ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

Eagrán Speisialta ( *1 )

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

Imleabhar 61
23 Aibreán 2018


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) 2018/596 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Aibreán 2018 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013 maidir le Clár Eoraip na Cruthaitheachta (2014 go 2020) a bhunú

1

 

 

TREORACHA

 

*

Treoir (AE) 2018/597 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Aibreán 2018 lena leasaítear Treoir 92/66/CEE ón gComhairle lena dtugtar isteach bearta Comhphobail maidir le rialú ghalar Newcastle ( 1 )

4

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (AE) 2018/598 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Aibreán 2018 lena dtugtar tuilleadh cúnamh macra-airgeadais don tSeoirsia

8

 

 

Ceartúcháin

 

*

Ceartúchán ar Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ( IO L 173, 12.6.2014 )

14

 


 

(*1)   Faoin tagairt L 103 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

 

(1)   (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

GA

Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo.

Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu.


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

23.4.2018   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) 2018/596 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 18 Aibreán 2018

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013 maidir le Clár Eoraip na Cruthaitheachta (2014 go 2020) a bhunú

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhleasc d'Airteagal 167(5) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), bunaíodh Clár Eoraip na Cruthaitheachta (2014 go 2020) chun tacú le hearnálacha cultúir agus cruthaitheachta na hEorpa.

(2)

Is é is cúis le sainiúlacht Cheolfhoireann Óige an Aontais Eorpaigh (EUYO) gur ceolfhoireann Eorpach í a théann thar theorainneacha cultúrtha agus gur ceoltóirí óga atá inti a roghnaítear i gcomhréir le critéir chrua cháilíochta le linn dianphróiseas bliantúil éisteachta sna Ballstáit uile. Is í an t-aon cheolfhoireann san Aontas í a earcaíonn ó na Ballstáit uile.

(3)

Ón uair a cruthaíodh í, tá EUYO ag rannchuidiú leis an gcomhphlé idirchultúrtha agus leis an meas frithpháirteach agus an tuiscint fhrithpháirteach a chur chun cinn. Tá EUYO ina ambasadóir cultúir ag an Aontas sa mhéid is go gcuireann sé saibhreas agus éagsúlacht chultúir na hEorpa, agus tallanna úra, os comhair an phobail. Chomh maith leis sin, tá sé ag rannchuidiú leis an eolas ar oidhreacht cheoil na hEorpa, le cúrsaíocht saothar Eorpach agus le soghluaisteacht daoine óga tréitheacha Eorpacha thar theorainneacha náisiúnta agus Eorpacha.

(4)

Cuireann EUYO oiliúint rialta ar cheoltóirí óga trí chlár cónaithe agus tairgeann sé deiseanna léirithe, agus déantar, ar an gcaoi sin, gairmeacha idirnáisiúnta na gceoltóirí óga a atreisiú agus a scileanna a fhorbairt faoi threoir stiúrthóirí cáiliúla.

(5)

Ba cheart do EUYO éagsúlú a dhéanamh, ar bhonn leanúnach, ar a ioncam trí thacaíocht airgeadais a lorg go gníomhach ó fhoinsí eile seachas maoiniú an Aontais chun a inbhuanaitheacht a ráthú agus d'fhonn a spleáchas ar mhaoiniú an Aontais a laghdú. Dá bhrí sin, ba cheart do EUYO a áirithiú go mbeidh cost-éifeachtúlacht ina bhainistíocht.

(6)

Ba cheart do EUYO féachaint lena infheictheacht a mhéadú, lena n-áirítear sna meáin thraidisiúnta agus sna meáin dhigiteacha araon, agus le ceol a sheinm in imeachtaí Eorpacha agus i níos mó Ballstát.

(7)

Ba cheart do EUYO, i gcomhar lena chomhpháirtithe comhlacha náisiúnta, feasacht ar éisteachtaí bliantúla a mhéadú d'fhonn ionadaíocht níos cothroime a bhaint amach ar cheoltóirí ó na Ballstáit uile laistigh den cheolfhoireann.

(8)

Ba cheart do ghníomhaíochtaí EUYO a bheith i gcomhréir le cuspóirí Chlár Eoraip na Cruthaitheachta, go háirithe lena chuspóir chun tacú le forbairt an lucht féachana/éisteachta, agus i gcomhréir le tosaíochtaí an Fhochláir Chultúir. Dá bhrí sin, ba cheart do EUYO páirt ghníomhach a ghlacadh i bhforbairt an lucht féachana/éisteachta, agus aird ar leith á tabhairt ar dhaoine óga.

(9)

Bunaíodh EUYO de bhun rún ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Márta 1976 (4) agus is ceolfhoireann ar leith é, dá bhrí sin, i measc cheolfhoirne na hEorpa.

(10)

Tá rannchuidiú EUYO aitheanta ag na Ballstáit agus ag institiúidí an Aontais, lena n-áirítear ag Uachtaráin as diaidh a chéile ar an gCoimisiún agus ar Pharlaimint na hEorpa.

(11)

De thoradh a stádais shainiúil, a chuspóirí agus a ghníomhaíochtaí straitéiseacha a tharchéimníonn leas agus tairbhe aon Bhallstáit amháin nó roinnt Ballstát agus a léiríonn go soiléir go bhfuil breisluach Eorpach ag gabháil leo, tá EUYO incháilithe mar chomhlacht arna aithint i mbunghníomh de réir bhrí phointe (d) d'Airteagal 190(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1268/2012 ón gCoimisiún (5), lena gceadaítear deontais a dhámhachtain gan glao ar thograí.

(12)

Ba cheart maoiniú a dheonú do EUYO, ar bhonn eisceachtúil, go dtí deireadh Chlár Eoraip na Cruthaitheachta an 31 Nollaig 2020.

(13)

Dá bhrí sin, ba cheart EUYO a áireamh, mar eisceacht, i measc na mbeart a thairbhíonn de thacaíocht ón bhFochlár Cultúir agus ó Shraith Thrasearnálach Chlár Eoraip na Cruthaitheachta araon.

(14)

Chun feidhmiú rianúil EUYO a áirithiú, ba cheart dó bheith in ann tairbhe a bhaint as tacaíocht a luaithe is féidir, go háirithe le haghaidh costais arna dtabhú in 2018 roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm chúlghabhálach a bheith ag an Rialachán seo ón 1 Eanáir 2018.

(15)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 13(1), cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“(f)

costais a bhaineann le gníomhaíochtaí Cheolfhoireann Óige an Aontais Eorpaigh, ar gníomhaíochtaí iad a chuireann le soghluaisteacht ceoltóirí, le cúrsaíocht saothar Eorpach thar theorainneacha agus le hidirnáisiúnú gairmeacha ceoltóirí óga.”;

(2)

in Airteagal 15(1), cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“(g)

Ceolfhoireann Óige an Aontais Eorpaigh, maidir leis na costais nach dtacaítear leo faoi phointe (f) d'Airteagal 13(1).”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2018 go dtí an 31 Nollaig 2020.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 18 Aibreán 2018.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

L. PAVLOVA


(1)  Tuairim an 18 Deireadh Fómhair 2017 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Márta 2018 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus an cinneadh ón gComhairle an 12 Aibreán 2018.

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le Clár Eoraip na Cruthaitheachta (2014 go 2020) a bhunú agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1718/2006/CE, Cinneadh Uimh. 1855/2006/CE agus Cinneadh Uimh. 1041/2009/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 221).

(4)  Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Márta 1976 maidir leis an tairiscint i gcomhair rún arna cur isteach ag Kellett-Bowman, Uas., maidir le bunú Cheolfhoireann Óige an Chomhphobail Eorpaigh (IO C 79, 5.4.1976, lch. 8).

(5)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1268/2012 ón gCoimisiún an 29 Deireadh Fómhair 2012 maidir le rialacha chur i bhfeidhm Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO L 362, 31.12.2012, lch. 1).


TREORACHA

23.4.2018   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

4


TREOIR (AE) 2018/597 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 18 Aibreán 2018

lena leasaítear Treoir 92/66/CEE ón gComhairle lena dtugtar isteach bearta Comhphobail maidir le rialú ghalar Newcastle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

I dTreoir 92/66/CEE ón gComhairle (3), leagtar síos bearta rialaithe an Aontais atá le déanamh i gcás ina dtarlaíonn ráig de ghalar Newcastle in éanlaith chlóis, i gcolúir rásaíochta agus in éin eile a choinnítear i mbraighdeanas.

(2)

Foráiltear in Airteagal 15 de Threoir 92/66/CEE go mbeidh tagairt do shaotharlann tagartha an Aontais Eorpaigh um ghalar Newcastle in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir sin. In Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir sin déantar tagairt chuí don tsaotharlann sin agus liostaítear a cuid feidhmeanna agus na dualgais atá uirthi.

(3)

In Airteagal 19 de Threoir 92/66/CEE, leagtar síos bearta rialaithe atá le déanamh ag na Ballstáit i gcás ina bhfuil amhras ann go bhfuil colúir theachtaireachta nó éin a choinnítear i mbraighdeanas ionfhabhtaithe le galar Newcastle. Foráiltear ann go ndéanfaidh na Ballstáit, a mhéid is gá chun na bearta rialaithe sin a chur i bhfeidhm mar is cuí, faisnéis a chur ar fáil don Choimisiún maidir le staid an ghalair agus leis na bearta rialaithe arna gcur i bhfeidhm i gcomhréir leis an bhfoirm shamplach a leagtar amach in Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Treoir sin.

(4)

Foráiltear in Airteagal 21 de Threoir 92/66/CEE go bhfuil ar gach Ballstát plean teagmhais a tharraingt suas, ina sonrófar na bearta náisiúnta atá le cur chun feidhme i gcás ráig de ghalar Newcastle. Foráiltear ann go bhfuil na critéir atá le cur i bhfeidhm maidir leis an bplean sin a tharraingt suas leagtha amach in Iarscríbhinn VII a ghabhann leis an Treoir sin.

(5)

Foráiltear in Airteagal 24 de Threoir 92/66/CEE go ndéanfaidh an Chomhairle na hIarscríbhinní a ghabhann léi a leasú, de réir mar is gá agus nuair is gá, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún, go háirithe chun forbairtí taighde agus forbairtí i nósanna imeachta diagnóiseacha a chur san áireamh.

(6)

In Iarscríbhinní V, VI agus VII de Threoir 92/66/CEE, leagtar amach faoi seach: (i) ainm agus seoladh shaotharlann tagartha an Aontais Eorpaigh um ghalar Newcastle mar aon lena cuid feidhmeanna agus na dualgais atá uirthi; (ii) an fhoirm shamplach atá le húsáid ag na Ballstáit chun staid an ghalair, agus na bearta rialaithe arna gcur i bhfeidhm, a thuairisciú; agus (iii) na critéir íosta a bheidh ar na Ballstáit a chur i bhfeidhm maidir le pleananna teagmhais a tharraingt suas ina sonrófar na bearta náisiúnta atá le cur chun feidhme i gcás ráig de ghalar Newcastle.

(7)

Chun na nósanna imeachta maidir le rialú ghalar Newcastle a shimpliú agus a chuíchóiriú, agus, go háirithe, na rialacha nua maidir le hainmniúchán shaotharlanna tagartha an Aontais Eorpaigh dá bhforáiltear in Airteagal 93 de Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) á gcur san áireamh, maille leis an gcóras nua chun gníomhartha a chur chun feidhme dá bhforáiltear in Airteagal 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le Treoir 92/66/CEE a chur chun feidhme, ba cheart Iarscríbhinní V, VI agus VII de Threoir 92/66/CEE a scriosadh agus ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme sna réimsí a chumhdaítear leis na hIarscríbhinní sin a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5).

(8)

Ar mhaithe le soiléireacht, ba cheart feidhmeanna agus dualgais shaotharlann tagartha an Aontais Eorpaigh um ghalar Newcastle a leagan síos in Airteagal 15 de Threoir 92/66/CEE, agus ba cheart na critéir maidir leis na pleananna teagmhais a leagan síos in Airteagal 21 den Treoir sin.

(9)

Ar mhaithe le comhsheasmhacht agus éifeachtúlacht, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar forálacha na Treorach seo a thrasuí go tráthúil.

(10)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 92/66/CEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Threoir 92/66/CEE

Leasaítear Treoir 92/66/CEE mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15:

“Airteagal 15

1.   Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, saotharlann tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh um ghalar Newcastle a ainmniú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 25.

2.   Is iad seo a leanas feidhmeanna agus dualgais shaotharlann tagartha an Aontais Eorpaigh um ghalar Newcastle:

(a)

na modhanna a úsáidtear sna Ballstáit chun galar Newcastle a dhiagnóisiú a chomhordú i gcomhairle leis an gCoimisiún, tríd an méid seo a leanas go sonrach:

(i)

tréithchineálacha de víreas ghalar Newcastle a thíopáil, a stóráil agus a sholáthar i gcomhair tástálacha séireolaíocha agus chun antaiséirim a ullmhú;

(ii)

séirim chaighdeánacha agus imoibreáin tagartha eile a sholáthar do shaotharlanna tagartha náisiúnta d'fhonn caighdeánú a dhéanamh ar na tástálacha agus ar na himoibreáin a úsáidtear sna Ballstáit;

(iii)

bailiúchán de thréithchineálacha agus d'aonraígh de víreas ghalar Newcastle a thiomsú agus a choinneáil;

(iv)

tástálacha comparáideacha tréimhsiúla ar nósanna imeachta diagnóiseacha a eagrú ar leibhéal an Aontais;

(v)

sonraí agus faisnéis maidir leis na modhanna diagnóise a úsáidtear agus torthaí na dtástálacha a dhéantar san Aontas a bhailiú agus a chomhthiomsú;

(vi)

aonraígh de víris ghalar Newcastle a thréithriú trí bhíthin na modhanna is nua-aimseartha chun go mbeidh tuiscint níos fearr ar eipidéimeolaíocht ghalar Newcastle;

(vii)

coinneáil ar an eolas faoi threochtaí i bhfaireachas, in éipidéimeolaíocht agus i gcosc ghalar Newcastle ar fud an domhain;

(viii)

saineolas maidir le víreas ghalar Newcastle agus víris ábhartha eile a choinneáil chun gur féidir diagnóis dhifreálach mhear a dhéanamh;

(ix)

eolas barainneach a chur ar ullmhú agus ar úsáid táirgí imdhíoneolaíochta tréidliachta a úsáidtear chun galar Newcastle a dhíothú agus a rialú;

(b)

cabhrú go gníomhach le diagnóisiú ráigeanna de ghalar Newcastle sna Ballstáit trí aonraígh víris a fháil i gcomhair deimhniú diagnóise, tréithriú agus staidéir éipidéimeolaíochta;

(c)

oiliúint agus athoiliúint saineolaithe ar dhiagnóisiú saotharlainne a éascú d'fhonn teicníochtaí a chomhchuibhiú ar fud an Aontais.”;

(2)

leasaítear Airteagal 19 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

“5.   A mhéid is gá chun na bearta a leagtar síos san Airteagal seo a chur i bhfeidhm mar is cuí, cuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin, de réir chreat an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, faisnéis maidir le staid an ghalair agus na bearta rialaithe arna gcur i bhfeidhm.”;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“6.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir leis an bhfaisnéis a bheidh le cur faoi bhráid an Choimisiúin ag na Ballstáit dá bhforáiltear i gcomhréir le mír 5 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 25.”;

(3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 21:

“Airteagal 21

1.   Déanfaidh gach Ballstát plean teagmhais a tharraingt suas, ina sonrófar na bearta náisiúnta a bheidh le cur chun feidhme i gcás ráig de ghalar Newcastle. Tabharfar an plean teagmhais cothrom le dáta, de réir mar is iomchuí, chun athruithe ar staid an ghalair a chur san áireamh.

Ceadófar leis an bplean teagmhais go mbeidh rochtain ar shaoráidí, trealamh, pearsanra agus gach ábhar riachtanach eile is gá chun ráig de ghalar Newcastle a dhíothú go pras agus go héifeachtúil. Tabharfar tásc beacht sa phlean ar na riachtanais a mheasann gach Ballstát is gá le haghaidh vacsaíniú éigeandála.

2.   Cuirfear na pleananna teagmhais agus aon nuashonruithe a dhéanfar orthu faoi bhráid an Choimisiúin.

3.   Déanfaidh an Coimisiún na pleananna teagmhais agus aon nuashonruithe a dhéanfar orthu a scrúdú chun a chinneadh an bhfágann siad gur féidir an cuspóir inmhianaithe a bhaint amach agus molfaidh sé aon leasuithe is gá don Bhallstát lena mbaineann go háirithe chun a áirithiú go bhfuil na pleananna sin comhoiriúnach do phleananna na mBallstát eile.

Déanfaidh an Coimisiún na pleananna teagmhais agus aon nuashonruithe a dhéanfar orthu, agus aon leasuithe a dhéanfar más gá, a fhormheas i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 25.

4.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, critéir a leagan síos a bheidh ar na Ballstáit a chur i bhfeidhm maidir leis na pleananna teagmhais a tharraingt suas. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 25.”.

(4)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 25:

“Airteagal 25

1.   Déanfaidh an Buanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, a bunaíodh le hAirteagal 58(1) de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1), cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2).

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don Airteagal seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

(5)

Scriostar Iarscríbhinní V, VI agus VII.

Airteagal 2

Trasuí

Na forálacha is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 30 Meitheamh 2018. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi sin láithreach.

Cuirfidh siad na bearta sin i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2019.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar tagairtí den sórt sin.

Airteagal 3

Foráil idirthréimhseach

Maidir le saotharlann tagartha an Aontais Eorpaigh um ghalar Newcastle dá dtagraítear in Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 92/66/CEE, agus a ainmníodh roimh na leasuithe a rinneadh leis an Treoir seo, leanfaidh an t-ainmniúchán sin d'fheidhm a bheith aige go dtí go ndéanfar saotharlann tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh um ghalar Newcastle a ainmniú go cuí i gcomhréir le hAirteagal 15 de Threoir 92/66/CEE, arna leasú leis an Treoir seo.

Airteagal 4

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 5

Seolaithe

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna déanamh in Strasbourg, an 18 Aibreán 2018.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

L. PAVLOVA


(1)  Tuairim an 14 Feabhra 2018 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Márta 2018 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus an cinneadh ón gComhairle an 12 Aibreán 2018.

(3)  Treoir 92/66/CEE ón gComhairle an 14 Iúil 1992 lena dtugtar isteach bearta Comhphobail maidir le rialú ghalar Newcastle (IO L 260, 5.9.1992, lch. 1).

(4)  Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (IO L 95, 7.4.2017, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(*1)  Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta in ábhair a bhaineann le sábháilteacht bia (IO L 31, 1.2.2002, lch. 1).

(*2)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).”;


CINNTÍ

23.4.2018   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

8


CINNEADH (AE) 2018/598 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 18 Aibreán 2018

lena dtugtar tuilleadh cúnamh macra-airgeadais don tSeoirsia

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 212 (2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Leantar den chaidreamh idir an tAontas Eorpach (“an tAontas”) agus an tSeoirsia a fhorbairt faoi chuimsiú Bheartas Comharsanachta na hEorpa (BCE) agus Chomhpháirtíocht an Oirthir. Tháinig an tSeoirsia isteach i gComhpháirtíocht an Oirthir de chuid AE in 2009, rud a tharla i ndiaidh na caibidlíochta ar chomhaontú comhlachais idir an tAontas agus an tSeoirsia. Rinneadh an comhaontú sin (2) (an “Comhaontú Comhlachais”), lena n-áirítear Limistéar Domhain agus Cuimsitheach Saorthrádála (LDCST) a thabhairt isteach de réir a chéile, a shíniú i mí an Mheithimh 2014 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Iúil 2016.

(2)

Tá an tSeoirsia fós i ngleic le timpeallacht sheachtrach lag atá, trí onnmhairí agus seoltáin laghdaithe, tar éis rannchuidiú le fás sách íslithe ar OTI in 2016. Cé gur tháinig feabhas ar an bhfás réigiúnach agus domhanda in 2017, tá rioscaí meathlaithe fós ag gabháil leis.

(3)

Tá easnamh fioscach na Seoirsia fós suntasach agus tá méadú ag teacht ar an gcóimheas fiachais phoiblí le OTI sa tír sin. Tá staid chomhordú íocaíochtaí na Seoirsia fós leochaileach mar gheall ar an easnamh an-mhór sa chuntas reatha agus ar an bhfiach seachtrach ard. I ndearbhthéarmaí, bhí cúlchistí malairte eachtraí na Seoirsia éirithe cobhsaí, ach, mar gheall ar riachtanais cúlchistí atá ag méadú, tá siad tite faoin leibhéal a mheas an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI) a bheith ina leibhéal leormhaith. Leanann an tSeoirsia freisin de bheith ag oiriúnú do cheanglais LDCST leis an Aontas.

(4)

Sa chomhthéacs seo, chomhaontaigh údaráis na Seoirsia agus CAI, in Aibreán 2017, comhshocrú 3 bliana i leith Saoráid Fhadaithe Cistiúcháin (SFC) de USD 285.3 milliún don tréimhse 2017-2020. Rinne Bord Feidhmiúcháin CAI an comhshocrú a fhormheas an 12 Aibreán 2017. Is é is aidhm don chomhsocrú SFC ná tacú le clár athchóirithe eacnamaíochta a chuideoidh leis an tSeoirsia leochaileachtaí eacnamaíocha a laghdú, chomh maith le fás eacnamaíoch níos airde agus níos cuimsithí a chur chun cinn.

(5)

I bhfianaise riachtanais iarmharacha maoinithe sheachtraigh na Seoirsia, d'iarr údaráis na Seoirsia i Meitheamh 2017 cúnamh macra-airgeadais comhlántach ar an Aontas.

(6)

Ó bhí an choimhlint mhíleata leis an Rúis ann i Lúnasa 2008, thairbhigh an tSeoirsia ó dhá oibríocht chúnaimh mhacra-airgeadais a gheall an tAontas di ag Comhdháil Idirnáisiúnta na nDeontóirí sa Bhruiséil i nDeireadh Fómhair 2008. Rinneadh an chéad cheann de na hoibríochtaí sin, EUR 46 mhilliún a rinneadh go hiomlán i bhfoirm deontas a chur chun feidhme in 2009-2010. Rinneadh an dara ceann, EUR 46 mhilliún arís, a rinneadh a leath i ndeontais agus a leath in iasachtaí, a chur chun feidhme in 2015-2017. Rinne an tAontas freisin EUR 610-746 mhilliún a chur ar fáil don tSeoirsia faoin Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht le haghaidh na tréimhse 2014-2020, lena n-áirítear tacaíocht bhuiséadach agus cúnamh teicniúil. Sa bhreis air sin, tairbhíonn an tSeoirsia de Shaoráid Infheistíochta na Comharsanachta lenar ranníocaíodh isteach agus amach le EUR 86 mhilliún chuig tionscadail sa tSeoirsia i rith na tréimhse 2008-2017.

(7)

I bhfianaise gur tír í an tSeoirsia atá cuimsithe ag BCE, ba cheart a mheas go bhfuil sí incháilithe chun cúnamh macra-airgeadais a fháil ón Aontas.

(8)

Ba cheart gurb é a bheadh i gcúnamh macra-airgeadais an Aontais ná ionstraim airgeadais eisceachtúil de thacaíocht comhordaithe íocaíochtaí, atá neamhcheangailte agus neamhainmnithe, agus a bhfuil sé mar aidhm leis aghaidh a thabhairt ar riachtanais láithreacha maoinithe sheachtraigh an tairbhí, agus ba cheart go mbeadh sé mar bhonn taca do chur chun feidhme clár beartais ina bhfuil bearta láidre agus láithreacha le haghaidh coigeartú agus athchóiriú struchtúrtha atá ceaptha chun feabhas a chur ar staid an chomhordaithe íocaíochtaí sa ghearrthéarma.

(9)

I bhfianaise go bhfuil bearna iarmharach shuntasach fós sa mhaoiniú seachtrach a mhéid a bhaineann le comhordú íocaíochtaí na Seoirsia, ar bearna í atá go mór os cionn na n-acmhainní a sholáthraíonn CAI agus institiúidí iltaobhacha eile, meastar, sna himthosca eisceachtúla atá faoi láthair ann, gur freagairt iomchuí ar iarraidh na Seoirsia ar thacaíocht don chobhsú eacnamaíoch, i gcomhar le clár CAI, atá i gcúnamh macra-airgeadais an Aontais don tSeoirsia. Thacódh cúnamh macra-airgeadais an Aontais le cobhsú airgeadais agus clár oibre athchóirithe struchtúrtha na Seoirsia, trína ndéanfaí forlíonadh a chur le hacmhainní atá ar fáil faoi chomhshocrú airgeadais CAI.

(10)

Ba cheart go mbeadh sé mar aidhm le cúnamh macra-airgeadais an Aontais go dtabharfaí tacaíocht d'athshlánú staid inbhuanaithe maoinithe sheachtraigh don tSeoirsia agus ar an tslí sin go dtacófaí lena forbairt eacnamaíoch agus shóisialta.

(11)

Tá sainiú mhéid chúnamh macra-airgeadais an Aontais bunaithe ar mheasúnú cainníochtúil iomlán ar riachtanais iarmharacha maoinithe sheachtraigh na Seoirsia, agus cuireann sé san áireamh a hacmhainneacht í féin a mhaoiniú as a cuid acmhainní dílse, go háirithe na cúlchistí idirnáisiúnta atá ar fáil di. Ba cheart go mbeadh cúnamh macra-airgeadais an Aontais ina chomhlánú ar chláir agus acmhainní atá á soláthar ag CAI agus ag an mBanc Domhanda. Maidir le méid an chúnaimh a chinneadh, cuirtear san áireamh freisin na ranníocaíochtaí airgeadais ionchasacha ó dheontóirí déthaobhacha agus iltaobhacha agus an gá atá lena áirithiú go mbeidh comhroinnt chothrom ar an ualach idir an tAontas agus deontóirí eile, chomh maith leis an imscaradh a dhéantar ar ionstraimí eile airgeadais sheachtraigh de chuid an Aontais atá cheana ann agus an bhreisluach a ghabhann le rannpháirtíocht fhoriomlán an Aontais.

(12)

Agus aird á tabhairt ar riachtanais iarmharacha maoinithe sheachtraigh na Seoirsia, ar leibhéal a forbartha eacnamaíche agus sóisialta, arna thomhas mar ioncam per capita agus forleithne na bochtaineachta, agus a leibhéal féichiúnais, ba cheart cuid den chúnamh a thabhairt i bhfoirm deontas.

(13)

Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go bhfuil cúnamh macra-airgeadais an Aontais ag luí go dlíthiúil agus go substaintiúil leis na heochairphrionsabail do ghníomhaíocht sheachtrach a chumhdaítear in Airteagal 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus le cuspóirí na réimsí éagsúla de ghníomhaíocht sheachtrach agus de bheartais ábhartha eile an Aontais, chomh maith le bearta a ghlactar laistigh de na réimsí sin.

(14)

Ba cheart do chúnamh macra-airgeadais an Aontais tacú le beartas seachtrach an Aontais i leith na Seoirsia. Ba cheart do sheirbhísí an Choimisiúin agus don tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí oibriú go dlúth le chéile le linn na hoibríochta cúnaimh macra-airgeadais chun beartas seachtrach an Aontais a chomhordú agus comhleanúnachas an bheartais sin a áirithiú.

(15)

Ba cheart do chúnamh macra-airgeadais an Aontais tacú le tiomantas na Seoirsia i leith luachanna a roinneann sí leis an Aontas, lena n-áirítear an daonlathas, an smacht reachta, dea-rialachas, urraim do chearta an duine, forbairt inbhuanaithe agus laghdú na bochtaineachta, chomh maith lena tiomantas i leith phrionsabail na trádála oscailte, riailbhunaithe agus cothroime.

(16)

Ba cheart go mbeadh sé mar réamhchoinníoll do chúnamh macrairgeadais an Aontais a dheonú go n-urramaíonn an tSeoirsia sásraí daonlathacha éifeachtach — lena n-áirítear córas parlaiminteach ilpháirtí – agus an smacht reachta, agus go ráthaíonn siad an urraim do chearta an duine. Sa bhreis air sin, ba cheart go neartódh sainchuspóirí chúnamh macra-airgeadais an Aontais éifeachtúlacht, trédhearcacht agus cuntasacht na gcóras bainistithe airgeadais phoiblí sa tSeoirsia, agus go ndéanfadh siad athchóirithe struchtúrtha a chur chun cinn, arb athchóirithe iad atá dírithe ar thacú le fás inbhuanaithe agus cuimsitheach, le cruthú fostaíochta agus le comhdhlúthú fioscach. Ba cheart bearta chun tacú le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Chomhlachais, lena n-áirítear LDCST, a bheith ar áireamh freisin i gcúnamh macra-airgeadais an Aontais don tSeoirsia. Chun a áirithiú gur féidir sainchuspsóirí a mheasúnú go cuí, is gá iad a leagan amach ar shlí atá infhíoraithe agus intomhaiste. Ba cheart don Choimisiún agus don tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí faireachán a dhéanamh go tráthrialta ar chomhall na réamhchoinníollacha agus ar ghnóthú na gcuspóirí sin. Más rud é nach gcomhlíontar an réamhchoinníoll agus na cuspóirí nó má dhéantar neamhaird go ginearálta d'aidhmeanna agus prionsabail an Chomhaontaithe Chomhlachais, ba cheart don Choimisiún eisíoc chúnamh macra-airgeadais an Aontais a fhionraí go sealadach nó a chealú.

(17)

Chun a áirithiú go ndéantar leasanna airgeadais an Aontais atá nasctha le cúnamh macra-airgeadais an Aontais a chosaint go héifeachtúil, ba cheart don tSeorsia bearta iomchuí a ghlacadh, ar bearta iad a bhaineann le calaois, éilliú agus aon mhírialtachtaí eile atá nasctha le cúnamh mhacra-airgeadais an Aontais a chosc, agus comhrac ina n-aghaidh. Sa bhreis air sin, ba cheart a fhoráil go ndéanfadh an Coimisiún seiceálacha agus go ndéanfadh an Chúirt Iniúchóirí iniúchtaí.

(18)

Tá fuascailt chúnamh macra-airgeadais an Aontais gan dochar do chumhachtaí Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, mar údarás buiséadach.

(19)

Maidir le méideanna an chúnaimh macra-airgeadais a sholáthraítear i bhfoirm deontas agus leis na méideanna den soláthar a éilítear le haghaidh cúnamh macra-airgeadais i bhfoirm iasachtaí, ba cheart go mbeidís comhsheasmhach leis na leithreasaí buiséadacha dá bhforáiltear sa chreat airgeadais ilbhliantúil.

(20)

Ba cheart don Choimisiún cúnamh macra-airgeadais an Aontais a bhainistiú. Chun a áirithiú go bhfuil Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle in ann cur chun feidhme an Chinnidh seo a leanúint, ba cheart don Choimisiún iad a chur ar an eolas go tráthrialta i dtaobh forbairtí a bhaineann leis an gcúnamh agus na doiciméid ábhartha a sholáthar dóibh.

(21)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an gCinneadh seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3).

(22)

Ba cheart cúnamh macra-airgeadais an Aontais a bheith faoi réir coinníollacha beartais eacnamaíoch, a bheidh le leagan síos i Meabhrán Tuisceana. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme agus ar chúiseanna éifeachtúlachta, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún na coinníollacha sin a chaibidliú le húdaráis na Seoirsia faoi mhaoirseacht coiste d'ionadaithe ó na Ballstáit i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. Faoin Rialachán sin, ba cheart, mar riail ghinearálta, go mbeadh feidhm ag an nós imeachta comhairliúcháin sna cásanna uile seachas sna cásanna dá bhforáiltear sa Rialachán sin. I bhfianaise go bhféadfadh tionchar tábhachtach a bheith ag cúnamh atá níos mó ná EUR 90 milliún, is iomchuí an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid le haghaidh oibríochtaí atá os cionn na tairsí sin. I bhfianaise mhéid chúnamh macra-airgeadais an Aontais don tSeoirsia, ba cheart an nós imeachta comhairliúcháin a chur i bhfeidhm maidir le glacadh an Mheabhráin Tuisceana, agus maidir le haon laghdú, fionraí nó cealú ar an gcúnamh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Déanfaidh an tAontas cúnamh macra-airgeadais ina mbeidh méid uasta de EUR 45 mhilliún a chur ar fáil don tSeoirsia (“cúnamh macra-airgeadais an Aontais”), d'fhonn tacú le cobhsú eacnamaíoch na Seoirsia agus le clár oibre athchóirithe substainteach. Den mhéid uasta sin, déanfar suas le EUR 35 mhilliún a sholáthar i bhfoirm iasachtaí agus suas le EUR 10 milliún i bhfoirm deontas. Beidh fuascailt chúnamh macra-airgeadais an Aontais faoi réir a fhormheasta ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle i mbuiséad an Aontais don bhliain ábhartha. Rannchuideoidh an cúnamh sin le riachtanais chomhordú íocaíochtaí na Seoirsia a chlúdach, de réir mar a shainaithnítear na riachtanais sin i gclár CAI.

2.   Chun an chomhchuid iasachta de chúnamh macra-airgeadais an Aontais a mhaoiniú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún thar ceann an Aontais na cistí is gá a fháil ar iasacht sna margaí caipitil nó ó institiúidí airgeadais agus iad a thabhairt ar aghaidh ar iasacht don tSeoirsia. Beidh meánaibíocht uasta de 15 bliana ag gabháil leis na hiasachtaí.

3.   Is é an Coimisiún a bhainisteoidh fuascailt chúnamh macra-airgeadais an Aontais agus déanfaidh sé an méid sin ar shlí a bheidh ag luí leis na comhaontuithe nó na comhthuiscintí a dhéanfar idir CAI agus an tSeoirsia, agus le heochairphrionsabail agus cuspóirí na n-athchóirithe eacnamaíocha a leagtar amach sa Chomhaontú Comhlachais, lena n-áirítear LDCST.

Déanfaidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a chur ar an eolas go tráthrialta i dtaobh forbairtí i dtaca le cúnamh macra-airgeadais an Aontais, lena n-áirítear eisíocaíochtaí an chúnaimh sin, agus déanfaidh sé na doiciméid ábhartha a sholáthar in am trátha do na hinstitiúidí sin.

4.   Déanfar cúnamh macra-airgeadais an Aontais a chur ar fáil ar feadh tréimhse 2bhliain go leith, ag tosú ón gcéad lá tar éis don Mheabhrán Tuisceana dá dtagraítear in Airteagal 3(1) teacht i bhfeidhm.

5.   Más rud é go dtagann laghdú fuaimintiúil ar riachtanais airgeadais na Seoirsia le linn thréimhse eisíocaíochta chúnamh macra-airgeadais an Aontais i gcomparáid leis na tuartha a rinneadh ar dtús, déanfaidh an Coimisiún, ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7(2), méid an chúnaimh a laghdú nó déanfaidh sé an cúnamh a fhionraí nó a chealú.

Airteagal 2

1.   Beidh sé mar réamhchoinníoll do chúnamh macra-airgeadais an Aontais a dheonú go n-urramaíonn an tSeoirsia sásraí daonlathacha éifeachtacha — lena n-áirítear córas parlaiminteach ilpháirtí — agus an smacht reachta, agus go ráthaíonn sí an urraim do chearta an duine.

2.   Déanfaidh an Coimisiún agus an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí faireachán ar chomhlíonadh an réamhchoinníll a leagtar amach i mír 1 ar feadh shaolré chúnamh macra-airgeadais an Aontais.

3.   Déanfar mír 1 agus mír 2 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm i gcomhréir le Cinneadh 2010/427/AE ón gComhairle (4).

Airteagal 3

1.   Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7(2), coinníollacha beartais eacnamaíochta agus airgeadais, a bheidh sainithe go soiléir, a chomhaontú le húdaráis na Seoirsia, ina ndíreofar ar athchóirithe struchtúrtha agus ar chistí poiblí fónta, a mbeidh cúnamh macra-airgeadais an Aontais faoina réir agus a bheidh le leagan síos i meabhrán tuisceana (an “Meabhrán Tuisceana”) ina n-áireofar creat ama maidir leis na coinníollacha sin a chomhall. Na coinníollacha beartais eacnamaíochta agus airgeadais a leagfar amach sa Mheabhrán Tuisceana, beidh siad ag luí leis na comhaontuithe nó na comhthuiscintí dá dtagraítear in Airteagal 1(3), lena n-áirítear an coigeartú macra-eacnamaíoch agus na cláir athchóirithe struchtúrtha arna gcur chun feidhme ag an tSeoirsia le tacaíocht ó CAI.

2.   Na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1, beidh mar aidhm leo, go háirithe, feabhas a chur ar éifeachtúlacht, trédhearcacht agus cuntasacht na gcóras bainistithe airgeadais poiblí sa tSeoirsia, lena n-áirítear le haghaidh úsáid chúnamh macra-airgeadais an Aontais. Nuair a bheidh bearta beartais á gceapadh, tabharfar aird chuí freisin ar an dul chun cinn maidir le hoscailt fhrithpháirteach an mhargaidh, ar fhorbairt trádála riailbhunaithe agus cothroime, agus ar thosaíochtaí eile i gcomhthéacs bheartas seachtrach an Aontais. Déanfaidh an Coimisiún faireachán tráthrialta ar ghnóthú na gcuspóirí sin.

3.   Déanfar téarmaí airgeadais mionsonraithe chúnamh macra-airgeadais an Aontais a leagan síos i gcomhaontú iasachta agus i gcomhaontú deontais a bheidh le tabhairt i gcrích idir an Coimisiún agus údaráis na Seoirsia.

4.   Déanfaidh an Coimisiún a fhíorú go tráthrialta go bhfuil na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 4(3) fós á gcomhlíonadh, lena n-áirítear cibé an bhfuil beartais eacnamaíocha na Seoirsia i gcomhréir le cuspóirí chúnamh macra-airgeadais an Aontais. Á dhéanamh sin dó, beidh an Coimisiún ag comhordú go dlúth le CAI agus leis an mBanc Domhanda, agus, i gcás inar gá, le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle.

Airteagal 4

1.   Faoi réir na gcoinníollacha dá dtagraítear i mír 3, déanfaidh an Coimisiún cúnamh macra-airgeadais an Aontais a chur ar fáil in dhá thráthchuid, a mbeidh gach aon cheann díobh comhdhéanta de ghné iasachta agus de ghné dheontais. Déanfar méid gach tráthchoda a leagan síos sa Mheabhrán Tuisceana.

2.   An méid de chúnamh macra-airgeadais an Aontais a thabharfar i bhfoirm iasachtaí, déanfar foráil maidir leo, i gcás inar gá sin, i gcomhréir le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle (5).

3.   Déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir le fuascailt na dtráthchodanna faoi réir gach ceann de na coinníollacha seo a leanas a bheith á gcomhall:

(a)

an réamhchoinníoll a leagtar amach in Airteagal 2(1);

(b)

teist shásúil agus leanúnach ar chur chun feidhme cláir bheartais ina bhfuil bearta láidre don choigeartú agus don athchóiriú struchtúrtha a fhaigheann tacaíocht ó chomhshocrú creidmheasa CAI nach bhfuil faoi réir réamhchúraim; agus

(c)

na coinníollacha beartais eacnamaíoch agus airgeadais arna gcomhaontú sa Mheabhrán Tuisceana a bheith á gcur chun feidhme go sásúil.

I bprionsabal, ní tharlóidh fuascailt an dara tráthchuid níos túisce ná trí mhí tar éis fhuascailt na chéad tráthchoda.

4.   Más rud é nach bhfuil na coinníollacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 3 á gcomhlíonadh, déanfaidh an Coimisiún eisíoc chúnamh macra-airgeadais an Aontais a fhionraí go sealadach nó a chealú. Sna cásanna sin, cuirfidh sé in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle na cúiseanna a bhí aige leis an bhfionraí nó leis an gcealú.

5.   Is le Banc Náisiúnta na Seoirsia a dhéanfar cúnamh macra-airgeadais an Aontais a eisíoc. Faoi réir na bhforálacha a bheidh le comhaontú sa Mheabhrán Tuisceana, lena n-áirítear dearbhú ar riachtanais iarmharacha an mhaoinithe bhuiséadaigh, féadfar cistí ón Aontas a aistriú chuig Aireacht Airgeadais na Seoirsia ina cáil mar thairbhí deiridh.

Airteagal 5

1.   Na hoibríochtaí iasachtaíochta agus iasachtaithe a bhaineann leis an gcomhchuid iasachta de chúnamh macra-airgeadais an Aontais, déanfar iad in euro agus úsáid á baint as an dáta luacha céanna, agus fágfaidh siad nach mbeidh an tAontas páirteach i dtiontú aibíochtaí agus nach mbeidh neamhchosaint aige in aghaidh aon riosca malairte nó ráta úis, nó aon riosca tráchtála eile.

2.   In imthosca ina gceadófar é sin, agus má iarrann an tSeoirsia amhlaidh, féadfaidh an Coimisiún bearta a dhéanamh chun a áirithiú go ndéanfar clásal luath-aisíocaíochta a chur ar áireamh sna téamaí agus coinníollacha don iasachtú agus ar an gcuma chéanna go mbeidh clásal comhfhreagrach sna téarmaí agus coinníollacha do na hoibríochtaí iasachtaíochta.

3.   In imthosca ina gceadófar feabhas a chur ar ráta úis na hiasachta agus má iarrann an tSeoirsia amhlaidh, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh a iasachtaíocht tosaigh a athmhaoiniú, ina iomláine nó i bpáirt, nó féadfaidh sé na coinníollacha airgeadais comhfhreagracha a athstruchtúrú. Oibríochtaí athmhaoinithe agus athstruchtúraithe, déanfar iad i gcomhréir le mír 1 agus mír 4 agus ní bheidh sé d'éifeacht acu aibíocht na hiasachtaíochtaí i dtrácht a fhadú ná cur leis an méid caipitil a bheidh gan íoc ar dháta an athmhaoinithe nó an athstruchtúraithe.

4.   Gach costas a thabhaíonn an tAontas agus a bhaineann le hoibríochtaí iasachtaíochta agus iasachtaithe faoin gCinneadh seo, is í an tSeoirsia a sheasfaidh iad.

5.   Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas i dtaobh forbairtí sna hoibríochtaí dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3.

Airteagal 6

1.   Déanfar cúnamh macra-airgeadais an Aontais a chur chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) agus le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1268/2012 ón gCoimisiún (7).

2.   Beidh cur chun feidhme chúnamh macra-airgeadais an Aontais faoi bhainistíocht dhíreach.

3.   An comhaontú iasachta agus an comhaontú deontais dá dtagraítear in Airteagal 3(3), beidh iontu forálacha:

(a)

lena n-áiritheofar go seiceálann an tSeoirsia go tráthrialta go bhfuil an maoiniú a fhaigheann sí ó bhuiséad an Aontais úsáidte go cuí, go ndéanann sí bearta iomchuí chun neamhrialtachtaí agus calaois a chosc agus, más gá, go dtionscnaíonn sí caingean dlí chun aon chistí arna soláthar faoin gCinneadh seo agus a ndearnadh mí-leithghabháil orthu a ghnóthú;

(b)

lena n-áiritheofar cosaint do leasanna airgeadais an Aontais, go háirithe foráil maidir le bearta sonracha i ndáil le calaois, éilliú agus aon neamhrialtachaí eile a dhéanann difear do chúnamh macra-airgeadais an Aontais a chosc, agus comhrac ina gcoinne, i gcomhréir le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle (8), Rialachán (Euratom, CE,) Uimh. 2185/96 ón gComhairle (9) agus Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10);

(c)

lena n-údarófar go sainráite don Choimisiún, lena n-áirítear an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise, nó a ionadaithe seiceálacha a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair;

(d)

lena n-údarófar go sainráite don Choimisiún agus don Chúirt Iniúchóirí iniúchtaí a dhéanamh le linn agus tar éis na tréimhse ina mbeidh cúnamh macra-airgeadais an Aontais á fháil, lena n-áirítear iniúchtaí ar dhoiciméid agus iniúchtaí ar an láthair, amhail measúnuithe oibríochtúla; agus

(e)

lena n-údarófar go bhfuil an tAontas i dteideal luath-aisíocaíocht a dhéanamh ar an iasacht agus/nó lán-aisíocaíocht a dhéanamh ar an deontas sa chás go mbeidh sé suite, i ndáil le bainistiú chúnamh macra-airgeadais an Aontais, go raibh an tSeoirsia ag gabháil d'aon ghníomh calaoise nó éillithe nó d'aon ghníomhaíocht mhídhleathach eile a dhéanann dochar do leasanna airgeadais an Aontais.

4.   Sula ndéanfar cúnamh macra-airgeadais an Aontais a chur chun feidhme, déanfaidh an Coimisiún measúnú, trí bhíthin measúnú oibríochtúil, ar fhóntacht shocruithe airgeadais na Seoirsia, ar a nósanna imeachta riaracháin agus a sásraí rialaithe inmheánaigh agus sheachtraigh atá ábhartha don chúnamh.

Airteagal 7

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 8

1.   Faoin 30 Meitheamh gach bliain, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir le cur chun feidhme an Chinnidh seo don bhliain roimhe sin, lena n-áirítear meastóireacht ar an gcur chun feidhme sin, a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Déanfar sa tuarascáil sin:

(a)

scrúdú ar an dul chun cinn a bheidh déanta i gcur chun feidhme chúnamh macra-airgeadais an Aontais;

(b)

measúnú ar staid agus ionchais eacnamaíocha na Seoirsia, chomh maith le measúnú ar an dul chun cinn a bheidh déanta i gcur chun feidhme na mbeart beartais dá dtagraítear in Airteagal 3(1);

(c)

léiriú a thabhairt ar an nasc idir na coinníollacha beartais eacnamaíoch arna leagan síos sa Mheabhrán Tuisceana, feidhmíocht reatha eacnamaíoch agus fhioscach na Seoirsia agus cinntí an Choimisiúin maidir le tráthchodanna de chúnamh macra-airgeadais an Aontais a fhuascailt.

2.   Tráth nach déanaí ná 2 bhliain tar éis don tréimhse infhaighteachta dá dtagraítear in Airteagal 1(4) a dhul in éag, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil meastóireachta ex post, ina ndéanfar measúnú ar thorthaí agus ar éifeachtúlacht na coda de chúnamh macra-airgeadais an Aontais atá críochnaithe agus ar a mhéid ar rannchuidigh sé le haidhmeanna an chúnaimh, a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

Airteagal 9

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 18 Aibreán 2018.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

L. PAVLOVA


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Márta 2018 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus an cinneadh ón gComhairle an 12 Aibreán 2018.

(2)  Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, ar thaobh amháin, agus an tSeoirsia, ar an taobh eile (IO L 261, 30.8.2014, lch. 4).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(4)  Cinneadh 2010/427/AE ón gComhairle an 26 Iúil 2010 lena mbunaítear eagraíocht agus feidhmiú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (IO L 201, 3.8.2010, lch. 30).

(5)  Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle an 25 Bealtaine 2009 lena mbunaítear Ciste Ráthaíochta do ghníomhaíochtaí seachtracha (IO L 145, 10.6.2009, lch. 10).

(6)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 1605/2002 (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1).

(7)  Rialachán arna Tharmligean (AE) Uimh. 1268/2012 ón gCoimisiún an 29 Deireadh Fómhair 2012 maidir le rialacha chur i bhfeidhm Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme i ndáil le buiséad ginearálta an Aontais (IO L 362, 31.12.2012, lch. 1).

(8)  Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch. 1).

(9)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).

(10)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe a dhéanann an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).


Ceartúcháin

23.4.2018   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

14


Ceartúchán ar Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 173, Eagrán Speisialta Gaeilge an 12 Meitheamh 2014 )

Ar leathanach 98, in Airteagal 2, mír 1, pointe 21:

in ionad:

“(21)

ciallaíonn ‘dlúthbhaint’ dlúthbhaint mar a shainmhínítear 4(1)(35) de Threoir 2014/…/AE;*”,

léitear:

“(21)

ciallaíonn ‘dlúthbhaint’ dlúthbhaint mar a shainmhínítear 4(1)(35) de Threoir 2014/65/AE;”.

Ar leathanach 98, in Airteagal 2, mír 1, pointe 22:

in ionad:

“(22)

ciallaíonn ‘comhlacht bainistíochta’ comhlacht bainistíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(36) de Threoir 2014/…/AE*;”,

léitear:

“(22)

ciallaíonn ‘comhlacht bainistíochta’ comhlacht bainistíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(36) de Threoir 2014/65/AE;”

Ar leathanach 99, Airteagal 2, mír 1, pointe 23:

in ionad:

“(23)

ciallaíonn ‘taisce struchtúraithe’ taisce struchtúraithe mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(43) de Threoir 2014/…/AE*;”,

léitear:

“(23)

ciallaíonn ‘taisce struchtúraithe’ taisce struchtúraithe mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(43) de Threoir 2014/65/AE;”.

Ar leathanach 99, Airteagal 2, mír 1, pointe 24:

in ionad:

“(24)

ciallaíonn ‘urrúis inaistrithe’ urrúis inaistrithe mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(44) de Threoir 2014/…/AE*;”,

léitear:

“(24)

ciallaíonn ‘urrúis inaistrithe’ urrúis inaistrithe mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(44) de Threoir 2014/65/AE;”.

Ar leathanach 99, Airteagal 2, mír 1, pointe 36:

in ionad:

“(36)

ciallaíonn ‘sásra tuairiscithe formheasta’ nó ‘ARM’ sásra tuairiscithe formheasta mar atá sainmhíníthe in Airteagal 4(1)(54) de Threoir 2014/65/AE*;”,

léitear:

“(36)

ciallaíonn ‘sásra tuairiscithe formheasta’ nó ‘ARM’ sásra tuairiscithe formheasta mar atá sainmhíníthe in Airteagal 4(1)(54) de Threoir 2014/65/AE;”.