|
ISSN 1977-0839 |
||
|
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
Eagrán Speisialta ( *1 ) |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Reachtaíocht |
Imleabhar 60 |
|
Clár |
|
Ceartúchán |
Leathanach |
|
|
* |
||
|
|
* |
|
|
|
|
|
(*1) Faoin tagairt L 20 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh. |
|
GA |
Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo. Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu. |
Ceartúchán
|
25.1.2017 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
1 |
Ceartúchán ar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012
( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 176 Eagrán Speisialta Gaeilge an 27 Meitheamh 2013 )
(Leagan ceartaithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 321 an 30 Samhain 2013 )
Is dár foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L an 27 Meitheamh 2013 a thagraíonn na tagairtí seo a leanas:
|
1. |
Ar leathanach 33, Airteagal 19(2), pointe (c): |
in ionad:
|
“(c) |
…. a fhad a bhaineann le cuspóirí an fhaireacháin ar institiúidí creidmheasa…”, |
léitear:
|
“(c) |
…a fhad a bhaineann le cuspóirí an fhaireacháin ar institiúidí…”. |
|
2. |
Ar leathanach 42, Airteagal 36(1), pointe (j): |
in ionad:
|
“(j) |
méid na n-ítimí is gá a asbhaint as ítimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 de bhun Airteagal 56 a sháraíonn Caipiteal Breise Leibhéal 1 na hinstitiúide;”, |
léitear:
|
“(j) |
méid na n-ítimí is gá a asbhaint as ítimí Breise Leibhéal 1 de bhun Airteagal 56 a sháraíonn ítimí Breise Leibhéal 1 na hinstitiúide;”. |
|
3. |
Ar leathanach 51, Airteagal 56, pointe (e): |
in ionad:
|
“(e) |
méid na n-ítimí is gá a asbhaint as ítimí Chaipiteal Leibhéal 2 de bhun Airteagal 66 a sháraíonn Caipiteal Leibhéal 2 na hinstitiúide;”, |
léitear:
|
“(e) |
méid na n-ítimí is gá a asbhaint as ítimí Breise Leibhéal 2 de bhun Airteagal 66 a sháraíonn ítimí Leibhéal 2 na hinstitiúide;”. |
|
4. |
Ar leathanach 176, Airteagal 284(6), an tríú habairt: |
in ionad:
“Déanfar an EPE iarbhír a ríomh mar mheán ualaithe den EE iarbhír:
i gcás ina gceadaítear leis na hualuithe Δtk = tk – tk – 1 gur féidir an risíocht todhchaí a ríomh ar dhátaí nach bhfuil an méid ama céanna eatarthu.”,
léitear:
“Déanfar an EPE iarbhír a ríomh mar mheán ualaithe den EE iarbhír:
i gcás ina gceadaítear leis na hualuithe Δtk = tk – tk – 1 gur féidir an risíocht todhchaí a ríomh ar dhátaí nach bhfuil an méid ama céanna eatarthu.”.
|
25.1.2017 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
2 |
Ceartúchán ar Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle
( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 347 Eagrán Speisialta Gaeilge an 20 Nollaig 2013 )
Ar leathanach 397, in Airteagal 120(3), san fhomhír dheireanach, sa chéad abairt:
in ionad:
“Déanfar an t-íosráta cómhaoinithe faoi phointí (b), (c), (d) agus (e) den chéad fhomhír a mhéadú le haghaidh gach aise tosaíochta lena gcuirtear TFAO chun feidhme agus i gcás ina mbeidh ais tosaíochta tiomnaithe do nuálaíocht shóisialta nó do chomhar trasnáisiúnta, nó do theaglaim den dá cheann.”,
léitear:
“Déanfar an t-uasráta cómhaoinithe faoi phointí (b), (c), (d) agus (e) den chéad fhomhír a mhéadú le haghaidh gach aise tosaíochta lena gcuirtear TFAO chun feidhme agus i gcás ina mbeidh ais tosaíochta tiomnaithe do nuálaíocht shóisialta nó do chomhar trasnáisiúnta, nó do theaglaim den dá cheann.”.