ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

Eagrán Speisialta ( 1 )

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

57
5 Aibreán 2014


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 331/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear clár malartúcháin, cúnaimh agus oiliúna chun an euro a chosaint ar ghóchumadh (clár Pericles 2020) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2001/923/CE, 2001/924/CE, 2006/75/CE, 2006/76/CE, 2006/849/CE agus 2006/850/CE ón gComhairle

1

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 332/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 maidir le nósanna imeachta áirithe chun an Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, ar an taobh amháin, agus Poblacht na Seirbia, ar an taobh eile, a fheidhmiú

10

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 333/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 maidir le rialacha mionsonraithe a shainiú chun sprioc 2020 a bhaint amach i ndáil le hastaíochtaí CO2 ó ghluaisteáin nua phaisinéirí a laghdú

15

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 334/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid, a mhéid a bhaineann le coinníollacha áirithe le haghaidh rochtain ar an margadh ( 2 )

22

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 335/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006 ón gComhairle maidir leis an gCiste Eorpach Iascaigh, a mhéid a bhaineann le forálacha áirithe i dtaca le bainistíocht airgeadais i gcomhair Ballstát áirithe a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha acu nó a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha ag bagairt orthu i ndáil lena gcobhsaíocht airgeadais

33

 


 

(1)   Faoin tagairt L 103 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

 

(2)   Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

GA


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

5.4.2014   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) Uimh. 331/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Márta 2014

lena mbunaítear clár malartúcháin, cúnaimh agus oiliúna chun an euro a chosaint ar ghóchumadh (clár “Pericles 2020”) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2001/923/CE, 2001/924/CE, 2006/75/CE, 2006/76/CE, 2006/849/CE agus 2006/850/CE ón gComhairle

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 133 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Tá an cuspóir curtha rompu ag an Aontas agus ag na Ballstáit na bearta is gá a leagan síos chun an euro a úsáid mar airgeadra aonair. Tá cosaint an euro ar ghóchumadh agus ar chalaois ghaolmhar ar cheann de na bearta sin, a chumhachtóidh ar an tslí sin d’éifeachtacht gheilleagar an Aontais agus a áiritheoidh inbhuanaitheacht an airgeadais phoiblí.

(2)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1338/2001 ón gComhairle (3), foráiltear do mhalartuithe faisnéise, do chomhar agus do chúnamh frithpháirteach, lena mbunófar ar an dóigh sin creat comhchuibhithe chun an euro a chosaint. Leathnaíodh éifeachtaí an Rialacháin sin le Rialachán (CE) Uimh. 1339/2001 ón gComhairle (4) ionas go gcumhdófaí na Ballstáit sin nach bhfuil an euro glactha acu mar airgeadra aonair, ionas go mbeadh leibhéal coibhéiseach cosanta ag an euro ar fud an Aontais.

(3)

Gníomhaíochtaí arb é is aidhm leo malartuithe faisnéise agus foirne, cúnaimh theicniúil agus eolaíoch agus oiliúna speisialaithe a chur chun cinn, is cuidiú mór iad chun airgeadra aonair an Aontais a chosaint ar ghóchumadh agus ar chalaois ghaolmhar agus, ar an dóigh sin, ardleibhéal de chosaint choibhéiseach a áirithiú ar fud an Aontais, agus cumas an Aontais á léiriú chun dul i ngleic le coireacht thromchúiseach eagraithe.

(4)

Cuireann an clár um an euro a chosaint ar ghóchumadh (clár Pericles) le feasacht saoránach de chuid an Aontais a ardú, feabhas a chur ar chosaint an euro, go háirithe trí shíorscaipeadh thorthaí na ngníomhaíochtaí arna dtacú ag an gclár sin.

(5)

A bhuí le tacaíocht a tugadh san am a caitheadh do ghníomhaíochtaí den sórt sin, trí Chinneadh 2001/923/CE ón gComhairle (5) agus Cinneadh 2001/924/CE ón gComhairle (6), arna leasú agus arna leathnú ina dhiaidh sin le Cinntí 2006/75/CE (7), 2006/76/CE (8), 2006/849/CE (9) agus 2006/850/CE ón gComhairle (10), bhíothas in ann feabhas a chur ar ghníomhaíochtaí an Aontais agus na mBallstát i réimse an euro a chosaint ar ghóchumadh. Baineadh amach cuspóirí chlár Pericles go rathúil don tréimhse 2002-2006 agus don tréimhse 2007-2013 araon.

(6)

Ina mheasúnú tionchair, a rinneadh in 2011, ina ndearnadh meastóireacht i dtaobh cé acu ar cheart nó nár cheart clár Pericles a choinneáil ar bun, bhain an Coimisiún de thátal as gur cheart clár Pericles a athnuachan le cuspóirí feabhsaithe agus le modheolaíocht fheabhsaithe.

(7)

Is é an chomhairle a bhí sa mheasúnacht tionchair ná gur cheart gníomhaíochtaí a choinneáil ar bun agus a fhorbairt tuilleadh ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát i réimse an euro a chosaint ar ghóchumadh, agus na dúshláin nua i gcomhthéacs déine buiséadaí á gcur san áireamh. Faoin gclár nua, clár Pericles 2020, féadfaidh rannpháirtithe ó thríú tíortha a áireamh i dtograí arna dtíolacadh ag na Ballstáit rannpháirteacha, más rud é go bhfuil a rannpháirtíocht tábhachtach chun an euro a chosaint.

(8)

Ba cheart a áirithiú go bhfuil clár Pericles 2020 i gcomhréir le cláir agus gníomhaíochtaí ábhartha eile agus ina chomhlánú orthu. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún gach comhairliúchán is gá a dhéanamh leis na príomhpháirtithe ábhartha (go háirithe leis na húdaráis náisiúnta inniúla arna n-ainmniú ag na Ballstáit, leis an mBanc Ceannais Eorpach agus le Europol) chun meastóireacht a dhéanamh ar na riachtanais atá ann ó thaobh an euro a chosaint, laistigh den choiste dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 1338/2001, go háirithe maidir le malartuithe, cúnamh agus oiliúint, chun críche clár Pericles 2020 a chur i bhfeidhm.

(9)

Ba cheart clár Pericles 2020 a chur chun feidhme agus é i gcomhréir iomlán le forálacha Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11). I gcomhréir leis an Rialachán sin, ní fhéadfaidh ceannach trealaimh a bheith ina chuspóir aonair ag deontas. Is é atá i gceist le deontas tacaíocht airgeadais a thabhairt do ghníomhaíocht a bheartaítear chun cabhrú le cuspóir beartais de chuid an Aontais a bhaint amach.

(10)

Éilíonn tábhacht an euro mar airgeadra ar fud an domhain leibhéal leordhóthanach cosanta ar an leibhéal idirnáisiúnta, is féidir a bhaint amach trí chistí a chur ar fáil chun trealamh a cheannach, ar trealamh é a úsáidfidh gníomhaireachtaí tríú tíortha agus góchumadh euro á imscrúdú acu.

(11)

Leis an meastóireacht a rinneadh ar chlár Pericles i gcomhar leis na geallsealbhóirí, léirítear breisluach an chláir sin, i dtéarmaí ardleibhéal an chomhair i measc na mBallstát agus le tríú tíortha, mar aon le comhlántacht le gníomhaíochtaí arna ndéanamh ar an leibhéal náisiúnta, arb é an toradh atá orthu ná éifeachtacht a mhéadú. Meastar go mbeidh an leanúint le clár Pericles ar leibhéal an Aontais ina chuidiú mór ó thaobh an t-ardleibhéal cosanta atá ag an euro a choinneáil ar bun agus tuilleadh feabhais a chur air trí bhíthin comhar trasteorann, malartú agus cúnamh a dhiansaothrú. San am céanna, déanfar coigilteas iomlán de bharr gníomhaíochtaí agus soláthair arna n-eagrú go comhpháirteach, i gcomparáid le tionscnaimh aonair náisiúnta ionchasacha.

(12)

Ba cheart don Choimisiún tuarascáil mheastóireachta meántéarma neamhspleách maidir le cur chun feidhme chlár Pericles 2020 agus tuarascáil mheastóireachta deiridh maidir le baint amach chuspóirí an chláir a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

(13)

Comhlíonann an Rialachán seo prionsabal an bhreisluacha agus prionsabal na comhréireachta. Ba cheart go n-éascódh clár Pericles 2020 comhar i measc na mBallstát agus comhar idir an Coimisiún agus na Ballstáit d’fhonn an euro a chosaint ar ghóchumadh, gan cur isteach ar fhreagrachtaí na mBallstát, agus úsáid á baint aige as acmhainní ar bhealach níos éifeachtúla ná mar a d’fhéadfaí úsáid a bhaint astu ar an leibhéal náisiúnta. Is gá gníomhaíocht a dhéanamh ar leibhéal an Aontais agus tá údar leis toisc gur léir go gcuidíonn sé leis na Ballstáit an euro a chosaint go comhpháirteach agus go spreagann sé úsáid struchtúr coiteann de chuid an Aontais chun comhar agus malartú faisnéise idir údaráis inniúla a mhéadú.

(14)

Ba cheart go mairfeadh clár Pericles 2020 ar feadh tréimhse seacht mbliana chun a fhad a ailíniú le fad an chreata airgeadais ilbhliantúil a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle (12).

(15)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú chun clár Pericles 2020 a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart don Choimisiún cláir oibre bhliantúla a ghlacadh lena leagtar amach na tosaíochtaí, an miondealú buiséid agus na critéir mheastóireachta maidir le deontais le haghaidh gníomhaíochtaí. Ba cheart don Choimisiún plé leis na Ballstáit maidir leis an Rialachán seo a chur i bhfeidhm, faoi chuimsiú an choiste dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 1338/2001. Ba cheart go mbeadh na cásanna eisceachtúla agus cuí-réasúnaithe, ina bhfuil méadú ar chómhaoiniú riachtanach d’fhonn níos mó solúbthachta eacnamaíche a thabhairt do na Ballstáit, rud a chuirfidh ar a gcumas tionscadail a chur i gcrích agus a chríochnú chun an euro a chosaint agus a chumhdach ar bhealach sásúil, mar chuid de na cláir oibre bhliantúla.

(16)

Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais do thréimhse iomlán chlár Pericles 2020, arb ionann é a bheidh ann an méid príomhthagartha, de réir bhrí phointe 17 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, maidir le comhar i gcúrsaí buiséadacha agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais (13), do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle i rith an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.

(17)

Chun foráil a dhéanamh maidir le leibhéal solúbthachta i dtaca le leithdháileadh na gcistí, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith leasuithe ar leithdháileadh táscach na gcistí sin. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(18)

Ba cheart leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta comhréireacha feadh an timthrialla chaiteachais, lena n-áirítear neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a fhiosrú, cistí a cailleadh, a íocadh nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, pionóis riaracháin agus airgeadais a ghearradh.

(19)

Ba cheart Cinntí 2001/923/CE, 2001/924/CE, 2006/75/CE, 2006/76/CE, 2006/849/CE agus 2006/850/CE a aisghairm. Ba cheart bearta idirthréimhseacha a chur ar fáil chun oibleagáidí airgeadais a bhaineann le gníomhaíochtaí arna saothrú faoi na Cinntí sin a chomhlánú.

(20)

Is iomchuí trasdul rianúil gan briseadh a áirithiú idir clár Pericles agus clár Pericles 2020 agus is iomchuí ré chlár Pericles 2020 a ailíniú le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013. Mar sin, ba cheart go mbeadh feidhm ag Clár Pericles 2020 amhail ón 1 Eanáir 2014,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Bunaítear leis seo an clár gníomhaíochta ilbhliantúil chun gníomhaíochtaí a chur chun cinn chun an euro a chosaint agus a chumhdach ar ghóchumadh agus ar chalaois ghaolmhar, “Pericles 2020” (“an Clár”), don tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020.

Airteagal 2

Breisluach

Déanfaidh an Clár méadú ar chomhar trasnáisiúnta maidir le cosaint an euro a spreagadh go gníomhach agus beidh méadú ar chomhar trasnáisiúnta maidir le cosaint an euro ag baint go gníomhach leis laistigh agus lasmuigh den Aontas agus le comhpháirtithe trádála an Aontais, agus aird á tabhairt freisin ar na Ballstáit nó na tríú tíortha sin ag a bhfuil na rátaí is airde ghóchumadh an euro, mar a léiríonn na tuarascálacha ábhartha arna n-eisiúint ag na húdaráis inniúla. Rannchuideoidh comhar den sórt sin le héifeachtacht níos fearr an euro a chosaint trí na cleachtais is fearr, comhchaighdeáin agus comhoiliúint speisialaithe a mhalartú.

Airteagal 3

Cuspóir ginearálta

Is é an cuspóir ginearálta a bheidh ag an gClár góchumadh agus calaois ghaolmhar a chosc agus a chomhrac sa dóigh is go bhfeabhsófar iomaíochas gheilleagar an Aontais agus go ndaingneofar inbhuanaitheacht an airgeadais phoiblí.

Airteagal 4

Cuspóir sonrach

Is é an cuspóir sonrach a bheidh ag an gClár nótaí bainc agus monaí euro a chosaint ar ghóchumadh agus ar chalaois ghaolmhar, trí thacú leis na bearta arna ngabháil de láimh ag na Ballstáit agus trí chur leo, agus trí chúnamh a thabhairt do na húdaráis inniúla náisiúnta agus d’údaráis inniúla an Aontais agus iad ag iarraidh dlúthchomhar tráthrialta agus malartú an chleachtais is fearr a fhorbairt eatarthu féin agus leis an gCoimisiún lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta.

Déanfar an cuspóir sin a thomhas, inter alia, trí éifeachtacht na gníomhaíochta a dhéanann údaráis airgeadais, theicniúla, fhorghníomhaithe dlí agus bhreithiúnacha, arna tomhas trí líon na nótaí agus monaí góchumtha a bhraithfear, líon na saotharlann a dhíchóimeálfar, líon na ndaoine a ghabhfar agus líon na bpionós a fhorchuirfear.

Airteagal 5

Comhlachtaí atá incháilithe le haghaidh cistiúcháin

Is iad na húdaráis inniúla náisiúnta, arna sainiú i bpointe (b) d’Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 1338/2001, a bheidh ina gcomhlachtaí atá incháilithe le haghaidh cistiúcháin faoin gClár.

Airteagal 6

Rannpháirtíocht sa Chlár

1.   Is iad na Ballstáit a bhfuil an euro glactha acu mar airgeadra aonair na tíortha rannpháirteacha.

2.   Féadfar rannpháirtithe ó thríú tíortha a áireamh sna tograí arna dtíolacadh ag na Ballstáit dá dtagraítear i mír 1, más rud é go bhfuil sé sin tábhachtach chun na cuspóirí ginearálta agus sonracha dá bhforáiltear in Airteagal 3 agus in Airteagal 4 faoi seach a chomhlíonadh.

Airteagal 7

Spriocghrúpaí agus comhghníomhaíochtaí

1.   Beidh an Clár dírithe ar rannpháirtíocht na ngrúpaí seo a leanas:

(a)

foireann gníomhaireachtaí a bhíonn ag gabháil do ghóchumadh a bhrath agus a chomhrac, go háirithe fórsaí póilíneachta agus riaracháin airgeadais, de réir a bhfeidhmeanna sonracha ar an leibhéal náisiúnta;

(b)

pearsanra faisnéise;

(c)

ionadaithe de chuid na mbanc ceannais náisiúnta, na miontaí, na mbanc tráchtála agus idirghabhálaithe airgeadais eile, go háirithe maidir le hoibleagáidí institiúidí airgeadais;

(d)

oifigigh bhreithiúnacha, saindlíodóirí agus comhaltaí den bhreithiúnacht sa réimse seo;

(e)

aon ghrúpa eile saineolaithe lena mbaineann, amhail comhlachais tráchtála agus tionscail nó struchtúir inchomparáide a bheadh in ann rochtain a sholáthar ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide, miondíoltóirí agus cuideachtaí iompair airgid.

2.   Féadfaidh an Coimisiún agus comhpháirtithe eile a bhfuil taithí ábhartha acu, amhail na comhpháirtithe seo a leanas, gníomhaíochtaí a eagrú i gcomhpháirt faoin gClár:

(a)

na bainc cheannais náisiúnta agus an Banc Ceannais Eorpach (BCE);

(b)

na Lárionaid Náisiúnta um Anailísiú (LNAanna) agus na Lárionaid Náisiúnta um Anailísiú Monaí (LNAManna);

(c)

an Lárionad Eorpach Teicniúil agus Eolaíoch (LETE) agus na miontaí;

(d)

Europol, Eurojust agus Interpol;

(e)

na lároifigí náisiúnta frith-ghóchumtha dá bhforáiltear in Airteagal 12 den Choinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Deireadh a Chur le Góchumadh Airgeadra a síníodh sa Ghinéiv an 20 Aibreán 1929 (14) agus gníomhaireachtaí eile arb é góchumadh a chosc, a bhrath agus an dlí a fhorfheidhmiú ina leith a speisialtacht;

(f)

sainchomhlachtaí a mbíonn baint acu le réimse na dteicneolaíochtaí macasamhlaithe agus deimhnithe, clódóirí agus greanadóirí;

(g)

comhlachtaí seachas na comhlachtaí dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (f) a thairgeann saineolas sonrach, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, comhlachtaí den sórt sin ó thríú tíortha agus go háirithe ó Stáit aontacha agus ó thíortha is iarrthóirí; agus

(h)

eintitis phríobháideacha a d’fhorbair agus a sholáthair fianaise ar eolas teicniúil agus ar fhoirne a speisialaíonn i nótaí bainc agus monaí góchumtha a bhrath.

Airteagal 8

Gníomhaíochtaí incháilithe

1.   Déanfaidh an Clár gnéithe trasnáisiúnta agus ildisciplíneacha an chomhraic i gcoinne góchumtha a chur san áireamh agus déanfaidh sé an cleachtas is fearr atá oiriúnaithe do shainiúlachtaí náisiúnta gach Ballstáit a chur chun cinn.

2.   Déanfaidh an Clár, faoi na coinníollacha a leagtar amach sna cláir oibre bhliantúla dá dtagraítear in Airteagal 11, tacaíocht airgeadais a sholáthar do na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(a)

malartú agus scaipeadh faisnéise, go háirithe trí cheardlanna, cruinnithe agus seimineáir, lena n-áirítear oiliúint, socrúcháin spriocdhírithe agus malartú foirne de chuid údarás inniúil náisiúnta agus gníomhaíochtaí eile comhchosúla, a eagrú. Beidh an malartú faisnéise dírithe ar na nithe seo a leanas, inter alia:

modheolaíochtaí chun faireachán agus anailís a dhéanamh ar an tionchar eacnamaíoch agus airgeadais atá ag góchumadh,

bunachair shonraí agus córais réamhrabhaidh a fheidhmiú,

uirlisí braith a bhfuil cúltaca ríomhaire acu a úsáid,

modhanna fiosrúcháin agus imscrúdaithe,

cúnamh eolaíoch, go háirithe bunachair shonraí eolaíocha agus faire/faireachán teicneolaíochta ar fhorbairtí nua,

an euro a chosaint lasmuigh den Aontas,

gníomhaíochtaí taighde,

saineolas oibríochtúil sonrach a sholáthar;

(b)

cúnamh teicniúil, eolaíoch, agus oibríochtúil is cosúil a bheith riachtanach mar chuid den Chlár, lena n-áirítear an méid seo a leanas go háirithe:

aon bheart iomchuí a bhunaíonn acmhainní teagaisc ar leibhéal an Aontais, amhail lámhleabhar maidir le reachtaíocht an Aontais, bullaitíní eolais, lámhleabhair phraiticiúla, gluaiseanna agus foclóirí, bunachair shonraí, go háirithe i réimse an chúnaimh eolaíoch nó na faire teicneolaíochta nó feidhmchláir thacaíochta ríomhaire, amhail bogearraí,

staidéir ábhartha a bhfuil gné ildisciplíneach agus trasnáisiúnta ag baint leo,

uirlisí agus modhanna tacaíochta teicniúla a fhorbairt chun gníomhaíochtaí braith a éascú ar leibhéal an Aontais,

tacaíocht airgeadais le haghaidh comhair i gcás oibríochtaí ina bhfuil dhá Stát ar a laghad páirteach nuair nach bhfuil tacaíocht den sórt sin ar fáil ó chláir eile de chuid institiúidí agus comhlachtaí Eorpacha;

(c)

deontais chun ceannach trealaimh a mhaoiniú, ar trealamh é atá le húsáid ag údaráis frith-ghóchumtha speisialaithe chun an euro a chosaint ar ghóchumadh, i gcomhréir le hAirteagal 10(3).

CAIBIDIL II

CREAT AIRGEADAIS

Airteagal 9

Imchlúdach airgeadais

1.   Is é EUR 7 344 000 (i bpraghsanna reatha) a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme an Chláir don tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020.

2.   Laistigh den imchlúdach airgeadais don Chlár, leithdhálfar méideanna ar ghníomhaíochtaí incháilithe a liostaítear in Airteagal 8(2) i gcomhréir le leithdháileadh táscach na gcistí a leagtar síos san Iarscríbhinn.

Ní imeoidh an Coimisiún ó leithdháileadh táscach sin na gcistí le níos mó ná 10 %. I gcás inar gá an teorainn sin a shárú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 14 chun leithdháileadh táscach na gcistí a leagtar síos san Iarscríbhinn a mhodhnú.

3.   Údaróidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na leithreasuithe bliantúla laistigh de theorainneacha an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Airteagal 10

Cineálacha tacaíochta airgeadais agus cómhaoiniú

1.   Déanfaidh an Coimisiún an Clár a chur chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

2.   Is i bhfoirmeacha aon cheann den méid seo a leanas a bheidh tacaíocht airgeadais faoin gClár le haghaidh gníomhaíochtaí incháilithe a liostaítear in Airteagal 8(2):

(a)

deontais; nó

(b)

soláthar poiblí.

3.   Ní ceannach trealaimh an t-aon chomhpháirt amháin a bheidh sa chomhaontú deontais.

4.   Ní sháróidh an ráta cómhaoinithe do dheontais arna ndámhachtain faoin gClár 75 % de na costais incháilithe. In imthosca eisceachtúla atá cuí-réasúnaithe, arna sainiú sna cláir oibre bhliantúla dá dtagraítear in Airteagal 11, ní sháróidh an ráta cómhaoinithe 90 % de na costais incháilithe.

5.   I gcás ina mbeidh gníomhaíochtaí incháilithe a liostaítear in Airteagal 8(2) á n-eagrú i gcomhpháirt leis an gCoimisiún agus le BCE, le Eurojust, le Europol nó le Interpol, déanfar na caiteachais dá éis a roinnt eatarthu. In aon chás, iompróidh gach ceann díobh costais taistil agus lóistín a chuid aoichainteoirí féin.

Airteagal 11

Cláir oibre bhliantúla

Glacfaidh an Coimisiún cláir oibre bhliantúla d’fhonn an Clár a chur chun feidhme.

Le gach clár bliantúil oibre, cuirfear na cuspóirí ginearálta agus sonracha dá dtagraítear in Airteagal 3 agus in Airteagal 4 faoi seach chun feidhme tríd an méid seo a leanas a leagan amach:

(a)

na gníomhaíochtaí a bheidh le déanamh i gcomhréir le cuspóirí ginearálta agus sonracha den sórt sin, lena n-áirítear leithdháileadh táscach na gcistí agus an modh cur chun feidhme;

(b)

i ndáil le deontais: na critéir roghnúcháin sár-riachtanacha agus an ráta cómhaoinithe is mó is féidir.

Rannchuideoidh cistí a leithdháiltear ar ghníomhaíochtaí cumarsáide faoin gClár freisin le cumarsáid chorparáideach thosaíochtaí polaitiúla an Aontais a chumhdach, a mhéid a bhaineann siad leis an gcuspóir ginearálta a leagtar amach in Airteagal 3.

Airteagal 12

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

1.   Glacfaidh an Coimisiún bearta iomchuí lena n-áiritheofar, nuair a chuirfear gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin Rialachán seo chun feidhme, go gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne calaoise, éillithe agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, trí sheiceálacha éifeachtacha a dhéanamh agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí mhéideanna a íocadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis riaracháin agus airgeadais atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

2.   Beidh cumhacht iniúchóireachta ag an gCoimisiún nó ag a ionadaithe agus ag an gCúirt Iniúchóirí, ar bhonn doiciméad agus ar an láthair, ar gach tairbhí deontais, conraitheoir agus fochonraitheoir a bhfuil cistí de chuid an Aontais faighte acu faoin gClár.

3.   Féadfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15) agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle (16) d’fhonn a shuí an ndearnadh calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanfaidh difear do leasanna airgeadais an Aontais i ndáil le comhaontú deontais nó le cinneadh deontais nó le conradh a mhaoinítear faoin gClár.

4.   Gan dochar do mhír 1, do mhír 2 agus do mhír 3, beidh forálacha sna comhaontuithe comhair le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, i gconarthaí, i gcomhaontuithe deontais agus i gcinntí deontais a eascróidh as an Rialachán seo a chur chun feidhme, lena gcumhachtófar go sainráite don Choimisiún, don Chúirt Iniúchóirí agus do OLAF iniúchtaí agus imscrúduithe den sórt sin a dhéanamh, i gcomhréir lena n-inniúlachtaí faoi seach.

CAIBIDIL III

FAIREACHÁN, MEASTÓIREACHT AGUS CUMHACHTAÍ TARMLIGTHE

Airteagal 13

Faireachán agus meastóireacht

1.   Déanfaidh an Coimisiún an Clár a chur chun feidhme i gcomhar leis na Ballstáit, trí chomhairliúcháin rialta a chur ar bun ag céimeanna éagsúla le linn chur chun feidhme an Chláir, laistigh den choiste dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 1338/2001, agus na bearta ábhartha atá déanta ag eintitis eile inniúla, go háirithe ag BCE agus ag Europol, á gcur san áireamh.

2.   Féachfaidh an Coimisiún lena áirithiú go mbeidh an Clár comhsheasmhach agus comhlántach le cláir agus gníomhaíochtaí ábhartha eile ar leibhéal an Aontais.

3.   Déanfaidh an Coimisiún faisnéis maidir le torthaí an Chláir a sholáthar go bliantúil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. Áireofar inti faisnéis faoi chomhsheasmhacht agus faoi chomhlántacht le cláir agus gníomhaíochtaí ábhartha eile ar leibhéal an Aontais. Déanfaidh an Coimisiún torthaí na ngníomhaíochtaí a dtugtar tacaíocht dóibh faoin gClár a scaipeadh ar bhonn leanúnach. Déanfaidh gach tír rannpháirteach agus tairbhí eile na sonraí uile agus an fhaisnéis uile is gá a sholáthar don Choimisiún chun go bhféadfar faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar an gClár.

4.   Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an gClár. Faoin 31 Nollaig 2017, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil mheastóireachta mheántéarma neamhspleách maidir le baint amach chuspóirí na mbeart ar fad (ó thaobh torthaí agus iarmhairtí de), agus maidir le húsáid éifeachtúil agus chostéifeachtach acmhainní agus leis an mbreisluach a bhaineann léi don Aontas. Déanfar an tuarascáil mheastóireachta a ullmhú d’fhonn cuidiú le cinneadh a dhéanamh maidir leis na bearta a athnuachan, a mhodhnú nó a fhionraí. Chomh maith leis sin, tabharfaidh an mheastóireacht aghaidh ar an raon feidhme maidir le simpliú, ar a comhsheasmhacht inmheánach agus sheachtrach, ar ábharthacht leanúnach gach cuspóra, agus ar an méid a rannchuidíonn na bearta le tosaíochtaí an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach. Cuirfear san áireamh inti torthaí meastóireachta ar thionchar fadtéarmach na mbeart réamhtheachtaí.

5.   Déanfar meastóireacht freisin ar thionchar fadtéarmach agus inbhuanaitheacht fhadtéarmach éifeachtaí an Chláir d’fhonn cuidiú le cinneadh a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht clár a bheidh ann ina dhiaidh sin a athnuachan, a mhodhnú nó a fhionraí.

6.   Ina theannta sin, faoin 31 Nollaig 2021, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil mheastóireachta deiridh maidir le baint amach chuspóirí an Chláir a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

Airteagal 14

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 9 a thabhairt don Choimisiún ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 9 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta a shonraítear sa chinneadh sin. Beidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe agus a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 9 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó, más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

CAIBIDIL IV

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 15

Aisghairm

Déantar Cinntí 2001/923/CE, 2001/924/CE, 2006/75/CE, 2006/76/CE, 2006/849/CE agus 2006/850/CE a aisghairm.

Mar sin féin, leanfaidh oibleagáidí airgeadais a bhaineann le gníomhaíochtaí a shaothraítear faoi na Cinntí sin de bheith faoi rialú ag na Cinntí sin go dtí go gcomhlíonfar na hoibleagáidí sin.

Airteagal 16

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2014.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 11 Márta 2014.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. KOURKOULAS


(1)  IO C 137, 12.5.2012, lch. 7.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Nollaig 2013 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 11 Márta 2014.

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 1338/2001 ón gComhairle an 28 Meitheamh 2001 lena leagtar síos na bearta is gá chun an euro a chosaint ar ghóchumadh, (IO L 181, 4.7.2001, lch. 6).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 1339/2001 ón gComhairle an 28 Meitheamh 2001 lena síntear éifeachtaí Rialachán (CE) Uimh. 1338/2001 lena leagtar síos na bearta is gá chun an euro a chosaint ar ghóchumadh do na Ballstáit sin nach bhfuil an euro glactha acu mar airgeadra aonair (IO L 181, 4.7.2001, lch. 11).

(5)  Cinneadh 2001/923/CE ón gComhairle an 17 Nollaig 2001 lena mbunaítear clár malartúcháin, cúnaimh agus oiliúna chun an euro a chosaint ar ghóchumadh (clár “Pericles”) (IO L 339, 21.12.2001, lch. 50).

(6)  Cinneadh 2001/924/CE ón gComhairle an 17 Nollaig 2001 lena síntear éifeachtaí an Chinnidh lena mbunaítear clár malartúcháin, cúnaimh agus oiliúna chun an euro a chosaint ar ghóchumadh (clár “Pericles”) do na Ballstáit nach bhfuil an euro glactha acu mar airgeadra aonair (IO L 339, 21.12.2001, lch. 55).

(7)  Cinneadh 2006/75/CE ón gComhairle an 30 Eanáir 2006 lena leasaítear agus lena síntear Cinneadh 2001/923/CE lena mbunaítear clár malartúcháin, cúnaimh agus oiliúna chun an euro a chosaint ar ghóchumadh (clár Pericles) (IO L 36, 8.2.2006, lch. 40).

(8)  Cinneadh 2006/76/CE ón gComhairle an 30 Eanáir 2006 lena síntear cur i bhfeidhm Chinneadh 2006/75/CE lena leasaítear agus lena síntear Cinneadh 2001/923/CE lena mbunaítear clár malartúcháin, cúnaimh agus oiliúna chun an euro a chosaint ar ghóchumadh (clár Pericles) go dtí na Ballstáit neamh-rannpháirteacha (IO L 36, 8.2.2006, lch. 42).

(9)  Cinneadh 2006/849/CE ón gComhairle an 20 Samhain 2006 lena leasaítear agus lena síntear Cinneadh 2001/923/CE lena mbunaítear clár malartúcháin, cúnaimh agus oiliúna chun an euro a chosaint ar ghóchumadh (clár Pericles) (IO L 330, 28.11.2006, lch. 28).

(10)  Cinneadh 2006/850/CE ón gComhairle an 20 Samhain 2006 lena síntear cur i bhfeidhm Chinneadh 2006/849/CE lena leasaítear agus lena síntear Cinneadh 2001/923/CE lena mbunaítear clár malartúcháin, cúnaimh agus oiliúna chun an euro a chosaint ar ghóchumadh (clár Pericles) go dtí na Ballstáit neamh-rannpháirteacha (IO L 330, 28.11.2006, lch. 30).

(11)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1).

(12)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 884).

(13)  IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.

(14)  Conradh na Náisiún, Sraith Conarthaí Uimh. 2623 (1931), lch. 372.

(15)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(16)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).


IARSCRÍBHINN

Leithdháileadh táscach cistí maidir le gníomhaíochtaí incháilithe a liostaítear in Airteagal 8(2)

Laistigh den imchlúdach airgeadais don Chlár mar a leagtar amach in Airteagal 9 é, déanfar ar a laghad 90 % den bhuiséad a leithdháileadh ar na gníomhaíochtaí incháilithe seo a leanas a liostaítear in Airteagal 8(2):

Malartú agus scaipeadh faisnéise;

Cúnamh teicniúil, eolaíoch agus oibríochtúil;

Deontais chun ceannach trealaimh a mhaoiniú, ar trealamh é atá le húsáid ag údaráis frith-ghochumtha speisialaithe.


5.4.2014   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

10


RIALACHÁN (AE) Uimh. 332/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Márta 2014

maidir le nósanna imeachta áirithe chun an Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, ar an taobh amháin, agus Poblacht na Seirbia, ar an taobh eile, a fheidhmiú

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

An 29 Aibreán 2008, síníodh an Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, ar an taobh amháin, agus Poblacht na Seirbia ar an taobh eile (“CCC”) agus tugadh i gcrích é an 22 Iúil 2013 (2). Tháinig CCC i bhfeidhm an 1 Meán Fómhair 2013.

(2)

Is gá rialacha a leagan síos maidir le cur chun feidhme forálacha áirithe de CCC, chomh maith le nósanna imeachta maidir le rialacha mionsonraithe cur chun feidhme a ghlacadh.

(3)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le CCC a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). Ós rud é gur cuid den chomhbheartas tráchtála iad na gníomhartha cur chun feidhme, ba cheart i bprionsabal an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid chun iad a ghlacadh. I gcás ina ndéanann CCC foráil maidir leis an bhféidearthacht, in imthosca eisceachtúla agus géibheannacha, na bearta is gá chun dul i ngleic leis an staid a chur i bhfeidhm gan mhoill, ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme den sórt sin a ghlacadh láithreach. Ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a bheidh infheidhme láithreach, nuair is gá sin ar mhórchúiseanna práinne, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo agus a bhaineann le beartais maidir le táirgí talmhaíochta agus iascaigh.

(4)

Ordaítear i CCC go bhféadfar táirgí áirithe talmhaíochta agus iascaigh de thionscnamh na Seirbia a allmhairiú isteach san Aontas ar dhleacht chustaim laghdaithe, laistigh de theorainneacha na gcuótaí taraife. Is gá, dá bhrí sin, forálacha a leagan síos lena rialáiltear bainistiú agus athbhreithniú na gcuótaí taraife sin chun a cheadú go measfar iad go críochnúil.

(5)

I gcás ina bhfuil gá le bearta cosanta trádála, ba cheart iad a ghlacadh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 260/2009 ón gComhairle (4), Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle (5) nó, de réir an cháis, Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 ón gComhairle (6).

(6)

I gcás ina dtugann Ballstát faisnéis don Choimisiún faoi chás calaoise a d’fhéadfadh a bheith ann nó faoi mhainneachtain comhar riaracháin a sholáthar, ba cheart go mbeadh feidhm ag reachtaíocht ábhartha an Aontais, go háirithe Rialachán (CE) Uimh. 515/97 ón gComhairle (7).

(7)

Sa Rialachán seo, tá bearta cur chun feidhme do CCC, agus ba cheart, dá bhrí sin, go mbeadh feidhm aige ó dháta theacht i bhfeidhm CCC.

(8)

Ar theacht i bhfeidhm CCC, tháinig CCC in ionad an Chomhaontaithe Eatramhaigh ar thrádáil agus ar ábhair a bhaineann le trádáil a thabhairt i gcrích idir an Comhphobal Eorpach, ar an taobh amháin, agus Poblacht na Seirbia, ar an taobh eile (8) (“Comhaontú Eatramhach”), a tháinig i bhfeidhm an 1 Feabhra 2010 lena ndearnadh foráil maidir le teacht i bhfeidhm go luath forálacha trádála agus forálacha a bhaineann le trádáil de chuid CCC. Chun cur chun feidhme agus bainistiú éifeachtach na gcuótaí taraife arna ndeonú faoin gComhaontú Eatramhach agus CCC, agus chun deimhneacht dhlíthiúil agus cóir chomhionann a áirithiú freisin maidir le dleachtanna a thobhach, ba cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo ón dáta a dtiocfaidh an Comhaontú Eatramhach i bhfeidhm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

1.   Sa Rialachán seo, leagtar síos na rialacha agus na nósanna imeachta maidir le rialacha mionsonraithe a ghlacadh chun forálacha áirithe den Chomhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, ar an taobh amháin, agus Poblacht na Seirbia, ar an taobh eile (“CCC”) a chur chun feidhme.

2.   Tuigfear gurb ionann na tagairtí go léir sa Rialachán seo d’fhorálacha CCC, nuair is infheidhme, mar thagairt do na forálacha freagracha sa Chomhaontú Eatramhach.

Airteagal 2

Lamháltais d’iasc agus do tháirgí iascaigh

Déanfaidh an Coimisiún rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Airteagal 14 den Chomhaontú Eatramhach, agus dá éis sin Airteagal 29 de CCC, maidir le cuótaí taraife d’iasc agus do tháirgí iascaigh, a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 13(3) den Rialachán seo.

Airteagal 3

Laghduithe taraife

1.   Faoi réir mhír 2, déanfar rátaí dleachta fabhraí a shlánú síos go dtí an chéad ionad deachúlach.

2.   Measfar an ráta fabhrach mar dhíolúine iomlán más rud é gurb ionann toradh ríomh an ráta dleachta fabhraí i gcomhréir le mír 1 agus ceann díobh seo a leanas:

(a)

1 % nó níos lú i gcás dleachtanna ad valorem;

(b)

EUR 1 nó níos lú in aghaidh an méid aonair sna dleachtanna sonracha.

Airteagal 4

Oiriúnuithe teicniúla

Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, leasuithe agus oiriúnuithe teicniúla ar na forálacha arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo a bhfuil gá leo tar éis athruithe ar chóid na hAinmníochta Comhcheangailte agus ar fho-rannta TARIC nó a thig as comhaontuithe, prótacail, malartuithe litreacha nó gníomhartha eile, idir nua agus mhodhnaithe, a thabhairt i gcrích idir an tAontas agus Poblacht na Seirbia. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 13(3).

Airteagal 5

Clásal cosanta ginearálta

Gan dochar d’Airteagal 7, i gcás inar gá don Aontas beart a dhéanamh mar a fhoráiltear in Airteagal 41 de CCC, glacfaidh an Coimisiún an beart sin trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 13(3) den Rialachán seo, mura sonraítear a mhalairt in Airteagal 41 de CCC.

Airteagal 6

Clásal ganntanais

Gan dochar d’Airteagal 7, i gcás inar gá don Aontas beart a dhéanamh a fhoráiltear in Airteagal 42 de CCC, glacfaidh an Coimisiún an beart sin trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 13(3) den Rialachán seo.

Airteagal 7

Imthosca eisceachtúla agus géibheannacha

I gcás ina dtagann imthosca eisceachtúla agus géibheannacha chun cinn de réir bhrí Airteagal 41(5)(b) agus Airteagal 42(4) de CCC, féadfaidh an Coimisiún bearta a ghlacadh a bheidh infheidhme láithreach amhail dá bhforáiltear in Airteagal 41 agus in Airteagal 42 de CCC, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 13(4) den Rialachán seo.

Airteagal 8

Clásal cosanta do tháirgí talmhaíochta agus iascaigh

1.   D’ainneoin na nósanna imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 5 agus Airteagal 6 den Rialachán seo, i gcás inar gá don Aontas beart a dhéanamh dá bhforáiltear in Airteagal 32(2) nó in Airteagal 41 de CCC, maidir le táirgí talmhaíochta agus iascaigh, déanfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin dó ag Ballstát nó ar a thionscnamh féin, na bearta is gá a chinneadh tar éis dó, i gcás inarb infheidhme, dul ar iontaoibh an nós imeachta atreorúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 41 de CCC. Glacfaidh an Coimisiún na bearta sin trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 13(3) den Rialachán seo.

Ar mhórchúiseanna práinne a bhfuil údar cuí leo, lena n-áirítear an cás dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a bheidh infheidhme láithreach i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 13(4) den Rialachán seo.

2.   Má fhaigheann an Coimisiún an iarraidh dá dtagraítear i mír 1 ó Bhallstát, déanfaidh sé cinneadh fúithi:

(a)

laistigh de thrí lá oibre tar éis an iarraidh sin a fháil, i gcás nach bhfuil feidhm ag an nós imeachta atreorúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 41 de CCC; nó

(b)

laistigh de thrí lá ó dheireadh an tréimhse 30 lá dá dtagraítear in Airteagal 41(5)(a) de CCC, i gcás ina bhfuil feidhm ag an nós imeachta atreorúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 41 de CCC.

Airteagal 9

Faireachas

Chun críocha Airteagal 32(2) de CCC a chur chun feidhme, bunófar faireachas Aontais ar allmhairí earraí atá liostaithe in Iarscríbhinn V de Phrótacal 3 de CCC. Beidh feidhm ag an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 308d de Rialachán (CEE) Uimh. 2454/93 ón gCoimisiún (9).

Airteagal 10

Dumpáil agus fóirdheontas

I gcás cleachtais a d’fhéadfadh a bheith ina chúis don Aontas na bearta dá bhforáiltear in Airteagal 40(2) de CCC a ghlacadh, déanfar bearta frithdhumpála agus/nó frithchúitimh a chinneadh i gcomhréir leis na forálacha a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 agus i Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 faoi seach.

Airteagal 11

Iomaíocht

1.   I gcás cleachtais a mheasann an Coimisiún go bhfuil sé ar neamhréir le hAirteagal 38 de CCC, agus dá éis sin le hAirteagal 73 de CCC, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó an cás a scrúdú ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin dó ag Ballstát, an beart is iomchuí dá bhforáiltear in Airteagal 73 de CCC, a chinneadh.

Déanfar na bearta dá bhforáiltear in Airteagal 73(10) de CCC a ghlacadh i gcás cabhrach i gcomhréir leis na nósanna imeachta atá leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh. 597/2009.

2.   I gcás cleachtais lena bhféadfaidh Poblacht na Seirbia a chur faoi deara bearta a chur i bhfeidhm maidir leis an Aontas ar bhonn Airteagal 73 de CCC, cinnfidh an Coimisiún, tar éis dó an cás a scrúdú, cibé atá nó nach bhfuil an cleachtas ar neamhréir leis na prionsabail atá leagtha amach i CCC. I gcás inar gá, déanfaidh sé na cinntí iomchuí ar bhonn critéar a thig as cur i bhfeidhm Airteagal 101, Airteagal 102 agus Airteagal 107 den Chonradh.

Airteagal 12

Calaois nó mainneachtain comharriaracháin a sholáthar

1.   I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún, ar bhonn faisnéise arna soláthar ag Ballstát nó ar a thionscnamh féin, gur comhlíonadh na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 46 de CCC, déanfaidh sé an méid seo a leanas gan mhoill:

(a)

Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a chur ar an eolas; agus

(b)

fógra faoina chinntí a thabhairt don Choiste um Chobhsaíocht agus Comhlachas, mar aon leis an bhfaisnéis oibiachtúil ar a bhfuil sé bunaithe, agus rachaidh sé i gcomhairle laistigh den Choiste um Chobhsaíocht agus Comhlachas.

2.   Déanfaidh an Coimisiún aon fhoilseachán faoi Airteagal 46(5) de CCC in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é.

3.   Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 13(3) den Rialachán seo, cóir fhabhrach ábhartha na dtáirgí dá bhforáiltear in Airteagal 46(4) de CCC, a chur ar fionraí go sealadach.

Airteagal 13

An nós imeachta coiste

1.   Chun críocha Airteagal 2, Airteagal 4 agus Airteagal 12 den Rialachán seo, beidh an Coiste um an gCód Custaim arna bhunú le hAirteagal 184 de Rialachán (CE) Uimh. 450/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) de chúnamh ag an gCoimisiún. Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa Choiste sin.

2.   Chun críocha Airteagal 5 go dtí Airteagal 8 den Rialachán seo, beidh an Coiste a bunaíodh faoi Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 260/2009 de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an Coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

4.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag mír 1 go dtí mír 4 d’Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, i gcomhar le hAirteagal 5 den Rialachán sin.

Airteagal 14

Fógra a thabhairt

Beidh an Coimisiún, ag gníomhú dó thar ceann an Aontais, freagrach as fógra a thabhairt don Chomhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais agus don Choiste um Chobhsaíocht agus Comhlachas, faoi seach, mar a cheanglaítear faoi CCC.

Airteagal 15

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Meán Fómhair 2013. Beidh feidhm ag Airteagal 2, ag Airteagal 3 agus ag Airteagal 4, áfach, ón 1 Feabhra 2010.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 11 Márta 2014.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. KOURKOULAS


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 25 Deireadh Fómhair 2012 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Seasamh ón gComhairle ag an gcéad léamh an 28 Eanáir 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Márta 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Cinneadh 2013/490/AE, Euratom ón gComhairle agus ón gCoimisiún an 22 Iúil 2013 maidir le tabhairt chun críche an Chomhaontaithe Chobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, ar thaobh amháin, agus Poblacht na Seirbia ar an taobh eile (IO L 278, 18.10.2013, lch. 14). Foilsíodh an Comhaontú in éineacht leis an gCinneadh sin in IO L 278, 18.10.2013, lch. 16.

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 260/2009 ón gComhairle an 26 Feabhra 2009 maidir leis na comhrialacha d’allmhairí (IO L 84, 31.3.2009, lch. 1).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad (IO L 343, 22.12.2009, lch. 51).

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 ón gComhairle an 11 Meitheamh 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí fóirdheontais ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad (IO L 188, 18.7.2009, lch. 93).

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 515/97 ón gComhairle an 13 Márta 1997 maidir le cúnamh frithpháirteach idir údaráis riaracháin na mBallstát agus maidir le comhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún chun cur i bhfeidhm ceart an dlí ar ábhair chustaim agus ar ábhair thalmhaíochta a áirithiú (IO L 82, 22.3.1997, lch. 1).

(8)  IO L 28, 30.1.2010, lch. 1.

(9)  Rialachán (CEE) Uimh. 2454/93 ón gCoimisiún an 2 Iúil 1993 lena leagtar síos forálacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle lena mbunaítear Cód Custaim an Chomhphobail (IO L 253, 11.10.1993, lch. 1).

(10)  Rialachán (CE) Uimh. 450/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 lena leagtar síos Cód Custaim an Chomhphobail (Cód Custaim Nuachóirithe) (IO L 145, 4.6.2008, lch. 1).


5.4.2014   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

15


RIALACHÁN (AE) Uimh. 333/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPAAGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Márta 2014

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 maidir le rialacha mionsonraithe a shainiú chun sprioc 2020 a bhaint amach i ndáil le hastaíochtaí CO2 ó ghluaisteáin nua phaisinéirí a laghdú

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 13(5) de Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), tá an Coimisiún le hathbhreithniú a dhéanamh ar na rialacha mionsonraithe maidir leis an sprioc 95 g CO2/km a bhaint amach faoi 2020 ar bhealach costéifeachtach, lena n-áirítear na foirmlí atá leagtha amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin agus na maoluithe dá dtagraítear in Airteagal 11 den Rialachán sin. Is iomchuí go mbeidh an Rialachán seo chomh neodrach agus is féidir ó thaobh iomaíochta de, cothrom ó thaobh cúrsaí sóisialta de agus inbhuanaithe.

(2)

Tá forbairt bhreise an mhargaidh dhomhanda le haghaidh ardteicneolaíochtaí, a bhfuil mar aidhm acu éifeachtacht i ngluaisteáin phaisinéirí a fheabhsú, i gcomhréir le Teachtaireacht ón gCoimisiún an 21 Eanáir 2011 dar teideal: “Eoraip a bheidh tíosach ar acmhainní — An tionscnamh suaitheanta faoi straitéis Eoraip 2020” a thacaíonn leis an aistriú i dtreo geilleagair ísealcharbóin atá tíosach ar acmhainní chun fás inbhuanaithe a bhaint amach.

(3)

Is iomchuí soiléiriú a dhéanamh gur cheart, d’fhonn comhlíonadh na sprice 95 g CO2/km a fhíorú, astaíochtaí CO2 a thomhas fós i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus lena bhearta cur chun feidhme agus lena theicneolaíochtaí nuálacha.

(4)

Bíonn tionchar diúltach ag praghsanna arda breosla iontaise ar an téarnamh eacnamaíoch agus ar shlándáil fuinnimh agus inacmhainneacht fuinnimh san Aontas. Tá sé mar thosaíocht éifeachtúlacht agus inbhuanaitheacht gluaisteán nua paisinéirí agus feithiclí tráchtála éadroma nua a mhéadú, rud a laghdóidh an spleáchas ar ola dá bhrí sin.

(5)

Mar aitheantas ar na hardchostais a bhaineann le taighde agus forbairt agus le táirgeadh an aonaid i ndáil le leaganacha tosaigh d’fheithiclí astaíochtaí sár-ísle, is iomchuí an próiseas trína dtabharfar isteach i margadh an Aontais iad ag na céimeanna tosaigh dá ré thráchtála a luathú agus a éascú, ar bhonn eatramhach agus ar bhonn teoranta. Ba cheart do na gníomhaithe ar leibhéil éagsúla aird chuí a thabhairt chun dea-chleachtais a aithint agus a scaipeadh chun éileamh ar fheithiclí astaíochtaí sár-ísle a spreagadh.

(6)

D’fhéadfadh an easpa bonneagair mhalartaigh bhreosla agus sonraíochtaí teicniúla coiteanna don chomhéadan bonneagair-fheithicle gníomhú mar chonstaic ar ghlacadh an mhargaidh le feithiclí carbóin shár-ísle. D’fhéadfadh forbairt bonneagair den sórt sin san Aontas a áirithiú obair fhórsaí margaidh a éascú agus cur le fás eacnamaíoch san Eoraip.

(7)

Mar aitheantas ar an tionchar díréireach ar na monaróirí is lú a eascraíonn as comhlíonadh na spriocanna i leith astaíochtaí sonracha a shainmhínítear ar bhonn fhóntas na feithicle, ar ualach mór riaracháin an nós imeachta maolaithe, agus ar an tairbhe imeallach uaidh sin i dtéarmaí astaíochtaí CO2 na bhfeithiclí a dhíolann na monaróirí sin, ba cheart go ndéanfaí monaróirí atá freagrach as níos lú ná 1 000 gluaisteán nua paisinéirí arna gclárú san Aontas in aghaidh na bliana a eisiamh ó raon feidhme na sprice i leith astaíochtaí sonracha agus ó phréimh na n-astaíochtaí iomarcacha. D’fhonn deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú a luaithe is féidir do na monaróirí sin, tá sé riachtanach go bhfuil feidhm ag an maolú seo ón 1 Eanáir 2012.

(8)

Ba cheart go ndéanfaí simpliú ar an nós imeachta le haghaidh maolú a dheonú do mhonaróirí ísealtáirgeachta le go mbeidh níos mó solúbthachta ann maidir leis an uair atá iarratas ar mhaolú le cur isteach ag monaróirí den sórt sin agus maidir leis an uair atá maolú den sórt sin le deonú ag an gCoimisiún.

(9)

Ba cheart leanúint leis an nós imeachta chun maoluithe a dheonú do mhonaróirí nideoige tar éis 2020. Lena áirithiú go mbeidh an iarracht ar laghdú atá riachtanach ó mhonaróirí nideoige comhsheasmhach le hiarracht mhonaróirí ardtáirgeachta, ba cheart sprioc 45 % níos ísle ná meánastaíochtaí sonracha na monaróirí nideoige in 2007 a bheith i bhfeidhm ó 2020 i leith.

(10)

Le go mbeidh tionscal na ngluaisteán in ann tabhairt faoi infheistíochtaí agus faoi nuálaíocht go fadtéarmach, is rud inmhianaithe é tásca a thabhairt maidir leis an mbealach ar cheart Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 a leasú don tréimhse tar éis 2020. Ba cheart na tásca sin a bheith bunaithe ar mheasúnú ar an ráta laghdaithe is gá i gcomhréir le spriocanna aeráide fadtéarmacha an Aontais agus na himpleachtaí maidir le teicneolaíocht chostéifeachtach lena laghdófar CO2 a fhorbairt do ghluaisteáin. Ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar ghnéithe den sórt sin, faoi 2015, agus tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoina fhionnachtana. Sa tuarascáil sin, ba cheart go gcuirfí san áireamh, nuair is iomchuí, tograí le haghaidh leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 d’fhonn spriocanna astaíochta CO2 a bhunú le haghaidh gluaisteán nua paisinéirí tar éis 2020, ag cur san áireamh sprioc réadúil agus insroichte a d’fhéadfaí a leagan síos don bhliain 2025, a bheadh bunaithe ar mheasúnú cuimsitheach tionchair a dhéanfaidh iomaíochas leanúnach an tionscail ghluaisteán agus na dtionscal atá spleách air a mheas, agus ag an am céanna a choinneodh conair laghdaithe astaíochtaí a bheadh inchomparáide leis an méid a bhainfí amach sa tréimhse go dtí 2020. Agus tograí den sórt sin á leagan amach, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go bhfuil siad chomh neodrach agus is féidir ó thaobh iomaíochta de, cothrom ó thaobh cúrsaí sóisialta de agus inbhuanaithe.

(11)

Faoi Rialachán (CE) Uimh. 443/2009, ceanglaítear ar an gCoimisiún measúnú tionchair a dhéanamh chun na nósanna imeachta tástála a athbhreithniú d’fhonn léiriú leordhóthanach a thabhairt ar na hastaíochtaí CO2 a thugann gluaisteáin uathu i ndáiríre. Ní foláir leasú a dhéanamh ar an “Sraith Nua Eorpach Tiomána” (NEDC) a úsáidtear faoi láthair, chun a ionadaíocht maidir le fíor-choinníollacha tiomána a áirithiú agus fomheastachán fíor-astaíochtaí CO2 agus fíor-idiú breosla a sheachaint. Ba cheart nós imeachta nua tástála atá níos réadúla agus níos iontaofa a chomhaontú chomh luath agus is féidir. Tá obair sa treo seo á déanamh trí fhorbairt a dhéanamh ar Nós Imeachta Tástála comhchuibhithe Domhanda um fheithiclí Éadroma (WLTP) i gcreat de chuid Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip ach níor cuireadh i gcrích fós é. D’fhonn a áirithiú go gcuirfear na hastaíochtaí sonracha CO2 a luaitear do ghluaisteáin nua phaisinéirí i gcomhréir leis na hastaíochtaí a ghintear faoi ghnáthchoinníollacha úsáide ar bhealach níos dlúithe, ba cheart WLTP a chur i bhfeidhm chomh luath agus is féidir. I bhfianaise an méid sin, bunaítear uasteorainneacha astaíochtaí le haghaidh 2020 in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 mar a thomhaistear iad i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 agus le hIarscríbhinn XII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 ón gCoimisiún (5). Nuair a leasófar na nósanna imeachta tástála, ba cheart na teorainneacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 a choigeartú le déine inchomparáide a áirithiú i gcás monaróirí agus i gcás aicmí feithiclí. Dá réir sin, ba cheart don Choimisiún staidéar comhghaoil láidir a dhéanamh idir NEDC agus timthriallta tástála nua WLTP chun a ionadaíocht i dtaca le fíor-choinníollacha tiomána a áirithiú.

(12)

D’fhonn a áirithiú go léirítear fíor-astaíochtaí ar bhealach leordhóthanach agus go bhfuil luachanna CO2 a thomhaistear inchomparáide go cruinn, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go sainmhínítear go dian na heilimintí sin sa nós imeachta tástála a bhfuil tionchar suntasach acu ar astaíochtaí tomhaiste CO2 sa chaoi nach n-úsáidfeadh monaróirí an tsolúbthacht sa timthriall tástála. Ba cheart aghaidh a thabhairt ar an gclaonadh idir luachanna astaíochta CO2 do chineálcheadú agus astaíochtaí a thagann ó fheithiclí a thairgfear le díol, lena n-áirítear trí fhéachaint le nós imeachta comhréireachta inseirbhíse a úsáid, lena n-áireofaí go ndéanfaí tástáil neamhspleách ar shampla ionadaíoch de na feithiclí atá ar díol, chomh maith le bealaí chun aghaidh a thabhairt ar chásanna ina léirítear éagsúlacht shuntasach idir astaíocht CO2 de réir an tsuirbhé agus ón gcineálcheadú tosaigh.

(13)

Ba cheart friotal Airteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 a choigeartú lena áirithiú go bhfuil coincheap na ngnóthas bainteach i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (6) chomh maith le hAirteagal 3(2) de Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7).

(14)

Le Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 tugtar cumhachtaí don Choimisiún cuid dá fhorálacha a chur chun feidhme i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos i gCinneadh 1999/468/CE ón gComhairle (8). Mar thoradh ar theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, is gá na cumhachtaí sin a ailíniú le hAirteagal 290 agus le hAirteagal 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

(15)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9).

(16)

Ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún d’fhonn Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 a leasú maidir le ceanglais shonraí agus paraiméadair shonraí; forlíonadh a dhéanamh ar na rialacha maidir le léiriú na gcritéar cáilitheachta chun maoluithe a fháil ó na spriocanna i leith astaíochtaí sonracha, maidir le hinneachar na n-iarratas ar mhaolú agus le hinneachar na gclár chun astaíochtaí sonracha CO2 a laghdú, agus measúnú na gclár sin, chun an figiúr M0, dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 443/2009, a choigeartú chuig meánmhais na ngluaisteán nua paisinéirí do na trí bliana féilire roimhe sin agus chun na foirmlí in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 a oiriúnú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal saineolaithe. Le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go ndéanfar na doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(17)

Is iomchuí an cur chuige maidir leis an sprioc a shocrú ar bhonn gaoil línigh idir fóntas an ghluaisteáin agus a astaíochtaí CO2 sprice mar a léirítear é sna foirmlí in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 a choinneáil, ós rud é go bhfágann sé seo go mbeifear in ann éagsúlacht a choinneáil i margadh na ngluaisteán paisinéirí agus go mbeidh ar chumas na monaróirí dul i ngleic le riachtanais dhifriúla na gcustaiméirí, agus nach mbeidh saobhadh ar iomaíocht nach bhfuil call leis ann dá bharr.

(18)

Rinne an Coimisiún measúnú ina mheasúnú tionchair ar infhaighteacht na sonraí faoin lorg agus maidir le húsáid an loirg mar an bparaiméadar fóntais sna foirmlí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 443/2009. Ar bhonn an mheasúnaithe sin, bhain an Coimisiún de thátal as gur cheart mais a úsáid mar pharaiméadar fóntais san fhoirmle le haghaidh 2020. Mar sin féin, ba cheart measúnú a dhéanamh ar an gcostas níos ísle agus ar an bhfiúntas a bheadh i gceist dá n-athrófaí an paraiméadar fóntais go dtí lorg na feithicle san athbhreithniú amach anseo.

(19)

Is gnéithe suntasacha iad astaíochtaí gáis cheaptha teasa a bhaineann le soláthar fuinnimh agus monaraíocht agus diúscairt feithiclí den lorg carbóin iompair de bhóthar foriomlán reatha agus is cosúil go dtiocfaidh méadú suntasach ar a dtábhacht sa todhchaí. Ba cheart dul i mbun gníomhaíochta ó thaobh beartais de dá bhrí sin chun monaróirí a threorú i dtreo na réiteach is fearr, ag cur san áireamh, go háirithe, astaíochtaí gáis cheaptha teasa a bhaineann le giniúint fuinnimh a sholáthraítear d’fheithiclí amhail leictreachas agus breoslaí malartacha, agus chun a áirithiú nach dtiocfaidh meath mar gheall ar na hastaíochtaí réamhtheachtacha seo ar na tairbhí a bhaineann le húsáid oibríochtúil fheabhsaithe fuinnimh feithiclí arb é is aidhm don Rialachán (CE) Uimh. 443/2009.

(20)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon na rialacha mionsonraithe chun an sprioc 2020 maidir le hastaíochtaí CO2 a laghdú ó ghluaisteáin nua phaisinéirí a bhaint amach, a ghnóthú go leordhóthanach ach gur féidir, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, é a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin é, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(21)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 1, cuirtear an méid a leanas in ionad an dara mír:

“Ón mbliain 2020 ar aghaidh, déantar sprioc de 95 g CO2/km do mheánastaíochtaí an fhlít gluaisteán nua a shocrú leis an Rialachán seo mar a thomhaistear iad i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 agus le hIarscríbhinn XII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 agus lena bhearta cur chun feidhme agus i gcomhréir le teicneolaíochtaí nuálacha.”;

(2)

in Airteagal 2, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“4.   Le héifeacht ón 1 Eanáir 2012, ní bheidh feidhm ag Airteagal 4, Airteagal 8(4)(b) agus (c), Airteagal 9, Airteagal 10(1)(a) agus (c) i leith monaróra atá freagrach, in éineacht lena ghnóthais bhainteacha uile, as níos lú ná 1 000 gluaisteán nua paisinéirí a cláraíodh san Aontas sa bhliain féilire roimhe sin.”;

(3)

i bpointe (a) d’Airteagal 3(2), cuirtear an méid a leanas in ionad na chéad fhleisce:

“—

an chumhacht chun níos mó ná an leathchuid de na cearta vótála a fheidhmiú; nó”;

(4)

in Airteagal 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír:

“Chun críocha meán na n-astaíochtaí sonracha CO2 atá ag gach monaróir a chinneadh, déanfar na céatadáin seo a leanas de ghluaisteáin nua phaisinéirí gach monaróra a chláraítear sa bhliain ábhartha a chur san áireamh:

65 % sa bhliain 2012,

75 % sa bhliain 2013,

80 % sa bhliain 2014,

100 % ó 2015 go 2019,

95 % sa bhliain 2020,

100 % faoi dheireadh 2020 ar aghaidh.”;

(5)

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

“Airteagal 5a

Sár-chreidmheasanna le haghaidh na sprice 95 g CO2/km

Agus meán na n-astaíochtaí sonracha CO2 á ríomh, is mar a leanas a chomhairfear gach gluaisteán nua paisinéirí a bhfuil astaíochtaí sonracha CO2 aige atá níos lú ná 50 g CO2/km:

2 ghluaisteán paisinéirí in 2020,

1,67 ghluaisteán paisinéirí in 2021,

1,33 ghluaisteán paisinéirí in 2022,

1 ghluaisteán paisinéirí sa bhliain 2023,

don bhliain ina mbeidh sé cláraithe le linn na tréimhse ó 2020 go 2022, faoi réir uasteorainn 7,5 g CO2/km in aghaidh na tréimhse sin do gach monaróir.”;

(6)

in Airteagal 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 9:

“9.   Déanfaidh an Coimisiún rialacha mionsonraithe a ghlacadh maidir leis na nósanna imeachta um fhaireachán agus tuairisciú ar shonraí faoin Airteagal seo agus maidir le hIarscríbhinn II a chur i bhfeidhm trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14(2).

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 14a d’fhonn na ceanglais sonraí agus paraiméadair shonraí a leagtar amach in Iarscríbhinn II a leasú.”;

(7)

in Airteagal 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Cinnfidh an Coimisiún na modhanna maidir le préimheanna astaíochtaí iomarcacha a bhailiú faoi mhír 1 trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14(2).”;

(8)

leasaítear Airteagal 11 mar a leanas:

(a)

i mír 3, scriostar an abairt dheiridh;

(b)

i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b) den dara fomhír:

“(b)

más iarratas é a bhaineann le pointe (a) agus pointe (b) de phointe 1 d’Iarscríbhinn I, sprioc arb é atá inti laghdú 25 % ar mheán na n-astaíochtaí sonracha CO2 sa bhliain 2007 nó, i gcás ina ndéantar iarratas amháin i leith líon áirithe gnóthas bainteach, laghdú 25 % ar mheán na meánastaíochtaí sonracha CO2 atá ag na gnóthais sin sa bhliain 2007.”;

(c)

i mír 4, sa dara fomhír, cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

“(c)

más iarratas é a bhaineann le pointe (c) de phointe 1 d’Iarscríbhinn I, sprioc arb é atá inti laghdú 45 % ar mheán na n-astaíochtaí sonracha CO2 sa bhliain 2007 nó, i gcás ina ndéantar iarratas amháin i leith líon áirithe gnóthas bainteach, laghdú 45 % ar mheán na meánastaíochtaí sonracha CO2 atá ag na gnóthais sin sa bhliain 2007.”;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8:

“8.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 14a lena leagtar síos rialacha chun forlíonadh a dhéanamh ar mhír 1 go dtí mír 7 den Airteagal seo, maidir leis na critéir cháilitheachta a léiriú chun maoluithe a fháil, le hinneachar na n-iarratas, agus le hinneachar agus measúnú na gclár chun astaíochtaí sonracha CO2 a laghdú.”;

(9)

leasaítear Airteagal 12 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Ar iarratas ó sholáthróir nó ó mhonaróir, breithneofar coigiltí CO2 a bhaintear amach trí theicneolaíochtaí nuálacha nó trí roinnt teicneolaíochtaí nuálacha (‘pacáistí de theicneolaíochtaí nuálacha’) a úsáid.

Ní chuirfear teicneolaíochtaí den sórt sin san áireamh ach amháin má tá an mhodheolaíocht a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh orthu in ann torthaí infhíoraithe, in-athdhéanta agus inchomparáide a tháirgeadh.

Féadfaidh suas le 7 g CO2/km a bheith i gceist le rannchuidiú iomlán na dteicneolaíochtaí sin chun laghdú a dhéanamh ar sprioc monaróra i leith astaíochtaí sonracha monaróra.”;

(b)

i mír 2, cuirtear an méid a leanas in ionad na chéad abairte:

“Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, forálacha mionsonraithe maidir le nós imeachta chun formheas a dhéanamh ar theicneolaíochtaí nuálacha nó ar na pacáistí de theicneolaíochtaí nuálacha dá dtagraítear i mír 1. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14(2) den Rialachán seo.”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Maidir le soláthróir nó monaróir a dhéanfaidh iarratas go bhformheasfaí beart mar theicneolaíocht nuálach nó mar phacáiste de theicneolaíochtaí nuálacha, cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin, lena n-áirítear tuarascáil fíorúcháin a dhréachtóidh comhlacht neamhspleách deimhnithe. I gcás go bhféadfadh idirghníomhaíocht a bheith ann idir an beart sin agus teicneolaíocht nuálach eile nó pacáiste de theicneolaíochtaí nuálacha eile a formheasadh roimhe seo, luafar an idirghníomhaíocht sin sa tuarascáil agus déanfar meastóireacht sa tuarascáil fíorúcháin ar a mhéid a mhodhnaíonn an idirghníomhaíocht sin an laghdú a bhaintear amach le gach beart ar leith.”;

(10)

leasaítear Airteagal 13 mar a leanas:

(a)

i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:

“Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, na bearta sin i gcomhréir le hAirteagal 14a.”;

(b)

scriostar an dara fomhír de mhír 3;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

“5.   Faoin 31 Nollaig 2015, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na spriocanna i leith astaíochtaí sonracha agus ar na rialacha mionsonraithe a leagtar amach anseo, agus ar ghnéithe eile an Rialacháin seo freisin, lena n-áirítear an bhfuil gá a thuilleadh le paraiméadar an fhóntais agus cibé acu mais nó lorg atá níos inbhuanaithe mar pharaiméadar fóntais, d’fhonn na spriocanna i leith astaíochtaí CO2 a bhunú do ghluaisteáin nua phaisinéirí don tréimhse tar éis 2020. Ina leith sin, ba cheart an measúnú ar an ráta laghdaithe is gá i gcomhréir le spriocanna aeráide fadtéarmacha an Aontais agus na himpleachtaí maidir le teicneolaíocht chostéifeachtach lena laghdófar CO2 a fhorbairt do ghluaisteáin. Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil ina mbeidh an toradh ón athbhreithniú sin a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Áireofar sa tuarascáil sin aon togra iomchuí chun an Rialachán seo a leasú, lena n-áirítear sprioc réadúil agus insroichte a d’fhéadfaí a leagan síos, a bheidh bunaithe ar mheasúnú cuimsitheach tionchair lena ndéanfar iomaíochas leanúnach an tionscail gluaisteán agus na dtionscal atá spleách air a mheas. Agus tograí den sórt sin á bhforbairt, áiritheoidh an Coimisiún go bhfuil siad chomh neodrach agus is féidir ó thaobh iomaíochta de, cothrom ó thaobh cúrsaí sóisialta de agus inbhuanaithe.”;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:

“7.   Déanfaidh an Coimisiún cinneadh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, maidir leis na paraiméadair chomhghaoil is gá, d’fhonn léiriú a thabhairt ar aon athrú ar an nós imeachta tástála rialála maidir le hastaíochtaí sonracha CO2 dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 agus i Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 a thomhas. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14(2) den Rialachán seo.

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 14a d’fhonn na foirmlí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a chur in oiriúint, agus leas á bhaint as an modheolaíocht a ghlacfar de bhun na chéad fhomhíre, agus é á áirithiú go mbeidh ceanglais maidir le laghdú a dhéanamh atá chomh dian céanna de dhíth ar mhonaróirí agus ar fheithiclí le fóntas difriúil faoi na sean-nósanna imeachta tástála agus na nósanna imeachta tástála nua.”;

(11)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 14:

“Airteagal 14

An nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh an Coiste um Athrú Aeráide a bhunaítear le hAirteagal 9 de Chinneadh Uimh. 280/2004/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11).

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás nach dtugann an Coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d’Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

(10)  Cinneadh Uimh. 280/2004/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 maidir le sásra chun faireachán a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa de chuid an Chomhphobail agus maidir le Prótacal Kyoto a chur chun feidhme (IO L 49, 19.2.2004, lch. 1)."

(11)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).”;"

(12)

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

“Airteagal 14a

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 8(9), in Airteagal 11(8), sa tríú fomhír d’Airteagal 13(2) agus sa dara fomhír d’Airteagal 13(7) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana amhail ón 8 Aibreán 2014. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 8(9), in Airteagal 11(8), sa tríú fomhír d’Airteagal 13(2) agus sa dara fomhír d’Airteagal 13(7) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun an dara fomhír d’Airteagal 8(9), Airteagal 11(8), an tríú fomhír d’Airteagal 13(2) agus an dara fomhír d’Airteagal 13(7) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.”;

(13)

i bpointe 1 d’Iarscríbhinn I, cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

“(c)

Ón mbliain 2020:

Formula

I gcás na luachanna seo a leanas a bheith i gceist:

M= mais na feithicle i gcileagraim (kg)

M0 = an luach a ghlacfar de bhun Airteagal 13(2)

a= 0,0333.”;

(14)

leasaítear Iarscríbhinn II mar a leanas:

(a)

i bpointe 1 de Chuid A, cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

“(n)

glanchumhacht uasta.”;

(b)

sa tábla “Sonraí mionsonraithe a shonraítear i bpointe 1 de Chuid A”, cuirtear isteach an colún seo a leanas:

“Glanchumhacht uasta (kW).”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 11 Márta 2014.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. KOURKOULAS


(1)  IO C 44, 15.2.2013, lch. 109.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 25 Feabhra 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 10 Márta 2014.

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí do ghluaisteáin nua phaisinéirí mar chuid de chur chuige comhtháite an Chomhphobail chun astaíochtaí CO2 ó fheithiclí saothair éadroim a laghdú (IO L 140, 5.6.2009, lch. 1).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2007 maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí (IO L 171, 29.6.2007, lch. 1).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 ón gCoimisiún an 18 Iúil 2008 lena gcuirtear chun feidhme agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí (IO L 199, 28.7.2008, lch. 1).

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle an 20 Eanáir 2004 maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (Rialachán um Chumaisc CE) (IO L 24, 29.1.2004, lch. 1).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2011 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta d’astaíochtaí ó fheithiclí tráchtála éadroma nua mar chuid de chur chuige comhtháite an Aontais chun astaíochtaí CO2 ó fheithiclí saothair éadroim a laghdú (IO L 145, 31.5.2011, lch. 1).

(8)  Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (IO L 184, 17.7.1999, lch. 23).

(9)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).


5.4.2014   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

22


RIALACHÁN (AE) Uimh. 334/2014 ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Márta 2014

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid, a mhéid a bhaineann le coinníollacha áirithe le haghaidh rochtain ar an margadh

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Le hAirteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), leagtar amach raon feidhme an Rialacháin sin agus, i measc nithe eile, déantar táirgí bithicídeacha a eisiamh leis nuair a úsáidtear mar áiseanna próiseála iad. Ba cheart Airteagal 2(5) a leasú chun a shoiléiriú gan amhras go gciallaíonn “áiseanna próiseála” iad siúd a shainmhínítear i Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus i Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5).

(2)

Ba cheart pointe (s) d’Airteagal 3(1) agus Airteagal 19(6) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 a leasú ionas go bhféadfaidh táirgí bithicídeacha comhchosúla a bheith mar chuid d’fhine táirgí bithicídeacha más féidir measúnú a dhéanamh go sásúil orthu bunaithe ar rioscaí uasta in-sainaitheanta agus ar leibhéal éifeachtúlachta íosta.

(3)

I bpointe (e) d’Airteagal 19(1) agus in Airteagal 19(7) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, ba cheart a shoiléiriú gur teorainn ascnaimh shonrach nó teorainneacha ascnaimh sonracha don inneachar iarmhair in ábhair a bhíonn i dtadhall le bia iad na teorainneacha a cheanglaítear a bhunú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6).

(4)

Chun comhleanúnachas a áirithiú idir Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 agus Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), ba cheart pointe (b) d’Airteagal 19(4) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 a leasú chun go n-áireofaí ann tocsaineacht shain-spriocorgáin trí aon risíocht amháin nó trí ilrisíocht chatagóir 1 mar chritéar aicmiúcháin, ionas go gcoiscfí leis údarú chun táirge bithicídeach a chomhlíonann na critéir don aicmiúchán seo a chur ar fáil ar an margadh lena úsáid ag an bpobal i gcoitinne. Toirmisctear le pointe (c) d’Airteagal 19(4) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 údarú chun táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh lena n-úsáid ag an bpobal i gcoitinne i gcás ina gcomhlíontar na critéir maidir le bheith marthanach, bithcharnach agus tocsaineach (“PBT”) nó an-mharthanach agus an-bhithcharnach (“vPvB”) i gcomhréir le hIarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8). De bhrí, áfach, gur minic gur meascáin, agus uaireanta gur earraí, a bhíonn i dtáirgí bithicídeacha, níl feidhm ag na critéir sin ach le substaintí. Ba cheart dá bhrí sin go ndéanfadh pointe (c) d’Airteagal 19(4) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 tagairt do tháirgí bithicídeacha arb éard atá iontu substaintí a chomhlíonann na critéir sin, a bhfuil substaintí den sórt sin iontu nó a ngintear substaintí den sórt sin astu.

(5)

Ós rud é nach ndéantar tagairt do mheasúnú comparáideach in Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, ba cheart an tagairt don Iarscríbhinn sin in Airteagal 23(3) den Rialachán sin a scriosadh.

(6)

Ba cheart Airteagal 34(4) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 a leasú chun an chrostagairt chuig Airteagal 30 a cheartú.

(7)

De bhun Airteagal 35(3) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, i gcás ina bhfuil comhaontú déanta ag gach Ballstát lena mbaineann leis an mBallstát tagartha maidir le haitheantas frithpháirteach, tá táirge bithicídeach le húdarú i gcomhréir le hAirteagal 33(4) nó le hAirteagal 34(6) de. Leagtar síos in Airteagal 33(3) agus in Airteagal 34(6) den Rialachán sin, áfach, na forálacha a thagraíonn do chinntí ó gach Ballstát lena mbaineann maidir le húdaruithe a dheonú trí bhíthin aitheantais fhrithpháirtigh. Ba cheart, dá bhrí sin, Airteagal 35(3) a leasú dá réir.

(8)

Ceanglaítear leis an dara fomhír d’Airteagal 45(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 go mbeidh na táillí is iníoctha faoi Airteagal 80(1) den Rialachán sin ag gabháil le hiarratas ar údarú Aontais a athnuachan. Ní féidir na táillí a íoc, áfach, ach i ndiaidh na faisnéise maidir lena leibhéal a bheith soláthraithe ag an nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (“an Ghníomhaireacht”) i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 45(3) den Rialachán sin. Dá bhrí sin, agus chun comhsheasmhacht le hAirteagal 7(1), le hAirteagal 13(1), agus le hAirteagal 43(1) den Rialachán sin a áirithiú, ba cheart an dara fomhír d’Airteagal 45(1) a scriosadh.

(9)

D’fhéadfadh an focal “diúscairt” in Airteagal 52, in Airteagal 89 agus in Airteagal 95 de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 duine a chur ar míthreoir agus d’fhéadfadh sé fadhbanna a chruthú sa léiriú, ag féachaint do na hoibleagáidí a fhorchuirtear le Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9). Ba cheart, dá bhrí sin, an focal sin a scriosadh.

(10)

Ba cheart roinnt ceartúchán teicniúil a dhéanamh ar Airteagal 54 de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 chun dúbailt a sheachaint idir Airteagal 54(1) agus (3) a mhéid a bhaineann le híocaíocht na dtáillí is infheidhme faoi Airteagal 80(1).

(11)

Déantar tagairt sa chéad agus sa dara fomhír d’Airteagal 60(3) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 d’údaruithe arna ndeonú i gcomhréir le hAirteagal 30(4), le hAirteagal 34(6) nó le hAirteagal 44(4) de. Is in Airteagail 30(1), 33(3), 33(4), 34(6), 34(7), 36(4), 37(2), 37(3) agus 44(5) den Rialachán sin, áfach, a leagtar síos na forálacha a thagraíonn do chinntí chun údaruithe a dheonú. Thairis sin, ní luaitear sa dara fomhír d’Airteagal 60(3) den Rialachán sin aon tréimhse maidir le cosaint na sonraí dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 20(1), arna gcur isteach in iarratas de bhun Airteagal 26(1) de. Ba cheart dá bhrí sin go ndéanfaí tagairt freisin in Airteagal 60(3) d’Airteagail 26(3), 30(1), 33(3), 33(4), 34(6), 34(7), 36(4), 37(2), 37(3) agus 44(5) den Rialachán sin.

(12)

Ba cheart Airteagal 66(4) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 a leasú chun an chrostagairt d’Airteagal 67 a cheartú.

(13)

Chun dea-chomhar, dea-chomhordú agus dea-mhalartú faisnéise a éascú idir na Ballstáit, an Ghníomhaireacht agus an Coimisiún maidir le forfheidhmiú, ba cheart go gcuirfí de chúram freisin ar an nGníomhaireacht tacaíocht agus cúnamh a sholáthar do Bhallstáit a mhéid a bhaineann le gníomhaíochtaí rialaithe agus forfheidhmithe trí leas a bhaint as na struchtúir atá ann cheana, má mheastar gurb iomchuí sin.

(14)

Chun an deis a thabhairt na hiarratais ar údaruithe le haghaidh táirgí bithicídeacha a ullmhú faoi dháta formheasa substainte gníomhaí, de réir mar a fhoráiltear dó sa dara fomhír d’Airteagal 89(3) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, ba cheart rochtain phoiblí leictreonach ar fhaisnéis faoi shubstaintí gníomhacha, dá bhforáiltear le hAirteagal 67 de, bheith ar fáil ón lá a nglacann an Coimisiún an Rialachán ar choinníoll go bhfuil an tsubstaint ghníomhach formheasta.

(15)

Foráiltear sa chéad fhomhír d’Airteagal 77(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 d’achomhairc in aghaidh chinntí na Gníomhaireachta a rinneadh de bhun Airteagal 26(2) de. Ós rud é, áfach, nach ndéantar le hAirteagal 26(2) an Ghníomhaireacht a chumhachtú aon chinneadh a dhéanamh, ba cheart an tagairt don Airteagal sin atá in Airteagal 77(1) a scriosadh.

(16)

Tagraítear in Airteagal 86 de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 do shubstaintí gníomhacha a áirítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10). Ba cheart a shoiléiriú go bhfuil feidhm ag an Airteagal sin maidir le gach substaint ghníomhach ar ghlac an Coimisiún treoir ina leith, lena n-áirítear iad sin atá san Iarscríbhinn sin, go bhfuil na coinníollacha maidir lena n-áireamh infheidhme maidir leis an bhformheas, agus gurb é an dáta a ndearnadh iad a áireamh an dáta formheasta.

(17)

Faoin gcéad fhomhír d’Airteagal 89(2) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, féadann Ballstáit a gcóras reatha a chur i bhfeidhm go ceann suas le dhá bhliain tar éis dháta formheasa substainte gníomhaí. Leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 89(3) de, ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar údaruithe le haghaidh táirge bithicídeach a dheonú, a mhodhnú nó a chealú laistigh de thréimhse dhá bhliain ón tráth a dhéantar substaint ghníomhach a fhormheas. Agus an t-am a theastaíonn le haghaidh na gcéimeanna éagsúla sa phróiseas údaraithe á chur san áireamh, áfach, go háirithe i gcás inarb ann d’easaontas marthanach i dtaobh aitheantas frithpháirteach idir Ballstáit agus nach mór, dá bhrí sin, an t-údarú a chur faoi bhráid an Choimisiúin le haghaidh cinnidh, is iomchuí na spriocdhátaí sin a fhadú chuig trí bliana, agus an fadú sin a léiriú sa dara fomhír d’Airteagal 37(3) den Rialachán sin.

(18)

Leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 89(2) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, féadann Ballstáit a gcóras reatha a chur i bhfeidhm maidir le substaintí gníomhacha atá ann cheana. D’fhéadfadh teaglaim de shubstaintí bithicídeacha nua atá formheasta mar aon le substaintí gníomhacha atá ann cheana ach nach bhfuil formheasta go fóill a bheith i dtáirge bithicídeach. Ar mhaithe le luach saothair a thabhairt as an nuáil a ghabhann le rochtain ar an margadh a dheonú do tháirgí den sórt sin, ba cheart cead a thabhairt do Bhallstáit a gcórais reatha a chur i bhfeidhm maidir le tairgí den sórt sin go dtí go mbeidh na substaintí gníomhacha atá ann cheana formheasta, agus go mbeidh na táirgí sin incháilithe dá thoradh sin d’údarú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

(19)

Foráiltear le hAirteagal 89(4) agus Airteagal 93(2) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 do thréimhsí céimnithe amach le haghaidh táirgí bithicídeacha nach bhfuil údarú deonaithe ina dtaobh. Ba cheart go mbeadh feidhm ag na tréimhsí céanna maidir le táirge bithicídeach atá ar an margadh cheana a chéimniú amach, i gcás ina bhfuil údarú deonaithe ach go gceanglaítear leis na coinníollacha údaraithe go n-athrófaí an táirge bithicídeach.

(20)

Ba cheart go soiléireofaí le hAirteagal 93 de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 nach bhfuil feidhm ag an maolú dá bhforáiltear ann ach amháin faoi réir rialacha náisiúnta na mBallstát.

(21)

Féachann Airteagal 94(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 le cead a thabhairt earraí a cóireáladh le táirgí bithicídeacha ina bhfuil substaintí gníomhacha a bhfuil meastóireacht á déanamh orthu, cé nár formheasadh go fóill iad, a chur ar an margadh bíodh sin i gcomhthéacs an chláir oibre dá dtagraítear in Airteagal 89(1) den Rialachán sin nó bunaithe ar iarratas a cuireadh isteach de bhun Airteagal 94(1). D’fhéadfaí an tagairt d’Airteagal 58 de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, atá in Airteagal 94(1) a léiriú, áfach, mar mhaolú neamhbheartaithe ó na ceanglais lipéadaithe agus faisnéise in Airteagal 58(3) agus (4). Ba cheart, dá bhrí sin, nach dtagrófaí ach d’Airteagal 58(2) in Airteagal 94(1) den Rialachán sin.

(22)

Ós rud é nach bhfuil feidhm ag Airteagal 94(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ach amháin maidir le hearraí cóireáilte atá curtha ar an margadh cheana, tugadh isteach leis an Airteagal sin toirmeasc neamhbheartaithe ar fhormhór na n-earraí cóireáilte nua ón 1 Meán Fómhair 2013 go dtí go bhformheasfar an tsubstaint ghníomhach dheireanach atá sna hearraí cóireáilte sin. Ba cheart, dá bhrí sin, raon feidhme Airteagal 94(1) a leathnú chun earraí cóireáilte nua a chur san áireamh. Ba cheart freisin go bhforálfadh an tAirteagal sin do thréimhse céimnithe amach maidir le hearraí cóireáilte nach mbeidh aon iarratas ar fhormheas na substainte gníomhaí don chineál táirge lena mbaineann curtha isteach ina leith faoin 1 Meán Fómhair 2016. Chun éifeachtaí díobhálacha a d’fhéadfadh a bheith tromchúiseach a sheachaint d’oibreoirí eacnamaíocha, agus fós lán-urraim á tabhairt do phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla, ba cheart go bhforálfaí go mbeadh feidhm ag na modhnuithe sin amhail ón 1 Meán Fómhair 2013.

(23)

Ceanglaítear leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 95(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 go gcuirfí isteach sainchomhad iomlán do shubstaint. Ba cheart go bhféadfadh sonraí dá dtagraítear in Iarscríbhinn IIIA nó Iarscríbhinn IVA a ghabhann le Treoir 98/8/CE a bheith ar áireamh i sainchomhad iomlán den sórt sin.

(24)

Faoin tríú fomhír d’Airteagal 95(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, déantar an ceart chun tagairt a dhéanamh do shonraí dá bhforáiltear sa dara fomhír d’Airteagal 63(3) de a leathnú chuig gach staidéar atá riachtanach don mheasúnú riosca do shláinte an duine agus don chomhshaol, ionas go mbeadh na daoine ábhartha ionchasacha san áireamh sa liosta dá dtagraítear in Airteagal 95(2) de. Gan ceart tagartha den sórt sin, ní bheadh go leor daoine ábhartha ionchasacha in ann Airteagal 95(1) a chomhlíonadh in am chun go n-áireofaí ar an liosta sin iad faoin dáta dá dtagraítear in Airteagal 95(3). Ní dhéanann an tríú fomhír d’Airteagal 95(1), áfach, staidéir ar chinniúint agus iompar i dtaca leis an gcomhshaol a chur san áireamh. Thairis sin, ós rud é go bhfuil daoine ábhartha ionchasacha chun íoc as an gceart tagairt a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 63(3), ba cheart go mbeidís i dteideal leas iomlán a bhaint as an gceart sin trína ligean ar aghaidh chuig iarratasóirí ar údaruithe ar tháirgí. Ba cheart, dá bhrí sin, Airteagal 95 a leasú dá réir.

(25)

Beartaítear leis an gcúigiú fomhír d’Airteagal 95(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 teorannú a dhéanamh ar an tréimhse cosanta do shonraí is féidir a roinnt ón 1 Meán Fómhair 2013 chun an chéad fhomhír d’Airteagal 95(1) a chomhlíonadh ach ar sonraí sin iad nach bhféadfaí iad a roinnt fós chun críche iarratais ar údaruithe ar tháirgí a fhíorú. Is amhlaidh a bheidh an cás maidir le sonraí a bhaineann le teaglamaí de shubstaintí gníomhacha/cineálacha táirge nach ndearnadh, amhail an 1 Meán Fómhair 2013, cinneadh ina leith maidir lena gcur san áireamh in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 98/8/CE. Ba cheart, dá bhrí sin, go dtagrófaí don dáta sin in Airteagal 95 den Rialachán sin.

(26)

De bhun Airteagal 95(2) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, tá ainmneacha na ndaoine a ghlacann páirt sa chlár oibre dá dtagraítear in Airteagal 89(1) de le bheith sa liosta a fhoilseoidh an Ghníomhaireacht. Le hAirteagal 95(2) cuirtear ar chumas na rannpháirtithe sin leis sin leas a bhaint as an sásra cúitimh costais a leagtar amach sa Rialachán sin. Ba cheart don fhéidearthacht chun tairbhiú de shásra cúitimh costais bheith ar oscailt do gach duine a chuir sainchomhad iomlán substainte isteach i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 nó le Treoir 98/8/CE, nó a chuir litir rochtana ar shainchomhad den sórt sin isteach. Ba cheart go mbeadh sé ar oscailt freisin dóibh siúd a chuir sainchomhaid isteach maidir le haon substaint nach substaint ghníomhach í aisti féin, ach lena ngintear substaintí gníomhacha.

(27)

Toirmisctear leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 95(3) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 táirgí bithicídeacha a chur ar an margadh a bhfuil substaintí gníomhacha iontu agus nach bhfuil an monaróir nó an t-allmhaireoir (“an duine ábhartha”) san áireamh sa liosta dá dtagraítear san Airteagal sin. De bhua Airteagal 89(2) agus Airteagal 93(2) den Rialachán sin, beidh substaintí gníomhacha áirithe ann go dleathach ar mhargadh na dtáirgí bithicídeacha cé nach bhfuil aon sainchomhad iomlán substainte curtha isteach go fóill. Níor cheart an toirmeasc faoi Airteagal 95(3) a bheith infheidhme maidir le substaintí den sórt sin. Thairis sin, i gcás nach bhfuil monaróir ná allmhaireoir substainte ar bith liostaithe do shubstaint a bhfuil sainchomhad iomlán substainte curtha isteach di, ba cheart an fhéidearthacht a bheith ann go mbeadh cead ag duine eile táirgí bithicídeacha a bhfuil an tsubstaint sin iontu a chur ar an margadh, faoi réir sainchomhad nó litir rochtana ar shainchomhad ón duine sin, nó ó mhonaróir nó ó allmhaireoir an táirge bhithicídigh a chur isteach.

(28)

Foráiltear le hAirteagal 95(4) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 go bhfuil feidhm ag Airteagal 95 maidir le substaintí gníomhacha atá liostaithe faoi chatagóir 6 in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin. Tá na substaintí sin áirithe san Iarscríbhinn sin bunaithe ar shainchomhaid substainte iomlána a chur isteach, ar cheart go mbeadh a n-úinéirí i dteideal leas a bhaint as an sásra cúitimh costais a bunaíodh faoin Airteagal sin. Amach anseo, féadfar substaintí eile a áireamh san Iarscríbhinn sin ar bhonn sainchomhaid den sórt sin a chur isteach. Ba cheart, dá bhrí sin, go ndéanfaí le catagóir 6 den Iarscríbhinn sin gach substaint den sórt sin a rialáil.

(29)

Ba cheart an tuairisc in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ar tháirgí bithicídeacha a úsáidtear in ábhair a bhíonn i dtadhall le bia a bheith comhsheasmhach leis an téarmaíocht atá in úsáid i Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004.

(30)

Ba cheart a shoiléiriú sa chéad mhír d’Airteagal 96 de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 go n-aisghairtear Treoir 98/8/CE gan dochar d’fhorálacha Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ina ndéantar tagairt do Threoir 98/8/CE.

(31)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 2(5), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b)

táirgí bithicídeacha nuair a úsáidtear iad mar áiseanna próiseála de réir bhrí Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 agus Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008.”;

(2)

leasaítear Airteagal 3(1) mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (s):

“(s)

ciallaíonn ‘fine táirgí bithicídeacha’ grúpa táirgí bithicídeacha a bhfuil siad seo a leanas acu:

(i)

úsáidí comhchosúla,

(ii)

na substaintí gníomhacha céanna,

(iii)

comhdhéanamh comhchosúil le hathrúcháin shonraithe, agus

(iv)

leibhéil chomhchosúla riosca agus éifeachtúlachta;”;

(b)

scriostar pointe (v);

(3)

leasaítear Airteagal 19 mar a leanas:

(a)

leasaítear mír 1 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

go bhfuil na substaintí gníomhacha ar áireamh in Iarscríbhinn I nó go ndearnadh iad a fhormheas don chineál táirge ábhartha agus go bhfuil aon choinníollacha a sonraíodh le haghaidh na substaintí gníomhacha sin á gcomhlíonadh;”;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

“(e)

i gcás inarb iomchuí, gur bunaíodh uasteorainneacha na n-iarmhar i leith bia agus beatha maidir le substaintí gníomhacha atá i dtáirge bithicídeach i gcomhréir le Rialachán (CEE) Uimh. 315/93 ón gComhairle (11), le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), le Rialachán (CE) Uimh. 470/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13) nó le Treoir 2002/32/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14), nó gur bunaíodh teorainneacha ascnaimh sonracha nó teorainneacha don inneachar iarmhair in ábhair a bhíonn i dtadhall le bia maidir le substaintí gníomhacha den sórt sin i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15).

(11)  Rialachán (CEE) Uimh. 315/93 ón gComhairle an 8 Feabhra 1993 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail maidir le hábhar salaithe i mbia (IO L 37, 13.2.1993, lch. 1)."

(12)  Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Feabhra 2005 maidir le huasleibhéil iarmhair lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandaí nó de bhunadh ainmhíoch nó ar bhia agus ar bheatha den sórt sin, agus lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 70, 16.3.2005, lch. 1)."

(13)  Rialachán (CE) Uimh. 470/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail chun teorainneacha na n-iarmhar a bhunú do shubstaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de i mbia-ábhair de thionscnamh ainmhíoch, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2377/90 ón gComhairle agus lena leasaítear Treoir 2001/82/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 152, 16.6.2009, lch. 11)."

(14)  Treoir 2002/32/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Bealtaine 2002 maidir le substaintí neamh-inmhianaithe i mbia ainmhithe (IO L 140, 30.5.2002, lch. 10)."

(15)  Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2004 maidir le hábhair agus le hearraí a bheartaítear a bheith i dtadhall le bia, agus lena n-aisghairtear Treoir 80/590/CEE agus Treoir 89/109/CEE (IO L 338, 13.11.2004, lch. 4).”;"

(b)

i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b) agus phointe (c):

“(b)

gcomhlíontar leis na critéir i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 chun go bhféadfaí é a aicmiú mar a leanas:

géarthocsaineacht bhéil de chatagóir 1, de chatagóir 2 nó de chatagóir 3,

géarthocsaineacht dheirmeach de chatagóir 1, de chatagóir 2 nó de chatagóir 3,

géarthocsaineacht ionanálaithe (gáis agus deannach/ceo) de chatagóir 1, de chatagóir 2 nó de chatagóir 3,

géarthocsaineacht ionanálaithe (gala) de chatagóir 1 nó de chatagóir 2,

tocsaineacht shain-spriocorgáin trí aon risíocht amháin nó trí ilrisíocht de chatagóir 1,

carcanaigin de chatagóir 1A nó de chatagóir 1B,

só-ghineach de chatagóir 1A nó de chatagóir 1B, nó

tocsaineach don atáirgeadh de chatagóir 1A nó de chatagóir 1B;

(c)

bhfuil sé comhdhéanta de shubstaint a chomhlíonann na critéir maidir le bheith PBT nó vPvB i gcomhréir le hIarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, nó go bhfuil substaint den sórt sin ann nó go ngineann sé substaint den sórt sin;”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6 agus mhír 7:

“6.   Maidir leis an measúnú ar an bhfine táirgí bithicídeacha arna sheoladh i gcomhréir leis na comhphrionsabail a leagtar amach in Iarscríbhinn VI, measfar ann na rioscaí uasta do shláinte an duine, do shláinte ainmhithe agus don chomhshaol mar aon leis an leibhéal íosta éifeachtúlachta ar fud raon iomlán féideartha táirgí laistigh den fhine táirgí bithicídeacha.

Ní dhéanfar fine táirgí bithicídeacha a údarú ach amháin:

(a)

má dhéantar na rioscaí uasta do shláinte an duine, do shláinte ainmhithe agus don chomhshaol, mar aon leis an leibhéal íosta éifeachtúlachta ar a bhfuil an measúnú bunaithe, a shainaithint go sainráite san iarratas, chomh maith leis na hathrúcháin cheadaithe sa chomhdhéanamh agus sna húsáidí dá dtagraítear i bpointe (s) d’Airteagal 3(1) in éineacht lena ráiteas aicmiúcháin, guaise agus réamhchúraim faoi seach agus aon bhearta um maolú riosca is iomchuí; agus

(b)

más féidir a shuíomh, bunaithe ar an measúnú dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, go gcomhlíontar le gach táirge bithicídeach san fhine na coinníollacha a leagtar amach i mír 1.

7.   I gcás inarb iomchuí, déanfaidh sealbhóir ionchasach an údaraithe nó a ionadaí iarratas a chur isteach chun uasteorainneacha iarmhar a bhunú i leith substaintí gníomhacha atá i dtáirge bithicídeach i gcomhréir le Rialachán (CEE) Uimh. 315/93, le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005, le Rialachán (CE) Uimh. 470/2009 nó le Treoir 2002/32/CE, nó chun teorainneacha ascnaimh sonracha nó teorainneacha don inneachar iarmhair in ábhair a bhíonn i dtadhall le bia a bhunú maidir le substaintí gníomhacha den sórt sin i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004.”;

(4)

in Airteagal 23(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda tosaigh:

“3.   Cuirfidh an t-údarás inniúil glactha nó, i gcás cinnidh maidir le hiarratas ar údarú Aontais, an Coimisiún, toirmeasc nó srian ar tháirge bithicídeach, ina bhfuil substaint ghníomhach atá inbhreithnithe lena hionadú, a chur ar fáil ar an margadh nó a úsáid i gcás ina léireofar i measúnú comparáideach, a dhéanfar i gcomhréir leis na nótaí um threoir theicniúil a thabhairt dá dtagraítear in Airteagal 24, go gcomhlíontar an dá chritéir seo a leanas:”;

(5)

in Airteagal 34(4), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“Laistigh de 365 lá tar éis dó an t-iarratas a bhailíochtú, déanfaidh an Ballstát tagartha meastóireacht ar an iarratas agus dréachtóidh sé tuarascáil measúnaithe i gcomhréir le hAirteagal 30 agus cuirfidh sé a thuarascáil measúnaithe agus an achoimre ar shaintréithe an táirge bhithicídigh chuig na Ballstáit lena mbaineann agus chuig an iarratasóir.”;

(6)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 35(3):

“3.   Déanfaidh gach Ballstát dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo atá sa ghrúpa comhordúcháin a lándícheall d’fhonn teacht ar chomhaontú maidir leis an ngníomhaíocht atá le déanamh. Tabharfaidh siad deis don iarratasóir a thuairim a chur in iúl. Má thagann siad ar chomhaontú laistigh de 60 lá tar éis tharchur na bpointí easaontais dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a fháil, déanfaidh an Ballstát tagartha an comhaontú a thaifeadadh sa Chlár do Tháirgí Bithicídeacha. Measfar an nós imeachta a bheith dúnta ansin agus údaróidh an Ballstát tagartha agus gach ceann de na Ballstáit lena mbaineann an táirge bithicídeach i gcomhréir le hAirteagal 33(3) nó le hAirteagal 34(6) de réir mar is iomchuí.”;

(7)

in Airteagal 37(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“Le linn don nós imeachta faoin Airteagal seo a bheith ar siúl, cuirfear ar fionraí go sealadach oibleagáid na mBallstát táirge bithicídeach a údarú laistigh de thrí bliana den dáta formheasta, dá dtagraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 89(3).”;

(8)

in Airteagal 45(1), scriostar an dara fomhír;

(9)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 52:

‘Airteagal 52

Tréimhse cairde

D’ainneoin Airteagal 89, i gcás ina ndéanfaidh an t-údarás inniúil nó, i gcás táirge bhithicídigh atá údaraithe ar leibhéal an Aontais, ina ndéanfaidh an Coimisiún, údarú a chealú nó a leasú nó i gcás ina gcinneann sé gan é a athnuachan, ceadóidh sé tréimhse cairde chun stoic atá ann cheana a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid, ach amháin i gcásanna inar riosca do-ghlactha do shláinte an duine, do shláinte ainmhithe nó don chomhshaol é leanúint de bheith ag cur an táirge bhithicídigh ar fáil ar an margadh nó á úsáid.

Ní bheidh an tréimhse cairde níos faide ná 180 lá chun stoic atá ann cheana de na táirgí bithicídeacha atá i dtrácht a chur ar fáil ar an margadh agus beidh tréimhse bhreise 180 lá ar a mhéad ann chun iad a úsáid.’

(10)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 53(1), an chéad fhomhír:

“1.   De mhaolú ar Airteagal 17, déanfaidh údarás inniúil Ballstáit (‘Ballstát na tabhartha isteach’), arna iarraidh sin don iarratasóir, cead trádála comhthreomhaire a dheonú i leith táirge bithicídeach atá údaraithe i mBallstát eile (‘Ballstát tionscnaimh’) chun é a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid i mBallstát na tabhartha isteach, má chinneann sé i gcomhréir le mír 3 go bhfuil an táirge bithicídeach comhionann le táirge bithicídeach atá údaraithe cheana i mBallstát na tabhartha isteach (‘an táirge tagartha’)”;

(11)

leasaítear Airteagal 54 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   I gcás ina mbeidh gá coibhéis theicniúil substaintí gníomhacha a shuí, déanfaidh an duine ar mian leis coibhéis a shuí (‘an t-iarratasóir’) iarratas a chur chuig an nGníomhaireacht.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Cuirfidh an Ghníomhaireacht an t-iarratasóir ar an eolas faoi na táillí is iníoctha faoi Airteagal 80(1) agus diúltóidh sí don iarratas má mhainníonn an t-iarratasóir na táillí a íoc laistigh de 30 lá. Cuirfidh sí é sin in iúl don iarratasóir dá réir sin.”;

(12)

in Airteagal 56(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“1.   De mhaolú ar Airteagal 17, ní fhéadfar turgnamh ná tástáil chun críocha taighde eolaíche nó chun críocha taighde agus forbartha atá dírithe ar tháirgí agus ar phróisis a bhaineann le táirge bithicídeach neamhúdaraithe nó le substaint ghníomhach nár formheasadh agus a bheartaítear go heisiach le húsáid i dtáirge bithicídeach (‘turgnamh’ nó ‘tástáil’) a dhéanamh ach amháin faoi na coinníollacha dá bhforáiltear san Airteagal seo.”;

(13)

in Airteagal 58(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda tosaigh:

“3.   Áiritheoidh an duine atá freagrach as earra cóireáilte a chur ar an margadh go ndéantar leis an lipéad an fhaisnéis atá liostaithe sa dara fomhír a sholáthar más rud é:”;

(14)

in Airteagal 60(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre agus an dara fomhír:

“3.   Tiocfaidh deireadh leis an tréimhse cosanta maidir le sonraí a thíolactar d’fhonn údarú a dhéanamh ar tháirge bithicídeach ina bhfuil substaintí gníomhacha atá ann cheana, agus iad sin amháin, 10 mbliana ón gcéad lá den mhí tar éis an chéad chinnidh maidir le húdarú an táirge a glacadh i gcomhréir le hAirteagail 26(3), 30(1), 33(3), 33(4), 34(6), 34(7), 36(4), 37(2), 37(3) nó 44(5).

Tiocfaidh deireadh leis an tréimhse cosanta maidir le sonraí a thíolactar d’fhonn údarú a dhéanamh ar tháirge bithicídeach ina bhfuil substaint ghníomhach nua 15 mbliana ón gcéad lá den mhí tar éis an chéad chinnidh maidir le húdarú an táirge a glacadh i gcomhréir le hAirteagail 26(3), 30(1), 33(3), 33(4), 34(6), 34(7), 36(4), 37(2), 37(3) nó 44(5).”;

(15)

cuirtear an méid a leanas in ionad Airteagal 66(4):

“4.   Aon duine a chuirfidh faisnéis a bhaineann le substaint ghníomhach nó le táirge bithicídeach faoi bhráid na Gníomhaireachta nó údaráis inniúil chun críocha an Rialacháin seo, féadfaidh sé a iarraidh nach gcuirfear an fhaisnéis in Airteagal 67(3) agus (4) ar fáil, agus tabharfaidh sé bonn cirt leis an bhfáth a bhféadfadh nochtadh na faisnéise sin a bheith díobhálach do leasanna tráchtála an duine sin nó do leasanna tráchtála páirtí ar bith eile lena mbaineann.”;

(16)

leasaítear Airteagal 67 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda tosaigh:

“1.   Ón dáta a nglacfaidh an Coimisiún Rialachán cur chun feidhme, lena bhforáiltear go bhfuil substaint ghníomhach formheasta, amhail dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 9(1), cuirfear an fhaisnéis cothrom le dáta seo a leanas atá i seilbh na Gníomhaireachta nó an Choimisiúin maidir leis an tsubstaint ghníomhach sin ar fáil don phobal saor in aisce agus go héasca:”;

(b)

i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda tosaigh:

“3.   Ón dáta a nglacfaidh an Coimisiún Rialachán cur chun feidhme lena bhforáiltear go bhfuil substaint ghníomhach formheasta, amhail dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 9(1), déanfaidh an Ghníomhaireacht, ach amháin i gcás ina dtíolacann soláthraí sonraí bonn cirt i gcomhréir le hAirteagal 66(4) arna ghlacadh mar bhailí ag an údarás inniúil nó ag an nGníomhaireacht i ndáil leis an bhfáth a bhféadfadh an foilsiú sin dochar a dhéanamh dá leasanna tráchtála nó d’aon pháirtí eile lena mbaineann, an fhaisnéis seo a leanas atá cothrom le dáta maidir leis an tsubstaint ghníomhach sin a chur ar fáil saor in aisce agus go poiblí:”;

(17)

in Airteagal 76(1), cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

“(l)

tacaíocht agus cúnamh a sholáthar do na Ballstáit maidir le gníomhaíochtaí rialaithe agus forfheidhmithe.”;

(18)

in Airteagal 77(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“1.   Is chuig an mBord Achomhairc arna bhunú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 a dhéanfar achomhairc in aghaidh chinntí na Gníomhaireachta a rinneadh de bhun Airteagail 7(2), 13(3), 43(2) agus 45(3), Airteagal 54(3), (4), agus (5), agus Airteagal 63(3) agus Airteagal 64(1).”;

(19)

in Airteagal 78(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“Ní úsáidfear ioncaim de chuid na Gníomhaireachta amhail dá dtagraítear in Airteagal 96(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 chun cúraimí a chur i gcrích faoin Rialachán seo, ach amháin má tá sé le haghaidh comhchuspóra nó aistriú sealadach chun feidhmiú cuí na Gníomhaireachta a áirithiú. Ní úsáidfear ioncaim de chuid na Gníomhaireachta amhail dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo chun cúraimí a chur i gcrích faoi Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, ach amháin má tá sé le haghaidh comhchuspóra nó aistriú sealadach chun feidhmiú cuí na Gníomhaireachta a áirithiú.”;

(20)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 86:

“Airteagal 86

Substaintí gníomhacha a áirítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 98/8/CE

Substaintí gníomhacha ar ghlac an Coimisiún treoracha maidir leo, lena n-áirítear iad siúd in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 98/8/CE, measfar gur formheasadh iad faoin Rialachán seo ar an dáta a ndearnadh iad a áireamh san Iarscríbhinn sin agus cuirfear ar áireamh sa liosta dá dtagraítear in Airteagal 9(2) iad. Beidh formheas faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach sna treoracha sin ón gCoimisiún.”;

(21)

leasaítear Airteagal 89 mar a leanas

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   De mhaolú ar Airteagal 17(1), ar Airteagal 19(1) agus ar Airteagal 20(1) den Rialachán seo, agus gan dochar do mhír 1 ná do mhír 3 den Airteagal seo, féadfaidh Ballstát leanúint dá chóras reatha nó dá chleachtas reatha maidir le táirge bithicídeach ar leith a chur ar fáil ar an margadh nó a úsáid a chur i bhfeidhm ar feadh suas go trí bliana tar éis dháta formheasa na substaintí gníomhacha sa táirge bithicídeach sin is deireanaí a formheasadh. I gcomhréir lena rialacha náisiúnta, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann a údarú go ndéanfar táirge bithicídeach a chur ar an margadh nó a úsáid ina chríoch sa chás amháin gur táirge bithicídeach é ina bhfuil na nithe seo a leanas, agus iad sin amháin:

(a)

substaintí gníomhacha atá ann cheana:

(i)

a ndearnadh meastóireacht orthu faoi Rialachán (CE) Uimh. 1451/2007 ón gCoimisiún (16), ach nár formheasadh fós don chineál táirge sin; nó

(ii)

a bhfuil meastóireacht á déanamh orthu faoi Rialachán (CE) Uimh. 1451/2007, ach nár formheasadh fós don chineál táirge sin;

(b)

teaglaim de shubstaintí gníomhacha dá dtagraítear i bpointe (a) agus de shubstaintí gníomhacha a formheasadh i gcomhréir leis an Rialachán seo.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, i gcás cinnidh gan substaint ghníomhach a fhormheas, féadfaidh Ballstát leanúint dá chóras reatha nó dá chleachtas reatha maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh a chur i bhfeidhm go ceann suas go dtí 12 mhí tar éis dháta an chinnidh gan substaint ghníomhach a fhormheas i gcomhréir leis an tríú fomhír de mhír 1, agus féadfaidh sé leanúint dá chóras reatha nó dá chleachtas reatha a chur i bhfeidhm maidir le táirgí bithicídeacha a úsáid suas go dtí 18 mí tar éis an chinnidh sin.

(16)  Rialachán (CE) Uimh. 1451/2007 ón gCoimisiún an 4 Nollaig 2007 maidir leis an dara céim den chlár oibre 10 mbliana dá dtagraítear in Airteagal 16(2) de Threoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar an margadh (IO L 325, 11.12.2007, lch. 3).”;"

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Tar éis cinnidh maidir le substaint ghníomhach áirithe do chineál ar leith táirge a fhormheas, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar údaruithe le haghaidh táirgí bithicídeacha den chineál sin táirge a bhfuil an tsubstaint ghníomhach sin iontu a dheonú, a mhodhnú nó a chealú de réir mar is iomchuí i gcomhréir leis an Rialachán seo, laistigh de thréimhse trí bliana ó dháta an fhormheasa sin.

Chuige sin, iarratasóirí ar mian leo cur isteach ar údarú nó ar aitheantas frithpháirteach go comhuaineach do tháirgí bithicídeacha den chineál sin táirge nach mbeidh aon substaintí gníomhacha iontu seachas substaintí gníomhacha atá ann cheana féin, déanfaidh siad iarratais ar údarú nó ar aitheantas frithpháirteach a thíolacadh go comhuaineach tráth nach déanaí ná dáta formheasa na substainte gníomhaí nó na substaintí gníomhacha. I gcás táirgí bithicídeacha a bhfuil níos mó ná substaint ghníomhach amháin iontu, déanfar na hiarratais a chur isteach tráth nach déanaí ná dáta formheasa na substainte gníomhaí deireanaí don chineál sin táirge.

I gcás nár tíolacadh aon iarratas ar údarú nó ar aitheantas frithpháirteach comhthreomhar i gcomhréir leis an dara fomhír:

(a)

ní dhéanfar an táirge bithicídeach a chur ar fáil ar an margadh a thuilleadh le héifeacht ó 180 lá tar éis dháta formheasa na substainte gníomhaí nó na substaintí gníomhacha; agus

(b)

féadfar leanúint de bheith ag úsáid na stoc atá ann cheana den táirge bithicídeach ar feadh suas go 365 lá tar éis dháta formheasa na substainte gníomhaí nó na substaintí gníomhacha.”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   I gcás ina gcinnfidh údarás inniúil Ballstáit nó, i gcás inarb ábhartha, an Coimisiún, diúltú d’iarratas a tíolacadh i gcomhréir le mír 3 chun táirge bithicídeach atá curtha ar fáil cheana ar an margadh a údarú, nó ina gcinnfidh sé gan údarú a dheonú, nó ina gcinnfidh sé coinníollacha a fhorchur don údarú lenar gá an táirge sin a athrú, beidh na nithe seo a leanas i bhfeidhm:

(a)

i gcás táirge bithicídeach nár údaraíodh nó, i gcás inarb ábhartha, nach gcomhlíonann coinníollacha an údaraithe, ní dhéanfar é a chur ar fáil ar an margadh a thuilleadh le héifeacht ó 180 lá tar éis dháta theacht i bhfeidhm chinnidh an údaráis; agus

(b)

féadfar leanúint de bheith ag úsáid na stoic atá ann cheana den táirge bithicídeach sin ar feadh suas go 365 lá tar éis dháta cinnidh an údaráis.”;

(22)

in Airteagal 92(2), cuirtear isteach an abairt seo a leanas:

“Measfar táirgí bithicídeacha arna n-údarú i gcomhréir le hAirteagal 3 nó le hAirteagal 4 de Threoir 98/8/CE a bheith údaraithe i gcomhréir le hAirteagal 17 den Rialachán seo.”;

(23)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 93:

“Airteagal 93

Bearta idirthréimhseacha a bhaineann le táirgí bithicídeacha nach gcumhdaítear faoi raon feidhme Threoir 98/8/CE

De mhaolú ar Airteagal 17(1), féadfaidh Ballstát leanúint lena chóras reatha nó lena chleachtas reatha maidir le táirge bithicídeach a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid, ar táirge bithicídeach é nach gcumhdaítear le raon feidhme Threoir 98/8/CE, ach a thig faoi raon feidhme an Rialacháin seo, arb éard atá ann, ina bhfuil, nó lena ngintear substaintí gníomhacha a bhí ar fáil ar an margadh, nó a úsáideadh i dtáirgí bithicídeacha, an 1 Meán Fómhair 2013, agus iad sin amháin. Beidh feidhm ag an maolú go dtí ceann amháin de na dátaí seo:

(a)

i gcás ina mbeidh iarratais ar fhormheas na substaintí gníomhacha sin ar fad, ar substaintí iad a bhfuil an táirge bithicídeach comhdhéanta díobh, atá sa táirge, nó lena ngintear an táirge, tíolactha don chineál táirge ábhartha faoin 1 Meán Fómhair 2016, na spriocdhátaí dá bhforáiltear sa dara fomhír d’Airteagal 89(2), in Airteagal 89(3) agus in Airteagal 89(4); nó

(b)

i gcás nach mbeidh iarratas tíolactha i gcomhréir le pointe (a) le haghaidh ceann amháin de na substaintí gníomhacha, go dtí an 1 Meán Fómhair 2017.”;

(24)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 94 agus Airteagal 95:

“Airteagal 94

Bearta idirthréimhseacha a bhaineann le hearraí cóireáilte

1.   De mhaolú ar Airteagal 58(2), earra cóireáilte a cóireáladh le táirge bithicídeach amháin nó níos mó, nó a bhfuil táirge bithicídeach amháin nó níos mó ionchorpraithe d’aon ghnó ann, agus gur substaintí gníomhacha amháin atá sna táirgí bithicídeacha sin ar substaintí gníomhacha iad atá, amhail ón 1 Meán Fómhair 2016, faoi scrúdú don chineál táirge ábhartha sa chlár oibre dá dtagraítear in Airteagal 89(1), nó earra cóireáilte a ndéantar iarratas ar fhormheas i dtaca leis an gcineál táirge ábhartha a thíolacadh ina leith faoin dáta sin, nó gur teaglaim de shubstaintí den sórt sin agus de shubstaintí gníomhacha den sórt sin atá ar áireamh sa liosta a tharraingítear suas i gcomhréir le hAirteagal 9(2) i dtaca leis an gcineál táirge ábhartha agus leis an úsáid ábhartha nó atá ar áireamh in Iarscríbhinn I, féadfar é a chur ar an margadh suas go dtí ceann de na dátaí seo leanas:

(a)

i gcás cinnidh arna ghlacadh tar éis an 1 Meán Fómhair 2016 chun diúltú don iarratas ar fhormheas, nó gan formheas a thabhairt, maidir le ceann amháin de na substaintí gníomhacha don úsáid ábhartha, an dáta 180 lá tar éis cinnidh den sórt sin;

(b)

i gcásanna eile, an dáta formheasa don chineál táirge ábhartha agus d’úsáid ábhartha na substainte gníomhaí is deireanaí a bheidh formheasta agus í sa táirge bithicídeach.

2.   De mhaolú breise ar Airteagal 58(2), féadfar earra cóireáilte a cóireáladh le táirge bithicídeach amháin nó níos mó, nó a bhfuil táirge bithicídeach amháin nó níos mó ionchorpraithe d’aon ghnó ann, agus a bhfuil substaintí gníomhacha ann seachas iad siúd dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo nó iad siúd atá ar áireamh sa liosta arna tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 9(2) don chineál táirge ábhartha agus don úsáid ábhartha nó atá ar áireamh in Iarscríbhinn 1, a chur ar an margadh go dtí 1 Márta 2017.

Airteagal 95

Bearta idirthréimhseacha a bhaineann le rochtain ar shainchomhad na substainte gníomhaí

1.   Amhail ón 1 Meán Fómhair 2013, déanfaidh an Ghníomhaireacht liosta a chur ar fáil go poiblí agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta de gach substaint ghníomhach agus gach substaint lena ngintear substaint ghníomhach, a ndearnadh sainchomhad i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo nó i gcomhréir le hIarscríbhinn IIA nó le hIarscríbhinn IVA a ghabhann le Treoir 98/8/CE agus, i gcás inarb iomchuí, Iarscríbhinn IIIA a ghabhann leis an Treoir sin (‘an sainchomhad iomlán substainte’) a thíolacadh ina leith agus a bhfuil na substaintí sin glactha nó bailíochtaithe ag Ballstát i nós imeachta dá bhforáiltear sa Rialachán seo nó sa Treoir sin (‘na substaintí ábhartha’). I gcás gach substainte ábhartha, beidh ar áireamh sa liosta chomh maith gach duine a rinne tíolacadh den sórt sin nó tíolacadh go dtí an Ghníomhaireacht i gcomhréir leis an dara fomhír den mhír seo, agus déanfar a ról a chur in iúl mar a shonraítear san fhomhír sin, mar aon leis an gcineál táirge nó na cineálacha táirge a ndearna siad tíolacadh ina leith, chomh maith leis an dáta a ndearnadh an tsubstaint a áireamh ar an liosta.

Duine atá bunaithe laistigh den Aontas a mhonaraíonn nó a allmhairíonn substaint ábhartha, inti féin nó i dtáirgí bithicídeacha, (‘an soláthraí substainte’) nó a mhonaraíonn nó a chuireann táirge bithicídeach ar fáil ar an margadh, táirge arb é an tsubstaint ábhartha sin atá ann, a bhfuil an tsubstaint ábhartha sin ann, nó a ngintear an tsubstaint ábhartha as, (‘an soláthraí táirge’), féadfaidh sé uair ar bith sainchomhad iomlán substainte don tsubstaint ábhartha sin, litir rochtana ar an sainchomhad iomlán substainte sin, nó uimhir tagartha don sainchomhad sin a bhfuil na tréimhsí cosanta sonraí go léir ina leith imithe in éag a thíolacadh don Ghníomhaireacht. Tar éis athnuachan fhormheas substainte gníomhaí, féadfaidh aon soláthraí substainte nó soláthraí táirge litir rochtana ar na sonraí go léir, a mheas an t-údarás inniúil meastóireachta a bheith ábhartha chun críche na hathnuachana agus nach bhfuil an tréimhse cosanta ina leith dulta in éag fós (‘na sonraí ábhartha’), a thíolacadh don Ghníomhaireacht.

Cuirfidh an Ghníomhaireacht an soláthraí a dhéanann an tíolacadh ar an eolas faoi na táillí is iníoctha faoi Airteagal 80(1). Diúltóidh sí don iarratas má mhainníonn an soláthraí a dhéanann an tíolacadh na táillí a íoc laistigh de 30 lá tar éis di an t-iarratas a fháil agus cuirfidh sí an méid sin in iúl don soláthraí a dhéanann an tíolacadh dá réir sin.

Ar fháil na dtáillí is iníoctha faoi Airteagal 80(1) di, fíoróidh an Ghníomhaireacht cibé an chomhlíonann an t-iarratas an dara fomhír den mhír seo agus cuirfidh sí an méid sin in iúl don soláthraí a dhéanann an tíolacadh dá réir.

2.   Amhail ón 1 Meán Fómhair 2015, ní chuirfear ar fáil ar an margadh táirge bithicídeach ar substaint ábhartha atá ann, ina bhfuil substaint ábhartha nó a ngintear substaint ábhartha as agus atá ar áireamh sa liosta dá dtagraítear i mír 1, mura rud é go bhfuil an soláthraí substainte nó an soláthraí táirge ar áireamh sa liosta dá dtagraítear i mír 1 don chineál táirge nó do na cineálacha táirge ar leis nó ar leo a bhaineann an táirge.

3.   Chun críocha tíolacadh a dhéanamh i gcomhréir leis an dara fomhír de mhír 1 den Airteagal seo, beidh feidhm ag Airteagal 63(3) den Rialachán seo maidir le gach staidéar tocsaineolaíoch, éiceathocsaineolaíoch agus ar chinniúint agus ar iompar i dtaca leis an gcomhshaol i ndáil le substaintí atá liostaithe in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1451/2007, lena n-áirítear aon staidéir den sórt sin nach ndéanann tástálacha ar veirteabraigh.

4.   Soláthraí substaintí nó soláthraí táirgí atá ar áireamh sa liosta dá dtagraítear i mír 1, ar eisíodh litir rochtana chun críocha an Airteagail seo chuige nó ar deonaíodh dó ceart tagairt a dhéanamh do staidéar i gcomhréir le mír 3, beidh sé i dteideal ligean d’iarratasóirí ar údarú táirge bithicídeach tagairt a dhéanamh don litir rochtana sin nó don staidéar sin chun críocha Airteagal 20(1).

5.   De mhaolú ar Airteagal 60, gach tréimhse cosanta sonraí do theaglaimí de shubstaintí gníomhacha/cineálacha táirgí atá liostaithe in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1451/2007, ach nach ndearnadh cinneadh roimh an 1 Meán Fómhair 2013 maidir lena n-áireamh in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 98/8/CE, tiocfaidh deireadh léi an 31 Nollaig 2025.

6.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 go mír 5 maidir le substaintí a liostaítear in Iarscríbhinn I atá i gcatagóir 1 go catagóir 5 agus i gcatagóir 7 ná maidir le táirgí bithicídeacha nach bhfuil ach substaintí den sórt sin iontu.

7.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht an liosta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a thabhairt cothrom le dáta go rialta. Tar éis athnuachan fhormheas substainte gníomhaí, bainfidh an Ghníomhaireacht den liosta aon soláthraí substainte nó soláthraí táirge nach bhfuil, laistigh de 12 mhí ón athnuachan, na sonraí ábhartha go léir nó litir rochtana ar na sonraí ábhartha go léir curtha isteach aige, bíodh sé i gcomhréir leis an dara fomhír de mhír 1 den Airteagal seo nó in iarratas i gcomhréir le hAirteagal 13,”;

(25)

in Airteagal 96, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

“Gan dochar d’Airteagal 86, Airteagal 89 go hAirteagal 93, agus Airteagal 95 den Rialachán seo, déantar leis seo Treoir 98/8/CE a aisghairm le héifeacht ón 1 Meán Fómhair 2013.”;

(26)

in Iarscríbhinn I, cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal chatagóir 6:

“Catagóir 6 — Substaintí a bhfuil sainchomhad substaintí gníomhacha bailíochtaithe ina leith ag Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 7(3) den Rialachán seo nó a bhfuil sainchomhad den sórt sin glactha leis aige i gcomhréir le hAirteagal 11(1) de Threoir 98/8/CE”;

(27)

in Iarscríbhinn V, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír faoin teideal “Cineál Táirge 4: Bia agus áiteanna beathaithe”:

“Táirgí atá le húsáid lena n-ionchorprú in ábhair a fhéadfaidh a bheith i dtadhall le bia.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag pointe 24 d’Airteagal 1 ón 1 Meán Fómhair 2013.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 11 Márta 2014.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. KOURKOULAS


(1)  IO C 347, 18.12.2010, lch. 62.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 25 Feabhra 2014 (nach bhfuil foilsithe fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 10 Márta 2014.

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (IO L 167, 27.6.2012, lch. 1).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (IO L 268, 18.10.2003, lch. 29).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le breiseáin bia (IO L 354, 31.12.2008, lch. 16).

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2004 maidir le hábhair agus earraí a bheartaítear a bheith i dtadhall le bia agus lena n-aisghairtear Treoir 80/590/CEE agus Treoir 89/109/CEE (IO L 338, 13.11.2004, lch. 4).

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir 67/548/CEE agus Treoir 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (IO L 353, 31.12.2008, lch. 1).

(8)  Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).

(9)  Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n-aisghairtear Treoracha áirithe (IO L 312, 22.11.2008, lch. 3).

(10)  Treoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 1998 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar an margadh (IO L 123, 24.4.1998, lch. 1).


5.4.2014   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

33


RIALACHÁN (AE) Uimh. 335/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Márta 2014

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006 ón gComhairle maidir leis an gCiste Eorpach Iascaigh, a mhéid a bhaineann le forálacha áirithe i dtaca le bainistíocht airgeadais i gcomhair Ballstát áirithe a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha acu nó a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha ag bagairt orthu i ndáil lena gcobhsaíocht airgeadais

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

I ngeall ar an ngéarchéim airgeadais agus ar an gcor chun donais eacnamaíoch, nár tháinig a samhail riamh roimhe, atá ann ar fud an domhain, tá díobháil thromchúiseach déanta don fhás eacnamaíoch agus don chobhsaíocht airgeadais agus tá meathlú mór tagtha ar dhálaí airgeadais agus eacnamaíocha i roinnt Ballstát. Go háirithe, tá deacrachtaí tromchúiseacha ag Ballstáit áirithe, nó tá deacrachtaí den sórt sin ag bagairt orthu. Go háirithe, tá fadhbanna lena bhfás eacnamaíoch agus lena gcobhsaíocht airgeadais mar aon le meathlú ar a riocht easnaimh agus fiachais os a gcomhair.

(2)

Rinneadh bearta tábhachtacha de bhun Airteagal 122(2), Airteagal 136 agus Airteagal 143 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh d’fhonn éifeachtaí diúltacha na géarchéime a fhrithchothromú. Mar sin féin, tá an brú ar acmhainní airgeadais náisiúnta ag dul i méid agus tá gá le bearta iomchuí a dhéanamh chun é a mhaolú tríd an úsáid is mó agus is éifeachtaí a bhaint as cistiúchán ón gCiste Eorpach Iascaigh, a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006 ón gComhairle (3).

(3)

D’fhonn bainistíocht ar chistiúchán ón Aontas a éascú, chun infheistíochtaí i mBallstáit agus i réigiúin a luasghéarú agus chun feabhas a chur ar infhaighteacht an chistiúcháin don gheilleagar, rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006 a leasú le Rialachán (AE) Uimh. 387/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). Ceadaíodh leis an leasú sin íocaíochtaí eatramhacha agus deireanacha ón gCiste Eorpach Iascaigh a mhéadú de réir méid a chomhfhreagraíonn do 10 bpointe céatadáin os cionn an ráta chómhaoinithe iarbhír maidir le gach ais tosaíochta i gcás Ballstát a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha os a gcomhair i ndáil lena gcobhsaíocht airgeadais agus a iarrann tairbhe a bhaint as an mbeart sin.

(4)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006, fágtar gur féidir an ráta cómhaoinithe méadaithe sin a chur i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2013. Mar sin féin, ós rud é go bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha fós os comhair Ballstát áirithe maidir lena gcobhsaíocht airgeadais, níor cheart cur i bhfeidhm an ráta chómhaoinithe mhéadaithe a theorannú go dtí deireadh 2013.

(5)

Ba cheart freisin go mbainfeadh Ballstáit a fhaigheann cúnamh airgeadais tairbhe ón méadú ar an ráta cómhaonaithe go dtí deireadh na tréimhse incháilitheachta agus ba cheart dóibh bheith in ann é a éileamh ina n-iarrataí ar an iarmhéid deiridh, fiú i gcás nach gcuirtear an cúnamh airgeadais ar fáil a thuilleadh.

(6)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006 a leasú dá réir sin.

(7)

I bhfianaise chineál na géarchéime nár tháinig a samhail riamh roimhe, ní mór bearta tacaíochta a ghlacadh go tapa. Is iomchuí, dá bhrí sin, go dtiocfadh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 76(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh:

“3.   De mhaolú ar Airteagal 53(3), ar iarraidh ó Bhallstát, déanfar íocaíochtaí eatramhacha a mhéadú le méid a chomhfhreagraíonn do 10 bpointe céadatáin os cionn an ráta chómhaoinithe is infheidhme i leith gach aise tosaíochta, suas le huasmhéid 100 %, ar méid é a bheidh le cur i bhfeidhm i leith shuim an chaiteachais phoiblí incháilithe arna dhearbhú den chéad uair i ngach ráiteas deimhnithe caiteachais arna thíolacadh ar choinníoll go gcomhlíonann an Ballstát, an 31 Nollaig 2013 nó dá éis sin, ceann de na coinníollacha seo a leanas:”;

(2)

in Airteagal 77, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   De mhaolú ar Airteagal 53(3), ar iarraidh ó Bhallstát, déanfar íocaíochtaí an iarmhéid deiridh a mhéadú le méid a chomhfhreagraíonn do 10 bpointe céadatáin os cionn an ráta chómhaoinithe is infheidhme i leith gach aise tosaíochta, suas le huasmhéid 100 %, ar méid é a bheidh le cur i bhfeidhm i leith shuim an chaiteachais phoiblí incháilithe arna dhearbhú den chéad uair i ngach ráiteas deimhnithe caiteachais arna thíolacadh ar choinníoll go gcomhlíonann an Ballstát, an 31 Nollaig 2013 nó dá éis sin, ceann de na coinníollacha a leagtar síos i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) d’Airteagal 76(3).”;

(3)

leasaítear Airteagal 77a mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.

Déanfaidh an Coimisiún an maolú dá dtagraítear in Airteagal 76(3) agus in Airteagal 77(2) a dheonú arna iarraidh sin i scríbhinn do Bhallstát a chomhlíonann ceann de na coinníollacha a leagtar síos i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) d’Airteagal 76(3).”;

(b)

scriostar mír 5.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón 1 Eanáir 2014.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 11 Márta 2014.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. KOURKOULAS


(1)  IO C 341, 21.11.2013, lch. 75.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 25 Feabhra 2014 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 11 Márta 2014.

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006 ón gComhairle an 27 Iúil 2006 maidir leis an gCiste Eorpach Iascaigh (IO L 223, 15.8.2006, lch. 1).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 387/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Aibreán 2012 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006 ón gComhairle maidir leis an gCiste Eorpach Iascaigh, a mhéid a bhaineann le forálacha áirithe i dtaca le bainistíocht airgeadais i gcomhair Ballstát áirithe a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha acu nó a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha ag bagairt orthu i ndáil lena gcobhsaíocht airgeadais (IO L 129, 16.5.2012, lch. 7).