ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

Eagrán Speisialta ( *1 )

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

Imleabhar 58
25 Meitheamh 2015


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) 2015/936 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2015 maidir le rialacha comhchoiteanna i dtaca le hallmhairiú táirgí teicstíle ó thríú tíortha áirithe nach dtagann faoi chomhaontuithe déthaobhacha, prótacail ná comhshocraíochtaí eile, ná faoi rialacha sonracha eile an Aontais i dtaca le hallmhairiú

1

 

*

Rialachán (AE) 2015/937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2015 lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3030/93 ón gComhairle maidir le comhrialacha le haghaidh allmhairí táirgí áirithe teicstíle ó thríú tíortha

55

 

*

Rialachán (AE) 2015/938 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2015 maidir leis na bearta cosanta dá bhforáiltear sa Chomhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Ríocht na hIorua

57

 

*

Rialachán (AE) 2015/939 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2015 maidir le nósanna imeachta áirithe chun an Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na hAlbáine, den pháirt eile, a fheidhmiú

62

 

*

Rialachán (AE) 2015/940 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2015 maidir le nósanna imeachta áirithe chun an Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, den pháirt eile, a fheidhmiú agus chun an Comhaontú Eatramhach ar thrádáil agus ar ábhair a bhaineann le trádáil idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt amháin, agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, den pháirt eile, a fheidhmiú

69

 

*

Rialachán (AE) 2015/941 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2015 maidir le nósanna imeachta áirithe chun an Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine, den pháirt eile, a fheidhmiú

76

 


 

(*1)   Faoin tagairt L 160 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

GA

Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo.

Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu.


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

25.6.2015   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) 2015/936 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 9 Meitheamh 2015

maidir le rialacha comhchoiteanna i dtaca le hallmhairiú táirgí teicstíle ó thríú tíortha áirithe nach dtagann faoi chomhaontuithe déthaobhacha, prótacail ná comhshocraíochtaí eile, ná faoi rialacha sonracha eile an Aontais i dtaca le hallmhairiú

(athmhúnlú)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 517/94 (3) a leasú go substaintiúil roinnt uaireanta (4). Ós rud é go bhfuil tuilleadh leasuithe le déanamh air, ba cheart an Rialachán sin a athmhúnlú ar mhaithe le soiléire.

(2)

Ba cheart don chomhbheartas tráchtála bheith bunaithe ar phrionsabail aonfhoirmeacha.

(3)

Ba cheart aonfhoirmeacht a áirithiú sna rialacha maidir le hallmhairiú trí fhorálacha a leagan síos, a mhéad is féidir i bhfianaise gnéithe sainiúla an chórais eacnamaíoch sna tríú tíortha atá i gceist, atá comhchosúil leis na forálacha sin a chuirtear i bhfeidhm faoi na rialacha comhchoiteanna maidir le tríú tíortha eile.

(4)

I gcás líon teoranta táirgí de thionscnamh tríú tíortha áirithe, i ngeall ar íogaireacht earnáil theicstíle an Aontais, ba cheart bearta faireachais is infheidhme ar leibhéal an Aontais a leagan síos sa Rialachán seo.

(5)

Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le rialacha speisialta le haghaidh táirgí arna n-ath-allmhairiú faoi na socruithe le haghaidh próiseáil amach eacnamaíoch.

(6)

Baineadh amach an t-ábhar a bhí in Iarscríbhinn III B a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 517/94 arna leasú ag Rialachán (CE) Uimh. 1398/2007 ón gCoimisiún (5). Dá bhrí sin, is iomchuí an Iarscríbhinn sin a scriosadh ina hiomláine. Ar mhaithe le soiléire, ba cheart an tagairt don Iarscríbhinn sin in Airteagal 4(2) a scriosadh freisin.

(7)

Féadfaidh sé gur gá allmhairiú táirgí teicstíle áirithe ó thríú tíortha áirithe a bheith faoi réir fhaireachas an Aontais, teorainneacha cainníochtúla nó bearta iomchuí eile.

(8)

I gcás ina gcuirfear faireachas an Aontais i bhfeidhm, is faoi réir tíolactha doiciméid faireachais a chomhlíonann critéir aonfhoirmeacha, gur cheart na táirgí i gceist a scaoileadh chun saorchúrsaíochta. Ba cheart d'údaráis na mBallstát an doiciméad sin a eisiú laistigh de thréimhse áirithe, ar iarratas simplí an allmhaireora, ach níor cheart an t-allmhaireoir aon cheart allmhairiúcháin a fháil tríd sin. Dá bhrí sin, níor cheart an doiciméad a bheith bailí ach amháin ar feadh cibé tréimhse a fhanfaidh na rialacha allmhairiúcháin gan athrú.

(9)

Is chun leasa an Aontais é gur cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún an fhaisnéis a eascraíonn as faireachas an Aontais a mhalartú chomh hiomlán agus is féidir.

(10)

Is gá critéir bheachta a ghlacadh maidir le measúnú a dhéanamh ar dhíobháil fhéideartha agus maidir le nós imeachta imscrúduithe a thionscnamh, ach a ligean don Choimisiún fós bearta iomchuí a thabhairt isteach i gcásanna práinneacha.

(11)

Chuige sin, ba cheart forálacha mionsonraithe a leagan síos maidir le himscrúduithe a thionscnamh, maidir leis na seiceálacha agus na cigireachtaí is gá, maidir le héisteacht a thabhairt do na daoine lena mbaineann, maidir leis an gcaoi a úsáidtear an fhaisnéis a fhaightear agus maidir leis na critéir chun díobháil a mheasúnú.

(12)

Is gá foráil a dhéanamh maidir le córas iomchuí chun srianta cainníochtúla an Aontais a riar.

(13)

Ba cheart a áirithiú leis an nós imeachta riaracháin go mbeidh rochtain chothrom ag gach iarrthóir ar chuótaí.

(14)

Ar mhaithe le haonfhoirmeacht i rialacha maidir le hallmhairí, ba cheart go mbeadh na foirmiúlachtaí atá le déanamh ag allmhaireoirí simplí agus comhionann beag beann ar an áit ina dtéann na hearraí faoi imréiteach custaim. Is inmhianaithe, dá bhrí sin, foráil a dhéanamh gur cheart aon fhoirmiúlachtaí a chur i gcrích trí úsáid a bhaint as foirmiúlachtaí a fhreagraíonn don eiseamal a leagtar amach in Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Rialachán seo.

(15)

Féadfaidh bearta faireachais nó cosanta, a bheadh teoranta do réigiún amháin nó níos mó seachas don Aontas ina iomláine, a bheith riachtanach mar sin féin áfach. Níor cheart bearta den sórt sin a údarú ach go heisceachtúil, áfach, agus i gcás nach ann d'aon rogha mhalartach. Is gá a áirithiú go bhfuil bearta den sórt sin sealadach agus go ndéanann siad a laghad suaite is féidir ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

(16)

Tá forálacha an Rialacháin seo gan dochar do reachtaíocht an Aontais nó do reachtaíocht náisiúnta maidir le rúndacht ghairmiúil.

(17)

Na bearta a bhfuil gá leo chun leasa an Aontais, ba cheart iad a chur chun feidhme agus aird chuí á tabhairt ar na hoibleagáidí idirnáisiúnta atá ann cheana.

(18)

Chun nósanna imeachta a shimpliú d'allmhaireoirí, is gá foráil a dhéanamh go bhféadfaí síneadh a chur le bailíocht na n-údaruithe allmhairiúcháin nár úsáideadh in aon chor nó nár úsáideadh ach cuid díobh, in ionad iad a chur ar ais chuig na húdaráis inniúla sna Ballstáit eisiúna.

(19)

D'fhonn feidhmiú iomchuí an chórais do bhainistiú ar allmhairiú táirgí áirithe teicstíle, nach dtagann faoi chomhaontuithe déthaobhacha, prótacail ná comhshocraíochtaí eile, ná faoi rialacha sonracha eile an Aontais maidir le hallmhairiú, a áirithiú, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil leis na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú, na rialacha maidir le hallmhairiú a athrú agus bearta ráthaíochta agus bearta faireachais a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis an Rialachán seo. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(20)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6).

(21)

Ba cheart go n-úsáidfí an nós imeachta comhairliúcháin maidir le bearta faireachais a ghlacadh i bhfianaise éifeachtaí na mbeart sin agus a loighce seicheamhaí maidir le glacadh na mbeart cosanta cinntitheach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

PRIONSABAIL GHINEARÁLTA

Airteagal 1

1.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le hallmhairiú táirgí teicstíle a thagann faoi Roinn XI de Chuid a Dó den Ainmníocht Chomhcheangailte atá leagtha amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (7) agus allmhairiú earraí teicstíle eile, amhail a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, de thionscnamh tríú tíortha nach dtagann faoi chomhaontuithe déthaobhacha, prótacail ná comhshocraíochtaí eile, ná faoi rialacha sonracha eile an Aontais maidir le hallmhairiú.

2.   Chun críocha mhír 1, déanfar táirgí a thagann faoi Roinn XI de Chuid a Dó den Ainmníocht Chomhcheangailte a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 a aicmiú i gcatagóirí amhail a leagtar amach i Roinn A d'Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, seachas táirgí a thagann faoi chóid Ainmníochta Comhcheangailte (cóid AC) a liostaítear i Roinn B d'Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

3.   Chun críocha an Rialacháin seo, beidh an téarma “táirgí tionscnaimh” agus na modhanna lena ndéanfar tionscnamh na dtáirgí sin a rialú ag teacht leis na sainmhínithe i rialacha ábhartha an Aontais atá i bhfeidhm.

Airteagal 2

Beidh allmhairiú táirgí dá dtagraítear in Airteagal 1 agus de thionscnamh tríú tíortha go dtí an tAontas, nach táirgí iad a liostaítear in Iarscríbhinn II, saor in aisce agus dá bhrí sin ní bheidh siad faoi aon shrianadh cainníochtúil, gan dochar do na bearta is féidir a dhéanamh faoi Chaibidil III agus do na bearta is féidir a dhéanamh faoi na rialacha coiteanna sonracha allmhairiúcháin fad atá na rialacha sin ann.

Airteagal 3

1.   Beidh allmhairiú táirgí teicstíle go dtí an tAontas, ar táirgí iad a liostaítear in Iarscríbhinn III agus de thionscnamh na dtíortha atá curtha in iúl san Iarscríbhinn sin, faoi réir na dteorainneacha cainníochtúla bliantúla atá bunaithe san Iarscríbhinn sin.

2.   Beidh scaoileadh chun saorchúrsaíochta san Aontas na n-allmhairí atá faoi réir na dteorainneacha cainníochtúla dá dtagraítear i mír 1 faoi réir údarú allmhairiúcháin nó doiciméid choibhéisigh, arna eisiúint ag údaráis na mBallstát i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha amach sa Rialachán seo, a thíolacadh. Cuirfear allmhairí arna n-údarú i gcomhréir leis an mír seo in aghaidh na dteorainneacha cainníochtúla arna socrú don bhliain féilire ar socraíodh teorainneacha cainníochtúla lena haghaidh.

3.   Aon táirge teicstíle dá dtagraítear in Iarscríbhinn IV agus de thionscnamh na dtríú tíortha a chuirtear in iúl ansin, féadfar é a allmhairiú go dtí an tAontas ar choinníoll go mbunaíonn an Coimisiún teorainn chainníochtúil bhliantúil. Beidh aon teorainn chainníochtúil den sórt sin bunaithe ar shreabhadh trádála a bhí ann cheana, nó i gcás nach ann dó sin, ar mheastacháin, a bhfuil bonn cirt cuí-réasúnaithe leo, ar an sreabhadh trádála sin. Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 31 chun na hIarscríbhinní ábhartha a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú i dtaobh teorainneacha cainníochtúla bliantúla den sórt sin a bhunú.

4.   Beidh allmhairiú táirgí dá dtagraítear in Airteagal 1 agus de thionscnamh tríú tíortha go dtí an tAontas, nach táirgí iad a thagann faoi mhír 1 ná mír 3 agus de thionscnamh tíortha a chuirtear in iúl in Iarscríbhinn II, saor in aisce, faoi réir na mbeart is féidir a thógáil faoi Chaibidil III agus na mbeart a tógadh nó is féidir a thógáil faoi rialacha comhchoiteanna sonracha allmhairiúcháin fad is ann do na rialacha sin.

Airteagal 4

1.   Gan dochar do na bearta is féidir a thógáil faoi Chaibidil III nó faoi rialacha comhchoiteanna sonracha maidir le hallmhairiú, ní bheidh ath-allmhairiú táirgí teicstíle go dtí an tAontas tar éis a bpróiseála i dtíortha eile, seachas na tríú tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn II, faoi réir teorainneacha cainníochtúla.

2.   D'ainneoin mhír 1, ní dhéanfar ath-allmhairiú go dtí an tAontas de tháirgí teicstíle, a liostaítear in Iarscríbhinn V tar éis a bpróiseála sna tríú tíortha a liostaítear san Iarscríbhinn sin, ach amháin i gcomhréir leis na rialacha maidir le próiseáil amach eacnamaíoch atá i bhfeidhm san Aontas agus suas go dtí na teorainneacha bliantúla arna socrú in Iarscríbhinn V.

Airteagal 5

1.   Féadfaidh an Coiste dá dtagraítear in Airteagal 30 aon ábhar a mheas a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ar ábhar é a tharraingeoidh an Coimisiún anuas nó ar iarratas ó Bhallstát.

2.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 31 a bhaineann leis na bearta is gá chun Iarscríbhinn III go hIarscríbhinn VI a oiriúnú nuair a bhraitear fadhbanna maidir lena bhfeidhmiú éifeachtach.

CAIBIDIL II

NÓS IMEACHTA FAISNÉISE AN AONTAIS AGUS NÓS IMEACHTA AN AONTAIS UM IMSCRÚDÚ

Airteagal 6

1.   I ndáil leis na táirgí teicstíle a liostaítear in Iarscríbhinn I, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún, laistigh de 30 lá tar éis deiridh gach míosa, faoi na cainníochtaí iomlána a allmhairíodh i rith na míosa sin de réir tíre tionscnaimh agus cóid AC agus na n-aonad, lena n-áirítear aonaid fhorlíontacha an chóid AC, más iomchuí. Déanfar miondealú ar na hallmhairí i gcomhréir leis na nósanna imeachta staidrimh atá i bhfeidhm.

2.   Chun a bheith in ann faireachán a dhéanamh ar threochtaí margaidh do na táirgí a thagann faoin Rialachán seo, cuirfidh na Ballstáit sonraí staidrimh maidir le honnmhairí in iúl don Choimisiún, faoin 31 Márta gach bliain, a bhaineann leis an mbliain roimhe. Seolfar na sonraí staidrimh a bhaineann le táirgeadh agus tomhaltas gach táirge ar aghaidh chuig an gCoimisiún faoi shocruithe a shocrófar ina dhiaidh sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 30(3).

3.   I gcás is gá de thoradh chineál na dtáirgí nó dálaí ar leith, féadfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin do Bhallstát nó ar a thionscnamh féin, na teorainneacha ama chun an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo a chur in iúl a athrú i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 30(3).

4.   Sna cásanna práinneacha dá dtagraítear in Airteagal 13, seolfaidh an Ballstát nó na Ballstáit lena mbaineann na sonraí staidrimh agus eacnamaíocha allmhairiúcháin is gá chuig an gCoimisiún agus chuig na Ballstáit eile gan mhoill.

Airteagal 7

1.   I gcás inar léir don Choimisiún go bhfuil dóthain fianaise ann go bhfuil bonn cirt le himscrúdú, maidir le coinníollacha i ndáil le hallmhairiú táirgí dá dtagraítear in Airteagal 1, tionscnóidh an Coimisiún imscrúdú. Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas tar éis dó a chinneadh go raibh gá le himscrúdú den sórt sin a thionscnamh.

2.   De bhreis ar an bhfaisnéis a chuirtear ar fáil faoi Airteagal 6, iarrfaidh an Coimisiún gach faisnéis is gá dar leis agus féachfaidh sé chuige an fhaisnéis sin a sheiceáil le hallmhaireoirí, trádálaithe, gníomhairí, táirgeoirí, agus le comhlachais agus eagraíochtaí trádála.

Beidh foireann ón mBallstát a mbeidh na seiceálacha á ndéanamh ina chríoch de chúnamh ag an gCoimisiún leis an gcúram sin, ar choinníoll gur mian leis an mBallstát é sin.

3.   Cuirfidh na Ballstáit ar fáil don Choimisiún, arna iarraidh sin dó agus nósanna imeachta a leag sé síos á leanúint acu, an fhaisnéis atá ar fáil dóibh faoi chora i margadh an táirge atá á imscrúdú.

4.   Féadfaidh an Coimisiún éisteacht a thabhairt do na daoine nádúrtha agus dlítheanacha leasmhara. Ní mór éisteacht a thabhairt do na páirtithe sin má bhíonn iarratas i scríbhinn déanta acu laistigh den tréimhse a bheidh leagtha síos san fhógra arna fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, iarratas ina léireofar gur dócha go n-imreoidh toradh na n-imscrúduithe tionchar orthu agus go bhfuil cúiseanna ar leith ann le héisteacht ó bhéal a bheith acu.

5.   I gcás nach gcuirtear an fhaisnéis atá iarrtha ag an gCoimisiún ar fáil laistigh de thréimhse réasúnta, nó má chuirtear bac suntasach ar an imscrúdú, d'fhéadfaí torthaí a chur ar fáil ar bhonn na bhfíoras atá ar fáil.

6.   I gcás inar iarr Ballstát ar an gCoimisiún gníomhú agus go gcinnfidh sé nach bhfuil dóthain fianaise ann go bhfuil bonn cirt le himscrúdú, cuirfidh sé a chinneadh in iúl don Bhallstát tar éis comhairliúchán.

Airteagal 8

1.   Ag deireadh an imscrúdú, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar na torthaí faoi bhráid an Choiste dá dtagraítear in Airteagal 30.

2.   Má mheasann an Coimisiún nach bhfuil gá le bearta faireachais ná cosanta ón Aontas, cinnfidh sé, ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 30(3), deireadh a chur leis an imscrúdú, agus luafaidh sé príomhthorthaí an imscrúdaithe.

3.   Má mheasann an Coimisiún go bhfuil gá le bearta faireachais nó cosanta ón Aontas, déanfaidh sé na cinntí is gá i gcomhréir le Caibidil III.

Airteagal 9

1.   Ní dhéanfar faisnéis a fhaightear de bhun an Rialacháin seo a úsáid ach amháin chun na críche ar iarradh í.

2.   Ní nochtfaidh an Coimisiún, na Ballstáit, ná a gcuid oifigeach aon fhaisnéis de chineál rúnda a gheofar de bhun an Rialacháin seo ná aon fhaisnéis a chuirfear ar fáil ar bhonn rúnda, gan cead sonrach a fháil ó sholáthraí na faisnéise sin.

I ngach iarraidh ar rúndacht, luafar na cúiseanna leis an bhfaisnéis a bheith rúnda.

Má dhealraíonn sé, áfach, nach bhfuil bonn cirt leis an iarraidh ar rúndacht agus mura dteastaíonn ó sholáthraí na faisnéise é a phoibliú ná nochtadh na faisnéise a cheadú, bíodh substaint ghinearálta na faisnéise nó achoimre di i gceist, féadfar neamhshuim a dhéanamh di.

3.   Ar chaoi ar bith, measfar go bhfuil gach faisnéis faoi rún más dócha go ndéanfadh nochtadh na faisnéise sin dochar suntasach do sholáthraí nó d'fhoinse na faisnéise sin.

4.   Ní choiscfidh mír 1, mír 2 ná mír 3 údaráis an Aontais tagairt a dhéanamh d'fhaisnéis ghinearálta agus, go háirithe, do chúiseanna ar bunaíodh cinntí arna ndéanamh de bhun an Rialacháin seo. Cuirfidh údaráis an Aontais san áireamh, áfach, leas dlisteanach na ndaoine nádúrtha agus na ndaoine dlítheanacha lena mbaineann nach nochtfaí a gcuid rún gnó.

Airteagal 10

1.   Maidir leis an scrúdú ar an treocht san allmhairiú, ar na dálaí ina ndéantar allmhairiú agus ar an mórdhíobháil nó bagairt mórdhíobhála do tháirgeoirí an Aontais a d'fhéadfadh teacht ó allmhairiú den sórt sin, déanfaidh sé na tosca seo a leanas, go háirithe, a chumhdach:

(a)

méid an allmhairithe, go háirithe i gcás ina raibh méadú suntasach ann, bíodh sé sin mar ghlanfhigiúr nó i gcoibhneas le táirgeadh nó le tomhaltas san Aontas;

(b)

praghsanna na n-allmhairí, go háirithe i gcás inar tharla gur gearradh go suntasach faoi phraghsanna i gcomparáid le praghas táirge chomhchosúil san Aontas;

(c)

an tionchar atá aige ar tháirgeoirí an Aontais a tháirgeann táirgí comhchosúla nó iomaíocha ina dhiaidh sin, mar atá léirithe ag treochtaí i gcúinsí eacnamaíocha áirithe amhail:

táirgeadh,

úsáid an chumais táirgthe,

stoic,

díolacháin,

sciar den mhargadh,

praghsanna (i.e. ísliú ar phraghsanna nó cosc ar mhéaduithe praghsanna a bheadh tar éis tarlú de ghnáth),

brabúis,

toradh ar chaipiteal arna úsáid,

sreabhadh airgid,

fostaíocht.

2.   Agus an t-imscrúdú ar siúl aige, cuirfidh an Coimisiún san áireamh córas eacnamaíoch sonrach na dtríú tíortha dá dtagraítear in Iarscríbhinn II.

3.   I gcás ina líomhnaítear gurb ann do bhagairt mórdhíobhála, déanfaidh an Coimisiún a scrúdú freisin an féidir a thuar go soiléir gur dócha go dtiocfaidh díobháil iarbhír as staid ar leith. Maidir leis sin, is féidir tosca mar seo a leanas a chur san áireamh:

(a)

ráta méadaithe na n-onnmhairí chuig an Aontas;

(b)

an cumas onnmhairithe sa tír thionscnaimh nó sa tír onnmhairithe, ar cumas é atá ann cheana féin nó a bheidh ag feidhmiú cuibheasach luath amach anseo, agus an dóchúlacht gur chuig an Aontas a rachaidh na honnmhairí a bheidh mar thoradh air sin.

CAIBIDIL III

BEARTA FAIREACHAIS AGUS COSANTA

Airteagal 11

1.   I gcás ina bhfuil an baol ann go ndéanfaidh allmhairiú táirgí teicstíle, de thionscnamh tríú tíortha seachas iad siúd a liostaítear in Iarscríbhinn II, díobháil do tháirgeadh táirgí atá cosúil nó in iomaíocht dhíreach leo ag an Aontas, féadfaidh an Coimisiún, ag gníomhú dó ar iarraidh ó Bhallstát nó ar a thionscnamh féin:

(a)

cinneadh a dhéanamh faireachas cúlghabhálach Aontais a thabhairt isteach ar allmhairí áirithe, i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 30(2);

(b)

cinneadh a dhéanamh, chun críocha faireachas a dhéanamh ar threocht an allmhairithe sin, allmhairí áirithe a chur faoi réir réamhfhaireachais ón Aontas, i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 30(2).

2.   I gcás ina bhfuil an baol ann go ndéanfaidh allmhairiú táirgí teicstíle de thionscnamh tríú tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn II agus atá léirscaoilte ar leibhéal an Aontais, díobháil do tháirgeadh táirgí atá cosúil nó in iomaíocht dhíreach leo ag an Aontas, nó i gcás ina n-éilíonn leas eacnamaíoch an Aontais é, féadfaidh an Coimisiún, ag gníomhú dó ar iarraidh ó Bhallstát nó ar a thionscnamh féin:

(a)

cinneadh a dhéanamh faireachas cúlghabhálach Aontais a thabhairt isteach ar allmhairí áirithe, i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 30(2);

(b)

cinneadh a dhéanamh, chun críocha faireachas a dhéanamh ar threocht an allmhairithe sin, allmhairí áirithe a chur faoi réir réamhfhaireachais ón Aontas i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 30(2).

3.   De ghnáth, beidh tréimhse theoranta bailíochta ag na bearta dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2.

Airteagal 12

1.   I gcás ina ndéantar allmhairiú táirgí teicstíle, de thionscnamh tríú tíortha seachas iad sin a liostaítear in Iarscríbhinn II, i gcainníochtaí a bhfuil méadú chomh mór sin tagtha orthu, i ndearbhthéarmaí nó i dtéarmaí coibhneasta, agus/nó faoi dhálaí a dhéanfaidh mórdhíobháil, nó lena mbainfidh baol iarbhír mórdhíobhála do tháirgeadh táirgí atá cosúil nó in iomaíocht dhíreach leo ag an Aontas, féadfaidh an Coimisiún, ag gníomhú dó ar iarraidh ó Bhallstát nó ar a thionscnamh féin, na rialacha maidir le hallmhairiú a athrú don táirge atá i gceist trí fhoráil a dhéanamh nach bhféadfar é a chur i saorchúrsaíocht ach amháin má dhéantar údarú allmhairiúcháin a thíolacadh, údarú a beidh á rialú ag na forálacha sin agus faoi réir na dteorainneacha sin a leagfaidh an Coimisiún síos.

2.   I gcás ina ndéantar allmhairiú táirgí teicstíle de thionscnamh tríú tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn II agus atá léirscaoilte ar leibhéal an Aontais, i gcainníochtaí a bhfuil méadú chomh mór sin tagtha orthu, i ndearbhthéarmaí nó i dtéarmaí coibhneasta, nó faoi dhálaí a dhéanfaidh mórdhíobháil, nó lena mbainfidh baol iarbhír mórdhíobhála do tháirgeadh táirgí atá cosúil nó in iomaíocht dhíreach leo ag an Aontas, nó nuair is gá chun leas eacnamaíoch an Aontais, féadfaidh an Coimisiún, ag gníomhú dó ar iarraidh ó Bhallstát nó ar a thionscnamh féin, na rialacha maidir le hallmhairiú a athrú don táirge atá i gceist trí fhoráil a dhéanamh nach bhféadfar é a chur i saorchúrsaíocht ach amháin má dhéantar údarú allmhairiúcháin a thíolacadh, údarú a beidh á rialú ag na forálacha sin agus faoi réir na dteorainneacha sin a leagfaidh an Coimisiún síos.

3.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 31 maidir leis na bearta dá bhforáiltear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo chun na rialacha maidir le hallmhairiú a athrú i leith an táirge i dtrácht, lena n-áirítear trí na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú.

4.   Beidh feidhm ag na bearta dá dtagraítear san Airteagal seo agus in Airteagal 11 maidir le gach táirge a chuirtear i saorchúrsaíocht tar éis theacht i bhfeidhm na mbeart sin.

Mar sin féin, ní choiscfidh bearta den sórt sin scaoileadh táirgí chun saorchúrsaíochta má tá na táirgí seolta chuig an Aontas cheana féin ar choinníoll nach féidir ceann scríbe na dtáirgí sin a athrú agus go bhfuil, i gcás na dtáirgí sin nach bhféadtar, faoin Airteagal seo agus faoi Airteagal 11, iad a chur i saorchúrsaíocht ach amháin má dhéantar doiciméad faireachais a thíolacadh, doiciméad den sórt sin ag gabháil leo dáiríre.

I gcomhréir le hAirteagal 16, féadfar bearta dá dtagraítear san Airteagal seo agus in Airteagal 11 a theorannú do réigiún amháin nó níos mó de chuid an Aontais.

Airteagal 13

I gcásanna éigeandála nuair a dhéanfaí dochar neamh indeisithe don tionscal Aontais in éagmais beart agus nuair a chinneann an Coimisiún ar a thionscnamh féin nó ar iarraidh ó Bhallstát, go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 12(1) agus (2) agus ina measann sé gur cheart catagóir áirithe táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn I, nach bhfuil faoi réir teorainneacha cainníochtúla ar bith, a chur faoi réir teorainneacha cainníochtúla nó réamhbheart nó beart cúlghabhálach faireachais, agus dá bhí sin go n-éileofaí amhlaidh ar mhórchúiseanna práinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 32 maidir le gníomhartha chur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 12 (3) a fhorchur chun na rialacha maidir le hallmhairiú i leith an táirge i dtrácht a athrú, lena n-áirítear trí na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú.

Airteagal 14

1.   Ní fhéadfar táirgí atá faoi réir réamhbhearta faireachais nó cosanta an Aontais a chur i saorchúrsaíocht gan doiciméad faireachais a thíolacadh.

I gcás réamhbhearta faireachais an Aontais, eiseoidh an t-údarás inniúil arna ainmniú ag na Ballstáit an doiciméad faireachais, saor in aisce, laistigh de chúig lá oibre ar a mhéad tar éis don údarás inniúil náisiúnta iarratas a fháil ó aon allmhaireoirí de chuid an Aontais, is cuma cén áit ghnó san Aontas atá acu, le haghaidh aon chainníochta a iarradh. Measfar go bhfuair an t-údarás inniúil náisiúnta iarratas den sórt sin tráth nach déanaí ná trí lá oibre tar éis é a sheoladh, ach amháin má chruthaítear a mhalairt. Déanfar an doiciméad faireachais ar fhoirm a fhreagraíonn don eiseamal in Iarscríbhinn VI. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 21.

I gcás na mbeart cosanta, eiseofar an doiciméad faireachais i gcomhréir le forálacha Chaibidil IV.

2.   Féadfar go mbeidh faisnéis eile seachas an fhaisnéis dá bhforáiltear i mír 1 de dhíth nuair a dhéantar an cinneadh bearta faireachais nó cosanta a fhorchur.

3.   Beidh an doiciméad faireachais bailí le haghaidh allmhairí ar fud na críche ina gcuirtear an Conradh i bhfeidhm faoi na coinníollacha atá leagtha síos sa Chonradh, beag beann ar an mBallstát eisiúna, gan dochar do bhearta a dhéanfar faoi Airteagal 16 den Rialachán seo, áfach.

4.   Ní fhéadfar doiciméad faireachais a úsáid i gcás ar bith thar an tréimhse dhul in éag a bheidh leagtha síos san am céanna agus trí bhíthin an nós imeachta céanna lenar forchuireadh bearta faireachais nó cosanta, agus ina dtabharfar aird ar chineál na dtáirgí agus gnéithe speisialta eile na n-idirbheart.

5.   I gcás ina éilíonn cinneadh a glacadh faoin nós imeachta iomchuí dá dtagraítear in Airteagal 30 é, ní mór áit tionscnaimh na dtáirgí atá faoi bhearta faireachais nó cosanta an Aontais a chruthú le deimhniú tionscnaimh. Beidh an mhír seo gan dochar d'fhorálacha eile a bhaineann le haon deimhniú den sórt sin a thíolacadh.

6.   I gcás ina bhfuil an táirge atá faoi réamhfhaireachas ón Aontais faoi réir beart cosanta réigiúnach i mBallstát, féadfar an t-údarú allmhairiúcháin a thug an Ballstát sin a chur in ionad an doiciméid faireachais.

Airteagal 15

I gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 30(2), féadfaidh an Coimisiún an méid a leanas a dhéanamh, dá thionscnamh féin nó ar iarraidh ó Bhallstát, más dócha go dtiocfaidh an cás dá dtagraítear in Airteagal 12(2) chun cinn:

tréimhse bailíochta aon doiciméid faireachais atá de dhíth do na bearta faireachais a laghdú;

eisiúint an doiciméid faireachais a chur faoi réir coinníollacha áirithe agus, mar bheart eisceachtúil, faoi réir clásal cúlghairme a chur isteach, nó, leis an minicíocht agus an fad ama a chuirfidh an Coimisiún in iúl, faoi réir an nós imeachta faisnéise agus comhairliúcháin roimh ré dá dtagraítear in Airteagal 6 agus in Airteagal 8.

Airteagal 16

I gcás inar léir, go háirithe, ar bhonn na dtosca dá dtagraítear in Airteagal 10, Airteagal 11 agus Airteagal 12, go bhfuil na coinníollacha atá leagtha síos chun bearta faireachais nó cosanta a ghlacadh á gcomhlíonadh i réigiún amháin nó níos mó san Aontas, féadfaidh an Coimisiún, tar éis réitigh mhalartacha a scrúdú, cur i bhfeidhm beart faireachais nó cosanta a bheidh teoranta don réigiún nó do na réigiúin lena mbaineann a údarú go heisceachtúil má mheasann sé gurb oiriúnaí bearta den sórt sin a bheith á gcur i bhfeidhm ag an leibhéal sin ná bearta a bheith á gcur i bhfeidhm ar fud an Aontais.

Ní mór na bearta sin a bheith sealadach agus, a mhéid agus is féidir, nó mór dóibh gan cur isteach ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

Glacfar na bearta sin i gcomhréir leis an nós imeachta iomchuí is infheidhme maidir le bearta atá le glacadh de bhun Airteagal 10, Airteagal 11 agus Airteagal 12.

CAIBIDIL IV

SRIANTA ALLMHAIRIÚCHÁIN AN AONTAIS A BHAINISTIÚ

Airteagal 17

1.   Cuirfidh údaráis inniúla na mBallstát na cainníochtaí atá cumhdaithe sna hiarrataí ar údaruithe allmhairiúcháin atá faighte acu in iúl don Choimisiún.

2.   Tabharfaidh an Coimisiún fógra faoina dheimhniú go bhfuil na cainníochtaí a iarradh ar fáil chun a n-allmhairithe san ord croineolaíoch ina bhfuarthas fógraí na mBallstát lena mbaineann (bonn “tagadh do sheal mar a tháinig tú féin”).

3.   I gcás ina bhfuil cúis ann lena chreidiúint go bhféadfadh na hiarrataí a bhfuiltear ag súil leo na teorainneacha cainníochtúla a shárú, féadfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 30(3), na teorainneacha cainníochtúla a roinnt ina dtráinsí nó uasmhéideanna a shocrú in aghaidh an leithdháilte. Féadfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 30(3), céatadán de theorainn shonrach chainníochtúil a fhorchoimeád le haghaidh iarrataí a dtacaíonn feidhmíocht allmhairiúcháin san am a chuaigh thart leo.

4.   Déanfar na fógraí dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 a chur in iúl go leictreonach laistigh den líonra comhtháite a bhunófar chuige sin, ach amháin más gá, ar mhórchúiseanna teicniúla, modhanna eile cumarsáide a úsáid go sealadach.

5.   Tabharfaidh na húdaráis inniúla fógra láithreach don Choimisiún tar éis aon chainníocht nár úsáideadh feadh tréimhse bailíochta an údaraithe allmhairiúcháin a bheith curtha in iúl dóibh. Cuirfear cainníochtaí gan úsáid den sórt sin leis na cainníochtaí atá fágtha i dteorainn chainníochtúil iomlán an Aontais go huathoibríoch.

6.   Féadfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 30(3), aon bheart is gá chun an tAirteagal seo a chur chun feidhme a ghlacadh.

Airteagal 18

1.   Féadfaidh gach allmhaireoir san Aontas, beag beann ar an áit san Aontas ina bhfuil siad bunaithe, iarratas ar údarú a sheoladh chuig an údarás inniúil sa Bhallstát is rogha leis.

2.   Chun críocha an dara habairt d'Airteagal 17(3), beidh fianaise dhoiciméadach ar allmhairí roimhe seo do gach catagóir agus gach tríú tír lena mbaineann ag gabháil le hiarratais na n-allmhaireoirí, más gá.

Airteagal 19

Eiseoidh údaráis inniúla na mBallstát údaruithe allmhairiúcháin laistigh de chúig lá oibre ón bhfógra a fháil maidir le cinneadh an Choimisiúin nó laistigh den teorainn ama a shocraigh an Coimisiún.

Cuirfidh na húdaráis sin an Coimisiún ar an eolas gur eisíodh na húdaruithe allmhairiúcháin, laistigh de dheich lá oibre ón uair a eisíodh na húdaruithe.

Airteagal 20

Más gá agus i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 30(3), féadfar taisceadh urrúis a bheith ina choinníoll do na húdaruithe allmhairiúcháin.

Airteagal 21

1.   Gan dochar do na bearta arna ndéanamh faoi Airteagal 16, le húdaruithe allmhairiúcháin déanfar allmhairiú táirgí atá faoi réir teorainneacha cainníochtúla a údarú agus beidh siad bailí ar fud na críche ina gcuirtear an Conradh i bhfeidhm faoi na coinníollacha atá leagtha síos sa Chonradh, beag beann ar an áit allmhairiúcháin atá luaite ag allmhaireoirí ar na hiarratais.

Nuair a thugann an tAontas teorainneacha sealadacha isteach le haghaidh ceann amháin nó níos mó dá chuid réigiún, i gcomhréir le hAirteagal 16, ní chuirfidh na teorainneacha sin bac ar tháirgí a seoladh roimh an dáta a tugadh isteach na teorainneacha sin a allmhairiú chuig an réigiún/na réigiúin lena mbaineann.

2.   Sé mhí a bheidh i dtréimhse bailíochta na n-údaruithe allmhairiúcháin arna n-eisiúint ag údaráis inniúla na mBallstát. Féadfar an tréimhse bailíochta a athrú más gá, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 30(3).

3.   Déanfar iarratais ar údaruithe allmhairiúcháin a tharraingt suas ar fhoirmeacha a bheidh ag teacht le heiseamal; bunófar saintréithe an eiseamail sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 30(3). Féadfaidh na húdaráis inniúla cead a thabhairt na doiciméid iarratais a sheoladh isteach ar mhodhanna leictreonacha faoi na coinníollacha a shocróidh siad. Beidh gach doiciméad agus an fhianaise go léir ar fáil do na húdaráis inniúla, áfach.

4.   Féadfar údaruithe allmhairiúcháin a eisiúint ar mhodhanna leictreonacha má iarrann an t-allmhaireoir lena mbaineann é. Ar iarraidh chuí-réasúnaithe ón allmhaireoir, agus ar choinníoll gur comhlíonadh mír 3, féadfaidh an t-údarás inniúil sa Bhallstát céanna a d'eisigh an t-údarú allmhairiúcháin bunaidh údarú allmhairiúcháin i bhfoirm páipéir a chur in ionad údaraithe allmhairiúcháin a eisíodh ar mhodhanna leictreonacha. Ní eiseoidh an t-údarás sin údarú allmhairiúcháin i bhfoirm scríofa, áfach, ach amháin tar éis a áirithiú gur cuireadh an t-údarú ar mhodhanna leictreonacha ar ceal.

Féadfar aon bheart is gá chun an mhír seo a chur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 30(3).

5.   Ar iarraidh ón mBallstát lena mbaineann, féadfar táirgí teicstíle atá i seilbh na n-údarás inniúil sa Bhallstát sin, go háirithe i gcás nósanna imeachta féimheachta nó nósanna imeachta comhchosúla, nach bhfuil údarú allmhairiúcháin bailí ar fáil dóibh a thuilleadh, féadfar na táirgí sin a chur chun saorchúrsaíochta i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 30(3).

Airteagal 22

Gan dochar do na forálacha sonracha atá le glacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 30(3), ní fhéadfaidh an duine ar eisíodh údarú allmhairiúcháin ina ainm an t-údarú sin a thabhairt ar iasacht ná a aistriú, bíodh sin ar íocaíocht nó saor in aisce.

Airteagal 23

Féadfar bailíocht údaruithe allmhairiúcháin atá gan úsáid, go hiomlán nó i bpáirt a shíneadh, má tá dóthain cainníochtaí ar fáil, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 30(3).

Airteagal 24

Laistigh de 30 lá tar éis dheireadh gach míosa, cuirfidh údaráis inniúla na mBallstát cainníochtaí na dtáirgí atá faoi réir theorainneacha cainníochtúla an Aontais a allmhairíodh le linn na míosa roimhe sin in iúl don Choimisiún.

CAIBIDIL V

TRÁCHT PRÓISEÁLA AMACH

Airteagal 25

Maidir le hath-allmhairí táirgí teicstíle, a liostaítear sa tábla a leagtar amach in Iarscríbhinn V, go dtí an tAontas, arna ndeánamh i gcomhréir leis na rialacha maidir le próiseáil amach eacnamaíoch atá i bhfeidhm san Aontas, ní bheidh siad faoi réir na dteorainneacha cainníochtúla dá dtagraítear in Airteagal 2, in Airteagal 3 agus in Airteagal 4 i gcás ina bhfuil siad faoi réir na dteorainneacha cainníochtúla sonracha a thugtar sa tábla a leagtar amach in Iarscríbhinn V agus i gcás inar ath-allmhairíodh iad tar éis a bpróiseála sa tríú tír chomhfhreagrach liostaithe le haghaidh gach ceann de na teorainneacha cainníochtúla a shonraítear.

Airteagal 26

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 31 chun ath-allmhairí nach dtagann faoin gCaibidil seo agus faoi Iarscríbhinn V a chur faoi réir teorainneacha cainníochtúla, ar choinníoll go bhfuil na táirgí i gceist faoi réir na dteorainneacha cainníochtúla a leagtar síos in Airteagal 2, in Airteagal 3 agus in Airteagal 4.

I gcás ina mbeadh moill ar fhorchur na dteorainneacha cainníochtúla sonracha ar ath-allmhairiú trádála próiseála amach ina cúis le damáiste ar thionscal an Aontais a bheadh deacair a leigheas agus, dá bhrí sin, go n-éilítear amhlaidh ar mhórchúiseanna práinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 32 maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun na chéad fomhíre den Airteagal seo.

Airteagal 27

1.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 31 chun aistrithe a dhéanamh idir catagóirí táirgí a leagtar amach i roinn A d'Iarscríbhinn I agus tabhairt ar aghaidh nó tabhairt anonn sciartha de theorainneacha cainníochtúla sonracha dá dtagraítear in Airteagal 26 ó bhliain go bliain.

I gcás ina mbeadh moill ar fhorchur na mbeart dá dtagraítear sa chéad fhomhír ina cúis le damáiste ar thionscal an Aontais trí bhac a chur ar thrádáil próiseála amach i bhfianaise an cheanglais dhlíthiúil chun aistrithe den sórt sin a fheidhmiú ó bhliain go chéile, agus ina mbeadh sé deacair damáiste den sórt sin a leigheas, agus, dá bhrí sin, go n-éilítear amhlaidh ar mhórchúiseanna práinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 32 maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun na chéad fomhíre den mhír seo.

2.   Féadfar aistrithe uathoibríocha i gcomhréir le mír 1 a dhéanamh, áfach, laistigh de na teorainneacha seo a leanas:

(a)

aistriú idir catagóirí táirgí a leagtar amach i roinn A d'Iarscríbhinn I suas le 20 % den teorainn chainníochtúil a bhunaítear don chatagóir a ndéantar an t-aistriú chuici,

(b)

tabhairt anonn teorann cainníochtúla sonraí ó bhliain go bliain suas le 10,5 % den teorainn chainníochtúil a bhunaítear do bhliain iarbhír na húsáide,

(c)

tabhairt ar aghaidh teorann cainníochtúla sonraí suas le 7,5 % den teorainn chainníochtúil a bhunaítear do bhliain iarbhír na húsáide.

3.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 31 chun na teorainneacha cainníochtúla sonracha a choigeartú i gcás ina bhfuil gá le hallmhairí breise.

I gcás ina bhfuil gá le hallmhairí breise agus i gcás ina mbeadh moill ar choigeartú na dteorainneacha cainníochtúla sonracha ina cúis le damáiste ar thionscal an Aontais trí bhac a chur ar rochtain ar allmhairí breise is gá den sórt sin a bheadh deacair a leigheas, agus, dá bhrí sin, go n-éilítear amhlaidh ar mhórchúiseanna práinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 32 maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun na chéad fomhíre den mhír seo.

4.   Cuirfidh an Coimisiún an tríú tír nó na tríú tíortha lena mbaineann ar an eolas faoi aon bhearta a ghlactar de bhun an Airteagail seo.

Airteagal 28

1.   Chun Airteagal 25 a chur i bhfeidhm, tabharfaidh údaráis inniúla na mBallstát, sula n-eiseoidh siad aon réamhúdaruithe i gcomhréir le rialacha ábhartha an Aontais maidir le próiseáil amach eacnamaíoch, fógra don Choimisiún faoi mhéideanna na n-iarrataí ar údaruithe a bheidh faighte acu. Tabharfaidh an Coimisiún fógra faoina dheimhniú go bhfuil na méideanna a iarradh ar fáil chun a n-athallmhairithe laistigh de theorainneacha an Aontais faoi seach i gcomhréir le rialacha ábhartha an Aontais maidir le próiseáil amach eacnamaíoch.

2.   Beidh na hiarrataí a chuirtear isteach sna fógraí don Choimisiún bailí más rud é go suíonn siad an méid seo a leanas go soiléir i ngach cás:

(a)

an tríú tír ina mbeidh na táirgí le próiseáil;

(b)

catagóir na dtáirgí teicstíle i gceist;

(c)

an méid a bheidh le hath-allmhairiú;

(d)

an Ballstát ina mbeidh na táirgí ath-allmhairithe le cur i saorchúrsaíocht;

(e)

léiriú i dtaobh an mbaineann na hiarrataí le:

(i)

tairbhí roimhe seo a chuireann isteach ar na cainníochtaí a chuirtear ar leataobh faoi Airteagal 3(4), nó i gcomhréir leis an gcúigiú fomhír d'Airteagal 3(5), de Rialachán (CE) Uimh. 3036/94 óng Comhairle (8); nó le

(ii)

hiarratasóir faoin tríú fomhír d'Airteagal 3(4) nó faoi Airteagal 3(5) de Rialachán (CE) Uimh. 3036/94.

3.   Déanfar na fógraí dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 a chur in iúl go leictreonach laistigh den líonra comhtháite a bhunófar chuige sin, ach amháin más gá, ar mhórchúiseanna teicniúla, modhanna eile cumarsáide a úsáid go sealadach.

4.   Má tá na méideanna a iarradh ar fáil, déanfaidh an Coimisiún a dheimhniú d'údaráis inniúla na mBallstát an méid iomlán a léirítear sna hiarrataí a chuirtear in iúl do gach catagóir táirgí agus gach tríú tír lena mbaineann. Maidir le fógraí a thíolacann na Ballstáit agus nach féidir deimhniú a thabhairt ina leith ós rud é nach bhfuil na méideanna a iarradh ar fáil a thuilleadh laistigh de theorainneacha cainníochtúla an Aontais, déanfaidh an Coimisiún iad a stóráil san ord croineolaíoch ina bhfuarthas iad agus déanfar iad a dheimhniú san ord céanna a luaithe agus a bheidh méideanna breise ar fáil trí chur i bhfeidhm na n-aistrithe uathoibríocha dá bhforáiltear in Airteagal 27.

5.   Tabharfaidh na húdaráis inniúla fógra don Choimisiún gan mhoill tar éis aon chainníocht nach n-úsáidtear le linn thréimhse bailíochta an údaraithe allmhairiúcháin a bheith curtha in iúl dóibh. Déanfar cainníochtaí den sórt sin nár úsáideadh a athchur do shochar na gcainníochtaí laistigh de theorainneacha cainníochtúla an Aontais nár cuireadh ar leataobh de bhun na chéad fhomhíre d'Airteagal 3(4) nó an cúigiú fomhír d'Airteagal 3(5) de Rialachán (CE) Uimh. 3036/94.

Maidir leis na cainníochtaí a ndearnadh tréigean ina leith de bhun an tríú fomhír d'Airteagal 3(4) de Rialachán (CE) Uimh. 3036/94, cuirfear iad go huathoibríoch leis na cainníochtaí laistigh de chuóta an Aontais nach gcuirtear ar leataobh de bhun na chéad fhomhíre d'Airteagal 3(4) nó an cúigiú fomhír d'Airteagal 3(5) den Rialachán sin.

Tabharfar fógra don Choimisiún i gcomhréir le mír 3 faoi chainníochtaí uile den sórt sin mar a leagtar amach sna fomhíreanna roimhe seo.

Airteagal 29

Soláthróidh údaráis inniúla na mBallstát don Choimisiún ainmneacha agus seoltaí na n — údarás atá inniúil chun na réamhúdaruithe dá dtagraítear in Airteagal 28 a eisiúint in éineacht le heiseamail de na clónna stampa a úsáideann siad.

CAIBIDIL VI

NÓSANNA IMEACHTA CINNTEOIREACHTA AGUS FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 30

1.   Déanfaidh an Coiste Teicstíle cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an Coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 31

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 3(3), Airteagal 5(2), Airteagal 12(3), Airteagal 13, Airteagal 26, Airteagal 27(1) agus (3) agus Airteagal 35 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana amhail ón 20 Feabhra 2014. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 3(3), Airteagal 5(2), Airteagal 12(3), Airteagal 13, Airteagal 26, Airteagal 27(1) agus (3) agus Airteagal 35 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 5(2), Airteagal 13 agus Airteagal 35 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 3(3), Airteagal 12(3), Airteagal 26 agus Airteagal 27(1) agus (3) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú ceithre mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 32

1.   Tiocfaidh gníomhartha tarmligthe a ghlactar faoin Airteagal seo i bhfeidhm gan mhoill agus beidh feidhm acu ar choinníoll nach léirítear aon agóid i gcomhréir le mír 2. Déanfar na cúiseanna le húsáid a bhaint as an nós imeachta práinne a lua san fhógra faoi ghníomhartha tarmligthe a thugtar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

2.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gníomh tarmligthe i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 31(5) nó (6). Sa chás sin, déanfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe a aisghairm gan mhoill tar éis do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis an gcinneadh chun agóid a dhéanamh.

Airteagal 33

1.   Ní choiscfidh an Rialachán seo comhlíonadh na n-oibleagáidí a eascraíonn as rialacha speisialta atá i gcomhaontuithe arna dtabhairt i gcrích idir an tAontas agus tríú tíortha.

2.   Gan dochar d'fhorálacha eile de chuid an Aontais, ní choiscfidh an Rialachán seo glacadh ná cur i bhfeidhm an mhéid seo a leanas ag na Ballstáit:

(a)

toirmisc, srianta cainníochtúla ná bearta faireachais ar bhonn na moráltachta poiblí, an bheartais phoiblí nó na slándála poiblí, sláinte agus beatha daoine nó ainmhithe nó plandaí a chosaint, seoda náisiúnta lena mbaineann luach ealaíne, staire nó seandálaíoch a chosaint, nó maoin tionscail agus tráchtála a chosaint;

(b)

foirmiúlachtaí speisialta a bhaineann le malairt eachtrach;

(c)

foirmiúlachtaí a tugadh isteach de bhun comhaontuithe idirnáisiúnta i gcomhréir leis an gConradh.

Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir leis na bearta nó na foirmiúlachtaí atá le tabhairt isteach nó le leasú i gcomhréir leis an gcéad fhomhír.

I gcás fíorphráinne, cuirfear na bearta nó na foirmiúlachtaí náisiúnta atá i gceist in iúl don Choimisiún gan mhoill tar éis a nglactha.

Airteagal 34

Déanfaidh an Coimisiún faisnéis a áireamh maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo ina thuarascáil bhliantúil maidir le bearta cosanta trádála a chur i bhfeidhm agus a chur chun feidhme arna gcur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle de bhun Airteagal 22a de Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle (9).

Airteagal 35

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 31 chun na hIarscríbhinní ábhartha a leasú nuair is gá chun conclúid, leasú nó dul in éag comhaontuithe, prótacal nó comhshocraíochtaí eile a dhéanfar le tríú tíortha nó leasuithe ar rialacha an Aontais maidir le staidreamh, comhshocraíochtaí custaim nó rialacha comhchoiteanna maidir le hallmhairiú a chur san áireamh.

Airteagal 36

Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 517/94.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn VIII.

Airteagal 37

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 9 Meitheamh 2015.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

Z. KALNIŅA-LUKAŠEVICA


(1)  Tuairim an 10 Nollaig 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 29 Aibreán 2015 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 28 Bealtaine 2015.

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 517/94 ón gComhairle an 7 Márta 1994 maidir le comhrialacha d'allmhairiú táirgí teicstíle ó thríú tíortha áirithe nach bhfuil cumhdaithe ag comhaontaithe déthaobhacha, prótacail ná comhshocraíochtaí eile, ná ag rialacha sonracha Comhphobail eile ar allmhairí (IO L 67, 10.3.1994, lch. 1).

(4)  Féach Iarscríbhinn VII.

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 1398/2007 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2007 lena leasaítear Iarscríbhinní II, III B agus VI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 517/94 ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna i dtaca le hallmhairiú táirgí teicstíle ó thríú tíortha áirithe nach dtagann faoi chomhaontuithe déthaobhacha, prótacail ná comhshocraíochtaí eile, ná faoi rialacha sonracha Comhphobail eile i dtaca le hallmhairiú (IO L 311, 29.11.2007, lch. 5).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(7)  Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus maidir leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256,7.9.1987, lch. 1).

(8)  Rialachán (CE) Uimh. 3036/94 ón gComhairle an 8 Nollaig 1994 lena mbunaítear socruithe maidir le próiseáil amach eacnamaíoch is infheidhme maidir le teicstílí agus táirgí éadaí áirithe a ath-allmhairítear isteach sa Chomhphobal tar éis a n-oibrithe nó a bpróiseála i dtríú tíortha áirithe (IO L 322, 15.12.1994., lch. 1.)

(9)  Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach comhaltaí den Chomhphobal Eorpach iad (IO L 343, 22.12.2009, lch. 51).


IARSCRÍBHINN I

A.   TÁIRGÍ TEICSTÍLE DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 1

1.

Gan dochar do na rialacha maidir le léirmhíniú na hAinmníochta Comhcheangailte, is ceart a mheas nach bhfuil ach luach táscach san fhoclaíocht atá in úsáid sa tuairisc ar na táirgí, toisc go ndéantar na táirgí a thagann faoi gach catagóir a chinneadh, laistigh den Iarscríbhinn seo, le cóid AC. I gcás ina bhfuil siombal “ex” roimh chód AC, is é raon feidhme an chóid AC agus an tuairisc chomhfhreagrach a chinnfidh na táirgí atá cumhdaithe i ngach catagóir.

2.

Baill éadaigh nach féidir a shainaithint an baill éadaigh d'fhir nó buachaillí iad nó an baill éadaigh do mhná nó cailíní iad, déanfar iad a aicmiú leis an dara grúpa a luadh.

3.

I gcás ina ndéantar tagairt do “bhaill éadaigh leanaí”, úsáidtear é seo chun baill éadaigh a chumhdach suas go dtí an toise tráchtála 86, an méid sin san áireamh.

Catagóir

Tuairisc

Cód AC 2013

Tábla comhghaoil

píosaí/kg

g/píosa

GRÚPA I A

1

Snáth cadáis, nach bhfuil cóirithe lena mhiondíol

 

 

5204 11 00 5204 19 00 5205 11 00 5205 12 00 5205 13 00 5205 14 00 5205 15 10 5205 15 90 5205 21 00 5205 22 00 5205 23 00 5205 24 00 5205 26 00 5205 27 00 5205 28 00 5205 31 00 5205 32 00 5205 33 00 5205 34 00 5205 35 00 5205 41 00 5205 42 00 5205 43 00 5205 44 00 5205 46 00 5205 47 00 5205 48 00 5206 11 00 5206 12 00 5206 13 00 5206 14 00 5206 15 00 5206 21 00 5206 22 00 5206 23 00 5206 24 00 5206 25 00 5206 31 00 5206 32 00 5206 33 00 5206 34 00 5206 35 00 5206 41 00 5206 42 00 5206 43 00 5206 44 00 5206 45 00 ex 5604 90 90

 

 

2

Fabraicí fite cadáis, seachas uige, fabraicí gibínigh, fabraicí fite caola, fabraicí caitíneacha, fabraicí chenille, fialsíoda agus fabraicí eangachúla eile

 

 

5208 11 10 5208 11 90 5208 12 16 5208 12 19 5208 12 96 5208 12 99 5208 13 00 5208 19 00 5208 21 10 5208 21 90 5208 22 16 5208 22 19 5208 22 96 5208 22 99 5208 23 00 5208 29 00 5208 31 00 5208 32 16 5208 32 19 5208 32 96 5208 32 99 5208 33 00 5208 39 00 5208 41 00 5208 42 00 5208 43 00 5208 49 00 5208 51 00 5208 52 00 5208 59 10 5208 59 90 5209 11 00 5209 12 00 5209 19 00 5209 21 00 5209 22 00 5209 29 00 5209 31 00 5209 32 00 5209 39 00 5209 41 00 5209 42 00 5209 43 00 5209 49 00 5209 51 00 5209 52 00 5209 59 00 5210 11 00 5210 19 00 5210 21 00 5210 29 00 5210 31 00 5210 32 00 5210 39 00 5210 41 00 5210 49 00 5210 51 00 5210 59 00 5211 11 00 5211 12 00 5211 19 00 5211 20 00 5211 31 00 5211 32 00 5211 39 00 5211 41 00 5211 42 00 5211 43 00 5211 49 10 5211 49 90 5211 51 00 5211 52 00 5211 59 00 5212 11 10 5212 11 90 5212 12 10 5212 12 90 5212 13 10 5212 13 90 5212 14 10 5212 14 90 5212 15 10 5212 15 90 5212 21 10 5212 21 90 5212 22 10 5212 22 90 5212 23 10 5212 23 90 5212 24 10 5212 24 90 5212 25 10 5212 25 90 ex 5811 00 00 ex 6308 00 00

 

 

2 a)

Ina measc: Seachas neamhthuartha nó tuartha

 

 

5208 31 00 5208 32 16 5208 32 19 5208 32 96 5208 32 99 5208 33 00 5208 39 00 5208 41 00 5208 42 00 5208 43 00 5208 49 00 5208 51 00 5208 52 00 5208 59 10 5208 59 90 5209 31 00 5209 32 00 5209 39 00 5209 41 00 5209 42 00 5209 43 00 5209 49 00 5209 51 00 5209 52 00 5209 59 00 5210 31 00 5210 32 00 5210 39 00 5210 41 00 5210 49 00 5210 51 00 5210 59 00 5211 31 00 5211 32 00 5211 39 00 5211 41 00 5211 42 00 5211 43 00 5211 49 10 5211 49 90 5211 51 00 5211 52 00 5211 59 00 5212 13 10 5212 13 90 5212 14 10 5212 14 90 5212 15 10 5212 15 90 5212 23 10 5212 23 90 5212 24 10 5212 24 90 5212 25 10 5212 25 90 ex 5811 00 00 ex 6308 00 00

 

 

3

Fabraicí fite as snáithíní sintéiseacha (neamhleanúnach nó dramhsnáithíní) seachas fabraicí fite caola, fabraicí caitíneacha (lena n-áirítear fabraicí gibínigh) agus fabraicí chenille

 

 

5512 11 00 5512 19 10 5512 19 90 5512 21 00 5512 29 10 5512 29 90 5512 91 00 5512 99 10 5512 99 90 5513 11 20 5513 11 90 5513 12 00 5513 13 00 5513 19 00 5513 21 00 5513 23 10 5513 23 90 5513 29 00 5513 31 00 5513 39 00 5513 41 00 5513 49 00 5514 11 00 5514 12 00 5514 19 10 5514 19 90 5514 21 00 5514 22 00 5514 23 00 5514 29 00 5514 30 10 5514 30 30 5514 30 50 5514 30 90 5514 41 00 5514 42 00 5514 43 00 5514 49 00 5515 11 10 5515 11 30 5515 11 90 5515 12 10 5515 12 30 5515 12 90 5515 13 11 5515 13 19 5515 13 91 5515 13 99 5515 19 10 5515 19 30 5515 19 90 5515 21 10 5515 21 30 5515 21 90 5515 22 11 5515 22 19 5515 22 91 5515 22 99 5515 29 00 5515 91 10 5515 91 30 5515 91 90 5515 99 20 5515 99 40 5515 99 80 ex 5803 00 90 ex 5905 00 70 ex 6308 00 00

 

 

3 a)

Ina measc: Seachas neamhthuartha nó tuartha

 

 

5512 19 10 5512 19 90 5512 29 10 5512 29 90 5512 99 10 5512 99 90 5513 21 00 5513 23 10 5513 23 90 5513 29 00 5513 31 00 5513 39 00 5513 41 00 5513 49 00 5514 21 00 5514 22 00 5514 23 00 5514 29 00 5514 30 10 5514 30 30 5514 30 50 5514 30 90 5514 41 00 5514 42 00 5514 43 00 5514 49 00 5515 11 30 5515 11 90 5515 12 30 5515 12 90 5515 13 19 5515 13 99 5515 19 30 5515 19 90 5515 21 30 5515 21 90 5515 22 19 5515 22 99 ex 5515 29 00 5515 91 30 5515 91 90 5515 99 40 5515 99 80 ex 5803 00 90 ex 5905 00 70 ex 6308 00 00

 

 

GRÚPA I B

4

Léinte, t-léinte, corna cniotála mín éadrom, geansaithe póló nó muineál turtair (seachas iad siúd as olann nó fionnadh ainmhíoch mín), léinte cnis agus a leithéid, cniotáilte nó cróiseáilte

6,48

154

6105 10 00 6105 20 10 6105 20 90 6105 90 10 6109 10 00 6109 90 20 6110 20 10 6110 30 10

5

Geansaithe, geansaithe gan mhuinchillí, bástcótaí, geansaithe-cairdeagain phéireáilte, cairdeagain, seaicéid agus geansaithe leapa (seachas seaicéid agus bléasair), anoraic, geansaithe gailf, seaicéid choimléine agus a leithéid, cniotáilte nó cróiseáilte

4,53

221

ex 6101 90 80 6101 20 90 6101 30 90 6102 10 90 6102 20 90 6102 30 90 6110 11 10 6110 11 30 6110 11 90 6110 12 10 6110 12 90 6110 19 10 6110 19 90 6110 20 91 6110 20 99 6110 30 91 6110 30 99

6

Brístí fite d'fhir nó buachaillí, brístí gearra seachas feistis snámha agus treabhsair; treabhsair fite do mhná nó cailíní, as olann, as cadás nó as snáithíní de dhéantús an duine; codanna íochtaracha de chultacha reatha a bhfuil líneáil orth, seachas catagóir 16 nó 29, as cadás nó as snáithíní de dhéantús an duine

1,76

568

6203 41 10 6203 41 90 6203 42 31 6203 42 33 6203 42 35 6203 42 90 6203 43 19 6203 43 90 6203 49 19 6203 49 50 6204 61 10 6204 62 31 6204 62 33 6204 62 39 6204 63 18 6204 69 18 6211 32 42 6211 33 42 6211 42 42 6211 43 42

7

Blúsanna, léinte agus blúsléinte do mhná nó cailíní, bíodh siad cniotáilte nó cróiseáilte nó ná bíodh, as olann, as cadás nó as snáithíní de dhéantús an duine

5,55

180

6106 10 00 6106 20 00 6106 90 10 6206 20 00 6206 30 00 6206 40 00

8

Léinte d'fhir nó buachaillí, seachas iad siúd atá cniotáilte nó cróiseáilte, as olann, cadás nó snáithíní de dhéantús an duine

4,60

217

ex 6205 90 80 6205 20 00 6205 30 00

GRÚPA II A

9

Tuáille gibíneach agus fabraicí fite gibíneacha eile as cadás; línéadach ionlainne agus línéadach cistine, seachas iad siúd atá cniotáilte nó cróiseáilte, as tuáille gibíneach agus fabraicí fite gibíneacha, as cadás

 

 

5802 11 00 5802 19 00 ex 6302 60 00

 

 

20

Línéadach leapa, seachas iad siúd atá cniotáilte nó cróiseáilte

 

 

6302 21 00 6302 22 90 6302 29 90 6302 31 00 6302 32 90 6302 39 90

 

 

22

Snáth snáithíní stáplacha nó dramhsnáithíní sintéiseacha, nach bhfuil cóirithe lena mhiondíol

 

 

5508 10 10 5509 11 00 5509 12 00 5509 21 00 5509 22 00 5509 31 00 5509 32 00 5509 41 00 5509 42 00 5509 51 00 5509 52 00 5509 53 00 5509 59 00 5509 61 00 5509 62 00 5509 69 00 5509 91 00 5509 92 00 5509 99 00

 

 

22 a)

Ina measc, aicrileach

 

 

ex 5508 10 10 5509 31 00 5509 32 00 5509 61 00 5509 62 00 5509 69 00

 

 

23

Snáth snáithíní stáplacha nó dramhsnáithíní saorga, nach bhfuil cóirithe lena miondíol

 

 

5508 20 10 5510 11 00 5510 12 00 5510 20 00 5510 30 00 5510 90 00

 

 

32

Fabraicí caitíneacha fite agus fabraicí chenille (seachas tuáille gibíneach nó fabraicí gibíneacha as cadás agus fabraicí fite caola) agus dromchlaí teicstíle stothacha, as olann, as cadás nó as snáithíní teicstíle de dhéantús an duine

 

 

5801 10 00 5801 21 00 5801 22 00 5801 23 00 5801 26 00 5801 27 00 5801 31 00 5801 32 00 5801 33 00 5801 36 00 5801 37 00 5802 20 00 5802 30 00

 

 

32 a)

Ina measc: Corda cadáis

 

 

5801 22 00

 

 

39

Línéadach boird, línéadach ionlainne agus línéadach cistine, seachas iad siúd atá cniotáilte nó cróiseáilte, seachas iad siúd as tuáille gibíneach nó fabraicí gibíneacha cosúla as cadás

 

 

6302 51 00 6302 53 90 ex 6302 59 90 6302 91 00 6302 93 90 ex 6302 99 90

 

 

GRÚPA II B

12

Riteoga, stocaí, fostocaí, stocaí gearra, stocaí rúitín agus a leithéid, atá cniotáilte nó cróiseáilte, seachas iad siúd do leanaí, lena n-áirítear stocaí d'fhéitheacha borrtha, seachas táirgí chatagóir 70

24,3 péire

41

6115 10 10 ex 6115 10 90 6115 22 00 6115 29 00 6115 30 11 6115 30 90 6115 94 00 6115 95 00 6115 96 10 6115 96 99 6115 99 00

13

Fobhrístí agus mionbhrístíní d'fhir nó buachaillí, brístíní nó mionbhrístíní do mhná nó cailíní, atá cniotáilte nó cróiseáilte, as olann, as cadás nó as snáithíní de dhéantús an duine

17

59

6107 11 00 6107 12 00 6107 19 00 6108 21 00 6108 22 00 6108 29 00 ex 6212 10 10 ex 9619 00 51

14

Cótaí móra, cótaí báistí agus cótaí eile, clócaí agus cábaí, atá fite, d'fhir nó buachaillí, as cadás nó snáithíní teicstíle de dhéantús an duine (seachas parcaí) (ó chatagóir 21)

0,72

1 389

6201 11 00 ex 6201 12 10 ex 6201 12 90 ex 6201 13 10 ex 6201 13 90 6210 20 00

15

Cótaí móra, cótaí báistí agus cótaí eile, clócaí agus cábaí, atá fite, do mhná nó cailíní; seaicéid agus bléasair do mhná nó cailíní, as olann, as cadás nó as snáithíní de dhéantús an duine (seachas parcaí) (ó chatagóir 21)

0,84

1 190

6202 11 00 ex 6202 12 10 ex 6202 12 90 ex 6202 13 10 ex 6202 13 90 6204 31 00 6204 32 90 6204 33 90 6204 39 19 6210 30 00

16

Cultacha agus ensembles d'fhir nó buachaillí, seachas iad siúd atá cniotáilte nó cróiseáilte, as olann, as cadás nó as snáithíní de dhéantús an duine, gan cultacha sciála a áireamh cultacha reatha a bhfuil líneáil orthu d'fhir nó buachaillí, a bhfuil blaosc sheachtrach orthu atá déanta as aon fhabraic amháin, as cadás nó as snáithíní de dhéantús an duine

0,80

1 250

6203 11 00 6203 12 00 6203 19 10 6203 19 30 6203 22 80 6203 23 80 6203 29 18 6203 29 30 6211 32 31 6211 33 31

17

Seaicéid nó bléasair d'fhir nó buachaillí, seachas iad siúd atá cniotáilte nó cróiseáilte, as olann, as cadás nó as snáithíní de dhéantús an duine

1,43

700

6203 31 00 6203 32 90 6203 33 90 6203 39 19

18

Singléid agus veisteanna eile, fobhrístí, mionbhrístíní, léinte oíche, pitseámaí, fallaingeacha folctha, fallaingeacha seomra, agus baill éadaigh den chineál céanna d'fhir nó buachaillí, seachas iad siúd atá cniotáilte nó cróiseáilte

 

 

6207 11 00 6207 19 00 6207 21 00 6207 22 00 6207 29 00 6207 91 00 6207 99 10 6207 99 90

 

 

Singléid agus veisteanna eile, fo-bhrístí, fo-ghúnaí, brístíní, mionbhrístíní, gúnaí oíche, pitseámaí, négligees, fallaingeacha folctha, fallaingeacha seomra agus baill éadaigh den chineál céanna do mhná nó cailíní, seachas iad siúd atá cniotáilte ná cróiseáilte

 

 

6208 11 00 6208 19 00 6208 21 00 6208 22 00 6208 29 00 6208 91 00 6208 92 00 6208 99 00 ex 6212 10 10 ex 9619 00 59

 

 

19

Ciarsúir, seachas iad siúd atá cniotáilte nó cróiseáilte

59

17

6213 20 00 ex 6213 90 00

21

Parcaí; anoraic, geansaithe gailf agus a leithéid, seachas iad siúd atá cniotáilte nó cróiseáilte, as olann, as cadás nó as snáithíní de dhéantús an duine; codanna uachtaracha de chultacha reatha a bhfuil líneáil orthu, seachas catagóir 16 nó 29, as cadás nó as snáithíní de dhéantús an duine

2,3

435

ex 6201 12 10 ex 6201 12 90 ex 6201 13 10 ex 6201 13 90 6201 91 00 6201 92 00 6201 93 00 ex 6202 12 10 ex 6202 12 90 ex 6202 13 10 ex 6202 13 90 6202 91 00 6202 92 00 6202 93 00 6211 32 41 6211 33 41 6211 42 41 6211 43 41

24

Léinte oíche, pitseámaí, fallaingeacha folctha, fallaingeacha seomra agus baill éadaigh den chineál céanna d'fhir nó buachaillí, atá cniotáilte nó cróiseáilte

3,9

257

6107 21 00 6107 22 00 6107 29 00 6107 91 00 ex 6107 99 00

Gúnaí oíche, pitseámaí, négligees, fallaingeacha folctha, fallaingeacha seomra agus baill éadaigh den chineál céanna do mhná nó cailíní, atá cniotáilte nó cróiseáilte

6108 31 00 6108 32 00 6108 39 00 6108 91 00 6108 92 00 ex 6108 99 00

26

Gúnaí do mhná nó cailíní, as olann, as cadás nó as snáithíní de dhéantús an duine

3,1

323

6104 41 00 6104 42 00 6104 43 00 6104 44 00 6204 41 00 6204 42 00 6204 43 00 6204 44 00

27

Sciortaí, lena n-áirítear sciortaí roinnte, do mhná nó cailíní

2,6

385

6104 51 00 6104 52 00 6104 53 00 6104 59 00 6204 51 00 6204 52 00 6204 53 00 6204 59 10

28

Treabhsair, rabhlaeir beannóg is guailleán, brístí agus brístí gearra (seachas feisteas snámha), atá cniotáilte nó cróiseáilte, as olann, as cadás nó as snáithíní de dhéantús an duine

1,61

620

6103 41 00 6103 42 00 6103 43 00 ex 6103 49 00 6104 61 00 6104 62 00 6104 63 00 ex 6104 69 00

29

Cultacha agus ensembles do mhná nó cailíní, seachas iad siúd atá cniotáilte nó cróiseáilte, as olann, as cadás nó as snáithíní de dhéantús an duine, gan cultacha sciála a áireamh cultacha reatha a bhfuil líneáil orthu do mhná nó cailíní, a bhfuil blaosc sheachtrach orthu atá déanta d'aon fhabraic amháin, as cadás nó as snáithíní de dhéantús an duine

1,37

730

6204 11 00 6204 12 00 6204 13 00 6204 19 10 6204 21 00 6204 22 80 6204 23 80 6204 29 18 6211 42 31 6211 43 31

31

Cíochbhearta, atá fite, cniotáilte nó cróiseáilte

18,2

55

ex 6212 10 10 6212 10 90

68

Baill éadaigh agus oiriúintí éadaigh do leanaí, seachas lámhainní, mitíní agus miotóga do leanaí ó chatagóir 10 agus 87, agus stocaí, stocaí gearra agus stocaí rúitín do leanaí, seachas iad siúd atá cniotáilte nó cróiseáilte, ó chatagóir 88

 

 

6111 90 19 6111 20 90 6111 30 90 ex 6111 90 90 ex 6209 90 10 ex 6209 20 00 ex 6209 30 00 ex 6209 90 90 ex 9619 00 51 ex 9619 00 59

 

 

73

Cultacha reatha as fabraic chniotáilte nó chróiseáilte, as olann, as cadás nó as snáithíní teicstíle de dhéantús an duine

1,67

600

6112 11 00 6112 12 00 6112 19 00

76

Éadaí tionsclaíocha nó ceirde d'fhir nó buachaillí, seachas iad siúd atá cniotáilte nó cróiseáilte

 

 

6203 22 10 6203 23 10 6203 29 11 6203 32 10 6203 33 10 6203 39 11 6203 42 11 6203 42 51 6203 43 11 6203 43 31 6203 49 11 6203 49 31 6211 32 10 6211 33 10

 

 

Naprúin, forléinte-rabhlaeir agus éadaí tionsclaíocha nó ceirde eile do mhná nó cailíní, seachas iad siúd atá cniotáilte nó cróiseáilte

 

 

6204 22 10 6204 23 10 6204 29 11 6204 32 10 6204 33 10 6204 39 11 6204 62 11 6204 62 51 6204 63 11 6204 63 31 6204 69 11 6204 69 31 6211 42 10 6211 43 10

 

 

77

Cultacha sciála, seachas iad siúd atá cniotáilte nó cróiseáilte

 

 

ex 6211 20 00

 

 

78

Baill éadaigh, seachas iad siúd atá cniotáilte nó cróiseáilte, seachas baill éadaigh chatagóirí 6, 7, 8, 14, 15, 16, 17, 18, 21, 26, 27, 29, 68, 72, 76 agus 77

 

 

6203 41 30 6203 42 59 6203 43 39 6203 49 39 6204 61 85 6204 62 59 6204 62 90 6204 63 39 6204 63 90 6204 69 39 6204 69 50 6210 40 00 6210 50 00 6211 32 90 6211 33 90 ex 6211 39 00 6211 42 90 6211 43 90 ex 6211 49 00 ex 9619 00 59

 

 

83

Cótaí móra, seaicéid, bléasair agus baill éadaigh eile, lena n-áirítear cultacha sciála, atá cniotáilte nó cróiseáilte, seachas baill éadaigh chatagóirí 4, 5, 7, 13, 24, 26, 27, 28, 68, 69, 72, 73, 74, 75

 

 

ex 6101 90 20 6101 20 10 6101 30 10 6102 10 10 6102 20 10 6102 30 10 6103 31 00 6103 32 00 6103 33 00 ex 6103 39 00 6104 31 00 6104 32 00 6104 33 00 ex 6104 39 00 6112 20 00 6113 00 90 6114 20 00 6114 30 00 ex 6114 90 00 ex 9619 00 51

 

 

GRÚPA III A

33

Fabraicí fite as snáth filiméid shintéisigh a fhaightear ó stiall nó a leithéid phoileitiléine nó pholapróipiléine, atá níos lú ná 3 m ar leithead

 

 

5407 20 11

 

 

Saic agus málaí, de chineál a úsáidtear chun earraí a phacáil, nach bhfuil cniotáilte ná cróiseáilte, a fhaightear ó stiall nó a leithéid

 

 

6305 32 19 6305 33 90

 

 

34

Fabraicí fite as snáth filiméid shintéisigh a fhaightear ó stiall nó a leithéid phoileitiléine nó pholapróipiléine, atá 3 m ar leithead nó níos mó

 

 

5407 20 19

 

 

35

Fabraicí fite as filiméid shintéiseacha, seachas iad siúd a úsáidtear le haghaidh bonn ó chatagóir 114

 

 

5407 10 00 5407 20 90 5407 30 00 5407 41 00 5407 42 00 5407 43 00 5407 44 00 5407 51 00 5407 52 00 5407 53 00 5407 54 00 5407 61 10 5407 61 30 5407 61 50 5407 61 90 5407 69 10 5407 69 90 5407 71 00 5407 72 00 5407 73 00 5407 74 00 5407 81 00 5407 82 00 5407 83 00 5407 84 00 5407 91 00 5407 92 00 5407 93 00 5407 94 00 ex 5811 00 00 ex 5905 00 70

 

 

35 a)

Ina measc: Seachas neamhthuartha nó tuartha

 

 

ex 5407 10 00 ex 5407 20 90 ex 5407 30 00 5407 42 00 5407 43 00 5407 44 00 5407 52 00 5407 53 00 5407 54 00 5407 61 30 5407 61 50 5407 61 90 5407 69 90 5407 72 00 5407 73 00 5407 74 00 5407 82 00 5407 83 00 5407 84 00 5407 92 00 5407 93 00 5407 94 00 ex 5811 00 00 ex 5905 00 70

 

 

36

Fabraicí fite as filiméid shaorga, seachas iad siúd a úsáidtear le haghaidh bonn ó chatagóir 114

 

 

5408 10 00 5408 21 00 5408 22 10 5408 22 90 5408 23 00 5408 24 00 5408 31 00 5408 32 00 5408 33 00 5408 34 00 ex 5811 00 00 ex 5905 00 70

 

 

36 a)

Ina measc: Seachas neamhthuartha nó tuartha

 

 

ex 5408 10 00 5408 22 10 5408 22 90 5408 23 00 5408 24 00 5408 32 00 5408 33 00 5408 34 00 ex 5811 00 00 ex 5905 00 70

 

 

37

Fabraicí fite as snáithíní saorga stáplacha

 

 

5516 11 00 5516 12 00 5516 13 00 5516 14 00 5516 21 00 5516 22 00 5516 23 10 5516 23 90 5516 24 00 5516 31 00 5516 32 00 5516 33 00 5516 34 00 5516 41 00 5516 42 00 5516 43 00 5516 44 00 5516 91 00 5516 92 00 5516 93 00 5516 94 00 ex 5803 00 90 ex 5905 00 70

 

 

37 a)

Ina measc: Seachas neamhthuartha nó tuartha

 

 

5516 12 00 5516 13 00 5516 14 00 5516 22 00 5516 23 10 5516 23 90 5516 24 00 5516 32 00 5516 33 00 5516 34 00 5516 42 00 5516 43 00 5516 44 00 5516 92 00 5516 93 00 5516 94 00 ex 5803 00 90 ex 5905 00 70

 

 

38 A

Fabraic shintéiseach do chuirtíní atá cniotáilte nó cróiseáilte, lena n-áirítear fabraic do chuirtíní eangachúla

 

 

6005 31 10 6005 32 10 6005 33 10 6005 34 10 6006 31 10 6006 32 10 6006 33 10 6006 34 10

 

 

38 B

Cuirtíní eangachúla, seachas iad siúd atá cniotáilte nó cróiseáilte

 

 

ex 6303 91 00 ex 6303 92 90 ex 6303 99 90

 

 

40

Cuirtíní fite (lena n-áirítear fallaingí, dallóga intí, sciortaí cuirtíní agus leapa agus earraí fearastaithe eile), seachas iad siúd atá cniotáilte ná cróiseáilte, as olann, as cadás nó as snáithíní de dhéantús an duine

 

 

ex 6303 91 00 ex 6303 92 90 ex 6303 99 90 6304 19 10 ex 6304 19 90 6304 92 00 ex 6304 93 00 ex 6304 99 00

 

 

41

Snáth as filiméid shintéiseacha (leanúnach), nach bhfuil cóirithe lena mhiondíol, seachas snáth aonair neamhuigeach gan chasnóg nó a bhfuil casnóg nach mó ná 50 casadh/m air

 

 

5401 10 12 5401 10 14 5401 10 16 5401 10 18 5402 11 00 5402 19 00 5402 20 00 5402 31 00 5402 32 00 5402 33 00 5402 34 00 5402 39 00 5402 44 00 5402 48 00 5402 49 00 5402 51 00 5402 52 00 5402 59 10 5402 59 90 5402 61 00 5402 62 00 5402 69 10 5402 69 90 ex 5604 90 10 ex 5604 90 90

 

 

42

Snáth as snáithíní leanúnacha de dhéantús an duine, nach bhfuil cóirithe lena mhiondíol

 

 

5401 20 10

 

 

Snáth as snáithíní saorga; snáth as filiméid shaorga, nach bhfuil cóirithe lena mhiondíol, seachas snáth aonair réóin vioscóis gan chasnóg nó a bhfuil casnóg nach mó ná 250 casadh/m air agus snáth neamhuigeach as aicéatáit cheallalóis

 

 

5403 10 00 5403 32 00 ex 5403 33 00 5403 39 00 5403 41 00 5403 42 00 5403 49 00 ex 5604 90 10

 

 

43

Snáth as filiméid de dhéantús an duine, snáth as snáithíní stáplacha saorga, snáth cadáis, atá cóirithe lena mhiondíol

 

 

5204 20 00 5207 10 00 5207 90 00 5401 10 90 5401 20 90 5406 00 00 5508 20 90 5511 30 00

 

 

46

Olann chardáilte nó chíortha ó chaoirigh nó ó uain nó fionnadh mín ainmhíoch eile

 

 

5105 10 00 5105 21 00 5105 29 00 5105 31 00 5105 39 00

 

 

47

Snáth as olann chardáilte ó chaoirigh nó ó uain (snáth olla) nó as fionnadh mín ainmhíoch cardáilte, nach bhfuil cóirithe lena mhiondíol

 

 

5106 10 10 5106 10 90 5106 20 10 5106 20 91 5106 20 99 5108 10 10 5108 10 90

 

 

48

Snáth as olann chíortha ó chaoirigh nó ó uain (snáth mustairte) nó as fionnadh mín ainmhíoch cíortha, nach bhfuil cóirithe lena mhiondíol

 

 

5107 10 10 5107 10 90 5107 20 10 5107 20 30 5107 20 51 5107 20 59 5107 20 91 5107 20 99 5108 20 10 5108 20 90

 

 

49

Snáth as olann ó chaoirigh nó ó uain nó as fionnadh mín ainmhíoch cíortha, atá cóirithe lena mhiondíol

 

 

5109 10 10 5109 10 90 5109 90 00

 

 

50

Fabraicí fite as olann ó chaoirigh nó ó uain nó as fionnadh mín ainmhíoch

 

 

5111 11 00 5111 19 00 5111 20 00 5111 30 10 5111 30 80 5111 90 10 5111 90 91 5111 90 98 5112 11 00 5112 19 00 5112 20 00 5112 30 10 5112 30 80 5112 90 10 5112 90 91 5112 90 98

 

 

51

Cadás, atá cardáilte nó cíortha

 

 

5203 00 00

 

 

53

Uige chadáis

 

 

5803 00 10

 

 

54

Snáithíní saorga stáplacha, lena n-áirítear dramhshnáithíní, nó atá cardáilte, cíortha nó próiseáilte lena sníomh ar bhealach eile

 

 

5507 00 00

 

 

55

Snáithíní sintéiseacha stáplacha, lena n-áirítear dramhshnáithíní, nó atá cardáilte, cíortha nó próiseáilte lena sníomh ar bhealach eile

 

 

5506 10 00 5506 20 00 5506 30 00 5506 90 00

 

 

56

Snáth as snáithíní sintéiseacha stáplacha (lena n-áirítear dramhshnáithíní), atá cóirithe lena mhiondíol

 

 

5508 10 90 5511 10 00 5511 20 00

 

 

58

Cairpéid agus rugaí, snaidhmthe (bídís cóirithe nó ná bíodh)

 

 

5701 10 10 5701 10 90 5701 90 10 5701 90 90

 

 

59

Cairpéid agus clúdaigh urláir teicstíle eile, seachas cairpéid chatagóir 58

 

 

5702 10 00 5702 31 10 5702 31 80 5702 32 10 5702 32 90 ex 5702 39 00 5702 41 10 5702 41 90 5702 42 10 5702 42 90 ex 5702 49 00 5702 50 10 5702 50 31 5702 50 39 ex 5702 50 90 5702 91 00 5702 92 10 5702 92 90 ex 5702 99 00 5703 10 00 5703 20 12 5703 20 18 5703 20 92 5703 20 98 5703 30 12 5703 30 18 5703 30 82 5703 30 88 5703 90 20 5703 90 80 5704 10 00 5704 90 00 5705 00 30 ex 5705 00 80

 

 

60

Táipéisí, lámhdhéanta, den chineál Gobelins, Flóndras, Aubusson, Beauvais agus a leithéid, agus táipéisí fuála (e.g. petit point agus greim trasna) a dhéantar i bpainéil agus a leithéid de láimh

 

 

5805 00 00

 

 

61

Fabraicí fite caola, agus fabraicí caola (bolduc) ina bhfuil dlúth gan inneach, atá cóimeáilte trí úsáid a bhaint as greamachán, seachas lipéid agus earraí comhchosúla ó chatagóir 62

Fabraicí agus ciumhsóga laisteacha (nach bhfuil cniotáilte ná cróiseáilte), atá déanta as ábhair theicstíle atá cóimeáilte as snáithín rubair

 

 

ex 5806 10 00 5806 20 00 5806 31 00 5806 32 10 5806 32 90 5806 39 00 5806 40 00

 

 

62

Snáth chenille (lena n-áirítear snáth chenille flocais), snáth galúnaithe (seachas snáth miotalaithe nó snáth róin galúnaithe)

 

 

5606 00 91 5606 00 99

 

 

Fabraicí fialsíoda agus fabraicí eangachúla eile ach gan fabraicí fite, cniotáilte ná cróiseáilte a áireamh, lása lámhdhéanta nó déanta go meicniúil, sa phíosa, i stiallacha nó i móitífeanna

 

 

5804 10 10 5804 10 90 5804 21 10 5804 21 90 5804 29 10 5804 29 90 5804 30 00

 

 

Lipéid, suaitheantaisí agus a leithéid as ábhair theicstíle, neamhbhróidnithe, sa phíosa, i stiallacha nó gearrtha de réir crutha nó méide, atá fite

 

 

5807 10 10 5807 10 90

 

 

Bréideanna agus ciumhsóga ornáideacha sa phíosa; scothóga, bobailíní agus a leithéid

 

 

5808 10 00 5808 90 00

 

 

Bróidnéireacht, sa phíosa, i stiallacha nó i móitífeanna

 

 

5810 10 10 5810 10 90 5810 91 10 5810 91 90 5810 92 10 5810 92 90 5810 99 10 5810 99 90

 

 

63

Fabraic chniotáilte nó chróiseáilte as snáithíní sintéiseacha ina bhfuil 5 % snáth leaistiméireach nó níos mó de réir meáchain) agus fabraicí cniotáilte nó cróiseáilte ina bhfuil 5 % snáithín rubair nó níos mó de réir meáchain

 

 

5906 91 00 ex 6002 40 00 6002 90 00 ex 6004 10 00 6004 90 00

 

 

Lása Raschel agus fabraic chaitín fada as snáithíní sintéiseacha

 

 

ex 6001 10 00 6003 30 10 6005 31 50 6005 32 50 6005 33 50 6005 34 50

 

 

65

Fabraic chniotáilte nó chróiseáilte, seachas iad siúd ó chatagóirí 38 A agus 63, as olann, as cadás nó as snáithíní de dhéantús an duine

 

 

5606 00 10 ex 6001 10 00 6001 21 00 6001 22 00 ex 6001 29 00 6001 91 00 6001 92 00 ex 6001 99 00 ex 6002 40 00 6003 10 00 6003 20 00 6003 30 90 6003 40 00 ex 6004 10 00 6005 90 10 6005 21 00 6005 22 00 6005 23 00 6005 24 00 6005 31 90 6005 32 90 6005 33 90 6005 34 90 6005 41 00 6005 42 00 6005 43 00 6005 44 00 6006 10 00 6006 21 00 6006 22 00 6006 23 00 6006 24 00 6006 31 90 6006 32 90 6006 33 90 6006 34 90 6006 41 00 6006 42 00 6006 43 00 6006 44 00

 

 

66

Rugaí agus pluideanna taistil, seachas iad siúd atá cniotáilte nó cróiseáilte, as olann, cadás nó snáithíní de dhéantús an duine

 

 

6301 10 00 6301 20 90 6301 30 90 ex 6301 40 90 ex 6301 90 90

 

 

GRÚPA III B

10

Lámhainní, mitíní agus miotóga, atá cniotáilte nó cróiseáilte

17 bpéire

59

6111 90 11 6111 20 10 6111 30 10 ex 6111 90 90 6116 10 20 6116 10 80 6116 91 00 6116 92 00 6116 93 00 6116 99 00

67

Oiriúintí éadaigh, atá cniotáilte nó cróiseáilte, seachas do leanbáin; línéadach tí de gach cineál, atá cniotáilte nó cróiseáilte; cuirtíní (lena n-áirítear fallaingí) agus dallóga intí, sciortaí cuirtíní nó leapa agus earraí fearastaithe eile, atá cniotáilte nó cróiseáilte; pluideanna agus rugaí taistil, atá cniotáilte nó cróiseáilte, earraí cniotáilte nó cróiseáilte eile lena n-áirítear codanna de bhaill éadaigh nó d'oiriúintí éadaigh

 

 

5807 90 90 6113 00 10 6117 10 00 6117 80 10 6117 80 80 6117 90 00 6301 20 10 6301 30 10 6301 40 10 6301 90 10 6302 10 00 6302 40 00 ex 6302 60 00 6303 12 00 6303 19 00 6304 11 00 6304 91 00 ex 6305 20 00 6305 32 11 ex 6305 32 90 6305 33 10 ex 6305 39 00 ex 6305 90 00 6307 10 10 6307 90 10 9619 00 41 ex 9619 00 51

 

 

67 a)

Ina measc: Saic agus málaí de chineál a úsáidtear chun earraí a phacáil, déanta as stiall phoileitiléine nó pholapróipiléine

 

 

6305 32 11 6305 33 10

 

 

69

Fo-ghúnaí agus peireacóit do mhná agus cailíní, atá cniotáilte nó cróiseáilte

7,8

128

6108 11 00 6108 19 00

70

Riteoga as snáithíní sintéiseacha, atá níos lú ná 67 deiciteics (6,7 teics) ar dlús in aghaidh an tsnátha aonair

30,4 péire

33

ex 6115 10 90 6115 21 00 6115 30 19

Góiséireacht lánfhada do mhná as snáithíní sintéiseacha

ex 6115 10 90 6115 96 91

72

Feistis snámha as olann, as cadás nó as snáithíní de dhéantús an duine

9,7

103

6112 31 10 6112 31 90 6112 39 10 6112 39 90 6112 41 10 6112 41 90 6112 49 10 6112 49 90 6211 11 00 6211 12 00

74

Cultacha agus ensembles, atá cniotáilte nó cróiseáilte, as olann, as cadás nó as snáithíní de dhéantús an duine do mhná nó cailíní, gan cultacha sciála a áireamh

1,54

650

6104 13 00 6104 19 20 ex 6104 19 90 6104 22 00 6104 23 00 6104 29 10 ex 6104 29 90

75

Cultacha agus ensembles, atá cniotáilte nó cróiseáilte, as olann, as cadás nó as snáithíní de dhéantús an duine d'fhir nó buachaillí, gan cultacha sciála a áireamh

0,80

1 250

6103 10 10 6103 10 90 6103 22 00 6103 23 00 6103 29 00

84

Seálta, scaifeanna, muifléid, cailleacha cloiginn, cailleacha agus a leithéid seachas iad siúd atá cniotáilte nó cróiseáilte, as olann, cadás nó snáithíní de dhéantús an duine

 

 

6214 20 00 6214 30 00 6214 40 00 ex 6214 90 00

 

 

85

Carbhait, carbhait cuachóige, agus muiníl charbhait seachas iad siúd atá cniotáilte nó cróiseáilte, as olann, cadás nó snáithíní de dhéantús an duine

17,9

56

6215 20 00 6215 90 00

86

Cóirséid, criosanna cóirséid, criosanna gealais, gealasacha, gairtéir agus a leithéid, agus codanna díobh, bídís cniotáilte nó cróiseáilte nó ná bíodh

8,8

114

6212 20 00 6212 30 00 6212 90 00

87

Lámhainní, mitíní agus miotóga, nach bhfuil cniotáilte ná cróiseáilte

 

 

ex 6209 90 10 ex 6209 20 00 ex 6209 30 00 ex 6209 90 90 6216 00 00

 

 

88

Stocaí, stocaí gearra agus stocaí rúitín, nach bhfuil cniotáilte ná cróiseáilte; oiriúintí éadaigh eile, codanna de bhaill éadaigh nó d'oiriúintí éadaigh seachas do leanbáin, seachas iad siúd atá cniotáilte nó cróiseáilte

 

 

ex 6209 90 10 ex 6209 20 00 ex 6209 30 00 ex 6209 90 90 6217 10 00 6217 90 00

 

 

90

Sreangán, téadra, téada agus cáblaí snáithíní sintéiseacha, bídís trilseánaithe nó ná bíodh

 

 

5607 41 00 5607 49 11 5607 49 19 5607 49 90 5607 50 11 5607 50 19 5607 50 30 5607 50 90

 

 

91

Pubaill

 

 

6306 22 00 6306 29 00

 

 

93

Saic agus málaí, de chineál a úsáidtear chun earraí a phacáil, as fabraicí fite, seachas iad siúd atá déanta as stiall phoileitiléine nó pholapróipiléine

 

 

ex 6305 20 00 ex 6305 32 90 ex 6305 39 00

 

 

94

Flocas ábhar teicstíle agus earraí atá déanta as; snáithíní teicstíle, nach faide ná 5 mm (flocas), dusta teicstíle agus “neps” muilinn

 

 

5601 21 10 5601 21 90 5601 22 10 5601 22 90 5601 29 00 5601 30 00 9619 00 31 9619 00 39

 

 

95

Feilt agus earraí atá déanta aisti, bídís tuilithe nó brataithe nó ná bíodh, seachas clúdaigh urláir

 

 

5602 10 19 5602 10 31 ex 5602 10 38 5602 10 90 5602 21 00 ex 5602 29 00 5602 90 00 ex 5807 90 10 ex 5905 00 70 6210 10 10 6307 90 91

 

 

96

fabraicí neamhfhite agus earraí atá déanta as fabraicí den sórt sin, bídís tuilithe, brataithe, clúdaithe nó lannaithe nó ná bíodh

 

 

5603 11 10 5603 11 90 5603 12 10 5603 12 90 5603 13 10 5603 13 90 5603 14 10 5603 14 90 5603 91 10 5603 91 90 5603 92 10 5603 92 90 5603 93 10 5603 93 90 5603 94 10 5603 94 90 ex 5807 90 10 ex 5905 00 70 6210 10 92 6210 10 98 ex 6301 40 90 ex 6301 90 90 6302 22 10 6302 32 10 6302 53 10 6302 93 10 6303 92 10 6303 99 10 ex 6304 19 90 ex 6304 93 00 ex 6304 99 00 ex 6305 32 90 ex 6305 39 00 6307 10 30 6307 90 92 ex 6307 90 98 9619 00 49 ex 9619 00 59

 

 

97

Eangacha agus fál atá déanta as sreangán, téadra nó téada agus eangacha iascaigh cóirithe as snáth, sreangán, téadra nó téada

 

 

5608 11 20 5608 11 80 5608 19 11 5608 19 19 5608 19 30 5608 19 90 5608 90 00

 

 

98

Earraí eile atá déanta as snáth, sreangán, téadra, cáblaí nó téada, seachas fabraicí teicstíle, earraí atá déanta as fabraicí den chineál sin agus earraí chatagóir 97

 

 

5609 00 00 5905 00 10

 

 

99

Fabraicí teicstíle atá brataithe le guma nó substaintí amaláiseacha, de chineál a úsáidtear do chlúdaigh sheachtracha leabhar agus a leithéid; rianéadach; canbhás ullmhaithe péinteála; bucram agus fabraicí teicstíle righnithe comhchosúla de chineál a úsáidtear do bhoinn hataí

 

 

5901 10 00 5901 90 00

 

 

Líonóil, bíodh sí gearrtha de réir múnla nó ná bíodh; clúdaigh urláir ina bhfuil bratú nó clúdach atá curtha ar thaca teicstíle, bídís gearrtha de réir múnla nó ná bíodh

 

 

5904 10 00 5904 90 00

 

 

Fabraicí teicstíle rubaraithe, nach bhfuil cniotáilte ná cróiseáilte, gan iad siúd do bhoinn a áireamh

 

 

5906 10 00 5906 99 10 5906 99 90

 

 

Fabraicí teicstíle atá tuilithe nó brataithe ar bhealach eile; canbhás péinteála mar radharcra amharclainne, cúlbhrat stiúideo, seachas ó chatagóir 100

 

 

5907 00 00

 

 

100

Fabraicí teicstíle tuilithe, brataithe, clúdaithe nó lannaithe le hullmhóidí as díorthaigh ceallalóis nó as ábhair phlaisteacha shaorga eile

 

 

5903 10 10 5903 10 90 5903 20 10 5903 20 90 5903 90 10 5903 90 91 5903 90 99

 

 

101

Sreangán, téadra, téada agus cáblaí, bídís trilseánaithe nó ná bíodh, seachas iad siúd as snáithíní sintéiseacha

 

 

ex 5607 90 90

 

 

109

Tarpóil, seolta, scáthbhrait agus dallóga gréine

 

 

6306 12 00 6306 19 00 6306 30 00

 

 

110

Tochtanna neomatacha fite

 

 

6306 40 00

 

 

111

Earraí campála, fite, seachas tochtanna neomatacha agus pubaill

 

 

6306 90 00

 

 

112

Earraí teicstíle cóirithe eile, fite, gan iad siúd ó chatagóir 113 agus catagóir 114 a áireamh

 

 

6307 20 00 ex 6307 90 98

 

 

113

Éadach urláir, éadaigh soithí agus glantóirí deannaigh, seachas iad siúd atá cniotáilte nó cróiseáilte

 

 

6307 10 90

 

 

114

Fabraicí fite agus earraí chun úsáide teicniúla

 

 

5902 10 10 5902 10 90 5902 20 10 5902 20 90 5902 90 10 5902 90 90 5908 00 00 5909 00 10 5909 00 90 5910 00 00 5911 10 00 ex 5911 20 00 5911 31 11 5911 31 19 5911 31 90 5911 32 11 5911 32 19 5911 32 90 5911 40 00 5911 90 10 5911 90 90

 

 

GRÚPA IV

115

Snáth lín nó snáth ráimí

 

 

5306 10 10 5306 10 30 5306 10 50 5306 10 90 5306 20 10 5306 20 90 5308 90 12 5308 90 19

 

 

117

Fabraicí fite lín nó ráimí

 

 

5309 11 10 5309 11 90 5309 19 00 5309 21 00 5309 29 00 5311 00 10 ex 5803 00 90 5905 00 30

 

 

118

Línéadach boird, línéadach ionlainne agus línéadach cistine as líon nó ráimí, seachas iad siúd atá cniotáilte nó cróiseáilte

 

 

6302 29 10 6302 39 20 6302 59 10 ex 6302 59 90 6302 99 10 ex 6302 99 90

 

 

120

Cuirtíní (lena n-áirítear fallaingí), dallóga intí, sciortaí cuirtíní agus leapa agus earraí fearastaithe eile, nach bhfuil cniotáilte ná cróiseáilte, as líon nó ráimí

 

 

ex 6303 99 90 6304 19 30 ex 6304 99 00

 

 

121

Sreangán, téadra, téada agus cáblaí, bídís trilseánaithe nó ná bíodh, as líon nó ráimí

 

 

ex 5607 90 90

 

 

122

Saic agus málaí, de chineál a úsáidtear chun earraí a phacáil, a úsáideadh cheana, as líon, seachas iad siúd atá cniotáilte nó cróiseáilte

 

 

ex 6305 90 00

 

 

123

Fabraicí caitíneacha fite agus fabraicí chenille, as líon nó ráimí, seachas fabraicí fite caola

 

 

5801 90 10 ex 5801 90 90

 

 

Seálta, scaifeanna, muifléid, cailleacha cloiginn, cailleacha agus a leithéid, as líon nó ráimí, seachas iad siúd atá cniotáilte nó cróiseáilte

 

 

ex 6214 90 00

 

 

GRÚPA V

124

Snáithíní stáplacha sintéiseacha

 

 

5501 10 00 5501 20 00 5501 30 00 5501 40 00 5501 90 00 5503 11 00 5503 19 00 5503 20 00 5503 30 00 5503 40 00 5503 90 00 5505 10 10 5505 10 30 5505 10 50 5505 10 70 5505 10 90

 

 

125 A

Snáth filiméid sintéiseach (leanúnach) nach bhfuil cóirithe lena mhiondíol, seachas snáth chatagóir 41

 

 

5402 45 00 5402 46 00 5402 47 00

 

 

125 B

Aonfhiliméad, stiall (tuí saorga agus a leithéid) agus snáithe caoláin bréige as ábhair shintéiseacha

 

 

5404 11 00 5404 12 00 5404 19 00 5404 90 10 5404 90 90 ex 5604 90 10 ex 5604 90 90

 

 

126

Snáithíní stáplacha saorga

 

 

5502 00 10 5502 00 40 5502 00 80 5504 10 00 5504 90 00 5505 20 00

 

 

127 A

Filiméid shaorga snátha (leanúnach) nach bhfuil cóirithe lena miondíol, seachas snáth chatagóir 42

 

 

5403 31 00 ex 5403 32 00 ex 5403 33 00

 

 

127 B

Aonfhiliméad, stiall (tuí saorga agus a leithéid) agus snáithe caoláin bréige ábhar saorga teicstíle

 

 

5405 00 00 ex 5604 90 90

 

 

128

Fionnadh ainmhíoch garbh, cardáilte nó cíortha

 

 

5105 40 00

 

 

129

Snáth as fionnadh ainmhíoch garbh nó rón

 

 

5110 00 00

 

 

130 A

Snáth síoda seachas snáth atá sníofa ó dhramhshíoda

 

 

5004 00 10 5004 00 90 5006 00 10

 

 

130 B

Snáth síoda seachas ó chatagóir 130 A; snáithe seiriceán

 

 

5005 00 10 5005 00 90 5006 00 90 ex 5604 90 90

 

 

131

Snáth as snáithíní teicstíle glasrúla eile

 

 

5308 90 90

 

 

132

Snáth páipéir

 

 

5308 90 50

 

 

133

Snáth as fíorchnáib

 

 

5308 20 10 5308 20 90

 

 

134

Snáth miotalaithe

 

 

5605 00 00

 

 

135

Fabraicí fite as fionnadh ainmhíoch garbh nó rón

 

 

5113 00 00

 

 

136

Fabraicí sníofa as síoda nó as dramhshíoda

 

 

5007 10 00 5007 20 11 5007 20 19 5007 20 21 5007 20 31 5007 20 39 5007 20 41 5007 20 51 5007 20 59 5007 20 61 5007 20 69 5007 20 71 5007 90 10 5007 90 30 5007 90 50 5007 90 90 5803 00 30 ex 5905 00 90 ex 5911 20 00

 

 

137

Fabraicí caitíneacha fite agus fabraicí chenille agus fabraicí fite caola as síoda, nó as dramhshíoda

 

 

ex 5801 90 90 ex 5806 10 00

 

 

138

Fabraicí fite as snáth páipéir agus snáithíní teicstíle eile seachas iad siúd as ráimí

 

 

5311 00 90 ex 5905 00 90

 

 

139

Fabraicí fite as snáitheanna miotail nó as snáth miotalaithe

 

 

5809 00 00

 

 

140

Fabraicí cniotáilte nó cróiseáilte as ábhar teicstíle seachas olann nó fionnadh ainmhíoch mín, cadás nó snáithíní de dhéantús an duine

 

 

ex 6001 10 00 ex 6001 29 00 ex 6001 99 00 6003 90 00 6005 90 90 6006 90 00

 

 

141

Pluideanna agus rugaí taistil as ábhar teicstíle seachas olann nó fionnadh ainmhíoch mín, cadás nó snáithíní de dhéantús an duine

 

 

ex 6301 90 90

 

 

142

Cairpéid agus clúdaigh urláir teicstíle eile as siosal, as snáithíní eile ó fhine na n-agáibhí nó as an gcnáib mhainileach

 

 

ex 5702 39 00 ex 5702 49 00 ex 5702 50 90 ex 5702 99 00 ex 5705 00 80

 

 

144

Feilt as fionnadh ainmhíoch garbh

 

 

ex 5602 10 38 ex 5602 29 00

 

 

145

Sreangán, téadra, téada agus cáblaí, bídís trilseánaithe nó ná bíodh, as abacá (an chnáib mhainileach) nó as fíorchnáib

 

 

ex 5607 90 20 ex 5607 90 90

 

 

146 A

Sreangán ceanglóra nó burlála do mheaisíní talmhaíochta, as siosal nó snáithíní eile ó fhine na n-agáibhí

 

 

ex 5607 21 00

 

 

146 B

Sreangán, téadra, téada agus cáblaí, as siosal nó snáithíní eile ó fhine na n-agáibhí, seachas táirgí chatagóir 146 A

 

 

ex 5607 21 00 5607 29 00

 

 

146 C

Sreangán, téadra, téada agus cáblaí, bídís trilseánaithe nó bréadaithe nó ná bíodh, as siúit nó snáithíní basta teicstíle eile cheannteideal uimh. 5303

 

 

ex 5607 90 20

 

 

147

Dramhshíoda (lena n-áirítear cocúin nach bhfuil oiriúnach lena dtochras), dramhshnáth agus stoc gairnéadaithe, seachas iad siúd nach bhfuil cardáilte ná cíortha

 

 

ex 5003 00 00

 

 

148 A

Snáth as siúit nó as snáithíní basta teicstíle eile cheannteideal uimh. 5303

 

 

5307 10 00 5307 20 00

 

 

148 B

Snáth coighre

 

 

5308 10 00

 

 

149

Fabraicí fite as siúit nó as snáithíní basta teicstíle eile atá níos mó ná 150 cm ar leithead

 

 

5310 10 90 ex 5310 90 00

 

 

150

Fabraicí fite as siúit nó as snáithíní basta teicstíle eile nach mó ná 150 cm ar leithead; Saic agus málaí, de chineál a úsáidtear chun earraí a phacáil, as siúit nó as snáithíní basta teicstíle eile, seachas iad siúd a úsáideadh cheana

 

 

5310 10 10 ex 5310 90 00 5905 00 50 6305 10 90

 

 

151 A

Clúdaigh urláir as snáithíní cnónna cócó (coighir)

 

 

5702 20 00

 

 

151 B

Cairpéid agus clúdaigh urláir teicstíle eile, as siúit nó as snáithíní basta teicstíle eile, seachas iad siúd atá stothach nó bailithe

 

 

ex 5702 39 00 ex 5702 49 00 ex 5702 50 90 ex 5702 99 00

 

 

152

Feilt seoil shnáthaide as siúit nó as snáithíní basta teicstíle eile nach bhfuil tuilithe ná brataithe, seachas clúdaigh urláir

 

 

5602 10 11

 

 

153

Saic agus málaí a úsáideadh cheana, de chineál a úsáidtear chun earraí a phacáil, as siúit nó as snáithíní basta teicstíle eile cheannteideal uimh. 5303

 

 

6305 10 10

 

 

154

Cocúin seiriceáin atá oiriúnach lena dtochras

 

 

5001 00 00

 

 

Síoda amh (neamhchasta)

 

 

5002 00 00

 

 

Dramhshíoda (lena n-áirítear cocúin nach bhfuil oiriúnach lena dtochras), dramhshnáth agus stoc gairnéadaithe, nach bhfuil cardáilte ná cíortha

 

 

ex 5003 00 00

 

 

Olann nach bhfuil cardáilte ná cíortha

 

 

5101 11 00 5101 19 00 5101 21 00 5101 29 00 5101 30 00

 

 

Fionnadh ainmhíoch mín nó garbh, nach bhfuil cardáilte ná cíortha

 

 

5102 11 00 5102 19 10 5102 19 30 5102 19 40 5102 19 90 5102 20 00

 

 

Dramhaíl ó olann nó ó fhionnadh ainmhíoch mín nó garbh, lena n-áirítear dramhshnáth ach gan stoc gairnéadaithe a áireamh

 

 

5103 10 10 5103 10 90 5103 20 00 5103 30 00

 

 

Stoc gairnéadaithe as olann nó as fionnadh ainmhíoch mín nó garbh

 

 

5104 00 00

 

 

Líon, amh nó próiseáilte ach nach bhfuil sníofa: barrach agus dramhaíl lín (lena n-áirítear dramhshnáth agus stoc gairnéadaithe)

 

 

5301 10 00 5301 21 00 5301 29 00 5301 30 00

 

 

Ráimí agus snáithíní teicstíle glasrúla eile, amh nó próiseáilte ach nach bhfuil sníofa: barrach, scothanna agus dramhaíl, seachas coighir agus abacá

 

 

5305 00 00

 

 

Cadás, nach bhfuil cardáilte ná cíortha

 

 

5201 00 10 5201 00 90

 

 

Dramhchadás (lena n-áirítear dramhshnáth agus stoc gairnéadaithe)

 

 

5202 10 00 5202 91 00 5202 99 00

 

 

Fíorchnáib (Cannabis sativa L.), atá amh nó próiseáilte ach nach bhfuil sníofa: barrach agus dramhaíl fíorchnáibe (lena n-áirítear dramhshnáth agus stoc gairnéadaithe)

 

 

5302 10 00 5302 90 00

 

 

Abacá (an chnáib mhainileachMusa Textilis Nee), atá amh nó próiseáilte ach nach bhfuil sníofa: barrach agus dramhaíl abacá (lena n-áirítear dramhshnáth agus stoc gairnéadaithe)

 

 

5305 00 00

 

 

Siúit nó snáithíní basta teicstíle eile (gan líon, fíorchnáib agus ráimí a áireamh), atá amh nó próiseáilte ach nach bhfuil sníofa: barrach agus dramhaíl siúite nó snáithíní basta teicstíle eile (lena n-áirítear dramhshnáth agus stoc gairnéadaithe)

 

 

5303 10 00 5303 90 00

 

 

Snáithíní teicstíle glasrúla eile, atá amh nó próiseáilte ach nach bhfuil sníofa: barrach agus dramhaíl snáithíní den sórt sin (lena n-áirítear dramhshnáth agus stoc gairnéadaithe)

 

 

5305 00 00

 

 

156

Blúsanna agus geansaithe, atá cniotáilte nó cróiseáilte, as síoda nó dramhshíoda do mhná agus cailíní

 

 

6106 90 30 ex 6110 90 90

 

 

157

Baill éadaigh, atá cniotáilte nó cróiseáilte, seachas iad siúd ó chatagóirí 1 go 123 agus 156

 

 

ex 6101 90 20 ex 6101 90 80 6102 90 10 6102 90 90 ex 6103 39 00 ex 6103 49 00 ex 6104 19 90 ex 6104 29 90 ex 6104 39 00 6104 49 00 ex 6104 69 00 6105 90 90 6106 90 50 6106 90 90 ex 6107 99 00 ex 6108 99 00 6109 90 90 6110 90 10 ex 6110 90 90 ex 6111 90 90 ex 6114 90 00

 

 

159

Gúnaí, blúsanna agus blúsléinte, nach bhfuil cniotáilte ná cróiseáilte, as síoda nó dramhshíoda

 

 

6204 49 10 6206 10 00

 

 

Seálta, scaifeanna, muifléid, cailleacha cloiginn, cailleacha agus a leithéid, nach bhfuil cniotáilte ná cróiseáilte, as síoda nó dramhshíoda

 

 

6214 10 00

 

 

Carbhait, carbhait cuachóige, agus muiníl charbhait as síoda nó dramhshíoda

 

 

6215 10 00

 

 

160

Ciarsúir as síoda nó dramhshíoda

 

 

ex 6213 90 00

 

 

161

Baill éadaigh, nach bhfuil cniotáilte ná cróiseáilte, seachas iad siúd ó chatagóirí 1 go 123 agus catagóir 159

 

 

6201 19 00 6201 99 00 6202 19 00 6202 99 00 6203 19 90 6203 29 90 6203 39 90 6203 49 90 6204 19 90 6204 29 90 6204 39 90 6204 49 90 6204 59 90 6204 69 90 6205 90 10 ex 6205 90 80 6206 90 10 6206 90 90 ex 6211 20 00 ex 6211 39 00 ex 6211 49 00 ex 9619 00 59

 

 

163

Uige agus airteagail atá déanta d'uige atá cóirtithe i bhfoirmeacha nó in ábhair pacála lena miondíol

 

 

3005 90 31

 

 

B.   NA TÁIRGÍ TEICSTÍLE EILE DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 1(1)

Cóid AC

 

3005 90

 

3921 12 00

 

ex 3921 13

 

ex 3921 90 60

 

4202 12 19

 

4202 12 50

 

4202 12 91

 

4202 12 99

 

4202 22 10

 

4202 22 90

 

4202 32 10

 

4202 32 90

 

4202 92 11

 

4202 92 15

 

4202 92 19

 

4202 92 91

 

4202 92 98

 

5604 10 00

 

6309 00 00

 

6310 10 00

 

6310 90 00

 

ex 6405 20

 

ex 6406 10

 

ex 6406 90

 

ex 6501 00 00

 

ex 6502 00 00

 

ex 6504 00 00

 

ex 6505 00

 

ex 6506 99

 

6601 10 00

 

6601 91 00

 

6601 99

 

6601 99 90

 

7019 11 00

 

7019 12 00

 

ex 7019 19

 

8708 21 10

 

8708 21 90

 

8804 00 00

 

ex 9113 90 00

 

ex 9404 90

 

ex 9612 10


IARSCRÍBHINN II

Liosta na dtíortha dá dtagraítear in airteagal 2

 

An Bhealarúis

 

An Chóiré Thuaidh


IARSCRÍBHINN III

Teorainneacha cainníochtúla bliantúla an aontais dá dtagraítear in airteagal 3(1)

AN BHEALARÚIS

 

Catagóir

Aonad

Cainníocht

Grúpa IA

1

tonaí

1 586

 

2

tonaí

6 643

 

3

tonaí

242

Grúpa IB

4

1 000 píosa

1 839

 

5

1 000 píosa

1 105

 

6

1 000 píosa

1 705

 

7

1 000 píosa

1 377

 

8

1 000 píosa

1 160

Grúpa IIA

20

tonaí

329

 

22

tonaí

524

Grúpa IIB

15

1 000 píosa

1 726

 

21

1 000 píosa

930

 

24

1 000 píosa

844

 

26/27

1 000 píosa

1 117

 

29

1 000 píosa

468

 

73

1 000 píosa

329

Grúpa IIIB

67

tonaí

359

Grúpa IV

115

tonaí

420

 

117

tonaí

2 312

 

118

tonaí

471

AN CHÓIRÉ THUAIDH

Catagóir

Aonad

Cainníocht

1

tonaí

128

2

tonaí

153

3

tonaí

117

4

1 000 píosa

289

5

1 000 píosa

189

6

1 000 píosa

218

7

1 000 píosa

101

8

1 000 píosa

302

9

tonaí

71

12

1 000 péire

1 308

13

1 000 píosa

1 509

14

1 000 píosa

154

15

1 000 píosa

175

16

1 000 píosa

88

17

1 000 píosa

61

18

tonaí

61

19

1 000 píosa

411

20

tonaí

142

21

1 000 píosa

3 416

24

1 000 píosa

263

26

1 000 píosa

176

27

1 000 píosa

289

28

1 000 píosa

286

29

1 000 píosa

120

31

1 000 píosa

293

36

tonaí

96

37

tonaí

394

39

tonaí

51

59

tonaí

466

61

tonaí

40

68

tonaí

120

69

1 000 píosa

184

70

1 000 píosa

270

73

1 000 píosa

149

74

1 000 píosa

133

75

1 000 píosa

39

76

tonaí

120

77

tonaí

14

78

tonaí

184

83

tonaí

54

87

tonaí

8

109

tonaí

11

117

tonaí

52

118

tonaí

23

142

tonaí

10

151A

tonaí

10

151B

tonaí

10

161

tonaí

152


IARSCRÍBHINN IV

dá dtagraítear in Airteagal 3(3)

(Tá tuairiscí ar tháirgí na gcatagóirí a liostaítear san Iarscríbhinn seo le fáil i Roinn A d'Iarscríbhinn I)

An Chóiré Thuaidh

Catagóirí:

10, 22, 23, 32, 33, 34, 35, 38, 40, 41, 42, 49, 50, 53, 54, 55, 58, 62, 63, 65, 66, 67, 72, 84, 85, 86, 88, 90, 91, 93, 97, 99, 100, 101, 111, 112, 113, 114, 120, 121, 122, 123, 124, 130, 133, 134, 135, 136, 137, 138, 140, 141, 145, 146A, 146B, 146C, 149, 150, 153, 156, 157, 159, 160.


IARSCRÍBHINN V

Trácht próiseála amach

Teorainneacha bliantúla an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 4

An Bhealarúis

Catagóir

Aonad

Cainníocht

4

1 000 píosa

6 610

5

1 000 píosa

9 215

6

1 000 píosa

12 290

7

1 000 píosa

9 225

8

1 000 píosa

3 140

15

1 000 píosa

5 387

21

1 000 píosa

3 584

24

1 000 píosa

922

26/27

1 000 píosa

4 492

29

1 000 píosa

1 820

73

1 000 píosa

6 979


IARSCRÍBHINN VI

An liosta sonraí atá le tabhairt i mboscaí an doiciméid faireachais

DOICIMÉAD FAIREACHAIS

1.

Coinsíní (ainm, seoladh iomlán, tír, uimhir CBL)

2.

Uimh. eisiúna

3.

An áit agus an dáta allmhairithe atá beartaithe

4.

An t-údarás atá freagrach as an eisiúint (ainm, seoladh agus teileafón)

5.

An dearbhóir/an t-ionadaí de réir mar is infheidhme (ainm agus seoladh iomlán)

6.

Tír thionscnaimh/Cód tíre

7.

Tír an choinsínithe/Cód tíre

8.

Lá deiridh bailíochta

9.

Tuairisc ar na hearraí

10.

Cód AC agus catagóir teicstíle

11.

Cainníocht i gcileagraim (glanmhais) nó in aonaid bhreise

12.

Luach custaim in EUR, cal ag teorainn an Aontais

13.

Barúlacha breise

14.

Formhuiniú an údaráis inniúil

Dáta agus áit

(síniú) (stampa)

Bunchóip don iarrthóir

Cóip do na húdaráis inniúla

Image 1

Téacs an íomhá

Image 2

Téacs an íomhá

Image 3

Téacs an íomhá

Image 4

Téacs an íomhá

IARSCRÍBHINN VII

An rialachán aisghairthe agus liosta de na leasuithe comhleanúnacha a rinneadh air

Rialachán (CE) Uimh. 517/94 ón gComhairle

(IO L 67, 10.3.1994, lch. 1)

 

Rialachán (CE) Uimh. 1470/94 ón gCoimisiún

(IO L 159, 28.6.1994, lch. 14)

Airteagal 2, agus an tAirteagal sin amháin

Rialachán (CE) Uimh. 1756/94 ón gCoimisiún

(IO L 183, 19.7.1994, lch. 9)

Airteagal 2, agus an tAirteagal sin amháin

Rialachán (CE) Uimh. 2612/94 ón gCoimisiún

(IO L 279, 28.10.1994, lch. 7)

Airteagal 2, agus an tAirteagal sin amháin

Rialachán (CE) Uimh. 2798/94 ón gComhairle

(IO L 297, 18.11.1994, lch. 6)

 

Rialachán (CE) Uimh. 2980/94 ón gCoimisiún

(IO L 315, 8.12.1994, lch. 2)

Airteagal 2, agus an tAirteagal sin amháin

Rialachán (CE) Uimh. 3168/94 ón gCoimisiún

(IO L 335, 23.12.1994, lch. 23)

 

Rialachán (CE) Uimh. 1325/95 ón gComhairle

(IO L 128, 13.6.1995, lch. 1)

 

Rialachán (CE) Uimh. 538/96 ón gComhairle

(IO L 79, 29.3.1996, lch. 1)

 

Rialachán (CE) Uimh. 1476/96 ón gCoimisiún

(IO L 188, 27.7.1996, lch. 4)

Airteagal 2, agus an tAirteagal sin amháin

Rialachán (CE) Uimh. 1937/96 ón gCoimisiún

(IO L 255, 9.10.1996, lch. 4)

 

Rialachán (CE) Uimh. 1457/97 ón gCoimisiún

(IO L 199, 26.7.1997, lch. 6)

 

Rialachán (CE) Uimh. 2542/1999 ón gCoimisiún

(IO L 307, 2.12.1999, lch. 14)

 

Rialachán (CE) Uimh. 7/2000 ón gComhairle

(IO L 2, 5.1.2000, lch. 51)

 

Rialachán (CE) Uimh. 2878/2000 ón gCoimisiún

(IO L 333, 29.12.2000, lch. 60)

 

Rialachán (CE) Uimh. 2245/2001 ón gCoimisiún

(IO L 303, 20.11.2001, lch. 17)

 

Rialachán (CE) Uimh. 888/2002 ón gCoimisiún

(IO L 146, 4.6.2002, lch. 1)

 

Rialachán (CE) Uimh. 1309/2002 ón gComhairle

(IO L 192, 20.7.2002, lch. 1)

 

Rialachán (CE) Uimh. 1437/2003 ón gCoimisiún

(IO L 204, 13.8.2003, lch. 3)

 

Rialachán (CE) Uimh. 1484/2003 ón gCoimisiún

(IO L 212, 22.8.2003, lch. 46)

 

Rialachán (CE) Uimh. 2309/2003 ón gCoimisiún

(IO L 342, 30.12.2003, lch. 21)

 

Rialachán (CE) Uimh. 1877/2004 ón gCoimisiún

(IO L 326, 29.10.2004, lch. 25)

 

Rialachán (CE) Uimh. 931/2005 ón gCoimisiún

(IO L 162, 23.6.2005, lch. 37)

 

Rialachán (CE) Uimh. 1786/2006 ón gCoimisiún

(IO L 337, 5.12.2006, lch. 12)

 

Rialachán (CE) Uimh. 1791/2006 ón gComhairle

(IO L 363, 20.12.2006, lch. 1)

Pointe 13(2) den Iarscríbhinn, agus an pointe sin amháin

Rialachán (CE) Uimh. 1398/2007 ón gCoimisiún

(IO L 311, 29.11.2007, lch. 5)

 

Rialachán (CE) Uimh. 1260/2009 ón gCoimisiún

(IO L 338, 19.12.2009, lch. 58)

 

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1322/2011 ón gCoimisiún

(IO L 335, 17.12.2011, lch. 42)

 

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1165/2012 ón gCoimisiún

(IO L 336, 8.12.2012, lch. 55)

 

Rialachán (AE) Uimh. 517/2013 ón gComhairle

(IO L 158, 10.6.2013, lch. 1)

Pointe 16(2) den Iarscríbhinn, agus an pointe sin amháin

Rialachán (AE) Uimh. 38/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 18, 21.1.2014, lch. 52)

Pointe 2 den Iarscríbhinn, agus an pointe sin amháin


IARSCRÍBHINN VIII

Tábla comhghaoil

Rialachán (CE) Uimh. 517/94

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2(1), na focail tosaigh

Airteagal 2, na focail tosaigh

Airteagal 2(1), an chéad fhleasc

Airteagal 2(a)

Airteagal 2(1), an dara fleasc

Airteagal 2(b)

Airteagal 2(1), an tríú fleasc

Airteagal 2(1), an ceathrú fleasc

Airteagal 2(2)

Airteagal 3 go hAirteagal 8

Airteagal 3 go hAirteagal 8

Airteagal 9(1)

Airteagal 9(1)

Airteagal 9(2)(a)

Airteagal 9(2), an chéad fhomhír

Airteagal 9(2)(b), an chéad fhomhír

Airteagal 9(2), an dara fomhír

Airteagal 9(2)(b), an dara fomhír

Airteagal 9(2), an tríú fomhír

Airteagal 9(3) go hAirteagal 9(4)

Airteagal 9(3) go hAirteagal 9(4)

Airteagal 10 go hAirteagal 22

Airteagal 10 go hAirteagal 22

Airteagal 23(1)

Airteagal 23

Airteagal 23(2)

Airteagal 24

Airteagal 24

Airteagal 25

Airteagal 26

Airteagal 27

Airteagal 28

Airteagal 29

Airteagal 25(1)

Airteagal 30(1)

Airteagal 25(1a)

Airteagal 30(2)

Airteagal 25(2)

Airteagal 30(3)

Airteagal 25(5)

Airteagal 25(6)

Airteagal 25a

Airteagal 31

Airteagal 25b

Airteagal 32

Airteagal 26(1)

Airteagal 33(1)

Airteagal 26(2)(a), na focail tosaigh

Airteagal 33(2), an chéad fhomhír, na focail tosaigh

Airteagal 26(2)(a), an chéad fhleasc

Airteagal 33(2), an chéad fhomhír, pointe (a)

Airteagal 26(2)(a), an dara fleasc

Airteagal 33(2), an chéad fhomhír, pointe (b)

Airteagal 26(2)(a), an tríú fleasc

Airteagal 33(2), an chéad fhomhír, pointe (c)

Airteagal 26(2)(b)

Airteagal 33(2), an dara fomhír

Airteagal 26a

Airteagal 34

Airteagal 27

Airteagal 28

Airteagal 35

Airteagal 36

Airteagal 29

Airteagal 37

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn IIIA

Iarscríbhinn IIIB

Iarscríbhinn IV

Iarscríbhinn III

Iarscríbhinn V

Iarscríbhinn IV

Iarscríbhinn VI

Iarscríbhinn V

Iarscríbhinn VII

Iarscríbhinn VI

Iarscríbhinn VII

Iarscríbhinn VIII


25.6.2015   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

55


RIALACHÁN (AE) 2015/937 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 9 Meitheamh 2015

lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3030/93 ón gComhairle maidir le comhrialacha le haghaidh allmhairí táirgí áirithe teicstíle ó thríú tíortha

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Tháinig Rialachán (CEE) Uimh. 3030/93 (2) ón gComhairle i bhfeidhm an 9 Samhain 1993 agus cuireadh i bhfeidhm é amhail ón 1 Eanáir 1993.

(2)

An 22 Lúnasa 2012, d'aontaigh Cónaidhm na Rúise aontachas don Eagraíocht Dhomhanda Trádála. Mar thoradh air sin, bhí Poblacht na Seirbia ar an tír dheireanach a raibh comhaontú déthaobhach maidir le trádáil i dteicstílí ag an Aontas Eorpach léi.

(3)

An 29 Aibreán 2008, síníodh an Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na Seirbia, den pháirt eile (3). Tháinig sé i bhfeidhm an 1 Meán Fómhair 2013.

(4)

An 1 Feabhra 2010, tháinig an Comhaontú Eatramhach maidir le trádáil agus ábhair a bhaineann le trádáil idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt amháin, agus Poblacht na Seirbia, den pháirt eile (4) i bhfeidhm. Ó shin i leith, ní raibh feidhm ag Rialachán (CEE) Uimh. 3030/93 maidir le hallmhairí ón tSeirbia a thuilleadh.

(5)

Chuaigh Teideal I de Rialachán (CE) Uimh. 427/2003 (5) ón gComhairle in éag an 11 Nollaig 2013. Dá bhrí sin, tá an fhéidearthacht bearta cosanta a fhorchur tríd an sásra sin imithe in éag.

(6)

Ar chúiseanna deimhneachta dhlíthiúil, ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CEE) Uimh. 3030/93 a aisghairm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3030/93.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 9 Meitheamh 2015.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

Z. KALNIŅA-LUKAŠEVICA


(1)  Seasamh ó Pharlamint na hEorpa an 29 Aibreán 2015 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 28 Bealtaine 2015.

(2)  Rialachán (CEE) Uimh. 3030/93 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 1993 maidir le comhrialacha le haghaidh allmhairí táirgí áirithe teicstíle ó thríú tíortha (IO L 275, 8.11.1993, lch. 1).

(3)   IO L 278, 18.10.2013, lch. 16.

(4)   IO L 28, 30.1.2010, lch. 2.

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 427/2003 ón gComhairle an 3 Márta 2003 maidir le sásra cosanta idirthréimhseach atá sonrach ó thaobh an táirge de d'allmhairí de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 519/94 maidir le comhrialacha d'allmhairí ó thríú tíortha áirithe (IO L 65, 8.3.2003, lch. 1).


25.6.2015   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

57


RIALACHÁN (AE) 2015/938 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 9 Meitheamh 2015

maidir leis na bearta cosanta dá bhforáiltear sa Chomhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Ríocht na hIorua

(códú)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Rinneadh Rialachán (CEE) Uimh. 1692/73 ón gComhairle (2) a leasú go suntasach roinnt uaireanta (3). Ar mhaithe le soiléire agus le réasúntacht, ba cheart an Rialachán sin a chódú.

(2)

Siníodh comhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Ríocht na hIorua (4) (“an Comhaontú”) sa Bhruiséil an 14 Bealtaine 1973.

(3)

Is gá rialacha mionsonraithe chun na clásail chosanta agus na bearta réamhchúraim dá bhforáiltear in Airteagail 22 go 27 den Chomhaontú a chur chun feidhme.

(4)

Is gá coinníollacha aonfhoirmeacha chun bearta cosanta a ghlacadh i ndáil le clásail dhéthaobhacha chosanta den Chomhaontú a chur chun feidhme. Ba cheart na bearta sin a ghlacadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5).

(5)

Ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach a ghlacadh más rud é, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo a bhaineann le cásanna dá dtagraítear in Airteagal 24, Airteagal 24a agus Airteagal 26 den Chomhaontú nó i gcás cabhracha d'onnmhairí a bhfuil éifeacht dhíreach agus láithreach acu ar thrádáil, go n-éilítear amhlaidh ar mhórfhorais práinne,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh go gcuirfear an cheist faoi bhráid an Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Ríocht na hIorua (“an Comhaontú”), chun na bearta dá bhforáiltear in Airteagal 22, Airteagal 24, Airteagal 24a agus Airteagal 26 den Chomhaontú a dhéanamh. I gcás inar gá, glacfaidh an Coimisiún na bearta sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 6(2) den Rialachán seo.

Cuirfidh an Coimisiún in iúl do na Ballstáit má chinneann sé ceist a chur faoi bhráid an Chomhchoiste.

Airteagal 2

1.   I gcás cleachtas a d'fhéadfadh údar cuí a thabhairt do chur i bhfeidhm na mbeart dá bhforáiltear in Airteagal 23 den Chomhaontú ag an Aontas, déanfaidh an Coimisiún cinneadh, tar éis dó an cás a scrúdú ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin do Bhallstát, an bhfuil an cleachtas ag luí leis an gComhaontú. I gcás inar gá, glacfaidh an Coimisiún bearta cosanta i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 6(2) den Rialachán seo.

2.   I gcás cleachtas lena bhféadfaí bearta cosanta a chur i bhfeidhm maidir leis an Aontas ar bhonn Airteagal 23 den Chomhaontú, déanfaidh an Coimisiún cinneadh, tar éis dó an cás a scrúdú, an bhfuil an cleachtas ag luí leis na prionsabail atá leagtha síos sa Chomhaontú. I gcás inar gá, ceapfaidh sé moltaí iomchuí.

Airteagal 3

I gcás cleachtas a d'fhéadfadh údar cuí a thabhairt do chur i bhfeidhm na mbeart dá bhforáiltear in Airteagal 25 den Chomhaontú ag an Aontas, beidh na nósanna imeachta a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 ón gComhairle (6) agus Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle (7) infheidhme.

Airteagal 4

1.   Más rud é, de dheasca imthosca eisceachtúla, gur gá gníomhú láithreach maidir leis na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 24, Airteagal 24a agus Airteagal 26 den Chomhaontú nó i gcás cabhracha d'onnmhairí a bhfuil éifeacht dhíreach agus láithreach acu ar thrádáil, féadfaidh an Coimisiún na bearta réamhchúraim dá bhforáiltear i bpointe (e) d'Airteagal 27(3) den Chomhaontú a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 6(2) den Rialachán seo, nó i gcásanna práinne, i gcomhréir le hAirteagal 6(3) den Rialacháin seo.

2.   I gcás ina n-iarrfaidh Ballstát ar an gCoimisiún gníomhú, déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir leis an iarraidh sin laistigh de thréimhse nach faide ná cúig lá oibre tar éis an iarraidh a fháil.

Airteagal 5

Is ar an gCoimisiún a bheidh an fhreagracht fógra ón Aontas a chur chuig an gComhchoiste mar a cheanglaítear le hAirteagal 27(2) den Chomhaontú.

Airteagal 6

1.   Déanfaidh an Coiste um Choimircí a bunaíodh le hAirteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2015/478 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa Choiste sin.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 i dteannta Airteagal 5 de.

Airteagal 7

Déanfaidh an Coimisiún faisnéis maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo a áireamh sa tuarascáil bhliantúil maidir le bearta cosanta trádála a chur i bhfeidhm agus a chur chun feidhme a chuirfidh sé faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle de bhun Airteagal 22a de Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009.

Airteagal 8

Déantar Rialachán (CEE) Uimh. 1692/73 a aisghairm.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn II.

Airteagal 9

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 9 Meitheamh 2015.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

Z. KALNIŅA-LUKAŠEVICA


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 29 Aibreán 2015 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 28 Bealtaine 2015.

(2)  Rialachán (CEE) Uimh. 1692/73 ón gComhairle an 25 Meitheamh 1973 maidir leis na bearta cosanta dá bhforáiltear sa Chomhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Ríocht na hIorua (IO L 171, 27.6.1973, lch. 103).

(3)  Féach Iarscríbhinn I.

(4)   IO L 171, 27.6.1973, lch. 2.

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 ón gComhairle an 11 Meitheamh 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí fóirdheontais ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad (IO L 188, 18.7.2009, lch. 93).

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad (IO L 343, 22.12.2009, lch. 51).

(8)  Rialachán (AE) 2015/478 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2015 maidir le comhrialacha d'allmhairí (IO L 83, 27.3.2015, lch. 16).


IARSCRÍBHINN I

An Rialachán aisghairthe agus liosta de na leasuithe comhleanúnacha a rinneadh air

Rialachán (CEE) Uimh. 1692/73 ón gComhairle

(IO L 171, 27.6.1973, lch. 103)

 

Rialachán (CEE) Uimh. 641/90 ón gComhairle

(IO L 74, 20.3.1990, lch. 5)

 

Rialachán (AE) Uimh. 37/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 18, 21.1.2014, lch. 1)

Iarscríbhinn, pointe 3 amháin


IARSCRÍBHINN II

Tábla Comhghaoil

Rialachán (CEE) Uimh. 1692/73

An Rialachán seo

Airteagail 1 go 4

Airteagail 1 go 4

Airteagal 6

Airteagal 5

Airteagal 7

Airteagal 6

Airteagal 8

Airteagal 7

Airteagal 8

Airteagal 9

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn II


25.6.2015   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

62


RIALACHÁN (AE) 2015/939 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 9 Meitheamh 2015

maidir le nósanna imeachta áirithe chun an Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na hAlbáine, den pháirt eile, a fheidhmiú

(códú)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 1616/2006 (2) a leasú go substaintiúil (3). Ar mhaithe le soiléireacht agus le réasúntacht, ba cheart an Rialachán sin a chódú.

(2)

An 12 Meitheamh 2006, síníodh Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais i Lucsamburg idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na hAlbáine, den pháirt eile (4) (“CCC”) agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Aibreán 2009.

(3)

Is gá na nósanna imeachta maidir le cur i bhfeidhm forálacha áirithe de chuid an CCC a leagan síos.

(4)

Ordaítear sa CCC go bhféadfar táirgí iascaigh de thionscnamh na hAlbáine a allmhairiú isteach san Aontas ar dhleacht chustaim laghdaithe, laistigh de theorainneacha na gcuótaí taraife. Is gá, dá bhrí sin, forálacha a leagan síos lena rialaítear bainistiú na gcuótaí taraife sin.

(5)

I gcás ina bhfuil gá le bearta cosanta trádála, ba cheart iad a ghlacadh i gcomhréir leis na forálacha ginearálta a leagadh amach i Rialachán (AE) 2015/478 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), Rialachán (AE) 2015/479 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle (7) nó, Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 ón gComhairle (8) de réir mar a bheidh.

(6)

I gcás ina dtugann Ballstát faisnéis don Choimisiún faoi chalaois a d'fhéadfadh a bheith ann nó faoi mhainneachtain comhar riaracháin a sholáthar, beidh feidhm ag an reachtaíocht ábhartha Aontais, go háirithe Rialachán (CE) Uimh. 515/97 ón gComhairle (9).

(7)

Chun na forálacha iomchuí den Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart don Choiste um an gCód Custaim a bunaíodh le hAirteagal 285 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) cúnamh a thabhairt don Choimisiún.

(8)

Is gá coinníollacha aonfhoirmeacha chun bearta cosanta agus bearta eile nach iad a ghlacadh i ndáil le clásail dhéthaobhacha chosanta an CCC a chur chun feidhme. Ba cheart na bearta sin a ghlacadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11).

(9)

Ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach a ghlacadh más rud é, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo a bhaineann le himthosca eisceachtúla agus géibheannacha a thagann chun cinn de réir bhrí Airteagal 39(4) den CCC, go n-éilítear amhlaidh ar mhórchúiseanna práinne,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Sa Rialachán seo, leagtar síos nósanna imeachta áirithe maidir le rialacha mionsonraithe a ghlacadh maidir le cur chun feidhme forálacha áirithe den Chomhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na hAlbáine, den pháirt eile (“an CCC”).

Airteagal 2

Lamháltais d'iasc agus do tháirgí iascaigh

Déanfaidh an Coimisiún rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Airteagal 28(1) den CCC, maidir leis na taraif-chuótaí d'iasc agus do tháirgí iascaigh, a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 9(3) den Rialachán seo.

Airteagal 3

Laghduithe taraife

1.   Faoi réir mhír 2, déanfar rátaí dleachta fabhraí a shlánú síos go dtí an chéad ionad deachúlach.

2.   Más rud é gurb ionann toradh ríomh an ráta dleachta fabhraí de bhun mhír 1 agus ceann díobh seo a leanas, measfar an ráta fabhrach mar dhíolúine iomlán:

(a)

1 % nó níos lú i gcás dleachtanna ad valorem; nó

(b)

EUR 1 nó níos lú in aghaidh an méid aonair i gcás dleachtanna sonracha.

Airteagal 4

Oiriúnuithe teicniúla

I gcás leasuithe agus oiriúnuithe teicniúla ar na forálacha arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo a bhfuil gá leo tar éis athruithe ar chóid na hAinmníochta Comhcheangailte agus ar fhoranna TARIC nó a thig as comhaontuithe, prótacail, malartuithe litreacha nó gníomhartha eile, idir nua agus mhodhnaithe, a thabhairt i gcrích idir an tAontas agus an Albáin, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 9(3).

Airteagal 5

Clásal cosanta ginearálta

I gcás inar gá don Aontas beart a dhéanamh mar a fhoráiltear in Airteagal 38 den CCC, glacfar an beart sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 9(3) den Rialachán seo, mura sonraítear a mhalairt in Airteagal 38 den CCC.

Airteagal 6

Clásal ganntanais

I gcás inar gá don Aontas beart a dhéanamh mar a fhoráiltear in Airteagal 39 den CCC, glacfar an beart sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 9(3) den Rialachán seo.

Airteagal 7

Imthosca eisceachtúla agus géibheannacha

I gcásanna ina dtagann imthosca eisceachtúla agus géibheannacha chun cinn de réir bhrí Airteagal 39(4) den CCC, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha atá infheidhme láithreach a ghlacadh mar a fhoráiltear in Airteagal 39 den CCC.

Má fhaigheann an Coimisiún iarraidh ó Bhallstát, glacfaidh an Coimisiún cinneadh ina thaobh laistigh de chúig lá oibre tar éis an iarraidh a fháil.

Glacfaidh an Coimisiún na bearta dá dtagraítear sa chéad mhír i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 9(3) den Rialachán seo, nó i gcásanna práinne, i gcomhréir le hAirteagal 9(4) den Rialachán seo.

Airteagal 8

Clásal cosanta do tháirgí talmhaíochta agus iascaigh

1.   D'ainneoin na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 5 agus in Airteagal 6 den Rialachán seo, i gcás inar gá don Aontas beart cosanta a dhéanamh dá bhforáiltear in Airteagal 38 den CCC maidir le táirgí talmhaíochta agus iascaigh, déanfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin ó Bhallstat nó ar a thionscnamh féin, na bearta is gá a chinneadh tar éis dó, más infheidhme, dul ar iontaoibh an nós imeachta atreorúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 38 den CCC.

Má fhaigheann an Coimisiún iarraidh ó Bhallstát, déanfaidh sé cinneadh fúithi:

(a)

laistigh de thrí lá oibre ón iarraidh sin a fháil, i gcás nach bhfuil feidhm ag an nós imeachta atreorúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 38 den CCC; nó

(b)

laistigh de thrí lá roimh dheireadh na tréimhse 30 lá dá dtagraítear i bointe (a) d'Airteagal 38(5) den CCC, i gcás ina bhfuil feidhm ag an nós imeachta atreorúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 38 den CCC.

Cuirfidh an Coimisiún na bearta a cinneadh in iúl do na Ballstáit.

2.   Glacfaidh an Coimisiún bearta den sórt sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 9(3), nó i gcásanna práinne, i gcomhréir le hAirteagal 9(4).

Airteagal 9

Nós imeachta coiste

1.   Chun críocha Airteagal 2, Airteagal 4 agus Airteagal 12 den Rialachán seo déanfaidh an Coiste um an gCód Custaim a bunaíodh le hAirteagal 285 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa Choiste sin.

2.   Chun críocha Airteagail 5 go 8 den Rialachán seo, déanfaidh an Coiste um Choimircí a bunaíodh le hAirteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2015/478 cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa Choiste sin.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

4.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 i dteannta Airteagal 5 den Rialachán sin.

Airteagal 10

Dumpáil agus fóirdheontas

I gcás cleachtais ar dóchúil gur gá don Aontas na bearta dá bhforáiltear in Airteagal 37(2) den CCC a chur i bhfeidhm ina leith, déanfar tabhairt isteach bearta frithdhumpála agus/nó frithchúitimh a chinneadh i gcomhréir leis na forálacha a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 agus/nó i Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 faoi seach.

Airteagal 11

Iomaíocht

1.   I gcás cleachtais a d'fhéadfadh údar cuí a thabhairt do chur i bhfeidhm na mbeart dá bhforáiltear in Airteagal 71 den CCC ag an Aontas, déanfaidh an Coimisiún cinneadh, tar éis dó an cás a scrúdú, ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin do Bhallstát, an bhfuil an cleachtas ag luí leis an CCC.

Na bearta dá bhforáiltear in Airteagal 71(9) den CCC glacfar iad i gcásanna cabhrach i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 agus, i gcásanna eile nach iad, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 207 den Chonradh.

2.   I gcás cleachtais lena bhféadfadh Poblacht na hAlbáine bearta a chur i bhfeidhm maidir leis an Aontas ar bhonn Airteagal 71 den CCC, cinnfidh an Coimisiún, tar éis dó an cás a scrúdú, an bhfuil an cleachtas ag luí leis na prionsabail a leagtar síos sa CCC. I gcás inar gá, déanfaidh an Coimisiún na cinntí iomchuí ar bhonn critéar a thig as cur i bhfeidhm Airteagal 101, Airteagal 102 agus Airteagal 107 den Chonradh.

Airteagal 12

Calaois nó mainneachtain comhar riaracháin a sholáthar

I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún, ar bhonn faisnéise arna soláthar ag Ballstát nó ar a thionscnamh féin, gur comhlíonadh na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 43 den CCC, déanfaidh sé an méid seo a leanas gan mhoill:

(a)

an Chomhairle a chur ar an eolas; agus

(b)

fógra faoina chinntí a thabhairt don Choiste um Chobhsaíocht agus Comhlachas, mar aon leis an bhfaisnéis oibiachtúil, agus rachaidh sé i gcomhairle laistigh den Choiste um Chobhsaíocht agus Comhlachas.

Aon rud a fhoilseofar faoi Airteagal 43(5) den CCC, foilseoidh an Coimisiún in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é.

Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 9(3) den Rialachán seo, cóir fhabhrach ábhartha na dtáirgí dá bhforáiltear in Airteagal 43(4) den CCC, a chur ar fionraí go sealadach.

Airteagal 13

Fógra a thabhairt

Beidh an Coimisiún, ag gníomhú dó thar ceann an Aontais, freagrach as fógra a thabhairt don Chomhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais agus don Choiste um Chobhsaíocht agus Comhlachas, mar a cheanglaítear faoin CCC.

Airteagal 14

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1616/2006.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn II.

Airteagal 15

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 9 Meitheamh 2015.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

Z. KALNIŅA-LUKAŠEVICA


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 29 Aibreán 2015 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 28 Bealtaine 2015.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 1616/2006 ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2006 maidir le nósanna imeachta áirithe chun an Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na hAlbáine den pháirt eile, a fheidhmiú, agus chun an Comhaontú Eatramhach idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht na hAlbáine a fheidhmiú (IO L 300, 31.10.2006, lch. 1).

(3)  Féach Iarscríbhinn I.

(4)   IO L 107, 28.4.2009, lch. 166.

(5)  Rialachán (AE) 2015/478 an 11 Márta 2015 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhrialacha le haghaidh allmhairí (IO L 83, 27.3.2015, lch. 16).

(6)  Rialachán (AE) 2015/479 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2015 maidir le comhrialacha le haghaidh onnmhairí (IO L 83, 27.3.2015, lch. 34).

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad (IO L 343, 22.12.2009, lch. 51).

(8)  Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 ón gComhairle an 11 Meitheamh 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí fóirdheontais ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad (IO L 188, 18.7.2009, lch. 93).

(9)  Rialachán (CE) Uimh. 515/97 ón gComhairle an 13 Márta 1997 maidir le cúnamh frithpháirteach idir údaráis riaracháin na mBallstát agus maidir le comhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún lena áirithiú go gcuirfear an dlí ar ábhair chustaim agus ar ábhair thalmhaíochta i bhfeidhm i gceart (IO L 82, 22.3.1997, lch. 1).

(10)  Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).

(11)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).


IARSCRÍBHINN I

An Rialachán aisghairthe mar aon leis an leasú a rinneadh air

Rialachán (CE) Uimh. 1616/2006 ón gComhairle

(IO L 300, 31.10.2006, lch. 1)

 

Rialachán (AE) Uimh. 37/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 18, 21.1.2014, lch. 1)

Iarscríbhinn, pointe 13 amháin.


IARSCRÍBHINN II

Tábla comhghaoil

Rialachán (CE) Uimh. 1616/2006

An Rialachán seo

Airteagail 1 go 8

Airteagail 1 go 8

Airteagal 8a

Airteagal 9

Airteagal 9

Airteagal 10

Airteagal 10

Airteagal 11

Airteagal 11

Airteagal 12

Airteagal 13

Airteagal 13

Airteagal 14

Airteagal 14

Airteagal 15

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn II


25.6.2015   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

69


RIALACHÁN (AE) 2015/940 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 9 Meitheamh 2015

maidir le nósanna imeachta áirithe chun an Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, den pháirt eile, a fheidhmiú agus chun an Comhaontú Eatramhach ar thrádáil agus ar ábhair a bhaineann le trádáil idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt amháin, agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, den pháirt eile, a fheidhmiú

(códú)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 594/2008 ón gComhairle (2) a leasú go substaintiúil (3). Ar mhaithe le soiléireacht agus le réasúntacht, ba cheart an Rialachán sin a chódú.

(2)

Síníodh Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, den pháirt eile (“CCC”), i Lucsamburg an 16 Meitheamh 2008.

(3)

An 16 Meitheamh 2008 thug an Chomhairle chun críche Comhaontú Eatramhach ar thrádáil agus ar ábhair a bhaineann le trádáil idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt amháin, agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, den pháirt eile (4) (“Comhaontú Eatramhach”) ina ndearnadh foráil maidir le teacht i bhfeidhm luath fhorálacha an CCC maidir le trádáil agus le hábhair a bhaineann le trádáil. Tháinig an Comhaontú Eatramhach i bhfeidhm an 1 Iúil 2008.

(4)

Is gá na nósanna imeachta a leagan síos maidir le forálacha áirithe den Chomhaontú Eatramhach a chur i bhfeidhm. Ós rud é gurb ionann den chuid is mó na forálacha maidir le trádáil agus a bhaineann le trádáil sna hionstraimí sin, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le cur chun feidhme an CCC tar éis dó teacht i bhfeidhm.

(5)

Ordaítear sa CCC agus sa Chomhaontú Eatramhach go bhféadfar táirgí iascaigh de thionscnamh na Boisnia nó na Heirseagaivéine a allmhairiú isteach san Aontas ar dhleacht chustaim laghdaithe, laistigh de theorainneacha na dtaraif-chuótaí. Is gá, dá bhrí sin, forálacha a leagan síos lena rialaítear bainistiú na dtaraif-chuótaí sin.

(6)

I gcás ina bhfuil gá le bearta cosanta trádála, ba cheart iad a ghlacadh i gcomhréir leis na forálacha ginearálta a leagtar síos i Rialachán (AE) 2015/478 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), Rialachán (AE) 2015/479 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle (7) nó, de réir mar a bheidh, Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 ón gComhairle (8).

(7)

I gcás ina dtugann Ballstát faisnéis don Choimisiún faoi chalaois a d'fhéadfadh a bheith ann nó faoi mhainneachtain comhar riaracháin a sholáthar, beidh feidhm ag an reachtaíocht ábhartha Aontais, go háirithe Rialachán (CE) Uimh. 515/97 ón gComhairle (9).

(8)

Chun na forálacha iomchuí den Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart don Choiste um an gCód Custaim a bunaíodh le hAirteagal 285 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) cúnamh a thabhairt don Choimisiún.

(9)

Is gá coinníollacha aonfhoirmeacha chun bearta cosanta agus bearta eile nach iad a ghlacadh chun clásail dhéthaobhacha chosanta an Chomhaontaithe Eatramhaigh agus CCC a chur chun feidhme. Ba cheart na bearta sin a ghlacadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11).

(10)

Ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach a ghlacadh más rud é, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo a bhaineann le himthosca eisceachtúla agus géibheannacha a thagann chun cinn de réir bhrí phointe (b) d'Airteagal 24(5) agus Airteagal 25(4) den Chomhaontú Eatramhach, agus phointe (b) d'Airteagal 39(5) agus Airteagal 40(4) den CCC ina dhiaidh sin, go n-éilítear amhlaidh ar mhórchúiseanna práinne,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Sa Rialachán seo leagtar síos nósanna imeachta áirithe chun rialacha mionsonraithe a ghlacadh chun forálacha áirithe den Chomhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, den pháirt eile (“CCC”), a chur chun feidhme agus chun forálacha áirithe den Chomhaontú Eatramhach ar thrádáil agus ar ábhair a bhaineann le trádáil idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt amháin, agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, den pháirt eile, (“an Comhaontú Eatramhach”) a chur chun feidhme.

Airteagal 2

Lamháltais d'iasc agus do tháirgí iascaigh

Déanfaidh an Coimisiún rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Airteagal 13 den Chomhaontú Eatramhach, agus Airteagal 28 den CCC ina dhiaidh sin, i ndáil leis na taraif-chuótaí d'iasc agus do tháirgí iascaigh, a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 9(3) den Rialachán seo.

Airteagal 3

Laghduithe taraife

1.   Faoi réir mhír 2, déanfar rátaí dleachta fabhraí a shlánú síos go dtí an chéad ionad deachúlach.

2.   Más rud é gurb ionann toradh ríomh an ráta dleachta fabhraí de bhun mhír 1 agus ceann díobh seo a leanas, measfar an ráta fabhrach mar dhíolúine iomlán:

(a)

1 % nó níos lú i gcás dleachtanna ad valorem; nó

(b)

EUR 1 nó níos lú in aghaidh an méid aonair i gcás dleachtanna sonracha.

Airteagal 4

Oiriúnuithe teicniúla

I gcás leasuithe agus oiriúnuithe teicniúla ar na forálacha arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo a bhfuil gá leo tar éis athruithe ar chóid na hAinmníochta Comhcheangailte agus ar fhorannta TARIC nó a thig as comhaontuithe, prótacail, malartuithe litreacha nó gníomhartha eile, idir nua agus mhodhnaithe, a thabhairt i gcrích idir an tAontas agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 9(3).

Airteagal 5

Clásal cosanta ginearálta

I gcás inar gá don Aontas beart a dhéanamh mar a fhoráiltear in Airteagal 24 den Chomhaontú Eatramhach, agus in Airteagal 39 den CCC ina dhiaidh sin, glacfar an beart sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 9(3) den Rialachán seo, mura sonraítear a mhalairt in Airteagal 24 den Chomhaontú Eatramhach, agus in Airteagal 39 den CCC ina dhiaidh sin.

Airteagal 6

Clásal ganntanais

I gcás inar gá don Aontas beart a dhéanamh mar a fhoráiltear in Airteagal 25 den Chomhaontú Eatramhach, agus in Airteagal 40 den CCC ina dhiaidh sin, glacfar an beart sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 9(3) den Rialachán seo.

Airteagal 7

Imthosca eisceachtúla agus géibheannacha

I gcás ina dtagann imthosca eisceachtúla agus géibheannacha chun cinn de réir bhrí phointe (b) d'Airteagal 24(5) agus Airteagal 25(4) den Chomhaontú Eatramhach, agus pointe (b) d'Airteagal 39(5) agus Airteagal 40(4) den CCC ina dhiaidh sin, féadfaidh an Coimisiún bearta atá infheidhme láithreach a dhéanamh mar a fhoráiltear in Airteagal 24 agus in Airteagal 25 den Chomhaontú Eatramhach, agus Airteagal 39 agus Airteagal 40 den CCC ina dhiaidh sin.

Má fhaigheann an Coimisiún iarraidh ó Bhallstát, glacfaidh sé cinneadh ina thaobh laistigh de chúig lá oibre tar éis an iarraidh a fháil.

Glacfaidh an Coimisiún na bearta dá dtagraítear sa chéad fhomhír sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 9(3) den Rialachán seo, nó i gcásanna práinne, i gcomhréir le hAirteagal 9(4) den Rialachán seo.

Airteagal 8

Clásal cosanta do tháirgí talmhaíochta agus iascaigh

1.   D'ainneoin na nósanna imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 5 agus in Airteagal 6 den Rialachán seo, i gcás inar gá don Aontas beart cosanta a dhéanamh dá bhforáiltear in Airteagal 24 den Chomhaontú Eatramhach, agus in Airteagal 39 den CCC ina dhiaidh sin, maidir le táirgí talmhaíochta agus iascaigh, déanfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin ag Ballstát nó ar a thionscnamh féin, na bearta is gá a chinneadh tar éis dó, más infheidhme, dul ar iontaoibh an nós imeachta atreorúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 24 den Chomhaontú Eatramhach, agus in Airteagal 39 den CCC ina dhiaidh sin.

Má fhaigheann an Coimisiún iarraidh ó Bhallstát, déanfaidh sé cinneadh fúithi:

(a)

laistigh de thrí lá oibre ón iarraidh sin a fháil, i gcás nach bhfuil feidhm ag an nós imeachta atreorúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 24 den Chomhaontú Eatramhach, agus in Airteagal 39 den CCC ina dhiaidh sin; nó

(b)

laistigh de thrí lá roimh dheireadh na tréimhse 30 lá dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 24(5) den Chomhaontú Eatramhach, agus i bpointe (a) d'Airteagal 39(5) den CCC ina dhiaidh sin, i gcás ina bhfuil feidhm ag an nós imeachta atreorúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 24 den Chomhaontú Eatramhach, agus in Airteagal 39 den CCC ina dhiaidh sin.

Cuirfidh an Coimisiún na bearta a cinneadh in iúl don Chomhairle.

2.   Glacfaidh an Coimisiún na bearta sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 9(3), nó i gcásanna práinne, i gcomhréir le hAirteagal 9(4).

Airteagal 9

Nós imeachta coiste

1.   Chun críche Airteagal 2, Airteagal 4 agus Airteagal 11 den Rialachán seo, déanfaidh an Coiste um an gCód Custaim a bunaíodh le hAirteagal 285 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa Choiste sin.

2.   Chun críche Airteagal 5, Airteagal 6, Airteagal 7 agus Airteagal 8 den Rialachán seo, déanfaidh an Coiste um Choimircí a bunaíodh le hAirteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2015/478 cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa Choiste sin.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

4.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 i dteannta Airteagal 5 den Rialachán sin.

Airteagal 10

Dumpáil agus fóirdheontas

I gcás cleachtais ar dóchúil gur gá don Aontas na bearta dá bhforáiltear in Airteagal 23(2) den Chomhaontú Eatramhach, agus in Airteagal 38(2) den CCC ina dhiaidh sin, a chur i bhfeidhm ina leith, déanfar tabhairt isteach beart frithdhumpála agus/nó frithchúitimh a chinneadh i gcomhréir leis na forálacha a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 agus/nó i Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 faoi seach.

Airteagal 11

Iomaíocht

1.   I gcás cleachtais a d'fhéadfadh údar cuí a thabhairt do chur i bhfeidhm na mbeart dá bhforáiltear in Airteagal 36 den Chomhaontú Eatramhach, agus in Airteagal 71 den CCC ina dhiaidh sin, ag an Aontas, déanfaidh an Coimisiún cinneadh, tar éis dó an cás a scrúdú, ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin ag Ballstát, an bhfuil an cleachtas ag luí leis na Comhaontuithe sin.

Na bearta dá bhforáiltear in Airteagal 36(10) den Chomhaontú Eatramhach, agus in Airteagal 71(10) den CCC ina dhiaidh sin, glacfar iad i gcásanna cabhrach i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 agus, i gcásanna eile nach iad, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 207 den Chonradh.

2.   I gcás cleachtais lena bhféadfadh an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin bearta a chur i bhfeidhm maidir leis an Aontas ar bhonn Airteagal 36 den Chomhaontú Eatramhach agus Airteagal 71 den CCC ina dhiaidh sin, cinnfidh an Coimisiún, tar éis dó an cás a scrúdú, an bhfuil an cleachtas ag luí leis na prionsabail a leagtar síos sa Chomhaontú Eatramhach, agus sa CCC ina dhiaidh sin. I gcás inar gá, déanfaidh an Coimisiún na cinntí iomchuí ar bhonn critéar a thig as cur i bhfeidhm Airteagal 101, Airteagal 102 agus Airteagal 107 den Chonradh.

Airteagal 12

Calaois nó mainneachtain comhar riaracháin a sholáthar

I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún, ar bhonn faisnéise arna soláthar ag Ballstát nó ar a thionscnamh féin, gur comhlíonadh na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 29 den Chomhaontú Eatramhach, agus in Airteagal 44 den CCC ina dhiaidh sin, déanfaidh sé an méid seo a leanas gan mhoill:

(a)

an Chomhairle a chur ar an eolas; agus

(b)

fógra faoi na torthaí a thabhairt don Choiste Eatramhach, agus don Choiste um Chobhsaíocht agus Comhlachas ina dhiaidh sin, mar aon leis an bhfaisnéis oibiachtúil, agus rachaidh sé i mbun comhairliúcháin laistigh den Choiste Eatramhach agus laistigh den Choiste um Chobhsaíocht agus Comhlachas ina dhiaidh sin.

Aon rud a fhoilseofar faoi Airteagal 29(5) den Chomhaontú Eatramhach, agus faoi Airteagal 44(5) den CCC ina dhiaidh sin, foilseoidh an Coimisiún in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é.

Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 9(3) den Rialachán seo, cóir fhabhrach ábhartha na dtáirgí dá bhforáiltear in Airteagal 29(4) den Chomhaontú Eatramhach, agus in Airteagal 44(4) den CCC ina dhiaidh sin, a chur ar fionraí go sealadach.

Airteagal 13

Fógra a thabhairt

Ag gníomhú dó thar ceann an Aontais, beidh an Coimisiún freagrach as fógra a thabhairt don Choiste Eatramhach, agus don Chomhairle um Chobhsaíocht agus Comhlachais agus don Choiste um Chobhsaíocht agus Comhlachas ina dhiaidh sin, faoi seach, mar a cheanglaítear faoin gComhaontú Eatramhach nó faoin CCC.

Airteagal 14

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 594/2008.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn II.

Airteagal 15

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 9 Meitheamh 2015.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

Z. KALNIŅA-LUKAŠEVICA


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 29 Aibreán 2015 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 28 Bealtaine 2015.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 594/2008 ón gComhairle an 16 Meitheamh 2008 maidir le nósanna imeachta áirithe chun an Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, den pháirt eile, a fheidhmiú agus chun an Comhaontú Eatramhach ar thrádáil agus ar ábhair a bhaineann le trádáil idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt amháin, agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, den pháirt eile, a fheidhmiú. (IO L 169, 30.6.2008, lch. 1).

(3)  Féach Iarscríbhinn I.

(4)   IO L 169, 30.6.2008, lch. 13.

(5)  Rialachán (AE) 2015/478 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2015 maidir le comhrialacha le haghaidh allmhairí (IO L 83, 27.3.2015, lch. 16).

(6)  Rialachán (AE) 2015/479 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2015 maidir le comhrialacha le haghaidh onnmhairí (IO L 83, 27.3.2015, lch. 34).

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad (IO L 343, 22.12.2009, lch. 51).

(8)  Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 ón gComhairle an 11 Meitheamh 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí fóirdheontais ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad (IO L 188, 18.7.2009, lch. 93).

(9)  Rialachán (CE) Uimh. 515/97 ón gComhairle an 13 Márta 1997 maidir le cúnamh frithpháirteach idir údaráis riaracháin na mBallstát agus maidir le comhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún chun a áirithiú go gcuirfear an dlí ar ábhair chustaim agus ar ábhair thalmhaíochta i bhfeidhm i gceart (IO L 82, 22.3.1997, lch. 1).

(10)  Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).

(11)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).


IARSCRÍBHINN I

An Rialachán aisghairthe mar aon leis an leasú a rinneadh air

Rialachán (CE) Uimh. 594/2008 ón gComhairle

(IO L 169, 30.6.2008, lch. 1)

 

Rialachán (AE) Uimh. 37/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 18, 21.1.2014, lch. 1)

Iarscríbhinn, pointe 17 amháin


IARSCRÍBHINN II

Tábla Comhghaoil

Rialachán (CE) Uimh. 594/2008

An Rialachán seo

Airteagail 1 go 8

Airteagail 1 go 8

Airteagal 8a

Airteagal 9

Airteagal 9

Airteagal 10

Airteagal 10

Airteagal 11

Airteagal 11

Airteagal 12

Airteagal 13

Airteagal 13

Airteagal 14

Airteagal 14

Airteagal 15

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn II


25.6.2015   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

76


RIALACHÁN (AE) 2015/941 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 9 Meitheamh 2015

maidir le nósanna imeachta áirithe chun an Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine, den pháirt eile, a fheidhmiú

(códú)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 153/2002 ón gComhairle (2) a leasú go substaintiúil roinnt uaireanta (3). Ar mhaithe le soiléire agus le réasúntacht, ba cheart an Rialachán sin a chódú.

(2)

An 9 Aibreán 2001, síníodh Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais i Lucsamburg idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine, den pháirt eile (4) (“CCC”) agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Aibreán 2004.

(3)

Is gá na nósanna imeachta maidir le cur i bhfeidhm forálacha áirithe de CCC a leagan síos.

(4)

Ordaítear in CCC go bhféadfar táirgí áirithe de thionscnamh Phoblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine a allmhairiú isteach san Aontas ar dhleacht chustaim laghdaithe, laistigh de theorainneacha na dtaraif-chuótaí. Tá sé riachtanach, dá bhrí sin, forálacha a leagan síos chun rátaí laghdaithe na ndleachtanna custaim a ríomh.

(5)

Sonraítear in CCC na táirgí atá incháilithe maidir leis na bearta taraife sin, na méideanna ábhartha (agus méadú ar na méideanna sin), na dleachtanna is infheidhme, na tréimhsí cur i bhfeidhm agus aon chritéir incháilitheachta eile.

(6)

Ar mhaithe le soiléire agus le foilsiú tráthúil na Rialachán lena gcuirtear chun feidhme taraif-chuótaí an Aontais, ba cheart foráil a dhéanamh maidir leis an gCoimisiún, le cúnamh ón gCoiste a bunaíodh le hAirteagal 229 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), na Rialacháin sin a ghlacadh a osclóidh na taraif-chuótaí le haghaidh táirgí “mairteola óige” agus a dhéanfaidh foráil maidir lena riar.

(7)

Ba cheart foráil a dhéanamh maidir leis an gCoimisiún, le cúnamh ón gCoiste a bunaíodh le hAirteagal 285 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), na Rialacháin sin a ghlacadh a osclóidh na taraif-chuótaí a d'fhéadfaí a dheonú mar thoradh ar chaibidlíocht maidir le lamháltais bhreise taraife de bhun Airteagal 29 de CCC, agus a dhéanfaidh foráil maidir lena riar.

(8)

Ba cheart dleachtanna a chur ar fionraí ina n-iomláine i gcás ina bhfuil dleachtanna ad valorem de 1 % nó níos lú, nó dleachtanna sonracha de EUR 1 nó níos lú, mar thoradh ar chóir fhabhrach.

(9)

Is gá coinníollacha aonfhoirmeacha chun bearta cosanta agus bearta eile a ghlacadh i ndáil le clásail dhéthaobhacha chosanta CCC a chur chun feidhme. Ba cheart na bearta sin a ghlacadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7).

(10)

Ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach a ghlacadh más rud é, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo a bhaineann le himthosca eisceachtúla agus géibheannacha a thagann chun cinn de réir bhrí phointe (b) d'Airteagal 37(4) agus Airteagal 38(4) de CCC, go n-éilítear amhlaidh ar mhórchúiseanna práinne,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Sa Rialachán seo, leagtar síos nósanna imeachta áirithe maidir le rialacha mionsonraithe a ghlacadh maidir le cur chun feidhme forálacha áirithe den Chomhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine, den pháirt eile (“CCC”).

Airteagal 2

Lámhaltais maidir le “mairteoil óg”

Glacfaidh an Coimisiún rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Airteagal 27(2) de CCC, maidir leis na taraif-chuótaí do tháirgí “mairteola óige”, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12(4) den Rialachán seo.

Airteagal 3

Lámhaltais bhreise

Más rud é, de bhun Airteagal 29 de CCC, go ndéantar lamháltais bhreise do tháirgí iascaigh a dheonú laistigh de na taraif-chuótaí, déanfaidh an Coimisiún rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme na dtaraif-chuótaí sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin a leagtar amach in Airteagal 12(4) den Rialachán seo.

Airteagal 4

Laghduithe taraife

1.   Faoi réir mhír 2, déanfar rátaí dleachta fabhraí a shlánú síos go dtí an chéad ionad deachúlach.

2.   Más rud é gurb ionann toradh ríomh an ráta dleachta fabhraí de bhun mhír 1 agus ceann díobh seo a leanas, measfar an ráta fabhrach mar dhíolúine iomlán:

(a)

1 % nó níos lú i gcás dleachtanna ad valorem; nó

(b)

EUR 1 nó níos lú in aghaidh an méid aonair i gcás dleachtanna sonracha.

Airteagal 5

Oiriúnuithe teicniúla

I gcás leasuithe agus oiriúnuithe teicniúla ar na rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme a ghlactar de bhun an Rialacháin seo, a bhfuil gá leo tar éis athruithe ar chóid na hAinmníochta Comhcheangailte agus ar fhoranna TARIC, nó a thig as comhaontuithe nua, prótacail nua, malartuithe litreacha nua nó gníomhartha nua eile a thabhairt i gcrích idir an tAontas agus Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12(4).

Airteagal 6

Clásal cosanta ginearálta agus clásal ganntanais

1.   I gcás ina n-iarrann Ballstát ar an gCoimisiún bearta a dhéanamh dá bhforáiltear in Airteagal 37 agus Airteagal 38 de CCC, cuirfidh sé an fhaisnéis is gá chun údar cuí a thabhairt don iarraidh ar fáil don Choimisiún chun tacú lena iarraidh.

2.   I gcás ina gcinneann an Coimisiún, arna iarraidh sin ag Ballstát nó ar a thionscnamh féin, go bhfuil na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 37 agus Airteagal 38 de CCC comhlíonta, déanfaidh sé an méid seo a leanas:

(a)

fógra a thabhairt do na Ballstáit láithreach má tá sé ag gníomhú ar a thionscnamh féin, nó má tá sé ag gníomhú ar bhonn iarraidh ó Bhallstát, laistigh de chúig lá oibre tar éis an iarraidh a fháil;

(b)

dul i gcomhairle leis an gCoiste dá dtagraítear in Airteagal 12(3) den Rialachán seo maidir leis na bearta atá beartaithe;

(c)

Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine a chur ar an eolas ag an am céanna agus fógra a thabhairt di maidir le tús a chur le comhairliúcháin sa Choiste um Chobhsaíocht agus Comhlachas dá bhforáiltear in Airteagal 37(4) agus Airteagal 38(3) de CCC;

(d)

an fhaisnéis ar fad is gá le haghaidh na gcomhairliúchán dá dtagraítear i bpointe (c) a sholáthar ag an am céanna don Choiste um Chobhsaíocht agus Comhlachas.

3.   Ar na comhairliúcháin dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 2 a bheith críochnaithe, agus mura mbeidh aon socrú indéanta eile ann, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12(4) den Rialachán seo nach ngníomhóidh sé nó nach nglacfaidh sé bearta iomchuí dá bhforáiltear in Airteagal 37 agus Airteagal 38 de CCC.

Cuirfear an Cinneadh sin in iúl láithreach don Chomhairle agus cuirfear in iúl freisin don Choiste um Chobhsaíocht agus Comhlachas é.

Beidh feidhm ag an gCinneadh sin láithreach.

4.   Measfar na comhairliúcháin sa Choiste um Chobhsaíocht agus Comhlachas dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 2 a bheith críochnaithe 30 lá tar éis an fógra dá dtagraítear freisin sa phointe sin a fháil.

Airteagal 7

Imthosca eisceachtúla agus géibheannacha

I gcás ina dtiocfaidh imthosca eisceachtúla agus géibheannacha chun cinn de réir bhrí phointe (b) d'Airteagal 37(4) agus Airteagal 38(4) de CCC, féadfaidh an Coimisiún bearta láithreacha a ghlacadh de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 37 agus Airteagal 38 de CCC, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12(4) den Rialachán seo, nó i gcásanna práinne, i gcomhréir le hAirteagal 12(5) den Rialachán seo.

Má fhaigheann an Coimisiún iarraidh ó Bhallstát, glacfaidh an Coimisiún Cinneadh ina thaobh laistigh de chúig lá oibre tar éis an iarraidh a fháil.

Airteagal 8

Clásal cosanta do tháirgí talmhaíochta agus iascaigh

D'ainneoin na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagal 6 agus Airteagal 7, na bearta is gá maidir le táirgí talmhaíochta agus iascaigh ar bhonn Airteagal 30 nó Airteagal 37 de CCC, nó ar bhonn na bhforálacha sna hIarscríbhinní a ghabhann le CCC a chumhdaíonn na táirgí sin, mar aon le forálacha Phrótacal 3 a ghabhann leis, d'fhéadfaí iad a dhéanamh i gcomhréir leis na nósanna imeachta dá bhforáiltear leis na rialacha ábhartha lena mbunaítear comheagraíocht na margaí talmhaíochta nó margaí táirgí iascaigh agus dobarshaothraithe, nó i bhforálacha sonracha a ghlactar de bhun Airteagal 352 den Chonradh atá infheidhme maidir le táirgí ar toradh iad ar tháirgí talmhaíochta agus iascaigh a phróiseáil, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a bhunaítear de bhun Airteagal 30 de CCC nó Airteagal 37(3), (4) agus (5) de CCC.

Airteagal 9

Dumpáil

I gcás cleachtas ar dóchúil gur gá don Aontas na bearta dá bhforáiltear in Airteagal 36(1) de CCC a chur i bhfeidhm ina leith, déanfar tabhairt isteach beart frithdhumpála a chinneadh i gcomhréir leis na forálacha a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle (8) agus an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 36(2) de CCC.

Airteagal 10

Iomaíocht

1.   I gcás cleachtas a d'fhéadfadh údar cuí a thabhairt do chur i bhfeidhm na mbeart dá bhforáiltear in Airteagal 69 de CCC ag an Aontas, déanfaidh an Coimisiún cinneadh, tar éis dó an cás a scrúdú, ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin ag Ballstát, an bhfuil cleachtas den sórt sin ag luí le CCC. I gcás inar gá, glacfaidh sé bearta cosanta i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12(4) den Rialachán seo, ach amháin sna cásanna cúnaimh inar infheidhme Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 ón gComhairle (9) áit a ndéanfar bearta i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos sa Rialachán sin. Ní dhéanfar bearta ach amháin faoi na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 69(5) de CCC.

2.   I gcás cleachtas lena bhféadfadh Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine bearta a chur i bhfeidhm maidir leis an Aontas ar bhonn Airteagal 69 de CCC, déanfaidh an Coimisiún cinneadh, tar éis dó an cás a scrúdú, an bhfuil cleachtas den sórt sin ag luí leis an bprionsabal a leagtar amach in CCC. I gcás inar gá, déanfaidh sé na cinntí iomchuí ar bhonn critéir a thig as cur i bhfeidhm Airteagal 101, Airteagal 102 agus Airteagal 107 den Chonradh.

Airteagal 11

Calaois nó mainneachtain comhar riaracháin a sholáthar

1.   Chun críche Airteagal 42 de CCC a fhorléiriú, is ionann mainneachtain comhar riaracháin a sholáthar faoi mar a éilítear chun an cruthúnas ar thionscnamh a fhíorú agus, inter alia:

(a)

easnamh comhair riaracháin, amhail mainneachtain ainmneacha agus seoltaí na n-údarás custaim nó rialtais a sholáthar, ar údaráis iad atá freagrach as teastais tionscnaimh nó samplaí de stampaí a úsáidtear chun na teastais a fhíordheimhniú a eisiúint agus a sheiceáil, nó as an mainneachtain an fhaisnéis sin a thabhairt cothrom le dáta nuair is iomchuí;

(b)

atheaspa gníomhaíochta nó gníomhaíocht neamh-leordhóthanach chun stádas tionscnaimh na dtairgí a fhíorú nó chun ceanglais eile Phrótacal 4 a ghabhann le CCC a chomhlíonadh nó chun sárú na rialacha tionscnaimh a aithint nó a chosaint;

(c)

athdhiúltú fíorú a dhéanamh dá éis sin, nó moill mhíchuí agus fíorú á dhéanamh dá éis sin, arna iarraidh sin ag an gCoimisiún, ar an gcruthúnas ar thionscnamh agus na torthaí a chur in iúl in am trátha;

(d)

athdhiúltú údarú a fháil, nó moill mhíchuí agus údarú á fháil, chun misin comhair riaracháin nó imscrúdaitheacha a dhéanamh i bPoblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine, chun barántúlacht doiciméad nó cruinneas faisnéise a fhíorú atá ábhartha chun an cóir fhabhrach a dheonaítear faoi CCC a dheonú, nó chun fiosrúcháin chuí a dhéanamh nó a shocrú chun sárú ar na rialacha tionscnaimh a aithint nó a chosc;

(e)

athmhainneachtain forálacha Phrótacal 5 a ghabhann le CCC maidir le cúnamh frithpháirteach riaracháin a chomhlíonadh i gcúrsaí custaim a mhéad a bhfuil sé ábhartha maidir le cur i bhfeidhm fhorálacha trádála CCC.

2.   I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún, ar bhonn faisnéis arna soláthar ag Ballstát nó ar a thionscnamh féin, gur comhlíonadh na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 42 de CCC, déanfaidh sé an méid seo a leanas:

(a)

an Chomhairle a chur ar an eolas;

(b)

dul i mbun comhairliúcháin láithreach le Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine chun teacht ar réiteach cuí faoi mar a fhoráiltear in Airteagal 42 de CCC.

Sa bhreis air sin, féadfaidh an Coimisiún:

(a)

a éileamh ar na Ballstáit na bearta réamhchúraim is gá a dhéanamh chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint;

(b)

fógra a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ina luafar go bhfuil forais ann le hamhras réasúnach maidir le cur i bhfeidhm na bhforálacha is ábhartha chun Airteagal 42 de CCC a chur i bhfeidhm.

3.   Go dtí go dtiocfar ar réiteach a bheidh sásúil do gach páirtí sna comhairliúcháin dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír de mhír 2, féadfaidh an Coimisiún bearta iomchuí eile a chinneadh a mheasann sé a bheith riachtanach i gcomhréir le hAirteagal 42 de CCC, mar aon leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12(4) den Rialachán seo.

Airteagal 12

Nós imeachta coiste

1.   Chun críche Airteagal 2 den Rialachán seo, déanfaidh an Coiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta arna bhunú le hAirteagal 229 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an Coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   Chun críche Airteagal 4 den Rialachán seo, déanfaidh an Coiste um an gCód Custaim arna bhunú le hAirteagal 285 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an Coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   Chun críche Airteagal 6, Airteagal 7, Airteagal 10 agus Airteagal 11 den Rialachán seo, déanfaidh an Coiste um Choimircí arna bhunú le hAirteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2015/478 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an Coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

4.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

5.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 i gcomhar le hAirteagal 5 de.

Airteagal 13

Fógra

Beidh an Coimisiún, ag gníomhú dó thar ceann an Aontais, freagrach as fógra a thabhairt don Chomhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais agus don Choiste um Chobhsaíocht agus Comhlachas, faoi seach, mar a cheanglaítear faoi CCC.

Airteagal 14

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 153/2002.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn II.

Airteagal 15

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 9 Meitheamh 2015.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

Z. KALNIŅA-LUKAŠEVICA


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 29 Aibreán 2015 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 28 Bealtaine 2015.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 153/2002 ón gComhairle an 21 Eanáir 2002 maidir le nósanna imeachta áirithe chun an Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine den pháirt eile, a fheidhmiú, agus chun an Comhaontú Eatramhach idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine a fheidhmiú (IO L 25, 29.1.2002, lch. 16).

(3)  Féach Iarscríbhinn I.

(4)   IO L 84, 20.3.2004, lch. 13.

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghaitear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72. (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(8)  Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad (IO L 343, 22.12.2009, lch. 51).

(9)  Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 ón gComhairle an 11 Meitheamh 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí fóirdheontais ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad (IO L 188, 18.7.2009, lch. 93).

(10)  Rialachán (AE) 2015/478 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2015 maidir le comhrialacha d'allmhairí (IO L 83, 27.3.2015, lch. 16).


IARSCRÍBHINN I

Rialachán aisghairthe mar aon le liosta na leasuithe a rinneadh air ina dhiaidh sin

Rialachán (CE) Uimh. 153/2002 ón gComhairle

(IO L 25, 29.1.2002, lch. 16)

 

Rialachán (CE) Uimh. 3/2003 ón gComhairle

(IO L 1, 4.1.2003, lch. 30)

 

Rialachán (AE) Uimh. 37/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 18, 21.1.2014, lch. 1)

Pointe 8 den Iarscríbhinn amháin.


IARSCRÍBHINN II

Tábla Comhghaoil

Rialachán (CE) Uimh. 153/2002

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2

Airteagal 2

Airteagal 4

Airteagal 3

Airteagal 6

Airteagal 4

Airteagal 7

Airteagal 5

Airteagal 7a(1)

Airteagal 6(1)

Airteagal 7a(5), an fhoclaíocht tosaigh

Airteagal 6(2), an fhoclaíocht tosaigh

Airteagal 7a(5), an chéad fhleasc

Airteagal 6(2)(a)

Airteagal 7a(5), an dara fleasc

Airteagal 6(2)(b)

Airteagal 7a(5), an tríú fleasc

Airteagal 6(2)(c)

Airteagal 7a(5), an ceathrú fleasc

Airteagal 6(2)(d)

Airteagal 7a(6)

Airteagal 6(3)

Airteagal 7a(10)

Airteagal 6(4)

Airteagal 7b

Airteagal 7

Airteagal 7c

Airteagal 8

Airteagal 7d

Airteagal 9

Airteagal 7e

Airteagal 10

Airteagal 7f(1), an fhoclaíocht tosaigh

Airteagal 11(1), an fhoclaíocht tosaigh

Airteagal 7f(1), an chéad fhleasc

Airteagal 11(1)(a)

Airteagal 7f(1), an dara fleasc

Airteagal 11(1)(b)

Airteagal 7f(1), an tríú fleasc

Airteagal 11(1)(c)

Airteagal 7f(1), an ceathrú fleasc

Airteagal 11(1)(d)

Airteagal 7f(1), an cúigiú fleasc

Airteagal 11(1)(e)

Airteagal 7f(2), an chéad fhomhír, an fhoclaíocht tosaigh

Airteagal 11(2), an chéad fhomhír, an fhoclaíocht tosaigh

Airteagal 7f(2), an chéad fhomhír, an chéad fhleasc

Airteagal 11(2), an chéad fhomhír, pointe (a)

Airteagal 7f(2), an chéad fhomhír, an dara fleasc

Airteagal 11(2), an chéad fhomhír, pointe (b)

Airteagal 7f(2), an dara fomhír, an fhoclaíocht tosaigh

Airteagal 11(2), an dara fomhír, an fhoclaíocht tosaigh

Airteagal 7f(2), an dara fomhír, an chéad fhleasc

Airteagal 11(2), an dara fomhír, pointe (a)

Airteagal 7f(2), an dara fomhír, an dara fleasc

Airteagal 11(2), an dara fomhír, pointe (b)

Airteagal 7f(3)

Airteagal 11(3)

Airteagal 7fa

Airteagal 12

Airteagal 7g

Airteagal 13

Airteagal 14

Airteagal 8

Airteagal 15

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn II