtar amach in Iarscríbhinn X a bhailiú.

2.   Faoin 15 Meán Fómhair gach bliain, déanfaidh na Ballstáit a ndéanann a soithí iascaireacht i Limistéar Choinbhinsiún SPRFMO na sonraí breathnóra is infheidhme a leagtar amach in Iarscríbhinn X agus a chlúdaíonn an bhliain féilire roimhe sin a sholáthar don Choimisiún. Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin a chur ar aghaidh chuig Rúnaíocht SPRFMO faoin 30 Meán Fómhair.

3.   Faoin 15 Lúnasa gach bliain, soláthróidh na Ballstáit a ndéanann a soithí iascaireacht i Limistéar Choinbhinsiún SPRFMO tuarascáil bhliantúil faoi chur chun feidhme an chláir breathnóra sa bhliain roimhe sin. Áireofar sa tuarascáil sin oiliúint breathnóra, dearadh agus clúdach an chláir, cineál na sonraí a bailíodh, agus aon fhadhbanna a tháinig chun cinn i rith na bliana. Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin a chur ar aghaidh chuig Rúnaíocht SPRFMO faoin 1 Meán Fómhair.

Airteagal 29

Córas um fhaireachán soithí

1.   Leis an ngléas rianaithe satailíte suiteáilte ar bord soithí iascaireachta de chuid an Aontais, áiritheofar go ndéanfar sonraí VMS le hearráid suímh a bheidh níos lú ná 100 méadar faoi ghnáthdhálaí oibriúcháin loingseoireachta satailíte a tharchur go huathoibríoch chuig lárionad faireacháin iascaigh (LFI) an Bhallstát brataí.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh a gcuid LFIanna sonraí VMS soithí a bhfuil a mbratach ar foluain acu atá ag gabháil d'iascaireacht i Limistéar Choinbhinsiún SPRFMO a thuairisciú go huathoibríoch agus go leantach chuig Rúnaíocht SPRFMO ar a laghad uair amháin in aghaidh na huaire agus go bhfuil gléasanna rianaithe satailíte suiteáilte ar bord soithí a bhfuil a mbratach ar foluain acu in ann sonraí VMS a thuairisciú gach 15 nóiméad ar a laghad.

3.   Chun críche Airteagal 9(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, áireofar i Limistéar Choinbhinsiún SPRFMO crios de 100 muirmhíle lasmuigh de Limistéar Choinbhinsiún SPRFMO, agus beidh feidhm ag mír 1 den Airteagal seo laistigh den chrios sin.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit, do shoithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain acu, i gcás ina bhfuil aeróg an ghléis rianaithe satailíte crochta ar leithligh ón imfhálú fisiciúil, go n-úsáidfear aeróg coiteann amháin don díchódóir loingseoireachta satailíte agus don tarchuradóir loingseoireachta satailíte araon, agus go mbeidh an t-imfhálú fisiciúil ceangailte den aeróg le píosa amháin cábla neamhbhriste.

CAIBIDIL V

Rialú soithí iascaireachta tríú tír i gcalafoirt de chuid na mBallstát

Airteagal 30

Pointí teagmhála agus calafoirt ainmnithe

1.   Aon Bhallstát ar mian leis rochtain ar a chalafoirt a thabhairt do shoithí iascaireachta tríú tír atá ag iompar táirgí iascaigh SPRFMO a gabhadh i Limistéar Choinbhinsiún SPRFMO nó táirgí iascaigh de thionscnamh na n-acmhainní sin nár tugadh i dtír ná nár trasloingsíodh roimhe sin i gcalafort nó ar muir, déanfaidh sé an méid seo a leanas:

(a)

na calafoirt ar féidir le soithí tríú tír cead a iarraidh chun dul isteach iontu a ainmniú de bhun Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008;

(b)

pointe teagmhála a ainmniú chun críocha réamhfhógra a fháil de bhun Airteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008;

(c)

pointe teagmhála a ainmniú chun críocha tuarascálacha cigireachta a fháil de bhun Airteagal 11(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008.

2.   Déanfaidh na Ballstáit aon athruithe ar liosta na bpointí teagmhála ainmnithe agus na gcalafort ainmnithe a tharchur chuig an gCoimisiún 40 lá ar a laghad sula ngabhfaidh éifeacht leis na hathruithe. Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin a tharchur chuig Rúnaíocht SPRFMO 30 lá ar a laghad sula ngabhfaidh éifeacht leis na hathruithe sin.

Airteagal 31

Réamhfhógra

1.   De mhaolú ar Airteagal 6(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008, ceanglóidh na Ballstáit chalafoirt ar shoithí iascaireachta tríú tír a bheartaíonn acmhainní iascaigh SPRFMO nár tugadh i dtír ná nár trasloingsíodh roimhe sin a thabhairt i dtír nó a thrasloingsiú i gcalafoirt de chuid na mBallstát sin an fhaisnéis seo a leanas a sholáthar, i gcomhréir le hIarscríbhinn XI, tráth nach déanaí ná 48 uair an chloig roimh an am a meastar go mbainfear an calafort amach:

(a)

aitheantas an tsoithigh (aitheantas seachtrach, ainm, bratach, uimhir na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta (IMO), más ann di, agus comhartha aitheantais idirnáisiúnta raidió (IRCS));

(b)

ainm an chalafoirt ainmnithe a bhfuil an soitheach iascaireachta ag iarraidh cead isteach ann agus an chúis a bhfuiltear ag iarraidh teacht isteach sa chalafort (tabhairt i dtír nó trasloingsiú);

(c)

cóip den údarú iascaireachta nó, más iomchuí, aon údarú eile atá ag an soitheach iascaireachta mar thacaíocht d'oibríochtaí maidir le táirgí iascaigh SPRFMO nó údarú chun táirgí iascaigh den sórt sin a thrasloingsiú;

(d)

an dáta agus an t-am a meastar go mbainfear an calafort amach;

(e)

cainníochtaí measta gach táirge iascaigh SPRFMO ar leith atá á choinneáil ar bord, ina gcileagraim, mar aon leis na limistéir ghabhála ghaolmhara. Más rud é nach bhfuil aon táirgí iascaigh SPRFMO á gcoimeád ar bord, déanfar tuarascáil “nialas” a tharchur;

(f)

cainníochtaí measta gach táirge iascaigh SPRFMO ar leith atá le tabhairt i dtír nó le trasloingsiú, ina gcileagraim, mar aon le limistéir ghabhála ghaolmhara;

(g)

liosta chriú an tsoithigh iascaireachta;

(h)

dátaí an turais iascaireachta.

2.   Más rud é go n-iompraíonn an soitheach iascaireachta tríú tír táirgí iascaigh SPRFMO ar bord, beidh deimhniú gabhála arna bhailíochtú i gcomhréir le Caibidil III de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ag gabháil leis an bhfaisnéis a sholáthraítear i gcomhréir le mír 1.

3.   Féadfaidh na Ballstáit chalafoirt aon fhaisnéis bhreise a iarraidh freisin chun a chinneadh ar ghabh an soitheach iascaireachta d'iascaireacht NNN nó do ghníomhaíochtaí gaolmhara.

4.   Féadfaidh na Ballstáit chalafoirt tréimhse fógra níos faide nó níos giorra ná mar atá sonraithe i mír 1 a fhorordú, agus aird á tabhairt, inter alia, ar an gcineál táirge iascaigh agus ar an achar idir na fearainn iascaireachta agus a gcalafoirt. I gcás den sórt sin, cuirfidh na Ballstáit chalafoirt an méid sin in iúl don Choimisiún agus tarchuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis go pras chuig Rúnaíocht SPRFMO.

Airteagal 32

Údarú chun tabhairt i dtír nó trasloingsiú a dhéanamh i gcalafoirt

Tar éis an fhaisnéis ábhartha a fháil de bhun Airteagal 31, cinnfidh an Ballstát Calafoirt an údarófar nó an ndiúltófar don soitheach iascaireachta tríú tír teacht isteach ina chalafort. I gcás ina ndiúltaítear cead isteach do shoitheach iascaireachta tríú tír, déanfaidh an Ballstát calafoirt é sin a chur in iúl don Choimisiún a dhéanfaidh an fhaisnéis a chur ar aghaidh chuig Rúnaíocht SPRFMO gan mhoill. Maidir le soithí iascaireachta atá ar liosta soithí NNN SPRFMO, diúltóidh na Ballstáit chalafoirt dóibh teacht isteach ina gcalafoirt.

Airteagal 33

Cigireachtaí calafoirt

1.   Déanfaidh na Ballstáit chalafoirt cigireacht ar 5 % ar a laghad d'oibríochtaí tabhairt i dtír agus trasloingsithe i ndáil le táirgí iascaigh SPRFMO arna gcur i gcrích ag soithí iascaireachta tríú tír ina gcalafoirt ainmnithe.

2.   Gan dochar d'Airteagal 9(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008, déanfaidh na Ballstáit chalafoirt cigireacht ar shoithí iascaireachta tríú tír más rud é:

(a)

go bhfuil iarraidh ann ó Pháirtí Conarthach eile, ó PCN nó ó RFMO ábhartha go ndéanfar cigireacht ar shoitheach iascaireachta áirithe, go háirithe i gcás tacaíocht a bheith ann d'iarrataí den sórt sin i bhfoirm fianaise ar iascaireacht NNN ag an soitheach iascaireachta i dtrácht, agus tá forais shoiléire ann lena cheapadh gur ghabh soitheach iascaireachta d'iascaireacht NNN;

(b)

gur mhainnigh soitheach iascaireachta faisnéis iomlán a sholáthar de réir mar a cheanglaítear in Airteagal 31;

(c)

gur diúltaíodh do shoitheach iascaireachta teacht isteach i gcalafort nó calafort a úsáid i gcomhréir le forálacha SPRFMO nó i gcomhréir le forálacha ó RFMO eile.

Airteagal 34

Nós imeachta cigireachta

1.   Beidh feidhm ag forálacha an Airteagail seo de bhreis ar na rialacha maidir leis an nós imeachta cigireachta a leagtar síos in Airteagal 10 de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008.

2.   Iompróidh cigirí as na Ballstáit doiciméad bailí aitheantais. Féadfaidh siad cóipeanna d'aon doiciméid a mheastar a bheith ábhartha a thógáil.

3.   Déanfar cigireachtaí a chur i gcrích ar mhodh a fhágann go ndéantar a laghad cur isteach ar an soitheach iascaireachta tríú tír agus go seachnaítear, a mhéid is indéanta, meath cháilíocht na gabhála.

4.   Tar éis an chigireacht a chríochnú, tabharfar deis do mháistir an tsoithigh nótaí tráchta nó agóidí ina haghaidh a chur leis an tuarascáil agus teagmháil a dhéanamh le húdarás inniúil an Bhallstáit calafoirt ábhartha maidir leis an tuarascáil chigireachta. Tá an teimpléad don tuarascáil chigireachta le fáil in Iarscríbhinn XII. Cuirfear cóip den tuarascáil ar fáil do mháistir an tsoithigh.

5.   Laistigh de 12 lá oibre ó dháta críochnaithe na cigireachta, déanfaidh an Ballstát calafoirt cóip den tuarascáil chigireachta dá dtagraítear in Airteagal 10(3) agus in Airteagal 11(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008, agus a comhlánaíodh i gcomhréir le hIarscríbhinn XII den Rialachán seo, a tharchur chuig an gCoimisiún. Déanfaidh an Coimisiún an tuarascáil a chur ar aghaidh chuig Rúnaíocht SPRFMO laistigh de 15 lá oibre ó dháta críochnaithe na cigireachta.

6.   Más rud é nach féidir an tuarascáil chigireachta a tharchur chuig an gCoimisiún laistigh de 15 lá oibre lena cur ar aghaidh chuig Rúnaíocht SPRFMO, déanfaidh an Ballstát Calafoirt na cúiseanna leis an moill agus an tráth a dtíolacfar an tuarascáil a chur in iúl don Choimisiún in am trátha, chun ligean don Choimisiún Rúnaíocht SPRFMO a chur ar an eolas laistigh den tréimhse 15 lá oibre.

Airteagal 35

Nós imeachta i gcás ina bhfaightear fianaise ar sháruithe ar bhearta caomhnaithe agus bainistíochta SPRFMO le linn cigireachtaí calafoirt

1.   Más rud é go soláthraíonn an fhaisnéis a bhailítear le linn na cigireachta fianaise a léiríonn go bhfuil sárú ar bhearta caomhnaithe agus bainistíochta SPRFMO déanta ag soitheach iascaireachta tríú tír, beidh feidhm ag an Airteagal seo de bhreis ar Airteagal 11 de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008.

2.   Déanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit calafoirt cóip den tuarascáil chigireachta a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún a luaithe is féidir agus, in aon chás, laistigh de 5 lá oibre. Déanfaidh an Coimisiún an tuarascáil sin a tharchur chuig Rúnaíocht SPRFMO agus chuig Páirtí Conarthach na brataí nó chuig pointe teagmhála PCN gan mhoill.

3.   Tabharfaidh na Ballstáit chalafoirt fógra faoin mbeart atá déanta i gcás ina dtarlaíonn sáruithe d'údarás inniúil Pháirtí Conarthach na brataí nó do PCN agus don Choimisiún agus tarchuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin chuig Rúnaíocht SPRFMO.

CAIBIDIL VI

Forfheidhmiú

Airteagal 36

Sáruithe líomhnaithe ar bhearta caomhnaithe agus bainistíochta SPRFMO arna dtuairisciú ag na Ballstáit

Maidir le haon fhaisnéis dhoiciméadaithe a léiríonn cásanna ina bhféadfadh sé nár chomhlíon aon soitheach iascaireachta i Limistéar Choinbhinsiún SPRFMO bearta caomhnaithe agus bainistíochta SPRFMO sa 2 bhliain roimhe sin, cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis sin faoi bhráid an Choimisiúin 145 lá ar a laghad roimh chruinniú bliantúil Choimisiún SPRFMO. Scrúdóidh an Coimisiún an fhaisnéis sin agus, más iomchuí, cuirfidh sé ar aghaidh chuig Rúnaíocht SPRFMO í 120 lá ar a laghad roimh an gcruinniú bliantúil.

Airteagal 37

Soitheach iascaireachta de chuid an Aontais a áireamh i ndréachtliosta soithí NNN SPRFMO

1.   Má fhaigheann an Coimisiún fógra oifigiúil ó Rúnaíocht SPRFMO á rá go bhfuil soitheach iascaireachta de chuid an Aontais curtha san áireamh i ndréachtliosta soithí NNN SPRFMO, déanfaidh sé an fógra, lena n-áirítear an fhianaise thacaíochta agus aon fhaisnéis dhoiciméadaithe eile a chuir Rúnaíocht SPRFMO ar fáil, a tharchur chuig an mBallstát brataí chun tuairimí a fháil ina leith tráth nach déanaí ná 45 lá roimh chruinniú bliantúil Choimisiún SPRFMO. Scrúdóidh an Coimisiún an fhaisnéis sin agus cuirfidh sé ar aghaidh chuig Rúnaíocht SPRFMO í 30 lá ar a laghad roimh an gcruinniú bliantúil.

2.   A luaithe a bheidh fógra faighte acu ón gCoimisiún, déanfaidh údaráis an Bhallstáit brataí fógra a thabhairt d'úinéir an tsoithigh iascaireachta á rá go bhfuil an soitheach curtha san áireamh i ndréachtliosta soithí NNN SPRFMO agus cuirfear in iúl don úinéir na hiarmhairtí a d'fhéadfadh a bheith ag baint le háireamh an tsoithigh sin ar liosta soithí NNN arna ghlacadh ag SPRFMO.

Airteagal 38

Bearta a bhaineann le soithí iascaireachta a áirítear ar liosta soithí NNN SPRFMO

1.   Tar éis ghlacadh liosta soithí NNN SPRFMO, iarrfaidh an Coimisiún ar an mBallstát brataí fógra a thabhairt d'úinéir an tsoithigh iascaireachta atá sainaitheanta ar liosta soithí NNN á rá go bhfuil sé san áireamh ar an liosta agus á chur in iúl na hiarmhairtí a d'fhéadfadh a bheith ag baint háireamh an tsoithigh sin ar an liosta.

2.   Aon Bhallstát a bhfuil faisnéis aige a léiríonn go bhfuil athrú tagtha ar ainm nó IRCS soithigh iascaireachta atá ar liosta soithí NNN SPRFMO, déanfaidh sé an fhaisnéis sin a tharchur chuig an gCoimisiún a luaithe is indéanta. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht SPRFMO gan mhoill.

Airteagal 39

Neamhchomhlíonadh líomhnaithe arna thuairisciú ag Rúnaíocht SPRFMO

1.   Má fhaigheann an Coimisiún aon fhaisnéis ó Rúnaíocht SPRFMO a léiríonn go bhfuil amhras ann nach raibh Coinbhinsiún SPRFMO agus/nó bearta caomhnaithe agus bainistíochta SPRFMO á gcomhlíonadh ag Ballstát, tarchuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin chuig an mBallstát lena mbaineann gan mhoill.

2.   Déanfaidh an Ballstát fionnachtana aon imscrúdaithe a dhéantar i ndáil leis na líomhaintí maidir le neamhchomhlíonadh, agus aon bhearta atá déanta chun aghaidh a thabhairt ar nithe is ábhar imní ó thaobh comhlíonadh de, a chur in iúl don Choimisiún 45 lá ar a laghad roimh chruinniú bliantúil Choimisiún SPRFMO. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht SPRFMO 30 lá ar a laghad roimh an gcruinniú bliantúil.

Airteagal 40

Sáruithe líomhnaithe ar bhearta caomhnaithe agus bainistíochta SPRFMO arna dtuairisciú ag Páirtí Conarthach nó ag PCN

1.   Ainmneoidh na Ballstáit pointe teagmhála chun tuarascálacha cigireachta calafoirt a fháil ó Pháirtithe Conarthacha nó ó PCNanna.

2.   Déanfaidh na Ballstáit aon athruithe ar an bpointe teagmhála ainmnithe a tharchur chuig an gCoimisiún 40 lá ar a laghad sula ngabhfaidh éifeacht leis na hathruithe. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin in iúl do Rúnaíocht SPRFMO 30 lá ar a laghad sula ngabhfaidh éifeacht leis na hathruithe sin.

3.   Má fhaigheann an pointe teagmhála atá ainmnithe ag Ballstát tuarascáil chigireachta ó Pháirtí Conarthach nó ó PCN, ar tuarascáil í ina soláthraítear fianaise go bhfuil sárú déanta ag soitheach iascaireachta a bhfuil bratach an Bhallstáit sin ar foluain aige ar bhearta caomhnaithe agus bainistíochta SPRFMO, imscrúdóidh an Ballstát brataí an sárú líomhnaithe go pras agus tabharfaidh sé fógra don Choimisiún faoi stádas an imscrúdaithe, agus faoi aon bheart forfheidhmithe a d'fhéadfadh a bheith déanta chun a chumasú don Choimisiún Rúnaíocht SPRFMO a chur ar an eolas laistigh de 3 mhí ón bhfógra a fháil. Más rud é nach féidir leis an mBallstát tuarascáil stádais a sholáthar don Choimisiún laistigh de 3 mhí ón tuarascáil chigireachta a fháil, déanfaidh sé, laistigh den tréimhse 3 mhí, fógra a thabhairt don Choimisiún faoi na cúiseanna leis an moill agus faoin dáta a dtíolacfar an tuarascáil stádais. Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis maidir le stádas an imscrúdaithe, nó maidir leis an moill leis an imscrúdú, a tharchur chuig Rúnaíocht SPRFMO.

Airteagal 41

Cliseadh teicniúil an ghléis rianaithe satailíte

1.   I gcás cliseadh teicniúil gléis rianaithe satailíte de chuid soithigh iascaireachta de chuid an Aontais, déanfaidh an soitheach sin na sonraí seo a leanas a thuairisciú, trí bhíthin meáin iomchuí teileachumarsáide, do LFI an Bhallstáit a bhfuil a bhratach ar foluain aige gach 4 uair an chloig:

(a)

uimhir IMO;

(b)

IRCS;

(c)

ainm an tsoithigh;

(d)

ainm mháistir an tsoithigh;

(e)

suíomh (domhanleithead agus domhanfhad), dáta agus am (AUL);

(f)

gníomhaíocht (iascaireacht/idirthuras/trasloingsiú).

2.   I gcás nár réitíodh cliseadh teicniúil an ghléis rianaithe satailíte laistigh de 60 lá ó thús na hoibleagáide tuairiscithe mar a shonraítear i mír 1, áiritheoidh na Ballstáit go scorfaidh soithí a bhfuil a mbratach ar foluain acu de bheith ag iascaireacht, go stuálfaidh siad gach trealamh iascaireachta agus go bhfillfidh siad ar an gcalafort gan mhoill chun an gléas rianaithe satailíte a dheisiú.

3.   Beidh feidhm ag mír 1 agus mír 2 den Airteagal seo de bhreis ar na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 25 de Rialachán (AE) Uimh. 404/2011.

TEIDEAL V

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 42

Rúndacht

Maidir le sonraí a bhailítear agus a mhalartaítear faoi chuimsiú an Rialacháin seo, déileálfar leo i gcomhréir leis na rialacha maidir le rúndacht a leagtar amach in Airteagal 112 agus Airteagal 113 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

Airteagal 43

An nós imeachta i gcomhair leasuithe

Chun leasuithe ar bhearta caomhnaithe agus bainistíochta SPRFMO a ionchorprú i ndlí an Aontais, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 44 lena leasaítear an méid seo a leanas:

(a)

na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo;

(b)

na teorainneacha ama a leagtar síos in Airteagail 7(1) agus (2), 11, 12(2), 13(2), 16(1) agus (2), 17(1) agus (2), 22(1) go (4), 24(1), 25(2), 26(1), 27(2) agus (3), 28(2) agus (3), 29(1), 30(2), 31(1), 34(5) agus (6), 35(2) agus (3), 36, 37(1), 39(2), 40(2) agus (3), agus 41(1) agus (2).

(c)

clúdach breathnóra a leagtar síos in Airteagal 6 agus Airteagal 15;

(d)

an tréimhse thagartha chun an lorg iascaireachta grinnill in Airteagal 12(2) a chinneadh;

(e)

an clúdach cigireachta a leagtar síos in Airteagal 33(1);

(f)

an cineál sonraí agus na ceanglais maidir le faisnéis a leagtar síos in Airteagail 7(2), 11, 12(2) agus (3), 13(2) agus (3), 14(1), 16(1) agus (2), 17(1), 18(2) agus (3), 19(1), 24(1), 25(2), 27(2) agus (3), 28(3), 31(1) agus 41(1).

Airteagal 44

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 43 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana amhail ón 19 Iúil 2018. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 43 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 43 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 45

Nós imeachta coiste

1.   Déanfaidh an Coiste um Iascach agus Dhobharshaothrú, a bunaíodh le hAirteagal 47 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 46

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 4 Iúil 2018.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

K. EDTSTADLER


(1)  IO C 288, 31.8.2017, lch. 129.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 29 Bealtaine 2018 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 18 Meitheamh 2018.

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).

(4)  Cinneadh 98/392/CE ón gComhairle an 23 Márta 1998 maidir leis an gComhphobal Eorpach do thabhairt i gcrích Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe an 10 Nollaig 1982 maidir le Dlí na Farraige agus Chomhaontú an 28 Iúil 1994 maidir le cur chun feidhme Chuid XI de (IO L 179, 23.6.1998, lch. 1).

(5)  Cinneadh 2012/130/AE ón gComhairle an 3 Deireadh Fómhair 2011 maidir le formheas, thar cheann an Aontais Eorpaigh, an Choinbhinsiúin um Chaomhnú agus Bainistíocht Acmhainní Iascaigh Mórmhara san Aigéan Ciúin Theas (IO L 67, 6.3.2012, lch. 1).

(6)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe de chuid an Aontais d'fhonn comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93, Rialachán (CE) Uimh. 1627/94 agus Rialachán (CE) Uimh. 1966/2006 (IO L 343, 22.12.2009, lch. 1).

(8)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 404/2011 ón gCoimisiún an 8 Aibreán 2011 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú a chur chun feidhme (IO L 112, 30.4.2011, lch. 1).

(9)  Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 lena mbunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93, Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001 agus Rialachán (CE) Uimh. 601/2004 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1093/94 agus Rialachán (CE) Uimh. 1447/1999 (IO L 286, 29.10.2008, lch. 1).

(10)  Rialachán (AE) 2017/2403 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le bainistiú inbhuanaithe a dhéanamh ar chabhlaigh iascaireachta sheachtracha, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1006/2008 ón gComhairle (IO L 347, 28.12.2017, lch. 81).


IARSCRÍBHINN I

Caighdeáin le haghaidh líne-ualú

Déanfaidh soithí córas ualaithe spiléir a úsáid trína mbaintear amach ráta suncála íosta inléirithe i gcás an spiléir, is é sin, ráta íosta 0,3 méadar/soicind in aghaidh an 15 mhéadar de dhoimhneacht trealaimh. Go háirithe:

(a)

maidir le línte ualaithe seachtracha sa chóras Spáinneach agus maidir le sodarlínte, déanfar mais 8,5 kg ar a laghad a úsáid ag achair nach faide ná 40 m má úsáidtear carraigeacha, mais 6 kg ar a laghad a úsáid ag achair nach faide ná 20 m i gcás meáchain choincréite, agus meáchain 5 kg ar a laghad a úsáid ag achair nach faide ná 40 m i gcás meáchain miotail sholadacha;

(b)

maidir le línte ualaithe seachtracha in uathlíne, déanfar mais 5 kg ar a laghad a úsáid ag achair nach faide ná 40 m agus déanfar í a scaoileadh ó shoithí ar mhodh ina seachnaítear teannas ar gcúl (d'fhéadfadh sé go ndéanfadh teannas ar gcúl codanna den spiléar atá á n-úsáid cheana féin a ardú amach as an uisce);

(c)

maidir le línte ualaithe inmheánacha, beidh croíleacán luaidhe 50 g/m ar a laghad acu.


IARSCRÍBHINN II

Sonraíochtaí a bhaineann le línte scanraithe éan

Beidh dhá líne scanraithe éan á n-iompar i gcónaí agus déanfar iad a úsáid aon uair a bheidh trealamh iascaireachta á shocrú ón soitheach. Go háirithe:

(a)

déanfar línte scanraithe éan a cheangal den soitheach ionas go ndéantar na baoití a chosaint leis an líne sraoilleáin nuair atá siad in úsáid fiú amháin nuair a bhíonn trasghaotha ann;

(b)

maidir le línte scanraithe éan, déanfar sraoilleáin ghealdathannacha a úsáid ina leith agus iad sách fada chun dromchla na farraige a shroicheadh le linn aimsir chiúin (“sraoilleáin fhada”) agus iad leagtha ag achair nach faide ná 5 m ar feadh an chéad 55 m ar a laghad de líne sraoilleáin agus déanfar iad a cheangal den líne le sclóinte a choisceann ar na sraoilleáin filleadh thart ar an líne;

(c)

maidir le línte scanraithe éan, féadfar sraoilleáin atá 1 m ar a laghad ar fad (“sraoilleáin ghearra”) a úsáid leo freisin agus iad leagtha ag achair nach faide ná 1 m;

(d)

má bhristear línte scanraithe éan, mó má dhéantar damáiste dóibh, le linn iad a bheith á n-úsáid, déanfar iad a dheisiú, nó línte nua a chur ina n-ionad, ionas go gcomhlíonfaidh an soitheach na sonraíochtaí seo sula dtéann aon duáin eile isteach san uisce;

(e)

déanfar línte scanraithe éan a chur á n-úsáid ionas gurb amhlaidh:

(i)

go bhfanfaidh siad os cionn dhromchla an uisce nuair a bheidh na duáin suncáilte go doimhneacht 15 m, nó

(ii)

go bhfuil fad íosta 150 m iontu nuair atá siad sínte agus ar crochadh ó phointe ar an soitheach atá 7 m ar a laghad os cionn an uisce i gcás nach bhfuil suaitheadh ann san fharraige.


IARSCRÍBHINN III

Sonraíochtaí a bhaineann le sciath éan

Is é atá i sciath éan dhá cheann nó níos mó de bhumailí arna gceangal le cúl an tsoithigh, agus bumaile amháin acu sin ar a laghad ceangailte le deasbhord an chúil agus bumaile amháin ar a laghad ceangailte le clébhord an chúil:

(a)

déanfar gach bumaile ar leith a shíneadh ar feadh achar 4 m ar a laghad ó thaobh an tsoithigh nó ó chúl an tsoithigh;

(b)

déanfar línte titimeáin a cheangal leis na bumailí ag achair nach faide ná 2 m óna chéile;

(c)

déanfar cóin phlaisteacha, slata plaisteacha nó ábhar gealdathannach marthanach eile a cheangal le foircinn na línte titimeáin ionas nach bhfuil bun an chóin, na slaite nó an ábhair níos faide ná 500 mm os cionn an uisce, i gcás nach bhfuil gaoth agus suaitheadh ann;

(d)

féadfar línte nó uige a cheangal idir na línte titimeáin chun dul i bhfostú a chosc.


IARSCRÍBHINN IV

Treoirlínte maidir le hullmhú agus tíolacadh fógraí faoi theagmháil le ÉMLanna

1.   Faisnéis ghinearálta

Cuir isteach sonraí teagmhála, bratach, ainm nó ainmneacha an tsoithigh agus dátaí bailithe sonraí.

2.   Suíomh ÉML

Léirigh an suíomh inar tosaíodh agus inar críochnaíodh gach imscaradh trealaimh agus gach breathnóireacht.

Tabhair léarscáileanna de shuímh iascaireachta, den bhataiméadracht bhunúsach nó den ghnáthóg, mar aon le scála spásúil na hiascaireachta.

Tabhair léiriú ar an doimhneacht nó ar na doimhneachtaí a ndearnadh iascaireacht inti nó iontu.

3.   Trealamh iascaireachta

Léirigh an trealamh iascaireachta a úsáideadh i ngach suíomh ar leith.

4.   Sonraí breise a bailíodh

Léirigh na sonraí breise a bailíodh sna suímh, nó gar do na suímh, ina ndearnadh iascaireacht, más féidir sin.

Sonraí amhail bataiméadracht ilbhíoma, sonraí aigéaneolaíochta amhail próifílí CTD, próifílí reatha, ceimic uisce, cineálacha substráite arna dtaifeadadh sna suímh sin nó gar dóibh, fána eile a breathnaíodh, fístaifeadtaí, próifílí fuaime, etc.

5.   Tacsóin ÉML

I gcás gach stáisiún a ndéantar iascaireacht ann, tabhair mionsonraí faoi thacsóin ÉML a breathnaíodh, lena n-áirítear a ndlús coibhneasta, a ndlús iomlánach, nó an líon orgánach más féidir.


IARSCRÍBHINN V

Caighdeáin maidir le sonraí faoi shoithí

1.

Déanfar na réimsí sonraí seo a leanas a bhailiú de bhun Airteagal 16, Airteagal 17 agus Airteagal 22:

(i)

Bratach reatha an tsoithigh agus ainm an tsoithigh

(ii)

Uimhir chlárúcháin

(iii)

IRCS (más ann dó)

(iv)

UVI (Aitheantóir Uathúil Soithigh)/uimhir IMO

(v)

Ainmneacha roimhe seo (más eol)

(vi)

Calafort clárúcháin

(vii)

Bratach roimhe seo

(viii)

Cineál soithigh

(ix)

Cineál modha iascaireachta nó cineál modhanna iascaireachta

(x)

Fad

(xi)

Cineál faid e.g. “LOA”, “LBP”

(xii)

Olltonnáiste — GT (le soláthar mar an t-aonad tonnáiste is fearr)

(xiii)

Olltonnáiste cláraithe — GRT (le soláthar mura bhfuil GT ar fáil; féadfar é a sholáthar freisin de bhreis ar GT)

(xiv)

Cumhacht an phríomhinnill (na bpríomhinneall) (kw)

(xv)

Toilleadh an bhoilg (m3)

(xvi)

An cineál reoiteora (más infheidhme)

(xvii)

An líon aonad reo (más infheidhme)

(xviii)

Acmhainn reo (más infheidhme)

(xix)

Cineál agus uimhreacha cumarsáide an tsoithigh (uimhreacha INMARSAT A, B agus C);

(xx)

Mionsonraí an chórais VMS (branda, samhail, gnéithe agus aitheantas)

(xxi)

Ainm an úinéara (na n-úinéirí)

(xxii)

Seoladh an úinéara (na n-úinéirí)

(xxiii)

Dáta tosaithe údarú an tsoithigh

(xxiv)

Dáta críochnaithe údarú an tsoithigh

(xxv)

Dáta ar áiríodh é ar thaifead SPRFMO soithí

(xxvi)

Grianghraf ardtaifigh dea-cháilíochta den soitheach, agus gile agus codarsnacht iomchuí ann, gan é a bheith níos sine ná 5 bliana, agus beidh an méid seo a leanas ann:

grianghraf amháin nach lú ná 12 × 7 cm agus ina dtaispeántar taobh an deasbhoird den soitheach, agus fad uile foriomlán agus gnéithe iomlána struchtúracha le feiceáil ann;

grianghraf amháin nach lú ná 12 × 7 cm agus ina dtaispeántar taobh an chlébhoird den soitheach, agus fad uile foriomlán agus gnéithe iomlána struchtúracha le feiceáil ann;

grianghraf amháin nach lú ná 12 × 7 cm agus ina dtaispeántar an cúl, ar grianghraf é a tógadh ó ionad go díreach taobh thiar den soitheach.

2.

Tá an fhaisnéis seo a leanas le soláthar má tá sí ar fáil agus nuair is indéanta:

(i)

Marcálacha seachtracha (amhail ainm an tsoithigh, uimhir chlárúcháin nó IRCS)

(ii)

Cineálacha línte próiseála éisc (más infheidhme)

(iii)

An dáta ar tógadh an soitheach

(iv)

An áit ar tógadh an soitheach

(v)

Doimhneacht mhúnlaithe

(vi)

Bíoma

(vii)

Trealamh leictreonach ar bord (mar shampla, raidió, sondálaí fuaime, radar, netsonda)

(viii)

Ainm úinéir(í) an cheadúnais (más rud é nach ionann an t-ainm sin agus ainm úinéir an tsoithigh)

(ix)

Seoladh úinéir(í) an cheadúnais (más rud é nach ionann an seoladh sin agus seoladh úinéir an tsoithigh)

(x)

Ainm an oibreora (na n-oibreoirí) (más rud é nach ionann an t-ainm sin agus ainm úinéir an tsoithigh)

(xi)

Seoladh an oibreora (na n-oibreoirí) (más rud é nach ionann an seoladh sin agus seoladh úinéir an tsoithigh)

(xii)

Ainm mháistir an tsoithigh

(xiii)

Náisiúntacht mháistir an tsoithigh

(xiv)

Ainm an mháistir iascaireachta

(xv)

Náisiúntacht an mháistir iascaireachta


IARSCRÍBHINN VI

Plean Oibríochta Iascaigh d'iascach taiscéalaíoch

Beidh an fhaisnéis seo a leanas san áireamh sa Phlean Oibríochta Iascaigh d'iascach taiscéalaíoch, sa mhéid agus go bhfuil fáil uirthi:

(i)

tuairisc ar an iascach taiscéalaíoch, lena n-áirítear limistéar, spriocspeicis, modhanna beartaithe iascaireachta, teorainneacha uasta beartaithe gabhálacha agus aon chionroinnt atá le déanamh ar an teorainn ghabhála sin i measc limistéar nó speiceas;

(ii)

sonraíocht agus tuairisc iomlán maidir leis na cineálacha trealaimh iascaireachta atá le húsáid, lena n-áirítear aon mhodhnuithe a dhéantar ar an trealamh atá ceaptha maolú a dhéanamh ar éifeachtaí na hiascaireachta beartaithe ar speicis nach spriocspeicis iad, agus ar speicis ghaolmhara nó speicis spleácha, nó ar an éiceachóras muirí ina bhfuil an t-iascach suite;

(iii)

an tréimhse ama atá clúdaithe leis an bPlean Oibríochta Iascaigh (tréimhse 3 bliana ar a mhéad);

(iv)

aon fhaisnéis bhitheolaíoch faoi na spriocspeicis, de réir taighde cuimsitheach nó cúrsálacha suirbhéireachta, amhail dáileadh, flúirse, sonraí déimeagrafacha agus faisnéis faoi chéannacht stoic;

(v)

mionsonraí faoi speicis nach spriocspeicis iad, agus faoi speicis ghaolmhara agus speicis spleácha, agus faoin éiceachóras muirí ina bhfuil an t-iascach suite, a mhéid ba dhóigh go ndéanfaí difear do na nithe sin mar thoradh ar an ngníomhaíocht bheartaithe iascaireachta, agus faoi aon bhearta a dhéanfar chun na héifeachtaí sin a mhaolú;

(vi)

tionchar carnach ionchasach na gníomhaíochta iascaireachta ar fad i limistéar an iascaigh thaiscéalaíoch, más infheidhme;

(vii)

faisnéis ó iascaigh eile sa réigiún nó ó iascaigh den tsamhail chéanna in áiteanna eile, ar faisnéis í a d'fhéadfadh a bheith ina cabhair maidir le meastóireacht a dhéanamh ar tháirgeacht ionchasach an iascaigh thaiscéalaíoch ábhartha, a mhéid atá an Ballstát in ann an fhaisnéis sin a sholáthar;

(viii)

más iascaireacht ghrinnill í an ghníomhaíocht iascaireachta atá beartaithe, measúnú ar thionchar ghníomhaíochtaí iascaireachta grinnill na soithí a bhfuil bratach an Bhallstáit i dtrácht ar foluain acu, i gcomhréir le hAirteagal 12 agus Airteagal 13;

(ix)

i gcás ina bhfuil an spriocspeiceas á bhainistiú freisin ag RFMO atá tadhlach le SPRFMO, nó ag eagraíocht den tsamhail chéanna, tuairisc faoin iascach comharsanach sin le go bhféadfaidh Coiste Eolaíoch SPRFMO a chomhairle a cheapadh.


IARSCRÍBHINN VII

Réamhfhógra faoi thrasloingsiú

Déanfaidh na Ballstáit an fhaisnéis seo a leanas a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 24(1):

 

Mionsonraí faoin soitheach a dhéanann díluchtú:

(a)

Ainm an tsoithigh

(b)

Uimhir chlárúcháin

(c)

IRCS

(d)

Stát brataí an tsoithigh

(e)

Uimhir IMO/Uimhir IHS Fairplay (más infheidhme)

(f)

Ainm agus náisiúntacht mháistir an tsoithigh

 

Mionsonraí faoin soitheach a dhéanann glacadh:

(a)

Ainm an tsoithigh

(b)

Uimhir chlárúcháin

(c)

IRCS

(d)

Stát brataí an tsoithigh

(e)

Uimhir IMO/Uimhir IHS Fairplay (más infheidhme)

(f)

Ainm agus náisiúntacht mháistir an tsoithigh


IARSCRÍBHINN VIII

Faisnéis faoi thrasloingsiú atá le soláthar ag an mbreathnóir

Déanfaidh an breathnóir a bhfuil faireachán á dhéanamh aige ar thrasloingsiú an fhaisnéis seo a leanas a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 25(1).

I.   Mionsonraí faoin soitheach iascaireachta a dhéanann díluchtú

Ainm an tsoithigh

 

Uimhir chlárúcháin

 

IRCS

 

Stát brataí an tsoithigh

 

Uimhir IMO/Uimhir IHS Fairplay (más infheidhme)

 

Ainm agus náisiúntacht mháistir an tsoithigh

 

II.   Mionsonraí faoin soitheach iascaireachta a dhéanann glacadh

Ainm an tsoithigh

 

Uimhir chlárúcháin

 

IRCS

 

Stát brataí an tsoithigh

 

Uimhir IMO/Uimhir IHS Fairplay (más infheidhme)

 

Ainm agus náisiúntacht mháistir an tsoithigh

 

III.   Oibríocht trasloingsithe

Dáta agus am ar tosaíodh trasloingsiú (AUL)

 

Dáta agus am ar críochnaíodh trasloingsiú (AUL)

 

Má dhéantar trasloingsiú ar muir: Suíomh (an 1/10ú céim is gaire) tráth tosaithe an trasloingsithe. Má dhéantar trasloingsiú i gcalafort: Ainm, tír agus cód (1) an chalafoirt

 

Má dhéantar trasloingsiú ar muir: Suíomh (an 1/10ú céim is gaire) tráth críochnaithe an trasloingsithe

 

Tuairisc ar an gcineál táirge de réir speicis (amhail iasc iomlán reoite i gcartáin 20 kg)

Speicis

 

An cineál táirge

 

Speicis

 

An cineál táirge

 

Speicis

 

An cineál táirge

 

An líon cartán, glanmheáchan (kg) an táirge, de réir speicis.

Speicis

 

Cartáin

 

Glanmheáchan

 

Speicis

 

Cartáin

 

Glanmheáchan

 

Speicis

 

Cartáin

 

Glanmheáchan

 

Speicis

 

Cartáin

 

Glanmheáchan

 

Glanmheáchan iomlán an táirge a thrasloingsítear (kg)

 

Uimhreacha na mbolg i soitheach cuisnithe ina stuáiltear an táirge

 

Calafort agus tír cinn scríbe an tsoithigh iascaireachta a dhéanann glacadh

 

An dáta a meastar go mbainfear an ceann scríbe amach

 

An dáta a meastar go ndéanfar tabhairt i dtír

 

IV.   Barúlacha (más infheidhme)

V.   Fíorú

Ainm an bhreathnóra

 

Údarás

 

Síniú agus stampa

 


(1)  Cód na Náisiún Aontaithe do Láithreacha Trádála agus Iompair (UN/LOCODE).


IARSCRÍBHINN IX

Faisnéis faoi thrasloingsiú atá le tuairisciú tar éis na hoibríochta

I gcomhréir le hAirteagal 26(1), déanfaidh na Ballstáit brataí an fhaisnéis seo a leanas a thuairisciú don Choimisiún tráth nach déanaí ná 7 lá tar éis an trasloingsiú a dhéanamh:

 

Mionsonraí faoin soitheach a dhéanann díluchtú:

(a)

Ainm an tsoithigh

(b)

Uimhir chlárúcháin

(c)

IRCS

(d)

Stát brataí an tsoithigh

(e)

Uimhir IMO/Uimhir IHS Fairplay (más infheidhme)

(f)

Ainm agus náisiúntacht mháistir an tsoithigh

 

Mionsonraí faoin soitheach a dhéanann glacadh:

(a)

Ainm an tsoithigh

(b)

Uimhir chlárúcháin

(c)

IRCS

(d)

Stát brataí an tsoithigh

(e)

Uimhir IMO/Uimhir IHS Fairplay (más infheidhme)

(f)

Ainm agus náisiúntacht mháistir an tsoithigh

 

Mionsonraí faoin oibríocht trasloingsithe

(a)

Dáta agus am ar tosaíodh trasloingsiú (AUL)

(b)

Dáta agus am ar críochnaíodh trasloingsiú (AUL)

(c)

Má dhéantar trasloingsiú i gcalafort:

Stát an chalafoirt, ainm an chalafoirt agus cód an chalafoirt.

(d)

Má dhéantar trasloingsiú ar muir:

(i)

Suíomh (1/10ú céim is gaire) tráth tosaithe an trasloingsithe (deachúil)

(ii)

Suíomh (1/10ú céim is gaire) tráth críochnaithe an trasloingsithe (deachúil)

(e)

Uimhreacha na mbolg i soitheach a dhéanann glacadh agus ina stuáiltear an táirge

(f)

Calafort cinn scríbe an tsoithigh a dhéanann glacadh

(g)

An dáta a meastar go mbainfear an ceann scríbe amach

(h)

An dáta a meastar go ndéanfar tabhairt i dtír

 

Mionsonraí faoi acmhainní iascaigh a thrasloingsítear

(a)

Speicis a trasloingsíodh

(i)

Tuairisc ar an iasc, de réir cineál táirge (amhail iasc iomlán reoite)

(ii)

An líon cartán agus glanmheáchan (kg) an táirge, de réir speicis

(iii)

Glanmheáchan iomlán an táirge a thrasloingsítear (kg)

(b)

Trealamh iascaireachta a úsáideadh de réir an tsoithigh a dhéanann díluchtú

 

Fíorú (más infheidhme)

(a)

Ainm an bhreathnóra

(b)

Údarás


IARSCRÍBHINN X

Sonraí breathnóra

Níl mionsonraí faoi shoithí agus faoi bhreathnóirí le taifeadadh ach uair amháin i ndáil le gach turas ar leith a ndéantar breathnóireacht air agus déanfar na mionsonraí sin a thuairisciú ar mhodh ina nasctar na sonraí faoin soitheach leis na sonraí a éilítear i Ranna A, B, C agus D.

A.   Sonraí faoin soitheach agus faoin mbreathnóir atá le bailiú i ndáil le gach turas arna bhreathnú

1.   Tá na sonraí seo a leanas faoin soitheach le bailiú i ndáil le gach turas a ndéantar breathnóireacht air:

(a)

Bratach reatha an tsoithigh

(b)

Ainm an tsoithigh

(c)

Ainm mháistir an tsoithigh

(d)

Ainm an mháistir iascaireachta

(e)

Uimhir chlárúcháin

(f)

Comhartha aitheantais idirnáisiúnta raidió (más ann dó)

(g)

Uimhir Lloyd's/IMO (má tá ceann sannta don soitheach)

(h)

Ainmneacha roimhe seo (más eol)

(i)

Calafort clárúcháin

(j)

Bratach roimhe seo (dá mba ann dó)

(k)

An cineál soithigh (bain úsáid as cóid ISSCFV iomchuí)

(l)

An cineál modha iascaireachta nó an cineál modhanna iascaireachta (bain úsáid as cóid ISSCFG iomchuí)

(m)

Fad (m)

(n)

Cineál faid e.g. “LOA”, “LBP”

(o)

Bíoma (m).

(p)

Olltonnáiste — GT (le soláthar mar an t-aonad tonnáiste is fearr)

(q)

Olltonnáiste cláraithe — GRT (le soláthar mura bhfuil GT ar fáil, féadfar é a sholáthar freisin de bhreis ar GT)

(r)

Cumhacht an phríomhinnill (na bpríomhinneall) (cileavataí)

(s)

Acmhainn an bhoilg (méadair chiúbacha)

(t)

Taifead ar an trealamh ar bord a bhféadfadh tionchar a bheith aige ar fhachtóirí cumhachta iascaireachta (trealamh loingseoireachta, radar, córais sonóra, facs aimsire nó glacadóir aimsire satailíte, glacadóir íomhá de theocht dhromchla na farraige, monatóir srutha Doppler, treo-aimsitheoir raidió), más praiticiúil

(u)

An líon iomlán daoine den chriú (an fhoireann ar fad, gan breathnóirí a áireamh)

2.   Tá na sonraí seo a leanas faoin mbreathnóir le bailiú i ndáil le gach turas a ndéantar breathnóireacht air:

(a)

Ainm an bhreathnóra

(b)

Eagraíocht an bhreathnóra

(c)

An dáta a dtéann an breathnóir ar bord (dáta AUL)

(d)

An calafort ina dtéitear ar bord

(e)

An dáta a dtéann an breathnóir i dtír (dáta AUL)

(f)

An calafort ina dtéitear i dtír

B.   Sonraí faoi ghabháil agus faoi iarracht atá le bailiú i ndáil le gníomhaíocht trálaeireachta

1.   Tá na sonraí le bailiú ar bhonn neamh-chomhiomlánaithe (gach tarraingt ar leithligh óna chéile) i gcás na dtrál go léir a ndéantar breathnóireacht orthu.

2.   Tá na sonraí seo a leanas le bailiú i ndáil le gach tarraingt tráil a ndéantar breathnóireacht air:

(a)

Dáta agus am tosaithe na tarraingthe (an t-am a gcuirtear tús le hiascaireacht leis an trealamh — AUL)

(b)

Dáta agus am críochnaithe na tarraingthe (an t-am a gcuirtear tús le tarlú siar — AUL)

(c)

Suíomh tosaithe na tarraingthe (Domhanleithead/Domhanfhad, taifeach 1 nóiméad — deachúil)

(d)

Suíomh críochnaithe na tarraingthe (Domhanleithead/Domhanfhad, taifeach 1 nóiméad — deachúil)

(e)

Spriocspeicis bheartaithe (cód speicis FAO)

(f)

An cineál tráil, trál grinnill nó trál meánuisce (bain úsáid as cóid iomchuí trál grinnill nó meánuisce de réir ghnáthchaighdeáin trealaimh iascaireachta ISCCFG)

(g)

An cineál tráil: singil, dúbailte nó triarach (S, D nó T)

(h)

Airde bhéal an lín

(i)

Leithead bhéal an lín

(j)

Méid mhogall an lín soc-fhoircinn (mogall sínte, mm) agus an cineál mogaill (muileatach, cearnógach, etc.)

(k)

Doimhneacht an trealaimh (an téad ghrinnill) ag tús na hiascaireachta

(l)

Doimhneacht an ghrinnill (grinneall na farraige) ag tús na hiascaireachta

(m)

Gabháil mheasta i ndáil le gach speiceas (cód speicis FAO) a choinnítear ar bord, arna deighilt de réir speiceas agus beomheáchain (go dtí an kg is gaire)

(n)

Ar gabhadh aon mhamaigh mhuirí, éin mhara, reiptílí nó speicis eile is ábhar imní? (Gabhadh/Níor gabhadh/Ní fios)

Má gabhadh, déan taifead, de réir speiceas, ar líon na mamach muirí, na n-éan mara, na reiptílí nó na speiceas eile is ábhar imní a gabhadh

(o)

An raibh aon ábhar beantach ann sa trál? (Bhí/Ní raibh/Ní fios)

Má bhí, déan taifead ar na speicis bheantacha íogaire sa ghabháil tráil, go háirithe speicis leochaileacha nó speicis déanta gnáthóige amhail spúinsí, feananna mara nó coiréalaigh.

(p)

Déan meastachán ar mhéid na n-acmhainní muirí (de réir meáchain nó toirte) nár taifeadadh faoi phointe (m), phointe (n) nó phoint (o) agus a aiscuireadh, arna dheighilt de réir an tacsóin is ísle atá ar eolas

(q)

Déan taifead ar aon bhearta maolaithe foghabhálacha a úsáideadh:

(i)

An raibh línte scanraithe éan (línte tori) á n-úsáid? (nialas/cód trealaimh — mar a thuairiscítear i Roinn L)

(ii)

An raibh sciatha éan á n-úsáid? (nialas/cód trealaimh — mar a thuairiscítear i Roinn N)

(iii)

Tabhair tuairisc ar an mbainistíocht atá i bhfeidhm maidir le sceitheadh scairtí/ábhair atá le haischur (roghnaigh gach mír lena mbaineann: sceitheadh ar bith le linn lámhach agus tarlú/gan ach sceitheadh leachta a bheith ann/baisceadh dramhaíola > 2 uair an chloig/eile/ceann ar bith)

(iv)

Ar úsáideadh aon bhearta eile chun laghdú a dhéanamh ar fhoghabháil mamach muirí, éan mara, reiptílí nó speiceas eile is ábhar imní? (Úsáideadh/Níor úsáideadh)

Má úsáideadh, tabhair tuairisc.

C.   Sonraí faoi ghabháil agus faoi iarracht atá le bailiú i ndáil le gníomhaíocht peas-saighneoireachta

1.   Tá na sonraí le bailiú ar bhonn neamh-chomhiomlánaithe (gach tacar ar leithligh óna chéile) i gcás na dtacar peaslíonta saighne go léir a ndéantar breathnóireacht orthu.

2.   Tá na sonraí seo a leanas le bailiú i gcás gach tacair peaslíonta saighne ar leith a ndéantar breathnóireacht air:

(a)

Am cuardaigh ar fad roimh an tacar seo, ó bhí an tacar deireanach ann

(b)

Dáta agus am tosaithe an tacair (an t-am a gcuirtear tús le hiascaireacht leis an trealamh — AUL)

(c)

Dáta agus am críochnaithe an tacair (an t-am a gcuirtear tús le tarlú siar — AUL)

(d)

Suíomh tosaithe an tacair (Domhanleithead/Domhanfhad, taifeach 1 nóiméad — deachúil)

(e)

Fad an lín (m)

(f)

Airde an lín (m)

(g)

Méid mhogall an lín (mogall sínte, mm) agus an cineál mogaill (muileatach, cearnógach, etc.)

(h)

Spriocspeicis beartaithe (cód speicis FAO)

(i)

Gabháil mheasta i ndáil le gach speiceas (cód speicis FAO) a choinnítear ar bord, arna deighilt de réir speiceas agus beomheáchain (go dtí an kg is gaire)

(j)

Ar gabhadh aon mhamaigh mhuirí, éin mhara, reiptílí nó speicis eile is ábhar imní? (Gabhadh/Níor gabhadh/Ní fios)

Má gabhadh, déan taifead, de réir speicis, ar líon na mamach muirí, na n-éan mara, na reiptílí nó na speiceas eile is ábhar imní a gabhadh.

(k)

An raibh aon ábhar beantach ann sa líon? (Bhí/Ní raibh/Ní fios)

Má bhí, déan taifead ar na speicis bheantacha íogaire sa ghabháil, go háirithe speicis leochaileacha nó speicis déanta gnáthóige amhail spúinsí, feananna mara nó coiréalaigh.

(l)

Déan meastachán ar mhéid na n-acmhainní muirí (de réir meáchain nó toirte) nár taifeadadh faoi phointe (i), pointe (j) nó pointe (k) agus a aiscuireadh, arna dheighilt de réir an tacsóin is ísle atá ar eolas.

(m)

Déan taifead, agus tabhair tuairisc, ar aon bhearta maolaithe foghabhálacha a úsáideadh.

D.   Sonraí faoi ghabháil agus faoi iarracht atá le bailiú i ndáil le gníomhaíocht iascaireachta spiléir grinnill

1.   Tá na sonraí le bailiú ar bhonn neamh-chomhiomlánaithe (gach tacar ar leithligh óna chéile) i gcás na dtacar spiléir go léir a ndéantar breathnóireacht orthu.

2.   Tá na réimsí sonraí seo a leanas le bailiú i gcás gach tacair a ndéantar breathnóireacht air:

(a)

Dáta agus am tosaithe an tacair (formáid AUL)

(b)

Dáta agus am críochnaithe an tacair (formáid AUL)

(c)

Suíomh tosaithe an tacair (Domhanleithead/Domhanfhad, taifeach 1 nóiméad — formáid dheachúil)

(d)

Suíomh críochnaithe an tacair (Domhanleithead/Domhanfhad, taifeach 1 nóiméad — formáid dheachúil)

(e)

Spriocspeicis bheartaithe (cód speicis FAO)

(f)

Fad iomlán an tacair spiléir (km)

(g)

An líon duán don tacar

(h)

Doimhneacht an ghrinnill (grinneall na farraige) ag tús an tacair

(i)

An líon duán a breathnaíodh iarbhír (lena n-áirítear i ndáil le mamaigh mhuirí, éin mhara, reiptílí nó speicis eile is ábhar imní a gabhadh) i rith an tarlaithe

(j)

Gabháil mheasta i ndáil le gach speiceas (cód speicis FAO) a choinnítear ar bord, arna deighilt de réir speiceas agus beomheáchain (go dtí an kg is gaire)

(k)

Ar gabhadh aon mhamaigh mhuirí, éin mhara, reiptílí nó speicis eile is ábhar imní? (Gabhadh/Níor gabhadh/Ní fios)

Má gabhadh, déan taifead, de réir speicis, ar líon na mamach muirí, na n-éan mara, na reiptílí nó na speiceas eile is ábhar imní a gabhadh.

(l)

An raibh aon ábhar beantach ann sa ghabháil? (Bhí/Ní raibh/Ní fios)

Má bhí, déan taifead ar na speicis bheantacha íogaire sa ghabháil, go háirithe speicis leochaileacha nó speicis déanta gnáthóige amhail spúinsí, feananna mara nó coiréalaigh.

(m)

Déan meastachán ar mhéid na n-acmhainní muirí (de réir meáchain nó toirte) nár taifeadadh faoi phointe (j), pointe (k) nó pointe (l) agus a aiscuireadh, arna dheighilt de réir an tacsóin is ísle atá ar eolas.

(n)

Déan taifead ar aon bhearta maolaithe foghabhálacha a úsáideadh:

(i)

An raibh línte scanraithe éan (línte tori) á n-úsáid? (nialas/cód trealaimh — mar a thuairiscítear i Roinn L)

(ii)

An raibh socrú na dtacar srianta don tréimhse idir coineascar muirí agus camhaoir mhuirí? (Bhí/Ní raibh)

(iii)

Cén cineál trealaimh iascaireachta a úsáideadh? (córas ualaithe sheachtraigh/córas ualaithe inmheánaigh/sodarlíne/eile)

(iv)

Más córas ualaithe sheachtraigh atá ann, tabhair tuairisc ar an gcóras ualaithe agus snámhán (agus an fhoirm a sholáthraítear i Roinn M á húsáid)

(v)

Más córas ualaithe inmheánaigh atá ann, cad a bhí i meáchan chroí na líne (graim in aghaidh an mhéadair)?

(vi)

Más sodarlíne a bhí ann, ar úsáideadh líonta cachalotera? (Úsáideadh/Níor úsáideadh)

(vii)

Más eile, tabhair tuairisc.

(o)

Cén maolúchán tarlaithe a úsáideadh? (cuirtíní coiscthe éan/eile/ceann ar bith)

Más eile, tabhair tuairisc.

(p)

Cén cineál baoite a bhí ann? (iasc/leacht/meascán; beo/marbh/meascán; reoite/díreoite/meascán)

(q)

Déan cur síos ar sceitheadh d'aon ábhar bitheolaíocht le linn lámhach agus tarlú a dhéanamh (sceitheadh gan bheith baiscthe ar feadh 2 uair an chloig nó níos mó/sceitheadh a baisceadh ar feadh 2 uair an chloig nó níos mó/ceann ar bith/ní fios).

(r)

Ar úsáideadh aon bhearta eile chun laghdú a dhéanamh ar fhoghabháil mamach muirí, éan mara, reiptílí nó speiceas eile is ábhar imní? (Úsáideadh/Níor úsáideadh)

Má úsáideadh, tabhair tuairisc.

E.   Sonraí atá le bailiú maidir le fad-minicíocht

Tá sonraí ionadaíocha, arna sampláil go randamach, le bailiú i ndáil leis na spriocspeicis agus, má bhíonn am ann chuige, i ndáil le príomhspeicis foghabhála eile. Tá sonraí maidir le fad le bailiú agus le taifeadadh ag an leibhéal is beaichte is iomchuí i ndáil leis an speiceas (cm nó mm agus cibé acu go dtí an t-aonad is gaire nó go dtí an t-aonad is airde faoi bhun an leibhéil lena mbaineann) agus tá an cineál tomhais a úsáidtear (fad iomlán, fad go gabhal an eireabaill, nó fad caighdeánach) le taifeadadh freisin. Más féidir, tá meáchan iomlán samplaí faid-minicíochta le taifeadadh nó le meas, agus tá an modh measta le taifeadadh, agus d'fhéadfadh sé go gceanglófar ar bhreathnóirí inscne éisc thomhaiste a chinneadh d'fhonn sonraí faid-minicíochta, arna srathú de réir inscne, a ghiniúint.

1.   Prótacal maidir le sampláil tráchtála

(a)

Speicis éisc seachas sciataí, roic agus siorcanna:

(i)

tá an fad go gabhal an eireabaill le tomhas go dtí an cm is gaire maidir le hiasc a shroicheann fad uasta is mó ná 40 cm ar fhad go gabhal an eireabaill;

(ii)

tá an fad go gabhal an eireabaill le tomhas go dtí an mm is gaire maidir le hiasc a shroicheann fad uasta is lú ná 40 cm ar fhad go gabhal an eireabaill.

(b)

Sciataí agus roic:

Tá leithead uasta diosca le tomhas.

(c)

Siorcanna:

Tá tomhas iomchuí faid atá le húsáid le roghnú i ndáil le gach speiceas ar leith (féach tuarascáil theicniúil 474 FAO maidir le tomhas siorcanna). In éagmais socrú eile, tá fad iomlán le tomhas.

2.   Prótacal maidir le sampláil eolaíoch

Maidir le sampláil eolaíoch speiceas, d'fhéadfadh sé gur gá tomhas an fhaid a dhéanamh de réir taifigh níos míne ná mar a shonraítear i bpointe 1.

F.   Sampláil bhitheolaíoch atá le déanamh

1.   Tá na sonraí bitheolaíocha seo a leanas le bailiú i ndáil le samplaí ionadaíocha de na príomh-spriocspeicis agus, má bhíonn am ann chuige, i ndáil le príomhspeicis foghabhála eile ar cuid den ghabháil iad:

(a)

Speicis

(b)

Fad (mm nó cm), maille le taifead ar an gcineál tomhais faid a úsáidtear. Tá beaichte agus cineál an tomhais le cinneadh ar bhonn gach speicis ar leith i gcomhréir leis an mbonn atá sainithe i Roinn E

(c)

Inscne (fireann, baineann, neamhaibí, gan inscne)

(d)

Céim aibíochta

2.   Tá breathnóirí chun samplaí fíocháin, otailite agus/nó goile a bhailiú de réir cláir shonracha réamhchinntithe taighde arna gcur chun feidhme ag Coiste Eolaíoch SPRFMO nó de réir taighde eolaíoch náisiúnta eile.

3.   Ní mór eolas a thabhairt do bhreathnóirí faoi phrótacail maidir le sampláil faid-minicíochta agus bhitheolaíoch, más iomchuí, agus faoi thosaíochtaí don tsampláil thuas a bhaineann go sonrach le gach turas breathnóra ar leith, agus ní mór leagan i scríbhinn de na nithe sin a thabhairt dóibh.

G.   Sonraí atá le bailiú i ndáil le foghabhálacha éan mara, mamach, turtar agus speiceas eile is ábhar imní

1.   Tá na sonraí seo a leanas le bailiú i ndáil le gach éan mara, mamach agus reiptíl (turtair) agus i ndáil le gach speiceas eile is ábhar imní a ghabhtar le linn oibríochtaí iascaireachta:

(a)

Speiceas (arna shainaithint go tacsanomaíoch a mhéid is féidir, nó trí ghrianghraif a chur ar fáil más deacair an speiceas a shainaithint) agus an méid

(b)

Comhaireamh ar an líon de gach speiceas a ghabhtar in aghaidh na tarraingthe nó an tacair

(c)

An leas a baineadh as ainmhithe foghabhála (ar coinníodh iad nó ar scaoileadh saor nó ar aiscuireadh iad?)

(d)

Má scaoileadh saor iad, stádas beatha (bríomhar, beo, marbhánta, marbh) tráth a scaoilte saor

(e)

Más marbh, ní mór faisnéis dhóthanach nó samplaí dóthanacha a bhailiú lena shainaithint ar tír i gcomhréir le prótacail samplála réamhchinntithe. I gcás nach bhfuil sé sin indéanta, d'fhéadfadh sé go n-eileofaí ar bhreathnóirí foshamplaí de chodanna sainaitheantais a bhailiú, mar atá sonraithe i bprótacail samplála bitheolaíche.

(f)

Taifead ar an gcineál idirghníomhaíochta (duán/líne, i bhfostú/tarlú, bualadh/líon, gabháil/eile)

Más eile, tabhair tuairisc.

2.   Taifead a dhéanamh ar inscne gach aonán i leith tacsón i gcás ina bhfuil sé sin indéanta trí bhreathnóireacht sheachtrach, mar shampla, eite-chosaigh, céiticigh bheaga nó Elasmobranchii agus speicis eile is ábhar imní.

3.   An raibh aon imthosca nó gníomhaíochtaí ann a d'fhéadfadh tionchar a imirt ar an bhfoghabháil? (mar shampla, líne scanraithe éan in aimhréidh, ardleibhéil ó thaobh cailleadh baoite).

H.   Iascaireacht a bhrath i ndáil le ÉMLanna

Maidir le gach trál a ndéantar breathnóireacht air, tá na sonraí seo a leanas le bailiú i ndáil le gach speiceas beantach íogair a ghabhtar, go háirithe speicis leochaileacha nó speicis déanta gnáthóige amhail spúinsí, feananna mara nó coiréalaigh:

(a)

Speiceas (arna shainaithint go tacsanomaíoch a mhéid is féidir, nó trí ghrianghraf a chur ar fáil más deacair an speiceas a shainaithint);

(b)

Meastachán ar an gcainníocht (meáchan (kg) nó toirt (m3)) i ndáil le gach speiceas beantach a ghabhtar sa tarraingt;

(c)

Meastachán foriomlán ar an gcainníocht iomlán (meáchan (kg) nó toirt (m3)) i ndáil le gach speiceas beantach inveirteabrach a ghabhtar sa tarraingt;

(d)

Más féidir, agus go háirithe i gcás speicis nua nó speicis thearca nach luaitear i dtreoracha maidir le speicis a shainaithint, tá samplaí iomlána le bailiú agus le caomhnú go cuí lena shainaithint ar tír.

I.   Sonraí atá le bailiú i ndáil le gach speiceas clibeáilte a ghabhtar

Tá na sonraí seo a leanas le bailiú i ndáil le gach clib éisc, éin mara, mamaigh nó reiptíle a aisghabhtar má tá an t-orgánach marbh, le coinneáil, nó beo:

(a)

Ainm an bhreathnóra

(b)

Ainm an tsoithigh

(c)

Comhartha aitheantais an tsoithigh

(d)

Bratach an tsoithigh

(e)

Na clibeanna iad féin a bhailiú, a lipéadú (agus na mionsonraí go léir thíos a áireamh) agus a stóráil lena dtabhairt ar ais don ghníomhaireacht chlibeála ina dhiaidh sin.

(f)

An speiceas óna bhfuarthas an chlib

(g)

Dath agus cineál na clibe (spaigití, cartlannach)

(h)

Uimhreacha clibe (Tá uimhir na clibe le tabhairt i ndáil le gach clib ar leith nuair atá níos mó ná clib amháin i gceangal le haon iasc amháin. Murar taifeadadh ach clib amháin, beidh gá le ráiteas ina sonraítear cibé acu an raibh an chlib eile ar lár nó nach raibh) Má tá an t-orgánach beo agus le scaoileadh saor, tá faisnéis chlibe le bailiú i gcomhréir le prótacail samplála réamhchinntithe.

(i)

Dáta agus am na gabhála (AUL)

(j)

Suíomh na gabhála (Domhanleithead/Domhanfhad, go dtí an 1 nóiméad is gaire)

(k)

Fad/méid an ainmhí (cm nó mm), maille le tuairisc i dtaobh cén tomhas a tógadh (amhail fad iomlán, fad go gabhal an eireabaill, etc). Tá tomhais faid le bailiú de réir na gcritéar atá sainithe i Roinn E.

(l)

Inscne (B = baineann, F = fireann, N = neamhchinntithe, G = gan scrúdú)

(m)

An bhfuarthas na clibeanna i rith tréimhse iascaireachta a bhí á breathnú? (Fuarthas/Ní bhfuarthas)

(n)

Faisnéis faoi luaíocht (e.g. ainm agus seoladh ar mhaithe le luaíocht a sheoladh)

(Tuigtear go bhfuil cuid de na sonraí a thaifeadtar anseo le tabhairt freisin sna catagóirí faisnéise roimhe seo. Tá sé sin riachtanach mar go bhféadfadh sé go ndéanfar faisnéis faoi aisghabháil clibeanna a chur ar leithligh ó shonraí eile breathnóra.)

J.   Ordlathais maidir le bailiú sonraí breathnóra

1.   Á aithint go bhféadfadh sé nach mbeidh breathnóirí in ann na sonraí go léir a thuairiscítear sna caighdeáin seo a bhailiú ar gach turas, tá ordlathas tosaíochtaí le cur chun feidhme maidir le bailiú sonraí breathnóra. D'fhéadfadh sé go ndéanfar tosaíochtaí turas-sonracha nó clár-shonracha a fhorbairt maidir le cúraimí breathnóirí mar fhreagairt ar riachtanais shonracha clár taighde agus, sa chás sin, tá na breathnóirí chun déanamh de réir na dtosaíochtaí sin.

2.   Cheal tosaíochtaí turas-sonracha nó clár-shonracha, tá na breathnóirí chun déanamh de réir na dtosaíochtaí ginearálta seo a leanas:

(a)

Faisnéis faoi Oibríochtaí Iascaireachta

Faisnéis faoi gach soitheach agus faoi gach tarraingt/tacar/iarracht.

(b)

Gabhálacha a thuairisciú

(i)

Taifead a dhéanamh ar am, ar mheáchan na gabhála a sampláladh i gcomhthéacs mheáchan na gabhála nó na hiarrachta iomláine (e.g. an líon duán), agus ar an líon iomlán do gach speiceas ar leith a ghabhtar.

(ii)

Sainaithint agus comhaireamh i ndáil le héin mhara, mamaigh, reiptílí (turtair), speicis bheantacha íogaire agus speicis leochaileacha.

(iii)

Taifead a dhéanamh ar líonta nó ar mheáchain i ndáil le gach speiceas a choinnítear nó a aischuirtear.

(iv)

Taifead a dhéanamh ar fhoghail, más iomchuí

(c)

Sampláil Bhitheolaíoch

(i)

Seiceáil a dhéanamh maidir le clibeanna a bheith ann

(ii)

Sonraí faid-minicíochta do spriocspeicis

(iii)

Bunsonraí bitheolaíochta (inscne, aibíocht) do spriocspeicis

(iv)

Sonraí faid-minicíochta do phríomhspeicis seachghabhála

(v)

Otailití (agus samplaí goile, má bhailítear iad) do spriocspeicis

(vi)

Bunsonraí bitheolaíocha do speicis seachghabhála

(vii)

Samplaí bitheolaíocha na speiceas seachghabhála (má bhailítear iad)

(viii)

Grianghraif a thógáil

(d)

Maidir le tuairisciú gabhálacha agus maidir leis na nósanna imeachta i ndáil le sampláil bhitheolaíoch, tá na tosaíochtaí le leagan amach i measc grúpaí speiceas mar a leanas:

Speicis

Tosaíocht (1 an ceann is airde)

Spriocspeicis phríomhúla (amhail bolmán Sileach, d'iascaigh pheiligeacha, agus gainneachán flannbhuí d'iascaigh ghrinnill)

1

Éin mhara, mamaigh agus reiptílí (turtair) anó speicis eile is ábhar imní

2

Speicis eile a bhíonn sa 5 cinn is coitianta de ghnáth san iascach (amhail ronnach gorm d'iascaigh pheiligeacha, agus oreos agus alfainsín d'iascaigh ghrinnill)

3

Gach speiceas eile

4

Beidh leithroinnt na hiarrachta breathnóra i measc na ngníomhaíochtaí seo ag brath ar an gcineál oibríochta agus suímh. Tá méid foshamplaí i gcoibhneas le cainníochtaí gan breathnú (amhail an líon duán a scrúdaíodh i leith comhdhéanamh speiceas i gcoibhneas leis an líon duán a socraíodh) le taifeadadh go sainráite faoi threoir a gheofar ó chláir bhreathnóra na mBallstát.

K.   Sonraíochtaí códaithe atá le húsáid i ndáil le sonraí breathnóra

1.   Mura sonraítear a mhalairt i ndáil le cineálacha sonracha sonraí, tá sonraí breathnóra le soláthar i gcomhréir leis na sonraíochtaí céanna códaithe atá sonraithe sa roinn seo.

2.   Tá Am Uilíoch Lárnach (AUL) le húsáid chun amanna a thuairisciú.

3.   Tá céimeanna deachúla le húsáid chun suímh a thuairisciú.

4.   Is iad seo a leanas na scéimeanna códaithe atá le húsáid:

(a)

tá speicis le tuairisciú trí úsáid a bhaint as cóid speicis 3 litir FAO;

(b)

tá modhanna iascaireachta le tuairisciú trí úsáid a bhaint as cóid an Aicmithe Idirnáisiúnta Chaighdeánaigh Staidrimh ar Threalamh Iascaireachta (ISSCFG — 29 Iúil 1980);

(c)

tá cineálacha soithigh iascaireachta le tuairisciú trí úsáid a bhaint as cóid an Aicmithe Idirnáisiúnta Chaighdeánaigh Staidrimh ar Shoithí Iascaireachta (ISSCFV).

5.   Tá aonaid mhéadracha tomhais le húsáid, is é sin le rá go sonrach:

(a)

tá cileagraim le húsáid chun meáchan gabhála a thuairisciú;

(b)

tá méadair le húsáid chun airde, leithead, doimhneacht, bíoma nó fad a thuairisciú;

(c)

tá méadair chiúbacha le húsáid chun toirt a thuairisciú;

(d)

tá cileavataí le húsáid chun cumhacht innill a thuairisc

L.   Foirm tuairiscithe líne scanraithe éan

Image

Cur síos ginearálta ar Línte Scanraithe Éan:

Uimhir an Turais

Sonraíochtaí a bhaineann le línte scanraithe éan

Cód trealaimh a bhaineann le línte scanraithe éan

Fad idir na sraoilleáin (m)

An líon sraoilleán (e.g. 7 sa léaráid seo)

Fad an sraoilleáin íosta/uasta (m)

Sonraíochtaí a bhaineann le línte scanraithe éan (Tá an dearadh sa léaráid péireáilte)

Ábhar na línte scanraithe éan

Airde os cionn an uisce (m)

Fad an chrainn taca

Réad

Dath na sraoilleán

Ábhar an tsraoilleáin

Fad chlúdaigh ón aer na línte scanraithe éan (m)

Nótaí breise:

CÓID LÍNE SCANRAITHE ÉAN/LIOSTA ROGHANNA:

Suíomh

Dearadh

Réad Tarraingthe

Ábhar

Dath

Taobh an chlébhoird

Singil

F

=

Tonnadóir inbhéartaithe/cón plaisteach

T

=

Feadánra plaisteach

P

=

Bándearg

Taobh an deasbhoird

Péireáilte

L

=

Fad líne tibhe

S

=

Stropaí plaisteacha

R

=

Dearg

Cúl

 

K

=

Snaidhm nó lúb líne tibhe

O

=

Eile

C

=

Dath cairéid (Flannbhuí)

 

 

B

=

Baoi

 

Y

=

Buí

 

 

N

=

Baoi faoi eangach

 

G

=

Glas

 

 

S

=

Sac nó mála

 

B

=

Gorm

 

 

W

=

Meáchan

 

W

=

Donn

 

 

Z

=

Gan réad tarraingthe

 

F

=

Dath tréigthe (aon dath)

 

 

O

=

Eile

 

O

=

Eile


Achoimre ar Luachanna Ionchurtha

Suíomh na línte scanraithe éan

Fad sraoilleáin (uasta)

Fad an chuirtín

Dath na sraoilleán

Fad an chlúdaigh ón aer

Ábhar na sraoilleán

Airde cheangailte os cionn an uisce

An líon sraoilleán

Ábhar línte scanraithe éan

Réad Tarraingthe

Dearadh na línte scanraithe éan

Nótaí breise

M.   Foirm ualaithe sheachtraigh

Image

Foirm maidir le hUalú Spiléir

Líne Shingil nó Dhúbailte

Nótaí breise:

Meánleithead na snámhán (m)

Fad idir snámháin faoi bhun an dromchla agus an phríomhlíne

Líon na nduán idir snámháin ar uisce & ancaire

Fad

idir líne agus meáchan

Meánmhais na meáchan (kg)

Líon na nduán idir snámháin faoi bhun an dromchla

Líon na nduán idir na meáchain

Achoimre ar Luachanna Ionchurtha

Líne Shingil nó Dhúbailte?

Líon na nduán idir snámháin ar uisce agus ancaire

Meánmhais na meáchan

Líon na nduán idir na snámháin faoi bhun an dromchla

Fad idir na snámháin faoi bhun an dromchla agus an phríomhlíne

Líon na nduán idir na meáchain

Fad idir líne agus meáchan

Nótaí breise

N.   Foirm tuairiscithe scéithe éin

Image

Sciath éan — Radharc ón mBarr Anuas

Taobh-Bhíoma

Cuirtín ceangail idir Taobh-bhíoma agus Bíoma Deiridh?

CLÉBH

DEASBORD

Fad an Bhíoma

An líon sraoilleán

Airde os cionn an uisce

Dath na sraoilleán

Ábhar na sraoilleán

Taobh-Bhíoma

Achar ón gcúl

CÚL

Bíoma Deiridh

Bíoma Deiridh

Cuirtín ceangail idir Bíomaí Deiridh?

Fad an Bhíoma

An líon sraoilleán

Fad an chuirtín

Airde os cionn an uisce

An líon sraoilleán

Dath na sraoilleán

Fad an chuirtín

Airde os cionn an uisce

Ábhar na sraoilleán

An líon sraoilleán

Dath na sraoilleán

Airde os cionn an uisce

Ábhar na sraoilleán

Dath na sraoilleán

Ábhar na sraoilleán

Achoimre ar Luachanna Ionchurtha

Achar ón gcúl

 

Taobh-Bhíoma

Bíoma Deiridh

Fad an Bhíoma

Fad an Bhíoma

An líon sraoilleán

An líon sraoilleán

Meánachar idir sraoilleáin

Meánachar idir sraoilleáin

Airde os cionn an uisce

Airde os cionn an uisce

Dath na sraoilleán

Dath na sraoilleán

Ábhar na sraoilleán

Ábhar na sraoilleán

Taobh-Chuirtín Deiridh

Cuirtín Deiridh

Fad an chuirtín

Fad an chuirtín

An líon sraoilleán

An líon sraoilleán

Meánachar idir sraoilleáin

Meánachar idir sraoilleáin

Airde os cionn an uisce

Airde os cionn an uisce

Dath na sraoilleán

Dath na sraoilleán

Ábhar na sraoilleán

Ábhar na sraoilleán

O.   Caighdeán do shonraí breathnóra a bhailítear le linn tabhairt i dtír nó nuair atá soitheach i gcalafort

Maidir le soithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain acu, agus a bhfuil speicis neamhphróiseáilte bhainistithe SPRFMO á dtabhairt i dtír acu (i.e. iasc iomlán gan aon chuid den iasc a bheith bainte de), agus i gcás ina ndéantar breathnóireacht ar an tabhairt i dtír sin, féadfaidh na Ballstáit an fhaisnéis seo a leanas a bhailiú agus a sholáthar:

1.

Na sonraí soithigh seo a leanas i ndáil le gach tabhairt i dtír ar leith a ndearnadh breathnóireacht air:

(a)

Bratach reatha an tsoithigh

(b)

Ainm an tsoithigh

(c)

Uimhir chlárúcháin soithigh iascaireachta

(d)

IRCS (más ann dó)

(e)

Uimhir Lloyd's/IMO (má tá ceann sannta dó)

(f)

An cineál soithigh (bain úsáid as cóid ISSCFV iomchuí)

(g)

An cineál modha iascaireachta nó an cineál modhanna iascaireachta (bain úsáid as cóid ISSCFG iomchuí)

2.

Na sonraí breathnóra seo a leanas i ndáil le gach tabhairt i dtír ar leith a ndearnadh breathnóireacht air:

(a)

Ainm an bhreathnóra

(b)

Eagraíocht an bhreathnóra

(c)

An tír inar tugadh i dtír (cóid chaighdeánacha tíre 3-alpha ISO)

(d)

Calafort/Pointe tabhairt i dtír

3.

Na sonraí seo a leanas i ndáil le gach tabhairt i dtír ar leith a ndearnadh breathnóireacht air:

(a)

Dáta agus am an tabhairt i dtír (formáid AUL)

(b)

An chéad lá den turas — a mhéid is indéanta

(c)

An lá deireanach den turas — a mhéid is indéanta

(d)

Limistéar táscach iascaireachta (Domhanleithead/Domhanfhad deachúil, taifeach 1 nóiméad — a mhéid is indéanta)

(e)

Príomh-spriocspeicis (cód speicis FAO)

(f)

Riocht inar tugadh i dtír de réir speicis (cód speicis FAO)

(g)

Meáchan a tugadh i dtír (beo) de réir speicis (cileagram) don tabhairt i dtír a bhfuil breathnóireacht á déanamh air

De bhreis air sin, le bailiú sonraí Faid-Minicíochta, sonraí Bitheolaíocha agus/nó sonraí aisghabhála Clibeanna, táthar chun déanamh de réir na gcaighdeán a thuairiscítear i Roinn E, Roinn F agus Roinn I faoi seach den Iarscríbhinn seo i ndáil leis na speicis sin a ndéantar breathnóireacht orthu le linn tabhairt i dtír nó nuair atá soitheach i gcalafort.

Ní mheastar go bhfuil Ranna G (Gabháil theagmhasach) agus H (VMEnna) ábhartha maidir le tabhairt i dtír a ndéantar breathnóireacht air. Táthar fós chun déanamh de réir na gcaighdeán a thuairiscítear i Ranna I (aisghabháil Clibeanna), J (Ordlathais) agus K (Sonraíochtaí códaithe) a chomhlíonadh, i gcás inarb infheidhme, áfach.


IARSCRÍBHINN XI

Iarraidh maidir le teacht isteach i gcalafort

Aitheantas soithigh:

Ainm an tsoithigh

Bratach an tsoithigh

Uimhir IMO

Comhartha aitheantais raidió

Aitheantas seachtrach

 

 

 

 

 

Mionsonraí faoi theacht isteach i gcalafort:

An calafort ag a bhfuil sé beartaithe teacht isteach (1)

Stát an chalafoirt

Cuspóir (2) le teacht isteach

An dáta a meastar go mbainfear an ceann scríbe amach

An t-am a meastar go mbainfear an ceann scríbe amach

An dáta reatha

 

 

 

 

 

 

Speicis bhainistithe SPRFMO a coinníodh ar bord:

Speicis

Ceantar gabhála FAO

Riocht an táirge

Líon iomlán cileagram a coinníodh ar bord

Méid atá le trasloingsiú/tabhairt i dtír

Faighteoir an mhéid a trasloingíodh/a tugadh i dtír

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Más rud é nach bhfuil aon speicis nó táirgí éisc SPRFMO de thionscnamh na speiceas sin á gcoinneáil ar bord, cuir isteach “nialas”.

Mionsonraí faoin údarú ábhartha iascaireachta:

Aitheantóir

Arna eisiúint ag

Bailíocht

Limistéar (limistéir) iascaireachta

Speicis

Trealamh (3)

 

 

 

 

 

 

An bhfuil cóip de liosta daoine den chriú i gceangal leis seo? TÁ/NÍL


(1)  Ba cheart gur calafort ainmnithe é mar a liostaítear ar chlár calafort SPRFMO.

(2)  eg. tabhairt i dtír, trasloingsiú, athbhreoslú.

(3)  Má tá an t-údarú teoranta do thrasloingsiú, cuir isteach “trasloingsiú” mar threalamh.


IARSCRÍBHINN XII

Torthaí achoimre maidir le cigireacht chalafoirt

Mionsonraí faoin gcigireacht:

Uimhir na tuarascála cigireachta

 

Ainm an Phríomhchigire

 

Stát an chalafoirt

 

Údarás cigireachta

 

Calafort cigireachta

 

Cuspóir le Teacht Isteach

 

Dáta tosaithe na cigireachta

 

Am tosaithe na cigireachta

 

Dáta críochnaithe na cigireachta

 

Am críochnaithe na cigireachta

 

An bhfuarthas réamhfhógra?

 

An bhfuil mionsonraí an réamhfhógra i gcomhréir leis an gcigireacht?

 

Mionsonraí faoin soitheach:

Ainm an tsoithigh

 

Bratach an tsoithigh

 

An cineál soithigh

 

IRCS

 

Aitheantas seachtrach

 

Uimhir IMO

 

Úinéir an tsoithigh

 

Oibreoir an tsoithigh

 

Máistir an tsoithigh

(agus náisiúntacht)

 

Gníomhaire an tsoithigh

 

VMS i láthair?

 

An cineál VMS

 

Údaraithe ábhartha iascaireachta:

Aitheantóir údaraithe

 

Arna eisiúint ag

 

Bailíocht

 

Ceantair iascaireachta

 

Speicis

 

Trealamh (1)

 

An bhfuil an soitheach i dtaifead SPRFMO soithí?

 

Údaraithe faoi láthair?

 

Speicis bhainistithe SPRFMO a díluchtaíodh (le linn a bheith sa chalafort seo amháin):

Speicis

Ceantar gabhála FAO

Riocht an táirge

Cainníocht dhearbhaithe a díluchtaíodh

Cainníocht a díluchtaíodh

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Speicis bhainistithe SPRFMO a coinníodh ar bord:

Speicis

Ceantar gabhála FAO

Riocht an táirge

Cainníocht dhearbhaithe a coinníodh ar bord

Cainníocht a coinníodh ar bord

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Speicis bhainistithe SPRFMO a glacadh ó thrasloingsiú (le linn a bheith sa chalafort seo amháin):

Speicis

Ceantar gabhála FAO

Riocht an táirge

Cainníocht dhearbhaithe a glacadh

Cainníocht a glacadh

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Scrúduithe agus fionnachtana:

Roinn

Tuairimí

Scrúdú logleabhar agus doiciméad eile

An cineál trealaimh ar bord

Fionnachtana ag cigirí

Sáruithe dealraitheacha (cuir san áireamh tagairt d'ionstraimí dlíthiúla ábhartha)

Tuairimí mháistir an tsoithigh

Bearta a rinneadh

Síniú mháistir an tsoithigh

Síniú an Chigire


(1)  Má tá an t-údarú teoranta do thrasloingsiú, cuir isteach “trasloingsiú” mar threalamh.


IARSCRÍBHINN XIII

Liosta na “speiceas eile is ábhar imní”

Ainm eolaíoch

Ainm Gaeilge

Cód 3-alfa

Carcharhinus longimanus

Siorc bán aigéanach

OCS

Carcharodon carcharias

Siorc bán mór

WSH

Cetorhinus maximus

Liamhán gréine

BSK

Lamna nasus

Craosaire

POR

Manta spp.

Roc na caille

MNT

Mobula spp.

Diabhalroc

RMV

Rhincodon typus

Míolsiorc

RHN


16.7.2018   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

76


RIALACHÁN (AE) 2018/976 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 4 Iúil 2018

lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/1139 a mhéid a bhaineann le raonta básmhaireachta iascaireachta agus leibhéil choimirce le haghaidh stoic scadáin áirithe i Muir Bhailt

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Bunaítear le Rialachán (AE) 2016/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) plean ilbhliantúil do na stoic troisc, scadáin agus saláin i Muir Bhailt (“an plean”). Is é is cuspóir don phlean rannchuidiú le cuspóirí an chomhbheartais iascaigh a bhaint amach agus, go háirithe, a áirithiú go ndéanfaidh saothrú bheo-acmhainní bitheolaíocha na mara líon na speiceas saothraithe a athbhunú agus a chothabháil os cionn leibhéil is féidir uastáirgeacht inbhuanaithe (UTI) a tháirgeadh.

(2)

Leagtar amach in Airteagal 1 de Rialachán (AE) 2016/1139 na stoic éisc i Muir Bhailt lena mbaineann, lena n-áirítear an stoc scadáin i Muir na Boitnia agus an stoc scadán i mBá na Boitnia. Chun acmhainn iomlán síolraithe na stoc sin a chosaint, bunaítear in Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin pointí tagartha caomhnaithe áirithe, lena n-áirítear raonta básmhaireachta iascaireachta agus pointí tagartha do bhithmhais stoic sceite.

(3)

Léiríodh sa mheastóireacht eolaíoch a rinne an Chomhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES) in 2017 ar an stoc scadáin i Muir na Boitnia agus ar an stoc scadáin i mBá na Boitnia go bhfuil an dá stoc sin cosúil le chéile. Dá bharr sin, rinne ICES stoc amháin den dá stoc, d'athraigh siad teorainneacha a limistéir gheografaigh dáileacháin agus rinne siad meastachán in athuair ar UTI na raonta básmhaireachta iascaireachta agus ar na pointí tagartha caomhnaithe ábhartha chomh maith. Ba é an toradh a bhí air sin sainmhíniú ar an stoc agus ar na luachanna uimhriúla a bhí éagsúil ón sainmhíniú agus ó na luachanna a bhunaítear in Airteagal 1 de Rialachán (AE) Uimh. 2016/1139 agus in Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II a ghabhann leis.

(4)

Foráiltear le hAirteagal 5(6) de Rialachán (AE) 2016/1139, i gcás, ar bhonn comhairle eolaíoch, ina measann an Coimisiún nach léiríonn na pointí tagartha caomhnaithe a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin cuspóirí an phlean i gceart a thuilleadh, go bhféadfar na pointí sin, mar ábhar práinne, a thíolacadh le hathbhreithniú chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

(5)

Is iomchuí pointí (e) agus (f) d'Airteagal 1(1) de Rialachán (AE) Uimh. 2016/1139 agus Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II a ghabhann leis a leasú go práinneach chun a áirithiú go socrófar na deiseanna iascaireachta do na stoic ábhartha i gcomhréir leis na pointí tagartha caomhnaithe atá tugtha cothrom le dáta.

(6)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2016/1139 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 2016/1139

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2016/1139 mar a leanas:

(1)

Leasaítear Airteagal 1(1) mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

“(e)

scadáin (Clupea harengus) i bhforanna 30-31 de ICES (scadán Mhurascaill na Boitnia);”;

(b)

scriostar pointe (f).

(2)

In Iarscríbhinn I, cuirtear an iontráil seo a leanas in ionad na n-iontrálacha a bhaineann le stoc scadáin Mhuir na Boitnia agus le stoc scadáin Bhá na Boitnia:

“Scadán Mhurascaill na Boitnia

0,15-0,21

0,21-0,21”

(3)

In Iarscríbhinn II, cuirtear an iontráil seo a leanas in ionad na n-iontrálacha a bhaineann le stoc scadáin Mhuir na Boitnia agus le stoc scadáin Bhá na Boitnia:

“Scadán Mhurascaill na Boitnia

283 180

202 272 ”

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 4 Iúil 2018.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

K. EDTSTADLER


(1)  Tuairim an 14 Feabhra 2018 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 29 Bealtaine 2018 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 18 Meitheamh 2018.

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 2016/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 lena mbunaítear plean ilbhliantúil do na stoic troisc, scadáin agus saláin i Muir Bhailt agus don iascach a shaothraíonn na stoic sin, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1098/2007 ón gComhairle (IO L 191, 15.7.2016, lch. 1).