ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

Eagrán Speisialta ( *1 )

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

58
4 Nollaig 2015


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) 2015/2219 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL), agus a ghabhann ionad Chinneadh 2005/681/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear an cinneadh sin

1

 

 

Ceartúchán

 

*

Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2015/812 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 850/98, (CE) Uimh. 2187/2005, (CE) Uimh. 1967/2006, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 254/2002, (CE) Uimh. 2347/2002 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle, agus Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, maidir leis an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1434/98 ón gComhairle ( IO L 133, 29.5.2015 )

21

 

*

Ceartúchán ar Rialachán (AE) Uimh. 236/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena leagtar síos rialacha agus nósanna imeachta coiteanna le haghaidh chur chun feidhme ionstraimí an Aontais chun an ghníomhaíocht sheachtrach a mhaoiniú ( IO L 77, 15.3.2014 )

21

 


 

(*1)   Faoin tagairt L 319 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

GA


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

4.12.2015   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) 2015/2219 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Samhain 2015

maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL), agus a ghabhann ionad Chinneadh 2005/681/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear an cinneadh sin

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe pointe (b) d'Airteagal 87(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Bunaíodh an Coláiste Eorpach Póilíneachta (CEPOL) le Cinneadh 2005/681/CBG ón gComhairle (2) mar eintiteas de chuid an Aontais a bhfuil sé mar aidhm aige oiliúint a chur ar phóilíní sinsearacha na mBallstát agus comhar a éascú idir fórsaí póilíneachta náisiúnta trí ghníomhaíochtaí oiliúna a mbeadh gné phóilíneachta Eorpaí ag baint leo a eagrú agus a chomhordú.

(2)

Tá sé mar aidhm ag “Clár Stócólm — Eoraip atá oscailte agus slán agus a thugann seirbhís agus cosaint dá saoránaigh” fíorchultúr Eorpach i bhforfheidhmiú an dlí a chruthú trí scéimeanna oiliúna Eorpacha agus cláir mhalartaithe a chur ar bun do ghairmithe ábhartha uile um fhorfheidhmiú an dlí ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais.

(3)

I bhfreagairt ar an iarraidh ón gComhairle Eorpach i gClár Stócólm go gcuirfí dlús le gníomhaíochtaí oiliúna i saincheisteanna a bhaineann leis an Aontas agus go mbeadh fáil ar ghníomhaíochtaí oiliúna den sórt sin, ar bhonn córasach, ag oifigigh de gach céim i bhforfheidhmiú an dlí, agus ar an iarraidh ó Pharlaimint na hEorpa go mbeadh creat níos láidre de chuid an Aontais ann maidir le hoiliúint bhreithiúnach agus oiliúint póilíní, ba cheart cuspóirí CEPOL a bheith struchtúraithe, agus béim ar leith á leagan ar chearta an duine agus saoirsí bunúsacha a chosaint i gcomhthéacs fhorfheidhmiú an dlí, ar shlí a bheidh ag teacht leis na prionsabail ghinearálta seo a leanas: ar an gcéad dul síos, tacú le Ballstáit maidir le hoiliúint a sholáthar chun feabhas a chur ar eolas bunúsach i dtaobh an ghné Aontais d'fhorfheidhmiú an dlí; ar an dara dul síos, tacú le Ballstáit, arna iarraidh sin dóibh, maidir le comhar déthaobhach agus réigiúnach a fhorbairt trí oiliúint i bhforfheidhmiú an dlí; ar an tríú dul síos, oiliúint a fhorbairt, a chur chun feidhme agus a chomhordú i sainréimsí téamacha; agus, ar an gceathrú dul síos, oiliúint a fhorbairt, a chur chun feidhme agus a chomhordú i ndáil le misin Aontais agus gníomhaíochta forbartha acmhainní d'fhorfheidhmiú an dlí i dtríú tíortha. Ba cheart go seasfadh na prionsabail ghinearálta sin don Scéim Eorpach um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (SOFD), a bhfuil sé mar aidhm léi a áirithiú go bhfuil oiliúint ar leibhéal an Aontais d'oifigigh um fhorfheidhmiú an dlí ar ardcháilíocht agus go bhfuil sí comhleanúnach agus comhsheasmhach. Léiríonn na prionsabail ghinearálta sin na ceithre dhual atá aitheanta ag an gCoimisiún ar bhonn mhapáil na riachtanas oiliúna agus thabhairt i gcrích na hoiliúna a bheidh á seoladh ag CEPOL i gcomhar leis na Ballstáit.

(4)

I ngníomhaíochtaí oiliúna leis, ba cheart do CEPOL cur chun cinn a dhéanamh ar chomhurraim do chearta bunúsacha i bhfeidhmiú an dlí, agus comhthuiscint ar na cearta bunúsacha sin, amhail príobháideacht, cosaint sonraí agus cearta, tacaíocht agus cosaint íospartach, finnéithe agus daoine atá in amhras coire, lena n-áirítear cearta daoine a d'fhulaing ó fhoréigean inscnebhunaithe a choimirciú.

(5)

Leis an simpliú agus an feabhas ar fheidhmiú CEPOL, i bhfianaise SOFD, cuirtear le féidearthachtaí CEPOL tacú le gníomhaíochtaí oiliúna do na húdaráis um fhorfheidhmiú an dlí sna Ballstáit, agus na gníomhaíochtaí sin a fhorbairt, a chur chun feidhme agus a chomhordú, gan dochar do thionscnaimh náisiúnta arna ndéanamh ag na Ballstáit i réimse na hoiliúna d'oifigigh um fhorfheidhmiú an dlí, i gcás inar féidir le gníomhaíochtaí oiliúna den sórt sin breisluach a thabhairt do na Ballstáit agus don Aontas.

(6)

Chun an úsáid is éifeachtaí agus is féidir a bhaint as a chuid acmhainní, ba cheart do CEPOL a chuid gníomhaíochtaí a dhíriú isteach ar thosaíochtaí agus ar réimsí inar féidir leis an oiliúint breisluach a chur ar fáil do na Ballstáit agus don Aontas i gcomhréir le riachtanais reatha agus thodhchaíocha agus ceanglais gnó.

(7)

Ba cheart do CEPOL a áirithiú go ndéanfar measúnú ar an oiliúint agus go dtabharfar aird ar na conclúidí sna measúnuithe ar riachtanais oiliúna agus an phleanáil á déanamh aige chun éifeachtacht na ngníomhaíochtaí todhchaíocha a fheabhsú. Ba cheart go mbeadh CEPOL in ann cur chun cinn a dhéanamh ar aithint fhrithpháirteach na hoiliúna i bhforfheidhmiú an dlí sna Ballstáit agus ar aithint ag na Ballstáit ar an oiliúint a chuirtear ar fáil ar leibhéal an Aontais.

(8)

Chun dúbailt nó forluí i ngníomhaíochtaí oiliúna d'oifigigh inniúla um fhorfheidhmiú an dlí a sheachaint, agus chun comhordú níos fearr a áirithiú maidir leis na gníomhaíochtaí oiliúna sin, ar gníomhaíochtaí oiliúna iad a dhéantar ag gníomhaireachtaí de chuid an Aontais agus comhlachtaí ábhartha eile, ba cheart do CEPOL measúnú a dhéanamh ar riachtanais oiliúna straitéiseacha agus aghaidh a thabhairt ar thosaíochtaí an Aontais i réimse na slándála inmheánaí agus ar na gnéithe seachtracha a bhaineann leis, i gcomhréir leis na timthriallta beartais ábhartha.

(9)

Ba cheart go ndéanfadh CEPOL líonra d'institiúidí oiliúna de chuid Ballstát a thabhairt le chéile ar mhaithe leis na hoifigigh um fhorfheidhmiú an dlí agus ba cheart dó idirchaidreamh a bheith aige le haonad náisiúnta amháin i ngach Ballstát atá ag feidhmiú laistigh den ghréasán.

(10)

Ba cheart ionadaíocht a bheith ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún ar Bhord Bainistíochta CEPOL (an “Bord Bainistíochta”) chun maoirseacht éifeachtach a dhéanamh ar fheidhmiú a chuid feidhmeanna ag CEPOL. Ba cheart comhaltaí an Bhoird Bainistíochta agus a gcomhaltaí malartacha a cheapadh ar bhonn a gcuid eolais ar an mbeartas náisiúnta maidir le hoiliúint oifigeach um fhorfheidhmiú an dlí, agus ar bhonn a gcuid scileanna ábhartha bainistíochta, riaracháin agus buiséid.

(11)

Chun leanúnachas obair an Bhoird Bainistíochta a áirithiú, ba cheart do gach páirtí a bhfuil ionadaíocht déanta orthu air iarracht a dhéanamh chun a chinntiú nach mbeidh a gcuid ionadaithe ar an mBord ag athrú ach a laghad is féidir. Ba cheart é a bheith mar aidhm ag gach páirtí ionadaíocht inscne chothrom a bhaint amach ar an mBord Bainistíochta.

(12)

Ba cheart na cumhachtaí riachtanacha seo a leanas, go háirithe, a chur ar iontaoibh an Bhoird Bainistíochta: an buiséad a shocrú, cur i bhfeidhm an bhuiséid a fhíorú, rialacha iomchuí airgeadais agus clársceidealú ilbhliantúil agus cláir oibre bhliantúla CEPOL a ghlacadh, nósanna imeachta trédhearcacha oibre a bhunú don chinnteoireacht arna déanamh ag CEPOL, an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh, táscairí feidhmíochta a bhunú agus cumhachtaí údaráis ceapacháin a fheidhmiú, i gcomhréir le Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (na “Rialacháin Foirne”) agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh (na “Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile”), arna leagan síos le Rialachán (CEE, Euratom, ECSC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (3).

(13)

Chun feidhmiú éifeachtach laethúil CEPOL a áirithiú, ba cheart an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a bheith ina ionadaí dlíthiúil air agus ina bhainisteoir air, ag gníomhú dó go neamhspleách i bhfeidhmiú a chuid nó a cuid dualgas agus ag áirithiú go ndéanann CEPOL na cúraimí dá bhforáiltear sa Rialachán seo. Go háirithe, ba cheart go mbeadh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach as doiciméid bhuiséadacha agus phleanála a ullmhú chun iad a chur isteach le haghaidh cinnidh ón mBord Bainistíochta agus ba cheart go mbeadh sé freagrach as clársceidealú ilbhliantúil agus cláir oibre bhliantúla CEPOL a chur chun feidhme.

(14)

Más iomchuí, agus aird á tabhairt ar riachtanais ghnó agus ar acmhainní airgeadais, ba cheart don Bhord Bainistíochta a chinneadh Coiste Eolaíochta um Oiliúint a bhunú mar chomhlacht comhairleach neamhspleách chun cáilíocht eolaíoch obair CEPOL a áirithiú. Ba cheart go mbeadh an comhlacht sin comhdhéanta de lucht acadúil ardleibhéil agus de ghairmithe ardleibhéil i bhforfheidhmiú an dlí sna hábhair a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Ba cheart don Bhord Bainistíochta Comhaltaí an Choiste Eolaíochta a cheapadh tar éis glao trédhearcach ar iarratais agus nós imeachta roghnúcháin a bheidh le foilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(15)

Ba cheart do CEPOL a áirithiú go gcuimseofar ina chuid oiliúna forbairtí ábhartha i gcúrsaí taighde. Ba cheart dó comhpháirtíocht a chur chun cinn agus a bhunú le comhlachtaí de chuid an Aontais atá inniúil ar na nithe a chuimsítear leis an Rialachán seo agus le hinstitiúidí acadúla poiblí agus príobháideacha agus ba cheart go mbeadh sé ábalta cruthú comhpháirtíochtaí níos láidre a spreagadh idir ollscoileanna agus institiúidí oiliúna um fhorfheidhmiú an dlí sna Ballstáit, chun go gcruthófar sineirgí ina measc trí bhíthin comhar neartaithe.

(16)

Chun uathriail agus neamhspleáchas iomlán CEPOL a áirithiú, agus chun a chumasú dó na cuspóirí agus na cúraimí a shanntar dó sa Rialachán seo a fheidhmiú go cuí, ba cheart buiséad leormhaith agus neamhspleách a dheonú dó ina mbeadh an t-ioncam ag teacht go bunúsach ó ranníocaíocht ó bhuiséad ginearálta an Aontais. Ba cheart go mbeadh nós imeachta buiséadach an Aontais infheidhme a mhéid a bhaineann leis an ranníocaíocht sin de chuid an Aontais agus le haon fhóirdheontais eile is inmhuirearaithe ar bhuiséad ginearálta an Aontais. Ba cheart gurb í an Chúirt Iniúchóirí a dhéanfadh iniúchadh ar na cuntais.

(17)

Chun a chuid cúraimí a dhéanamh, ba cheart freisin go mbeadh CEPOL in ann deontais a dhámhachtain ar institiúidí oiliúna agus taighde sna Ballstáit chun cúrsaí, seimineáir agus comhdhálacha de chuid CEPOL a chur chun feidhme. Ba cheart go rannchuideodh deontais den sórt sin tuilleadh le comhar idir institiúidí oiliúna de chuid Ballstát laistigh den líonra a chothú agus le haitheantas frithpháirteach fhorfheidhmiú an dlí a chur chun cinn.

(18)

Chun a mhisean a thabhairt i gcrích agus a mhéid is gá chun a chuid cúraimí a chomhall, ba cheart go mbeadh CEPOL in ann obair i gcomhar le comhlachtaí de chuid an Aontais, le húdaráis agus le hinstitiúidí oiliúna i dtríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta atá inniúil ar nithe a chumhdaítear leis an Rialachán seo faoi chuimsiú socruithe oibre arna dtabhairt i gcrích i gcomhréir leis an Rialachán seo nó arna dtabhairt i gcrích le hinstitiúidí oiliúna náisiúnta i dtríú tíortha ar bhonn Airteagal 8 de Chinneadh 2005/681/CGB, agus le páirtithe príobháideacha chomh maith.

(19)

Foráladh i gCinneadh 2005/681/CGB go mbeadh suíomh CEPOL in Bramshill, an Ríocht Aontaithe. I gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 543/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), rinneadh suíomh CEPOL a aistriú go Búdaipeist, an Ungáir, agus iarradh ar an gCoimisiún tuarascáil a thíolacadh maidir lena éifeachtaí a bhí Cinneadh 2005/681/CGB tar éis anailís chuimsitheach ar chostais/shochair agus measúnú tionchair cuimsitheach a dhéanamh.

(20)

Ba cheart don Bhallstát aíochta na coinníollacha riachtanacha a chur ar fáil le haghaidh fheidhmiú rianúil CEPOL, lena n-áirítear scolaíocht ilteangach a mbeidh gné Eorpach ag baint léi agus naisc iomchuí iompair, chun acmhainní daonna ardcháilíochta a mhealladh ó cheantar geografach chomh forleathan agus is féidir.

(21)

Tá sé mar aidhm ag an Rialachán seo forálacha Chinneadh 2005/681/CGB, arna leasú le Rialachán (AE) Uimh. 543/2014, a leasú agus a leathnú. Ós rud é go bhfuil líon substaintiúil leasuithe le déanamh ag an Rialachán seo, agus gur de chineál substaintiúil iad, ba cheart, ar mhaithe le soiléireacht, gníomh eile a chur in ionad Chinneadh 2005/681/CGB, arna leasú le Rialachán (AE) Uimh. 543/2014, ina iomláine a mhéid a bhaineann leis na Ballstáit atá faoi cheangal ag an Rialachán seo. Maidir le CEPOL, mar a bhunaítear é leis an Rialachán seo é, ba cheart go dtiocfadh sé in ionad CEPOL, mar a bunaíodh le Cinneadh 2005/681/CGB é agus go ngabhfadh sé chuige a chuid feidhmeanna, agus mar thoradh air sin ba cheart an Cinneadh sin a aisghairm.

(22)

Ba cheart feidhm a bheith ag Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) maidir le CEPOL.

(23)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon gníomhaireacht a bhunú a mbeidh cúram na hoiliúna i bhforfheidhmiú an dlí ar leibhéal an Aontais air, a ghnóthú go leordhóthanach ach gur féidir, de bharr scála agus éifeachtaí na gníomhaíochta, é a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(24)

Sa Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”), go háirithe, an ceart um chosaint sonraí pearsanta agus an ceart um príobháideacht mar atá cosanta ag Airteagal 7 agus Airteagal 8 den Chairt agus ag Airteagal 16 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

(25)

I gcomhréir le hAirteagal 1, le hAirteagal 2 agus le hAirteagal 4a(1) de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, agus gan dochar d'Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl na Ballstáit sin rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl an Rialachán seo ina cheangal orthu ná níl siad faoi réir a chur i bhfeidhm.

(26)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl an Rialachán seo ina cheangal uirthi ná níl sí faoi réir a chur i bhfeidhm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA, CUSPÓIRÍ AGUS CÚRAIMÍ NA GNÍOMHAIREACHTA

Airteagal 1

Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí a bhunú

1.   Bunaítear leis seo Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL).

2.   Rachaidh CEPOL, mar a bhunaítear leis an Rialachán seo é, in ionad CEPOL mar a bunaíodh le Cinneadh 2005/681/CGB é.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo:

(1)

ciallaíonn “oifigigh um fhorfheidhmiú an dlí” foireann ó sheirbhísí póilíneachta, ó sheirbhísí custaim agus ó sheirbhísí ábhartha eile, mar a shainíonn na Ballstáit aonair, atá freagrach as an méid seo a leanas, agus foireann ó chomhlachtaí de chuid an Aontais a bhfuil cúraimí orthu a bhaineann leis an méid seo a leanas:

(a)

coireacht thromchúiseach a dhéanann difear do dhá Bhallstát nó níos mó a chosc agus a chomhrac mar aon le sceimhlitheoireacht agus cineálacha coireachta eile a dhéanann difear do leas coiteann atá faoi chumhdach beartais de chuid an Aontais a chosc agus a chomhrac; nó

(b)

bainistiú géarchéime agus an t-ord poiblí, go háirithe póilíneacht idirnáisiúnta a dhéanamh ar imeachtaí móra;

(2)

ciallaíonn “comhlachtaí de chuid an Aontais” comhlachtaí, misin, oifigí agus gníomhaireachtaí arna mbunú ag CAE agus ag CFAE nó ar bhonn na gconarthaí sin;

(3)

ciallaíonn “eagraíochtaí idirnáisiúnta” eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a gcuid fochomhlachtaí arna rialú ag an dlí idirnáisiúnta poiblí nó ag comhlachtaí eile a chuirtear ar bun le comhaontú idir dhá thír nó níos mó nó ar bhonn an chomhaontaithe sin, agus Interpol chomh maith.

Airteagal 3

Cuspóirí CEPOL

1.   Tacóidh CEPOL le hoiliúint oifigeach um fhorfheidhmiú an dlí, agus déanfaidh sé an oiliúint sin a fhorbairt, a chur chun feidhme agus a chomhordú, agus béim ar leith á cur aige ar chosaint chearta an duine agus ar chosaint saoirsí bunúsacha i gcomhthéacs fhorfheidhmiú an dlí, go háirithe sna réimsí a bhaineann le coireacht thromchúiseach a dhéanann difear do dhá Bhallstát nó níos mó agus sceimhlitheoireacht a chosc agus a chomhrac, le hord poiblí a choimeád, go háirithe póilíneacht idirnáisiúnta ar mhórimeachtaí spóirt, agus le pleanáil agus ceannas mhisin de chuid an Aontais, lena bhféadfaí oiliúint maidir le ceannaireacht i bhforfheidhmiú an dlí agus le scileanna teanga a áireamh freisin. Níos sonraí ná sin, déanfaidh CEPOL:

(a)

tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit le hoiliúint a sholáthar chun feasacht agus eolas a mhúscailt faoi na nithe seo a leanas:

(i)

cur chun feidhme agus úsáid ionstraimí idirnáisiúnta agus ionstraimí Aontais maidir leis an gcomhar i bhforfheidhmiú an dlí;

(ii)

comhlachtaí de chuid an Aontais, go háirithe Europol, Eurojust agus Frontex, feidhmiú na gcomhlachtaí sin agus an ról atá acu;

(iii)

gnéithe póilíneachta agus breithiúnacha den chomhar i bhforfheidhmiú an dlí agus eolas praiticiúil faoi rochtain ar chainéil mhalartaithe faisnéise;

(b)

tacú le Ballstáit, arna iarraidh sin dóibh, i bhforbairt comhair réigiúnaigh agus dhéthaobhaigh trí oiliúint i bhforfheidhmiú an dlí idir Ballstáit, comhlachtaí de chuid an Aontais agus tríú tíortha;

(c)

oiliúint a dhíríonn ar shainréimsí téamacha i gcúrsaí coireachta agus i bpóilíneacht a fhorbairt, a chur chun feidhme agus a chomhordú;

(d)

oiliúint arb é is aidhm léi tacú leis na Ballstáit agus le comhlachtaí de chuid an Aontais in oiliúint a chur ar oifigigh um fhorfheidhmiú an dlí a fhorbairt, a chur chun feidhme agus a chomhordú ionas go bhféadfaidh na hoifigigh sin a bheith rannpháirteach i misin an Aontais agus i ngníomhaíochtaí forbartha acmhainní d'fhorfheidhmiú an dlí i dtríú tíortha;

(e)

oiliúint a chur ar na hoiliúnóirí agus cabhrú le dea-chleachtais foghlama a fheabhsú agus a mhalartú.

2.   Déanfaidh CEPOL uirlisí agus modheolaíochtaí foghlama a fhorbairt agus a nuashonrú agus cuirfidh sé i bhfeidhm iad san fhoghlaim ar feadh an tsaoil chun scileanna na n-oifigeach um fhorfheidhmiú an dlí a neartú. Déanfaidh CEPOL meastóireacht ar thorthaí gníomhaíochtaí den sórt sin d'fhonn feabhas a chur ar cháilíocht, ar chomhleanúnachas agus ar éifeachtacht gníomhaíochtaí amach anseo ar leibhéal an Aontais.

3.   Déanfaidh CEPOL líonra d'institiúidí oiliúna de chuid Ballstát le haghaidh oifigeach um fhorfheidhmiú an dlí a thabhairt le chéile agus beidh idirchaidreamh aige le haonad náisiúnta amháin i ngach Ballstát atá ag feidhmiú laistigh den ghréasán.

4.   Na gníomhaíochtaí oiliúna dá dtagraítear i mír 1, is é CEPOL a dhéanfaidh iad i gcomhar le líonra institiúidí oiliúna de chuid Ballstát agus i gcomhréir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le CEPOL.

Airteagal 4

Cúraimí

1.   Ullmhóidh CEPOL anailísí straitéiseacha ilbhliantúla maidir le riachtanais oiliúna agus cláir foghlama ilbhliantúla.

2.   Tacóidh CEPOL le gníomhaíochtaí oiliúna agus táirgí foghlama, agus déanfaidh sé forbairt, cur chun feidhme agus comhordú orthu sin, agus áirítear orthu an méid seo a leanas:

(a)

cúrsaí, seimineáir, comhdhálacha, chomh maith le gníomhaíochtaí líonrabhunaithe, ríomhfhoghlama agus gníomhaíochtaí oiliúna nuálacha agus ardfhorbartha eile;

(b)

curaclaim choiteanna le haghaidh oiliúint i bhforfheidhmiú an dlí ar ábhair shonracha a bhfuil gné Aontais ag roinnt leo;

(c)

modúil oiliúna atá céimnithe de réir céimeanna comhleanúnacha nó de réir leibhéal castachta scileanna a theastaíonn ón spriocghrúpa ábhartha, agus atá dírithe ar cheantar sonrach geografach, ar réimse sonrach téamach sa ghníomhaíocht choiriúil nó ar shraith shonrach scileanna gairmiúla;

(d)

cláir mhalairte agus iasachta chomh maith le cuairteanna staidéir i gcomhthéacs na hoiliúna i bhforfheidhmiú an dlí.

3.   Féadfaidh líonra leictreonach a bheith mar uirlis tacaíochta, feabhsúcháin agus comhlánaithe do ghníomhaíochtaí oiliúna CEPOL agus do tháirgí foghlama CEPOL.

4.   Tacóidh CEPOL le misin Aontais agus le forbairt acmhainní i dtríú tíortha trí cheann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas:

(a)

measúnú a dhéanamh, i gcomhordú le comhlachtaí ábhartha eile an Aontais, ar thionchar beartas agus tionscnamh reatha a bhaineann leis an Aontas i ndáil le hoiliúint i bhforfheidhmiú an dlí;

(b)

oiliúint a fhorbairt agus a sholáthar chun oifigigh um fhorfheidhmiú an dlí a ullmhú i gcomhair rannpháirtíochta i misin de chuid an Aontais, lena n-áirítear cur ar a gcumas scileanna teanga ábhartha a fháil, i gcomhar leis an gColáiste Eorpach um Shlándáil agus um Chosaint agus le tionscnaimh eile atá sna Ballstáit cheana féin;

(c)

oiliúint a fhorbairt agus a sholáthar d'oifigigh um fhorfheidhmiú an dlí as tríú tíortha, go háirithe as tíortha ar iarrthóirí ar aontachas leis an Aontas iad agus as na tíortha atá i mBeartas Comharsanachta na hEorpa;

(d)

bainistiú ar chistí tiomanta Cúnaimh Sheachtraigh an Aontais chun cabhrú le tríú tíortha a n-acmhainneacht a fhorbairt sna réimsí beartais ábhartha i bhforfheidhmiú an dlí, i gcomhréir le tosaíochtaí bunaithe an Aontais.

5.   Déanfaidh CEPOL cur chun cinn ar aithint fhrithpháirteach na hoiliúna i bhforfheidhmiú an dlí sna Ballstáit agus ar aithint ag na Ballstáit ar an oiliúint a dhéantar a sholáthar ar leibhéal an Aontais, agus aird chuí á tabhairt aige ar phrionsabal na coimhdeachta.

6.   Féadfaidh CEPOL dul i mbun gníomhaíochtaí cumarsáide ar a thionscnamh féin sna réimsí atá laistigh dá shainordú. Ní chuirfidh gníomhaíochtaí cumarsáide den sórt sin isteach ar na cúraimí dá dtagraítear i mír 1 agus déanfar iad i gcomhréir le pleananna ábhartha cumarsáide agus scaipthe arna nglacadh ag an mBord Bainistíochta.

Airteagal 5

Taighde atá ábhartha maidir le hoiliúint

1.   Rannchuideoidh CEPOL le forbairt taighde a bheidh ábhartha maidir le gníomhaíochtaí oiliúna, agus spreagfaidh sé an fhorbairt sin, laistigh de raon feidhme a chuspóirí mar a leagtar amach in Airteagal 3(1) agus déanfaidh sé torthaí na taighde sin a scaipeadh. Chun na críche sin, féadfaidh CEPOL suirbhéanna ábhartha a dhéanamh agus féadfaidh sé stóir taisce a fhorbairt i dtaca leis an taighde atá ar fáil agus le riachtanais oiliúna i bhforfheidhmiú an dlí.

2.   Déanfaidh CEPOL comhpháirtíocht a chur chun cinn agus a bhunú le comhlachtaí de chuid an Aontais agus le hinstitiúidí acadúla poiblí agus príobháideacha chomh maith agus féadfaidh sé cruthú comhpháirtíochtaí níos láidre idir ollscoileanna agus institiúidí oiliúna i bhforfheidhmiú an dlí sna Ballstáit a spreagadh.

CAIBIDIL II

COMHAIR IDIR BALLSTÁIT AGUS CEPOL

Airteagal 6

Aonaid náisiúnta CEPOL

1.   Bunóidh nó ainmneoidh gach Ballstát aonad náisiúnta, arb é a bheidh ina chomhlacht idirchaidrimh le CEPOL laistigh dá líonra d'institiúidí oiliúna náisiúnta d'oifigigh um fhorfheidhmiú an dlí sna Ballstáit.

2.   Beidh na haonaid náisiúnta freagrach as na cúraimí a leagtar amach san Airteagal seo a thabhairt i gcrích. Déanfaidh siad an méid seo a leanas, go háirithe:

(a)

an fhaisnéis is gá lena chuid cúraimí a dhéanamh a thabhairt do CEPOL;

(b)

rannchuidiú le cumarsáid agus comhar éifeachtach CEPOL le gach institiúid ábhartha oiliúna, lena n-áirítear institiúidí ábhartha taighde sna Ballstáit;

(c)

rannchuidiú le cláir oibre, féilirí bliantúla agus suíomh gréasáin CEPOL agus iad a chur chun cinn;

(d)

freagra a thabhairt ar iarrataí ar fhaisnéis agus ar chomhairle ó CEPOL;

(e)

ainmniúcháin iomchuí rannpháirtithe agus saineolaithe do ghníomhaíochtaí ar an leibhéal náisiúnta a eagrú agus a chomhordú ar bhonn tráthúil agus ar shlí thrédhearcach;

(f)

cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí agus na gcruinnithe ina mBallstát féin a chomhordú;

(g)

tacaíocht a sholáthar i mbunú agus i gcur chun feidhme clár malartaithe d'oifigigh um fhorfheidhmiú an dlí;

(h)

úsáid líonra leictreonach CEPOL chun oiliúint na n-oifigeach i bhforfheidhmiú an dlí a chur chun cinn.

3.   Arna iarraidh sin don Bhord Bainistíochta, don Stiúrthóir Feidhmiúcháin nó ar a dtionscnamh féin, beidh cruinniú go rialta ag ionadaithe na n-aonad náisiúnta, maidir le cúrsaí oibríochtúla agus oideachasúla CEPOL. Measfaidh siad agus forbróidh siad, go háirithe, tograí lena gcuirfear feabhas ar éifeachtúlacht oibríochtúil CEPOL agus le tiomantas na mBallstát a spreagadh;

4.   Cinnfidh gach Ballstát eagrú agus foireann a aonaid náisiúnta i gcomhréir lena dhlí agus lena acmhainní náisiúnta.

CAIBIDIL III

EAGAR CEPOL

Airteagal 7

Struchtúr riaracháin agus bainistíochta CEPOL

Is mar seo a leanas a bheidh struchtúr riaracháin agus bainistíochta CEPOL:

(a)

Bord Bainistíochta;

(b)

Stiúrthóir Feidhmiúcháin;

(c)

i gcás inarb iomchuí, Coiste Eolaíochta um Oiliúint, arna bhunú ag an mBord Bainistíochta i gcomhréir le hAirteagal 15

(d)

i gcás inarb iomchuí, aon chomhlachtaí comhairleacha eile, arna bhunú ag an mBord Bainistíochta i gcomhréir le pointe (q) d'Airteagal 9(1).

ROINN 1

An bord Bainistíochta

Airteagal 8

Comhdhéanamh an Bhoird Bainistíochta

1.   Beidh an Bord Bainistíochta comhdhéanta d'ionadaí amháin ó gach Ballstát agus an Coimisiún. Beidh cearta vótála ag gach ionadaí.

2.   Beidh comhalta ionaid ag fónamh do gach comhalta den Bhord Bainistíochta agus déanfaidh an comhalta ionaid sin ionadaíocht air nó uirthi nuair a bheidh sé nó sí as láthair.

3.   Déanfar comhaltaí an Bhoird Bainistíochta agus a gcomhaltaí ionaid a cheapadh agus a gcuid eolais ar oiliúint oifigeach um fhorfheidhmiú an dlí á chur san áireamh mar aon lena scileanna ábhartha bainistíochta, riaracháin agus buiséid. Déanfar prionsabal na hionadaíochta cothroime inscne ar an mBord Bainistíochta a chur i gcuntas freisin.

4.   Gan dochar don cheart atá ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún sainordú na gcomhaltaí agus na gcomhaltaí ionaid a fhoirceannadh, is tréimhse ceithre bliana a bheidh i mballraíocht an Bhoird Bainistíochta. Féadfar an tréimhse sin a fhadú.

Airteagal 9

Feidhmeanna an Bhoird Bainistíochta

1.   Déanfaidh an Bord Bainistíochta an méid seo a leanas:

(a)

doiciméad ina bhfuil clársceidealú ilbhliantúil agus clár oibre bliantúil CEPOL don bhliain dar gcionn, a ghlacadh gach bliain, trí thromlach dhá thrian dá chuid comhaltaí agus i gcomhréir le hAirteagal 10;

(b)

buiséad bliantúil CEPOL a ghlacadh, trí thromlach dhá thrian dá chuid comhaltaí, agus feidhmeanna eile a fheidhmiú i dtaobh bhuiséad CEPOL de bhun Chaibidil IV;

(c)

tuarascáil ghníomhaíochta bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí CEPOL a ghlacadh agus í a sheoladh, faoin 1 Iúil an bhliain dar gcionn, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig na parlaimintí náisiúnta, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí. Déanfar an tuarascáil ghníomhaíochta bhliantúil chomhdhlúite sin a phoibliú;

(d)

na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le CEPOL a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 21;

(e)

straitéis inmheánach frithchalaoise a ghlacadh, a bheidh comhréireach leis an riosca calaoise, agus costais agus tairbhí na mbeart atá le cur chun feidhme á gcur san áireamh;

(f)

rialacha inmheánacha a ghlacadh chun coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú i dtaobh a chuid comhaltaí agus comhaltaí an choiste roghnúcháin, chomh maith leis na comhaltaí de Choiste Eolaíochta um Oiliúint;

(g)

na pleananna cumarsáide agus scaipthe dá dtagraítear in Airteagal 4 a ghlacadh agus a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn rialta, bunaithe ar anailís ar na riachtanais;

(h)

a rialacha nós imeachta a ghlacadh;

(i)

i gcomhréir le mír 2, na cumhachtaí a thugtar don údarás ceapacháin faoi na Rialacháin Foirne agus don údarás atá cumhachtaithe conradh fostaíochta a thabhairt i gcrích faoi Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile (“cumhachtaí an údaráis ceapacháin”) a fheidhmiú i ndáil le foireann CEPOL;

(j)

rialacha iomchuí cur chun feidhme a ghlacadh lena dtugtar éifeacht do na Rialacháin Foirne agus do Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile i gcomhréir le hAirteagal 110 de na Rialacháin Foirne;

(k)

inniúlacht iniúchóireachta inmheánaí a bhunú, i gcás inarb iomchuí;

(l)

rialacha inmheánacha a ghlacadh maidir le nós imeachta roghnúcháin an Stiúrthóra Feidhmiúcháin, lena n-áirítear na rialacha maidir le comhdhéanamh an choiste roghnúcháin lena n-áirithítear a neamhspleáchas agus a neamhchlaontacht;

(m)

an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh agus, i gcás inarb iomchuí, a théarma oifige nó a téarma oifige a fhadú nó é nó í a chur as oifig i gcomhréir le hAirteagal 23;

(n)

oifigeach cuntasaíochta a cheapadh, faoi réir na Rialachán Foirne agus Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile, a mbeidh neamhspleáchas feidhmeach aige nó aici agus a chuid nó a cuid dualgas á ndéanamh aige nó aici;

(o)

i gcás inarb iomchuí, agus ceanglais ghnó agus acmhainní airgeadais á gcur san áireamh, a chinneadh Coiste Eolaíochta um Oiliúint a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 15 agus comhaltaí an choiste sin a cheapadh i gcomhréir le hAirteagal 16(2);

(p)

a áirithiú go ndéantar obair leantach leormhaith ar thorthaí agus ar mholtaí na dtuarascálacha agus na meastóireachtaí iniúchóireachta inmheánacha nó seachtracha, agus imscrúduithe na hOifige Frithchalaoise Eorpaí (OLAF);

(q)

gach cinneadh a dhéanamh, agus riachtanais ghnó agus airgeadais á gcur san áireamh, nuair a bhunófar struchtúir inmheánacha CEPOL agus, i gcás inar gá sin, nuair a dhéanfar iad a mhodhnú;

(r)

tabhairt i gcrích socruithe oibre a údarú i gcomhréir le hAirteagal 34;

(s)

curaclaim choiteanna, modúil oiliúna, modhanna foghlama agus uirlisí foghlama agus teagaisc eile a ghlacadh;

(t)

i gcás inarb iomchuí, rialacha inmheánacha eile a ghlacadh.

2.   Glacfaidh an Bord Bainistíochta, i gcomhréir le hAirteagal 110 de na Rialacháin Foirne, cinneadh atá bunaithe ar Airteagal 2(1) de na Rialacháin Foirne agus ar Airteagal 6 de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile chun cumhachtaí an údaráis ceapacháin ábhartha a tharmligean don Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus chun na coinníollacha a bhunú faoina bhféadfar tarmligean cumhachtaí den sórt sin a chur ar fionraí. Údarófar don Stiúrthóir Feidhmiúcháin na cumhachtaí sin a fho-tharmligean.

3.   I gcás inar gá sin mar gheall ar imthosca eisceachtúla, féadfaidh an Bord Bainistíochta, trí mheán cinnidh, tarmligean chumhachtaí an údaráis ceapacháin don Stiúrthóir Feidhmiúcháin chomh maith leis na cumhachtaí a bheidh fo-tharmligthe, a chur ar fionraí go sealadach agus iad a fheidhmiú é féin nó iad a tharmligean chuig duine dá chomhaltaí nó chuig duine eile den fhoireann seachas an Stiúrthóir Feidhmiúcháin.

Airteagal 10

Clársceidealú ilbhliantúil agus cláir oibre bhliantúla

1.   Glacfaidh an Bord Bainistíochta, faoin 30 Samhain ar a dhéanaí gach bliain, doiciméad ina mbeidh clársceidealú ilbhliantúil agus cláir oibre bhliantúla CEPOL, ar bhonn dréacht arna chur ar aghaidh ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, ag cur san áireamh dó tuairim an Choimisiúin, agus a mhéid a bhaineann leis an gclársceidealú ilbhliantúil déanfaidh sé é sin tar éis dó dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa. Cuirfidh an Bord Bainistíochta an doiciméad sin ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Beidh an doiciméad dá dtagraítear sa chéad fhomhír cinntitheach tar éis ghlacadh críochnaitheach an bhuiséid ghinearálta agus, más gá, déanfar coigeartú air dá réir.

2.   Leagfar amach sa chlársceidealú ilbhliantúil clársceidealú straitéiseach foriomlán lena n-áirítear na cuspóirí, na torthaí a mbeifear ag súil leo agus na táscairí feidhmíochta, mar aon le pleanáil acmhainní lena n-áirítear i dtaca leis an mbuiséad ilbhliantúil agus leis an bhfoireann. Beidh ar áireamh ann straitéis le haghaidh caidreamh le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta.

Cuirfear an clársceidealú ilbhliantúil i bhfeidhm trí bhíthin cláir oibre bhliantúla agus, i gcás inarb iomchuí, déanfar é a thabhairt cothrom le dáta de dhroim thoradh na measúnachtaí seachtracha agus inmheánacha dá dtagraítear in Airteagal 32. Léireofar conclúid na measúnachtaí sin, i gcás inarb iomchuí, sa chlár oibre bliantúil don bhliain dar gcionn.

3.   Beidh cuspóirí mionsonraithe, na torthaí a bhfuiltear ag súil leo agus táscairí feidhmíochta mar chuid den chlár oibre bliantúil. Beidh tuairisc ann freisin ar na gníomhaíochtaí atá le maoiniú agus léiriú ar na hacmhainní airgeadais agus daonna a bheidh sannta do gach gníomhaíocht, i gcomhréir le prionsabail an bhuiséadaithe agus an bhainistithe de réir gníomhaíochtaí. Beidh an clár oibre bliantúil comhsheasmhach leis an gclársceidealú ilbhliantúil. Sonrófar go soiléir ann na cúraimí a cuireadh leis, a athraíodh nó a scriosadh i gcomparáid leis an mbliain airgeadais roimhe sin. Beidh ar áireamh sa chlár oibre bliantúil an straitéis le haghaidh caidreamh le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 3 agus na gníomhaíochtaí a bhaineann leis an straitéis sin.

4.   Nuair a shanntar cúram nua do CEPOL, tar éis clár oibre bliantúil a ghlacadh, leasóidh an Bord Bainistíochta an clár oibre bliantúil.

5.   Glacfar le haon leasú substaintiúil ar an gclár oibre bliantúil tríd an nós imeachta céanna leis an gceann sin is infheidhme maidir le glacadh an chláir oibre bhliantúil thosaigh. Féadfaidh an Bord Bainistíochta an chumhacht chun leasuithe neamhshubstaintiúla a dhéanamh ar an gclár oibre bliantúil a tharmligean chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin.

Airteagal 11

Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach an Bhoird Bainistíochta

1.   Toghfaidh an Bord Bainistíochta Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach as measc a chomhaltaí féin a ionadaíonn do ghrúpa na dtrí Bhallstát a bhfuil clársceideal 18-mí na Comhairle réitithe go comhpháirteach acu. Fónfaidh siad don tréimhse 18-mí atá ag freagairt don chlár sin den Chomhairle. Más rud é, áfach, go dtiocfaidh deireadh le comhaltas an Chathaoirligh nó an Leas-Chathaoirligh sa Bhord Bainistíochta tráth ar bith le linn a dtéarma oifige, rachaidh a dtéarma oifige in éag go huathoibríoch ar an dáta céanna.

2.   Toghfar an Cathaoirleach agus an Leas-Chathaoirleach le tromlach dhá thrian de chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta.

3.   Nuair nach féidir leis an gCathaoirleach a chuid nó a cuid dualgas a chomhlíonadh, glacfaidh an Leas-Chathaoirleach a ionad nó a hionad.

Airteagal 12

Cruinnithe an Bhoird Bainistíochta

1.   Déanfaidh an Cathaoirleach cruinnithe an Boird Bhainistíochta a chomóradh.

2.   Glacfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin páirt i bpléití an Bhoird Bainistíochta.

3.   Beidh dhá ghnáthchruinniú in aghaidh na bliana ag an mBord Bainistíochta. Sa bhreis air sin, reáchtálfaidh sé cruinnithe ar thionscnamh a Chathaoirligh nó arna iarraidh sin ag an gCoimisiún nó ag trian ar a laghad dá chomhaltaí.

4.   Féadfaidh an Bord Bainistíochta agus an Stiúrthóir Feidhmiúcháin cuireadh a thabhairt d'aon duine a bhféadfadh a thuairim a bheith ábhartha don phlé freastal ar chruinniú i gcáil breathnóra gan vóta.

5.   Faoi réir a rialacha nós imeachta, féadfaidh comhairleoirí nó saineolaithe a bheith de chúnamh ag comhaltaí agus ag comhaltaí ionaid an Bhoird Bainistíochta ag na cruinnithe.

6.   Cuirfidh CEPOL an rúnaíocht ar fáil don Bhord Bainistíochta.

Airteagal 13

Rialacha vótála an Bhoird Bainistíochta

1.   Gan dochar do phointe (a) agus do phointe (b) d'Airteagal 9(1), d'Airteagal 11(2), d'Airteagal 15, d'Airteagal 23(6) agus d'Airteagal 27(2), déanfaidh an Bord Bainistíochta cinntí trí thromlach dá chomhaltaí.

2.   Beidh aon vóta amháin ag gach comhalta. I gcás ina mbíonn comhalta a bhfuil ceart vótála aige nó aici as láthair, beidh a chomhalta ionaid nó a comhalta ionaid i dteideal an ceart vótála atá an gcomhalta sin a fheidhmiú.

3.   Ní ghlacfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin páirt sa vóta.

4.   Déanfar socruithe vótála mionsonraithe a leagan síos le rialacha nós imeachta an Bhoird Bainistíochta, go háirithe na himthosca ina bhféadfaidh comhalta gníomhú thar ceann comhalta eile.

ROINN 2

An Stiúrthóir Feidhmiúcháin

Airteagal 14

Freagrachtaí an Stiúrthóra Feidhmiúcháin

1.   Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin CEPOL a bhainistiú. Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin cuntasach don Bhord Bainistíochta.

2.   Gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin agus an Bhoird Bainistíochta, beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin neamhspleách i bhfeidhmiú a chuid dualgas nó a cuid dualgas agus ní iarrfaidh ná ní ghlacfaidh sé teagaisc ó aon rialtas ná ó aon chomhlacht eile.

3.   Tuairisceoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin do Pharlaimint na hEorpa maidir le feidhmiú a chuid nó a cuid dualgas nuair a iarrfar air nó uirthi déanamh amhlaidh. Féadfaidh an Chomhairle a iarraidh ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin tuairisciú maidir le comhlíonadh a chuid nó a cuid dualgas.

4.   Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ina ionadaí dlíthiúil ar CEPOL.

5.   Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach as cur chun feidhme na gcúraimí a shanntar do CEPOL faoin Rialachán seo, go háirithe i ndáil leis an méid seo a leanas:

(a)

riarachán laethúil CEPOL;

(b)

moltaí a dhéanamh don Bhord Bainistíochta a mhéid a bhaineann le struchtúir inmheánacha CEPOL a bhunú agus, i gcás inar gá sin, modhnú na struchtúir sin;

(c)

cinntí arna nglacadh ag an mBord Bainistíochta a chur chun feidhme;

(d)

dréacht-chlársceidealú ilbhliantúil agus dréachtchláir bhliantúla a ullmhú agus a thíolacadh don Bhord Bainistíochta tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún;

(e)

clársceidealú ilbhliantúil agus cláir bhliantúla a chur chun feidhme agus tuairisciú don Bhord Bainistíochta maidir lena gcur chun feidhme;

(f)

dréachtrialacha cur chun feidhme iomchuí a ullmhú chun éifeacht a thabhairt do na Rialacháin Foirne agus do Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile i gcomhréir le hAirteagal 110 de na Rialacháin Foirne;

(g)

dréacht den tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite maidir le gníomhaíochtaí CEPOL a ullmhú agus a thíolacadh don Bhord Bainistíochta chun go ndéanfar é a ghlacadh;

(h)

plean gníomhaíochta a ullmhú ina ndéanfar obair leantach ar chonclúidí tuarascálacha agus meastóireachtaí iniúchóireachta inmheánacha nó seachtracha agus ar na himscrúduithe arna ndéanamh ag OLAF, agus tuairisciú ar an dul chun cinn dhá uair sa bhliain don Choimisiún agus go tráthrialta don Bhord Bainistíochta;

(i)

leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta coisctheacha in aghaidh calaoise, éillithe agus aon ghníomhaíocht mhídhleathach eile a chur i bhfeidhm, gan dochar don inniúlacht imscrúdaitheach atá ag OLAF, trí sheiceálacha éifeachtacha agus, má aimsítear neamhrialtachtaí, trí mhéideanna á íocadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis riaracháin agus airgeadais, a bheidh éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach a chur i bhfeidhm;

(j)

dréachtstraitéis inmheánach frithchalaoise a ullmhú do CEPOL agus í a thíolacadh don Bhord Bainistíochta chun go ndéanfar í a ghlacadh;

(k)

dréachtrialacha airgeadais is infheidhme maidir le CEPOL a ullmhú;

(l)

dréachtráiteas CEPOL maidir le meastacháin ioncaim agus chaiteachais a ullmhú agus a bhuiséad a chur chun feidhme.

(m)

cabhrú le Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta ullmhú do chruinnithe an Bhoird Bainistíochta;

(n)

cúraimí eile de bhun an Rialacháin seo a dhéanamh.

ROINN 3

An Coiste Eolaíochta um Oiliúint

Airteagal 15

Bunú

I gcás inarb iomchuí, agus riachtanais ghnó agus acmhainní airgeadais á gcur san áireamh, cinnfidh an Bord Bainistíochta, le tromlach dhá thrian dá chomhaltaí, Coiste Eolaíochta um Oiliúint a bhunú. Is é an nós imeachta céanna a bheidh i bhfeidhm maidir le cinneadh bunú den sórt sin a chúlghairm.

Airteagal 16

Forálacha ginearálta, cuspóir agus cúraimí

1.   Nuair a bheidh an Coiste Eolaíochta um Oiliúint bunaithe ag an mBord Bainistíochta, beidh an Coiste sin ina chomhlacht comhairleach neamhspleách a áiritheoidh an cháilíocht eolaíochta in obair CEPOL a bhaineann le hoiliúint.

2.   Beidh an Coiste Eolaíochta um Oiliúint comhdhéanta de lucht acadúil ardleibhéil agus de ghairmithe ardleibhéil i bhforfheidhmiú an dlí atá gníomhach sna hábhair a chumhdaítear faoi Airteagal 4. Ceapfaidh an Bord Bainistíochta comhaltaí an Choiste Eolaíochta um Oiliúint tar éis glao trédhearcach ar iarratais agus nós imeachta roghnúcháin a fhoilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Ní bheidh comhaltaí an Bhoird Bainistíochta ina gcomhaltaí den Choiste Eolaíochta um Oiliúint. Beidh comhaltaí an Choiste Eolaíochta um Oiliúint neamhspleách agus ní iarrfaidh ná ní ghlacfaidh siad teagaisc ó aon rialtas ná aon chomhlacht eile.

3.   Déanfaidh an Bord Bainistíochta, inter alia, na cúraimí seo a leanas a chur ar iontaoibh an Choiste Eolaíochta um Oiliúint:

(a)

comhairle a chur ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin maidir le dréachtú an chlársceidealaithe ilbhliantúil agus na gclár oibre bliantúil agus doiciméid straitéiseacha eile, chun a gcáilíocht eolaíochta a áirithiú agus chun a áirithiú go bhfuil siad ag teacht le beartais agus tosaíochtaí earnála ábhartha an Aontais;

(b)

tuairim agus comhairle neamhspleách a chur ar fáil don Bhord Bainistíochta maidir le nithe a thagann faoina shainchúram;

(c)

tuairim agus comhairle neamhspleách a chur ar fáil maidir le cáilíocht curaclam, modhanna foghlama feidhmí, roghanna foghlama agus forbairtí eolaíochta;

(d)

aon chúram comhairleach eile a bhaineann le gnéithe eolaíochta d'obair CEPOL i ndáil le hoiliúint, arna iarraidh sin don Bhord Bainistíochta nó don Stiúrthóir Feidhmiúcháin a dhéanamh.

4.   Nuair a bheidh an Coiste Eolaíochta um Oiliúint á bhunú, cinnfidh an Bord Bainistíochta comhdhéanamh an Choiste sin, téarma oifige a chomhaltaí, minicíocht a chruinnithe agus a nósanna imeachta, lena n-áirítear rialacha vótála.

CAIBIDIL IV

FORÁLACHA AIRGEADAIS

Airteagal 17

Buiséad

1.   Ullmhófar meastacháin ar ioncam agus ar chaiteachas uile CEPOL gach bliain airgeadais, a fhreagróidh don bhliain féilire, agus léireofar i mbuiséad CEPOL iad.

2.   Beidh buiséad CEPOL comhardaithe ó thaobh ioncaim agus caiteachais de.

3.   Gan dochar d'acmhainní eile, is é a bheidh in ioncam CEPOL ná ranníocaíocht ón Aontas arna hiontráil i mbuiséad ginearálta an Aontais.

4.   Féadfaidh CEPOL tairbhiú de chistiú Aontais i bhfoirm comhaontuithe tarmligin nó deontais ad-hoc i gcomhréir lena rialacha airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 21 agus le forálacha na n-ionstraimí ábhartha atá mar thaca ag beartais an Aontais. Gan dochar don phrionsabal a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) (“Rialachán Airgeadais”) go bhfuil toirmeasc ar mhaoiniú dúbailte, féadfaidh CEPOL bainistiú a dhéanamh ar chistí tiomanta Aontais chun gníomhaíochtaí sonracha a dhéanamh laistigh de raon feidhme a chuid cuspóirí agus cúraimí.

5.   Beidh luach saothair don fhoireann, speansais riaracháin agus bonneagair agus costais oibriúcháin ar áireamh i gcaiteachas CEPOL.

6.   Féadfar gealltanais bhuiséadacha do ghníomhaíochtaí a bhaineann le tionscadail ar mhórscála a mhairfidh breis agus aon bhliain airgeadais amháin a mhiondealú thar níos mó ná bliain airgeadais amháin i roinnt tráthchodanna bliantúla.

Airteagal 18

An buiséad a bhunú

1.   Gach bliain, déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin dréachtráiteas meastachán maidir le hioncam agus caiteachas CEPOL a tharraingt suas don bhliain airgeadais ina dhiaidh sin, lena n-áirítear plean bunaíochta, agus seolfaidh sé chuig an mBord Bainistíochta é.

2.   Ar bhonn an dréachtráitis mheastacháin, glacfaidh an Bord Bainistíochta dréachtráiteas meastachán sealadach maidir le hioncam agus caiteachas CEPOL don bhliain airgeadais ina dhiaidh sin agus seolfaidh sé é chuig an gCoimisiún faoin 31 Eanáir gach bliain.

3.   Seolfaidh an Bord Bainistíochta dréachtmheastachán críochnaitheach ioncam agus chaiteachas CEPOL chuig an gCoimisiún faoin 31 Márta gach bliain.

4.   Seolfaidh an Coimisiún an ráiteas meastachán, in éineacht le dréachtbhuiséad ginearálta an Aontais, chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

5.   Ar bhonn an ráitis ar mheastacháin, déanfaidh an Coimisiún na meastacháin a mheasann sé a bheith riachtanach don phlean bunaíochta, mar aon le méid an fhóirdheontais a bheidh le muirearú ar an mbuiséad ginearálta, a thaifeadadh i ndréachtbhuiséad ginearálta an Aontais, a chuirfidh sé faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle i gcomhréir le hAirteagal 313 agus le hAirteagal 314 CFAE.

6.   Údaróidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na leithreasuithe don ranníocaíocht ón Aontas chuig CEPOL.

7.   Glacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle plean bunaíochta CEPOL.

8.   Is é an Bord Bainistíochta a ghlacfaidh buiséad CEPOL. Tiocfaidh sé chun bheith críochnaitheach tar éis ghlacadh críochnaitheach bhuiséad ginearálta an Aontais. I gcás inar gá sin, déanfar é a choigeartú dá réir.

9.   I gcás aon tionscadail foirgníochta ar dócha go mbeidh impleachtaí suntasacha aige ar bhuiséad CEPOL, beidh feidhm ag Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 ón gCoimisiún (7).

Airteagal 19

An buiséad a chur chun feidhme

1.   Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a dhéanfaidh buiséad CEPOL a chur chun feidhme.

2.   Gach bliain, déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin gach faisnéis ábhartha a bhaineann le torthaí aon nós imeachta meastóireachta a chur ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle agus tabharfaidh sé fógra don Chúirt Iniúchóirí freisin maidir le haon chinntí den sórt sin.

Airteagal 20

Na cuntais a thíolacadh agus a urscaoileadh

1.   Cuirfidh oifigeach cuntasaíochta CEPOL na cuntais shealadacha don bhliain airgeadais (bliain N) ar aghaidh chuig oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin agus chuig an gCúirt Iniúchóirí faoin 1 Márta den bhliain airgeadais ina dhiaidh sin (bliain N + 1).

2.   Cuirfidh CEPOL tuarascáil ar an mbainistiú buiséadach agus airgeadais de bhliain N ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCúirt Iniúchóirí faoin 31 Márta de bhliain N + 1.

3.   Cuirfidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin cuntais shealadacha CEPOL do bhliain N, arna gcomhdhlúthú le cuntais an Choimisiúin, ar aghaidh chuig an gCúirt Iniúchóirí faoin 31 Márta de bhliain N + 1.

4.   Tar éis barúlacha na Cúirte Iniúchóirí maidir le cuntais shealadacha CEPOL a fháil do bhliain N, de bhun Airteagal 148 den Rialachán Airgeadais, déanfaidh oifigeach cuntasaíochta CEPOL cuntais chríochnaitheacha CEPOL a tharraingt suas don bhliain sin. Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta iad chun tuairim a fháil.

5.   Tabharfaidh an Bord Bainistíochta tuairim uaidh maidir le cuntais chríochnaitheacha CEPOL do bhliain N.

6.   Faoin 1 Iúil de bhliain N + 1, déanfaidh oifigeach cuntasaíochta CEPOL na cuntais chríochnaitheacha don bhliain N, in éineacht le tuairim an Bhoird Bainistíochta dá dtagraítear i mír 5, a chur ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí.

7.   Foilseofar na cuntais chríochnaitheacha do bhliain N in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh faoin 15 Samhain de bhliain N + 1.

8.   Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagra ar bharúlacha na Cúirte Iniúchóirí ar aghaidh chuici faoin 30 Meán Fómhair de bhliain N + 1. Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an freagra sin ar aghaidh chuig an mBord Bainistíochta freisin.

9.   Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa, aon fhaisnéis is gá chun an nós imeachta urscaoilte a chur i bhfeidhm go rianúil do bhliain N faoi bhráid na Parlaiminte, i gcomhréir le hAirteagal 165(3) den Rialachán Airgeadais.

10.   Roimh an 15 Bealtaine de bhliain N + 2, agus ar mholadh ón gComhairle ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, déanfaidh Parlaimint na hEorpa urscaoileadh a dheonú don Stiúrthóir Feidhmiúcháin i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid do bhliain N.

Airteagal 21

Rialacha airgeadais

1.   Déanfaidh an Bord Bainistíochta na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le CEPOL a ghlacadh tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoimisiún. Ní imeoidh siad ó Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 mura rud é gur gá go sonrach déanamh amhlaidh ar mhaithe le feidhmiú CEPOL agus go mbíonn a thoiliú tugtha ag an gCoimisiún roimh ré.

2.   I gcásanna cuí-réasúnaithe agus le formheas roimh ré ón mBord Bainistíochta, féadfaidh CEPOL deontais a dhámhachtain d'uireasa glao oscailte ar thograí do na Ballstáit chun oiliúint a sholáthar maidir leis na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 4(2) agus (4).

CAIBIDIL V

FOIREANN

Airteagal 22

Foráil ghinearálta

Beidh feidhm ag na Rialacháin Foirne agus ag Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile agus ag na rialacha arna nglacadh trí chomhaontú idir institiúidí an Aontais chun éifeacht a thabhairt do na Rialacháin Foirne sin agus do na Coinníollacha Fostaíochta sin maidir le foireann CEPOL.

Airteagal 23

An Stiúrthóir Feidhmiúcháin

1.   Déanfar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a fhostú mar ghníomhaire sealadach de chuid CEPOL faoi phointe (a) d'Airteagal 2 de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile.

2.   Déanfaidh an Bord Bainistíochta an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh, i ndiaidh nós imeachta roghnúcháin a bheidh oscailte agus trédhearcach, as gearrliosta de thriúr iarrthóirí ar a laghad arna moladh ag coiste roghnúcháin a bheidh curtha ar bun ag an mBord Bainistíochta agus a bheidh comhdhéanta de chomhaltaí a bheidh ainmnithe ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún.

Déanfaidh an coiste roghnúcháin an gearrliosta sin a tharraingt as liosta de na hiarrthóirí uile, arna sainaithint ar mhodh trédhearcach ag an gCoimisiún, a bhfuil a bpróifíl ag teacht leis na riachtanais don fheidhm de réir mar a bheidh leagtha síos i bhfógra folúntais arna fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Déanfaidh an Coimisiún cóip de na hiarratais ar fad a gheofar don fholúntas a tharchur chuig an gcoiste roghnúcháin.

Chun conradh a thabhairt i gcrích leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, déanfaidh Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta ionadaíocht do CEPOL.

3.   Is ceithre bliana a bheidh i dtéarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin. Faoi dheireadh na tréimhse sin, déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis an mBord Bainistíochta, measúnú ina mbeidh meastóireacht ar fheidhmíocht an Stiúrthóra Feidhmiúcháin agus ar chúraimí agus ar dhúshláin CEPOL amach anseo.

4.   Féadfaidh an Bord Bainistíochta, agus an measúnú dá dtagraítear i mír 3 á chur i gcuntas, téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin a fhadú uair amháin agus ar feadh tréimhse nach mó ná ceithre bliana. I gcás den sórt sin, ní ghlacfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin páirt i nós imeachta roghnúcháin eile don phost céanna ag deireadh na tréimhse foriomláine.

5.   Féadfar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chur as oifig ar chinneadh ón mBord Bainistíochta.

6.   Tiocfaidh an Bord Bainistíochta ar chinntí maidir le ceapachán an Stiúrthóra Feidhmiúcháin, maidir le fadú a théarma oifige, nó maidir lena chur as oifig, le tromlach dhá thrian dá chuid comhaltaí.

Airteagal 24

Saineolaithe náisiúnta ar iasacht

1.   Féadfaidh CEPOL leas a bhaint as saineolaithe náisiúnta ar iasacht.

2.   Glacfaidh an Bord Bainistíochta cinneadh lena leagtar síos rialacha maidir le saineolaithe náisiúnta a thabhairt ar iasacht do CEPOL.

CAIBIDIL VI

FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA

Airteagal 25

Stádas dlíthiúil

1.   Is gníomhaireacht de chuid an Aontais a bheidh in CEPOL. Beidh pearsantacht dhlítheanach aige.

2.   I ngach Ballstát, beidh an inniúlacht dhlíthiúil is fairsinge a thugtar do dhaoine dlítheanacha faoin dlí náisiúnta ag CEPOL. Féadfaidh sé, go háirithe, maoin shochorraithe agus maoin dhochorraithe a fháil agus a dhiúscairt agus féadfaidh sé a bheith ina pháirtí in imeachtaí dlíthiúla.

3.   Is i mBúdaipeist, an Ungáir, a bheidh suíomh CEPOL.

Airteagal 26

Pribhléidí agus díolúintí

Beidh feidhm maidir le CEPOL agus a bhaill foirne ag Prótacal ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 27

Socruithe teanga

1.   Beidh feidhm maidir le CEPOL ag na forálacha a leagtar síos i Rialachán Uimh. 1 (8).

2.   Déanfaidh an Bord Bainistíochta cinneadh le tromlach dhá thrian dá chuid comhaltaí maidir le socruithe inmheánacha teanga CEPOL.

3.   Soláthróidh Ionad Aistriúcháin chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh na seirbhísí aistriúcháin is gá chun go bhfeidhmeoidh CEPOL.

Airteagal 28

Trédhearcacht

1.   Beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 maidir le doiciméid atá i seilbh CEPOL.

2.   Laistigh de shé mhí tar éis dháta a chéad chruinnithe, glacfaidh an Bord Bainistíochta na rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a chur i bhfeidhm.

3.   Féadfaidh cinntí a dhéanfaidh CEPOL faoi Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a bheith ina n-ábhar gearáin chuig an Ombudsman Eorpach nó ina n-ábhar caingne os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir le hAirteagal 228 agus le hAirteagal 263 CFAE faoi seach.

4.   Déanfaidh CEPOL sonraí pearsanta a phróiseáil faoi réir Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9).

Airteagal 29

Calaois a chomhrac

1.   Chun an comhrac in aghaidh na calaoise, an éillithe agus aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile faoi Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) a éascú, aontóidh CEPOL, idir an 1 Iúil agus an 31 Nollaig 2016 do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe inmheánacha arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) (11) agus glacfaidh sé forálacha iomchuí is infheidhme maidir le fostaithe uile CEPOL agus an teimpléad a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gComhaontú sin á úsáid aige.

2.   Beidh cumhacht iniúchóireachta ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, ar bhonn doiciméad agus seiceálacha ar an láthair, ar gach tairbhí deontais, gach conraitheoir agus gach fochonraitheoir a fuair cistí de chuid an Aontais ó CEPOL.

3.   Féadfaidh OLAF imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair d'fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht mhídhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais i ndáil le deontas nó conradh arna bhronnadh ag CEPOL. Déanfar imscrúduithe den sórt sin i gcomhréir leis na forálacha agus nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 agus i Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle (12).

4.   Gan dochar do mhír 1, do mhír 2 agus do mhír 3, beidh forálacha i gcomhaontuithe oibre le comhlachtaí de chuid an Aontais, le húdaráis agus le hinstitiúidí oiliúna tríú tíortha, le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus le páirtithe príobháideacha, i gconarthaí, i gcomhaontuithe deontais agus i gcinntí deontais CEPOL, ar forálacha iad lena gcumhachtófar go sainráite do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa agus d'OLAF na hiniúchtaí agus na himscrúduithe dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3 a dhéanamh, i gcomhréir lena n-inniúlacht faoi seach.

Airteagal 30

Rialacha slándála maidir le faisnéis rúnaicmithe agus faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe a chosaint

Cuirfidh CEPOL i bhfeidhm, mutatis mutandis, rialacha slándála an Choimisiúin maidir le Faisnéis Rúnaicmithe an Aontais Eorpaigh (FRAE) agus faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe a chosaint, inter alia, na rialacha maidir le faisnéis den sórt sin a mhalartú, a phróiseáil agus a stóráil, mar a leagtar amach i gCinneadh (AE, Euratom) 2015/443 ón gCoimisiún (13) agus i gCinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún (14).

Airteagal 31

Dliteanas

1.   Beidh dliteanas conarthach CEPOL faoi rialú ag an dlí is infheidhme maidir leis an gconradh ábhartha.

2.   Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh breith a thabhairt de bhun aon chlásail eadrána a bheidh i gconradh arna thabhairt i gcrích ag CEPOL.

3.   I gcás dliteanas neamhchonarthach, slánóidh CEPOL, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta is coiteann do dhlíthe na mBallstát, aon damáiste arbh iad a ranna nó daoine dá fhoireann i bhfeidhmiú a ndualgas ba chúis leis.

4.   Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i ndíospóidí a bhaineann leis an gcúiteamh as damáiste dá dtagraítear i mír 3.

5.   Beidh dliteanas pearsanta fhoireann CEPOL i leith CEPOL faoi rialú ag na forálacha a leagtar síos sna Rialacháin Foirne agus sna Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile is infheidhme maidir leo.

Airteagal 32

Meastóireacht agus athbhreithniú

1.   Faoin 1 Iúil 2021 agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar meastóireacht ina ndéanfar measúnú, go háirithe, ar thionchar, éifeachtacht agus éifeachtúlacht CEPOL agus a chleachtais oibre.

2.   Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil mheastóireachta faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta. Soláthróidh an Bord Bainistíochta a bharúlacha maidir leis an tuarascáil mheastóireachta laistigh de mhí amháin ó dháta a fála. Ansin, cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil mheastóireachta chríochnaitheach, in éineacht le conclúidí an Choimisiúin agus barúlacha an Bhoird Bainistíochta a bheidh mar Iarscríbhinn ag gabháil léi, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Bhoird Bainistíochta. Déanfar torthaí na meastóireachta sin a phoibliú.

Airteagal 33

Fiosrúcháin riaracháin

Beidh gníomhaíochtaí CEPOL faoi réir fiosrúchán ón Ombudsman Eorpach i gcomhréir le hAirteagal 228 CFAE.

Airteagal 34

Comhar le comhlachtaí de chuid an Aontais, le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta

1.   Beidh CEPOL oscailte do rannpháirtíocht údarás agus institiúidí oiliúna tríú tíortha a bhfuil comhaontuithe chuige sin curtha i gcrích acu leis an Aontas.

2.   A mhéid is gá chun a chúraimí a fheidhmiú, féadfaidh CEPOL caidreamh comhair a bhunú agus a choimeád le comhlachtaí de chuid an Aontais, i gcomhréir lena gcuspóirí, le húdaráis agus institiúidí oiliúna tríú tíortha, le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus le páirtithe príobháideacha.

3.   I gcomhréir le mír 1 agus le mír 2, déanfar socruithe oibre a thabhairt i gcrích ina sonrófar, go háirithe, cineál, méid agus modh rannpháirtíochta údaráis agus institiúidí oiliúna na dtríú tíortha, na n-eagraíochtaí idirnáisiúnta agus na bpáirtithe príobháideacha i dtrácht in obair CEPOL, lena n-áirítear forálacha maidir le rannpháirtíocht i dtionscnaimh, rannchuidithe airgeadais agus cúrsaí foirne CEPOL. I dtaca le cúrsaí foirne, comhlíonfaidh na socruithe sin na Rialacháin Foirne agus Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile.

4.   Oibreoidh CEPOL i gcomhar leis na comhlachtaí de chuid an Aontais atá inniúil ar na nithe a chuimsítear leis an Rialachán seo agus dá dtagraítear i mír 2, faoi chuimsiú na socruithe oibre arna dtabhairt i gcrích leis na comhlachtaí sin, i gcomhréir leis an Rialachán seo nó le forálacha ábhartha Chinneadh 2005/681/CGB.

5.   Ní thabharfar na socruithe oibre dá dtagraítear i mír 3 agus i mír 4 i gcrích ach amháin le húdarú an Bhoird Bainistíochta, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoimisiún. Ní bheidh siad ina gceangal ar an Aontas ná ar a chuid Ballstát.

Airteagal 35

Comhaontú maidir le Ceanncheathrú agus coinníollacha oibriúcháin

Na socruithe riachtanacha i dtaca leis an gcóiríocht atá le soláthar do CEPOL san Ungáir agus na saoráidí atá le cur ar fáil ag an mBallstát sin i dteannta na rialacha sonracha is infheidhme sa Bhallstát aíochta maidir leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, le comhaltaí an Bhoird Bainistíochta, le foireann CEPOL agus le daoine dá dteaghlaigh, leagfar síos iad i gComhaontú maidir le Ceanncheathrú idir CEPOL agus an Ungáir, arna thabhairt i gcrích tar éis formheas a fháil ón mBord Bainistíochta.

CAIBIDIL VII

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA

Airteagal 36

Comharbas dlíthiúil

1.   Beidh CEPOL, mar a bhunaítear leis an Rialachán seo é, ina chomharba dlíthiúil i ndáil leis na conarthaí uile arna dtabhairt i gcrích ag CEPOL, i ndáil le dliteanais is dlite de CEPOL agus i ndáil le maoin arna fáil ag CEPOL mar a bunaíodh le Cinneadh 2005/681/CGB é.

2.   Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear d'fheidhm dhlíthiúil na gcomhaontuithe arna dtabhairt i gcrích ag CEPOL mar a bunaíodh le Cinneadh 2005/681/CGB é, roimh an 24 Nollaig 2015.

Airteagal 37

Socruithe idirthréimhseacha maidir leis an mBord Bainistíochta

1.   Déanfar téarma oifige chomhaltaí Bhord Rialúcháin CEPOL arna bhunú ar bhonn Airteagal 10 de Chinneadh 2005/681/CGB a fhoirceannadh an 1 Iúil 2016.

2.   Le linn na tréimhse ón 24 Nollaig 2015 go dtí an 1 Iúil 2016, déanfaidh an Bord Rialúcháin arna bhunú ar bhonn Airteagal 10 de Chinneadh 2005/681/CGB na nithe seo a leanas:

(a)

feidhmeanna an Bhoird Bainistíochta a fheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 9 den Rialachán seo;

(b)

ullmhú do ghlacadh na rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001, a mhéid a bhaineann le doiciméid CEPOL, amhail dá dtagraítear in Airteagal 28 den Rialachán seo, agus maidir leis na hoibleagáidí rúndachta agus discréide;

(c)

aon ionstraim is gá chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm a ullmhú; agus

(d)

na rialacha agus na bearta inmheánacha a ghlac sé ar bhonn Chinneadh 2005/681/CGB a athbhreithniú ionas gur féidir leis an mBord Bainistíochta arna bhunú de bhun Airteagal 8 den Rialachán seo cinneadh a dhéanamh de bhun Airteagal 41 de.

Airteagal 38

Socruithe idirthréimhseacha maidir leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus leis an bhfoireann

1.   Ar feadh na tréimhse a bheidh fágtha dá théarma nó dá téarma oifige, sannfar do Stiúrthóir CEPOL arna cheapadh ar bhonn Airteagal 11(1) de Chinneadh 2005/681/CGB freagrachtaí an Stiúrthóra Feidhmiúcháin, amhail dá bhforáiltear in Airteagal 14 den Rialachán seo. Ní athrófar coinníollacha eile a chonartha nó a conartha. Má thagann deireadh leis an téarma oifige idir an 24 Nollaig 2015 agus an 1 Iúil 2016, déanfar é a fhadú go huathoibríoch go dtí an 1 Iúil 2017.

2.   I gcás nach mbeidh Stiúrthóir CEPOL, arna cheapadh ar bhonn Airteagal 11(1) de Chinneadh 2005/681/CGB, toilteanach nó in ann gníomhú i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, ainmneoidh an Bord Bainistíochta Stiúrthóir Feidhmiúcháin eatramhach chun na dualgais a shanntar don Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chomhlíonadh ar feadh tréimhse nach mó ná 18 mí, go dtí go ndéanfar an ceapachán dá bhforáiltear in Airteagal 23(2) den Rialachán seo.

3.   Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do chearta ná d'oibleagáidí daoine den fhoireann atá fostaithe faoi Chinneadh 2005/681/CGB. Féadfar a gconarthaí fostaíochta a athnuachan faoin Rialachán seo i gcomhréir leis na Rialacháin Foirne agus Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile.

Airteagal 39

Forálacha buiséadacha idirthréimhseacha

Is i gcomhréir leis na rialacha a bunaíodh le Cinneadh 2005/681/CGB a chuirfear an nós imeachta urscaoilte maidir leis na buiséid arna bhformheas ar bhonn Airteagal 25 den Chinneadh sin i gcrích.

CAIBIDIL VIII

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 40

Ionadú agus aisghairm

1.   Déantar leis seo an Rialachán seo a chur in ionad Chinneadh 2005/681/CGB, arna leasú le Rialachán (AE) Uimh. 543/2014, i gcás na mBallstát atá faoi cheangal ag an Rialachán seo le héifeacht ón 1 Iúil 2016.

Dá bhrí sin, aisghairtear Cinneadh 2005/681/CGB.

2.   Maidir leis na Ballstáit atá faoi cheangal ag an Rialachán seo, déanfar tagairtí do na gníomhartha dá dtagraítear i mír 1 a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

Airteagal 41

Na rialacha inmheánacha arna nglacadh ag an mBord Rialúcháin a choinneáil i bhfeidhm

Beidh na rialacha agus bearta inmheánacha arna nglacadh ag an mBord Rialúcháin ar bhonn Chinneadh 2005/681/CGB fós i bhfeidhm tar éis an 1 Iúil 2016, mura rud é go gcinnfidh an Bord Bainistíochta a mhalairt agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm.

Airteagal 42

Teacht i bhfeidhm

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Beidh feidhm aige amhail ón 1 Iúil 2016.

Beidh feidhm ag Airteagal 37, Airteagal 38 agus Airteagal 39, áfach, ón 24 Nollaig 2015.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 25 Samhain 2015.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

N. SCHMIT


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 29 Deireadh Fómhair 2015 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 16 Samhain 2015.

(2)  Cinneadh 2005/681/CGB ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 2005 lena mbunaítear an Coláiste Eorpach Póilíneachta (CEPOL) agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2000/820/CGB (IO L 256, 1.10.2005, lch. 63).

(3)  IO L 56, 4.3.1968, lch. 1.

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 543/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena leasaítear Cinneadh 2005/681/CGB ón gComhairle lena mbunaítear an Coláiste Eorpach Póilíneachta (CEPOL) (IO L 163, 29.5.2014, lch. 5).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).

(6)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1).

(7)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2013 maidir le rialachán réime airgeadais le haghaidh na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 7.12.2013, lch. 42).

(8)  Rialachán Uimh. 1 an 15 Aibreán 1958 lena gcinntear na teangacha a úsáidfear i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (IO 17, 6.10.1958, lch. 385/58).

(9)  Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).

(10)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(11)  Comhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Coimisiún na gComhphobal Eorpach maidir le himscrúduithe inmheánacha arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) (IO L 136, 31.5.1999, lch. 15).

(12)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint ar chalaois agus ar neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).

(13)  Cinneadh (AE, Euratom) 2015/443 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir le Slándáil sa Choimisiún (IO L 72, 17.3.2015, lch. 41).

(14)  Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe AE a chosaint (IO L 72, 17.3.2015, lch. 53).


Ceartúchán

4.12.2015   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

21


Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2015/812 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 850/98, (CE) Uimh. 2187/2005, (CE) Uimh. 1967/2006, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 254/2002, (CE) Uimh. 2347/2002 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle, agus Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, maidir leis an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1434/98 ón gComhairle

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 133 Eagrán Speisialta Gaeilge an 29 Bealtaine 2015 )

Leathanach 15, pointe (1) d'Airteagal 7:

in ionad:

“(1)

in Airteagal 1, …”,

léitear:

“(1)

sa teideal, in Airteagal 1, …”.

4.12.2015   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

21


Ceartúchán ar Rialachán (AE) Uimh. 236/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena leagtar síos rialacha agus nósanna imeachta coiteanna le haghaidh chur chun feidhme ionstraimí an Aontais chun an ghníomhaíocht sheachtrach a mhaoiniú

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 77 Eagrán Speisialta Gaeilge an 15 Márta 2014 )

Leathanach 103, pointe (b) d'Airteagal 9(1)

in ionad:

“(b)

(…) i gcomhthéacs na gclár comhair ilnáisiúnta agus trasteorann ina bhfuil siad rannpháirteach;”,

léitear:

“(b)

(…) i gcomhthéacs na gclár comhair ilnáisiúnta agus trasteorann ina bhfuil sí rannpháirteach;”.