ISSN 1977-0839 |
||
Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh |
Eagrán Speisialta ( 1 ) |
|
An t-eagrán Gaeilge |
Reachtaíocht |
57 |
Clár |
|
I Gníomhartha reachtacha |
Leathanach |
|
|
RIALACHÁIN |
|
|
* |
|
|
|
(1) Faoin tagairt L 313 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh. |
GA |
I Gníomhartha reachtacha
RIALACHÁIN
31.10.2014 |
GA |
Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh |
1 |
RIALACHÁN (AE) Uimh. 1150/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 29 Deireadh Fómhair 2014
lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 374/2014 maidir le dleachtanna custaim ar earraí de thionscnamh na hÚcráine a laghdú nó a dhíchur
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),
De bharr an méid seo a leanas:
(1) |
Tír chomhpháirtíochta tosaíochta is ea an Úcráin i mBeartas Comharsanachta na hEorpa agus i gComhpháirtíocht an Oirthir. Tá caidreamh níos dlúithe leis an Úcráin á lorg ag an Aontas Eorpach i bhfianaise chomhlachas polaitiúil agus chomhtháthú eacnamaíoch na hÚcráine leis an Aontas. Chuige sin, idir 2007 agus 2011, rinne an tAontas agus an Úcráin an Comhaontú Comhlachais idir an tAontas agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus an Úcráin, den pháirt eile, (an Comhaontú Comhlachais) (2), lena n-áirítear Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála (LDCST), a chaibidliú, ar chuir an dá pháirtí síniú leis an 27 Meitheamh 2014. De réir fhorálacha LDCST, tá an tAontas agus an Úcráin le limistéar saorthrádála a bhunú thar idirthréimhse nach mó ná 10 mbliana ó theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe Comhlachais, i gcomhréir le hAirteagal XXIV de Chomhaontú Ginearálta 1994 um Tharaifí agus Trádáil. |
(2) |
I bhfianaise na ndúshlán mór slándála, polaitiúil agus eacnamaíoch atá roimh an Úcráin amach, agus chun tacaíocht a thabhairt do gheilleagar na tíre sin, cinneadh gníomhú roimh an Sceideal lamháltas atá leagtha amach in Iarscríbhinn I-A a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais a chur chun feidhme trí bhíthin na bhfabhar uathrialaitheach dá bhforáiltear faoi Rialachán (AE) Uimh. 374/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). I bhfianaise na ndúshlán atá fós roimh an Úcráin amach, ba cheart cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 374/2014 a fhadú go dtí an 31 Nollaig 2015. Chun críche na réamhphleanála, ba cheart na dleachtanna custaim agus rochtain ar tharaif-chuótaí a fhágáil mar a bhí in 2014 don tréimhse fhadaithe. |
(3) |
Foráiltear le hAirteagal 2 den Chomhaontú Comhlachais go mbeidh urraim do phrionsabail an daonlathais, cearta an duine agus na bunsaoirsí, agus prionsabal an smachta reachta ina mbuneilimintí sa Chomhaontú sin. Foráiltear leis freisin gur buneilimintí sa Chomhaontú sin cur chun cinn urraim do phrionsabail na ceannasachta agus na sláine críche, na dosháraitheachta teorann agus an neamhspleáchais, mar aon le dul i ngleic le leathadh na n-arm ollscriosta, na n-ábhar gaolmhar agus na modhanna lena seachadtar iad. Na fabhair uathrialaitheacha dá bhforáiltear faoi Rialachán (AE) Uimh. 374/2014, ba cheart iad a bheith faoi réir urraim na bprionsabal céanna sin ag an Úcráin. Chun Rialachán (AE) Uimh. 374/2014 a ailíniú le cleachtas an Aontais agus le hionstraimí beartas trádála eile de chuid AE, is iomchuí an fhéidearthacht go gcuirfí na fabhair ar fionraí ar bhonn sealadach a thabhairt isteach i gcás ina mainneodh an Úcráin bunphrionsabail chearta an duine, an daonlathais nó an smachta reachta a urramú. |
(4) |
I bhfianaise a phráinne atá an t-ábhar, tá sé tábhachtach eisceacht a dhéanamh maidir leis an tréimhse ocht seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (UE) Uimh. 374/2014 mar a leanas:
(1) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1: “Airteagal 1 Socruithe fabhracha Déanfar dleachtanna custaim ar earraí de thionscnamh na hÚcráine a laghdú nó a dhíchur i gcomhréir le hIarscríbhinn I. Nuair a dhéantar tagairt in Iarscríbhinn I do chatagóirí céimnithe, déanfar ráta bunúsach na ndleachtanna do 2014 agus do 2015 a dhíchur i gcás catagóir céimnithe 0 agus déanfar laghdú 25 % air i gcás chatagóir céimnithe 3, laghdú 16,7 % air i gcás chatagóir céimnithe 5 agus laghdú 12,5 % air i gcás chatagóir céimnithe 7” ; |
(2) |
In Airteagal 2, cuirtear an pointe seo a leanas isteach:
|
(3) |
In Airteagal 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír: “Beidh feidhm aige go dtí an 31 Nollaig 2015.” ; |
(4) |
Cuirtear an téacs a leagtar amach faoi seach in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 2 Samhain 2014.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Deireadh Fómhair 2014.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
M. SCHULZ
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
S. GOZI
(1) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Deireadh Fómhair 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2014.
(2) IO L 161, 29.5.2014, lch. 3.
(3) Rialachán (AE) Uimh. 374/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le dleachtanna custaim ar earraí de thionscnamh na hÚcráine a laghdú nó a dhíchur (IO L 118, 22.4.2014, lch. 1).
IARSCRÍBHINN I
“IARSCRÍBHINN II
D'ainneoin na rialacha maidir le léirmhíniú na hAinmníochta Comhcheangailte, is ceart a mheas nach bhfuil ach luach táscach san fhoclaíocht atá in úsáid sa tuairisc ar na táirgí agus is iad na cóid den AC, i gcomhthéacs na hIarscríbhinne seo, a chinnfidh raon feidhme na scéime fabhraí de réir mar atá na cóid sin an 23 Aibreán 2014.
Uimh. an Ordaithe |
Cód AC |
Tuairisc ar na hearraí |
Cainníocht do thréimhse an chuóta ón 23.4.2014 go dtí an 31.12.2014 (i dtonnaí glanmheáchain mura sonraítear a mhalairt) |
Cainníocht do thréimhse an chuóta ón 1.1.2015 go dtí an 31.12.2015 (i dtonnaí glanmheáchain mura sonraítear a mhalairt) |
09.3050 |
0204 22 50 0204 22 90 |
Cosa caorach, gearrthacha eile ar an gcnámh (seachas conablaigh agus leathchonablaigh, ceathrúna tosaigh gearra, dromlaigh agus/nó racaí), iad úr nó fuaraithe |
1 500 |
1 500 |
0204 23 |
Feoil ó chaoirigh gan chnámha, úr nó fuaraithe |
|||
0204 42 30 0204 42 50 0204 42 90 |
Gearrthacha reoite caorach, ar an gcnámh (seachas conablaigh, leathchonablaigh agus ceathrúna tosaigh gearra) |
|||
0204 43 10 |
Feoil ó uain reoite, gan chnámha |
|||
0204 43 90 |
Feoil ó chaoirigh reoite, gan chnámha |
|||
09.3051 |
0409 |
Mil nádúrtha |
5 000 |
5 000 |
09.3052 |
1701 12 |
Siúcra amh biatais nach bhfuil ábhar blaistithe ná dathúcháin curtha leis |
20 070 |
20 070 |
1701 91 1701 99 |
Siúcra eile seachas siúcra amh |
|||
1702 20 10 |
Siúcra mailpe i bhfoirm sholadach, nach bhfuil ábhar blaistithe ná dathúcháin curtha leis |
|||
1702 90 30 |
Iseaglúcós i bhfoirm sholadach, a bhfuil 50 % d'fhruchtós ann de réir meáchain i staid thirim |
|||
1702 90 50 |
Maltaideistrin i bhfoirm sholadach, a bhfuil 50 % d'fhruchtós (tirim) inti de réir meáchain (i staid thirim) |
|||
1702 90 71 1702 90 75 1702 90 79 |
Caramal |
|||
1702 90 80 |
Síoróip ionúiline |
|||
1702 90 95 |
Siúcraí eile, lena n-áirítear siúcra inbhéartaithe agus siúcra eile agus cumaisc síoróipe siúcra a bhfuil 50 % d'fhruchtós iontu de réir meáchain i staid thirim |
|||
09.3053 |
1702 30 1702 40 |
Glúcós agus síoróip ghlúcóis, gan fruchtós nó a bhfuil níos lú ná 50 % d'fhruchtós iontu de réir meáchain i staid thirim, seachas siúcra inbhéartaithe |
10 000 |
10 000 |
1702 60 |
Fruchtós agus síoróip fruchtóis eile, a bhfuil níos lú ná 50 % d'fhruchtós iontu de réir meáchain i staid thirim, gan siúcra inbhéartaithe a áireamh |
|||
09.3054 |
2106 90 30 |
Síoróipí iseaglúcóis blaistithe nó daite |
2 000 |
2 000 |
2106 90 55 |
Síoróip ghlúcóis bhlaistithe nó dhaite agus síoróip mhaltaideistrine |
|||
2106 90 59 |
Síoróipí siúcra blaistithe nó daite (seachas iseaglúcós, lachtós, glúcós agus síoróip mhaltaideistrine) |
|||
09.3055 |
ex 1103 19 20 |
Piocuaran eorna |
6 300 |
6 300 |
1103 19 90 |
Piocuaran gránach agus cineálacha mine gránach (seachas cruithneacht, seagal, coirce, arbhar Indiach, rís agus eorna) |
|||
1103 20 90 |
Millíní gránach (seachas cruithneacht, seagal, coirce, arbhar Indiach, rís agus eorna) |
|||
1104 19 10 |
Gránaigh chruithneachta rollta nó chalógacha |
|||
1104 19 50 |
Gránaigh arbhair Indiaigh rollta nó chalógacha |
|||
1104 19 61 |
Gránaigh eorna rollta |
|||
1104 19 69 |
Gránaigh eorna chalógacha |
|||
1104 29 |
Gránaigh oibrithe (mar shampla, scilligthe, péarlaithe, slisnithe nó garbhmheilte), seachas gránaigh ó choirce, ó sheagal nó ó arbhar Indiach |
|||
1104 30 |
Ginidín gránach, iomlán, rollta, calógach nó meilte |
|||
09.3056 |
1107 |
Braich, rósta nó neamhrósta |
7 000 |
7 000 |
1109 |
Glútan cruithneachta, pé acu tirim nó úr |
|||
09.3057 |
1108 11 |
Stáirse cruithneachta |
10 000 |
10 000 |
1108 12 |
Stáirse arbhair Indiaigh |
|||
1108 13 |
Stáirse prátaí |
|||
09.3058 |
3505 10 10 3505 10 90 |
Deistriní agus stáirsí modhnaithe eile (seachas stáirsí eistearaithe nó éitearaithe) |
1 000 |
1 000 |
3505 20 30 3505 20 50 3505 20 90 |
Gliúnna ina bhfuil, de réir meáchain, 25 % nó níos mó de stáirsí nó de dheistriní nó de stáirsí modhnaithe eile iontu |
|||
09.3059 |
2302 10 2302 30 2302 40 10 2302 40 90 |
Bran, meánaigh agus iarmhair eile, pé acu an bhfuil siad i bhfoirm millíní nó nach bhfuil, arna ndíorthú ó ghránaigh a chriathrú, a mheilt nó a oibriú ar bhealach eile (seachas iarmhair ó rís) |
16 000 |
16 000 |
2303 10 11 |
Iarmhair ó mhonarú stáirse ó arbhar Indiach (seachas licéir thiubhaithe atá curtha ar maos), a bhfuil cion próitéine iontu, arna ríomh ar bhonn an táirge thirim, ar mó ná 40 % de réir meáchain é |
|||
09.3060 |
0711 51 |
Beacáin den ghéineas Agaricus atá leasaithe go sealadach (mar shampla, ag gás dé-ocsaíde sulfair, faoi sháile, in uisce sulfair nó i dtuaslagáin leasaitheacha eile), ach nach bhfuil oiriúnach lena gcaitheamh díreach sa staid sin |
500 |
500 |
2003 10 |
Beacáin den ghéineas Agaricus, ullmhaithe nó leasaithe ar shlí eile seachas ag fínéagar nó le haigéad aicéiteach |
|||
09.3061 |
0711 51 |
Beacáin den ghéineas Agaricus atá leasaithe go sealadach (mar shampla, ag gás dé-ocsaíde sulfair, faoi sháile, in uisce sulfair nó i dtuaslagáin leasaitheacha eile), ach nach bhfuil oiriúnach lena gcaitheamh díreach sa staid sin |
500 |
500 |
09.3062 |
2002 |
Trátaí ullmhaithe nó leasaithe ar shlí eile seachas le fínéagar nó le haigéad aicéiteach |
10 000 |
10 000 |
09.3063 |
2009 61 90 |
Sú fíonchaor (lena n-áirítear úrfhíon fíonchaor), de luach Brix nach mó ná 30, de luach níos mó ná EUR 18 in aghaidh an 100 kg de mheáchan glan |
10 000 |
10 000 |
2009 69 11 |
Sú fíonchaor (lena n-áirítear úrfhíon fíonchaor), de luach Brix nach mó ná 67, de luach nach mó ná EUR 22 in aghaidh an 100 kg de mheáchan glan |
|||
2009 69 71 2009 69 79 2009 69 90 |
Sú fíonchaor (lena n-áirítear úrfhíon fíonchaor), de luach Brix níos mó ná 30 ach nach mó ná 67 é, de luach nach mó ná EUR 18 in aghaidh an 100 kg de mheáchan glan é |
|||
2009 71 2009 79 |
Sú úill |
|||
09.3064 |
0403 10 51 0403 10 53 0403 10 59 0403 10 91 0403 10 93 0403 10 99 0403 90 71 0403 90 73 0403 90 79 0403 90 91 0403 90 93 0403 90 99 |
Bláthach, bainne gruthach agus uachtar gruthach, iógart, ceifír, agus bainne agus uachtar coipthe nó aigéadaithe de chineál eile, iad blaistithe nó torthaí, cnónna nó cócó curtha leo |
2 000 |
2 000 |
09.3065 |
0405 20 10 0405 20 30 |
Leatháin déiríochta ina bhfuil cion saille, de réir meáchain, 39 % nó níos mó, ach nach mó ná 75 % é |
250 |
250 |
09.3066 |
0710 40 0711 90 30 2001 90 30 2004 90 10 2005 80 |
Arbhar milis |
1 500 |
1 500 |
09.3067 |
1702 50 |
Fruchtós íon ó thaobh ceimice de |
2 000 |
2 000 |
1702 90 10 |
Maltós íon ó thaobh ceimice de |
|||
ex 1704 90 99 |
Milseogra siúcra eile, nach bhfuil cócó iontu, inaa bhfuil 70 % nó níos mó de shiúcrós de réir meáchain |
|||
1806 10 30 1806 10 90 |
Púdar cócó a bhfuil 65 % nó níos mó de shiúcrós nó d'iseaglúcós arna shloinneadh mar shiúcrós ann de réir meáchain |
|||
ex 1806 20 95 |
Ullmhóidí eile i mbloic, leaca nó barraí ina bhfuil meáchan níos mó ná 2 kg nó i leacht, taos, púdar, gráinneach nó ar mhórchóir eile i gcoimeádáin nó neasphacálacha, a bhfuil níos mó ná 2 kg iontu, ina bhfuil níos lú ná 18 % d'im cócó de réir meáchain agus 70 % nó níos mó de shiúcrós de réir meáchain |
|||
ex 1901 90 99 |
Ullmhóidí bia de phlúr, de phiocuaran, de mhin, de stáirse nó d'eastócán braiche, nach bhfuil cócó iontu nó ina bhfuil níos lú ná 40 % de chócó de réir meáchain arna ríomh ar bhonn díshaillte go hiomlán, ina bhfuil 70 % nó níos mó de shiúcrós de réir meáchain |
|||
2101 12 98 2101 20 98 |
Ullmhóidí de bhunús caifé, tae nó maité |
|||
3302 10 29 |
Meascáin de shubstaintí cumhra agus meascáin de bhunús ceann amháin nó níos mó de na substaintí sin, de chineál a úsáidtear i dtionscail na ndeochanna, ina bhfuil gach oibreán blaistithe atá ina shaintréith de dheoch, le neart alcóil iarbhír de réir toirte nach mó ná 0.5 % |
|||
09.3068 |
1903 |
Taipióca agus a ionadaigh déanta as stáirse, i bhfoirm calóg, gráinní, péarlaí, fuíoll criathair nó foirmeacha comhchosúla |
2 000 |
2 000 |
1904 30 |
Bulgar |
|||
09.3069 |
1806 20 70 |
Grabhróga bainne seacláide |
300 |
300 |
2106 10 80 |
Tiúchain próitéine eile agus substaintí próitéine uigithe |
|||
2202 90 99 |
Deochanna neamhalcólacha eile seachas uiscí, ina bhfuil 2 % nó níos mó saille de réir meáchain arna fáil ó na táirgí faoi cheannteidil 0401 go 0404 |
|||
09.3070 |
2106 90 98 |
Ullmhóidí bia nach sonraítear nó nach n-áirítear in aon áit eile |
2 000 |
2 000 |
09.3071 |
2207 10 2208 90 91 2208 90 99 |
Alcóil eitile dínádúraithe |
27 000 |
27 000 |
2207 20 |
Alcóil eitile agus biotáillí eile, dínádúraithe, de gach neart alcóil |
|||
09.3072 |
2402 10 |
Todóga, seiriúit agus todóigíní, ina bhfuil tobac |
2 500 |
2 500 |
2402 20 90 |
Toitíní ina bhfuil tobac, nach bhfuil clóibh iontu |
|||
09.3073 |
2905 43 |
Mainníotól |
100 |
100 |
2905 44 |
D-glúicíotól (soirbíotól) |
|||
3824 60 |
Soirbíotól seachas é sin faoi fho-cheannteideal 2905 44 |
|||
09.3074 |
3809 10 10 3809 10 30 3809 10 50 3809 10 90 |
Oibreáin bhailchríche, iompróirí ruaime chun dlús a chur le ruaimniú nó fosú ábhar ruaimnithe agus táirgí agus ullmhóidí eile (mar shampla, treiscíní agus buanaitheoirí), de chineál a úsáidtear i dtionscail na teicstíle, an pháipéir, an leathair nó i dtionscail chomhchosúla, nach sonraítear nó nach n-áirítear in aon áit eile, ina bhfuil bunús substaintí amáláiseacha |
2 000 |
2 000 |
09.3075 |
0703 20 |
Gairleog, úr nó fuaraithe |
500 |
500 |
09.3076 |
1004 |
Coirce |
4 000 |
4 000 ” |
IARSCRÍBHINN II
“IARSCRÍBHINN III
Cuótaí ráta taraife do tháirgí talmhaíochta sonracha dá dtagraítear in Airteagal 3(3)
Táirge |
Rangú earraí de réir taraife |
Cainníocht do thréimhse an chuóta ó 23.4.2014 go dtí 31.12.2014 |
Cainníocht do thréimhse an chuóta ón 1 Eanáir 2015 go dtí an 31 Nollaig 2015 |
Mairteoil |
0201.10. (00 ) 0201.20. (20 -30 -50 -90 ) 0201.30. (00 ) 0202.10. (00 ) 0202.20. (10 -30 -50 -90 ) 0202.30. (10 -50 -90 ) |
12 000 tonna in aghaidh na bliana mar ghlanmheáchan |
12 000 tonna in aghaidh na bliana mar ghlanmheáchan |
Muiceoil |
0203.11. (10 ) 0203.12. (11 -19 ) 0203.19. (11 -13 -15 -55 -59 ) 0203.21. (10 ) 0203.22. (11 -19 ) 0203.29. (11 -13 -15 -55 -59 ) |
20 000 tonna in aghaidh na bliana mar ghlanmheáchan + 20 000 tonna in aghaidh na bliana mar ghlanmheáchan (le haghaidh na gcód AC 0203.11. (10 ) 0203.12. (19 ) 0203.19. (11 -15 -59 ) 0203.21. (10 ) 0203.22. (19 ) 0203.29. (11 -15 -59 )) |
20 000 tonna in aghaidh na bliana mar ghlanmheáchan + 20 000 tonna in aghaidh na bliana mar ghlanmheáchan (le haghaidh na gcód AC 0203.11. (10 ) 0203.12. (19 ) 0203.19. (11 -15 -59 ) 0203.21. (10 ) 0203.22. (19 ) 0203.29. (11 -15 -59 )) |
Éineoil agus ullmhóidí éineola |
0207.11. (30 -90 ) 0207.12. (10 -90 ) 0207.13. (10 -20 -30 -50 -60 -99 ) 0207.14. (10 -20 -30 -50 -60 -99 ) 0207.24. (10 -90 ) 0207.25. (10 -90 ) 0207.26. (10 -20 -30 -50 -60 -70 -80 -99 ) 0207.27. (10 -20 -30 -50 -60 -70 -80 -99 ) 0207.32. (15 -19 -51 -59 -90 ) 0207.33. (11 -19 -59 -90 ) 0207.35. (11 -15 -21 -23 -25 -31 -41 -51 -53 -61 -63 -71 -79 -99 ) 0207.36. (11 -15 -21 -23 -31 -41 -51 -53 -61 -63 -79 -90 ) 0210.99. (39 ) 1602.31. (11 -19 -30 -90 ) 1602.32. (11 -19 -30 -90 ) 1602.39. (21 ) |
16 000 tonna in aghaidh na bliana mar ghlanmheáchan + 20 000 tonna in aghaidh na bliana mar ghlanmheáchan (le haghaidh an chóid AC 0207.12. (10 -90 )) |
16 000 tonna in aghaidh na bliana mar ghlanmheáchan + 20 000 tonna in aghaidh na bliana mar ghlanmheáchan (le haghaidh an chóid AC 0207.12. (10 -90 )) |
Bainne, uachtar, bainne comhdhlúite agus iógairt |
0401.10. (10 -90 ) 0401.20. (11 -19 -91 -99 ) 0401.30. (11 -19 -31 -39 -91 -99 ) 0402.91. (10 -30 -51 -59 -91 -99 ) 0402.99. (10 -31 -39 -91 -99 ) 0403.10. (11 -13 -19 -31 -33 -39 ) 0403.90. (51 -53 -59 -61 -63 -69 ) |
8 000 tonna in aghaidh na bliana mar ghlanmheáchan |
8 000 tonna in aghaidh na bliana mar ghlanmheáchan |
Púdar bainne |
0402.10. (11 -19 -91 -99 ) 0402.21. (11 -17 -19 -91 -99 ) 0402.29. (11 -15 -19 -91 -99 ) 0403.90. (11 -13 -19 -31 -33 -39 ) 0404.90. (21 -23 -29 -81 -83 -89 ) |
1 500 tonna in aghaidh na bliana mar ghlanmheáchan |
1 500 tonna in aghaidh na bliana mar ghlanmheáchan |
Im agus leatháin déiríochta |
0405.10. (11 -19 -30 -50 -90 ) 0405.20. (90 ) 0405.90. (10 -90 ) |
1 500 tonna in aghaidh na bliana mar ghlanmheáchan |
1 500 tonna in aghaidh na bliana mar ghlanmheáchan |
Uibheacha agus albaimíní |
0407.00. (30 ) 0408.11. (80 ) 0408.19. (81 -89 ) 0408.91. (80 ) 0408.99. (80 ) 3502.11. (90 ) 3502.19. (90 ) 3502.20. (91 -99 ) |
1 500 tonna in aghaidh na bliana mar choibhéis ubh-sa-bhlaosc + 3 000 tonna in aghaidh na bliana mar ghlanmheáchan (le haghaidh an chóid AC 0407.00. (30 )) |
1 500 tonna in aghaidh na bliana mar choibhéis ubh-sa-bhlaosc + 3 000 tonna in aghaidh na bliana mar ghlanmheáchan (le haghaidh an chóid AC 0407.00. (30 )) |
Cruithneacht bhog, plúir, agus millíní |
1001.90. (99 ) 1101.00. (15 -90 ) 1102.90. (90 ) 1103.11. (90 ) 1103.20. (60 ) |
950 000 tonna in aghaidh na bliana |
950 000 tonna in aghaidh na bliana |
Eorna, plúr agus millíní |
1003.00. (90 ) 1102.90. (10 ) 1103.20. (20 ) |
250 000 tonna in aghaidh na bliana |
250 000 tonna in aghaidh na bliana |
Arbhar Indiach, plúr agus millíní |
1005.90. (00 ) 1102.20. (10 -90 ) 1103.13. (10 -90 ) 1103.20. (40 ) 1104.23. (10 -30 -90 -99 ) |
400 000 tonna in aghaidh na bliana |
400 000 tonna in aghaidh na bliana” |