|
ISSN 1977-0839 |
||
|
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
Eagrán Speisialta ( *1 ) |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Reachtaíocht |
Imleabhar 59 |
|
|
|
|
|
(*1) Faoin tagairt L 171 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh. |
|
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir le LEE |
|
|
(2) Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE |
|
GA |
Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo. Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu. |
I Gníomhartha reachtacha
RIALACHÁIN
|
29.6.2016 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
1 |
RIALACHÁN (AE) 2016/1011 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 8 Meitheamh 2016
maidir le hinnéacsanna a úsáidtear mar thagarmharcanna in ionstraimí airgeadais agus i gconarthaí airgeadais nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta a thomhas agus lena leasaítear Treoir 2008/48/CE agus Treoir 2014/17/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 596/2014
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),
De bharr an méid seo a leanas:
|
(1) |
Bíonn praghsáil go leor ionstraimí airgeadais agus conarthaí airgeadais ag brath ar chruinneas agus ar shláine tagarmharcanna. Léiríonn cásanna tromchúiseacha cúblála ar thagarmharcanna rátaí úis amhail LIBOR agus EURIBOR, mar aon le líomhaintí go ndearnadh cúbláil ar thagarmharcanna fuinnimh, ola agus malairte eachtraí gur féidir le tagarmharcanna a bheith faoi réir coinbhleachtaí leasa. Le córais lánrogha agus rialachais laga a úsáid, déantar leochaileacht tagarmharcanna ó thaobh cúblála a mhéadú. Is féidir le clistí maidir le cruinneas agus sláine innéacsanna a úsáidtear mar thagarmharcanna, nó amhras faoina gcruinneas agus sláine, an bonn a bhaint d'iontaoibh an mhargaidh, caillteanais a chruthú do thomhaltóirí agus d'infheisteoirí agus an fíorgheilleagar a shaobhadh. Is gá, dá bhrí sin, cruinneas, láidreacht agus sláine tagarmharcanna agus an phróisis faoina gcinntear tagarmharcanna a áirithiú. |
|
(2) |
Tá ceanglais áirithe i dTreoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) maidir le hiontaofacht na dtagarmharcanna a úsáidtear chun ionstraim airgeadais liostaithe a phraghsáil. Tá ceanglais áirithe i dTreoir 2003/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) i ndáil leis na tagarmharcanna a úsáideann na heisitheoirí. Tá ceanglais áirithe i dTreoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) i ndáil le tagarmharcanna a bheith á n-úsáid ag gnóthais le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUI). Tá forálacha áirithe i Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, (7), ar forálacha iad lena gcuirtear cosc ar chúbláil tagarmharcanna a úsáidtear i gcomhair táirgí mórdhíola fuinnimh. Ní chumhdaítear ach gnéithe áirithe de thagarmharcanna áirithe leis na gníomhartha reachtacha sin, áfach, agus ní théann siad i ngleic leis na leochaileachtaí ar fad maidir le gach tagarmharc a sholáthar, ná ní chumhdaítear leo úsáidí uile na dtagarmharcanna airgeadais sa tionscal airgeadais. |
|
(3) |
Bíonn tagarmharcanna ríthábhachtach chun idirbhearta trasteorann a phraghsáil, rud a éascaíonn feidhmiú éifeachtach an mhargaidh inmheánaigh i raon leathan ionstraimí airgeadais agus seirbhísí airgeadais dá bharr. Go leor tagarmharcanna a úsáidtear mar rátaí tagartha i gconarthaí airgeadais, go háirithe i gcás morgáistí, cuirtear ar fáil iad i mBallstát amháin ach baineann institiúidí creidmheasa agus tomhaltóirí i mBallstáit eile úsáid astu. Chomh maith leis sin, is minic go ndéanann institiúidí creidmheasa den sórt sin a gcuid rioscaí a fhálú nó go bhfaigheann siad an cistiú chun na conarthaí airgeadais sin a dheonú sa mhargadh idirbhainc trasteorann. Níl rialacha náisiúnta maidir le tagarmharcanna glactha ach ag líon beag Ballstát, ach léiríonn a gcreataí dlí faoi seach maidir le tagarmharcanna éagsúlachtaí cheana féin i ndáil le gnéithe amhail raon feidhme an chur i bhfeidhm. Chomh maith leis sin, chomhaontaigh an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Choimisiúin Urrús (IOSCO) prionsabail maidir le tagarmharcanna airgeadais an 17 Iúil 2013 (“prionsabail IOSCO le haghaidh tagarmharcanna airgeadais”), Prionsabail le haghaidh Gníomhaireachtaí a Thuairiscíonn Praghas na hOla an 5 Deireadh Fómhair 2012 (“prionsabail IOSCO le haghaidh GTPanna”) (“prionsabail IOSCO”, in éineacht le chéile) agus toisc go gcuirtear solúbthacht áirithe ar fáil sna prionsabail sin maidir lena raon feidhme beacht agus maidir lena modhanna cur chun feidhme, is dealraitheach go nglacfaidh na Ballstáit rialacha ar an leibhéal náisiúnta lena gcuirfí prionsabail den sórt sin i bhfeidhm ar bhealaí éagsúla. |
|
(4) |
Bheadh ilroinnt ar an margadh inmheánach ann mar thoradh ar na cineálacha cur chuige éagsúla sin toisc go mbeadh riarthóirí agus úsáideoirí tagarmharcanna faoi réir rialacha difriúla i mBallstáit dhifriúla. Mar sin, d'fhéadfadh sé go gcoscfaí tagarmharcanna a chuirtear ar fáil i mBallstát amháin a bheith á n-úsáid i mBallstáit eile. In éagmais creat comhchuibhithe chun cruinneas agus sláine na dtagarmharcanna a úsáidtear in ionstraimí airgeadais agus i gconarthaí airgeadais san Aontas a áirithiú, nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta san Aontas a thomhas, is dealraitheach dá bhrí sin go gcruthóidh difríochtaí i ndlíthe na mBallstát bacainní chur ar fheidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh maidir le tagarmharcanna a sholáthar. |
|
(5) |
Ní chumhdaíonn rialacha an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí an tsaincheist ar leith i ndáil le faisnéis leormhaith maidir le tagarmharcanna i gconarthaí airgeadais. Mar thoradh ar ghearáin ó chustaiméirí agus ar dhlíthíocht a bhaineann le tagarmharcanna a úsáid i roinnt Ballstát, is dealraitheach go nglacfaí bearta atá éagsúil óna chéile, arna spreagadh ag imní dhlisteanach maidir le cosaint tomhaltóirí, ar an leibhéal náisiúnta, agus d'fheadfadh ilroinnt ar an margadh inmheánach a bheith ann dá bharr i ngeall ar na coinníollacha éagsúla iomaíochta a bhaineann le leibhéil dhifriúla cosanta do thomhaltóirí. |
|
(6) |
Dá bhrí sin, d'fhonn feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú agus coinníollacha a fheidhmithe a fheabhsú, go háirithe maidir le margaí airgeadais, agus d'fhonn ardleibhéal cosanta a áirithiú do thomhaltóirí agus d'infheisteoirí, is iomchuí creat rialála a leagan síos le haghaidh tagarmharcanna ar leibhéal an Aontais. |
|
(7) |
Is iomchuí agus is gá go mbeadh an creat sin i bhfoirm rialacháin d'fhonn a áirithiú go ndéantar forálacha a fhorchuireann oibleagáidí go díreach ar dhaoine a bhfuil baint acu le soláthar, rannchuidiú agus úsáid tagarmharcanna a chur i bhfeidhm ar bhealach aonfhoirmeach ar fud an Aontais. Ó rud é nach mór bearta a bheith i gceist le creat dlí den sórt sin, ar bearta iad lena sonraítear ceanglais bheachta a bhaineann le gnéithe atá de dhlúth agus d'inneach i soláthar den sórt sin tagarmharcanna, féadfaidh éagsúlachtaí beaga fiú sa chur chuige a thógtar i leith ceann de na gnéithe sin bacainní suntasacha a chruthú ó thaobh soláthar trasteorann tagarmharcanna de. Dá bhrí sin, trí úsáid a bhaint as rialachán, atá infheidhme go díreach, ba cheart an fhéidearthacht a laghdú go ndéanfaidh údaráis inniúla bearta atá éagsúil óna chéile ar an leibhéal náisiúnta, agus ba cheart cur chuige comhsheasmhach agus deimhneacht dhlíthiúil níos fearr a áirithiú agus cosc a chur ar bhacainní suntasacha teacht chun cinn i ndáil le soláthar trasteorann tagarmharcanna. |
|
(8) |
Ba cheart raon feidhme an Rialacháin seo a bheith chomh leathan agus is gá chun creat rialála coisctheach a chruthú. Bíonn lánrogha i gceist le soláthar tagarmharcanna maidir lena gcinneadh agus tá sé faoi réir cineálacha áirithe coinbhleachta leasa mar gheall ar a bhfuil sa soláthar sin ann féin, rud a thugann le fios go bhfuil deiseanna agus dreasachtaí ann chun cúbláil a dhéanamh ar thagarmharcanna. Tá fachtóirí riosca den sórt sin coiteann do gach tagarmharc agus ba cheart iad a chur faoi réir ceanglais leormhaithe rialachais agus rialaithe. Athraíonn méid an riosca, áfach, agus ba cheart, dá bhrí sin, an nós imeachta a ghlactar a chur in oiriúint do na himthosca ar leith. Toisc go n-athraíonn leochaileacht agus tábhacht tagarmhairc le himeacht ama, ní rachfaí i ngleic leis na rioscaí a bheidh ag aon tagarmharc san am atá le teacht dá ndéanfaí an raon feidhme a shrianadh trí thagairt a dhéanamh d'innéacsanna atá tábhachtach nó leochaileach faoi láthair. Go háirithe, féadfar úsáid níos fearr a bhaint as tagarmharcanna nach bhfuil á n-úsáid go forleathan faoi láthair san am atá le teacht, ar an gcaoi go bhféadfadh tionchar suntasach a bheith ann fiú dá ndéanfaí mionchúbláil orthu. |
|
(9) |
Is é an rud criticiúil ba cheart raon feidhme an Rialacháin seo a shocrú cibé acu a dhéantar nó nach ndéantar luach ionstraime airgeadais nó conartha airgeadais a shocrú nó feidhmíocht ciste infheistíochta a thomhas. Dá bhrí sin, níor cheart an raon feidhme a bheith ag brath ar chineál na sonraí ionchuir. Dá bhrí sin, ba cheart tagarmharcanna a ríomhtar ó shonraí ionchuir eacnamaíoch, amhail praghsanna scaireanna agus uimhreacha nach bhfuil eacnamaíoch, nó luachanna amhail paraiméadair aimsire a áireamh. Sa chreat dá bhforáiltear sa Rialachán seo, ba cheart a admháil gur ann do líon mór tagarmharcanna agus an tionchar éagsúil a bhíonn acu ar chobhsaíocht airgeadais agus ar an bhfíorgheilleagar. Leis an Rialachán seo, ba cheart foráil a dhéanamh freisin d'fhreagairt chomhréireach maidir leis na rioscaí a bhíonn ag tagarmharcanna difriúla. Ba cheart a chumhdach leis an Rialachán seo, dá bhrí sin, tagarmharcanna a úsáidtear chun ionstraimí airgeadais liostaithe nó arna dtrádáil in ionaid rialáilte a phraghsáil. |
|
(10) |
Tá líon mór tomhaltóirí ina bpáirtithe i gconarthaí airgeadais, go háirithe comhaontuithe creidmheasa tomhaltais a bhfuil morgáistí mar urrús leo, a dhéanann tagairt do thagarmharcanna atá faoi réir na rioscaí céanna. Ba cheart a chumhdach leis an Rialachán seo comhaontuithe creidmheasa mar a shainmhínítear i dTreoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) agus i dTreoir 2014/17/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9). |
|
(11) |
Bíonn coinbhleachtaí leasa suntasacha i gceist le go leor innéacsanna infheistíochta agus úsáidtear iad chun feidhmíocht chiste, amhail ciste GCUI, a thomhas. Foilsítear roinnt de na tagarmharcanna sin agus cuirtear cinn eile ar fáil, saor in aisce nó tar éis táille a íoc, don phobal nó do chuid den phobal agus féadfaidh tionchar dochrach a bheith ann d'infheisteoirí má dhéantar cúbláil orthu. Dá bhrí sin, ba cheart a chumhdach leis an Rialachán seo innéacsanna nó rátaí tagartha a úsáidtear chun feidhmíocht ciste infheistíochta a thomhas. |
|
(12) |
Maidir le rannchuiditheoirí uile sonraí ionchuir le tagarmharcanna, is féidir leo lánrogha a fheidhmiú agus d'fhéadfaidís a bheith faoi réir coinbhleachtaí leasa, agus mar sin tá an riosca ann go bhféadfaidís a bheith ina bhfoinse cúblála. Is gníomhaíocht dheonach atá i gceist le rannchuidiú le tagarmharc. Má cheanglaítear le haon tionscnamh ar rannchuiditheoirí athrú suntasach a dhéanamh ar a gcuid samhlacha gnó, d'fhéadfaidís scor de bheith ag rannchuidiú. I gcás na n-eintiteas atá faoi réir rialála agus maoirseachta cheana féin, áfach, a gceanglaítear orthu córais mhaithe rialachais agus rialaithe a bheith acu, níltear ag súil leo go mbeidh costais shuntasacha ann ná ualach riaracháin míréireach. Dá bhrí sin, forchuireann an Rialachán seo oibleagáidí áirithe ar rannchuiditheoirí faoi mhaoirseacht. Nuair a chinntear tagarmharc ar bhonn sonraí atá ar fáil go héasca, níor cheart foinse na sonraí sin a mheas mar rannchuiditheoir. |
|
(13) |
Ní úsáidtear tagarmharcanna airgeadais ach amháin chun ionstraimí airgeadais agus conarthaí airgeadais a eisiúint ná a mhonarú. Braitheann an tionscal airgeadais ar thagarmharcanna freisin chun fheidhmíocht cistí infheistíochta a thomhas chun críoch tuairisceán a rianú nó leithdháileadh sócmhainní a chinneadh maidir le punann nó na táillí feidhmíochta a ríomh. Féadfar tagarmharc áirithe a úsáid go díreach mar thagairt le haghaidh ionstraimí airgeadais agus conarthaí airgeadais nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta a thomhas, nó go hindíreach laistigh de theaglaim tagarmharcanna. Sa chás deireanach sin, maidir le socrú agus athbhreithniú na n-ualaí a bheidh le sannadh do na hinéacsanna éagsúla laistigh de theaglaim chun críche íocaíocht nó luach ionstraime airgeadais nó conartha airgeadais a chinneadh nó chun ciste feidhmíochta a thomhas, is ionann é freisin agus úsáid, ós rud é nach bhfuil lánrogha i gceist leis, murab ionann agus an ghníomhaíocht tagarmharcanna a sholáthar. Ní mheastar gur úsáid tagarmhairc atá i gceist le sealbhú ionstraimí airgeadais a thagraíonn do thargarmharc áirithe. |
|
(14) |
Comhlíonann bainc cheannais cheana prionsabail, caighdeáin agus nósanna imeachta a áirithíonn go bhfeidhmíonn siad a gcuid gníomhaíochtaí le hionracas agus ar bhealach neamhspleách. Dá bhrí sin, níl sé riachtanach go mbeadh bainc cheannais faoi réir an Rialacháin seo. Nuair a sholáthraíonn bainc cheannais tagarmharcanna, go háirithe más rud é go bhfuil na tagarmharcanna sin beartaithe chun críocha idirbhirt, is ar na bainc sin atá an fhreagracht nósanna imeachta imheánacha iomchuí a leagan síos chun cruinneas, sláine, iontaofacht agus neamhspleáchas na dtagarmharcanna sin a áirithiú, go háirithe maidir le trédhearcacht i rialachas agus i modheolaíocht ríomha. |
|
(15) |
Ina theannta sin, níor cheart d'údaráis phoiblí, lena n-áirítear gníomhaireachtaí náisiúnta staidrimh, a bheith faoi réir an Rialacháin seo i gcás ina rannchuidíonn siad sonraí le tagarmharcanna, ina soláthraíonn siad sonraí nó ina bhfuil smacht acu ar na tagarmharcanna sin chun críocha beartas poiblí, lena n-áirítear bearta fostaíochta, gníomhaíocht eacnamaíochta, agus boilsciú. |
|
(16) |
Is éard is riarthóir ann an duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil smacht aige ar sholáthar tagarmhairc agus go háirithe an duine a riarann na socruithe chun an tagarmharc a chinneadh, a bhailíonn na sonraí ionchuir agus a dhéanann anailísiú orthu, a chinneann an tagarmharc nó a fhoilsíonn an tagarmharc. Ba cheart do riarthóir a bheith in ann ceann amháin de na feidhmeanna sin nó níos mó, lena n-áirítear ríomh nó foilsiú an tagarmhairc, nó seirbhísí ábhartha eile agus gníomhaíochtaí maidir le soláthar an tagarmhairc, a sheachfhoinsiú do thríú páirtí. I gcás nach ndéanann duine ach tagarmharc a fhoilsiú nó tagairt a dhéanamh dó mar chuid de ghníomhaíochtaí iriseoireachta an duine sin, áfach, ach nach bhfuil smacht aige ar sholáthar an tagarmhairc sin, níor cheart go mbeadh an duine sin faoi réir na gceanglas a fhorchuirtear ar riarthóirí leis an Rialachán seo. |
|
(17) |
Déantar innéacs a ríomh trí úsáid a bhaint as foirmle nó as modheolaíocht éigin eile ar bhonn luachanna bunúsacha. Bíonn meid lánrogha i gceist maidir leis an bhfoirmle a chur le chéile, leis an ríomh is gá a dhéanamh agus leis na sonraí ionchuir a chinneadh, rud a chruthaíonn baol clúblála. Dá bhrí sin, ba cheart gach tagarmharc lena mbaineann an tsaintréith sin lánrogha a chumhdach leis an Rialachán seo. |
|
(18) |
Mar sin féin, i gcás ina n-úsáidtear praghas aonair nó luach aonair mar thagairt d'ionstraim airgeadais, mar shampla más é an praghas atá ar urrús aonair an praghas tagartha do rogha nó don todhchaíocht, ní bhíonn aon ríomh, sonraí ionchuir ná lánrogha i gceist. Dá bhrí sin, níor cheart a mheas go bhfuil praghsanna tagartha le praghas aonair nó luach aonair ina dtagarmharcanna chun críocha an Rialacháin seo. |
|
(19) |
Níor cheart a mheas go bhfuil praghsanna tagartha nó praghsanna socraíochta arna dtáirgeadh ag contrapháirtithe lárnacha (CPLanna) ina dtagarmharcanna toisc go n-úsáidtear iad chun socraíocht, corrlaigh agus bainistíocht riosca a chinneadh agus dá bhrí sin ní chinntear leo an méid is iníoctha faoi ionstraim airgeadais ná luach ionstraime airgeadais. |
|
(20) |
Níor cheart rátaí iasachta arna soláthar ag creidiúnaithe a mheas mar sholáthar tagarmharcanna chun críocha an Rialacháin seo. Déantar ráta iasachta arna sholáthar ag creidiúnaí a shocrú le cinneadh inmheánach nó a ríomh mar raon nó marcáil suas thar innéacs (e.g. EURIBOR). Sa chéad chás, tá an creidiúnaí díolmhaithe ón Rialachán seo don ghníomhaíocht a bhaineann le conarthaí airgeadais a bheidh déanta ag an gcreidiúnaí sin lena chliaint nó lena cliaint féin, fad is go meastar gur úsáideoir tagarmhairc, agus é sin amháin, atá sa chás deiridh. |
|
(21) |
D'fhonn sláine na dtagarmharcanna a áirithiú, ba cheart a cheangal ar riarthóirí tagarmharcanna socruithe leormhaithe rialachais a chur chun feidhme chun coinbhleachtaí leasa a rialú agus chun iontaoibh i sláine na dtagarmharcanna a chosaint. Fiú nuair a dhéantar bainistiú éifeachtach orthu, tá formhór na riarthóirí faoi réir coinbhleachtaí leasa áirithe agus d'fhéadfadh sé go mbíonn orthu breithiúnais agus cinntí a dhéanamh a dhéanann difear do ghrúpa éagsúil geallsealbhóirí. Tá sé tábhachtach dá bhrí sin go gcuireann riarthóirí feidhm i bhfeidhm, ar feidhm é a fheidhmíonn le hionracas chun formhaoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme agus éifeachtacht na socruithe rialachais lena gcuirtear formhaoirseacht éifeachtach ar fáil. |
|
(22) |
Is féidir le cúbláil nó le neamhiontaofacht tagarmharcanna damáiste a dhéanamh d'infheisteoirí agus do thomhaltóirí. Dá bhrí sin, ba cheart creat a leagan amach leis an Rialachán seo faoina gcoimeádfaidh riarthóirí agus rannchuiditheoirí taifid agus faoin soláthrófar freisin trédhearcacht maidir le cuspóir agus modheolaíocht tagarmhairc, rud a éascóidh réiteach níos éifeachtaí agus níos cothroime ar éilimh a d'fhéadfadh a bheith ann i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó le dlí an Aontais. |
|
(23) |
Éilítear anailís agus fianaise ex post le hiniúchóireacht a dhéanamh agus le forfheidhmiú éifeachtach an Rialacháin seo. Ba cheart leis an Rialachán seo, dá bhrí sin, ceanglais a leagan amach maidir le coimeád leormhaith taifead a bheith á dhéanamh ag riarthóirí tagarmharcanna, ar ceanglais iad a bhaineann le ríomh an tagarmhairc ar feadh tréimhse leordhóthanach ama. Is dóichí go dtiocfaidh athrú de réir a chéile ar an bhfíorchás a bhfuil sé beartaithe a thomhas le tagarmharc agus ar an timpeallacht ina dtomhaistear é. Dá bhrí sin is gá próiseas agus modheolaíocht sholáthar na dtagarmharcanna a athbhreithniú ar bhonn tréimhsiúil d'fhonn easnaimh agus feabhsúcháin a d'fhéadfadh a bheith ann a shainaithint. D'fhéadfadh clistí ó thaobh sholáthar an tagarmhairc tionchar a imirt ar go leor geallsealbhóirí agus is féidir leo cuidiú chun easnaimh den sórt sin a shainaithint. Leis an Rialachán seo, mar sin, ba cheart creat a leagan amach chun go mbunóidh riarthóirí tagarmharcanna sásra láimhseála gearán chun cur ar chumas na ngeallsealbhóirí fógra a thabhairt don riarthóir tagarmhairc maidir le gearáin agus a áirithiú go ndéanann an riarthóir tagarmhairc meastóireacht oibiachtúil ar thuillteanais aon ghearáin. |
|
(24) |
Le soláthar tagarmharcanna, is minic go gcaitear feidhmeanna tábhachtacha a sheachfhoinsiú, amhail an tagarmharc a ríomh, sonraí ionchuir a bhailiú agus an tagarmharc a scaipeadh. D'fhonn éifeachtacht na socruithe rialachais a áirithiú, is gá a áirithiú nach scaoileann seachfhoinsiú den sórt sin riarthóirí tagarmharcanna ó aon cheann de na hoibleagáidí agus freagrachtaí atá orthu, agus go ndéantar é ar bhealach nach gcuireann isteach ar chumas na riarthóirí a gcuid oibleagáidí ná freagrachtaí a chomhlíonadh, ná ar chumas an údaráis inniúil ábhartha maoirseacht a dhéanamh orthu. |
|
(25) |
Is é an riarthóir tagarmhairc faighteoir lárnach na sonraí ionchuir agus tá sé in ann meastóireacht a dhéanamh ar shláine agus ar chruinneas na sonraí ionchuir ar bhonn leanúnach. Is gá, dá bhrí sin, go gceanglaítear leis an Rialachán seo go nglacann riarathóirí bearta áirithe i gcás ina measann riarathóir nach léiríonn sonraí ionchuir an margadh nó an fíorchás eacnamaíoch a bhfuil sé beartaithe a thomhas leis an tagarmharc, ar bearta iad a chuimsíonn bearta chun na sonraí ionchuir, na rannchuiditheoirí nó an mhodheolaíocht a athrú nó chun scoir den tagarmharc sin a sholáthar. Thairis sin, ba cheart do riarthóir, mar chuid dá chreat rialaithe, bearta a chur ar bun chun faireachán a dhéanamh, i gcás inarb indéanta, ar shonraí ionchuir sula bhfoilsítear an tagarmharc agus chun sonraí ionchuir a bhailíochtú tar éis foilseacháin, lena n-áirítear na sonraí sin a chur i gcomparáid le patrúin stairiúla i gcás inarb infheidhme. |
|
(26) |
Maidir le haon lánrogha a fhéadfar a fheidhmiú agus sonraí ionchuir á soláthar, cruthaítear deis léi chun clúbláil a dhéanamh ar thagarmharc. Más sonraí bunaithe ar idirbheart iad na sonraí ionchuir, ní bhíonn an oiread lánrogha i gceist agus laghdaítear dá bhrí sin an deis a bhíonn ann cúbláil a dhéanamh ar na sonraí. Mar riail ghinearálta, ba cheart do riarthóirí tagarmharcanna, dá bhrí sin, sonraí ionchuir iarbhír idirbheart-bhunaithe a úsáid más féidir ach is féidir sonraí eile a úsáid sna cásanna sin nach bhfuil na sonraí idirbhirt leordhóthanach nó iomchuí chun sláine agus cruinneas an tagarmhairc a áirithiú. |
|
(27) |
Maidir le cruinneas agus iontaofacht tagarmhairc agus tomhas á dhéanamh ar an bhfíorchás eacnamaíoch a bhfuil sé i gceist ag an tagarmharc é a thomhas, braitheann siad ar an modheolaíocht agus ar na sonraí ionchuir a úsáidtear. Is gá, dá bhrí sin, modheolaíocht thrédhearcach a ghlacadh lena ndéantar iontaofacht agus cruinneas an tagarmhairc a áirithiú. Le trédhearcacht den sórt sin, níl sé i gceist léi an fhoirmle a chuirtear i bhfeidhm chun tagarmharc áirithe a chinneadh a fholsiú, ach na heilimintí is leor a nochtadh chun ligean do gheallsealbhóirí a thuiscint conas a dhíorthaítear an tagarmharc agus chun measúnú a dhéanamh ar chomh hionadaíoch, chomh hábhartha agus chomh hiomchuí atá sé don úsáid dá bhfuil sé beartaithe. |
|
(28) |
D'fhéadfadh sé go mbeidh sé riachtanach an mhodheolaíocht a athrú d'fhonn cruinneas leanúnach an tagarmhairc a áirithiú, ach bíonn tionchar ag aon athruithe sa mhodheolaíocht ar úsáideoirí agus ar gheallsealbhóirí an tagarmhairc. Dá bhrí sin, is gá na nósanna imeachta a bheidh le leanúint agus modheolaíocht an tagarmhairc á hathrú a shonrú, lena n-áirítear an gá le comhairliúchán, ionas go mbeidh úsáideoirí agus geallsealbhóirí in ann an ghníomhaíocht is gá a dhéanamh i bhfianaise na n-athruithe sin nó fógra a thabhairt don riarthóir má tá ábhar imní acu i ndáil leis na hathruithe sin. |
|
(29) |
Is féidir le fostaithe an riarthóra sáruithe féideartha ar an Rialachán seo nó leochaileachtaí féideartha a bhféadfaidh cúbláil nó iarracht ar chúbláil a bheith mar thoradh orthu a shainaithint. Dá bhrí sin, ba cheart creat a chur i bhfeidhm leis an Rialachán seo chun a chur ar chumas fostaithe foláireamh a thabhairt do riarthóirí go rúnda maidir le sáruithe féideartha ar an Rialachán seo. |
|
(30) |
Braitheann sláine agus cruinneas na dtagarmharcanna ar shláine agus ar chruinneas na sonraí ionchuir a sholáthraíonn rannchuiditheoirí. Tá sé riachtanach go ndéantar oibleagáidí na rannchuiditheoirí maidir le sonraí ionchuir den sórt sin a shonrú go soiléir, gur féidir brath ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí sin, agus go bhfuil na hoibleagáidí comhsheasmhach le rialuithe agus le modheolaíocht an riarthóra tagarmharcanna. Is gá, dá bhrí sin, go ndéanann an riarthóir tagarmhairc cód iompair a chur le chéile chun na ceanglais sin agus freagrachtaí an rannchuiditheora maidir le soláthar sonraí ionchuir a shonrú. Ba cheart do na riarthóirí a bheith sásta go gcloíonn na rannchuiditheoirí leis an gcód iompair. I gcás ina bhfuil na rannchuiditheoirí lonnaithe i dtríú tíortha, ba cheart don riarthóir a bheith sásta a mhéid is féidir. |
|
(31) |
Féadfaidh rannchuiditheoirí a bheith faoi réir coinbhleachtaí leasa agus tá siad in ann lánrogha a fheidhmiú agus cinneadh á dhéanamh acu maidir le sonraí ionchuir. Dá bhrí sin, is gá go mbeadh rannchuiditheoirí faoi réir socruithe rialachais d'fhonn a áirithiú go ndéantar na coinbhleachtaí sin a bhainistiú agus go mbíonn na sonraí ionchuir cruinn, i gcomhréir le riachtanais an riarthóra agus gur féidir iad a bhailíochtú. |
|
(32) |
Déantar an-chuid tagarmharcanna a chinneadh trí fhoirmle a chur i bhfeidhm lena n-úsáidtear sonraí ionchuir a sholáthraíonn na heintitis seo a leanas: ionad trádála, socrú foilsiúcháin formheasta, soláthróir comhdhlúite téipe, sásra tuairiscithe formheasta, malartán fuinnimh nó ardán ceantála lamháltais astaíochtaí. In imthosca áirithe, déantar an bailiú sonraí a sheachfhoinsiú do sholáthróir seirbhíse a fhaigheann na sonraí go hiomlán agus go díreach ó na heintitis sin. Sna cásanna sin, leis an rialú agus leis an maoirsiú atá ann cheana, déantar sláine agus trédhearcacht na sonraí ionchuir a áirithiú agus déantar foráil leo do na ceanglais rialachais agus do na nósanna imeachta maidir le fógra a thabhair faoi sháruithe. Dá bhrí sin, níl na tagarmharcanna sin chomh leochaileach i leith cúblála, tá siad faoi réir fíoruithe neamhspleácha, agus déantar na riarthóirí ábhartha a scaoileadh dá réir sin ó oibleagáidí áirithe a leagtar amach sa Rialachán seo. |
|
(33) |
Bíonn saintréithe, leochaileachtaí agus rioscaí éagsúla ag cineálacha éagsúla tagarmharcanna agus earnálacha éagsúla tagarmharcanna. Ba cheart forálacha an Rialacháin seo a shonrú tuilleadh le haghaidh earnálacha agus cineálacha tagarmharcanna ar leith. Is tagarmharcanna iad tagarmharcanna rátaí úis a bhfuil ról tábhachtach acu ó thaobh beartas airgeadaíochta a tharchur agus is gá, dá réir sin, forálacha sonracha a thabhairt isteach sa Rialachán seo i leith tagarmharcanna den sórt sin. |
|
(34) |
Bíonn saintréithe uathúla ag margaí tráchtearraí fisiceacha agus ba cheart iad a chur san áireamh. Baintear úsáid fhorleathan as tagarmharcanna tráchtearraí agus is féidir saintréithe earnáilsonracha a bheith ag baint leo, mar sin is gá forálacha sonracha a thabhairt isteach leis an Rialachán seo le haghaidh tagarmharcanna den sórt sin. Tá tagarmharcanna tráchtearraí áirithe díolmhaithe ón Rialachán seo ach bheadh orthu prionsabail IOSCO ábhartha a urramú mar sin féin. Is féidir le tagarmharcanna éirí criticiúil ós rud é nach bhfuil an córas teoranta do thagarmharcana atá bunaithe ar aighneachtaí ó rannchuiditheoirí arb eintitis mhaoirsithe iad ar an mórgóir. Maidir le tagarmharcanna tráchtearraí criticiúla atá faoi réir Iarscríbhinn II, níl ceanglais an Rialacháin seo maidir le rannchuidiú éigeantach agus le coláistí infheidhme. |
|
(35) |
Is féidir le cliseadh tagarmharcanna criticiúla tionchar a bheith aige ar shláine an mhargaidh, ar chobhsaíocht airgeadais,ar thomhaltóirí, ar an bhfíorgheilleagar, nó ar mhaoiniú teaghlach agus gnóthas sna Ballstáit. D'fhéadfaí na héifeachtaí díchobhsaithe ionchasacha a bheadh ag cliseadh tagarmharc criticiúil a bhrath i mBallstát aonair nó i níos mó ná Ballstát amháin. Is gá, dá bhrí sin, go bhforáiltear sa Rialachán seo do phróiseas chun na tagarmharcanna sin a chinneadh ba cheart a mheas a bheith ina dtagarmharcanna criticiúla agus go mbeidh feidhm ag ceanglais bhreise chun sláine agus láidreacht tagarmharcanna den sórt sin a áirithiú. |
|
(36) |
Is féidir tagrmharcanna criticiúla a chinneadh trí chritéar cainníochtúil nó trí theaglaim de chritéir chainníochtúla agus cháilíochtúla a úsáid. Ina theannta sin, i gcásanna nach sroicheann tagarmharc an tairseach chainníochtúil iomchuí, d'fhéadfaí é a aithint mar thagarmharc criticiúil mar sin féin i gcás nach bhfuil ionadaí ar bith nó fíorbheagán ionadaithe faoi stiúir an mhargaidh ag an tagarmharc agus go bhfuil sé ábhartha do shláine an mhargaidh, do chobhsaíocht airgeadais nó do chosaint tomhaltóirí i mBallstát amháin nó níos mó é a bheith ann agus cruinn, agus i gcás ina gcomhaontaíonn na húdaráis inniúla ábhartha go léir gur cheart tagarmharc den sórt sin a aithint mar thagarmharc criticiúil. I gcás easaontas a bheith ann idir na húdaráis inniúla ábhartha, ba cheart forlámhas a bheith ag cinneadh údarás inniúil an riarthóra ar cheart tagarmharc den sórt sin a aithint mar thagarmharc criticiúil. I gcás den sórt sin, ba cheart don Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ÚEUM), mar a bunaíodh ag Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), bheith in ann tuairim a fhoilsiú maidir leis an measúnú a bheidh déanta ag údarás inniúil an riarthóra. Sa bhreis air sin, féadfaidh údarás inniúil tagarmharc a ainmniú mar thagarmharc criticiúil bunaithe ar chritéir cháilíochtúla áirithe i gcás ina bhfuil an riarthóir agus tromlach na rannchuiditheoirí don tagarmharc lonnaithe ina Bhallstát. Ba cheart don Choimisiún na tagarmharcanna criticiúla uile a chur san áireamh i liosta arna bhunú trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, ar gníomh é ba cheart a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta. |
|
(37) |
D'fhéadfadh scor riaradh tagarmhairc chriticiúil arna chur i gcrích ag riarthóir conarthaí airgeadais nó ionstraimí airgeadais a dhéanamh neamhbhailí, a bheith ina chúis do chaillteanais do thomhaltóirí agus d'infheisteoirí, agus tionchar a bheith aige ar chobhsaíocht airgeadais. Is gá, dá bhrí sin, cumhacht a chur san áireamh chun go n-éileodh an t-udarás inniúil ábhartha riarachán éigeantach ar thagarmharc criticiúil chun caomhnú a dhéanamh ar an tagarmharc i gceist a bheith ann. I gcás imeachtaí dócmhainneachta ó thaobh riarthóir tagarmharcanna de, ba cheart don údarás inniúil measúnú a sholáthar lena ndéanfadh an t-údarás breithiúnach ábhartha a mheas an bhféadfaí an tagarmharc criticiúil a aistriú chuig riarthóir nua, nó conas a dhéanfaí é sin, nó an bhféadfaí scor de bheith á sholáthar. |
|
(38) |
Gan dochar do dhlí iomaíochta an Aontais a chur i bhfeidhm agus do chumas na mBallstát bearta a dhéanamh chun comhlíonadh an dlí sin a éascú, is gá a cheangal ar riarthóirí tagarmharcanna criticiúla, lena n-áirítear tagarmharcanna tráchtearraí criticiúla, céimeanna leormhaithe a dhéanamh chun a áirithiú go soláthraítear ceadúnais tagarmharcanna, agus faisnéis fúthu, ar bhonn réasúnach, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach do na húsáideoirí go léir. |
|
(39) |
Rannchuiditheoirí a scoireann de shonraí ionchuir a rannchuidiú le tagarmharcanna criticiúla, d'fhéadfadh sé sin an bonn a bhaint d'inchreidteacht tagarmharcanna den sórt sin, ós rud é go gcuirfí as do chumas tagarmharcanna den sórt sin an bunmhargadh nó an fíorchás eacnamaíoch a thomhas mar thoradh air sin. Is gá, dá bhrí sin, cumhacht a chur san áireamh chun go n-éileodh an t-udarás inniúil ábhartha rannchuidithe éigeantacha ó eintititis faoi mhaoirseacht le tagarmharcanna criticiúla chun inchreidteacht an tagarmhairc lena mbaineann a chaomhnú. Níl sé beartaithe go ndéanfaí le rannchuidiú sonraí ionchuir oibleagáid a fhorchur ar eintitis idirbhearta a dhéanamh nó gealltanas a thabhairt idirbhearta a dhéanamh. |
|
(40) |
Ós rud é gur ann d'éagsúlacht mhór de chineálacha agus méideanna tagarmharcanna, tá sé tábhachtach comhréireacht a thabhairt isteach sa Rialachán seo agus go seachnófaí ualach róthrom riaracháin a chur ar riarthóirí tagarmharcanna ar bagairt é a scor don chóras airgeadais níos leithne. Dá bhrí sin, sa bhreis ar an gcóras do thagarmharcanna criticiúla, ba cheart dhá chóras ar leith a thabhairt isteach: ceann amháin le haghaidh tagarmharcanna suntasacha agus ceann amháin le haghaidh tagarmharcanna neamhshuntasacha. |
|
(41) |
Ba cheart do riarthóirí tagarmharcanna suntasacha a bheith in ann a roghnú gan líon teoranta cheangaltais mhionsonraithe an Rialacháin seo a chur i bhfeidhm. Ba cheart d'údaráis inniúla, áfach, an ceart a choimeád cur i bhfeidhm na gceanglas sin, bunaithe ar na critéir a leagtar amach sa Rialachán seo, a éileamh. Le gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme a bhfuil feidhm acu maidir le riarthóirí tagarmharcanna suntasacha, ba cheart dóibh aird chuí a thabhairt ar phrionsabal na comhréireachta agus a bheith mar aidhm leo an t-ualach riaracháin a sheachaint i gcás inar féidir. |
|
(42) |
Tá riarthóirí tagarmharcanna neamhshuntasacha faoi réir córas nach bhfuil chomh mionsonraithe, córas trínar cheart riarthóirí a bheith in ann a roghnú gan roinnt ceanglas den Rialachán seo a chur i bhfeidhm. I gcás den sórt sin, agus ba cheart don riarthóir i gceist a mhíniú cén fáth a bhfuil sé iomchuí gan déanamh amhlaidh i ráiteas comhlíonta ar cheart a fhoilsiú agus a sholáthar d'údarás inniúil an riarthóra, Ba cheart don údarás inniúil sin athbhreithniú a dhéanamh ar an ráiteas comhlíonta agus ba cheart dó bheith in ann faisnéis bhreise a iarraidh nó a éileamh go ndéanfaí athruithe d'fhonn comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú. Cé go bhféadfadh tagarmharcanna neamhshuntasacha a bheith fós leochaileach i leith cúblála, is fusa tagarmharcanna eile a chur ina n-ionad, agus mar sin ba cheart gurb í an phríomhionstraim a úsaidfear do rannpháirtithe sa mhargadh ná an trédhearcacht ionas go mbeidh siad in ann roghanna eolacha a dhéanamh faoi na tagarmharcanna a mheasann siad a bheith iomchuí lena n-úsáid. Ar an gcúis sin, níor cheart feidhm a bheith ag na gníomhartha tarmligthe i dTeideal II maidir le riarthóirí tagarmharcanna neamhshuntasacha. |
|
(43) |
Ionas go ndéanfaidh úsáideoirí tagarmharcanna roghanna iomchuí as líon na dtagarmharcanna, agus go dtuigfidh siad na rioscaí a bhaineann leo, ní mór dóibh fios a bheith acu i dtaobh cad atá beartaithe a thomhas le tagarmharc ar leith agus so-ghabhálacht an tagarmhairc sin i leith clúblála. Dá bhrí sin, ba cheart don riarthóir tagarmhairc ráiteas tagarmhairc a fhoilsiú ina sonraítear na gnéithe sin. Chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach a áirithiú agus a áirithiú go bhfuil fad réasúnach ag na ráitis tagarmhairc, ach ag an am céanna go bhfuil siad ag díriú ar an bhfaisnéis ríthábhachtach is gá a sholáthar d'úsáideoirí ar bhealach atá inrochtana go héasca, ba cheart d'ÚEUM sonraíocht bhreise ar inneachar an ráitis tagarmhairc a sholáthar, ráiteas lena ndéanfaidh difreáil iomchuí idir cineálacha éagsúla agus sonraíochtaí tagarmharcanna agus dá riarthóirí. |
|
(44) |
Ba cheart don Rialachán seo prionsabail IOSCO a chur san áireamh, ar prionsabail iad a fheidhmíonn mar chaighdeáin dhomhanda le haghaidh ceanglais rialála i leith tagarmharcanna. Mar phrionsabal uileghabhálach, d'fhonn cosaint infheisteoirí a áirithiú, ba cheart maoirseacht agus rialáil i dtríú tír a bheith coibhéiseach le maoirseacht agus le rialáil tagarmharcanna san Aontas. Dá bhrí sin, is féidir le heintitis faoi mhaoirseacht tagarmharcanna a sholáthraíonn an tríú tír sin a úsáid san Aontas, i gcás ina mbeidh cinneadh dearfach glactha ag an gCoimisiún maidir le coibhéis chóras an tríú tír. In imthosca den sórt sin, ba cheart d'údaráis inniúla socruithe comhair a dhéanamh le húdaráis mhaoirseachta i dtríú tíortha. Ba cheart d'ÚEUM comhordú a dhéanamh ar fhorbairt socruithe comhair den sórt sin agus ar mhalartú faisnéise a fhaightear ó thríú tíortha idir údaráis inniúla. Mar sin féin, chun aon tionchar docrach a bheadh ann mar thoradh ar scor tobann féideartha ar úsáid tagarmharcanna san Aontas arna soláthar ag tríú tír a sheachaint, déantar foráil leis an Rialachán seo freisin do shásraí áirithe eile (eadhon, aitheantas agus formhuiniú) faoinar féidir le heintitis faoi mhaoirseacht atá lonnaithe san Aontas tagarmharcanna tríú tíortha a úsáid. |
|
(45) |
Tugtar isteach leis an Rialachán seo próiseas lena dtabharfaidh údarás inniúil an Bhallstáit tagartha aitheantas do riarthóirí atá lonnaithe i dtríú tír. Ba cheart aitheantas a thabhairt do na riarthóirí a mbeidh ceanglais an Rialacháin seo á gcomhlíonadh acu. Agus ról phrionsabail IOSCO á aithint aige mar chaighdeán domhanda chun tagarmharcanna a sholáthar, ba cheart d'údarás inniúil an Bhallstáit tagartha a bheith in ann aitheantas a thabhairt do riarthóirí ar bhonn phrionsabail IOSCO a bheith á gcur i bhfeidhm acu. Chun a dhéanamh amhlaidh, ba cheart don údarás inniúil measúnú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm phrionsabail IOSCO trí bhíthin riarthóir ar leith agus a chinneadh an bhfuil cur i bhfeidhm den sórt sin, i gcás an riarthóir i dtrácht, coibhéiseach leis na ceanglais éagsúla a bhunaítear sa Rialachán seo a chomhlíonadh, agus sainúlachtaí an chórais aitheantais i gcomparáid leis an gcóras coibhéiseach á gcur san áireamh. |
|
(46) |
Tugtar córas formhuinithe isteach leis an Rialachán seo freisin lena ligtear do riarthóirí nó eintitis faoi mhaoirseacht atá lonnaithe san Aontas tagarmharcanna arna soláthar ag tríú tíortha a fhormhuiniú, faoi choinníollacha áirithe, chun tagarmharcanna den sórt sin a úsáid san Aontas. Chun a dhéanamh amhlaidh, ba cheart don údarás inniúil, agus an tagarmharc a bheidh le formhuiniú á sholáthar aige, a chur san áireamh an mbeadh comhlíonadh phrionsabail IOSCO coibhéiseach le comhlíonadh an Rialacháin seo, agus sainiúlachtaí an chórais formhuinithe i gcomparáid leis an gcóras coibhéiseach á gcur san áireamh. Ba cheart do riarthóir nó d'eintiteas faoi mhaoirseacht a mbeidh tagarmharc arna sholáthar ag tríú tír formhuinithe aige a bheith freagrach go hiomlán as tagarmharcanna formhuinithe den sórt sin agus as na coinníollacha ábhartha dá dtagraítear sa Rialachán seo a chomhlíonadh. |
|
(47) |
Tá gach riarthóir tagarmharcanna in ann lánrogha a fheidhmiú, tá an fhéidearthacht ann go mbeidh siad faoi réir coinbhleachtaí leasa, agus tá an baol ann go mbeidh córais rialachais agus rialaithe neamhleora i bhfeidhm acu. Toisc go rialaíonn riarthóirí an próiseas faoina gcinntear tagarmharcála, is é an bealach is éifeachtaí chun sláine tagarmharcanna a áirithiú údarú nó clárú agus maoirseacht a bheith de cheangal ar riarthóirí. |
|
(48) |
Ba cheart d'údarás inniúil sa Bhallstát ina bhfuil riarthóirí áirithe lonnaithe an riarthóir i dtrácht a údarú agus a mhaoirsiú. Ba cheart d'údarás inniúil eintitis atá faoi réir maoirsiú cheana agus a sholáthraíonn tagarmharcanna airgeadais seachas tagarmharcanna criticiúla a chlárú agus a mhaoirsiú chun críocha an Rialacháin seo. Ba cheart don údarás inniúil ábhartha eintitis nach soláthraíonn ach innéacsanna a cháilíonn mar thagarmharcanna neamhshuntasacha a chlárú freisin. Ba cheart gur próisis ar leith iad údarú agus clárú, agus maidir le húdarú ba cheart measúnú níos forleithne ar iarratas an riarthóra a éileamh. Maidir leis an riarthóir sin a bheith á mhaoirsiú ag na húdaráis inniúla ábhartha, níor cheart dó sin difear a dhéanamh cibé acu atá an riarthóir údaraithe nó cláraithe. Sa bhreis air sin, ba cheart córas idirthréimhseach a thabhairt isteach, ar dá réir a d'fhéadfaí daoine a sholáthraíonn tagarmharcanna nach bhfuil criticiúil agus nach n-úsáidtear go forleathan i mBallstát amháin nó níos mó a chlárú, d'fhonn an chéad chéim de chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a éascú. Ba cheart d'ÚEUM clár a choimeád ar leibhéal an Aontais ina mbeidh faisnéis maidir le riarthóirí údaraithe nó cláraithe, maidir le tagarmharcanna agus na riarthóirí a sholáthraíonn na tagarmharcanna sin de bhua cinneadh dearfach faoin gcóras coibhéiseach nó faoin gcóras aitheantais, maidir le riarthóirí de chuid an Aontais nó eintitis faoi mhaoirseacht de chuid an Aontais a mbeidh tagarmharcanna ó thríú tír formhuinithe acu, agus maidir le haon tagarmharc formhuinithe den sórt sin agus a gcuid riarthóirí atá lonnaithe i dtríú tír. |
|
(49) |
In imthosca áirithe, soláthraíonn duine innéacs ach d'fhéadfaí gan fios a bheith aige nó aici go bhfuiltear ag úsáid an innéacs i dtrácht mar thagairt le haghaidh ionstraim airgeadais, conradh airgeadais nó ciste infheistíochta. Tarlaíonn sé sin go háirithe sa chás go mbíonn na húsáideoirí agus an riarthóir tagarmhairc lonnaithe i mBallstáit dhifriúla. Is gá, dá bhrí sin, leibhéal na trédhearcachta a mhéadú maidir le cén tagarmharc sainiúil atá á úsáid. Is féidir trédhearcacht den sórt sin a bhaint amach trí fheabhas a chur ar inneachar na réamheolairí nó na bpríomhdhoiciméad faisnéise a éilítear le dlí an Aontais agus inneachar na bhfógraí a éilítear le Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11). |
|
(50) |
Tugtar ráthú go mbeidh maoirseacht éifeachtach ann trí shraith uirlisí éifeachtacha agus cumhachtaí éifeachtacha agus acmhainní éifeachtacha a thabhairt d'údaráis inniúla na mBallstát. Dá bhrí sin, ba cheart foráil a dhéanamh leis an Rialachán seo, go háirithe, maidir le sraith íosta cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaitheacha ar cheart iad a chur ar iontaoibh údaráis inniúla na mBallstát i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Agus a gcumhachtaí á bhfeidhmiú acu faoin Rialachán seo, ba cheart d'údaráis inniúla agus d'ÚEUM gníomhú go hoibiachtúil agus go neamhchlaonta agus a bheith uathrialach i gcónaí ina gcinnteoireacht. |
|
(51) |
Chun sáruithe ar an Rialachán seo a bhrath, is gá d'údaráis inniúla a bheith in ann rochtain a fháil ar áitribh daoine dlítheanacha, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, d'fhonn doiciméid a urghabháil. Tá rochtain ar áitribh den sórt sin riachtanach má tá amhras réasúnta ann go bhfuil doiciméid agus sonraí eile ann a bhaineann le hábhar cigireachta nó imscrúdaithe agus a bhféadfadh sé go mbeadh baint acu le hábhar chun sárú ar an Rialachán seo a chruthú. Ina theannta sin, tá rochtain ar áitreabh mar sin riachtanach i gcás ina mainníonn an duine ar éilíodh faisnéis uaidh cheana an t-éileamh sin a chomhlíonadh, nó i gcás ina bhfuil forais réasúnacha ann le go gcreidfí nach gcomhlíonfaí an t-éileamh sin dá ndéanfaí é, nó go ndéanfaí na doiciméid nó an fhaisnéis, lena mbaineann an t-éileamh ar fhaisnéis, a bhaint, a chrioscaíl nó a scriosadh. Má tá réamhúdarú ag teastáil ó údarás breithiúnach an Bhallstáit lena mbaineann, i gcomhréir leis an dlí naisiúnta, ba cheart rochtain ar áitribh a thabhairt tar éis an réamhúdarú breithiúnach sin a fháil. |
|
(52) |
Is féidir le taifeadtaí ar chomhráite teileafóin agus taifid ar thrácht sonraí atá ann cheana ó eintitis faoi mhaoirseacht a bheith mar fhianaise ríthábhachtach, agus gan d'fhianaise a bheith ann ach iad uaireanta, chun sáruithe ar an Rialachán a bhrath agus a chruthú, go háirithe comhlíonadh na gceanglas rialachais agus rialaithe. Féadfaidh go gcabhróidh taifid agus taifeadtaí den sórt sin chun fíorú a dhéanamh ar chéannacht an duine atá freagrach as sonraí ionchuir a chur isteach, chomh maith le céannacht na ndaoine siúd atá freagrach as na sonraí sin a fhormheas agus cibé ar coinníodh deighilt eagraíochtúil idir na fostaithe nó nár coinníodh. Dá bhrí sin, ba cheart é a bheith ar chumas údarás inniúil a cheangal go dtabharfaí dóibh taifeadtaí ar chomhráite teileafóin, cumarsáidí leictreonacha agus taifid ar thrácht sonraí arna gcoimeád ag eintitis faoi mhaoirseacht, sna cásanna sin ina bhfuil amhras réasúnta ann go bhféadfadh taifeadtaí nó taifid den sórt sin a bhaineann le hábhar na cigireachta nó an imscrúdaithe a bheith ábhartha chun sárú ar an Rialachán seo a chruthú. |
|
(53) |
Leis an Rialachán seo, tugtar aird ar na cearta bunúsacha agus urramaítear na prionsabail a aithnítear sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe an ceart go ndéanfar an saol príobháideach agus saol an teaghlaigh a urramú, go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint, an ceart chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, an tsaoirse chun gnó a sheoladh, an ceart chun maoine, an ceart cosaint tomhaltóra a fháil, an ceart chun leigheas éifeachtach a fháil, an ceart chun cosaint a fháil. Dá réir sin, ba cheart an Rialachán seo a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na cearta agus na prionsabail sin. |
|
(54) |
Ba cheart cearta na ndaoine lena mbaineann a urramú go hiomlán. Go háirithe, ba cheart rochtain ar na cinntí ar a bhfuil cinneadh an údaráis inniúil bunaithe a chur ar fáil do na daoine atá faoi réir imeachtaí agus ba cheart an ceart éisteacht a fháil a thabhairt dóibh. |
|
(55) |
Tá trédhearcacht maidir le tagarmharcanna riachtanach ar mhaithe le cobhsaíocht an mhargaidh airgeadais agus cosaint infheisteoirí. Ba cheart d'údaráis inniúla aon mhalartú nó tarchur faisnéise a dhéanamh i gcomhréir leis na rialacha maidir le tarchur sonraí pearsanta a leagtar síos i dTreoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12). Ba cheart d'ÚEUM aon mhalartú nó tarchur faisnéise a dhéanamh i gcomhréir leis na rialacha maidir le tarchur sonraí pearsanta a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13). |
|
(56) |
Ag féachaint do na prionsabail a leagtar amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiúin an 8 Nollaig 2010 maidir le córais smachtbhannaí san earnáil seirbhísí airgeadais, agus gníomhartha dlíthiúla an Aontais arna nglacadh mar bhearta leantacha don Teachtaireacht sin a atreisiú, ba cheart do na Ballstáit, d'fhonn cur chuige comhchoiteann agus éifeacht dhíspreagthach a áirithiú, rialacha a leagan síos maidir le smachtbhannaí riaracháin agus bearta riaracháin eile, lena n-áirítear smachtbhannaí airgid, a bhfuil feidhm acu maidir le sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo agus ba cheart dóibh a áirithiú go gcuirtear chun feidhme iad. Ba cheart na smachtbhannaí riaracháin sin agus na bearta riaracháin eile sin a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. |
|
(57) |
Ba cheart smachtbhannaí riaracháin agus bearta riaracháin eile arna gcur i bhfeidhm i gcásanna ar leith a chinneadh agus tosca á gcur san áireamh nuair, is iomchuí, amhail aisíoc aon tairbhe airgeadais shonraithe, tromchúise agus fad an tsáraithe, aon tosca géaraitheacha nó maolaitheacha, an gá atá le héifeacht dhíspreagthach a bheith ag smachtbhannaí riaracháin airgid agus, i gcás inarb iomchuí, ba cheart a áireamh iontu laghdú má théitear i gcomhar leis an údarás inniúil. Go háirithe, ba cheart méid iarbhír na smachtbhannaí riaracháin airgid atá le gearradh i gcás ar leith a bheith in ann an t-uasleibhéal dá bhforáiltear sa Rialachán seo, nó an leibhéal níos airde dá bhforáiltear sa dlí náisiúnta, a bhaint amach i gcás sáruithe an-tromchúiseach, agus ag an am céanna ba cheart a bheith in ann smachtbhannaí riaracháin airgid atá cuid mhaith níos ísle ná an t-uasleibhéal a chur i bhfeidhm maidir le mionsáruithe nó i gcás socraíochta. Ba cheart an deis a bheith ag an údarás inniúil toirmeasc sealadach a fhorchur ar fheidhmiú feidhmeanna bainistíochta laistigh de riarthóirí tagarmharcanna nó rannchuiditheoirí tagarmharcanna. |
|
(58) |
Níor cheart don Rialachán seo cumas na mBallstát a theorannú foráil a dhéanamh do leibhéil níos airde de smachtbhannaí riaracháin agus ba cheart é a bheith gan dochar d'aon fhorálacha i ndlí na mBallstát a bhaineann le smachtbhannaí coiriúla. |
|
(59) |
Cé nach bhfuil aon rud ann le bac a chur ar na Ballstáit rialacha maidir le smachtbhannaí riaracháin nó smachtbhannaí coiriúla a leagan síos le haghaidh an tsáraithe chéanna, níor cheart a cheangal ar Bhallstáit rialacha maidir le smachtbhannaí riaracháin a leagan síos le haghaidh na sáruithe ar an Rialachán seo atá faoi réir an dlí choiriúil náisiúnta. I gcomhréir leis an dlí náisiúnta, níl sé de cheangal ar na Ballstáit smachtbhannaí riaracháin agus smachtbhannaí coiriúla araon a fhorchur i ndáil leis an gcion céanna, ach ba cheart dóibh bheith in ann déanamh amhlaidh má cheadaítear sin faoin dlí náisiúnta. Mar sin fein, má dhéantar smachtbhannaí coiriúla a choimeád in ionad smachtbhannaí riaracháin le haghaidh sáruithe ar an Rialachán seo, níor cheart don méid sin cumas na n-údarás inniúil a laghdú, nó difear a dhéanamh dó ar aon slí eile, comhoibriú leis na húdaráis inniúla i mBallstáit eile, rochtain a fháil ar fhaisnéis atá leo agus faisnéis a mhalartú leo, agus an méid sin á dhéanamh ar bhealach tráthúil, chun críocha an Rialacháin seo, lena n-áirítear tar éis aon sáruithe ábhartha a tharchur chuig na húdaráis bhreithiúnacha inniúla le haghaidh ionchúiseamh coiriúil. |
|
(60) |
Is gá forálacha maidir le malartú faisnéise idir údaráis inniúla náisiúnta a athneartú agus na dualgais maidir le cúnamh agus comhar atá dlite acu dá chéile a neartú. Mar gheall ar an ngníomhaíocht trasteorann atá ag méadú, ba cheart d'údaráis inniúla an fhaisnéis ábhartha a sholáthar dá chéile chun a bhfeidhmeanna a chur i gcrích, ionas go n-áirithítear forfheidhmiú éifeachtach an Rialacháin seo, lena n-áirítear i gcásanna ina bhfuil sárú nó sáruithe amhrasta mar ábhar imní do na húdaráis in dhá Bhallstát nó níos mó. Agus faisnéis á malartú, tá gá le dianrúndacht ghairmiúil chun a áirithiú go ndéantar an fhaisnéis a tharchur ar bhealach rianúil agus chun cearta ar leith a chosaint. |
|
(61) |
D'fhonn a áirithiú go bhfuil éifeacht dhíspreagthach ar an bpobal i gcoitinne ag na cinntí a dhéanann údaráis inniúla chun smachtbhanna riaracháin nó beart riaracháin eile a fhorchur, ba cheart iad a fhoilsiú. Is uirlis thábhachtach é freisin foilsiú na gcinntí lena bhforchuirtear smachtbhanna riaracháin nó beart riaracháin eile d'údaráis inniúla lena chur in iúl do rannpháirtithe sa mhargadh an cineál iompair a mheastar a bheith ina shárú ar an Rialachán seo agus chun dea-iompar níos leithne a chur chun cinn i measc rannpháirtithe sa mhargadh. Má tá an baol ann go ndéanfar dochar míréireach do na daoine lena mbaineann, nó go gcuirfear cobhsaíocht na margaí airgeadais nó imscrúdú atá idir lámha i mbaol le foilsiú den sórt sin, ba cheart don údarás inniúil an smachtbhanna riarachán nó an beart riaracháin eile a fhoilsiú i ndíth ainm nó moill a chur leis an bhfoilsiú. Thairis sin, ba cheart rogha a bheith ag údaráis inniúla gan cinneadh lena bhforchuirtear pionóis riaracháin nó bearta riaracháin eile a fhoilsiú ar chor ar bith má mheastar go mbeadh foilsiú i ndíth ainm nó moillithe neamhleor lena áirithiú nach gcuirfí cobhsaíocht na margaí airgeadais i mbaol. Ní cheanglaítear ar údaráis inniúla ach an oiread smachtbhannaí riaracháin nó bearta riaracháin eile a fhoilsiú a mheastar gur de mhionchineál iad agus go mbeadh foilsiú míréireach. |
|
(62) |
Is féidir baint a bheith ag rannchuiditheoirí, riarthóirí agus úsáideoirí i mbreis is Ballstát amháin le tagarmharcanna criticiúla. Dá bhrí sin, d'fhéadfadh tionchar a bheith ann i mbreis is Ballstát amháin má scoirtear de thagarmharc den sórt sin a sholáthar nó má tharlaíonn aon teagmhas lenar féidir an bonn a bhaint go suntasach dá sláine, rud a chiallaíonn nach mbeidh maoirseacht tagarmhairc den sórt sin a dhéanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil riarthóir an tagarmhairc lonnaithe amháin éifeachtúil agus éifeachtach ó thaobh aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a bhaineann leis an tagarmharc criticiúil. I gcás den sórt sin, chun malartú éifeachtach faisnéise maoirseachta a áirithiú idir údaráis inniúla agus chun comhordú ar a gcuid gníomhaíochtaí agus ar a mbearta maoirseachta a áirithiú, ba cheart coláistí, ina bhfuil údaráis inniúla agus ÚEUM, a bhunú. Ba cheart do ghníomhaíochtaí na gcoláistí rannchuidiú le cur i bhfeidhm comhchuibhithe na rialacha faoin Rialachán seo agus le cóineasú na gcleachtas maoirseachta. Ba cheart d'údarás inniúil an riarthóra socruithe i scríbhinn a bhunú maidir le faisnéis a mhalartú, maidir leis an bpróiseas cinnteoireachta, lena bhféadfaí na rialacha maidir le nósanna imeachta vótála a chur san áireamh, maidir le haon chomhar chun críocha beart ranchuidithe éigeantach, agus maidir leis na cásanna inar cheart do na húdaráis inniúla dul i gcomhairle lena chéile. Is gné lárnach í idirghabháil ÚEUM atá ceangailteach ó thaobh an dlí de chun comhordú, comhsheasmhacht maoirseachta agus cóineasú na gcleachtas maoirseachta a bhaint amach. |
|
(63) |
Is féidir le tagarmharcanna tagairt a dhéanamh d'ionstraimí airgeadais agus do chonarthaí airgeadais a bhfuil tréimhse fhada ag baint leo. I gcásanna áirithe, tá baol nach mbeidh cead ann a thuilleadh tagarmharcanna den sórt sin a sholáthar a luaithe agus a thiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm toisc go mbaineann saintréithe leo nach féidir iad a choigeartú chun go mbeidh siad i gcomhréir le ceanglais an Rialacháin. Ag an am céanna, má thoirmisctear soláthar leantach tagarmhairc den sórt sin, d'fhéadfadh sé go gcuirfear deireadh leis na hionstraimí airgeadais nó na conarthaí airgeadais, nó go gcuirfear ó mhaith iad, agus go ndéanfaí dochar d'infheisteoirí dá bharr. Dá bhrí sin, is gá foráil a dhéanamh lena gceadófar soláthar leantach tagarmharcanna den sórt sin ar feadh idirthréimhse. |
|
(64) |
I gcásanna ina ngabhann an Rialachán seo nó ina bhféadfadh sé go ngabhfadh sé eintitis faoi mhaoirseacht agus margaí a chumhdaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011, bheadh ar ÚEUM dul i gcomhairle leis an nGníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER) chun tarraingt as saineolas ACER sna margaí fuinnimh agus aon dé-rialáil a mhaolú. |
|
(65) |
Chun gnéithe teicniúla an Rialacháin seo a shonrú tuilleadh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le sonraíocht ghnéithe teicniúla na sainmhínithe; i ndáil le ríomh mhéideanna ainmniúla na n-ionstraimí airgeadais, méid barúlach na ndíorthach agus glanluach sócmhainní cistí infheistíochta a thagraíonn do thagarmharc chun a chinneadh an bhfuil tagarmharc den sórt sin criticiúil; i ndáil le hathbhreithniú a dhéanamh ar an modh ríofa a úsáidtear chun cinneadh a dhéanamh ar an tairseach le haghaidh tagarmharcanna criticiúla agus suntasacha a chinneadh; i ndáil le bunú na gcúiseanna oibiachtúla chun tagarmharc nó fine tagarmharcanna a sholáthraítear i dtríú tír a fhormhuiniú; i ndáil leis na heilimintí a bhunú chun measúnú a dhéanamh an bhféadfadh sé go dtarlódh sé, le réasún, gur teagmhas force majeure a bheadh mar thoradh ar scor nó athrú tagarmhairc atá ann cheana, nó go ndéanfadh an méid sin téarmaí aon chonartha airgeadais nó ionstraime airgeadais, nó na rialacha maidir le haon chiste infheistíochta, a thagraíonn do thagarmharc den sórt sin, a chur ó mhaith nó a shárú ar aon slí eile; agus i ndáil le fad a chur leis an tréimhse 24 mhí atá beartaithe le haghaidh riarthóirí áirithe a chlárú seachas iad a údarú. Agus na gníomhartha sin á nglacadh aige, ba cheart don Choimisiún an margadh nó na forbairtí teicneolaíochta agus an cóineasú idirnáisiúnta ar chleachtas maoirseachta i ndáil le tagarmharcanna, go háirithe obair IOSCO, a chur san áireamh. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe agus go ndéanfar na comharliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (14). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. |
|
(66) |
Le caighdeáin theicniúla, ba cheart comhchuibhiú comhsheasmhach na gceanglas a áirithiú chun na hinnéacsanna a úsáidtear mar thagarmharcanna a sholáthar, agus chun rannchuidiú dóibh, agus chun infheisteóirí agus tomhaltóirí ar fud an Aontais a chosaint go leormhaith. Ós rud é gur comhlacht é ÚEUM a bhfuil saineolas an-speisialaithe aige, bheadh sé éifeachtúil agus iomchuí forbairt dréachtchaighdeán teicniúil rialála, nach mbeadh roghanna beartais ag baint leo, a chur ar iontaoibh ÚEUM chun go ndéanfadh ÚEUM iad a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Ba cheart don Choimisiún dréachtchaighdeáin theicniúla rialála arna bhforbairt ag ÚEUM a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 290 CFAE agus i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh.1095/2010, maidir le nósanna imeachta agus saintréithe na feidhme formhaoirseachta; maidir le conas oiriúnacht agus infhíoraitheacht na sonraí ionchuir a áirithiú chomh maith leis nósanna imeachta formhaoirseachta inmheánaí agus fíorúcháin rannchuiditheora; maidir leis an bhfaisnéis a bheidh le soláthar ag riarthóir faoin tagarmharc agus faoin modheolaíocht; maidir leis na gnéithe den chód iompair; maidir leis na ceanglais a bhaineann le córais agus rialuithe; maidir leis na critéir gur cheart don údarás inniúil a chur san áireamh agus cinneadh á dhéanamh aige ar cheart ceanglais áirithe bhreise a chur i bhfeidhm; maidir le hinneachar an ráitis tagarmhairc agus na cásanna ina n-éilítear nuashonrú ar ráiteas den sórt sin; maidir le hinneachar íosta na socrutihe comhair idir na húdaráis inniúla agus ÚEUM; maidir le foirm agus inneachar an iarratais le haghaidh riarthóir tríú tír a aithint agus cur i láthair na faisnéise atá le soláthar leis an iarratas sin; agus maidir leis an bhfaisnéis atá le soláthar leis an iarratas sin le haghaidh údarú nó clárú. |
|
(67) |
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun liosta d'údaráis phoiblí san Aontas a bhunú agus a athbhreithniú, chun liosta de thagarmharcanna criticiúla a bhunú agus a athbhreithniú, agus chun cinneadh a dhéanamh faoi choibhéiseacht an chreata dhlíthiúil a bhfuil solathróirí tagarmharcanna tríú tíortha faoina réir chun críoch coibhéis iomlán nó pháirteach. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15). |
|
(68) |
Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún freisin caighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbróidh ÚEUM a ghlacadh lena mbunófar teimpléid do na ráitis comhlíontachta, nósanna imeachta agus foirmeacha um mhalartú faisnéise idir údaráis inniúla agus ÚEUM, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme de bhun Airteagal 291 CFAE agus i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. |
|
(69) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon córas comhsheasmhach éifeachtach a leagan síos chun dul i ngleic leis na leochaileachtaí a chruthaíonn tagarmharcanna, a ghnóthú go leordhóthanach, toisc nach féidir an tionchar foriomlán atá ag na fadhbanna a bhaineann le tagarmharcanna a fheiceáil go hiomlán ach i gcomhthéacs an Aontais, agus, de bharr scála agus éifeachtaí an Rialacháin seo, gur fearr is féidir iad a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú. |
|
(70) |
I bhfianaise na práinne a bhaineann leis an ngá atá ann muinín i dtagarmharcanna a thabhairt i réim athuair agus margaí airgeadais córa agus trédhearcacha a chur chun cinn, ba cheart an Rialachán seo teacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe. |
|
(71) |
Tá tomhaltóirí in ann conarthaí airgeadais a dhéanamh, go háirithe morgáistí agus conarthaí creidmheasa tomhaltóirí, ar conarthaí airgeadais iad a dhéanann tagairt do thagarmharc, ach fágann cumhacht margála mhíchothrom agus úsáid téarmaí caighdeánacha go bhféadfadh rogha theoranta a bheith acu maidir leis an tagarmharc a úsáidfear. Is gá, dá bhrí sin, a áirithiú, ar a laghad, go soláthraíonn creidiúnaithe nó idirghabhálaithe creidmheasa faisnéis leormhaith ar a laghad do thomhaltóirí. Chuige sin, ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2008/48/CE agus Treoir 2014/17/AE a leasú dá réir. |
|
(72) |
Le Rialachán (AE) Uimh. 596/2014, ceanglaítear ar dhaoine a bhfuil freagrachtaí bainistíochta orthu, chomh maith le daoine a bhfuil dlúthbhaint acu leo, fógra a thabhairt don eisitheoir agus don údarás inniúil maidir le gach idirbheart a dhéantar chun a gcuntais féin a bhaineann le hionstraimí airgeadais atá nasctha iad féin le scaireanna agus le hionstraimí fiachais an eisitheora. Mar sin féin, tá éagsúlacht ionstraimí airgeadais ann atá nasctha le scaireanna agus ionstraimí fiachais eisitheora ar leith. Áirítear in ionstraimí airgeadais den sórt sin aonaid i ngnóthais comhinfheistíochta, táirgí struchtúrtha nó ionstraimintí airgeadais lena neadaítear díorthach a sholáthraíonn neamhchosaint ar fheidhmíocht scaireanna nó ar ionstraimí fiachais a eisíonn eisitheoir. Ba cheart do gach idirbheart os cionn tairseach de minimis a bheith faoi réir fógra chuig an eisitheoir agus chuig an údarás inniúil. Ba cheart eisceacht a dhéanamh i gcás ina soláthraíonn an ionstraim airgeadais nasctha neamhchosaint de 20 % nó níos lú ar scaireanna an eisitheora nó ar ionstraimí fiachais an eisitheora, nó i gcás nach raibh an duine ar a bhfuil freagrachtaí bainistíochta, nó duine a bhfuil dlúthbhaint aige nó aici leo, ar an eoals faoi chomhdhéanamh infheistíochta na hionstraime nasctha airgeadais, nó nach bhféadfaidís a bheith ar an eolas faoi sin. Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 a leasú, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
TEIDEAL I
ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE
Airteagal 1
Ábhar
Tugtar isteach leis an Rialachán seo creat coiteann chun cruinneas agus sláine na n-innéacsanna a úsáidtear mar thagarmharcanna in ionstraimí airgeadais agus i gconarthaí airgeadais a áirithiú, nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta san Aontas a thomhas. Dá bhrí sin, cuireann an Rialachán seo le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh chomh maith le hardleibhéal cosanta a bhaint amach do thomhaltóirí agus d'infheisteoirí.
Airteagal 2
Raon Feidhme
1. Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le tagarmharcanna a sholáthar, sonraí ionchuir a rannchuidiú le tagarmharc agus tagarmharc a úsáid laistigh den Aontas.
2. Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na nithe seo a leanas:
|
(a) |
banc ceannais; |
|
(b) |
údarás poiblí, i gcás ina rannchuidíonn sé sonraí le tagarmharcanna chun críocha beartas poiblí, ina soláthraíonn sé tagarmharcanna den sórt sin nó ina rialaíonn sé an soláthar sin, chun na gcríoch sin, lena n-áirítear bearta fostaíochta, gníomhaíocht eacnamaíochta, agus boilsciú; |
|
(c) |
contrapháirtí lárnach (CPL), i gcás ina soláthraíonn sé praghsanna tagartha nó praghsanna socraíochta a úsáidtear chun críocha bhainistíocht riosca CPLanna nó socraíochta; |
|
(d) |
praghas tagartha aonair a sholáthar d'aon ionstraim airgeadais a liostaítear i Roinn C d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE; |
|
(e) |
an preas, na meáin agus iriseoirí eile más rud é nach ndéanann siad ach tagarmharc a fhoilsiú nó tagairt do thagarmharc mar chuid dá ngníomhaíochtaí iriseoireachta gan aon smacht acu ar sholáthar an tagarmhairc sin; |
|
(f) |
duine nádúrtha nó dlítheanach a dheonaíonn creidmheas i gcúrsa thrádáil, ghnó nó ghairm an duine sin, nó a gheallann é sin a dhéanamh, gan ach sa mhéid ina bhfoilsíonn an duine sin rátaí iasachta athraitheacha nó seasta féin an duine sin, nó ina gcuireann sé ar fáil don phobal iad, ar rátaí iad arna socrú trí chinntí inmheánacha agus gan feidhm a bheith acu ach amháin maidir le conarthaí airgeadais arna ndéanamh ag an duine sin nó ag cuideachta laistigh den ghrúpa céanna lena gcuid cliant faoi seach; |
|
(g) |
tagarmharc tráchtearraí bunaithe ar aighneachtaí ó rannchuiditheoirí arb eintitis nach bhfuil faoi mhaoirseacht a bhformhór agus a bhfuil feidhm ag an dá choinníoll seo a leanas ina leith:
|
|
(h) |
soláthróir innéacsanna i ndáil le hinnéacs arna sholáthar ag an soláthróir sin más rud é go bhfuil an soláthróir innéacsanna sin aineolach agus nach bhfuil sé réasúnta go bhféadfadh sé a bheith eolach go n-úsáidtear an t-innéacs sin chun na gcríoch dá dtagraítear i bpointe (3) d'Airteagal 3(1). |
Airteagal 3
Sainmhínithe
1. Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
(1) |
ciallaíonn “innéacs” aon fhigiúr:
|
|
(2) |
ciallaíonn “soláthróir innéacsanna” an duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil smacht aige nó aici ar innéacs a sholáthar; |
|
(3) |
ciallaíonn “tagarmharc” aon innéacs ar faoina threoir a dhéantar an méid is iníoctha faoi ionstraim airgeadais nó faoi chonradh airgeadais, nó luach ionstraime airgeadais, a chinneadh, nó innéacs a úsáidtear chun feidhmíocht ciste infheistíochta a thomhas arb é is cuspóir dó tuairisceán innéacs den sórt sin a rianú nó leithdháileadh sócmhainní maidir le punann a shainiú nó na táillí feidhmíochta a ríomh; |
|
(4) |
ciallaíonn “fine tagarmharcanna” grúpa tagarmharcanna a sholáthraíonn an riarthóir céanna agus a chinntear ó shonraí ionchuir den chineál céanna a sholáthraíonn tomhais shonracha ar an margadh céanna nó ar mhargadh comhchosúil nó ar an bhfíorchás eacnamaíoch; |
|
(5) |
ciallaíonn “tagarmharc a sholáthar”:
|
|
(6) |
ciallaíonn “riarthóir” duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil smacht aige nó aici ar sholáthar tagarmhairc; |
|
(7) |
ciallaíonn “úsáid tagarmhairc”:
|
|
(8) |
ciallaíonn “sonraí ionchuir a rannchuidiú” aon sonraí ionchuir nach bhfuil fáil orthu go héasca a sholáthar do riarthóir, nó do dhuine eile chun iad a chur ar aghaidh chuig riarthóir, ar sonraí iad atá de dhíth i ndáil le tagarmharc a chinneadh, agus a sholáthraítear chun na críche sin; |
|
(9) |
ciallaíonn “rannchuiditheoir” aon duine nádúrtha nó dlítheanach a rannchuidíonn sonraí ionchuir; |
|
(10) |
ciallaíonn “rannchuiditheoir faoi mhaoirseacht” eintiteas faoi mhaoirseacht a rannchuidíonn sonraí ionchuir le riarthóir atá lonnaithe san Aontas; |
|
(11) |
ciallaíonn “aighnitheoir” duine nádúrtha atá fostaithe ag an rannchuiditheoir chun na críche sonraí ionchuir a rannchuidiú; |
|
(12) |
ciallaíonn “measúnóir” fostaí riarthóir tagarmhairc tráchtearraí, nó aon duine nádúrtha eile a gcuirtear a sheirbhísí nó a seirbhísí ar fáil don riarthóir nó faoi rialú an riarthóra, agus atá freagrach as modheolaíocht nó breithiúnas a chur i bhfeidhm ar shonraí ionchuir agus ar fhaisnéis eile chun teacht ar mheasúnú críochnaitheach faoi phraghas tráchtearra áirithe; |
|
(13) |
ciallaíonn “breithiúnas saineolach” lánrogha a bheith á feidhmiú ag riarthóir nó ag rannchuiditheoir maidir le sonraí a úsáid agus tagarmharc á chinneadh, lena n-áirítear luachanna a eachtarshuí ó idirbhearta roimhe sin nó idirbhearta gaolmhara, luachanna a choigeartú le haghaidh tosca a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar cháilíocht sonraí amhail imeachtaí margaidh nó lagú ar cháilíocht creidmheasa ceannaitheora nó díoltóra, agus ualú tairiscintí daingne ceannaigh nó tairiscintí díola ar mó iad ná idirbheart ar leith atá tugtha i gcrích; |
|
(14) |
ciallaíonn “sonraí ionchuir” na sonraí i ndáil le luach bunsócmhainne amháin nó níos mó, nó i ndáil le praghsanna, lena n-áirítear praghsanna measta, luachana, luachana geallta nó luachanna eile, a úsáideann riarthóir chun tagarmharc a chinneadh; |
|
(15) |
ciallaíonn “sonraí idirbhirt” praghsanna, rátaí, innéacsanna nó luachanna inbhraite atá ina dtuairiscí ar idirbhearta idir contrapháirtithe nach bhfuil cleamhnaithe i margadh gníomhach atá faoi réir fórsaí iomaíocha soláthair agus éilimh; |
|
(16) |
ciallaíonn “ionstraim airgeadais” aon cheann de na hionstraimí a liostaítear i Roinn C d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE lenar iarradh cead isteach i gcomhair trádáil ar ionad trádála ina leith, mar a shainmhínítear i bpointe (24) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE, nó a dhéantar a thrádáil ar ionad trádála mar a shainmhínítear i bpointe (24) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE nó trí inmheánaitheoir córasach mar a shainmhínítear i bpointe (20) d'Airteagal 4(1) den Treoir sin; |
|
(17) |
ciallaíonn “eintiteas faoi mhaoirseacht” aon cheann de na nithe seo a leanas:
|
|
(18) |
ciallaíonn “conradh airgeadais”:
|
|
(19) |
ciallaíonn “ciste infheistíochta” AIF mar a shainmhínítear i bpointe (a) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2011/61/AE, nó GCUI mar a shainmhínítear in Airteagal 1(2) de Threoir 2009/65/CE; |
|
(20) |
ciallaíonn “comhlacht bainistíochta” comhlacht nó comhlachtaí riarthóra nó eintitis eile faoi mhaoirseacht a cheaptar i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, ar comhlachtaí iad a chumhachtaítear straitéis, cuspóirí agus treo foriomlán an riarthóra nó an eintitis eile faoi mhaoirseacht a shocrú, agus a dhéanann formhaoirseacht agus faireachán ar chinnteoireacht bainistíochta agus a n-áirítear iontu na daoine a stiúrann gnó an riarthóra nó an eintitis eile faoi mhaoirseacht go hiarbhír; |
|
(21) |
ciallaíonn “tomhaltóir” duine nádúrtha atá ag gníomhú, i gconarthaí airgeadais a chumhdaítear leis an Rialachán seo, chun críoch atá lasmuigh de cheird, gnó nó gairm an duine sin; |
|
(22) |
ciallaíonn “tagarmharc ráta úis” tagarmharc a chinntear, chun críocha phointe (1)(b)(ii) den mhír seo, ar bhonn an ráta a bhféadfaidh bainc iasachtaí a thabhairt do bhainc eile nó iasachtaí a fháil uathu, nó iasachtaí a thabhairt do ghníomhairí eile seachas bainc nó iasachtaí a fháil uathu, sa mhargadh airgeadais; |
|
(23) |
ciallaíonn “tagarmharc tráchtearraí” tagarmharc ar tráchtearra de réir bhrí phointe (1) d'Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 1287/2006 ón gCoimisiún (21) í an bhunsócmhainn chun críocha phointe (1)(b)(ii) den mhír seo, agus na lamháltais astaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (11) de Roinn C d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE á n-eisiamh; |
|
(24) |
ciallaíonn “tagarmharc sonraí rialáilte” tagarmharc arna chinneadh trí fhoirmle ó na nithe seo a leanas a chur i bhfeidhm:
|
|
(25) |
ciallaíonn “tagarmharc criticiúil” tagarmharc seachas tagarmharc sonraí rialáilte a chomhlíonann aon cheann de na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 20(1) agus atá ar an liosta arna bhunú ag an Coimisiún de bhun an Airteagail sin; |
|
(26) |
ciallaíonn “tagarmharc suntasach” tagarmharc a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 24(1); |
|
(27) |
ciallaíonn “tagarmharc neamhshuntasach” tagarmharc nach gcomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 20(1) agus Airteagal 24(1); |
|
(28) |
ciallaíonn “lonnaithe”, i ndáil le duine dlítheanach, an tír ina bhfuil oifig chláraithe nó seoladh oifigiúil eile an duine sin suite agus, i ndáil le duine nádúrtha, an tír ina bhfuil an duine sin ina chónaitheoir nó ina cónaitheoir chun críocha cánach; |
|
(29) |
ciallaíonn “údarás poiblí”:
|
2. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 49 chun gnéithe teicniúla na sainmhínithe a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo a shonrú tuilleadh, lena sonraítear go háirithe cad é atá i gceist le cur ar fáil don phobal chun críoch innéacs a shainmhíniú.
I gcás inarb infheidhme, cuirfidh an Coimisiún san áireamh na forbairtí sa mhargadh nó na forbairtí teicneolaíochta agus an cóineasú idirnáisiúnta ar chleachtas maoirseachta i ndáil le tagarmharcanna.
3. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun liosta d'údaráis phoiblí san Aontas a thagann laistigh den sainmhíniú faoi phointe (29) de mhír 1 den Airteagal seo a bhunú agus athbhreithniú a dhéanamh air. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 50(2).
I gcás inarb infheidhme, cuirfidh an Coimisiún san áireamh na forbairtí sa mhargadh nó na forbairtí teicneolaíochta agus an cóineasú idirnáisiúnta ar chleachtas maoirseachta i ndáil le tagarmharcanna.
TEIDEAL II
SLÁINE AGUS IONTAOFACHT TAGARMHAIRC
CAIBIDIL 1
Rialachas agus rialú riarthóirí
Airteagal 4
Ceanglais maidir le rialachas agus le coinbhleacht leasa
1. Beidh socruithe láidre rialachais i bhfeidhm ag riarthóir, agus áireofar sna socruithe sin struchtúr soiléir eagraíochtúil ina mbeidh freagrachtaí soiléire, trédhearcacha agus comhsheasmhacha agus róil shoiléire, thrédhearcacha agus chomhsheasmhacha le haghaidh gach duine a bhfuil baint aige nó aici le tagarmharc a sholáthar.
Glacfaidh riarthóirí céimeanna leormhaithe chun coinbhleachtaí leasa a shainaithint agus a chosc nó a bhainistiú eatarthu féin, lena n-áirítear a mbainisteoirí, a bhfostaithe nó aon duine a bhfuil baint dhíreach aige nó aici leo trí rialú agus trí rannchuiditheoirí nó úsáideoirí, agus chun a áirithiú, i gcás ina n-éileofar aon bhreithiúnas nó lánrogha sa phróiseas faoina gcinntear tagarmharcanna, go ndéanfar an breithiúnas nó an lánrogha sin a fheidhmiú go neamhspleách agus go hionraic.
2. Beidh soláthar tagarmhairc scartha go hoibríochtúil ó aon chuid de ghnó de chuid riarthóra a d'fhéadfadh coinbhleacht leasa iarbhír nó féideartha a chruthú.
3. I gcás ina dtarlóidh coinbhleacht leasa laistigh de riarthóir mar gheall ar struchtúr úinéireachta an rialthóra sin, leasanna rialaithe nó gníomhaíochtaí eile an rialathóra sin arna seoladh ag aon eintiteas a bhfuil an riarthóir faoi úinéireacht aige nó a rialaíonn é nó í nó ag eintiteas atá faoi úinéireacht nó faoi rialú an riarthóra nó aon cheann de chleamhnaithe an riarthóra, ar coinbhleacht í nach féidir a mhaolú go leormhaith, féadfaidh an t-údarás inniúil ábhartha a cheangal ar an riarthóir feidhm formhaoirseachta neamhspleách a bhunú ina mbeidh ionadaíocht chothrom geallsealbhóirí, lena n-áirítear úsáideoirí agus rannchuiditheoirí.
4. Mura féidir coinbhleacht leasa den sórt sin a bhainistiú, féadfaidh an t-údarás inniúil ábhartha a cheangal ar an riarthóir scor de na gníomhaíochtaí nó de na gaolmhaireachtaí a chruthaíonn an choinbhleacht leasa nó scor den tagarmharc a sholáthar.
5. Foilseoidh nó nochtfaidh riarthóir gach coinbhleacht leasa reatha nó féideartha d'úsáideoirí tagarmhairc, don údarás inniúil ábhartha agus, i gcás inarb ábhartha, do rannchuiditheoirí, lena n-áirítear coinbhleachtaí leasa a eascraíonn as úinéireacht nó rialú an riarthóra.
6. Déanfaidh riarthóir beartais agus nósanna imeachta leormhaithe, chomh maith le socruithe eagraíochtúla éifeachtacha, a bhunú agus a oibriú do shainaithint, nochtadh, bainistiú nó maolú agus seachaint coinbhleachtaí leasa chun sláine agus neamhspleáchas cinntí tagarmharcanna a chosaint. Déanfar beartais agus nósanna imeachta den sórt sin a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta. Déanfaidh na beartais agus na nósanna imeachta na coinbhleachtaí leasa, méid na lánrogha arna feidhmiú sa phróiseas faoina gcinntear tagarmharcanna agus na rioscaí a bhaineann leis an tagarmharc a chur san áireamh, agus rachaidh siad i ngleic leo, agus déanfar:
|
(a) |
rúndacht na faisnéise a rannchuidíodh leis an riarthóir nó a tháirg an riarthóir, faoi réir na n-oibleagáidí maidir le nochtadh agus trédhearcacht faoin Rialachán seo, a áirithiú; agus |
|
(b) |
maolú go sonrach ar na coinbhleachtaí leasa a eascraíonn as úinéireacht nó rialú an riarthóra, nó mar gheall ar leasanna eile i ngrúpa an rialthóra nó mar thoradh ar dhaoine eile a bhféadfadh tionchar nó rialú a bheith acu ar an riarthóir i ndáil leis an tagarmharc a chinneadh. |
7. Maidir le fostaithe riarthóirí agus aon duine nádúrtha eile a gcuirtear a seirbhísí ar fáil do riarthóirí nó atá faoi rialú ag riarthóirí agus a bhfuil baint dhíreach acu le tagarmharc a sholáthar, áiritheoidh riarthóirí:
|
(a) |
go bhfuil na scileanna, an t-eolas agus an taithí is gá acu do na dualgais atá sannta dóibh agus go bhfuil siad faoi réir bainistíocht agus maoirseacht éifeachtach; |
|
(b) |
nach bhfuil siad faoi réir tionchar míchuí nó coinbhleachtaí leasa agus nach gcruthaíonn meastóireacht cúitimh agus feidhmíochta na ndaoine sin coinbhleachtaí leasa nó nach gcuireann siad isteach ar dhóigh eile ar shláine an phróisis faoina gcinntear tagarmharcanna; |
|
(c) |
nach bhfuil aon leasanna nó naisc ghnó acu a chuireann gníomhaíochtaí an riarthóra lena mbaineann i gcontúirt; |
|
(d) |
go bhfuil cosc orthu rannchuidiú le cinneadh tagarmhairc trí ghabháil do thairiscintí ceannaigh, do thairiscintí díola agus do thrádálacha ar bhonn pearsanta nó thar ceann rannpháirtithe sa mhargadh, ach amháin i gcás ina n-éilítear so sainráite rannchuidiú ar an mbealach sin mar chuid den mhodheolaíocht tagarmhairc agus atá faoi réir rialacha sonracha ann; agus |
|
(e) |
go bhfuil siad faoi réir nósanna imeachta éifeachtacha chun malartú faisnéise le fostaithe eile a rialú, ar fostaithe iad a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí a fhéadfaidh riosca de choinbhleachtaí leasa a chruthú, nó chun malartú faisnéise le tríú páirtithe a rialú, nó sa chás go bhféadfadh tionchar a bheith ag an bhfaisnéis sin ar an tagarmharc. |
8. Bunóidh riarthóir nósanna imeachta rialaithe sonracha inmheánacha chun sláine agus iontaofacht an fhostaí nó an duine a bhfuil an tagarmharc á chinneadh aige nó aici a áirithiú, lena n-áirítear, ar a laghad, síniú ón mbainistíocht go hinmheánach roimh an tagarmharc a scaipeadh.
Airteagal 5
Ceanglais um fheidhm formhaoirseachta
1. Déanfaidh riarthóirí feidhm formhaoirseachta bhuan agus éifeachtach a bhunú agus a choimeád chun formhaoirseacht a áirithiú ar gach gné de sholáthar a gcuid tagarmharcanna.
2. Déanfaidh riarthóirí nósanna imeachta láidre a fhorbairt agus a choimeád maidir lena bhfeidhm formhaoirseachta, ar nósanna imeachta iad a chuirfear ar fáil do na húdaráis inniúla ábhartha.
3. Oibreoidh an fheidhm formhaoirseachta le hionracas agus beidh na freagrachtaí seo a leanas aici, a dhéanfaidh an riarthóir a choigeartú bunaithe ar chastacht, úsáid agus leochaileacht an tagarmhairc:
|
(a) |
athbhreithniú a dhéanamh, go bliantúil ar a laghad, ar shainmhíniú agus ar mhodheolaíocht an tagarmhairc; |
|
(b) |
formhaoirseacht a dhéanamh ar aon athruithe ar mhodheolaíocht an tagarmhairc agus a bheith in ann iarraidh ar an riarthóir comhairliúchán a dhéanamh maidir le hathruithe den sórt sin; |
|
(c) |
formhaoirseacht a dhéanamh ar chreat rialaithe an riarthóra, ar bhainistiú agus ar oibriú an tagarmhairc, agus, i gcás ina bhfuil an tagarmharc bunaithe ar shonraí ionchuir ó rannchuiditheoirí, ar an gcód iompair dá dtagraítear in Airteagal 15; |
|
(d) |
athbhreithniú a dhéanamh ar nósanna imeachta a bhaineann le scor an tagarmhairc, lena n-áirítear aon chomhairliúchán faoi scor, agus iad a fhormheas; |
|
(e) |
formhaoirseacht a dhéanamh ar aon tríú páirtí a bhfuil baint aige nó aici i soláthar an tagarmhairc, lena n-áirítear gníomhairí ríofa nó scaipthe; |
|
(f) |
meastóireacht a dhéanamh ar iniúchtaí nó athbhreithnithe inmheánacha agus seachtracha, agus faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí aitheanta feabhais; |
|
(g) |
i gcás ina bhfuil an tagarmharc bunaithe ar shonraí ionchuir ó rannchuiditheoirí, faireachán a dhéanamh ar na sonraí ionchuir agus na rannchuiditheoirí agus gníomhaíochtaí an riarthóra le linn agóid a dhéanamh i gcoinne rannchuidithe de shonraí ionchuir nó na rannchuidithe sin a bhailíochtú; |
|
(h) |
i gcás ina bhfuil an tagarmharc bunaithe ar shonraí ionchuir ó rannchuiditheoirí, bearta éifeachtacha a ghlacadh i leith aon sáruithe ar an gcód iompair dá dtagraítear in Airteagal 15; agus |
|
(i) |
aon mhí-iompar ó rannchuiditheoirí, i gcás ina bhfuil an tagarmharc bunaithe ar shonraí ionchuir ó rannchuiditheoirí, nó ó riarthóirí a bhfuil lucht na feidhme formhaoirseachta ar an eolas faoi, agus aon sonraí ionchuir aimhrialta nó amhrasta a thuairisciú do na húdaráis inniúla ábhartha. |
4. Is trí choiste leithleach nó trí bhíthin socrú rialachais iomchuí eile a dhéanfar an fheidhm formhaoirseachta.
5. Déanfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun na nósanna imeachta maidir leis an bhfeidhm formhaoirseachta agus saintréithe na eidhme formhaoirseachta lena n-áirítear a comhdhéanamh chomh maith lena suí laistigh de struchtúr eagraíochtúil an riarthóra a shonrú, ionas go n-áiritheofar sláine na feidhme agus nach mbeidh coinbhleachtaí leasa ann. Go háirithe, déanfaidh ÚEUM liosta neamh-uileghabhálach de shocruithe rialachais iomchuí mar a leagtar síos i mír 4 a fhorbairt.
Déanfaidh ÚEUM idirdhealú idir na cineálacha éagsúla tagarmharcanna agus earnálacha mar a leagtar amach sa Rialachán seo agus cuirfidh sé san áireamh na difríochtaí i struchtúr úinéireachta agus rialaithe na riarthóirí, cineál, scála agus castacht sholáthar an tagarmhairc, agus riosca agus tionchar an tagarmhairc, i bhfianaise chóineasú idirnáisiúnta an chleachtais maoirseachta i ndáil le ceanglais rialachais tagarmharcanna freisin. Ní chumhdófar le dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ÚEUM, áfach, riarthóirí tagarmharcanna neamhshuntasacha ná ní bheidh feidhm ag na dréachtchaighdeáin sin maidir leo.
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Aibreán 2017.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
6. Féadfaidh ÚEUM treoirlínte a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 a bheidh dírithe chuig riarthóirí tagarmharcanna neamhshuntasacha chun na gnéithe dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo a shonrú.
Airteagal 6
Ceanglais maidir le creat rialaithe
1. Beidh creat rialaithe i bhfeidhm ag riarthóirí lena n-áirithítear go ndéanfar a gcuid tagarmharcanna a sholáthar agus a fhoilsiú nó go gcuirfear ar fáil iad i gcomhréir leis an Rialachán seo.
2. Beidh an creat rialaithe comhréireach leis an leibhéal coinbhleachtaí leasa a aithníodh, leis an méid lánrogha i soláthar an tagarmhairc agus le cineál na sonraí ionchuir tagarmhairc.
3. Áireofar sa chreat rialaithe:
|
(a) |
riosca oibríochtúil a bhainistiú; |
|
(b) |
pleananna leormhaithe agus éifeachtacha leanúnachais gnó agus athshlánaithe ó thubaiste; |
|
(c) |
nósanna imeachta teagmhasacha a bheidh i bhfeidhm i gcás cur isteach ar an bpróiseas maidir leis an tagarmharc a sholáthar. |
4. Bunóidh riarthóir bearta chun na nithe seo a leanas a dhéanamh:
|
(a) |
a áirithiú go gcloíonn rannchuiditheoirí leis an gcód iompair dá dtagraítear in Airteagal 15 agus go gcomhlíonann siad na caighdeáin infheidhme do shonraí ionchuir; |
|
(b) |
faireachán a dhéanamh ar shonraí ionchuir lena n-áirítear, i gcás inarb indéanta, faireachán a dhéanamh ar shonraí ionchuir roimh fhoilsiú an tagarmhairc agus sonraí ionchuir a bhailíochtú i ndiaidh foilsiú chun earráidí agus aimhrialtachtaí a shainaithint. |
5. Déanfar an creat rialaithe a dhoiciméadú, déanfar athbhreithniú air agus déanfar é a nuashonrú mar is iomchuí agus déanfar é a chur ar fáil don údarás inniúil ábhartha agus, agus arna iarraidh sin, d'úsáideoirí.a dhoiciméadú, déanfar athbhreithniú air agus déanfar é a uashonrú mar is iomchuí agus déanfar é a chur ar fáil don údarás inniúil ábh
Airteagal 7
Ceanglais um chreat cuntasachta
1. Beidh creat cuntasachta i bhfeidhm ag riarthóir, a chumhdóidh coimeád taifead, iniúchadh agus athbhreithniú, agus próiseas maidir le gearáin, lena soláthraítear fianaise go bhfuiltear ag comhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo.
2. Ainmneoidh riarthóir feidhm inmheánach a mbeidh an acmhainneacht iomchuí aici chun athbhreithniú agus tuairisciú a dhéanamh ar a mhéid is atá an riarthóir ag comhlíonadh mhodheolaíocht an tagarmhairc agus an Rialacháin seo.
3. I gcás tagarmharcanna criticiúla, ceapfaidh riarthóir iniúchóir seachtrach neamhspleách chun athbhreithniú agus tuairisciú a dhéanamh, go bliantúil ar a laghad, ar a mhéid is atá an riarthóir ag comhlíonadh mhodheolaíocht an tagarmhairc agus an Rialachán seo.
4. Ar iarraidh ón údarás inniúil ábhartha, soláthróidh riarthóir mionsonraí maidir le hathbhreithnithe agus le tuairiscí dá bhforáiltear i mír 2 don údarás inniúil ábhartha. Ar iarraidh ón údarás inniúil ábhartha nó ó aon úsáideoir tagarmhairc, foilseoidh riarthóir mionsonraí na n-iniúchtaí dá bhforáiltear i bpointe 3.
Airteagal 8
Ceanglais maidir le coimeád taifead
1. Coimeádfaidh riarthóir taifid ar na nithe seo a leanas:
|
(a) |
na sonraí ionchuir go léir, lena n-áirítear úsáid sonraí den sórt sin; |
|
(b) |
an mhodheolaíocht a úsáidtear chun tagarmharc a chinneadh; |
|
(c) |
aon bhreithiúnas nó lánrogha a bheith á fheidhmiú nó á feidhmiú ag an riarthóir agus, i gcás inarb infheidhme, ag measúnóirí, agus tagarmharc á chinneadh, lena n-áirítear an réasúnaíocht don bhreithiúnas nó don lánrogha sin; |
|
(d) |
neamhshuim d'aon sonraí ionchuir, go háirithe más rud é gur chomhlíon siad ceanglais na modheolaíochta tagarmhairc, agus an réasúnaíocht a bhaineann le neamhshuim den sórt sin; |
|
(e) |
athruithe eile ó nósanna imeachta agus modheolaíochtaí caighdeánacha, nó aon imeacht uathu, lena n-áirítear iad siúd a rinneadh le linn tréimhsí nuair a bhí strus sa mhargadh nó cur isteach ar an margadh; |
|
(f) |
céannachtaí na n-aighnitheoirí agus na ndaoine nádúrtha atá fostaithe ag an riarthóir chun tagarmharc a chinneadh; |
|
(g) |
gach doiciméad a bhaineann le haon ghearán, lena n-áirítear na doiciméid sin a chuir gearánach isteach; agus |
|
(h) |
comhráite teileafóin nó cumarsáid leictreonach maidir le tagarmharc idir aon duine atá fostaithe ag an riarthóir agus rannchuiditheoirí nó aighnitheoirí. |
2. Coimeádfaidh riarthóir na taifid a leagtar amach i mír 1 ar feadh cúig bliana, ar a laghad, i bhfoirm lena mbeidh sé indéanta cinneadh tagarmhairc a mhacasamhlú agus a thuiscint go hiomlán agus lena gcumasófar iniúchadh nó meastóireacht a dhéanamh ar shonraí ionchuir, ar ríomhanna, ar bhreithiúnais agus ar lánrogha. Cuirfear taifid de chomhráite teileafóin nó cumarsáid leictreonach arna taifeadadh i gcomhréir le pointe (h) de mhír 1 ar fáil do na daoine a bhí rannpháirteach sa chomhrá nó sa chumarsáid arna n-iarraidh sin agus coinneofar na taifid ar feadh tréimhse trí bliana.
Airteagal 9
Sásra láimhseála gearán
1. Beidh i bhfeidhm ag riarthóir agus foilseoidh sé nósanna imeachta maidir le taifid a fháil, a imscrúdú agus a choimeád, ar taifid iad a bhaineann le gearáin a rinneadh, lena n-áirítear faoi phróiseas an riarthóra faoina gcinntear tagarmharcanna.
2. Áiritheofar le sásra láimhseála gearán den sórt sin:
|
(a) |
go gcuirfidh an riarthóir ar fáil an beartas láimhseála gearán trína bhféadfar gearáin a chur isteach i dtaobh an bhfuil cinneadh tagarmhairc shonraigh ionadaíoch ar luach an mhargaidh, i dtaobh athrú molta ar an bpróiseas faoina gcinntear tagarmharcanna, i dtaobh chur i bhfeidhm na modheolaíochta i ndáil le cinneadh tagarmhairc shonraigh, agus i dtaobh cinntí eile i ndáil leis an bpróiseas faoina gcinntear tagarmharcanna; |
|
(b) |
go ndéanfar imscrúdú ar ghearáin ar bhealach tráthúil agus cothrom agus go gcuirfear toradh an imscrúdaithe in iúl don ghearánaí laistigh de thréimhse réasúnach ama, mura mbeadh cur in iúl den sórt sin contrártha do chuspóirí an bheartais phoiblí nó do Rialachán (AE) Uimh 596/2014; agus |
|
(c) |
go ndéanfar an fiosrúchán go neamhspleách ar aon phearsanra a bhféadfadh baint a bheith acu le hábhar an ghearáin. |
Airteagal 10
Seachfhoinsiú
1. Ní dhéanfaidh riarthóir feidhmeanna a sheachfhoinsiú i soláthar tagarmhairc ar bhealach a dhéanfaidh díobháil ábhartha do rialú an riarthóra ar sholáthar an tagarmhairc ná do chumas an údaráis inniúil ábhartha maoirseacht a dhéanamh ar an tagarmharc.
2. I gcás ina ndéanfaidh riarthóir feidhmeanna nó aon seirbhísí nó gníomhaíochtaí ábhartha a sheachfhoinsiú do sholáthraí seirbhíse agus tagarmharc á sholáthar, leanfaidh an riarthóir de bheith freagrach go hiomlán as oibleagáidí uile an riarthóra a chomhlíonadh faoin Rialachán seo.
3. I gcás ina ndéanfar seachfhoinsiú, áiritheoidh an riarthóir go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
|
(a) |
tá an cumas, acmhainneacht, agus aon údarú a theastaíonn de réir an dlí ag an soláthraí seirbhíse chun na feidhmeanna, seirbhísí nó gníomhaíochtaí seachfhoinsithe a chur i gcrích go hiontaofa agus go gairmiúil; |
|
(b) |
cuireann an riarthóir ar fáil do na húdaráis inniúla ábhartha céannacht agus cúraimí an tsoláthraí seirbhíse a ghlacann páirt sa phróiseas faoina gcinntear tagarmharcanna; |
|
(c) |
déanann an riarthóir gníomhaíocht iomchuí más dealraitheach nach bhféadfaidh sé go bhfuil feidhmeanna seachfhoinsithe á gcur i gcrích go héifeachtach ag an soláthraí seirbhíse agus i gcomhréir leis an dlí agus leis na ceanglais rialála is infheidhme; |
|
(d) |
coimeádann an riarthóir an saineolas is gá chun maoirseacht éifeachtach a dhéanamh ar na feidhmeanna seachfhoinsithe agus chun na rioscaí a bhaineann leis an seachfhoinsiú a bhainistiú; |
|
(e) |
nochtann an soláthraí seirbhíse aon fhorbairt don riarthóir a bhféadfadh tionchar ábhartha a bheith aige ar a chumas na feidhmeanna seachfhoinsithe a chur i gcrích go héifeachtach agus i gcomhréir leis na dlíthe agus ceanglais rialála is infheidhme; |
|
(f) |
comhoibríonn an soláthraí seirbhíse leis an údarás inniúil ábhartha maidir leis na gníomhaíochtaí seachfhoinsithe, agus tá rochtain éifeachtach ag an riarthóir agus ag an údarás inniúil ábhartha ar shonraí a bhaineann leis na gníomhaíochtaí seachfhoinsithe, mar aon le háitreabh gnó an tsoláthraí seirbhíse, agus tá an t-údarás inniúil ábhartha in ann na cearta rochtana sin a fheidhmiú; |
|
(g) |
tá an riarthóir in ann na socruithe seachfhoinsithe a fhoirceannadh i gcás inar gá sin; |
|
(h) |
déanann an riarthóir bearta réasúnacha, lena n-áirítear pleananna teagmhasacha, chun riosca oibríochtúil míchuí a bhaineann le rannpháirtíocht an tsoláthraí seirbhíse sa phróiseas faoina gcinntear tagarmharcanna a sheachaint. |
CAIBIDIL 2
Sonraí ionchuir, modheolaíocht agus sáruithe a thuairisciú
Airteagal 11
Sonraí ionchuir
1. Beidh soláthar tagarmhairc faoi rialú na gceanglas seo a leanas maidir lena shonraí ionchuir:
|
(a) |
beidh na sonraí ionchuir leordhóthanach chun léiriú cruinn iontaofa a thabhairt ar an margadh nó ar an bhfíorchás eacnamaíoch atá sé beartaithe a thomhas leis an tagarmharc. Sonraí idirbhirt a bheidh sna sonraí ionchuir, má tá siad ar fáil agus más iomchuí. Sa chás nach leor na sonraí idirbhirt nó nach iomchuí iad chun léiriú cruinn iontaofa a thabhairt ar an margadh nó ar an bhfíorchás eacnamaíoch atá sé beartaithe a thomhas leis an tagarmharc, is féidir úsáid a bhaint as sonraí ionchuir nach sonraí idirbhirt iad, lena n-áirítear pragsanna measta, luachana agus luachana geallta, nó luachanna eile; |
|
(b) |
beidh na sonraí ionchuir dá dtagraítear i bpointe (a) infhíoraithe; |
|
(c) |
déanfaidh an riarthóir treoirlínte soiléire maidir leis na cineálacha sonraí ionchuir, maidir le tosaíocht úsáide na gcineálacha éagsúla sonraí ionchuir agus feidhmiú breithiúnais shaineolaíoch a tharraingt suas agus a fhoilsiú, i gcomhréir le pointe (a) agus leis an modheolaíocht; |
|
(d) |
i gcás ina mbeidh an tagarmharc bunaithe ar shonraí ionchuir ó rannchuiditheoirí, gheobhaidh an riarthóir, i gcás inarb iomchuí, na sonraí ionchuir ó phainéal iontafa agus ionadaíoch nó ó shampla iontaofa agus ionadaíoch rannchuiditheoirí chun a áirithiú go mbeidh an tagarmharc a gheofar mar thoradh air sin iontaofa agus ionadaíoch ar an margadh nó ar an bhfíorchás eacnamaíoch atá sé beartaithe a thomhas leis an tagarmharc; |
|
(e) |
ní bhainfidh riarthóir úsáid as sonraí ionchuir ó rannchuiditheoir más rud é gur léir don riarthóir nach gcloíonn an rannchuiditheoir leis an gcód iompair dá dtagraítear in Airteagal 15, agus i gcás den sórt sin gheobhaidh sé sonraí poiblí ionadaíocha atá ar fáil go poiblí. |
2. Áiritheoidh riarthóirí go mbeidh na nithe seo a leanas san áireamh ina gcuid rialuithe i ndáil le sonraí ionchuir:
|
(a) |
critéir lena gcinntear cé a fhéadfaidh sonraí ionchuir a rannchuidiú leis an riarthóir agus próiseas chun rannchuiditheoirí a roghnú; |
|
(b) |
próiseas chun meastóireacht a dhéanamh ar shonraí ionchuir de chuid rannchuiditheora agus chun stop a chur leis an rannchuiditheoir tuilleadh sonraí ionchuir a sholáthar, nó chun pionóis eile a chur i bhfeidhm i ndáil le neamhchomhlíonadh i gcoinne an rannchuiditheora, i gcás inarb iomchuí; agus |
|
(c) |
próiseas chun sonraí ionchuir a bhailíochtú, lena n-áirítear i gcoinne táscairí nó sonraí eile, lena sláine agus cruinneas a áirithiú. |
3. I gcás ina ndeanfar sonraí ionchuir tagarmhairc a rannchuidiú ó fheidhm oifig thosaigh, rud a chiallaíonn aon roinn, rannóg, grúpa, nó pearsanra rannchuiditheoirí nó aon cheann dá gcleamhnaithe a dhéanann aon ghníomhaíochtaí trádála, praghsála, díolacháin, margaíochta, fógraíochta, sirtheoireachta, struchtúraithe nó bróicéireachta, déanfaidh an riarthóir:
|
(a) |
sonraí a fháil ó fhoinsí eile a chomhthacaíonn leis na sonraí ionchuir sin; agus |
|
(b) |
a áirithiú go bhfuil nósanna imeachta leormhaithe maoirseachta agus fíoraithe inmheánacha i bhfeidhm ag rannchuiditheoirí. |
4. I gcás ina measann riarthóir nach dtugtar léiriú leis na sonraí ionchuir ar an margadh nó ar an bhfíorchás eacnamaíoch atá sé beartaithe a thomhas le tagarmharc, déanfaidh an riarthóir sin, laistigh de thréimhse ama réasúnach na sonraí ionchuir, na rannchuiditheoirí nó an mhodheolaíocht a athrú d'fhonn a áirithiú go dtugtar léiriú ar mhargadh den sórt sin nó ar fhíorchás eacnamaíoch den sórt sin, nó scor den tagarmharc sin a sholáthar.
5. Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun sonrú tuilleadh a dhéanamh ar conas a áirithiú go bhfuil sonraí ionchuir oiriúnach agus infhíoraitheach, mar a éilítear faoi phointe (a) agus faoi phointe (b) de mhír 1, chomh maith leis na nósanna imeachta formhaoirseachta agus fíoraithe inmheánacha de chuid rannchuiditheora nach mór do riarthóir a áirithiú go bhfuil siad i bhfeidhm, i gcomhlíonadh phointe (b) de mhír 3, chun sláine agus cruinneas sonraí ionchuir a áirithiú. Ní chumhdófar le dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ÚEUM, áfach, riarthóirí tagarmharcanna neamhshuntasacha ná ní bheidh feidhm ag na dréachtchaighdeáin sin maidir leo.
Cuirfidh ÚEUM san áireamh na cineálacha éagsúla tagarmharcanna agus earnálacha mar a leagtar amach sa Rialachán seo, cineál na sonraí ionchuir, saintréithe an bhunmhargaidh nó an fhíorcháis eacnamaíoch agus prionsabal na comhréireachta, leochaileacht na dtagarmharcanna i leith cúblála, chomh maith leis an gcóineasú idirnáisiúnta ar chleachtas idirnáisiúnta i ndáil leis na tagarmharcanna.
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Aibreán 2017.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
6. Féadfaidh ÚEUM treoirlínte a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 a bheidh dírithe chuig riarthóirí tagarmharcanna neamhshuntasacha chun na gnéithe dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo a shonrú.
Airteagal 12
Modheolaíocht
1. Bainfidh riarthóir úsáid as modheolaíocht chun tagarmharc a chinneadh, ar fíor an méid seo a leanas i leith na modheolaíochta:
|
(a) |
tá sí láidir agus iontaofa; |
|
(b) |
tá rialacha soiléire aici lena sainaithneofar conas agus cathain is féidir lánrogha a fheidhmiú agus an tagarmharc sin á chinneadh; |
|
(c) |
tá sí dian, leanúnach agus inbhailíochtaithe lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, trí iarthástáil a dhéanamh i gcoinne sonraí idirbhirt atá ar fáil; |
|
(d) |
tá sí athléimneach agus áirithíonn sí gur féidir an tagarmharc a ríomh sa mhéid is leithne imthosca agus is féidir, gan cur isteach ar a shláine; |
|
(e) |
tá sé inrianaithe agus infhíoraithe. |
2. Nuair a bheidh an mhodheolaíocht tagarmhairc á forbairt, déanfaidh riarthóir tagarmhairc an méid seo a leanas:
|
(a) |
cuirfidh sé tosca éagsúla san áireamh lena n-áirítear méid agus gnáth-leachtacht an mhargaidh, trédhearcacht na trádála agus suímh rannpháirtithe sa mhargadh, comhchruinniú margaidh, dinimic an mhargaidh, agus leormhaitheas aon sampla chun léiriú a thabhairt ar an margadh nó ar an bhfíorchás eacnamaíoch a bhfuil sé beartaithe é a thomhas leis an tagarmharc; |
|
(b) |
cinneadh i dtaobh cad is margadh gníomhach ann chun críocha an tagarmhairc sin; agus |
|
(c) |
an tosaíocht a thabhartar do chineálacha éagsúla sonraí ionchuir a bhunú. |
3. Beidh socruithe foilsithe soiléire i bhfeidhm ag riarthóir ina sainaithnítear na himthosca ina dtiteann cainníocht nó cáilíocht na sonraí ionchuir faoi bhun na gcaighdeán a theastaíonn ionas go mbeidh an mhodheolaíocht in ann an tagarmharc a chinneadh go cruinn agus go hiontaofa, agus a shainíonn i dtaobh an ríomhtar an tagarmharc agus conas a ríomhtar é in imthosca den sórt sin.
Airteagal 13
Trédhearcacht na modheolaíochta
1. Déanfaidh riarthóir an tagarmharc agus an mhodheolaíocht a fhorbairt, a oibriú agus a riar go trédhearcach. Chuige sin, foilseoidh an riarthóir an fhaisnéis seo a leanas, nó cuirfidh sé ar fáil iad:
|
(a) |
príomhghnéithe na modheolaíochta a úsáideann an riarthóir do gach tagarmharc a sholáthraítear agus a fhoilsítear nó, nuair is infheidhme, do gach fine tagarmharcanna a sholáthraítear agus a fhoilsítear; |
|
(b) |
mionsonraí maidir leis an athbhreithniú inmheánach agus maidir le modheolaíocht ar leith a fhormheas, chomh maith le minicíocht athbhreithniú den sórt sin; |
|
(c) |
na nósanna imeachta chun comhairliúchán a dhéanamh maidir le haon athrú ábhartha arna bheartú i modheolaíocht an riarthóra agus an réasúnaíocht a bhaineann le hathrú den sórt sin, lena n-áirítear sainmhíniú ar cad is athrú ábhartha ann agus na himthosca ina dtabharfaidh an riarthóir fógra d'úsáideoirí faoi aon athruithe den sórt sin. |
2. Déanfar foráil sna nósanna imeachta a éilítear faoi phointe (c) de mhír 1 maidir leis an méid seo a leanas:
|
(a) |
réamhfhógra, le hamchlár soiléir, a thugann deis anailís agus tuairim a thabhairt ar thionchar athruithe ábhartha molta den sórt sin; agus |
|
(b) |
na tuairimí dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo, agus freagairt an riarthóra ar na tuairimí sin, tuairimí a chuirfear ar fáil i ndiaidh aon chomhairliúcháin, ach amháin sa chás gur iarr tionscnóir na dtuairimí rúndacht. |
3. Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an fhaisnéis atá le soláthar ag riarthóir i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos i mír 1 agus i mír 2 a shonrú tuilleadh, lena ndéantar idirdhealú ar chineálacha éagsúla tagarmharcanna agus earnálacha mar a leagtar amach sa Rialachán. Cuirfidh ÚEUM san áireamh an gá le nochtadh a dhéanamh ar na gnéithe sin den mhodheolaíocht a dhéanann foráil maidir le mionsonraí leordhóthanacha chun ligean d'úsáideoirí a thuiscint conas a sholáthraítear tagarmharc agus measúnú a dhéanamh ar chomh hionadaíoch agus atá sé, a ábharthacht d'úsáideoirí faoi leith agus a oiriúnacht mar thagairt le haghaidh ionstraimí airgeadais agus conarthaí airgeadais agus prionsabal na comhréireachta. Ní chumhdófar le dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ÚEUM, áfach, riarthóirí tagarmharcanna neamhshuntasacha ná ní bheidh feidhm ag na dréachtchaighdeáin sin maidir leo.
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Aibreán 2017.
Déantar cumhacht a tharmligean don Choimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
4. Féadfaidh ÚEUM treoirlínte a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh 1095/2010 a bheidh dírithe chuig riarthóirí tagarmharcanna neamhshuntasacha chun na gnéithe dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo a shonrú tuilleadh.
Airteagal 14
Sáruithe a thuairisciú
1. Bunóidh riarthóir córais leormhaithe agus rialuithe éifeachtacha chun sláine na sonraí ionchuir a áirithiú chun a bheith in ann aon iompar a bhféadfaidh cúbláil nó iarracht ar chúbláil ar thagarmharc a bheith ag baint leis, faoi Rialachán (AE) Uimh. 596/2014, a shainaithint agus a thuairisciú don údarás inniúil náisiúnta.
2. Déanfaidh riarthóir faireachán ar shonraí ionchuir agus ar rannchuiditheoirí chun a bheith in ann an t-údarás inniúil a chur ar an eolas agus an fhaisnéis ábhartha go léir a chur ar fáil i gcás ina bhfuil an riarthóir in amhras, maidir leis an tagarmharc, go raibh aon iompar ann a bhféadfaidh cúbláil nó iarracht ar chúbláil ar an tagarmharc a bheith ag baint leis, faoi Rialachán (AE) Uimh. 596/2014, lena n-áirítear claonpháirteachas déanamh amhlaidh.
Déanfaidh údarás inniúil an riarthóra, i gcás inarb infheidhme, faisnéis den sórt sin a tharchur chuig an údarás ábhartha faoi Rialachán (AE) Uimh 596/2014.
3. Beidh nósanna imeachta i bhfeidhm ag riarthóirí dá mbainisteoirí, dá bhfostaithe agus d'aon duine nádúrtha eile a gcuirtear a seirbhísí ar fáil dóibh nó atá faoina rialú chun tuairisciú a dhéanamh go hinmheánach ar sháruithe ar an Rialachán seo.
CAIBIDIL 3
Cód iompair agus ceanglais le haghaidh rannchuiditheoirí
Airteagal 15
Cód iompair
1. I gcás ina bhfuil tagarmharc bunaithe ar shonraí ionchuir ó rannchuiditheoirí, déanfaidh riarthóir an tagarmhairc sin cód iompair a fhorbairt do gach tagarmharc ina sonrófar go soileir freagrachtaí na rannchuiditheoirí i ndáil le sonraí ionchuir a rannchuidiú agus áiritheoidh sé go bhfuil an Rialachán seo á chomhlíonadh ag cód iompair den sórt sin. Beidh an riarthóir deimhin de go bhfuil na rannchuiditheoirí ag cloí leis an gcód iompair ar bhonn leanúnach agus go bliantúil ar a laghad i gcás athruithe air.
2. Beidh na gnéithe seo a leanas ar a laghad sa chód iompair:
|
(a) |
tuairisc shoiléir ar na sonraí ionchuir a bheidh le soláthar agus na ceanglais is gá chun a áirithiú go bhfuil sonraí ionchuir á soláthar i gcomhréir le hAirteagal 11 agus le hAirteagal 14; |
|
(b) |
na daoine a fhéadfaidh sonraí ionchuir a rannchuidiú leis an riarthóir a aithint agus na nósanna imeachta chun céannacht rannchuiditheora agus aon aighnitheoirí a fhíorú, chomh maith le húdarú aon aighnitheoirí a rannchuidíonn sonraí ionchuir thar ceann an rannchuiditheora; |
|
(c) |
beartais chun a áirithiú go soláthraíonn rannchuiditheoir na sonraí ionchuir ábhartha ar fad; |
|
(d) |
na córais agus na rialuithe nach mór do rannchuiditheoir a bhunú, lena n-áirítear an méid seo a leanas:
|
3. Féadfaidh riarthóirí cód iompair aonair a fhorbairt do gach fine tagarmharcanna a sholathraíonn siad.
4. I gcás ina dtiocfaidh údarás inniúil ábhartha, agus na cumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 41 á n-úsáid aige, ar eilimintí de chuid cóid nach bhfuil i gcomhréir le ceanglais an Rialacháin seo, tabharfaidh sé fógra don riarthóir lena mbaineann maidir leis an méid sin. Laistigh de 30 lá ó fhógra den sórt sin a fháil, déanfaidh an riarthóir coigeartú ar an gcód iompair chun a áirithiú go gcomhlíonann sé an Rialachán seo.
5. Laistigh de 15 lá oibre ó dháta chur i bhfeidhm an chinnidh maidir le tagarmharc criticiúil a chur san áireamh sa liosta dá dtagraítear in Airteagal 20(1), tabharfaidh riarthóir an tagarmhairc chriticiúil sin fógra faoin gcód iompair don údarás inniúil ábhartha. Laistigh de 30 lá, fíoróidh an t-údarás inniúil ábhartha an gcomhlíonann inneachar an chóid iompair an Rialachán seo. I gcás ina dtiocfaidh an t-údarás inniúil ar eilimintí nach gcomhlíonann an Rialachán seo, beidh feidhm ag mír 4 den Airteagal seo.
6. Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun gnéithe an chóid iompair dá dtagraítear i mír 2 a shonrú tuilleadh do chineálacha éagsúla tagarmharcanna, agus chun forbairtí i ndáil le tagarmharcanna agus margaí airgeadais a chur an áireamh.
Cuirfidh ÚEUM saintréithe éagsúla tagarmharcanna agus rannchuiditheoirí san áireamh, go háirithe ó thaobh difríochtaí sna sonraí ionchuir agus sna modheolaíochtaí, an baol go ndéanfar cúbláil ar na sonraí ionchuir agus cóineasú idirnáisiúnta ar chleachtas maoirseachta i ndáil le tagarmharcanna.
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Aibreán 2017.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 16
Ceanglais rialachais agus rialuithe do rannchuiditheoirí faoi mhaoirseacht
1. Beidh feidhm ag na ceanglais rialachais agus rialaithe seo a leanas maidir le rannchuiditheoir faoi mhaoirseacht:
|
(a) |
áiritheoidh an rannchuiditheoir faoi mhaoirseacht nach mbeidh tionchar ag coinbhleacht leasa, atá ann cheana ná ceann féideartha, ar sholáthar sonraí ionchuir, agus má tá lánrogha de dhíth, go bhfeidhmeofar í sin go neamhspleách agus go hionraic bunaithe ar fhaisnéis ábhartha i gcomhréir leis an gcód iompair dá dtagraítear in Airteagal 15; |
|
(b) |
beidh creat rialaithe i bhfeidhm ag an rannchuiditheoir faoi mhaoirseacht lena ndéanfar sláine, cruinneas agus iontaofacht na sonraí ionchuir a áirithiú agus lena ndéantar na sonraí ionchuir a sholáthar i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis an gcód iompair dá dtagraítear in Airteagal 15. |
2. Beidh córais agus rialuithe éifeachtacha i bhfeidhm ag rannchuiditheoir faoi mhaoirseacht chun sláine agus iontaofacht na sonraí ionchuir uile a thugtar don riarthóir a áirithiú, lena n-áirítear:
|
(a) |
rialuithe a bhaineann leis na daoine a fhéadfaidh sonraí ionchuir a chur faoi bhráid riarthóra, lena n-áirítear, má tá sé sin comhréireach, próiseas chun deis a thabhairt do dhuine nádúrtha a bhfuil post níos sinsearaí aige nó aici ná an ceann atá ag an aighnitheoir síniú; |
|
(b) |
oiliúint iomchuí d'aighnitheoirí, lena gcumhdófar, ar a laghad, an Rialachán seo agus Rialachán (AE) Uimh. 596/2014; |
|
(c) |
bearta maidir le coinbhleachtaí leasa a bhainistiú, lena n-áirítear fostaithe a scaradh go heagraíochtúil i gcás inarb iomchuí agus cinneadh maidir le conas deireadh a chur le dreasachtaí, ar dreasachtaí iad a cruthaíodh le beartais luacha saothair, chun clúbláil a dhéanamh ar thagarmharc; |
|
(d) |
taifead a choimeád, ar feadh tréimhse iomchuí ama, ar chumarsáid i ndáil le soláthar sonraí ionchuir, ar an bhfaisnéis go léir a úsáidtear chun a chumasú don rannchuiditheoir gach aighneacht a dhéanamh, agus ar gach coinbhleacht reatha nó féideartha lena n-áirítear neamhchosaint an rannchuiditheora ar ionstraimí airgeadais a úsáideann tagarmharc mar thagairt, ach gan a bheith teoranta don méid sin; |
|
(e) |
taifead a choimeád ar iniúchtaí inmheánacha agus seachtracha. |
3. I gcás ina mbraithfidh sonraí iompair ar bhreithiúnas saineolach, bunóidh rannchuiditheoirí faoi mhaoirseacht beartais, sa bhreis ar na córais agus na rialuithe dá dtagraítear i mír 2, beartas a threoróidh úsáid breithiúnais nó feidhmiú lánrogha agus coimeádfaidh siad taifid den réasúnaíocht a bhaineann le breithiúnas nó rogha den sórt sin. Más comhréireach é, cuirfidh rannchuiditheoirí faoi mhaoirseacht cineál an tagarmhairc agus sonraí ionchuir an tagarmhairc san áireamh.
4. Rachaidh rannchuiditheoir faoi mhaoirseacht i gcomhar go hiomlán leis an riarthóir agus leis an údarás inniúil ábhartha san iniúchadh agus i maoirsiú soláthair tagarmhairc agus cuirfidh sé an fhaisnéis agus na taifid arna gcoimeád ar fáil i gcomhréir le mír 2 agus le mír 3.
5. Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na ceanglais a bhaineann le rialachas, córais agus rialuithe agus beartais a leagtar amach i mír 1, i mír 2 agus i mír 3 a shonrú tuilleadh.
Cuirfidh ÚEUM saintréithe éagsúla tagarmharcanna agus rannchuiditheoirí faoi mhaoirseacht san áireamh, go háirithe ó thaobh difríochtaí sna sonraí ionchuir a chuirtear ar fáil agus sna modheolaíochtaí a úsáidtear, na rioscaí i ndáil le cúbláil a dhéanamh ar na sonraí ionchuir agus cineál na ngníomhaíochtaí a dhéanann na rannchuiditheoirí faoi mhaoirseacht, agus na forbairtí i dtagarmharcanna agus i margaí airgeadais i bhfianaise cóineasú idirnáisiúnta ar chleachtas maoirseachta i ndáil le tagarmharcanna. Ní chumhdófar le dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ÚEUM, áfach, rannchuiditheoirí faoi mhaoirseacht tagarmharcanna neamhshuntasacha ná ní bheidh feidhm ag na dréachtchaighdeáin sin maidir leo.
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Aibreán 2017.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
6. Féadfaidh ÚEUM treoirlínte a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh 1095/2010 a bheidh dírithe chuig rannchuiditheoirí faoi mhaoirseacht le tagarmharcanna neamhshuntasacha chun na gnéithe dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo a shonrú.
TEIDEAL III
CEANGLAIS DO CHINEÁLACHA ÉAGSÚLA TAGARMHARCANNA
CAIBIDIL 1
Tagarmharcanna sonraí rialáilte
Airteagal 17
Tagarmharcanna sonraí rialáilte
1. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 11(1)(d) agus (e), Airteagal 11(2) agus (3), Airteagal 14(1) agus (2), agus Airteagal 15 agus Airteagal 16 maidir le soláthar tagarmharcanna sonraí rialáilte ná maidir leis na tagarmharcanna sonraí rialáilte a rannchuidiú. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 8(1)(a) maidir le soláthar tagarmharcanna sonraí rialáilte i leith sonraí ionchuir a rannchuidítear go hiomlán agus go díreach mar a shonraítear i bpointe (24) d'Airteagal 3(1).
2. Beidh feidhm ag Airteagal 24 agus ag Airteagl 25 nó ag Airteagal 26, i gcás inarb infheidhme, maidir le soláthar tagarmharcanna sonraí rialáilte, agus rannchuidiú leo, ar tagarmharcanna sonraí rialáilte iad a úsáidtear go díreach nó go hindíreach i dteaglaim de thagarmharcanna mar thagairt haghaidh ionstraimí airgeadais nó conarthaí airgeadais nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta, ag a bhfuil luach iomlán de EUR 500 billiún, a thomhas ar bhonn raon iomlán aibíochtaí nó éirimí an tagarmhairc, mar is iomchuí.
CAIBIDIL 2
Tagarmharcanna rátaí úis
Airteagal 18
Tagarmharcanna rátaí úis
Beidh feidhm ag na riachtanais shainiúla a leagtar síos in Iarscríbhinn I maidir le tagarmharcanna rátaí úis a sholáthar agus rannchuidiú leo sa bhreis ar cheanglais Theideal II, nó ina n-ionad.
Ní bheidh feidhm ag Airteagal 24, Airteagal 25 agus Airteagal 26 maidir le soláthar tagarmharcanna rátaí úis ná le rannchuidiú leo.
CAIBIDIL 3
Tagarmharcanna tráchtearraí
Airteagal 19
Tagarmharcanna tráchtearraí
1. Beidh feidhm ag na ceanglais shonracha a leagtar síos in Iarscríbhinn II seachas ceanglais Theideal II, cé is moite d'Airteagal 10, maidir le soláthar tagarmharcanna tráchtearraí agus le rannchuidiú leo, mura rud é gur tagarmharc sonraí rialáilte an tagarmharc i gceist nó go bhfuil sé bunaithe ar aighneachtaí ó rannchuiditheoirí arb eintitis faoi mhaoirseacht a bhformhór.
Ní bheidh feidhm ag Airteagal 24, Airteagal 25 agus Airteagal 26 maidir le soláthar tagarmharcanna tráchtearraí ná le rannchuidiú leo.
2. I gcás inar tagarmharc criticiúil atá i dtagarmharc tráchtearraí agus gur ór, airgead nó platanam atá sa bhunsócmhainn, beidh feidhm ag ceanglais Theideal II in ionad Iarscríbhinn II.
CAIBIDIL 4
Tagarmharcanna criticiúla
Airteagal 20
Tagarmharcanna criticiúla
1. Déanfaidh an Coimisiún, gach dhá bhliain ar a laghad, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 50(2) chun liosta de thagarmharcanna, arna soláthar ag riarthóirí atá lonnaithe laistigh den Aontas agus ar tagarmharcanna criticiúla iad, a bhunú agus a athbhreithniú, ar choinníoll go gcomhlíonfar ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:
|
(a) |
go n-úsáidtear an tagarmharc go díreach nó go hindíreach i dteaglaim de thagarmharcanna mar thagairt le haghaidh ionstraimí airgeadais nó conarthaí airgeadais nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta, ag a bhfuil luach iomlán de EUR 500 billiún ar a laghad, a thomhas ar bhonn raon iomlán aibíochtaí nó éirimí an tagarmhairc, i gcás inarb infheidhme; |
|
(b) |
go bhfuil an tagarmharc bunaithe ar aighneachtaí ó rannchuiditheoirí a bhfuil a bhformhór suite i mBallstát amháin agus go n-aithnítear é a bheith criticiúil sa Bhallstát sin i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos i míreanna 2, 3, 4 agus 5 den Airteagal seo; |
|
(c) |
go gcomhlíonann an tagarmharc na critéir uile seo a leanas:
Más rud é go gcomhlíonann tagarmharc na critéir a leagtar amach i bpointe (c)(ii) agus (iii) ach nach gcomhlíonann sé an critéar a leagtar amach i bpointe (c)(i), féadfaidh údarás inniúil na mBallstát lena mbaineann in éineacht le húdarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an riarthóir bunaithe comhaontú gur cheart tagarmharc den sórt sin a aithint mar thagarmharc criticiúil faoin bhofmhír seo. I gcás ar bith, rachaidh údarás inniúil an riarthóra i gcomhairle le húdaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann.I gcás easaontas idir na húdaráis inniúla, déanfaidh údarás inniúil an riarthóra cinneadh i dtaobh ar cheart an tagarmharc a aithint mar thagarmharc criticiúil faoin bhfomhír seo, agus na cúiseanna don easaontas á gcur san áireamh. Déanfaidh na húdaráis inniúla nó, i gcás easaontais, údarás inniúil an riarthóra, an measúnú a tharchur chuig an gCoimisiún. Tar éis dó an measúnú a fháil, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme i gcomhréir leis an mír seo. Ina theannta sin, i gcás easaontais, déanfaidh údarás inniúil an riarthóra a mheasúnú a tharchur chuig ÚEUM a fhéadfaidh tuairim a fhoilsiú. |
2. I gcás ina measfaidh údarás inniúil de chuid Ballstáit dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 go soláthraíonn riarthóir faoina mhaoirseacht tagarmharc ar cheart é a aithint mar thagarmharc criticiúil, tabharfaidh sé fógra d'ÚEUM agus tarchuirfidh sé measúnú doiciméadach chuig ÚEUM.
3. Chun críocha mhír 2, déanfaidh an t-údarás inniúil measúnú i dtaobh scor an tagarmhairc nó soláthar an tagarmhairc ar bhonn sonraí ionchuir nó painéal rannchuiditheoirí nach bhfuil ionadaíoch a thuilleadh ar an mbunmhargadh nó ar an bhfíorchás eacnamaíoch, an mbeadh tionchar dochrach aige sin ar shláine an mhargaidh, ar chobhsaíocht airgeadais, ar thomhaltóirí, ar an bhfíorgheilleagar nó ar mhaoiniú teaghlach agus gnóthas ina Bhallstát. Cuirfidh an t-údarás inniúil an méid seo a leanas san áireamh ina mheasúnú:
|
(a) |
luach na n-ionstraimí airgeadais agus na gconarthaí airgeadais a dhéanann tagairt don tagarmharc agus luach na gcistí infheistíochta a dhéanann tagairt don tagarmharc chun a bhfeidhmíocht laistigh den Bhallstát a thomhas agus a n-ábharthacht maidir le luach iomlán na n-ionstraimí airgeadais agus na gconarthaí airgeadais gan íoc sa Bhallstát; |
|
(b) |
luach na n-ionstraimí airgeadais agus na gconarthaí airgeadais a dhéanann tagairt don tagarmharc agus luach na gcistí infheistíochta a dhéanann tagairt don tagarmharc chun a bhfeidhmíocht laistigh den Bhallstát a thomhas agus a ábharthacht maidir le holltáirgeacht náisiúnta an Bhallstáit; |
|
(c) |
aon fhigiúr eile chun measúnú a dhéanamh ar bhonn oibiachtúil ar thionchar féideartha ar neamhleanúnachas nó ar neamhiontaofacht an tagarmhairc ar shláine an mhargaidh, ar chobhsaíocht airgeadais, ar thomhaltóirí, ar an bhfíorgheilleagar, nó ar mhaoiniú teaghlach agus gnóthas sa Bhallstát. |
Déanfaidh an t-údarás inniúil athbhreithniú ar chriticiúlacht an tagarmhairc gach dhá bhliain ar a laghad, agus tabharfaidh sé fógra faoin measúnú nua d'ÚEUM agus tarchuirfidh sé chuige é.
4. Laistigh de shé seachtaine tar éis dó an fógra dá dtagraítear i mír 2 a fháil, eiseoidh ÚEUM tuairim i dtaobh an gcomhlíonann measúnú an údaráis inniúil ceanglais mhír 3 agus tarchuirfidh sé tuairim den sórt sin chuig an gCoimisiún, mar aon le measúnú an údaráis inniúil.
5. Déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó an tuairim dá dtagraítear i mír 4 a fháil, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le mír 1.
6. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 49 chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
(a) |
a shonrú conas a dhéanfar méid ainmniúil ionstraimí airgeadais, seachas díorthaigh, méid barúlach díorthach agus glanluach sócmhainní cistí infheistíochta a mheasúnú, lena n-áirítear i gcás tagairt indíreach do thagarmharc laistigh de theaglaim de thagarmharcanna, chun iad a chur i gcomparáid leis na tairseacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus i bpointe (a) d'Airteagal 24(1); |
|
(b) |
athbhreithniú a dhéanamh ar an modh ríofa a úsáidtear chun na tairseacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chinneadh i bhfianaise forbairtí sa mhargadh agus i bpraghsanna agus i bhfianaise forbairtí rialála chomh maith le hoiriúnacht aicmiú tagarmharcanna ag a bhfuil luach iomlán ionstraimí airgeadais, conarthaí airgeadais, nó cistí infheistíochta a dhéanann tagairt dóibh atá gar do na tairseacha; tarlóidh athbhreithniú den sórt sin gach dhá bhliain ar a laghad amhail ón 1 Eanáir 2018; |
|
(c) |
a shonrú conas na critéir dá dtagraítear i bpointe (c)(iii) de mhír 1 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm, agus aon sonraí lena ligtear measúnú a dhéanamh ar fhorais oibiachtúla ar thionchar féidearthach neamhleanúnachas nó neamhiontaofacht an tagarmhairc ar shláine an mhargaidh, ar chobhsaíocht airgeadais, ar thomhaltóirí, ar an bhfíorgheilleagar nó ar mhaoiniú teaghlach nó gnóthas i gceann amháin nó níos mó de na Ballstáit á chur san áireamh. |
I gcás inarb infheidhme, cuirfidh an Coimisiún san áireamh forbairtí ábhartha margaidh nó teicneolaíochta.
Airteagal 21
Riarachán éigeantach ar thagarmharc criticiúil
1. Má tá sé beartaithe ag riarthóir tagarmhairc chriticiúil scor de thagarmharc den sórt sin a sholáthar, déanfaidh an riarthóir an méid seo a leanas:
|
(a) |
fógra a thabhairt dá údarás inniúil láithreach; agus |
|
(b) |
laistigh de cheithre seachtaine tar éis fógra den sórt sin a thabhairt, measúnú a chur isteach faoi conas a dhéanfar an méid seo a leanas maidir leis an tagarmharc:
|
Le linn na tréimhse dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír, ní scoirfidh an riarthóir den tagarmharc a sholáthar.
2. Tar éis measúnú an riarthóra dá dtagraítear i mír 1 a fháil, déanfaidh an t-údarás inniúil an méid seo a leanas:
|
(a) |
ÚEUM agus, i gcás inarb infheidhme, an coláiste arna bhunú faoi Airteagal 46 a chur ar an eolas; agus |
|
(b) |
laistigh de cheithre seachtaine a mheasúnú féin a dhéanamh ar conas a bheidh an tagarmharc le trasdul chuig riarthóir nua nó scor de bheith á sholáthar, agus an nós imeachta a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 28(1) á chur san áireamh. |
Le linn na tréimhse dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír den mhír seo, ní scoirfidh an riarthóir den tagarmharc a sholáthar gan toiliú i scríbhinn ón údarás inniúil.
3. Tar éis dó an measúnú dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 2 a chríochnú, beidh sé de chumhacht ag an údarás inniúil iallach a chur ar an riarthóir leanúint de bheith ag foilsiú an tagarmhairc go dtí:
|
(a) |
go mbeidh soláthar an tagarmhairc aistrithe chuig riarthóir nua; |
|
(b) |
go bhféadfar scor den tagarmharc a sholáthar ar bhealach rianúil; nó |
|
(c) |
nach bhfuil an tagarmharc criticiúil a thuilleadh. |
Chun críocha na chéad fhomhíre, ní faide ná 12 mhí an tréimhse ar lena linn a fhéadfaidh an t-údarás inniúil iallach a chur ar an riarthóir leanúint de bheith ag foilsiú a tagarmhairc.
Faoi dheireadh na tréimhse sin, déanfaidh an t-údarás inniúil athbhreithniú ar a chinneadh iallach a chur ar an riarthóir leanúint d'fhoilsiú an tagarmhairc agus féadfaidh sé, i gcás inar gá, an tréimhse ama a fhadú ar feadh tréimhse ama iomchuí nach faide ná 12 mhí bhreise. Ní faide ná 24 mhí san iomlán uastréimhse an riaracháin éigeantaigh.
4. Gan dochar do mhír 1, i gcás ina mbeidh riarthóir tagarmhairc chriticiúil le foirceannadh mar gheall ar imeachtaí dócmhainneachta, déanfaidh an t-údarás inniúil measúnú i dtaobh an féidir an tagarmharc criticiúil trasdul chuig tagarmharc nua, agus conas é sin a dhéanamh, nó an féidir leis scor de bheith á sholáthar ar bhealach rianúil, agus an nós imeachta a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 28(1) á chur san áireamh.
Airteagal 22
Maolú ar chumhacht margaidh riarthóirí tagarmharcanna criticiúla
Gan dochar do chur i bhfeidhm dhlí iomaíochta an Aontais, le linn dó nó di tagarmharc criticiúil a sholáthar, glacfaidh an riarthóir bearta leormhaithe chun a áirithiú go soláthrófar ceadúnais an tagarmharic, agus an fhaisnéis a bhaineann leis, do na húsáideoirí go léir ar bhonn cóir, réasúnach, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach.
Airteagal 23
Rannchuidiú éigeantach le tagarmharc criticiúil
1. Beidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le tagarmharcanna criticiúla a bheidh bunaithe ar aighneachtaí ó rannchuiditheoirí arb eintitis faoi mhaoirseacht a bhformhór.
2. Déanfaidh riarthóirí ar thagarmharc amháin nó níos mó measúnú a chur isteach gach dhá bhliain chuig a n-údarás criticiúil faoi chumas gach tagarmhairc chriticiúil a sholáthraíonn siad chun an bunmhargadh nó an fíorchás eacnamaíoch a thomhas.
3. Má tá sé beartaithe ag rannchuiditheoir scor de rannchuidiú sonraí ionchuir, cuirfidh sé an riarthóir tagarmharcanna ar an eolas i scríbhinn go pras, agus cuirfidh an riarthóir a údarás inniúil ar an eolas gan mhoill. I gcás ina bhfuil an rannchuiditheoir faoi mhaoirseacht lonnaithe i mBallstát eile, déanfaidh údarás inniúil an riarthóra an t-údarás inniúil a chur ar an eolas gan mhoill faoin rannchuiditheoir sin. Déanfaidh an riarthóir tagarmhairc measúnú ar impleachtaí an údaráis inniúil maidir le cumas an tagarmhairc an bumhargadh nó an fíorchás eacnamaíoch a thomhas a luaithe is féidir ach gan é a bheith níos déanaí ná 14 lá tar éis an fhógra a thug an rannchuiditheoir faoi mhaoirseacht.
4. Tar éis dó measúnú ar an riarthóir tagarmhairc dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3 den Airteagal seo a fháil agus ar bhonn measúnú den sórt sin, déanfaidh údarás inniúil an riarthóra ÚEUM agus an coláiste arna bhunú faoi Airteagal 46, i gcás inarb infheidhme, a chur ar an eolas go pras, agus déanfaidh sé a mheasúnú féin ar chumas an tagarmhairc an bunmhargadh agus an fíorchás eacnamaíoch a thomhas, agus nós imeachta an riarthóra chun scor an tagarmhairc a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 28(1) á chur san áireamh.
5. Ón dáta a bheidh fógra tugtha d'údarás inniúil an riarthóra go bhfuil sé beartaithe ag rannchuiditheoir scor de rannchuidiú sonraí ionchuir agus go dtí go gcríochnófar an measúnú dá dtagraítear i mír 4, beidh sé de chumhacht aige a cheangal ar na rannchuiditheoirí a thug an fógra i gcomhréir le mír 3 leanúint de shonraí ionchuir a rannchuidiú, ar feadh tréimhse nach mó ná ceithre seachtaine ar aon chaoi, gan oibleagáid a fhorchur ar eintitis faoi mhaoirseacht trádáil nó gealltanas a thabhairt trádáil.
6. I gcás ina measfaidh an t-údarás inniúil, i ndiaidh na tréimhse a shonraítear i mír 5 agus ar bhonn a mheasúnaithe féin dá dtagraítear i mír 4, go bhfuil iondaithe tagarmhairc chriticiúil curtha i mbaol, beidh sé de chumhacht aige:
|
(a) |
a cheangal ar eintitis faoi mhaoirseacht, arna roghnú i gcomhréir le mír 7 den Airteagal seo, lena n-áirítear eintitis nach rannchuiditheoirí cheana leis an tagarmharc criticiúil iad, sonraí ionchuir a rannchuidiú leis an riarthóir i gcomhréir le modheolaíocht an riarthóra, an cód iompair dá dtagraítear in Airteagal 15 agus rialacha eile. Beidh ceanglas den sórt sin i bhfeidhm ar feadh tréimhse iomchuí ama nach faide ná 12 mhí ón dáta ina mbeidh an cinneadh tosaigh déanta lena gceanglaítear rannchuidiú éigeantach de bhun mhír 5, nó do na heintitis sin nach rannchuiditheoirí fós iad, ón dáta a dhéantar an cinneadh lena gceanglaítear rannchuidiú éigeantach faoin bpointe seo; |
|
(b) |
tréimhse an rannchuidithe éigeantaigh a fhadú le tréimhse iomchuí ama nach faide ná 12 mhí, tar éis athbhreithniú faoi mhír 9 ar aon bhearta a ghlactar de bhun phointe (a) den mhír seo; |
|
(c) |
foirm agus sprioc-am a chinneadh maidir le rannchuidiú aon sonraí ionchuir, gan oibleagáid a fhorchur ar eintitis faoi mhaoirseacht trádáil nó gealltanas a thabhairt trádáil; |
|
(d) |
a cheangal ar an riarthóir an mhodheolaíocht, an cód iompair dá dtagraítear in Airteagal 15, nó rialacha eile an tagarmhairc chriticiúil a athrú. |
Ní rachaidh uastréimhse an rannchuidithe éigeantaigh faoi phointe (a) agus faoi phointe (b) den chéad fhomhír thar 24 mhí san iomlán.
7. Chun críocha mhír 6, déanfaidh údarás inniúil an riarthóra, i ndlúthchomhar le húdaráis inniúla na n-eintiteas faoi mhaoirseacht, a chinneadh cé hiad na heintitis faoi mhaoirseacht a mbeidh sé de cheangal orthu sonraí ionchuir a rannchuidiú, ar bhonn mhéid rannpháirtíocht iarbhír agus féideartha an eintitis faoi mhaoirseacht sa mhargadh a bhfuil sé beartaithe a thomhas leis an tagarmharc.
8. Údarás inniúil de chuid rannchuiditheora faoi mhaoirseacht ar ceanglaíodh air rannchuidiú le tagarmharc trí bhíthin bearta a glacadh i gcomhréir le pointe (a), pointe (b) nó pointe (c) de mhír 6, comhoibreoidh sé le húdarás inniúil an riarthóra i bhforfheidhmiú na mbeart sin.
9. Faoi dheireadh na tréimhse dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír de mhír 6, déanfaidh údarás inniúil an riarthóra athbhreithniú ar na bearta a bheidh glactha faoi mhír 6. Déanfaidh sé aon cheann acu a chúlghairm má mheasann sé:
|
(a) |
gur dealraitheach go leanfaidh na rannchuiditheoirí de bheith ag rannchuidiú sonraí ionchuir ar feadh bliain amháin ar a laghad dá ndéanfaí an beart a chúlghairm, agus tabharfar fianaise ar an méid sin leis na nithe seo a leanas ar a laghad:
|
|
(b) |
is féidir le soláthar an tagarmhairc leanúint ar aghaidh a luaithe a bheidh na rannchuiditheoirí a bhfuil sainordú tugtha dóibh sonraí ionchuir a rannchuidiú tar éis scor de bheith ag rannchuidiú; |
|
(c) |
go bhfuil tagarmharc ionadach inghlactha ar fáil agus gur féidir le húsáideoirí an tagarmhairc chriticiúil athrú chuig an gceann ionadach seo gan ach na costais is ísle a bheith orthu, arna fhianú sin, ar a laghad, le tuarascáil i scríbhinn ón riarthóir ina mbeidh mionsonraí faoin modh trasdula chuig tagarmharc ionadach agus an cumas atá ag úsáideoirí trasdul chuig an tagarmharc sin chomh maith le costais an trasdula; nó |
|
(d) |
nach féidir aon rannchuidithe malartacha a shainaithint agus go ndéanfadh scor rannchuidithe ó na heintitis ábhartha faoi mhaoirseacht lagú ar an tagarmharc an oiread is go gcaithfí scor den tagarmharc. |
10. I gcás in mbeidh tagarmharc criticiúil le scor de sholáthar, leanfaidh gach rannchuiditheoir faoi mhaoirseacht leis an tagarmharc sin de shonraí ionchuir a rannchuidiú ar feadh tréimhse ama a chinnfidh an t-údarás inniúil, ach tréimhse nach mó ná an uastréimhse 24 mhí a leagtar síos sa dara fomhír de mhír 6.
11. Tabharfaidh an riarthóir fógra don údarás inniúil ábhartha má tharlaíonn sé go sáraíonn aon cheann de na rannchuiditheoirí ceanglais a leagtar amach i mír 6, a luaithe is féidir le réasún.
12. I gcás ina n-aithneofar tagarmharc mar thagarmharc criticiúil i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 20(2), (3), (4) agus (5), ní bheidh sé de chumhacht ag údarás inniúil an riarthóra sonraí ionchuir a éileamh i gcomhréir le mír 5, agus pointe (a), pointe (b) agus pointe (c) de mhír 6 den Airteagal seo ach amháin ó rannchuiditheoirí atá lonnaithe ina Bhallstát.
CAIBIDIL 5
Tagarmharcanna suntasacha
Airteagal 24
Tagarmharcanna suntasacha
1. Tagarmharc nach gcomhlíonann aon cheann de na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 20(1), tá sé suntasach nuair:
|
(a) |
a úsáidtear é go díreach nó go hindíreach i dteaglaim de thagarmharcanna mar thagairt le haghaidh ionstraimí airgeadais nó conarthaí airgeadais nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta, ag a bhfuil meánluach iomlán de EUR 50 billiún ar a laghad, a thomhas ar bhonn raon iomlán aibíochtaí nó éirimí an tagarmhairc, i gcás inarb infheidhme, in imeacht tréimhse de shé mhí; nó |
|
(b) |
nach bhfuil ionadaithe oiriúnacha ar bith faoi stiúir an mhargaidh aige, nó gur fíorbheagán ionadaithe den sórt sin atá aige agus, sa chás go scoireann an tagarmharc de bheith á sholáthar nó gur ar bhonn sonraí ionchuir nach bhfuil lán-ionadaíoch a thuilleadh ar an mbunmhargadh nó ar an bhfíorchás eacnamaíoch nó gur ar bhonn sonraí ionchuir neamhiontaofa a sholáthraítear é, go mbeadh tionchair shuntasacha agus dhochracha ann ar shláine an mhargaidh, ar chobhsaíocht airgeadais, ar thomhaltóirí, ar an bhfíorgheilleagar nó ar mhaoiniú teaghlach nó gnóthas i gceann amháin nó níos mó de na Ballstáit. |
2. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 49 chun athbhreithniú a dhéanamh ar an modh ríofa a úsáidtear chun an tairseach dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 den Airteagal seo a chinneadh i bhfianaise forbairtí sa mhargadh agus i bpraghsanna agus i bhfianaise forbairtí rialála chomh maith le hoiriúnacht aicmiú na dtagarmharcanna ag a bhfuil luach iomlán d'ionstraimí airgeadais, de chonarthaí airgeadais nó de chistí infheistíochta a dhéanann tagairt dóibh atá gar don tairseach sin. Tarlóidh athbhreithniú den sórt sin gach dhá bhliain ar a laghad amhail ón 1 Eanáir 2018.
3. Déanfaidh riarthóir fógra a thabhairt láithreach dá údarás inniúil nuair a thiteann a thagarmharc suntasach faoi bhun na tairsí a luaitear i bpointe (a) de mhír 1.
Airteagal 25
Díolúintí ó cheanglais shonracha le haghaidh tagarmharcanna suntasacha
1. Féadfaidh riarthóir tagarmhairc shuntasaigh a roghnú gan Airteagal 4(2), pointe (c), pointe (d) agus pointe (e) d'Airteagal 4(7), pointe (b) d'Airteagal 11(3) nó Airteagal 15(2) a chur i bhfeidhm maidir lena thagarmharcanna suntasacha más rud é go measann an riarthóir go mbeadh cur i bhfeidhm ceann amháin nó níos mó de na forálacha sin neamhréireach, agus cineál nó tionchar an tagarmhairc nó méid an riarthóra á gcur san áireamh.
2. I gcás ina roghnaíonn riarthóir gan ceann amháin nó níos mó de na forálacha dá dtagraítear i mír 1 a chur i bhfeidhm, tabharfaidh sé fógra láithreach don údarás inniúil agus soláthróidh sé dó an fhaisnéis ábhartha go léir lena ndeimhnítear measúnú an riarthóra go mbeadh feidhmiú ceann amháin nó níos mó de na forálacha sin neamhréireach, agus cineál nó tionchar na dtagarmharcanna nó méid an riarthóra á gcur san áireamh.
3. Féadfaidh údarás inniúil a chinneadh go ndéanfaidh riarthóir tagarmhairc shuntasaigh ceann amháin nó níos mó de na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 4(2), i bpointe (c), i bpointe (d) agus i bpointe (e) d'Airteagal 4(7), i bpointe (b) d'Airteagal 11(3) agus in Airteagal 15(2) a chur i bhfeidhm ina dhiaidh sin féin más rud é go measann sé go mbeadh an méid sin iomchuí, agus cineál nó tionchar na dtagarmharcanna nó méid an riarthóra á gcur san áireamh. Déanfaidh an t-údarás inniúil ina mheasúnú, bunaithe ar an bhfaisnéis a bheidh soláthraithe ag an riarthóir, na critéir seo a leanas a chur san áireamh:
|
(a) |
leochaileacht an tagarmhairc ó thaobh cúblála de; |
|
(b) |
cineál na sonraí ionchuir; |
|
(c) |
an leibhéal de choinbhleachtaí leasa; |
|
(d) |
leibhéal de lánrogha atá ag an riarthóir; |
|
(e) |
tionchar an tagarmhairc ar na margaí; |
|
(f) |
cineál, scála agus castacht sholáthar an tagarmhairc; |
|
(g) |
tábhacht an tagarmhairc don chobhsaíocht airgeadais; |
|
(h) |
luach na n-ionstraimí airgeadais, na gconarthaí airgeadais nó na gcistí infheistíochta a dhéanann tagairt don tagarmharc; |
|
(i) |
méid, foirm eagraíochtúil nó struchtúr an riarthóra. |
4. Laistigh de 30 lá ó fhógra a fháil ó riarthóir faoi mhír 2, déanfaidh an t-údarás inniúil a chinneadh maidir le ceanglas breise a chur i bhfeidhm de bhun mhír 3 a fhógairt don riarthóir sin. I gcás ina ndéantar an fógra don údarás inniúil le linn nós imeachta údaraithe nó cláraithe, beidh feidhm ag na sprioc-amanna a leagtar amach in Airteagal 34.
5. Agus a chuid cumhachtaí maoirseachta á bhfeidhmiú ag an údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 41, déanfaidh an t-údarás inniúil athbhreithniú rialta féachaint an bhfuil a mheasúnú de bhun mhír 3 den Airteagal seo fós bailí.
6. Má fhaigheann údarás inniúil, ar fhorais réasúnacha, go bhfuil an fhaisnéis a cuireadh faoina bhráid de bhun mhír 2 den Airteagal seo neamhiomlán nó go bhfuil gá le faisnéis fhorlíontach, ní bheidh feidhm ag an teorainn ama 30 lá dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo ach amháin ón dáta ar a ndéanfaidh an riathróir an fhaisnéis chomhlántach sin a sholáthar, mura rud é go bhfuil feidhm ag na sprioc-amanna in Airteagal 34 de bhun mhír 4 den Airteagal seo,
7. Más rud é nach ndéanann riarthóir tagarmhairc shuntasaigh ceann amháin nó níos mó de na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 4(2), i bpointe (c), i bpointe (d) agus i bpointe (e) d'Airteagal 4(7), i bpointe (b) d'Airteagal 11(3) agus in Airteagal 15(2) a chomhlíonadh, foilseoidh sé agus coimeádfaidh sé ráiteas comhlíontachta ina luaitear go soiléir an chúis gurb iomchuí don riarthóir sin gan na forálacha sin a chomhlíonadh.
8. Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun teimpléad don ráiteas comhlíontachta dá dtagraítear i mír 7 a fhorbairt.
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Aibreán 2017.
Tugtar cumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
9. Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na critéir dá dtagraítear i mír 3 a shonrú tuilleadh.
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Aibreán 2017.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
CAIBIDIL 6
Tagarmharcanna neamhshuntasacha
Airteagal 26
Tagarmharcanna neamhshuntasacha
1. Féadfaidh riarthóir a roghnú gan Airteagal 4(2), pointe (c), pointe (d) agus pointe (e) d'Airteagal 4(7), Airteagail 4(8), 5(2), 5(3), 5(4), 6(1), 6(3), 6(5), 7(2), pointe (b) d'Airteagal 11(1), pointe (b) agus pointe (c) d'Airteagal 11(2), agus Airteagail 11(3), 13(2), 14(2), 15(2), 16(2) agus (3) a chur i bhfeidhm maidir lena thagarmharcanna neamhshuntasacha.
2. Déanfaidh riarthóir fógra a thabhairt láithreach dá údarás inniúil nuair a théann tagarmharc neamhshuntasach an riarthóra thar an tairseach a luaitear i bpointe (a) d'Airteagal 24(1). Sa chás sin, comhlíonfaidh sé na ceanglais is infheidhme maidir le tagarmharcanna suntasacha laistigh de thrí mhí.
3. Más rud é go roghnaíonn riarthóir tagarmhairc neamhshuntasaigh gan ceann amháin nó níos mó de na forálacha dá dtagraítear i mír 1 a chur i bhfeidhm, foilseoidh sé agus coimeádfaidh sé ráiteas comhlíontachta ina luafar go soiléir an chúis gurb iomchuí don riarthóir sin gan na forálacha sin a chomhlíonadh. Déanfaidh an riarthóir an ráiteas comhlíonta a sholáthar dá údarás inniúil.
4. Déanfaidh an t-údarás inniúil ábhartha athbhreithniú ar an ráiteas comhlíontachta dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, féadfaidh sé faisnéis bhreise a iarraidh ar an riarthóir i ndáil lena thagarmharcanna neamhshuntasacha i gcomhréir le hAirteagal 41 agus féadfaidh sé a iarraidh go ndéanfar athruithe chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú.
5. Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun teimpléad don ráiteas comhlíontachta dá dtagraítear i mír 3 a fhorbairt.
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Aibreán 2017.
Tugtar cumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
TEIDEAL IV
TRÉDHEARCACHT AGUS COSAINT TOMHALTÓIRÍ
Airteagal 27
Ráiteas tagarmhairc
1. Laistigh de dhá sheachtain ó chuirtear riarthóir sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 36, foilseoidh an riarthóir, ar mhodh a áirithíonn rochtain chothrom agus éasca, ráiteas tagarmhairc i leith gach tagarmhairc nó, i gcás inarb infheidhme, i leith gach fine tagarmharcanna, a fhéadfar a úsáid san Aontas i gcomhréir le hAirteagal 29.
I gcás ina dtosaíonn an riarthóir sin ar thagarmharc nua nó ar fhine tagarmharcanna a fhéadfar a úsáid san Aontas i gcomhréir le hAirteagal 29 a sholáthar, déanfaidh an riarthóir, laistigh de dhá sheachtain agus ar mhodh a áirithíonn rochtain chothrom agus éasca, ráiteas tagarmhairc a fhoilsiú i leith gach tagarmhairc nua nó, i gcás inarb infheidhme, i leith gach fine nua tagarmharcanna.
Déanfaidh an riarthóir athbhreithniú agus, i gcás inar gá sin, nuashonrú ar an ráiteas tagarmhairc i leith gach tagarmhairc nó fine tagarmharcanna sa chás go dtarlaíonn athruithe ar an bhfaisnéis atá le soláthar faoin Airteagal seo agus déanfaidh sé an méid sin gach dhá bhliain ar a laghad.
Maidir leis an ráiteas tagarmhairc:
|
(a) |
beidh ann sainmhíniú soiléir agus gan athbhrí ar an margadh nó ar an bhfíorchás eacnamaíoch atá á thomhas leis an tagarmharc agus na cúinsí ina bhféadfadh sé go mbeidh tomhas den sórt sin neamhiontaofa; |
|
(b) |
leagfar síos ann sonrúcháin theicniúla lena sainaithnítear go soiléir agus gan athbhrí na heilimintí sin de ríomh an tagarmhairc arb ina leith a fhéadfar lánrogha a chur i bhfeidhm, na critéir is infheidhme i leith fheidhmiú na lánrogha sin agus post na ndaoine ar féidir leo lánrogha a fheidhmiú agus conas a d'fhéadfaí an lánrogha sin a mheas ina dhiaidh sin. |
|
(c) |
tabharfar ann fógra go bhféadfadh fachtóirí a bheith ann, lena n-áirítear fachtóirí seachtracha nach bhfuil smacht ag an riarthóir orthu, a d'fhágfadh go mbeadh gá le hathruithe ar thagarmharc, nó an tagarmhac a scor; agus |
|
(d) |
cuirfear in iúl ann d'úsáideoirí go bhféadfadh tionchar a bheith ag athruithe ar thagarmharc nó ag scor tagarmhairc ar na conarthaí airgeadais agus ar na hionstraimí airgeadais a dhéanann tagairt don tagarmharc nó do thomhas ar fheidhmíocht cistí infheistíochta. |
2. Beidh an méid seo a leanas, ar a laghad, i ráiteas tagarmhairc:
|
(a) |
na sainmhínithe ar na príomhthéarmaí ar fad a bhaineann leis an tagarmharc; |
|
(b) |
an réasúnaíocht a bhaineann le glacadh modheolaíochta tagarmhairc agus le glacadh nósanna imeachta chun an mhodheolaíocht a fhormheas agus chun athbhreithniú a dhéanamh uirthi; |
|
(c) |
na critéir agus na nósanna imeachta a úsáidtear chun an tagarmharc a chinneadh, lena n-áirítear tuairisc ar na sonraí ionchuir, an tosaíocht a thugtar do chineálacha éagsúla sonraí ionchuir, na sonraí íosta is gá chun tagarmharc a chinneadh, úsáid aon samhlacha nó modhanna eachtarshuímh agus aon nós imeachta chun comhchodanna innéacs tagarmhairc a athchothromú; |
|
(d) |
na rialuithe agus na rialacha a rialaíonn aon fheidhmiú breithiúnais nó lánrogha ag an riarthóir nó ag aon rannchuiditheoirí, d'fhonn comhsheasmhacht a áirithiú maidir le húsáid breithiúnais nó lánrogha den sórt sin; |
|
(e) |
na nósanna imeachta a rialaíonn cinneadh an tagarmhairc i dtréimhsí struis nó i dtréimhsí ina bhféadfadh foinsí sonraí idirbhirt a bheith neamhleor, míchruinn nó neamhiontaofa agus teorainneacha féideartha an tagarmhairc sna tréimhsí sin; |
|
(f) |
na nósanna imeachta chun déileáil le hearráidí sna sonraí ionchuir nó i gcinneadh an tagarmhairc, lena n-áirítear nuair a bheidh athchinneadh ar an tagarmharc de dhíth; agus |
|
(g) |
sainaithint na dteorainneacha féideartha atá ag tagarmharc, lena n-áirítear oibriú an tagarmhairc i margaí neamhleachtacha nó ilroinnte agus comhchruinniú féideartha na n-ionchur. |
3. Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun inneachar an ráitis tagarmhairc a shonrú tuilleadh mar aon leis na cásanna ina mbeidh gá le nuashonrú ar ráiteas den sórt sin.
Déanfaidh ÚEUM idirdhealú idir cineálacha éagsúla tagarmharcanna agus earnálacha a leagtar amach sa Rialachán seo agus cuirfidh sé san áireamh prionsabal na comhréireachta.
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Aibreán 2017.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 28
Athruithe ar thagarmharc agus tagarmharc a scor
1. Foilseoidh riarthóir, in éineacht leis an ráiteas tagarmhairc dá dtagraítear in Airteagal 27. nós imeachta maidir leis na bearta a bheidh le glacadh ag an riarthóir i gcás athruithe ar thagarmharc, nó i gcás a scoir, ar nós imeachta é a fhéadfar a úsáid san Aontas i gcomhréir le hAirteagal 29(1). Féadfar an nós imeachta a dhréachtú, i gcás inarb infheidhme, le haghaidh finí tagarmharcanna agus déanfar é a nuashonrú agus a fhoilsiú cibé uair a tharlaíonn athrú ábhartha.
2. Déanfaidh eintitis faoi mhaoirseacht a úsáideann tagarmharc, seachas riarthóir amhail dá dtagraítear i mír 1, pleananna láidre i scríbhinn a chur ar fáil agus a chothabháil ina leagtar amach na gníomhaíochtaí a dhéanfaidh siad sa chás go n-athraítear tagarmharc go hábhartha nó go scoireann sé de bheith á sholáthar. I gcás inarb indéanta agus iomchuí sin, déanfar tagarmharc amháin nó roinnt tagarmharcanna malartacha a ainmniú sna pleananna sin, ar tagarmharcanna iad a bhféadfaí tagairt dóibh chun teacht in ionad tagarmharcanna nach soláthraítear a thuilleadh, agus tabharfar le fios sna pleananna an chúis go mbeadh na tagarmharcanna sin ina roghanna malartacha oiriúnacha. Soláthróidh na heintitis faoi mhaoirseacht, arna iarraidh sin orthu, na pleananna sin mar aon le haon nuashonruithe don údarás inniúil ábhartha agus léireofar sna pleananna an caidreamh conarthach atá ann leis na cliaint.
TEIDEAL V
ÚSÁID TAGARMHARCANNA SAN AONTAS
Airteagal 29
Tagarmharc a úsáid
1. Féadfaidh eintiteas faoi mhaoirseacht tagarmharc nó teaglaim de thargarmharcanna a úsáid san Aontas más riarthóir atá lonnaithe san Aontas a sholáthraíonn an tagarmharc agus go bhfuil an riarthóir ar áireamh sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 36 nó más rud é gur tagarmharc é atá ar áireamh sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 36.
2. I gcás inarb urrúis inaistrithe nó táirgí infheistíochta eile a dhéanann tagairt do thagarmharc is cuspóir do réamheolaire atá le foilsiú faoi Threoir 2003/71/CE nó faoi Threoir 2009/65/CE, déanfaidh eisitheoir, tairgeoir nó an duine a iarrann go ligfí isteach chun trádála ar mhargadh rialáilte é a áirithiú go mbeidh ar áireamh freisin sa réamheolaire faisnéis shoiléir agus fheiceálach a luann cibé atá an tagarmharc á sholáthar ag riarthóir atá ar áireamh sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 36 den Rialachán seo.
Airteagal 30
Coibhéis
1. Ionas go bhféadfaidh tagarmharc nó teaglaim de thagarmharcanna a sholáthraíonn riarthóir atá lonnaithe i dtríú tír a úsáid san Aontas i gcomhréir le hAirteagal 29(1), cuirfear an tagarmharc agus an riarthóir ar áireamh sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 36. Comhlíonfar na coinníollacha seo a leanas chun go bhféadfar iad a chur ar áireamh sa chlár:
|
(a) |
glacann an Coimisiún cinneadh coibhéise i gcomhréir le mír 2 nó le mír 3 den Airteagal seo; |
|
(b) |
tá an riarthóir údaraithe nó cláraithe sa tríú tír i dtrácht, agus faoi réir maoirseacht inti; |
|
(c) |
tugann an riarthóir fógra d'ÚEUM go dtoilíonn sé go bhféadfaidh eintitis faoi mhaoirseacht a thagarmharcanna iarbhír nó ionchasacha a úsáid san Aontas, chomh maith le liosta na dtagarmharcanna a bhfuil toiliú tugtha acu ina leith a úsáid san Aontas agus an t-údarás inniúil atá freagrach as maoirseacht air sa tríú tír; agus |
|
(d) |
tá na socruithe comhair dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo i mbun oibríochta. |
2. Féadfaidh an Coimisiún cinneadh cur chun feidhme a ghlacadh lena sonraítear go ndéanann creat dlí agus cleachtas maoirseachta de chuid tríú tír an méid seo a leanas a áirithiú:
|
(a) |
go gcomhlíonann riarthóirí atá údaraithe nó cláraithe sa tríú tír sin ceanglais cheangailteacha atá coibhéiseach leis na ceanglais faoin Rialachán seo, ag cur san áireamh, go háirithe, más rud é go n-áirithítear le creat dlí agus cleachtas maoirseachta de chuid tríú tír go gcomhlíontar prionsabail IOSCO le haghaidh tagarmharcanna airgeadais nó, i gcás inarb infheidhme, prionsabail IOSCO le haghaidh GTPanna; agus |
|
(b) |
go bhfuil na ceanglais cheangailteacha faoi réir maoirseacht éifeachtach agus forfheidhmú éifeachtach ar bhonn leanúnach sa tríú tír sin. |
Déanfar cinneadh cur chun feidhme den sórt sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 50(2).
3. Mar rogha air sin, féadfaidh an Coimisiún cinneadh cur chun feidhme a ghlacadh á rá:
|
(a) |
go bhfuil ceanglais cheangailteacha i dtríú tír i ndáil le riarthóirí sonracha nó tagarmharcanna sonracha nó finí sonracha tagarmharcanna coibhéiseach leis na ceanglais faoin Rialachán seo, ag cur san áireamh, go háirithe, más rud é go n-áirithítear le creat dlí agus cleachtas maoirseachta de chuid tríú tír go gcomhlíontar prionsabail IOSCO le haghaidh tagarmharcanna airgeadais nó, i gcás inarb infheidhme, go gcomhlíontar prionsabail IOSCO le haghaidh GTPanna; agus |
|
(b) |
go bhfuil na riarthóirí sonracha sin nó na tagarmharcanna sonracha nó na finí sonracha tagarmharcanna faoi réir maoirseacht éifeachtach agus forfheidhmiú éifeachtach ar bhonn leanúnach sa tríú tír sin. |
Déanfar cinnead cur chun feidhme den sórt sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 50(2).
4. Bunóidh ÚEUM socruithe comhair le húdaráis inniúla tríú tíortha a sainaithnítear go bhfuil a gcreat dlí agus a gcleachtais mhaoirseachta coibhéiseach i gcomhréir le mír 2 nó mír 3. Sonrófar leis na socruithe sin an méid seo a leanas, ar a laghad:
|
(a) |
an sásra don mhalartú faisnéise idir ÚEUM agus údaráis inniúla na dtríú tíortha lena mbaineann, lena n-áirítear rochtain ar gach faisnéis ábhartha a iarrann ÚEUM faoin riarthóir atá údaraithe sa tríú tír sin; |
|
(b) |
an sásra chun fógra pras a thabhairt d'ÚEUM má mheasann údarás inniúil tríú tír go bhfuil an riarthóir údaraithe atá faoi mhaoirseacht aige sa tríú tír sin ag sárú coinníollacha a údaraithe nó reachtaíocht náisiúnta eile sa tríú tír; |
|
(c) |
na nósanna imeachta maidir le comhordú na ngníomhaíochtaí maoirseachta, lena n-áirítear, cigireachtaí ar an láthair. |
5. Déanfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun íosmhéid na socruithe comhair dá dtagraítear i mír 4 a chinneadh chun a áirithiú go mbeidh ar chumas údaráis inniúla agus ÚEUM a gcumhachtaí maoirseachta go léir a fheidhmiú faoin Rialachán seo:
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Aibreán 2017.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 31
Clárú riarthóra atá lonnaithe i dtríú tír a tharraingt siar
1. Déanfaidh ÚEUM clárú riarthóra atá lonnaithe i dtríú tír a tharraingt siar tríd an riarthóir sin a bhaint den chlár dá dtagraítear in Airteagal 36 más rud é go bhfuil cúiseanna maithe aige, bunaithe ar fhianaise dhoiciméadaithe, go bhfuil an riarthóir:
|
(a) |
ag gníomhú ar bhealach ar soiléir go ndéanfaidh sé dochar do leasanna úsáideoirí a thagarmharcanna nó d'fheidhmiú rianúil na margaí; nó |
|
(b) |
tar éis sárú tromchúiseach a dhéanamh ar an reachtaíocht náisiúnta sa tríú tír nó ar fhorálacha eile is infheidhme ina leith sa tríú tír agus ar ar a bhonn sin a ghlac an Coimisiún an cinneadh cur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 30(2) nó (3). |
2. Ní ghlacfaidh ÚEUM cinneadh faoi mhír 1 ach sa chás go gcomhlíontar na coinníollacha seo leanas:
|
(a) |
gur chuir ÚEUM an cheist faoi bhráid údarás inniúil an tríú tír agus nár ghlac an t-údarás inniúil sin na bearta iomchuí atá ag teastáil chun infheisteoirí agus feidhmiú rianúil na margaí san Aontas a chosaint nó gur mhainnigh sé a léiriú go gcomhlíonann an riarthóir lena mbaineann na ceanglais is infheidhme maidir leis sa tríú tír; |
|
(b) |
gur chuir ÚEUM, 30 lá ar a laghad roimh é a tharraingt siar, in iúl don údarás inniúil sa tríú tír go bhfuil sé beartaithe aige clárú an riarthóra a tharraingt siar. |
3. Cuirfidh ÚEUM aon bheart a ghlacfar i gcomhréir le mír 1 in iúl gan mhoill do na húdaráis inniúla eile agus foilseoidh sé a chinneadh ar a shuíomh gréasáin.
Airteagal 32
Aitheantas do riarthóir atá lonnaithe i dtríú tír
1. Go dtí go mbeidh cinneadh coibhéise i gcomhréir le hAirteagal 30(2) nó (3) glactha, féadfaidh eintitis faoi mhaoirseacht san Aontas tagarmharc arna sholáthar ag riarthóir atá lonnaithe i dtríú tír a úsáid ar choinníoll go bhfaigheann an riarthóir aitheantas roimh ré ó údarás inniúil a Bhallstáit tagartha i gcomhréir leis an Airteagal seo.
2. Riarthóir atá lonnaithe i dtríú tír agus a bhfuil sé ar intinn aige aitheantas roimh ré faoi mar a thagraítear dó i mír 1 den Airteagal seo a fháil, comhlíonfaidh sé na ceanglais a bhunaítear leis an Rialachán, seachas Airteagal 11(4) agus Airteagail 16, 20, 21 agus 23. Féadfaidh an riarthóir an coinníoll sin a chomhlíonadh trí phrionsabail IOSCO le haghaidh tagarmharcanna airgeadais nó prionsabail IOSCO le haghaidh GTPanna a chur i bhfeidhm, de réir mar is infheidhme, ar choinníoll go bhfuil cur i bhfeidhm den sórt sin coibhéiseach le comhlíonadh na gceanglas a bhunaítear sa Rialachán seo, seachas Airteagal 11(4) agus Airteagail 16, 20, 21 agus 23.
Ar mhaithe lena chinneadh an bhfuil an coinníoll dá dtagraítear sa chéad fhomhír á chomhlíonadh, agus chun comhlíonadh phrionsabail IOSCO le haghaidh tagarmharcanna airgeadais nó phrionsabail IOSCO le haghaidh GTPanna, de réir mar is infheidhme, a mheasúnú, féadfaidh údarás inniúil na Bhallstáit tagartha brath ar mheasúnú ó iniúchóir seachtrach neamhspleách nó, i gcás ina bhfuil an riarthóir atá lonnaithe i dtríú tír atá faoi réir maoirseachta, féadfaidh sé brath ar an deimhniú a sholáthraíonn údarás inniúil náisiúnta an tríú tír ina bhfuil an riarthóir lonnaithe.
Más rud é go bhfuil an riarthóir in ann a léiriú, agus a mhéid atá sé in ann a léiriú, gurb é atá i dtagarmharc a sholáthraíonn sé ná tagarmharc sonraí rialáilte nó tagarmharc tráchtearraí nach bhfuil bunaithe ar aighneachtaí ó rannchuiditheoirí arb eintitis faoi mhaoirseacht a bhformhór, ní bheidh aon oibleagáid ar an riarthóir na ceanglais nach infheidhme maidir le soláthar tagarmharcanna sonraí rialáilte agus tagarmharcanna tráchtearraí amhail dá bhforáiltear in Airteagal 17 agus in Airteagal 19(1) faoi seach a chomhlíonadh.
3. Riarthóir atá lonnaithe i dtríú tír agus a bhfuil sé ar intinn aige aitheantas roimh ré, faoi mar a thagraítear dó i mír 1 den Airteagal seo, a fháil, beidh ionadaí dlíthiúil aige a bheidh bunaithe ina Bhallstát tagartha. Is é a bheidh san ionadaí dlíthiúil ná duine nádúrtha nó dlítheanach atá lonnaithe san Aontas, arna cheapadh go sainráite ag an riarthóir atá lonnaithe i dtríú tír, a ghníomhaíonn thar ceann an riarthóra sin vis-à-vis na n-údarás agus aon duine eile san Aontas a mhéid a bhaineann le hoibleagáidí an riarthóra faoin Rialachán seo. Déanfaidh an t-ionadaí dlíthiúil an fheidhm formhaoirseachta a chomhall maidir le soláthar na dtagarmharcanna a dhéanann an riarthóir faoin Rialachán seo in éineacht leis an riarthóir agus, ina leith sin, beidh sé cuntasach d'údarás inniúil an Bhallstáit tagartha.
4. Déanfar Ballstát tagartha riarthóra atá lonnaithe i dtríú tír a chinneadh mar a leanas:
|
(a) |
i gcás inar cuid de ghrúpa ina bhfuil aon eintiteas faoi mhaoirseacht amháin atá lonnaithe san Aontas é an riarthóir, is é a bheidh sa Ballstát tagartha ná an Ballstát ina bhfuil an t-eintiteas faoi mhaoirseacht sin lonnaithe. Déanfar an t-eintiteas faoi mhaoirseacht sin a cheapadh mar an t-ionadaí dlíthiúil chun críocha mhír 3; |
|
(b) |
más rud é nach bhfuil feidhm ag pointe (a), i gcás inar cuid de ghrúpa ina bhfuil níos mó ná eintiteas faoi mhaoirseacht amháin atá lonnaithe san Aontas é an riarthóir, is é a bheidh sa Bhallstát tagartha ná an Ballstát ina bhfuil an líon is airde d'eintitis faoi mhaoirseacht lonnaithe nó, i gcás ina bhfuil líon céanna d'eintitis faoi mhaoirseacht ann, is é a bheidh sa Bhallstát tagartha ná an Ballstát ina bhfuil an luach is airde d'ionstraimí airgeadais, de chonarthaí airgeadais nó de chistí infheistíochta a dhéanann tagairt don tagarmharc. Déanfar ceann de na heintitis faoi mhaoirseacht atá lonnaithe sa Bhallstát tagartha atá cinntithe de bhun an phointe seo a cheapadh mar an t-ionadaí dlíthiúil chun críocha mhír 3; |
|
(c) |
más rud é nach bhfuil feidhm ag pointe (a) ná ag pointe (b) den mhír seo, i gcás ina bhfuil ceann amháin nó níos mó de na tagarmharcanna arna soláthar ag an riarthóir in úsáid mar thagairt le haghaidh ionstraimí airgeadais a ligtear isteach chun a dtrádála in ionad trádála amhail a shainmhínítear i bpointe (24) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE i gceann amháin nó níos mó de Bhallstáit, is é a bheidh sa Bhallstát tagartha ná an Ballstát inar ligeadh isteach an ionstraim airgeadais a thagraíonn d'aon cheann de na tagarmharcanna sin chun a trádála nó a trádáladh ar ionad trádála den chéad uair agus atá fós á trádáil. Más rud é go ndearnadh na hionstraimí airgeadais ábhartha a ligean isteach chun a dtrádála nó gur trádáladh iad den chéad uair ag an am céanna ar ionaid trádála i mBallstáit éagsúla, agus go bhfuil siad fós á dtrádáil, is é a bheidh sa Bhallstát tagartha ná an Ballstát ina bhfuil an luach is airde d'ionstraimí airgeadais, de chonarthaí airgeadais nó de chistí infheistíochta a dhéanann tagairt don tagarmharc; |
|
(d) |
más rud é nach bhfuil feidhm ag pointe (a), ag pointe (b) nó ag pointe (c), i gcás ina bhfuil ceann amháin de na tagarmharcanna arna soláthar ag an riarthóir in úsáid ag eintitis faoi mhaoirseacht i níos mó ná Ballstát amháin, is é a bheidh sa Bhallstát tagartha ná an Ballstát ina bhfuil an líon is airde de na heintitis faoi mhaoirseacht sin lonnaithe nó, i gcás ina bhfuil an líon céanna d'eintitis faoi mhaoirseacht ann, is é a bheidh sa Bhallstát tagartha ná an Ballstát ina bhfuil an luach is airde d'ionstraimí airgeadais, de chonarthaí airgeadais nó de chistí infheistíochta a dhéanann tagairt don tagarmharc; |
|
(e) |
más rud é nach bhfuil feidhm ag pointí (a), (b), (c) nó (d) agus má dhéanann an riarthóir comhaontú le heintiteas maoirseachta go dtoilíonn an riarthóir go mbainfí úsáid as tagarmharc a sholáthraíonn sé, is é a bheidh sa Bhallstát tagartha ná an Ballstát ina bhfuil an t-eintiteas faoi mhaoirseacht sin lonnaithe. |
5. Riarthóir atá lonnaithe i dtríú tír agus a bheartaíonn aitheantas roimh ré, faoi mar a thagraítear dó i mír 1 den Airteagal seo, a fháil, déanfaidh sé iarratas ar aitheantas le húdarás inniúil a Bhallstát tagartha. Déanfaidh an riarthóir iarratas an fhaisnéis uile is gá a sholáthar don údarás inniúil chun go bhféadfaidh an t-údarás inniúil sin a bheith deimhin de go bhfuil, ag tráth an aitheantais, na comhshocruithe uile is gá bunaithe ag an riarthóir chun na ceanglais dá dtagraítear i mír 2 a chomhlíonadh agus déanfaidh sé liosta de na tagarmharcanna iarbhír nó ionchasacha a fhéadfar a úsáid san Aontas a sholáthar agus, i gcás inarb infheidmhe, déanfaidh sé an t-údarás inniúil atá freagrach dá mhaoirseacht sa tríú tír a shonrú.
Laistigh de 90 lá oibre ón iarrtas dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a fháil, fíordheimhneoidh an t-údarás inniúil go bhfuil na coinníollacha a leagtar síos i mír 2, i mír 3 agus i mír 4 comhlíonta.
Má mheasann an t-údarás inniúil nach gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos i mír 2, i mír 3 agus i mír 4, diúltóidh sé an iarraidh ar aitheantas agus leagfaidh sé amach na cúiseanna atá leis an diúltú sin. Thairis sin, ní dheonófar aon aitheantas mura rud é go gcomhlíontar na coinníollacha breise seo a leanas:
|
(a) |
i gcás ina bhfuil riarthóir atá lonnaithe i dtríú tír faoi réir maoirseachta, gur ann do shocrú comhair iomchuí idir údarás inniúil an Bhallstáit tagartha agus údarás inniúil an tríú tír ina bhfuil an riarthóir lonnaithe, i gcomhlíonadh na gcaighdeán teicniúil rialála arna nglacadh de bhun Airteagal 30(5), chun a áirithiú gur ann do mhalartú éifeachtúil faisnéise a cheadaíonn don údarás inniúil a chuid cúraimí a chomhlíonadh i gcomhréir leis an Rialachán seo; |
|
(b) |
nach bhfuil feidhmiú éifeachtach a chuid feidhmeanna maoirseachta ag an údarás inniúil faoin Rialachán seo á chosc le dlíthe, rialacháin nó forálacha riaracháin an tríú tír ina bhfuil an riarthóir lonnaithe, ná, i gcás inarb infheidhme, le srianta ar chumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaitheacha údarás maoirseachta an tríú tír sin. |
6. I gcás ina measann údarás inniúil an Bhallstáit tagartha go soláthraíonn riarthóir atá lonnaithe i dtríú tír tagarmharc a chomhlíonann na coinníollacha maidir le tagarmharc suntasach nó le tagarmharc neamhshuntasach, amhail dá bhforáiltear in Airteagal 24 agus in Airteagal 26 faoi seach, déanfaidh sé, gan aon mhoill mhíchuí, fógra a thabhairt d'ÚEUM ina thaobh. Beidh mar thacaíocht le measúnú den sórt sin an fhaisnéis a bheidh soláthraithe ag an riarthóir san iarratas ábhartha ar aitheantas.
Laistigh de mhí amháin ón bhfógra dá dtagraítear sa chéad fhomhír a fháil, eiseoidh ÚEUM comhairle don údarás inniúil i dtaobh chineál an tagarmhairc agus na gceanglas is infheidhme maidir le soláthar an tagarmhairc, amhail dá bhforáiltear in Airteagal 24, in Airteagal 25 agus in Airteagal 26. Féadfaidh an chomhairle, go háirithe, díriú ar cibé acu an measann ÚEUM go bhfuil na coinníollacha do chineál den sórt sin á gcomhlíonadh ar bhonn na faisnéise a bheidh soláthraithe ag an riarthóir in iarratas ar aitheantas.
Déanfar an tréimhse ama dá dtagraítear i mír 5 a fhionraí amhail ón dáta a fhaigheann ÚEUM an fógra go dtí go mbeidh an chomhairle eisithe ag ÚEUM i gcomhréir leis an mír seo.
Má mholann údarás inniúil an Bhallstáit tagartha aitheantas a dheonú contrártha le comhairle ÚEUM dá dtagraítear sa dara fomhír, cuirfidh sé an méid sin in iúl d'ÚEUM agus luafaidh sé na cúiseanna a bhí aige leis sin. Foilseoidh ÚEUM an fíoras nach bhfuil an t-údarás inniúil ag déanamh de réir a chomhairle nó nach bhfuil sé i gceist aige déanamh de réir a chomhairle. Féadfaidh ÚEUM a chinneadh freisin, ar bhonn cás ar chás, na cúiseanna a thugann an t-údarás inniúil gan déanamh de réir na comhairle sin a fhoilsiú. Gheobhaidh an t-údarás inniúil lena mbaineann fógra roimh ré maidir le foilsiú den sórt sin.
7. Tabharfaidh údarás inniúil an Bhallstáit tagartha, laistigh de chúig lá oibre, fógra d'ÚEUM maidir le haon chinneadh chun aitheantas a thabhairt do riarthóir atá lonnaithe i dtríú tír, agus soláthróidh sé freisin an liosta de na tagarmharcanna a fhéadfar a úsáid san Aontas a sholáthraíonn an riarthóir agus, i gcás inarb infheidhme, ainmneoidh sé an t-údarás inniúil atá freagrach as a mhaoirsiú sa tríú tír.
8. Déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit tagartha an t-aitheantas a deonaíodh i gcomhréir le mír 5 a fhionraí nó, i gcás inarb iomchuí, a tharraingt siar má tá cúiseanna maithe aige, bunaithe ar fhianaise dhoiciméadaithe, lena mheas go bhfuil an riarthóir ag gníomhú ar shlí is léir a bheith contrártha do leasanna úsáideoirí a thagarmharcanna nó atá dochrach d'fheidhmiú rianúil na margaí nó má tá sárú tromchúiseach déanta ag an riarthóir ar na ceanglais ábhartha a leagar amach sa Rialachán seo, nó má tá ráitis bhréagacha déanta ag an riarthóir nó má d'úsáid sé aon mhodh mírialta eile chun aitheantas a fháil.
9. Féadfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun foirm agus inneachar an iarratais dá dtagraítear i mír 5 a chinneadh agus, go háirithe, maidir le cur i láthair na faisnéise a éilítear i mír 6.
I gcás ina ndéantar dréachtchaighdeáin theicniúla rialála den sórt sin a fhorbairt, cuirfidh ÚEUM iad faoi bhráid an Choimisiúin.
Tugtar an chumhacht don Choimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 33
Tagarmharcanna a sholáthraítear i dtríú tír a fhormhuiniú
1. Riarthóir atá lonnaithe san Aontas agus atá údaraithe nó cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 34, nó aon eintiteas eile faoi mhaoirseacht atá lonnaithe san Aontas ag a bhfuil ról soiléir agus dea-shainithe laistigh de chreat rialaithe nó cuntasachta riarthóra de chuid tríú tír atá in ann faireachán éifeachtach a dhéanamh ar sholáthar tagarmhairc, féadfaidh sé iarratas a dhéanamh chuig an údarás inniúil ábhartha á iarraidh tagarmharc nó fine tagarmharcanna arna soláthar i dtríú tír lena n-úsáid san Aontas a fhormhuiniú, ar choinníoll go gcomlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:
|
(a) |
tá sé fíordheimhnithe ag an riarthóir formhuiniúcháin nó ag eintiteas eile faoi mhaoirseacht, agus tá sé in ann a léiriú ar bhonn leanúnach dá údarás inniúil, go gcomhlíonann soláthar an tagarmhairc nó na fine tagarmharcanna atá le formhuiniú, ar bhonn sainordaitheach nó deonach, ceanglais atá, ar a laghad, chomh dian céanna le ceanglais an Rialacháin seo; |
|
(b) |
tá an saineolas is gá ag an riarthóir formhuiniúcháin nó ag an eintiteas eile faoi mhaoirseacht chun faireachán éifeachtach a dhéanamh ar an ngníomhaíocht i ndáil le tagarmharc a sholáthar i dtríú tír agus chun bainistiú a dhéanamh ar rioscaí gaolmhara; |
|
(c) |
tá cúis oibiachtúil ann le tagarmharc nó fine tagarmharcanna a sholáthar i dtríú tír agus an tagarmharc nó fine tagarmharcanna sin a fhormhuiniú lena n-úsáid san Aontas. |
Chun críche phointe (a), agus measúnú á dhéanamh i dtaobh an gcomhlíonann soláthar an tagarmhairc nó na fine tagarmharcanna atá le formhuiniú ceanglais atá, ar a laghad, chomh dian céanna le ceanglais an Rialacháin seo, féadfaidh údarás inniúil a chur san áireamh an mbeadh comhlíonadh sholáthar an tagarmhairc nó na fine tagarmharcanna le prionsabail IOSCO le haghaidh tagarmharcanna airgeadais nó le prionsbail IOSCO le haghaidh GTPanna, de réir mar is infheidhme, coibhéiseach le comhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo.
2. Riarthóir nó eintiteas eile faoi mhaoirseacht a chuireann iarratas ar fhormhuiniú dá dtagraítear i mír 1 isteach, déanfaidh siad an fhaisnéis uile is gá a sholáthar chun go bhféadfaidh an t-údarás inniúil a bheith deimhin de, ag tráth an iarratais, go bhfuil na coinníollacha uile dá dtagraítear sa mhír sin comhlíonta.
3. Laistigh de 90 lá oibre ón iarratas ar fhormhuiniú dá dtagraítear i mír 1 a fháil, scrúdóidh an t-údarás inniúil ábhartha an t-iarratas agus glacfaidh sé cinneadh chun an formhuiniú a údarú nó a dhiúltú. Tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra d'ÚEUM i dtaobh tagarmharc formhuinithe nó fine tagarmharcanna formhuinithe.
4. Tagarmharc formhuinithe nó fine tagarmharcanna formhuinithe, measfar iad a bheith ina dtagarmharc nó ina bhfine tagarmharcanna arna soláthar ag an riarthóir formhuiniúcháin nó ag eintiteas eile faoi mhaoirseacht. Ní bhainfidh riarthóir formhuiniúcháin nó eintiteas eile faoi mhaoirseacht úsáid as an bhformhuiniú leis an intinn go bhféadfaí ceanglais an Rialacháin seo a sheachaint.
5. Riarthóir nó eintiteas eile faoi mhaoirseacht a mbeidh tagarmharc nó fine tagamharcanna arna sholáthar nó arna soláthar i dtríú tír formhuinithe aige, beidh sé fós freagrach go hiomlán as tagarmharc den sórt sin nó as fine tagamharcanna den sórt sin agus as comhlíonadh na n-oibleagáidí faoin Rialachán seo.
6. I gcás ina bhfuil cúiseanna maithe ag údarás inniúil an riarthóra formhuiniúcháin nó an eintitis eile faoi mhaoirseacht a mheas nach bhfuil na coinníollacha a leagtar síos faoi mhír 1 den Airteagal seo á gcomhlíonadh a thuilleadh, beidh an chumhacht aige a éileamh ar an riarthóir formhuiniúcháin nó ar an eintiteas eile faoi mhaoirseacht scor den fhormhuiniú agus cuirfidh sé an méid sin iúl d'ÚEUM. Beidh feidhm ag Airteagal 28 sa chás go ndéantar formhuiniú a scor.
7. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 49 i dtaca le bearta chun coinníollacha a chinneadh faoina bhféadfaidh na húdaráis inniúla ábhartha a mheas an bhfuil cúis oibiachtúil ann chun tagarmharc nó fine tagarmharcanna i dtríú tíortha a sholáthar agus dá bhformhuiniú lena n-úsáid san Aontas. Cuirfidh an Coimisiún san áireamh eilimintí amhail sonraíochtaí an bhunmhargaidh nó an fhíorcháis eacnamaíoch a bhfuil siad beartaithe a thomhas leis an tagarmharc, an gá atá le soláthar an tagarmhairc a bheith gar don mhargadh nó don fhíorchás eacnamaíoch sin, an gá atá le soláthar an tagarmhairc a bheith gar do rannchuiditheoirí, infhaighteacht ábhartha na sonraí ionchuir mar gheall ar chriosanna ama éagsúla, agus scileanna sonracha atá riachtachanach i soláthar an tagarmhairc.
TEIDEAL VI
RIARTHÓIRÍ A ÚDARÚ, A CHLÁRÚ AGUS A MHAOIRSIÚ
CAIBIDIL 1
Údarú agus clárú
Airteagal 34
Riarthóir a údarú agus a chlárú
1. Duine nádúrtha nó dlítheanach atá lonnaithe san Aontas agus a bhfuil sé ar intinn aige nó aici gníomhú mar riarthóir, déanfaidh sé nó sí iarratas chuig an údarás inniúil atá ainmnithe faoi Airteagal 40 den Bhallstát ina bhfuil an duine sin lonnaithe, chun go bhfaighidh an duine sin:
|
(a) |
údarú má sholáthraíonn sé innéacsanna nó más rud é go bhfuil sé ar intinn aige iad a sholáthar, ar innéacsanna iad a úsáidtear nó atá beartaithe lena n-úsáid de réir bhrí an Rialacháin seo; |
|
(b) |
clárú más eintiteas faoi mhaoirseacht é, taobh amuigh de riarthóir, a sholáthraíonn innéacsanna nó a bhfuil sé ar intinn aige iad a sholáthar, ar innéacsanna iad a úsáidtear mar thagarmharcanna nó atá beartaithe lena n-úsáid mar thagarmharcanna de réir bhrí an Rialacháin seo, ar choinníoll nach bhfuil gníomhaíocht an tsoláthair tagarmhairc faoi chosc ag an disciplín earnálach is infheidhme i leith an eintitis faoi mhaoirseacht agus nach gcáileodh aon cheann de na hinnéacsanna a sholáthraítear mar thagarmharc criticiúil; nó |
|
(c) |
clárú mura soláthraíonn sé nó mura bhfuil sé ar intinn aige a sholáthar ach innéacsanna a cháileodh mar thagarmharcanna neamhshuntasacha. |
2. Comhlíonfaidh riarthóir údaraithe nó cláraithe na coinníollacha a leagtar síos sa Rialacháin seo i gcónaí agus tabharfaidh sé fógra don údarás inniúil i dtaobh aon athruithe ábhartha orthu.
3. An t-iarratas dá dtagraítear i mír 1, déanfar é laistigh de 30 lá oibre ó aon chomhaontú a dhéanfaidh eintiteas faoi mhaoirseacht chun innéacs arna sholáthar ag an iarratasóir mar thagairt d'ionstraim airgeadais nó do chonradh airgeadais nó chun feidhmíocht chiste airgeadais a thomhas.
4. Soláthróidh an t-iarratasóir an fhaisnéis ar fad atá riachtanach chun go bhféadfaidh an t-údarás inniúil a bheith deimhin de go mbeidh bunaithe ag an iarratasóir, tráth an údaraithe nó an chláraithe, na socruithe ar fad atá riachtanach chun na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh.
5. Laistigh de 15 lá oibre ón iarratas a fháil, déanfaidh an t-údarás inniúil lena mbaineann a mheasúnú an bhfuil an t-iarratas comhlánaithe ina iomláine agus tabharfaidh sé fógra don iarratasóir dá réir. Má tá an t-iarratas neamhiomlán, cuirfidh an t-iarratasóir isteach an fhaisnéis bhreise atá de dhíth ar an údaráis inniúil ábhartha. Beidh feidhm ag an teorainn ama dá dtagraítear sa mhír seo ón dáta a sholáthraíonn an t-iarratasóir an fhaisnéis bhreise sin.
6. Déanfaidh an t-údarás inniúil ábhartha:
|
(a) |
an t-iarratas ar údarú a scrúdú agus glacfaidh sé cinneadh chun an t-iarratasóir a údarú nó chun diúltú an t-iarratasóir a údarú laistigh de cheithre mhí ó iarratas atá comhlánaithe ina iomláine a fháil; |
|
(b) |
an t-iarratas ar údarú a scrúdú agus cinneadh a ghlacadh chun an t-iarratasóir a údarú nó chun diúltú an t-iarratasóir a údarú laistigh de 45 lá oibre ó iarratas a bheidh comhlánaithe ina iomláine a fháil. |
Laistigh de chúig lá oibre ó chinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh, tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra faoin gcinneadh sin don iarratasóir. I gcás ina ndiúltaíonn an t-údarás inniúil an t-iarratasóir a údarú nó a chlárú, tabharfaidh sé cúiseanna lena chinneadh.
7. Tabharfaidh an t-údarás inniúil, laistigh de chúig lá oibre ón dáta a nglacfar cinneadh den sórt, fógra d'ÚEUM maidir le haon chinneadh iarratasóir a údarú nó a chlárú.
8. Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an fhaisnéis atá le soláthar san iarratas ar údarú agus san iarratas ar chlárú a shonrú tuilleadh, agus cuirfidh sé san áireamh gur dhá phróiseas ar leith iad údarú agus clárú trína n-éilíonn údarú measúnú níos forleithne ar iarratas an riarthóra, prionsabal na comhréireachta, cineál na n-eintiteas faoi mhaoirseacht atá ag cur isteach ar chlárú faoi phointe (b) de mhír 1 agus na costais a bheidh ar na hiarratasóirí agus ar na húdaráis inniúla.
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Aibreán 2017.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 35
Údarú nó clárú a tharraingt siar nó a fhionraí
1. Féadfaidh údarás inniúil údarú nó clárú riarthóra a tharraingt siar nó a fhionraí más amhlaidh i gcás an riarthóra:
|
(a) |
go ndéanann sé an t-údarú nó an clárú a thréigean go sainráite nó nach bhfuil tagarmharc ar bith curtha ar fáil aige sa 12 mhí roimhe sin; |
|
(b) |
go bhfuil an t-údarú nó an clárú faighte aige, nó tagarmharc formhuinithe aige, trí ráitis bhréagacha a dhéanamh nó ar aon mhodh neamhrialta eile; |
|
(c) |
nach gcomhlíonann sé a thuilleadh na coinníollacha faoinar údaraíodh nó faoinar cláraíodh é; nó |
|
(d) |
gur sháraigh sé forálacha an Rialacháin seo go tromchúiseach nó arís agus arís eile. |
2. Tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra d'ÚEUM faoina chinneadh laistigh de chúig lá oibre ón dáta a nglacfar an cinneadh sin.
Déanfaidh ÚEUM an clár dá bhforáiltear in Airteagal 36 a nuashonrú go pras.
3. Tar éis cinneadh a ghlacadh chun údarú nó clárú riarthóra a fhionraí, agus sa chás gur teagmhas force majeure a bheadh mar thoradh ar thagarmharc a scor, nó go ndéanfaidh sé téarmaí conartha airgeadais nó ionstraime airgeadais, nó na rialacha maidir le haon chiste infheistíochta, a thagraíonn don tagarmharc sin, mar a shonraítear sa ghníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 51(6), a chur ó rath nó a shárú ar aon slí eile, féadfaidh údarás inniúil ábhartha an Bhallstáit ina bhfuil an riarthóir lonnaithe soláthar an tagarmhairc i dtrácht a cheadú go dtí go mbeidh an cinneadh maidir le fionraí tarraingthe siar. I rith na tréimhse ama sin, ní cheadófar d'eintitis faoi mhaoirseacht an tagarmharc sin a úsáid ach amháin i gcomhair conarthaí airgeadais, ionstraimí airgeadais agus cistí infheistíochta a thagraíonn cheana féin don tagarmharc.
4. Tar éis cinneadh maidir le haistarraingt údarú nó clárú riarthóra a ghlacadh, beidh feidhm ag Airteagal 28(2).
Airteagal 36
Clár riarthóirí agus tagarmharcanna
1. Bunóidh agus cothabhálfaidh ÚEUM clár poiblí ina mbeidh an fhaisnéis seo a leanas:
|
(a) |
céannachtaí na riarthóirí atá údaraithe nó cláraithe de bhun Airteagal 34 agus na húdaráis inniúla atá freagrach as maoirsiú a dhéanamh orthu; |
|
(b) |
céannachtaí na riarthóirí a chomhlíonann coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 30(1), an liosta de thagarmharcanna dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 30(1) agus na húdaráis inniúla tríú tír atá freagrach as maoirsiú a dhéanamh orthu; |
|
(c) |
céannachtaí na riarthóirí a fuair aitheantas i gcomhréir le hAirteagal 32, an liosta de thagarmharcanna dá dtagraítear in Airteagal 32(7) agus, i gcás inarb infheidhme, na húdaráis inniúla tríú tír atá freagrach as maoirsiú a dhéanamh orthu; |
|
(d) |
na tagarmharcanna atá formhuinithe i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 33, agus céannachtaí riarthóirí na dtagarmharcanna sin, agus céannachtaí na riarthóirí formhuiniúcháin nó na n-eintiteas faoi mhaoirseacht formhuiniúcháin. |
2. Maidir leis an gclár dá dtagraítear i mír 1, beidh rochtain phoiblí air ar shuíomh gréasáin ÚEUM agus déanfar é a nuashonrú go pras, de réir mar is gá.
CAIBIDIL 2
Comhar maoirseachta
Airteagal 37
Cúraimí a tharmligean idir údaráis inniúla
1. I gcomhréir le hAirteagal 28 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, féadfaidh údarás inniúil a chúraimí faoin Rialachán seo a tharmligean chuig údarás inniúil de chuid Ballstáit eile le toiliú roimh ré an Bhallstáit sin.
Tabharfaidh údaráis inniúla fógra d'ÚEUM maidir le haon tarmligean beartaithe 60 lá sula ngabhfaidh éifeacht leis na tarmligean sin.
2. Féadfaidh údarás inniúil cuid dá chúraimí faoin Rialachán seo a tharmligean chuig ÚEUM, ach é bheith faoi réir ag comhaontú ó ÚEUM.
3. Tabharfaidh ÚEUM fógra do na Ballstáit maidir le tarmligean atá beartaithe laistigh de sheacht lá. Foilseoidh ÚEUM na mionsonraí maidir le haon tarmligean comhaontaithe laistigh de chúig lá oibre ó thráth an fhógra.
Airteagal 38
Faisnéis ó Bhallstát eile a nochtadh
Ní fhéadfaidh údarás inniúil faisnéis a fhaigheann sé ó údarás inniúil eile a nochtadh ach amháin:
|
(a) |
má tá comhaontú an údaráis inniúil sin faighte aige i scríbhinn agus nach nochtar an fhaisnéis sin ach amháin chun na gcríoch lenar chomhaontaigh an t-údarás inniúil sin leo; nó |
|
(b) |
sa chás go mbeadh nochtadh den sórt sin riachtanach i gcomhair imeachtaí dlíthiúla. |
Airteagal 39
Comhar i ndáil le cigireachtaí agus imscrúduithe ar an láthair
1. Féadfaidh údarás inniúil ábhartha cúnamh a iarradh ó údarás inniúil eile maidir le cigireachtaí nó imscrúduithe ar an láthair. An t-údarás inniúil a fhaigheann an iarraidh, comhoibreoidh sé a mhéid is féidir agus is iomchuí.
2. Déanfaidh údarás inniúil a chuireann an iarraidh dá dtagraítear i mír 1 isteach ÚEUM a chur ar an eolas faoin méid sin. I gcás imscrúdú nó cigireacht lena ngabhann éifeacht trasteorann, féadfaidh na húdaráis inniúla a iarraidh ar ÚEUM comhordú a dhéanamh ar an gcigireacht nó ar an imscrúdú ar an láthair.
3. I gcás ina bhfaigheann údarás inniúil iarraidh ó údarás inniúil eile cigireacht nó imscrúdú ar an láthair a dhéanamh, féadfaidh sé:
|
(a) |
an chigireacht nó an t-imscrúdú ar an láthair a dhéanamh é féin; |
|
(b) |
cead a thabhairt don údarás inniúil a chuir an iarraidh isteach páirt a ghlacadh sa chigireacht nó san imscrúdú ar an láthair; |
|
(c) |
iniúchóirí nó saineolaithe a cheapadh chun an chigireacht nó imscrúdú ar an láthair a dhéanamh, nó chun tacú leis an gcigireacht nó imscrúdú sin. |
CAIBIDIL 3
Ról na n-údarás inniúil
Airteagal 40
Údaráis inniúla
1. I ndáil le riarthóirí agus eintitis faoi mhaoirseacht, ainmneoidh gach Ballstát an t-údarás inniúil ábhartha atá freagrach as na cúraimí faoin Rialachán seo a dhéanamh agus cuirfidh sé an Coimisiún agus ÚEUM ar an eolas faoin méid sin.
2. I gcás ina n-ainmníonn Ballstát níos mó ná údarás inniúil amháin, cinnfidh sé go soiléir na róil a bheidh acu faoi seach agus ainmneoidh sé údarás aonair le bheith freagrach as comhar agus malartú faisnéise leis an gCoimisiún, le hÚEUM agus le húdaráis inniúla na mBallstát eile a chomhordú.
3. Foilseoidh ÚEUM liosta de na húdaráis inniúla arna n-ainmniú i gcomhréir le mír 1 agus le mír 2 ar a shuíomh gréasáin.
Airteagal 41
Cumhachtaí na n-údarás inniúil
1. Ar mhaithe lena ndualgais a chomhlíonadh faoin Rialachán seo, beidh na cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaitheacha seo a leanas ar a laghad ag údaráis inniúla, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta:
|
(a) |
rochtain a bheith acu ar dhoiciméad agus ar shonraí eile ar bith i bhfoirm ar bith agus cóip de a fháil nó a dhéanamh; |
|
(b) |
faisnéis a iarraidh nó a éileamh ó dhuine ar bith a bhfuil baint aige nó aici le soláthar tagarmhairc agus le rannchuidiú le tagarmharc, lena n-áirítear aon soláthróir seirbhíse chuig a mbeidh feidhmeanna, seirbhísí nó gníomhaíochtaí maidir le soláthar tagamhairc seachfhoinsithe amhail dá bhforáiltear in Airteagal 10, chomh maith lena gcuid príomhaithe, agus más gá, aon duine den sórt sin a thoghairm agus a cheistiú d'fhonn faisnéis a fháil; |
|
(c) |
faisnéis a iarraidh, maidir le tagarmharcanna tráchtearraí, ó rannchuiditheoirí faoi spotmhargaí gaolmhara de réir, i gcás inarb infheidhme, formáidí caighdeánaithe agus tuarascálacha ar idirbhearta, agus rochtain dhíreach a bheith acu ar chórais trádálaithe; |
|
(d) |
cigireachtaí nó imscrúduithe ar an láthair a dhéanamh, ag suímh seachas áiteanna cónaithe príobháideacha daoine nádúrtha; |
|
(e) |
dul isteach in áitribh daoine dlítheanacha, gan dochar do Rialachán (AE) Uimh. 596/2014, chun doiciméid agus sonraí eile i bhformáid ar bith a urghabháil, nuair atá amhras réasúnta ann gur ann do dhoiciméid agus sonraí eile a bhaineann le hábhar na cigireachta nó an imscrúdaithe a d'fhéadfadh a bheith ábhartha chun sárú ar an Rialachán seo a chruthú. I gcás ina bhfuil réamhúdarú ag teastáil ó údarás breithiúnach an Bhallstáit lena mbaineann, i gcomhréir leis an dlí naisiúnta, is tar éis an réamhúdarú sin a fháil amháin a úsáidfear cumhacht den sórt sin; |
|
(f) |
ceangal a chur maidir le taifid de chomhráite teileafóin, cumarsáidí leictreonacha nó taifid tráchta sonraí eile atá ann cheana agus atá i seilbh eintitis faoi mhaoirseacht; |
|
(g) |
calcadh nó forlámhú sócmhainní a iarraidh, nó an dá cheann; |
|
(h) |
ceangal a chur go scoirfí go sealadach aon chleachtas a mheasann an t-údarás inniúil a bheith mar shárú ar an Rialachán seo; |
|
(i) |
toirmeasc sealadach a fhorchur ar ghníomhaíocht ghairmiúil a chleachtadh; |
|
(j) |
gach beart is gá a ghlacadh lena áirithiú go bhfuil eolas cruinn ag an bpobal ar sholáthar tagarmhairc, lena n-áirítear trína cheangal ar an riarthóir ábhartha nó ar dhuine a d'fhoilsigh nó a scaip an tagarmharc, nó a cheangal orthu araon, ráiteas ceartaitheach a fhoilsiú maidir le rannchuidithe don tagarmharc roimhe seo nó maidir le figiúirí an tagarmhairc. |
2. Feidhmeoidh údaráis inniúla a bhfeidhmeanna agus a gcumhachtaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus na cumhachtaí chun smachtbhannaí a fhorchur dá dtagraítear in Airteagal 42, i gcomhréir lena gcreataí dlí náisiúnta, in aon cheann de na slite seo leanas:
|
(a) |
go díreach; |
|
(b) |
i gcomhoibriú le húdaráis eile nó le gnóthais sa mhargadh; |
|
(c) |
faoina bhfreagracht trí tharmligean chuig na húdaráis sin nó chuig gnóthais sa mhargadh; |
|
(d) |
trí iarratas a dhéanamh chuig na húdaráis bhreithiúnacha inniúla. |
Chun na cumhachtaí sin a fheidhmiú, cuirfidh údaráis inniúla coimircí leormhaithe agus éifeachtúla i bhfeidhm maidir leis an gceart chun cosaint a fháil agus maidir le cearta bunúsacha.
3. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh bearta iomchuí i bhfeidhm ionas go mbeidh na cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaitheacha ar fad a theastaíonn uathu ag údaráis inniúla chun a gcuid dualgas a chomhlíonadh.
4. Riarthóir nó an eintiteas eile faoi mhaoirseacht a chuireann faisnéis ar fáil d'údarás inniúil i gcomhréir le mír 1, ní mheasfar go bhfuil siad ag sárú srian ar bith maidir le nochtadh faisnéise a fhorchuirtear le haon fhoráil chonarthach, reachtach, rialála nó riaracháin.
Airteagal 42
Smachtbhannaí riaracháin agus bearta riaracháin eile
1. Gan dochar do chumhachtaí maoirseachta na n-údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 41, agus do cheart na mBallstát foráil a dhéanamh maidir le smachtbhannaí coiriúla a fhorchur, déanfaidh na Ballstáit, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, foráil maidir le cumhacht a bheith ag na húdaráis inniúla chun smachtbhannaí riaracháin iomchuí agus bearta riaracháin eile a fhorchur maidir leis na sáruithe seo a leanas ar a laghad:
|
(a) |
aon sárú ar Airteagail 4, 5, 6, 7, 8, 9, 10, 11, 12, 13, 14, 15, 16, 21, 23, 24, 25, 26, 27, 28, 29 agus 34 i gcás inarb infheidhme iad; agus |
|
(b) |
aon mhainneachtain comhoibriú in imscrúdú nó le cigireacht nó le hiarraidh a chumhdaítear le hAirteagal 41, nó mainneachtain iad a chomhlíonadh. |
Beidh na smachtbhannaí riaracháin agus na bearta riaracháin eile éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.
2. I gcás sárú dá dtagraítear i mír 1, tabharfaidh na Ballstáit, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, an chumhacht do na húdaráis inniúla chun na smachtbhannaí riaracháin seo a leanas ar a laghad agus bearta riaracháin eile a fhorchur:
|
(a) |
ordú lena gceanglaítear ar an riarthóir nó eintiteas faoi mhaoirseacht atá freagrach as an sárú scor den iompraíocht atá i gceist agus gan gabháil don iompraíocht sin arís; |
|
(b) |
aon bhrabús a fuarthas nó aon chaillteanas a seachnaíodh de thoradh an tsáraithe a fhorghéilleadh nuair is féidir iad sin a chinneadh; |
|
(c) |
rabhadh poiblí ina luaitear an riarthóir nó an t-eintiteas faoi mhaoirseacht atá freagrach as an sárú agus an cineál sáraithe; |
|
(d) |
údarú nó clárú riarthóra a tharraingt siar nó a fhionraí; |
|
(e) |
toirmeasc sealadach ar aon duine nádúrtha a gheofar freagrach as sárú den sórt sin feidhmeanna bainistíochta riarthóra nó rannchuiditheora faoi mhaoirseacht a fheidhmiú; |
|
(f) |
smachtbhannaí riaracháin airgid uasta de thrí oiread mhéid na mbrabús a gnóthaíodh nó na gcaillteanas a seachnaíodh mar gheall ar an sárú, ar a laghad, a fhorchur i gcás inar féidir na nithe sin a chinneadh; |
|
(g) |
i leith duine nádúrtha, smachtbhannaí riaracháin airgid uasta den mhéid seo a leanas ar a laghad:
|
|
(h) |
i leith duine dlítheanach, smachtbhannaí riaracháin airgid uasta den mhéid seo a leanas ar a laghad:
|
Chun críocha phointe (h)(i) agus (ii), más máthairghnóthas nó fochuideachta de mháthairghnóthas nach mór cuntais airgeadais chomhdhlúite a ullmhú i gcomhréir le Treoir 2013/45/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26) an duine dlítheanach, is é a bheidh sa láimhdeachas bliantúil iomlán ábhartha an láimhdeachas bliantúil iomlán nó an cineál ioncaim comhfhreagrach i gcomhréir le Treoir 86/635/CE ón gComhairle (27) i gcás banc agus i gcomhréir le Treoir 91/674/CE ón gComhairle (28) i gcás comhlachtaí árachais de réir na gcuntas comhdhlúite is déanaí atá ar fáil agus atá formheasta ag comhlacht bainistíochta an mháthairghnóthais dheiridh ná más comhlachas an duine, 10 % de láimhdeachais chomhiomlána a gcuid ball.
3. Faoin 1 Eanáir 2018, tabharfaidh na Ballstáit fógra i dtaobh na rialacha maidir le mír 1 agus mír 2 don Choimisiún agus d'ÚEUM.
Féadfaidh Ballstáit a chinneadh gan rialacha a leagan síos maidir le smachtbhannaí riaracháin amhail dá bhforáiltear i mír 1 i gcás ina bhfuil na sáruithe dá dtagraítear sa mhír sin faoi réir smachtbhannaí coiriúla faoina ndlí náisiúnta. Sa chás sin, déanfaidh na Ballstáit na forálacha ábhartha sa dlí coiriúil a chur in iúl don Choimisiún agus d'ÚEUM in éineacht leis an bhfógra dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo.
Tabharfaidh siad fógra gan mhoill don Choimisiún agus d'ÚEUM faoi aon leasú a dhéanfar ina dhiaidh sin orthu.
4. Féadfaidh na Ballstáit cumhachtaí eile a thabhairt d'údaráis inniúla faoin dlí náisiúnta smachtbhannaí a fhorchur de bhreis ar na cinn sin dá dtagraítear i mír 1 agus féadfaidh siad foráil a dhéanamh do leibhéil níos airde smachtbhannaí ná mar atá bunaithe i mír 2.
Airteagal 43
Cumhachtaí maoirseachta a fheidhmiú agus smachtbhannaí a fhorchur
1. Áiritheoidh na Ballstáit, agus cineál agus leibhéal na smachtbhannaí riaracháin agus bearta riaracháin eile á gcinneadh acu, go gcuirfidh údaráis inniúla san áireamh na himthosca ábhartha uile, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, iad seo leanas:
|
(a) |
a thromchúisí atá an sárú agus fad an tsáraithe; |
|
(b) |
a chriticiúla atá an tagarmharc don chobhsaíocht airgeadais agus don fhíorgheilleagar; |
|
(c) |
leibhéal freagrachta an duine atá freagrach; |
|
(d) |
neart airgeadais an duine atá freagrach, arna léiriú, go háirithe, le láimhdeachas bliantúil iomlán an duine dhlítheanaigh fhreagraigh nó le hioncam bliantúil an duine nádúrtha fhreagraigh; |
|
(e) |
leibhéal an bhrabúis a ghnóthaigh nó leibhéal an chaillteanais a sheachain an duine atá freagrach, a mhéid is féidir iad a chinneadh; |
|
(f) |
leibhéal comhair an duine atá freagrach leis an údarás inniúil, gan dochar don ghá atá le forghéilleadh na mbrabús a ghnóthaigh an duine sin, nó le forghéilleadh na gcaillteanas a sheachain an duine sin, a áirithiú; |
|
(g) |
sáruithe a bhí déanta cheana ag an duine lena mbaineann; |
|
(h) |
bearta déanta, tar éis an tsáraithe, ag duine freagrach ionas nach dtarlódh an sárú arís. |
2. Agus a gcuid cumhachtaí á bhfeidhmiú acu smachtbhannaí riaracháin agus bearta riaracháin eile a fhorchur faoi Airteagal 42, gníomhóidh údaráis inniúla i ndlúthchomhar le chéile chun a áirithiú gurb iad na torthaí is inmhianaithe leis an Rialachán seo a bhaintear amach leis na cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaithe agus leis na smachtbhannaí riaracháin agus leis na bearta riaracháin eile. Déanfaidh siad comhardú ar a ngníomhaíocht freisin chun dúbláil agus forluí a d'fhéadfadh a bheith ann a sheachaint, agus cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaithe mar aon le smachtbhannaí riaracháin, lena n-áirítear smachtbhannaí airgid, agus bearta riaracháin eile á gcur i bhfeidhm acu ar chásanna trasteorann.
Airteagal 44
Oibleagáid an chomhair
1. I gcás inar roghnaigh Ballstáit, i gcomhréir le hAirteagal 42, smachtbhannaí coiriúla a leagan síos i leith sáruithe ar na forálacha dá dtagraítear san Airteagal sin, áiritheoidh siad go bhfuil bearta iomchuí i bhfeidhm ionas go mbeidh na cumhachtaí go léir is gá ag na húdaráis inniúla chun idirchaidreamh a dhéanamh le húdaráis bhreithiúnacha laistigh dá ndlínse chun faisnéis shonrach a fháil maidir le himscrúduithe nó imeachtaí coiriúla arna dtionscnamh i dtaca le sáruithe féideartha ar an Rialachán seo. Soláthróidh na húdaráis inniúla sin an fhaisnéis sin d'údaráis inniúla eile agus d'ÚEUM chun an oibleagáid atá orthu comhoibriú le chéile agus le hÚEUM a chomhlíonadh chun críocha an Rialacháin seo.
2. Tabharfaidh údaráis inniúla cúnamh d'údaráis inniúla na mBallstát eile. Go háirithe, malartóidh siad faisnéis agus comhoibreoidh siad in aon ghníomhaíochtaí imscrúdúcháin nó maoirseachta. Féadfaidh údaráis inniúla comhoibriú freisin le húdaráis inniúla Ballstát eile maidir le gnóthú smachtbhannaí airgid a éascú.
Airteagal 45
Cinntí a fhoilsiú
1. Faoi réir mhír 2, déanfaidh údarás inniúil aon chinneadh lena bhforchuirtear smachtbhanna riaracháin nó beart riaracháin eile i ndáil le sáruithe ar an Rialachán seo a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin oifigiúil díreach tar éis don fhógra faoin gcinneadh sin a bheith tugtha don duine is ábhar don chinneadh sin. Áireofar i bhfoilsiú den sórt sin, ar a laghad, faisnéis maidir le cineál agus nádúr an tsáraithe, mar aon le céannacht na ndaoine is ábhar don chinneadh.
Níl feidhm ag an gcéad fhomhír maidir le cinntí lena bhforchuirtear bearta ar bearta de chineál imscrúdaitheach iad.
2. I gcás ina measann údarás inniúil go mbeadh foilsiú chéannacht an duine dhlítheanaigh, nó foilsiú sonraí pearsanta duine nádúrtha, míréireach tar éis measúnú cás ar chás a dhéanamh ar chomhréireacht fhoilsiú na sonraí sin, nó i gcás ina gcuirfí cobhsaíocht na margaí airgeadais nó imscrúdú atá idir lámha i mbaol le foilsiú den sórt sin, déanfaidh an t-údarás inniúil aon cheann de na nithe seo a leanas:
|
(a) |
foilsiú an chinnidh a iarchur go dtí an tráth nach ann a thuilleadh do na cúiseanna leis an iarchur sin; |
|
(b) |
an cinneadh a fhoilsiú i ndíth ainm i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, má áirithítear cosaint éifeachtach ar na sonraí pearsanta lena mbaineann le foilsiú i ndíth ainm den sórt sin. |
|
(c) |
gan an cinneadh a fhoilsiú ar chor ar bith i gcás gurb é tuairim an údaráis inniúil go mbeidh foilsiú i gcomhréir le pointe (a) nó le pointe (b) neamhleor chun a áirithiú:
|
I gcás ina gcinneann údarás inniúil cinneadh a fhoilsiú i ndíth ainm amhail dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír, féadfaidh sé foilsiú na sonraí ábhartha a chur siar go ceann tréimhse ama réasúnach i gcás ina bhfuil sé intuartha go scoirfidh na cúiseanna atá le foilsiú i ndíth ainm de bheith ann i rith na tréimhse sin.
3. I gcás ina bhfuil an cinneadh faoi réir achomharc os comhair údarás náisiúnta breithiúnach, údarás náisiúnta riaracháin nó údarás náisiúnta eile, déanfaidh an t-údarás inniúil an fhaisnéis sin agus aon fhaisnéis ina dhiaidh sin faoi thoradh achomhairc den sórt sin a fhoilsiú, láithreach, ar a shuíomh gréasáin oifigiúil. Foilseofar aon chinneadh lena gcuirtear cinneadh roimhe sin maidir le smachtbhanna nó beart a fhorchur ar neamhní.
4. Áiritheoidh an t-údarás inniúil go mbeidh aon chinneadh a fhoilsítear i gcomhréir leis an Airteagal seo inrochtana ar a shuíomh gréasáin ar feadh tréimhse cúig bliana ar a laghad tar éis a fhoilsithe. Sonraí pearsanta a bheidh san fhoilsiú, ní choinneofar ar shuíomh gréasáin an údaráis inniúil iad ach ar feadh na tréimhse atá riachtanach i gcomhréir leis na rialacha infheidhme cosanta sonraí.
5. Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis chomhiomlán maidir leis na smachtbhannaí riaracháin uile agus maidir leis na bearta riaracháin eile uile a fhorchuirtear de bhun Airteagal 42 ar fáil d'ÚEUM ar bhonn bliantúil. Níl feidhm ag an oibleagáid seo maidir le bearta de chineál imscrúdaitheach. Foilseoidh ÚEUM an fhaisnéis seo ina thuarascáil bhliantúil.
I gcás inar roghnaigh na Ballstáit, i gcomhréir le hAirteagal 42, smachtbhannaí coiriúla a leagan síos do sháruithe ar na forálacha dá dtagraítear san Airteagal sin, cuirfidh a n-údaráis inniúla sonraí comhiomlánaithe agus i ndíth ainm maidir leis na himscrúduithe coiriúla uile a rinneadh agus na smachtbhannaí coiriúla uile a forchuireadh ar fáil d'ÚEUM ar bhonn bliantúil. Déanfaidh ÚEUM sonraí i dtaobh smachtbhannaí coiriúla arna bhforchur a fhoilsiú i dtuarascáil bhliantúil.
Airteagal 46
Coláistí
1. Laistigh de 30 lá oibre ó chuirtear tagarmharc dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (c) d'Airteagal 20(1) ar an liosta de thagarmharcanna criticiúla, cé is móite de thagarmharcanna sa chás gurb iad eintitis nach bhfuil faoi mhaoirseacht tromlach na rannchuiditheoirí, bunóidh an t-údarás inniúil coláiste.
2. Beidh an coláiste comhdhéanta d'údarás inniúil an riarthóra, ÚEUM agus údaráis inniúla na rannchuiditheoirí faoi mhaoirseacht.
3. Beidh an ceart ag údaráis inniúla Ballstát eile a bheith ina gcomhaltaí den choláiste más rud é, dá scoirfí den tagarmharc criticiúil i dtrácht a sholáthar, go mbeadh drochthionchar suntasach aige sin ar shláine an mhargaidh, ar chobhsaíocht airgeadais, ar thomhaltóirí, ar an bhfíorgheilleagar, nó ar mhaoiniú thealgaigh agus ghnóthais na mBallstát sin.
I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag údarás inniúil a bheith ina chomhalta de choláiste, cuirfidh sé iarraidh faoi bhráid údarás inniúil an riarthóra ina mbeidh fianaise go bhfuil ceanglais na chéad fhomhíre den mhír seo comhlíonta. Déanfaidh údaráis inniúil ábhartha an riarthóra an iarraidh a mheas agus tabharfaidh sé fógra don údarás iarrthach laistigh de 20 lá oibre ón iarraidh a fháil á rá an measann sé nó nach measann go bhfuil na ceanglais sin le comhlíonadh. I gcás ina measann sé nach bhfuil na ceanglais sin le comhlíonadh, féadfaidh an t-údarás iarrthach an cás a chur faoi bhráid ÚEUM i gcomhréir le mír 9.
4. Rannchuideoidh ÚEUM le feidhmiú éifeachtach, éifeachtúil agus comhsheasmhach na gcoláistí dá dtagraítear san Airteagal seo a chur chun cinn agus le faireachán a dhéanamh ar an bhfeidhmiú sin i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Chuige sin, beidh ÚEUM rannpháirteach de réir mar is iomchuí agus measfar é a bheith ina údarás inniúil chun na críche sin.
I gcás ina ngníomhaíonn ÚEUM i gcomhréir le hAirteagal 17(6) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 a mhéid a bhaineann le tagarmharc criticiúil, áiritheoidh sé go mbeidh malartú faisnéise agus comhar iomchuí ann le comhaltaí eile an choláiste.
5. Is é údarás inniúil riarthóra a bheidh ina chathaoirleach ar chruinnithe an choláiste, a dhéanfaidh comhordú ar ghníomhaíochtaí an choláiste agus a áiritheoidh go mbeidh malartú éifeachtúil faisnéise ann idir comhaltaí an choláiste.
I gcás ina soláthraíonn riarthóir níos mó ná tagarmharc criticiúil amháin, féadfaidh údarás inniúil an riarthóra sin coláiste aonair a bhunú i ndáil le gach tagarmharc arna soláthar ag an riarthóir sin.
6. Bunóidh údarás inniúil riarthóra comhshocruithe i scríbhinn faoi chuimsiú an choláiste i ndáil leis na nithe seo leanas:
|
(a) |
an fhaisnéis atá le malartú idir na húdaráis inniúla; |
|
(b) |
an próiseas déanta cinntí idir na húdaráis inniúla agus an creat ama ar laistigh de nach mór gach cinneadh a dhéanamh; |
|
(c) |
na cásanna ina gcaithfidh údaráis inniúla dul i gcomhairle lena chéile; |
|
(d) |
an comhar atá le soláthar faoi Airteagal 23(7) agus (8). |
7. Déanfaidh údarás inniúil riarthóra aon chomhairle a thugann ÚEUM uaidh maidir leis na comhshocruithe i scríbhinn faoi mhír 6 a bhreithniú go cuí sula gcomhaontófar an téacs críochnaitheach. Déanfar na socruithe i scríbhinn a leagan amach i ndoiciméad aonair ina mbeidh míniú lánréasúnaithe ar aon imeacht suntasach ón gcomhairle a thug ÚEUM. Tarchuirfidh údarás inniúil an riarthóra na comhshocruithe i scríbhinn chuig comhaltaí an choláiste agus chuig ÚEUM.
8. Sula ndéanfaidh siad aon cheann de na bearta dá dtagraítear in Airteagal 23(6), (7) agus (9), agus Airteagal 34, Airteagal 35 agus Airteagal 42, rachaidh údarás inniúil riarthóra i gcomhairle le comhaltaí an choláiste. Déanfaidh comhaltaí an choláiste gach ní réasúnach atá ar a gcumas chun teacht ar chomhaontú laistigh den tréimhse ama a bheidh sonraithe sna comhshocruithe i scríbhinn dá dtagaraítear i mír 6 den Airteagal seo.
Aon chinneadh a dhéanfaidh údarás inniúil an riarthóra bearta den sórt sin a dhéanamh, cuirfear san áireamh ann an tionchar ar na Ballstáit eile i dtrácht, go háirithe an tionchar féideartha ar chobhsaíocht a gcóras airgeadais.
Maidir leis an gcinneadh údarú nó clárú riarthóra a tharraingt siar i gcomhréir le hAirteagal 35, aon uair gur teagmhas force majeure a bheadh mar thoradh ar thagarmharc a scor, nó go ndéanfadh sé téarmaí conartha airgeadais nó ionstraime airgeadais, nó na rialacha maidir le haon chiste infheistíochta, a thagraíonn don tagarmharc sin san Aontas a chur ó rath nó a shárú ar aon slí eile, de réir na brí a shonraíonn an Coimisiún in aon ghníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 51(6), déanfaidh na húdaráis inniúla sa choláiste a mheas an nglacfaidh siad bearta chun na héifeachtaí dá dtagraítear sa mhír seo a mhaolú, lena n-áirítear:
|
(a) |
athrú ar an gcód iompair dá dtagraítear in Airteagal 15, ar an modheolaíocht nó ar rialacha eile an tagarmhairc; |
|
(b) |
tréimhse idirthréimhseach, ar lena linn a bheidh feidhm ag na nós imeachta dá bhforáiltear faoi Airteagal 28(2). |
9. In éagmais comhaontú idir comhaltaí coláiste, féadfaidh údaráis inniúla aon cheann de na cásanna seo a leanas a tharchur chuig ÚEUM:.
|
(a) |
i gcás nach bhfuil faisnéis bhunriachtanach curtha in iúl ag údarás inniúil; |
|
(b) |
i gcás, tar éis iarraidh a rinneadh faoi mhír 3, go bhfuil fógra tugtha ag údarás inniúil an riarthóra don údarás iarrthach nach bhfuil ceanglais na míre sin á gcomhlíonadh nó mura ghníomhaigh sé ar scór na hiarrata sin laistigh de thréimhse réasúnta ama; |
|
(c) |
i gcás gur mhainnigh na húdaráis inniúla teacht ar chomhaontú maidir leis na nithe a leagtar amach i mír 6; |
|
(d) |
i gcás ina bhfuil easaontú ann maidir leis na bearta atá le glacadh i gcomhréir le hAirteagal 34, le hAirteagal 35 agus le hAirteagal 42; |
|
(e) |
i gcás ina bhfuil easaontú ann maidir leis na bearta atá le glacadh i gcomhréir le hAirteagal 23(6); |
|
(f) |
i gcás ina bhfuil easaontú ann maidir leis na bearta atá le glacadh i gcomhréir leis an tríú fomhír de mhír 8 den Airteagal seo. |
10. Sna cásanna dá dtagraítear i bpointí (a), (b), (c), (d) agus (f) de mhír 9, agus sa chás nach mbeidh an tsaincheist réitithe laistigh de 30 lá tar éis í a tharchur chuig ÚEUM, déanfaidh údarás inniúil riarthóra an cinneadh críochnaitheach agus soláthróidh sé míniú mionsonraithe ar a chinneadh i scríbhinn do na húdaráis inniúla dá dtagraítear sa mhír sin agus d'ÚEUM.
Déanfar an tréimhse ama dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 34(6) a fhionraí ón dáta a rinneadh an tarchur chuig ÚEUM go dtí an tráth a mbeidh cinneadh déanta i gcomhréir leis an gcéad fhomhír den mhír seo.
I gcás ina measann ÚEUM gur ghlac údarás inniúil an riarthóra aon bhearta dá dtagraítear i mír 8 den Airteagal seo agus a bhféadfadh sé nach bhfuil siad i gcomhréir le dlí an Aontais, gníomhóidh sé i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
11. Sna cásanna dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 9 den Airteagal seo, agus gan dochar d'Airteagal 258 CFAE, féadfaidh ÚEUM gníomhú i gcomhréir leis na cumhachtaí a thugtar dó faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Féadfar cumhacht údarás inniúil riarthóra faoi Airteagal 23(6) a fheidhmiú go dtí go mbeidh a chinneadh foilsithe ag ÚEUM.
Airteagal 47
Comhar le hÚEUM
1. Comhoibreoidh na húdaráis inniúla le hÚEUM chun críocha an Rialacháin seo, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
2. Cuirfidh na húdaráis inniúla, gan mhoill, gach faisnéis is gá ar fáil d'ÚEUM chun a chuid dualgas a chomhlíonadh, i gcomhréir le hAirteagal 35 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
3. Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun na nósanna imeachta agus foirmeacha maidir le malartú faisnéise dá dtagraítear i mír 2 a chinneadh.
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Aibreán 2017.
Tugtar cumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 48
Rúndacht ghairmiúil
1. Beidh aon fhaisnéis rúnda a gheofar, a mhalartófar nó a tharchuirfear de bhun an Rialacháin seo faoi réir choinníollacha na rúndachta gairmiúla a leagtar síos i mír 2.
2. Tá feidhm ag oibleagáid na rúndachta gairmiúla maidir leis na daoine ar fad a oibríonn nó a d'oibrigh don údarás inniúil nó d'údarás, do ghnóthas margaidh nó do dhuine nádúrtha nó dlítheanach ar bith a ndearna an t-údarás inniúil a chumhachtaí a tharmligean chucu, lena n-áirítear iniúchóirí agus saineolaithe a fhostaíonn an t-údarás inniúil ar chonradh.
3. Ní fhéadfar faisnéis atá cumhdaithe ag rúndacht ghairmiúil a nochtadh le duine nó le húdarás ar bith eile seachas de bhua forálacha atá leagtha síos le dlí na Aontais nó leis an dlí náisiúnta.
4. Maidir leis an bhfaisnéis a dhéantar a mhalartú idir na húdaráis inniúla faoin Rialachán seo agus a bhaineann le dálaí gnó nó oibríochtúla agus le gnóthaí eacnamaíochta nó pearsanta, measfar gur faisnéis rúnda í agus go mbeidh sí faoi réir cheanglais na rúndachta gairmiúla, ach amháin sa chás ina sonraíonn an t-údarás inniúil tráth na cumarsáide go bhféadfar faisnéis den sórt sin a nochtadh nó más riachtanach é nochtadh den sórt sin i gcomhair imeachtaí dlíthiúla.
TEIDEAL VII
GNÍOMHARTHA TARMLIGTHE AGUS CUR CHUN FEIDHME
Airteagal 49
An tarmligean a fheidhmiú
1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 3(2), 20(6), 24(2), 33(7), 51(6) agus 54(3) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ón 30 Meitheamh 2016.
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 3(2), 20(6), 24(2), 33(7), 51(6) agus 54(3) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.
4. Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 3(2), 20(6), 24(2), 33(7), 51(6) agus 54(3) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse trí mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear síneadh trí mhí leis an treimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Airteagal 50
Nós imeachta coiste
1. Déanfaidh an Coiste Eorpach um Urrúis cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.
TEIDEAL VIII
FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 51
Forálacha idirthréimhseacha
1. Soláthróir innéacsanna a sholáthraíonn tagarmharc an 30 Meitheamh 2016, déanfaidh sé iarratas ar údarú nó clárú i gcomhréir le hAirteagal 34 faoin 1 Eanáir 2020.
2. Faoin 1 Eanáir 2020, beidh ag údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil soláthróir innéacsanna atá ag déanamh iarratais ar údarú i gcomhréir le hAirteagal 34 lonnaithe an chumhacht cinneadh a dhéanamh an soláthróir innéacsanna sin a chlárú mar riarthóir fiú murab eintiteas faoi mhaoirseacht é, faoi na coinníollacha seo a leanas:
|
(a) |
ní sholáthraíonn an soláthróir innéacsanna tagarmharc criticúil; |
|
(b) |
tá a fhios ag an údarás inniúil, ar bhonn réasúnach, nach bhfuil an t-innéacs nó na hinnéacsanna atá á sholáthar nó á soláthar ag an soláthróir innéacsanna in úsáid go forleathan, de réir bhrí an Rialacháin seo, sa Bhallstát ina bhfuil an soláthróir innéacsanna lonnaithe chomh maith le i mBallstáit eile. |
Tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra d'ÚEUM faoina chinneadh a bheidh glactha aige i gcomhréir leis an gcéad fhomhír.
Coimeádfaidh an t-údarás inniúil fianaise de na cúiseanna a bhí aige lena chinneadh arna ghlacadh i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, agus beidh an fhianaise sin i bhfoirm a fhágfaidh go mbeidh sé indéanta a thuiscint go hiomlán meastóireachtaí an údaráis inniúil nach bhfuil an t-innéacs ná na hinnéacsanna arna sholáthar nó arna soláthar ag an solathróir innéacsanna in úsáid go forleathan, lena n-áirítear aon sonraí margaidh, aon bhreithiúnas nó aon fhaisnéis eile, mar aon le faisnéis a bheidh faighte ón soláthróir innéacsanna.
3. Féadfaidh soláthróir innéacsanna leanúint de thagarmharc atá ann cheana a sholáthar, ar tagarmharc é a fhéadfaidh eintitis faoi mhaoirseacht a úsáid go dtí an 1 Eanáir 2020 nó, i gcás ina ndéanann an soláthróir innéacsanna iarratas ar údarú nó clarú a chur isteach i gcomhréir le mír 1, mura rud é agus go dtí go ndiúltaítear údarú nó clárú den sórt sin.
4. Más rud é nach bhfuil ceanglais an Rialacháin seo á gcomhlíonadh ag tagarmharc atá ann cheana, ach gurb é a bheadh mar thoradh ar an tagarmharc sin a scor nó a athrú d'fhonn ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh nó go dtarlódh teagmhas force majeure, nó go gcuirfeadh sé téarmaí aon chonartha airgeadais nó ionstraime airgeadais nó na rialacha maidir le haon chiste infheistíochta, a thagraíonn don tagarmharc sin, ó rath nó go sáródh sé iad ar aon slí eile, ceadóidh údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an soláthróir innéacsanna lonnaithe an tagarmharc a úsáid. Ní dhéanfaidh aon ionstraim airgeadais, aon chonradh airgeadais, nó aon tomhas ar fheidhmíocht ciste infheistíochta tagairt a chur le tagarmharc den sórt sin atá ann cheana tar éis an 1 Eanáir 2020.
5. Mura rud é go mbeidh cinneadh coibhéise amhail dá dtagraítear in Airteagal 30(2) nó (3) glactha ag an gCoimisiún nó mura rud é go mbeidh aitheantas tugtha do riarthóir de bhun Airteagal 32, nó mura rud é go mbeidh tagarmhac formhuinithe de bhun Airteagal 33, ní cheadófar d'eintitis faoi mhaoirseacht úsáid a bhaint san Aontas as tagarmharc arna sholáthar ag riarthóir atá lonnaithe i dtríú tír, i gcás ina bhfuil an tagarmharc in úsáid cheana san Aontas mar thagairt le haghaidh ionstraimí airgeadais, conarthaí airgeadais, nó chun feidhmíocht ciste infheistíochta a thomhas, ach amháin le haghaidh ionstraimí airgeadais den sórt sin, conarthaí airgeadais den sórt sin agus tomhais den sórt sin ar fheidhmíocht ciste infheistíochta a dhéanann tagairt cheana féin don tagarmharc san Aontas, nó a chuireann tagairt le tagarmharc den sórt sin roimh an 1 Eanáir 2020.
6. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 49 i ndáil le bearta chun coinníollacha a chinneadh ar dá réir a fhéadfaidh an t-údarás inniúil ábhartha a mheasúnú an bhféadfadh sé, dá ndéanfaí tagarmharc atá cheana ann a scor nó a athrú chun go gcomhlíonadh sé ceanglais an Rialacháin seo, go mbeadh mar thoradh ar an scor nó an t-athrú sin go mbeadh ann do theagmhas force majeure, nó go gcuirfí téarmaí aon chonartha airgeadais nó aon ionstraime airgeadais nó na rialacha maidir le haon chiste infheistíochta a thagraíonn don tagarmharc sin ó rath nó go sárófaí na téarmaí sin ar aon slí eile.
Airteagal 52
Sprioc-am chun nuashonrú ar dhéanamh ar eolairí agus ar phríomhdhoiciméid faisnéise
Tá Airteagal 29(2) gan dochar d'aon eolairí reatha atá formheasta faoi Threoir 2003/71/CE roimh an 1 Eanáir 2018. Maidir le heolairí a bheidh formheasta roimh an 1 Eanáir 2018 faoi Threoir 2009/65/CE, déanfar na doiciméid fholuiteacha a nuashonrú ar an gcéad deis a bheidh ann chun sin a dhéanamh, nó ar a dhéanaí laistigh de 12 mhí tar éis an data sin.
Airteagal 53
Athbhreithnithe de chuid ÚEUM
1. Féachfaidh ÚEUM le cultúr coiteann maoirseachta Eorpach agus cleachtais mhaoirseachta chomhleanúnacha a fhorbairt agus a áirithiú gur ann do chuir chuige comhleanúnacha i measc na n-údarás inniúil i ndáil le cur i bhfheidhm Airteagal 32 agus Airteagal 33. Chuige sin, na haitheantais a dheonófar i gcomhréir le hAirteagal 32 agus na formhuinithe a údarófar i gcomhréir le hAirteagal 33, déanfaidh ÚEUM athbhreithniú orthu gach dhá bhliain.
Eiseoidh ÚEUM tuairim chuig gach údarás inniúil a d'aithin riarthóir tríú tír nó a d'fhormhuinigh tagarmharc tríú tír, ar tuairim í ina ndéanfar measúnú ar conas a a chuireann an t-údarás inniúil sin ceanglais ábhartha Airteagal 32 agus Airteagal 33 faoi seach i bhfeidhm, agus ar cheanglais aon ghnímh tharmligthe ábhartha agus ar aon chaighdeán teicniúil ábharta rialála nó cur chun feidhme bunaithe ar an Rialachán seo.
2. Beidh an chumhacht ag ÚEUM an fhianaise dhoiciméadaithe a éileamh ó údarás inniúil maidir le haon cheann de na cinntí a ghlactar i gcomhréir leis an gcéad fhomhír d'Airteagal 51(2), le hAirteagal 24(1) agus le hAirteagal 25(2).
Airteagal 54
Athbhreithniú
1. Faoin 1 Eanáir 2020, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle maidir leis an Rialachán seo, agus maidir leis na nithe seo a leanas go háirithe:
|
(a) |
feidhmiú agus éifeachtacht na gcóras maidir le tagarmharcanna criticiúla, riarachán éigeantach agus rannchuidiú éigeantach faoi Airteagal 20, Airteagal 21 agus Airteagal 23 agus an sainmhíniú ar thagarmharc criticiúil i bpointe (25) d'Airteagal 3(1); |
|
(b) |
éifeachtacht chóras údarú, chlárú agus mhaoirsiú na riarthóirí faoi Theideal VI agus na gcoláistí faoi Airteagal 46 agus a oiriúnaí atá an mhaoirseacht ar thagarmharcanna áirithe ag comhlacht de chuid an Aontais; |
|
(c) |
feidhmiú agus éifeachtacht Airteagal 19(2), go háirithe raon feidhme a chur i bhfeidhm. |
2. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an éabhlóid i bprionsabail idirnáisiúnta is infheidhme maidir le tagarmharcanna agus ar an éabhlóid ar chreataí dlí agus ar chleachtais mhaoirseachta i dtríú tíortha i dtaca le soláthar tagarmharcanna, agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle gach cúig bliana tar éis an 1 Eanáir 2018. Déanfar leis an tuarascáil sin measúnú go háirithe i dtaobh an bhfuil gá leis an Rialachán seo a leasú agus beidh togra reachtach, más iomchuí.
3. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 49 chun an tréimhse 42 mhí dá dtagraítear in Airteagal 51(2) a fhadú de 24 mhí, más rud é go mbeidh fianaise sa tuarascáil dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 den Airteagal seo nach bhfuil an córas clárúcháin idirthréimhseach faoi Airteagal 51(2) díobhálach do chultúr coiteann maoirseachta Eorpach agus do chleachtais mhaoirseachta agus do chineálacha cur chuige comhleanúnacha i measc na n-údarás inniúil.
Airteagal 55
Fógra i dtaobh tagarmharcanna tagartha agus a riarthóirí
Nuair a bhíonn tagarmharc tagartha in ionstraim airgeadais atá cuimsithe le hAirteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014, beidh ar áireamh sna fógraí faoi Airteagal 4(1) den Rialachán sin ainm an tagarmhairc tagartha agus ainm a riarthóra.
Airteagal 56
Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 596/2014
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh 596/2014 mar a leanas:
|
(1) |
Leasaítear Airteagal 19 mar a leanas:
|
|
(2) |
Leasaítear Airteagal 35 mar a leanas:
|
|
(3) |
In Airteagal 38, cuirtear na míreanna seo a leanas isteach leis: “Faoin 3 Iúil 2019, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚEUM, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le leibhéal na dtairseacha a leagtar amach in Airteagal 19(1a)(a) agus (b) i dtaca le hidirbhearta bainisteoirí i gcás ina bhfuil scaireanna nó ionstraimí fiachais an eisitheora ina gcuid de ghnóthas comhinfheistíochta nó go soláthraíonn siad neamhchosaint ar phunann sócmhainní, d'fhonn a mheasúnú an bhfuil an leibhéal sin iomchuí nó ar cheart é a choigeartú. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 35 lena gcoigeartaítear na tairseacha in Airteagal 19(1a)(a) agus (b), má chinneann sé sa tuarascáil sin gur cheart na tairseacha sin choigeartú.”. |
Airteagal 57
Leasuithe ar Threoir 2008/48/CE
Leasaítear Treoir 2008/48/CE mar a leanas:
|
(1) |
In Airteagal 5(1), cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach tar éis an dara fomhír: “I gcás ina ndéanann an comhaontú creidmheasa tagairt do thagarmharc faoi mar a shainmhínítear é i bpointe 3 d'Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1), déanfaidh an creidiúnóir, nó i gcás inarb infheidhme, an t-idirmheánaí creidmheasa, ainm an tagarmhairc agus a riarthóra mar aon leis na himpleachtaí féideartha ar an tomhaltóir a sholáthar don tomhaltóir i ndoiciméad ar leithligh, a fhéadfar a chur i gceangal mar iarscríbhinn leis an bhfoirm don Fhaisnéis Chaighdeánach Eorpach um Chreidmheas Tomhaltóra. (*1) Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le hinnéacsanna a úsáidtear mar thagarmharcanna in ionstraimí airgeadais agus i gconarthaí airgeadais nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta a thomhas agus lena leasaítear Treoir 2008/48/CE agus Treoir 2014/17/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 (IO L 171, 29.6.2016, lch. 1).”." |
|
(2) |
In Airteagal 27(1), cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach tar éis an dara fomhír: “Faoin 1 Iúil 2018, glacfaidh na Ballstáit na forálacha is gá chun Airteagal 5(1) a chomhlíonadh agus foilseoidh siad na forálacha sin agus cuirfidh siad in iúl don Choimisiún iad. Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 1 Iúil 2018.”. |
Airteagal 58
Leasuithe ar Threoir 2014/17/AE
Leasaítear Treoir 2014/17/AE mar a leanas:
|
(1) |
Sa dara fomhír d'Airteagal 13(1), cuirtear an pointe seo a leanas isteach:
(*2) Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le hinnéacsanna a úsáidtear mar thagarmharcanna in ionstraimí airgeadais agus i gconarthaí airgeadais nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta a thomhas agus lena leasaítear Treoir 2008/48/CE agus Treoir 2014/17/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 (IO L 171, 29.6.2016, lch. 1).”." |
|
(2) |
In Airteagal 42(2), cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach tar éis na chéad fhomhíre: “Faoin 1 Iúil 2018, glacfaidh na Ballstáit na forálacha is gá chun pointe (ea) den dara fomhír d'Airteagal 13(1) a chomhlíonadh agus foilseoidh siad na forálacha sin agus cuirfidh siad in iúl don Choimisiún iad. Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 1 Iúil 2018.”; |
|
(3) |
In Airteagal 43(1), cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach: “Ní bheidh feidhm ag pointe (ea) den dara fomhír d'Airteagal 13(1) maidir le comhaontuithe creidmheasa a bhí ann roimh an 1 Iúil 2018.”. |
Airteagal 59
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2018.
In ainneoin an dara mír den Airteagal seo, beidh feidhm ag Airteagail 3(2), 5(5), 11(5), 13(3), 15(6), 16(5), Airteagal 20 (cé is moite de phointe (b) d'fhomhír (6)), Airteagal 21 agus Airteagal 23, Airteagail 25(8), 25(9), 26(5), 27(3), 30(5), 32(9), 33(7), 34(8), Airteagal 46, agus Airteagal 47(3) agus Airteagal 51(6) amhail ón 30 Meitheamh 2016.
In ainneoin an dara mír den Airteagal seo, beidh feidhm ag Airteagal 56 amhail ón 3 Iúil 2016.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 8 Meitheamh 2016.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
M. SCHULZ
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A.G. KOENDERS
(1) IO C 113, 15.4.2014, lch. 1.
(2) IO C 177, 11.6.2014, lch. 42.
(3) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 28 Aibreán 2016 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an.17 Bealtaine 2016.
(4) Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).
(5) Treoir 2003/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Samhain 2003 maidir leis an réamheolaire a bheidh le foilsiú nuair a thairgfear urrúis don phobal nó nuair a ligfear isteach iad chun a dtrádála agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/34/CE (IO L 345, 31.12.2003, lch. 64).
(6) Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUI) (IO L 302, 17.11.2009, lch. 32).
(7) Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le sláine agus trédhearcacht an mhargaidh mórdhíola fuinnimh (IO L 326, 8.12.2011, lch. 1).
(8) Treoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 maidir le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 87/102/CEE ón gComhairle (IO L 133, 22.5.2008, lch. 66).
(9) Treoir 2014/17/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le comhaontuithe creidmheasa do thomhaltóirí a bhaineann le maoin chónaithedhochorraithe agus lena leasaítear Treoir 2008/48/CE agus Treoir 2013/36/AE agusRialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO L 60, 28.2.2014, lch. 34).
(10) Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).
(11) Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le drochúsáid mhargaidh (an rialachán maidir le drochúsáid mhargaidh) agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoracha 2003/124/CE, 2003/125/CE agus 2004/72/CE ón gCoimisiún (IO L 173, 12.6.2014, lch. 1).
(12) Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 281, 23.11.1995, lch. 31).
(13) Rialachán (CE) Uimh.45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le cosaint daoine aonair i ndáil le sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).
(14) IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(15) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí chur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(16) Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).
(17) Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le gabháil le gnó Árachais agus Athárachais agus an gnó sin a shaothrú (Dócmhainneacht II) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1).
(18) Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoir 2003/41/CE agus Treoir 2009/65/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L 174, 1.7.2011, lch. 1).
(19) Treoir 2003/41/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Meitheamh 2003 maidir le gníomhaíochtaí agus maoirsiú institiúidí um chóir ar scor gairme (IO L 235, 23.9.2003, lch. 10).
(20) Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (IO L 201, 27.7.2012, lch. 1).
(21) Rialachán (CE) Uimh. 1287/2006 ón gCoimisiún an 10 Lúnasa 2006 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2004/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hoibleagáidí gnólachtaí infheistíochta maidir le coimeád taifead, idirbhearta a thuairisciú, trédhearcacht margaidh, ionstraimí airgeadais a ligean isteach chun trádála, agus téarmaí a mhínítear chun críocha na Treorach sin (IO L 241, 2.9.2006, lch. 1).
(22) Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 173, 12.6.2014, lch. 84).
(23) Treoir 2009/72/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhrialacha don mhargadh inmheánach sa leictreachas agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/54/CE (IO L 211, 14.8.2009, lch. 55).
(24) Treoir 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhrialacha don mhargadh inmheánach sa ghás nádúrtha agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/55/CE (IO L 211, 14.8.2009, lch. 94).
(25) Rialachán (AE) Uimh. 1031/2010 ón gCoimisiún an 12 Samhain 2010 maidir le huainiú, riarachán agus gnéithe eile a bhaineann le ceantáil lamháltas astaíochtaí gáis cheaptha teasa de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil lamháltas astaíochtaí gáis cheaptha teasa laistigh den Chomhphobal (IO L 302, 18.11.2010, lch. 1).
(26) Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, na ráitis airgeadais chomhdhlúite agus na tuarascálacha gaolmhara de chuid cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n — aisghairtear Treoir 78/660/CEE ón gComhairle agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).
(27) Treoir 86/635/CEE ón gComhairle an 8 Nollaig 1986 maidir le cuntais bhliantúla agus cuntais chomhdhlúite bhanc agus institiúidí airgeadais eile (IO L 372, 31.12.1986, lch. 1).
(28) Treoir 91/674/CEE ón gComhairle an 19 Nollaig 1991 maidir le cuntais bhliantúla agus cuntais chomhdhlúite gnóthas árachais (IO L 374, 31.12.1991, lch. 7).
IARSCRÍBHINN I
TAGARMHARCANNA RÁTA ÚIS
Sonraí cruinne agus leordhóthanacha
|
1. |
Chun críocha phointe (a) agus phointe (c) d'Airteagal 11(1), is é a bheidh go ginearálta i dtosaíocht úsáide na sonraí ionchuir an méid seo a leanas:
|
|
2. |
Chun críocha phointe (a) d'Airteagal 11(1) agus Airteagal 11(4), féadfar sonraí ionchuir a choigeartú.
Féadfar, go háirithe, sonraí ionchuir a choigeartú trí na critéir seo a leanas a chur i bhfeidhm:
|
Feidhm formhaoirseachta
|
3. |
Beidh feidhm ag na ceanglais seo a leanas in ionad cheanglais Airteagal 5(4) agus (5).
|
Iniúchóireacht
|
4. |
Ceapfaidh riarthóir tagarmhairc ráta úis iniúchóir seachtrach neamhspleách chun athbhreithniú agus tuairisciú a dhéanamh ar a mhéid atá an riarthóir ag cloí le modheolaíocht an tagarmhairc agus leis an Rialachán seo. Déanfar an iniúchadh seachtrach ar an riarthóir don chéad uair 6 mhí tar éis an cód iompair a thabhairt isteach agus gach dhá bhliain ina dhiaidh sin.
Féadfaidh an coiste formhaoirseachta a éileamh go ndéanfar iniúchadh seachtrach ar rannchuiditheoir le tagarmharc ráta úis mura bhfuil sé sásta le haon ghné dá iompar. |
Córais agus rialuithe rannchuiditheoirí
|
5. |
Beidh feidhm ag na ceanglais seo a leanas maidir le gach rannchuiditheoir le tagarmharc ráta úis sa bhreis ar na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 16. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 16(5). |
|
6. |
Tabharfaidh aighnitheoir gach rannchuiditheora agus bainisteoirí díreacha an aighnitheora sin dearbhú i scríbhinn go bhfuil an cód iompair léite acu agus go mbeidh an cód iompair sin á chomhlíonadh acu. |
|
7. |
Beidh na nithe seo a leanas san áireamh i gcórais agus rialuithe de chuid rannchuiditheora:
|
|
8. |
Coimeádfaidh rannchuiditheoir le tagarmharc ráta úis taifid mhionsonraithe ar na nithe seo a leanas:
|
|
9. |
Coimeádfar taifid i bhfoirm a chiallóidh go mbeidh an stóráil faisnéise inrochtana le haghaidh tagairt amach anseo agus gur ann do rian iniúchta doiciméadaithe. |
|
10. |
Déanfaidh feidhm chomhlíonta an rannchuiditheora le tagarmharc ráta úis aon torthaí, lena n-áirítear idirbhearta aisiompaithe, a thuairisciú don bhainistíocht ar bhonn rialta. |
|
11. |
Beidh sonraí ionchuir agus nósanna imeachta faoi réir athbhreithnithe inmheánacha rialta. |
|
12. |
Déanfar iniúchadh seachtrach ar shonraí ionchuir rannchuiditheora le tagarmharc ráta úis, mar aon le comhlíonadh leis an gcód iompair agus le forálacha an Rialacháin seo don chéad uair sé mhí tar éis an cód iompair a thabhairt isteach agus gach dhá bhliain ina dhiaidh sin. |
IARSCRÍBHINN II
TAGARMHARCANNA TRÁCHTEARRAÍ
Modheolaíocht
|
1. |
Déanfaidh riarthóir tagarmhairc tráchtearraí aon mhodheolaíocht a úsáideann an riarthóir chun tagarmharc a ríomh a fhoirmliú, a dhoiciméadú agus a phoibliú. Ar a laghad, beidh an méid seo a leanas i modheolaíocht den sórt sin agus tabharfar tuairisc inti orthu sin:
|
|
2. |
Foilseoidh riarthóir tagarmhairc tráchtearraí, nó cuirfidh sé ar fáil, príomhghnéithe na modheolaíochta a úsáideann an riarthóir do gach ceann de na tagarmharcanna tráchtearraí a sholáthraítear agus a fhoilsítear nó, nuair is infheidhme, do gach fine tagarmharcanna a sholáthraítear agus a fhoilsítear. |
|
3. |
I dteannta na modheolaíochta dá dtagraítear i mír 2, tabharfaidh riarthóir tagarmhairc tráchtearraí tuairisc ar gach ceann den mhéid seo a leanas agus foilseoidh sé iad:
|
Athruithe ar mhodheolaíocht
|
4. |
Glacfaidh riarthóir tagarmhairc tráchtearraí nósanna imeachta sainráite agus cuirfidh sé na nósanna imeachta sin agus an réasúnaíocht is bun le haon athrú ábhartha beartaithe ar a mhodheolaíocht ar fáil don phobal. Beidh na nósanna imeachta sin comhsheasmhach leis an gcuspóir foriomlán go gcaithfidh riarthóir sláine leanúnach a ríomhanna tagarmharcanna a áirithiú agus athruithe a chur chun feidhme ar mhaithe le dea-ord an mhargaidh áirithe a mbaineann na hathruithe sin leis. Forálfaidh na nósanna imeachta sin don mhéid seo a leanas:
|
|
5. |
Scrúdóidh riarthóir tagarmhairc tráchtearraí a mhodheolaíochtaí go tráthrialta chun a áirithiú gur léiriú iontaofa iad ar an margadh fisiceach atá á mheasúnú agus beidh ar áireamh iontu próiseas chun tuairimí na n-úsáideoirí ábhartha a chur san áireamh. |
Cáilíocht agus sláine na ríomhanna tagarmhairc
|
6. |
Déanfaidh riarthóir tagarmhairc tráchtearraí na nithe seo a leanas:
|
|
7. |
Foilseoidh agus tuairisceoidh riarthóir tagarmhairc tráchtearraí le haghaidh gach ríofa, a mhéid is féidir le réasún gan dochar a dhéanamh d'fhoilsiú cuí an tagarmhairc:
|
Sláine an phróisis tuairiscithe
|
8. |
Déanfaidh riarthóir tagarmhairc tráchtearraí na nithe seo a leanas:
|
Measúnóirí
|
9. |
I dtaca le ról an mheasúnóra, déanfaidh riarthóir tagarmhairc tráchtearraí an méid seo a leanas:
|
Rianta iniúchta
|
10. |
Beidh nósanna imeachta agus rialacha i bhfeidhm ag riarthóir tagarmhairc tráchtearraí chun faisnéis ábhartha chomhaimseartha a dhoiciméadú, lena n-áirítear:
|
|
11. |
Beidh rialacha agus nósanna imeachta i bhfeidhm ag riarthóir tagarmhairc tráchtearraí chun a áirithiú go gcoimeádfar rian iniúchóireachta d'fhaisnéis ábhartha ar feadh cúig bliana ar a laghad chun an chaoi ar cuireadh a ríomhanna le chéile a dhoiciméadú. |
Coinbhleachtaí leasa
|
12. |
Bunóidh riarthóir tagarmhairc tráchtearraí beartais agus nósanna imeachta leormhaithe do shainaithint, nochtadh, bainistiú nó maolú agus seachaint aon choinbhleachta leasa agus do shláine agus neamhspleáchas na ríomhanna a chosaint. Déanfar na beartais agus na nósanna imeachta sin a athbhreithniú agus a nuashonrú go rialta agus i ndáil leo sin:
|
|
13. |
Áiritheoidh riarthóir tagarmhairc tráchtearraí go mbeidh nósanna imeachta agus sásraí iomchuí i bhfeidhm ina oibríochtaí gnó eile atá ceaptha an baol go ndéanfaidh coinbhleacht leasa difear do shláine na ríomhanna tagarmhairc a íoslaghdú. |
|
14. |
Áiritheoidh riarthóir tagarmhairc tráchtearraí go mbeidh línte tuairiscithe lánscartha i bhfeidhm aige i measc a bhainisteoirí, a mheasúnóirí agus a fhostaithe eile agus ó na bainisteoirí chuig bainistíocht an riarthóra ar an leibhéal is sinsearaí agus chuig a bhord chun a áirithiú:
|
|
15. |
A luaithe a bheidh riarthóir tagarmhairc tráchtearraí ar an eolas faoi choinbhleacht leasa a eascraíonn as úinéireacht an riarthóra nochtfaidh sé dá úsáideoirí é. |
Gearáin
|
16. |
Beidh i bhfeidhm ag riarthóir tagarmhairc tráchtearraí agus foilseoidh sé beartas láimhseála gearán ina leagtar amach nósanna imeachta maidir le taifid a fháil, a imscrúdú agus a choimeád a bhaineann le gearáin a dhéantar faoi phróiseas ríofa riarthóra. Áiritheofar le sásraí gearáin den sórt sin:
|
|
17. |
Réiteoidh riarthóir tagarmhairc tráchtearraí díospóidí faoi chinntí praghsála laethúla, nach gearáin fhoirmiúla iad, faoi threoir a nósanna imeachta caighdeánacha iomchuí. Má athraítear an praghas mar thoradh ar ghearán, cuirfear sonraí maidir leis an athrú praghais sin in iúl don mhargadh a luaithe is féidir. |
Iniúchóireacht sheachtrach
|
18. |
Ceapfaidh riarthóir tagarmhairc tráchtearraí iniúchóir seachtrach, neamhspleách ag a mbeidh an taithí iomchuí agus an acmhainneacht iomchuí chun athbhreithniú agus tuairisciú a dhéanamh ar a mhéid atá an riarthóir ag cloí le leis na critéir mhodheolaíochta atá sonraithe aige agus le ceanglais an Rialacháin seo. Déanfar iniúchóireachtaí go bliantúil agus foilseofar iad trí mhí tar éis an tráth a thabharfar iniúchóireacht chun críche agus déanfar iniúchóireachtaí eatramhacha breise de réir mar is iomchuí. |
|
29.6.2016 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
66 |
RIALACHÁN (AE) 2016/1012 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 8 Meitheamh 2016
maidir le coinníollacha zóiteicniúla agus gineolaíocha i dtaca le pórú agus trádáil ainmhithe pórúcháin folaíochta, muca pórúcháin hibrideacha, agus táirgí geirmeacha díobh san Aontas agus lena dtabhairt isteach san Aontas agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 652/2014, Treoir 89/608/CEE ón gComhairle agus Treoir 90/425/CEE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse an phóraithe ainmhithe (“An Rialachán maidir le Pórú Ainmhithe”)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 42 agus Airteagal 43(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),
De bharr an méid seo a leanas:
|
(1) |
Tá ionad straitéiseach ag pórú ainmhithe den speiceas buaibheach, den speiceas mucúil, den speiceas caorach, den speiceas gabhair agus den speiceas eachaí, i dtéarmaí eacnamaíocha agus sóisialta, in earnáil talmhaíochta an Aontais agus rannchuidíonn an pórú sin le hoidhreacht chultúrtha an Aontais. An ghníomhaíocht talmhaíochta sin, a rannchuidíonn le slándáil bia san Aontas, is foinse ioncaim í don phobal talmhaíochta. Is fearr a chuirtear chun cinn pórú ainmhithe de na speicis sin trí úsáid ainmhithe pórúcháin folaíochta nó muca pórúcháin hibrideacha a bhfuil ardcháilíocht ghéiniteach taifeadta ina leith a mholadh. |
|
(2) |
Mar thoradh air sin, mar chuid dá mbeartas talmhaíochta, tá a ndícheall déanta go leanúnach ag Ballstáit táirgeadh beostoic ag a bhfuil saintréithe géiniteacha ar leith a chur chun cinn trí chaighdeáin shainithe a leagan amach, agus sin á dhéanamh in amanna trí infheistíocht phoiblí. D'fhéadfadh éagothromaíocht idir na caighdeáin sin a bheith mar bhonn le bacainní teicniúla ar thrádáil ainmhithe pórúcháin agus táirgí geirmeacha díobh, agus ar a dtabhairt isteach san Aontas. |
|
(3) |
Soláthraítear an creat dlíthiúil do dhlí Aontais maidir le pórú ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas buaibheach, den speiceas mucúil, den speiceas caorach, den speiceas gabhair agus den speiceas eachaí agus le pórú muc pórúcháin hibrideach le Treoracha 88/661/CEE (3), 89/361/CEE (4), 90/427/CEE (5), 91/174/CEE (6), 94/28/CE (7) agus 2009/157/CE (8) ón gComhairle. Bhí sé mar aidhm ag na Treoracha sin pórú beostoic a fhorbairt san Aontas, agus ag an am céanna trádáil ainmhithe pórúcháin agus táirgí geirmeacha díobh agus a dtabhairt isteach san Aontas a rialú agus, dá réir sin, iomaíochas in earnáil ainmhithe pórúcháin an Aontais a chothú. |
|
(4) |
Treoracha 87/328/CEE (9), 90/118/CEE (10) agus 90/119/CEE (11) ón gComhairle, glacadh iad chun Ballstáit a chosc ó rialacha náisiúnta a choinneáil nó a ghlacadh a bhaineann le glacadh le hainmhithe pórúcháin den speiceas buaibheach agus mucúil chun críocha pórúcháin agus le táirgeadh agus úsáid a gcuid seamhain, úicítí agus suthanna a d'fhéadfadh a bheith ina gcosc nó srian ar thrádáil, nó ina mbacainn uirthi, cibé acu i gcás seirbhís nádúrtha, inseamhnú saorga nó bailiú seamhain, úicítí nó suthanna a bheith i gceist. |
|
(5) |
Ar bhonn Threoracha 88/661/CEE, 89/361/CEE, 90/427/CEE, 91/174/CEE, 94/28/CE agus 2009/157/CE, ghlac an Coimisiún, tar éis dul i gcomhairle le Ballstáit tríd an mBuanchoiste um an Zóiteicnic a bunaíodh i gcomhréir le Cinneadh 77/505/CEE ón gComhairle (12), roinnt Cinntí lena leagtar síos critéir speicis-oiriúnaithe maidir le formheas nó aithint eagraíochtaí pórúcháin agus comhlachas póraitheoirí, le haghaidh ainmhithe pórúcháin a iontráil i dtréadleabhair bó, tréadleabhair caorach agus gabhair agus tréadleabhair eachaí, le haghaidh glacadh le hainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas caorach agus den speiceas gabhair chun críocha pórúcháin agus inseamhnú saorga, le haghaidh tástáil feidhmíochta agus measúnú géiniteach ar ainmhithe pórúcháin den speiceas buaibheach, den speiceas mucúil, den speiceas caorach agus den speiceas gabhair, agus le haghaidh deimhnithe ginealaigh nó zóiteicniúla a bhunú do thrádáil ainmhithe pórúcháin agus táirgí geirmeacha díobh. |
|
(6) |
Bhunaigh an Coimisiún freisin liosta de chomhlachtaí pórúcháin i dtríú tíortha agus na samhail-deimhnithe ginealaigh nó zóiteicniúla maidir le hainmhithe pórúcháin, agus a gcuid seamhain, úicítí agus suthanna, a thabhairt isteach san Aontas. |
|
(7) |
Tá struchtúr agus inneachar Threoracha 88/661/CEE, 89/361/CEE, 90/427/CEE, 91/174/CEE, 94/28/CE agus 2009/157/CE mórán mar a chéile. Rinneadh roinnt de na Treoracha sin a leasú thar am. Ar mhaithe le simplíocht agus comhsheasmhacht dhlí an Aontais, is iomchuí rialacha an Aontais mar a leagtar síos sna Treoracha sin a shruthlíniú. |
|
(8) |
Le fiche bliain anuas, b'éigean don Choimisiún freagairt do líon suntasach gearán, arna ndéanamh ag póraitheoirí agus ag oibreoirí a bhí i mbun cláir phóraithe, i ndáil le trasuí náisiúnta agus léirmhíniú ghníomhartha dlí an Aontais maidir le pórú ainmhithe i mBallstáit éagsúla. Chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach rialacha an Aontais maidir le hainmhithe pórúcháin a áirithiú agus chun bacainní ar thrádáil ainmhithe pórúcháin agus táirgí geirmeacha díobh a eascraíonn ó dhifríochtaí i dtrasuí náisiúnta na dTreoracha sin a áirithiú, ba cheart na coinníollacha zóiteicniúla agus gineolaíocha do thrádáil ainmhithe pórúcháin agus táirgí geirmeacha díobh mar aon lena dtabhairt isteach san Aontas a leagan síos i Rialachán. |
|
(9) |
Sa bhreis air sin, is léir ón taithí a fuarthas go bhfuil gá le foclaíocht níos cruinne chomh maith le téarmaíocht níos comhsheasmhaí atá in úsáid go caighdeánach sna Ballstáit uile i roinnt dá bhforálacha chun cur i bhfeidhm na rialacha dá bhforáiltear sna Treoracha sin a éascú. Ar mhaithe le soiléireacht agus comhsheasmhacht dhlí an Aontais, is iomchuí foráil a dhéanamh freisin maidir le tuilleadh sainmhínithe, lena n-áirítear sainmhíniú ar “pór”. |
|
(10) |
Maidir le hiarrachtaí chun iomaíochas a ghnóthú san earnáil pórúcháin ainmhithe, níor cheart gurb é a bheadh mar thoradh orthu go dtiocfadh deireadh le póir ag a bhfuil saintréithe atá sainoiriúnaithe do chomhthéacsanna bithfhisiceacha sainiúla. Má bhíonn méid a bpobail róbheag, d'fhéadfadh pórtha áitiúla a bheith i mbaol go gcaillfí éagsúlacht ghéiniteach. Mar chuid thábhachtach den bhithéagsúlacht talmhaíochta, tá acmhainní géiniteacha ainmhithe ina mbunús bunriachtanach d'fhorbairt inbhuanaithe na hearnála beostoic agus leis na hacmhainní sin cruthaítear deiseanna chun ainmhithe a shainoiriúnú do thimpeallachtaí athraitheacha, do dhálaí táirgthe agus d'éilimh an mhargaidh agus na dtomhaltóirí. Ba cheart, dá bhrí sin, go rannchuideodh gníomhartha dlí an Aontais maidir le pórú ainmhithe le hacmhainní géiniteacha ainmhithe a chaomhnú, le bithéagsúlacht a chosaint agus le táirgí réigiúnacha de cháilíocht thipiciúil a tháirgeadh a bhraitheann ar shaintréithe oidhreachtúla na bpórtha áitiúla ainmhithe clóis. Ba cheart freisin go gcuirfeadh gníomhartha dlí an Aontais cláir phóraithe inmharthana chun cinn le haghaidh feabhsú na bpórtha, agus, go háirithe i gcás inar pórtha i mbaol nó pórtha bundúchasacha nach bhfuil fáil go coitianta orthu san Aontas, chun na pórtha agus an éagsúlacht ghéiniteach laistigh de phórtha agus idir pórtha a chaomhnú. |
|
(11) |
Trí roghnú agus pórú, tá dul chun cinn suntasach bainte amach ó thaobh forbairt tréithe a bhaineann le táirgeacht ainmhithe feirme, as a leanann laghdú ar chostais táirgthe ar leibhéal na feirme. Is é an toradh atá air sin, i roinnt cásanna, áfach, gur ann d'fho-iarmhairtí neamh-inmhianaithe is cúis buartha sa tsochaí i dtaobh leas ainmhithe agus saincheisteanna a bhaineann leis an gcomhshaol. Trí ghéanómaíocht a chur i bhfeidhm agus trí leas a bhaint as ardteicneolaíochtaí faisnéise amhail “Beachtfheirmeoireacht bheostoic” — lenar féidir tacair shonraí mhóra maidir le tréithe malartacha a bhaineann go díreach nó go hindíreach le leas ainmhithe agus le saincheisteanna inbhuanaitheachta a thaifeadadh — tá féidearthacht mhór ann aghaidh a thabhairt ar na buarthaí sa tsochaí agus cuspóirí an phórúcháin inbhuanaithe ainmhithe a bhaint amach a mhéid a bhaineann le héifeachtúlacht fheabhsaithe acmhainní agus le hathléimneacht agus stóinseacht fheabhsaithe ainmhithe. Ba cheart go dtiocfadh tuilleadh tábhachta le bailiú sonraí ar na tréithe malartacha sin faoi chuimsiú na gclár póraithe agus ba cheart tosaíocht níos mó a thabhairt dó sa sainmhíniú ar chuspóirí roghnúcháin. Sa chomhthéacs seo, ba cheart acmhainní géiniteacha pórtha i mbaol a mheas mar thaiscumar géinte a d'fhéadfadh rannchuidiú leis na spriocanna maidir le leas ainmhithe agus inbhuanaitheacht a bhaint amach. |
|
(12) |
Ba cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo maidir le hainmhithe pórúcháin den speiceas buaibheach, den speiceas mucúil, den speiceas caorach, den speiceas gabhair agus den speiceas eachaí agus maidir le táirgí geirmeacha díobh sa chás ina bhfuil sé beartaithe na hainmhithe sin nó na hóga a thagann ó na táirgí geirmeacha sin a iontráil i bpórleabhar mar ainmhithe pórúcháin folaíochta i bpórleabhar nó a chlárú mar mhuca pórúcháin hibrideacha i rolla pórúcháin, go háirithe d'fhonn iad a thrádáil laistigh den Aontas, lena n-áirítear laistigh de Bhallstát, nó go bhfuil tabhairt isteach na n-ainmhithe pórúcháin sin, agus táirgí geirmeacha díobh, san Aontas beartaithe. |
|
(13) |
Níor cheart go dtuigfí leis an téarma “ainmhí pórúcháin” nó “ainmhí pórúcháin folaíochta” nach gcuimsítear leis ach ainmhithe a bhfuil a bhfeidhm atáirgthe fós acu. Go deimhin, d'fhéadfadh ainmhithe coillte, lena dtaifid ghineolaíocha agus zóiteiciúla, rannchuidiú leis an measúnú ar cháilíocht ghéiniteach an daonra phórúcháin agus ar an gcaoi sin le hiomláine ranguithe na n-ainmhithe pórúcháin bunaithe ar na torthaí sin. Ag brath ar chuspóirí an chláir phóraithe, is é is dóichí gurb é an toradh a bheidh ar easpa nó caillteanas sonraí mar gheall ar ainmhithe coillte a eisiamh go sainráite óna n-iontráil i bpórleabhar nó i rolla pórúcháin ná go mbeadh laofacht i dtorthaí an mheasúnaithe maidir le cáilíocht ghéiniteach ainmhithe pórúcháin atá gaolmhar go géiniteach leis na hainmhithe coillte sin. |
|
(14) |
Ba cheart gurb é aidhm na rialacha maidir le hainmhithe pórúcháin folaíochta arna leagan síos sa Rialachán seo ná rochtain a thabhairt ar thrádáil de réir prionsabail chomhaontaithe a bheadh infheidhme maidir le haithint cumann póir a bhfuil pórtha á mbainistiú acu agus formheas a gclár póraithe faoi seach. Ba cheart go leagfaí síos leis an Rialachán seo freisin rialacha lena rialaítear ainmhithe pórúcháin folaíochta a iontráil sa phríomhchuid de phórleabhair agus, i gcás inarb ann dóibh, sna haicmí difriúla fiúntais den phríomhchuid. Ba cheart go leagfaí síos leis freisin rialacha maidir le tástáil feidhmíochta agus meastóireacht ghéiniteach agus rialacha maidir le glacadh le hainmhithe pórúcháin chun críocha pórúcháin agus maidir le gach a ndéantar a áireamh i ndeimhnithe zóiteicniúla. |
|
(15) |
Ar an gcuma chéanna, ba cheart gurb é aidhm na rialacha maidir le muca pórúcháin hibrideacha arna leagan síos sa Rialachán seo rochtain a thabhairt ar thrádáil de réir prionsabail chomhaontaithe a bheadh infheidhme maidir le haithint oibríochtaí pórúcháin a bhfuil pórtha, línte nó crosphórtha éagsúla den speiceas mucúil á mbainistiú acu agus formheas a gclár póraithe. Ba cheart go leagfaí síos leis an Rialachán freisin rialacha lena rialaítear clárú muc pórúcháin hibrideach i rollaí pórúcháin. Ba cheart go leagfaí síos leis freisin rialacha maidir le tástáil feidhmíochta agus meastóireacht ghéiniteach agus rialacha maidir le glacadh le muca pórúcháin hibrideacha chun críocha pórúcháin agus maidir le gach a ndéantar a áireamh i ndeimhnithe zóiteicniúla. |
|
(16) |
Ní iomchuí aghaidh a thabhairt sa Rialachán seo ar shaincheisteanna a bhaineann le clónáil. |
|
(17) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon cur chuige comhchuibhithe a áirithiú maidir le trádáil ainmhithe pórúcháin agus táirgí geirmeacha díobh agus lena dtabhairt isteach san Aontas chomh maith leis na rialuithe oifigiúla is gá a chur i bhfeidhm ar chláir phóraithe arna gcur i gcrích ag cumainn phóir agus oibríochtaí pórúcháin, a ghnóthú go leordhóthanach ar an leibhéal náisiúnta, ach gur féidir, de bharr a éifeachta, a chastachta agus a nádúr trasteorann agus idirnáisiúnta, iad a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta amhail dá dtagraítear in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú. |
|
(18) |
Tá tionchar ag cáilíocht na seirbhísí atá á soláthar ag cumainn phóir agus ag oibríochtaí pórúcháin agus ag an tslí a ndéanann siad ainmhithe pórúcháin a mheasúnú agus a aicmiú ar cháilíocht agus beachtas na faisnéise zóiteicniúla agus ginealaigh a bhailítear nó a chinntear i dtaca leis na hainmhithe sin agus a luach an margadh. Dá réir sin, ba cheart rialacha a leagan síos maidir le haitheantas a thabhairt do chumainn phóir agus d'oibríochtaí pórúcháin, agus maidir le formheas a gclár póraithe, bunaithe ar chritéir chomhchuibhithe Aontais. Ba cheart go gcumhdófaí leis na rialacha sin maoirseacht a dhéanamh ar na cumainn agus na hoibríochtaí sin ag údaráis inniúla na mBallstát chun a áirithiú nach n-eascródh éagothromaíocht idir cláir phóraithe as na rialacha arna mbunú ag cumainn phóir agus ag oibríochtaí pórúcháin agus nach gcruthófaí bacainní teicniúla ar thrádáil san Aontas ar an gcaoi sin. |
|
(19) |
Ba cheart foráil a dhéanamh sa Rialachán seo do nósanna imeachta atá cosúil leo siúd a leagtar síos i dTreoracha 88/661/CEE, 89/361/CEE, 90/427/CEE, 91/174/CEE, 94/28/CE agus 2009/157/CE maidir le cumanin phóir agus oibríochtaí pórúcháin aitheanta a liostú, lena n-áirítear tabhairt cothrom le dáta, tarchur agus foilsiú na liostaí sin. |
|
(20) |
Déantar cláir phóraithe ar ainmhithe pórúcháin folaíochta a chur i gcrích agus é mar aidhm fhoriomlán leo feabhas a chur ar bhealach inbhuanaithe ar thréithe táirgthe agus neamhtháirgthe ainmhithe de phór ar leith nó pór a chaomhnú. Ba cheart go gcuimseodh na cláir phóraithe sin líon mór go leor ainmhithe pórúcháin folaíochta atá á gcoinneáil ag póraitheoirí lena ndéantar, trí phórú agus trí roghnú, tréithe inmhianaithe sna hainmhithe sin a chur chun cinn agus a fhorbairt nó caomhnú an phóir sin a ráthú, i gcomhréir leis na cuspóirí a bhfuil glacadh go coitianta leo ag na póraitheoirí rannpháirteacha. Ar an gcuma chéanna, déantar cláir phóraithe maidir le muca pórúcháin hibrideacha a chur i gcrích arb é is cuspóir dóibh tréithe inmhianaithe a fhorbairt trí chrosphórú d'aon ghnó a dhéanamh ar phórtha, línte nó crosphórtha muc éagsúla. Ainmhithe pórúcháin (ainmhithe folaíochta nó ainmhithe hibrideacha) atá mar chuid de chlár póraithe, déantar iad a iontráil i bpórleabhar nó i rolla pórúcháin, lena n-áirítear faisnéis faoina sinsear agus, ag brath ar na cuspóirí pórúcháin a leagtar amach sa chlár póraithe, déantar tástáil feidhmíochta nó aon mheasúnú eile orthu a bhfuil taifead ar shonraí maidir le tréithe a bhaineann le cuspóirí an chláir phóraithe sin mar thoradh air. I gcás ina sonraítear é sa chlár póraithe, déantar meastóireacht ghéiniteach chun luach pórúcháin na n-ainmhithe a mheas agus féadfar iad a rangú dá réir. Is iad na luachanna pórúcháin agus torthaí na tástála feidhmíochta, chomh maith leis an bhfaisnéis ghinealaigh, an bunús don phórú agus don roghnú. |
|
(21) |
Ba cheart gur prionsabal bunúsach de dhlí an Aontais maidir le pórú ainmhithe agus leis an margadh inmheánach a bheadh i gceart a bheith ag cumann póir nó ag oibríocht phórúcháin a bhfuil na critéir bhunaithe á gcomhlíonadh acu aitheantas a fháil. Níor cheart go mbeadh cosaint gníomhaíochta eacnamaíche de chuid cumainn póir aitheanta atá cheana ann ina údar ag údarás inniúil le haitheantas do chumann póir eile don phór céanna a dhiúltú ná le sárú ar na prionsabail lena rialaítear an margadh inmheánach. Tá feidhm aige sin freisin le formheas aon chláir eile nó le formheas aon leathnú geografach ar chlár póraithe atá ann cheana a chuirtear i gcrích ar an bpór céanna nó ar ainmhithe pórúcháin den phór céanna is féidir a fháil ó dhaonra pórúcháin an chumainn phóir atá i mbun clár póraithe cheana féin don phór céanna sin. I gcás ina bhfuil cumann póir aitheanta amháin nó níos mó i mBallstát agus iad i mbun clár póraithe formheasta do phór ar leith cheana féin, áfach, ba cheart go mbeadh cead ag údarás inniúil an Bhallstáit sin, i gcásanna sonracha áirithe, diúltú formheas a thabhairt do chlár póraithe eile don phór céanna sin, fiú má chomhlíonann an clár póraithe sin na ceanglais uile atá riachtanach don fhormheas. Cúis amháin a d'fhéadfadh a bheith le diúltú ná dá ndéanfaí clár póraithe eile don phór céanna a fhormheas go ndéanfadh sé dochar do chaomhnú an phóir sin nó don éagsúlacht ghéiniteach laistigh den phór sin sa Bhallstát sin. D'fhéadfaí dochar go háirithe a dhéanamh do chaomhnú an phóir sin mar thoradh ar ilroinnt an daonra phórúcháin agus d'fhéadfadh a bheith mar thoradh air sin go mbeadh ann inphórú níos airde, méadú ar an líon máchailí géiniteacha a bhreathnaítear, caillteanas san acmhainneacht roghnúcháin nó rochtain laghdaithe ag póraitheoirí ar ainmhithe pórúcháin folaíochta nó ar tháirgí geirmeacha díobh. Cúis eile a d'fhéadfadh a bheith leis an diúltú ná neamhréireachtaí sna saintréithe pórúcháin sainithe nó i bpríomhchuspóirí na gclár póraithe sin. Go deimhin, go neamhspleách ar aidhm an chláir phóraithe, eadhon caomhnú an phóir agus feabhsú an phóir, ba cheart go mbeadh cead ag an údarás inniúil formheas clár póraithe eile don phór céanna a dhiúltú i gcás inarb é an toradh a bheadh ag difríochtaí sna príomhchuspóirí atá ag an dá chlár póraithe nó ag difríochtaí i dtréithe bunriachtanacha na saintréithe póir sainithe sna cláir phóraithe sin, go gcaillfí éifeachtúlacht ó thaobh an dul chun cinn géiniteach de le haghaidh na gcuspóirí sin nó sna tréithe nó in aon tréithe comhghaolacha, nó i gcás ina mbeadh malartú ainmhithe idir an dá dhaonra pórúcháin ina bhaol do dhíthroghnú nó do dhíthphórú na dtréithe bunriachtanacha sin sa daonra pórúcháin tosaigh. Ar deireadh, i gcás pór atá i mbaol nó pór bundúchasach nach bhfaightear go coitianta i gceann amháin nó níos mó de chríocha an Aontais, ba cheart go mbeadh cead ag údarás inniúil freisin diúltú d'fhormheas cláir phóraithe eile don phór céanna ar na forais go gcuirfeadh an clár póraithe eile sin isteach ar chur chun feidhme éifeachtúil an chláir phóraithe atá cheana ann, go háirithe mar gheall ar easpa i gcomhordú nó malartú faisnéise ginealaí agus zóiteicniúla as a eascródh teip tairbhe a bhaint as an measúnú coiteann ar shonraí arna bhailiú maidir leis an bpór sin. I gcás ina ndéantar formheas cláir phóraithe a dhiúltú, ba cheart don údarás inniúil i gcónaí míniú réasúnaithe a thabhairt do na hiarratasóirí agus an ceart a thabhairt dóibh achomharc a dhéanamh in aghaidh an diúltaithe sin. |
|
(22) |
Ba cheart go mbeadh an ceart ag póraitheoirí clár póraithe dá n-úsáid féin a cheapadh agus a chur chun feidhme, gan an clár póraithe sin a bheith formheasta ag na húdaráis inniúla. Ba cheart go mbeadh an fhéidearthacht ar forchoimeád ag gach Ballstát nó ag a chuid údarás inniúil, áfach, na gníomhaíochtaí sin a rialáil, go háirithe i gcás ina leanfadh idirbhearta gnó i dtaca le hainmhithe pórúcháin nó le táirgí geirmeacha díobh as clár póraithe den sórt sin nó go gcuirfeadh clár póraithe den sórt sin clár póraithe formheasta don phór céanna sin, agus atá ann cheana, i mbaol. |
|
(23) |
Má tá sé mar aidhm leis an gclár póraithe caomhnú a dhéanamh ar phór, d'fhéadfaí ceanglais an chláir phóraithe a chomhlánú trí bhearta caomhantais ex situ agus in situ nó trí aon uirlisí eile chun faireachán a dhéanamh ar stádas an phóir, rud a dhéanfadh caomhnú fadtéarmach agus inbhuanaithe an phóir sin a áirithiú. Ba cheart go bhféadfaí na bearta sin a leagan síos sa chlár póraithe. |
|
(24) |
Comhlachais póraitheoirí, eagraíochtaí pórúcháin, lena n-áirítear eagraíochtaí pórúcháin ar gnóthais phríobháideacha iad, nó comhlachtaí poiblí, níor cheart iad a aithint mar chumainn phóir ach amháin nuair atá acu póraitheoirí atá rannpháirteach ina gcláir phóraithe agus nuair a áirithíonn siad go bhfuil saor-rogha ag na póraitheoirí sin maidir le roghnú agus pórú a gcuid ainmhithe pórúcháin folaíochta, go bhfuil acu an ceart na hóga a thagann ó na hainmhithe sin a iontráil ina bpórleabhair agus gur féidir leo úinéireacht ar na hainmhithe sin a bheith acu. |
|
(25) |
Sula ndéantar athruithe ar an gclár póraithe formheasta a chur chun feidhme, ba cheart do chumann póir nó d'oibríocht phórúcháin na hathruithe sin a thíolacadh don údaráis inniúil a thug aitheantas don chumann póir nó don oibríocht phórúcháin sin. Chun ualach riaracháin gan ghá ar an údarás inniúil agus ar an gcumann póir nó ar an oibríocht phórúcháin a sheachaint, is iad na hathruithe ar dóigh dóibh difear substainteach a dhéanamh don chlár póraithe, agus na hathruithe sin amháin, ba cheart don chumann póir nó don oibríocht phórúcháin a chur in iúl don údarás inniúil. Maidir leis na hathruithe sin, ba cheart go gclúdódh siad go háirithe leathnú ar an gcríoch gheografach, athruithe in aidhm nó cuspóirí roghnaithe agus póraithe an chláir phóraithe, athruithe sa tuairisc ar shaintréithe an phóir nó i dtarmligean cúraimí chuig tríú páirtithe, chomh maith le mórathruithe ar an gcóras chun ginealaigh a thaifeadadh nó sna modhanna a úsáidtear do thástáil feidhmíochta agus do mheastóireacht ghéiniteach agus aon athruithe eile a mheasfadh an t-údarás inniúil a bheith ina modhnú substaintiúil ar an gclár póraithe. Ar neamhchead do thíolacadh éigeantach na n-athruithe suntasacha chuig an údarás inniúil, ba cheart don chumann póir nó don oibríocht phórúcháin, arna iarraidh sin don údarás inniúil, leagan nuashonraithe den chlár póraithe a sholáthar dó. |
|
(26) |
Más rud é gur ann do riachtanas aitheanta forbairt phóir a choinneáil ar siúl nó a chur chun cinn i gcríoch ar leith nó i gcás pór atá i mbaol, ba cheart go mbeadh sé indéanta ag an údarás inniúil é féin, ar bhonn sealadach, gabháil do chlár póraithe don phór sin ar choinníoll nach bhfuil aon chlár póraithe ann cheana go hiarbhír don phór sin. Maidir le húdarás inniúil a bhíonn ag gabháil do chlár póraithe den sórt sin, níor cheart, áfach, go mbeadh sé indéanta aige a thuilleadh é sin a dhéanamh más féidir an clár póraithe a thabhairt ar láimh d'oibreoir a dhéanann na ceanglais atá riachtanach do chuíchur chun feidhme an chláir phóraithe sin a chomhall. |
|
(27) |
De bhrí go n-éilíonn caomhnú pór atá i mbaol go gcuirtear ar bun agus go n-aithnítear cumainn phóir ag a bhfuil líon teoranta ainmhithe pórúcháin rannpháirteach ina gcláir phóraithe, níor cheart, i gcoitinne, a mheas gur ceangal bunriachtanach a bheadh i méid an daonra phórúcháin d'aithint cumann póir a dhéanann bainistiú ar phórtha atá i mbaol ná d'fhormheas a gclár póraithe, go háirithe ós rud é gur ar bhonn náisiúnta a dhéantar aitheantas a thabhairt. |
|
(28) |
Ba cheart rialacha sonracha, go háirithe iad siúd maidir le huasghrádú ón gcuid fhorlíontach go dtí an phríomhchuid agus maidir le maoluithe ón tástáil feidhmíochta agus ón meastóireacht ghéiniteach, a leagan síos sa Rialachán seo chun stádas sonrach na bpórtha atá i mbaol a chur san áireamh. |
|
(29) |
Tá an tAontas ina pháirtí conarthach don Choinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch, arna fhormheas le Cinneadh 93/626/CEE (13), arb iad a chuspóirí, go háirithe, caomhnú na héagsúlachta bitheolaíche, úsáid inbhuanaithe a chomhchodanna agus comhroinnt chothrom agus chothromasach na dtairbhí a eascraíonn as úsáid acmhainní géiniteacha. Sonraítear sa Choinbhinsiún sin go bhfuil cearta ceannasacha ag na páirtithe conarthacha chun a n-acmhainní bitheolaíocha agus go bhfuil siad freagrach as caomhnú a n-éagsúlachta bitheolaíche agus as úsáid inbhuanaithe a n-acmhainní bitheolaíocha. Is páirtí an tAontas freisin do Prótacal Nagoya maidir le Rochtain ar Acmhainní Géiniteacha agus Comhroinnt Chothrom agus Chothromasach na dTairbhí a eascraíonn as a nÚsáid a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch, arna fhormheas le Cinneadh 2014/293/AE ón gComhairle (14). Ba cheart don Rialachán seo dá bhrí sin, i gcás inarb infheidhme, an Coinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch, chomh maith le Prótacal Nagoya, a chur san áireamh agus ba cheart go mbeadh feidhm aige gan dochar do Rialachán (AE) Uimh. 511/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15). |
|
(30) |
Ba cheart caoi a bheith ag cumainn phóir agus oibríochtaí pórúcháin atá aitheanta i mBallstát amháin a gclár póraithe formheasta a chur chun feidhme i gceann amháin nó níos mó de na Ballstáit eile chun an úsáid is fearr agus is féidir, laistigh den Aontas, a bhaint as ainmhithe pórúcháin d'ardluach géiniteach. Chuige sin, ba cheart go n-áiritheodh nós imeachta fógartha simplithe go bhfuil an t-údarás inniúil sa Bhallstát eile ar an eolas go bhfuil sé beartaithe gníomhaíochtaí trasteorann a dhéanamh. Mar sin féin, maidir le gluaiseachtaí séasúracha ainmhithe pórúcháin a tharlaíonn laistigh de theorainneacha Ballstáit nó a tharlaíonn thar Bhallstáit éagsúla, ní gá go mbeadh i gceist leis sin go gcaithfí an chríoch gheografach a leathnú go sainordaitheach. |
|
(31) |
Ba cheart comhar trasteorann a éascú idir cumainn phóir agus idir oibríochtaí pórúcháin ar mian leo an comhar sin a bheith eatarthu, ach fós a áirithiú gur ann do shaorfhiontraíocht agus go ndéantar bacainní ar shaorghluaiseacht ainmhithe pórúcháin agus táirgí geirmeacha díobh a dhíchur. |
|
(32) |
Ós rud é go bhféadfadh sé go mbeadh ar údarás inniúil formheas a thabhairt do roinnt clár póraithe a dhéanann cumann póir nó oibríocht phórúcháin atá aitheanta aige agus ós rud é go bhféadfadh sé go mbeadh ar údarás inniúil formheas a thabhairt do leathnú ina chríocha ar chláir phóraithe a dhéanann cumann póir nó oibríocht phórúcháin atá aitheanta i mBallstát eile, ba cheart go mbeadh aithint an chumainn phóir nó na hoibríochta pórúcháin ina bheart ar leithligh ó fhormheas a chláir phóraithe. Nuair a bhíonn iarratas ar aithint mar chumann póir nó mar oibríocht phórúcháin á mheas ag údarás inniúil, áfach, ba cheart go ndéanfaí iarratas ar fhormheas cheann amháin ar a laghad de chláir phóraithe a chur isteach chuige. |
|
(33) |
Ag éirí as gearáin éagsúla a raibh ar an gCoimisiún déileáil leo le blianta roimhe seo, dealraíonn sé gur cheart foráil a dhéanamh sa Rialachán seo maidir le rialacha soiléire lena rialaítear an ghaolmhaireacht idir an cumann póir a bhunaíonn pórleabhar macúil do phór áirithe ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas eachaí agus an cumann póir a mhaíonn gurb é a bhunaigh an pórleabhar do bhunús an phóir sin. |
|
(34) |
Tá sé riachtanach an ghaolmhaireacht idir póraitheoirí agus cumainn phóir a shoiléiriú, go háirithe chun a gceart a bheith rannpháirteach sa chlár póraithe laistigh den chríoch gheografach dá bhfuil sé formheasta a áirithiú agus, i gcás ina bhforáiltear do bhallraíocht, chun a áirithiú go bhfuil an ceart ag na póraitheoirí sin bheith ina mbaill. Ba cheart rialacha a bheith i bhfeidhm ag cumainn phóir chun díospóidí le póraitheoirí atá rannpháirteach ina gcláir phóraithe a réiteach agus chun a áirithiú go gcaitear go cothrom leis na póraitheoirí sin. Ba cheart dóibh freisin na cearta atá acu féin agus na hoibleagáidí atá orthu féin a leagan amach chomh maith le cearta agus oibleagáidí na bpóraitheoirí atá rannpháirteach ina gcláir phóraithe. |
|
(35) |
Póraitheoirí a bhíonn ag pórú ainmhithe a ghluaistear go séasúrach laistigh de theorainn Ballstáit nó i limistéar atá ar gach aon taobh de theorainneacha náisiúnta, ba cheart go mbeadh acu an ceart leanúint de bheith rannpháirteach sa chlár póraithe a fhad is atá ceanncheathrú a ngabháltais lonnaithe laistigh de chríoch gheografach an chláir phóraithe sin. |
|
(36) |
Ba cheart an cás ar leith atá i réim in earnáil na muc pórúcháin hibrideach a chur san áireamh sa Rialachán seo. Is córais táirgeachta iata atá ag an gcuid is mó de ghnóthais phríobháideacha in earnáil na muc pórúcháin hibrideach agus déanann siad bainistiú ar a stoc pórúcháin féin. Ba cheart mar sin foráil a dhéanamh do líon áirithe maoluithe le haghaidh na ngnóthas sin, go háirithe a mhéid a bhaineann le rannpháirtíocht na bpóraitheoirí sa chlár póraithe agus leis an gceart muca pórúcháin hibrideacha a chlárú sna rollaí póraithe. |
|
(37) |
Leis an sainmhíniú atá ar “muca pórúcháin hibrideacha”, cuimsítear ainmhithe ó na leibhéil uile sa phirimid phórúcháin agus roghnúcháin, a úsáidtear chun an leas is fearr a bhaint as pleananna crosphórúcháin trí dhea-thréithe sonracha dá ngéinitíopaí éagsúla a nascadh agus éifeachtaí heatróise a úsáid. Ag brath ar an leibhéal sa phirimid phórúcháin agus roghnúcháin, cuimsítear pórtha, línte nó crosphórtha le “muca pórúcháin hibrideacha”. Ar an gcaoi sin, ní gá gur “hibrid” sa chiall thraidisiúnta atá sna hainmhithe go léir. |
|
(38) |
An taithí a fuarthas, go háirithe i ndáil le cur i bhfeidhm Threoir 90/427/CEE, agus ar bhonn níos lú Treoracha 89/361/CEE agus 2009/157/CE, tugtar le tuiscint go bhfuil gá le rialacha níos mionsonraithe chun díospóidí idir póraitheoirí, ar thaobh amháin, agus cumainn phóir, ar an taobh eile, a réiteach go héifeachtach, agus gur gá sé sin a dhéanamh bunaithe ar rialacha nós imeachta atá leagtha síos go soiléir agus cearta agus dualgais póraitheoirí a bhfuil tuairisc shoiléir orthu. Is fearr a bhainfear an méid sin amach má bhíonn díospóidí á réiteach laistigh de chóras dlí an Bhallstáit ina dtagann na díospóidí sin chun cinn. |
|
(39) |
Cumainn phóir a bhunaíonn agus a choinníonn pórleabhair dá n-ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas buaibheach, den speiceas mucúil, den speiceas caorach, den speiceas gabhair agus den speiceas eachaí, chomh maith le hoibríochtaí pórúcháin seachas gnóthais phríobháideacha a oibríonn i gcórais táirgeachta iata, a bhunaíonn agus a choinníonn rollaí pórúcháin do mhuca pórúcháin hibrideacha, ba cheart dóibh ainmhithe pórúcháin a iontráil ina bpórleabhair nó iad a chlárú ina rollaí pórúcháin gan idirdhealú maidir le Ballstát tionscnaimh na n-ainmhithe nó a n-úinéirí agus, i gcásanna dá bhforáiltear sa chlár póraithe, ba cheart na hainmhithe sin a aicmiú de réir a bhfiúntas. |
|
(40) |
Ba cheart go mbeadh cead freisin ag cumainn phóir codanna forlíontacha a bhunú chun taifead a dhéanamh ar ainmhithe nach gcomhlíonann na critéir thuismíochta ach a mheasann na cumainn phóir go gcomhlíonann siad na saintréithe póir a leagtar síos i gclár póraithe an phóir atá i gceist, agus é mar aidhm leis sin go ndéanfaí na hainmhithe sin a phórú ina dhiaidh sin le hainmhithe pórúcháin folaíochta a bhaineann leis an bpór a chumhdaítear leis an gclár póraithe chun go bhféadfar an sliocht a uasghrádú isteach sa phríomhchuid den phórleabhar. Ba cheart na rialacha sonracha maidir le sliocht na n-ainmhithe sin a uasghrádú isteach sa phríomhchuid de phórleabhar a leagan síos ar leibhéal an Aontais. |
|
(41) |
Níor cheart go ndéanfaí óga a uasghrádú isteach i bpríomhchuid na bpórleabhar a cheadú ach amháin tríd an líne bhaineann, ach amháin i gcás na speiceas eachaí. I gcás pór den speiceas buaibheach, den speiceas mucúil, den speiceas caorach agus den speiceas gabhair atá i mbaol agus i gcás pórtha “crua” caorach nach bhfuil dóthain ainmhithe atáirgeacha folaíochta fireanna ann díobh, áfach, ba cheart an fhéidearthacht bheith ag Ballstáit a údarú do chumainn phóir rialacha nach bhfuil chomh dian a chur i bhfeidhm maidir le sliocht na n-ainmhithe sin atá taifeadta sna codanna forlíontacha a ghabhann le príomhchuid an phórleabhair a uasghrádú chun go seachnófaí aon mheathlú eile ar éagsúlacht ghéiniteach na bpórtha sin. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart foráil a dhéanamh do rialacha speisialta chun go gceadófaí pórtha atá imithe in éag nó ata ar a bhfuil baol suntasach ann go rachaidh siad i léig a athchruthú. Ballstáit a bhaineann úsáid as na maoluithe sin, ba cheart dóibh meastóireacht chúramach a dhéanamh ar stádas riosca na ndaonraí pórúcháin agus bainistiú slán ar na hacmhainní géiniteacha a áirithiú. |
|
(42) |
I gcás ina bhfuil gá le pór nua a chruthú trí shaintréithe ó ainmhithe pórúcháin folaíochta a chomhthiomsú ó phórtha éagsúla nó trí ainmhithe a chomhthiomsú atá cosúil a ndóthain lena chéile go fisiciúil agus atá ag atáirgeadh cheana féin le cobhsaíocht ghéiniteach leordhóthanach chun go measfaí iad mar ainmhithe atá éabhlaithe isteach ina bpór nua, ba cheart an deis a thabhairt do chumainn phóir pórleabhair a bhunú do na pórtha nua sin agus cláir phóraithe a dhéanamh ina leith. |
|
(43) |
Níor cheart do rud ar bith sa Rialachán seo cosc a chur ar a mheas go dtagann ainmhithe de phór áirithe atá taifeadta i gcuid fhorlíontach de phórleabhar faoi raon feidhme thiomantais an bhirt agra-comhshaoil-aeráide dá dtagraítear in Airteagal 28 de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16) agus dá réir sin go bhfuil siad incháilithe le haghaidh tacaíocht a fháil ó na húdaráis náisiúnta nó réigiúnacha faoina gcláir forbartha tuaithe. |
|
(44) |
I gcás ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas eachaí, ba cheart go mbeadh cumainn phóir in ann rialacha a leagan síos ina gcláir phóraithe a chuireann toirmeasc ar úsáid a bhaint as teicnící atáirgthe áirithe agus as ainmhithe pórúcháin folaíochta áirithe, nó a chuireann srian leis an úsáid sin, lena n-áirítear úsáid táirgí geirmeacha díobh. Ba cheart go bhféadfadh na cumainn phóir, mar shampla, a iarraidh gur cheart gur ó chúpláil nádúrtha amháin a thiocfadh na hóga. Cumainn phóir a bhaineann úsáid as an toirmeasc nó an srian sin, ba cheart dóibh na rialacha sin a leagan síos ina gclár póraithe i gcomhréir leis na rialacha atá leagtha amach ag an gcumann póir a bhfuil pórleabhar an bhunúis á choimeád aige. |
|
(45) |
Ainmhithe pórúcháin folaíochta a iontráiltear i bpórleabhair, ba cheart iad a shainaithint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17). |
|
(46) |
I gcás ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas eachaí, foráiltear le Rialachán (AE) 2016/429 go ndéanfaidh na húdaráis inniúla i réimse na sláinte ainmhithe, le haghaidh ainmhithe den speiceas eachaí, doiciméad aitheantais saolré aonair a shonróidh an Coimisiún tuilleadh trí ghníomhartha tarmligthe, a eisiúint. Chun deimhniú zóiteicniúil a shruthlíniú a mhéid agus is féidir leis an doiciméad aitheantais saolré aonair sin a mhéid a bhaineann le hinneachar agus leis an nós imeachta riaracháin, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le formáid agus inneachar an doiciméid aitheantais saolré aonair le haghaidh ainmhithe den speiceas eachaí. |
|
(47) |
Incháilitheacht ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas eachaí chun bheith in iomaíocht go hidirnáisiúnta, déantar é a rialáil le comhaontuithe príobháideacha idirnáisiúnta. Ag féachaint ar ghné idirnáisiúnta na hearnála eachaí, ba cheart don Choimisiún, le linn dó na gníomhartha ábhartha tarmligthe agus cur chun feidhme a ullmhú agus a tharaingt suas, na comhaontuithe sin a chur san áireamh, chun go gcoimeádfar incháilitheacht na n-ainmhithe pórúcháin folaíochta sin den speiceas eachaí le bheith san iomaíocht ar an leibhéal idirnáisiúnta. |
|
(48) |
Maidir le glacadh le hainmhithe pórúcháin chun críocha pórúcháin, agus go háirithe le haghaidh clúdach nádúrtha nó atáirgeadh cuidithe, ba cheart é sin a rialáil ar leibhéal an Aontais chun bacainní ar thrádáil a chosc, go háirithe i gcás ina bhfuil tástáil feidhmíochta nó meastóireacht ghéiniteach déanta ar na hainmhithe pórúcháin sin i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo agus go háirithe in Iarscríbhinn III den Rialachán. |
|
(49) |
Tuigtear nár cheart do Bhallstáit ná a n-údaráis inniúla leas a bhaint as an Rialachán seo chun toirmeasc, srian nó bac a chur ar úsáid ainmhithe pórúcháin folaíochta nó táirgí geirmeacha díobh le haghaidh táirgeadh ainmhithe nach bhfuil beartaithe a iontráil nó a chlárú mar ainmhithe pórúcháin i bpórleabhar nó i rolla pórúcháin. |
|
(50) |
Cé go bhfuil na rialacha maidir le tástáil feidhmíochta agus meastóireacht ghéiniteach i leith ainmhithe pórúcháin den speiceas buaibheach, den speiceas mucúil, den speiceas caorach agus den speiceas gabhair, speicis a ndéantar tástáil orthu i dtaca le líon áirithe tréithe, bunaithe ar leibhéal an Aontais, is ann do líon mór ceanglas maidir le pórtha, úsáidí agus roghnúcháin éagsúla ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas eachaí agus d'fhág sé sin, go dtí seo, nárbh fhéidir iad a chomhchuibhiú. Ina ionad sin, is de réir an tréadleabhair eachaí do bhunús an phóir a bhunaítear, faoi láthair, na rialacha pór-shonracha maidir le tástáil feidhmíochta agus meastóireacht ghéiniteach. |
|
(51) |
Chun forbairtí teicniúla, dul chun cinn eolaíoch nó an gá atá le caomhnú acmhainní géiniteacha luachmhara a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirtegal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun Iarscríbhinn III den Rialachán seo a leasú. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún freisin lena gcuirtear ar a chumas rialacha aonfhoirmeacha agus níos mionsonraithe a leagan síos maidir le tástáil feidhmíochta agus maidir le meastóireacht ghéiniteach ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas buaibheach, den speiceas caorach agus den speiceas gabhair. |
|
(52) |
Ba cheart go bhféadfadh tríú páirtí atá ainmnithe ag an gcumann póir nó ag an oibríocht phórúcháin nó comhlacht poiblí, lena n-áirítear údarás a fheidhmíonn an misean sin mar chúram ceannasach, tástáil feidhmíochta nó meastóireacht ghéiniteach a dhéanamh. D'fhéadfadh sé go mbeadh an tríú páirtí sin údaraithe ag údarás inniúil, nó go ndéanfadh an t-údarás sin meastóireacht air, i gcomhthéacs fhormheas an chláir phóraithe. Cumann póir nó oibríocht phórúcháin a sheachfhoinsíonn an tástáil feidhmíochta nó an mheastóireacht ghéiniteach, ba cheart dó nó di, mura rud é go go gcinneann an Ballstát ábhartha nó a údaráis inniúla a mhalairt, a bheith fós freagrach as a áirithiú go gcomhlíontar na ceanglais is infheidhme leis na gníomhaíochtaí sin agus ba cheart dó nó di an tríú páirtí ainmnithe ina chlár nó a clár póraithe a shonrú. |
|
(53) |
Ag brath, inter alia, ar an speiceas nó ar an bpór, d'fhéadfadh sé go mbeadh gá le comhchuibhiú nó feabhsú a dhéanamh ar mhodhanna thástáil feidhmíochta nó mheastóireacht ghéiniteach na n-ainmhithe pórúcháin folaíochta a bhíonn in úsáid ag cumainn phóir nó ag na tríú páirtithe atá ainmnithe acu. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún lena gcuirtear ar a chumas ionaid tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh a ainmniú. Chun cúram na n-ionad sin a mhodhnú, nuair is gá, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún. Ba cheart go mbeadh na hionaid tagartha sin de chuid an Aontais Eorpaigh i dteideal tacaíocht airgeadais ón Aontas a fháil i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 652/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18). I gcás ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas buaibheach, tá na cúraimí sin á ndéanamh ag Ionad Interbull, buan-fhochoiste den Choiste Idirnáisiúnta um Thaifeadadh Ainmhithe (ICAR), ar ionad tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh é arna ainmniú le Cinneadh 96/463/CE ón gComhairle (19). |
|
(54) |
Sa bhreis air sin, chun tacaíocht a sholáthar do chumainn phóir a dhéanann bainistiú ar phórtha atá i mbaol, i gcás ina bhfuil gá aitheanta lena aghaidh, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún, lena gcuirtear ar a chumas ionaid tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh a ainmniú arna gcur an tasc sonrach de chúram orthu bunú nó comhchuibhiú na modhanna atá in úsáid ag na cumainn phóir sin a chur chun cinn. Chun cúram na n-ionad tagartha sin a mhodhnú, nuair is gá, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean don Choimisiún freisin. Nuair a bheidh na hionaid sin á n-ainmniú agus tuairisc á tabhairt ar a gcúraimí, ba cheart go dtabharfadh an Coimisiún aird chuí ar ghníomhaíochtaí an Phointe Chomhtheagmhála Réigiúnaigh Eorpaigh um Acmhainní Géiniteacha Ainmhithe (PCRE) a bunaíodh faoi chuimsiú an Phlean Ghníomhaíochta Uilechuimsithigh um Acmhainní Géiniteacha Ainmhithe san Eoraip de chuid na hEagraíochta Bia agus Talmhaíochta (EBT). Níor cheart go mbeadh na modhanna a bhunaíonn na hionaid sin ceangailteach. |
|
(55) |
Póraitheoirí a bhíonn rannpháirteach i gclár póraithe, ba cheart go mbeadh acu an ceart deimhnithe zóiteicniúla a fháil dá gcuid ainmhithe pórúcháin atá cuimsithe ag an gclár póraithe sin agus do tháirgí geirmeacha na n-ainmhithe sin. Ba cheart go mbeadh deimhnithe zóiteicniúla ag gabháil le hainmhithe pórúcháin nó le táirgí geirmeacha díobh nuair a dhéantar iad a thrádáil nó a thabhairt isteach san Aontas ag féachaint do na hainmhithe sin nó an sliocht a tháirgtear ó na táirgí geirmeacha sin a iontráil nó a chlárú i bpórleabhair eile nó i rollaí pórúcháin eile. Leis na deimhnithe zóiteicniúla, ba cheart go gcuirfí an cháilíocht ghéiniteach agus ginealach an ainmhí atá faighte in iúl don phóraitheoir. Ba cheart, mar shampla, deimhnithe den sórt sin a eisiúint nuair a chaithfidh siad a bheith ag gabháil le hainmhithe pórúcháin chun críocha taispeántais nó nuair a chuirtear na hainmhithe pórúcháin i stáisiúin tástála nó in ionaid inseamhnaithe shaorga. |
|
(56) |
Ba cheart a thuiscint nach dtoirmsictear leis an Rialachán seo Ballstáit ná údaráis inniúla óna éileamh go mbeadh faisnéis maidir le cáilíocht agus ginealach ainmhí ag gabháil le seamhan ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas buaibheach, den speiceas mucúil, den speiceas caorach, den speiceas gabhair agus den speiceas eachaí atá beartaithe le haghaidh inseamhnú saorga d'fhonn ainmhithe a tháirgeadh nach bhfuil ceaptha a bheith ina n-ainmhithe pórúcháin folaíochta nuair a dhéantar an seamhan sin a thrádáil. Tríd is tríd, trí tháirgí geirmeacha ainmhithe pórúcháin, agus go háirithe a seamhan, agus an fhaisnéis ghaolmhar atá ar dheimhnithe zóiteicniúla a chur ar fáil freisin d'oibreoirí a atáirgeann ainmhithe agus gan é beartaithe go mbeadh a sliocht iontráilte i bpórleabhar, táthar ag súil go bhféadfaí iomaíochas earnáil phóraithe ainmhithe Aontais a fheabhsú. |
|
(57) |
Ainmhithe pórúcháin agus táirgí geirmeacha díobh a thabhairt isteach san Aontas, agus a n-onnmhairiú go tríú tíortha, tá siad tábhachtach do thalmhaíocht na hEorpa. Ba cheart, dá bhrí sin, tabhairt isteach san Aontas ainmhithe pórúcháin agus táirgí geirmeacha díobh a dhéanamh faoi choinníollacha atá inchomparáide go dlúth leis na rialacha is infheidhme maidir le trádáil san Aontas. Mar sin féin, níor cheart go bhféadfaí ainmhithe pórúcháin agus táirgí geirmeacha díobh a iontráil sa phríomhchuid de phórleabhar nó de rolla pórúcháin san Aontas ach amháin má thugann leibhéal na rialuithe a dhéantar sa tríú tír onnmhairithe an deimhneacht chéanna i dtaca le mionsonraí ginealaigh agus torthaí tástálacha feidhmíochta agus meastóireacht ghéiniteach agus a thugtar san Aontas agus má tá na comhlachtaí pórúcháin a sholáthraíonn na mionsonraí agus na torthaí sin ar áireamh i liosta atá á choimeád ag an gCoimisiún. Sa bhreis air sin, ba cheart do chomhlachtaí pórúcháin i dtríú tíortha glacadh, ar bhonn cómhalartachta, le hainmhithe pórúcháin comhfhreagrach agus táirgí geirmeacha díobh ón gcomhlacht pórúcháin nó ón oibríocht phórúcháin aitheanta chomhfhreagrach san Aontas. |
|
(58) |
I Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (20), foráiltear go bhfuil ainmníocht earraí le bunú ag an gCoimisiún, eadhon “Ainmníocht Chomhcheangailte”, nó an leagan giorraithe “AC”, a chomhlíonfaidh ag an am céanna ceanglais na Comhtharaife Custaim, staidreamh seachtrach an Chomhphobail maidir le trádáil agus beartais eile Aontais a bhaineann le hallmhairiú nó onnmhairiú earraí. Tá liosta le fáil in Iarscríbhinn I den Rialachán sin de chóid AC d'ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas buaibheach, den speiceas mucúil, den speiceas caorach, den speiceas gabhair agus den speiceas eachaí agus do sheamhan buaibheach agus cuirtear in iúl go bhfuil siad díolmhaithe ón ngnáthráta dleachtanna. Sa chás sin, ba cheart go mbeadh an deimhniú zóiteicniúil iomchuí ag gabháil leis na hainmhithe sin agus táirgí geirmeacha díobh chun tacú lena n-aicmiú mar ainmhithe pórúcháin folaíochta nó táirgí geirmeacha díobh. I gcás ainmhithe pórúcháin folaíochta, ba cheart, freisin, go mbeadh ag gabháil leo doiciméad a thugann le fios go ndéanfar iad a iontráil i bpórleabhar arna chothabháil ag cumann póir nó iad a chlárú i gclár póraithe arna chothabháil ag oibríocht phórúcháin. |
|
(59) |
Ar a dtabhairt isteach san Aontas, déantar seiceálacha tréidliachta ar ainmhithe pórúcháin agus ar tháirgí geirmeacha díobh i gcomhréir le Treoir 91/496/CEE ón gComhairle (21) agus le Treoir 97/78/CE ón gComhairle (22). I gcás ainmhithe pórúcháin folaíochta, ba cheart go ndéanfaí na seiceálacha is gá orthu le haghaidh chur i bhfeidhm na díolúine ón ngnáthráta dleachtanna d'ainmhithe pórúcháin folaíochta. |
|
(60) |
Is gá rialacha a leagan síosmaidir le rialuithe oifigiúla a dhéantar chun a fhíorú go gcomhlíontar na rialacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo agus maidir le gníomhaíochtaí oifigiúla eile a bhíonn á ndéanamh ag údaráis inniúla i gcomhréir leis an Rialachán seo, agus na rialacha sin a bheith oiriúnaithe don earnáil pórúcháin ainmhithe. Ba cheart go mbeadh an deis ag údaráis inniúla rialuithe oifigiúla a dhéanamh ar na hoibreoirí uile atá faoi réir rialacha an Rialacháin seo, agus go háirithe ar chumainn phóir, ar oibríochtaí pórúcháin, ar thríú páirtithe a dhéanann tástáil feidhmíochta nó meastóireacht ghéiniteach, agus ar phóraitheoirí, agus, más rud é go n-eisíonn siad deimhnithe zóiteicniúla, ar ionaid bhailithe agus stórála seamhain, ar ionaid stórála suthanna, agus ar fhoirne bailithe agus táirgthe suthanna. |
|
(61) |
Ba cheart do na húdaráis inniúla rialuithe oifigiúla a dhéanamh chun a fhíorú go gcomhlíontar na rialacha a leagtar amach sa Rialachán seo agus go gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos sa chlár póraithe formheasta. D'fhéadfadh sé go n-áireofaí sna rialuithe sin cigireacht ar an trealamh a úsáidtear don tástáil feidhmíochta nó fíorú na nósanna imeachta atá ann le haghaidh thaifeadadh na sonraí zóiteicniúla agus gineolaíocha, nó le haghaidh scrúdú na ndoiciméad nó na gcóras a úsáidtear le haghaidh stóráil agus próiseáil na sonraí sin a bhailítear i dtaca le hainmhithe pórúcháin. Ba cheart go gcuirfí san áireamh leis an scrúdú sin seiceálacha cáilíochta nó córais rialaithe lena n-áirithítear beachtas na sonraí a taifeadadh amhail rialuithe tuismíochta a dhéantar chun ginealach an ainmhí a fhíorú. D'fhéadfadh na húdaráis inniúla rialuithe oifigiúla a dhéanamh ar áitribh agus ar oifigí agus ar threalamh póraitheoirí, cumann póir agus oibríochtaí pórúcháin chomh maith leis ar na hainmhithe pórúcháin, nó na táirgí geirmeacha a bhailítear ó na hainmhithe pórúcháin sin agus a chuimsítear leis an gclár póraithe. |
|
(62) |
I gcás ina ndéantar tagairt sa Rialacháin seo do “ghníomhaíochtaí oifigiúla eile”, ba cheart go bhforléireofaí leis sin go gcuimsítear gníomhaíochtaí amhail cumainn phóir agus oibríochtaí pórúcháin a aithint, cláir phóraithe a fhormheas nó cúnamh a thabhairt do Bhallstáit eile agus do thríú tíortha. |
|
(63) |
Le haghaidh chur i bhfeidhm éifeachtach na rialacha Aontais maidir le hainmhithe pórúcháin agus táirgí geirmeacha díobh a leagtar síos sa Rialachán seo, is gá go gcomhoibríonn údaráis inniúla na mBallstát lena chéile agus go soláthraíonn siad cúnamh riaracháin aon uair is gá. Dá réir sin, ba cheart rialacha ginearálta maidir le cúnamh riaracháin agus comhoibriú, atá comhchosúil leo siúd atá leagtha amach faoi láthair i dTeideal IV de Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23), a leagan síos sa Rialachán seo, i dteannta na n-oiriúnuithe is gá. |
|
(64) |
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiun chun, i gcás ina bhfuil fianaise ann nach bhfuil reachtaíocht an Aontais maidir le pórú ainmhithe á chomhlíonadh i dtríú tír, agus gur neamhchomhlíonadh tromchúiseach forleathan atá i gceist, bearta speisialta a ghlacadh chun teorainn a chur le tionchar an neamhchomhlíonta sin. |
|
(65) |
Ba cheart freisin go mbeadh na cumhachtaí is gá ag údaráis inniúla na mBallstát chun na rialacha zóiteicniúla agus gineolaíocha maidir le hainmhithe pórúcháin mar a leagtar síos sa Rialachán seo a fhorfheidhmiú, lena n-áirítear formheas cláir phóraithe a fhionraí nó aitheantas cumann póir nó oibríocht phórúcháin a tharraingt siar i gcás nach gcomhlíontar na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo. |
|
(66) |
Ba cheart don Choimisiún rialuithe a dhéanamh sna Ballstáit de réir mar is iomchuí, inter alia, i bhfianaise thorthaí na rialuithe oifigiúla arna ndéanamh ag Ballstáit lena áirithiú go bhfuil na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo á gcur i bhfeidhm sna Ballstáit uile. |
|
(67) |
Ba cheart don Coimisiún rialuithe a dhéanamh i dtríú tíortha, de réir mar is ionchuí, d'fhonn liosta de chomhlachtaí pórúcháin ó thríú tíortha a bhunú ónar cheart tabhairt isteach ainmhithe pórúcháin agus a gcuid seamhain, úicítí agus suthanna san Aontas a cheadú, d'fhonn coinníollacha dá dtabhairt isteach san Aontas a tharraingt suas agus d'fhonn an fhaisnéis zóiteicniúil agus ghineolaíoch a bhaineann le feidhmiú comhaontuithe coibhéiseachta a fháil. Ba cheart don Choimisiún rialuithe a dhéanamh i dtríú tíortha freisin i gcás ina n-éilíonn aon fhadhb athdhéantach nó atá ag teacht chun cinn i ndáil le hainmhithe pórúcháin nó táirgí geirmeacha díobh amhlaidh. |
|
(68) |
Maidir leis an bhfíorú trí rialuithe oifigiúla go gcomhlíontar na rialacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo, tá tábhacht bhunúsach leis chun a áirithiú go ndéantar cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go héifeachtach ar fud an Aontais. Is féidir le mainneachtainí i gcóras rialaithe Ballstáit, i gcásanna áirithe, bac substainteach a chur ar ghnóthú na gcuspóirí sin agus d'fhéadfadh cásanna de neamhchomhlíonadh tromchúiseach forleathan de na rialacha a bheith mar thoradh air. Ba cheart, dá bhrí sin, go mbeadh ar chumas an Choimisiúin freagairt do mhainneachtainí tromchúiseacha a tharlaíonn i gcóras rialaithe Ballstáit trí bhearta a ghlacadh go dtí go mbeidh an ghníomhaíocht is gá déanta ag an mBallstát lena mbaineann chun an briseadh sin a leigheas. D'fhéadfadh a bheith ar áireamh sna bearta sin coinníollacha speisialta maidir le trádáil ainmhithe pórúcháin nó táirgí geirmeacha díobh a thoirmeasc nó a fhorfheidhmiú nó aon bhearta eile a mheasfadh an Coimisiún a bheith iomchuí chun dul i ngleic leis an sárú forleathan sin. |
|
(69) |
De bhrí go bhfuil Treoracha 88/661/CEE, 89/361/CEE, 90/427/CEE, 94/28/CE agus 2009/157/CE le haisghairm agus an Rialachán seo le cur ina n-ionad, is gá freisin gníomhartha an Choimisiúin arna nglacadh de bhun na dTreoracha sin a aisghairm agus, i gcás inar gá sin, gníomhartha tarmligthe nó gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun cumhachtaí faoi seach arna dtabhairt sa Rialachán seo a chur ina n-ionad. Dá réir sin, ba cheart na gníomhartha sin de chuid an Choimisiúin a aisghairm agus, nuais is gá, gníomhartha nua a chur ina n-ionad. |
|
(70) |
Chun cur i bhfeidhm cuí an Rialacháin seo a áirithiú agus chun é a fhorlíonadh, nó chun na hIarscríbhinní a ghabhann leis a leasú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis na ceanglais do thástáil feidhmíochta agus do mheastóireacht ghéiniteach, le cúraimí agus ceanglais ionad tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh agus le hinneachar agus formáid deimhnithe zóiteicniúla a leagan síos. |
|
(71) |
Agus gníomhartha tarmlighte á n-ullmhú agus á dtarraingt suas, tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016 (24). Go háirithe, chun rannpháirtíocht chothrom a áirithiú in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe, ba cheart go bhfaigheadh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe ó na Ballstáit, agus ba cheart go mbeadh rochtain go sistéamach ag a saineolaithe ar chruinnithe shainghrúpaí an Choimisiúin atá ag plé le hullmhú na ngníomhartha tarmlighe. |
|
(72) |
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le forálacha an Rialacháin seo a chur chun feidhme maidir le samhail-fhoirmeacha don fhaisnéis atá le soláthar ag na Ballstáit don phobal maidir leis an liosta de chumainn phóir agus oibríochtaí pórúcháin atá aitheanta, leis na modhanna chun sainaitheantas na n-ainmhithe pórúcháin folaíochta a fhíordheimhniú, le tástáil feidhmíochta agus meastóireacht ghéiniteach, le hainmniú ionad tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh, le samhail-fhoirmeacha den doiciméad aitheantais saolré aonair le haghaidh equidae, leis na samhlacha do dheimhnithe zóiteicniúla a ghabhann le hainmhithe pórúcháin agus táirgí geirmeacha díobh, le haithint choibhéiseachta na mbeart a chuirtear i bhfeidhm i dtríú tíortha, le cur isteach tromchúiseach ar an gcóras rialaithe i mBallstát agus le bearta speisialta a bhunú maidir le hainmhithe pórúcháin agus táirgí geirmeacha díobh a thabhairt isteach san Aontas, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25). I gcás nach dtugann an Buanchoiste um an Zóiteicnic tuairim, níor cheart don Choimisiún an gníomh cur chun feidhme a ghlacadh. |
|
(73) |
Tá na rialacha arna leagan síos sa Rialachán seo agus i ngníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme an Choimisiúin arna nglacadh de bhun na gcumhachtaí arna dtabhairt sa Rialachán seo le teacht in ionad na rialacha a leagtar síos i dTreoracha 87/328/CEE, 88/661/CEE, 89/361/CEE, 90/118/CEE, 90/119/CEE, 90/427/CEE, 91/174/CEE, 94/28/CE agus 2009/157/CE agus i gCinneadh 96/463/CE. Dá réir sin, ba cheart na gníomhartha dlí sin a aisghairm. |
|
(74) |
Na Cinntí seo a leanas de chuid an Choimisiún maidir le, inter alia, critéir speicis-oiriúnaithe maidir le formheas nó aithint cumann póir agus oibríochtaí pórúcháin, iontráil ainmhithe pórúcháin i bpórleabhair, glacadh le hainmhithe le haghaidh pórúcháin agus inseamhnú saorga, le haghaidh tástáil feidhmíochta agus meastóireacht ghéiniteach, glacadh iad de bhun Threoracha 88/661/CEE, 89/361/CEE, 90/427/CEE, 94/28/CE agus 2009/157/CE: Cinntí 84/247/CEE (26), 84/419/CEE (27), 89/501/CEE (28), 89/502/CEE (29), 89/504/CEE (30), 89/505/CEE (31), 89/507/CEE (32), 90/254/CEE (33), 90/255/CEE (34), 90/256/CEE (35), 90/257/CEE (36), 92/353/CEE (37), 96/78/CE (38) agus 2006/427/CE (39) ón gCoimisiún. Ba cheart go bhforálfaí leis an Rialachán seo do rialacha a thagann in ionad na rialacha sin atá leagtha síos sna cinntí sin de chuid an Choimisiúin. |
|
(75) |
Ba cheart rialacha a leagan síos sa Rialachán seo atá comhchosúil leis na rialacha sin a leagadh síos i gCinneadh 92/354/CEE ón gCoimisiún (40). |
|
(76) |
Glacadh na gníomhartha dlí seo a leanas de chuid an Choimisiúin de bhun Threoracha 88/661/CEE, 89/361/CEE, 90/427/CEE, 94/28/CE agus 2009/157/CE: Cinntí 89/503/CEE (41), 89/506/CEE (42), 90/258/CEE (43), 96/79/CE (44), 96/509/CE (45), 96/510/CE (46) agus 2005/379/CE (47) ón gCoimisiún, agus Rialachán Cur chun Feidhme (AE) Uimh. 2015/262 ón gCoimisiún (48). Ba cheart go bhforálfaí leis an Rialachán seo do rialacha a thagann in ionad na rialacha sin atá leagtha síos sna gníomhartha dlí sin de chuid an Choimisiúin. |
|
(77) |
Chun soiléireacht dlí a áirithiú agus chun dúbailt a sheachaint, ba cheart na gníomhartha dlí de chuid an Chomisiúin dá dtagraítear in Aithris 74, Aithris 75 agus Aithris 76 a aisghairm ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. De bhreis air sin, ba cheart don Choimisiún, 18 mí ar a laghad roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos na samhail-fhoirmeacha do chur i láthair na faisnéise atá le háireamh ar an liosta de chumainn phóir agus eagraíochtaí pórúcháin aitheanta atá le cur ar fáil go poiblí ag na Ballstáit, chomh maith leis na samhail-fhoirmeacha do na deimhnithe zóiteicniúla le haghaidh ainmhithe pórúcháin agus táirgí geirmeacha díobh. Ba cheart go mbeadh na gníomhartha cur chun feidhme sin infheidhme amhail faoi dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. |
|
(78) |
Chun trasdul réidh a áirithiú d'eagraíochtaí póraitheoirí, d'eagraíochtaí pórúcháin, do chomhlachais póraitheoirí, do ghnóthais phríobháideacha nó d'eagraíochtaí nó comhlachais eile atá formheasta nó aitheanta faoi na gníomhartha arna n-aisghairm leis an Rialachán seo, bíodh teorainn ama i gceist leis sin nó ná bíodh, agus do chláir phóraithe atá á ndéanamh ag na hoibreoirí sin, ba cheart na hoibreoirí sin agus a gcláir phóraithe a mheas mar a bheith aitheanta nó formheasta i gcomhréir leis an Rialachán seo. Mar thoradh air sin, níor cheart na hoibreoirí sin bheith faoi réir na nósanna imeachta d'aitheantas, d'fhormheas agus d'fhógra maidir leis an gcríoch gheografacach a leagtar amach sa Rialachan seo a leathnú chuig Ballstáit eile, cé gur cheart go mbeadh forálacha eile an Rialacháin seo infheidhme ina leith. Ba cheart do Bhallstáit a áirithiú go bhfuil na rialacha uile dá bhforáiltear sa Rialacháin seo á gcomhlíonadh ag na hoibreoirí sin, go háirithe trí rialuithe oifigiúla riosca-bhunaithe a dhéanamh ina leith. I gcás neamhchomhlíonadh na rialacha sin, ba cheart do na húdaráis inniúla a áirithiú go ndéanann na hoibreoirí sin na bearta is gá chun an neamhchomhlíonadh sin a leigheas agus, i gcás inar gá sin, aitheantas na n-oibreoirí sin nó formheas a gclár póraithe a fhionraí nó a tharraingt siar. |
|
(79) |
Rinne an Coimisiún togra le haghaidh Rialachán nua maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile a ghlacadh le déanaí. Tá sé beartaithe leis an Rialachán nua sin go ndéanfar Rialachán (CE) Uimh. 882/2004, Treoir 89/608/CEE ón gComhairle (49), Treoir 90/425/CEE ón gComhairle (50), agus Treoracha 91/496/CEE agus 97/78/CE a aisghairm. Tá sé beartaithe freisin cuid áirithe de na rialacha a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 agus sna Treoracha sin a chorprú sa Rialachán nua, leis na hoiriúnuithe is gá déanta orthu. Níl sé beartaithe, áfach, go dtiocfadh pórú ainmhithe faoin raon feidhme an Rialacháín nua sin. Ar mhaithe le soiléireacht agus deimhneacht dhlíthiúil, agus go dtí go ndéanfar Treoracha 89/608/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE agus 97/78/CE a aisghairm trí bhíthin an Rialacháin nua sin, is gá na tagairtí do “zóiteicniúil” a scriosadh as Treoracha 89/608/CEE agus 90/425/CEE, cé nach bhfuil an leasú sin riachtanach i dTreoir 91/496/CEE ná 97/78/CE. Ba cheart Treoir 89/608/CEE agus Treoir 90/425/CE a leasú dá réir. |
|
(80) |
Go dtí dáta chur i bhfeidhm Airteagal 110 Rialachán (AE) 2016/429, ba cheart go mbeadh cumainn phóir a ghabhann do chláir phóraithe formheasta i dtaca le hainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas eachaí in ann leanúint de bheith ag eisiúint doiciméad céannachta do na hainmhithe pórúcháin folaíochta sin i gcomhréir le hAirteagal 8(1) de Threoir 90/427/CEE. |
|
(81) |
Ba cheart go mbeadh an Rialachán seo infheidhme ón gcéad lá den octú mí is fiche i ndiaidh an dáta a thiocfaidh sé i bhfeidhm. |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL I
Forálacha Ginearálta
Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme
1. Leagtar síos leis an Rialachán seo:
|
(a) |
rialacha zóiteicniúla agus gineolaíocha maidir le trádáil ainmhithe pórúcháin agus táirgí geirmeacha díobh agus maidir lena dtabhairt isteach san Aontas; |
|
(b) |
rialacha maidir le haitheantas a thabhairt do chumainn phóir agus d'oibríochtaí pórúcháin agus maidir le formheas a gclár póraithe; |
|
(c) |
cearta agus oibleagáidí na bpóraitheoirí, na gcumann póir agus na n-oibríochtaí pórúcháin; |
|
(d) |
rialacha maidir le hiontráil ainmhithe pórúcháin i bpórleabhair agus i rollaí pórúcháin agus glacadh le hainmhithe pórúcháin agus táirgí geirmeacha díobh le haghaidh pórúcháin; |
|
(e) |
rialacha maidir le tástáil feidhmíochta agus meastóireacht ghéiniteach d'ainmhithe pórúcháin; |
|
(f) |
rialacha maidir le deimhnithe zóiteicniúla a eisiúint le haghaidh ainmhithe pórúcháin agus táirgí geirmeacha díobh; |
|
(g) |
rialacha maidir le rialuithe oifigiúla a dhéanamh, agus go háirithe iad siúd maidir le cumainn phóir agus le hoibríochtaí pórúcháin, agus rialacha maidir le feidhmiú gníomhaíochtaí oifigiúla eile; |
|
(h) |
rialacha maidir le cúnamh riaracháin agus comhar agus maidir le forfheidhmiú ag Ballstáit; |
|
(i) |
rialacha maidir le feidhmiú rialuithe ag an gCoimisiún i mBallstáit agus i dtríú tíortha. |
2. Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le hainmhithe pórúcháin agus le táirgí geirmeacha díobh i gcás ina bhfuil sé beartaithe na hainmhithe sin nó na hóga a thagann ó na táirgí geirmeacha sin a iontráil mar ainmhithe pórúcháin folaíochta i bpórleabhar nó a chlárú mar mhuca pórúcháin hibrideacha i rolla pórúcháin.
3. Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le hainmhithe pórúcháin agus táirgí geirmeacha díobh i gcás ina bhfuil na hainmhithe agus na táirgí geirmeacha sin beartaithe chun iad a úsáid i gcomhair turgnaimh theicniúla nó eolaíochta a dhéantar faoi rialú na n-údarás inniúil.
4. Níl feidhm ag Airteagal 9(4), Airteagal 13, Airteagal 14(3) agus (4), Airteagal 23 agus 24, Airteagal 28(2) agus Airteagal 36(1) maidir le gnóthais phríobháideacha, atá aitheanta mar oibríochtaí pórúcháin, atá ag obair i gcórais táirgeachta iata.
5. Tá an Rialachán seo gan dochar do na cearta atá ag Ballstáit bearta náisiúnta a dhéanamh chun an chaoi a ndéantar cláir phóraithe nach bhfuil formheasta i gcomhréir le hAirteagal 8(3), agus, i gcás inarb infheidhme, Airteagal 12, a rialáil.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
(1) |
ciallaíonn “ainmhí” ainmhí clóis de na speicis seo:
|
|
(2) |
ciallaíonn “pór” pobal ainmhithe atá aonfhoirmeach go leordhóthanach chun go ndéanfadh ceann amháin nó níos mó de ghrúpaí póraitheoirí, a bhfuil sé comhaontaithe acu na hainmhithe sin in éineacht le sonraí a sinsear aitheanta a iontráil ina bpórleabhair chun críche a saintréithe dúchais a atáirgeadh trí atáirgeadh, malartú agus roghnú faoi chuimsiú cláir phóraithe, a mheas gur ainmhithe iad atá éagsúil ó ainmhithe eile den speiceas céanna; |
|
(3) |
ciallaíonn “ainmhí pórúcháin” ainmhí pórúcháin folaíochta nó muc phórúcháin hibrideach; |
|
(4) |
ciallaíonn “táirgí geirmeacha” seamhan, úicítí agus suthanna arna mbailiú nó arna dtáirgeadh ó ainmhithe pórúcháin ar mhaithe le hatáirgeadh cuidithe; |
|
(5) |
ciallaíonn “cumann póir” aon chomhlachas póraitheoirí, eagraíocht phórúcháin nó comhlacht poiblí, seachas údaráis inniúla, atá aitheanta ag údarás inniúil Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 4(3) chun clár póraithe a chur i gcrích ar ainmhithe pórúcháin folaíochta atá iontráilte sa phórleabhar nó sna pórleabhair a dhéanann sé nó sí a chothabháil nó a bhunú; |
|
(6) |
ciallaíonn “oibríocht phórúcháin” aon chomhlachas pórúcháin, eagraíocht phórúcháin, nó gnóthas príobháideach a oibríonn i gcóras táirgeachta iata nó aon chomhlacht poiblí, seachas údaráis inniúla, atá aitheanta ag údarás inniúil Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 4(3) chun clár póraithe a chur i gcrích ar mhuca pórúcháin hibrideacha atá cláraithe sa rolla pórúcháin nó sna rollaí pórúcháin a dhéanann sé nó sí a chothabháil nó a bhunú; |
|
(7) |
ciallaíonn “comhlacht pórúcháin” aon chomhlachas póraitheoirí, eagraíocht phórúcháin, gnóthas príobháideach, eagraíocht tógála stoic nó seirbhís oifigiúil i dtríú tír ar ghlac an tríú tír sin leis, a mhéid a bhaineann le hainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas buaibheach, den speiceas mucúil, den speiceas caorach, den speiceas gabhair nó den speiceas eachaí nó le muca pórúcháin hibrideacha, maidir le hainmhithe pórúcháin a thabhairt isteach san Aontas le haghaidh pórúcháin; |
|
(8) |
ciallaíonn “údaráis inniúla” údaráis Ballstáit atá freagrach, de bhun an Rialacháin seo, as an méid seo a leanas:
|
|
(9) |
ciallaíonn “ainmhí pórúcháin folaíochta” ainmhí atá iontráilte nó atá cláraithe agus incháilithe lena n-iontráil sa phríomhchuid de phórleabhar; |
|
(10) |
ciallaíonn “muc phórúcháin hibrideach” ainmhí den speiceas mucúil atá cláraithe i rolla pórúcháin agus a tháirgtear trí chrosphórú toiliúil nó a úsáidtear le haghaidh crosphórú toiliúil idir:
|
|
(11) |
ciallaíonn “líne” fophobal d'ainmhithe pórúcháin folaíochta de phór ar leith agus ar fophobal é atá cobhsaí agus aonfhoirmeach go géiniteach; |
|
(12) |
ciallaíonn “pórleabhar”:
|
|
(13) |
ciallaíonn “príomhchuid” an chuid de phórleabhar ina n-iontráiltear nó ina gcláraítear ainmhithe pórúcháin folaíochta, agus ina bhfuil siad incháilithe lena n-iontráil, in éineacht le mionsonraí i dtaobh a sinsear agus, i gcás inarb infheidhme, i dtaobh a bhfiúntas; |
|
(14) |
ciallaíonn “aicme” rannán den phríomhchuid ina n-iontráiltear ainmhithe pórúcháin folaíochta de réir a bhfiúntas; |
|
(15) |
ciallaíonn “fiúntas” saintréith inoidhreachta inchainníochtaithe nó airí géiniteach ar leith d'ainmhí pórúcháin; |
|
(16) |
ciallaíonn “luach pórúcháin” meastóireacht ar an éifeacht ionchasach a bheadh ag géinitíopa ainmhí phórúcháin ar shaintréithe ar leith ina shliocht; |
|
(17) |
ciallaíonn “rolla pórúcháin”:
|
|
(18) |
ciallaíonn “rialú oifigiúil” aon chineál rialaithe a dhéanann na húdaráis inniúla chun comhlíonadh na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo a fhíorú; |
|
(19) |
ciallaíonn “gníomhaíochtaí oifigiúla eile” aon ghníomhaíocht seachas rialú oifigiúil a dhéanann údaráis inniúla i gcomhréir leis an Rialachán seo chun a áirithiú go gcuirtear na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo i bhfeidhm; |
|
(20) |
ciallaíonn “deimhniú zóiteicniúil” deimhnithe póraithe, fianuithe nó doiciméadúchán tráchtála arna n-eisiúint ar pháipéar nó i bhfoirm leictreonach le haghaidh ainmhithe pórúcháin agus táirgí geirmeacha díobh agus ina dtugtar faisnéis maidir le ginealach, aitheantas agus, i gcás ina bhfuil siad ar fáil, torthaí na tástála feidhmíochta nó na meastóireachta géinití; |
|
(21) |
ciallaíonn “a thabhairt isteach san Aontas” nó “tabhairt isteach san Aontas” an ghníomhaíocht lena dtugtar ainmhithe agus a gcuid seamhain, úicítí agus suthanna isteach i gceann de na críocha a liostaítear in Iarscríbhinn VI ó lasmuigh de na críocha sin, ach gan an t-idirthuras san áireamh; |
|
(22) |
ciallaíonn “trádáil” an ghníomhaíocht trína ndéantar ainmhithe nó táirgí geirmeacha díobh a cheannach, a dhíol, a mhalartú nó a fháil nó a scaoileadh ó sheilbh ar shlí eile laistigh den Aontas, lena n-áirítear laistigh de Bhallstát; |
|
(23) |
ciallaíonn “oibreoir” aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá faoi réir na rialacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo, amhail cumainn phóir, oibríochtaí pórúcháin, tríú páirtithe atá ainmnithe ag cumainn phóir nó ag oibríochtaí pórúcháin i gcomhréir le hAirteagal 27(1)(b), ionaid bhailithe agus stórála seamhain, ionaid stórála suthanna, foirne bailithe agus táirgthe suthanna, agus póraitheoirí; |
|
(24) |
ciallaíonn “pór atá i mbaol” pór áitiúil, atá aitheanta ag Ballstát mar phór atá i mbaol, agus atá oiriúnaithe go géiniteach do cheann amháin nó níos mó de chórais táirgeachta traidisiúnta nó do thimpeallachtaí sa Bhallstát sin agus sa chás go bhfuil an stádas de bheith i mbaol suite go heolaíochtúil ag comhlacht ag a bhfuil na scileanna agus an t-eolas is gá i réimse na bpórtha atá i mbaol; |
|
(25) |
ciallaíonn “gnóthas príobháideach atá ag feidhmiú i gcóras táirgeachta iata” gnóthas príobháideach ag a bhfuil clár póraithe agus nach bhfuil póraitheoirí ar bith rannpháirteach sa chlár sin nó gur líon teoranta póraitheoirí atá rannpháirteach sa chlár sin agus go bhfuil siad faoi cheangal ag an ngnóthas príobháideach sin chun soláthar na muca pórúcháin hibrideacha a ghlacadh uaidh nó chun muca pórúcháin hibrideacha a sholáthar dó; |
|
(26) |
ciallaíonn “clár póraithe” sraith de ghníomhaíochtaí córasacha, lena n-áirítear taifeadadh, roghnú, pórú agus malartú ainmhithe pórúcháin agus táirgí geirmeacha díobh, agus gur gníomhaíochtaí iad atá ceaptha agus curtha chun feidhme ar mhaithe le saintréithe feinitíopacha agus/nó géinitíopacha sa spriocdaonra pórúcháin a chaomhnú nó a fheabhsú. |
Airteagal 3
Rialacha ginearálta zóiteicniúla agus gineolaíocha maidir le trádáil ainmhithe pórúcháin agus táirgí geirmeacha díobh, agus maidir lena dtabhairt isteach san Aontas
1. Ní dhéanfar trádáil ainmhithe pórúcháin agus táirgí geirmeacha díobh ná tabhairt isteach ainmhithe pórúcháin agus táirgí geirmeacha díobh san Aontas a thoirmeasc, a shrianadh nó a bhacadh ar fhorais zóiteicniúla ná ghineolaíocha seachas ar na forais sin a eascraíonn as na rialacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo.
2. Póraitheoirí ainmhithe pórúcháin, cumainn phóir, oibríochtaí pórúcháin nó comhlachtaí pórúcháin, ní dhéanfar idirdhealú ina n-aghaidh ar bhonn a dtíre tionscnaimh ná thír tionscnaimh a n-ainmhithe pórúcháin nó na dtáirgí geirmeacha a thagann ó na hainmhithe sin.
CAIBIDIL II
Aitheantas a thabhairt do chumainn phóir agus oibríochtaí pórúcháin i mBallstáit agus formheas na gclár póraithe
Airteagal 4
Aitheantas a thabhairt do chumainn phóir agus oibríochtaí pórúcháin
1. I dtaca le hainmhithe pórúcháin folaíochta, féadfaidh comhlachais phóraitheoirí, eagraíochtaí pórúcháin nó comhlachtaí poiblí iarratais a chur chuig na húdaráis inniúla ar aitheantas mar chumann póir:
I dtaca le muca pórúcháin hibrideacha, féadfaidh comhlachais phóraitheoirí, eagraíochtaí pórúcháin, gnóthais phríobháideacha atá ag feidhmiú i gcóras táirgeachta iata nó comhlachtaí poiblí iarratas a chur chuig na húdaráis inniúla ar aitheantas mar chumann póir;
2. Is i scríbhinn, bíodh sin ar pháipéar nó i bhfoirm leictreonach, a bheidh na hiarratais dá dtagraítear i mír 1.
3. Déanfaidh na húdaráis inniúla meastóireacht ar na hiarratais dá dtagraítear i mír 1. Tabharfaidh siad aitheantas mar chumann póir d'aon iarratasóir dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1 agus mar oibríocht phórúcháin d'aon iarratasóir dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 1 a chomhlíonann na ceanglais seo a leanas:
|
(a) |
go bhfuil a cheannoifig aige ar chríoch an Bhallstáit ina bhfuil an t-údarás inniúil lonnaithe; |
|
(b) |
go léiríonn sé ina iarratas go gcomhlíonann sé na ceanglais a leagtar amach i gCuid 1 d'Iarscríbhinn I dá chláir phóraithe a bhfuil sé ar intinn aige iarratas ar fhormheas a dhéanamh ina leith i gcomhréir le hAirteagal 8(3) agus, i gcás inarb infheidhme, Airteagal 12; |
|
(c) |
go bhfuil ina iarratas, i gcás gach ceann de na cláir phóraithe sin atá beartaithe, dréachtleagan den chlár póraithe a bhfuil le bheith ar áireamh ann an fhaisnéis a leagtar amach i gCuid 2 d'Iarscríbhinn I, agus, sa bhreis air sin i gcás ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas eachaí, i gCuid 3 d'Iarscríbhinn I; |
|
(d) |
go ndéanann sé, agus a iarratas dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo á thíolacadh aige, iarratas ar fhormheas a chur isteach le haghaidh ceann amháin ar a laghad de na cláir phóraithe bheartaithe sin, i gcomhréir le hAirteagal 8(2). |
Airteagal 5
Aitheantas do chumainn phóir agus oibríochtaí pórúcháin a dhiúltú
1. Chun críocha Airteagal 4(1), i gcás ina bhfuil sé beartaithe ag an údarás inniúil diúltú aitheantas a thabhairt d'iarratasóir mar chumann póir nó mar oibríocht phórúcháin, cuirfidh sé míniú réasúnaithe ar fáil don iarratasóir sin maidir leis an diúltú atá beartaithe aige. Beidh an ceart ag an iarratasóir sin a iarraidh go ndéanfaidh an t-údarás inniúil athbhreithniú ar an diúltú beartaithe sin laistigh de 60 lá ón dáta a mbeidh an míniú réasúnaithe faighte, nó níos luaithe nuair a fhorálann rialacha náisiúnta do theorainneacha ama níos giorra.
2. Más rud é, i bhfianaise an athmhachnaimh dá dtagraítear i mír 1, go gcineann an t-údarás inniúil a dhiúltú a dhearbhú, tabharfaidh sé míniú réasúnaithe don iarratasóir maidir lena chinneadh aitheantas a dhiúltú laistigh de 90 lá ón dáta a mbeidh aon iarraidh ar athmhachnamh faighte aige ón iarratasóir, nó níos luaithe nuair a fhorálann rialacha náisiúnta do theorainneacha ama níos giorra. Ag an am céanna, cuirfidh an t-údarás inniúil a chinneadh maidir le haitheantas a dhiúltú maille leis na cúiseanna atá aige é sin a dhéanamh in iúl don Choimisiún.
Airteagal 6
Cláir phóraithe mhodhnaithe a thíolacadh i gcás ina ndéantar aitheantas cumann póir nó oibríochtaí pórúcháin a dhiúltú agus a tharraingt siar in éagmais cláir phóraithe formheasta
1. I gcás ina ndiúltaíonn an t-údarás inniúil a bhfuil aitheantas tugtha aige do chumann póir nó d'oibríocht phórúcháin i gcomhréir le hAirteagal 4(3) formheas a thabhairt do chlár póraithe arna thíolacadh ag an gcumann póir nó ag an oibríocht phórúcháin sin i gcomhréir le hAirteagal 8, beidh an deis ag an gcumann póir nó ag an oibríocht phórúcháin sin leagan modhnaithe den chlár póraithe a thíolacadh laistigh de shé mhí i ndiaidh an diúltaithe sin.
2. Déanfaidh an t-údarás inniúil an t-aitheantas don chumann póir nó don oibríocht phórúcháin sin a tharraingt siar más rud é, faoi dheireadh na tréimhse dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, nach bhfuil leagan modhnaithe den chlár póraithe tíolactha agus i gcás nach bhfuil aon chlár póraithe eile ag an gcumann póir nó ag an oibríocht phórúcháin arna fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 8(3) agus, i gcás inarb infheidhme, le hAirteagal 12.
Airteagal 7
Liostaí de chumainn phóir agus oibríochtaí pórúcháin aitheanta
1. Tarraingeoidh Ballstáit suas liosta de chumainn phóir agus d'oibríochtaí pórúcháin atá aitheanta ag a n-údaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 4(3) agus a bhfuil clár póraithe amháin ar a laghad acu atá formheasta i gcomhréir le hAirteagal 8(3), agus coinneoidh siad an liosta sin cothrom le dáta. Déanfaidh na Ballstáit an liosta sin a chur ar fáil don phobal.
2. Beidh ar áireamh sa liosta dá bhforáiltear i mír 1 an fhaisnéis seo a leanas:
|
(a) |
ainm, sonraí teagmhála agus, i gcás inarb infheidhme, suíomh gréasáin an chumainn phóir nó na hoibríochta pórúcháin; |
|
(b) |
le haghaidh gach cumann póir nó oibríocht phórúcháin atá ar an liosta sin:
|
3. Áireoidh na Ballstáit freisin ar an liosta dá bhforáiltear i mír 2 den Airteagal seo aon údarás inniúil a bhíonn ag gabháil do chlár póraithe i gcomhréir le hAirteagal 38.
4. I gcás ina ndéantar an t-aitheantas do chumann póir nó d'oibríocht phórúcháin a tharraingt siar i gcomhréir le pointe (e) den tríú fomhír d'Airteagal 47(1) nó go ndéantar formheas cláir phóraithe a fhionraí nó a tharraingt siar i gcomhréir le pointe (d) den dara fomhír d'Airteagal 47(1), déanfaidh Ballstáit, gan aon mhoill mhíchuí, an fionraí nó an tarraingt siar sin a thabhairt le fios sa liosta dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo.
Más rud é, ar feadh thréimhse 24 mhí, go leanann an t-aitheantas sin de bheith tarraingthe siar nó go leanann an formheas sin de bheith fionraithe nó tarraingthe siar, déanfaidh na Ballstáit an cumann póir, an oibríocht phórúcháin nó an clár póraithe sin a bhaint go cinntitheach ón liosta dá bhforáiltear i mír 1.
5. Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos samhail-fhoirmeacha maidir le cur i láthair na faisnéise atá le háireamh sa liosta de chumainn phóir agus oibríochtaí pórúcháin aitheanta dá bhforáiltear i mír 1. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 62(2).
Airteagal 8
Formheas clár póraithe arna gcur i gcrích ag cumainn phóir agus oibríochtaí pórúcháin
1. Déanfaidh cumann póir nó oibríocht phórúcháin iarratais ar fhormheas dá chláir phóraithe a thíolacadh don údarás inniúil a thug aitheantas don chumann póir nó don oibríocht phórúcháin sin i gcomhréir le hAirteagal 4(3).
2. Is i scríbhinn, bíodh sin ar pháipéar nó i bhfoirm leictreonach, a bheidh na hiarratais dá dtagraítear i mír 1.
3. An t-údarás inniúil dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh sé meastóireacht ar na cláir phóraithe sin agus déanfaidh sé iad a mheas ar choinníoll:
|
(a) |
go bhfuil ceann de na haidhmeanna seo a leanas acu:
|
|
(b) |
go dtugann siad tuairisc go mion ar na cuspóirí roghnúcháin agus póraithe; |
|
(c) |
go gcomhlíonann siad na ceanglais a leagtar amach i gCuid 2 d'Iarscríbhinn I agus, sa bhreis air sin, i gcás ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas eachaí, na ceanglais a leagtar amach i gCuid 3 d'Iarscríbhinn I. |
4. Féadfaidh cumainn phóir nó oibríochtaí pórúcháin gníomhaíochtaí teicniúla sonracha a bhaineann le bainistiú a gclár póraithe, lena n-áirítear tástáil feidhmíochta agus meastóireacht ghéiniteach, a sheachfhoinsiú chuig tríú páirtí ar choinníoll:
|
(a) |
go mbeidh na cumainn phóir agus na hoibríochtaí pórúcháin fós freagrachdon údarás inniúil as comhlíonadh na gceanglas dá bhforáiltear i gCuid 2 agus i gCuid 3 d'Iarscríbhinn I; |
|
(b) |
nach bhfuil aon choinbhleacht leasa idir an tríú páirtí sin agus gníomhaíochtaí geilleagracha póraitheoirí atá rannpháirteach sa chlár póraithe; |
|
(c) |
go gcomhlíonann an tríú páirtí na ceanglais uile atá riachtanach chun na gníomhaíochtaí sin a chur i gcrích; |
|
(d) |
go bhfuil na gníomhaíochtaí atá beartaithe acu a sheachfhoinsiú, mar aon le hainm agus sonraí teagmhála na dtríú páirtithe sin, sonraithe ag na cumainn phóir agus ag na hoibríochtaí pórúcháin ina n-iarratais dá dtagraítear i mír 2 a dhéanann siad. |
5. Más rud é, ar feadh tréimhse de 24 mhí ar a laghad, nach ann d'aon phóraitheoirí a bhfuil a ngabháltas, ina gcoinníonn siad a n-ainmhithe pórúcháin, lonnaithe i gcuid áirithe de chríoch gheografach, atá rannpháirteach i gclár póraithe formheasta i gcomhréir le mír 3, féadfaidh an t-údarás inniúil dá dtagraítear i mír 1 a chur faoi deara don chumann póir nó don oibríocht phórúcháin lena mbaineann críoch gheografach a chláir phóraithe a choigeartú ionas nach mbeidh ar áireamh inti an chuid sin den chríoch gheografach.
Airteagal 9
Athruithe ar chlár póraithe formheasta
1. Sula ndéanann cumann póir nó oibríocht phórúcháin aon athruithe suntasacha a bhaineann leis na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 8(3) ar a chlár póraithe atá formheasta i gcomhréir leis an bhforáil sin, tabharfaidh sé nó sí fógra i dtaobh na n-athruithe sin don údarás inniúil a bhfuil aitheantas tugtha dó don chumann póir nó don oibríocht phórúcháin sin i gcomhréir le hAirteagal 8(3).
2. Is i scríbhinn, bíodh sin ar pháipéar nó i bhfoirm leictreonach, a bheidh an fógra.
3. Mura rud é go mbeidh a mhalairt tugtha le fios ag an údarás inniúil sin laistigh de thréimhse 90 lá ó dháta an fhógra, measfar na hathruithe sin a bheith formheasta ag an údarás inniúil sin.
4. Déanfaidh cumainn phóir agus oibríochtaí pórúcháin, ar shlí thrédhearcach agus thráthúil, na póraitheoirí atá rannpháirteach ina gcláir phóraithe a chur ar an eolas i dtaobh na n-athruithe ar a gcláir phóraithe atá formheasta i gcomhréir i mír 3.
Airteagal 10
Maoluithe ar Airteagal 8(3) i dtaca le cláir phóraithe a fhormheas
1. De mhaolú ar Airteagal 8(3), féadfaidh an t-údarás inniúil a bhfuil aitheantas tugtha aige do chumann póir i gcomhréir le hAirteagal 4(3) formheas a dhiúltú do chlár póraithe an chumainn phóir sin a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach i gCuid 2 d'Iarscríbhinn I agus sa bhreis air sin i gcás ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas eachaí i gCuid 3 d'Iarscríbhinn I, ar na forais go mbainfeadh an clár póraithe sin an bonn de chlár póraithe atá á dhéanamh ag cumann póir eile don phór céanna agus go bhfuil an clár póraithe eile sin formheasta cheana sa Bhallstát sin a mhéid a bhaineann le maidir le ceann amháin ar a laghad de na nithe seo a leanas:
|
(a) |
tréithe bunriachtanacha na saintréithe póir nó príomhchuspóirí an chláir phóraithe sin; |
|
(b) |
caomhnú an phóir sin nó caomhnú éagsúlacht ghéiniteach laistigh den phór sin; nó |
|
(c) |
i gcás ina bhfuil sé mar aidhm ag an gclár póraithe an pór sin a chaomhnú, cur chun feidhme éifeachtach an chláir phóraithe:
|
2. Chun críche mhír 1, tabharfaidh an t-údarás inniúil aird chuí ar an méid seo a leanas:
|
(a) |
líon na gclár póraithe atá formheasta cheana don phór sin sa Bhallstát; |
|
(b) |
méid na ndaonraí pórúcháin atá clúdaithe ag na cláir phóraithe sin; |
|
(c) |
an t-ionchur géiniteach féideartha ó chláir phóraithe atá á gcur i gcrích ag cumainn phóir eile don phór céanna i mBallstáit eile nó ag comhlachtaí pórúcháin i dtríú tíortha. |
Airteagal 11
Diúltú cláir phóraithe a fhormheas
I gcás ina ndiúltaíonn an t-údarás inniúil a bhfuil aitheantas tugtha aige do chumann póir nó d'oibríocht phórúcháin i gcomhréir le hAirteagal 4(3) formheas a thabhairt do chlár póraithe arna thíolacadh ag cumann póir nó oibríocht phórúcháin den sórt sin i gcomhréir le hAirteagal 8(1) nó go ndiúltaíonn sé athruithe ar chlár póraithe ar tugadh fógra ina leith i gcomhréir le hAirteagal 9(1) a fhormheas, tabharfaidh sé míniú réasúnaithe ar an diúltú sin don chumann póir nó don oibríocht phórúcháin sin.
Airteagal 12
Fógairt agus formheas clár póraithe arna gcur i gcrích i mBallstáit seachas an Ballstát ina bhfuil aitheantas faighte ag an gcumann póir nó ag an oibríocht phórúcháin
1. I gcás ina bhfuil sé ar intinn ag cumann póir nó ag oibríocht phórúcháin clár póraithe atá formheasta i gcomhréir le hAirteagal 8(3) a chur i gcrích freisin ar ainmhithe pórúcháin a choinnítear i mBallstát seachas an Ballstát ina bhfuil an cumann póir nó an oibríocht phórúcháin sin aitheanta i gcomhréir le hAirteagal 4(3) (“an Ballstát eile sin”, chun críche an Airteagail seo), déanfaidh an cumann póir nó an oibríocht phórúcháin sin fógra a thabhairt don údarás inniúil a d'aithin an cumann póir sin nó an oibríocht phórúcháin sin i gcomhréir le hAirteagal 4(3) go bhfuil sé beartaithe aige a chríoch gheografach a leathnú.
2. Déanfaidh an t-údarás inniúil a bhfuil aitheantas tugtha aige do chumann póir nó d'oibríocht phórúcháin i gcomhréir le hAirteagal 4(3) an méid seo a leanas:
|
(a) |
tabharfaidh sé fógra ina leith d'údarás inniúil an Bhallstáit eile sin ar a laghad 90 lá roimh an dáta ar a bhfuil sé beartaithe an clár póraithe a thosú sa Bhallstát eile sin, agus, arna iarraidh sin ag an údarás dár tugadh fógra, soláthróidh sé aistriúchán den fhógra sin i gceann de theangacha oifigiúla an Bhallstáit sin; |
|
(b) |
arna iarraidh sin ag an údarás dár tugadh fógra, déanfaidh sé, ar a laghad 60 lá roimh an dáta ar a bhfuil sé beartaithe an clár póraithe a thosú sa Bhallstát eile sin, cóip den chlár póraithe amhail a bheidh formheasta i gcomhréir le hAirteagal 8(3) a sholáthar agus beidh i dteannta na cóipe sin, má iarrann an t-údarás sin amhlaidh, aistriúchán i gceann de theangacha oifigiúla an Bhallstáit eile sin arna sholáthar ag an gcumann póir nó an oibríocht phórúcháin a bheidh ag déanamh an iarratais. |
3. Féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit eile sin, laistigh de 90 lá ón dáta a bhfaigheann sé an fógra dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 2, diúltú formheas a thabhairt do chur i gcrích an chláir phóraithe, más rud é:
|
(a) |
go bhfuil clár póraithe formheasta á chur i gcrích cheana féin sa Bhallstát eile sin ar ainmhithe pórúcháin folaíochta den phór céanna; agus |
|
(b) |
go mbainfeadh formheas cláir phóraithe eile an bonn de chlár póraithe atá á chur i gcrích ag cumann póir eile don phór céanna a bhfuil formheas faighte cheana ina leith sa Bhallstát eile sin a mhéid a bhaineann le ceann amháin de na nithe seo a lenas ar a laghad:
|
4. Cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit eile sin in iúl d'údarás inniúil an Bhallstáit a bhfuil aitheantas tugtha aige don chumann póir nó don oibríocht phórúcháín i gcomhréir le hAirteagal 4(3) cén toradh a bhí ar an bhfógra dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo agus, i gcás ina ndiúltaíonn sé formheas a thabhairt don chlár póraithe a bheith á chur i gcrích ina chríoch, tabharfaidh sé míniú réasúnaithe dá dhiúltú.
5. I gcás nach bhfreagraíonn údarás inniúil an Bhallstáit eile sin an fógra sin dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 2 laistigh de 90 lá tar éis an fógra sin a fháil, beidh sé sin ionann le formheas a thabhairt.
6. Údarás inniúil an Bhallstáit a bhfuil aitheantas tugtha aige don chumann póir nó don oibríocht phórúcháin i gcomhréir le hAirteagal 4(3), cuirfidh sé an cumann póir nó an oibríocht phórúcháin ar an eolas maidir le toradh an fhógra dá bhforáiltear i bpointe (a) de mhír 2 den Airteagal seo gan aon mhoill mhíchuí agus, i gcás diúltaithe, tabharfaidh sé míniú réasúnaithe ar an diúltú sin dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo don chumann póir nódon oibríocht phórúcháin sin.
7. I gcás ina ndiúltaíonn údarás inniúil an Bhallstáit eile sin formheas a thabhairt i gcomhréir le mír 3, cuirfidh sé an diúltú sin, in éineacht le ráiteas maidir leis na cúiseanna atá leis an diúltiú sin, in iúl don Choimisiún.
8. I gcás ina ndiúltaíonn údarás inniúil an Bhallstáit eile sin an formheas a thabhairt i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo agus i gcás ina n-iarrann an cumann póir nó ag an oibríocht phórúcháin ag a bhfuil sé beartaithe an clár póraithe sin a chur i gcrích sa Bhallstát eile sin go ndéanfaí athmhachnamh ar an diúltú sin, comhoibreoidh údarás inniúil an Bhallstáit eile sin agus údarás inniúil an Bhallstát a bhfuil aitheantas tugtha aige don chumann póir nó don oibríocht phórúcháin i gcomhréir le hAirteagal 4(3)le chéile a mhéid a bhaineann leis an iarraidh sin ar athmhachnamh.
9. Déanfaidh an t-údarás inniúil a bhfuil aitheantas tugtha aige don chumann póir nó don oibríocht phórúcháin i gcomhréir le hAirteagal 4(3) údarás inniúil an Bhallstáit eile sin a chur ar an eolas i dtaobh athruithe i gcláir phóraithe formheasta i gcomhréir le hAirteagal 9(3).
10. Arna iarraidh sin ag údarás inniúil an Bhallstáit eile sin, déanfaidh an cumann póir nó an oibríocht phórúcháin atá ag feidhmiú i gcomhréir leis an Airteagal seo ar chríoch an Bhallstáit eile sin faisnéis cothrom le dáta a thabhairt don údarás inniúil sin, go háirithe maidir le líon na bpóraitheoirí agus na n-ainmhithe pórúcháin ar a bhfuil an clár póraithe á dhéanamh sa chríoch sin. Déanfar aon iarraidh den sórt sin ar an gcaoi chéanna le hiarrataí chuig cumainn phóir nó chuig oibríochtaí pórúcháin atá aitheanta sa Bhallstát arb ina chríoch a oibríonn an t-údarás inniúil sin.
11. Féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit eile sin an formheas do chlár póraithe dá bhforáiltear san Airteagal seo a tharraingt siar más rud é, ar feadh 12 mhí ar a laghad, nach bhfuil aon phóraitheoir ar chríoch an Bhallstáit eile sin rannpháirteach sa chlár póraithe sin.
CAIBIDIL III
Cearta agus oibleagáidí póraitheoirí, cumann póir agus oibríochtaí pórúcháin
Airteagal 13
Cearta póraitheoirí atá rannpháirteach i gcláir phóraithe arna bhformheas i gcomhréir le hAirteagal 8(3), agus, i gcás inarb infheidhme, Airteagal 12
1. Beidh ag póraitheoirí an ceart a bheith rannpháirteach i gclár póraithe arna fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 8(3,) agus, i gcás inarb infheidhme, Airteagal 12 ar choinníoll:
|
(a) |
go bhfuil a gcuid ainmhithe pórúcháin coinnithe ar ghabháltais atá suite laistigh de chríoch gheografach an chláir phóraithe sin; |
|
(b) |
go mbaineann a gcuid ainmhithe pórúcháin, i gcás ainmhithe pórúcháin folaíochta, leis an bpór, nó, i gcás muca pórúcháin hibrideacha, leis an bpór, líne nó crosphór atá cuimsithe leis an gclár póraithe sin. |
2. Póraitheoirí a bheidh rannpháirteach i gclár póraithe arna fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 8(3) agus, i gcás inarb infheidhme, Airteagal 12, beidh acu an ceart:
|
(a) |
go n-iontrálfar a gcuid ainmhithe pórúcháin folaíochta sa phríomhchuid den phórleabhar a bhunaigh an cumann póir don phór i gcomhréir le hAirteagal 18 agus Airteagal 20; |
|
(b) |
go ndéanfar a gcuid ainmhithe a thaifeadadh i gcuid fhorlíontach den phórleabhar a bhunaigh an cumann póir don phór i gcomhréir le hAirteagal 20; |
|
(c) |
go ndéanfar a gcuid muc pórúcháin hibrideach a chlárú i rolla pórúcháin a bhunaigh oibríocht phórúcháin don phór, líne nó crosphór i gcomhréir le hAirteagal 23; |
|
(d) |
a bheith rannpháirteach i dtástáil feidhmíochta agus i meastóireacht ghéiniteach i gcomhréir le hAirteagal 25; |
|
(e) |
go dtabharfar deimhniú zóiteicniúil dóibh i gcomhréir le hAirteagal 30(1) agus (4). |
|
(f) |
go dtabharfar dóibh, arna iarraidh sin, torthaí cothrom le dáta den tástáil feidhmíochta agus den mheastóireacht ghéiniteach ar a gcuid ainmhithe pórúcháin, a luaithe a bhíonn na torthaí sin ar fáil; |
|
(g) |
rochtain a bheith acu ar na seirbhísí uile go léir i ndáil leis an gclár póraithe sin a ndéanann an cumann póir nó an oibríocht phórúcháin a chuireann an clár póraithe i gcrích a sholáthar do na póraitheoirí rannpháirteacha. |
3. Sa bhreis ar na cearta a leagtar síos i mír 1 agus i mír 2, i gcás ina bhforáiltear i rialacha cumainn phóir nó oibríochta pórúcháin do bhallraíocht, beidh freisin ag na póraitheoirí dá dtagraítear i mír 1 an ceart:
|
(a) |
a bheith ina mball den chumann póir sin nó den oibríocht phórúcháin sin; |
|
(b) |
a bheith rannpháirteach i sainiú agus i bhforbairt an chláir phóraithe i gcomhréir leis na rialacha nós imeachta dá dtagraítear i bpointe B(1)(b) de Chuid 1 d'Iarscríbhinn I. |
Airteagal 14
Cearta agus oibleagáidí cumann póir agus oibríochtaí pórúcháin
1. Maidir le cláir phóraithe arna bhformheas i gcomhréir le hAirteagal 8(3) agus, i gcás inarb infheidhme, le hAirteagal 12, beidh ag cumainn phóir agus ag oibríochtaí pórúcháin an ceart cláir phóraithe den sór sin a shainmhíniú agus a chur i gcrích go huathrialach, ar choiníoll go gcomhlíonann siad an Rialachán seo agus aon choinníollacha a ghabhann lena bhformheas.
2. Beidh ag cumainn phóir nó ag oibríochtaí pórúcháin an ceart póraitheoirí a eisiamh óna bheith rannpháirteach i gclár póraithe i gcás ina mainníonn na póraitheoirí sin rialacha an chláir phóraithe nó na hoibleagáidí mar a leagtar amach iad sna rialacha nós imeachta dá dtagraítear i bpointe B(1)(b) de Chuid 1 d'Iarscríbhinn I a chomhlíonadh.
3. Sa bhreis ar an gceart dá dtagraítear i mír 2, beidh ag cumainn phóir agus ag oibríochtaí pórúcháin a dhéanann foráil maidir le ballraíocht an ceart póraitheoirí a eisiamh ó bhallraíocht i gcás ina mainníonn na póraitheoirí sin a n-oibleagáidí mar a leagtar amach sna rialacha nós imeachta dá dtagraítear i bpointe B(1)(b) de Chuid 1 d'Iarscríbhinn I a chomhlíonadh.
4. Gan dochar do ról na gcúirteanna, beidh freagracht ar chumainn phóir agus ar oibríochtaí pórúcháin díospóidí a réiteach a d'fhéadfadh teacht chun cinn idir póraitheoirí, agus idir póraitheoirí agus an cumann póir nó an oibríocht phórúcháin, le linn cláir phóraithe arna bhformheas i gcomhréir le hAirteagal 8(3), agus, i gcás inarb infheidhme, Airteagal 12 a bheith á gcur i gcrích, i gcomhréir leis na rialacha nós imeachta dá dtagraítear i bpointe (B)(1)(b) de Chuid 1 d'Iarscríbhinn I.
CAIBIDIL IV
Iontráil ainmhithe pórúcháin i bpórleabhair agus i rollaí pórúcháin agus glacadh leo le haghaidh pórúcháin
Airteagal 15
Struchtúr na bpórleabhar
I bpórleabhair beidh príomhchuid agus, i gcás ina sonraítear amhlaidh sa chlár póraithe arna fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 8(3), agus, i gcás inarb infheidhme, le hAirteagal 12, beidh iontu ceann amháin nó níos mó de chodanna forlíontacha.
Airteagal 16
Príomhchuid na bpórleabhar
1. I gcás ina mbunaíonn cumainn phóir critéir nó nósanna imeachta éagsúla d'iontráil na n-ainmhithe pórúcháin folaíochta in aicmí éagsúla, féadfaidh na cumainn phóir sin phríomhchuid na bpórleabhar a roinnt ina haicmí:
|
(a) |
de réir fhiúntas na n-ainmhithe sin agus na haicmí sin a fhoroinnt arís de réir aoise nó inscne; nó |
|
(b) |
de réir aois nó inscne na n-ainmhithe sin, ar choinníoll go ndéantar na haicmí sin a fhoroinnt freisin de réir a bhfiúntas. |
Féadfar a éileamh sna critéir agus nósanna imeachta sin go ndéanfaí tástáil feidhmíochta nó meastóireacht ghéiniteach dá bhforáiltear in Airteagal 25 ar an ainmhí pórúcháin folaíochta sin nó go ndéanfaí aon mheasúnú eile a bhfuil tuairisc air sa chlár póraithe arna fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 8(3), agus, i gcás inarb infheidhme, Airteagal 12 sula ndéantar an iontráil in aicme ar leith den phríomhchuid.
2. Más rud é go mbunaíonn clár póraithe coinníollacha maidir le hiontráil i bpríomhchuid an phórleabhair de bhreis ar na coinníollacha sin a leagtar amach i gCaibidil I de Chuid 1 d'Iarscríbhinn II, déanfaidh an cumann póir atá ag gabháil don chlár póraithe sin aicme amháin ar a laghad a bhunú sa phríomhchuid sin ina ndéanfar ainmhithe pórúcháin folaíochta a chomhlíonann coinníollacha Chaibidil I de Chuid 1 d'Iarscríbhinn II agus Airteagal 21, agus na coinníollacha sin amháin, a iontráil ar iarratas chuige sin ón bpóraitheoir.
Airteagal 17
Codanna forlíontacha na bpórleabhar
Féadfaidh cumainn phóir cuid fhorlíontach amháin nó níos mó a bhunú sa phórleabhar le haghaidh ainmhithe den speiceas céanna nach bhfuil incháilithe le haghaidh iontrála sa phríomhchuid, ar choinníoll go gceadaíonn na rialacha a leagtar amach sa chlár póraithe sliocht na n-ainmhithe sin a iontráil sa phríomhchuid i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach:
|
(a) |
i gcás ainmhithe baineanna den speiceas buaibheach, den speiceas mucúil, den speiceas caorach agus den speiceas gabhair, i bpointe 1(a) de Chaibidil III de Chuid 1 d'Iarscríbhinn II; |
|
(b) |
i gcás ainmhithe de phórtha atá i mbaol den speiceas buaibheach, den speiceas mucúil, den speiceas caorach agus den speiceas gabhair nó pórtha “crua” caorach, i bpointe 2 de Chaibidil III de Chuid 1 d'Iarscríbhinn II; nó |
|
(c) |
i gcás ainmhithe fireanna agus baineanna den speiceas eachaí, i bpointe 1(b) de Chaibidil III de Chuid 1 d'Iarscríbhinn II. |
Airteagal 18
Iontráil ainmhithe pórúcháin folaíochta sa phríomhchuid den leabhar pórúcháin
1. Déanfaidh cumainn phóir, arna iarraidh sin do phóraitheoirí, aon ainmhithe pórúcháin folaíochta den phór atá clúdaithe ag a gclár póraithe a iontráil nó a chlárú le haghaidh iontrála sa phríomhchuid dá bpórleabhar, ar choinníoll go gcomhlíonann na hainmhithe sin na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil I de Chuid 1 d'Iarscríbhinn II agus, i gcás inarb infheidhme, go raibh na hainmhithe sin ina n-óga a d'eascair as ainmhithe pórúcháin nó táirgí geirmeacha dóibh, i gcomhréir leis na rialacha dá bhforáiltear in Airteagal 21.
2. Ní dhiúltóidh cumainn phóir ainmhí pórúcháin folaíochta a iontráil sa phríomhchuid dá phórleabhar ar an mbonn go bhfuil an t-ainmhí sin iontráilte cheana féin sa phríomhchuid de phórleabhar an phóir chéanna nó, i gcás clár crosphóraithe a dhéantar ar ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas eachaí, do phór eile, ar pórleabhar é arna bhunú ag cumann póir eile atá aitheanta i gcomhréir le hAirteagal 4(3) nó ag comhlacht pórúcháin i dtríú tír atá ar áireamh sa liosta dá bhforáiltear in Airteagal 34.
3. I gcás ina bhfuil phríomhchuid an phórleabhair roinnte in aicmí, déanfaidh an cumann póir ainmhithe pórúcháin folaíochta a chomhlíonann na critéir le haghaidh iontrála sa phríomhchuid a iontráil san aicme a fhreagraíonn d'ábhair fiúntais na n-ainmhithe pórúcháin folaíochta sin.
Airteagal 19
Maoluithe ó na ceanglais maidir le hainmhithe a iontráil i bpríomhchuid pórleabhar sa chás go gcruthaítear pór nua nó go ndéantar pór a athchruthú
1. De mhaolú ar Airteagal 18(1), i gcás ina mbíonn cumann póir ag gabháil do chlár póraithe atá formheasta i gcomhréir le hAirteagal 8(3,) agus, i gcás inarb infheidhme, le hAirteagal 12 le haghaidh póir nach bhfuil aon phórleabhar ann dó i mBallstát ar bith ná i dtríú tír atá ar áireamh sa liosta dá bhforáiltear in Airteagal 34, féadfaidh an cumann póir sin ainmhithe pórúcháin folaíochta nó sliocht ainmhithe pórúcháin folaíochta de phórtha éagsúla nó aon ainmhí a ndéanann an cumann póir a bhreithniú go dtagann sé leis na saintréithe don phór nua sin agus, i gcás inarb infheidhme, go gcomhlíonann sé na ceanglais feidhmíochta íosta a leagtar síos sa chlár póraithe a iontráil i bpríomhchuid an phórleabhair atá nuabhunaithe.
Cumainn phóir a bhaineann leas as an maolú sin, déanfaidh siad an méid seo a leanas:
|
(a) |
socróidh siad ina gclár póraithe tréimhse chun pórleabhar nua a bhunú a bheidh iomchuí d'eatramh idir glúine an speicis nó an phóir atá i gceist; |
|
(b) |
déanfaidh siad tagairt d'aon phórleabhar reatha inar iontráladh na hainmhithe pórúcháin folaíochta nó a dtuismitheoirí den chéad uair i ndiaidh breithe, in éineacht le huimhir chlárúcháin bhunaidh an phórleabhair sin; |
|
(c) |
sainaithneoidh siad ina gcóras chun ginealach a thaifeadadh cad iad na hainmhithe a mheasann siad a bheith ina mbunstoc don phór. |
2. I gcás ina mbíonn sé beartaithe ag cumann póir pór atá imithe in éag nó atá go mór i mbaol imeacht in éag a athchruthú, féadfaidh Ballstát nó, má chinneann sé amhlaidh, údarás inniúil a údarú go ndéanann an cumann póir sin sliocht na n-ainmhithe pórúcháin folaíochta den phór sin atá le hathchruthú nó ainmhithe pórúcháin folaíochta nó sliocht ainmhithe pórúcháin folaíochta de phórtha eile atá mar chuid d'athchruthú an phóir sin nó aon ainmhí a ndéanann an cumann póir a bhreithniú go dtagann sé leis na saintréithe don phór atá le hathchruthú agus, i gcás inarb infheidhme, go gcomhlíonann sé na ceanglais feidhmíochta íosta a leagtar síos sa chlár póraithe a iontráil i bpríomhchuid an phórleabhair ar choinníoll:
|
(a) |
go ndéantar tréimhse maidir le bunú nó le hathbhunú an phórleabhair sin, atá iomchuí don phór lena mbaineann, a shocrú sa chlár póraithe; |
|
(b) |
i gcás inarb infheidhme, go dtagraítear d'aon phórleabhar inar iontráladh na hainmhithe pórúcháin folaíochta nó a sinsear den chéad uair, in éineacht le huimhir chlárúcháin bhunaidh an phórleabhair sin; |
|
(c) |
go ndéantar na hainmhithe a measann an cumann póir gurb iad stoc athchruthaithe an phóir iad a shainaithint sa chóras le haghaidh ginealach a thaifeadadh. |
3. Cumann póir atá ag iarraidh leas a bhaint as an maolú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo nó as an maolú dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, leagfaidh sé síos plean mionsonraithe maidir le cruthú nó athchruthú an phóir ina phórleabhar dá dtagraítear in Airteagal 8(2).
4. Faoi dheireadh na dtréimhsí dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 den Airteagal seo agus i bpointe (a) de mhír 2 den Airteagal seo, déanfaidh an t-údarás inniúil na rialuithe oifigiúla amhail dá bhforáiltear in Airteagal 43 a chur i gcrích.
5. Agus pór á chruthú nó á athchruthú i gcomhréir leis an Airteagal seo, cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis sin ar fáil go poiblí trí thásc chun na héifeachta sin a chur san áireamh sa liosta dá bhforáiltear in Airteagal 7.
Airteagal 20
Ainmhithe a thaifeadadh sna codanna forlíontacha agus óga na n-ainmhithe sin a uasghrádú go dtí an phríomhchuid
1. I gcás ina mbeidh codanna forlíontacha bunaithe ag cumann póir i gcomhréir le hAirteagal 17, déanfaidh an cumann póir sin, ar iarratas ó phóraitheoirí, ainmhithe den speiceas atá clúdaithe ag a gclár póraithe agus nach bhfuil incháilithe le haghaidh iontrála sa phríomhchuid a thaifeadadh sna codanna forlíontacha dá bhforáiltear in Airteagal 17, ar choinníoll go gcomhlíonann na hainmhithe sin na coinníollacha a leagtar amach i gCaibidil II de Chuid 1 d'Iarscríbhinn II.
2. Déanfaidh cumainn phóir, ar iarratas ó phóraitheóirí, síolrach na n-ainmhithe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a iontráil sa phríomhchuid dá bhforáiltear in Airteagal 16 agus breathnóidh siad ar an síolrach sin mar ainmhithe pórúcháin folaíochta, ar choinníoll go gcomhlíonann an síolrach na coinníollacha a leagtar amach i gCaibidil III de Chuid 1 d'Iarscríbhinn II.
Airteagal 21
Glacadh le hainmhithe pórúcháin folaíochta agus táirgí geirmeacha díobh le haghaidh pórúcháin
1. Cumann póir a bhíonn ag gabháil do chlár póraithe atá formheasta i gcomhréir le hAirteagal 8(3), agus, i gcás inarb infheidhme, le hAirteagal 12, le haghaidh póir, glacfaidh sé leo seo a leanas:
|
(a) |
le haghaidh cúpláil nádúrtha, aon ainmhí pórúcháin folaíochta den phór sin; |
|
(b) |
le haghaidh inseamhnú saorga, seamhan a bhailítear ó ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas buaibheach a cuireadh faoi mheastóireacht ghéiniteach i gcomhréir le hAirteagal 25; |
|
(c) |
le haghaidh inseamhnú saorga, seamhan a bhailítear ó ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas mucúil, den speiceas caorach nó den speiceas gabhair a cuireadh faoi thástáil feidhmíochta nó faoi mheastóireacht ghéiniteach i gcomhréir le hAirteagal 25; |
|
(d) |
le haghaidh inseamhnú saorga, seamhan a bhailítear ó ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas eachaí a cuireadh, i gcás ina n-éilítear é sin leis an gclár póraithe atá formheasta i gcomhréir le hAirteagal 8(3), agus, i gcás inarb infheidhme, le hAirteagal 12, faoi thástáil feidhmíochta nó faoi mheastóireacht ghéiniteach i gcomhréir le hAirteagal 25; |
|
(e) |
le haghaidh aistriú suthanna, úicítí a bhailítear agus a úsáidtear le haghaidh táirgeadh in vitro suthanna agus suthanna atá díorthaithe ó tháirgeadh in vivo arna ngineadh trí úsáid a bhaint as seamhan dá dtagraítear i bpointe (b) nó i bpointe (c) den mhír seo, ar choinníoll go ndéantar na húicítí agus na suthanna sin a bhailiú ó ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas buaibheach, den speiceas mucúil, den speiceas caorach nó den speiceas gabhair a cuireadh faoi thástáil feidhmíochta nó faoi mheastóireacht ghéiniteach i gcomhréir le hAirteagal 25; |
|
(f) |
le haghaidh aistriú suthanna, úicítí a bhailítear agus a úsáidtear le haghaidh táirgeadh in vitro suthanna agus suthanna atá díorthaithe ó tháirgeadh in vivo arna ngineadh trí úsáid a bhaint as seamhan dá dtagraítear i bpointe (d) den mhír seo, ar choinníoll go ndearnadh na húicítí agus na suthanna sin a bhailiú ó ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas eachaí a cuireadh, i gcás ina n-éilítear é sin i gclár póraithe atá formheasta i gcomhréir le hAirteagal 8(3), agus, i gcás inarb infheidhme, le hAirteagal 12, faoi thástáil feidhmíochta nó faoi mheastóireacht ghéiniteach i gcomhréir le hAirteagal 25; |
|
(g) |
le haghaidh tástáil ainmhithe pórúcháin folaíochta fireanna den speiceas buaibheach, den speiceas mucúil, den speiceas caorach agus den speiceas gabhair, seamhan a bhailítear ó ainmhithe pórúcháin folaíochta nár cuireadh faoi thástáil feidhmíochta ná faoi mheastóireacht ghéiniteach, ar choinníoll nach n-úsáidtear an seamhan sin ach amháin ar mhaithe le tástáil na n-ainmhithe pórúcháin folaíochta fireanna sin atá laistigh de theorainneacha na gcainníochtaí is gá chun a chur ar chumas an chumainn phóir sin tástálacha den sórt sin a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 25. |
2. I gcás ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas eachaí, agus de mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, féadfaidh cumann póir toirmeasc nó teorainn a chur ar cheann amháin nó níos mó de na teicnící atáirgthe dá dtagraítear sa mhír sin a úsáid nó ar ainmhithe pórúcháin folaíochta a úsáid le haghaidh ceann amháin nó níos mó de na teicnící atáirgthe sin, lena n-áirítear ar úsáid táirgí geirmeacha díobh, ar choinníoll go bhfuil an toirmeasc nó an teorainn sin sonraithe ina chlár póraithe atá formheasta i gcomhréir le hAirteagal 8(3), agus, i gcás inarb infheidhme, le hAirteagal 12.
Aon toirmeasc nó teorainn den sórt sin a bheidh sonraithe i gclár póraithe an chumainn phóir a bhfuil pórleabhar ar bhunús an phóir bunaithe aige i gcomhréir le pointe 3(a) de Chuid 3 d'Iarscríbhinn I, beidh sé nó sí ceangailteach ar chláir phóraithe na gcumann póir a bhunaíonn pórleabhair mhacúla don phór céanna i gcomhréir le pointe 3(b) de Chuid 3 d'Iarscríbhinn I.
3. I gcás pór atá i mbaol, féadfaidh cumann póir toirmeasc nó srian a chur ar úsáid ainmhí pórúcháin folaíochta den phór sin, lena n-áirítear ar úsáid táirgí geirmeacha de, i gcás ina mbainfeadh an úsáid sin an bonn de chaomhnú éagsúlacht ghéiniteach an phóir sin.
4. Seamhan dá dtagraítear i bpointe (g) de mhír 1 a bhailítear ó ainmhithe pórúcháin folaíochta fireanna agus atá iontráilte i bpríomhchuid pórleabhair atá bunaithe ag cumann póir atá ag gabháil do chlár póraithe atá formheasta i gcomhréir le hAirteagal 8(3) agus, i gcás inarb infheidhme, le hAirteagal 12, glacfaidh cumann póir eile atá ag gabháil do chlár póraithe formheasta ar an bpór céanna sa Bhallstát céanna nó i mBallstát eile leis faoi na coinníollacha céanna agus faoi na teorainneacha cainníochtúla céanna a mhéid a bhaineann le tástáil feidhmíochta agus, i gcás inarb infheidhme, faoin meastóireacht ghéiniteach chéanna agus atá i bhfeidhm ar a chuid ainmhithe pórúcháin folaíochta fireanna féin.
5. Chun críocha mhír 1 agus mhír 4, déanfaidh ionad bailithe nó stórála seamhain, nó foireann bailithe agus táirgthe suthanna, a bhfuil formheas faighte acu chun na tráchtearraí sin a thrádáil laistigh den Aontas i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le sláinte ainmhithe, táirgí geirmeacha na n-ainmhithe pórúcháin folaíochta dá dtagraítear sna míreanna sin a bhailiú, a tháirgeadh, a phróiseáil agus a stóráil.
6. De mhaolú ar mhír 5, féadfaidh Ballstát a údarú go ndéanfaí bailiú, táirgeadh, próiseáil agus stóráil le haghaidh táirgí geirmeacha ainmhithe pórúcháin folaíochta a úsáid laistigh de chríoch an Bhallstáit sin ag ionad bailithe nó stórála seamhain nó ag ionad stórála suthanna atá formheasta go sonrach i gcomhréir le reachtaíocht an Bhallstáit sin nó go ndéanfadh foireann bailithe nó táirgthe suthanna nó foireann cháilithe atá formheasta go sonrach i gcomhréir le reachtaíocht an Bhallstáit sin an bailiú, táirgeadh, próiseáil agus stóráil sin.
7. De mhaolú ar phointe 1(b), ar phointe (c) agus ar phointe (e) de mhír 1, i gcás inarb é an aidhm atá ag clár póraithe atá formheasta i gcomhréir le hAirteagal 8(3), agus, i gcás inarb infheidhme, le hAirteagal 12, ná pór a chaomhnú nó an éagsúlacht ghéiniteach atá laistigh de phór a chaomhnú, ní dhéanfar tástáil feidhmíochta nó meastóireacht ghéiniteach ach amháin sa chás go n-éilítear an tástáil feidhmíochta nó an mheastóireacht ghéiniteach sin leis an gclár póraithe sin.
Airteagal 22
Modhanna um fhíorú sainaitheantais
1. I gcás ina ndéantar ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas buaibheach, den speiceas caorach, den speiceas gabhair agus den speiceas eachaí a úsáid le haghaidh bailiú seamhain le haghaidh inseamhnú saorga, ceanglóidh cumainn phóir go mbeidh na hainmhithe pórúcháin folaíochta sin sainaitheanta trína bhfuilghrúpa a anailísiú nó trí mhodh iomchuí ar bith eile lena dtugtar ar a laghad an méid céanna deimhneachta, amhail anailís ADN.
2. I gcás ina n-úsáidtear ainmhithe pórúcháin den speiceas buaibheach, den speiceas mucúil, den speiceas caorach, den speiceas gabhair agus den speiceas eachaí i mbailiú úicítí agus suthanna, agus i gcás ina n-úsáidtear ainmhithe pórúcháin den speiceas mucúil a bhíonn in úsáid i mbailiú seamhain le haghaidh inseamhnú saorga, féadfaidh cumainn phóir agus oibríochtaí pórúcháin a éileamh go ndéanfaí na hainmhithe pórúcháin sin a shainaithint trí cheann de na modhanna dá dtagraítear i mír 1.
3. Arna iarraidh sin ag Ballstát nó ag comhlachas Eorpach le haghaidh ainmhithe pórúcháin folaíochta de na speicis lena mbaineann, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, lena ndéanta modhanna a fhormheas chun fíorú a dhéanamh ar shainaitheantas ainmhithe pórúcháin, ar choinníoll go dtugann na modhanna sin ar a laghad an méid céanna deimhneachta le hanailísiú ar fhuilghrúpa na n-ainmhithe pórúcháin sin, ag tabhairt aird ar dhul chun cinn teicniúil agus ar mholtaí ó ionaid tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh dá dtagraítear in Airteagal 29, ICAR nó ón gCumann Idirnáisiúnta um Ghéinitic Ainmhithe (ISAG). Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 62(2).
Airteagal 23
Muca pórúcháin hibrideacha a chlárú i rollaí pórúcháin
1. Déanfaidh oibríochtaí pórúcháin, arna iarraidh sin ag a gcuid póraitheoirí, aon mhuc phórúcháin hibrideach den phór, líne nó crosphór céanna a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach i gCuid 2 d'Iarscríbhinn II a chlárú ina rolla pórúcháin.
2. Aon mhuca pórúcháin hibrideacha atá cláraithe i gcomhréir le Cuid 2 d'Iarscríbhinn II i rolla pórúcháin arna bhunú don phór, líne nó crosphór céanna ag oibríocht phórúcháin ar tugadh aitheantas di i gcomhréir le hAirteagal 4(3) sa Bhallstát céanna nó i mBallstát eile, ní dhiúltóidh oibríochtaí pórúcháin iad a chlárú ina rollaí póir.
Airteagal 24
Glacadh le muca pórúcháin hibrideacha agus táirgí geirmeacha díobh le haghaidh pórúcháin
1. Oibríocht phórúcháin a bhíonn ag gabháil do chlár póraithe atá formheasta i gcomhréir le hAirteagal 8(3), agus, i gcás inarb infheidhme, le hAirteagal 12, le haghaidh muca pórúcháin hibrideacha de phór, líne nó crosphór, glacfaidh sí leo seo a leanas:
|
(a) |
le haghaidh cúpláil nádúrtha, aon mhuc phórúcháin hibrideach den phór, líne nó crosphór céanna amhail a shainítear sa chlár póraithe sin; |
|
(b) |
le haghaidh inseamhnú saorga, seamhain a bhailítear ó mhuca phórúcháin hibrideacha a cuireadh, i gcás ina n-éilítear sin leis an gclár póraithe atá formheasta i gcomhréir le hAirteagal 8(3), agus, i gcás inarb infheidhme, le hAirteagal 12, faoi thástáil feidhmíochta nó faoi mheastóireacht ghéiniteach i gcomhréir le hAirteagal 25; |
|
(c) |
le haghaidh aistriú suthanna, úicítí a bhailítear agus a úsáidtear le haghaidh táirgeadh in vitro suthanna agus suthanna atá díorthaithe ó tháirgeadh in vivo arna ngineadh trí úsáid a bhaint as seamhan dá dtagraítear i bpointe (b), ar choinníoll go raibh na húicítí agus na suthanna sin bailithe ó mhuca pórúcháin hibrideacha a cuireadh, i gcás ina n-éilítear é sin leis an gclár póraithe, atá formheasta i gcomhréir le hAirteagal 8(3), agus, i gcás inarb infheidhme, le hAirteagal 12, faoi thástáil feidhmíochta nó faoi mheastóireacht ghéiniteach i gcomhréir le hAirteagal 25; |
|
(d) |
le haghaidh tástáil muc pórúcháin hibrideach fireann, seamhan a bhailítear ó na muca pórúcháin hibrideacha sin nár cuireadh faoi thástáil feidhmíochta ná faoi mheastóireacht ghéiniteach, ar choinníoll nach n-úsáidtear an seamhan sin ach amháin ar mhaithe le tástáil na muc pórúcháin hibrideach sin atá laistigh de theorainneacha na gcainníochtaí is gá chun go bhféadfaidh an eagraíocht phórúcháin sin tástálacha den sórt sin a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 25. |
2. Muca pórúcháin hibrideacha fireanna atá cláraithe i rolla pórúcháin arna bhunú ag oibríocht phórúcháin atá ag gabháil do chlár póraithe atá formheasta i gcomhréir le hAirteagal 8(3) agus, i gcás inarb infheidhme, le hAirteagal 12, agus na táirgí geirmeacha díobh, glacfaidh oibríocht phórúcháin eile atá ag gabháil do chlár póraithe ar an bpór, líne nó crosphór céanna sa Bhallstát céanna nó i mBallstát eile leo faoi na coinníollacha céanna agus faoi na teorainneacha cainníochta céanna a mhéid a bhaineann le tástáil feidhmíochta agus, i gcás inarb infheidhme, faoin meastóireacht ghéiniteach chéanna agus atá i bhfeidhm ar a chuid muc pórúcháin hibrideach féin.
3. Chun críocha mhír 1 agus mhír 2, déanfaidh ionad bailithe nó stórála seamhain, nó foireann bailithe agus táirgthe suthanna, a bhfuil formheas faighte acu chun na tráchtearraí sin a thrádáil laistigh den Aontas i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le sláinte ainmhithe, táirgí geirmeacha na muc pórúcháin hibrideach dá dtagraítear sna míreanna sin a bhailiú, a tháirgeadh, a phróiseáil agus a stóráil.
4. De mhaolú ar mhír 3, féadfaidh Ballstát a údarú go ndéanfaidh foireann bailithe nó táirgthe suthanna nó foireann cháilithe, atá formheasta go sonrach i gcomhréir le reachtaíocht an Bhallstáit sin bailiú, táirgeadh, próiseáil agus stóráil ar tháirgí geirmeacha muc pórúcháin hibrideach atá le húsáid laistigh de chríoch an Bhallstáit sin ag ionad bailithe nó stórála seamhain, ag ionad stórála suthanna.
CAIBIDIL V
Tástáil feidhmíochta agus meastóireacht ghéiniteach
Airteagal 25
Modhanna tástála feidhmíochta agus meastóireachta géinití
I gcás ina n-éilíonn cumann póir nó oibríocht phórúcháin, nó tríú páirtí arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 27(1)(b) go ndéantar tástáil feidhmíochta nó meastóireacht ghéiniteach ar ainmhithe pórúcháin, áiritheoidh an cumann póir, an oibríocht phórúcháin nó an tríú páirtí sin go ndéantar an tástáil feidhmíochta nó an mheastóireacht ghéiniteach sin i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach iontu seo a leanas:
|
(a) |
i gcás ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas buaibheach, den speiceas mucúil, den speiceas caorach agus den speiceas gabhair agus i gcás muca pórúcháin hibrideacha, in Iarscríbhinn III; |
|
(b) |
i gcás ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas eachaí, sa chlár póraithe atá á chur i gcrích ag an gcumann póir amhail a fhormheastar é i gcomhréir le hAirteagal 8(3) agus, i gcás inarb infheidhme, le hAirteagal 12. |
Airteagal 26
Cumhachtaí tarmligthe agus cumhachtaí cur chun feidhme i ndáil leis na ceanglais a bhaineann le tástáil feidhmíochta agus meastóireacht ghéiniteach
1. Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 61 a bhaineann leis na leasuithe is gá ar Iarscríbhinn III a mhéid a bhaineann le tástáil feidhmíochta agus meastóireacht ghéiniteach ar ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas buaibheach, den speiceas caorach agus den speiceas gabhair, le haird a thabhairt ar an méid seo a leanas:
|
(a) |
dul chun cinn eolaíoch; |
|
(b) |
forbairtí teicniúla; nó |
|
(c) |
an gá le hacmhainní géiniteacha luachmhara a chaomhnú. |
2. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos rialacha aonfhoirmeacha i ndáil le tástáil feidhmíochta agus meastóireacht ghéiniteach ar ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas buaibheach, den speiceas caorach agus den speiceas gabhair dá dtagraítear san Airteagal seo, lena n-áirítear léirmhíniú ar thorthaí na dtástálacha agus na meastóireachtaí sin. Agus sin á dhéanamh aige, cuirfidh sé san áireamh an dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch nó moltaí na n-ionad tagartha ábhartha de chuid an Aontais Eorpaigh dá bhforáiltear in Airteagal 29(1) nó, ina n-éagmais sin, prionsabail den sórt sin a bheidh comhaontaithe ag ICAR. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 62(2).
Airteagal 27
Déanamh na tástála feidhmíochta agus na meastóireachta géinití
1. I gcás ina bhfuil tástáil feidhmíochta nó meastóireacht ghéiniteach le déanamh i gcomhréir leis an gclár póraithe arna fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 8(3) agus, i gcás inarb infheidhme, le hAirteagal 12 déanfaidh cumainn phóir agus oibríochtaí phórúcháin an méid seo a leanas:
|
(a) |
déanfaidh siad féin an tástáil feidhmíochta nó an mheastóireacht ghéiniteach; nó |
|
(b) |
ainmneoidh siad tríú páirtithe chuig a mbeidh an tástáil feidhmíochta nó an mheastóireacht ghéiniteach sin le seachfhoinsiú. |
2. Féadfaidh Ballstát nó, má chinneann an Ballstát sin amhlaidh, a chuid údarás inniúil, a cheangal chun go ndéanfar na tríú páirtithe sin a ainmniú i gcomhréir le pointe (b) de mhír 1, ní mór do na tríú páirtithe sin bheith údaraithe ag an mBallstát sin, nó a údaráis inniúla, chun tástáil feidhmíochta nó meastóireacht ghéiniteach a dhéanamh ar ainmhithe pórúcháin, ach amháin sa chás inar comhlacht poiblí é an tríú páirtí arna ainmniú atá faoi réir rialála ag an mBallstát sin, nó ag a údaráis inniúla.
3. Maidir le Ballstát, nó, má chinneann an Ballstát sin amhlaidh, a chuid údarás inniúil, a bhaineann leas as an bhforáil dá dtagraítear i mír 2, áiritheoidh sé nó siad go ndeonófar údarú do na tríú páirtithe dá dtagraítear sa mhír sin a bhfuil an méid seo a leanas acu:
|
(a) |
na saoráidí agus an trealamh is gá chun an tástáil feidhmíochta nó an mheastóireacht ghéiniteach sin a dhéanamh; |
|
(b) |
foireann chuícháilithe; agus |
|
(c) |
an acmhainneacht an tástáil feidhmíochta nó an mheastóireacht ghéiniteach sin a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 25. |
4. De mhaolú ar Airteagal 8(4)(a), féadfaidh Ballstát nó a chuid údarás inniúil a chinneadh go mbeidh tríú páirtí atá údaraithe i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo, nó comhlacht poiblí atá ainmnithe go sonrach agus atá faoi réir rialú ag an mBallstát nó ag a údaráis inniúla dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, bheith freagrach don údarás inniúil sin maidir lena áirithiú go gcomhlíontar na ceanglais dá bhforáiltear sa Rialachán seo agus is infheidhme i leith tástáil feidhmíochta nó meastóireacht ghéiniteach atá seachfhoinsithe.
5. Cumainn phóir nó oibríochtaí pórúcháin a bhíonn iad féin ag gabháil do thástáil feidhmíochta nó do mheastóireacht ghéiniteach nó tríú páirtithe atá ainmnithe ag cumann póir nó ag oibríocht phórúcháin i gcomhréir le pointe (b) de mhír 1 den Airteagal seo nó atá údaraithe ag Ballstát nó ag a údaráis inniúla amhail dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, féadfaidh siad iad féin a thiomnú do rialacha agus caighdeáin a bheidh bunaithe ag a ICAR nó a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí a bhíonn ar siúl ag na hionaid tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh dá dtagraítear in Airteagal 29.
Féadfaidh na húdaráis inniúla torthaí na dtiomantas sin nó na rannpháirtíochta sna gníomhaíochtaí sin a chur san áireamh nuair a bhíonn aitheantas á thabhairt acu do chumainn phóir nó d'oibríochtaí pórúcháin, nuair a bhíonn a gcláir phóraithe á bhformheas acu, nuair a bhíonn na tríú páirtithe sin á n-údarú acu nó nuair a dhéanann siad rialuithe oifigiúla ar na hoibritheoirí sin.
6. Déanfaidh cumainn phóir agus oibríochtaí pórúcháin an fhaisnéis mhionsonraithe maidir leo siúd a dhéanann an tástáil feidhmíochta nó an mheastóireacht ghéiniteach a chur ar fáil don phobal.
Airteagal 28
Oibleagáidí na gcumann póir, na n-oibríochtaí pórúcháin agus na dtríú páirtithe a dhéanann tástáil feidhmíochta nó meastóireacht ghéiniteach
1. I gcás ina ndéanann cumann póir nó oibríocht phórúcháin tástáil feidhmíochta nó meastóireacht ghéiniteach ar ainmhithe phórúcháin nó na gníomhaíochtaí sin a sheachfhoinsiú chuig tríú páirtí i gcomhréir le hAirteagal 27(1)(b), déanfaidh an cumann póir nó an oibríocht phórúcháin sin an fhaisnéis seo a leanas a sholáthar arna iarraidh sin ag an údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 8(3), nó, i gcás inarb infheidhme, in Airteagal 12(5):
|
(a) |
taifid de na sonraí uile atá mar thoradh ar thástáil feidhmíochta agus ó mheastóireacht ghéiniteach i ndáil le hainmhithe pórúcháin ó ghabháltais atá lonnaithe i gcríoch ina bhfeidhmíonn an t-údarás inniúil sin; |
|
(b) |
mionsonraí na modhanna a úsáideadh chun tréithe a thaifeadadh; |
|
(c) |
mionsonraí na samhla don tuairisc feidhmíochta a úsáideadh chun anailís a dhéanamh ar thorthaí na tástála feidhmíochta; |
|
(d) |
mionsonraí na modhanna staidrimh a úsáideadh chun anailís a dhéanamh ar thorthaí na tástála feidhmíochta i gcás gach tréith a ndearnadh meastóireacht uirthi; |
|
(e) |
mionsonraí na bparaiméadar géiniteach a úsáideadh i gcás gach tréith a ndearnadh meastóireacht uirthi, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, mionsonraí na meastóireachta géanómaíche. |
2. An cumann póir nó an oibríocht phórúcháin nó, arna iarraidh sin ag cumann póir nó ag oibríocht phórúcháin, an tríú páirtí atá ainmnithe ag an gcumann póir nó ag an oibríocht phórúcháin sin i gcomhréir le hAirteagal 27(1)(b), déanfaidh sé nó sí torthaí na meastóireachta géinití ar ainmhithe pórúcháin a n-úsáidtear a gcuid seamhain le haghaidh inseamhnú saorga i gcomhréir le hAirteagal 21(1)(b), (c) agus (d) agus le hAirteagal 24(1)(b) a chur ar fáil go poiblí agus a choinneáil cothrom le dáta.
CAIBIDIL VI
Ionaid Tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh
Airteagal 29
Ionaid tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh
1. I gcás inarb ann do riachtanas aitheanta cur chun cinn a dhéanamh ar chomhchuibhiú nó feabhsú mhodhanna na tástála feidhmíochta nó na meastóireachta géinití ar ainmhithe pórúcháin folaíochta a bhíonn in úsáid ag cumainn phóir nó ag tríú páirtithe atá ainmnithe ag cumainn phóir i gcomhréir le hAirteagal 27(1)(b), féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena n-ainmnítear ionaid tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh atá freagrach as rannchuidiú ar bhonn eolaíoch agus teicniúil le comhchuibhiú nó feabhsú na modhanna sin.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 62(2).
2. I gcás inarb ann do riachtanas aitheanta cur chun cinn a dhéanamh ar bhunú nó comhchuibhiú na modhanna a bhíonn in úsáid ag cumainn phóir, ag tríú páirtithe atá ainmnithe ag cumainn phóir i gcomhréir le hAirteagal 27(1)(b), ag údaráis inniúla nó ag údaráis eile an Bhallstáit ar mhaithe le pórtha atá i mbaol a chaomhnú nó ar mhaithe le héagsúlacht ghéiniteach atá cheana laistigh de na pórtha sin a chaomhnú, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, d'fhonn ionaid tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh a ainmniú le bheith freagrach as rannchuidiú ar bhonn eolaíoch agus teicniúil le bunú nó comhchuibhiú na modhanna sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 62(2).
3. Maidir leis na hainmnithe dá bhforáiltear i mír 1 agus i mír 2, leanfaidh siad próiseas roghnúcháin poiblí agus beidh siad teoranta in am nó déanfar athbhreithniú orthu go tráthrialta.
4. Ionaid tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh arna n-ainmniú i gcomhréir le mír 1 nó mír 2 den Airteagal seo:
|
(a) |
comhlíonfaidh siad na ceanglais a leagtar amach i bpointe 1 d'Iarscríbhinn IV; agus |
|
(b) |
beidh siad freagrach as na cúraimí a leagtar amach iontu seo a leanas:
má tá na cúraimí sin ar áireamh i gcláir oibre bhliantúla nó ilbhliantúla na n-ionad tagartha arna mbunú i gcomhréir leis na cuspóirí agus na tosaíochtaí atá sna cláir oibre ábhartha a bheidh glactha ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 36 de Rialachán (AE) Uimh. 652/2014. |
5. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 61 a thabhairt don Choimisiún lena leasaítear:
|
(a) |
na ceanglais ar ionaid tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh mar a leagtar amach i bpointe 1 d'Iarscríbhinn IV; |
|
(b) |
cúraimí na n-ionad tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh mar a leagtar amach i bpointe 2 agus i bpointe 3 d'Iarscríbhinn IV. |
Na gníomhartha tarmligthe dá bhforáiltear sa mhír seo, beidh aird chuí iontu ar:
|
(a) |
na speicis d'ainmhithe pórúcháin folaíochta a bhfuil modhanna tástála feidhmíochta agus meastóireachta géinití maidir leo le comhchuibhiú nó le feabhsú agus ar an dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil i réimse na tástála feidhmíochta nó na meastóireachta géinití; nó |
|
(b) |
na pórtha atá i mbaol a bhfuil modhanna le haghaidh caomhnú na bpórtha sin nó le haghaidh chaomhnú na héagsúlachta géinití laistigh de na pórtha sin le bunú nó le comhchuibhiú agus ar an dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil sna réimsí sin. |
6. Beidh ionaid tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh atá ainmnithe i gcomhréir le mír 1 nó le mír 2 faoi réir rialuithe ón gCoimisiún chun a fhíorú:
|
(a) |
go gcomhlíonann siad na ceanglais a leagtar amach i bpointe 1 d'Iarscríbhinn IV; |
|
(b) |
go gcomhlíonann siad na cúraimí a leagtar amach iontu seo a leanas:
|
Má thagann sé chun solais ar scór na dtorthaí a bheidh ar rialú den sórt sin nach bhfuil na ceanglais a leagtar amach i bpointe 1 d'Iarscríbhinn IV á gcomhlíonadh ag ionad tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh, nó nach bhfuil na cúraimí a leagtar amach i bpointe 2 nó i bpointe 3 d'Iarscríbhinn IV á gcomhall aige, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, lena laghdaítear rannchuidiú airgeadais de chuid an Aontais arna dheonú i gcomhréir le hAirteagal 30 de Rialachán (AE) Uimh. 652/2014 nó lena ndéantar sé an t-ainmniú mar ionad tagartha de chuid an Aontais Eurpaigh a tharraingt siar. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 62(2).
CAIBIDIL VII
Deimhnithe zóiteicniúla
Airteagal 30
Eisiúint, inneachar agus formáid na ndeimhnithe zóiteicniúla a ghabhann le hainmhithe pórúcháin agus táirgí geirmeacha díobh
1. I gcás ina n-iarrann póraitheoirí atá rannpháirteach i gclár póraithe atá formheasta i gcomhréir le hAirteagal 8 agus, i gcás inarb infheidhme, le hAirteagal 12 deimhnithe zóiteicniúla dá gcuid ainmhithe pórúcháin nó do tháirgí geirmeacha díobh, déanfaidh an cumann póir nó an oibríocht phórúcháin a bhíonn ag gabháil don chlár póraithe sin na deimhnithe sin a eisiúint.
2. Deimhnithe zóiteicniúla a bhíonn ag gabháil le hainmhithe pórúcháin nó le táirgí geirmeacha díobh, is iad na heintitis seo a leanas, agus iadsan amháin, a eiseoidh iad:
|
(a) |
cumainn phóir nó oibríochtaí pórúcháin a bhíonn ag gabháil do chláir phóraithe atá formheasta i gcomhréir le hAirteagal 8, agus, i gcás inarb infheidhme, le hAirteagal 12, maidir leis na hainmhithe pórúcháin sin; |
|
(b) |
na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 8(3) nó, i gcás inarb infheidhme, in Airteagal 12(2)(a), má chinneann na húdaráis sin amhlaidh; nó |
|
(c) |
comhlachtaí pórúcháin atá ar áireamh sa liosta dá bhforáiltear in Airteagal 34 agus a bhíonn ag gabháil do chláir phóraithe ar na hainmhithe pórúcháin sin. |
3. Áiritheoidh cumainn phóir nó eagraíochtaí pórúcháin go ndéanfar deimhnithe zóiteicniúla a tharchur go tráthúil.
4. I gcás ina dtrádáiltear ainmhithe pórúcháin atá iontráilte i bpórleabhar atá á chothabháil ag cumann póir nó atá cláraithe i rolla pórúcháin atá á chothabháil ag oibríocht phórúcháin, nó a dtáirgí geirmeacha, agus sa chás go bhfuil sé beartaithe na hainmhithe pórúcháin sin, nó na hóga a thagann ó na táirgí geirmeacha sin, a iontráil nó a chlárú i bpórleabhar eile nó i rolla pórúcháin eile, beidh deimhniú zóiteicniúil ag gabháil leis na hainmhithe pórúcháin nó na táirgí geirmeacha sin.
An cumann póir nó an oibríocht phórúcháin as a dtagann na hainmhithe pórúcháin nó na táirgí geirmeacha díobh, agus a chothabhálann an pórleabhar nó an rolla pórúcháin ina bhfuil na hainmhithe pórúcháin sin le hiontráil nó le clárú, is é nó í a eiseoidh an deimhniú zóiteicniúil sin.
5. I gcás ina dtugtar isteach san Aontas ainmhithe pórúcháin atá iontráilte i bpórleabhar nó atá cláraithe i rolla pórúcháin atá á chothabháil ag comhlacht pórúcháin atá ar áireamh sa liosta dá bhforáiltear in Airteagal 34, nó táirgí geirmeacha díobh, agus sa chás go bhfuil sé beartaithe na hainmhithe pórúcháin sin nó na hóga a thagann ó na táirgí geirmeacha sin a iontráil i bpórleabhar atá á chothabháil ag cumann póir nó a chlárú i rolla pórúcháin atá á chothabháil ag oibríocht phórúcháin, beidh deimhniú zóiteicniúil ag gabháil leis na hainmhithe pórúcháin sin nó leis na táirgí geirmeacha díobh.
An comhlacht pórúcháin atá liostaithe i gcomhréir le hAirteagal 34 agus a chothabhálann an pórleabhar nó an rolla pórúcháin ina bhfuil na hainmhithe pórúcháin sin le hiontráil nó le clárú, nó seirbhís oifigiúil na tríú tíre as ar tháinig siad, is é nó í a eiseoidh an deimhniú zóiteicniúil.
6. Maidir leis na deimhnithe zóiteicniúla dá dtagraítear i mír 4 agus i mír 5:
|
(a) |
beidh iontu an fhaisnéis a leagtar amach sna Codanna agus Caibidlí ábhartha d'Iarscríbhinn V; |
|
(b) |
beidh siad i gcomhréir leis na samhail-fhoirmeacha do na deimhnithe zóiteicniúla dá bhforáiltear sna gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun mhír 10. |
7. Cumann póir nó comhlacht pórúcháin a dhéanann tástáil feidhmíochta nó meastóireacht ghéiniteach, nó an dá cheann díobh, i gcomhréir lena chlár póraithe nó a sheachfhoinsíonn na gníomhaíochtaí sin chuig tríú páirtithe, i gcás cumann pórúchain i gcomhréir le hAirteagal 27(1)(b), tabharfaidh sé an méid seo a leanas le fios sa deimhniú zóiteicniúil arna eisiúint d'ainmhí pórúcháin folaíochta nó do tháirgí geirmeacha díobh:
|
(a) |
torthaí na tástála feidhmíochta sin; |
|
(b) |
torthaí cothrom le dáta na meastóireachta géinití sin; agus |
|
(c) |
máchailí géiniteacha agus sainchomharthaí géiniteacha i dtaca leis an gclár póraithe sin a dhéanann difear don ainmhí pórúcháin sin nó do dheonóirí na dtáirgí geirmeacha sin. |
8. Oibríocht phórúcháin nó comhlacht pórúcháin a dhéanann tástáil feidhmíochta nó meastóireacht ghéiniteach, nó an dá cheann díobh, i gcomhréir lena chlár póraithe nó lena clár póraithe nó a sheachfhoinsíonn na gníomhaíochtaí sin chuig tríú páirtithe, i gcás oibríocht phórúcháin i gcomhréir le hAirteagal 27(1)(b), tabharfaidh sí an méid seo a leanas le fios sa deimhniú zóiteicniúil arna eisiúint do mhuc phórúcháin hibrideach nó do tháirgí geirmeacha de, más rud é go n-éilítear amhlaidh leis an gclár póraithe:
|
(a) |
torthaí na tástála feidhmíochta sin; |
|
(b) |
torthaí cothrom le dáta na meastóireachta géinití sin; agus |
|
(c) |
máchailí géiniteacha agus sainchomharthaí géiniteacha i dtaca leis an gclár póraithe sin a dhéanann difear don ainmhí pórúcháin sin nó do dheonóirí na dtáirgí geirmeacha sin. |
9. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 61 lena leasaítear inneachar na ndeimhnithe zóiteicniúla atá leagtha amach in Iarscríbhinn V, chun iad a thabhairt cothrom le dáta d'fhonn aird a thabhairt ar na nithe seo a leanas:
|
(a) |
dul chun cinn eolaíoch; |
|
(b) |
forbairtí teicniúla; |
|
(c) |
feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh; nó |
|
(d) |
an gá le hacmhainní géiniteacha luachmhara a chaomhnú. |
10. Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos samhailfhoirmeacha do na deimhnithe zóiteicniúla d'ainmhithe pórúcháin agus do tháirgí geirmeacha díobh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 62(2).
Airteagal 31
Maoluithe ó cheanglais maidir le heisiúint, inneachar agus formáid na ndeimhnithe zóiteicniúla do thrádáil ainmhithe pórúcháin agus a gcuid táirgí geirmeacha
1. De mhaolú ar Airteagal 30(2)(a), féadfaidh an t-údarás inniúil a údarú go bhfuil le bheith ag gabháil le táirgí geirmeacha deimhniú zóiteicniúil arna eisiúint, ar bhonn na faisnéise a bheidh faighte ón gcumann póir nó ón oibríocht phórúcháin ag ionad bailithe nó stórála seamhain, nó ag foireann bailithe nó táirgthe suthanna a formheasadh le haghaidh trádála laistigh den Aontas sna táirgí geirmeacha sin i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le sláinte ainmhithe.
2. De mhaolú ar Airteagal 30(6)(b), féadfaidh an t-údarás inniúil neamhúsáid na samhail-fhoirmeacha dá dtagraítear in Airteagal 30(6) a údarú nach n-úsáidtear ar choinníoll:
|
(a) |
i gcás ainmhithe pórúcháin den speiceas buaibheach, den speiceas mucúil, den speiceas caorach agus den speiceas gabhair, tá an fhaisnéis a leagtar amach i gCaibidil I de Chuid 2 d'Iarscríbhinn V nó i gCaibidil I de Chuid 3 d'Iarscríbhinn V i ndoiciméid eile a ghabhann leis na hainmhithe pórúcháin sin, arna n-eisiúint ag an gcumann póir nó ag an oibríocht phórúcháin; |
|
(b) |
i gcás táirgí geirmeacha den speiceas buaibheach, den speiceas mucúil, den speiceas caorach, den speiceas gabhair agus den speiceas eachaí:
|
3. De mhaolú ar Airteagal 30(7)(a) agus (b) agus Airteagal 30(8)(a) agus (b), i gcás ina bhfuil torthaí na tástála feidhmíochta nó na meastóireachta géinití ar fáil go poiblí ar shúíomh gréasáin, féadfaidh na cumainn phóir, na hoibríochtaí pórúcháin nó na hoibreoirí eile dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo tagairt a dhéanamh sa deimhniú zóiteicniúil nó sna doiciméid dá dtagraítear i mír 2(a) den Airteagal seo don suíomh gréasáin inar féidir rochtain a fháil ar na torthaí sin.
Airteagal 32
Maoluithe ar cheanglais maidir le formáid na ndeimhnithe zóiteicniúla a eisítear d'ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas eachaí
1. De mhaolú ar Airteagal 30(6), i gcás ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas eachaí, beidh an fhaisnéis a leagtar amach i gCaibidil I de Chuid 2 d'Iarscríbhinn V i ndoiciméad sainaitheantais saolré aonair le haghaidh equidae. Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 61 maidir le hinneachar agus formáid na ndoiciméad sainaitheantais sin.
2. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos samhailfhoirmeacha den doiciméad sainaitheantais saolré aonair le haghaidh equidae. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 62(2).
3. De mhaolú ar mhír 1, i gcás ina bhfuil torthaí cothrom le dáta na tástála feidhmíochta nó na meastóireachta géinití ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin, féadfaidh na húdaráis inniúla neamháireamh na faisnéise a leagtar amach i bpointe (l)(m) de Chaibidil I de Chuid 2 d'Iarscríbhinn V sa doiciméad dá dtagraítear i mír 1 a údarú, ar choinníoll go dtagraíonn an cumann póir don suíomh gréasáin sin sa doiciméad sin.
4. De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na húdaráis inniúla a údarú go mbeidh an fhaisnéis a leagtar amach i bpointe (l)(m) agus i bpointe (n) de Chaibidil I de Chuid 2 d'Iarscríbhinn V i ndoiciméid eile a bheidh eisithe ag an gcumann póir le haghaidh ainmhithe pórúcháin folaíochta a iontráiltear i bpórleabhar ainmhithe a bhíonn á chothabháil ag an gcumann póir sin.
Airteagal 33
Maoluithe ó cheanglais maidir le heisiúint, inneachar agus formáid deimhnithe zóiteicniúla do thabhairt isteach ainmhithe pórúcháin agus a gcuid táirgí geirmeach san Aontas.
1. De mhaolú ar Airteagal 30(2)(c) agus (5), féadfaidh a bheith ag gabháil le táirgí geirmeacha deimhniú zóiteicniúil arna eisiúint thar ceann an chomhlachta pórúcháin ar bhonn na faisnéise a bheidh faighte ón gcomhlacht pórúcháin sin, ag ionaid bailithe nó stórála seamhain, nó ag foireann bailithe nó táirgthe suthanna a formheasadh chun tabhairt isteach na dtáirgí geirmeacha san Aontas i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le sláinte ainmhithe.
2. De mhaolú ar Airteagal 30(6)(b), ní gá na samhail-fhoirmeacha dá dtagraítear in Airteagal 30(6)(b) a úsáid más rud é:
|
(a) |
go bhfuil an fhaisnéis a leagtar amach i gCodanna agus i gCaibidlí ábhartha d'Iarscríbhinn V i ndoiciméid eile a ghabhann leis an ainmhí pórúcháin nó lena dtáirgí geirmeacha; |
|
(b) |
go soláthraíonn an comhlacht pórúcháin a bhfuil an clár póraithe á chur i gcrích acu, nó oibreoir eile dá dtagraítear i mír 1, liosta uileghabhálach de na doiciméid sin, go ndearbhaíonn siad go bhfuil an fhaisnéis a leagtar amach sna Codanna agus sna Caibidlí ábhartha d'Iarscríbhinn V sna doiciméid sin agus go ndeimhníonn siad inneachar na ndoiciméad sin. |
3. De mhaolú ar Airteagal 30(7) agus (b) agus Airteagal 30(8)(a) agus (b), i gcás ina bhfuil torthaí na tástála feidhmíochta nó na meastóireachta géinití ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin, féadfaidh na hoibríochtaí pórúcháin, nó na hoibreoirí eile dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, tagairt a dhéanamh sa deimhniú zóiteicniúil nó sna doiciméid eile dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 2 den Airteagal seo, don suíomh gréasáin inar féidir na torthaí sin a rochtain.
CAIBIDIL VIII
Ainmhithe pórúcháin agus táirgí geirmeacha díobh a thabhairt isteach san Aontas
Airteagal 34
Comhlachtaí pórúcháin a liostú
1. Déanfaidh an Coimisiún liosta de chomhlachtaí pórúcháin a chothabháil, a thabhairt cothrom le dáta agus a fhoilsiú.
2. Ní chuirfidh an Coimisiún sa liosta dá bhforáiltear i mír 1a ach comhlacht pórúcháin a bhfuil doiciméadacht faighte ag an gCoimisiún ina leith ó sheirbhís oifigiúil de chuid an tríú tír a léiríonn go gcomhlíonann an comhlacht pórúcháin na ceanglais seo a leanas:
|
(a) |
go gcuireann sé i gcrích clár póraithe atá coibhéiseach leis na cláir phóraithe arna bhformheas i gcomhréir le hAirteagal 8(3) a chuireann na cumainn phóir i gcrích ar an bpór céanna, nó a chuireann na hoibríochtaí pórúcháin i gcrích ar an bpór, líne nó crosphórú céanna maidir leis an méid seo a leanas:
|
|
(b) |
go bhfuil sé á mhaoirsiú nó á rialú ag seirbhís oifigiúil sa tríú tír sin; |
|
(c) |
gur ghlac sé rialacha nós imeachta chun a áirithiú maidir leis na hainmhithe pórúcháin a iontrálann na cumainn phóir i bpórleabhair nó a ndéanann oibríochtaí pórúcháin iad a chlárú i rollaí pórúcháin, agus na hóga a tháirgtear ó tháirgí geirmeacha de hainmhithe pórúcháin den sórt sin, go n-iontráiltear iad nó go bhfuil siad incháilithe chun iontrála gan idirdhealú ar bhonn na tíre tionscnaimh, i gcás ainmhithe pórúcháin folaíochta, sa phórleabhar den phór céanna nó, i gcás muca pórúcháin hibrideacha, sa chlár póraithe den phór, líne nó chrosphór céanna, a bhíonn á gcothabháil ag an gcomhlacht pórúcháin sin. |
3. Cuirfidh an Coimisiún san áireamh freisin sa liosta dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo an tagairt do na tríú tíortha sin a bhfuil na bearta iontu a meastar ina leith go bhfuil siad coibhéiseach i gcomhréir le hAirteagal 35, lena n-áirítear tagairt do na comhlachtaí pórúcháin go léir sna tríú tíortha sin.
4. Bainfidh an Coimisiún den liosta, gan moill mhíchuí, aon cheann de na comhlachtaí pórúcháin nach gcomhlíonann ceann amháin de na ceanglais dá dtagraítear i mír 2 ar a laghad a thuilleadh.
Airteagal 35
Coibhéis na mbeart a chuirtear i bhfeidhm maidir le pórú ainmhithe i dtríú tíortha
1. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, lena aithnítear go bhfuil bearta atá á gcur i bhfeidhm i dtríú tír coibhéiseach leo sin a cheanglaítear leis an Rialachán seo i ndáil leis na nithe seo a leanas:
|
(a) |
aitheantas a thabhairt do chumainn phóir agus oibríochtaí pórúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 4; |
|
(b) |
formheas na gclár póraithe atá ag cumann póir agus oibríochtaí pórúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 8; |
|
(c) |
iontráil ainmhithe pórúcháin folaíochta i bpórleabhair agus muca pórúcháin hibrideacha a chlárú i rollaí pórúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 18, in Airteagal 20 agus in Airteagal 23; |
|
(d) |
glacadh le hainmhithe pórúcháin le haghaidh pórúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 21, in Airteagal 22 agus in Airteagal 24; |
|
(e) |
úsáid táirgí geirmeacha ainmhithe pórúcháin le haghaidh tástála agus pórúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 21 agus in Airteagal 24; |
|
(f) |
an tástáil feidhmíochta agus an mheastóireacht ghéiniteach dá bhforáiltear in Airteagal 25; |
|
(g) |
na rialuithe oifigiúla maidir le hoibreoirí dá bhforáiltear in Airteagal 43. |
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 62(2).
2. Glacfar leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 ar bhonn na nithe seo a leanas:
|
(a) |
scrúdú críochnúil ar an bhfaisnéis agus na sonraí arna soláthar ag an tríú tír atá ag iarraidh go n-aithneofar a bhearta mar bhearta coibhéiseacha dóibh siúd a éilítear leis an Rialachán seo; |
|
(b) |
i gcás inarb iomchuí, toradh sásúil rialaithe arna dhéanamh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 57. |
3. Féadfar leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 na rialacha mionsonraithe lena rialaítear ainmhithe pórúcháin agus táirgí geirmeacha díobh ón tríú tír lena mbaineann a thabhairt isteach san Aontas a leagan amach, agus féadfar na nithe seo a leanas a bheith san áireamh iontu:
|
(a) |
formáid agus inneachar na ndeimhnithe zóiteicniúla a ghabhann leis na hainmhithe pórúcháin nó na táirgí geirmeacha díobh; |
|
(b) |
ceanglais shainiúla is infheidhme maidir leis na hainmhithe pórúcháin sin nó a dtáirgí geirmeacha a thabhairt isteach san Aontas agus na rialuithe oifigiúla atá le déanamh maidir leis na hainmhithe pórúcháin sin nó na táirgí geirmeacha díobh agus iad á dtabhairt isteach san Aontas; |
|
(c) |
i gcás inar gá, nósanna imeachta maidir le tarraingt suas agus leasú liostaí de chomhlachtaí pórúcháin, atá lonnaithe sa tríú tír lena mbaineann, óna bhfuil sé ceadaithe ainmhithe pórúcháin agus táirgí geirmeacha díobh a thabhairt isteach san Aontas. |
4. Déanfaidh an Coimisiún, gan moill mhíchuí, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena n-aisghairtear na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 i gcás nach gcomhlíontar a thuilleadh aon cheann de na coinníollacha maidir le coibhéiseacht beart arna mbunú tráth ar glacadh iad. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 62(2).
Airteagal 36
Ainmhithe pórúcháin agus a n-óga arna dtáirgeadh ó tháirgí geirmeacha, tar éis dóibh a bheith tugtha isteach san Aontas, a iontráil i bpórleabhair nó a chlárú i rollaí pórúcháín
1. Ar iarratas ó phóraitheoir, déanfaidh cumann póir nó oibríocht phórúcháin aon ainmhithe pórúcháin a tugadh isteach san Aontas agus na hóga arna dtáirgeadh ó tháirgí geirmeacha a tugadh isteach san Aontas a iontráil sa phríomhchuid dá phórleabhar nó a chlárú ina rolla pórúcháin sa chás:
|
(a) |
go ndéantar na hainmhithe pórúcháin sin nó deontóirí na dtáirgí geirmeacha sin a iontráil i bpórleabhar nó a chlárú i rolla pórúcháin arna chothabháil ag an gcomhlacht pórúcháin sa tríú tír as ar tháinig siad; |
|
(b) |
go gcomhlíonann na táirgí geirmeacha sin na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 21(1) nó (2), i gcás ina n-éilítear é sin leis an gclár póraithe arna chur i gcrích ag an gcumann póir nó ag an oibríocht phórúcháin sin; |
|
(c) |
go gcomhlíonann an t-ainmhí pórúcháin saintréithe an phóir nó i gcás muc pórúcháin hibrideach, saintréithe an phóir, na líne nó an chrosphóir a leagtar amach sa chlár póraithe arna chur i gcrích ag an gcumann póir nó ag an oibríocht phórúcháin; |
|
(d) |
go n-áirítear an comhlacht pórúcháin dá dtagraítear i bpointe (a) i liosta na gcomhlachtaí pórúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 34. |
2. Ní chuirfidh na Ballstáit ná údaráis inniúla toirmeasc, srian nó bac, ar fhorais zóiteicniúla nó gineolaíocha, ar ainmhithe pórúcháin nó táirgí geirmeach díobh a thabhairt isteach sa Aontas, agus úsáid na n-ainmhithe sin nó táirgí geirmeacha díobh, i gcás ina mbeidh na hainmhithe pórúcháin sin nó deontóirí na dtáirgí geirmeacha sin iontráilte i bpórleabhar nó i rolla pórúcháin atá á chothabháil ag comhlacht pórúcháin atá san áireamh i liosta na gcomhlachtaí pórúcháin arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 34.
Airteagal 37
Seiceálacha ar theidlíocht go ndéanfar an gnáthráta dleachtanna d'ainmhithe pórúcháin folaíochta a thugtar isteach san Aontas a chur i bhfeidhm
1. I gcás ina n-iarrann an t-oibreoir atá freagrach as coinsíneacht ainmhithe pórúcháin folaíochta go gcuirfear i bhfeidhm an gnáthráta dleachtanna d'ainmhithe porúcháin folaíochta dá bhforáiltear i Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 maidir le hainmhithe na coinsíneachta sin:
|
(a) |
beidh ag gabháil leis na hainmhithe sin:
|
|
(b) |
déanfar seiceálacha ar an gcoinsíneacht sin ag an bpost cigireachta teorann ina ndéantar na seiceálacha doiciméadacha, céannachta agus fisiceacha dá dtagraítear in Airteagal 4 de Threoir 91/496/CEE. |
2. Beidh sé mar chuspóir ag na seiceálacha dá bhforáiltear i bpointe (b) de mhír 1 an méid seo a leanas a fhíorú:
|
(a) |
go bhfuil ag gabháil leis an gcoinsíneacht na doiciméid dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1; |
|
(b) |
go gcomhfhreagraíonn inneachar agus lipéadú na coinsíneachta leis an bhfaisnéis a sholáthraítear sna doiciméid dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1. |
CAIBIDIL IX
Údaráis inniúla atá i mbun clár póraithe maidir le hainmhithe pórúcháin folaíochta
Airteagal 38
Údaráis inniúla atá i mbun clár póraithe maidir le hainmhithe pórúcháin folaíochta
1. Más rud é, maidir leis an mBallstát agus leis an gcríoch ina n-oibríonn údarás inniúil, nach bhfuil eagraíocht phórúcháin, cumann póraitheoirí ná comhlacht poiblí i mbun clár póraithe maidir le hainmhithe pórúcháin folaíochta ar cuid de phór den speiceas buaibheach, den speiceas mucúil, den speiceas caorach, den speiceas gabhair nó den speiceas eachaí iad, agus chomh fada agus a bheidh sé sin amhlaidh, féadfaidh an t-údarás inniúil a chinneadh clár póraithe a chur i gcrích don phór sin ar choinníoll:
|
(a) |
go bhfuil gá an pór sin a chothabháil nó a bhunú sa Bhallstát nó sa chríoch ina n-oibríonn an t-údarás inniúil sin; nó |
|
(b) |
gur pór i mbaol é an pór sin. |
2. Glacfaidh údarás inniúil a chuireann clár póraithe i gcrích gcomhréir leis an Airteagal seo na bearta is gá chun a áirithiú nach mbeidh éifeacht dhiúltach aige sin ar an bhféidearthacht:
|
(a) |
go mbeidh eagraíochtaí pórúcháin, comhlachais phóraitheoirí nó comhlachtaí poiblí aitheanta mar chumainn phóir i gcomhréir le hAirteagal 4(3); |
|
(b) |
go mbeidh a gcláir phóraithe formheasta ag cumainn phóir i gcomhréir le hAirteagal 8(3), agus, i gcás inarb infheidhme, le hAirteagal 12. |
3. I gcás ina gcuireann údarás inniúil clár póraithe i gcrích maidir le hainmhithe pórúcháin folaíochta, déanfaidh an t-údarás inniúil an méid seo a leanas:
|
(a) |
foireann leordhóthanach agus cáilithe agus saoráidí agus trealamh leormhaithe a bheith aige chun an clár póraithe sin a chur i gcrích go héifeachtach; |
|
(b) |
a bheith in ann na seiceálacha is gá a chur i gcrích chun ginealaigh na n-ainmhithe pórúcháin folaíochta a chumhdaítear leis an gclár póraithe sin a thaifeadadh; |
|
(c) |
pobal mór go leor d'ainmhithe pórúcháin folaíochta a bheith aige agus líon leordhóthanach póraitheoirí laistigh den chríoch gheografach a chumhdaítear leis an gclár póraithe sin; |
|
(d) |
a bheith in ann na sonraí a bhailítear maidir le hainmhithe pórúcháin folaíochta is gá chun an clár póraithe sin a chur i gcrích a ghiniúint nó a chur faoi deara iad a ghiniúint, agus bheith in ann iad a úsáid; |
|
(e) |
go mbeidh rialacha nós imeachta glactha aige:
|
4. Beidh an méid seo a leanas sa chlár póraithe dá dtagraítear i mír 1:
|
(a) |
faisnéis faoina aidhm arb é atá le bheith ann caomhnú an phóir, feabhsú an phóir, pór nua a chruthú nó athchruthú póir, nó aon chumasc de na haidhmeanna sin; |
|
(b) |
ainm an phóir a chumhdaítear leis an gclár póraithe sin chun iomrall aithne a sheachaint le hainmhithe pórúcháin folaíochta comhchosúla de phóir eile a iontráiltear i bpórleabhair eile a bheidh ann cheana; |
|
(c) |
na saintréithe mionsonraithe ar an bpór, lena n-áirítear léiriú ar na tréithe bunriachtanacha, a chumhdaítear leis an gclár póraithe; |
|
(d) |
faisnéis maidir leis an gcríoch gheografach ina gcuirtear i gcrích é; |
|
(e) |
faisnéis faoin gcóras chun ainmhithe pórúcháin folaíochta a shainaithint atá lena áirithiú nach bhfuil ainmhithe pórúcháin folaíochta á n-iontráil i bpórleabhar ach amháin nuair a bheidh siad sainaitheanta go haonarach agus i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le sláinte ainmhithe a bhaineann le sainaithint agus le clárú ainmhithe den speiceas lena mbaineann; |
|
(f) |
faisnéis maidir leis an gcóras chun taifeadh a dhéanamh ar ghinealaigh ainmhithe pórúcháin folaíochta atá iontráilte nó cláraithe i bpórleabhair agus incháilithe chun a n-iontrála i bpórleabhair; |
|
(g) |
cuspóirí roghnúcháin agus pórúcháin an chláir phóraithe, lena n-áirítear léiriú ar phríomhchuspóirí an chláir phóraithe sin, agus, i gcás inarb infheidhme, na critéir mheastóireachta mhionsonraithe a bhaineann leis na cuspóirí sin i ndáil le hainmhithe pórúcháin folaíochta a roghnú; |
|
(h) |
i gcás ina n-éilítear tástáil feidhmíochta nó meastóireacht ghéiniteach leis an gclár póraithe:
|
|
(i) |
i gcás ina bhfuil codanna forlíontacha bunaithe, amhail dá bhforáiltear in Airteagal 17, nó ina bhforoinnfear an phríomhchuid in aicmí, amhail dá bhforáiltear in Airteagal 16, na rialacha chun an pórleabhar a roinnt agus na critéir nó na nósanna a chuirtear i bhfeidhm chun ainmhithe a thaifeadadh sna codanna sin nó iad a aicmiú sna haicmí sin; |
|
(j) |
más rud é i gcás ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas eachaí go gcuirfidh an clár póraithe cosc nó teorainn le húsáid ceann amháin nó níos mó de na teicnící atáirgthe nó le húsáid ainmhithe pórúcháin folaíochta le haghaidh ceann amháin nó níos mó de na teicnící atáirgthe amhail dá dtagraítear in Airteagal 21(2), faisnéis faoi thoirmisc nó teorannú den sórt sin; |
|
(k) |
i gcás ina ndéanann an t-údarás inniúil gníomhaíochtaí teicniúla sonracha maidir le bainistiú a chláir phóraithe a sheachfhoinsiú chuig tríú páirtithe, faisnéis faoi na gníomhaíochtaí sin agus ainm agus sonraí teagmhála na dtríú páirtithe ainmnithe. |
5. I gcás ina gcuirfidh údarás inniúil clár póraithe i gcrích maidir le hainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas eachaí, beidh feidhm ag na ceanglais a leagtar amach i bpointí 1, 2, 3, 4(a), 4(c) de Chuid 3 d'Iarscríbhinn I agus beidh feidhm acu sa bhreis orthu siúd a leagtar amach i mír 3 agus i mír 4.
6. I gcás ina gcuirfidh údarás inniúil clár póraithe i gcrích maidir le hainmhithe pórúcháin folaíochta, cuirfidh an t-údarás inniúil aon athruithe ann in iúl ar mhodh trédhearcach agus tráthúil do na póraitheoirí a bheidh rannpháirteach sa chlár póraithe sin.
7. I gcás ina gcuirfidh údarás inniúil clár póraithe i gcrích maidir le hainmhithe pórúcháin folaíochta, beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagail 3, 13 go 22, 25, 27, Airteagal 28(2), Airteagal 30, 31, 32 agus Airteagal 36(1).
CAIBIDIL X
Rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile, cúnamh riaracháin, comhar agus forfheidhmiú ag Ballstáit
Airteagal 39
Ainmniú údarás inniúil
1. Ainmneoidh na Ballstáit na húdaráis inniúla dá dtabharfaidh siad an fhreagracht chun rialuithe oifigiúla a dhéanamh chun a fhíorú go gcomhlíonann na hoibreoirí na rialacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm na rialacha sin.
2. Déanfaidh gach Ballstát na nithe seo a leanas:
|
(a) |
déanfaidh sé liosta de na húdaráis inniúla a bheidh ainmnithe aige a tharraingt suas agus a choinneáil cothrom le dáta i gcomhréir le mír 1, lena n-áirítear a gcuid sonraí teagmhála; |
|
(b) |
sonróidh sé sa liosta dá bhforáiltear i bpointe (a) an seoladh chuig a bhfuil na nithe seo a leanas le seoladh:
|
|
(c) |
an liosta dá dtagraítear i bpointe (a) a chur ar fáil don phobal ar shuíomh gréasáin agus fógra a thabhairt don Choimisiún faoin suíomh gréasáin sin. |
3. Déanfaidh an Coimisiún liosta de na suímh ghréasáin dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 2 a tharraingt suas agus a choinneáil cothrom le dáta agus an liosta sin a chur ar fáil don phobal.
Airteagal 40
Comhlíonadh a bheith ar siúl ag na húdaráis a bhfuil cláir phóraithe á gcur i gcrích acu
De mhaolú ar an gCaibidil seo, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a fhíorú go gcomhlíonann na húdaráis inniúla a bhfuil cláir phóraithe i gcomhréir le hAirteagal 38 á gcur i gcrích acu na rialacha a leagtar síos san Airteagal sin.
Airteagal 41
Oibleagáidí ginearálta údarás inniúil
Déanfaidh údaráis inniúla an méid seo a leanas:
|
(a) |
nósanna imeachta nó socruithe, nó an dá rud, a bheith i bhfeidhm acu chun éifeachtacht, oiriúnacht, neamhchlaontacht, cáilíocht agus comhsheasmhacht na rialuithe oifigiúla agus na ngníomhaíochtaí oifigiúla eile a bhíonn ar siúl acu a áirithiú agus a fhíorú; |
|
(b) |
nósanna imeachta nó socruithe, nó an dá rud, a bheith i bhfeidhm chun a áirithiú go bhfuil an fhoireann atá i mbun rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile saor ó aon choinbhleacht leasa maidir leis na hoibreoirí ar a ndéanann siad na rialuithe oifigiúla agus na gníomhaíochtaí eile sin; |
|
(c) |
líon leordhóthanach d'fhoireann chuícháilithe, oilte agus ag a bhfuil taithí a bheith acu, nó rochtain a bheith acu orthu, ionas gur féidir rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile a dhéanamh go héifeachtúil agus go héifeachtach; |
|
(d) |
saoráidí agus trealamh cuí a bheith acu a bhfuil cothabháil cheart déanta orthu chun a áirithiú gur féidir lena bhfoireann na rialuithe oifigiúla agus na gníomhaíochtaí oifigiúla eile a dhéanamh go héifeachtúil agus go héifeachtach; |
|
(e) |
na cumhachtaí dlíthiúla a bheith acu chun rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile a dhéanamh agus chun an ghníomhaíocht dá bhforáiltear sa Rialachán seo a dhéanamh; |
|
(f) |
nósanna imeachta dlíthiúla a bheith i bhfeidhm acu chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag an bhfoireann ar áitreabh na n-oibreoirí agus ar na doiciméid agus na córais bhainistithe faisnéise ríomhairithe atá á gcoimeád ag oibreoirí chun bheith in ann a gcúraimí a chur i gcrích go cuí. |
Airteagal 42
Oibleagáidí rúndachta na n-údarás inniúil
1. Gan dochar do staideanna ina n-éilítear a nochtadh le dlí an Aontais nó le dlí náisiúnta, cuirfidh na húdaráis inniúla de cheangal ar a mbaill foirne a ghealladh gan faisnéis a nochtadh do thríú páirtithe, ar faisnéis í a fuarthas agus a ndualgais á gcomhlíonadh acu, i gcomhthéacs rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile agus, de thoradh a cineáil, a chumhdaítear le rúndacht ghairmiúil, ach amháin i gcás ina bhfuil leas sáraitheach poiblí ann maidir lena nochtadh.
2. Maidir le faisnéis a chumhdaítear le rúndacht ghairmiúil, áireofar inti faisnéis a bhainfeadh ón méid seo a leanas dá nochtfaí í:
|
(a) |
cuspóir na rialuithe nó na n-imscrúduithe oifigiúla; |
|
(b) |
cosaint leasanna tráchtála oibreora nó aon duine nádúrtha nó dlítheanach eile; |
|
(c) |
cosaint imeachtaí cúirte agus comhairle dlí. |
Airteagal 43
Rialacha maidir le rialuithe oifigiúla
1. Déanfaidh údaráis inniúla rialuithe oifigiúla ar oibreoirí a mhinice is iomchuí, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:
|
(a) |
riosca neamhchomhlíonadh na rialacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo; |
|
(b) |
seantaifid oibreoirí maidir le torthaí na rialuithe oifigiúla a rinneadh orthu agus comhlíonadh na rialacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo; |
|
(c) |
iontaofacht agus torthaí féinseiceálacha a rinne na hoibreoirí, nó a rinne tríú páirtithe ar iarraidh uathu, chun críche comhlíonadh na rialacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo a dheimhniú; |
|
(d) |
aon fhaisnéis a d'fhéadfadh neamhchomhlíonadh na rialacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo a léiriú; |
2. Déanfaidh an t-údarás inniúil rialuithe oifigiúla i gcomhréir le nósanna imeachta doiciméadaithe, ina mbeidh treoracha don fhoireann a bheidh i mbun rialuithe oifigiúla.
3. Déanfar rialuithe oifigiúla eile tar éis réamhfhógra a thabhairt don oibreoir ach amháin má tá cúiseanna ann na rialuithe oifigiúla a dhéanamh gan fógra roimh ré.
4. Déanfar rialuithe oifigiúla, a mhéid agus is féidir, ar shlí a íoslaghdaíonn an t-ualach ar na hoibreoirí agus gan tionchar diúltach a bheith aige sin ar cháilíocht na rialuithe oifigiúla sin.
5. Déanfaidh na húdaráis inniúla na rialuithe oifigiúla ar an tslí chéanna is cuma an bhfuil nó nach bhfuil na hainmhithe pórúcháin nó a dtáirgí geirmeacha:
|
(a) |
de thionscnamh an Bhallstáit ina ndéantar na rialuithe oifigiúla nó de thionscnamh Ballstáit eile; nó |
|
(b) |
á dtabhairt isteach san Aontas. |
Airteagal 44
Trédhearcacht na rialuithe oifigiúla
Déanfaidh an t-údarás inniúil rialuithe oifigiúla ar bhealach a léiríonn ardleibhéal trédhearcachta agus a chuireann faisnéis ábhartha a bhaineann le heagrú agus le feidhmiú rialuithe oifigiúla ar fáil don phobal.
Airteagal 45
Taifid i scríbhinn ar na rialuithe oifigiúla
1. Tarraingeoidh na húdaráis inniúla suas taifid i scríbhinn de gach rialú a dhéanann siad.
Beidh sna taifid i scríbhinn sin:
|
(a) |
tuairisc ar chuspóir an rialaithe oifigiúil; |
|
(b) |
na modhanna rialaithe a úsáideadh; |
|
(c) |
torthaí an rialaithe oifigiúil; |
|
(d) |
i gcás inarb iomchuí, aon ghníomhaíocht a chuireann na húdaráis inniúla de cheangal ar na hoibreoirí a dhéanamh mar thoradh ar an rialú oifigiúil. |
2. Mura n-éilítear a mhalairt, chun críocha imscrúduithe breithiúnacha nó chun imeachtaí cúirte a chosaint, déanfaidh na húdaráis inniúla cóip de na taifid i scríbhinn dá dtagraítear i mír 1 a chur ar fáil do na hoibreoirí faoi réir rialú oifigiúil.
Airteagal 46
Oibleagáidí oibreoirí atá faoi réir rialuithe oifigiúla nó gníomhaíochtaí oifigiúla eile
1. A mhéid is gá chun na rialuithe oifigiúla nó gníomhaíochtaí oifigiúla eile a dhéanamh, tabharfaidh na hoibreoirí, i gcás ina gceanglaíonn na húdaráis inniúla é sin orthu, an rochtain is gá a thabhairt d'fhoireann na n-údarás inniúil sin:
|
(a) |
ar a dtrealamh, áitreabh agus áiteanna eile faoina rialú; |
|
(b) |
ar a gcórais bhainistithe faisnéise ríomhairithe; |
|
(c) |
ar a n-ainmhithe pórúcháin agus na táirgí geirmeacha díobh atá faoina rialú; |
|
(d) |
ar a ndoiciméid agus aon fhaisnéis ábhartha eile. |
2. Le linn rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile, cabhróidh oibreoirí agus comhoibreoidh siad le foireann na n-údarás inniúil lena gcúraimí a chur i gcrích.
Airteagal 47
Gníomhaíochtaí i gcás ina suitear neamhchomhlíonadh
1. I gcás ina suitear go bhfuil neamhchomhlíonadh ann, déanfaidh na húdaráis inniúla na nithe seo a leanas:
|
(a) |
aon ghníomhaíocht is gá a dhéanamh chun bunús agus méid an neamhchomhlíonta sin a chinneadh agus freagrachtaí na n-oibreoirí lena mbaineann a shuíomh; |
|
(b) |
bearta iomchuí a dhéanamh chun a chinntiú go réitíonn na hoibreoirí lena mbaineann an neamhchomhlíonadh agus go gcuireann siad cosc ar an bhféidearthacht go dtarlódh sé arís. |
Agus cinneadh á dhéanamh maidir leis na bearta ba cheart a dhéanamh, tabharfaidh na húdaráis inniúla aird ar chineál an neamhchomhlíonta agus teist na n-oibreoirí lena mbaineann go dtí sin i ndáil le comhlíonadh.
Go háirithe, tabharfaidh údaráis inniúla, de réir mar is iomchuí, faoin méid seo a leanas:
|
(a) |
a ordú go ndéanfaidh an cumann póir iontráil ainmhithe pórúcháin folaíochta i bpórleabhair a chur ar atráth nó go ndéanfaidh an oibríocht phórúcháin clárú muc pórúcháin hibrideach i rollaí pórúcháin a chur ar atráth; |
|
(b) |
a ordú nach ndéanfar na hainmhithe pórúcháin ná na táirgí geirmeacha díobh a úsáid le haghaidh pórúcháin i gcomhréir leis an Rialachán seo; |
|
(c) |
deimhnithe zóiteicniúla a bheith á n-eisiúint ag an gcumann póir nó ag a oibríocht phórúcháin a fhionraí; |
|
(d) |
formheas cláir phóraithe arna chur i gcrích ag cumann póir nó ag oibríocht phórúcháin a fhionraí nó a tharraingt siar, i gcás ina mainníonn gníomhaíochtaí an chumainn póir sin arís agus arís eile, go leanúnach nó tríd is tríd ceanglais an chláir phóraithe arna fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 8(3), agus, i gcás inarb infheidhme, le hAirteagal 12, a chomhlíonadh; |
|
(e) |
aitheantas an chumainn póir nó na hoibríochta pórúcháin arna dheonú i gcomhréir le hAirteagal 4(3) a tharraingt siar i gcás ina mainníonn an cumann póir nó an oibríocht phórúcháin arís agus arís eile, go leanúnach nó tríd is tríd na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 4(3) a chomhlíonadh; |
|
(f) |
aon bhearta eile a dhéanamh a mheasann siad a bheith ábhartha chun comhlíonadh na rialacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo a áirithiú. |
2. Soláthróidh na húdaráis inniúla an méid seo a leanas do na hoibreoirí lena mbaineann, nó dá n-ionadaithe:
|
(a) |
fógra i scríbhinn dá gcinneadh maidir leis an ngníomhaíocht nó beart atá le déanamh i gcomhréir le mír 1, i dteannta na gcúiseanna a bhí leis an gcinneadh sin; |
|
(b) |
faisnéis ar chearta achomhairc i gcoinne cinntí den sórt sin agus ar an nós imeachta agus na teorainneacha ama is infheidhme. |
3. Déanfaidh na húdaráis inniúla faireachán ar an staid agus maidir leis na bearta a ghlac siad i gcomhréir leis an Airteagal seo, déanfaidh siad iad a mhodhnú, a fhionraí nó a tharraingt siar, ag brath ar dhéine an neamhchomhlíonta agus ar fhianaise shoiléir a bheith ann go bhfuil comhlíonadh ar siúl athuair.
4. Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh gurb iad na hoibreoirí lena mbaineann a atá le cuid den chaiteachais a thabhaigh na húdaráis inniúla lena mbaineann de bhun an Airteagail seo, nó an caiteachas ar fad, a sheasamh.
Airteagal 48
Comhar agus cúnamh riaracháin
1. Más rud é go bhfuil bunús, leathnú nó éifeachtaí ag cásanna den neamhchomhlíonadh i níos mó ná Ballstát amháin, comhoibreoidh na húdaráis sna Ballstáit sin lena chéile agus soláthróidh siad cúnamh riaracháin dá chéile chun úsáid cheart na rialacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo a áirithiú.
2. Féadfar a áireamh leis an gcomhar agus leis an gcúnamh riaracháin dá bhforáiltear i mír 2 na nithe seo a leanas:
|
(a) |
an iarraidh réasúnaithe ó údarás inniúil Ballstáit (“an t-údarás inniúil iarrthach”) le haghaidh faisnéise ó údarás inniúil ó Bhallstát eile (“an t-údarás inniúil iarrtha”) atá ag teastáil le haghaidh feidhmíocht rialuithe oifigiúla nó obair leantach orthu; |
|
(b) |
i gcás neamhchomhlíonadh a bhféadfadh impleachtaí a bheith aige i mBallstáit eile, fógra a bheith á thabhairt d'údaráis inniúla na mBallstát sin ag an údarás inniúil atá ar an eolas faoin neamhchomhlíonadh sin; |
|
(c) |
an fhaisnéis agus na doiciméid is gá a bheith soláthraithe ag an údarás inniúil iarrtha don údarás inniúil iarrthach gan moill mhíchuí nuair a bheidh an fhaisnéis agus na doiciméid ábhartha ar fáil; |
|
(d) |
feidhmiú na n-imscrúduithe nó na rialuithe oifigiúla ag an údarás inniúil iarrtha a bhfuil gá leo chun:
|
|
(e) |
trí thoiliú idir na húdaráis inniúla lena mbaineann rannpháirtíocht údaráis inniúil Ballstáit i rialuithe oifigiúla ar an láthair arna ndéanamh ag údaráis inniúla Ballstáit eile. |
3. I gcás ina léiríonn rialuithe oifigiúla arna ndéanamh ar ainmhithe pórúcháin agus táirgí geirmeacha díobh de thionscnamh Ballstáit eile nach bhfuil na rialacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo á gcomhlíonadh arís agus arís eile, cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit a mbeidh na rialuithe oifigiúla sin comhlíonta aige é sin in iúl don Choimisiún agus d'údaráis inniúla na mBallstát eile gan moill mhíchuí.
4. Beidh feidhm ag an Airteagal seo gan dochar do rialacha náisiúnta:
|
(a) |
is infheidhme maidir le scaoileadh doiciméad atá ina ndíol imeachtaí breithiúnacha, nó atá bainteach leo; |
|
(b) |
atá dírithe ar leasanna tráchtála daoine nádúrtha nó dlítheanacha a chosaint. |
5. Is i scríbhinn, ar pháipéar nó i bhfoirm leictreonach, a bheidh gach cumarsáid idir na húdaráis inniúla i gcomhréir leis an Airteagal seo.
Airteagal 49
Fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit ar bhonn na faisnéise a bheidh soláthraithe ag na tríú tíortha
1. I gcás ina bhfaigheann údaráis inniúla faisnéis ó thríú tír ina léirítear nach bhfuil na rialacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo á gcomhlíonadh, déanfaidh siad, gan moill mhíchuí:
|
(a) |
fógra faoin bhfaisnéis sin a thabhairt d'údaráis inniúla na mBallstát eile a bhfuiltear ar an eolas fúthu go mbaineann an neamhchomhlíonadh sin leo; |
|
(b) |
nuair atá faisnéis den sórt sin ábhartha nó nuair a d'fhéadfadh sí bheith ábhartha ar leibhéal an Aontais, an fhaisnéis sin a chur in iúl don Choimisiún. |
2. Féadfar faisnéis arna fáil trí rialuithe oifigiúla nó imscrúduithe arna ndéanamh i gcomhréir leis an Rialachán sin a chur in iúl don tríú tír dá dtagraítear i mír 1, ar choinníoll:
|
(a) |
go dtoilíonn na húdaráis inniúla a sholáthair an fhaisnéis é sin a dhéanamh; |
|
(b) |
go bhfuil rialacha ábhartha Aontais agus náisiúnta infheidhme maidir le scaipeadh sonraí pearsanta chuig tríú tíortha á gcomhlíonadh. |
Airteagal 50
Cúnamh agus bearta leantacha comhordaithe ón gCoimisiún
1. Comhordóidh an Coimisiún, gan mhoill, na bearta agus na gníomhaíochtaí atá geallta ag na húdaráis inniúla i gcomhréir leis an gCaibidil seo i gcás:
|
(a) |
ina léiríonn an fhaisnéis atá ar fáil don Choimisiún go mbaineann gníomhaíochaí nach gcomhlaíonann na rialacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo, nó go bhfuil an chosúlacht orthu nach gcomhlíonann siad na rialacha, agus a bhaineann le níos mó ná Ballstát amháin; |
|
(b) |
nach bhfuil na húdaráis inniúla sna Ballstáit lena mbaineann in ann teacht ar chomhaontú faoi ghníomhaíochtaí iomchuí chun dul i ngleic le neamhchomhlíonadh na rialacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo. |
2. Sna cásanna dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh an Coimisiún:
|
(a) |
a iarraidh go ndéanfadh údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann na gníomhaíochtaí nach gcomhlíonann na rialacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo, nó go bhfuil an chosúlacht orthu nach gcomhlíonann siad na rialacha sin, tuarascáil a sholáthar dó maidir leis na bearta atá déanta acu; |
|
(b) |
i gcomhar leis na Ballstáit lena mbaineann na gníomhaíochtaí nach gcomhlíonann na rialacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo, nó go bhfuil an chosúlacht orthu nach gcomhlíonann siad na rialacha sin, foireann iniúchta a chur chun rialú ar an láthair de chuid an Choimisiúin a dhéanamh; |
|
(c) |
a iarraidh go ndéanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit seolta agus, i gcás inarb iomchuí, údaráis inniúla aon Bhallstáit eile lena mbaineann, a rialuithe oifigiúla a threisiú go hiomchuí agus tuarascáil a sholáthar dó maidir leis na bearta atá déanta acu; |
|
(d) |
faisnéis a bhaineann le cásanna den sórt sin a chur faoi bhráid an Choiste dá dtagraítear in Airteagal 62(1), mar aon le togra le haghaidh beart chun na cásanna neamhchomhlíonta dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 den Airteagal seo a réiteach; |
|
(e) |
aon bhearta iomchuí eile a dhéanamh. |
Airteagal 51
Prionsabal ginearálta do mhaoiniú rialuithe oifigiúla
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh acmhainní leordhóthanacha airgeadais ar fáil chun go bhfuil an fhoireann agus na hacmhainní eile is gá ag na húdaráis inniúla chun rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile a dhéanamh.
Airteagal 52
Pionóis
Déanfaidh Ballstáit na pionóis atá infheidhme ar sháruithe maidir leis an Rialachán seo a leagan síos agus déanfaidh siad cibé beart is gá lena áirithiú go ndéantar iad a chur i bhfeidhm. Ní mór na pionóis sin bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.
Tabharfaidh na Ballstáit fógra faoi na forálacha don Choimisiún faoin 1 Samhain 2018 agus tabharfaidh siad fógra gan mhoill faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.
CAIBIDIL XI
Rialuithe ag an gCoimisiún
Airteagal 53
Rialuithe an Choimisiúin i mBallstáit
1. Féadfaidh saineolaithe ón gCoimisiún, faoi raon feidhme an Rialacháin seo, rialuithe a dhéanamh sna Ballstáit chun na nithe seo a leanas a dhéanamh, mar is iomchuí:
|
(a) |
fíorú chur i bhfeidhm na rialacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo; |
|
(b) |
fíorú na gcleachtas forfheidhmithe agus feidhmiú na gcóras rialaithe oifigiúla agus na n-údarás inniúil a oibríonn iad; |
|
(c) |
faisnéis a imscrúdú agus a bhailiú:
|
2. Déanfar na rialuithe dá bhforáiltear i mír 1 a eagrú i gcomhréir le húdaráis inniúla na mBallstát.
3. Leis na rialuithe dá bhforáiltear i mír 1, d'fhéadfadh sé go mbeadh fíoruithe ar an láthair arna ndéanamh i gcomhar leis na húdaráis inniúla a bhfuil na rialuithe oifigiúla á ndéanamh acu i gceist freisin.
4. Féadfaidh saineolaithe na mBallstát cúnamh a thabhairt do na saineolaithe ón gCoimisiún. Beidh na cearta céanna rochtana ag saineolaithe na mBallstát atá i dteannta saineolaithe an Choimisiúin agus a bheidh ag saineolaithe sin an Choimisiúin.
Airteagal 54
Tuarascálacha ón gCoimisiún maidir leis na rialuithe arna ndéanamh ag a shaineolaithe sna Ballstáit
1. Déanfaidh an Coimisiún:
|
(a) |
dréacht-tuarascáil a ullmhú maidir leis na torthaí agus na moltaí lena dtabharfar aghaidh ar na heasnaimh a bheidh sainaitheanta ag a shaineolaithe le linn na rialuithe dá bhforáiltear in Airteagal 53(1); |
|
(b) |
cóip den dréacht-tuarascáil a sheoladh chuig an mBallstát ina ndearnadh na rialuithe sin, ar dréacht-tuarascáil í dá dtagraítear i bpointe (a) dá bharúlacha; |
|
(c) |
barúlacha an Bhallstáit dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír seo a chur san áireamh agus tuarascáil deiridh maidir le torthaí na rialuithe dá bhforáiltear in Airteagal 53(1) arna ndéanamh ag a saineolaithe sa Bhallstát sin á hullmhú; |
|
(d) |
an tuarascáil deiridh dá dtagraítear i bpointe (c) a chur ar fáil don phobal mar aon le barúlacha an Bhallstáit dá dtagraítear i bpointe (b). |
2. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an Coimisiún a mholadh ina thuarascáil deiridh dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 1 gníomh ceartaitheach nó coisctheach atá le déanamh ag na Ballstáit chun déileáil leis na heasnaimh shainiúla nó chórasacha arna n-aithint agus rialuithe an Choimisiúin á ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 53(1).
Airteagal 55
Oibleagáidí na mBallstát maidir le rialuithe an Choimisiúin
1. Déanfaidh na Ballstáit:
|
(a) |
arna iarraidh sin ag saineolaithe an Chomisiúin, an cúnamh teicniúil is gá agus an doiciméadacht agus tacaíocht theicniúil eile atá ar fáil a sholáthar chun cur ar chumas na saineolaithe sin na rialuithe dá bhforáiltear in Airteagal 53(1) a dhéanamh go héifeachtach agus go héifeachtúil; |
|
(b) |
an cúnamh is gá a sholáthar chun a áirithiú go bhfuil rochtain ag saineolaithe an Choimisiúin ar gach áitreabh, lena n-áirítear codanna daoibh, agus ar ionaid eile, ar threalamh agus ar fhaisnéis, lena n-áirítear córais bhainistíochta faisnéise ríomhairithe, chomh maith le rochtain, i gcás inarb iomchuí, ar ainmhithe pórúcháin agus táirgí geirmeacha díobh, is gá chun na rialuithe dá dtagraítear in Airteagal 53(1) a dhéanamh. |
2. Déanfaidh Ballstáit bearta leantacha iomchuí i bhfianaise na moltaí a leagtar amach sa tuarascáil deiridh dá dtagraítear in Airteagal 54(1)(c) chun comhlíonadh na rialacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo a áirithiú.
Airteagal 56
Briseadh tromchúiseach i gcóras rialaithe Ballstáit
1. I gcás ina bhfuil fianaise ag an gCoimisiún ar bhriseadh tromchúiseach i gcóras rialaithe Ballstáit agus ina bhféadfadh leis an mbriseadh sin sárú forleathan ar na rialacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo a bheith mar thoradh air sin, déanfaidh sé gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos ceann amháin nó níos mó de na bearta seo a leanas:
|
(a) |
coinníollacha speisialta a fhorchur ar thrádáil ainmhithe pórúcháin nó táirgí geirmeacha díobh a bhfuil tionchar ag an mbriseadh sa chóras rialaithe oifigiúil orthu, nó an trádáil sin a thoirmeasc; |
|
(b) |
aon bhearta sealadacha iomchuí eile. |
Stopfaidh na bearta cur chun feidhme sin d'fheidhm bheith acu a luaithe agus a ndéantar an briseadh sin a dhíothú.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 62(2).
2. Ní ghlacfar na bearta dá bhforáiltear i mír 1 ach amháin sa chás inar iarr an Coimisiún ar an mBallstát lena mbaineann an staid a cheartú laistigh de theorainn ama iomchuí agus inar theip ar an mBallstát sin a dhéanamh.
3. Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar an staid dá dtagraítear i mír 1 agus déanfaidh sé gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leasaítear nó lena n-aisghairtear na bearta arna nglacadh, ag brath ar fhorbairt na staide. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 62(2).
Airteagal 57
Rialuithe an Choimisiúin i dtríú tíortha
1. Féadfaidh saineolaithe ón gCoimisiúin rialuithe a dhéanamh i dtríú tír chun go ndéanfaí, mar is iomchuí:
|
(a) |
a fhíorú go bhfuil na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo á gcomhlíonadh ag reachtaíocht an tríú tír nó an reachtaíocht sin a bheith coibhéiseach leo; |
|
(b) |
a fhíorú gur féidir le cumas an chórais rialaithe i bhfeidhm sa tríú tír a áirithiú go bhfuil ceanglais ábhartha i gCaibidil VIII den Rialachán seo á gcomhlíonadh ag coinsíneachtaí ainmhithe pórúcháin agus na táirgí geirmeacha díobh atá á dtabhairt isteach san Aontas; |
|
(c) |
faisnéis agus sonraí a bhailiú chun léiriú a fháil ar chúiseanna fadhbanna aisfhillteacha nó ar fhadhbanna atá ag teacht chun cinn i ndáil leis na hainmhithe pórúcháin agus táirgí geirmeacha díobh atá á dtabhairt isteach san Aontas ón tríú tír. |
2. Leis na rialuithe de chuid an Choimisiúin dá dtagraítear i mír 1, tabharfar aird chuí air seo a leanas:
|
(a) |
reachtaíocht zóiteicniúil agus ghineolaíoch an tríú tír maidir le hainmhithe pórúcháin agus táirgí geirmeacha sa tríú tír; |
|
(b) |
eagrú údaráis inniúla an tríú tír, a gcumhachtaí agus neamhspleáchas, an mhaoirseacht a bhfuil siad faoina réir agus an t-údarás atá acu an reachtaíocht is infheidhme a fhorfheidhmiú go héifeachtach; |
|
(c) |
oiliúint na foirne sa tríú tír atá freagrach as na rialuithe a dhéanamh ar na comhlachtaí pórúcháin nó as maoirseacht a dhéanamh orthu; |
|
(d) |
na hacmhainní atá ar fáil d'údaráis inniúla an tríú tír; |
|
(e) |
gur ann do nósanna imeachta rialaithe doiciméadaithe agus córais rialaithe bunaithe ar thosaíochtaí agus go bhfuil siad á n-oibriú; |
|
(f) |
fairsinge agus oibriú rialuithe arna ndéanamh ag údaráis inniúla tríú tíortha ar ainmhithe pórúcháin agus táirgí geirmeacha díobh atá ag teacht ó thríú tíortha eile; |
|
(g) |
na dearbhuithe is féidir leis an tríú tír a thabhairt maidir le comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos sa Rialachán seo nó maidir le ceanglais choibhéiseacha a bheith i bhfeidhm aici. |
Airteagal 58
Minicíocht agus eagrú rialuithe an Choimisiúin i dtríú tíortha
1. Déanfar minicíocht na rialuithe dá dtagraítear in Airteagal 57(1) i dtríú tír a chinneadh ar bhonn ar na nithe seo a leanas:
|
(a) |
prionsabail agus cuspóirí na rialacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo; |
|
(b) |
méid agus cineál na n-ainmhithe pórúcháin agus na táirgí geirmeacha díobh atá á dtabhairt isteach san Aontas ón tríú tír sin; |
|
(c) |
torthaí na rialuithe dá dtagraítear in Airteagal 57(1) atá déanta cheana; |
|
(d) |
torthaí na rialuithe oifigiúla ar ainmhithe pórúcháin agus na táirgí geirmeacha díobh atá ag teacht isteach san Aontas ón tríú tír agus aon rialuithe oifigiúla eile arna ndéanamh ag údaráis inniúla na mBallstát; |
|
(e) |
aon fhaisnéis eile a mheasann an Coimisiún a bheith iomchuí. |
2. Chun éifeachtúlacht agus éifeachtacht na rialuithe dá bhforáiltear in Airteagal 57(1) a éascú, féadfaidh an Coimisiún, sula ndéanann sé na rialuithe sin, a iarraidh go soláthraíonn an tríú tír lena mbaineann:
|
(a) |
an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 34(2) nó in Airteagal 35(2)(a); |
|
(b) |
i gcás inarb iomchuí agus inar gá, taifid i scríbhinn maidir leis na rialuithe arna ndéanamh ag údaráis inniúla an tríú tír sin. |
3. Féadfaidh an Coimisiún saineolaithe ó na Ballstáit a cheapadh chun cabhrú lena shaineolaithe féin i rith na rialuithe dá dtagraítear in Airteagal 57(1).
Airteagal 59
Tuarascálacha ón gCoimisiún maidir leis na rialuithe arna ndéanamh ag a shaineolaithe i dtríú tíortha
Déanfaidh an Coimisiún gach rialú arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 57 agus le hAirteagal 58 a thuairisciú.
Beidh moltaí sna tuarascálacha sin i gcás inarb iomchuí. Cuirfidh an Coimisiún na tuarascálacha sin ar fáil go poiblí.
Airteagal 60
Bearta speisialta a bhunú maidir le tabhairt isteach ainmhithe pórúcháin agus táirgí geirmeacha díobh san Aontas
1. I gcás ina bhfuil fianaise ann ar neamhchomhlíonadh forleathan tromchúiseach na rialacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo a bheith ar siúl i dtríú tír, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir le ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas:
|
(a) |
tabhairt isteach san Aontas ainmhithe, nó a seamhan, a n-úicítí nó a suthanna, mar ainmhithe pórúcháin nó táirgí geirmeacha díobh, de thionscnamh an tríú tír sin, a thoirmeasc; |
|
(b) |
iontráil ainmhithe pórúcháin, agus na hóga a tháirgtear ó tháirgí geirmeacha díobh, de thionscnamh an tríú tír sin, i bpórleabhair arna gcothabháil ag cumainn phóir nó a gclárú i rollaí pórúcháin arna gcothabháil ag oibríochtaí pórúcháin ainmhithe pórúchán a thoirmeasc; |
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 62(2).
De bhreis air, nó in ionad na ngníomhartha cur chun feidhme sin, féadfaidh an Coimisiún ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas a dhéanamh:
|
(a) |
an tríú tír nó comhlachtaí pórúcháin an tríú tír sin a scriosadh ón liosta dá bhforáiltear in Airteagal 34(1); |
|
(b) |
aon bearta iomchuí eile a dhéanamh. |
2. Déanfar leis na gníomhartha cur chun feidhme agus bearta eile dá dtagraítear i mír 1 ainmhithe pórúcháin agus a gcuid táirgí geirmeacha a shainaithint trí thagairt dá gcóid ón Ainmníocht Chomhcheangailte.
3. Agus na gníomhartha cur chun feidhme agus bearta eie dá dtagraítear i mír 1 á nglacadh, cuirfidh an Coimisiún na nithe seo a leanas san áireamh:
|
(a) |
an fhaisnéis arna bailiú i gcomhréir le hAirteagal 58(2); |
|
(b) |
aon fhaisnéis eile arna soláthar ag an tríú tír i gceist a bhfuil tionchar ag an neamhchomhlíonadh dá dtagraítear i mír 1 orthu; |
|
(c) |
i gcás inarb iomchuí, torthaí na rialuithe dá dtagraítear in Airteagal 57(1). |
4. Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar an neamhchomhlíonadh dá dtagraítear i mír 1 agus déanfaidh sé, i gcomhréir leis an nós imeachta céanna lenar glacadh iad na bearta a leasú nó a aisghairm, ag brath ar fhorbairt na staide.
CAIBIDIL XII
Tarmligean agus forfheidhmiú
Airteagal 61
An tarmligean a fheidhmiú
1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 26(1), 29(5), 30(9) agus 32(1) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 19 Iúil 2016. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 26(1), 29(5), 30(9) agus 32(1) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.
4. Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos sa Chomhaontú Idirindtitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016.
5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.
6. Maidir le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagail 26(1), 29(5), 30(9) agus 32(1), ní thiocfaidh sé i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle.
Airteagal 62
Nós Imeachta Coiste
1. Beidh de chúnamh ag an gCoimisiún an Buanchoiste um an Zóiteicnic arna bhunú le Cinneadh 77/505/CEE. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
I gcás nach dtugann an Coiste aon tuairim, ní ghlacfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d'Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
3. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, i dteannta Airteagal 5 de.
Airteagal 63
Bearta idirthréimhseacha a bhaineann leis an dáta a nglacfar gníomhartha cur chun feidhme áirithe
Glacfaidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 7(5) agus in Airteagal 30(10) faoin 1 Bealtaine 2017. I gcomhréir le hAirteagal 69, beidh feidhm ag na gníomhartha cur chun feidhme sin ón 1 Samhain 2018.
CAIBIDIL XIII
Forálacha Críochnaitheacha
Airteagal 64
Aisghairmeacha agus bearta idirthréimhseacha
1. Aisghairtear Treoracha 87/328/CEE, 88/661/CEE, 89/361/CEE, 90/118/CEE, 90/119/CEE, 90/427/CEE, 91/174/CEE, 94/28/CE agus 2009/157/CE agus Cinneadh 96/463/CE.
2. Déanfar tagairtí do na Treoracha airghairthe agus don Chinneadh aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn VII den Rialachán seo.
3. Leanfaidh Airteagal 8(1) de Threoir 90/427/CEE d'fheidhm a bheith aige go dtí an 21 Aibreán 2021.
4. Maidir le heagraíochtaí póraitheoirí, eagraíochtaí pórúcháin, comhlachais póraitheoirí, gnóthais phríobháideacha, nó eagraíochtaí nó comhlachais eile a bheidh formheasta nó aitheanta i gcomhréir leis na gníomhartha aisghairthe dá dtagraítear i mír 1, measfar iad a bheith aitheanta i gcomhréir leis an Rialachán seo; i ngach gné eile, beidh siad faoi réir na rialacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo.
5. Maidir leis na cláir phóraithe a bheidh á gcur i gcrích ag na hoibreoirí dá dtagraítear i mír 4, measfar iad a bheith formheasta i gcomhréir leis an Rialachán; i ngach gné eile, beidh sé ar shlí eile faoi réir na rialacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo.
6. I gcás ina bhfuil na hoibreoirí dá dtagraítear i mír 4 ag gabháil cheana féin do chláir phóraithe i mBallstát eile seachas an Ballstát inar deonaíodh a bhformheas nó a n-aitheantas faoi na gníomhartha aisghairthe dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh na hoibreoirí sin an t-údarás inniúil a dheonaigh an formheas nó an t-aitheantas a chur ar an eolas faoi na gníomhaíochtaí sin.
Déanfaidh an t-údarás inniúil dá dtagraítear sa chéad fhomhír údarás inniúil ábhartha an Bhallstáit eile sin a chur ar an eolas faoi chur i gcrích na ngníomhaíochtaí sin.
7. Más rud é, roimh an 19 Iúil 2016, go mbíonn oibreoir dá dtagraítear i mír 4 ag cothabháil, i gcomhréir leis na gníomhartha aisghairthe dá dtagraítear i mír 1, leabhar pórúchán ina bhfuil cuid ar leith ina n-iontráiltear ainmhithe pórúcháin folaíochta de phór den speiceas mucúil ó Bhallstát eile nó ó thríú tír ag a bhfuil saintréithe sonracha a dhéanann idirdhealú idir na hainmhithe sin agus pobal an phóir sin a chumhdaítear leis an gclár póraithe atá á chur i gcrích ag an oibreoir sin, féadfaidh an t-oibreoir sin leanúint de chothabháil na coda ar leith sin.
Airteagal 65
Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 652/2014
Leasaítear Airteagal 30 de Rialachán (AE) Uimh 652/2014 mar a leanas:
|
(1) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheannteidil: “Saotharlanna agus ionaid tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh”; |
|
(2) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: “1. Féadfar deontais a dhámhadh ar shaotharlanna tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh dá dtagraítear in Airteagal 32 de Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 agus ar ionaid tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh dá dtagraítear in Airteagal 29 de Rialachán (AE) 2016/1012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1) le haghaidh na gcostas a thabhaíonn siad i gcur i gcrích na gclár oibre arna bhformheas ag an gCoimisiún. (*1) Rialachán (AE) 2016/1012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le coinníollacha zóiteicniúla agus gineolaíocha i dtaca le pórú agus trádáil ainmhithe pórúcháin folaíochta, muca pórúcháin hibrideacha, agus táirgí geirmeacha díobh san Aontas agus lena dtabhairt isteach san Aontas agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 652/2014, Treoir 89/608/CEE ón gComhairle agus Treoir 90/425/CEE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse an phóraithe ainmhithe (‘An Rialachán maidir le Pórú Ainmhithe’) (IO L 171, 29.6.2016, lch. 66).”;" |
|
(3) |
I mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):
|
Airteagal 66
Leasuithe ar Threoir (AE) 89/608/CEE
Leasaítear Treoir 89/608/AE mar a leanas:
|
(1) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil: “Treoir 89/608/CEE ón gComhairle an 21 Samhain 1989 maidir le cúnamh frithpháirteach idir údaráis riaracháin na mBallstát agus maidir le comhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún chun cur i bhfeidhm ceart na reachtaíochta a bhaineann le hábhair thréidliachta agus le hábhair zóiteicniúla a áirithiú”; |
|
(2) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1: “Airteagal 1 Leagtar síos leis an Treoir seo na bealaí a gcomhoibreoidh na húdaráis inniúla atá freagrach sna Ballstáit as faireachán a dhéanamh ar reachtaíocht maidir le hábhair tréidliachta leo siúd i mBallstáit eile agus le ranna ábhartha an Choimisiúin d'fhonn comhlíonadh reachtaíocht den sórt sin a áirthiú”; |
|
(3) |
In Airteagal 2(1), scriostar an dara fleasc; |
|
(4) |
In Airteagal 4(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fleisce:
|
|
(5) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5(1): “1. Arna iarraidh sin don údarás is iarratasóir, déanfaidh an t-údarás iarrtha, agus na rialacha atá i bhfeidhm sa Bhallstát ina bhfuil sé lonnaithe á n-urramú aige, fógra a thabhairt don údarás is iarratasóir nó cuirfidh sé faoi deara go dtabharfar fógra dó, i dtaca leis na hionstraimí nó na cinntí uile a thagann ó na húdaráis inniúla agus a bhaineann le cur i bhfeidhm na reachtaíochta ar ábhair tréidliachta”; |
|
(6) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7: “Airteagal 7 Arna iarraidh sin don údarás is iarratasóir, déanfaidh an t-údarás iarrtha, aon fhaisnéis ábhartha atá ina sheilbh aige nó a fhaigheann sé i gcomhréir le hAirteagal 4(2), go háirithe i bhfoirm tuarascálacha agus doiciméid eile nó cóipeanna deimhnithe de thuarascálacha nó doiciméid den sórt sin, a bhaineann le hoibríochta a braitheadh iarbhír agus a ndealraíonn sé don údarás is iarratasóir go bhfuil siad contrártha don reachtaíocht maidir le hábhair thréidliachta.”; |
|
(7) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8(2): “2. I gcás ina measann siad go bhfuil sé úsáideach i ndáil leis an reachtaíocht maidir le hábhair thréidliachta a chomhlíonadh, déanfaidh údarás inniúil gach Ballstáit na nithe seo a leanas:
|
|
(8) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9: “Airteagal 9 1. Cuirfidh údarás inniúil gach Ballstáit na nithe seo a leanas in iúl don Choimisiún a luaithe agus atá siad ar fáil dóibh:
2. Cuirfidh an Coimisiún in iúl d'údarás inniúil gach Ballstáit, a luaithe is atá sí ar fáil dó, aon fhaisnéis den chineál a chumasóidh gur féidir cur i bhfeidhm na reachtaíochta maidir le cúrsaí tréidliachta a fhorghníomhú.”; |
|
(9) |
Leasaítear Airteagal 10 mar seo a leanas:
|
|
(10) |
In Airteagal 11, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an fhrása thosaigh: “Déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit a thiocfaidh le chéile laistigh den Bhuanchoiste Tréidliachta:”; |
|
(11) |
In Airteagal 15(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fomhíre: “2. Ní chuirfear bac le mír 1 ar úsáid faisnéise arna fáil de bhun na Treorach seo in aon chaingne nó aon imeachtaí dlí a tionscnaíodh ina dhiaidh sin maidir le mainneachtain reachtaíocht maidir le cúrsaí tréidliachta a chomhlíonadh nó maidir le neamhrialtachtaí a dhéanann dochar do chistí Aontais a chosc agus a fhionnadh.”. |
Airteagal 67
Leasuithe ar Threoir 90/425/CEE
Leasaítear Treoir 90/425/AE mar a leanas:
|
(1) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil: “Treoir 90/425/CEE ón gComhairle an 26 Meitheamh 1990 maidir le seiceálacha tréidliachta agus zóiteicniúla atá infheidhme maidir le roinnt ainmhithe beo agus táirgí a thrádáil laistigh den Chomhphobal d'fhonn an margadh inmheánach a chomhlánú”; |
|
(2) |
In Airteagal 1, scriostar an dara fomhír; |
|
(3) |
Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:
|
|
(4) |
In Airteagal 3(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír phointe (d): “Maidir leis na deimhnithe nó na doiciméid, arna n-eisiúint ag an tréidlia oifigiúil atá freagrach as an ngabháltas, as an ionad nó as an eagraíocht tionscnaimh, ní mór dóibh a bheith ag gabháil leis na hainmhithe agus leis na táirgí chuig a gceann scríbe.”; |
|
(5) |
Leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:
|
|
(6) |
Scriostar Airteagal 19; |
|
(7) |
In Iarscríbhinn A, scriostar Caibidil II. |
Airteagal 68
Trasuí
Tabharfaidh na Ballstáit i bhfeidhm na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun Airteagal 66 agus Airteagal 67 a chomhlíonadh faoin 1 Samhain 2018. Cuirfidh siad téacs na mbeart sin in iúl don Choimisiún láithreach.
Nuair a ghlacfaidh Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Rialachán seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a fhoilsithe oifigiúil. Áireofar iontu ráiteas go ndéanfar tagairtí do Threoracha a aisghairtear leis an Rialachán seo i ndlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin atá ann cheana a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí leis an tagairt sin a dhéanamh agus an tslí a ndéanfar an ráiteas sin a fhoirmliú.
Airteagal 69
Teacht i bhfeidhm agus infheidhmeacht
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Samhain 2018.
Beidh feidhm ag Airteagal 65 ón 19 Iúil 2016.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 8 Meitheamh 2016.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
M. SCHULZ
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A.G. KOENDERS
(1) IO C 226, 16.7.2014, lch. 70.
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Aibreán 2016 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 17 Bealtaine 2016.
(3) Treoir 88/661/CEE ón gComhairle an 19 Nollaig 1988 maidir leis na caighdeáin zóiteicniúla is infheidhme maidir le hainmhithe pórúcháin den speiceas mucúil (IO L 382, 31.12.1988, lch. 36).
(4) Treoir 89/361/CEE ón gComhairle an 30 Bealtaine 1989 maidir le caoirigh agus gabhair phórúcháin folaíochta (IO L 153, 6.6.1989, lch. 30).
(5) Treoir 90/427/CEE ón gComhairle an 26 Meitheamh 1990 maidir leis na coinníollacha zóiteicniúla agus gineolaíocha lena rialaítear trádáil equidae laistigh den Aontas (IO L 224, 18.8.1990, lch. 55).
(6) Treoir 91/174/CEE ón gComhairle an 25 Márta 1991 lena leagtar síos ceanglais zóiteicniúla agus ghinealaigh i ndáil le hainmhithe folaíochta a chur ar an margadh agus lena leasaítear Treoir 77/504/CEE agus Treoir 90/425/CEE (IO L 85, 5.4.1991, lch. 37).
(7) Treoir 94/28/CE ón gComhairle an 23 Meitheamh 1994 lena leagtar síos na prionsabail a bhaineann leis na coinníollacha zóiteicniúla agus gineolaíocha is infheidhme maidir le hallmhairí ainmhithe, a gcuid seamhain, ubhán agus suthanna ó thríú tíortha agus lena leasaítear Treoir 77/504/CEE maidir le hainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas buaibheach (IO L 178, 12.7.1994, lch. 66).
(8) Treoir 2009/157/CE ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le hainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas buaibheach (IO L 323, 10.12.2009, lch. 1).
(9) Treoir 87/328/CEE ón gComhairle an 18 Meitheamh 1987 maidir le glacadh le hainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas buaibheach chun críocha pórúcháin (IO L 167, 26.6.1987, lch. 54).
(10) Treoir 90/118/CEE ón gComhairle an 5 Márta 1990 maidir le glacadh le muca pórúcháin folaíochta chun críocha pórúcháin (IO L 71, 17.3.1990, lch. 34).
(11) Treoir 90/119/CEE ón gComhairle an 5 Márta 1990 maidir le muca pórúcháin hibrideacha chun críocha pórúcháin (IO L 71, 17.3.1990, lch. 36).
(12) Cinneadh 77/505/CEE ón gComhairle an 25 Iúil 1977 lena gcuirtear Buanchoiste um Zóiteicnic ar bun (IO L 206, 12.8.1977, lch. 11).
(13) Cinneadh 93/626/CEE ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 1993 i ndáil le tabhairt i gcrích an Choinbhinsiúin maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch (IO L 309, 13.12.1993, lch. 1).
(14) Cinneadh 2014/293/AE ón gComhairle an 14 Aibreán 2014 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Phrótacal Nagoya maidir le Rochtain ar Acmhainní Géiniteacha agus Comhroinnt Chothrom agus Chothromasach na dTairbhí a eascraíonn as a nÚsáid san Aontas a ghabhann leis an gCoinbhinsiúin maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch (IO L 150, 20.5.2014, lch. 231).
(15) Rialachán (AE) Uimh. 511/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 i ndáil le bearta comhlíonta d'úsáideoirí ó Phrótacal Nagoya maidir le Rochtain ar Acmhainní Géiniteacha agus Comhroinnt Chothrom agus Chothromasach na dTairbhí a eascraíonn as a nÚsáid san Aontas (IO L 150, 20.5.2014, lch. 59).
(16) Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le tacaíocht d'fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005. (IO L 347, 20.12.2013, lch. 487).
(17) Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (IO L 84, 31.3.2016, lch. 1).
(18) Rialachán (AE) Uimh. 652/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena leagtar síos forálacha maidir le bainistiú caiteachais i ndáil leis an mbiashlabhra, sláinte ainmhithe agus leas ainmhithe, agus i ndáil le sláinte plandaí agus ábhar atáirgthe plandaí, lena leasaítear Treoir 98/56/CE, Treoir 2000/29/CE agus Treoir 2008/90/CE ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 178/2002, Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/128/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 66/399/CEE, Cinneadh 76/894/CEE agus Cinneadh 2009/470/CE ón gComhairle (IO L 189, 27.6.2014, lch. 1).
(19) Cinneadh 96/463/CE ón gComhairle an 23 Iúil 1996 lena n-ainmnítear an comhlacht tagartha freagrach as comhoibriú le cumainn phóir lena áirithiú go bhfuil na modhanna tástála feidhmíochta agus an measúnú ar na torthaí d'ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas buaibheach aonfhoirmeach (IO L 192, 2.8.1996, lch. 19).
(20) Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).
(21) Treoir 91/496/CEE ón gComhairle an 15 Iúil 1991 lena leagtar síos na prionsabail lena n-eagraítear seiceálacha tréidliachta ar ainmhithe atá ag teacht isteach sa Chomhphobal ó thríú tíortha agus lena leasaítear Treoracha 89/662/CEE, 90/425/CEE agus 90/675/CEE (IO L 268, 24.9.1991, lch. 56).
(22) Treoir 97/78/CE ón gComhairle an 18 Nollaig 1997 lena leagtar síos na prionsabail lena rialaítear eagrú seiceálacha tréidliachta ar tháirgí a thagann isteach sa Chomhphobal ó thríú tíortha (IO L 24, 30.1.1998, lch. 9).
(23) Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le feidhmiú rialuithe oifigiúla chun comhlíonadh dlí beatha agus bia, rialacha sláinte ainmhithe agus leasa ainmhithe a áirithiú (IO L 165, 30.4.2004, lch. 1).
(24) IO L 123. 12.5.2016, lch. 1.
(25) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(26) Cinneadh 84/247/CEE ón gCoimisiún an 27 Aibreán 1984 lena leagtar síos na critéir d'aithint eagraíochtaí agus comhlachas póraitheoirí a choinníonn nó a bhunaíonn tréadleabhair d'ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas buaibheach (IO L 125, 12.5.1984, lch. 58).
(27) Cinneadh 84/419/CEE ón gCoimisiún an 19 Iúil 1984 lena leagtar síos na critéir d'iontráil eallaigh i dtréadleabhair (IO L 237, 5.9.1984, lch. 11).
(28) Cinneadh 89/501/CEE ón gCoimisiún an 18 Iúil 1989 lena leagtar síos na critéir d'fhormheas agus do mhaoirseacht comhlachas póraitheoirí a bhunaíonn nó a choinníonn tréadleabhair do mhuca pórúcháin folaíochta (IO L 247, 23.8.1989, lch. 19).
(29) Cinneadh 89/502/CEE ón gCoimisiún an 18 Iúil 1989 lena leagtar síos na critéir a rialaíonn iontráil muc pórúcháin folaíochta i dtréadleabhair (IO L 247, 23.8.1989, lch. 21).
(30) Cinneadh 89/504/CEE ón gCoimisiún an 18 Iúil 1989 lena leagtar síos na critéir d'fhormheas agus maoirseacht comhlachas póraitheoirí, eagraíochtaí pórúcháin agus gnóthas príobháideach a bhunaíonn nó a choinníonn rollaí do mhuca pórúcháin hibrideacha (IO L 247, 23.8.1989, lch. 31).
(31) Cinneadh 89/505/CEE ón gCoimisiún an 18 Iúil 1989 lena leagtar síos na critéir a rialaíonn iontráil i rolla do mhuca pórúcháin hibrideacha (IO L 247, 23.8.1989, lch. 33).
(32) Cinneadh 89/507/CEE ón gCoimisiún an 18 Iúil 1989 lena leagtar síos modhanna do mhonatóireacht feidhmíochta agus measúnú luach géiniteach na muc pórúcháin folaíochta agus hibrideach (IO L 247, 23.8.1989, lch. 43).
(33) Cinneadh 90/254/CEE ón gCoimisiún an 10 Bealtaine 1990 lena leagtar síos na critéir d'fhormheas eagraíochtaí agus comhlachas póraitheoirí a bhunaíonn nó a choinníonn tréadleabhair do chaoirigh agus gabhair phórúcháin folaíochta (IO L 145, 8.6.1990, lch. 30).
(34) Cinneadh 90/255/CEE ón gCoimisiún an 10 Bealtaine 1990 lena leagtar síos na critéir a rialaíonn iontráil i dtréadleabhair do chaoirigh agus gabhair phórúcháin folaíochta (IO L 145, 8.6.1990, lch. 32).
(35) Cinneadh 90/256/CEE ón gCoimisiún an 10 Bealtaine 1990 lena leagtar síos modhanna chun monatóireacht feidhmíochta a dhéanamh agus luach géiniteach caorach agus gabhair pórúcháin folaíochta a mheasúnú (IO L 145, 8.6.1990, lch. 35).
(36) Cinneadh 90/257/CEE ón gCoimisiún an 10 Bealtaine 1990 lena leagtar síos na critéir i ndáil le glacadh chun críocha pórúcháin le caoraigh agus gabhair phórúcháin folaíochta agus úsáid a gcuid seamhain, ubhán nó suthanna (IO L 145, 8.6.1990, lch. 38).
(37) Cinneadh 92/353/CEE ón gCoimisiún an 11 Meitheamh 1992 lena leagtar síos na critéir i ndáil le formheas nó aithint eagraíochtaí agus comhlachas a choinníonn nó a bhunaíonn tréadleabhair d'equidae cláraithe (IO L 192, 11.7.1992, lch. 63).
(38) Cinneadh 96/78/CE ón gCoimisiún an 10 Eanáir 1996 lena leagtar síos na critéir maidir le hiontráil agus clárú equidae i dtréadleabhair chun críocha pórúcháin (IO L 19, 25.1.1996, lch. 39).
(39) Cinneadh 2006/427/CE ón gCoimisiún an 20 Meitheamh 2006 lena leagtar síos modhanna monatóireachta agus modhanna chun luach géiniteach eallaí a mheas d'ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas buaibheach (IO L 169, 22.6.2006, lch. 56).
(40) Cinneadh 92/354/CEE ón gCoimisiún an 11 Meitheamh 1992 lena leagtar síos rialacha áirithe chun comhordú idir eagraíochtaí agus comhlachas a choinníonn nó a bhunaíonn tréadleabhair d'equidae cláraithe (IO L 192, 11.7.1992, lch. 66).
(41) Cinneadh 89/503/CEE ón gCoimisiún an 18 Iúil 1989 lena leagtar síos an deimhniú do mhuca pórúcháin folaíochta, a gcuid seamhain, ubhán agus suthanna (IO L 247, 23.8.1989, lch. 22).
(42) Cinneadh 89/506/CEE ón gCoimisiún an 18 Iúil 1989 lena leagtar síos an deimhniú do mhuca pórúcháin hibrideacha, a gcuid seamhain, ubhán agus suthanna (IO L 247, 23.8.1989, lch. 34).
(43) Cinneadh 90/258/CEE ón gCoimisiún an 10 Bealtaine 1990 lena leagtar síos na deimhnithe zóiteicniúla do chaoirigh agus gabhair phórúcháin folaíochta, a gcuid seamhain, ubhán agus suthanna (IO L 145, 8.6.1990, lch. 39).
(44) Cinneadh 96/79/CE ón gCoimisiún an 12 Eanáir 1996 lena leagtar síos na deimhnithe zóiteicniúla do sheamhan, ubháin agus suthanna ó equidae cláraithe (IO L 19, 25.1.1996, lch. 41).
(45) Cinneadh 96/509/CE ón gCoimisiún an 18 Iúil 1996 lena leagtar síos ceanglais ghinealaigh agus zóiteicniúla d'allmhairiú seamhain ainmhithe áirithe (IO L 210, 20.8.1996, lch. 47).
(46) Cinneadh 96/510/CE ón gCoimisiún an 18 Iúil 1996 lena leagtar síos na deimhnithe ginealaigh agus zóiteicniúla le haghaidh onmhairiú ainmhithe pórúcháin, a seamhan, úbháin agus suthanna (IO L 210, 20.8.1996, lch. 53).
(47) Cinneadh 2005/379/CE ón gCoimisiún an 17 Bealtaine 2005 maidir le deimhnithe agus sonraí ginealaigh d'ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas buaibheach, agus dá gcuid seamhain, ubhán agus suthanna (IO L 125, 18.5.2005, lch. 15).
(48) Rialachán Cur chun Feidhme (AE) Uimh. 2015/262 ón gCoimisiún an 17 Feabhra 2015 lena leagtar síos na rialacha de bhun na Treorach 90/427/CEE agus na Treorach 2009/156/CE i dtaca leis na modhanna chun eachainmhithe a aithint (Rialachán Pas Eachaithe) (IO L 59, 3.3.2015, lch. 1).
(49) Treoir 89/608/CEE ón gComhairle an 21 Samhain 1989 maidir le cúnamh frithpháirteach idir údaráis riaracháin na mBallstát agus maidir le comhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún chun cur i bhfeidhm ceart na reachtaíochta a bhaineann le hábhair thréidliachta agus le hábhair zóiteicniúla a áirithiú (IO L 351, 2.12.1989, lch. 34).
(50) Treoir 90/425/CEE ón gComhairle an 26 Meitheamh 1990 maidir le seiceálacha tréidliachta agus zóiteicniúla atá infheidhme maidir le roinnt ainmhithe beo agus táirgí a thrádáil laistigh den Chomhphobal d'fhonn an margadh inmheánach a chomhlánú (IO L 224, 18.8.1990, lch. 29).
IARSCRÍBHINN I
AITHEANTAS NA gCUMANN PÓIR AGUS NA nOIBRÍOCHTAÍ PÓRÚCHÁIN AGUS FORMHEAS NA gCLÁR PÓRAITHE AMHAIL DÁ DTAGRAÍTEAR I gCAIBIDIL II
CUID 1
Ceanglais maidir le haitheantas a thabhairt do chumainn phóir agus oibríochtaí pórúcháin dá dtagraítear in Airteagal 4(3)(b)
|
A. |
Déanfaidh comhlachais póraitheoirí, eagraíochtaí pórúcháin, gnóthais phríobháideacha a oibríonn i gcórais táirgeachta iata agus comhlachtaí poiblí an méid seo a leanas:
|
|
B. |
Sa bhreis ar na ceanglais dá dtagraítear i bpointe A,
|
CUID 2
Ceanglais maidir le formheas clár póraithe arna gcur i gcrích ag cumainn phóir agus oibríochtaí pórúcháin dá dtagraítear in Airteagal 8(3) agus, i gcás inarb infheidhme, in Airteagal 12;
|
1. |
Beidh an méid seo a leanas sa chlár póraithe dá dtagraítear in Airteagal 8(3) agus, i gcás inarb infheidhme, in Airteagal 12:
|
|
2. |
Cumhdófar sa chlár póraithe pobal mór go leor d'ainmhithe pórúcháin agus líon leordhóthanach póraitheoirí laistigh den chríoch gheografach ina bhfuil sé á chur i gcrích nó ina mbeartaítear é a chur i gcrích. |
CUID 3
Ceanglais bhreise maidir le cumainn phóir a bhunaíonn nó a chothabhálann pórleabhair d'ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas eachaí
|
1. |
De bhreis ar na ceanglais sainaitheantais a leagtar amach i bpointe (1)(e) de Chuid 2, ní dhéanfar ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas eachaí a iontráil i bpórleabhar ach amháin nuair a nuair a dhéantar iad a shainaithint le deimhniú cumhdaigh agus, nuair a cheanglaíonn an clár póraithe amhlaidh, mar “shearrach diúil”.
De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfaidh Ballstát nó, má chinneann sé amhlaidh, a údarás inniúil a údarú do chumann póir ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas eachaí a iontráil sa phórleabhar a dhéanann an cumann póir sin a chothabháil i gcás ina sainaithnítear na hainmhithe sin ar aon bhealach iomchuí eile lena soláthraítear ar a laghad an chéim chéanna deimhneachta le deimhniú cumhdaigh amhail rialú tuismíochta bunaithe ar anailís ADN nó ar anailís ar a bhfuilghrúpaí, ar choinníoll go bhfuil an t-údarú sin i gcomhréir leis na prionsabail arna mbunú ag an gcumann póir a chothabhálann an pórleabhar de bhunús an phóir sin. |
|
2. |
Sa bhreis ar na ceanglais a leagtar amach i gCuid 2, beidh i gcláir phóraithe atá formheasta i gcomhréir le hAirteagal 8(3), agus, i gcás inarb infheidhme, le hAirteagal 12, le haghaidh ainmhithe pórúcháin folaíochta de phór an speicis eachaí, na nithe seo a leanas:
|
|
3. |
Beidh feidhm ag na ceanglais shainiúla seo a leanas maidir le hainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas eachaí, sa bhreis ar na ceanglais a leagtar amach i gCuid 1 agus i gCuid 2:
|
|
4. |
Beidh feidhm leis na maoluithe seo a leanas maidir leis na ceanglais i leith aitheantas a thabhairt do chumainn phóir ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas eachaí:
|
IARSCRÍBHINN II
IONTRÁIL I BPÓRLEABHAIR AGUS CLÁRÚ I ROLLAÍ PÓRÚCHÁÍN AMHAIL DÁ DTAGRAÍTEAR I gCAIBIDIL IV
CUID 1
Iontráil ainmhithe pórúcháin folaíochta i bpórleabhair agus ainmhithe a thaifeadadh i gcodanna forlíontacha
CAIBIDIL 1
Iontráil ainmhithe pórúcháin folaíochta sa phríomhchuid
|
1. |
Is iad seo na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 18(1):
|
|
2. |
De mhaolú ar phointe 1(a)(ii) den Chaibidil seo, féadfaidh cumann póir a chuireann clár póraithe i gcrích ar ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas eachaí ainmhí pórúcháin folaíochta den speiceas eachaí a iontráil i bpríomhchuid a phórleabhair:
|
|
3. |
De bhreis ar na rialacha a leagtar amach i bpointe 1(c) den Chaibidil seo, aon chumann póir a iontrálann ainmhí pórúcháin folaíochta den speiceas eachaí ina phórleabhar atá iontráilte cheana féin i bpórleabhar atá bunaithe ag cumann póir eile a bhfuil clár póraithe á chur i gcrích aige atá formheasta i gcomhréir le hAirteagal 8(3), agus, i gcás inarb infheidhme, le hAirteagal 12, iontrálfaidh sé an t-ainmhí pórúcháin folaíochta sin faoin uimhir shainaitheantais arna tabhairt dó faoi Rialachán (AE) 2016/429, rud a áiritheoidh uathúlacht agus leanúnachas maidir le sainaithint an ainmhí sin agus, ach amháin sa chás gur chomhaontaigh an dá chumann póir lena mbaineann ar mhaolú, an t-ainm céanna ina luafar cód na tíre inar rugadh an t-ainmhí lena mbaineann, i gcomhréir le comhaontuithe idirnáisiúnta don phór lena mbaineann. |
CAIBIDIL II
Ainmhithe a thaifeadadh i gcodanna forlíontacha
|
1. |
Is iad seo a leanas na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 20(1):
|
|
2. |
Féadfaidh an cumann póir ceanglais dhifriúla a chur i bhfeidhm maidir le comhréireacht leis na saintréithe póir dá dtagraítear i bpointe 1(b) den Chaibidil seo nó maidir leis na ceanglais feidhmíochta dá dtagraítear i bpointe 1(c) den Chaibidil seo ag brath ar an méid seo a leanas:
|
CAIBIDIL III
Uasghrádú ar shíolrach na n-ainmhithe arna thaifeadadh i gcodanna forlíontacha na príomhchoda
|
1. |
Is iad seo a leanas na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 20(2):
|
|
2. |
De mhaolú ar phointe 1 den Chaibidil seo agus de phointe 1(a)(i) de Chaibidil I, déanfaidh Ballstát nó, má chinneann sé amhlaidh, a údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 4(3), a údarú maidir le cumann póir a chuireann i gcrích clár póraithe ar ainmhithe pórúcháin folaíochta de phór atá i mbaol den speiceas buaibheach, den speiceas mucúil, den speiceas caorach nó den speiceas gabhair nó de phór “crua” caorach go n-iontrálfaidh sé i bpríomhchuid a phórleabhair ainmhí a shíolraíonn ó thuismitheoirí agus seantuismitheoirí arna n-iontráil nó arna dtaifeadadh sna príomhchodanna nó sna codanna forlíontacha de phórleabhar an phóir sin.
Déanfaidh Ballstát, nó, má chinneann sé amhlaidh, a údarás inniúil a údaraíonn cumann póir chun leas a bhaint as an maolú sin, an méid seo a leanas a áirithiú:
Déanfaidh na Ballstáit a mbeidh an maolú seo á úsáid acu eolas faoi na pórtha ar deonaíodh an maolú sin dóibh a chur ar fáil go poiblí sa liosta dá dtagraítear in Airteagal 7. |
CUID 2
Clárú muc pórúcháin hibrideach i rollaí pórúcháin
Is iad seo a leanas na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 23:
|
(a) |
go mbeidh an mhuc phórúcháin hibrideach síolraithe ó thuismitheoirí agus ó sheantuismitheoirí a dhéantar a iontráil i bpórleabhair nó a chlárú i rollaí pórúcháin; |
|
(b) |
déanfar an mhuc phórúcháin hibrideach a shainaithint tar éis breithe i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le sláinte ainmhithe a mhéid a bhaineann le sainaithint agus clárú ainmhithe den speiceas mucúil agus leis na rialacha a leagtar amach sa chlár póraithe arna fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 8(3), agus, i gcás inarb infheidhme, le hAirteagal 12; |
|
(c) |
beidh tuismíocht ag an muc phórúcháin hibrideach a bheidh bunaithe i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach sa chlár póraithe arna fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 8(3) agus, i gcás inarb infheidhme, le hAirteagal 12; |
|
(d) |
beidh ag gabháil leis an muc phórúcháin hibrideach, i gcás inar gá, deimhniú zóiteicniúil arna eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 30. |
IARSCRÍBHINN III
TÁSTÁIL FEIDHMÍOCHTA AGUS MEASTÓIREACHT GHÉINITEACH DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 25
CUID 1
Ceanglais ghinearálta
I gcás ina ndéanann cumainn phóir nó oibríochtaí pórúcháin, nó tríú páirtithe atá ainmnithe ag na cumainn phóir nó ag na hoibríochtaí pórúcháin sin i gcomhréir le Airteagal 27(1)(b), tástáil feidhmíochta nó meastóireacht ghéiniteach, déanfaidh siad modhanna a bhunú agus a úsáid le haghaidh tástáil feidhmíochta nó meastóireacht ghéiniteach a bheidh inghlachta go heolaíoch de réir na bprionsabal zóiteicniúil atá bunaithe, agus cuirfear na nithe seo a leanas san áireamh leo nuair is ann dóibh:
|
(a) |
na rialacha agus na caighdeáin arna mbunú ag ionaid tagartha ábhartha de chuid an Aontais Eorpaigh dá bhforáiltear in Airteagal 29(1); nó |
|
(b) |
in éagmais na rialacha agus na gcaighdeán sin, na prionsabail arna gcomhaontú ag ICAR. |
CUID 2
Ceanglais le haghaidh tástáil feidhmíochta
|
1. |
Déanfar tástáil feidhmíochta a chur i gcrích ar bhonn ceann amháin nó níos mó de na scéimeanna tástála feidhmíochta seo a leanas a chuirfear ar bun i gcomhréir leis na modhanna dá dtagraítear i gCuid 1:
Déanfar na scéimeanna tástála feidhmíochta a chur ar bun ar shlí a cheadófar comparáid bhailí a dhéanamh idir na hainmhithe pórúcháin. Déanfar an sliocht, na siblíní nó na hainmhithe leas-sleachta a bheidh le tástáil ag stáisiúin tástála nó ar fheirm a roghnú ar bhealach neamhchlaonta agus ní dhéileálfar go roghnach leo. I gcás tástála ar fheirmeacha, roinnfear iad idir feirmeacha ar shlí a cheadófar comparáid bhailí a dhéanamh idir na hainmhithe pórúcháin a tástáladh. Maidir leis na cumainn phóir agus na hoibríochtaí pórúcháin atá i mbun na scéimeanna tástála feidhmíochta sin a dhéanamh ag stáisiúin tástála, déanfaidh siad, i gcomhréir leis na modhanna dá dtagraítear i gCuid 1 a leagan síos sa phrótacal tástála na téarmaí chun glacadh isteach leis na hainmhithe pórúcháin, faisnéis maidir le sainaitheantas agus torthaí ábhartha na tástála a bhí ann cheana i gcás na n-ainmhithe rannpháirteacha, na tréithe a bhí le taifeadadh, na modhanna tástála a úsáideadh agus aon fhaisnéis ábhartha eile. |
|
2. |
Déanfaidh na cumainn phóir agus na hoibríochtaí pórúcháin ina gcuid clár póraithe arna bhformheas i gcomhréir le hAirteagal 8(3), agus, i gcás inarb infheidhme, le hAirteagal 12, na tréithe a bheidh le taifeadadh i ndáil leis na cuspóirí roghnúcháin a leagtar amach sna cláir phóraithe sin a shainiú. |
|
3. |
I gcás ina mbeidh tréithe táirgthe bainne le taifeadadh, déanfar sonraí a thaifeadadh maidir le táirgeadh bainne, tréithe comhdhéanaimh bainne agus tréithe ábhartha eile a leagtar amach sna modhanna dá dtagraítear i gCuid 1. Féadfar sonraí breise a thaifeadadh maidir le tréithe eile bainne nó cáilíochta bainne. |
|
4. |
I gcás ina mbeidh tréithe táirgthe feola le taifeadadh, déanfar sonraí a thaifeadadh maidir le tréithe táirgthe feola agus tréithe ábhartha eile a leagtar amach sna modhanna dá dtagraítear i gCuid 1. Féadfar sonraí breise a thaifeadadh maidir le tréithe eile feola nó cáilíochta feola. |
|
5. |
Nuair a bheidh tréithe eile seachas iad siúd dá dtagraítear i bpointe 3 agus i bpointe 4 den Chuid seo le taifeadadh, déanfar na tréithe sin a thaifeadadh i gcomhréir leis na modhanna dá dtagraítear i gCuid 1. Féadfar a áireamh leo tréithe speicis agus tréithe pór-shonracha amhail cruth coirp, torthúlacht, éascaíocht breithe, tréithe a bhaineann le sláinte, inmharthanacht sleachta, fad saoil, tréithe cáilíochta snáithín, éifeachtúlachta beathaithe, socheansaitheachta agus inbhuanaitheachta, agus aon tréithe ábhartha eile i ndáil le cuspóirí roghnúcháin an chláir phóraithe arna fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 8(3) agus, i gcás inarb infheidhme, le hAirteagal 12; |
|
6. |
Ní dhéanfar sonraí a bhailítear maidir leis na tréithe dá dtagraítear i bpointe 3, i bpointe 4 agus i bpointe 5 a áireamh sa mheastóireacht ghéiniteach ach amháin i gcás ina ngintear na sonraí sin ar bhonn córas taifeadta a shonraítear sa chlár póraithe arna fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 8(3) agus, i gcás inarb infheidhme, le hAirteagal 12. |
|
7. |
Maidir le gach ceann de na tréithe taifeadta dá dtagraítear i bpointe 3, i bpointe 4 agus i bpointe 5 déanfar faisnéis maidir leis na scéimeanna tástála feidhmíochta a úsáideadh, na prótacail tástála a úsáideadh, agus, i gcás inarb infheidhme, an modh a úsáideadh chun na torthaí tástála a bhailíochtú, a shonrú sa chlár póraithe arna fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 8(3) agus, i gcás inarb infheidhme, le hAirteagal 12. |
|
8. |
I gcás ina ndéanfar meastóireacht ghéiniteach ar na tréithe dá dtagraítear i bpointe 3, i bpointe 4 agus i bpointe 5, áiritheofar i dtaifeadadh na dtréithe sin gur féidir, ag deireadh na tástála, meastachán a thabhairt ar luachanna pórúcháin iontaofa do na tréithe sin. |
|
9. |
Ní fhéadfar na sonraí suirbhé dá dtagraítear i bpointe 1(c) den Chuid seo a thaifeadadh agus a áireamh sa mheastóireacht ghéiniteach ach amháin i gcás ina bhfuil na sonraí bailíochtaithe i gcomhréir leis na modhanna dá dtagraítear i gCuid 1. |
CUID 3
Ceanglais le haghaidh meastóireacht ghéiniteach
|
1. |
Áireofar sa mheastóireacht ghéiniteach ar ainmhithe pórúcháin na tréithe táirgthe agus neamhtháirgthe ábhartha dá dtagraítear i gCuid 2 i ndáil leis na cuspóirí roghnúcháin a leagtar amach sna cláir phóraithe arna bhformheas i gcomhréir le hAirteagal 8(3) agus, i gcás inarb infheidhme, le hAirteagal 12. |
|
2. |
Ní áireofar sa mheastóireacht ghéiniteach ach amháin tréithe dá dtagraítear i gCuid 2 arb ina leith a dhéantar taifeadadh na dtréithe sin mar a shonraítear sa chlár póraithe arna fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 8(3), agus, i gcás inarb infheidhme, le hAirteagal 12. |
|
3. |
Déanfar luachanna pórúcháin ainmhithe pórúcháin a mheas i gcomhréir leis na modhanna dá dtagraítear i gCuid 1 ar bhonn na nithe seo a leanas:
|
|
4. |
Déanfaidh na modhanna staidrimh a úsáidtear le haghaidh na meastóireachta géinití na modhanna dá dtagraítear i gCuid 1 a chomhlíonadh. Ráthófar leis na modhanna staidrimh sin meastóireacht ghéiniteach nach bhfuil claonta ó na príomhéifeachtaí timpeallachta agus ón struchtúr sonraí agus cuirfear san áireamh leo an fhaisnéis go léir atá ar fáil don ainmhí pórúcháin, a shliocht, a shiblíní, ainmhithe leas-sleachta agus gaolta eile ag brath ar an scéim tástála feidhmíochta. |
|
5. |
Déanfar iontaofacht gach ceann de na luachanna póraithe measta a ríomh i gcomhréir leis na modhanna dá dtagraítear i gCuid 1. Nuair a bheidh na luachanna póraithe measta á bhfoilsiú do na hainmhithe pórúcháin, déanfar iontaofacht na luachanna pórúcháin sin a bheidh foilsithe agus dáta na meastóireachta a léiriú. |
|
6. |
Beidh ainmhithe pórúcháin folaíochta fireanna a bhfuil sé beartaithe a seamhan a úsáid d'inseamhnú saorga faoi réir meastóireacht ghéiniteach. Déanfar an mheastóireacht ghéiniteach sin a chur i gcrích ar na príomhthréithe táirgthe i ndáil leis an gclár póraithe mar a leagtar amach sna modhanna dá dtagraítear i gCuid 1 agus féadfar é a chur i gcrích ar thréithe ábhartha eile táirgthe agus neamhtháirgthe mar a leagtar amach sna modhanna dá dtagraítear i gCuid 1. Más rud é go ndéantar meastóireacht ghéiniteach do na tréithe sin ar ainmhithe pórúcháin folaíochta fireanna den speiceas buaibheach a bhfuil sé ar intinn a seamhan a úsáid le haghaidh inseamhnú saorga, déanfar na luachanna póraithe a bhaineann leis na tréithe sin a fhoilsiú cé is moite de na cinn a bhaineann le hainmhithe dá dtagraítear in Airteagal 21(1)(g) (tairbh neamhchruthaithe). |
|
7. |
Le haghaidh ainmhithe pórúcháin folaíochta fireanna den speiceas buaibheach a bhfuil sé ar intinn a seamhan a úsáid le haghaidh inseamhnú saorga, is é an méid seo a leanas, ar a laghad, a bheidh mar iontaofacht íosta na luachanna póraithe:
|
|
8. |
Ní bheidh feidhm ag na ceanglais maidir le luachanna iontaofachta íosta dá dtagraítear i bpointe 7 i leith ainmhithe pórúcháin folaíochta fireanna den speiceas buaibheach a bhfuil an méid seo a leanas i gceist leo:
|
|
9. |
Maidir le hainmhithe pórúcháin folaíochta fireanna den speiceas buaibheach a bhfuil meastóireacht ghéanómaíoch déanta orthu, measfar iad a bheith oiriúnach le haghaidh inseamhnú saorga más rud é maidir lena meastóireacht ghéanómaíoch:
|
|
10. |
An cumann póir nó an oibríocht phórúcháin nó, arna iarraidh sin ag an gcumann póir nó ag an oibríocht phórúcháin sin, an tríú páirtí atá ainmnithe ag an gcumann póir nó ag an oibríocht phórúcháin sin, i gcomhréir le hAirteagal 27(1)(b), déanfaidh sé nó sí an fhaisnéis maidir le máchailí géiniteacha agus sainchomharthaí géiniteacha ainmhithe pórúcháin a bhfuil baint acu leis an gclár póraithe a chur ar fáil go poiblí. |
IARSCRÍBHINN IV
IONAID TAGARTHA DE CHUID AN AONTAIS EORPAIGH DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 29
1. Ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 29(4)(a)
Maidir le hionaid tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 29, beidh:
|
(a) |
foireann chuícháilithe acu:
|
|
(b) |
an bonneagar, an trealamh, agus na táirgí is gá chun na cúraimí ina seilbh acu nó rochtain acu orthu chun na cúraimí seo a leanas a chur i gcrích:
|
2. Cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 29(4)(b)(i) d'ionaid tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh atá ainmnithe i gcomhréir le hAirteagal 29(1)
Déanfaidh ionaid tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 29(1) an méid seo a leanas:
|
(a) |
oibriú le cumainn phóir agus tríú páirtithe arna n-ainmniú ag cumainn phóir i gcomhréir le hAirteagal 27(1)(b) chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na modhanna tástála feidhmíochta agus na modhanna meastóireachta géinití i leith ainmhithe pórúcháin folaíochta, dá dtagraítear in Airteagal 25, a éascú. |
|
(b) |
cumainn phóir, triú páirtithe arna n-ainmniú ag na cumainn phóir sin i gcomhréir le hAirteagal 27(1)(b), nó údaráis inniúla a chur ar an eolas maidir le modhanna tástála feidhmíochta agus meastóireachta géinití ar ainmhithe pórúcháin folaíochta; |
|
(c) |
athbhreithniú tráthrialta a dhéanamh ar thorthaí na tástála feidhmíochta agus na meastóireachta géinití arna ndéanamh ag cumainn phóir nó ag tríú páirtithe a bheidh ainmnithe ag na cumainn phóir sin i gcomhréir le hAirteagal 27(1)(b) agus na sonraí ar a bhfuil siad bunaithe; |
|
(d) |
comparáid a dhéanamh idir na modhanna tástála feidhmíochta agus meastóireachta géinití ar ainmhithe pórúcháin folaíochta; |
|
(e) |
arna iarraidh sin ag an gCoimisiún nó ag Ballstát:
|
|
(f) |
sonraí a sholáthar ar an meastóireacht ghéiniteach ar ainmhithe pórúcháin folaíochta, agus oiliúint a sholáthar le tacú le cumainn phóir nó triú páirtithe a bheidh ainmnithe ag na cumainn phóir sin, i gcomhréir le hAirteagal 27(1)(b) atá ag glacadh páirt i gcomparáidí idirnáisiúnta idir torthaí meastóireachtaí géiniteacha; |
|
(g) |
éascú réiteach na bhfadhbanna a thagann chun cinn i mBallstáit i ndáil leis an meastóireacht ghéiniteach ar ainmhithe pórúcháin folaíochta; |
|
(h) |
comhoibriú laistigh de raon feidhme a gcúraimí le heagraíochtaí atá aitheanta go hidirnáisiúnta; |
|
(i) |
saineolas teicniúil a sholáthar don Bhuanchoiste ar Zóiteicnic, arna iarraidh sin ag an gCoimisiún. |
3. Cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 29(4)(b)(ii) d'ionaid tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh atá ainmnithe i gcomhréir le hAirteagal 29(2).
Déanfaidh ionaid tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 32(1a) an méid seo a leanas:
|
(a) |
oibriú le cumainn phóir, le tríú páirtithe atá ainmnithe ag cumainn phóir i gcomhréir le hAirteagal 27(1)(b), le húdaráis inniúla agus le údaráis eile de chuid na mBallstát chun caomhnú pórtha i mbaol nó caomhnú éagsúlacht ghéiniteach atá ann cheana laistigh de na pórtha sin a éascú; |
|
(b) |
cumainn phóir, tríú páirtithe atá ainmnithe ag na cumainn phóir sin i gcomhréir le hAirteagal 27(1)(b), údaráis inniúla agus údaráis eile a chur ar an eolas faoi mhodhanna a úsáidtear le haghaidh caomhnú pórtha i mbaol nó caomhnú éagsúlacht ghéiniteach atá ann cheana laistigh de na pórtha sin; |
|
(c) |
arna iarraidh sin ag an gCoimisiún:
|
IARSCRÍBHINN V
FAISNÉIS IS GÁ A BHEITH SNA DEIMHNITHE ZÓITEICNIÚLA DÁ DTAGRAÍTEAR I CAIBIDIL VII
CUID 1
Ceanglais ghinearálta
I dteideal na ndeimhnithe zóiteicniúla, déanfar an méid seo a leanas:
|
(a) |
a chur in iúl más ainmhí pórúcháin folaíochta é an t-ainmhí nó muc phórúcháin hibrideach nó má thagann na táirgí geirmeacha ó ainmhithe pórúcháin folaíochta nó ó mhuca pórúcháin hibrideacha; |
|
(b) |
tagairt don speiceas tacsanomaíoch a chur san áireamh; |
|
(c) |
luafar cé acu an bhfuil nó nach bhfuil an choinsíneacht beartaithe le haghaidh trádála laistigh den Aontas nó do thabhairt isteach san Aontas; |
|
(d) |
tagairt don Rialachán seo a chur san áireamh; |
CUID 2
Deimhnithe zóiteicniúla d'ainmhithe pórúcháin folaíochta agus dá gcuid táirgí geirmeacha
CAIBIDIL I
Deimhnithe zóiteicniúla, dá dtagraítear in Airteagal 30, d'ainmhithe pórúcháin folaíochta
|
1. |
Beidh sna deimhnithe zóiteicniúla, dá dtagraítear in Airteagal 30, an fhaisnéis seo a leanas d'ainmhithe pórúcháin folaíochta:
|
|
2. |
I gcás ina n-eisítear deimhnithe zóiteicniúla do ghrúpa ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas mucúil, féadfar an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe 1 den Chaibidil seo a chur le fáil i ndeimhniú zóiteicniúil aonair, ar choinníoll go bhfuil an aois chéanna ag na hainmhithe pórúcháin folaíochta sin agus go bhfuil an mháthair agus an t-athair géiniteach céanna acu. |
CAIBIDIL II
Deimhnithe zóiteicniúla, dá dtagraítear in Aireteagal 30, do sheamhan le haghaidh ainmhithe pórúcháin folaíochta
Beidh sna deimhnithe zóiteicniúla, dá dtagraítear in Airteagal 30, an fhaisnéis seo a leanas do sheamhan d'ainmhithe pórúcháin folaíochta:
|
(a) |
an fhaisnéis go léir dá dtagraítear i gCaibidil I den Chuid seo maidir leis na hainmhithe pórúcháin folaíochta a sholáthair an seamhan; |
|
(b) |
faisnéis lena gceadaítear an seamhan a shainaithint, líon na ndáileoga atá le seoladh, ionad agus dáta a bhailithe, ainm, seoladh agus uimhir fhormheasta an ionaid bhailithe nó stórála seamhain agus ainm agus seoladh an choinsíní; |
|
(c) |
do sheamhan atá beartaithe le haghaidh tástáil ainmhithe pórúcháin folaíochta nach ndearnadh tástáil feidhmíochta ná meastóireacht ghéiniteach orthu, líon dháileoga an tseamhain sin a bheidh i gcomhréir leis na teorainneacha cainníochta dá dtagraítear in Airteagal 21(1)(g), ainm agus seoladh an chumainn phóir nó an tríú páirtí arna ainmniú ag an gcumann póir sin i gcomhréir le hAirteagal 27(1)(b) atá freagrach as an tástáil sin a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 25; |
|
(d) |
dáta agus áit eisiúna an deimhnithe zóiteicniúil, agus ainm, cáil agus síniú an té atá údaraithe ag an gcumann póir eisiúna leis an deimhniú sin a shíniú, nó i gcás an seamhan a bheith tugtha isteach san Aontas údaraithe ag an gcomhlacht pórúcháin a d'eisigh an deimhniú; beidh an té sin ina ionadaí ón gcumann póir nó ón gcomhlacht pórúcháin nó ina oibreoir dá dtagraítear in Airteagal 31(1) nó in Airteagal 33(1) nó ionadaí ó údarás inniúil, dá dtagraítear in Airteagal 30(2)(b). |
CAIBIDIL III
Deimhnithe zóiteicniúla, dá dtagraítear in Airteagal 30, d'úicítí d'ainmhithe pórúcháin folaíochta
Beidh sna deimhnithe zóiteicniúla, dá dtagraítear in Airteagal 30, an fhaisnéis seo a leanas d'úicítí d'ainmhithe pórúcháin folaíochta:
|
(a) |
an fhaisnéis go léir dá dtagraítear i gCaibidil I den Chuid seo maidir leis an deontóir baineann a sholáthair na húicítí,; |
|
(b) |
faisnéis lena gceadaítear sainaithint na n-úicítí, líon na gcochán, ionad agus dáta a mbailithe, ainm, seoladh agus uimhir fhormheasta na foirne bailithe nó táirgthe suthanna agus ainm agus seoladh an choinsíní; |
|
(c) |
i gcás ina bhfuil níos mó ná úicít amháin i gcochán, léiriú soiléir ar líon na n-úicití atá bailithe ón ainmhí céanna pórúcháin folaíochta; |
|
(d) |
dáta agus áit eisiúna an deimhnithe zóiteicniúil, agus ainm, cáil agus síniú an té atá údaraithe ag an gcumann póir eisiúna leis an deimhniú sin a shíniú, nó i gcás na húicítí a bheith tugtha isteach san Aontas údaraithe ag an gcomhlacht pórúcháin; beidh an té sin ina ionadaí ón gcumann póir a d'eisigh an deimhniú nó ón gcomhlacht pórúcháin nó ó údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 31(1) nó in Airteagal 33(1), nó ina ionadaí ó údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 30(2)(b). |
CAIBIDIL IV
Deimhnithe zóiteicniúla, dá dtagraítear in Airteagal 30, do shuthanna d'ainmhithe pórúcháin folaíochta
Beidh sna deimhnithe zóiteicniúla, dá dtagraítear in Airteagal 30, an fhaisnéis seo a leanas do shuthanna d'ainmhithe pórúcháin folaíochta:
|
(a) |
an fhaisnéis go léir dá dtagraítear i gCaibidil I den Chuid seo maidir leis an deontóir baineann agus maidir leis an ainmhí fireann atá ag toirchiú; |
|
(b) |
faisnéis lena gceadaítear sainaithint na suthanna, líon na gcochán, ionad agus dáta a mbailithe nó a dtáirgthe, ainm, seoladh agus uimhir fhormheasta na foirne bailithe nó táirgthe suthanna agus ainm agus seoladh an choinsíní; |
|
(c) |
i gcás ina bhfuil níos mó ná suth amháin i gcochán, léiriú soiléir ar líon na suthanna a bhfuil na tuismitheoirí céanna acu; |
|
(d) |
dáta agus áit eisiúna an deimhnithe zóiteicniúil, agus ainm, cáil agus síniú an té atá údaraithe ag an gcumann póir eisiúna leis an deimhniú sin a shíniú, nó i gcás na suthanna a bheith tugtha isteach san Aontas údaraithe ag an gcomhlacht pórúcháin a d'eisigh an deimhniú; beidh an té sin ina ionadaí ón gcumann póir nó ón gcomhlacht pórúcháin nó ina údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 31(1) nó in Airteagal 33(1), nó ina ionadaí ó údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 30(2)(b). |
CUID 3
Deimhnithe zóiteicniúla, dá dtagraítear in Airteagal 30, do mhuca pórúcháin hibrideacha agus do tháirgí geirmeacha díobh
CAIBIDIL I
Deimhnithe zóiteicniúla do mhuca pórúcháin hibrideacha
|
1. |
Beidh sna deimhnithe zóiteicniúla, dá dtagraítear in Airteagal 30, an fhaisnéis seo a leanas do mhuca pórúcháin hibrideacha:
|
|
2. |
I gcás ina n-eisítear deimhnithe zóiteicniúla do ghrúpa de mhuca pórúcháin hibrideacha, féadfar an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe 1 den Chaibidil seo a chur ar fáil i ndeimhniú zóiteicniúil aonair, ar choinníoll go bhfuil an aois chéanna ag na muca pórúcháin hibrideacha sin agus go bhfuil an mháthair ghéiniteach chéanna agus an t-athair géiniteach céanna acu. |
CAIBIDIL II
Deimhnithe zóiteicniúla, dá dtagraítear in Airteagal 30, do sheamhan de mhuca pórúcháin hibrideacha
Beidh sna deimhnithe zóiteicniúla, dá dtagraítear in Airteagal 30, an fhaisnéis seo a leanas do sheamhan de mhuca pórúcháin hibrideacha:
|
(a) |
an fhaisnéis go léir dá dtagraítear i gCaibidil I den Chuid seo maidir leis na muca pórúcháin hibrideacha a sholáthair an seamhan; |
|
(b) |
faisnéis lena gceadaítear sainaithint an tseamhain, líon na ndáileog, dáta a bhailithe, ainm, seoladh agus uimhir fhormheasta an ionaid bhailithe nó stórála seamhain agus ainm agus seoladh an choinsíní; |
|
(c) |
do sheamhan atá beartaithe le haghaidh tástáil feidhmíochta nó meastóireacht ghéiniteach ar mhuca pórúcháin hibrideacha, nach ndearnadh tástáil feidhmíochta ná meastóireacht ghéiniteach den sórt sin cheana orthu, líon dháileoga an tseamhain sin a bheidh i gcomhréir leis na teorainneacha cainníochta dá dtagraítear in Airteagal 24(1)(d), ainm agus seoladh na hoibríochta pórúcháin, nó an tríú páirtí arna ainmniú ag an oibríocht phórúcháin sin i gcomhréir le hAirteagal 27(1(b), atá freagrach as an tástáil sin a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 25; |
|
(d) |
dáta agus áit eisiúna an deimhnithe zóiteicniúil, agus ainm, cáil agus síniú an té atá údaraithe leis an deimhniú sin a shíniú ag an gcumann póir eisiúna nó, i gcás an seamhan a bheith a thabhairt isteach san Aontas, údaraithe ag an gcomhlacht pórúcháin a d'eisigh an deimhniú; beidh an té sin ina ionadaí ón oibríocht phórúcháin sin nó ón gcomhlacht pórúcháin sin nó ina oibreoir dá dtagraítear in Airteagal 31(1) nó in Airteagal 33(1), nó ina ionadaí ón údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 30(2)(b). |
CAIBIDIL III
Deimhnithe zóiteicniúla dá dtagraítear in Airteagal 30 d'úicití de mhuca pórúcháin hibrideacha
Beidh sna deimhnithe zóiteicniúla dá dtagraítear in Airteagal 30 an fhaisnéis seo a leanas d'úicití de mhuca pórúcháin hibrideacha:
|
(a) |
an fhaisnéis go léir dá dtagraítear i gCaibidil I den Chuid seo maidir leis an deontóir baineann a sholáthair na húicítí; |
|
(b) |
faisnéis lena gceadaítear sainaithint na n-úicítí, líon na gcochán dáta a mbailithe, ainm, seoladh agus uimhir fhormheasta na foirne bailithe nó táirgthe suthanna agus ainm agus seoladh an choinsíní; |
|
(c) |
i gcás ina bhfuil níos mó ná úicít amháin i gcochán, léiriú soiléir ar líon na n-úicití atá bailithe ón muc phórúcháin hibrideach chéanna; |
|
(d) |
dáta agus áit eisiúna an deimhnithe zóiteicniúil agus ainm, cáil agus síniú an té atá údaraithe ag an oibríocht phórúcháin eisiúna leis an deimhniú sin a shíniú nó, i gcás na húicití a bheith á dtabhairt isteach san Aontas, údaraithe ag an gcomhlacht pórúcháin a d'eisigh an deimhniú; beidh an té sin ina ionadaí ón oibríocht phórúcháin sin nó ón gcomhlacht pórúcháin sin nó ina oibreoir dá dtagraítear in Airteagal 31(1), in Airteagal 33(1), nó ina ionadaí ó údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 30(2)(b). |
CAIBIDIL IV
Deimhnithe zóiteicniúla, dá dtagraítear in Airteagal 30, do shuthanna de mhuca pórúcháin hibrideacha
Beidh sna deimhnithe zóiteicniúla, dá dtagraítear in Airteagal 30, an fhaisnéis seo a leanas do shuthanna de mhuca pórúcháin hibrideacha:
|
(a) |
an fhaisnéis go léir dá dtagraítear i gCaibidil I den Chuid seo maidir leis an deontóir baineann agus maidir leis an ainmhí fireann atá ag toirchiú; |
|
(b) |
faisnéis lena gceadaítear sainaithint na suthanna, líon na gcochán, ionad agus dáta a mbailithe nó a dtáirgthe, ainm, seoladh agus uimhir fhormheasta na foirne bailithe nó táirgthe suthanna agus ainm agus seoladh an choinsíní; |
|
(c) |
i gcás ina bhfuil níos mó ná suth amháin i gcochán, léiriú soiléir ar líon na suthanna a bhfuil na tuismitheoirí céanna acu; |
|
(d) |
dáta agus áit eisiúna an deimhnithe zóiteicniúil, agus ainm, cáil agus síniú an té atá údaraithe ag an gcumann póir eisiúna leis an deimhniú sin a shíniú, nó, i gcás na suthanna a bheith tugtha isteach san Aontas, údaraithe ag an gcomhlacht pórúcháin a d'eisigh an deimhniú; beidh an té sin ina ionadaí ón oibríocht phórúcháin sin nó ón gcomhlacht pórúcháin sin nó ina oibreoir dá dtagraítear in Airteagal 33(1) nó in Airteagal 33(1), nó ina ionadaí ó údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 30(2)(b). |
IARSCRÍBHINN VI
CRÍOCHA DÁ DTAGRAÍTEAR I bPOINTE 21 D'AIRTEAGAL 2
|
1. |
Críoch Ríocht na Beilge |
|
2. |
Críoch Phoblacht na Bulgáire |
|
3. |
Críoch Phoblacht na Seice |
|
4. |
Críoch Ríocht na Danmhairge cé is moite d'Oileáin Fharó agus an Ghraonlainn |
|
5. |
Críoch Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine |
|
6. |
Críoch Phoblacht na hEastóine |
|
7. |
Críoch na hÉireann |
|
8. |
Críoch na Poblachta Heilléanaí |
|
9. |
Críoch Ríocht na Spáinne cé is moite de Ceuta agus Melilla |
|
10. |
Críoch Phoblacht na Fraince |
|
11. |
Críoch Phoblacht na Cróite |
|
12. |
Críoch Phoblacht na hIodáile |
|
13. |
Críoch Phoblacht na Cipire |
|
14. |
Críoch Phoblacht na Laitvia |
|
15. |
Críoch Phoblacht na Liotuáine |
|
16. |
Críoch Ard-Diúcacht Lucsamburg |
|
17. |
Críoch na hUngáire |
|
18. |
Críoch Phoblacht Mhálta |
|
19. |
Críoch Ríocht na hÍsiltíre san Eoraip |
|
20. |
Críoch Phoblacht na hOstaire |
|
21. |
Críoch Phoblacht na Polainne |
|
22. |
Críoch Phoblacht na Portaingéile |
|
23. |
Críoch na Rómáine |
|
24. |
Críoch Phoblacht na Slóivéine |
|
25. |
Críoch Phoblacht na Slóvaice |
|
26. |
Críoch Phoblacht na Fionlainne |
|
27. |
Críoch Ríocht na Sualainne |
|
28. |
Críoch Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann |
IARSCRÍBHINN VII
TÁBLA COMHGHAOIL
|
Treoir 2009/157/CE ón gComhairle |
An Rialachán seo |
|
Airteagal 1 |
Airteagal 2, pointe 9 agus pointe 12 |
|
Airteagal 2(a),(b), (e) |
Airteagal 3(1) |
|
Airteagal 2(c) |
Airteagal 8(3) |
|
Airteagal 2(d) |
Airteagal 4(3) |
|
Airteagal 3 |
Airteagal 18(1) |
|
Airteagal 4(1) |
Airteagal 7(1) |
|
Airteagal 4(2) |
Airteagal 7(5) |
|
Airteagal 5 |
Airteagal 30(1), Airteagal 30(4), an chéad fhomhír, Airteagal 30(6) agus pointe 1(d) de Chaibidil I de Chuid 1 d'Iarscríbhinn II |
|
Airteagal 6(a) |
Airteagal 26(1) agus Iarscríbhinn III |
|
Airteagal 6(b) |
Cuid 1 d'Iarscríbhinn I |
|
Airteagal 6(c) |
Cuid 2 d'Iarscríbhinn I |
|
Airteagal 6(d) |
Cuid 1 d'Iarscríbhinn II |
|
Airteagal 6(e) |
Airteagal 30(9) agus (10) agus Iarscríbhinn V |
|
Airteagal 7(1) |
Airteagal 62(1) |
|
Airteagal 7(2) |
Airteagal 62(2) |
|
Airteagal 8 |
— |
|
Airteagal 9 |
— |
|
Airteagal 10 |
— |
|
Airteagal 11 |
— |
|
Treoir 87/328/CEE ón gComhairle |
An Rialachán seo |
|
Airteagal 1 |
Airteagal 21(1) |
|
Airteagal 2(1) |
Airteagal 21(4) |
|
Airteagal 2(2) |
Airteagal 12 agus Airteagal 13 |
|
Airteagal 2(3) |
— |
|
Airteagal 3 |
Airteagal 22(1) agus (3) |
|
Airteagal 4 |
Airteagal 21(5) |
|
Airteagal 5 |
Airteagal 29(1) |
|
Airteagal 6 |
— |
|
Airteagal 7 |
— |
|
Cinneadh 96/463/CE ón gComhairle |
An Rialachán seo |
|
Airteagal 1(1) |
Airteagal 29(1) |
|
Airteagal 1(2) |
Airteagal 29(4)(a) agus (b)(i) |
|
Airteagal 2 |
— |
|
Iarscríbhinn II |
Pointe 1 agus Pointe 2 d'Iarscríbhinn IV |
|
Treoir 88/661/CEE ón gComhairle |
An Rialachán seo |
|
Airteagal 1 |
Airteagal 2, pointí 9, 10, 12 agus 17 |
|
Airteagal 2(1) |
Airteagal 3(1), Airteagal 4(3) agus Airteagal 8(3) |
|
Airteagal 2(2) |
— |
|
Airteagal 3 |
Airteagal 21(2)- |
|
Airteagal 4(1) |
Airteagal 18(1) |
|
Airteagal 4(2) |
Airteagal 64(7) |
|
Airteagal 4a, an chéad mhír |
Airteagal 7(1) |
|
Airteagal 4a, an dara mír |
Airteagal 7(5) |
|
Airteagal 5 |
Airteagal 30(1), Airteagal 30(4), an chéad fhomhír, Airteagal 30(6) agus pointe 1(d) de Chaibidil I de Chuid 1 d'Iarscríbhinn II |
|
Airteagal 6(1) |
Airteagal 30(9) agus (10), Cuid 1 agus Cuid 2 d'Iarscríbhinn I, Cuid 1 d'Iarscríbhinn II, Iarscríbhinn III agus Iarscríbhinn V |
|
Airteagal 6(2) |
— |
|
Airteagal 7(1) |
Airteagal 3(1), Airteagal 8(3) agus Airteagal 4(3) |
|
Airteagal 7(2) |
Airteagal 1(3)- |
|
Airteagal 7a |
Airteagal 7(1) agus (5) |
|
Airteagal 8 |
Airteagal 25(2)- |
|
Airteagal 9 |
Airteagal 30(1), Airteagal 30(4), an chéad fhomhír, Airteagal 30(6) agus pointe 1(d) de Chuid 2 d'Iarscríbhinn II |
|
Airteagal 10 (1) |
Airteagal 30(9) agus (10), Cuid 1 agus Cuid 2 d'Iarscríbhinn I, Cuid 2 d'Iarscríbhinn II, Iarscríbhinn III agus Iarscríbhinn V |
|
Airteagal 10 (2) |
— |
|
Airteagal 11(1) |
Airteagal 62(1) |
|
Airteagal 11(2) |
Airteagal 62(2) |
|
Airteagal 11(3) |
Airteagal 62(2) |
|
Airteagal 12 |
Airteagal 1(3)- |
|
Airteagal 13 |
— |
|
Airteagal 14 |
— |
|
Treoir 90/118/CEE ón gComhairle |
An Rialachán seo |
|
Airteagal 1 |
Airteagal 21(1) |
|
Airteagal 2(1) |
Airteagal 21(4) |
|
Airteagal 2(2) |
Airteagal 12 agus Airteagal 13 agus Airteagal 28(2) |
|
Airteagal 2(3) |
Airteagal 14 agus Airteagal 28(2) |
|
Airteagal 3 |
Airteagal 21(5) |
|
Airteagal 4 |
Airteagal 62(1) |
|
Airteagal 5 |
— |
|
Airteagal 6 |
— |
|
Treoir 90/119/CEE ón gComhairle |
An Rialachán seo |
|
Airteagal 1 |
Airteagal 24(1) agus Airteagal 25 |
|
Airteagal 2 |
Airteagal 24(3) |
|
Airteagal 3 |
— |
|
Airteagal 4 |
— |
|
Treoir 89/361/CEE ón gComhairle |
An Rialachán seo |
|
Airteagal 1(1) |
Airteagal 1(1) |
|
Airteagal 1(2) |
Airteagal 1(3)- |
|
Airteagal 2 |
Airteagal 2, pointe 9 agus pointe 12 |
|
Airteagal 3(1) |
Airteagal 3(1), Airteagal 4(3) agus Airteagal 8(3) |
|
Airteagal 3(2) |
Airteagal 1(3) |
|
Airteagal 4 |
Cuid 1 agus Cuid 2 d'Iarscríbhinn I, Cuid 1 d'Iarscríbhinn II, Iarscríbhinn III |
|
Airteagal 5 |
Airteagal 7(1) agus (5) |
|
Airteagal 6 |
Airteagal 30(1), Airteagal 30(4), an chéad fhomhír, Airteagal 30(6) agus pointe 1(d) de Chaibidil I de Chuid 1 d'Iarscríbhinn II |
|
Airteagal 7 |
Airteagal 1(3)- |
|
Airteagal 8 |
Airteagal 62(1) |
|
Airteagal 9 |
— |
|
Airteagal 10 |
— |
|
Treoir 90/427/CEE ón gComhairle |
An Rialachán seo |
|
Airteagal 1 |
Airteagal 1(1) |
|
Airteagal 2 |
Airteagal 2, pointe 9 agus pointe 12 |
|
Airteagal 3, an chéad mhír |
Airteagal 3(1) |
|
Airteagal 3, an dara mír |
Airteagal 1(3)- |
|
Airteagal 4(1)(a) |
Cuid 1 agus Cuid 3 d'Iarscríbhinn I |
|
Airteagal 4(1)(b) |
Pointe 1(c) de Chaibidil I de Chuid 1 d'Iarscríbhinn II |
|
Airteagal 4(2) |
Airteagal 4(3), Airteagal 19(4), Airteagal 33, Airteagal 34(1)(c), Airteagal 30(9) agus (10), Airteagal 32, Iarscríbhinn I, Cuid 1 d'Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn V |
|
Airteagal 5 |
Airteagal 7(1) agus (5) |
|
Airteagal 6 |
Point 3 de Chaibidil I de Chuid 1 d'Iarscríbhinn II |
|
Airteagal 7 |
Cuid 1 d'Iarscríbhinn II agus Cuid 1 d'Iarscríbhinn III |
|
Airteagal 8(1) |
Point 1(c) de Chaibidil I de Chuid 1 d'Iarscríbhinn II |
|
Airteagal 8(2) |
Airteagal 30(1), Airteagal 30(4), an chéad fhomhír, Airteagal 30(6), Airteagal 32 agus pointe 1(d) de Chaibidil I de Chuid 1 d'Iarscríbhinn II |
|
Airteagal 9 |
Airteagal 1(3) |
|
Airteagal 10 |
Airteagal 62(1) |
|
Airteagal 11 |
— |
|
Airteagal 12 |
— |
|
Iarscríbhinn |
— |
|
Treoir 91/174/CEE ón gComhairle |
An Rialachán seo |
|
Airteagal 1 |
Airteagal 2- |
|
Airteagal 2 |
Airteagal 3, Airteagal 35(1) agus Airteagal 45(1)- |
|
Airteagal 3 |
— |
|
Airteagal 4 |
— |
|
Airteagal 5 |
— |
|
Airteagal 6 |
— |
|
Airteagal 7 |
— |
|
Airteagal 8 |
— |
|
Treoir 94/28/CE ón gComhairle |
An Rialachán seo |
|
Airteagal 1(1) |
Airteagal 1(1) |
|
Airteagal 1(2) |
— |
|
Airteagal 1(3) |
— |
|
Airteagal 1(4) |
Airteagal 3(1) agus Airteagal 36(2) |
|
Airteagal 2 |
Airteagal 2 |
|
Airteagal 3 |
Airteagal 34 |
|
Airteagal 4 |
Airteagal 36(1)(a), (c) agus (d) agus Airteagal 37(1)(a) |
|
Airteagal 5 |
Airteagal 36(1)(b) agus (d) |
|
Airteagal 6 |
Airteagal 36(1)(b) agus (d) |
|
Airteagal 7 |
Airteagal 36(1)(b) agus (d) |
|
Airteagal 8 |
Airteagal 39(2)- |
|
Airteagal 9(1) agus (2) |
Airteagal 37(1)(b) agus (2) |
|
Airteagal 9(3) |
— |
|
Airteagal 10 |
Airteagal 57 agus Airteagal 60 |
|
Airteagal 11 |
— |
|
Airteagal 12 |
Airteagal 62(1) |
|
Airteagal 13 |
— |
|
Airteagal 14 |
— |
|
Airteagal 15 |
— |
|
29.6.2016 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
144 |
RIALACHÁN (AE) 2016/1013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 8 Meitheamh 2016
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 184/2005 maidir le staidreamh Comhphobail a bhaineann le comhardú íocaíochtaí, le trádáil idirnáisiúnta i seirbhísí agus le hinfheistíocht dhíreach ón gcoigríoch
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 338(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),
De bharr an méid seo a leanas:
|
(1) |
Mar thoradh ar theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, ba cheart na cumhachtaí atá tugtha don Choimisiún faoi Rialachán (CÉ) Uimh 184/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) a ailíniú le hAirteagal 290 agus le hAirteagal 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). |
|
(2) |
Tá staidreamh ar ardchaighdeán agus le hinchomparáideacht ard i ndáil le comhardú íocaíochtaí, le trádáil idirnáisiúnta i seirbhísí agus le hinfheistíocht dhíreach ón gcoigríoch (IDC) riachtanach dóibh siúd atá freagrach as an mbeartas poiblí san Aontas, do thaighdeoirí agus do shaoránaigh uile na hEorpa. Ba cheart don Choimisiún (Eurostat) gach beart is gá a dhéanamh chun go mbeidh rochtain éasca ar líne ar shraith sonraí atá furasta le húsáid agus chun cur i láthair iomasach na sonraí a chur ar fáil d'úsáideoirí. |
|
(3) |
Tá staidreamh maidir le comhardú na n-íocaíochtaí, trádáil idirnáisiúnta i seirbhísí agus IDC rí-thábhachtach le haghaidh ceapadh beartais eacnamaíoch a bheidh feasach agus le haghaidh réamhaisnéise geilleagraí a bheidh cruinn. |
|
(4) |
I bhfianaise ghlacadh Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), tá gealltanas tugtha ag an gCoimisiún, trí bhíthin Ráitis (5), athbhreithniú a dhéanamh, i bhfianaise na gcritéar atá leagtha síos in CFAE, ar ghníomhartha reachtacha a bhfuil tagairtí iontu faoi láthair don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú. |
|
(5) |
Tá tagairtí i Rialachán (CE) Uimh. 184/2005 don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus ba cheart athbhreithniú a dhéanamh air dá bhrí sin i bhfianaise na gcritéar atá leagtha síos in CFAE. |
|
(6) |
D'fhonn Rialachán (CE) Uimh. 184/2005 a ailíniú le hAirteagal 290 agus le hAirteagal 291 CFAE, ba cheart cumhachtaí chun gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh a chur in ionad na gcumhachtaí cur chun feidhme atá tugtha don Choimisiún leis an Rialachán sin. |
|
(7) |
Ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean don Choimisiún nuair is gá, mar thoradh ar athruithe eacnamaíocha agus teicniúla, leibhéil miondealaithe gheografaigh, leibhéil miondealaithe earnálacha institiúideacha agus leibhéil miondealaithe gníomhaíochta eacnamaíche a leagtar amach i dTábla 6, i dTábla 7 agus i dTábla 8 d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 184/2005 a nuashonrú, ar choinníoll nach gcuireann nuashonruithe den sórt sin isteach ar an ualach tuarascála ná nach modhnaíonn siad an bunchreat coincheapúil is infheidhme. Ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean don Choimisiún freisin cibé uair is gá roinnt ceanglas maidir le sreafaí sonraí in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin a dhíchur nó a ísliú, ar choinníoll nach n-ísleoidh díchur nó ísliú den sórt sin caighdeán an staidrimh a tháirgfear i gcomhréir leis an Rialachán seo. Ba cheart le gníomhartha tarmligthe den sórt sin síneadh na sprice don tuarascáil maidir le torthaí na staidéar i leith staidreamh IDC arna bhunú ar choincheap na húinéireachta deiridh agus i leith staidreamh IDC lena ndéantar idirbhearta IDC úrnua a idirdhealú ó tháthcheangail a chumhdach freisin. Ba cheart don Choimisiún a a áirithiú nach gcuirfidh na gníomhartha tarmligthe sin ualach suntasach breise ar na Ballstáit ná ar na haonaid is freagróirí, ar ualaí iad is mó ná mar is gá chun críocha an Rialacháin seo, ná nach modhnaítear an bunchreat coincheapúil is infheidhme. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (6). Go háirithe, d'fhonn rannpháirtíocht chothrom in ullmhú gníomhartha tarmligthe a áirithe, Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus tá rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. |
|
(8) |
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú chun Rialachán (CE) Uimh. 184/2005 a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún d'fhonn modúlachtaí, struchtúr agus tréimhsiúlacht na dtuarascálacha cáilíochta a chomhchuibhiú. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. |
|
(9) |
Chuir an Coiste um Chomhardú na nÍocaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 11 de Rialachán (CE) Uimh. 184/2005 comhairle ar fáil don Choimisiún agus thug sé cúnamh dó i bhfeidhmiú a chumhachtaí cur chun feidhme. De réir na straitéise maidir le struchtúr nua don Chóras Staidrimh Eorpach (CSE) a bhfuil sé mar aidhm leis comhordú agus comhpháirtíocht a fheabhsú i struchtúr pirimide soiléir laistigh de CSE, ba cheart ról comhairleach a bheith ag an gCoiste um an gCóras Staidrimh Eorpach (CCSE) a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), agus ba cheart dó cúnamh a thabhairt don Choimisiún i bhfeidhmiú a chumhachtaí cur chun feidhme. Chuige sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 184/2005 a leasú, trí na tagairtí do CCSE a chur in ionad na dtagairtí don Choiste um Chomhardú na nÍocaíochtaí. |
|
(10) |
An comhar maith oibríoch atá ann faoi láthair idir na Bainc Cheannais Náisiúnta (BCNanna) agus na hInstitiúidí Náisiúnta Staidrimh (INSanna) agus idir Eurostat agus an Banc Ceannais Eorpach (BCE), is sócmhainn é ar ceart a chaomhnú agus a fhorbairt tuilleadh d'fhonn feabhsú a bhaint amach ar chomhsheasmhacht agus ar cháilíocht fhor- iomlána staidrimh mhaicreacnamaíoch, amhail staidreamh ar chomhardú na n-íocaíochtaí, staidreamh airgeadais, staidreamh airgeadais rialtais agus cuntais náisiúnta. Tá INSanna agus BCNanna chun leanúint de dhlúthbhaint a bheith acu le hullmhú na gcinntí ar fad a bhaineann le comhardú íocaíochtaí, trádáil idirnáisiúnta i seirbhísí agus staidreamh IDC trí bheith rannpháirteach sna grúpaí saineolais ábhartha atá freagrach as comhardú íocaíochtaí, trádáil idirnáisiúnta i seirbhísí agus as staidreamh IDC. Déantar an comhar idir CSE agus an Córas Eorpach Banc Ceannais (CEBC) a chomhordú ar an leibhéal straitéiseach laistigh den Fhóram Staidrimh Eorpach, a bunaíodh de bhun Meamram Tuisceana maidir leis an gcomhar idir comhaltaí an Chórais Staidrimh Eorpaigh agus comhaltaí an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais a síníodh ar an 24 Aibreán 2013. |
|
(11) |
D'fhonn comhar idir CSE agus CEBC a neartú tuilleadh, ba cheart don Choimisiún tuairim an Choiste um Staidreamh Airgeadaíochta, Airgeadais agus Chomhardú na nÍocaíochtaí (CSAACnaÍ), a cuireadh ar bun le Cinneadh 2006/856/CE (8) ón gComhairle, a lorg maidir leis na hábhair uile a thagann faoina inniúlachtaí dá dtagraítear sa Chinneadh sin. |
|
(12) |
De bhun Airteagal 127(4) agus Airteagal 282(5) CFAE, ba cheart dul i gcomhairle le BCE maidir le haon ghníomh Aontais arna bheartú laistigh dá réimsí inniúlachta. |
|
(13) |
Ba cheart do na Ballstáit na sonraí is gá chun staidreamh Eorpach a tháirgeadh a sholáthar in am, san fhoirm iomchuí agus ar an gcaighdeán riachtanach maidir le Comhardú na nÍocaíochtaí, trádáil idirnáisiúnta i seirbhísí agus IDC. |
|
(14) |
Ó glacadh Rialachán (CE) Uimh. 184/2005, tá sreafaí caipitil idirnáisiúnta tar éis treisiú agus éirí níos casta. Leis an méadú ar úsáid feithiclí sainchuspóireacha agus le struchtúir dlí chun sreabha caipitil a aistriú, tá sé níos deacra anois faireachán a dhéanamh ar shreabha den sórt sin chun a n-inrianaitheacht a áirithiú agus cuntasaíocht dhúbailte nó iomadúil a sheachaint. |
|
(15) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 184/2005 a nuashonrú d'fhonn trédhearcacht agus gráinneacht a fheabhsú maidir le Comhardú na nÍocaíochtaí, leis an trádáil idirnáisiúnta i seirbhísí agus le hIDC. |
|
(16) |
D'fhonn an fhaisnéis iomchuí a éilítear de bhun an Rialacháin seo a bhailiú, ba cheart do na Ballstáit gach foinse ábhartha agus iomchuí a úsáid, lena n-áirítear foinsí sonraí riaracháin amhail cláir ghnó nó Clár na nGrúpaí Eorpacha. Ba cheart trédhearcacht a fheabhsú freisin trí leas a bhaint as nuálaíochtaí a rinneadh le déanaí, amhail an t-aitheantóir domhanda eintitis dhlítheanaigh, chomh maith leis na cláir d'úinéireacht thairbhiúil a bunaíodh i gcreat Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9). |
|
(17) |
Chun go bhforbrófaí staidreamh IDC arna bhunú ar choincheap na húinéireachta deiridh agus staidreamh IDC lena ndéantar idirbhearta IDC úrnua a idirdhealú ó IDC ar táthcheangail, nach mbíonn méadú ar an ollfhoirmiú caipitil sna Ballstáit, a bhíonn mar thoradh orthu, don chuid is mó, ar feadh tréimhse ar leith, ba cheart an mhodheolaíocht iomchuí sna réimsí sin a fhorbairt agus a fheabhsú. Ba cheart an méid sin a dhéanamh i gcomhar le geallsealbhóirí ábhartha amhail an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta, an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta agus Comhdháil na Náisiún Aontaithe ar Thrádáil agus Forbairt. |
|
(18) |
Maidir le treoirstaidéir, ba cheart na coinníollacha bhunú leo, lena n-áirítear an creat modheolaíoch chun bailiúcháin sonraí nua a thabhairt isteach maidir le staidreamh bliantúil IDC, agus measúnú a dhéanamh leo ar chostais na mbailiúchán sonraí gaolmhar, ar chaighdeán an staidrimh, chomh maith le hinchomparáideacht trastíre. Ba cheart do thorthaí na staidéar sin a bheith ina n- ábhar do thuarascáil arna hullmhú ag an gCoimisiún agus arna cur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. |
|
(19) |
Chun cáilíocht na sonraí staidrimh a chuireann na Ballstáit isteach a áirithiú, ba cheart don Choimisiún leas a bhaint as na sainchumais agus na cumhachtaí iomchuí dá bhforáiltear in Airteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009. |
|
(20) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 184/2005 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 184/2005 mar seo a leanas:
|
(1) |
In Airteagal 2, cuirtear isteach an mhír seo a leanas: “3. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 nuair is amhlaidh, de bharr athruithe eacnamaíocha nó teicniúla, gur gá leibhéil miondealaithe gheografaigh, leibhéil miondealaithe earnálacha institiúideacha agus leibhéil miondealaithe gníomhaíochta eacnamaíche a leagtar amach i dTábla 6, i dTábla 7 agus i dTábla 8 d'Iarscríbhinn I a nuashonrú ar an gcoinníoll nach gcuireann na nuashonruithe sin isteach ar an ualach tuarascála agus nach modhnaíonn siad an bunchreat coincheapúil is infheidhme. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 cibé uair is gá ceanglais ar leith maidir le sreafaí sonraí in Iarscríbhinn I a dhíchur nó a ísliú, ar an gcoinníoll nach laghdódh an díchur nó an t-ísliú sin caighdeán an staidrimh arna tháirgeadh i gcomhréir leis an Rialachán seo. Le linn dó na cumhachtaí sin a fheidhmiú, áiritheoidh an Coimisiún nach gcuirfidh na gníomhartha tarmligthe ualach suntasach breise ar na Ballstáit ná ar na freagróirí. Ina theannta sin, tabharfaidh an Coimisiún bonn cirt cuí do na gníomhaíochtaí dá bhforáiltear sna gníomhartha tarmligthe sin, agus aird á tabhairt aici, más iomchuí, ar an gcost-éifeachtúlacht, lena n-áirítear an t-ualach ar fhreagróirí agus na costais táirgthe i gcomhréir le hAirteagal 14(3) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 (*1) (*1) Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).”." |
|
(2) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4: “Airteagal 4 Critéir agus tuarascálacha cáilíochta 1. Chun críche an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na critéir cáilíochta atá leagtha amach in Airteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 maidir leis na sonraí atá le tarchur i gcomhréir le hAirteagal 5 den Rialachán seo. 2. Tabharfaidh na Ballstáit tuarascáil don Choimisiún (Eurostat) i dtaobh cháilíocht na sonraí arna dtarchur (‘tuarascáil cáilíochta’). 3. Le linn na critéir cáilíochta dá dtagraítear i mír 1 a chur i bhfeidhm maidir leis na sonraí a chumhdaítear leis an Rialachán seo, saineoidh an Coimisiún rialacha mionsonraithe, struchtúr agus tréimhsiúlacht na dtuarascálacha cáilíochta trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(2). 4. Déanfaidh an Coimisiún Eorpach (Eurostat) measúnú ar cháilíocht na sonraí arna dtarchur, ar bhonn anailís iomchuí a dhéanamh ar na tuarascálacha cáilíochta, le cúnamh ón gCoiste um an gCóras Staidrimh Eorpach dá dtagraítear in Airteagal 11(1), agus ullmhóidh agus foilseoidh sé tuarascáil maidir le cáilíocht an staidrimh Eorpaigh a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Cuirfear an tuarascáil sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle chun críocha eolais. 5. Déanfaidh na Ballstáit cineálacha athruithe móra modheolaíochta nó cineálacha athruithe móra eile a mbeadh tionchar acu ar na sonraí arna dtarchur a chur in iúl don Choimisiún (Eurostat), tráth nach déanaí ná trí mhí tar éis d'aon athrú den sórt sin teacht chun bheith infheidhme. Tabharfaidh an Coimisiún fógra faoi aon chur in iúl den sórt sin do Pharlaimint na hEorpa agus do na Ballstáit eile.” |
|
(3) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5: “Airteagal 5 Sreafaí Sonraí 1. Déanfar an staidreamh a bheidh le táirgeadh a ghrúpáil lena tharchur chuig an gCoimisiún (Eurostat) i gcomhréir leis na sreafaí sonraí seo a leanas:
2. Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) agus na Ballstáit, i gcomhar leis na comhpháirtithe idirnáisiúnta ábhartha, an mhodheolaíocht iomchuí a fhorbairt chun go dtiomsófaí staidreamh IDC arna bhunú ar choincheap na húinéireachta deiridh i dteannta phrionsabal na contrapháirte láithrí agus staidreamh IDC lena ndéantar idirbhearta úrnua IDC a idirdhealú ó tháthcheangail. 3. Faoin 20 Iúil 2018, tionscnóidh an Coimisiún (Eurostat) treoirstaidéir a bheidh le déanamh ag na Ballstáit i ndáil le staidreamh bliantúil IDC arna bhunú ar choincheap na húinéireachta deiridh agus le staidreamh IDC lena ndéantar idirbhearta úrnua IDC a idirdhealú ó tháthcheangail. Is é is cuspóir leis na staidéir sin na coinníollacha a bhunú, lena n-áirítear an creat modheolaíochta, is gá chun na bailiúcháin sonraí nua maidir le staidreamh bliantúil IDC a thabhairt isteach, agus chun measúnú a dhéanamh ar chostais na mbailiúchán sonraí gaolmhar, ar cháilíocht intuigthe an staidrimh, chomh maith le measúnú ar an inchomparáideacht trastíre, a cheadú. 4. Le gur fusa a bheidh sé na staidéir dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo a chur i gcrích, féadfaidh an tAontas tacaíocht airgeadais a sholáthar do na Ballstáit i bhfoirm deontas i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2). 5. Faoin 20 Iúil 2019, ullmhóidh an Coimisiún (Eurostat) tuarascáil maidir le torthaí na staidéar dá dtagraítear i mír 3. Cuirfear an tuarascáil sin ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle agus, más iomchuí, sainaithneofar inti na coinníollacha eile a bheidh le comhlíonadh chun an mhodheolaíocht dá dtagraítear i mír 2 a fhorbairt. 6. Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 chun 12 mhí a chur leis an sprioc tuairiscithe atá leagtha síos i mír 5 den Airteagal seo, i gcás ina suíonn measúnú an Choimisiúin ar na treoirstaidéir dá dtagraítear sa mhír sin gurb iomchuí na coinníollacha eile, dá dtagraítear san fhomhír roimhe sin, a shainaithint. Le linn dó na cumhachtaí sin a fheidhmiú, áiritheoidh an Coimisiún nach gcuirfidh na gníomhartha tarmligthe ualach suntasach breise ar na Ballstáit ná ar na freagróirí. Ina theannta sin, tabharfaidh an Coimisiún bonn cirt cuí do na gníomhaíochtaí dá bhforáiltear sna gníomhartha tarmligthe sin, agus aird á tabhairt aici, más iomchuí, ar an gcost-éifeachtúlacht, lena n-áirítear an t-ualach ar fhreagróirí agus na costais táirgthe i gcomhréir le hAirteagal 14(3) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009. 7. Tráth nach déanaí ná 12 mhí tar éis dháta eisiúna na dtuarascálacha dá dtagraítear i mír 5, déanfaidh an Coimisiún, más iomchuí, agus ag brath go háirithe ar mheasúnú an Choimisiúin ar thoradh na dtreoirstaidéar dá dtagraítear i mír 3, togra le haghaidh leasuithe ar an Rialachán seo chun na ceanglais mhodheolaíochta agus sonraí a shainiú le haghaidh staidreamh bliantúil IDC ar choincheap na húinéireachta deiridh agus le haghaidh staidreamh bliantúil IDC lena ndéantar idirbhearta úrnua IDC a idirdhealú ó tháthcheangail. (*2) Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1).”." |
|
(4) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9: “Airteagal 9 Scaipeadh 1. Scaipfidh an Coimisiún (Eurostat) an staidreamh Eorpach arna tháirgeadh de bhun an Rialacháin seo, de réir na tréimhsiúlachta is comhchosúil leis an tréimhsiúlacht a shonraítear in Iarscríbhinn I. Cuirfear an staidreamh sin ar fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin (Eurostat). 2. I gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009, agus gan dochar do rúndacht staidrimh a chosaint, áiritheoidh na Ballstáit agus an Coimisiún (Eurostat) go scaipfear na sonraí agus na meiteashonraí a cheanglaítear leis an Rialachán seo mar aon leis an modheolaíocht bheacht a úsáidtear lena dtiomsú.”. |
|
(5) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10: “Airteagal 10 An tarmligean a fheidhmiú 1. Is faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo a thugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh. 2. Tabharfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 2(3) agus in Airteagal 5(6) don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana ón 19 Iúil 2016. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a dhréachtú maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura gcuirfidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle i gcoinne an tsínte sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse. 3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 2(3) agus in Airteagal 5(5) a chúlghairm aon tráth. Cuirfidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Tiocfaidh sé i bhfeidhm an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon cheann de na gníomhartha tarmligthe a bheidh i bhfeidhm cheana féin. 4. Sula ndéanfaidh sé gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (*3). 5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. 6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 2(3) agus Airteagal 5(6) i bhfeidhm ach amháin mura ndéanann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid ina choinne laistigh de thréimhse trí mhí ón dáta a dtabharfar fógra faoin ngníomh sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó, más rud é, sula rachaidh an tréimhse sin in éag, go mbeidh sé curtha in iúl don Choimisiún ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle araon nach ndéanfaidh siad agóid ina choinne. Cuirfear trí mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle. |
|
(6) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11: “Airteagal 11 An nós imeachta coiste 1. Tabharfaidh an Coiste um an gCóras Staidrimh Eorpach, arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009, cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4). 2. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. (*4) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).”." |
|
(7) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12: “Airteagal 12 Tuarascálacha ar chur chun feidhme Faoin 28 Feabhra 2018 agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo. Go háirithe, déanfar an méid seo a leanas sa tuarascáil sin:
|
|
(8) |
Cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas: “Airteagal 12a Comhar le coistí eile Maidir leis na hábhair uile a thagann faoi chuimsiú inniúlacht an Choiste um Staidreamh Airgeadaíochta, Airgeadais agus Chomhardú na nÍocaíochtaí arna bhunú le Cinneadh 2006/856/CE ón gComhairle (*5), iarrfaidh an Coimisiún tuairim an Choiste sin i gcomhréir leis an gCinneadh sin. (*5) Cinneadh 2006/856/CE ón gComhairle den 13 Samhain 2006 lena mbunaítear Coiste um Staidreamh Airgeadaíochta, Airgeadais agus Chomhardú na nÍocaíochtaí (IO L 332, 30.11.2006, lch. 21).”." |
|
(9) |
Leasaítear Iarscríbhinn I i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 8 Meitheamh 2016.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
M. SCHULZ
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A.G. KOENDERS
(1) IO C 31, 30.1.2015, lch. 3.
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2016 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 30 Bealtaine 2016.
(3) Rialachán (CE) Uimh. 184/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Eanáir 2005 maidir le staidreamh Comhphobail a bhaineann le comhardú íocaíochtaí, le trádáil idirnáisiúnta i seirbhísí agus le hinfheistíocht dhíreach ón gcoigríoch (IO L 35, 8.2.2005, lch. 23).
(4) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(5) IO L 55, 28.2.2011, lch. 19.
(6) IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(7) Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).
(8) Cinneadh 2006/856/CE ón gComhairle den 13 Samhain 2006 lena mbunaítear Coiste um Staidreamh Airgeadaíochta, Airgeadais agus Chomhardú na nÍocaíochtaí (IO L 332, 30.11.2006, lch. 21).
(9) Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoirí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 184/2005 mar a leanas:
|
(1) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad téacs réamhráiteach Thábla 2: “Tréimhsiúlacht: Ráithiúil An chéad tréimhse thagartha: An Chéad Ráithe 2014 Sprioc: T+85 ó 2014 go 2016; T+82 ó 2017 (2) (2) Ní bheidh an trasdul chuig T+82 éigeantach le haghaidh Ballstáit nach bhfuil páirteach san Aontas Airgeadaíochta” " |
|
(2) |
I dTábla 2, faoi Chuid E. “An staid infheistíochta idirnáisiúnta”, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála “Díorthaigh airgeadais (seachas cúlchistí) agus scair-roghanna fostaithe”:
|
|
(3) |
Leasaítear Tábla 4.1 mar a leanas:
|
|
(4) |
Leasaítear Tábla 4.2 mar a leanas:
|
|
(5) |
Leasaítear Tábla 5.1 mar a leanas:
|
(2) Ní bheidh an trasdul chuig T+82 éigeantach le haghaidh Ballstáit nach bhfuil páirteach san Aontas Airgeadaíochta” ”
|
29.6.2016 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
153 |
RIALACHÁN (AE) 2016/1014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 8 Meitheamh 2016
lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i dtaca le díolúintí do dhéileálaithe tráchtearraí
(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),
De bharr an méid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), díolmhaítear gnólachtaí infheistíochta arb é seirbhísí nó gníomhaíochtaí infheistíochta a sholáthar maidir leis na hionstraimí airgeadais a leagtar amach i bpointí 5, 6, 7, 9 agus 10 de Roinn C d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2004/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), arb é sin agus sin amháin a bpríomhghnó, agus ar gnólachtaí iad nach raibh feidhm ag Treoir 93/22/CEE ón gComhairle (6) an 31 Nollaig 2006 (“déileálaithe tráchtearraí”) maidir leo, díolmhaítear iad ó na ceanglais maidir le risíochtaí móra agus ó cheanglais maidir le cistí dílse. Beidh feidhm ag na díolúintí sin go dtí an 31 Nollaig 2017. |
|
(2) |
Le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ceanglaítear ar an gCoimisiún freisin tuarascáil a ullmhú, faoin 31 Nollaig 2015, maidir le córas iomchuí chun maoirseacht stuamachta a dhéanamh ar dhéileálaithe tráchtearraí. Ina theannta sin, leis an Rialachán sin ceanglaítear ar an gCoimisiún tuarascáil a ullmhú, faoin dáta céanna, maidir le córas iomchuí chun maoirseacht stuamachta a dhéanamh ar ghnólachtaí infheistíochta trí chéile. Más iomchuí, tíolacfar tograí reachtacha ar bhonn na dtuarascálacha sin. |
|
(3) |
Tá athbhreithniú ar láimhseáil stuamachta gnólachtaí infheistíochta, lena n-áirítear déileálaithe tráchtearraí, á dhéanamh faoi láthair ach níl sé críochnaithe fós. Ní chuirfear bailchríoch ar an athbhreithniú sin agus ní ghlacfar aon reachtaíocht nua a d'fhéadfadh bheith ag teastáil i bhfianaise an athbhreithnithe sin go dtí tar éis an 31 Nollaig 2017. |
|
(4) |
Faoin gcóras atá ann faoi láthair, tar éis an 31 Nollaig 2017, tiocfaidh déileálaithe tráchtearraí faoi réir na gceanglas maidir le risíochtaí móra agus faoi réir na gceanglas maidir le cistí dílse. D'fhéadfadh sin tabhairt orthu cur go mór leis na cistí dílse is gá bheith acu chun leanúint dá ngníomhaíochtaí agus d'fhéadfadh sé, dá thairbhe sin, cur leis na costais ghaolmhara a bhaineann le gníomhaíochtaí den sórt sin a dhéanamh. |
|
(5) |
Maidir le cinneadh chun na ceanglais maidir le risíochtaí móra agus ceanglais maidir le cistí dílse a chur i bhfeidhm i leith déileálaithe tráchtearraí, níor cheart é a bheith mar thoradh ar dhul in éag díolúine. Ina ionad sin, ba cheart don chinneadh sin bheith iomlán réasúnaithe, bunaithe ar chonclúidí an athbhreithnithe ar ghnólachtaí infheistíochta, agus ba cheart é bheith leagtha síos go soiléir i reachtaíocht. |
|
(6) |
Ba cheart, dá bhrí sin, dáta nua a bhunú agus go leanfadh na díolúintí do dhéileálaithe tráchtearraí d'fheidhm a bheith acu go dtí an dáta sin. Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 mar seo a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 493(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt: “Tá an díolúine sin ar fáil go dtí an 31 Nollaig 2020 nó an dáta ar a dtiocfaidh leasuithe ar bith de bhun mhír 2 den Airteagal seo i bhfeidhm, cibé acu is luaithe.”; |
|
(2) |
in Airteagal 498(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír: “Beidh an díolúine seo i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2020 nó ar an dáta a dtiocfaidh leasuithe ar bith de bhun mhír 2 agus mhír 3 i bhfeidhm, cibé acu is luaithe.”. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 8 Meitheamh 2016.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
M. SCHULZ
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A.G. KOENDERS
(1) IO C 130, 13.4.2016, lch. 1.
(2) Tuairim an 27 Aibreán 2016 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(3) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Bealtaine 2016 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 30 Bealtaine 2016.
(4) Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).
(5) Treoir 2004/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais lena leasaítear Treoir 85/611/CEE agus Treoir 93/6/CEE ón gComhairle agus Treoir 2000/12/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 93/22/CEE ón gComhairle (IO L 145, 30.4.2004, lch. 1).
(6) Treoir 93/22/CE ón gComhairle an 10 Bealtaine 1993 maidir le seirbhísí infheistíochta i réimse na n-urrús (IO L 141, 11.6.1993, lch. 27).