ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

Eagrán Speisialta ( *1)

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

61
9 Iúil 2018


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) 2018/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Meitheamh 2018 maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí CO2 ó fheithiclí nua tromshaothair agus ar ídiú breosla na bhfeithiclí sin ( 1)

1

 

 

TREORACHA

 

*

Treoir (AE) 2018/957 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Meitheamh 2018 lena leasaítear Treoir 96/71/CE maidir le hoibrithe a phostú faoi chuimsiú seirbhísí a sholáthar ( 1)

16

 

*

Treoir (AE) 2018/958 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Meitheamh 2018 maidir le tástáil chomhréireachta a dhéanamh sula nglacfar rialáil nua gairmeacha

25

 

 

Ceartúcháin

 

*

Ceartúchán ar Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais ( IO L 269, 10.10.2013 )

35

 


 

(*1)   Faoin tagairt L 173 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE

GA


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

9.7.2018   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) 2018/956 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 28 Meitheamh 2018

maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí CO2 ó fheithiclí nua tromshaothair agus ar ídiú breosla na bhfeithiclí sin

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Formhuiníodh sprioc ceangailteach de laghdú intíre 40 %, ar a laghad, ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ar fud an gheilleagair faoi 2030 i gcomparáid le 1990 sna conclúidí ón gComhairle Eorpach an 23-24 Deireadh Fómhair 2014 maidir le creat beartais 2030 don aeráid agus don fhuinneamh, agus rinneadh an sprioc sin a athdhearbhú ag cruinniú na Comhairle Eorpaí an 17-18 Márta 2016.

(2)

Rinneadh foráil i gconclúidí na Comhairle Eorpaí an 23-24 Deireadh Fómhair 2014 nach mór don Aontas ina iomláine an sprioc sin a bhaint amach ar an mbealach is costéifeachtaí is féidir, agus laghduithe 43 % sa chóras trádála astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas (“CTA AE”) agus laghduithe 30 % sna hearnálacha nach earnálacha CTA iad a bhaint amach faoi seach faoi 2030 i gcomparáid le 2005. I gComhaontú Pháras (3), inter alia, leagtar amach sprioc fhadtéarmach a thagann leis an gcuspóir an méadú ar an meánteocht dhomhanda a choimeád go mór faoi bhun 2 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus leanúint de na hiarrachtaí é a choimeád faoi bhun 1.5 °C. Tá sé riachtanach go mbeadh gach Ballstát rannpháirteach sna hiarrachtaí sin, agus do gach earnáil den gheilleagar, lena n-áirítear earnáil an iompair, rannchuidiú chun na laghduithe sin ar astaíochtaí a chomhaontaigh an Chomhairle Eorpach a bhaint amach agus chun na spriocanna fadtéarmacha atá i gComhaontú Pháras a chomhlíonadh.

(3)

Leagtar síos mar uaillmhian ag Straitéis Eorpach 2016 an Choimisiúin maidir le soghluaisteacht íseal-astaíochtaí, go gcaithfidh laghdú 60 % ar a laghad teacht ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ón earnáil iompair faoi lár an chéid i gcomparáid le 1990 agus gur gá go ndéanfaí dícheall ag iarraidh an sprioc astaíochtaí nialasacha a bhaint amach.

(4)

Chun an sprioc sin a bhaint amach, is iomchuí réimse éagsúil beart a mheas. Anuas ar chaighdeáin astaíochta CO2 a leagan síos d’fheithiclí tromshaothair, eadhon leoraithe, busanna agus cóistí, d’fhéadfaí gníomhaíochtaí eile a áireamh ar na bearta sin a chuideodh le feabhas a chur ar éifeachtúlacht feithiclí tromshaothair agus leis na hastaíochtaí CO2 uathu a laghdú, gníomhaíochtaí amhail barrfheabhsú ualaigh, dlúthghrúpáil, tiománaithe a chur faoi oiliúint, úsáid a bhaint as breoslaí ailtéarnacha, scéimeanna athchóirithe flít, boinn íosfhriotaíocht rollta, plódú a laghdú agus infheistíochtaí i gcothabháil an bhonneagair.

(5)

Faoi láthair is ionann na hastaíochtaí gás ceaptha teasa ó fheithiclí tromshaothair, agus thart ar aon cheathrú de na hastaíochtaí ó iompar de bhóthar san Aontas agus, mura ndéanfar bearta breise, meastar go dtiocfaidh méadú 10 % air sin idir 2010 agus 2030 agus méadú 17 % idir 2010 agus 2050. Is gá bearta éifeachtacha a thabhairt isteach chun astaíochtaí ó fheithiclí tromshaothair a shrianadh chun cuidiú a thabhairt na laghduithe is gá ar astaíochtaí san earnáil iompair a bhaint amach.

(6)

I dteachtaireacht uaidh in 2014 maidir le Straitéis chun ídiú breosla agus astaíochtaí CO2 Feithiclí Tromshaothair a laghdú, d’aithin an Coimisiún gur réamhriachtanas é i gcás bearta den chineál sin a thabhairt isteach, nós imeachta rialáilte chun astaíochtaí CO2 agus ídiú breosla a chinneadh.

(7)

Is le Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) a chuirtear an creat chun nós imeachta rialáilte den chineál sin a bhunú ar fáil. Leis na tomhais a dhéantar i gcomhréir leis an nós imeachta sin, soláthrófar sonraí stóinseacha inchomparáide maidir le hastaíochtaí CO2 agus ídiú breosla do gach feithicil tromshaothair i ndáil le cuid shuntasach den fhlít feithiclí tromshaothair san Aontas. Beidh teacht ag ceannaitheoir feithicle tromshaothair ar leithligh agus ag an mBallstát clárúcháin ábhartha ar an bhfaisnéis sin, agus dúnfaidh sé seo cuid den bhearna faisnéise.

(8)

Is fiontair bheaga agus mheánmhéide iad formhór na gcuideachtaí iompair. Ina theannta sin, níl rochtain acu fós ar fhaisnéis chaighdeánaithe chun meastóireacht a dhéanamh ar theicneolaíochtaí um éifeactúlacht breosla nó chun comparáid a dhéanamh idir feithiclí tromshaothair d’fhonn na cinntí ceannaigh is eolasaí a dhéanamh, agus a gcuid billí breosla á laghdú dá réir sin acu, rud ar fiú breis agus an ceathrú cuid dá gcostais oibriúcháin.

(9)

Ba cheart fáil a bheith go poiblí ar fhaisnéis ar fheidhmíocht feithicle tromshaothair maidir le hastaíochtaí CO2 agus ídiú breosla chun cabhrú le gach oibreoir feithicle cinntí eolasacha ceannaigh a dhéanamh agus chun ardleibhéal trédhearcachta a áirithiú. Beidh gach monaróir feithiclí tromshaothair in ann comparáid a dhéanamh idir feidhmíocht a bhfeithiclí agus feidhmíocht feithiclí de dhéantúis eile. Méadófar leis sin na dreasachtaí chun nuálaíochta agus spreagfar forbairt feithiclí tromshaothair a bheidh níos tíosaí ar fhuinneamh agus dá réir sin méadófar an iomaíocht. Beidh an fhaisnéis sin ina bonn fónta do lucht ceaptha beartas ar leibhéal an Aontais agus na mBallstát chun beartais a fhorbairt agus chun feithiclí tromshaothair atá níos tíosaí ar fhuinneamh a chur chun cinn.

(10)

Chun teacht ar fhaisnéis iomlán maidir le cumraíocht fhlít na bhfeithiclí tromshaothair san Aontas, an fhorbairt a thiocfaidh uirthi le himeacht ama agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige sin ar astaíochtaí CO2, is iomchuí go ndéanfadh údaráis inniúla na mBallstát faireachán agus tuairisciú don Choimisiún ar shonraí ar chlárúchán gach feithicle nua tromshaothair agus gach leantóra nua, lena n-áirítear sonraí ar ghléasraí cumhachta chomh maith leis an gcabhail ábhartha.

(11)

Is iomchuí, dá réir sin, go ndéanfaidh monaróirí feithiclí tromshaothair faireachán ar na luachanna astaíochtaí CO2 agus ídiú breosla a chinntear do gach feithicil tromshaothair de bhun Rialachán (AE) 2017/2400 ón gCoimisiún (5) agus go ndéanfaidh siad iad a thuairisciú don Choimisiún.

(12)

Beidh infhaighteacht na sonraí maidir le hastaíochtaí CO2 agus ídiú breosla i gcás na gcatagóirí éagsúla feithicle tromshaothair ag brath ar cén uair a chumhdófar na catagóirí le Rialachán (AE) 2017/2400. D’fhonn soiléireacht agus deimhneacht dhlíthiúil a thabhairt maidir leis na hoibleagáidí faireacháin agus tuairiscithe atá ar mhonaróirí, ba cheart go leagfaí amach leis an Rialachán seo na túsbhlianta le haghaidh faireachán agus tuairisciú ar gach catagóir feithicle tromshaothair a thagann faoina raon feidhme. De bhun Rialachán (AE) 2017/2400 beidh fáil ar shonraí le haghaidh feithiclí áirithe nua tromshaothair arna gclárú in 2019. Ón mbliain sin amach ba cheart é a bheith de cheangal ar mhonaróirí faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar na sonraí teicniúla maidir leis na feithiclí sin. Maidir le catagóirí agus grúpaí eile feithicle tromshaothair, ní bheidh na sonraí ar fáil ach ó dháta níos déanaí. Ba cheart tréimhse réasúnach amach a leagan síos chun na túsbhlianta a chinneadh maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar shonraí na gcatagóirí agus grúpaí feithicle sin. Ós rud é go mbaineann castacht theicniúil le forbairt nósanna imeachta chun astaíochtaí CO2 agus ídiú breosla na gcatagóirí agus grúpaí feithicle tromshaothair atá fágtha a chinneadh, ba cheart tréimhse ama 7 mbliana a leagan síos ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(13)

Is ar leas an phobail atá sé go ndéanfaí sonraí teicniúla atá fíor-riachtanach chun astaíochtaí CO2 agus feidhmíocht ídithe breosla feithicle tromshaothair a chinneadh a scaipeadh go gníomhach ar an bpobal chun trédhearcacht shonraíochtaí na feithicle tromshaothair a mhéadú chomh maith le feidhmíocht ghaolmhar na feithicle, agus chun iomaíocht a chothú i measc monaróirí. Níor cheart sonraí atá íogair ar chúinsí a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta agus iomaíocht chóir a fhoilsiú. Ba cheart sonraí áirithe a bhaineann le feidhmíocht aeraidinimiciúil feithiclí tromshaothair a chur ar fáil don phobal i bhformáid raoin d’fhonn breithnithe i dtaca leis an iomaíocht chóir a chur san áireamh. Ba cheart na sonraí arna dtuairisciú a chur ar fáil don phobal ar bhealach atá inrochtana go héasca agus saor in aisce. Ni dochar an Rialachán seo do na cearta breise maidir le rochtain phoiblí ar fhaisnéis ar an gcomhshaol, inter alia, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6).

(14)

Tá sé tábhachtach go mbeadh an córas faireacháin agus tuairiscithe soláimhsithe do gach oibreoir iompair beag beann ar a mhéid ná ar a acmhainní. Ar an gcuma chéanna, tá sé tábhachtach go ndéanfadh an Coimisiún córas den chineál sin a chur chun cinn go gníomhach chun a áirithiú go mbeidh tionchar bríoch aige ar an earnáil agus chun feasacht a mhúscailt maidir le hinfhaighteacht na sonraí arna dtuairisciú.

(15)

Maidir leis an anailís ón gCoimisiún ar na sonraí arna dtarchur ag na Ballstáit agus ag monaróirí don bhliain féilire roimhe sin, ba cheart í a chur i láthair an phobail ar bhealach ina léireofaí feidhmíocht fhlít fheithiclí tromshaothair an Aontais, agus feidhmíocht gach Ballstáit agus gach monaróra. Ba cheart go gceadófaí léi comparáideacht laistigh de na flíteanna agus idir na flíteanna maidir le meánídiú breosla agus meánastaíochtaí CO2 do gach grúpa feithicle tromshaothair de réir próifíle misin.

(16)

Tá sé fíor-riachtanach go dtabharfaidh na luachanna astaíochtaí CO2 agus ídithe breosla a chinntear de bhun Rialachán (AE) 2017/2400 léiriú cruinn ar fheidhmíocht na bhfeithiclí tromshaothair. Leis an Rialachán sin, dá bhrí sin, leagtar amach forálacha maidir le comhréireacht a fhíorú agus a áirithiú a mhéid a bhaineann le hoibríocht na huirlise ionsamhlúcháin agus a bhaineann le hastaíochtaí CO2, chomh maith le hairíonna de na comhpháirteanna ábhartha a bhaineann le hídiú breosla, agus le haonaid agus córais theicniúla ar leithligh. Ba cheart tástáil ar bhóthar a bheith san áireamh sa nós imeachta fíoraithe sin. Leis an gcreat nua cineálcheadaithe mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) cuirtear an modh ar ar fáil chun a áirithiú go ndéanfadh an monaróir bearta ceartaitheacha i gcás diallta agus, i gcás neamhchomhlíonta, go mbeadh an Coimisiún in ann fineálacha riaracháin a fhorchur. Aithníonn an creat nua sin freisin a thábhachtaí atá sé an cead a thabhairt do thríú páirtithe tástáil neamhspleách ar a dhéanamh ar fheithiclí agus rochtain a bheith acu ar na sonraí is gá. Ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar thorthaí thástálacha fíoraithe den chineál sin agus ba cheart dó anailís ar na torthaí a chur ina thuarascáil bhliantúil.

(17)

Tá sé tábhachtach a áirithiú go mbíonn na sonraí a ndéantar faireachán agus tuairisciú orthu stóinseach agus iontaofa. Dá bhrí sin, ba cheart modhanna a bheith ag an gCoimisiún le fíorú agus, más gá, leasú, a dhéanamh ar na sonraí deiridh. Ba cheart foráil a dhéanamh leis na riachtanais faireacháin, dá bhrí sin, maidir le paraiméadair lena lamhálfar na sonraí a rianú agus a fhíorú go leordhóthanach.

(18)

Ba cheart an deis a bheith ag an gCoimisiún fíneáil riaracháin a ghearradh i gcás ina measann sé go ndiallann na sonraí arna dtuairisciú ag an monaróir ó na sonraí arna dtaifeadadh i gcreat Rialachán (AE) Uimh. 595/2009 agus go háirithe i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 585/2011 ón gCoimisiún (8) agus Rialachán (AE) 2017/2400 nó i gcás ina mainníonn an monaróir na sonraí riachtanacha a chur ar fáil faoin spriocdháta is infheidhme. Ba cheart na fíneálacha sin a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

(19)

Ar bhonn na taithí a fuarthas ó bheith ag déanamh faireachán agus tuairisciú ar shonraí maidir le hastaíochtaí CO2 de bhun Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) maidir le gluaisteáin nua paisinéirí agus Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) maidir le feithiclí nua tráchtála éadroma, is iomchuí a thabhairt don Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil an fhreagracht maidir le malartú sonraí den sórt sin le húdaráis inniúla na mBallstát agus na monaróirí, agus an fhreagracht an bunachar sonraí deiridh a bhainistiú thar ceann an Choimisiúin. Is iomchuí freisin na nósanna imeachta faireacháin agus tuairiscithe maidir le feithiclí tromshaothair a thabhairt i gcomhréir a mhéid is féidir leis na nósanna imeachta atá i bhfeidhm cheana d’fheithiclí saothair éadroma.

(20)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme fhorálacha an Rialacháin seo maidir leis na sonraí a ndearnadh faireachán orthu a fhíorú agus a cheartú, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11).

(21)

Chun a áirithiú go bhfanann na riachtanais sonraí agus an nós imeachta faireacháin agus tuairiscithe de bheith ábhartha le himeacht ama maidir le measúnú a dhéanamh ar astaíochtaí CO2 flít feithiclí tromshaothair, chun a áirithiú go mbeidh fáil ar shonraí maidir le teicneolaíochtaí nua agus ardteicneolaíochtaí chun CO2 a laghdú, agus maidir leis na torthaí ar thástálacha fíoraithe ar bhóthar agus chun a áirithiú go mbeidh luachanna cúltarraingthe aeir ábhartha i gcónaí chun críocha faisnéise agus comparáideachta, agus chun na forálacha maidir le fíneálacha riaracháin a fhorlíonadh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 ar an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis: na túsbhlianta a thabhairt i gcrích maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar na catagóirí feithiclí tromshaothair a chumhdaítear, na ceanglais sonraí a leasú agus an nós imeachta faireacháin agus tuairiscithe a leagtar síos sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú, na sonraí a bheidh le tuairisciú ag na Ballstáit le faireachán a dhéanamh ar thorthaí na dtástálacha fíoraithe ar bhóthar a shonrú, agus na luachanna cúltarraingthe aeir a leasú, agus na critéir, an ríomh agus modh bailithe na bhfíneálacha riaracháin arna ngearradh ar mhonaróirí a shainiú. Tá sé ríthábhachtach go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (12). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus tá rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(22)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, mar atá faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí CO2 agus ídiú breosla feithiclí nua tromshaothair san Aontas, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí an Rialacháin seo, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Leagtar síos leis an Rialachán seo na riachtanais maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí CO2 agus ídiú breosla feithiclí nua tromshaothair arna gclárú san Aontas.

Airteagal 2

Raon feidhme

Tá feidhm leis an Rialachán seo maidir le faireachán agus tuairisciú ag na Ballstáit agus ag monaróirí feithiclí tromshaothair ar shonraí maidir le feithiclí nua tromshaothair.

Tá feidhm leis maidir leis na catagóirí feithiclí seo a leanas:

(a)

feithiclí sna catagóirí M1, M2, N1 and N2 ar mó a mais tagartha ná 2 610 kg nach dtagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), agus gach feithicil i gcatagóirí M3 and N3;

(b)

feithiclí i gcatagóirí O3 agus O4.

Chun críocha an Rialacháin seo tagraítear do na feithiclí sin mar fheithiclí tromshaothair.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm leis na sainmhínithe a leagtar amach i dTreoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) agus i Rialachán (CE) Uimh. 595/2009.

Airteagal 4

Faireachán agus tuairisciú ag na Ballstáit

1.   Ón 1 Eanáir 2019 amach, agus i gcás gach bliain féilire ina dhiaidh sin, déanfaidh na Ballstáit faireachán ar na sonraí a shonraítear i gCuid A d’Iarscríbhinn I maidir le feithiclí tromshaothair nua a chláraítear den chéad uair san Aontas.

Faoin 28 Feabhra gach bliain, ó 2020 amach, déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát na sonraí sin a thuairisciú don Choimisiún i gcomhréir leis an nós imeachta tuairiscithe a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

Ní dhéanfar faireachán agus tuairisciú ar shonraí maidir le feithiclí nua tromshaothair a cláraíodh roimhe lasmuigh den Aontas, ach amháin i gcás ina ndearnadh an clárú sin tráth is lú ná 3 mhí roimh an gclárú san Aontas.

2.   Is iad na húdaráis inniúla a bheidh freagrach as faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar shonraí i gcomhréir leis an Rialachán seo na húdaráis inniúla sin arna n-ainmniú ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 8(7) de Rialachán (CE) Uimh. 443/2009.

Airteagal 5

Faireachán agus tuairisciú ag monaróirí

1.   Ó na túsbhlianta a leagtar amach i bpointe 1 de Chuid B d’Iarscríbhinn I amach, déanfaidh monaróirí feithiclí tromshaothair faireachán, ar bhonn bliain féilire, ar na sonraí a shonraítear i bpointe 2 de Chuid B d’Iarscríbhinn I, i gcás gach feithicil nua tromshaothair.

Faoin 28 Feabhra gach bliain, ó na túsbhlianta a leagtar amach i bpointe 1 de Chuid B d’Iarscríbhinn I amach, déanfaidh monaróirí feithiclí tromshaothair na sonraí sin a thuairisciú, i gcás gach feithicle nua tromshaothair le dáta ionsamhlúcháin sa bhliain féilire roimhe sin, don Choimisiún i gcomhréir leis an nós imeachta tuairiscithe a leagtha amach in Iarscríbhinn II.

Is ionann an dáta ionsamhlúcháin agus an dáta a thuairiscítear i gcomhréir le hiontráil sonraí 71 i bpointe 2 de Chuid B d’Iarscríbhinn I.

2.   Ceapfaidh gach monaróir pointe teagmhála chun críche sonraí a thuairisciú i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Airteagal 6

Clár Lárnach do shonraí maidir le feithiclí tromshaothair

1.   Coimeádfaidh an Coimisiún Clár Lárnach do na sonraí maidir le feithiclí tromshaothair (“an Clár”) arna dtuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 4 agus le hAirteagal 5.

Beidh an Clár ar fáil go poiblí ach amháin i gcás iontráil sonraí (a) a shonraítear i gCuid A d’Iarscríbhinn I agus iontrálacha sonraí 1, 24, 25, 32, 33, 39 agus 40 a shonraítear i bpointe 2 de Chuid B d’Iarscríbhinn I. Maidir le hiontráil sonraí 23 a shonraítear i bpointe 2 de Chuid B d’Iarscríbhinn I, déanfar an luach a chur ar fáil don phobal i bhformáid raoin a leagtar amach i gCuid C d’Iarscríbhinn I.

2.   An Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil a dhéanfaidh an Clár a bhainistiú thar ceann an Choimisiúin.

Airteagal 7

Faireachán a dhéanamh ar thorthaí tástálacha fíoraithe ar bhóthar

1.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar thorthaí tástálacha fíoraithe ar bhóthar, i gcás ina mbeidh fáil ar na torthaí sin, faoi chuimsiú Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 chun fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí CO2 agus ídiú breosla feithiclí nua tromshaothair.

2.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 13 d’fhonn an Rialachán seo a fhorlíonadh chun na sonraí a shonrú a bheidh le tuairisciú ag údaráis inniúla na mBallstát chun críocha mhír 1 den Airteagal seo.

Airteagal 8

Cáilíocht na sonraí

1.   Is iad na húdaráis inniúla agus na monaróirí a bheidh freagrach as cruinneas agus cáilíocht na sonraí a thuairiscíonn siad de bhun Airteagal 4 agus Airteagal 5. Cuirfidh siad in iúl don Choimisiún, gan mhoill, aon earráid a bhraitear sna sonraí arna dtuairisciú.

2.   Déanfaidh an Coimisiún a fhíorú féin ar cháilíocht na sonraí arna dtuairisciú de bhun Airteagal 4 agus Airteagal 5.

3.   I gcás ina gcuirtear earráidí sna sonraí in iúl don Choimisiún, nó ina bhfionnann an Coimisiún neamhréitigh sa tacar sonraí, de bhun a fhíoraithe féin, glacfaidh sé, nuair is iomchuí, na bearta is gá chun na sonraí atá foilsithe sa Chlár dá dtagraítear in Airteagal 6 a cheartú.

4.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na bearta fíoraithe agus ceartaithe dá dtagraítear i mír 2 agus mír 3 den Airteagal seo a chinneadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12.

Airteagal 9

Fíneálacha riaracháin

1.   Féadfaidh an Coimisiún fíneáil riaracháin a ghearradh i ngach ceann de na cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás ina bhfionnann sé, maidir le sonraí arna dtuairisciú ag an monaróir de bhun Airteagal 5 den Rialachán seo, go ndiallann siad ó shonraí a eascraíonn ó chomhad taifead an mhonaróra nó ó dheimhniú cineálcheadaithe an innill arna eisiúint faoi chuimsiú Rialachán (CE) Uimh. 595/2009, agus gur d’aonghnó a rinneadh an diall nó mar gheall ar mhórfhaillí é an diall;

(b)

I gcás nach ndéantar na sonraí a tharchur faoin spriocdháta is infheidhme de bhun Airteagal 5(1) agus nach bhfuil bonn cirt cuí a leis an moill sin.

Chun críocha na sonraí dá dtagraítear i bpointe (a) a fhíorú, rachaidh an Chomhairle i gcomhairle leis na húdaráis chineálcheadaithe ábhartha.

Beidh na fíneálacha riaracháin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach agus ní bheidh siad níos mó ná EUR 30 000 in aghaidh na feithicle tromshaothair ar a bhfuil tionchar ag sonraí diallta nó moillithe dá dtagraítear i bpointe (a) agus pointe (b).

2.   Glacfaidh an Coimisiún, ar bhonn na bprionsabal a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo, gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 13 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh tríd an nós imeachta, modhanna ríofa agus bailithe na bhfíneálacha riaracháin dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a leagan síos.

3.   Leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 2, urramófar na prionsabail seo a leanas:

(a)

leis an nós imeachta arna bhunú ag an gCoimisiún urramófar an ceart chun dea-riaracháin, agus go háirithe an ceart chun éisteacht a fháil agus an ceart chun rochtain a fháil ar an gcomhad, agus leasanna dlisteanacha na rúndachta agus rún tráchtála á n-urramú ag an am céanna;

(b)

agus an fhíneáil iomchuí riaracháin á ríomh aige, beidh prionsabail na héifeachtachta, na comhréireachta agus na hathchomhairleachta mar threoir ag an gCoimisiún, agus aird á tabhairt, i gcás inarb iomchuí, ar thromchúis agus ar éifeachtaí an diallta nó na moille, líon na bhfeithiclí tromshaothair lena mbaineann na sonraí diallta nó moillithe, meon macánta an mhonaróra, méid díchill agus comhoibrithe an mhonaróra, athdhéanamh, minicíocht nó ré an tsáraithe nó na moille chomh maith le smachtbhannaí a forchuireadh roimhe sin ar an oibreoir eacnamaíoch céanna;

(c)

baileofar fíneálacha riaracháin gan aon mhoill mhíchuí trí spriocdhátaí a shocrú le haghaidh na híocaíochta agus, de réir mar is iomchuí, lena n-áirítear deis a chur ar fáil na híocaíochtaí a roinnt ina dtráthchodanna agus ina gcéimeanna éagsúla.

4.   Measfar, maidir leis na méideanna a thiocfaidh ó na fíneálacha riaracháin, gur ioncam iad le haghaidh bhuiséad ginearálta an Aontais.

Airteagal 10

Tuarascáil

1.   Faoin 31 Deireadh Fómhair gach bliain, foilseoidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil lena anailís ar na sonraí a tharchuir na Ballstáit agus na monaróirí don bhliain féilire roimhe sin.

2.   San anailís, léireofar, ar a laghad, feidhmíocht fhlít fheithiclí tromshaothair an Aontais chomh maith le feidhmíocht gach Ballstáit agus gach monaróra maidir le meánídiú breosla agus meánastaíochtaí CO2 do gach grúpa feithicle tromshaothair de réir próifíle misin, ualaigh agus teaglama breosla. Cuirfear san áireamh freisin sonraí maidir le húsáid nuatheicneolaíochtaí agus ardteicneolaíochtaí laghdaithe CO2, i gcás ina mbeidh fáil orthu, chomh maith le gléasraí cumhachta malartacha. Ina theannta sin, áireofar anailís ar thorthaí tástálacha fíoraithe ar bhóthar, i gcás ina mbeidh fáil orthu, faoi mar a rinneadh faireachán orthu i gcomhréir le hAirteagal 7.

3.   Ullmhóidh an Coimisiún an anailís le tacaíocht ón nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil.

Airteagal 11

Na hIarscríbhinní a leasú

1.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréirle hAirteagal 13 d’fhonn Iarscríbhinní a leasú chun críche an mhéid seo a leanas:

(a)

na riachtanais sonraí a shonraítear i gCuid A agus i gCuid B d’Iarscríbhinn I a nuashonrú nó a choigeartú i gcás ina meastar gur gá sin chun gur féidir anailís chríochnúil a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 10;

(b)

na túsbhlianta a luaitear i bpointe 1 de Chuid B d’Iarscríbhinn I a chríochnú;

(c)

na raonta a leagtar amach i gCuid B d’Iarscríbhinn I a nuashonrú nó a choigeartú chun athruithe i ndearadh feithicle tromshaothair a chur san áireamh agus chun a áirithiú go leanfaidh na raonta de bheith ábhartha fós chun críocha faisnéise agus inchomparáideachta;

(d)

an nós imeachta faireacháin agus tuairiscithe a leagtar amach in Iarscríbhinn II a choigeartú chun an taithí a fuarthas ó chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur san áireamh.

2.   Glacfar na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 faoin 30 Iúil 2025.

Airteagal 12

Nós imeachta coiste

1.   Déanfaidh an Coiste um Athrú Aeráide a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle cúnamh a thabhairt don Choimisiún (15). Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 13

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 7(2), Airteagal 9(2) agus Airgeagal 11(1) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 7 mbliana amhail ón 29 Iúil 2018. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 7 mbliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 7(2), Airteagal 9(2) agus Airteagal 11(1) a chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 7(2), Airteagal 9(2) agus Airteagal 11(1) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 14

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 28 Meitheamh 2018.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

L. PAVLOVA


(1)  IO C 81, 2.3.2018, lch. 95.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Meitheamh 2018 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 21 Meitheamh 2018.

(3)  Comhaontú Pháras (IO L 282, 19.10.2016, lch. 4).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 maidir le mótarfheithiclí agus innill a chineál-cheadú i leith astaíochtaí ó fheithiclí tromshaothair (Euro VI) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi fheithiclí a dheisiú agus a chothabháil agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 agus Treoir 2007/46/EC agus lena n-aisghairtear Treoir 80/1269/CEE, Treoir 2005/55/CE agus Treoir 2005/78/CE (IO L 188, 18.7.2009, lch. 1).

(5)  Rialachán (CE) 2017/2400 ón gCoimisiún an 12 Nollaig 2017 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (EC) Uimh. 595/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cinneadh a dhéanamh ar astaíochtaí CO2 agus ar ídiú breosla feithiclí tromshaothair agus lena leasaítear Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 582/2011 ón gCoimisiún (IO L 349, 29.12.2017, lch. 1).

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meán Fómhair 2006 maidir le cur i bhfeidhm fhorálacha Choinbhinsiún Aarhus maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil ar institiúidí agus comhlachtaí ar Chomhphobail. (IO L 264, 25.9.2006, lch. 13).

(7)  Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú agus le faireachas margaidh ar mhótarfheithiclí agus a leantóirí, agus ar chórais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 agus Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/46/CE (IO L 151, 14.6.2018, Ich. 1).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 582/2011 an 25 Bealtaine 2011 ón gCoimisiún lena cuirtear chun feidhme agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hastaíochtaí ó fheithiclí tromshaothair (Euro VI) agus lena leasaítear Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 167, 5.6.2011, lch. 1).

(9)  Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí do ghluaisteáin nua phaisinéirí mar chuid de chur chuige comhtháite an Chomhphobail chun astaíochtaí CO2 ó fheithiclí saothair éadroim a laghdú (IO L 140, 5.6.2009, lch. 1).

(10)  Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComahirle an 11 Bealtaine 2011 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta d’astaíochtaí ó fheithiclí tráchtála éadroma nua mar chuid de chur chuige comhtháite an Aontais chun astaíochtaí CO2 ó fheithiclí saothair éadroim a laghdú (IO L 145, 31.5.2011, lch. 1).

(11)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(12)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(13)  Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2007 maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí (IO L 171, 29.6.2007, lch. 1).

(14)  Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meán Fómhair 2007 lena mbunaítear creat chun mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh atá beartaithe le haghaidh feithiclí den sórt sin a cheadú (Treoir Réime) (IO L 263, 9.10.2007, lch. 1).

(15)  Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le sásra chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus chun faisnéis eile atá ábhartha don athrú aeráide a thuairisciú ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 280/2004/CE (IO L 165, 18.6.2013, lch. 13).


IARSCRÍBHINN I

Rialacha maidir le sonraí a bhfuil faireachán agus tuairisciú le déanamh orthu

CUID A: SONRAÍ A BHFUIL FAIREACHÁN AGUS TUAIRISCIÚ LE DÉANAMH ORTHU AG NA BALLSTÁIT:

(a)

uimhreacha aitheantais feithicle na bhfeithicilí nua tromshaothair uile dá dtagraítear i bpointe (a) agus pointe (b) den dara mír d’Airteagal 2 atá cláraithe i gcríoch an Bhallstáit;

(b)

ainm an mhonaróra;

(c)

déantús (trádainm an mhonaróra);

(d)

cód na cabhlach mar a shainítear in iontráil 38 den deimhniú comhréireachta, má tá sé ar fáil;

(e)

i gcás na bhfeithiclí tromshaothair dá dtagraítear i bpointe (a) den dara mír d’Airteagal 2, an t-eolas ar an gcóras tiomána mar a shainítear in iontráil 23, iontráil 23.1 agus iontráil 26 den deimhniú comhréireachta.

CUID B: SONRAÍ A bhFUIL FAIREACHÁN AGUS TUAIRISCIÚ LE DÉANAMH ORTHU AG MONARÓIRÍ FEITHICLÍ TROMSHAOTHAIR

1.

Túsbhlianta don fhaireachán agus don tuairisciú ar chatagóirí feithicle tromshaothair atá leagtha amach i bpointe (a) agus pointe (b) den dara mír d’Airteagal 2:

Catagóir feithicle tromshaothair

Grúpa feithicle sa chatagóir feithicle (amhail dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Ríalachán (AE) 2017/2400 ón gCoimisiún)

Túsbhliain

Faireachán

Túsbhliain

Tuairisciú

N1

N2

1 agus 2

2020

2021

N3

3

2020

2021

4, 5, 9 agus 10

2019

2020

11, 12 agus 16

2020

2021

M1

M2

M3

O3

O4

2.

Sonraí a bhfuil faireachán agus tuairisciú le déanamh orthu:

Líon

Paraiméadair faireacháin

Foinse Cuid I d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2400 ón gCoimisiún, mura sonraítear a mhalairt

Tuairisc

1

Uimhir aitheantais feithicle (VIN)

1.1.3

Aitheantas feithicle agus a comhpháirteanna

2

Uimhir dheimhnithe an innill

1.2.2

3

Uimhir dheimhnithe CdxA (1) (más infheidhme)

1.8.3

4

Uimhir dheimhnithe tras-seolta

1.3.2

5

Uimhir dheimhnithe acastóra

1.6.2

6

Uimhir dheimhnithe bonn, acastóir 1

1.9.2

7

Uimhir dheimhnithe bonn, acastóir 2

1.9.6

8

Uimhir dheimhnithe bonn, acastóir 3

1.9.10

9

Uimhir dheimhnithe bonn, acastóir 4

1.9.14

10

Catagóir feithicle (N1, N2, N3, M1, M2, M3)

1.1.4

Catagóir feithicle

11

Cumraíocht acastóirí

1.1.5

12

Ollmheáchan uasta feithicle (t)

1.1.6

13

Grúpa feithicle

1.1.7

14

Ainm agus seoladh an mhonaróra

1.1.1

Sonraíocht feithicle agus fonnaidh

15

Déantús (trádainm an mhonaróra)

1.1.7 Cuid II d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2400 ón gCoimisiún

 

16

Fíormhais ceartaithe feithicle foilmhe (kg)

1.1.8

17

Cumhacht rátaithe innill (kW)

1.2.3

Príomhshonraíochtaí innill

18

Luas réchasta an innill (1/nóim)

1.2.4

19

Luas rátaithe an innill (1/nóim)

1.2.5

20

Toilleadh innill (ltr)

1.2.6

21

Cineál breosla tagartha an innill (díosail/GPL/GNC...)

1.2.7

22

Rogha dheimhnithe a úsáidtear le CdxA a ghiniúint (luachanna caighdeánaithe/tomhas)

1.8.2

Aeraidinimicí

23

Luach CdxA (luach cúltarraingthe aeir)

1.8.4

24

Ainm agus seoladh an mhonaróra tras-seolta

Príomhshonraíochtaí tras-seolta

25

Déantús (trádainm an mhonaróra tras-seolta)

26

Rogha dheimhnithe a úsáidtear chun mapa caillteanais na huirlise ionsamhlúcháin a ghiniúint (Rogha 1/Rogha 2/Rogha 3/Luachanna caighdeánacha)

1.3.3

27

Cineál tras-seolta (SMT (2), AMT (3), APT (4)-S (5), APT-P (6))

1.3.4

28

Líon giaranna

1.3.5

29

Giar deireanach cóimheasa tras-seolta

1.3.6

30

Cineál coscáin innill

1.3.7

31

Cumhachtdúiseacht (tá/níl)

1.3.8

32

Ainm agus seoladh an mhonaróra acastóra

Príomhshonraíochtaí acastóra

33

Déantús (trádainm an mhonaróra acastóra)

34

Rogha dheimhnithe a úsáidtear chun mapa caillteanais na huirlise ionsamhlúcháin a ghiniúint (luachanna caighdeánacha/tomhas)

1.7.3

35

Cineál acastóra (e.g. acastóir aonair tiomáinte caighdeánach)

1.7.4

36

Cóimheas acastóra

1.7.5

37

Rogha dheimhnithe a úsáidtear chun mapa caillteanais na huirlise ionsamhlúcháin a ghiniúint (luachanna caighdeánacha/tomhas)

1.6.3

Sonraíochtaí uillinne tiomána

38

Cóimheas na huillinne tiomána

1.6.4

39

Ainm agus seoladh an mhonaróra bonn

Príomhshonraíochtaí bonn

40

Déantús (trádainm an mhonaróra bonn)

41

Toise bonn, acastóir 1

1.9.1

42

Comhéifeacht friotaíochta rollta sainiúil gach boinn ar acastóir 1

1.9.3

43

Toise bonn acastóir 2

1.9.4

44

Acastóir cúplach (tá/níl) acastóir 2

1.9.5

45

Comhéifeacht friotaíochta rollta sonrach (RRC) gach boinn ar acastóir 2

1.9.7

46

Toise bonn acastóir 3

1.9.8

47

Acastóir cúplach (tá/níl) acastóir 3

1.9.9

48

Comhéifeacht friotaíochta rollta sonrach (RRC) gach boinn ar acastóir 3

1.9.11

49

Toise bonn acastóir 4

1.9.12

50

Acastóir cúplach (tá/níl) acastóir 4

1.9.13

51

Comhéifeacht friotaíochta rollta sonrach (RRC) gach boinn ar acastóir 4

1.9.15

52

Teicneolaíocht um fhean fuaraithe don inneall

1.10.1

Príomhshonraíochtaí cúnta

53

Teicneolaíocht um chaidéal stiúrtha

1.10.2

54

Teicneolaíocht um chóras leictreach

1.10.3

55

Teicneolaíocht um chóras neomatach

1.10.4

56

Próifíl mhisin (cianaistir, cianaistir (EMS (7)), réigiúnach, réigiúnach (EMS), uirbeach, cathrach, tógáil)

2.1.1

Paraiméadair ionsamhlúcháin (do gach próifíl mhisin/ualach/teaglaim breosla)

57

Ualach (mar a shainítear é san uirlis ionsamhlúcháin) (kg)

2.1.2

 

58

Cineál breosla (díosal/peitreal/GPL/CNG/...)

2.1.3

 

59

Mais iomlán feithicle in ionsamhlúchán (kg)

2.1.4

 

60

Meánluas (km/h)

2.2.1

Feidhmíocht tiomána feithicle (do gach próifíl mhisin/ualach/teaglaim breosla)

61

Íosluas meandrach (km/h)

2.2.2

62

Uasluas meandrach (km/h)

2.2.3

63

Uas-luasmhoilliú (m/s2)

2.2.4

64

Uas-luasghéarú (m/s2)

2.2.5

65

Céatadán lánlóid ar am tiomána

2.2.6

66

Líon iomlán athruithe giaranna

2.2.7

67

Achar iomlán tiomáinte (km)

2.2.8

68

Astaíochtaí CO2 (arna sloinneadh i g/km, g/t-km, g/p-km, g/m3-km)

2.3.13-2.3.16

Astaíochtaí CO2 agus ídiú breosla (do gach próifíl mhisin/ualach/teaglaim breosla)

69

Ídiú breosla (arna sloinneadh i g/km, g/t-km, g/p -km, g/m3-km, l/100km, l/t-km, l/p-km, l/m3-km, MJ/km, MJ/t-km, MJ/p-km, MJ/m3-km)

2.3.1-2.3.12

70

Leagan na huirlis ionsamhlúcháin (X.X.X.)

3.1.1

Bogearraí agus faisnéis úsáideoirí

71

Dáta agus am an ionsamhlúcháin

3.1.2

72

Uimhir an cheadúnais chun an uirlis ionsamhlúcháin a oibriú

73

Hais-chripteagrafaíocht de thoradh an uirlis ionsamhlúcháin

3.1.4

74

Ardteicneolaíochtaí chun CO2 a laghdú

Teicneolaíochtaí feithicle chun CO2 a laghdú

75

Oll-astaíocht CO2 an innill le linn WHTC (8) (g/kWh)

Pointe 1.4.2 den Aguisín a ghabhann le Foscríbhinn 5 nó pointe 1.4.2 den Aguisín a ghabhann le Foscríbhinn 7 a ghabhann le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 582/2011 ón gCoimisiún, cibé acu is infheidhme

Astaíocht CO2 agus ídiú sonrach breosla an innill

76

Ídiú breosla an innill le linn WHTC (g/kWh)

Pointe 1.4.2 den Aguisín a ghabhann le Foscríbhinn 5 nó pointe 1.4.2 den Aguisín a ghabhann le Foscríbhinn 7 a ghabhann le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 582/2011 ón gCoimisiún, cibé acu is infheidhme

77

Oll-astaíocht CO2 an innill le linn WHSC (9) (g/kWh)

Pointe 1.4.1 den Aguisín a ghabhann le Foscríbhinn 5, nó pointe 1.4.1 den Aguisín a ghabhann le Foscríbhinn 7, a ghabhann le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 582/2011 ón gCoimisiún, cibé acu is infheidhme

78

Ídiú breosla an innill le linn WHSC (g/kWh)

Pointe 1.4.1 den Aguisín a ghabhann le Foscríbhinn 5, nó pointe 1.4.1 den Aguisín a ghabhann le Foscríbhinn 7, a ghabhann le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 582/2011 ón gCoimisiún, cibé acu is infheidhme

 

CUID C: RAONTA LUACH CÚLTARRAINGTHE AEIR (CDXA) CHUN CRÍCHE FOILSITHE I gCOMHRÉIR LE hAIRTEAGAL 6

Chun críche an luach CdxA a sonraíodh in iontráil sonraí 23 a chur ar fáil go poiblí i gcomhréir le hAirteagal 6, bainfidh an Coimisiún úsáid as na raonta a shainmhínítear sa tábla seo a leanas ina bhfuil an raon comhfhreagrach le gach luach CdxA:

Raon

luach CdxA [m2]

Íosluach CdxA (CdxA >= íosluach CdxA)

Uasluach CdxA (CdxA <UasluachCdxA)

A1

0,00

3,00

A2

3,00

3,15

A3

3,15

3,31

A4

3,31

3,48

A5

3,48

3,65

A6

3,65

3,83

A7

3,83

4,02

A8

4,02

4,22

A9

4,22

4,43

A10

4,43

4,65

A11

4,65

4,88

A12

4,88

5,12

A13

5,12

5,38

A14

5,38

5,65

A15

5,65

5,93

A16

5,93

6,23

A17

6,23

6,54

A18

6,54

6,87

A19

6,87

7,21

A20

7,21

7,57

A21

7,57

7,95

A22

7,95

8,35

A23

8,35

8,77

A24

8,77

9,21


(1)  Cúltarraingt aeir

(2)  Traiseoladh Láimhe Sioncrónaithe.

(3)  Traiseoladh Láimhe Uathoibrithe nó Traiseoladh Inneallghníomach Uathoibríoch.

(4)  Traiseoladh Cumhachta Aistrithe Uathoibríoch.

(5)  Ciallaíonn “Cás S” an socrú sraitheach maidir le tiontaire casmhóiminte agus codanna meicniúla ceangailte an traiseolta.

(6)  Ciallaíonn “Cás P” an socrú comhthreomhar maidir le tiontaire casmhóiminte agus codanna meicniúla ceangailte an traseolta (m.sh. i suiteálacha cumhachta deighilte).

(7)  An Córas Modúlach Eorpach (EMS) i gcomhréir le Treoir 96/53/CE ón gComhairle an 25 Iúil 1996 lena leagtar síos toisí údaraithe uasta sa trácht náisiúnta agus idirnáisiúnta agus na meáchan údaraithe uasta sa trácht idirnáisiúnta le haghaidh feithiclí áirithe bóthair ag gluaiseacht laistigh den Chomhphobal (IO L 235 17.9.1996, lch. 59).

(8)  Timthriall Tiomána Díomuan Comhchuibhithe Domhanda.

(9)  Timthriall Foistine Comhchuibhithe Domhanda.


IARSCRÍBHINN II

Sonraí a thuairisciú agus a bhainistiú

1.   TUAIRISCIÚ AG NA BALLSTÁIT

1.1.

Is pointe teagmhála an údaráis inniúil a dhéanfaidh na sonraí a shonraítear i gCuid A d’Iarscríbhinn I a tharchur i gcomhréir le hAirteagal 4 trí mheán aistriú sonraí leictreonacha chuig an Stór Sonraí Lárnach arna bhainistiú ag an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil (“An Ghníomhaireacht”).

Tabharfaidh an pointe teagmhála fógra don Choimisiún agus don Ghníomhaireacht nuair a tharchuirtear na sonraí trí ríomhphost chuig na seoltaí seo:

EC-CO2-HDV-IMPLEMENTATION@ec.europa.eu

agus

HDV-monitoring@eea.europa.eu

2.   TUAIRISCIÚ AG MONARÓIRÍ

2.1.

Tabharfaidh monaróirí fógra don Choimisiún gan mhoill agus tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2018 faoin eolas seo a leanas:

(a)

ainm an mhonaróra a luaitear sa deimhniú comhréireachta nó sa deimhniú ceadaithe aonair;

(b)

cód an Aitheantóra Monaróra Domhanda (cód WMI), mar a shainítear i Rialachán (AE) Uimh. 19/2011 ón gCoimisiún (1), atá le húsáid in uimhreacha aitheantais feithiclí nua tromshaothair atá le cur ar an margadh;

(c)

an pointe teagmhála atá freagrach as na sonraí a uaslódáil chuig Stór Sonraí Gnó na Gníomhaireachta.

Tabharfaidh siad fógra don Choimisiún, gan mhoill, faoi aon athrú a thagann ar an eolas sin.

Cuirfear na fógraí chuig na seoltaí dá dtagraítear i bpointe 1.1.

2.2.

Tabharfaidh monaróirí nua a thagann isteach sa mhargadh fógra don Choimisiún gan mhoill faoin bhfaisnéis dá dtagraítear i bpointe 2.1.

2.3.

Déanfaidh pointe teagmhála an mhonaróra na sonraí a shonraítear i bpointe 2 de Chuid B d’Iarscríbhinn I a tharchur i gcomhréir le hAirteagal 5(1) trí mheán aistriú sonraí leictreonacha chuig an Stór Sonraí Gnó atá á bhainistiú ag an nGníomhaireacht.

Tabharfaidh an pointe teagmhála fógra don Choimisiún agus don Ghníomhaireacht an tráth a aistrítear na sonraí ar ríomhphost chuig na seoltaí a shainítear i bpointe 1.1.

3.   PRÓISEÁIL SONRAÍ

3.1.

Déanfaidh an Ghníomhaireacht na sonraí a tharchuirfear i gcomhréir le pointe 1.1 agus pointe 2.3 a phróiseáil agus déanfaidh sé taifead ar na sonraí próiseáilte sa Chlár.

3.2.

Cuirfear na sonraí maidir le feithiclí tromshaothair a cláraíodh sa bhliain féilire roimhe agus atá taifeadta sa Chlár ar fáil don phobal faoin 31 Deireadh Fómhair gach bliain, ar a dhéanaí, ó 2020 amach, cé is moite de na hiontrálacha sonraí sin a shonraítear in Airteagal 6(1).

3.3.

I gcás ina n-aithníonn údarás inniúil nó monaróirí earráidí sna sonraí a cuireadh isteach, tabharfaidh siad fógra faoin méid sin don Choimisiún agus don Ghníomhaireacht gan mhoill trí fhógra tuairisce earráide a chur chuig an Stór Sonraí Lárnach nó chuig an Stór Sonraí Gnó, agus trí ríomhphost a sheoladh chuig na seoltaí dá dtagraítear i bpointe 1.1.

3.4.

Fíoróidh an Coimisiún, le tacaíocht ón nGníomhaireacht, na hearráidí a bhfuarthas fógra ina leith agus, nuair is iomchuí, ceartóidh siad na sonraí sa Chlár.

3.5.

Cuirfidh an Coimisiún, le tacaíocht ón nGníomhaireacht, formáidí leictreonacha ar fáil do na tarchuir sonraí dá dtagraítear i bpointe 1.1 agus pointe 2.3 in am trátha roimh na spriocdhátaí don tarchur.

(1)  Rialachán (AE) Uimh. 19/2011 ón gCoimisiún an 11 Eanáir 2011 maidir le ceanglais cineálcheadaithe do phláta reachtach an mhonaróra agus d’uimhir aitheantais feithicle do mhótarfheithiclí agus a leantóirí agus lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 661/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir leis na ceanglais i gcomhair cineál-cheadaithe le haghaidh sábháilteachta ginearálta mótarfheithiclí, a leantóiri agus a gcóras, a gcomhpháirteanna agus a n-aonad teicniúil ar leithligh atá beartaithe dóibh (IO L 8, 12.1.2011, lch. 1).


TREORACHA

9.7.2018   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

16


TREOIR (AE) 2018/957 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 28 Meitheamh 2018

lena leasaítear Treoir 96/71/CE maidir le hoibrithe a phostú faoi chuimsiú seirbhísí a sholáthar

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 53(1) agus Airteagal 62 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is prionsabail bhunúsacha den mhargadh inmheánach iad saorghluaiseacht oibrithe, saoirse bhunaíochta agus saoirse chun seirbhísí a sholáthar, prionsabail a chumhdaítear sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Déanann an tAontas tuilleadh forbartha ar chur chun feidhme agus ar fhorfheidhmiú na bprionsabal sin agus é mar aidhm leis sin cothroime iomaíochta do ghnólachtaí agus urraim do chearta oibrithe a ráthú.

(2)

Le saoirse chun seirbhísí a sholáthar, áirítear an ceart atá ag gnóthais seirbhísí a sholáthar ar chríoch Ballstáit eile agus a gcuid oibrithe féin a phostú go sealadach go críoch an Bhallstáit sin chun na críche sin. I gcomhréir le hAirteagal 56 CFAE, déanfar srianta ar an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar san Aontas a thoirmeasc i gcás náisiúnaigh de chuid Ballstáit atá bunaithe i mBallstát seachas Stát an duine dá bhfuil na seirbhísí ceaptha.

(3)

De réir Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, déanfaidh an tAontas an ceartas sóisialta agus an chosaint shóisialta a chur chun cinn. De réir Airteagal 9 CFAE, agus a bheartais agus a ghníomhaíochtaí á sainiú agus á gcur chun feidhme aige, tabharfaidh an tAontas aird ar na ceanglais atá nasctha le hardleibhéal fostaíochta a chur chun cinn, le cosaint shóisialta leormhaith a ráthú, leis an eisiamh sóisialta a chomhrac agus le hardleibhéal oideachais, oiliúna agus cosanta do shláinte an duine.

(4)

Breis agus 20 bliain i ndiaidh glacadh Treoir 96/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), ní mór a mheas cé acu a bhfuil nó nach bhfuil an chothromaíocht chuí fós inti idir an gá atá le cur chun cinn a dhéanamh ar an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar agus cothrom na féinne a áirithiú ar thaobh amháin agus an gá atá le cearta na n-oibrithe ar postú a chosaint ar an taobh eile. Chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na rialacha a áirithiú agus chun fíorchóineasú sóisialta a bhaint amach, ba cheart, i dteannta an athbhreithnithe ar Threoir 96/71/CE, tús áite a thabhairt do chur chun feidhme agus forfheidhmiú Threoir 2014/67/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5).

(5)

Is den ríthábhacht go mbeadh sonraí staidrimh leordhóthanacha cruinne i réimse na n-oibrithe ar postú, go háirithe maidir le faisnéis ar líon na n-oibrithe ar postú in earnálacha fostaíochta faoi leith agus do gach Ballstát. Ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún na sonraí sin a bhailiú, agus faireachán a dhéanamh orthu.

(6)

Tá prionsabal na córa comhionainne agus toirmeasc ar aon chineál idirdhealaithe ar fhorais na náisiúntachta cumhdaithe i ndlíthe an Aontais ó aimsir na gConarthaí bunaidh. Is trí dhlí thánaisteach a rinneadh an prionsabal um pá comhionann a chur chun feidhme, ní hamháin idir fir agus mná, ach freisin idir oibrithe le conarthaí ar théarma seasta agus buanoibrithe inchomparáide, idir oibrithe páirtaimseartha agus lánaimseartha agus idir oibrithe gníomhaireachta sealadacha agus oibrithe inchomparáide den ghnóthas úsáideora. Ar na prionsabail sin áirítear toirmeasc ar aon bhearta a dhéanann idirdhealú go díreach nó go hindíreach de bhíthin náisiúntachta. Cuirfear san áireamh cásdlí ábhartha Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcur i bhfeidhm na bprionsabal sin.

(7)

Ba cheart na húdaráis inniúla agus na comhlachtaí inniúla, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus/nó leis an gcleachtas náisiúnta, a bheith in ann a fhíorú cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann na coinníollacha cóiríochta a chuireann an fostóir ar fáil go díreach nó go hindíreach d’oibrithe ar postú na rialacha náisiúnta sa Bhallstát a ndéantar an t-oibrí a chur ar postú ar a chríoch (an Ballstát óstach) a bhfuil feidhm acu freisin maidir leis na hoibrithe ar postú.

(8)

Maidir leis na hoibrithe ar postú a chuirtear go sealadach óna ngnátháit oibre sa Bhallstát óstach chuig áit oibre eile, ba cheart dóibh ar a laghad na liúntais chéanna nó an aisíocaíocht chéanna ar chaiteachas chun speansais taistil, béilí agus lóistín a chumhdach d’oibrithe atá as baile ar chúiseanna gairmiúla a fháil agus a fhaigheann oibrithe áitiúla sa Bhallstát sin. Ba cheart feidhm a bheith ag an gcéanna maidir le caiteachas arna thabhú ag oibrithe ar postú nuair a bhíonn ar na hoibrithe teacht agus imeacht ón ngnátháit oibre sa Bhallstát óstach. Ba cheart íocaíochtaí dúbailte speansas taistil, béilí agus lóistín a sheachaint.

(9)

Obair shealadach atá i gceist le postú. Is iondúil go bhfilleann oibrithe ar postú ar an mBallstát óna ndearnadh an t-oibrí a phostú tar éis an obair a bhí ar bun acu a bheith curtha i gcrích. Mar sin féin, i ngeall ar a fhad a mhaireann postuithe faoi leith agus mar aitheantas ar an nasc atá idir margadh saothair an Bhallstáit óstaigh agus na hoibrithe a bhíonn ar postú inti ar feadh na dtréimhsí fada sin, i gcás inar faide ná 12 mhí a mhaireann an postú, ba cheart do na Ballstáit óstacha a áirithiú go ráthódh na gnóthais a sheolann oibrithe chuig a gcríocha do na hoibrithe sin go mbeadh téarmaí agus coinníollacha fostaíochta breise ann a bheadh infheidhme go sainordaitheach maidir le hoibrithe sa Bhallstát sin ina bhfuil an obair á déanamh. Ba cheart síneadh a chur leis an tréimhse sin i gcás ina dtíolacann an soláthróir seirbhíse fógra réasúnaithe.

(10)

D’fhonn an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar ar bhonn cothrom sa ghearrthréimhse agus san fhadtréimhse a choimirciú, ní mór cosaint níos mó a áirithiú d’oibrithe go háirithe trí chosc a chur ar mhí-úsáid na gceart a ráthaítear sna Conarthaí. Mar sin féin, ní fhéadfaidh na rialacha sin lena n-áirítear an chosaint sin d’oibrithe difear a dhéanamh don cheart atá ag gnóthais a dhéanann oibrithe a phostú chuig críoch Bhallstáit eile an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar a agairt, lena n-áirítear i gcásanna ina ngabhann postú thar 12 mhí nó, i gcás inarb infheidhme, 18 mí. Aon fhoráil is infheidhme maidir le hoibrithe a dhéantar a phostú i gcomhthéacs postú is faide ná 12 mhí nó, i gcás inarb infheidhme, 18 mí, ní mór di, dá bhrí sin, a bheith i gcomhréir leis an tsaoirse sin. I gcomhréir le cásdlí socraithe ní bheidh srianta ar an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar inghlactha ach amháin má bhíonn údar cuí leo ar chúiseanna sáraitheacha a bhaineann le leas an phobail agus ní mór iad a bheith comhréireach agus riachtanach.

(11)

I gcás ina ngabhann an postú thar 12 mhí nó, i gcás inarb iomchuí, 18 mí, na téarmaí agus coinníollacha fostaíochta breise a bheidh le ráthú ag an ngnóthas a mbeidh oibrithe á gcur ar postú chuig críoch Bhallstáit eile aige, ba cheart dóibh na hoibrithe a chuirtear ar postú chun ionadú a dhéanamh ar oibrithe eile atá ar postú agus atá i mbun an chúraim chéanna san áit chéanna a chumhdach freisin, d’fhonn a áirithiú nach chun dul timpeall ar na rialacha ab infheidhme ar shlí eile a dhéantar an t-ionadú sin.

(12)

I dTreoir 2008/104/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), cuirtear i bhfocal an prionsabal gur cheart go mbeadh na bunchoinníollacha oibre agus fostaíochta is infheidhme maidir le hoibrithe gníomhaireachta sealadacha mar a chéile ar a laghad leis na coinníollacha a mbeadh feidhm acu maidir leis na hoibrithe sin dá mba rud é gur earcaigh an gnóthas úsáideora don phost céanna iad. Ba cheart feidhm a bheith ag an bprionsabal sin freisin maidir le hoibrithe gníomhaireachta sealadacha a dhéantar a phostú chuig críoch Bhallstáit eile. I gcásanna ina bhfuil feidhm ag an bprionsabal sin, ba cheart don ghnóthas úsáideora an ghníomhaireacht oibre sealadaí a chur ar an eolas faoi na coinníollacha oibre agus an luach saothair a chuireann sé i bhfeidhm maidir lena chuid oibrithe. Beidh na Ballstáit in ann, faoi choinníollacha áirithe, maolú ó phrionsabail na córa comhionainne agus an phá chomhionainn, de bhun Airteagal 5(2) agus (3) de Threoir 2008/104/CE. I gcás ina bhfuil feidhm ag maolú den sórt sin, ní bheidh gá ar bith ag an ngníomhaireacht oibre sealadaí leis an bhfaisnéis faoi choinníollacha oibre an ghnóthais úsáideora agus níor cheart, dá bhrí sin, feidhm a bheith ag an gceanglas maidir le faisnéis.

(13)

Is léir ón taithí a fuarthas go dtarlaíonn sé uaireanta, i gcás oibrithe arna bhfruiliú ag gnóthas fostaíochta sealadaí nó gníomhaireacht socrúcháin shealadaigh le gnóthas úsáideora, go ndéantar na hoibrithe sin a sheoladh chuig críoch Bhallstáit eile faoi chuimsiú soláthar trasnáisiúnta ar sheirbhísí. Ba cheart cosaint na n-oibrithe sin a áirithiú. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcuirfidh an gnóthas úsáideora an gnóthas fostaíochta sealadaí nó gníomhaireacht socrúcháin shealadaigh ar an eolas maidir leis na hoibrithe ar postú atá ag obair go sealadach i gcríoch an Bhallstáit nach é an Ballstát ina bhfuil siad ag obair de ghnáth ar son an ghnóthais fostaíochta sealadaí nó na gníomhaireachta socrúcháin shealadaigh nó ar son an ghnóthais úsáideora, ionas go mbeidh an fostóir in ann na téarmaí agus na coinníollacha fostaíochta is fabhraí don oibrí ar postú a chur i bhfeidhm, de réir mar is iomchuí.

(14)

Níor cheart don Treoir seo, ar an gcaoi chéanna le Treoir 96/71/CE, dochar a dhéanamh do chur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 (7) agus Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 (8) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

(15)

Mar gheall ar nádúr fíor-shoghluaiste na hoibre in iompar idirnáisiúnta de bhóthar, tarraingíonn cur chun feidhme na Treorach seo san earnáil sin anuas ceisteanna agus deacrachtaí sonracha dlíthiúla, nithe a dtabharfar aghaidh orthu le rialacha sonracha a bhaineann le hiompar bóthair agus a neartóidh an comhrac i gcoinne na calaoise agus na mí-úsáide, faoi chreat phacáiste na soghluaisteachta.

(16)

I margadh inmheánach atá go hiomlán comhtháite agus iomaíoch, bíonn gnóthais i mbun iomaíochta ar bhonn tosca amhail táirgiúlacht, éifeachtúlacht, agus leibhéal oideachais agus scile an lucht saothair, agus ar bhonn cáilíocht a gcuid earraí agus seirbhísí agus an leibhéil nuálaíochta a bhaineann leo.

(17)

Is faoi inniúlacht na mBallstát é rialacha a shocrú maidir le luach saothair i gcomhréir le dlí náisiúnta agus/nó lena gcleachtas náisiúnta. Is faoi na Ballstáit agus na comhpháirtithe sóisialta, agus fúthu amháin, atá sé pá a shocrú. Níor mhór a bheith san airdeall nach mbainfí an bonn de na córais náisiúnta socraithe pá nó saoirse na bpáirtithe sin lena mbaineann.

(18)

Nuair a dhéantar comparáid idir an luach saothair a íoctar le hoibrí atá ar postú agus an luach saothair atá dlite i gcomhréir le dlí náisiúnta agus/nó le cleachtas náisiúnta an Bhallstáit óstaigh, ba cheart ollmhéid an luacha saothair a chur san áireamh. Ba cheart ollmhéideanna an luacha saothair a chur i gcomparáid, seachas na comhghnéithe aonair den luach saothair atá éigeantach mar a fhoráiltear leis an Treoir seo. Mar sin féin, d’fhonn trédhearcacht a áirithiú agus cúnamh a thabhairt do na húdaráis inniúla i mbun seiceálacha agus rialuithe, is gá mar sin féin, gur féidir na comhghnéithe den luach saothair iad a shainaithint go sonrach i gcomhréir le dlí náisiúnta agus/nó le cleachtas náisiúnta an Bhallstáit óna ndéantar an t-oibrí a phostú. Mura mbaineann liúntais a bhaineann go sonrach leis an bpostú le caiteachas arna thabhú iarbhír mar gheall ar an bpostú, amhail caiteachas ar thaisteal, béilí agus lóistín, ba cheart iad a chur san áireamh mar chuid den luach saothair agus iad a chur san áireamh chun ollmhéideanna comhiomlána an luacha shaothair a chur i gcomparáid.

(19)

Is minic gur iomaí cuspóir a bhíonn ag na liúntais a bhaineann go sonrach le postú. Sa mhéid agus gurb é cuspóir na liúntas aisíocaíocht a dhéanamh ar an gcaiteachas arna thabhú mar gheall ar an bpostú, amhail caiteachas ar thaisteal, béilí agus lóistín, níor cheart a mheas gur cuid den luach saothair iad. Is faoi na Ballstáit, i gcomhréir lena ndlí náisiúnta agus/nó lena gcleachtas náisiúnta, rialacha a shocrú maidir le haisíocaíocht ar chaiteachas den sórt sin. Ba cheart don fhostóir an caiteachas sin a aisíoc leis an oibrí atá ar postú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus/nó leis an gcleachtas náisiúnta is infheidhme maidir leis an gcaidreamh fostaíochta.

(20)

I bhfianaise ábharthacht na liúntas a bhaineann go sonrach le postú, ba cheart neamhchinnteacht maidir le cé acu gnéithe de na liúntais sin atá á leithdháileadh mar aisíocaíocht ar chaiteachas arna thabhú mar gheall ar an bpostú a sheachaint. Ba cheart a mheas gur mar aisíocaíocht ar chaiteachas a dhéantar an liúntas ar fad a íoc mura sonraítear i dtéarmaí agus coinníollacha fostaíochta a eascraíonn as foráil reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin, as comhaontaithe comhchoiteanna, dámhachtainí eadrána, nó comhaontuithe conarthacha atá i bhfeidhm maidir leis an gcaidreamh fostaíochta a chinneann cé acu gnéithe den liúntas atá á leithdháileadh mar aisíocaíocht ar chaiteachas arna thabhú mar gheall ar an bpostú agus cé acu atá mar chuid de luach saothair.

(21)

Na comhghnéithe maidir le luach saothair agus téarmaí agus coinníollacha fostaíochta eile faoin dlí náisiúnta nó faoi chomhaontuithe comhchoiteanna dá dtagraítear sa Treoir seo, ba cheart iad a bheith soiléir agus trédhearcach do na gnóthais ar fad agus do na hoibrithe atá ar postú. De bhrí go bhfuil trédhearcacht agus rochtain ar fhaisnéis riachtanach don deimhneacht dhlíthiúil agus d’fhorfheidhmiú an dlí, tá bonn cirt, maidir le hAirteagal 5 de Threoir 2014/67/AE, leis an oibleagáid a shíneadh ar na Ballstáit an fhaisnéis maidir leis na téarmaí agus coinníollacha fostaíochta a fhoilsiú ar an láithreán gréasáin náisiúnta oifigiúil aonair, leis na comhghnéithe den luach saothair atá éigeantach, mar aon leis na téarmaí agus coinníollacha fostaíochta breise infheidhme maidir le postuithe níos faide ná 12 mhí nó, i gcás inarb infheidhme, 18 mí faoin Treoir seo, a chur san áireamh. Ní mór do gach Ballstát a áirithiú go bhfuil faisnéis chruinn ar an láithreán gréasáin náisiúnta oifigiúil aonair agus go ndéantar í a nuashonrú go rialta. Ba cheart aon phionós arna fhorchur ar ghnóthas i gcás nach gcomhlíontar na téarmaí agus coinníollacha fostaíochta is gá a áirithiú d’oibrithe ar postú a bheith comhréireach, agus nuair a chinnfear an pionós, ba cheart a chur san áireamh, go háirithe, cibé acu ar cuireadh nó nár cuireadh an fhaisnéis atá ar an láithreán gréasáin náisiúnta oifigiúil aonair faoi na téarmaí agus na coinníollacha fostaíochta ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 5 de Threoir 2014/67/AE, agus neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta á urramú.

(22)

Le Treoir 2014/67/AE, leagtar síos roinnt forálacha lena n-áirithiú go gcuirfear na rialacha a bhaineann le hoibrithe a phostú i bhfeidhm agus go ndéanfaidh na gnóthais ar fad na rialacha sin a urramú. Le hAirteagal 4 den Treoir sin foráiltear do na gnéithe fíorasacha a fhéadfar a chur san áireamh sa mheasúnú foriomlán ar chásanna sonracha d’fhonn postú ionraic a shainaithint agus an mhí-úsáid agus imchéimniú na rialacha a chosc.

(23)

Ba cheart d’fhostóirí, sula gcuirfear tús le postú, bearta iomchuí a ghlacadh chun faisnéis bhunriachtanach faoi na téarmaí agus coinníollacha fostaíochta a sholáthar do na hoibrithe maidir leis an bpostú, i gcomhréir le Treoir 91/533/CEE (9), ón gComhairle.

(24)

Leis an Treoir seo bunaítear creat cothrom i dtaca leis an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar agus oibrithe ar postú a chosaint, creat atá neamh-idirdhealaitheach, trédhearcach agus comhréireach ach a thugann urraim mar sin féin don éagsúlacht sna córais caidrimh thionsclaíoch náisiúnta. Ní chuireann an Treoir seo cosc ar théarmaí agus ar choinníollacha fostaíochta ar fabhraí do na hoibrithe ar postú iad a chur i bhfeidhm.

(25)

D’fhonn aghaidh a thabhairt ar mhí-úsáidí i gcásanna fochonraitheoireachta agus d’fhonn cearta oibrithe ar postú a chosaint, ba cheart do na Ballstáit bearta iomchuí a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 12 de Threoir 2014/67/AE, chun dliteanas fochonraitheoireachta a áirithiú.

(26)

D’fhonn a áirithiú go gcuirfear Treoir 96/71/CE i bhfeidhm mar is ceart, ba cheart an comhordú idir údaráis inniúla na mBallstát agus/nó a gcuid comhlachtaí, agus an comhar ar leibhéal an Aontais i ndáil leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise a bhaineann le hoibrithe a phostú, a neartú.

(27)

I gcomhthéacs an chomhraic i gcoinne na calaoise a bhaineann le hoibrithe a phostú, ba cheart don Ardán Eorpach chun feabhas a chur ar an gcomhar maidir le dul i ngleic le hobair neamhdhearbhaithe (“an tArdán”) a bunaíodh le Cinneadh (AE) 2016/344 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), i gcomhréir lena shainordú, rannchuidiú chun faireachán agus measúnú a dhéanamh ar an gcalaois, feabhas a chur ar chur chun feidhme agus éifeachtúlacht an chomhair riaracháin idir na Ballstáit, sásraí foláirimh a fhorbairt agus cúnamh agus tacaíocht a thabhairt don chomhar riaracháin athneartaithe agus don mhalartú faisnéise idir na húdaráis inniúla nó na comhlachtaí inniúla. Chuige sin, oibreoidh an tArdán i ndlúthchomhar leis an gCoiste Saineolaithe maidir le hOibrithe a Phostú, arna bhunú le Cinneadh 2009/17/CE ón gCoimisiún (11).

(28)

Ós rud é go bhfuil cásanna áirithe maidir le calaois nó le mí-úsáidí bainteach le hoibrithe a phostú ar cásanna trasnáisiúnta iad, tá údar maith ann do bhearta nithiúla a chur i bhfearas arb é is aidhm dóibh gné thrasnáisiúnta na n-iniúchtaí, fiosrúchán agus malartuithe faisnéise idir údaráis inniúla nó comhlachtaí inniúla na mBallstát lena mbaineann a threisiú. Chun na críche sin, faoi chuimsiú an chomhair riaracháin dá bhforáiltear i dTreoir 96/71/CE agus i dTreoir 2014/67/AE, go háirithe Airteagal 7(4) de Threoir 2014/67/AE, ba cheart na hacmhainní is gá a bheith ag na húdaráis inniúla nó ag na comhlachtaí inniúla chun foláireamh a thabhairt faoi chásanna den sórt sin agus chun faisnéis a mhalartú atá dírithe ar chalaois agus mí-úsáidí a chosc agus a chomhrac.

(29)

I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin (12), ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an gaol idir codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na n-ionstraimí náisiúnta trasuite. I ndáil leis an Treoir seo, measann an reachtóir go bhfuil údar cuí le doiciméid den chineál sin a tharchur.

(30)

Ba cheart Treoir 96/71/CE a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Threoir 96/71/CE

Leasaítear Treoir 96/71/CE mar a leanas:

(1)

leasaítear Airteagal 1 mar a leanas:

(a)

cuirtear “Ábhar agus raon feidhme” in ionad an teidil;

(b)

cuirtear isteach na míreanna seo a leanas:

“(–1)   Leis an Treoir seo áiritheofar cosaint na n-oibrithe ar postú le linn a bpostú maidir leis an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar, trí fhorálacha éigeantacha is gá a urramú a leagan síos i ndáil le coinníollacha oibre agus cosaint shláinte agus shábháilteacht na n-oibrithe.

(–1a)   Ní dhéanfaidh an Treoir seo difear ar dhóigh ar bith d’fheidhmiú na gceart bunúsach mar atá siad aitheanta sna Ballstáit agus ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear an ceart nó an tsaoirse chun dul ar stailc nó gníomh eile a dhéanamh a chumhdaítear leis na córais shonracha chaidrimh thionsclaíoch atá sna Ballstáit, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus/nó leis an gcleachtas náisiúnta. Ná ní dhéanfaidh sí difear don cheart chun comhaontaithe comhchoiteanna a chaibidil, a thabhairt i gcrích agus a fhorfheidhmiú nó chun gníomhaíocht chomhchoiteann a ghlacadh, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus/nó leis an gcleachtas náisiúnta.”;

(c)

leasaítear mír 3 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

“(c)

i gcás gur gnóthas fostaíochta sealadaí nó gníomhaireacht socrúcháin shealadaigh é, déanfaidh na gnóthais oibrí a fhruiliú le gnóthas úsáideora atá bunaithe nó ag feidhmiú ar chríoch Bhallstáit, ar choinníoll go bhfuil caidreamh fostaíochta idir an gnóthas fostaíochta sealadaí nó gníomhaireacht socrúcháin shealadaigh agus an t-oibrí le linn na tréimhse postúcháin.”;

(ii)

cuirtear isteach na fomhíreanna seo a leanas:

“I gcás ina ndearna gnóthas fostaíochta sealadaí nó gníomhaireacht socrúcháin shealadaigh oibrí a fhruiliú le gnóthas úsáideora mar a thagraítear dó i bpointe (c) agus i gcás ina bhfuil ar an oibrí sin obair a dhéanamh i gcomhthéacs faoi chuimsiú soláthar trasnáisiúnta seirbhíse de réir bhrí phointe (a), pointe (b) nó pointe (c) ag an ngnóthas úsáideora ar chríoch Bhallstáit nach é an Ballstát ina mbíonn an t-oibrí ag obair don ghnóthas fostaíochta sealadaí nó don ghníomhaireacht socrúcháin shealadaigh de ghnáth, nó don ghnóthas úsáideora, measfar an t-oibrí sin a bheith postaithe chuig críoch an Bhallstáit sin ag an ngnóthas fostaíochta sealadaí nó ag an ngníomhaireacht socrúcháin shealadaigh a bhfuil caidreamh fostaíochta ag an oibrí leo. Measfar gur gnóthas mar a thagraítear dó i mír 1 é an gnóthas fostaíochta sealadaí nó an ghníomhaireacht socrúcháin shealadaigh, agus comhlíonfaidh sé forálacha ábhartha na Treorach seo agus forálacha ábhartha Threoir 2014/67/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1) go hiomlán.

Cuirfidh an gnóthas úsáideora an gnóthas fostaíochta sealadaí nó an ghníomhaireacht socrúcháin shealadaigh ónar fruilíodh an t-oibrí ar an eolas i dtráth cuí sula dtosóidh an obair dá dtagraítear sa dara fomhír.

(*1)  Treoir 2014/67/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le forfheidhmiú Threoir 96/71/CE maidir le hoibrithe a phostú faoi chuimsiú seirbhísí a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 maidir le comhar riaracháin trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (“Rialachán IMI”) (IO L 159, 28.5.2014, lch. 11).”;"

(2)

leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Áiritheoidh na Ballstáit, cibé dlí is infheidhme maidir leis an gcaidreamh fostaíochta, go ndéanfaidh gnóthais dá dtagraítear in Airteagal 1(1), ar bhonn na córa comhionainne, i dtaca le hoibrithe a dhéantar a phostú chuig a gcríoch, téarmaí agus coinníollacha fostaíochta a ráthú dóibh lena gclúdaítear na nithe seo a leanas a leagtar síos sa Bhallstát ina ndéantar an obair:

le foráil reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin, agus/nó

le comhaontuithe comhchoiteanna nó le dámhachtainí eadrána ar dearbhaíodh iad a bheith infheidhme go huilíoch nó a bhfuil feidhm acu ar shlí eile i gcomhréir le mír 8:

(a)

tréimhsí oibre uasta agus tréimhsí sosa íosta;

(b)

saoire bhliantúil íoctha íosta;

(c)

luach saothair, lena n-áirítear rátaí ragoibre; níl feidhm ag an bpointe seo maidir le scéimeanna pinsin ceirde fhorlíontacha;

(d)

na coinníollacha a bhaineann le hoibrithe a fhruiliú, go háirithe an soláthar oibrithe ó ghnóthais fostaíochta sealadaí;

(e)

sláinte, sábháilteacht agus sláinteachas ag an obair;

(f)

bearta cosanta i ndáil le téarmaí agus coinníollacha fostaíochta do mhná torracha nó do mhná a shaolaigh páiste le gairid, do leanaí agus do dhaoine óga;

(g)

cóir chomhionann idir fir agus mná agus forálacha eile maidir le neamh-idirdhealú;

(h)

coinníollacha cóiríochta na n-oibrithe i gcás ina gcuireann an fostóir ar fáil é d’oibrithe atá i bhfad óna ngnátháit oibre;

(i)

liúntais nó aisíocaíocht ar chaiteachas chun speansais taistil, béilí agus lóistín a chumhdach d’oibrithe atá as baile i ngeall ar chúinsí gairmiúla.

Níl feidhm ag pointe (i) ach amháin maidir le caiteachas taistil, béilí agus lóistín arna dtabhú ag oibrithe ar postú nuair a bhíonn orthu a bheith ag teacht agus ag imeacht ón ngnátháit oibre ar chríoch an Bhallstáit ar ann atá na hoibrithe sin ar postú, nó i gcás ina seoltar na hoibrithe ar bhonn sealadach ag an bhfostóir ón ngnátháit oibre sin go háit oibre eile.

Chun críocha na Treorach seo, is é dlí náisiúnta agus/nó cleachtas náisiúnta an Bhallstáit a ndéantar an t-oibrí a chur ar postú ar a chríoch a chinnfidh coincheap an luacha saothair agus ciallaíonn sé sin na comhghnéithe uile den luach saothar atá éigeantach faoin dlí náisiúnta, rialachán nó foráil riaracháin, nó faoi chomhaontuithe comhchoiteanna nó dámhachtainí eadrána ar dearbhaíodh sa Bhallstát sin iad a bheith infheidhme go huilíoch nó a bhfuil feidhm acu ar shlí eile i gcomhréir le mír 8.

Gan dochar d’Airteagal 5 de Threoir 2014/67/AE, déanfaidh na Ballstáit, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus/nó leis an gcleachtas náisiúnta, gan moill mhíchuí agus ar bhealach trédhearcach, an fhaisnéis maidir le téarmaí agus coinníollacha fostaíochta a fhoilsiú ar an suíomh gréasáin aonair náisiúnta dá dtagraítear san Airteagal sin, lena n-áirítear na comhghnéithe den luach saothair dá dtagraítear sa tríú fomhír den mhír seo agus na téarmaí agus na coinníollacha fostaíochta uile i gcomhréir le mír 1a den Airteagal seo.

Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis arna soláthar ar an suíomh gréasáin aonair náisiúnta cruinn agus cothrom le dáta. Foilseoidh an Coimisiún ar a shuíomh gréasáin seoltaí na suíomhanna gréasáin aonair náisiúnta.

I gcás nach soiléiríonn an fhaisnéis ar an suíomh gréasáin aonair náisiúnta, contrártha d’Airteagal 5 de Threoir 2014/67/AE, na téarmaí agus na coinníollacha fostaíochta atá le cur i bhfeidhm, cuirfear an cúinse sin san áireamh, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus/nó leis an gcleachtas náisiúnta, agus pionóis á gcinneadh i gcás sáruithe ar na forálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo, a mhéid is gá chun a gcomhréireacht a áirithiú.”

(b)

cuirtear isteach na míreanna seo a leanas:

“1a.   I gcás ina maireann ré phostaithe níos mó ná 12 mhí, déanfaidh na Ballstáit a áirithiú, beag beann ar an dlí is infheidhme maidir leis an gcaidreamh fostaíochta, go n-urramaíonn na gnóthais dá dtagraítear in Airteagal 1(1), ar bhonn na córa comhionainne, d’oibrithe atá ar postú ar a gcríoch, chomh maith leis na téarmaí agus coinníollacha fostaíochta mar a thagraítear dóibh i mír 1 den Airteagal seo, na téarmaí agus na coinníollacha fostaíochta uile atá leagtha síos sa Bhallstát ina ndéantar an obair:

le foráil reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin, agus/nó

le comhaontuithe comhchoiteanna nó le dámhachtainí eadrána ar dearbhaíodh iad a bheith infheidhme go huilíoch nó a bhfuil feidhm acu ar shlí eile i gcomhréir le mír 8.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír den mhír seo maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

nósanna imeachta, foirmiúlachtaí agus coinníollacha maidir leis an gconradh fostaíochta a chur i gcrích agus a fhoirceannadh, lena n-áirítear clásail neamhiomaíochta;

(b)

scéimeanna pinsin scoir ceirde forlíontacha.

Sa chás go dtíolacann an soláthraí seirbhíse fógra réasúnaithe, déanfaidh an Ballstát ina soláthraítear an tseirbhís an tréimhse dá dtagraítear sa chéad fhomhír a fhadú chuig 18 mí.

I gcás ina gcuireann gnóthas dá dtagraítear in Airteagal 1(1) oibrí ar postú in ionad oibrí eile ar postú atá i mbun an chúraim chéanna san áit chéanna, is é tréimhse an phostaithe, chun críocha na míre seo, ré charnach na dtréimhsí ar postú ag na hoibrithe aonair ar postú lena mbaineann.

Cinnfear an coincheap “an cúram céanna san áit chéanna” dá dtagraítear sa cheathrú fomhír den mhír seo agus cineál na seirbhíse atá le soláthar, an obair atá le déanamh agus seoladh/seoltaí an ionaid oibre, inter alia, á gcur san áireamh.

1b.   Forálfaidh na Ballstáit go ráthóidh na gnóthais dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 1(3) d’oibrithe ar postú na téarmaí agus coinníollacha fostaíochta atá infheidhme de bhun Airteagal 5 de Threoir 2008/104/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2) maidir le hoibrithe gníomhaireachta sealadacha arna bhfruiliú ag gníomhaireachtaí oibre sealadaí atá bunaithe sa Bhallstát ina ndéantar an obair.

Cuirfidh an gnóthas úsáideora na gnóthais dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 1(3) ar an eolas maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha fostaíochta a chuireann sé i bhfeidhm i ndáil leis na coinníollacha oibre agus an luach saothar a mhéid atá cumhdaithe faoin gcéad fhomhír den mhír seo.

(*2)  Treoir 2008/104/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le hobair ghníomhaireachta shealadach (IO L 327, 5.12.2008, lch. 9).”,"

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:

“7.   Ní chuirfidh mír 1 go mír 6 cosc ar théarmaí agus ar choinníollacha fostaíochta ar fabhraí do na hoibrithe iad a chur i bhfeidhm.

Liúntais a bhaineann go sonrach leis an bpostú, measfar gur cuid den luach saothair iad, ach amháin i gcás ina n-íoctar iad mar aisíocaíocht ar chaiteachas arna thabhú iarbhír mar gheall ar an bpostú, amhail caiteachas ar thaisteal, béilí agus lóistín. Gan dochar do phointe (h) den chéad fhomhír de mhír 1, déanfaidh an fostóir caiteachas den sórt sin a aisíoc leis an oibrí ar postú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus/nó leis an gcleachtas náisiúnta is infheidhme maidir le caidreamh fostaíochta.

Mura gcinnfear leis na téarmaí agus na coinníollacha fostaíochta is infheidhme maidir leis an gcaidreamh fostaíochta an mar aisíocaíocht ar chaiteachas arna thabhú iarbhír mar gheall ar an bpostú nó an mar chuid de luach saothair a dhéantar gnéithe den liúntas a bhaineann go sonrach leis an bpostú a íoc agus, sa chás sin, mura gcinnfear leo cé na gnéithe atá i gceist, measfar gur mar aisíocaíocht ar chaiteachas a dhéantar an liúntas ar fad a íoc.”;

(d)

i mír 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír agus an tríú fomhír:

“In éagmais, nó i dteannta, córas chun a dhearbhú go bhfuil comhaontuithe comhchoiteanna nó dámhachtainí eadrána infheidhme go huilíoch de réir bhrí na chéad fhomhíre, féadfaidh na Ballstáit, má chinneann siad amhlaidh, an méid seo a leanas a bheith mar bhonn acu:

comhaontuithe comhchoiteanna nó dámhachtainí eadrána is infheidhme go ginearálta maidir le gach gnóthas comhchosúil sa limistéar geografach agus sa ghairm nó sa tionscal lena mbaineann, agus/nó

comhaontuithe comhchoiteanna arna dtabhairt i gcrích ag na heagraíochtaí fostóirí agus saothair is ionadaíche ar an leibhéal náisiúnta agus a chuirtear i bhfeidhm ar fud na críche náisiúnta,

ar choinníoll go n-áirithítear, agus na comhaontuithe nó na dámhachtainí sin á gcur i bhfeidhm maidir le gnóthais dá dtagraítear in Airteagal 1(1), go mbeidh cóir chomhionann ann maidir leis na hábhair a liostaítear sa chéad fhomhír de mhír 1 den Airteagal seo agus, i gcás inarb infheidhme, i ndáil le téarmaí agus coinníollacha fostaíochta a bheidh le ráthú d’oibrithe ar postú i gcomhréir le mír 1a den Airteagal seo, idir na gnóthais sin agus na gnóthais eile dá dtagraítear san fhomhír seo agus ar cosúil a gcás.

Measfar go mbeidh cóir chomhionann ann, laistigh de bhrí an Airteagail seo, i gcásanna ina bhfuil gnóthais náisiúnta i gcásanna cosúil lena chéile:

faoi réir na n-oibleagáidí céanna leis na gnóthais dá dtagraítear in Airteagal 1(1) i dtaca le hábhair a liostaítear sa chéad fhomhír de mhír 1 den Airteagal seo agus, más infheidhme, i ndáil leis na téarmaí agus coinníollacha fostaíochta a bheidh le ráthú d’oibrithe ar postú i gcomhréir le mír 1a den Airteagal seo, agus

faoi cheangal oibleagáidí den sórt sin a chomhlíonadh agus na héifeachtaí céanna i bhfeidhm iontu.”;

(e)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 9 agus mhír 10:

“9.   Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go ndéanfaidh gnóthais dá dtagraítear in Airteagal 1(1), sa bhreis ar na téarmaí agus na coinníollacha fostaíochta dá dtagraítear i mír 1b den Airteagal seo, téarmaí agus coinníollacha eile is infheidhme maidir le hoibrithe gníomhaireachta sealadacha sa Bhallstát ina mbeidh an obair á déanamh, a ráthú d’oibrithe dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 1(3).

10.   Leis an Treoir seo, ní chuirfear bac ar na Ballstáit téarmaí agus coinníollacha fostaíochta a bhaineann le hábhair nach iad na hábhair dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1 iad, a chur i bhfeidhm, i gcomhréir leis na Conarthaí, maidir le gnóthais náisiúnta agus gnóthais ó Bhallstáit eile, ar bhonn na córa comhionainne, i gcás forálacha beartais phoiblí.”;

(3)

in Airteagal 4(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“2.   Déanfaidh na Ballstáit foráil do chomhar idir na húdaráis nó na comhlachtaí inniúla, lena n-áirítear údaráis phoiblí atá freagrach, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, as faireachán a dhéanamh ar na téarmaí agus na coinníollacha fostaíochta dá dtagraítear in Airteagal 3, lena n-áirítear ar leibhéal an Aontais. Is éard a bheidh i gceist le comhar den sórt sin freagairt a thabhairt ar iarrataí réasúnaithe ó na húdaráis nó comhlachtaí sin ar fhaisnéis maidir le fruiliú trasnáisiúnta oibrithe, agus dul i ngleic le mí-úsáidí follasacha nó cásanna féideartha de ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha, amhail cásanna trasnáisiúnta d’obair neamhdhearbhaithe agus féinfhostaíocht bhréagach atá nasctha le hoibrithe a phostú. I gcás nach mbeidh an fhaisnéis a d’iarr údarás inniúil nó comhlacht inniúil an Bhallstáit a ndéantar an t-oibrí a chur ar postú ar a chríoch ag údarás inniúil nó comhlacht inniúil an Bhallstáit óna ndéantar an t-oibrí a phostú, lorgóidh sé an fhaisnéis sin ó údaráis nó comhlachtaí eile sa Bhallstát sin. I gcás ina mbeidh moill leanúnach ann agus faisnéis á cur ar fáil don Bhallstát a ndéantar an t-oibrí a chur ar postú ar a chríoch, cuirfear an Coimisiún ar an eolas agus déanfaidh sé na bearta iomchuí.”;

(4)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5:

“Airteagal 5

Faireachán, rialú agus forfheidhmiú

Beidh an Ballstát a ndéantar an t-oibrí a chur ar postú ar a chríoch agus an Ballstát óna ndéantar an t-oibrí a phostú freagrach as faireachán, rialú agus forfheidhmiú na n-oibleagáidí a leagtar síos sa Treoir seo agus i dTreoir 2014/67/AE agus déanfaidh siad na bearta iomchuí i gcás mainneachtain an Treoir seo a chomhlíonadh.

Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

Áiritheoidh na Ballstáit, go háirithe, go mbeidh nósanna imeachta leordhóthanacha ar fáil d’oibrithe agus/nó d’ionadaithe oibrithe chun na hoibleagáidí faoin Treoir seo a fhorfheidhmiú.

I gcás ina suitear, tar éis measúnú foriomlán ag Ballstát de bhun Airteagal 4 de Threoir 2014/67/AE, go bhfuil gnóthas ag tabhairt le tuiscint go míchuí nó go calaoiseach go dtagann cás oibrí faoi raon feidhme na Treorach seo, áiritheoidh an Ballstát sin go dtairbheoidh an t-oibrí den dlí ábhartha agus den chleachtas ábhartha.

Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh sé mar thoradh ar an Airteagal seo go mbeidh an t-oibrí lena mbaineann faoi réir coinníollacha is lú fabhar ná na coinníollacha is infheidhme maidir le hoibrithe ar postú.”;

(5)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na bhfocal réamhráiteach den Iarscríbhinn:

“Sna gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 3(2), áirítear an obair foirgníochta uile a bhaineann le tógáil, deisiú, cothabháil, athchóiriú nó leagan foirgneamh, agus go háirithe an obair seo a leanas:”.

Airteagal 2

Athbhreithniú

1.   Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar chur i bhfeidhm agus ar chur chun feidhme na Treorach seo. Faoin 30 Iúil 2023, cuirfidh an Coimisiún tuairisc ar chur i bhfeidhm agus ar chur chun feidhme na Treorach seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus molfaidh sé, i gcás inarb iomchuí, na leasuithe is gá a dhéanamh ar an Treoir seo agus ar Threoir 96/71/CE.

2.   Áiritheofar leis an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 measúnú ar an ngá atá le bearta breise chun cothrom na féinne a áirithiú agus chun oibrithe a chosaint:

(a)

i gcás fochonraitheoireachta;

(b)

i bhfianaise Airteagal 3(3) den Treoir seo, ag cur san áireamh na forbairtí maidir leis an ngníomh reachtach lena leasaítear Treoir 2006/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13) maidir le ceanglais forfheidhmiúcháin agus lena leagtar síos rialacha sonracha i dtaca le Treoir 96/71/CE agus Treoir 2014/67/AE maidir le tiománaithe a phostú in earnáil an iompair de bhóthar.

Airteagal 3

Trasuí agus cur i bhfeidhm

1.   Déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 30 Iúil 2020. Cuirfidh siad téacs na mbeart sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Cuirfidh siad na bearta sin i bhfeidhm ón 30 Iúil 2020. Go dtí an dáta sin, beidh feidhm fós ag Treoir 96/67/CE san fhoclaíocht a bhí ann roimh na leasuithe a tugadh isteach leis an Treoir seo.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a leagfaidh síos na modhanna ina ndéanfar an tagairt sin.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhbhearta an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

3.   Beidh feidhm ag an Treoir seo maidir le hearnáil an iompair de bhóthar ó dháta chur i bhfeidhm gnímh reachtaigh lena leasaítear Treoir 2006/22/CE maidir le ceanglais forfheidhmiúcháin agus lena leagtar síos rialacha sonracha i dtaca le Treoir 96/71/CE agus Treoir 2014/67/AE maidir le tiománaithe a phostú in earnáil an iompair de bhóthar.

Airteagal 4

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 5

Seolaithe

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 28 Meitheamh 2018.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

L. PAVLOVA


(1)  IO C 75, 10.3.2017, lch. 81.

(2)  IO C 185, 9.6.2017, lch. 75.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 29 Bealtaine 2018 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 21 Meitheamh 2018.

(4)  Treoir 96/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 1996 maidir le hoibrithe a phostú faoi chuimsiú seirbhísí a sholáthar (IO L 18, 21.1.1997, lch. 1).

(5)  Treoir 2014/67/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le forfheidhmiú Threoir 96/71/CE maidir le hoibrithe a phostú faoi chuimsiú seirbhísí a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 maidir le comhar riaracháin trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (“Rialachán IMI”) (IO L 159, 28.5.2014, lch. 11).

(6)  Treoir 2008/104/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le hobair ghníomhaireachta shealadach (IO L 327, 5.12.2008, lch. 9).

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta (IO L 166, 30.4.2004, lch. 1).

(8)  Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 lena leagtar síos an nós imeachta chun Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta a chur chun feidhme (IO L 284, 30.10.2009, lch. 1).

(9)  Treoir 91/533/CEE ón gComhairle an 14 Deireadh Fómhair 1991 maidir le hoibleagáid an fhostóra a chuid fostaithe a chur ar an eolas faoi na coinníollacha is infheidhme maidir leis an gconradh nó leis an gcaidreamh fostaíochta (IO L 288, 18.10.1991, lch. 32).

(10)  Cinneadh (AE) 2016/344 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le hArdán Eorpach a chur ar bun chun feabhas a chur ar an gcomhar maidir le dul i ngleic le hobair neamhdhearbhaithe (IO L 65, 11.3.2016, lch. 12).

(11)  Cinneadh 2009/17/CE ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2008 lena mbunaítear Coiste na Saineolaithe maidir le hOibrithe a Phostú (IO L 8, 13.1.2009, lch. 26).

(12)  IO C 369, 17.12.2011, lch. 14.

(13)  Treoir 2006/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le coinníollacha íosta chun Rialachán (CEE) Uimh. 3820/85 agus Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle maidir le reachtaíocht shóisialta a bhaineann le gníomhaíochtaí iompair de bhóthar a chur chun feidhme agus lena n-aisghairtear Treoir 88/599/CEE ón gComhairle (IO L 102, 11.4.2006, lch. 35).


9.7.2018   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

25


TREOIR (AE) 2018/958 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 28 Meitheamh 2018

maidir le tástáil chomhréireachta a dhéanamh sula nglacfar rialáil nua gairmeacha

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 46, Airteagal 53(1) agus Airteagal 62 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Is ceart bunúsach é an tsaoirse chun slí bheatha a roghnú. Ráthaítear le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”) an tsaoirse chun slí bheatha a roghnú agus an tsaoire chun gnó a sheoladh. Is bunphrionsabail de chuid an mhargaidh inmheánaigh a chumhdaítear sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) iad saorghluaiseacht oibrithe, an tsaoirse bhunaíochta agus an tsaoirse chun seirbhísí a chur ar fáil. Níor cheart, dá bhrí sin, rialacha náisiúnta lena n-eagraítear rochtain ar na gairmeacha rialáilte a bheith ina gconstaic nach bhfuil údar léi ar fheidhmiú na gceart bunúsach sin ná a bheith ina gconstaic dhíréireach ar iad a fheidhmiú.

(2)

In éagmais forálacha sonracha a bheith leagtha síos i ndlí an Aontais lena gcomhchuibhítear na ceanglais maidir le rochtain ar ghairm rialáilte, nó le gairm rialáilte a shaothrú, is é inniúlacht Ballstáit é a chinneadh cibé a dhéanfar rialáil ar ghairm laistigh de theorainneacha phrionsabail an neamh-idirdhealaithe agus na comhréireachta agus a chinneadh conas a dhéanfar an rialáil sin.

(3)

Tá prionsabal na comhréireachta ar cheann de phrionsabail ghinearálta dhlí an Aontais. Eascraíonn sé as cásdlí (3) gur cheart ceithre choinníoll a chomhlíonadh i mbearta náisiúnta a d’fhéadfadh bac a chur ar fheidhmiú na saoirsí bunúsacha a ráthaítear le CFAE nó a d’fhéadfadh a fhágáil gur lú an mhealltacht a bheadh ann na saoirsí bunúsacha sin a fheidhmiú, is iad sin: ba cheart iad a chur i bhfeidhm ar bhealach neamh-idirdhealaitheach; ba cheart cuspóirí leas an phobail a bheith mar údar leo; ba cheart iad a bheith oiriúnach chun an cuspóir a shaothraíonn siad a bhaint amach; agus níor cheart go rachaidís thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(4)

Le Treoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), áirítear an oibleagáid ar na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht a gceanglas lena gcuirtear srian le rochtain ar na gairmeacha rialáilte, nó le saothrú na ngairmeacha sin, agus torthaí an mheasúnaithe sin a chur in iúl don Choimisiún, gníomh lena seolfar an “próiseas meastóireachta frithpháirtí”. Fágann an próiseas sin go raibh ar na Ballstáit scagthástáil a dhéanamh ar a reachtaíocht ar fad maidir leis na gairmeacha uile a ndearnadh rialáil orthu ar a gcríoch féin.

(5)

Léiríodh i dtorthaí an phróisis meastóireachta frithpháirtí go raibh easpa soiléire ann maidir leis na critéir a bhí le húsáid ag na Ballstáit agus measúnú á dhéanamh acu ar chomhréireacht na gceanglas lena gcuirtear srian le rochtain ar na gairmeacha rialáilte, nó le saothrú na ngairmeacha sin agus go raibh iniúchadh neamh-chomhsheasmhach á dhéanamh ar na ceanglais sin ar gach leibhéal rialála. Chun ilroinnt an mhargaidh inmheánaigh a sheachaint agus chun deireadh a chur le bacainní ar ghabháil le gníomhaíochtaí fostaithe nó féinfhostaithe áirithe agus ar ghníomhaíochtaí den sórt sin a shaothrú, ba cheart cur chuige coiteann a bheith ann ar leibhéal an Aontais, rud a d’áiritheodh nach nglacfaí bearta díréireacha.

(6)

Sa Teachtaireacht uaidh an 28 Deireadh Fómhair 2015 dar teideal Upgrading the Single market: more opportunities for people and businesses (An margadh aonair a uasghrádú: tuilleadh deiseanna don phobal agus do ghnólachtaí), shainaithin an Coimisiún gur ghá creat anailíseach comhréireachta a ghlacadh do na Ballstáit lena úsáid agus athbhreithniú á dhéanamh acu ar rialálaithe gairmeacha atá ann cheana nó agus cinn nua á moladh acu.

(7)

Is é is aidhm leis an Treoir seo rialacha a bhunú chun measúnuithe comhréireachta a bheidh le déanamh ag Ballstáit sula ndéanfar rialálaithe gairmiúla nua a thabhairt isteach, nó sula ndéanfar rialálaithe gairmiúla atá ann cheana a leasú, chun dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú, agus, san am céanna, trédhearcacht agus ardleibhéal cosanta tomhaltóirí a ráthú.

(8)

Ba cheart na gníomhaíochtaí a chumhdaítear leis an Treoir seo a bheith bainteach leis na gairmeacha rialáilte a thagann faoi raon feidhme Threoir 2005/36/CE. Ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo maidir le ceanglais lena gcuirtear srian leis an rochtain ar na gairmeacha rialáilte atá ann cheana nó ar ghairmeacha nua a bhfuil breithniú á dhéanamh ag na Ballstáit cibé a dhéanfar rialáil orthu, nó lena gcuirtear srian le saothrú gairmeacha den sórt sin. Ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo de bhreis ar Threoir 2005/36/CE agus gan dochar d’fhorálacha eile a leagtar síos i ngníomh ar leith ón Aontas lena mbaineann rochtain ar ghairm rialáilte ar leith, nó saothrú gairme rialáilte ar leith.

(9)

Ní dochar an Treoir seo d’inniúlacht na mBallstát sainiú a dhéanamh ar eagrú agus inneachar a gcóras oideachais agus oiliúna gairmiúla, agus go háirithe maidir leis an bhféidearthacht go bhféadfaidís an chumhacht oideachas gairmiúil agus oiliúint ghairmiúil a eagrú nó a mhaoirsiú a tharmligean chuig eagraíochtaí gairmiúla. Forálacha nach ndéanann srian a chur leis an rochtain ar na gairmeacha rialáilte ná le saothrú na ngairmeacha sin, forálacha amhail leasuithe eagarthóireachta, nó oiriúnuithe teicniúla ar inneachar cúrsaí oiliúna nó nuachóiriú ar rialálaithe oiliúna, níor cheart iad a bheith faoi raon feidhme na Treorach seo. I gcás inarb é atá san oideachas gairmiúil nó san oiliúint ghairmiúil gníomhaíochtaí a bhfuil luach saothair ag dul leo, ba cheart an tsaoirse bhunaíochta agus an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar a ráthú.

(10)

I gcás ina dtrasuíonn na Ballstáit ceanglais shonracha a bhaineann le rialáil gairme tugtha a bhunaítear le gníomh ar leith de chuid an Aontais, rud a fhágann na Ballstáit gan rogha maidir leis an mbealach beacht ina bhfuiltear chun na ceanglais shonracha a thrasuí, níor cheart an measúnú comhréireachta, mar a éilítear le forálacha sonracha na Treorach seo é, a chur i bhfeidhm.

(11)

Ba cheart na Ballstáit a bheith in ann brath ar chreat coiteann rialála atá bunaithe ar choincheapa dlíthiúla atá sainmhínithe go soiléir maidir leis na bealaí éagsúla chun gairm a rialáil ar fud an Aontais. Tá roinnt bealaí ann chun gairm a rialáil, mar shampla trí rochtain ar ghníomhaíocht ar leith, nó saothrú gníomhaíochta ar leith, a theorannú do na daoine sin ag a bhfuil cáilíocht ghairmiúil. Féadfaidh na Ballstáit freisin ceann amháin de na modhanna ina saothraítear gairm a rialáil trí choinníollacha a leagan síos le haghaidh teidil ghairmiúla a úsáid nó trí cheanglais cháilíochta a fhorchur ar dhaoine féin-fhostaithe, ar ghairmithe tuarastail, nó ar bhainisteoirí nó ionadaithe dlíthiúla gnóthas, agus orthu sin amháin, go háirithe i gcás inar duine dlítheanach i bhfoirm cuideachta ghairmiúil a shaothraíonn an ghníomhaíocht.

(12)

Sula ndéanfar forálacha reachtacha, rialála nó riaracháin nua a thabhairt isteach nó forálacha reachtacha, rialála nó riaracháin atá ann cheana á leasú, lena gcuirtear srian le rochtain ar na gairmeacha rialáilte nó le saothrú na ngairmeacha sin, ba cheart do na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht na bhforálacha sin. Ba cheart méid an mheasúnaithe a bheith comhréireach le cineál, inneachar agus tionchar na forála atá á tabhairt isteach.

(13)

Is ar na Ballstáit a bheidh an dualgas cruthúnais i dtaca le húdar agus le comhréireacht. Dá bhrí sin, ba cheart anailís ar oiriúnacht agus comhréireacht an bhirt a ghlac an Ballstát sin agus fianaise shonrach a thugann bunús lena argóintí a bheith ag gabháil leis na cúiseanna le rialáil a bhféadfadh an Ballstát iad a agairt trí bhíthin údar a thabhairt. Cé nach gá go gcaithfeadh Ballstát staidéar sonrach nó foirm shonrach fianaise nó ábhair a sholáthar lena mbunófaí comhréireacht an bhirt sin sula nglacfaí é, ba cheart dó anailís oibiachtúil a dhéanamh, agus aird á tabhairt ar imthosca sonracha an Bhallstáit sin, ar anailís í lena léirítear gurb ann d’fhíor-rioscaí maidir le cuspóirí leas an phobail a bhaint amach.

(14)

Is ar bhealach oibiachtúil neamhspleách ba cheart do na Ballstáit measúnuithe comhréireachta a dhéanamh, lena n-áirítear i gcás ina ndéantar gairm a rialáil go hindíreach, tríd an gcumhacht a thabhairt do chomhlacht gairmiúil ar leith gairm a rialáil. D’fhéadfaí a áireamh sna measúnuithe sin tuairim arna fáil ó chomhlacht neamhspleách, lena n-áirítear comhlachtaí atá ann cheana agus ar cuid den phróiseas reachtach náisiúnta iad, ar a gcuireann na Ballstáit lena mbaineann de chúram an tuairim sin a sholáthar. Tá tábhacht ar leith ag gabháil leis sin go háirithe i gcásanna inarb iad údaráis áitiúla, comhlachtaí rialála nó eagraíochtaí gairmiúla a dhéanann an measúnú, arb údaráis, comhlachtaí nó eagraíochtaí iad atá níos gaire do na dálaí áitiúla agus a bhfuil eolas speisialaithe acu agus, dá bhrí sin, arbh fhearr a d’fhéadfadh siad, i gcásanna áirithe, an bealach is fearr le freastal ar chuspóirí leas an phobail a shainaithint ach a bhféadfadh an rogha beartais a dhéanfadh na húdaráis, na comhlachtaí nó na heagraíochtaí sin dul chun tairbhe d’oibreoirí seanbhunaithe agus chun aimhleas iontrálaithe nua sa mhargadh.

(15)

Is iomchuí faireachán a dhéanamh ar chomhréireacht na bhforálacha nua nó leasaithe, lena gcuirtear srian le rochtain ar na gairmeacha rialáilte nó le saothrú na ngairmeacha sin, tar éis iad a ghlacadh. Ní hé amháin gur cheart an t-athbhreithniú ar chomhréireacht an bhirt náisiúnta sriantaigh i réimse na ngairmeacha rialáilte a bheith bunaithe ar chuspóir an bhirt náisiúnta sin tráth a ghlactha, ach ba cheart é a bheith bunaithe freisin ar a éifeachtaí, agus é measúnaithe tar éis a ghlactha. Ba cheart an measúnú ar chomhréireacht an bhirt náisiúnta a bheith bunaithe ar fhorbairtí ar fionnadh gur tharla siad i réimse na gairme rialáilte ón uair a glacadh an beart.

(16)

Mar a dheimhnítear leis an gcásdlí socraithe, tá toirmeasc ar aon srian nach bhfuil údar leis a eascraíonn as dlí náisiúnta, lena gcuirtear srian leis an tsaoirse bhunaíochta nó leis an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar, lena n-áirítear aon idirdhealú ar fhorais náisiúntachta nó cónaithe.

(17)

I gcás ina bhfuil gabháil le gníomhaíochtaí fostaithe nó féinfhostaithe agus le saothrú gníomhaíochtaí den sórt sin coinníollach ar cheanglais áirithe a bhaineann le cáilíochtaí gairmiúla sonracha arna leagan síos go díreach nó go hindíreach ag na Ballstáit a chomhlíonadh, tá sé riachtanach a áirithiú go bhfuil údar leis na ceanglais sin i ngeall ar chuspóirí leas an phobail, amhail na cuspóirí sin de réir bhrí CFAE, mar atá an beartas poiblí, an tslándáil phoiblí agus an tsláinte phoiblí, nó i ngeall ar chúiseanna sáraitheacha leasa phoiblí, a aithnítear amhlaidh i gcásdlí na Cúirte Breithiúnais. Is gá a shoiléiriú freisin go bhfuil an méid seo a leanas i measc na gcúiseanna sáraitheacha leasa phoiblí atá aitheanta ag an gCúirt Bhreithiúnais: caomhnú chothromaíocht airgeadais an chórais slándála sóisialaí; cosaint do thomhaltóirí, d’fhaighteoirí seirbhísí, lena n-áirítear trí cháilíocht na hoibre ceirde a ráthú, agus d’oibreoirí; coimirciú chuí-riaradh an cheartais; cothroime na n-idirbheart trádála a áirithiú; calaois a chomhrac agus imghabháil cánach agus seachaint cánach a chosc, agus coimirciú éifeachtacht na maoirseachta fioscaí; sábháilteacht iompair; cosaint an chomhshaoil agus na timpeallachta uirbí; sláinte ainmhithe; maoin intleachtúil; agus coimirciú agus caomhnú na hoidhreachta stairiúla agus ealaíonta náisiúnta; cuspóirí beartais shóisialta; agus cuspóirí beartais chultúir. De réir an chásdlí shocraithe, ní féidir le cúiseanna is cúiseanna eacnamaíocha amháin iad, eadhon an geilleagar náisiúnta a chur chun cinn chun aimhleas na saoirsí bunúsacha, ná le cúiseanna is cúiseanna riaracháin amháin iad, amhail rialuithe a dhéanamh nó staitisticí a bhailiú, a bheith ina gcúiseanna sáraitheacha leasa phoiblí.

(18)

Is faoi na Ballstáit atá sé an leibhéal cosanta is mian leo a thabhairt do chuspóirí leas an phobail a chinneadh, mar aon leis an leibhéal iomchuí rialála, agus sin laistigh de theorainneacha na comhréireachta. Fiú amháin i gcás inar déine na rialacha a fhorchuireann Ballstát amháin ná mar a fhorchuireann Ballstáit eile, ní chiallaíonn sé sin go bhfuil rialacha an chéad Bhallstáit díréireach agus, dá bhrí sin, nach bhfuil siad comhoiriúnach le dlí an Aontais.

(19)

Maidir leis an tsláinte phoiblí a chosaint, i gcomhréir le hAirteagal 168(1) CFAE, tá ardleibhéal cosanta do shláinte an duine le háirithiú i sainiú agus i gcur chun feidhme bheartais agus ghníomhaíochtaí uile an Aontais. Tá an Treoir seo i gcomhréir go hiomlán leis an gcuspóir sin.

(20)

Chun a áirithiú go bhfuil na forálacha a thugann siad isteach, agus na leasuithe a dhéanann siad ar fhorálacha atá ann cheana, comhréireach, ba cheart do na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar na critéir maidir le measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht agus ar na critéir bhreise atá ábhartha maidir leis an ngairm rialáilte atá á hanailísiú. I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag Ballstát gairm a rialáil nó rialacha atá ann cheana a leasú, ba cheart cineál na rioscaí a bhaineann le cuspóirí leas an phobail atá á saothrú a chur san áireamh, go háirithe na rioscaí d’fhaighteoirí seirbhísí, lena n-áirítear tomhaltóirí, do ghairmithe nó do thríú páirtithe. Ba cheart a chur san áireamh freisin gur gnách neamhshiméadracht faisnéise a bheith ann idir tomhaltóirí agus gairmithe i réimse na seirbhísí gairmiúla, ós rud é go léiríonn gairmithe ardleibhéal eolais theicniúil, rud nach mbeadh, b’fhéidir, ag tomhaltóirí.

(21)

Níor cheart ceanglais atá nasctha le cáilíochtaí gairmiúla a mheas a bheith riachtanach ach amháin i gcás nach féidir bearta atá ann cheana, amhail an dlí um shábháilteacht táirgí nó an dlí um chosaint tomhaltóirí, a mheas a bheith oiriúnach ná fíor-éifeachtach chun an aidhm atá á saothrú a bhaint amach.

(22)

Chun freastal ar cheanglas na comhréireachta, ba cheart do bheart a bheith oiriúnach chun an cuspóir atá á shaothrú a bhaint amach. Níor cheart beart a mheas a bheith oiriúnach chun an cuspóir atá á shaothrú a bhaint amach ach amháin i gcás inarb é is mian leis dáiríre an cuspóir sin a bhaint amach ar bhealach comhsheasmhach córasach, mar shampla i gcás ina dtugtar aghaidh ar rioscaí den chineál céanna a bhaineann le gníomhaíochtaí áirithe ar bhealach inchomparáide agus i gcás ina gcuirtear aon díolúintí ó na srianta lena mbaineann i bhfeidhm ar aon dul leis an gcuspóir sonraithe. Ina theannta sin, ba cheart an beart náisiúnta cur go héifeachtach le baint amach an chuspóra atá á shaothrú agus, dá bhrí sin, níor cheart é a mheas a bheith oiriúnach i gcás nach bhfuil aon éifeacht aige ar an bhforas atá le húdar a thabhairt dó.

(23)

Ba cheart do na Ballstáit aird chuí a thabhairt ar thionchar foriomlán an bhirt ar shaorghluaiseacht daoine agus seirbhísí san Aontas, ar rogha na dtomhaltóirí agus ar cháilíocht na seirbhísí a chuirtear ar fáil. Ar an mbonn sin, ba cheart do na Ballstáit a fháil amach, go háirithe, cé acu atá nó nach bhfuil méid an tsrianta le rochtain ar na gairmeacha rialáilte, nó le saothrú na ngairmeacha sin, comhréireach le tábhacht na gcuspóirí atá á saothrú agus leis na tairbhí a bhfuiltear ag súil leo.

(24)

Ba cheart do na Ballstáit comparáid a dhéanamh idir an beart náisiúnta atá i gceist agus na réitigh mhalartacha nach bhfuil chomh sriantach céanna lena bhféadfaí an cuspóir céanna a bhaint amach agus lena bhforchuirfí níos lú srianta. I gcásanna nach bhfuil údar leis na bearta ach amháin chun críche tomhaltóirí a chosaint agus ina bhfuil na rioscaí sainaitheanta teoranta don chaidreamh idir an gairmí agus an tomhaltóir agus dá bhrí sin nach bhfuil drochthionchar á imirt acu ar thríú páirtithe, ba cheart do na Ballstáit measúnú a dhéanamh an bhféadfaí a gcuspóir a bhaint amach trí mhodhanna nach bhfuil chomh sriantach le gníomhaíochtaí a theorannú do ghairmithe. Mar shampla, i gcás inar féidir le tomhaltóirí rogha a dhéanamh go réasúnach idir seirbhísí gairmithe cáilithe a úsáid nó gan iad a úsáid, ba cheart leas a bhaint as modhanna nach bhfuil chomh sriantach céanna, amhail an teideal gairmiúil a chosaint nó clárú ar chlár gairmiúil. Ba cheart rialáil trí bhíthin gníomhaíochtaí forchoimeádta agus teideal gairmiúil faoi chosaint a bhreithniú i gcás ina bhfuil sé mar aidhm leis na bearta cosc a chur leis an riosca go ndéanfaí dochar tromchúiseach do chuspóirí leas an phobail, amhail an tsláinte phoiblí.

(25)

I gcás inarb ábhartha i bhfianaise chineál agus inneachar an bhirt atá á anailísiú, ba cheart do na Ballstáit na gnéithe seo a leanas a chur san áireamh freisin: an nasc idir raon na ngníomhaíochtaí gairmiúla a chumhdaítear le gairm agus an cháilíocht ghairmiúil a theastaíonn; castacht na gcúraimí, go háirithe maidir le leibhéal, cineál agus fad na hoiliúna nó na taithí a theastaíonn; bealaí difriúla a bheith ann chun an cháilíocht ghairmiúil a ghnóthú; cibé is féidir na gníomhaíochtaí atá forchoimeádta do ghairmithe áirithe a roinnt le gairmithe eile; agus an méid neamhspleáchais atá ann nuair atá gairm rialáilte á feidhmiú, go háirithe i gcás ina saothraítear na gníomhaíochtaí a bhaineann le gairm rialáilte faoi rialú gairmí atá cáilithe go cuí agus faoi fhreagracht an duine sin.

(26)

Leis an Treoir seo, tugtar aird ar an dul chun cinn eolaíochta agus teicneolaíochta atá déanta agus rannchuidítear le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh, lena n-áirítear sa timpeallacht dhigiteach. I bhfianaise luas an athraithe teicneolaíochta agus forbairtí eolaíochta, d’fhéadfadh go mbainfeadh tábhacht ar leith le nuashonruithe ar cheanglais rochtana i gcás roinnt gairmeacha, go háirithe i gcás seirbhísí gairmiúla a sholáthraítear trí mheán leictreonach. I gcás ina rialálann Ballstát gairm, ba cheart aird a thabhairt ar an bhfíric go bhféadfadh forbairtí eolaíochta agus teicneolaíochta neamhshiméadracht na faisnéise atá ann idir gairmithe agus tomhaltóirí a laghdú nó a mhéadú. I gcás ina ngabhann riosca ard do chuspóir leas an phobail le forbairtí eolaíochta agus teicneolaíochta, is faoi na Ballstáit atá sé, i gcás inar gá, gairmithe a spreagadh le cos a choinneáil leis na forbairtí sin.

(27)

Ba cheart do na Ballstáit measúnú cuimsitheach a dhéanamh ar na himthosca ina ndéantar an beart a ghlacadh agus a chur chun feidhme agus ba cheart dóibh scrúdú a dhéanamh go háirithe ar éifeacht na bhforálacha nua nó leasaithe nuair a chuirtear le chéile iad le ceanglais eile lena gcuirtear srian leis an rochtain ar an ngairm, nó le saothrú na gairme sin. D’fhéadfadh gabháil le gníomhaíochtaí áirithe agus na gníomhaíochtaí sin a shaothrú a bheith coinníollach ar roinnt ceanglas a chomhlíonadh, amhail rialacha a bhaineann le heagrú na gairme, ballraíocht éigeantach d’eagraíocht ghairmiúil nó de chomhlacht gairmiúil, eitic ghairmiúil, maoirseacht agus dliteanas. Mar sin, le linn dóibh éifeacht na bhforálacha nua nó leasaithe a mheasúnú, ba cheart do na Ballstáit na ceanglais atá ann cheana a chur san áireamh, lena n-áirítear forbairt ghairmiúil leanúnach, ballraíocht éigeantach d’eagraíocht ghairmiúil nó comhlacht gairmiúil, scéimeanna clárúcháin nó údarúcháin, srianta cainníochtúla, ceanglais shonracha maidir le foirm dhlíthiúil agus ceanglais maidir le scairshealbhóireacht, srianta críche, srianta ildisciplíneacha agus rialacha neamh-chomhoiriúnachta, ceanglais a bhaineann le cumhdach árachais, ceanglais maidir le heolas ar theangacha, a mhéid is gá chun an ghairm a chleachtadh, ceanglais maidir le híostaraifí agus/nó le huastaraifí socraithe, agus ceanglais maidir le fógraíocht.

(28)

D’fhéadfadh go mbeadh sé oiriúnach ceanglais bhreise a thabhairt isteach chun cuspóirí leas an phobail a bhaint amach. Fiú más amhlaidh gur cheart measúnú a dhéanamh ar éifeacht aonair nó chomhcheangailte na gceanglas sin, ní chiallaíonn sé sin go bhfuil siad díréireach prima facie. Mar shampla, d’fhéadfadh go mbeadh an oibleagáid dul faoi fhorbairt ghairmiúil leanúnach a dhéanamh oiriúnach chun a áirithiú go ndéanfaidh gairmithe cos a choinneáil le forbairtí ina réimsí faoi seach, fad nach leagtar síos coinníollacha idirdhealaitheacha díréireacha léi chun aimhleas iontrálaithe nua. Ar an gcuma chéanna, d’fhéadfaí a mheas go bhfuil ballraíocht éigeantach d’eagraíocht ghairmiúil nó de chomhlacht gairmiúil iomchuí i gcás ina gcuireann an Stát de chúram ar na heagraíochtaí gairmiúla sin nó na comhlachtaí gairmiúla sin cuspóirí ábhartha leas an phobail a choimirciú, chun maoirseacht a dhéanamh ar chleachtadh dlisteanach na gairme nó chun oiliúint ghairmiúil leanúnach a eagrú nó a mhaoirsiú, mar shampla. I gcás nach féidir neamhspleáchas gairme a ráthú go leormhaith ar bhealach eile, ba cheart do na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar choimircí a chur i bhfeidhm, amhail scairshealbhóireacht daoine lasmuigh den ghairm a theorannú nó foráil a dhéanamh gur daoine a shaothraíonn an ghairm atá le tromlach na gceart vótála a shealbhú, fad nach dtéann na coimircí sin thar a bhfuil riachtanach chun cuspóir leas an phobail a chosaint. D’fhéadfadh na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar cheanglais a bhunú maidir le híostaraifí agus/nó le huastaraifí socraithe a chaithfeadh na soláthraithe seirbhíse a chomhlíonadh, go háirithe i gcás seirbhísí ar gá sin a dhéanamh ina leith chun an prionsabal maidir le haisíoc costas a chur i bhfeidhm go héifeachtach, fad atá an srian sin comhréireach agus, i gcás inar gá, a dhéantar foráil do mhaoluithe ar na híostaraifí agus/nó ar na huastaraifí. I gcás ina dtugtar ceanglais bhreise isteach agus ina ndéantar dúbláil dá bharr sin ar cheanglais a thug Ballstát isteach cheana i gcomhthéacs rialacha nó nósanna imeachta eile, ní féidir a mheas go bhfuil na ceanglais bhreise sin comhréireach chun an cuspóir a shaothraítear a bhaint amach.

(29)

Faoi Theideal II de Threoir 2005/36/CE, ní féidir leis na Ballstáit ceanglais nó srianta a thoirmisctear sa Treoir sin a fhorchur ar sholáthraithe seirbhísí, atá bunaithe i mBallstát eile agus atá ag soláthar seirbhísí gairmiúla ar bhonn sealadach agus ócáideach, amhail údarú ó eagraíocht ghairmiúil nó comhlacht gairmiúil, clárú le heagraíocht nó comhlacht den sórt sin nó ballraíocht d’eagraíocht nó comhlacht den sórt sin, nó ionadaithe a bheith acu ar chríoch an Bhallstáit óstaigh chun críocha rochtain a bheith acu ar ghairm rialáilte nó í a shaothrú. Féadfaidh na Ballstáit, i gcás inar gá, a cheangal ar sholáthraithe seirbhísí a dteastaíonn uathu seirbhísí a sholáthar ar bhonn sealadach, faisnéis a chur ar fáil i bhfoirm dearbhú i scríbhinn a bheidh le déanamh roimh chéad sholáthar na seirbhíse agus an dearbhú sin a athnuachan ar bhonn bliantúil. Dá bhrí sin, chun soláthar seirbhísí gairmiúla a éascú, ní mór a athdhearbhú, agus cineál sealadach nó ócáideach na seirbhíse á chur san áireamh, maidir le ceanglais, amhail clárú uathoibríoch sealadach nó ballraíocht pro forma d’eagraíocht ghairmiúil nó comhlacht gairmiúil, réamhdhearbhuithe agus ceanglais a bhaineann le doiciméid, mar aon le táille nó aon mhuirear, gur cheart go mbeidís comhréireach. Níor cheart go dtiocfadh ualach díréireach as na ceanglais sin do sholáthraithe seirbhísí ná níor cheart go gcuirfidís bac ar an tsaoirse seirbhísí a sholáthar nó baint ó tharraingteacht na saoirse sin. Ba cheart do na Ballstáit, go háirithe, a mheas an bhfuil an ceanglas i dtaca le faisnéis agus doiciméid áirithe a chur ar fáil i gcomhréir le Treoir 2005/36/CE agus an fhéidearthacht tuilleadh mionsonraí a fháil trí bhíthin comhar riaracháin idir na Ballstáit trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh comhréireach agus leordhóthanach le go gcoiscfear riosca tromchúiseach go mbeadh na soláthraithe seirbhísí ag dul timpeall ar na rialacha is infheidhme. Níor cheart go mbeadh feidhm ag an Treoir seo, áfach, maidir le bearta atá ceaptha chun a áirithiú go gcomhlíonfar na téarmaí agus coinníollacha fostaíochta is infheidhme.

(30)

Mar a dheimhnítear leis an gcásdlí socraithe, tá tosaíocht ag sláinte agus beatha an duine ar na leasanna eile atá faoi chosaint le CFAE. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit aird chuí a thabhairt ar an gcuspóir maidir le hardleibhéal cosanta do shláinte an duine a áirithiú agus measúnú á dhéanamh acu ar cheanglais do ghairmeacha cúraim sláinte, amhail gníomhaíochtaí forchoimeádta, teideal gairmiúil faoi chosaint, forbairt ghairmiúil leanúnach nó rialacha maidir le heagrú na gairme, eitic agus maoirseacht ghairmiúil agus, san am céanna, na coinníollacha íosta oiliúna a leagtar síos i dTreoir 2005/36/CE a urramú. Ba cheart do na Ballstáit, go háirithe, a áirithiú maidir le rialáil gairmeacha cúraim sláinte, a bhfuil impleachtaí aici ar an tsláinte phoiblí agus ar shábháilteacht othar, go bhfuil sí comhréireach agus go rannchuidíonn sí leis an rochtain ar chúram sláinte a ráthú, a aithnítear mar cheart bunúsach sa Chairt, agus go rannchuidíonn sí freisin le cúram sláinte ardcháilíochta atá sábháilte agus éifeachtúil do na saoránaigh ar a gcríoch. Agus beartais á mbunú le haghaidh seirbhísí cúraim sláinte, ba cheart a thabhairt ar aird gur gá inrochtaineacht, ardcháilíocht seirbhíse agus soláthar leormhaith agus sábháilte táirgí íocshláinte a áirithiú, i gcomhréir leis na riachtanais sláinte phoiblí i gcríoch an Bhallstáit lena mbaineann, agus gur gá neamhspleáchas gairmiúil na ngairmithe cúraim sláinte a áirithiú freisin. Maidir leis an údar atá leis na gairmeacha cúraim sláinte a rialáil, ba cheart do na Ballstáit aird a thabhairt ar an gcuspóir maidir le hardleibhéal cosanta do shláinte an duine a áirithiú, lena n-áirítear inrochtaineacht agus cúram sláinte ardcháilíochta do na saoránaigh, agus soláthar leormhaith agus sábháilte táirgí íocshláinte, agus an corrlach le haghaidh lánrogha dá dtagraítear in Airteagal 1 den Treoir seo á chur san áireamh.

(31)

D’fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh, tá sé riachtanach a áirithiú go soláthraíonn na Ballstáit faisnéis do shaoránaigh, do chumainn ionadaíocha agus do gheallsealbhóirí ábhartha eile, lena n-áirítear comhpháirtithe sóisialta sula dtabharfaidh siad ceanglais nua isteach nó sula ndéanfaidh siad ceanglais atá ann cheana a leasú lena gcuirtear srian le rochtain ar na gairmeacha rialáilte nó le saothrú na ngairmeacha sin. Ba cheart do na Ballstáit na comhpháirtithe uile lena mbaineann a dhéanamh rannpháirteach agus an deis a thabhairt dóibh a gcuid tuairimí a chur in iúl. I gcás inarb ábhartha agus iomchuí, ba cheart do na Ballstáit comhairliúcháin phoiblí a dhéanamh i gcomhréir lena nósanna imeachta náisiúnta.

(32)

Freisin, ba cheart do na Ballstáit lánaird a thabhairt ar chearta na saoránach chun rochtana ar an gceartas, mar atá siad ráthaithe le hAirteagal 47 den Chairt agus le hAirteagal 19(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). Dá bhrí sin, i gcomhréir leis na nósanna imeachta arna leagan síos sa dlí náisiúnta agus i bprionsabail bhunreachtúla, ba cheart go mbeadh cúirteanna náisiúnta in ann measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht na gceanglas a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo, chun a áirithiú, do gach duine nádúrtha nó dlítheanach, an ceart chun leigheas éifeachtach a fháil in aghaidh srianta ar an tsaoirse gairm a roghnú, ar an tsaoirse bunaíochta agus ar an tsaoirse seirbhísí a sholáthar.

(33)

Chun críocha faisnéis a mhalartú ar dea-chleachtais, ba cheart do na Ballstáit na bearta is gá a dhéanamh chun spreagadh a thabhairt do chomhroinnt faisnéise atá leordhóthanach agus a nuashonraítear go rialta le Ballstáit eile maidir le rialáil gairmeacha, chomh maith le héifeachtaí na rialála sin. Ba cheart don Choimisiún an malartú sin a éascú.

(34)

Chun trédhearcacht a mhéadú agus chun measúnuithe comhréireachta a chur chun cinn bunaithe ar chritéir inchomparáide, gan dochar d’Airteagal 346 CFAE, ba cheart don fhaisnéis a chuireann na Ballstáit isteach a bheith inrochtana go héasca i mbunachar sonraí na ngairmeacha rialáilte chun go mbeidh Ballstáit agus páirtithe leasmhara eile in ann barúlacha a thíolacadh chuig an gCoimisiún agus chuig an mBallstát lena mbaineann. Ba cheart don Choimisiún na barúlacha sin a chur san áireamh go cuí ina thuarascáil achomair, arna táirgeadh i gcomhréir le Treoir 2005/36/CE.

(35)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo, eadhon dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú agus srianta díréireacha a sheachaint ar rochtain ar na gairmeacha rialáilte, nó ar iad a shaothrú, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta sin, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú,.

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Leagtar síos leis an Treoir seo rialacha maidir le creat coiteann chun measúnú comhréireachta a dhéanamh sula dtabharfar forálacha nua reachtacha, rialála nó riaracháin isteach nó sula ndéanfar forálacha atá ann cheana a leasú, lena gcuirfear srian le rochtain ar na gairmeacha rialáilte nó le saothrú na ngairmeacha sin, d’fhonn feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú agus ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí á ráthú. Ní dhéanann sí difear d’inniúlacht na mBallstát, ceal comhchuibhithe, ná dá corrlach le haghaidh lánrogha a chinneadh an ndéanfar rialáil ar ghairm laistigh de theorainneacha phrionsabail an neamh-idirdhealaithe agus na comhréireachta agus a chinneadh conas a dhéanfar an rialáil sin.

Airteagal 2

Raon feidhme

1.   Beidh feidhm ag an Treoir seo maidir le forálacha reachtacha, rialála nó riaracháin na mBallstát lena gcuirtear srian le rochtain ar ghairm rialáilte nó le saothrú gairme den sórt sin, nó le ceann de na modhanna chun í a shaothrú, lena n-áirítear úsáid na dteideal gairmiúil agus na gníomhaíochtaí gairmiúla a cheadaítear faoi theideal den sórt sin a thagann faoi raon feidhme Threoir 2005/36/CE.

2.   I gcás ina mbunaítear ceanglais shonracha maidir le rialáil gairme ar leith le gníomh ar leithligh de chuid an Aontais, a fhágann na Ballstáit gan rogha maidir leis an mbealach sonrach a ndéanfar iad a thrasuí, ní bheidh feidhm ag forálacha comhfhreagracha na Treorach seo.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críche na Treorach seo, tá feidhm ag sainmhínithe Threoir 2005/36/CE.

Ina dteannta sin, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “teideal gairmiúil faoi chosaint” modh chun gairm a rialáil i gcás ina bhfuil úsáid an teidil i ngníomhaíocht ghairmiúil nó i ngrúpa gníomhaíochtaí gairmiúla faoi réir cáilíocht ghairmiúil shonrach a shealbhú, bíodh sé go díreach nó go hindíreach, de bhua forálacha reachtacha, rialála nó riaracháin, agus i gcás ina bhfuil úsáid mhíchuí an teidil sin faoi réir smachtbhannaí;

(b)

ciallaíonn “gníomhaíochtaí forchoimeádta” modh chun gairm a rialáil ina bhfuil an rochtain ar ghníomhaíocht ghairmiúil nó ar ghrúpa gníomhaíochtaí gairmiúla forchoimeádta do bhaill de ghairm rialáilte a bhfuil cáilíocht ghairmiúil shonrach acu, bíodh sé go díreach nó go hindíreach, de bhua forálacha reachtacha, rialála nó riaracháin, lena n-áirítear i gcás ina gcomhroinntear an ghníomhaíocht le gairmeacha rialáilte eile.

Airteagal 4

Measúnú ex ante ar bhearta nua agus faireachán

1.   Sula dtabharfaidh siad forálacha reachtacha, rialála nó riaracháin nua isteach, nó sula ndéanfaidh siad forálacha atá ann cheana a leasú, lena gcuirtear srian le rochtain ar na gairmeacha rialáilte nó le saothrú na ngairmeacha sin, déanfaidh na Ballstáit measúnú comhréireachta i gcomhréir le na rialacha a leagtar síos sa Treoir seo.

2.   Beidh méid an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 1 comhréireach le cineál, inneachar agus tionchar na forála.

3.   Beidh míniúchán ag gabháil le haon fhoráil dá dtagraítear i mír 1, a bheidh mionsonraithe go leor chun go bhféadfar comhlíonadh phrionsabal na comhréireachta a bhreithmheas.

4.   Beidh gnéithe cáilíochtúla agus, nuair is féidir, gnéithe ábhartha agus cainníochtúla, mar thaca leis na cúiseanna lena mheas go bhfuil foráil dá dtagraítear i mír 1 comhréireach agus go bhfuil údar léi.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit gur ar bhealach oibiachtúil neamhspleách a dhéanfar an measúnú comhréireachta dá dtagraítear i mír 1.

6.   Déanfaidh na Ballstáit faireachán ar a mhéid atá na forálacha reachtacha, rialála nó riaracháin nua nó leasaithe, lena gcuirtear srian le rochtain ar na gairmeacha rialáilte nó le saothrú na ngairmeacha sin, tar éis iad a ghlacadh, ag comhlíonadh prionsabal na comhréireachta, agus aird chuí á tabhairt ar aon fhorbairtí a tharla ón uair a glacadh na forálacha lena mbaineann.

Airteagal 5

Neamh-idirdhealú

Agus forálacha reachtacha, rialála nó riaracháin nua á dtabhairt isteach nó forálacha atá ann cheana á leasú, lena gcuirtear srian le rochtain ar na gairmeacha rialáilte nó le saothrú na ngairmeacha sin, áiritheoidh na Ballstáit nach bhfuil na forálacha sin idirdhealaitheach go díreach nó go hindíreach ar bhonn náisiúntachta nó áit chónaithe.

Airteagal 6

Údar a thabhairt ar fhorais chuspóirí leas an phobail

1.   Maidir leis na forálacha reachtacha, rialála nó riaracháin lena gcuirtear srian le rochtain ar na gairmeacha rialáilte nó le saothrú na ngairmeacha sin, atá beartaithe acu a thabhairt isteach agus maidir leis na leasuithe atá beartaithe a dhéanamh ar fhorálacha atá ann cheana, áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil cuspóirí leas an phobail mar údar leo.

2.   Déanfaidh na Ballstáit breithniú ar leith ar cé acu atá nó nach bhfuil údar oibiachtúil leis na forálacha dá dtagraítear i mír 1 ar bhonn an bheartais phoiblí, na slándála poiblí nó na sláinte poiblí nó ar chúiseanna sáraitheacha chun leasa an phobail, amhail cothromaíocht airgeadais an chórais slándála sóisialaí a chaomhnú; cosaint tomhaltóirí, faighteoirí seirbhísí agus oibrithe; cuí-riaradh an cheartais a choimirciú; cothroime na n-idirbheart trádála a áirithiú; calaois a chomhrac agus imghabháil cánach agus seachaint cánach a chosc, agus éifeachtacht na maoirseachta fioscaí a choimirciú; sábháilteacht iompair; cosaint an chomhshaoil agus na timpeallachta uirbí; sláinte ainmhithe; maoin intleachtúil; cosaint agus caomhnú na hoidhreachta stairiúla agus ealaíonta náisiúnta; cuspóirí beartais shóisialta; agus cuspóirí beartais chultúir.

3.   Ní bheidh forais lena mbaineann cineál eacnamaíoch amháin ná cúiseanna is cúiseanna riaracháin amháin ina gcúiseanna sáraitheacha chun leasa an phobail lena dtugtar údar le srian a chur le rochtain ar na gairmeacha rialáilte nó le saothrú na ngairmeacha sin.

Airteagal 7

Comhréireacht

1.   Maidir leis na forálacha reachtacha, rialála nó riaracháin lena gcuirtear srian le rochtain ar na gairmeacha rialáilte nó le saothrú na ngairmeacha sin arna dtabhairt isteach acu agus na leasuithe arna ndéanamh acu ar fhorálacha atá ann cheana, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh siad oiriúnach chun an cuspóir atá á shaothrú a bhaint amach agus nach dtéann siad thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

2.   Chun na críche sin, sula nglacfar na forálacha dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh na Ballstáit na nithe seo a leanas a bhreithniú:

(a)

cineál na rioscaí a bhaineann le cuspóirí leas an phobail atá á saothrú, go háirithe na rioscaí d’fhaighteoirí seirbhísí lena n-áirítear tomhaltóirí, do ghairmithe nó do thríú páirtithe;

(b)

an leor nó nach leor na rialacha sonracha nó ginearálta atá ann cheana, amhail na rialacha arna gcuimsiú sa dlí maidir le sábháilteacht táirgí nó sa dlí maidir le cosaint tomhaltóirí, chun an cuspóir atá á shaothrú a bhaint amach;

(c)

oiriúnacht na forála maidir lena chuibhiúla atá sí don chuspóir atá á shaothrú a ghnóthú agus cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh a léirítear inti dáiríre an cuspóir sin ar bhealach comhsheasmhach córasach agus a thugtar aghaidh léi, dá bhrí sin, ar na rioscaí sainaitheanta ar bhealach atá cosúil leis an mbealach a dtugtar aghaidh orthu i gcás gníomhaíochtaí inchomparáide;

(d)

an tionchar ar shaorghluaiseacht daoine agus seirbhísí san Aontas, ar rogha na dtomhaltóirí agus ar cháilíocht na seirbhísí a chuirfear ar fáil;

(e)

an fhéidearthacht a bhaineann le modhanna nach bhfuil chomh sriantach céanna a úsáid chun cuspóir leas an phobail a ghnóthú; chun críocha an phointe seo, i gcásanna ina bhfuil údar leis na forálacha chun críche tomhaltóirí a chosaint amháin agus ina bhfuil na rioscaí sainaitheanta teoranta don chaidreamh idir an gairmí agus an tomhaltóir, agus dá bhrí sin, nach ndéanann siad difear ar shlí dhiúltach do thríú páirtithe, déanfaidh na Ballstáit measúnú go háirithe ar cé acu an féidir nó nach féidir an cuspóir a ghnóthú trí bhíthin modhanna nach bhfuil chomh sriantach céanna le gníomhaíochtaí a fhorchoimeád;

(f)

an éifeacht a bheidh ag forálacha nua nó leasaithe, nuair a chuirtear le chéile iad le forálacha eile lena gcuirtear srian le rochtain ar an ngairm rialáilte nó le saothrú na gairme sin, agus go háirithe an tslí a rannchuidíonn forálacha nua nó leasuithe, agus iad in éineacht le ceanglais eile, le gnóthú leas an phobail chéanna agus an bhfuil gá leo chun é a ghnóthú.

Déanfaidh na Ballstáit na gnéithe eile seo a leanas a bhreithniú freisin, i gcás ina bhfuil siad ábhartha do chineál agus d’inneachar na forála atá á tabhairt isteach nó á leasú:

(a)

an nasc idir raon na ngníomhaíochtaí a chumhdaítear le gairm nó atá forchoimeádta di agus an cháilíocht ghairmiúil a theastaíonn;

(b)

an nasc idir castacht na gcúraimí lena mbaineann agus an gá go sealbhódh na daoine a dhéanann iad cáilíochtaí gairmiúla sonracha, go háirithe maidir le leibhéal, cineál agus fad na hoiliúna nó na taithí a theastaíonn;

(c)

an fhéidearthacht an cháilíocht ghairmiúil a ghnóthú trí bhealaí malartacha;

(d)

an féidir nó nach féidir na gníomhaíochtaí atá forchoimeádta do ghairmeacha a roinnt le gairmeacha eile agus cén fáth;

(e)

an méid neamhspleáchais atá ann nuair atá gairm rialáilte á feidhmiú agus an tionchar atá ag socruithe eagrúcháin agus maoirseachta ar ghnóthú an chuspóra atá á shaothrú, go háirithe i gcás ina saothraítear na gníomhaíochtaí a bhaineann le gairm rialáilte faoi rialú gairmí atá cáilithe go cuí agus faoi fhreagracht an duine sin;

(f)

na forbairtí eolaíochta agus teicneolaíochta a d’fhéadfadh neamhshiméadracht na faisnéise idir gairmithe agus tomhaltóirí a laghdú nó a mhéadú go héifeachtach;

3.   Chun críocha phointe (f) den chéad fhomhír de mhír 2, déanfaidh na Ballstáit measúnú ar éifeacht na forála nua nó leasaithe nuair a chuirtear le chéile í le ceanglas amháin nó níos mó, ag tabhairt dá n-aire go bhféadfadh na héifeachtaí sin a bheith dearfach mar aon le diúltach, agus go háirithe na héifeachtaí seo a leanas:

(a)

gníomhaíochtaí forchoimeádta, teideal gairmiúil faoi chosaint, nó aon chineál eile rialála de réir bhrí phointe (a) d’Airteagal 3(1) de Threoir 2005/36/CE;

(b)

oibleagáidí maidir le forbairt ghairmiúil leanúnach a dhéanamh;

(c)

rialacha a bhaineann le heagrú na gairme, le heitic ghairmiúil agus le maoirseacht;

(d)

ballraíocht éigeantach d’eagraíocht ghairmiúil nó de chomhlacht gairmiúil, scéimeanna clárúcháin nó údarúcháin, go háirithe i gcás ina dtugann na ceanglais sin le fios go sealbhaítear cáilíocht ghairmiúil shonrach;

(e)

srianta cainníochtúla, go háirithe ceanglais lena gcuirtear teorainn le líon na n-údaruithe chun cleachtadh, nó ceanglais lena socraítear íoslíon nó uaslíon fostaithe, bainisteoirí nó ionadaithe a bhfuil cáilíochtaí gairmiúla sonracha acu;

(f)

ceanglais shonracha maidir le foirm dhlíthiúil nó ceanglais a bhaineann le scairshealbhóireacht nó bainistiú cuideachta, sa mhéid agus go bhfuil na ceanglais sin nasctha go díreach le feidhmiú na gairme rialáilte;

(g)

srianta críochúla, lena n-áirítear i gcás ina rialáiltear an ghairm i gcodanna de chríoch Ballstáit ar bhealach atá éagsúil ón mbealach ina rialáiltear í i gcodanna eile;

(h)

ceanglais lena gcuirtear srian le gairm rialáilte a chleachtadh i gcomhar nó i gcomhpháirt, mar aon le rialacha neamh-chomhoiriúnachta;

(i)

ceanglais a bhaineann le cumhdach árachais nó modhanna eile cosanta pearsanta nó comhchoiteann i ndáil le dliteanas gairmiúil;

(j)

ceanglais maidir le heolas ar theangacha, a mhéid is gá chun an ghairm a chleachtadh;

(k)

ceanglais maidir le híostaraifí agus/nó le huastaraifí socraithe;

(l)

ceanglais maidir le fógraíocht.

4.   Sula dtabharfaidh siad isteach forálacha nua nó sula ndéanfaidh siad forálacha atá ann cheana a leasú, déanfaidh na Ballstáit, sa bhreis ar sin, a áirithiú go mbeidh prionsabal na comhréireachta á chomhlíonadh ag ceanglais shonracha a bhaineann le soláthar seirbhísí sealadach nó ócáideach, a chuirtear ar fáil faoi Theideal II de Threoir 2005/36/CE, lena n-áirítear:

(a)

clárú uathoibríoch sealadach le heagraíocht ghairmiúil nó le comhlacht gairmiúil, dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 6 de Threoir 2005/36/CE, nó ballraíocht pro forma d’eagraíocht nó de chomhlacht den sórt sin;

(b)

dearbhú a bheidh le déanamh roimh ré de bhun Airteagal 7(1) de Threoir 2005/36/CE, doiciméid a éilítear de bhun mhír 2 den Airteagal sin nó aon cheanglas coibhéiseach eile;

(c)

íocaíocht táille nó aon mhuirir a thabhaíonn an soláthraí seirbhíse, agus a cheanglaítear a dhéanamh le haghaidh na nósanna imeachta riaracháin, a bhaineann le rochtain ar na gairmeacha rialáilte nó le saothrú na ngairmeacha sin.

Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir le bearta atá ceaptha chun a áirithiú go gcomhlíontar na téarmaí agus na coinníollacha fostaíochta is infheidhme a chuireann na Ballstáit i bhfeidhm i gcomhréir le dlí an Aontais.

5.   I gcás ina bhfuil baint ag forálacha dá dtagraítear san Airteagal seo le rialáil gairmeacha cúram sláinte agus go bhfuil impleachtaí do shábháilteacht othar i gceist leo, beidh aird ag na Ballstáit ar an gcuspóir arb é ardleibhéal cosanta do shláinte an duine a áirithiú.

Airteagal 8

Faisnéis do pháirtithe leasmhara agus a rannpháirtíocht

1.   Déanfaidh na Ballstáit eolas a chur ar fáil ar bhealach cuí do shaoránaigh, d’fhaighteoirí seirbhísí agus do gheallsealbhóirí ábhartha eile, lena n-áirítear na geallsealbhóirí sin nach baill iad den ghairm lena mbaineann sula dtabharfaidh siad forálacha reachtacha, rialála nó riaracháin nua isteach, nó sula ndéanfaidh siad forálacha atá ann cheana a leasú, lena gcuirtear srian le rochtain ar na gairmeacha rialáilte nó le saothrú na ngairmeacha sin.

2.   Déanfaidh na Ballstáit na comhpháirtithe uile lena mbaineann a dhéanamh rannpháirteach ar bhealach iomchuí agus an deis a thabhairt dóibh a gcuid tuairimí a chur in iúl. I gcás inarb ábhartha agus iomchuí, déanfaidh na Ballstáit comhairliúcháin phoiblí i gcomhréir lena nósanna imeachta náisiúnta.

Airteagal 9

Leigheas éifeachtach

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh fáil ar leigheas éifeachtach i ndáil leis na hábhair arna gcumhdach leis an Treoir seo i gcomhréir le nósanna imeachta, arna leagan síos sa dlí náisiúnta.

Airteagal 10

Malartú faisnéise idir na Ballstáit

1.   Chun críocha chur i bhfeidhm éifeachtach na Treorach seo, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun malartú faisnéise a spreagadh i measc na mBallstát faoi ábhair a chumhdaítear leis an Treoir seo, agus faoin mbealach ar leith ina rialálann siad gairm nó na héifeachtaí a bhíonn ag rialáil den sórt sin. Déanfaidh an Coimisiún an malartú faisnéise sin a éascú.

2.   Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi na húdaráis phoiblí atá freagrach as faisnéis a tharchur agus a fháil chun críocha mír 1 a chur i bhfeidhm.

Airteagal 11

Trédhearcacht

1.   Maidir leis na cúiseanna lena bhreithniú go bhfuil údar le forálacha, a ndéantar measúnú orthu i gcomhréir leis an Treoir seo, agus lena bhreithniú go bhfuil siad comhréireach, ar cúiseanna iad atá le cur in iúl don Choimisiún, mar aon leis na forálacha, de bhun Airteagal 59(5) de Threoir 2005/36/CE, déanfaidh na Ballstáit iad a thaifeadadh i mbunachar sonraí na ngairmeacha rialáilte, dá dtagraítear in Airteagal 59(1) de Threoir 2005/36/CE, agus cuirfidh an Coimisiún ar fáil don phobal iad.

2.   Féadfaidh na Ballstáit agus páirtithe leasmhara eile barúlacha a chur in iúl don Choimisiún nó don Bhallstát a bhfuil na forálacha agus na cúiseanna go meastar údar cuí a bheith leo agus iad a bheith comhréireach curtha in iúl aige. Déanfaidh an Coimisiún na barúlacha sin a chur san áireamh ina thuarascáil achomair, arna táirgeadh de bhun Airteagal 59(8) de Threoir 2005/36/CE.

Airteagal 12

Athbhreithniú

1.   Faoin 18 Eanáir 2024 agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme agus feidhmíocht na Treorach seo, lena n-áirítear a raon feidhme agus a héifeachtacht, i measc nithe eile.

2.   I gcás inarb iomchuí, beidh tograí ábhartha ag gabháil leis an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 13

Trasuí

1.   Déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoin 30 Iúil 2020. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin láithreach.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a leagfaidh síos na modhanna le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhbhearta an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 14

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 15

Seolaithe

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 28 Meitheamh 2018.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

L. PAVLOVA


(1)  IO L 288, 31.8.2017, lch. 43.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Meitheamh 2018 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 21 Meitheamh 2018.

(3)  Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 30 Samhain 1995, Gebhard, C-55/94, ECLI:EU:C:1995:411, mír 37.

(4)  Treoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 maidir le cáilíochtaí gairmiúla a aithint (IO L 255, 30.9.2005, lch. 22).


Ceartúcháin

9.7.2018   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

35


Ceartúchán ar Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 269 Eagrán Speisialta Gaeilge an 10 Deireadh Fómhair 2013 )

Ar leathanach 2, aithris 2, an chéad cheithre líne:

in ionad:

“na rialacha nós imeachta maidir le leas a bhaint as cinneadh a bhaineann le faisnéis cheangailteach nuair nach bhfuil sé bailí níos mó nó nuair a dhéantar é a chúlghairm, …”,

léitear:

“na rialacha nós imeachta maidir le leas a bhaint as cinneadh a bhaineann le faisnéis cheangailteach tar éis dó scor de bheith bailí nó tar éis é a chúlghairm; ...”.

Ar leathanach 24, Airteagal 37(1):

in ionad:

“1.   Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na rialacha nós imeachta maidir leis an méid seo leanas:

(a)

cinneadh FTC nó cinneadh FCT a úsáid agus é scortha de bheith bailí nó cúlghairthe i gcomhréir leis an dtríú fomhír d’Airteagal 34(9);

(b)

fógra a thabhairt ag an gCoimisiún do na húdaráis chustaim i gcomhréir le pointe (a) agus pointe (b) d’Airteagal 34(10);

(c)

na cinntí dá dtagraítear in Airteagal 35 a úsáid agus a chinneadh i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 36 nuair a scoirfidh siad de bheith bailí;

(d)

cinntí a chur ar fionraí dá dtagraítear in Airteagal 35 agus a chinntear i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 36 agus fógra a thabhairt do na húdaráis chustaim faoin bhfionraí nó faoi tharraingt siar an fhionraí.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 285(4).”,

léitear:

“1.   Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na rialacha nós imeachta maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

cinneadh FTC nó cinneadh FCT a úsáid tar éis dó scor de bheith bailí nó tar éis é a chúlghairm i gcomhréir le hAirteagal 34(9);

(b)

an Coimisiún do thabhairt fógra do na húdaráis chustaim i gcomhréir le pointe (a) agus pointe (b) d’Airteagal 34(10);

(c)

na cinntí dá dtagraítear in Airteagal 35 a úsáid agus a chinneadh i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 36 tar éis dóibh scor de bheith bailí;

(d)

cinntí dá dtagraítear in Airteagal 35 agus a chinntear i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 36 a chur ar fionraí agus fógra a thabhairt do na húdaráis chustaim faoin bhfionraí nó faoi tharraingt siar an fhionraí.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 285(4).”.