ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

Eagrán Speisialta ( 1 )

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

57
30 Nollaig 2014


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 1383/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2014 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 55/2008 ón gComhairle lena dtugtar isteach fabhair uathrialacha trádála do Phoblacht na Moldóive

1

 

*

Rialachán (AE) Uimh 1384/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2014 maidir le cóir tharaife d'earraí de thionscnamh Eacuadór

5

 

 

Ceartúcháin

 

*

Ceartúchán ar Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ( IO L 225, 30.7.2014 ) (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L Eagrán Speisialta Gaeilge)

9

 

*

Ceartúchán ar Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Samhain 2014 maidir le doiciméid um fhaisnéis bhunriachtanach do tháirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe ( IO L 352, 9.12.2014 )

12

 


 

(1)   Faoin tagairt L 372 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

GA


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

30.12.2014   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) Uimh. 1383/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 18 Nollaig 2014

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 55/2008 ón gComhairle lena dtugtar isteach fabhair uathrialacha trádála do Phoblacht na Moldóive

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Bunaíodh scéim shonrach fabhar uathrialach trádála do Phoblacht na Moldóive le Rialachán (CE) Uimh. 55/2008 ón gComhairle (2). Leis an scéim sin, tugtar saor-rochtain ar mhargadh an Aontais do na táirgí uile ar de thionscnamh Phoblacht na Moldóive iad, seachas táirgí áirithe talmhaíochta atá liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin agus a bhfuil lamháltais teoranta tugtha ina leith, i bhfoirm díolúine ó dhleachtanna custaim laistigh de theorainn na dtaraifchuótaí nó i bhfoirm laghdú ar dhleachtanna custaim.

(2)

Faoi chuimsiú Bheartas Comharsanachta na hEorpa (BCE), Phlean Gníomhaíochta BCE idir AE agus an Mholdóiv, agus Chomhpháirtíocht an Oirthir, tá clár oibre ardaidhmeannach glactha ag Poblacht na Moldóive chun comhlachas polaitiúil agus breis lánpháirtíochta eacnamaíche leis an Aontas a bhaint amach. Tá dul chun cinn mór déanta cheana ag Poblacht na Moldóive maidir le comhfhogasú rialála as a dtiocfaidh cóineasú le dlíthe agus caighdeáin an Aontais.

(3)

Síníodh an Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na Moldóive, den pháirt eile (3) (an Comhaontú Comhlachais), lena n-áirítear an Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála (LDCST), an 27 Meitheamh 2014 agus bhí éifeacht leis an gcur i bhfeidhm sealadach amhail ón 1 Meán Fómhair 2014.

(4)

Leanfaidh scéim shonrach na bhfabhar uathrialach trádála d’fheidhm a bheith aici go dtí an 31 Nollaig 2015.

(5)

Chun tacú le hiarrachtaí Phoblacht na Moldóive i gcomhréir leis na cuspóirí atá leagtha amach i BCE, i gComhpháirtíocht an Oirthir agus sa Chomhaontú Comhlachais, agus chun margadh a bheidh tarraingteach agus iontaofa a chur ar fáil dá honnmhairí úlla úra, plumaí úra agus fíonchaora boird úra, ba cheart lamháltais bhreise a dhéanamh d’allmhairiú na dtáirgí sin ó Phoblacht na Moldóive go dtí an tAontas, ar bhonn taraifchuótaí saor ó dhleacht.

(6)

Is gá freisin cóid AC áirithe san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 55/2008 a leasú d’fhonn na leasuithe a tugadh isteach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1001/2013 ón gCoimisiún (4) in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (5) a léiriú.

(7)

Ionas go mbeidh na hoibreoirí in ann leas a bhaint as na lamháltais bhreise sin a luaithe is féidir, ba cheart go dtiocfadh an Rialachán seo i bhfeidhm ar lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(8)

I bhfianaise bhuaictháirgeadh séasúrach na dtáirgí sin, is iomchuí na lamháltais bhreise a chur i bhfeidhm ón 1 Lúnasa 2014 i leith.

(9)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 55/2008 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an téacs atá leagtha amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Thábla 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 55/2008.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Lúnasa 2014.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 18 Nollaig 2014.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

S. GOZI


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Nollaig 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 18 Nollaig 2014.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 55/2008 ón gComhairle an 21 Eanáir 2008 lena dtugtar isteach fabhair uathrialacha trádála do Phoblacht na Moldóive agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 980/2005 agus Cinneadh 2005/924/CE ón gCoimisiún (IO L 20, 24.1.2008, lch. 1).

(3)  IO L 260, 30.8.2014, lch. 4.

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1001/2013 ón gCoimisiún an 4 Deireadh Fómhair 2013 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 290, 31.10.2013, lch. 1).

(5)  Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

‘1.   TÁIRGÍ ATÁ FAOI RÉIR TARAIFCHUÓTAÍ BLIANTÚLA SAOR Ó DHLEACHT

Uimh. an Ordaithe

Cód AC

Tuairisc

2008 (1)

2009 (1)

2010 (1)

2011 (1)

2012 (1)

2013 (1)

2014 (1)

2015 (1)

09.0504

0201 go 0204

Feoil úr, fhuaraithe agus reoite ó bhó-ainmhithe, ó mhucra, ó chaoirigh agus ó ghabhair

3 000  (2)

3 000  (2)

4 000  (2)

4 000  (2)

4 000  (2)

4 000  (2)

4 000  (2)

4 000  (2)

09.0505

ex 0207

Feoil agus miodamas inite éanlaithe den chineál atá faoi mhírcheann 0105 , úr, fuaraithe nó reoite, seachas aenna sailleacha d’fho-mhírcheann 0207 43

400  (2)

400  (2)

500  (2)

500  (2)

500  (2)

500  (2)

500  (2)

500  (2)

09.0506

ex 0210

Feoil agus miodamas inite feola ó mhucra agus ó bhó-ainmhithe, saillte, i sáile, triomaithe nó deataithe; plúr inite agus béilí feola nó miodamais feola ó mhucra clóis agus ó bhó-ainmhithe

400  (2)

400  (2)

500  (2)

500  (2)

500  (2)

500  (2)

500  (2)

500  (2)

09.4210

0401 go 0406

Táirgí déiríochta

1 000  (2)

1 000  (2)

1 500  (2)

1 500  (2)

1 500  (2)

1 500  (2)

1 500  (2)

1 500  (2)

09.0507

0407 00

Uibheacha éan, agus iad sna blaoscanna

90  (3)

95  (3)

100  (3)

110  (3)

120  (3)

120  (3)

120  (3)

120  (3)

09.0508

ex 0408

Uibheacha éan, nach bhfuil sna blaoscanna, agus buíocáin, seachas iad sin atá mí-oiriúnach lena gcaitheamh ag an duine

200  (2)

200  (2)

300  (2)

300  (2)

300  (2)

300  (2)

300  (2)

300  (2)

09.0515

0806 10 10

Fíonchaora boird úra

10 000  (2)  (4)

10 000  (2)

09.0516

0808 10 80

Úlla úra (seachas úlla ceirtlise, i mbulc, ón 16 Meán Fómhair go dtí an 15 Nollaig)

40 000  (2)  (4)

40 000  (2)

09.0517

0809 40 05

Plumaí úra

10 000  (2)  (4)

10 000  (2)

09.0509

1001 91 20

1001 91 90

1001 99

Speilt eile (seachas speilt le haghaidh curadóireachta), cruithneacht choiteann agus maislín

25 000  (2)

30 000  (2)

35 000  (2)

40 000  (2)

50 000  (2)

55 000  (2)

60 000  (2)

65 000  (2)

09.0510

1003 90 00

Eorna

20 000  (2)

25 000  (2)

30 000  (2)

35 000  (2)

45 000  (2)

50 000  (2)

55 000  (2)

60 000  (2)

09.0511

1005 90

Grán buí

15 000  (2)

20 000  (2)

25 000  (2)

30 000  (2)

40 000  (2)

45 000  (2)

50 000  (2)

55 000  (2)

09.0512

1601 00 91 agus 1601 00 99

Ispíní agus táirgí dá samhail as feoil, as miodamas feola nó as fuil; ullmhóidí bia bunaithe ar na táirgí sin

500  (2)

500  (2)

600  (2)

600  (2)

600  (2)

600  (2)

600  (2)

600  (2)

ex 1602

Feoil, miodamas feola nó fuil eile, ullmhaithe nó leasaithe:

ó éanlaithe den chineál Gallus domesticus, neamhchócaráilte,

ó mhucra clóis,

ó bhó-ainmhithe, neamhchócaráilte

09.0513

1701 99 10

Siúcra bán

15 000  (2)

18 000  (2)

26 000  (2)

34 000  (2)

34 000  (2)

34 000  (2)

34 000  (2)

34 000  (2)


(1)  Ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig, seachas don bhliain 2008, a bhfuil feidhm ina leith ag na taraifchuótaí ón gcéad lá a cuireadh an Rialachán i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig.

(2)  Tonaí (glanmheáchan).

(3)  Milliúin aonad.

(4)  Maidir leis an mbliain 2014, beidh feidhm ag an taraifchuóta ón 1 Lúnasa go dtí an 31 Nollaig.’


30.12.2014   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

5


RIALACHÁN (AE) Uimh 1384/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 18 Nollaig 2014

maidir le cóir tharaife d'earraí de thionscnamh Eacuadór

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le hAirteagal 329 den Chomhaontú Trádála idir an tAontas agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus an Cholóim agus Peiriú, den pháirt eile (2) ('an Comhaontú') a síníodh an 26 Meitheamh 2012 d'aontachas féideartha Balltíortha eile Chomhphobal na nAindéas leis an gComhaontú.

(2)

Ag leanúint ó iarratas Eacuadór an chaibidlíocht leis an Aontas le bheith ina Pháirtí sa Chomhaontú a atosú, cuireadh caibidlíocht idir an tAontas agus Eacuadór i gcrích in 2014. Mar thoradh ar an gcaibidlíocht sin, inisilíodh Prótacal Aontachais Eacuadór leis an gComhaontú ('an Prótacal Aontachais') an 12 Nollaig 2014.

(3)

Tar éis an Prótacal Aontachais a inisiliú, tá comhaontú idirthréimhseach cómhalartach riachtanach chun limistéar saorthrádála le hEacuadór a bhunú sa chaoi nach gcuirfear isteach ar thrádáil gan ghá. Dá bhrí sin, amhail ón 1 Eanáir 2015, níor cheart go méadófaí na dleachtanna custaim a bhí i bhfeidhm ar dháta inisilithe an Phrótacail Aontachais ná go gcuirfí dleachtanna custaim nua i bhfeidhm ar earraí de thionscnamh Eacuadór.

(4)

Dá bhrí sin, déantar foráil sa Rialachán seo go bhfanfaidh na rátaí dleachta is infheidhme maidir le hearraí de thionscnamh Eacuadór an 12 Nollaig 2014 ag an leibhéal reatha amhail ón 1 Eanáir 2015.

(5)

Tá an chóir tharaife dá bhforáiltear faoin Rialachán seo gan dochar do bhearta arna ndéanamh faoi Rialachán (CE) Uimh. 260/2009 (3), Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 (4) nó Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 (5).

(6)

Mar choinníoll ar a gcuirfear an chóir tharaife dá bhforáiltear faoin Rialachán i bhfeidhm, ba cheart d'Eacuadór staonadh ó aon dleachtanna nua nó muirir nua a mbeadh éifeacht choibhéiseach acu a thabhairt isteach, ó aon srianta cainníochtúla nua nó bhearta nua a mbeadh éifeacht choibhéiseach acu maidir le hallmhairí ón Aontas a thabhairt isteach, ó na leibhéil ag a bhfuil na dleachtanna nó na muirir faoi láthair a ardú nó ó aon srianta eile a thabhairt isteach ón 12 Nollaig 2014.

(7)

Lena áirithiú go leanfaidh Eacuadór lena thiomantas do phríomhchoinbhinsiúin idirnáisiúnta maidir le cearta an duine agus cearta saothair, cosaint an chomhshaoil agus dea-rialachas, ba cheart cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a bheith faoi réir chur chun feidhme leanúnach éifeachtach na gcoinbhinsiún sin ag Eacuadór.

(8)

Chun aon bhaol calaoise a chosc, chun a bheith i dteideal leas a bhaint as an gcóir tharaife dá bhforáiltear faoin Rialachán seo, ba cheart go mbeadh sé mar choinníoll go gcomhlíonfadh Eacuadór na rialacha ábhartha maidir le tionscnamh earraí agus na nósanna imeachta a bhaineann leis sin.

(9)

Is gá foráil a dhéanamh go gcuirfear dleachtanna Comhtharaife Custaim i bhfeidhm i gcás aon earraí de thionscnamh Eacuadór is cúis nó is baol a bheith ina gcúis le deacrachtaí móra do tháirgeoirí an Aontais a tháirgeann táirgí comhchosúla nó táirgí atá in iomaíocht dhíreach leo, faoi réir imscrúdaithe ag an gCoimisiún.

(10)

I gcás ina sáraítear aon cheann de na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun an chóir tharaife dá bhforáiltear ann a chur ar fionraí go hiomlán nó go páirteach go ceann tréimhse shealadach. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6).

(11)

Ba cheart an Rialachán seo a chur i bhfeidhm go dtí sé mhí tar éis theacht i bhfeidhm nó dháta cur i bhfeidhm sealadach an Phrótacail Aontachais, agus go dtí an 31 Nollaig 2016 ar a dhéanaí,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo:

(a)

ciallaíonn 'cóir tharaife' na dleachtanna custaim agus an chóir chustaim a chuirtear i bhfeidhm ar earraí de thionscnamh Eacuadór dá bhforáiltear in Airteagal 2;

(b)

ciallaíonn 'dleachtanna Comhtharaife Custaim' na dleachtanna a shonraítear i gCuid II d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 (7), seachas na dleachtanna sin arna mbunú mar chuid de chuótaí taraife;

(c)

ciallaíonn 'earraí de thionscnamh Eacuadór' táirge/táirgí a chomhlíonann na ceanglais maidir le tionscnamh faoi Theideal II, Caibidil 2 de Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle (8) agus, ag brath ar an gcóir tharaife arna lorg, de bhun Airteagal 2 den Rialachán seo, Teideal IV, Caibidil 1 nó Teideal IV, Caibidil 2, Roinn 1 de Rialachán (CEE) Uimh. 2454/93 ón gCoimisiún (9).

Airteagal 2

Cóir tharaife

1.   Dleachtanna custaim a chuirtear i bhfeidhm ar earraí de thionscnamh Eacuadór an 12 Nollaig 2014, ní mhéadófar iad agus ní chuirfear aon dleacht chustaim nua a thabharfar isteach tar éis an dáta sin i bhfeidhm ar na hearraí sin.

2.   Cuirfear an cóir tharaife dá bhforáiltear i mír 1 i bhfeidhm gan dochar d'aon bheart arna dhéanamh faoi Rialachán (CE) Uimh. 260/2009, Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 nóRialachán (CE) Uimh. 1225/2009.

Airteagal 3

Coinníollacha chun bheith i dteideal na córa taraife

Beidh teidlíocht chun leas a bhaint as an gcóir tharaife a leagtar amach in Airteagal 2 faoi réir an méid seo a leanas:

(a)

Eacuadór do chomhlíonadh na rialacha maidir le tionscnamh dá tagraítear in Airteagal 1(c) agus na nósanna imeachta a mbaineann leo, lena n-áirítear, de réir mar is iomchuí, forálacha maidir le comhar riaracháin éifeachtach is infheidhme an 12 Nollaig 2014;

(b)

staonadh Eacuadór ó aon dleachtanna nua nó muirir nua a mbeadh an éifeacht choibhéiseach acu a thabhairt isteach agus aon srianta cainníochtúla nua nó bearta nua a thabhairt isteach a mbeadh an éifeacht choibhéiseach acu ar allmhairí ón Aontas nó ó na leibhéil ag a bhfuil na dleachtanna nó na muirir faoi láthair a ardú nó ó aon srianta eile a thabhairt isteach ón 12 Nollaig 2014;

(c)

daingniú ar thaobh Eacuadór ar na cúnaint, coinbhinsiúin agus prótacail a liostaítear san Iarscríbhinn a choimeád agus a gcur chun feidhme éifeachtacht a áirithiú, agus glacadh gan forchoimeádas leis na ceanglais maidir le tuairisciú, faireachán agus athbhreithniú tráthrialta ar a theist cur chun feidhme i gcomhréir le forálacha na gcúnant, na gcoinbhinsiún agus na bprótacal atá daingnithe aige;

(d)

comhoibriú idir Eacuadór agus an Coimisiún agus gach eolas is gá a sholáthar chun measúnú a dhéanamh go bhfuil na ceanglais i bpointe (c) á gcomhlíonadh ag Eacuadór;

(e)

an Eacuadór do dhéanamhiarrachtaí leanúnacha chun an Prótacal Aontachais a shíniú agus a dhaingniú.

Airteagal 4

Fionraí shealadach

Má chinneann an Coimisiún go bhfuil dóthain fianaise ann nár comhlíonadh na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 3, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun an chóir tharaife a chur ar fionraí go ceann tréimhse shealadach, i ndáil le gach earra nó le hearraí áirithe de thionscnamh Eacuadór. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 6(2).

Airteagal 5

Clásal cosanta

I gcás ina ndéantar earraí de thionscnamh Eacuadór a allmhairiú i méideanna agus/nó ar phraghsanna is cúis nó is baol a bheith ina gcúis le deacrachtaí móra do tháirgeoirí an Aontais a tháirgeann táirgí cosúla nó táirgí atá in iomaíocht dhíreach leis an táirge sin, féadfaidh an Coimisiún na dleachtanna Comhtharaife Custaim ar na hearraí sin a thabhairt isteach athuair ag leanúint na rialacha nós imeachta atá leagtha síos i Rialachán (AE) Uimh. 19/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), mutatis mutandis.

Airteagal 6

Nós imeachta coiste

1.   Chun críocha chur chun feidhme Airteagal 4 den Rialachán seo, déanfaidh an Coiste um an gCód Custaim arna bhunú le hAirteagal 248a de Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 7

Teacht i bhfeidhm, cur i bhfeidhm agus dul in éag

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige amhail ón 1 Eanáir 2015.

Rachaidh an Rialachán seo in éag sé mhí tar éis don Phrótacal Aontachais theacht i bhfeidhm nóa chur i bhfeidhm go sealadach, nó ar an 31 Nollaig 2016, cibé acu is túisce a tharlóidh. Foilseoidh an Coimisiún fógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh má scoireann an Rialachán seo d'fheidhm a bheith aige roimh an 31 Nollaig 2016.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 18 Nollaig 2014.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

S. GOZI


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Nollaig 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 18 Nollaig 2014.

(2)  IO L 354, 21.12.2012, lch. 3.

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 260/2009 ón gComhairle an 26 Feabhra 2009 maidir leis na comhrialacha d’allmhairí (IO L 84, 31.3.2009, lch. 1).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 ón gComhairle an 11 Meitheamh 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí fóirdheontais ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad (IO L 188, 18.07.2009, lch. 93).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad (IO L 343, 22.12.2009, Lch. 51).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(7)  Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhthairif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).

(8)  Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 1992 lena mbunaítear Cód Custaim an Chomhphobail (IO L 302, 19.10.1992, lch. 1).

(9)  Rialachán (CEE) Uimh. 2454/93 ón gCoimisiún an 2 Iúil 1993 lena leagtar síos forálacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle lena mbunaítear Cód Custaim an Chomhphobail (IO L 253, 11.10.1993, lch. 1).

(10)  Rialachán (AE) Uimh. 19/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2013 lena gcuirtear chun feidhme an clásal cosanta déthaobhach agus an sásra cobhsaíochta do bhananaí an Chomhaontaithe Trádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus an Cholóim agus Peiriú, den pháirt eile (IO L 17, 19.1.2013, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

CÚNAINT, COINBHINSIÚIN AGUS PRÓTACAIL DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 3(C)

COINBHINSIÚIN NA/EIS I DTACA LE BUNCHEARTA AN DUINE AGUS CEARTA SAOTHAIR

1.

An Coinbhinsiún maidir le Coir an Chinedhíothaithe a Chosc agus a Phionósú (1948)

2.

An Coinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe Chiníoch a Dhíothú (1965)

3.

An Cúnant Idirnáisiúnta maidir le Cearta Sibhialta agus Polaitiúla (1966)

4.

An Cúnant Idirnáisiúnta maidir le Cearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha (1966)

5.

An Coinbhinsiún maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe in aghaidh na mBan a Dhíothú (1979)

6.

An Coinbhinsiún in aghaidh Céastóireachta agus in aghaidh Íde nó Pionóis Eile atá Cruálach, Mídhaonna nó Táireach (1984)

7.

An Coinbhinsiún um Chearta an Linbh (1989)

8.

An Coinbhinsiún maidir le hObair Éigeantais nó Éigeantach, Uimh. 29 (1930)

9.

An Coinbhinsiún maidir le Saoirse Comhlachais agus Cosaint an Chirt Eagrúcháin, Uimh. 87 (1948)

10.

An Coinbhinsiún maidir leis na Prionsabail a Chur i bhFeidhm i dtaca leis an gCeart Eagrúcháin agus leis an gCómhargáil, Uimh. 98 (1949)

11.

An Coinbhinsiún maidir le Luach Saothar Comhionann d'Oibrithe Fireanna agus Baineanna ar Obair arb Ionann a Luach, Uimh. 100 (1951)

12.

An Coinbhinsiún maidir le Saothar Éigeantach a chur ar ceal, Uimh. 105 (1957)

13.

An Coinbhinsiún maidir le hIdirdhealú i gcúrsaí Fostaíochta agus Slí Bheatha, Uimh. 111 (1958)

14.

An Coinbhinsiún maidir leis an Aois Íosta ag a nGlacfar Duine Isteach i bhFostaíocht, Uimh. 138 (1973)

15.

An Coinbhinsiún maidir leis na Cineálacha is measa de Shaothar Leanaí a Thoirmeasc agus le Beart Láithreach chun iad a Dhíchur, Uimh. 182 (1999)

COINBHINSIÚIN MAIDIR LEIS AN GCOMHSHAOL AGUS MAIDIR LE PRIONSABAIL RIALACHAIS

16.

An Coinbhinsiún maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fauna agus Flora Fiáine i mBaol (1973)

17.

Prótacal Montréal um Shubstaintí a Ídíonn an Ciseal Ózóin (1987)

18.

Coinbhinsiún Basel maidir le Rialú Gluaiseachtaí Trasteorann Dramhaíolacha Guaiseacha agus a nDiúscairt (1989)

19.

An Coinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch (1992)

20.

Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Athrú Aeráide (1992)

21.

Prótacal Cartagena ar an mBithshábháilteacht (2000)

22.

Coinbhinsiún Stócólm ar Thruailleáin Orgánacha Mharthanacha (2001)

23.

Prótacal Kyoto a ghabhann le Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Athrú Aeráide (1998)

24.

Coinbhinsiún Aonair na Náisiún Aontaithe um Dhrugaí Támhshuanacha (1961)

25.

Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Shubstaintí Síceatrópacha (1971)

26.

Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe i gcoinne Gáinneáil Aindleathach Drugaí Támhshuanacha agus Substaintí Síceatrópacha (1988)

27.

Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe i gcoinne Éillithe (2004)


Ceartúcháin

30.12.2014   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

9


Ceartúchán ar Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 225 an 30 Iúil 2014 )

(Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L Eagrán Speisialta Gaeilge)

Leathanach 2, Aithris 6:

In ionad:

"(6)

Ina rún an 7 Iúil 2010 ina raibh moltaí don Choimisiún um Bainistíocht Géarchéime Trasteorann san Earnáil Baincéireachta, d'iarr Parlaimint na hEorpa ar an gCoimisiún teachtaireacht a thíolacadh “ar bhonn Airteagal 50 agus Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, togra reachtacha amháin nó níos mó a bhaineann le creatlach AE chun géarchéimeanna a bhainistiú, ciste cobhsaíochta airgeadais AE, agus aonad réitigh” agus, ina rún an 20 Samhain 2012 ina raibh moltaí don Choimisiún maidir le tuarascáil Uachtaráin na Comhairle Eorpaí, an Choimisiúin Eorpaigh, an Bhainc Cheannais Eorpaigh agus Ghrúpa an Euro “I dTreo fíor- Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta”, luadh “go raibh briseadh suas lúb an aiseolais dhiúltaigh idir flaithiúnais, bainc agus an fíorgheilleagar sár-riachtanach d'fheidhmiú rianúil AEA”, leagadh béim “ar an ngéarghá le bearta breise agus forleithne chun an ghéarchéim san earnáil bhaincéireachta a réiteach” agus chun “aontas baincéireachta Eorpach atá i bhfeidhm go hiomlán a réadú;” agus a áirithiú “an margadh inmheánach do sheirbhísí airgeadais agus do shaorghluaiseacht chaipitil a bheith ag feidhmiú i gceart agus go leanúnach”.",

Léitear:

"(6)

Ina rún an 7 Iúil 2010 ina raibh moltaí don Choimisiún um Bainistíocht Géarchéime Trasteorann san Earnáil Baincéireachta, d'iarr Parlaimint na hEorpa ar an gCoimisiún teachtaireacht a thíolacadh “ar bhonn Airteagal 50 agus Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, togra reachtacha amháin nó níos mó a bhaineann le creatlach AE chun géarchéimeanna a bhainistiú, ciste cobhsaíochta airgeadais AE, agus aonad réitigh” agus, ina rún an 20 Samhain 2012 ina raibh moltaí don Choimisiún maidir le tuarascáil Uachtaráin na Comhairle Eorpaí, an Choimisiúin Eorpaigh, an Bhainc Cheannais Eorpaigh agus Ghrúpa an Euro “I dTreo fíor- Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta”, luadh “go raibh briseadh suas lúb an aiseolais dhiúltaigh idir ceannasaigh, bainc agus an fíorgheilleagar sár-riachtanach d'fheidhmiú rianúil AEA”, leagadh béim “ar an ngéarghá le bearta breise agus forleithne chun an ghéarchéim san earnáil bhaincéireachta a réiteach” agus chun “aontas baincéireachta Eorpach atá i bhfeidhm go hiomlán a réadú;” agus a áirithiú “an margadh inmheánach do sheirbhísí airgeadais agus do shaorghluaiseacht chaipitil a bheith ag feidhmiú i gceart agus go leanúnach”.";

Leathanach 5, Aithris 19:

In ionad:

"(19)

Is eilimint riachtanach é ciste réitigh aonair (“Ciste”) nach bhfheidhmeodh SRA i gceart dá uireasa. Dá mba ar bhonn náisiúnta a leanfaí den chistiú a dhéanamh i gcónaí ar réiteach san fhadtéarma, ní bhrisfí an nasc idir flaithiúnais agus an earnáil baincéireachta go hiomlán, agus leanfadh infheisteoirí ar aghaidh ag bunú coinníollacha iasachtaíochta i gcomhréir le háit bhunaíochta na mbanc seachas lena gcreidiúnacht. Ba cheart an Ciste a bheith ina chuidiú le cleachtas aonfhoirmeach riaracháin a áirithiú ó thaobh réiteach a mhaoiniú agus ó thaobh cosc a chur ar theacht chun cinn bacainní le feidhmiú saoirsí bunúsacha nó saobhadh na hiomaíochta sa mhargadh inmheánach i ngeall ar chleachtais éagsúla náisiúnta. Ba cheart go maoineodh ranníocaíochtaí banc a cruinníodh ar an leibhéal náisiúnta an Ciste agus ba cheart é a chomhthiomsú ar leibhéal an Aontais i gcomhréir le comhaontú idir-rialtasach maidir le haistriú agus frithpháirtiú forásach na ranníocaíochtaí sin (an “Comhaontú”), agus ar an dóigh sin an chobhsaíocht airgeadais a mhéadú agus srian a chur leis an nasc idir an staid bhúiséadach a mheastar a bheith ag Ballstáit aonair agus costais cistiúcháin na mbanc agus na ngnólachtaí a fheidhmíonn sna Ballstáit sin. Chun an nasc sin a bhriseadh a thuilleadh, níor cheart go gcuirfeadh cinntí a ghlacfar laistigh de SRA isteach ar fhreagrachtaí búiséadacha na mBallstát. Maidir leis sin, níor cheart ach tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách a mheas a bheith ina sárú ar fhlaithiúnas buiséadacha agus ar fhreagrachtaí búiséadacha na mBallstát. Go háirithe, níor cheart cinntí a cheanglaíonn úsáid an Chiste nó an scéim ráthaíochta taiscí a mheas a bheith ina sárú ar fhlaithiúnas buiséadach nó ar fhreagrachtaí búiséadacha na mBallstát.",

Léitear:

"(19)

Is eilimint riachtanach é ciste réitigh aonair (“Ciste”) nach bhfheidhmeodh SRA i gceart dá uireasa. Dá mba ar bhonn náisiúnta a leanfaí den chistiú a dhéanamh i gcónaí ar réiteach san fhadtéarma, ní bhrisfí an nasc idir ceannasaigh agus an earnáil baincéireachta go hiomlán, agus leanfadh infheisteoirí ar aghaidh ag bunú coinníollacha iasachtaíochta i gcomhréir le háit bhunaíochta na mbanc seachas lena gcreidiúnacht. Ba cheart an Ciste a bheith ina chuidiú le cleachtas aonfhoirmeach riaracháin a áirithiú ó thaobh réiteach a mhaoiniú agus ó thaobh cosc a chur ar theacht chun cinn bacainní le feidhmiú saoirsí bunúsacha nó saobhadh na hiomaíochta sa mhargadh inmheánach i ngeall ar chleachtais éagsúla náisiúnta. Ba cheart go maoineodh ranníocaíochtaí banc a cruinníodh ar an leibhéal náisiúnta an Ciste agus ba cheart é a chomhthiomsú ar leibhéal an Aontais i gcomhréir le comhaontú idir-rialtasach maidir le haistriú agus frithpháirtiú forásach na ranníocaíochtaí sin (an “Comhaontú”), agus ar an dóigh sin an chobhsaíocht airgeadais a mhéadú agus srian a chur leis an nasc idir an staid bhuiséadach a mheastar a bheith ag Ballstáit aonair agus costais cistiúcháin na mbanc agus na ngnólachtaí a fheidhmíonn sna Ballstáit sin. Chun an nasc sin a bhriseadh a thuilleadh, níor cheart go gcuirfeadh cinntí a ghlacfar laistigh de SRA isteach ar fhreagrachtaí buiséadacha na mBallstát. Maidir leis sin, níor cheart ach tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách a mheas a bheith ina sárú ar cheannasacht bhuiséadach agus ar fhreagrachtaí buiséadacha na mBallstát. Go háirithe, níor cheart cinntí a cheanglaíonn úsáid an Chiste nó an scéim ráthaíochta taiscí a mheas a bheith ina sárú ar cheannasacht bhuiséadach nó ar fhreagrachtaí buiséadacha na mBallstát.";

Leathanach 6, Aithris 24:

In ionad:

"(24)

Ós rud é nach bhféadfaidh ach institiúidí an Aontais comhbheartas réitigh an Aontais a bhunú agus ós rud é go bhfanann lamháil discréide i nglacadh gach scéime réitigh ar leith, tá sé riachtanach foráil a dhéanamh maidir le rannpháirtíocht leordhóthanach na Comhairle agus an Choimisiúin, mar institiúidí a fhéadfaidh cumhachtaí cur chun feidhme a fheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 291 CFAE. Ba cheart go bhfeidhmeodh an Coimisiún meastóireacht ar ghnéithe lánroghnacha na gcinntí a thógann an Bord. Ráite an tionchar suntasach a bhíonn ag na cinntí réitigh ar chobhsaíocht airgeadais na mBallstát agus ar an Aontas, mar sin, agus ar fhlaithiúnas buiséadach na mBallstát chomh maith, tá sé tábhachtach go dtabharfar an chumhacht cur chun feidhme don Chomhairle chun cinntí áirithe a ghlacadh a bhaineann le réiteach. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh sé faoin gComhairle, ar thogra ón gCoimisiún, rialú éifeachtach a fheidhmiú ar an meastóireacht ón mBord go bhfuil leas an phobail ann agus chun measúnú a dhéanamh ar aon athrú ábhartha ar mhéid an Chiste a bheidh le húsáid i ngníomhaíocht réitigh ar leith. Thairis sin, ba cheart go gcumhachtófaí don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun na critéir bhreise nó na coinníollacha breise a shonrú a bheidh le cur i gcuntas ag an mBord i bhfeidhmiú a chumhachtaí éagsúla. Níor cheart go gcuirfeadh bronnadh cúraimí réitigh den sórt sin isteach ar shlí ar bith ar oibriú an mhargaidh inmheánaigh do sheirbhísí airgeadais. Dá bhrí sin, ba cheart do ÚBE a ról a choimeád ar bun agus a chumhachtaí agus a chúraimí atá ann cheana féin a choinneáil: ba cheart go ndéanfadh sé reachtaíocht an Aontais is infheidhme maidir leis na Ballstáit uile a fhorbairt, agus rannchuidiú leis, agus ba cheart go ndéanfadh sé cóineasú na gcleachtas réitigh ar fud an Aontais ina iomláine a fheabhsú.",

Léitear:

"(24)

Ós rud é nach bhféadfaidh ach institiúidí an Aontais comhbheartas réitigh an Aontais a bhunú agus ós rud é go bhfanann lamháil discréide i nglacadh gach scéime réitigh ar leith, tá sé riachtanach foráil a dhéanamh maidir le rannpháirtíocht leordhóthanach na Comhairle agus an Choimisiúin, mar institiúidí a fhéadfaidh cumhachtaí cur chun feidhme a fheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 291 CFAE. Ba cheart go bhfeidhmeodh an Coimisiún meastóireacht ar ghnéithe lánroghnacha na gcinntí a thógann an Bord. Ráite an tionchar suntasach a bhíonn ag na cinntí réitigh ar chobhsaíocht airgeadais na mBallstát agus ar an Aontas, mar sin, agus ar cheannasacht bhuiséadach na mBallstát chomh maith, tá sé tábhachtach go dtabharfar an chumhacht cur chun feidhme don Chomhairle chun cinntí áirithe a ghlacadh a bhaineann le réiteach. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh sé faoin gComhairle, ar thogra ón gCoimisiún, rialú éifeachtach a fheidhmiú ar an meastóireacht ón mBord go bhfuil leas an phobail ann agus chun measúnú a dhéanamh ar aon athrú ábhartha ar mhéid an Chiste a bheidh le húsáid i ngníomhaíocht réitigh ar leith. Thairis sin, ba cheart go gcumhachtófaí don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun na critéir bhreise nó na coinníollacha breise a shonrú a bheidh le cur i gcuntas ag an mBord i bhfeidhmiú a chumhachtaí éagsúla. Níor cheart go gcuirfeadh bronnadh cúraimí réitigh den sórt sin isteach ar shlí ar bith ar oibriú an mhargaidh inmheánaigh do sheirbhísí airgeadais. Dá bhrí sin, ba cheart do ÚBE a ról a choimeád ar bun agus a chumhachtaí agus a chúraimí atá ann cheana féin a choinneáil: ba cheart go ndéanfadh sé reachtaíocht an Aontais is infheidhme maidir leis na Ballstáit uile a fhorbairt, agus rannchuidiú leis, agus ba cheart go ndéanfadh sé cóineasú na gcleachtas réitigh ar fud an Aontais ina iomláine a fheabhsú.";

Leathanach 23, pointe 30 d'Airteagal 3(1):

In ionad:

"(30)

ciallaíonn “uirlis díolacháin ghnó” an sásra chun go ndéanfadh údarás réitigh scaireanna nó ionstraimí eile úinéireachta arna n-eisiúint ag institiúid faoi réiteach, nó sócmhainní, cearta nó dliteanais institiúide faoi réiteach le ceannaitheoir nach droichead-institiúid é, i gcomhréir le hAirteagal 24;",

Léitear:

"(30)

ciallaíonn “uirlis díolacháin ghnó” an sásra chun go ndéanfadh údarás réitigh ionstraimí úinéireachta arna n-eisiúint ag institiúid faoi réiteach, nó sócmhainní, cearta nó dliteanais de chuid institiúide faoi réiteach, a aistriú chuig ceannaitheoir nach droichead-institiúid é, i gcomhréir le hAirteagal 24;";

Leathanach 23, pointe 31 d'Airteagal 3(1):

In ionad:

"(31)

Ciallaíonn “uirlis droichead-institiúide” sásra chun ionstraimí úinéireachta arna n-eisiúint ag institiúid faoi réiteach nó sócmhainní, cearta nó dliteanais institiúide faoi réiteach a aistriú chuig droichead-institiúid, i gcomhréir le hAirteagal 25;",

Léitear:

"(31)

Ciallaíonn “uirlis droichead-institiúide” an sásra chun ionstraimí úinéireachta arna n-eisiúint ag institiúid faoi réiteach, nó sócmhainní, cearta nó dliteanais de chuid institiúide faoi réiteach, a aistriú chuig droichead-institiúid, i gcomhréir le hAirteagal 25;";

Leathanach 23, pointe 32 d'Airteagal 3(1):

In ionad:

"(32)

ciallaíonn “uirlis deighilte sócmhainní” sásra chun aistriú a dhéanamh ar shócmhainní, ar chearta nó ar dhliteanais institiúide faoi réiteach chuig gléas bainistíochta sócmhainní i gcomhréir le hAirteagal 26;",

Léitear:

"(32)

ciallaíonn “uirlis deighilte sócmhainní” an sásra chun aistriú a dhéanamh ar shócmhainní, ar chearta nó ar dhliteanais de chuid institiúide faoi réiteach chuig gléas bainistíochta sócmhainní i gcomhréir le hAirteagal 26; ";

Leathanach 23, pointe 33 d'Airteagal 3(1):

In ionad:

"(33)

ciallaíonn “uirlis fortharrthála” an sásra chun na cumhachtaí díluachála agus comhshó a fheidhmiú i ndáil le dliteanais institiúide faoi réiteach i gcomhréir le hAirteagal 27;",

Léitear:

"(33)

ciallaíonn “uirlis fortharrthála” an sásra chun na cumhachtaí díluachála agus comhshó a fheidhmiú i ndáil le dliteanais de chuid institiúide faoi réiteach i gcomhréir le hAirteagal 27;";

Leathanach 24, pointe 50 d'Airteagal 3(1):

In ionad:

"(50)

ciallaíonn “scéim ráthaíochta taiscí” scéim ráthaíochta taiscí arna tugadh isteach agus arna aithint go hoifigiúil ag Ballstát de bhun Airteagal 4 de Threoir 2014/49/AE;",

Léitear:

"(50)

ciallaíonn “scéim ráthaíochta taiscí” scéim ráthaíochta taiscí arna tabhairt isteach agus arna haithint go hoifigiúil ag Ballstát de bhun Airteagal 4 de Threoir 2014/49/AE;";

Leathanach 26, Airteagal 6(6):

In ionad:

"6.   Ní cheanglóidh cinntí nó gníomhaíochtaí de chuid an Bhoird ná na Comhairle ná an Choimisiúin ar na Ballstáit tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách a sholáthar ná cur isteach ar cheannasacht bhuiséadach ná a fhreagrachtaí búiséadacha na mBallstát.",

Léitear:

"6.   Maidir le cinntí nó gníomhaíochtaí de chuid an Bhoird nó na Comhairle nó an Choimisiúin, ní cheanglóidh siad ar na Ballstáit tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách a sholáthar ná ní chuirfidh siad isteach ar cheannasacht bhuiséadach ná ar fhreagrachtaí buiséadacha na mBallstát.".


30.12.2014   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

12


Ceartúchán ar Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Samhain 2014 maidir le doiciméid um fhaisnéis bhunriachtanach do tháirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 352 an 9 Nollaig 2014 )

Leathanach 13, Airteagal 8, mír 5:

In ionad:

“Faoin 31 Márta 2015”

Léitear:

“Faoin 31 Márta 2016”