ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúill

an Aontais Eorpaigh

Eagrán Speisialta ( 1 )

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

58
17 Iúil 2015


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) 2015/1145 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Iúil 2015 maidir leis na bearta cosanta dá bhforáiltear sa Chomhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Cónaidhm na hEilvéise

1

 

*

Rialachán (AE) 2015/1146 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Iúil 2015 maidir le ráta coigeartaithe i leith íocaíochtaí díreacha dá bhforáiltear le Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 a shocrú i ndáil leis an mbliain féilire 2015

6

 

 

Ceartúchán

 

*

Ceartúchán ar Rialachán (AE) Uimh. 1051/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 d'fhonn foráil a dhéanamh maidir le comhrialacha i ndáil le rialú teorann a athbhunú go sealadach ag teorainneacha inmheánacha i gcúinsí eisceachtúla ( IO L 295, 6.11.2013 )

8

 

*

Ceartúchán ar Rialachán (AE) Uimh. 70/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Eanáir 2012 maidir le tuairisceáin staidrimh i ndáil le hiompar earraí de bhóthar ( IO L 32, 3.2.2012 )

13

 

*

Ceartúchán ar Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí ( IO L 343, 14.12.2012 )

14

 

*

Ceartúchán ar Rialachán (AE) Uimh. 512/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 912/2010 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach GNSS ( IO L 150, 20.5.2014 )

16

 


 

(1)   Faoin tagairt L 191 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

GA


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

17.7.2015   

GA

Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) 2015/1145 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 8 Iúil 2015

maidir leis na bearta cosanta dá bhforáiltear sa Chomhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Cónaidhm na hEilvéise

(códú)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Rinneadh Rialachán (CEE) Uimh. 2841/72 ón gComhairle (2) a leasú go suntasach roinnt uaireanta (3). Ar mhaithe le soiléire agus le réasúntacht, ba cheart an Rialachán sin a chódú.

(2)

Siníodh comhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Cónaidhm na hEilvéise (4) (“an Comhaontú”) sa Bhruiséil an 22 Iúil 1972.

(3)

Is gá rialacha mionsonraithe chun na clásail chosanta agus na bearta réamhchúraim dá bhforáiltear in Airteagal 22 go hAirteagal 27 den Chomhaontú a chur chun feidhme.

(4)

Is gá coinníollacha aonfhoirmeacha chun bearta cosanta a ghlacadh i ndáil le clásail dhéthaobhacha chosanta an Chomhaontaithe a chur chun feidhme. Ba cheart na bearta sin a ghlacadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5).

(5)

Ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach a ghlacadh, i gcás ina n-éilítear amhlaidh ar mhórchúiseanna práinne, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo agus a bhaineann le staideanna dá dtagraítear in Airteagal 24, Airteagal 24a agus Airteagal 26 den Chomhaontú nó i gcás cabhracha d'onnmhairí a bhfuil éifeacht dhíreach agus láithreach acu ar thrádáil,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh go dtarchuirfear saincheist chuig an gComhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Cónaidhm na hEilvéise (“an Comhaontú”), chun na bearta dá bhforáiltear in Airteagail 22, 24, 24a agus 26 den Chomhaontú a dhéanamh. I gcás inar gá, glacfaidh an Coimisiún na bearta sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 6(2) den Rialachán seo.

Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas má chinneann sé saincheist a tharchur chuig an gComhchoiste.

Airteagal 2

1.   I gcás cleachtas a d'fhéadfadh údar cuí a thabhairt don Aontas na bearta dá bhforáiltear in Airteagal 23 den Chomhaontú a chur i bhfeidhm, déanfaidh an Coimisiún cinneadh, tar éis dó an cás a scrúdú, ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin do Bhallstát, an bhfuil cleachtas den sórt sin ag luí leis an gComhaontú. I gcás inar gá, glacfaidh an Coimisiún bearta cosanta i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 6(2) den Rialachán seo.

2.   I gcás cleachtas lena bhféadfaí bearta cosanta a chur i bhfeidhm maidir leis an Aontas ar bhonn Airteagal 23 den Chomhaontú, déanfaidh an Coimisiún cinneadh, tar éis dó an cás a scrúdú, an bhfuil an cleachtas ag luí leis na prionsabail atá leagtha síos sa Chomhaontú. I gcás inar gá, ceapfaidh sé moltaí iomchuí.

Airteagal 3

I gcás cleachtas a d'fhéadfadh údar cuí a thabhairt don Aontas na bearta dá bhforáiltear in Airteagal 25 den Chomhaontú a chur i bhfeidhm, beidh na nósanna imeachta a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 ón gComhairle (6) agus Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle (7) infheidhme.

Airteagal 4

1.   Más rud é, de dheasca imthosca eisceachtúla, gur gá gníomhú láithreach maidir leis na staideanna dá dtagraítear in Airteagal 24, Airteagal 24a agus Airteagal 26 den Chomhaontú nó i gcás cabhracha d'onnmhairí a bhfuil éifeacht dhíreach agus láithreach acu ar thrádáil, féadfaidh an Coimisiún na bearta réamhchúraim dá bhforáiltear i bpointe (e) d'Airteagal 27(3) den Chomhaontú a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 6(2) den Rialachán seo, nó i gcásanna práinne, i gcomhréir le hAirteagal 6(3) den Rialachán seo.

2.   I gcás ina n-iarrfaidh Ballstát ar an gCoimisiún gníomhú, déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir leis an iarraidh sin laistigh de thréimhse nach faide ná cúig lá oibre tar éis an iarraidh a fháil.

Airteagal 5

Is ar an gCoimisiún a bheidh an fhreagracht fógra ón Aontas a chur chuig an gComhchoiste mar a cheanglaítear le hAirteagal 27(2) den Chomhaontú.

Airteagal 6

1.   Déanfaidh an Coiste um Choimircí arna bhunú le hAirteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2015/478 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an Coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, i dteannta Airteagal 5 de.

Airteagal 7

Déanfaidh an Coimisiún faisnéis maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo a áireamh ina thuarascáil bhliantúil maidir le bearta cosanta trádála a chur i bhfeidhm agus a chur chun feidhme a chuirfidh sé faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle de bhun Airteagal 22a de Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009.

Airteagal 8

Déantar Rialachán (CEE) Uimh. 2841/72 a aisghairm.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn II.

Airteagal 9

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 8 Iúil 2015.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

N. SCHMIT


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Bealtaine 2015 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 15 Meitheamh 2015.

(2)  Rialachán (CEE) Uimh. 2841/72 ón gComhairle an 19 Nollaig 1972 maidir leis na bearta cosanta dá bhforáiltear sa Chomhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Cónaidhm na hEilvéise (IO L 300, 31.12.1972, lch. 284).

(3)  Féach Iarscríbhinn I.

(4)  IO L 300, 31.12.1972, lch. 189.

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 ón gComhairle an 11 Meitheamh 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí ar tugadh fóirdheontais ina leith, ar allmhairí iad ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad (IO L 188, 18.7.2009, lch. 93).

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad (IO L 343, 22.12.2009, lch. 51).

(8)  Rialachán (AE) 2015/478 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2015 maidir le comhrialacha le haghaidh allmhairí (IO L 83, 27.3.2015, lch. 16).


IARSCRÍBHINN I

AN RIALACHÁN AISGHAIRTHE AGUS AN LIOSTA DE NA LEASUITHE COMHLEANÚNACHA A RINNEADH AIR

Rialachán (CEE) Uimh. 2841/72 ón gComhairle

(IO L 300, 31.12.1972, lch. 284)

 

Rialachán (CEE) Uimh. 643/90 ón gComhairle

(IO L 74, 20.3.1990, lch. 7)

 

Rialachán (AE) Uimh. 37/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 18, 21.1.2014, lch. 1)

Pointe 1 den Iarscríbhinn agus an pointe sin amháin


IARSCRÍBHINN II

TÁBLA COMHGHAOIL

Rialachán (CEE) Uimh. 2841/72

An Rialachán seo

Airteagail 1 go 4

Airteagail 1 go 4

Airteagal 6

Airteagal 5

Airteagal 7

Airteagal 6

Airteagal 8

Airteagal 7

Airteagal 8

Airteagal 9

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn II


17.7.2015   

GA

Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

6


RIALACHÁN (AE) 2015/1146 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 8 Iúil 2015

maidir le ráta coigeartaithe i leith íocaíochtaí díreacha dá bhforáiltear le Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 a shocrú i ndáil leis an mbliain féilire 2015

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le hAirteagal 25 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) go bhfuil cúlchiste atá ceaptha chun tacaíocht bhreise a chur ar fáil d'earnáil na talmhaíochta i gcás géarchéimeanna tromchúiseacha a dhéanann difear do tháirgeacht talmhaíochta nó do dháileadh talmhaíochta le bunú trí laghdú a chur i bhfeidhm, ag tús gach bliana, ar íocaíochtaí díreacha leis an sásra smachta airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 26 den Rialachán sin.

(2)

Le hAirteagal 26(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, d'fhonn a áirithiú go gcomhlíontar na huasteorainneacha bliantúla a leagtar amach i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle (4) ar mhaoiniú an chaiteachais a bhaineann leis an margadh agus ar mhaoiniú íocaíochtaí díreacha, foráiltear go bhfuil ráta coigeartaithe d'íocaíochtaí díreacha le cinneadh nuair a léirítear sna réamhaisnéisí ar mhaoiniú na mbeart a mhaoinítear faoin bhfo-uasteorainn sin do bhliain áirithe airgeadais go sárófar na huasteorainneacha bliantúla is infheidhme.

(3)

Is é EUR 441,6 milliún i bpraghsanna reatha iomlán an chúlchiste, le haghaidh géarchéimeanna san earnáil talmhaíochta, atá le háireamh i nDréachtbhuiséad 2016 ón gCoimisiún. Chun an méid sin a chumhdach, ní mór don sásra smachta airgeadais feidhm a bheith aige ar íocaíochtaí díreacha faoi na scéimeanna tacaíochta atá liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) i ndail leis an mbliain féilire 2015.

(4)

Léiríonn na réamhaisnéisí roimh ré ar íocaíochtaí díreacha agus ar chaiteachas a bhaineann leis an margadh agus a bheidh le cinneadh i nDréachtbhuiséad 2016 ón gCoimisiún nach bhfuil aon ghá le tuilleadh smachta airgeadais.

(5)

Le hAirteagal 26(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, ceanglaítear ar an gCoimisiún togra maidir leis an ráta coigeartaithe a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle tráth nach déanaí ná an 31 Márta den bhliain féilire a bhfuil feidhm ag an ráta coigeartaithe sin i ndáil léi.

(6)

Mar riail ghinearálta, feirmeoirí a chuireann iarratas ar chabhair isteach le haghaidh íocaíochtaí díreacha i ndáil le bliain féilire amháin (N), íoctar iad laistigh de thréimhse sheasta íocaíochta atá laistigh den bhliain airgeadais (N + 1). Mar sin féin, féadfaidh na Ballstáit íocaíochtaí déanacha a dhéanamh le feirmeoirí tar éis na tréimhse íocaíochta sin, laistigh de theorainneacha ama áirithe. Féadfar íocaíochtaí déanacha den sórt sin a dhéanamh i mbliain airgeadais dá éis sin. Nuair a chuirtear smacht airgeadais i bhfeidhm maidir le bliain féilire ar leith, níor cheart an ráta coigeartaithe a chur i bhfeidhm maidir le híocaíochtaí ar cuireadh iarratais ar chabhair isteach ina leith le linn blianta féilire nach iad an bhliain féilire a bhfuil feidhm ag an smacht airgeadais maidir léi. Dá bhrí sin, d'fhonn a áirthiú go gcuirfear cóir chomhionann ar fheirmeoirí, is iomchuí foráil a dhéanamh nach bhfuil an ráta coigeartaithe le cur i bhfeidhm ach amháin maidir le híocaíochtaí ar cuireadh iarratais ar chabhair isteach ina leith le linn na bliana féilire a bhfuil feidhm ag an smacht airgeadais maidir léi, beag beann ar an tráth a dhéantar an íocaíocht leis na feirmeoirí.

(7)

Le hAirteagal 8(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013, foráiltear nach bhfuil feidhm ag an ráta coigeartaithe a chuirtear i bhfeidhm ar íocaíochtaí díreacha arna gcinneadh i gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ach maidir le híocaíochtaí díreacha atá os cionn EUR 2 000 atá le deonú d'fheirmeoirí sa bhliain chomhfhreagrach féilire. Ina theannta sin, toisc gur de réir a chéile a thabharfar na híocaíochtaí díreacha isteach, foráiltear le hAirteagal 8(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 nach bhfuil feidhm le bheith ag an ráta coigeartaithe maidir leis an mBulgáir ná leis an Rómáin ach amháin ón 1 Eanáir 2016 ar aghaidh agus nach bhfuil feidhm le bheith aige maidir leis an gCróit ach amháin ón 1 Eanáir 2022 ar aghaidh. Níor cheart, dá bhrí sin, feidhm a bheith ag an ráta coigeartaithe atá le cinneadh leis an Rialachán seo maidir le híocaíochtaí le feirmeoirí sna Ballstáit sin.

(8)

Go dtí an 1 Nollaig 2015, féadfaidh an Coimisiún an ráta coigeartaithe arna shocrú leis an Rialachán seo oiriúnú, ar bhonn faisnéis nua atá aige, de bhun Airteagal 26(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Chun an ráta coigeartaithe a shocrú i gcomhréir le hAirteagal 25 agus Airteagal 26 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, agus i gcomhréir le hAirteagal 8(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013, maidir le méideanna na n-íocaíochtaí díreacha faoi na scéimeanna tacaíochta a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 atá le deonú d'fheirmeoirí os cionn EUR 2 000 le haghaidh iarratas ar chabhair arna chur isteach i ndáil leis an mbliain féilire 2015, déanfar iad a laghdú de réir ráta coigeartaithe 1,393041 %.

2.   Ní bheidh feidhm ag an laghdú dá bhforáiltear i mír 1 sa Bhulgáir, sa Chróit agus sa Rómáin.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an seachtú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Strasbourg, an 8 Iúil 2015.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

N. SCHMIT


(1)  Tuairim an 22 Aibreán 2015 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil).

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Meitheamh 2015 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 15 Meitheamh 2015.

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 549).

(4)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014 go 2020 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 884).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear rialacha maidir le híocaíochtaí díreacha le feirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 637/2008 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 608).


Ceartúchán

17.7.2015   

GA

Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

8


Ceartúchán ar Rialachán (AE) Uimh. 1051/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 d'fhonn foráil a dhéanamh maidir le comhrialacha i ndáil le rialú teorann a athbhunú go sealadach ag teorainneacha inmheánacha i gcúinsí eisceachtúla

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 295 Eagrán Speisialta Gaeilge an 6 Samhain 2013 )

Leathanach 1, Aithris (2), an ceathrú habairt:

in ionad:

“Nuair a éilítear beart láithreach toisc baol tromchúiseach a bheith ann do bheartas poiblí nó do shlándáil inmheánach, ba cheart do Bhallstáit a bheith in ann rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar feadh tréimhse nach faide ná deich lá.”,

léitear:

“Nuair a éilítear beart láithreach toisc baol tromchúiseach a bheith ann do bheartas poiblí nó do shlándáil inmheánach, ba cheart do Bhallstát a bheith in ann rialú teorann ag a theorainneacha inmheánacha a athbhunú ar feadh tréimhse nach faide ná deich lá.”.

Leathanach 2, Aithris (5):

in ionad:

“(5)

Níor cheart go measfaí gur bagairt thromchúiseach, per se, ar an mbeartas poiblí ná ar an tslándáil inmheánach é imirce agus teorainneacha seachtracha á trasnú ag líon mór náisiúnach tríú tíortha.”,

léitear:

“(5)

Níor cheart go measfaí gur bagairt thromchúiseach, per se, ar an mbeartas poiblí ná ar an tslándáil inmheánach é imirce agus teorainneacha seachtracha á dtrasnú ag líon mór náisiúnach tríú tíortha.”.

Leathanach 2, Aithris (6):

in ionad:

“(6)

I gcomhréir le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, is gá go ndéanfaí aon mhaolú ó phrionsabal bunúsach shaorghluaiseacht daoine a léirmhíniú go docht agus glactar leis, le coincheap an bheartais phoiblí, gurb ann d'fhíorbhagairt láithreach atá tromchúiseach go leor lena ndéantar difear do leasanna bunúsacha na sochaí.”,

léitear:

“(6)

I gcomhréir le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, is gá go ndéanfaí aon mhaolú ó phrionsabal bunúsach shaorghluaiseacht daoine a léiriú go docht agus glactar leis, le coincheap an bheartais phoiblí, gurb ann d'fhíorbhagairt láithreach atá tromchúiseach go leor lena ndéantar difear do leasanna bunúsacha na sochaí.”.

Leathanach 2, Aithris (8), an chéad dá abairt:

in ionad:

“I gcás ina sainaithneofar go bhfuil easnaimh thromchúiseacha ann maidir le rialú ag teorainneacha seachtracha a chur i gcrích i dtuarascáil mheastóireachta arna tarraingt suas i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 ón gComhairle maidir le sásra meastóireachta agus faireacháin a bhunú chun cur i bhfeidhm acquis Schengen a fhíorú (1) agus d'fhonn a áirithiú go gcomhlíonfar na moltaí a ghlactar i gcomhréir leis an Rialachán sin, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun moladh a thabhairt go ndéanfaidh an Ballstát a ndearnadh an mheastóireacht ina leith bearta sonracha amhail foirne Eorpacha gardaí teorann a imlonnú, pleananna straitéiseacha a thíolacadh nó, mar rogha dheiridh agus tromchúis an cháis á chur san áireamh, pointe sonrach trasnaithe teorann a dhúnadh. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta maidir leis na sásraí maidir le rialú a bheith á dhéanamh ag na Ballstáit ar chumhachtaí cur chun feidhme a bheith á bhfeidhmiú ag an gCoimisiún (2).”,

léitear:

“I gcás ina sainaithneofar go bhfuil easnaimh thromchúiseacha ann maidir le rialú ag teorainneacha seachtracha a chur i gcrích i dtuarascáil mheastóireachta arna tarraingt suas de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2013 maidir le sásra meastóireachta agus faireacháin a bhunú chun cur i bhfeidhm acquis Schengen a fhíorú (1) agus d'fhonn a áirithiú go gcomhlíonfar na moltaí a ghlactar de bhun an Rialachán sin, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun moladh a thabhairt go ndéanfaidh an Ballstát a ndearnadh an mheastóireacht ina leith bearta sonracha amhail foirne Eorpacha gardaí teorann a imlonnú, pleananna straitéiseacha a thíolacadh nó, mar rogha dheiridh agus tromchúis an cháis á cur san áireamh, pointe sonrach trasnaithe teorann a dhúnadh. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (2).”.

Leathanach 2, Aithris (9), an chéad abairt:

in ionad:

“I gcúinsí eisceachtúla d'fhéadfadh údar cuí bheith leis an athbhunú sealadach de rialú ag teorainneacha inmheánacha áirithe faoi nós imeachta sonrach ar leibhéal an Aontais agus mar bheart a dhéanfaí mura mbeadh an dara rogha ann i gcás ina ndéantar feidhmiú foriomlán an limistéir gan rialú ag teorainneacha inmheánacha a chur i mbaol mar thoradh ar easnaimh leanúnacha thromchúiseacha maidir le rialú ag an teorainneacha seachtracha arna sainaithint i gcomhthéacs phróiseas dian meastóireachta i gcomhréir le hAirteagal 14 agus le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013, sa mhéid gur bhagairt thromchúiseach a bheadh sna cúinsí sin ar an mbeartas poiblí nó ar an tslándáil inmheánach laistigh den limistéar sin nó laistigh de chodanna de.”,

léitear:

“I gcúinsí eisceachtúla d'fhéadfadh údar cuí freisin bheith le hathbhunú sealadach rialaithe teorann ag teorainneacha inmheánacha áirithe faoi nós imeachta sonrach ar leibhéal an Aontais agus mar bheart a dhéanfaí mar rogha dheiridh i gcás ina ndéantar feidhmiú foriomlán an limistéir gan rialú ag teorainneacha inmheánacha a chur i mbaol mar thoradh ar easnaimh leanúnacha thromchúiseacha maidir le rialú ag an teorainneacha seachtracha arna sainaithint i gcomhthéacs dianphróiseas meastóireachta i gcomhréir le hAirteagal 14 agus le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013, i gcás ina mbeadh na cúinsí sin ina mbagairt thromchúiseach ar an mbeartas poiblí nó ar an tslándáil inmheánach laistigh den limistéar sin nó laistigh de chodanna de.”.

Leathanach 3, Aithris (12), an tríú habairt:

in ionad:

“Tá na heilimintí seo a leanas sa sásra meastóireachta sin: cláir mheastóireachta ilbhliantúla agus bhliantúla, cuairteanna a fhógrófar agus nach bhfógrófar ar an láthair a dhéanfaidh foireann bheag d'ionadaithe ón gCoimisiún agus de shaineolaithe a ainmneoidh na Ballstáit, tuarascálacha ar thoradh na meastóireachta a ghlacfaidh an Coimisiún agus moltaí do bhearta leasúcháin a ghlacfaidh an Chomhairle ar thogra ón gCoimisiún, bearta leantacha iomchuí, faireachán agus tuairisciú.”,

léitear:

“Tá na heilimintí seo a leanas sa sásra meastóireachta: cláir mheastóireachta ilbhliantúla agus bhliantúla, cuairteanna ar an láthair a d'fhógrófaí agus nach bhfógrófaí, ar cuairteanna iad a dhéanfaidh foireann bheag d'ionadaithe ón gCoimisiún agus de shaineolaithe a ainmneoidh na Ballstáit, tuarascálacha ar thoradh na meastóireachtaí a ghlacfaidh an Coimisiún agus moltaí do bhearta leasúcháin a ghlacfaidh an Chomhairle ar thogra ón gCoimisiún, bearta leantacha iomchuí, faireachán agus tuairisciú.”;

Leathanach 3, Aithris (14), an chéad abairt:

in ionad:

“I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge atá i gceangal le CAE agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus, dá bhrí sin, níl an Rialachán seo ina cheangal ar an Danmhairg ná níl sí faoi réir a chur i bhfeidhm.”,

léitear:

“I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus, dá bhrí sin, níl an Rialachán seo ina cheangal ar an Danmhairg ná níl sí faoi réir a chur i bhfeidhm.”.

Leathanach 4, Airteagal 1(1):

in ionad:

“(1)

I dTeideal II, cuirtear isteach an Chaibidil seo a leanas:

“CAIBIDIL IVa

Bearta sonracha maidir le heasnaimh thromchúiseacha a bhaineann le rialú ag teorainn sheachtrach

Airteagal 19a

Bearta ag na teorainneacha seachtracha agus tacaíocht ón nGníomhaireacht

1.   (…)”,

léitear:

“(1)

I dTeideal II, cuirtear isteach an Chaibidil seo a leanas:

“CAIBIDIL IVa

Bearta sonracha maidir le heasnaimh thromchúiseacha a bhaineann le rialú ag teorainn sheachtrach

Airteagal 19b

Bearta ag na teorainneacha seachtracha agus tacaíocht ón nGníomhaireacht

1.   (…)”.

Leathanach 4, Airteagal 1, pointe (1), téacs Airteagal 19b(1), an deichiú líne:

in ionad:

“…go ndéanfaidh Ballstát a ndearnadh meastóireacht air, bearta sonracha áirithe a ghlacadh, a lena n-áirítear ceann amháin nó an dá cheann de na bearta seo a leanas:”,

léitear:

“…go ndéanfaidh Ballstát a ndearnadh meastóireacht air, bearta sonracha áirithe a ghlacadh, lena n-áirítear ceann amháin nó an dá cheann de na bearta seo a leanas:”.

Leathanach 4, Airteagal 1, pointe (1), téacs Airteagal 19b(1), pointe (b):

in ionad:

“(b)

a pleananna straitéiseacha bunaithe ar mheasúnú riosca, lena n-áirítear faisnéis maidir le himlonnú pearsanra agus feistis, a chur faoi bhráid na Gníomhaireachta ar mhaithe le tuairim a fháil.”,

léitear:

“(b)

a phleananna straitéiseacha bunaithe ar mheasúnú riosca, lena n-áirítear faisnéis maidir le himlonnú pearsanra agus feistis, a chur faoi bhráid na Gníomhaireachta ar mhaithe lena tuairim a fháil.”.

Leathanach 4, Airteagal 1, pointe (2), téacs Airteagal 23(1), an chéad abairt:

in ionad:

“1.   I gcás ina bhfuil baol tromchúiseach ann do bheartas poiblí nó do shlándáil inmheánach sa limistéar gan rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha i mBallstát, féadfaidh an Ballstát sin rialú teorann a athbhunú ar bhonn eisceachtúil ag na codanna uile nó ag codanna sonracha dá theorainneacha inmheánacha ar feadh tréimhse teoranta 30 lá ar a mhéid nó ar feadh ré intuartha an bhaoil thromchúisigh má mhaireann sé níos faide ná 30 lá.”,

léitear:

“I gcás ina bhfuil baol tromchúiseach ann do bheartas poiblí nó do shlándáil inmheánach sa limistéar gan rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha i mBallstát, féadfaidh an Ballstát sin rialú teorann a athbhunú ar bhonn eisceachtúil ag a theorainneacha inmheánacha uile nó ag codanna sonracha dá theorainneacha inmheánacha ar feadh tréimhse teoranta 30 lá ar a mhéid nó ar feadh ré intuartha an bhaoil thromchúisigh má mhaireann sé níos faide ná 30 lá.”.

Leathanach 5, Airteagal 1, pointe (2), téacs Airteagal 23a, an chéad abairt:

in ionad:

“I gcás ina gcinneann Ballstát mar rogha dheiridh, an rialú teorann a athbhunú go sealadach ag teorainn inmheánach amháin nó níos mó nó ag codanna de na teorainneacha sin, nó má chinneann sé athbhunú den sórt sin a shíneadh, i gcomhréir le hAirteagal 23 nó le hAirteagal 25(1), déanfaidh sé measúnú ar a mhéad is dóigh a réiteoidh an beart sin an baol do bheartas poiblí nó do shlándáil inmheánach ar bhealach leordhóthanach, agus déanfaidh sé measúnú ar chomhréireacht an bhirt i ndáil leis an mbaol sin.”,

léitear:

“I gcás ina gcinneann Ballstát, mar rogha dheiridh, rialú teorann a athbhunú go sealadach ag teorainn inmheánach amháin nó níos mó dá chuid nó ag codanna dá theorainneacha inmheánacha, nó má chinneann sé athbhunú den sórt sin a shíneadh, i gcomhréir le hAirteagal 23 nó le hAirteagal 25(1), déanfaidh sé measúnú ar a mhéad is dóigh a réiteoidh an beart sin an baol do bheartas poiblí nó do shlándáil inmheánach ar bhealach leordhóthanach, agus déanfaidh sé measúnú ar chomhréireacht an bhirt i ndáil leis an mbaol sin.”.

Leathanach 5, Airteagal 1, pointe (2), teacs Airteagal 24(1), an dara fomhír:

in ionad:

“Féadfaidh dhá Bhallstát nó níos mó fógra faoin chéad fhomhír a chur isteach le chéile freisin.”,

léitear:

“Féadfaidh dhá Bhallstát nó níos mó fógra faoin gcéad fhomhír a chur isteach le chéile freisin.”.

Leathanach 6, Airteagal 1, pointe (2), téacs Airteagal 26(2), an chéad mhír, an chéad abairt:

in ionad:

“2.   Féadfaidh an Chomhairle mar rogha dheiridh agus mar bheart chun na leasanna coiteanna a chosaint sa limistéar gan rialú ag teorainneacha inmheánacha, i gcás ina bhfuil na bearta eile go léir, go háirithe na cinn dá dtagraítear in Airteagal 19a(1), gan éifeacht maidir leis an mbaol tromchúiseach a aithníodh a mhaolú, moladh do Bhallstát amháin nó níos mó díobh cinneadh a dhéanamh rialú teorann a athbhunú ag a theorainneacha inmheánacha go léir nó ag cuid dá dteorainneacha inmheánacha.”,

léitear:

“2.   Féadfaidh an Chomhairle, mar rogha dheiridh agus mar bheart chun na leasanna coiteanna a chosaint sa limistéar gan rialú ag teorainneacha inmheánacha, i gcás ina bhfuil na bearta eile go léir, go háirithe na cinn dá dtagraítear in Airteagal 19a(1), gan éifeacht maidir leis an mbaol tromchúiseach a aithníodh a mhaolú, moladh a dhéanamh go ndéanfadh Ballstát amháin nó níos mó díobh cinneadh rialú teorann a athbhunú ag a dteorainneacha inmheánacha uile nó ag codanna sonracha dá dteorainneacha inmheánacha.”.

Leathanach 7, Airteagal 1, pointe (2), téacs Airteagal 26(2), an tríú fomhír:

in ionad:

“Féadfaidh an Chomhairle síneadh a mholadh i gcomhréir leis na coinníollacha agus na nósanna imeachta céanna atá leagtha amach san Airteagal seo.”,

léitear:

“Féadfaidh an Chomhairle síneadh a mholadh i gcomhréir leis na coinníollacha agus na nósanna imeachta atá leagtha amach san Airteagal seo.”.

Leathanach 6, Airteagal 1, pointe (2), téacs Airteagal 26(2), an ceathrú mír:

in ionad:

“Sula ndéanfaidh Ballstát rialú teorann a athbhunú ag a theorainneacha inmheánacha uile nó ag cuid dá theorainneacha inmheánacha faoin mír sin, tabharfaidh sé fógra do na Ballstáit eile, do Pharlaimint na hEorpa agus don Choimisiún dá réir.”,

léitear:

“Sula ndéanfaidh Ballstát rialú teorann a athbhunú ag a theorainneacha inmheánacha uile nó ag codanna sonracha dá theorainneacha inmheánacha faoin mhír seo, tabharfaidh sé fógra do na Ballstáit eile, do Pharlaimint na hEorpa agus don Choimisiún dá réir.”.

Leathanach 7, Airteagal 1, pointe (2), téacs Airteagal 26a(1), an chéad abairt:

in ionad:

“1.   I gcás ina molann an Chomhairle, mar rogha dheiridh, i gcomhréir le hAirteagal 26(2) athbhunú sealadach an rialaithe teorann ag teorainn inmheánach amháin nó níos mó nó ar chodanna de na teorainneacha sin, …”,

léitear:

“1.   I gcás ina molann an Chomhairle, mar rogha dheiridh, i gcomhréir le hAirteagal 26(2) athbhunú sealadach an rialaithe teorann ag teorainn inmheánach amháin nó níos mó nó ag codanna de na teorainneacha sin, …”.

Leathanach 7, Airteagal 1, pointe (2), téacs Airteagal 26a(1)(a):

in ionad:

“(a)

an fháil atá ar bhearta tacaíochta teicniúla nó airgeadais a bhféadfaí dul ina muinín, nó a ndeachthas ina muinín, ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal an Aontais, nó ar an dá cheann, lena n-áirítear cúnamh ó chomhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais amhail Frontex, an Oifig Eorpach Tacaíochta do Chúrsaí Tearmainn…”,

léitear:

“(a)

an fháil atá ar bhearta tacaíochta teicniúla nó airgeadais a bhféadfaí dul ina muinín, nó a ndeachthas ina muinín, ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal an Aontais, nó ar an dá cheann, lena n-áirítear cúnamh ó chomhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, amhail an Ghníomhaireacht, an Oifig Eorpach Tacaíochta do Chúrsaí Tearmainn…”.

Leathanach 7, Airteagal 1, pointe (2), téacs Airteagal 26a(1)(b):

in ionad:

“(b)

an tionchar atá ann faoi láthair agus an tionchar is dóigh a bheidh ag aon easnaimh thromchúiseacha a bhaineann le rialú ag teorainneacha seachtracha arna sonrú …”,

léitear:

“(b)

an tionchar atá ann faoi láthair agus an tionchar is dóigh a bheidh ag aon easnaimh thromchúiseacha a bhaineann le rialú ag teorainneacha seachtracha arna sainaithint …”.

Leathanach 7, Airteagal 1, pointe (2), téacs Airteagal 26a(2)(b):

in ionad:

“(b)

cuairteanna ar an láthair a dhéanamh, le tacaíocht ó shaineolaithe ó na Ballstáit agus ón nGníomhaireacht, ó Europol nó ó aon chomhlacht ábhartha eile de chuid an Aontais….”,

léitear:

“(b)

cuairteanna ar an láthair a dhéanamh, le tacaíocht ó shaineolaithe ó na Ballstáit agus ón nGníomhaireacht, ó Europol nó ó aon chomhlacht, oifig nó gníomhaireacht ábhartha eile de chuid an Aontais….”.

Leathanach 6, Airteagal 1, pointe (2), téacs Airteagal 27:

in ionad:

“Cuirfidh an Coimisiún agus an Ballstát/na Ballstáit lena mbaineann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas a luaithe agus is féidir faoi aon chúiseanna a d'fhéadfadh a bheith le feidhmiú Airteagal 19a agus Airteagal 23 go hAirteagal 26a”,

léitear:

“Cuirfidh an Coimisiún agus an Ballstát/na Ballstáit lena mbaineann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas a luaithe agus is féidir faoi aon chúiseanna a d'fhéadfadh cur i bhfeidhm Airteagal 19a agus Airteagal 23 go hAirteagal 26a a chur ar bun”.

Leathanach 8, Airteagal 1, pointe (5), téacs Airteagal 37a(2), an dara fomhír:

in ionad:

“Féadfaidh cuairteanna ar an láthair a fhógrófar agus nach bhfógrófar ag teorainneacha seachtracha nó ag teorainneacha inmheánacha bheith i gceist le meastóireachtaí”,

léitear:

“Féadfaidh cuairteanna ar an láthair a d'fhógrófaí agus nach bhfógrófaí ag teorainneacha seachtracha nó ag teorainneacha inmheánacha bheith i gceist le meastóireachtaí”.


17.7.2015   

GA

Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

13


Ceartúchán ar Rialachán (AE) Uimh. 70/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Eanáir 2012 maidir le tuairisceáin staidrimh i ndáil le hiompar earraí de bhóthar

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 32 Eagrán Speisialta Gaeilge an 3 Feabhra 2012 )

Leathanach 15, Iarscríbhinn VII, Tábla de Chóid na dTíortha, An Ghréig, colún “Cód”

In ionad:

“GR”

Léitear:

“EL”


17.7.2015   

GA

Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

14


Ceartúchán ar Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 343 Eagrán Speisialta Gaeilge an 14 Nollaig 2012 )

Leathanach 5, aithris 52:

in ionad:

“(52)

Ba cheart na rialacha atá ann maidir le húsáid leanúnach ainmneacha atá cineálach a shoiléiriú sa chaoi is go ndéanfadh téarmaí cineálacha atá comhchosúil le hainm nó le téarma atá faoi chosaint nó forchoimeádta nó atá ina chuid d'ainm nó de théarma den sórt sin a stádas cineálach a choimeád.”,

léitear:

“(52)

Ba cheart na rialacha atá ann maidir le húsáid leanúnach ainmneacha atá cineálach a shoiléiriú sa chaoi is go ndéanfadh téarmaí cineálacha atá comhchosúil le hainm nó le téarma atá faoi chosaint nó forchoimeádta nó atá ina chuid d'ainm nó de théarma den sórt sin an carachtar cineálach sin a choimeád.”.

Leathanach 6, aithris 57, an chéad abairt:

in ionad:

“(57)

Ba cheart ról na ngrúpaí a shoiléiriú agus a shainaithint.”,

léitear:

“(57)

Ba cheart ról na ngrúpaí a shoiléiriú agus a aithint.”.

Leathanach 7, aithris 65:

in ionad:

“(65)

Maidir le cláir na n-ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint, na dtásc geografach faoi chosaint agus na sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht, a bheidh sainaitheanta faoin scéim seo, a bhunú agus a choimeád ar bun; leis na meáin a shainiú trína bpoibleofar ainm agus seoladh na gcomhlachtaí deimhnithe; agus le hainm a chlárú, mura bhfuil aon fhógra freasúra nó aon ráiteas freasúra réasúnaithe atá inghlactha ann nó i gcás ina bhfuil ceann ann, gur thángthas ar chomhaontú, ba cheart go gcumhachtófaí don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh gan Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a chur i bhfeidhm,”,

léitear:

“(65)

Maidir le cláir na n-ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint, na dtásc geografach faoi chosaint agus na sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht, a aithnítear faoin scéim seo, a bhunú agus a choimeád ar bun; leis na meáin a shainiú trína bhfuiltear chun ainm agus seoladh na gcomhlachtaí deimhnithe táirgí a phoibliú; agus le hainm a chlárú, mura bhfuil aon fhógra freasúra nó aon ráiteas freasúra réasúnaithe atá inghlactha ann nó i gcás ina bhfuil ceann ann, gur thángthas ar an gcomhaontú, ba cheart go gcumhachtófaí don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh gan Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a chur i bhfeidhm,”.

Leathanach 9, Airteagal 5(3):

in ionad:

“(d)

gur sainaithníodh na hainmniúcháin tionscnaimh i dtrácht mar ainmniúcháin tionscnaimh sa tír thionscnaimh roimh an 1 Bealtaine 2004.”,

léitear:

“(d)

gur aithníodh na hainmniúcháin tionscnaimh i dtrácht mar ainmniúcháin tionscnaimh sa tír thionscnaimh roimh an 1 Bealtaine 2004.”.

Leathanach 10, Airteagal 11(1):

in ionad:

“(…) chun clár ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint agus tásca geografacha faoi chosaint atá sainaitheanta faoin scéim seo a bhunú agus a choimeád ar bun, ar clár é a bheidh ar fáil go poiblí agus a nuashonrófar.”,

léitear:

“(…) chun clár ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint agus tásca geografacha faoi chosaint arna aithint faoin scéim seo a bhunú agus a choimeád ar bun, ar clár é a bheidh ar fáil go poiblí agus a nuashonrófar.”.

Leathanach 14, Airteagal 22(1):

in ionad:

“(…) lena mbunófar clár nuashonraithe na sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht, a bheidh sainaitheanta faoin scéim seo, ar clár é a nuashonrófar agus a chuirfear ar fáil don phobal.”,

léitear:

“(…) lena mbunófar clár nuashonraithe na sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht, a aithnítear faoin scéim seo, ar clár é a nuashonrófar agus a chuirfear ar fáil don phobal.”.

Leathanach 16, Airteagal 37(1), an chéad fhomhír:

in ionad:

“1.   Maidir le hainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint, tásca geografacha faoi chosaint agus sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht lena n-ainmnítear táirgí de thionscnamh an Aontais, déanfar fíorú ar chomhlíonadh na sonraíochta táirge, sula gcuirtear an táirge ar an margadh, mar a leanas:”,

léitear:

“1.   Maidir le hainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint, tásca geografacha faoi chosaint agus sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht lena n-ainmnítear táirgí de thionscnamh an Aontais, is iad seo a leanas a dhéanfaidh fíorú ar chomhlíonadh na sonraíochta táirge, sula gcuirtear an táirge ar an margadh:”.

Leathanach 16, Airteagal 37(1), an chéad fhomhír, pointe (a):

in ionad:

“(a)

trí údarás inniúil amháin nó níos mó dá dtagraítear in Airteagal 36 den Rialachán seo; agus/nó”,

léitear:

“(a)

údarás inniúil amháin nó níos mó dá dtagraítear in Airteagal 36 den Rialachán seo; agus/nó”.

Leathanach 16, Airteagal 37(1), an chéad fhomhír, pointe (b):

in ionad:

“(b)

trí chomhlacht rialaithe amháin nó níos mó de réir bhrí phointe (5) d'Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 882/2004, ar comhlacht é a bheidh ag feidhmiú mar chomhlacht deimhnithe táirgí.”,

léitear:

“(b)

comhlacht rialaithe amháin nó níos mó de réir bhrí phointe (5) d'Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 882/2004, ar comhlacht é a bheidh ag feidhmiú mar chomhlacht deimhnithe táirgí.”.

Leathanach 17, Airteagal 37(2):

in ionad:

“2.   Maidir le hainmniúcháin tionscnaimh, le tásca geografacha agus le sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht lena n-ainmnítear táirgí a bhaineann le táirge de thionscnamh tríú tír, déanfar fíorú chomhlíonadh na sonraíochtaí sula gcuirfear an táirge ar an margadh, a dhéanamh mar a leanas:”,

léitear:

“2.   Maidir le hainmniúcháin tionscnaimh, le tásca geografacha agus le sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht lena n-ainmnítear táirgí a bhaineann le táirge de thionscnamh tríú tír, is iad seo a leanas a dhéanfaidh fíorú ar chomhlíonadh na sonraíochtaí sula gcuirfear an táirge ar an margadh:”.

Leathanach 17, Airteagal 37(2), pointe (a):

in ionad:

“(a)

trí údarás poiblí amháin nó níos mó de na húdaráis phoiblí arna ainmniú nó arna n-ainmniú ag an tríú tír; agus/nó”,

léitear:

“(a)

údarás poiblí amháin nó níos mó de na húdaráis phoiblí arna ainmniú nó arna n-inmniú ag an tríú tír; agus/nó”.

Leathanach 17, Airteagal 37(2), pointe (b):

in ionad:

“(b)

trí chomhlacht deimhnithe táirgí amháin nó níos mó de na comhlachtaí deimhnithe táirgí.”,

léitear:

“(b)

comhlacht deimhnithe táirgí amháin nó níos mó de na comhlachtaí deimhnithe táirgí.”.


17.7.2015   

GA

Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

16


Ceartúchán ar Rialachán (AE) Uimh. 512/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 912/2010 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach GNSS

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 150 Eagrán Speisialta Gaeilge an 20 Bealtaine 2014 )

Leathanach 76, aithris 32:

in ionad:

“(32)

Le Cinneadh 2010/803/AE (1), chinn Ionadaithe Rialtais na mBallstát gur i bPrág a bheadh suíomh na Gníomhaireachta lonnaithe. Cuireadh an Comhaontú maidir le hÓstú idir Poblacht na Seice agus an Ghníomhaireacht i gcrích an 16 Nollaig 2011 agus tháinig sé i bhfeidhm an 9 Lúnasa 2012. Meastar go gcomhlíonann an Comhaontú Aíochta agus socruithe sonracha eile ceanglais Rialachán (AE) Uimh. 912/2010.”,

léitear:

“(32)

Le Cinneadh 2010/803/AE (1), chinn Ionadaithe Rialtais na mBallstát gur i bPrág a bheadh suíomh na Gníomhaireachta lonnaithe. Cuireadh an Comhaontú maidir le hÓstú idir Poblacht na Seice agus an Ghníomhaireacht i gcrích an 16 Nollaig 2011 agus tháinig sé i bhfeidhm an 9 Lúnasa 2012. Meastar go gcomhlíonann an Comhaontú maidir le hÓstú agus socruithe sonracha eile ceanglais Rialachán (AE) Uimh. 912/2010.”.

Leathanach 79, pointe (e) d'Airteagal 6(2):

in ionad:

“(e)

socruithe a ghlacadh chun Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (**), i gcomhréir le hAirteagal 21 den Rialachán seo;”,

léitear:

“(e)

socruithe a ghlacadh chun Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur i bhfeidhm, i gcomhréir le hAirteagal 21 den Rialachán seo;”.

Leathanach 90, Airteagal 15a(4):

in ionad:

“4.   Féadfaidh an Bord Riaracháin an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a bhriseadh as a phost, ar bhonn togra ón gCoimisiún nó ó aon trian dá chomhaltaí, trí bhíthin cinnidh a ghlacfaidh dhá thrian dá chomhaltaí.”,

léitear:

“4.   Féadfaidh an Bord Riaracháin an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a bhriseadh as a phost, ar bhonn togra ón gCoimisiún nó ó aon trian dá chomhaltaí, trí bhíthin cinnidh a ghlacfaidh tromlach dhá thrian dá chomhaltaí.”.