|
ISSN 1977-0839 doi:10.3000/19770839.L_2014.018.gle |
||
|
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
Eagrán Speisialta ( *1 ) |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Reachtaíocht |
Imleabhar 57 |
|
Clár |
|
I Gníomhartha reachtacha |
Leathanach |
|
|
|
RIALACHÁIN |
|
|
|
* |
||
|
|
* |
|
|
|
Ceartúcháin |
|
|
|
* |
|
|
|
|
|
(*1) Faoin tagairt L 18 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh. |
|
GA |
Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo. Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu. |
I Gníomhartha reachtacha
RIALACHÁIN
|
21.1.2014 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
1 |
RIALACHÁN (AE) Uimh. 37/2014 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE
an 15 Eanáir 2014
lena leasaítear rialacháin áirithe a bhaineann leis an gcomhbheartas tráchtála a mhéid a bhaineann leis na nósanna imeachta chun bearta áirithe a ghlacadh
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),
De bharr an méid seo a leanas:
|
(1) |
Foráiltear i roinnt bunrialachán a bhaineann leis an gcomhbheartas tráchtála go nglacfaidh an Chomhairle gníomhartha lena gcuirfear an comhbheartas tráchtála chun feidhme i gcomhréir leis na nósanna imeachta atá leagtha síos sna hionstraimí éagsúla lena mbaineann nó go nglacfaidh an Coimisiún iad faoi réir nósanna imeachta sonracha agus faoi réir rialú ag an gComhairle. Níl nósanna imeachta den sórt sin faoi réir Chinneadh 1999/468/CE ón gComhairle (2). |
|
(2) |
Is iomchuí na rialacháin bhunúsacha sin a leasú d'fhonn comhsheasmhacht a áirithiú leis na forálacha a tugadh isteach le Conradh Liospóin. Ba cheart é sin a dhéanamh, i gcás inarb iomchuí, trí chumhachtaí tarmligthe a dheonú don Choimisiún agus trí nósanna imeachta áirithe a chur i bhfeidhm atá leagtha amach i Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). |
|
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, na rialacháin seo a leanas a leasú dá réir sin:
|
|
(4) |
Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, níor cheart go ndéanfadh an Rialachán seo difear do na nósanna imeachta chun bearta a ghlacadh arna dtionscnamh ach nach bhfuil críochnaithe roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Déantar leis seo na Rialacháin atá liostaithe san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo a oiriúnú i gcomhréir leis an Iarscríbhinn.
Airteagal 2
Forléireofar tagairtí d'fhorálacha na Rialachán a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo mar thagairtí do na forálacha sin arna leasú leis an Rialachán seo.
Forléireofar tagairtí d'iar-ainmneacha coistí mar thagairtí d'ainmneacha nua na gcoistí amhail dá bhforáiltear leis an Rialachán seo.
Ar fud na Rialachán a liostaítear san Iarscríbhinn:
|
(a) |
tuigfear gurb ionann aon tagairt do na focail 'Comhphobal Eorpach','Comhphobal', 'Comhphobail Eorpacha' nó 'Comhphobail' agus tagairt don 'Aontas Eorpach' nó don Aontas'; |
|
(b) |
tuigfear gurb ionann aon tagairt don chomhfhocal 'cómhargadh' agus tagairt don 'mhargadh inmheánach'; |
|
(c) |
tuigfear gurb ionann aon tagairt do na focail 'Coiste dá bhforáiltear in Airteagal 113', 'Coiste dá bhforáiltear in Airteagal 133', 'Coiste dá dtagraítear in Airteagal 113' agus 'Coiste dá dtagraítear in Airteagal 133' agus tagairt do 'Coiste dá bhforáiltear in Airteagal 207'; |
|
(d) |
tuigfear gurb ionann aon tagairt do na focail 'Airteagal 113 den Chonradh' nó 'Airteagal 133 den Chonradh' agus tagairt do 'Airteagal 207 den Chonradh'. |
Airteagal 3
Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do nósanna imeachta arna dtionscnamh chun bearta a ghlacadh dá bhforáiltear sna Rialacháin san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo ar theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo nó roimh a theacht i bhfeidhm sna cásanna seo a leanas:
|
(a) |
nuair atá gníomh glactha ag an gCoimisiún; |
|
(b) |
nuair atá gá le comhairliúchán faoi cheann de na Rialacháin a liostaítear san Iarscríbhinn agus tá na comhairliúcháin sin tionscanta; nó |
|
(c) |
nuair atá gá le togra faoi cheann de na Rialacháin a liostaítear san Iarscríbhinn agus tá an togra sin glactha ag an gCoimisiún. |
Airteagal 4
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríochadú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg an 15 Eanáir 2014.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
M. SCHULZ
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
D. KOURKOULAS
(1) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Márta 2012 (IO C 251E, 31.8.2013, lch. 126) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 15 Samhain 2013 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Nollaig 2013 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil)
(2) Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (IO L 184, 17.7.1999, lch. 23).
(3) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú inniúlachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(4) Rialachán (CEE) Uimh. 2841/72 ón gComhairle an 19 Nollaig 1972 maidir leis na bearta cosanta dá bhforáiltear sa Chomhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Cónaidhm na hEilvéise (IO L 300, 31.12.1972, lch. 284).
(5) Rialachán (CEE) Uimh. 2843/72 ón gComhairle an 19 Nollaig 1972 maidir leis na bearta cosanta dá bhforáiltear sa Chomhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Poblacht na hÍoslainne (IO L 301, 31.12.1972, lch. 162).
(6) Rialachán (CEE) Uimh. 1692/73 ón gComhairle an 25 Meitheamh 1973 maidir leis na bearta cosanta dá bhforáiltear sa Chomhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Ríocht na hIorua (IO L 171, 27.6.1973, lch. 103).
(7) Rialachán (CE) Uimh. 3286/94 ón gComhairle an 22 Nollaig 1994 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail i réimse an chomhbheartais tráchtála d'fhonn feidhmiú chearta an Chomhphobail faoi rialacha trádála idirnáisiúnta a áirithiú, go háirithe na cearta sin a bunaíodh faoi choimirce na hEagraíochta Domhanda Trádála (IO L 349, 31.12.1994, lch. 71).
(8) Rialachán (CE) Uimh. 385/96 ón gComhairle an 29 Eanáir 1996 maidir le cosaint i gcoinne praghsála díobhálaí soithí (IO L 56, 6.3.1996, lch. 21).
(9) Rialachán (CE) Uimh. 2271/96 ón gComhairle an 22 Samhain 1996 lena gcosnaítear i gcoinne éifeachtaí cur i bhfeidhm seach-chríochach reachtaíochta arna glacadh ag tríú tír, agus gníomhaíochtaí atá bunaithe ar an Rialachán sin nó a eascraíonn as (IO L 309, 29.11.1996, lch. 1).
(10) Rialachán (CE) Uimh. 1515/2001 ón gComhairle an 23 Iúil 2001 maidir leis na bearta a fhéadfaidh an Comhphobal a ghlacadh tar éis tuarascála a ghlac Comhlacht um Réiteach Díospóide an EDT (Eagraíocht Dhomhanda Trádála) maidir le hábhair frithdhumpála agus ábhair frith-fhóirdheontais (IO L 201, 26.7.2001, lch. 10).
(11) Rialachán (CE) Uimh. 153/2002 ón gComhairle an 21 Eanáir 2002 maidir le nósanna imeachta áirithe chun an Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Iar-Phoblacht Iúgslavach na Macadóine den pháirt eile, a fheidhmiú, agus chun an Comhaontú Eatramhach idir an Comhphobal Eorpach agus Iar-Phoblacht Iúgslavach na Macadóine (IO L 25, 29.1.2002, lch. 16).
(12) Rialachán (CE) Uimh. 427/2003 ón gComhairle an 3 Márta 2003 maidir le meicníocht chosanta idirthréimhseach atá sonrach ó thaobh an táirge de d'allmhairí atá de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 519/94 maidir le comhrialacha d'allmhairí ó thríú tíortha áirithe (IO L 65, 8.3.2003, lch. 1).
(13) Rialachán (CE) Uimh. 452/2003 ón gComhairle an 6 Márta 2003 maidir le bearta a fhéadfaidh an Comhphobal a ghlacadh i ndáil le héifeacht chomhcheangailte beart frithdhumpála nó frith-fhóirdheontais agus beart cosanta (IO L 69, 13.3.2003, lch. 8).
(14) Rialachán (CE) Uimh. 673/2005 ón gComhairle an 25 Aibreán 2005 lena mbunaítear dleachtanna custaim breise ar allmhairithe táirgí áirithe atá de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá (IO L 110, 30.4.2005, lch. 1).
(15) Rialachán (CE) Uimh. 1236/2005 ón gComhairle an 27 Meitheamh 2005 maidir le trádáil in earraí áirithe a d'fhéadfaí a úsáid le haghaidh phionós an bháis, le haghaidh céastóireachta nó le haghaidh íde nó pionóis eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach (IO L 200, 30.7.2005, lch. 1).
(16) Rialachán (CE) Uimh. 1616/2006 ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2006 maidir le nósanna imeachta áirithe chun an Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na hAlbáine den pháirt eile, a fheidhmiú, agus chun an Comhaontú Eatramhach idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht na hAlbáine (IO L 300, 31.10.2006, lch. 1).
(17) Rialachán (CE) Uimh. 1528/2007 ón gComhairle an 20 Nollaig 2007 lena gcuirtear i bhfeidhm na socruithe do tháirgí de thionscnamh stát áirithe atá mar chuid de Ghrúpa na Stát san Afraic, sa Mhuir Chairib agus san Aigéan Ciúin (ACC) dá bhforáiltear i gcomhaontuithe ag bunú na gComhaontuithe um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch (IO L 348, 31.12.2007, lch. 1).
(18) Rialachán (CE) Uimh. 140/2008 ón gComhairle an 19 Samhain 2007 maidir le nósanna imeachta áirithe chun an Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht Mhontainéagró den pháirt eile, a fheidhmiú, agus chun an Comhaontú Eatramhach idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt amháin, agus Poblacht Mhontainéagró den pháirt eile (IO L 43, 19.2.2008, lch. 1).
(19) Rialachán (CE) Uimh. 55/2008 ón gComhairle an 21 Eanáir 2008 lena dtugtar isteach fabhair uathrialaitheacha trádála do Phoblacht na Moldóive agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 980/2005 agus Cinneadh 2005/924/CE ón gCoimisiún, (IO L 20, 24.1.2008 lch. 1)
(20) Rialachán (CE) Uimh. 594/2008 ón gComhairle an 16 Meitheamh 2008 maidir le nósanna imeachta áirithe chun an Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin den pháirt eile, a fheidhmiú, agus chun an Comhaontú Eatramhach ar thrádáil agus ar ábhair a bhaineann le trádáil idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt amháin, agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin den pháirt eile (IO L 169, 30.6.2008, lch. 1).
(21) Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 ón gComhairle an 11 Meitheamh 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí fóirdheontais ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad (IO L 188, 18.7.2009, lch. 93).
(22) Rialachán (CE) Uimh. 260/2009 ón gComhairle an 26 Feabhra 2009 maidir leis na comhrialacha d'allmhairí (IO L 84, 31.3.2009, lch. 1).
(23) Rialachán (CE) Uimh. 625/2009 ón gComhairle an 7 Iúil 2009 maidir le comhrialacha d'allmhairí ó thríú tíortha áirithe (IO L 185, 17.7.2009, lch. 1).
(24) Rialachán (CE) Uimh. 1061/2009 ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear comhrialacha d'onnmhairí (IO L 291, 7.11.2009, lch. 1).
(25) Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach (IO L 343, 22.12.2009, lch. 51).
IARSCRÍBHINN
LIOSTA NA RIALACHÁN A THAGANN FAOI RÉIM AN CHOMHBHEARTAIS TRÁCHTÁLA AGUS A CHUIRTEAR IN OIRIÚINT D'AIRTEAGAL 290 DEN CHONRADH AR FHEIDHMIÚ AN AONTAIS EORPAIGH NÓ D'FHORÁLACHA INFHEIDHME RIALACHÁN (AE) UIMH. 182/2011.
1. Rialachán (CEE) Uimh. 2841/72
Maidir le Rialachán (CEE) Uimh. 2841/72, is gá coinníollacha aonfhoirmeacha chun bearta cosanta a ghlacadh i ndáil le clásail dhéthaobhacha chosanta den Chomhaontú a chur chun feidhme. Ba cheart na bearta sin a ghlacadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
I gcás inar gá gníomhú láithreach de dheasca imthosca eisceachtúla, ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme is infheidhme a ghlacadh láithreach, i gcás ina n-éileofaí amhlaidh ar mhórchúiseanna práinne, i gcásanna cuí-réasúnaithe a bhaineann le cásanna dá dtagraítear in Airteagal 24, Airteagal 24a agus Airteagal 26 den Chomhaontú nó i gcás cabhracha d'onnmhairí a bhfuil éifeacht dhíreach agus láithreach acu ar thrádáil.
Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2841/72 mar seo a leanas:
|
(1) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1: "Airteagal 1 Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh go gcuirfear an cheist faoi bhráid an Chomhchoiste, a bunaíodh leis an gComhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Cónaidhm na hEilvéise dá ngairtear an 'Comhaontú' anseo feasta, chun na bearta dá bhforáiltear in Airteagail 22, 24, 24a agus 26 den Chomhaontú a dhéanamh. I gcás inar gá, glacfaidh an Coimisiún na bearta sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7(2) den Rialachán seo. Cuirfidh an Coimisiún in iúl do na Ballstáit má chinneann sé an cheist a chur faoi bhráid an Chomhchoiste.". |
|
(2) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt d'Airteagal 2(1): "Nuair is gá, glacfaidh an Coimisiún bearta cosanta i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7(2) den Rialachán seo.". |
|
(3) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4: "Airteagal 4 1. Más rud é, de dheasca imthosca eisceachtúla, gur gá gníomhú láithreach maidir leis na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 24, Airteagal 24a agus Airteagal 26 den Chomhaontú nó i gcás cabhracha d'onnmhairí a bhfuil éifeacht dhíreach agus láithreach acu ar thrádáil, féadfaidh an Coimisiún na bearta réamhchúraim dá bhforáiltear in Airteagal 27(3)(e) den Chomhaontú a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7(2) den Rialachán seo, nó i gcás práinne, i gcomhréir le hAirteagal 7(3). 2. I gcás ina n-iarrfaidh Ballstát ar an gCoimisiún gníomhú, glacfaidh an Coimisiún cinneadh laistigh de thréimhse nach faide ná cúig lá oibre tar éis an iarraidh a fháil." |
|
(4) |
Scriostar Airteagal 5. |
|
(5) |
Cuirtear isteach na hairteagail seo a leanas: "Airteagal 7 1. Beidh an Coiste um Choimircí arna bhunú le hAirteagal 4(1) de Rialachán (CE) Uimh. 260/2009 ón gComhairle (*1) de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2). 2. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. 3. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 i gcomhar le hAirteagal 5 den Rialachán sin. Airteagal 8 Déanfaidh an Coimisiún faisnéis a áireamh maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo ina thuarascáil bhliantúil maidir le bearta cosanta trádála a chur i bhfeidhm agus a chur chun feidhme arna cur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle de bhun Airteagal 22a de Rialachán (CE) Uimh. 1125/2009 ón gComhairle (*3). (*1) Rialachán (CE) Uimh. 260/2009 ón gComhairle an 26 Feabhra 2009 maidir le comhrialacha d'allmhairí (IO L 84, 31.3.2009, lch. 1)." (*2) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13)." (*3) Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad (IO L 343, 22.12.2009, lch. 51)."." |
2. Rialachán (CEE) Uimh. 2843/72
Maidir le Rialachán (CEE) Uimh. 2843/72, is gá coinníollacha aonfhoirmeacha chun bearta cosanta a ghlacadh i ndáil le clásail dhéthaobhacha chosanta den Chomhaontú a chur chun feidhme. Ba cheart na bearta sin a ghlacadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
Ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme is infheidhme a ghlacadh láithreach, i gcás ina n-éileofaí amhlaidh ar mhórchúiseanna práinne, i gcásanna cuí-réasúnaithe a bhaineann le cásanna dá dtagraítear in Airteagal 25, Airteagal 25a agus Airteagal 27 den Chomhaontú nó i gcás cabhracha d'onnmhairí a bhfuil éifeacht dhíreach agus láithreach acu ar thrádáil.
Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2843/72 mar a leanas:
|
(1) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1: "Airteagal 1 Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh go gcuirfear an cheist faoi bhráid an Chomhchoiste, a bunaíodh leis an gComhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Poblacht na hÍoslainne dá ngairtear an 'Comhaontú' anseo feasta, chun na bearta dá bhforáiltear in Airteagail 23, 25, 25a agus 27 den Chomhaontú a dhéanamh. I gcás inar gá, glacfaidh an Coimisiún na bearta sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7(2) den Rialachán seo. Cuirfidh an Coimisiún in iúl do na Ballstáit má chinneann sé an cheist a chur faoi bhráid an Chomhchoiste.". |
|
(2) |
In Airteagal 2(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt: "I gcás inar gá, glacfaidh an Coimisiún bearta cosanta i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7(2) den Rialachán seo.". |
|
(3) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4: "Airteagal 4 1. Más rud é, de dheasca imthosca eisceachtúla, gur gá gníomhú láithreach maidir leis na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 25, Airteagal 25a agus Airteagal 27 den Chomhaontú nó i gcás cabhracha d'onnmhairí a bhfuil éifeacht dhíreach agus láithreach acu ar thrádáil, féadfaidh an Coimisiún na bearta dá bhforáiltear in Airteagal 28(3)(e) den Chomhaontú a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7(2) den Rialachán seo, nó i gcás práinne, i gcomhréir le hAirteagal 7(3). 2. I gcás ina n-iarrfaidh Ballstát ar an gCoimisiún gníomhú, déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir leis an iarraidh sin laistigh de thréimhse nach faide ná cúig lá oibre tar éis an iarraidh a fháil.". |
|
(4) |
Scriostar Airteagal 5. |
|
(5) |
Cuirtear isteach na hAirteagail seo a leanas: "Airteagal 7 1. Beidh an Coiste um Choimircí arna bhunú le hAirteagal 4(1) de Rialachán (CE) Uimh. 260/2009 ón gComhairle (*4) de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*5). 2. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. 3. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 i gcomhar le hAirteagal 5 den Rialachán sin. Airteagal 8 Déanfaidh an Coimisiún faisnéis a áireamh maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo ina thuarascáil bhliantúil i ndáil le bearta cosanta trádála a chur i bhfeidhm agus a chur chun feidhme arna chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle de bhun Airteagal 22a de Rialachán (CE) Uimh. 1125/2009 ón gComhairle (*6). (*4) Rialachán (CE) Uimh. 260/2009 ón gComhairle an 26 Feabhra 2009 maidir le comhrialacha d'allmhairí (IO L 84, 31.3.2009, lch. 1)." (*5) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13)." (*6) Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad (IO L 343, 22.12.2009, lch. 51)."." |
3. Rialachán (CEE) Uimh. 1692/73
Maidir le Rialachán (CEE) Uimh. 1692/73, is gá coinníollacha aonfhoirmeacha chun bearta cosanta a ghlacadh i ndáil le clásail dhéthaobhacha chosanta den Chomhaontú a chur chun feidhme. Ba cheart na bearta sin a ghlacadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
Ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme is infheidhme a ghlacadh láithreach, i gcás ina n-éileofaí amhlaidh ar mhórchúiseanna práinne, i gcásanna cuí-réasúnaithe a bhaineann le cásanna dá dtagraítear in Airteagal 24, Airteagal 24a agus Airteagal 26 den Chomhaontú nó i gcás cabhracha d'onnmhairí a bhfuil éifeacht dhíreach agus láithreach acu ar thrádáil.
Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1692/73 mar a leanas:
|
(1) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1: "Airteagal 1 Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh go gcuirfear an cheist faoi bhráid an Chomhchoiste, a bunaíodh leis an gComhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Ríocht na hIorua, dá ngairtear an 'Comhaontú' anseo feasta, chun na bearta dá bhforáiltear in Airteagail 22, 24, 24a agus 26 den Chomhaontú a dhéanamh. I gcás inar gá, glacfaidh an Coimisiún na bearta sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7(2) den Rialachán seo. Cuirfidh an Coimisiún in iúl do na Ballstáit má chinneann sé an cheist a chur faoi bhráid an Chomhchoiste.". |
|
(2) |
In Airteagal 2(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt: "I gcás inar gá, glacfaidh an Coimisiún bearta cosanta i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7(2) den Rialachán seo.". |
|
(3) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4: "Airteagal 4 1. Más rud é, de dheasca imthosca eisceachtúla, gur gá gníomhú láithreach maidir leis na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 24, Airteagal 24a agus Airteagal 26 den Chomhaontú nó i gcás cabhracha d'onnmhairí a bhfuil éifeacht dhíreach agus láithreach acu ar thrádáil, féadfaidh an Coimisiún na bearta réamhchúraim dá bhforáiltear in Airteagal 27(3)(e) den Chomhaontú a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7(2) den Rialachán seo, nó i gcás práinne, i gcomhréir le hAirteagal 7(3). 2. I gcás ina n-iarrfaidh Ballstát ar an gCoimisiún gníomhú, déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir leis an iarraidh sin laistigh de thréimhse nach faide ná cúig lá oibre tar éis an iarraidh a fháil.". |
|
(4) |
Scriostar Airteagal 5. |
|
(5) |
Cuirtear isteach na hAirteagail seo a leanas: "Airteagal 7 1. Beidh an Coiste um Choimircí arna bhunú le hAirteagal 4(1) de Rialachán (CE) Uimh. 260/2009 ón gComhairle (*7) de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*8). 2. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. 3. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 i gcomhar le hAirteagal 5 den Rialachán sin. Airteagal 8 Déanfaidh an Coimisiún faisnéis a áireamh maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo ina thuarascáil bhliantúil maidir le bearta cosanta trádála a chur i bhfeidhm agus a chur chun feidhme arna chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle de bhun Airteagal 22a de Rialachán (CE) Uimh. 1125/2009 ón gComhairle (*9). (*7) Rialachán (CE) Uimh. 260/2009 ón gComhairle an 26 Feabhra 2009 maidir le comhrialacha d'allmhairí (IO L 84, 31.3.2009, lch. 1)." (*8) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13)." (*9) Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad (IO L 343, 22.12.2009, lch. 51)."." |
4. Rialachán (CE) Uimh. 3286/94
I ndáil le Rialachán (CE) Uimh. 3268/94, ceanglaítear coinníollacha aonfhoirmeacha le cur chun feidhme na nósanna imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear sa rialachán chun na cinntí maidir le seoladh na nósanna imeachta scrúdúcháin agus na bearta atá mar thoradh orthu a ghlacadh. Ba cheart na bearta sin a ghlacadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
Ba cheart an nós imeachta comhairleach a úsáid chun scrúdúcháin reatha a chur ar fionraí, i bhfianaise éifeachtaí na mbeart sin agus a loighce seicheamhaí maidir le glacadh beart.
Ba cheart go gcoinneofaí Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi fhorbairtí atá á ndéanamh faoin Rialachán seo, ionas go mbeidh siad in ann na himpleachtaí níos leithne beartais a bhaineann leis na forbairtí sin a mheas.
Ina theannta sin, a mhéid ar léir gurb é comhaontú le tríú tír an modh is iomchuí chun a díospóid a réiteach a d'éirigh as constaic ar thrádáil, ba cheart go ndéanfaí an chaibidlíocht chun na críche sin i gcomhréir leis na nósanna imeachta a bunaíodh in Airteagal 207 den Chonradh.
Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 3286/94 mar seo a leanas:
|
(1) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5(3): "3. I gcás inar léir nach dtugtar dóthain fianaise leis an ngearán chun údar a thabhairt le himscrúdú a thionscnamh, cuirfear é sin in iúl don ghearánach. Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas má chinneann sé nach dtugtar dóthain fianaise leis an ngearán chun údar a thabhairt le himscrúdú a thionscnamh.". |
|
(2) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6(4): "4. I gcás inar léir nach dtugtar dóthain fianaise leis an iarratas chun údar a thabhairt le himscrúdú a thionscnamh, cuirfear é sin in iúl don Bhallstát. Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas má chinneann sé nach dtugtar dóthain fianaise leis an ngearán chun údar a thabhairt le himscrúdú a thionscnamh.". |
|
(3) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7: "Airteagal 7 Nós imeachta coiste
2. Cuirfidh an Coimisiún freisin faisnéis a chuirfear ar fáil de bhun an Rialacháin seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ionas gur féidir leo aon impleachtaí eile a d'fhéadfadh a bheith ann don chomhbheartas tráchtála a mheas. (*10) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13)."." |
|
(4) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8(1): "1. I gcás inar léir don Choimisiún go bhfuil dóthain fianaise ann chun údar a thabhairt le nós imeachta scrúdúcháin a thionscnamh agus gur gá é sin a dhéanamh chun leas an Aontais, gníomhóidh an Coimisiún mar seo a leanas:
Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas má chinneann sé go dtugtar dóthain fianaise leis an ngearán chun údar a thabhairt le himscrúdú a thionscnamh.". |
|
(5) |
In Airteagal 9(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):
|
|
(6) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11: "Airteagal 11 An nós imeachta a fhoirceannadh agus a chur ar fionraí 1. Nuair a fhaightear, de thoradh an nós imeachta scrúdúcháin a dhéantar de bhun Airteagal 8, nach gá aon ghníomhú a dhéanamh chun leasa an Aontais, déanfaidh an Coimisiún an nós imeachta a fhoirceannadh, ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7(1)(c).
3. Más rud é, tar éis nós imeachta scrúdúcháin a dhéantar de bhun Airteagal 8, nó am ar bith roimh nós imeachta idirnáisiúnta um réiteach díospóide, nó lena linn nó ina dhiaidh, gur cosúil gurb é an modh is iomchuí chun díospóid a réiteach a d'éirigh as constaic ar thrádáil comhaontú a thabhairt i gcrích leis an tríú tír nó leis na tríú tíortha lena mbaineann, ar comhaontú é a d'fhéadfadh cearta substaintiúla an Aontais agus an tríú tír nó na dtríú tíortha lena mbaineann a athrú, déanfaidh an Coimisiún, ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 7(1)(b) den Rialachán seo, an nós imeachta a fhionraí agus déanfar caibidlíocht de réir fhorálacha Airteagal 207 den Chonradh.". |
|
(7) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13: "Airteagal 13 Nósanna imeachta cinnteoireachta 1. I gcás ina leanfaidh an tAontas, de thoradh gearáin a dhéantar de bhun Airteagal 3 nó Airteagal 4 nó de thoradh tarchuir de bhun Airteagal 6, comhairliúchán foirmiúil idirnáisiúnta nó nósanna imeachta idirnáisiúnta um réiteach díospóide, déanfaidh an Coimisiún cinntí maidir le tionscnamh, stiúradh nó foirceannadh na nósanna imeachta sin. Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas má chinneann sé comhairliúchán foirmiúil idirnáisiúnta nó nósanna imeachta idirnáisiúnta um réiteach díospóide a thionscnamh, a stiúradh nó a fhoirceannadh. 2. I gcás nach mór don Aontas, i ndiaidh dó gníomhú i gcomhréir le hAirteagal 12(2), cinneadh a dhéanamh maidir leis na bearta comhbheartais tráchtála atá le glacadh de bhun Airteagal 11(2)(c) nó de bhun Airteagal 12 den Rialachán seo, gníomhóidh sé, gan mhoill, i gcomhréir le hAirteagal 207 den Chonradh agus, más iomchuí, le haon nósanna imeachta is infheidhme.". |
|
(8) |
Cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas: "Airteagal 13a Tuarascáil Déanfaidh an Coimisiún faisnéis a áireamh maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo ina thuarascáil bhliantúil maidir le bearta cosanta trádála a chur i bhfeidhm agus a chur chun feidhme arna chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle de bhun Airteagal 22a de Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 (*11). (*11) Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad (IO L 343, 22.12.2009, lch. 51)"." |
|
(9) |
Scriostar Airteagal 14. |
5. Rialachán (CE) Uimh. 385/96
Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 385/96, ceanglaítear coinníollacha aonfhoirmeacha le cur chun feidhme na nósanna imeachta dá bhforáiltear sa Rialachán sin chun na bearta is gá a ghlacadh chun an Rialachán sin a chur chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 385/96 mar seo a leanas:
|
(1) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5(11): "11. Gan dochar d'Airteagal 15(2), i gcás inar léir don Choimisiún go bhfuil dóthain fianaise ann chun údar a thabhairt le himeacht a thionscnamh, déanfaidh sé amhlaidh laistigh de 45 lá ón dáta a cuireadh an gearán isteach, nó, i gcás tionscnaimh de bhun mhír 8, laistigh de thréimhse nach faide ná sé mhí ón am a fuarthas eolas ar dhíol an tsoithigh nó ón am ar cheart eolas a bheith faighte ar a dhíol, agus foilseoidh an Coimisiún fógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. I gcás nach gcuirtear dóthain fianaise isteach, cuirfear é sin in iúl don ghearánach laistigh de 45 lá ón ngearán a chur isteach chuig an gCoimisiún. Cuirfidh an Coimisiún faisnéis ar fáil do na Ballstáit tar éis dó a chinneadh go raibh gá le himeacht mar sin a thionscnamh.". |
|
(2) |
Leasaítear Airteagal 7 mar seo a leanas:
|
|
(3) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre d'Airteagal 8: "Is féidir an t-imscrúdú a fhoirceannadh gan muirear praghsála díobhálaí a ghearradh má chuireann an tógálaí long díol an tsoithigh de phraghas díobhálach ar neamhní go cinntitheach agus gan choinníoll nó má chomhlíonann sé leigheas coibhéiseach eile lenar ghlac an Coimisiún.". |
|
(4) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9(1): "1. Mura n-íocfaidh an tógálaí long atá i gceist an muirear praghsála díobhálaí arna ghearradh faoi Airteagal 7, gearrfaidh an Coimisiún frithbhearta ar na soithí a thóg an tógálaí long sin i bhfoirm cearta luchtaithe agus díluchtaithe a dhiúltú. Cuirfidh an Coimisiún faisnéis ar fáil do na Ballstáit a luaithe a thiocfaidh forais na bhfrithbheart dá dtagraítear sa chéad fhomhír chun cinn.". |
|
(5) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10: "Airteagal 10 Nós imeachta coiste 1. Beidh Coiste a bhunaítear le Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle (*12) de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*13). 2. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. (*12) Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad (IO L 343, 22.12.2009, lch. 51)." (*13) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13)."." |
|
(6) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13(5): "5. Ní nochtfaidh an Coimisiún ná na Ballstáit lena n-áirítear oifigigh ceachtar acu sin, aon fhaisnéis a fuarthas de bhun an Rialacháin seo agus ar iarr a soláthraí go ndéileálfaí léi i modh rúnda, gan cead sonrach a fháil ón soláthraí. Ní sceithfear malairtí faisnéise idir an Coimisiún agus na Ballstáit ná aon doiciméid inmheánacha arna n-ullmhú ag údaráis an Aontais nó ag Ballstáit an Aontais ach amháin nuair a fhoráiltear dó sin go sonrach sa Rialachán seo.". |
|
(7) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 14(3): "3. Déanfar an nochtadh faisnéise i scríbhinn. Déanfar é sin, ag féachaint go cuí don ghá atá ann faisnéis rúnda a chosaint, a luaithe is féidir agus, de ghnáth, tráth nach lú ná mí amháin roimh chinneadh cinntitheach a dhéanamh. I gcás nach féidir leis an gCoimisiún fíorais nó breithnithe áirithe a nochtadh ag an am sin, nochtfar iad sin a luaithe is féidir ina dhiaidh sin. Ní dhéanfaidh nochtadh aon dochar do chinneadh a d'fhéadfadh an Coimisiún a ghlacadh ina dhiaidh sin ach, i gcás ina bhfuil cinneadh den sórt sin bunaithe ar aon fhíorais agus breithnithe difriúla, nochtfar iad sin a luaithe is féidir.". |
|
(8) |
Cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas: "Airteagal 14a Tuarascáil Déanfaidh an Coimisiún faisnéis a áireamh maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo ina thuarascáil bhliantúil maidir le bearta cosanta trádála a chur i bhfeidhm agus a chur chun feidhme arna chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle de bhun Airteagal 22a de Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009.". |
6. Rialachan (CE) Uimh. 2271/96
Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 2271/96, ba cheart cumhacht a thabhairt don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) chun an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán sin a leasú.
Chun go nglacfaí na forálacha atá riachtanach chun an Rialachán sin a chur i bhfeidhm, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le dlíthe a chur leis an liosta atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán sin nó i dtaca le hiad a scriosadh aisti. Tá sé thar a bheith tábhachtach go rachadh sé i mbun comhairle go hiomchuí le linn na hoibre ullmhúcháin, lena n-áirítear le saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur an tráth céanna, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.
Ceanglaítear le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 2271/96 coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le critéir a bhunú i ndáil le daoine a údarú chun go ndéanfaidís aon cheanglas nó toirmeasc, lena n-áirítear iarrataí ó chúirteanna coigríche, a chomhlíonadh go hiomlán nó go páirteach, a mhéid go ndéanfadh neamhchomhlíonadh damáiste tromchúiseach dá leasanna nó do leasanna an Aontais. Ba cheart na bearta sin a ghlacadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2271/96 mar seo a leanas:
|
(1) |
In Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír: "Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 11 chun dlíthe, rialacháin nó ionstraimí reachtacha eile de chuid tríú tíortha a bhfuil cur i bhfeidhm seach-chríochach acu agus a bhfuil éifeachtaí díobhálacha acu ar leas an Aontais agus ar leas na ndaoine nádúrtha agus na ndaoine dlítheanacha a fheidhmíonn a gcearta faoin gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur isteach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo agus chun na dlíthe, na rialacháin nó na hionstraimí reachtacha eile a scriosadh nuair nach mbeidh na héifeachtaí céanna acu a thuilleadh.". |
|
(2) |
In Airteagal 7, pointe (c). |
|
(3) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8: "Airteagal 8 1. Chun críocha Airteagal 7(b) a chur chun feidhme, beidh an Coiste um Reachtaíocht Sheach-chríochach de chúnamh ag an gCoimisiún. Glacfar na bearta cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo. Beidh an Coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*14). 2. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. (*14) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13)."." |
|
(4) |
Cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas: "Airteagal 11a 1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh. 2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 1 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana ón 20 Feabhra 2014. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe ar feadh tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuirfidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh fadaithe den sórt sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse. 3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 1 a chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Beidh éifeacht aige an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin. 4. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle go comhuaineach. 5. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 1 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí ó cuireadh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear ceithre mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.". |
7. Rialachán (CE) Uimh. 1515/2001
I ndáil le Rialachán (CE) Uimh. 1515/2001, ceanglaítear le cur chun feidhme an Rialacháin seo coinníollacha aonfhoirmeacha chun bearta a ghlacadh tar éis tuarascála a ghlac Comhlacht um Réiteach Díospóide an EDT maidir le hábhair frithdhumpála agus ábhair frith-fhóirdheontais. Ba cheart na bearta sin a ghlacadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
Ba cheart an nós imeachta comhairleach a úsáid chun bearta a chur ar fionraí le haghaidh tréimhse teoranta ama de bharr éifeachtaí beart den sórt sin.
Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1515/2001 mar seo a leanas:
|
(1) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1: "Airteagal 1 1. Aon uair a ghlacann an Comhlacht um Réiteach Díospóide tuarascáil a bhaineann le beart de chuid an Aontais arna dhéanamh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle (*15), de bhun Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 ón gComhairle (*16), nó de bhun an Rialacháin seo ("beart is ábhar díospóide"), féadfaidh an Coimisiún ceann amháin nó níos mó de na bearta seo a leanas a dhéanamh, cibé acu a mheasann sé is iomchuí, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 3a(3):
2. Chun críocha bearta a ghlacadh faoi mhír 1, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar pháirtithe leasmhara an fhaisnéis uile is gá a chur ar fáil chun an fhaisnéis a chríochnú a fuarthas le linn an imscrúdaithe a raibh glacadh an bhirt is ábhar díospóide mar thoradh air. 3. A mhéid is iomchuí athbhreithniú a dhéanamh sula nglacfar aon bhearta faoi mhír 1 nó fad atá aon bhearta faoin mír sin á nglacadh, is é an Coimisiún a dhéanfaidh an t-athbhreithniú sin a thionscnamh. Cuirfidh an Coimisiún faisnéis ar fáil do na Ballstáit a luaithe a chinnfidh sé athbhreithniú a thionscnamh. 4. A mhéid is iomchuí an beart is ábhar díospóide nó an beart leasuithe a fhionraí, déanfaidh an Coimisiún an fhionraí sin a údarú ar feadh tréimhse teoranta ama, ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 3a(2). (*15) Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad (IO L 343, 22.12.2009, lch. 51)." (*16) Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 ón gComhairle an 11 Meitheamh 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí fóirdheontais ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad (IO L 188, 18.7.2009, lch. 93)."." |
|
(2) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2: "Airteagal 2 1. Féadfaidh an Coimisiún aon bheart atá luaite in Airteagal 1(1) a ghlacadh freisin, má mheasann sé gur iomchuí sin, d'fhonn léirithe dlí, arna ndéanamh i dtuarascáil an Chomhlachta um Réiteach Díospóide maidir le beart nach ábhar díospóide é. 2. Chun críocha bearta a ghlacadh faoi mhír 1, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar pháirtithe leasmhara an fhaisnéis uile is gá a chur ar fáil chun an fhaisnéis a chríochnú a fuarthas le linn an imscrúdaithe a raibh glacadh an bhirt nach ábhar díospóide é mar thoradh air. 3. A mhéid is iomchuí athbhreithniú a dhéanamh sula nglacfar aon bhearta faoi mhír 1 nó fad atá aon bhearta faoin mír sin á nglacadh, is é an Coimisiún a dhéanfaidh an t-athbhreithniú sin a thionscnamh. Cuirfidh an Coimisiún faisnéis ar fáil do na Ballstáit a luaithe a chinnfidh sé athbhreithniú a thionscnamh. 4. A mhéid is iomchuí an beart nach ábhar díospóide é nó an beart leasuithe a fhionraí, déanfaidh an Coimisiún an fhionraí sin a údarú ar feadh tréimhse teoranta ama, ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 3a(2).". |
|
(3) |
Cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas: "Airteagal 3a 1. Beidh cúnamh ag an gCoimisiún ón gCoiste a bhunaítear le hAirteagal 15(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*17). 2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. 3. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. (*17) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13)."." |
|
(4) |
Cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas: "Airteagal 3b Tuarascáil Déanfaidh an Coimisiún faisnéis a áireamh maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo ina thuarascáil bhliantúil maidir le bearta cosanta trádála a chur i bhfeidhm agus a chur chun feidhme arna chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle de bhun Airteagal 22a de Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009.". |
8. Rialachán (CE) Uimh. 153/2002
Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 153/2002, is gá coinníollacha aonfhoirmeacha chun bearta cosanta agus bearta eile a ghlacadh i ndáil leis na clásail dhéthaobhacha chosanta an Chomhaontaithe Eatramhaigh agus an Chomhaontaithe um Chobhsaíocht agus um Chomhlachas a chur chun feidhme. Ba cheart na bearta sin a ghlacadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
Ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme is infheidhme láithreach a ghlacadh más rud é, i gcásanna a bhfuil bonn cirt cuí leo a bhaineann le himthosca eisceachtúla agus géibheannacha a thagann chun cinn de réir bhrí Airteagal 24(4)(b) agus Airteagal 25(4) den Chomhaontú Eatramhach, agus dá éis Airteagal 37(4)(b) agus Airteagal 38(4) den Chomhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais, go n-éilítear é sin ar mhórchúiseanna práinne.
Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 153/2002 mar seo a leanas:
|
(1) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2: "Airteagal 2 Lamháltais mairteola óig Déanfaidh an Coimisiún rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Airteagal 14(2) den Chomhaontú Eatramhach, agus dá éis Airteagal 27(2) den Chomhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais, a bhaineann leis na taraif-chuótaí do tháirgí 'mairteola óig' a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7fa(4) den Rialachán seo.". |
|
(2) |
Scriostar Airteagal 3. |
|
(3) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4: "Airteagal 4 Lamháltais bhreise Más rud é, de bhun Airteagal 29 den Chomhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais agus de bhun Airteagal 16 den Chomhaontú Eatramhach, go ndéantar lamháltais bhreise do tháirgí iascaigh a dheonú laistigh de na taraif-chuótaí, déanfaidh an Coimisiún rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme na dtaraif-chuótaí sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin a leagtar amach in Airteagal 7fa(4) den Rialachán seo.". |
|
(4) |
Scriostar Airteagal 5. |
|
(5) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7: "Airteagal 7 Oiriúnuithe teicniúla I gcás leasuithe agus oiriúnuithe teicniúla ar na rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme a ghlacfar de bhun an Rialacháin seo a bhfuil gá leo tar éis athruithe ar chóid na hAinmníochta Comhcheangailte agus ar fhoranna TARIC nó a thig as comhaontuithe, prótacail, malartuithe litreacha nó gníomhartha eile a thabhairt i gcrích idir an tAontas agus Iar-Phoblacht Iúgslavach na Macadóine, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7fa(4) den Rialachán seo.". |
|
(6) |
Leasaítear Airteagal 7a mar seo a leanas:
|
|
(7) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7b: "Airteagal 7b Imthosca eisceachtúla agus géibheannacha I gcás ina dtiocfaidh imthosca eisceachtúla agus géibheannacha chun cinn de réir bhrí Airteagal 25(4)(b) agus Airteagal 26(4) den Chomhaontú Eatramhach, agus dá éis Airteagal 38(4)(b) agus Airteagal 39(4) den Chomhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais, féadfaidh an Coimisiún bearta láithreacha a ghlacadh de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 25 agus in Airteagal 26 den Chomhaontú Eatramhach, agus dá éis in Airteagal 38 agus in Airteagal 39 den Chomhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7fa(4) den Rialachán seo, nó i gcásanna práinne, i gcomhréir le hAirteagal 7fa(5) den Rialachán seo. Má fhaigheann an Coimisiún iarraidh ó Bhallstát, glacfaidh an Coimisiún Cinneadh ina thaobh laistigh de chúig lá oibre tar éis an iarraidh a fháil.". |
|
(8) |
In Airteagal 7e, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: "1. I gcás cleachtais a d'fhéadfadh údar cuí a thabhairt do chur i bhfeidhm, ag an Aontas, na mbeart dá bhforáiltear in Airteagal 33 den Chomhaontú Eatramhach, agus ina dhiaidh sin Airteagal 69 den Chomhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais, déanfaidh an Coimisiún tar éis dó an cás a scrúdú, ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin do Bhallstát, cinneadh cibé an bhfuil an nós ag luí leis an gComhaontú. Nuair is gá, glacfaidh sé bearta cosanta i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7fa(4), ach amháin sna cásanna cúnaimh inar infheidhme Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 ón gComhairle (*18) iad agus glacfar bearta i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos sa Rialachán sin. Déanfar bearta a thógáil faoi na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 33(5) den Chomhaontú Eatramhach amháin, agus ina dhiaidh sin Airteagal 69 den Chomhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais. (*18) Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 ón gComhairle an 11 Meitheamh 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí fóirdheontais ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad (IO L 188, 18.7.2009, lch. 93)."." |
|
(9) |
Leasaítear Airteagal 7f mar seo a leanas
|
|
(10) |
Cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas: "Airteagal 7fa An nós imeachta coiste 1. Chun críocha Airteagal 2, beidh an Coiste arna bhunú le hAirteagal 195 de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (*19) de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*20). 2. Chun críocha Airteagal 4, beidh an Coiste um an gCód Custaim arna bhunú le hAirteagal 184 de Rialachán (CE) Uimh. 450/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*21) de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. 3. Chun críocha Airteagal 7a, 7b, 7e agus 7f, beidh an Coiste um Choimircí arna bhunú le hAirteagal 4(1) de Rialachán (CE) Uimh. 260/2009 ón gComhairle (*22) de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. 4. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. 5. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, i dteannta Airteagal 5 de. (*19) Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2007 lena mbunaítear comheagrú na margaí talmhaíochta agus lena leagtar síos forálacha sonracha do tháirgí áirithe talmhaíochta (an Rialachán maidir le CEM aonair) (IO L 299, 16.11.2007, lch. 1)." (*20) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13)." (*21) Rialachán (CE) Uimh. 450/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008, lena leagtar síos an Cód Custaim Comhphobail (an Cód Custaim Nuachóirithe) (IO L 145, 4.6.2008, lch. 1)." (*22) Rialachán (CE) Uimh. 260/2009 ón gComhairle an 26 Feabhra 2009 maidir leis na comhrialacha d'allmhairí (IO L 84, 31.3.2009, lch. 1)."." |
9. Rialachán (CE) Uimh. 427/2003
Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 427/2003, ba cheart cumhacht a thabhairt don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) chun Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin a leasú.
Chun go nglacfaí na forálacha atá riachtanach chun Rialachán (CE) Uimh. 427/2003 a chur chun feidhme, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le leasuithe ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 625/2009, chun tíortha a bhaint den liosta tríú tíortha atá san Iarscríbhinn sin nuair a thiocfaidh dóibh a bheith ina gcomhaltaí de EDT. Tá sé thar a bheith tábhachtach go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn na hoibre ullmhúcháin, lena n-áirítear le saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur an tráth céanna, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.
Ina theannta sin, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun na bearta is gá a ghlacadh chun an Rialachán sin a chur chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
Ba cheart an nós imeachta comhairleach a úsáid maidir le bearta faireachais agus bearta sealadacha a ghlacadh i bhfianaise éifeachtaí beart den sórt sin agus a loighce seicheamhaí maidir le bearta cosanta cinntitheacha a ghlacadh. I gcás ina mbeadh moill ar fhorchur na mbeart ina cúis le dochar a bheadh deacair a leigheas, is gá a cheadú don Choimisiún bearta sealadacha atá infheidhme láithreach a ghlacadh.
Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 427/2003 mar seo a leanas:
|
(1) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5(4): "4. I gcás inar léir go bhfuil dóthain fianaise ann lena dtugtar bonn cirt chun imeacht a thionscnamh agus nach bhfuil réiteach comhshásúil mar thoradh ar aon chomhairliúcháin faoi mhír 3, foilseoidh an Coimisiún fógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Cuirfidh an Coimisiún faisnéis ar fáil do na Ballstáit tar éis dó a chinneadh go mbeidh gá le himeacht mar sin a thionscnamh.". |
|
(2) |
Leasaítear Airteagal 7 mar seo a leanas:
|
|
(3) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8: "Airteagal 8 Foirceannadh gan bearta a ghlacadh I gcás ina measfar nach bhfuil gá le bearta cosanta déthaobhacha, cuirfear deireadh leis an imscrúdú nó leis an imeacht i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15(3).". |
|
(4) |
Leasaítear Airteagal 9 mar seo a leanas:
|
|
(5) |
In Airteagal 12, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3 agus mhír 4: "3. Le linn d'aon bheart cosanta a bheith i bhfeidhm, féadfaidh an Coimisiún, bíodh sé ar iarraidh ó Bhallstát nó ar a thionscnamh féin, éifeachtaí an bhirt a scrúdú agus a dhéanamh amach an bhfuil cur i bhfeidhm an bhirt sin fós riachtanach. I gcás ina measfaidh an Coimisiún go bhfuil cur i bhfeidhm an bhirt fós riachtanach, cuirfidh sé na Ballstáit ar an eolas dá réir sin. 4. I gcás ina measfaidh an Coimisiún gur cheart aon bheart cosanta a chúlghairm nó a leasú, déanfaidh sé na bearta cosanta a chúlghairm nó a leasú i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15(3).". |
|
(6) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 14(4): "4. Féadfar, chun leas an Aontais, bearta a fhorchuirfear de bhun an Rialacháin seo a fhionraí ar feadh naoi mí le cinneadh ón gCoimisiún i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 15(2). Féadfaidh an Coimisiún an fhionraí a fhadú ar feadh tréimhse eile, nach faide ná aon bhliain amháin, má ghníomhaíonn sé i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 15(2).". |
|
(7) |
Cuirtear isteach na hairteagail seo a leanas: "Airteagal 14a Cumhachtaí a thabhairt Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 14b den Rialachán seo i dtaca le leasuithe ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 625/2009 (*23) ón gComhairle chun tíortha a bhaint den liosta tríú tíortha atá san Iarscríbhinn sin nuair a thiocfaidh dóibh a bheith ina gcomhaltaí de EDT. Airteagal 14b An tarmligean a fheidhmiú 1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh. 2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 22(3) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse chúig bliana 20 Feabhra 2014. Dréachtóidh an Coimisiún tuarascáil maidir le tarmligean na cumhachta tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana sin. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe ar feadh tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuirfidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh fadaithe den sórt sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse. 3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 22(3) a chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta a sonrófar sa chinneadh sin. Beidh éifeacht aige ón lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht gníomhartha tarmligthe ar bith atá i bhfeidhm cheana féin. 4. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. 5. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 22(3) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí ó cuireadh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin, nó, sula dtéann an tréimhse sin in éag, má tá sé curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle araon don Choimisiún nach gcuirfidh siad ina choinne. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle. (*23) Rialachán (CE) Uimh. 625/2009 ón gComhairle an 7 Iúil 2009 maidir le comhrialacha d'allmhairí ó thríú tíortha áirithe (IO L 185, 17.7.2009, lch. 1)."." |
|
(8) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15: "Airteagal 15 An nós imeachta Coiste 1. Beidh an Coiste um Choimircí a bunaíodh le hAirteagal 4(1) de Rialachán (CE) Uimh. 260/2009 ón gComhairle an 26 Feabhra 2009 (*24) de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*25). 2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. 3. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. 4. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 i gcomhar le hAirteagal 4 de. 5. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 i dteannta Airteagal 5 de. (*24) Rialachán (CE) Uimh. 625/2009 ón gComhairle an 26 Feabhra 2009 maidir le comhrialacha d'allmhairí (IO L 84, 31.3.2009, lch. 1)." (*25) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 20.2.2011, lch. 13)."." |
|
(9) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 17(5): "5. Ní nochtfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit, nó oifigigh ceachtar acu sin, aon fhaisnéis a fuarthas de bhun an Rialacháin seo agus ar iarr a soláthraí go ndéileálfaí léi i modh rúnda, gan cead sonrach a fháil ón soláthraí. Maidir le faisnéis a roinnfear idir an Coimisiún agus na Ballstáit nó aon fhaisnéis a bhaineann le comhairliúcháin a dhéanfar de bhun Airteagal 12, nó le comhairliúcháin a bhfuil tuairisc orthu in Airteagal 5(3) agus in Airteagal 9(1), nó doiciméid inmheánacha ar bith a ullmhóidh údaráis an Aontais nó Ballstáit an Aontais, ní sceithfear iad sin chuig an bpobal nó chuig aon pháirtí san imeacht, ach amháin nuair a fhoráiltear dó sin go sonrach sa Rialachán seo.". |
|
(10) |
In Airteagal 18(4), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte deireanaí: "Ní dhéanfaidh nochtadh aon dochar do chinneadh a fhéadfaidh an Coimisiún a ghlacadh ina dhiaidh sin ach, i gcás ina mbeidh cinneadh den sórt sin bunaithe ar fhíorais agus ar bhreithnithe difriúla, nochtfar iad sin a luaithe is féidir.". |
|
(11) |
In Airteagal 19, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5 agus mhír 6: "5. Scrúdóidh an Coimisiún an fhaisnéis a dhéantar a thíolacadh go cuí agus scrúdóidh sé a ionadaí atá sí agus déanfar torthaí na hanailíse sin, mar aon le tuairim ar a fhiúntaí atá sí, a sheoladh chuig an gCoiste mar chuid den dréacht-bheart a chuirtear isteach de bhun Airteagal 9 den Rialachán seo. Ba cheart don Choimisiún tuairimí an choiste a chur san áireamh faoi na coinníollacha dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. 6. Féadfaidh na páirtithe a ghníomhaigh i gcomhréir le mír 2 a iarraidh go gcuirfear na fíorais agus na breithnithe ar dhócha go nglacfar na cinntí deireanacha ina leith ar fáil dóibh. Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil a mhéid agus is féidir agus gan dochar d'aon chinneadh a ghlacfaidh an Coimisiún ina dhiaidh sin.". |
|
(12) |
Cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas: "Airteagal 19a Tuarascáil 1. Déanfaidh an Coimisiún faisnéis a áireamh maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo ina thuarascáil bhliantúil maidir le bearta cosanta trádála a chur i bhfeidhm agus a chur chun feidhme arna chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle de bhun Airteagal 22a de Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 (*26). (*26) Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad (IO L 343, 22.12.2009, lch. 51)."." |
|
(13) |
Scriostar mír 3 d'Airteagal 22. |
10. Rialachán (CE) Uimh. 452/2003
I ndáil le Rialachán (CE) Uimh. 452/2003, chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 452/2003 mar seo a leanas:
|
(1) |
In Airteagal 1(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta tosaigh: "1. I gcás ina measfaidh an Coimisiún go bhféadfadh éifeachtaí níos mó ná mar is inmhianaithe ó thaobh beartais chosanta trádála an Aontais a bheith mar thoradh ar theaglaim de bhearta frith-dhumpála nó frith-fhóirdheontais agus bearta cosanta taraife a bheith ar na hallmhairí céanna, féadfaidh sé cibé bearta de na bearta seo a leanas is iomchuí leis a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 2a(2):". |
|
(2) |
Cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas: "Airteagal 2a 1. Beidh an Coiste a bunaíodh le hAirteagal 15(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 (*27) ón gComhairle de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*28). 2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. (*27) Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad (IO L 343, 22.12.2009, lch. 51)." (*28) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13)."." |
11. Rialachán (CE) Uimh. 673/2005
Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 673/2005, tugtar an chumhacht don Chomhairle chun an Rialachán sin a aisghairm. Ba cheart an chumhacht sin a bhaint agus ba cheart feidhm a bheith ag Airteagal 207 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le haisghairm Rialachán (CE) Uimh. 673/2005.
Dá réir sin, scriostar Airteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 673/2005.
12. Rialachán (CE) Uimh. 1236/2005
Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 1236/2005, ba cheart cumhacht a thabhairt don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) chun na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán sin a leasú.
Chun go nglacfaí na forálacha atá riachtanach chun Rialachán (CE) Uimh. 1236/2005 a chur i bhfeidhm, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le Iarscríbhinní I, II, III, IV agus V a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú. Tá sé thar a bheith tábhachtach go rachadh sé i mbun comhairliúchán iomchuí le linn na hoibre ullmhúcháin, lena n-áirítear le saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur an tráth céanna, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.
Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1236/2005 mar seo a leanas:
|
(1) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12: "Airteagal 12 Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15a chun Iarscríbhinní I, II, III, IV agus V a leasú. Déanfar na sonraí in Iarscríbhinn 1 maidir leis na húdaráis inniúla de chuid na mBallstát a leasú ar bhonn faisnéise a chuirfidh na Ballstáit ar fáil.". |
|
(2) |
Scriostar Airteagal 15. |
|
(3) |
Cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas: "Airteagal 15a An tarmligean a fheidhmiú 1. Tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo. 2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 12 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse chúig bliana ón 20 Feabhra 2014. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe ar feadh tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuirfidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh fadaithe den sórt sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse. 3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear i Airteagal 12 a chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta a sonrófar sa chinneadh sin. Beidh éifeacht aige ón lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin. 4. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle go comhuaineach. 5. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 12 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí ó cuireadh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.". |
|
(4) |
Scriostar Airteagal 16. |
13. Rialachán (CE) Uimh. 1616/2006
Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 1616/2006, is gá coinníollacha aonfhoirmeacha chun bearta cosanta agus bearta eile a ghlacadh i ndáil le clásail dhéthaobhacha chosanta an Chomhaontaithe Eatramhaigh agus an Chomhaontaithe um Chobhsaíochta agus um Chomhlachas a chur chun feidhme. Ba cheart na bearta sin a ghlacadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
Ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach a ghlacadh más rud é, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo a bhaineann le himthosca eisceachtúla agus géibheannacha a thagann chun cinn de réir bhrí Airteagal 26(4) den Chomhaontú Eatramhach, agus dá éis Airteagal 39(4) den Chomhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais, go n-éilítear é sin ar mhórchúiseanna práinne.
Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1616/2006 mar seo a leanas:
|
(1) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2: "Airteagal 2 Lamháltais d'iasc agus do tháirgí iascaigh Déanfaidh an Coimisiún rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Airteagal 15(1) den Chomhaontú Eatramhach, agus dá éis Airteagal 28(1) de CCC, a mhéid a bhaineann leis na taraif-chuótaí d'iasc agus do tháirgí iascaigh a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 8a(3) den Rialachán seo.". |
|
(2) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4: "Airteagal 4 Oiriúnuithe teicniúla I gcás leasuithe agus oiriúnuithe teicniúla ar na forálacha arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo a bhfuil gá leo tar éis athruithe ar chóid na hAinmníochta Comhcheangailte agus ar fhoranna TARIC nó a thig as Comhaontuithe, Prótacail, Malartuithe Litreacha nó Gníomhartha eile, idir nua agus mhodhnaithe, a thabhairt i gcrích idir an tAontas agus Poblacht na hAlbáine, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 8a(3) den Rialachán seo.". |
|
(3) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5: "Airteagal 5 Clásal cosanta ginearálta I gcás inar gá don Aontas beart a dhéanamh mar a fhoráiltear in Airteagal 25 den Chomhaontú Eatramhach, agus dá éis Airteagal 38 de CCC, glacfar é i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin a leagtar amach in Airteagal 8a(3) den Rialachán seo, mura sonraítear a mhalairt in Airteagal 25 den Chomhaontú Eatramhach, agus dá éis in Airteagal 38 de CCC.". |
|
(4) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6: "Airteagal 6 Clásal ganntanais I gcás inar gá don Aontas beart a dhéanamh amhail dá bhforáiltear in Airteagal 26 den Chomhaontú Eatramhach, agus dá éis in Airteagal 39 de CCC, glacfar an beart sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 8a(3) den Rialachán seo.". |
|
(5) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú mír, an cheathrú mír agus an chúigiú mír d'Airteagal 7: "Glacfaidh an Coimisiún na bearta sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 8a(3), nó i gcásanna práinne, i gcomhréir le hAirteagal 8a(4)." |
|
(6) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8(2): "2. Glacfaidh an Coimisiún na bearta sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 8a(3), nó i gcásanna práinne, i gcomhréir le hAirteagal 8a(4)." |
|
(7) |
Cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas: "Airteagal 8a An nós imeachta Coiste 1. Chun críocha Airteagal 2, Airteagal 4 agus Airteagal 11 beidh an Coiste um an gCód Custaim a bunaíodh le hAirteagal 184 de Rialachán (CEE) Uimh. 450/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*29) de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*30). 2. Chun críocha Airteagail 5, 6, 7 agus 8, beidh an Coiste a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 260/2009 ón gComhairle (*31) de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. 3. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. 4. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 i gcomhar le hAirteagal 5 den Rialachán sin. (*29) Rialachán (CE) Uimh. 450/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 lena leagtar síos Cód Custaim an Chomhphobail (Cód Custaim Nuachóirithe) (IO L 145, 4.6.2008, lch. 1)." (*30) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13)." (*31) Rialachán (CEE) Uimh. 260/2009 ón gComhairle an 26 Feabhra 2009 maidir le comhrialacha maidir le hallmhairithe (IO L 84, 31.3.2009, lch. 1)."" |
|
(8) |
In Airteagal 11, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú mír: "Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh, i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 8a(3) den Rialachán seo, cóir fhabhrach ábhartha na dtáirgí a fhionraí go sealadach amhail dá bhforáiltear in Airteagal 30(4) den Chomhaontú Eatramhach, agus dá éis in Airteagal 43(4) de CCC." |
|
(9) |
Scriostar Airteagal 12. |
14. Rialachán (CE) Uimh. 1528/2007
Maidir le Rialachán (CE)Uimh. 1528/2007, ba cheart an chumhacht a bheith ag an gCoimisiún na bearta is gá a ghlacadh chun é a chur chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
Ba cheart an nós imeachta comhairleach a úsáid chun cóir a chur ar fionraí i bhfianaise chineál an fhionraí sin. Ba cheart go n-úsáidfear é freisin chun bearta faireachais agus bearta cosanta sealadacha a ghlacadh i bhfianaise éifeachtaí beart den sórt sin. I gcás ina mbeadh moill ar fhorchur na mbeart ina cúis le damáiste a bheadh deacair a leigheas, is gá a cheadú don Choimisiún bearta sealadacha atá infheidhme láithreach a ghlacadh.
Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1528/2007 mar seo a leanas:
|
(1) |
Leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:
|
|
(2) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6(3): "3. Maidir leis na rialacha mionsonraithe do chur chun feidhme na dtaraif-chuótaí dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, déanfar iad a chinneadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 21(5).". |
|
(3) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7(4): "4. Maidir leis na rialacha mionsonraithe do roinnt de réir réigiúin agus do chur chun feidhme na dtaraif-chuótaí dá dtagraítear san Airteagal seo, déanfar iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 21(5).". |
|
(4) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9(5): "5. Glacfaidh an Coimisiún rialacha mionsonraithe maidir le foroinnt na gcainníochtaí dá bhforáiltear i mír 1 agus maidir le bainistiú an chórais dá dtagraítear i mír 1, mír 3 agus mír 4 den Airteagal seo, mar aon le cinntí fionraíochta i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 21(5).". |
|
(5) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10(4): "4. Glacfaidh an Coimisiún rialacha mionsonraithe maidir le bainistiú an chórais sin mar aon le cinntí fionraíochta i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 21(5).". |
|
(6) |
In Airteagal 14, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3 agus mhír 4: "3. I gcás inar léir go bhfuil dóthain fianaise ann chun údar a thabhairt le himeacht a thionscnamh, foilseoidh an Coimisiún fógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Tionscnófar an t-imeacht laistigh d'aon mhí amháin tar éis dháta an fhaisnéis a fháil ó Bhallstát. Cuirfidh an Coimisiún faisnéis ar fáil do na Ballstáit maidir lena anailís ar an bhfaisnéis de ghnáth laistigh de 21 lá ón dáta ar a gcuirtear an fhaisnéis ar fáil don Choimisiún. 4. Má bhíonn an Coimisiún den tuairim go bhfuil na himthosca atá leagtha amach in Airteagal 12 ann, tabharfaidh sé fógra gan mhoill don réigiún nó do na stáit lena mbaineann atá liostaithe in Iarscríbhinn I go bhfuil sé ar intinn aige imscrúdú a thionscnamh. Féadfaidh cuireadh do chomhairliúcháin bheith leis an bhfógra agus é mar aidhm aige an cás a shoiléiriú agus teacht ar réiteach atá comhshásúil." |
|
(7) |
Leasaítear Airteagal 16 mar seo a leanas:
|
|
(8) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 17: "Airteagal 17 An t-imscrúdú agus an t-imeacht a fhoirceannadh gan bearta a ghlacadh I gcás ina measfar nach bhfuil gá le bearta cosanta déthaobhacha, foirceannfar an t-imscrúdú agus an t-imeacht i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 21(5).". |
|
(9) |
Leasaítear Airteagal 18 mar seo a leanas:
|
|
(10) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 20(2): "2. Déanfaidh an Coimisiún an cinneadh faireachas a fhorchur i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 21(4).". |
|
(11) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 21: "Airteagal 21 An nós imeachta Coiste 1. Chun críocha Airteagail 16, 17, 18 agus 20 den Rialachán seo, beidh an Coiste um Choimircí arna bhunú le hAirteagal 4(1) de Rialachán (CE) Uimh. 260/2009 ón gComhairle (*32) de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*33). 2. Chun críocha Airteagal 4 agus Airteagal 5, beidh an Coiste um an gCód Custaim arna bhunú le hAirteagal 184 de Rialachán (CE) Uimh. 450/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*34) de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. 3. Chun críocha Airteagal 6, Airteagal 7 agus Airteagal 9, beidh an coiste arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (*35) de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an Coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. 4. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. 5. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. 6. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 i dteannta Airteagal 4 den Rialachán sin. (*32) Rialachán (CE) Uimh. 260/2009 an 26 Feabhra 2009 ón gComhairle maidir le comhrialacha maidir le hallmhairithe (IO L 84, 31.3.2009, lch. 1)." (*33) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13)" (*34) Rialachán (CE) Uimh. 450/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 lena leagtar síos Cód Custaim an Chomhphobail (Cód Custaim Nuachóirithe) (IO L 145, 4.6.2008, lch. 1)" (*35) Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2007 lena mbunaítear comheagrú na margaí talmhaíochta agus lena leagtar síos forálacha sonracha do tháirgí áirithe talmhaíochta (Rialachán maidir le CEM Aonair) (IO L 299, 16.11.2007, lch. 1)."." |
|
(12) |
Scriostar Airteagal 24. |
|
(13) |
Cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas: "Airteagal 24b Tuarascáil Déanfaidh an Coimisiún faisnéis a áireamh maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo ina thuarascáil bhliantúil maidir le bearta cosanta trádála a chur i bhfeidhm agus a chur chun feidhme chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle de bhun Airteagal 22a de Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle (*36). (*36) Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad (IO L 343, 22.12.2009, lch. 51)."." |
15. Rialachán (CE) Uimh. 140/2008
Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 140/2008, is gá coinníollacha aonfhoirmeacha chun bearta cosanta agus bearta eile a ghlacadh i ndáil le clásail dhéthaobhacha chosanta an Chomhaontaithe Eatramhaigh agus an Chomhaontaithe um Chobhsaíocht agus um Chomhlachas a chur chun feidhme. Ba cheart na bearta sin a ghlacadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
Ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach a ghlacadh más rud é, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo a bhaineann le himthosca eisceachtúla agus géibheannacha a thagann chun cinn de réir bhrí Airteagal 26(5)b agus Airteagal 27(4) den Chomhaontú Eatramhach, agus dá éis Airteagal 41(5)b agus Airteagal 42(4) den Chomhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais, go n-éilítear é sin ar mhórchúiseanna práinne.
Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 140/2008 mar seo a leanas:
|
(1) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2: "Airteagal 2 Lamháltais d'iasc agus do tháirgí iascaigh Déanfaidh an Coimisiún rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Airteagal 14 den Chomhaontú Eatramhach, agus dá éis Airteagal 29 de CCC, maidir leis na taraif-chuótaí d'iasc agus do tháirgí iascaigh, a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 8a(3) den Rialachán seo." |
|
(2) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4, Airteagal 5 agus Airteagal 6: "Airteagal 4 Oiriúnuithe teicniúla I gcás leasuithe agus oiriúnuithe teicniúla ar na forálacha arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo a bhfuil gá leo tar éis athruithe ar chóid na hAinmníochta Comhcheangailte agus ar fhoranna TARIC nó a thig as Comhaontuithe, Prótacail, Malartuithe Litreacha nó Gníomhartha eile, idir nua agus mhodhnaithe, a thabhairt i gcrích idir an tAontas agus Poblacht Mhontainéagró, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 8a(3) den Rialachán seo. Airteagal 5 Clásal cosanta ginearálta I gcás inar gá don Aontas beart a dhéanamh mar a fhoráiltear in Airteagal 26 den Chomhaontú Eatramhach, agus dá éis Airteagal 41 de CCC, glacfar é i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 8a(3) den Rialachán seo, mura sonraítear a mhalairt in Airteagal 26 den Chomhaontú Eatramhach, agus dá éis in Airteagal 41 de CCC. Airteagal 6 Clásal ganntanais I gcás inar gá don Aontas beart a dhéanamh amhail dá bhforáiltear in Airteagal 27 den Chomhaontú Eatramhach, agus dá éis in Airteagal 42 de CCC, glacfar é i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 8a(3) den Rialachán seo.". |
|
(3) |
In Airteagal 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú mír, an cheathrú mír agus an chúigiú mír: "Glacfaidh an Coimisiún na bearta sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 8a(3). I gcásanna práinne, beidh feidhm ag Airteagal 8a(3)." |
|
(4) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8(2): "2. Glacfaidh an Coimisiún na bearta sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 8a(3). I gcásanna práinne, beidh feidhm ag Airteagal 8a(4)." |
|
(5) |
Cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas: "Airteagal 8a An nós imeachta Coiste 1. Chun críocha Airteagal 4 den Rialachán seo, beidh an Coiste um an gCód Custaim a bunaíodh le hAirteagal 184 de Rialachán (CE) Uimh. 450/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*37) de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*38). 2. Chun críocha Airteagail 5, 6, 7 agus 8 den Rialachán seo, beidh an Coiste a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 260/2009 (*39) de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an Coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. 3. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. 4. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 i gcomhar le hAirteagal 5 den Rialachán sin. (*37) Rialachán (CE) Uimh. 450/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 lena leagtar síos Cód Custaim an Chomhphobail (Cód Custaim Nuachóirithe) (IO L 145, 4.6.2008, lch. 1)." (*38) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13)" (*39) Rialachán (CE) Uimh. 260/2009 an 26 Feabhra 2009 ón gComhairle maidir le comhrialacha maidir le hallmhairithe (IO L 84, 31.3.2009, lch. 1)."." |
|
(6) |
In Airteagal 11, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú mír: "Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh, i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin a leagtar amach in Airteagal 8a(2) den Rialachán seo, cóir fhabhrach ábhartha na dtáirgí a fhionraí go sealadach amhail dá bhforáiltear in Airteagal 31(4) den Chomhaontú Eatramhach, agus dá éis in Airteagal 46(4) de CCC.". |
|
(7) |
Scriostar Airteagal 12. |
16. Rialachán (CE) Uimh. 55/2008 ón gComhairle
I ndáil le Rialachán (CE) Uimh. 55/2008, chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
Ba cheart an nós imeachta comhairliúcháin a úsáid chun bearta faireachais agus bearta sealadacha a ghlacadh agus chun cóir fhabhrach a fhionraí go sealadach i bhfianaise éifeachtaí na mbeart sin agus a loighce seicheamhaí i ndáil le glacadh beart cosanta cinntitheach. I gcás ina mbeadh moill ar fhorchur na mbeart ina cúis le damáiste a bheadh deacair a leigheas, is gá a cheadú don Choimisiún bearta sealadacha atá infheidhme láithreach a ghlacadh.
Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 55/2008 mar seo a leanas:
|
(1) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3(3): "3. D’ainneoin forálacha eile de chuid an Rialacháin seo, go háirithe Airteagal 10, i gcás ina bhfuil allmhairithe táirgí talmhaíochta ina gcúis do shuaitheadh tromchúiseach do mhargaí an Aontais agus dá sásraí rialála, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na bearta iomchuí a ghlacadh. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11a(5).". |
|
(2) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4: "Airteagal 4 Cur chun feidhme taraif-chuótaí le haghaidh táirgí déiríochta Cinnfidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na rialacha mionsonraithe chun taraif-chuótaí a chur chun feidhme maidir le ceannteidil 0401 go 0406 . Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11a(5).". |
|
(3) |
Scriostar Airteagal 8. |
|
(4) |
Leasaítear Airteagal 10 mar seo a leanas:
|
|
(5) |
Leasaítear Airteagal 11 mar seo a leanas:
|
|
(6) |
Cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas: "Airteagal 11a An nós imeachta Coiste 1. Chun críocha Airteagal 3(3) agus Airteagal 11 agus Airteagal 12 den Rialachán seo, beidh an Coiste um Choimircí a bunaíodh le hAirteagal 4(1) de Rialachán (CE) Uimh. 260/2009 ón gComhairle maidir leis na comhrialacha d’allmhairí (*40) de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*41). 2 Chun críocha Airteagal 4 den Rialachán seo, beidh an coiste arna bhunú le hAirteagal 195 de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 (*42) de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. 3. Chun críocha Airteagal 10 den Rialachán seo, beidh an coiste arna bhunú le hAirteagal 184 de Rialachán (CE) Uimh. 450/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*43). Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. 4. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. 5. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. 6. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 i dteannta Airteagal 4 den Rialachán sin. (*40) Rialachán (CE) Uimh. 260/2009 an 26 Feabhra 2009 ón gComhairle maidir le comhrialacha maidir le hallmhairithe (IO L 84, 31.3.2009, lch. 1)." (*41) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13)" (*42) Rialachán (CE) Uimh. 450/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 lena leagtar síos Cód Custaim an Chomhphobail (Cód Custaim Nuachóirithe) (IO L 145, 4.6.2008, lch. 1)" (*43) Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2007 lena mbunaítear comheagrú na margaí talmhaíochta agus lena leagtar síos forálacha sonracha do tháirgí áirithe talmhaíochta (Rialachán maidir le CEM Aonair) (IO L 299, 16.11.2007, lch. 1)."." |
|
(7) |
In Airteagal 12 cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír: "Mura gcomhlíonann an Mholdóiv na rialacha tionscnaimh nó mura soláthraíonn sí comhar riaracháin, mar a cheanglaítear in Airteagal 2, do Chaibidlí 17, 18, 19 agus 21 réamhluaite nó má dhéanann allmhairithe táirgí faoi na Caibidlí sin atá faoi réir na socruithe fabhair a dheonaítear faoin Rialachán seo na gnáthleibhéil allmhairithe a bhíonn ag an Moldóiv a shárú go suntasach, déanfar bearta iomchuí i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11a(5).". |
17. Rialachán (CE) Uimh. 594/2008
Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 594/2008, is gá coinníollacha aonfhoirmeacha chun bearta cosanta agus bearta eile a ghlacadh i ndáil le clásail dhéthaobhacha chosanta an Chomhaontaithe Eatramhaigh agus an Chomhaontaithe um Chobhsaíocht agus um Chomhlachas a chur chun feidhme. Ba cheart na bearta sin a ghlacadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
Ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach a ghlacadh más rud é, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo a bhaineann le himthosca eisceachtúla agus géibheannacha a thagann chun cinn de réir bhrí Airteagal 24(5)b agus Airteagal 25(4) den Chomhaontú Eatramhach, agus dá éis Airteagal 39(5)b agus Airteagal 40(4) den Chomhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais, go n-éilítear é sin ar mhórchúiseanna práinne.
Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 594/2008 mar seo a leanas:
|
(1) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2: "Airteagal 2 Lamháltais d'iasc agus do tháirgí iascaigh Déanfaidh an Coimisiún rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Airteagal 13 den Chomhaontú Eatramhach, agus dá éis Airteagal 28 de CCC, maidir leis na taraif-chuótaí d'iasc agus do tháirgí iascaigh, a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 8a(3) den Rialachán seo.". |
|
(2) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4, Airteagal 5 agus Airteagal 6: "Airteagal 4 Oiriúnuithe teicniúla I gcás leasuithe agus oiriúnuithe teicniúla ar na forálacha arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo a bhfuil gá leo tar éis athruithe ar chóid na hAinmníochta Comhcheangailte agus ar fhoranna TARIC nó a thig as Comhaontuithe, Prótacail, Malartuithe Litreacha nó Gníomhartha eile, idir nua agus mhodhnaithe, a thabhairt i gcrích idir an tAontas agus an Bhoisinia agus an Heirseagaivéin, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 8a(3) den Rialachán seo. Airteagal 5 Clásal cosanta ginearálta I gcás inar gá don Aontas beart a dhéanamh mar a fhoráiltear in Airteagal 24 den Chomhaontú Eatramhach, agus dá éis Airteagal 39 de CCC, glacfar é i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 8a(3) den Rialachán seo, mura sonraítear a mhalairt in Airteagal 24 den Chomhaontú Eatramhach, agus dá éis in Airteagal 39 de CCC. Airteagal 6 Clásal ganntanais I gcás inar gá don Aontas beart a dhéanamh amhail dá bhforáiltear in Airteagal 25 den Chomhaontú Eatramhach, agus dá éis in Airteagal 40 de CCC, glacfar an beart sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 8a(3) den Rialachán seo.". |
|
(3) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú mír, an cheathrú mír agus an chúigiú mír d'Airteagal 7: "Glacfaidh an Coimisiún na bearta sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 8a(2), nó i gcásanna práinne, in Airteagal 8a(4).". |
|
(4) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8(2): "2. Glacfaidh an Coimisiún na bearta sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 8a(3), nó i gcásanna práinne, i gcomhréir le hAirteagal 8a(4).". |
|
(5) |
Cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas: "Airteagal 8a An nós imeachta coiste 1. Chun críocha Airteagal 2, Airteagal 4 agus Airteagal 11 den Rialachán seo, beidh an Coiste um an gCód Custaim arna bhunú le hAirteagal 184 de Rialachán (CEE) Uimh. 450/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*44) de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*45). 2. Chun críocha Airteagail 5, 6, 7 agus 8 den Rialachán seo, beidh an Coiste um Choimircí arna bhunú le hAirteagal 4(1) de Rialachán (CE) Uimh. 260/2009 ón gComhairle (*46) de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. 3. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. 4. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 i gcomhar le hAirteagal 5 den Rialachán sin. (*44) Rialachán (CE) Uimh. 450/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 lena leagtar síos Cód Custaim an Chomhphobail (Cód Custaim Nuachóirithe) (IO L 145, 4.6.2008, lch. 1)." (*45) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13)" (*46) Rialachán (CE) Uimh. 260/2009 an 26 Feabhra 2009 ón gComhairle maidir le comhrialacha maidir le hallmhairithe (IO L 84, 31.3.2009, lch. 1)."." |
|
(6) |
In Airteagal 11, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú mír: "Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh, i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 8a(3) den Rialachán seo, cóir fhabhrach ábhartha na dtáirgí a fhionraí go sealadach amhail dá bhforáiltear in Airteagal 29(4) den Chomhaontú Eatramhach, agus dá éis in Airteagal 44(4) de CCC.". |
|
(7) |
Scriostar Airteagal 12. |
18. Rialachán (CE) Uimh. 597/2009
I ndáil le Rialachán (CE) Uimh. 597/2009, ceanglaítear le cur chun feidhme an Rialacháin seo coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le bearta sealadacha agus bearta cinntitheacha a ghlacadh, agus le haghaidh imscrúdú a fhoirceannadh gan bearta a ghlacadh. Ba cheart go nglacfadh an Coimisiún na bearta sin i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
Ba cheart an nós imeachta comhairliúcháin a úsáid maidir le bearta sealadacha a ghlacadh i bhfianaise éifeachtaí na mbeart sin agus a loighce seicheamhaí maidir le glacadh na beart críochnaitheach. Ba cheart go n-úsáidfear é freisin chun glacadh le gealltanais, chun athbhreithnithe éaga a thionscnamh nó gan iad a thionscnamh, chun fionraí beart a fhadú agus chun bearta a athshuíomh i bhfianaise éifeacht na mbeart sin i gcomparáid le bearta cinntitheacha. I gcás ina mbeadh moill ar fhorchur na mbeart ina cúis le damáiste a bheadh deacair a leigheas, is gá a cheadú don Choimisiún bearta sealadacha atá infheidhme láithreach a ghlacadh.
Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 mar seo a leanas:
|
(1) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10(8): "8. Más rud é, i gcúinsí speisialta, go gcinneann an Coimisiún imscrúdú a thionscnamh gan gearán i scríbhinn a bheith faighte aige ó thionscal an Aontais nó thar ceann thionscal an Aontais chun an imscrúdú sin a thionscnamh, déanfar é sin ar bhonn fianaise leordhóthanaí go bhfuil fóirdheontais in-fhrithchúitithe, díobháil agus nasc cúisíoch ann, mar a léirítear i mír 2, chun údar a thabhairt leis an tionscnamh sin. Cuirfidh an Coimisiún faisnéis ar fáil do na Ballstáit tar éis dó a chinneadh go raibh gá leis an imscrúdú sin a thionscnamh.". |
|
(2) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10(11): "11. I gcás inar léir go bhfuil dóthain fianaise ann chun údar a thabhairt le himeachtaí a thionscnamh, déanfaidh an Coimisiún amhlaidh laistigh de 45 lá ón dáta a chuirtear an ngearán isteach agus foilseoidh sé fógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. I gcás nach gcuirtear dóthain fianaise isteach, cuirfear é sin in iúl don ghearánach laistigh de 45 lá ón ngearán a chur isteach chuig an gCoimisiún. Cuirfidh an Coimisiún faisnéis ar fáil do na Ballstáit maidir lena anailís ar an ngearán de ghnáth laistigh de 21 lá ón ngearán a chur isteach chuig an gCoimisiún.". |
|
(3) |
Leasaítear Airteagal 12 mar seo a leanas:
|
|
(4) |
Leasaítear Airteagal 13 mar seo a leanas:
|
|
(5) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 14(2): "2. I gcás ina bhfuil bearta cosanta neamhriachtanach déanfar an t-imscrúdú nó na himeachtaí a fhoirceannadh. Foirceannfaidh an Coimisiún an t-imscrúdú i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 25(3).". |
|
(6) |
Leasaítear Airteagal 15(1) mar seo a leanas:
|
|
(7) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre d'Airteagal 16(2): "2. I gcás ina mbeidh dleacht shealadach curtha i bhfeidhm agus i gcás ina léireoidh na fíorais, faoi mar a shuífear sa deireadh thiar thall iad, go bhfuil fóirdheontais in-fhrithchúitithe agus díobháil ann, cinnfidh an Coimisiún cén cion den dleacht shealadach atá le bailiú go cinntitheach, is cuma má tá dleacht chinntitheach frithchúitimh le forchur.". |
|
(8) |
In Airteagal 20, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír: "Tionscnófar an t-athbhreithniú sin tar éis deis a thabhairt do tháirgeoirí an Aontais tuairim a nochtadh.". |
|
(9) |
In Airteagal 21(4), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre: "4. Cinnfidh an Coimisiún ar cheart an t-iarratas a dheonú agus a mhéid ar cheart é a dheonú, nó féadfaidh sé a chinneadh ag tráth ar bith go dtionscnófar athbhreithniú eatramhach, agus leis sin, úsáidfear faisnéis agus cinntí an athbhreithnithe sin, a dhéanfar i gcomhréir leis na forálacha is infheidhme maidir le hathbhreithnithe den sórt sin, d'fhonn a chinneadh an mbeidh bonn cirt le haisíocaíocht agus a mhéid a bheidh bonn cirt léi.". |
|
(10) |
Leasaítear Airteagal 22 mar seo a leanas:
|
|
(11) |
Leasaítear Airteagal 23 mar seo a leanas:
|
|
(12) |
Leasaítear Airteagal 24 mar seo a leanas:
|
|
(13) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 25: "Airteagal 25 An nós imeachta Coiste 1. Beidh an Coiste a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle (*47) de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*48). 2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. 3. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. 4. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 i dteannta Airteagal 4 den Rialachán sin. 5. De bhun Airteagal 3(5) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, i gcás ina rachfar in iontaoibh nós imeachta i scríbhinn maidir le bearta cinntitheacha a ghlacadh de bhun mhír 3 den Airteagal seo nó maidir le cinneadh a dhéanamh i ndáil le hathbhreithnithe éaga a thionscnamh nó gan iad a thionscnamh de bhun Airteagal 18 den Rialachán seo, déanfar an nós imeachta sin a fhoirceannadh gan toradh i gcás, laistigh den teorainn ama a leagtar síos ag an gcathaoirleach, ina gcinnfidh an cathaoirleach amhlaidh nó ina n-iarrfaidh tromlach de chomhaltaí an choiste, mar a shainmhínítear é in Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 amhlaidh. Má théitear in iontaoibh nós imeachta i scríbhinn i gcásanna eile ina ndearnadh an dréacht-bheart a phlé sa choiste, cuirfear críoch gan toradh leis an nós imeachta sin má chinneann an cathaoirleach amhlaidh nó má iarrann tromlach simplí de chomhaltaí an choiste amhlaidh laistigh den teorainn ama a leagann an cathaoirleach síos. Má théitear in iontaoibh nós imeachta i scríbhinn i gcásanna eile nuair nach ndearnadh an dréacht-bheart a phlé sa choiste, cuirfear críoch gan toradh leis an nós imeachta sin má chinneann an cathaoirleach amhlaidh nó má iarrann an cheathrú chuid de chomhaltaí an choiste amhlaidh laistigh den teorainn ama a leagfaidh an cathaoirleach síos. 6. Féadfaidh an coiste aon ábhar a mheas a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ar ábhar é a tharraingeoidh an Coimisiún anuas nó ar iarratas ó Bhallstát. Féadfaidh na Ballstáit faisnéis a iarraidh agus féadfaidh siad tuairimí a mhalartú sa choiste nó go díreach leis an gCoimisiún. (*47) Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad (IO L 343, 22.12.2009, lch. 51)." (*48) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13)."." |
|
(14) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 29(5): "5. Ní nochtfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit, nó oifigigh ceachtar acu sin, aon fhaisnéis a fuarthas de bhun an Rialacháin seo agus ar iarr a soláthraí go ndéileálfaí léi i modh rúnda, gan cead sonrach a fháil ón soláthraí. Ní sceithfear faisnéis a roinnfear idir an Coimisiún agus na Ballstáit ná doiciméid inmheánacha ar bith a ullmhóidh údaráis an Aontais nó Ballstáit an Aontais ach amháin nuair a fhoráiltear dó sin go sonrach sa Rialachán seo.". |
|
(15) |
In Airteagal 30, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4 agus mhír 5: "4. Tabharfar an nochtadh deireanach i scríbhinn. Déanfar é sin, ag féachaint go cuí don fhaisnéis rúnda a chosaint, a luaithe is féidir agus, de ghnáth, tráth nach déanaí ná mí amháin roimh na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagal 14 nó in Airteagal 15 a thionscnamh. I gcás nach féidir leis an gCoimisiún fíorais nó breithnithe áirithe a nochtadh ag an am sin, nochtfar iad sin a luaithe is féidir ina dhiaidh sin. Ní dhéanfaidh nochtadh aon dochar do chinneadh a fhéadfaidh an Coimisiún a ghlacadh ina dhiaidh sin ach, i gcás ina mbeidh cinneadh den sórt sin bunaithe ar fhíorais dhifriúla agus ar bhreithnithe difriúla ar bith, nochtfar iad sin a luaithe is féidir. 5. Aon uiríoll a dhéanfar tar éis an nochtadh deireanach a thabhairt, ní thabharfar aird air ach amháin má fhaightear é laistigh de thréimhse a shocróidh an Coimisiún i ngach cás, ach ar tréimhse í nach lú ná deich lá, agus aird chuí á tabhairt ar phráinn an ábhair. Féadfar tréimhse níos giorra a leagan amach i gcás ina gcaithfear nochtadh deireanach sa bhreis a dhéanamh.". |
|
(16) |
Leasaítear Airteagal 31 mar seo a leanas:
|
|
(17) |
Cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas: "Airteagal 33a Tuarascáil Déanfaidh an Coimisiún faisnéis a áireamh maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo ina thuarascáil bhliantúil maidir le bearta cosanta trádála a chur i bhfeidhm agus a chur chun feidhme chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle de bhun Airteagal 22a de Rialachán (CE, Uimh.) Uimh. 1225/2009.". |
19. Rialachán (CE) Uimh. 260/2009
I ndáil le Rialachán (CE) Uimh. 260/2009, ceanglaítear le cur chun feidhme an Rialacháin seo coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le bearta cosanta sealadacha agus cinntitheacha a ghlacadh, agus le haghaidh bearta réamhfhaireachais a fhorchur. Ba cheart don Choimisiún na bearta sin a ghlacadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
Ba cheart an nós imeachta comhairleach a úsáid maidir le bearta faireachais agus bearta sealadacha a ghlacadh i bhfianaise éifeachtaí na mbeart sin agus a loighce seicheamhaí maidir le bearta cosanta cinntitheacha a ghlacadh. I gcás ina mbeadh moill ar fhorchur na mbeart ina cúis le dochar a bheadh deacair a leigheas, is gá a cheadú don Choimisiún bearta sealadacha atá infheidhme láithreach a ghlacadh.
Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 260/2009 mar seo a leanas:
|
(1) |
Scriostar Airteagal 3. |
|
(2) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4: "Airteagal 4 1. Beidh Coiste um Choimircí de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*49). 2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. 3. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. 4. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 i dteannta Airteagal 5 den Rialachán sin. 5. De bhun Airteagal 3(5) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, i gcás ina rachfar in iontaoibh nós imeachta i scríbhinn le haghaidh bearta cinntitheacha a ghlacadh de bhun Airteagal 17 den Rialachán seo, déanfar an nós imeachta sin a fhoirceannadh gan toradh i gcás, laistigh den teorainn ama a leagfaidh an cathaoirleach síos, ina gcinnfidh an cathaoirleach amhlaidh nó ina n-iarrfaidh tromlach de chomhaltaí an choiste, mar a shainmhínítear é in Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 amhlaidh. Má théitear in iontaoibh nós imeachta i scríbhinn i gcásanna eile ina ndearnadh an dréacht-bheart a phlé sa choiste, cuirfear críoch gan toradh leis an nós imeachta sin má chinneann an cathaoirleach amhlaidh nó má iarrann tromlach simplí de chomhaltaí an choiste amhlaidh laistigh den teorainn ama a leagfaidh an cathaoirleach síos. Má théitear in iontaoibh nós imeachta i scríbhinn i gcásanna eile nuair nach ndearnadh an dréacht-bheart a phlé sa choiste, cuirfear críoch gan toradh leis an nós imeachta sin má chinneann an cathaoirleach amhlaidh nó má iarrann an cheathrú chuid de chomhaltaí an choiste amhlaidh laistigh den teorainn ama a leagfaidh an cathaoirleach síos. (*49) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13)."." |
|
(3) |
Leasaítear Airteagal 6 mar seo a leanas:
|
|
(4) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7(2): "2. I gcás ina measfaidh an Coimisiún, laistigh de naoi mí ó thionscnamh an imscrúdaithe, nach gá don Aontas aon fhaireachas a dhéanamh ná bhearta cosanta ar bith a dhéanamh, foirceannfar an t-imscrúdú laistigh d'aon mhí amháin. Foirceannfaidh an Coimisiún an t-imscrúdú i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 4(2).". |
|
(5) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9(2): "2. Ní nochtfaidh an Coimisiún ná na Ballstáit lena n-áirítear nó oifigigh ceachtar acu sin aon fhaisnéis de chineál rúnda a gheofar de bhun an Rialacháin seo ná aon fhaisnéis a chuirfear ar fáil ar bhonn rúnda, gan cead sonrach a fháil ó sholáthraí na faisnéise sin.". |
|
(6) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11: "2. Maidir leis an gcinneadh chun faireachas a fhorchur, glacfaidh an Coimisiún é trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 4(2).". |
|
(7) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13: "Airteagal 13 I gcás nár cuireadh allmhairiú táirge faoi réir fhaireachas an Aontais roimh ré, féadfaidh an Coimisiún faireachas a thabhairt isteach, i gcomhréir le hAirteagal 18, i gcás allmhairithe isteach i réigiún amháin nó níos mó ná réigiún amháin de chuid an Aontais agus i gcás na n-allmhairithe sin amháin. Cuirfidh an Coimisiún faisnéis ar fáil do na Ballstáit a luaithe a chinnfidh sé faireachán a thionscnamh.". |
|
(8) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6 agus mhír 7 d'Airteagal 16: "6. I gcás ina n-iarrfaidh Ballstát ar an gCoimisiún idirghabháil a dhéanamh, déanfaidh an Coimisiún cinneadh, ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 4(3), nó i gcásanna éigeandála, i gcomhréir le hAirteagal 4(4), laistigh de chúig lá oibre ar a mhéad ón dáta a fhaightear iarraidh den sórt sin.". |
|
(9) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 17: "Airteagal 17 Nuair is gá sin chun leas an Aontais, féadfaidh an Coimisiún, ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 4(3) agus le téarmaí Chaibidil III, bearta iomchuí a ghlacadh chun cosc a chur ar tháirge a allmhairiú isteach san Aontas i gcainníochtaí atá méadaithe chomh mór sin agus/nó ar théarmaí nó ar choinníollacha a bheidh ina gcúis, nó ag bagairt a bheith ina gcúis, le díobháil thromchúiseach do tháirgeoirí de chuid an Aontais a tháirgeann táirgí cosúla nó táirgí dír-iomaíocha. Beidh feidhm ag mír 2 go mír 5 d'Airteagal 16.". |
|
(10) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 21: "Airteagal 21 1. Fad a bhíonn aon bheart faireachais nó cosanta i bhfeidhm, ar beart é a chuirfear i bhfeidhm i gcomhréir le Caibidil IV agus Caibidil V, féadfaidh an Coimisiún, ar iarratas ó Bhallstát nó ar thionscnamh an Choimisiúin féin, agus tráth nach déanaí ná lárphointe na tréimhse ina gcuirfear na bearta i bhfeidhm ar feadh os cionn trí bliana, na nithe a leanas a dhéanamh:
I gcás ina measfaidh an Coimisiún go bhfuil cur i bhfeidhm an bhirt fós riachtanach, cuirfidh sé na Ballstáit ar an eolas dá réir sin. 2. I gcás ina measfaidh an Coimisiún gur cheart aon fhaireachas nó aon bheart cosanta dá dtagraítear in Airteagail 11, 13, 16, 17 agus 18 a chúlghairm nó a leasú, déanfaidh sé na bearta a chúlghairm nó a leasú ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 4(3). Maidir le cinneadh a bhaineann le beart faireachais réigiúnaigh, beidh feidhm aige ón séú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.". |
|
(11) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 23: "Airteagal 23 Nuair is gá sin chun leas an Aontais, féadfaidh an Coimisiún bearta iomchuí a ghlacadh lena gcuirtear chun feidhme gníomhartha reachtacha, ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 4(3), chun go bhféadfar cearta agus oibleagáidí an Aontais nó a Bhallstát uile a fheidhmiú agus a chomhall ar an leibhéal idirnáisiúnta, go háirithe iad sin a bhaineann le trádáil i dtráchtearraí.". |
|
(12) |
Cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas: "Airteagal 23a Tuarascáil Déanfaidh an Coimisiún faisnéis a áireamh maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo ina thuarascáil bhliantúil maidir le bearta cosanta trádála a chur i bhfeidhm agus a chur chun feidhme chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle de bhun Airteagal 22a de Rialachán 1225/2009 (*50). (*50) Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad (IO L 343, 22.12.2009, lch. 51),"" |
20. Rialachán (CE) Uimh. 625/2009
I ndáil le Rialachán (CE) Uimh. 625/2009, ceanglaítear le cur chun feidhme an Rialacháin seo coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le bearta cosanta sealadacha agus cinntitheacha a ghlacadh, agus le haghaidh bearta réamhfhaireachais a fhorchur. Ba cheart don Choimisiún na bearta sin a ghlacadh i gcomhréir le forálacha Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
Ba cheart an nós imeachta comhairleach a úsáid maidir le bearta faireachais agus bearta sealadacha a ghlacadh i bhfianaise éifeachtaí beart den sórt sin agus a loighce seicheamhaí maidir le glacadh na mbeart cosanta cinntitheach. I gcás ina mbeadh moill ar fhorchur na mbeart ina cúis le dochar a bheadh deacair a leigheas, is gá a cheadú don Choimisiún bearta sealadacha atá infheidhme láithreach a ghlacadh.
Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 625/2009 mar seo a leanas:
|
(1) |
Scriostar Airteagal 3. |
|
(2) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4: "Airteagal 4 1. Beidh Coiste um Choimircí a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 260/2009 ón gComhairle (*51) de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*52). 2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. 3. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. 4. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 i dteannta Airteagal 5 den Rialachán sin. (*51) Rialachán (CE) Uimh. 260/2009 ón gComhairle an 26 Feabhra 2009 maidir le comhrialacha maidir le hallmhairí (IO L 84, 31.3.2009, lch. 1)." (*52) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13)."." |
|
(3) |
Leasaítear Airteagal 5 mar seo a leanas:
|
|
(4) |
In Airteagal 6(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte: "2. I gcás ina measfaidh an Coimisiún, laistigh de naoi mí ó thionscnamh an imscrúdaithe, nach gá don Aontas aon fhaireachas a dhéanamh ná aon bheart cosanta a dhéanamh, foirceannfar an t-imscrúdú laistigh d'aon mhí amháin. Foirceannfaidh an Coimisiún an t-imscrúdú i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 4(2).". |
|
(5) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7(2): "2. Ní nochtfaidh an Coimisiún ná na Ballstáit lena n-áirítear nó oifigigh ceachtar acu sin aon fhaisnéis de chineál rúnda a gheofar de bhun an Rialacháin seo ná aon fhaisnéis a gheofar ar bhonn rúnda, gan cead sonrach a fháil ó sholáthraí na faisnéise sin.". |
|
(6) |
In Airteagal 9, cuirtear isteach an mhír seo a leanas: "1a. Maidir le cinntí a ghlactar de bhun mhír 1, glacfaidh an Coimisiún iad i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 4(2).". |
|
(7) |
In Airteagal 11, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fleasc:
|
|
(8) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12: "Airteagal 12 I gcás nach mbeidh allmhairiú táirge curtha faoi réir fhaireachas an Aontais roimh ré, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 4(2) agus i gcomhréir le hAirteagal 17, faireachas a thabhairt isteach i gcás allmhairiú isteach i réigiún amháin nó i níos mó ná réigiún amháin de chuid an Aontais, agus sa chás sin amháin.". |
|
(9) |
Leasaítear Airteagal 15 mar a leanas:
|
|
(10) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 16(1): "1. Féadfaidh an Coimisiún, go háirithe sa chás dá dtagraítear in Airteagal 15(1), bearta iomchuí cosanta a ghlacadh, ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 4(3).". |
|
(11) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 18: "Airteagal 18 1. Fad a bheidh aon bheart faireachais nó cosanta a chuirfear i bhfeidhm i gcomhréir le Caibidil IV agus le Caibidil V, i bhfeidhm, féadfaidh an Coimisiún, ar iarratas ó Bhallstát nó ar thionscnamh an Choimisiúin féin, na nithe a leanas a dhéanamh:
I gcás ina measfaidh an Coimisiún go bhfuil cur i bhfeidhm an bhirt fós riachtanach, cuirfidh sé na Ballstáit ar an eolas dá réir sin. 2. I gcás ina measfaidh an Coimisiún gur cheart aon fhaireachas nó aon bheart cosanta dá dtagraítear i gCaibidil IV agus i gCaibidil V a chúlghairm nó a leasú, déanfaidh sé an beart a chúlghairm nó a leasú ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 4(3).". |
|
(12) |
Cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas: "Airteagal 19a Déanfaidh an Coimisiún faisnéis a áireamh maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo ina thuarascáil bhliantúil maidir le bearta cosanta trádála a chur i bhfeidhm agus a chur chun feidhme, chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle de bhun Airteagal 22a de Rialachán 1225/2009 ón gComhairle (*53). (*53) Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad (IO L 343, 22.12.2009, lch. 51)."." |
21. Rialachán (CE) Uimh. 1061/2009
I ndáil le Rialachán (CE) Uimh. 1061/2009, ceanglaítear le cur chun feidhme an Rialacháin seo coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le bearta cosanta sealadacha agus cinntitheacha a ghlacadh, agus le haghaidh bearta réamhfhaireachais a fhorchur. Ba cheart don Choimisiún na bearta sin a ghlacadh i gcomhréir le forálacha Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
I gcás ina mbeadh moill ar fhorchur na mbeart ina cúis le dochar a bheadh deacair a leigheas, is gá a cheadú don Choimisiún bearta sealadacha atá infheidhme láithreach a ghlacadh.
Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1061/2009 mar seo a leanas:
|
(1) |
Scriostar Airteagal 3. |
|
(2) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4: "Airteagal 4 1. Beidh an Coiste um Choimircí a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 260/2009 ón gComhairle (*54) de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*55). 2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. 3. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, i dteannta Airteagal 5 den Rialachán sin. (*54) Rialachán (CE) Uimh. 260/2009 ón gComhairle an 26 Feabhra 2009 maidir le comhrialacha le haghaidh hallmhairí cúnamh a thabhairt don Choimisiún (IO L 84, 31.3.2009, lch. 1)." (*55) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí. *cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13)."." |
|
(3) |
Leasaítear Airteagal 6 mar seo a leanas:
|
|
(4) |
In Airteagal 7(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta tosaigh: "1. Nuair is gá sin chun leas an Aontais, féadfaidh an Coimisiún bearta iomchuí a ghlacadh ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 4(2):". |
|
(5) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8: "Airteagal 8 1. Fad a bhíonn aon bheart dá dtagraítear in Airteagal 6 agus in Airteagal 7 i bhfeidhm, féadfaidh an Coimisiún, ar iarratas ó Bhallstát nó ar thionscnamh an Choimisiúin féin, na nithe a leanas a dhéanamh:
I gcás ina measfaidh an Coimisiún go bhfuil cur i bhfeidhm an bhirt fós riachtanach, cuirfidh sé na Ballstáit ar an eolas dá réir sin. 2. I gcás ina measfaidh an Coimisiún gur cheart aon bheart dá dtagraítear in Airteagal 6 nó in Airteagal 7 a chúlghairm nó a leasú, gníomhóidh sé i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 4(2).". |
|
(6) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre d'Airteagal 9: "Maidir leis na tairgí a liostaítear in Iarscríbhinn I, go dtí go nglacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle bearta iomchuí de bhun na ngealltanas idirnáisiúnta a rinne an tAontas nó a Bhallstáit uile, údarófar do na Ballstáit, gan dochar do na rialacha a bheidh glactha ag an Aontas sa réimse sin an córas comhroinnte práinneach a chur chun feidhme lena dtugtar isteach oibleagáid liúntais maidir le tríú tíortha dá bhforáiltear i ngealltanais idirnáisiúnta a bheidh déanta sula dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm.". |
|
(7) |
Cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas: "Airteagal 9a Déanfaidh an Coimisiún faisnéis a áireamh maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo ina thuarascáil bhliantúil 2009 maidir le bearta cosanta trádála a chur i bhfeidhm agus a chur chun feidhme, chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle de bhun Airteagal 22a de Rialachán 1225/2009 (*56). (*56) Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad."." |
22. Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle
I ndáil le Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009, ceanglaítear le cur chun feidhme an Rialacháin seo coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le bearta sealadacha agus bearta cinntitheacha a ghlacadh, agus le haghaidh imscrúdú a fhoirceannadh gan bearta a ghlacadh. Ba cheart go nglacfadh an Coimisiún na bearta sin i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
Ba cheart an nós imeachta comhairleach a úsáid maidir le bearta sealadacha a ghlacadh i bhfianaise éifeachtaí beart den sórt sin agus a loighce seicheamhaí maidir le glacadh beart críochnaitheach. Ba cheart go n-úsáidfí é freisin chun glacadh le gealltanais, chun athbhreithnithe éaga a thionscnamh nó gan iad a thionscnamh, chun fionraí beart a fhadú agus chun bearta a athshuíomh i bhfianaise éifeacht beart den sórt sin i gcomparáid le bearta cinntitheacha. I gcás ina mbeadh moill ar fhorchur na mbeart ina cúis le dochar a bheadh deacair a leigheas, is gá a cheadú don Choimisiún bearta sealadacha atá infheidhme láithreach a ghlacadh.
Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 mar seo a leanas:
|
(1) |
In Airteagal 2(7), leasaítear fomhír (c) mar a leanas:
|
|
(2) |
Leasaítear Airteagal 5 mar seo a leanas:
|
|
(3) |
Leasaítear Airteagal 7 mar seo a leanas:
|
|
(4) |
Leasaítear Airteagal 8 mar seo a leanas:
|
|
(5) |
Leasaítear Airteagal 9 mar seo a leanas:
|
|
(6) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte d'Airteagal 10(2): "2. I gcás dleacht shealadach a bheith curtha i bhfeidhm agus i gcás ina léireoidh na fíorais, faoi mar a shuífear sa deireadh thiar thall iad, go bhfuil dumpáil agus díobháil ann, cinnfidh an Coimisiún cén chion den dleacht shealadach atá le bailiú go cinntitheach, is cuma má tá dleacht chinntitheach frithdhumpála le forchur." |
|
(7) |
Leasaítear Airteagal 11 mar seo a leanas:
|
|
(8) |
Leasaítear Airteagal 12 mar seo a leanas:
|
|
(9) |
Leasaítear Airteagal 13 mar seo a leanas:
|
|
(10) |
Leasaítear Airteagal 14 mar seo a leanas:
|
|
(11) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15: "Airteagal 15 An nós imeachta Coiste 1. Beidh Coiste de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*57). 2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. 3. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. 4. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 i gcomhar le hAirteagal 4 den Rialachán sin. 5. De bhun Airteagal 3(5) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, i gcás ina rachfar in iontaoibh nós imeachta i scríbhinn maidir le bearta cinntitheacha a ghlacadh de bhun mhír 3 den Airteagal seo nó maidir le cinneadh a dhéanamh i ndáil le hathbhreithnithe éaga a thionscnamh nó gan iad a thionscnamh de bhun Airteagal 11(6) den Rialachán seo, déanfar an nós imeachta sin a fhoirceannadh gan toradh i gcás, laistigh den teorainn ama a leagfaidh an cathaoirleach síos, ina gcinnfidh an cathaoirleach amhlaidh nó ina n-iarrfaidh tromlach de chomhaltaí an choiste, mar a shainmhínítear é in Airteagal5(1) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 amhlaidh. Má théitear in iontaoibh nós imeachta i scríbhinn i gcásanna eile ina ndearnadh an dréacht-bheart a phlé sa choiste, cuirfear críoch gan toradh leis an nós imeachta sin má chinneann an cathaoirleach amhlaidh nó má iarrann tromlach simplí de chomhaltaí an choiste amhlaidh laistigh den teorainn ama a leagann an cathaoirleach síos. Má théitear in iontaoibh nós imeachta i scríbhinn i gcásanna eile nuair nach ndearnadh an dréacht-bheart a phlé sa choiste, cuirfear críoch gan toradh leis an nós imeachta sin má chinneann an cathaoirleach amhlaidh nó má iarrann an cheathrú chuid de chomhaltaí an choiste amhlaidh laistigh den teorainn ama a leagann an cathaoirleach síos. 6. Féadfaidh an Coimisiún aon ábhar a mheas a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ar ábhar é a tharraingeoidh an Coimisiún anuas nó ar iarratas ó Bhallstát. Féadfaidh na Ballstáit faisnéis a iarraidh agus féadfaidh siad tuairimí a mhalartú sa Choiste nó go díreach leis an gCoimisiún. (*57) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13)."." |
|
(12) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 19(5): "5. Ní nochtfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit, nó oifigigh ceachtar acu sin, aon fhaisnéis a fuarthas de bhun an Rialacháin seo agus ar iarr a soláthraí go ndéileálfaí léi i modh rúnda, gan cead sonrach a fháil ón soláthraí. Ní sceithfear faisnéis a roinnfear idir an Coimisiún agus na Ballstáit ná aon doiciméad inmheánach a ullmhóidh údaráis an Aontais nó Ballstáit an Aontais ach amháin nuair a fhoráiltear dó sin go sonrach sa Rialachán seo." |
|
(13) |
In Airteagal 20, cuirtear an méid seo a leans in ionad mhír 4 agus mhír 5: "4. Tabharfar an nochtadh deireanach i scríbhinn. Déanfar é sin, ag féachaint go cuí don fhaisnéis rúnda a chosaint, a luaithe is féidir agus, de ghnáth, tráth nach déanaí ná mí amháin roimh na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagal 9 a thionscnamh. I gcás nach féidir leis an gCoimisiún fíorais nó breithnithe áirithe a nochtadh ag an am sin, nochtfar iad sin a luaithe is féidir ina dhiaidh sin. Ní dhéanfaidh nochtadh aon dochar do chinneadh a d'fhéadfadh an Coimisiún a ghlacadh ina dhiaidh sin ach, i gcás ina mbeidh cinneadh den sórt sin bunaithe ar fhíorais agus ar bhreithnithe difriúla, nochtfar iad sin a luaithe is féidir. 5. Aon uiríoll a dhéanfar tar éis an nochtadh deireanach a thabhairt, ní thabharfar aird air ach amháin má fhaightear é laistigh de thréimhse a shocróidh an Coimisiún i ngach cás, ach ar tréimhse í nach lú ná deich lá, agus aird chuí á tabhairt ar phráinn an ábhair. Féadfar tréimhse níos giorra a leagan amach i gcás ina gcaithfear nochtadh deireanach sa bhreis a dhéanamh.". |
|
(14) |
In Airteagal 21, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4, mhír 5 agus mhír 6: "4. Féadfaidh na páirtithe a ghníomhaigh i gcomhréir le mír 2 tuairimí a sholáthar maidir le haon dleacht shealadach a chur i bhfeidhm. Ní chuirfear na tuairimí sin san áireamh mura bhfaighfear iad laistigh de chúig lá dhéag ó chur i bhfeidhm na mbeart sin agus cuirfear na tuairimí sin, nó achoimrí iomchuí díobh, ar fáil do pháirtithe eile a bheidh i dteideal freagra a thabhairt orthu. 5. Scrúdóidh an Coimisiún an fhaisnéis a dhéanfar a thíolacadh go cuí agus scrúdóidh sé a ionadaí atá sí agus déanfar torthaí na hanailíse sin, mar aon le tuairim ar a fhiúntaí atá sí, a sheoladh chuig an gCoiste mar chuid den dréacht-bheart a chuirfear isteach de bhun Airteagal 9 den Rialachán seo. Ba cheart don Choimisiún tuairimí an choiste a chur san áireamh faoi na coinníollacha dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. 6. Na páirtithe a ghníomhaigh i gcomhréir le mír 2, féadfaidh siad a iarraidh go gcuirfí ar fáil daoibh na fíricí agus na nithe is dóchúil go gcuirfear san áireamh iad agus na cinntí deireanacha á nglacadh. Cuirfear faisnéis den sórt sin ar fáil a mhéid agus is féidir agus gan dochar d'aon chinneadh a dhéanfaidh an Coimisiún ina dhiaidh sin.". |
|
(15) |
Cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas: "Airteagal 22a Tuarascáil 1. Déanfaidh an Coimisiún, agus aird chuí aige ar chosaint faisnéise rúnda de réir bhrí Airteagal 19, tuarascáil bhliantúil a thíolacadh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le cur i bhfeidhm agus cur chun feidhme an Rialacháin seo. Beidh san áireamh sa tuarascáil sin faisnéis faoi bhearta sealadacha agus bearta críochnaitheacha a chur i bhfeidhm, faoi imscrúduithe a fhoirceannadh gan bearta a ghlacadh, faoi ath-imscrúduithe, faoi athbhreithnithe agus cuairteanna fíorúcháin, agus faoi ghníomhaíochtaí na gcomhlachtaí éagsúla atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Rialacháin seo agus as comhlíonadh na n-oibleagáidí a eascraíonn as sin. 2. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa, laistigh de mhí amháin ó thíolacadh na tuarascála ag an gCoimisiún, a iarraidh ar an gCoimisiún teacht chuig cruinniú ad hoc de choiste freagrach na Parlaiminte chun saincheisteanna ar bith a bhaineann le cur chun feidhme an Rialacháin seo a chur i láthair agus a mhíniú. 3. Tráth nach déanaí ná sé mhí i ndiaidh don Choimisiún an tuarascáil a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, poibleoidh an Coimisiún an tuarascáil.". |
(*1) Rialachán (CE) Uimh. 260/2009 ón gComhairle an 26 Feabhra 2009 maidir le comhrialacha d'allmhairí (IO L 84, 31.3.2009, lch. 1).
(*2) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(*3) Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad (IO L 343, 22.12.2009, lch. 51).".
(*4) Rialachán (CE) Uimh. 260/2009 ón gComhairle an 26 Feabhra 2009 maidir le comhrialacha d'allmhairí (IO L 84, 31.3.2009, lch. 1).
(*5) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(*6) Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad (IO L 343, 22.12.2009, lch. 51).".
(*7) Rialachán (CE) Uimh. 260/2009 ón gComhairle an 26 Feabhra 2009 maidir le comhrialacha d'allmhairí (IO L 84, 31.3.2009, lch. 1).
(*8) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(*9) Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad (IO L 343, 22.12.2009, lch. 51).".
(*10) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).".
(*11) Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad (IO L 343, 22.12.2009, lch. 51)".
(*12) Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad (IO L 343, 22.12.2009, lch. 51).
(*13) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).".
(*14) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).".
(*15) Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad (IO L 343, 22.12.2009, lch. 51).
(*16) Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 ón gComhairle an 11 Meitheamh 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí fóirdheontais ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad (IO L 188, 18.7.2009, lch. 93).".
(*17) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).".
(*18) Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 ón gComhairle an 11 Meitheamh 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí fóirdheontais ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad (IO L 188, 18.7.2009, lch. 93).".
(*19) Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2007 lena mbunaítear comheagrú na margaí talmhaíochta agus lena leagtar síos forálacha sonracha do tháirgí áirithe talmhaíochta (an Rialachán maidir le CEM aonair) (IO L 299, 16.11.2007, lch. 1).
(*20) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(*21) Rialachán (CE) Uimh. 450/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008, lena leagtar síos an Cód Custaim Comhphobail (an Cód Custaim Nuachóirithe) (IO L 145, 4.6.2008, lch. 1).
(*22) Rialachán (CE) Uimh. 260/2009 ón gComhairle an 26 Feabhra 2009 maidir leis na comhrialacha d'allmhairí (IO L 84, 31.3.2009, lch. 1).".
(*23) Rialachán (CE) Uimh. 625/2009 ón gComhairle an 7 Iúil 2009 maidir le comhrialacha d'allmhairí ó thríú tíortha áirithe (IO L 185, 17.7.2009, lch. 1).".
(*24) Rialachán (CE) Uimh. 625/2009 ón gComhairle an 26 Feabhra 2009 maidir le comhrialacha d'allmhairí (IO L 84, 31.3.2009, lch. 1).
(*25) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 20.2.2011, lch. 13).".
(*26) Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad (IO L 343, 22.12.2009, lch. 51).".
(*27) Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad (IO L 343, 22.12.2009, lch. 51).
(*28) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).".
(*29) Rialachán (CE) Uimh. 450/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 lena leagtar síos Cód Custaim an Chomhphobail (Cód Custaim Nuachóirithe) (IO L 145, 4.6.2008, lch. 1).
(*30) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(*31) Rialachán (CEE) Uimh. 260/2009 ón gComhairle an 26 Feabhra 2009 maidir le comhrialacha maidir le hallmhairithe (IO L 84, 31.3.2009, lch. 1)."
(*32) Rialachán (CE) Uimh. 260/2009 an 26 Feabhra 2009 ón gComhairle maidir le comhrialacha maidir le hallmhairithe (IO L 84, 31.3.2009, lch. 1).
(*33) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13)
(*34) Rialachán (CE) Uimh. 450/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 lena leagtar síos Cód Custaim an Chomhphobail (Cód Custaim Nuachóirithe) (IO L 145, 4.6.2008, lch. 1)
(*35) Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2007 lena mbunaítear comheagrú na margaí talmhaíochta agus lena leagtar síos forálacha sonracha do tháirgí áirithe talmhaíochta (Rialachán maidir le CEM Aonair) (IO L 299, 16.11.2007, lch. 1).".
(*36) Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad (IO L 343, 22.12.2009, lch. 51).".
(*37) Rialachán (CE) Uimh. 450/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 lena leagtar síos Cód Custaim an Chomhphobail (Cód Custaim Nuachóirithe) (IO L 145, 4.6.2008, lch. 1).
(*38) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13)
(*39) Rialachán (CE) Uimh. 260/2009 an 26 Feabhra 2009 ón gComhairle maidir le comhrialacha maidir le hallmhairithe (IO L 84, 31.3.2009, lch. 1).".
(*40) Rialachán (CE) Uimh. 260/2009 an 26 Feabhra 2009 ón gComhairle maidir le comhrialacha maidir le hallmhairithe (IO L 84, 31.3.2009, lch. 1).
(*41) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13)
(*42) Rialachán (CE) Uimh. 450/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 lena leagtar síos Cód Custaim an Chomhphobail (Cód Custaim Nuachóirithe) (IO L 145, 4.6.2008, lch. 1)
(*43) Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2007 lena mbunaítear comheagrú na margaí talmhaíochta agus lena leagtar síos forálacha sonracha do tháirgí áirithe talmhaíochta (Rialachán maidir le CEM Aonair) (IO L 299, 16.11.2007, lch. 1).".
(*44) Rialachán (CE) Uimh. 450/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 lena leagtar síos Cód Custaim an Chomhphobail (Cód Custaim Nuachóirithe) (IO L 145, 4.6.2008, lch. 1).
(*45) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13)
(*46) Rialachán (CE) Uimh. 260/2009 an 26 Feabhra 2009 ón gComhairle maidir le comhrialacha maidir le hallmhairithe (IO L 84, 31.3.2009, lch. 1).".
(*47) Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad (IO L 343, 22.12.2009, lch. 51).
(*48) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).".
(*49) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).".
(*50) Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad (IO L 343, 22.12.2009, lch. 51),"
(*51) Rialachán (CE) Uimh. 260/2009 ón gComhairle an 26 Feabhra 2009 maidir le comhrialacha maidir le hallmhairí (IO L 84, 31.3.2009, lch. 1).
(*52) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).".
(*53) Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad (IO L 343, 22.12.2009, lch. 51).".
(*54) Rialachán (CE) Uimh. 260/2009 ón gComhairle an 26 Feabhra 2009 maidir le comhrialacha le haghaidh hallmhairí cúnamh a thabhairt don Choimisiún (IO L 84, 31.3.2009, lch. 1).
(*55) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí. *cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).".
(*56) Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad.".
(*57) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).".
Ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le hAirteagal 15(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1225/2008 agus maidir le hAirteagal 25(6) de Rialachán (CE) Uimh. 597/2009
Measann Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún go bhfuil bonn cirt le hAirteagal 15(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 agus Airteagal 25(6) de Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 a áireamh go heisiach ar bhonn thréithe sonracha na Rialachán sin sula ndéanfar iad a leasú leis an Rialachán seo. Mar thoradh air sin, is leis an dá Rialachán sin amháin a bhaineann áireamh forála, amhail na hAirteagal sin, agus agus ní bheidh sin mar fhasach ó thaobh dréachtú na reachtaíochta sa todhchaí..
Ar mhaithe lena bheith soiléir, tuigeann Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún nach dtugtar isteach le hAirteagal 15(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 agus Airteagal 25(6) de Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 nósanna imeachta atá difriúil ó na cinn dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 nó atá sa bhreis orthu sin.
Ráiteas ón gComhairle maidir le hAirteagal 3(4) agus Airteagal 6(2) de Rialachán (AE) Uimhir 182/2011 a chur i bhfeidhm maidir le himeachtaí frithdhumpála agus le himeachtaí dleachta fhrithchúitimh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 597/2009
Nuair a mholann Ballstát leasú maidir le dréachtbheart frithdhumpála nó dréachtbheart dleachta fhrithchúitimh dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 agus i Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 (na "Bunrialacháin"), i gcomhréir le hAirteagal 3(4) nó Airteagal 6(2) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, déanfaidh sé an méid a leanas:
|
(a) |
a áirithiú go molfar an leasú in am tráthúil, agus go n-urramófar leis na sprioc-amanna sna Bunrialacháin agus go léireofar leis go dteastaíonn ón gCoimisiún go leor ama chun aon nós imeachta nochta is gá a dhéanamh, an togra a scrúdú i gceart, agus go scrúdóidh an Coiste aon dréachtbheart leasaithe a mholtar; |
|
(b) |
a áirithiú go mbeidh an leasú molta ag teacht leis na Bunrialacháin mar a léiríonn Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh é agus leis na hoibleagáidí idirnáisiúnta ábhartha; |
|
(c) |
bonn cirt i scríbhinn a sholáthar lena chuirfear in iúl, ar a laghad, an bealach a mbaineann an leasú molta leis na Bunrialacháin agus leis na fíricí a shuitear san imscrúdú, agus féadfar a áireamh leo freisin aon argóint thacaíoch eile a mheasann an Ballstát a mholann an leasú é a bheith iomchuí. |
Ráiteas ón gCoimisiún maidir le himeachtaí frithdhumpála agus le himeachtaí dleachta fhrithchúitimh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 agus Rialachán (CE) Uimhir 597/2009
Aithníonn an Coimisiún a thábhachtaí is atá sé go bhfaigheadh na Ballstáit faisnéis má fhoráiltear di i Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 agus i Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 (na "Bunrialacháin") le go gcuirfí ar a gcumas cinntí oiriúnacha a dhéanamh agus déanfaidh an Coimisiún beart chun an cuspóir sin a bhaint amach.
* * *
Chun nach mbeidh aon amhras ann, tuigeann an Coimisiún leis an tagairt do chomhairliúcháin in Airteagal 8(5) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 go n-éilítear ar an gCoimisiún, seachas i gcásanna an-phráinneacha, tuairimí na mBallstát a lorg roimh dhleachtanna frithdhumpála nó frithchúitimh a ghlacadh.
* * *
Áiritheoidh an Coimisiún go mbainisteoidh sé gach gné de nósanna imeachta frithdhumpála agus frithchúitimh dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 agus i Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 ar bhealach éifeachtach, lena n-áirítear go bhféadfadh na Ballstáit leasuithe a mholadh, chun a áirithiú go n-urramófar na tréimhsí ama a leagtar síos agus na hoibleagáidí i leith páirtithe leasmhara a chruthaítear leis na Bunrialacháin agus go mbeidh aon bheart a fhorchuirfear sa deireadh comhsheasmhach leis na fíricí a shuitear leis an imscrúdú agus leis na Bunrialacháin mar a léiríonn Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh iad agus i gcomhréir le hoibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais.
Ráiteas ón gCoimisiún maidir leis an gcódú
Áireofar líon leasuithe suntasacha ar na gníomhartha atá i gceist le glacadh Rialachán (AE) Uimh. 37/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 15 Eanáir 2014 lena leasaítear rialacháin áirithe a bhaineann leis an gcomhbheartas tráchtála maidir leis na nósanna imeachta chun bearta áirithe a ghlacadh agus Rialachán (AE) Uimh. 38/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2014 lena leasaítear rialachán áirithe a bhaineann leis an gcomhbheartas tráchtála maidir le cumhachtaí tarmligthe agus cur chun feidhme a dheonú chun bearta áirithe a ghlacadh. Chun inléiteacht na ngníomhartha lena mbaineann a fheabhsú, molfaidh an Coimisiún códú na ngníomhartha chomh tapa agus is féidir tar éis an dá Rialachán sin a ghlacadh, agus ar a dhéanaí roimh an 1 Meitheamh 2014.
Ráiteas ón gCoimisiún maidir leis na gníomhartha tarmligthe
I gcomhthéacs Rialachán (AE) Uimh. 37/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2014 lena leasaítear rialacháin áirithe a bhaineann leis an gcomhbheartas tráchtála maidir leis na nósanna imeachta chun bearta áirithe a ghlacadh agus Rialachán (AE) Uimh. 38/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2014 lena leasaítear rialacháin áirithe a bhaineann leis an gcomhbheartas tráchtála maidir le cumhachtaí tarmligthe agus cur chun feidhme a dheonú chun bearta áirithe a ghlacadh, meabhraíonn an Coimisiún an gealltanas ar thug sé i mír 15 den Chomhaontú Réime maidir leis an gcaidreamh idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún Eorpach faisnéis iomlán agus doiciméid a chur ar fáil don Pharlaimint i ndáil leis na cruinnithe a bhí aige le saineolaithe náisiúnta faoi chuimsiú a chuid oibre maidir le gníomhartha tarmligthe a ullmhú.
|
21.1.2014 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
52 |
RIALACHÁN (AE) Uimh. 38/2014 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE
an 15 Eanáir 2014
lena leasaítear rialacháin áirithe a bhaineann leis an gcomhbheartas tráchtála maidir le cumhachtaí tarmligthe agus cur chun feidhme a dheonú chun bearta áirithe a ghlacadh
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),
De bharr an méid seo a leanas:
|
(1) |
Foráiltear le roinnt bunrialachán a bhaineann leis an gcomhbheartas tráchtála go nglacfar gníomhartha ar bhonn na nósanna imeachta a leagtar amach i gCinneadh 1999/468/CE ón gComhairle (2). |
|
(2) |
Ní foláir na gníomhartha reachtacha a bhí i bhfeidhm agus nár oiriúnaíodh don nós imeachta lena ngabhann grinnscrúdú roimh theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin a scrúdú chun comhsheasmhacht leis na forálacha a tugadh isteach tríd an gConradh sin a áirithiú. Is iomchuí, i gcásanna áirithe, na gníomhartha sin a leasú chun cumhachtaí tarmligthe a thabhairt don Choimisiún de bhun Airteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Is iomchuí freisin, i gcásanna áirithe, nósanna imeachta áirithe a chur i bhfeidhm, ar nósanna imeachta iad a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). |
|
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, na rialacháin seo a leanas a leasú dá réir sin:
|
|
(4) |
Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, níor cheart go ndéanfar difear leis an Rialachán seo do na nósanna imeachta chun bearta a ghlacadh a tionscnaíodh ach nach mbeidh críochnaithe roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Déanfar na Rialacháin a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú leis seo, i gcomhréir leis an Iarscríbhinn.
Airteagal 2
Forléireofar tagairtí d'fhorálacha na Rialachán a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo mar thagairtí do na forálacha sin mar a leasaítear leis an Rialachán seo.
Airteagal 3
Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do na nósanna imeachta chun bearta a ghlacadh dá bhforáiltear sna Rialacháin a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, ar Rialacháin iad a tionscnaíodh ach nach mbeidh críochnaithe roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.
Airteagal 4
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríochadú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg an 15 Eanáir 2014.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
M. SCHULZ
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
D. KOURKOULAS
(1) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 22 Samhain 2012 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 15 Samhain 2013 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Nollaig 2013 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(2) Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme a thabharfar don Choimisiún (IO L 184, 17.7.1999, lch. 23).
(3) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí lena rialaítear na Ballstáit mar a fheidhmíonn an Coimisiún cumhachtaí cur chun feidhme (IO L 55, 28.02.2011, lch. 13).
(4) Rialachán (CEE) Uimh. 3030/93 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 1993 maidir le comhrialacha le haghaidh allmhairí táirgí áirithe teicstíle ó thríú tíortha (IO L 275, 08.11.1993, lch. 1).
(5) Rialachán (CE) Uimh. 517/94 ón gComhairle an 7 Márta 1994 maidir le comhrialacha le haghaidh allmhairí táirgí teicstíle ó thríú tíortha áirithe nach gcumhdaítear le comhaontuithe déthaobhacha, prótacail ná comhshocraíochtaí eile, ná le rialacha sonracha Comhphobail eile ar allmhairí (IO L 67, 10.03.94, lch. 1).
(6) Rialachán (CE) Uimh. 953/2003 ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 chun sraonadh trádála príomhchógas áirithe isteach san Aontas Eorpach a sheachaint (IO L 135, 3.6.2003, lch. 5).
(7) Rialachán (CE) Uimh. 673/2005 ón gComhairle an 25 Aibreán 2005 lena mbunaítear dleachtanna custaim breise ar allmhairithe táirgí áirithe atá de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá (IO L 110, 30.4.2005, lch. 1).
(8) Rialachán (CE) Uimh. 1528/2007 ón gComhairle an 20 Nollaig 2007 lena gcuirtear i bhfeidhm na socruithe do tháirgí de thionscnamh stát áirithe atá mar chuid de Ghrúpa na Stát san Afraic, sa Mhuir Chairib agus san Aigéan Ciúin (ACC) dá bhforáiltear i gcomhaontuithe ag bunú na gComhaontuithe um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch nó as ar tháinig bunú na gComhaontuithe sin (IO L 348, 31.12.2007, lch. 1).
(9) Rialachán (CE) Uimh. 55/2008 ón gComhairle an 21 Eanáir 2008 lena dtugtar isteach roghanna uathrialacha trádála do Phoblacht na Moldóive agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 980/2005 agus Cinneadh 2005/924/CE ón gCoimisiún (IO L 20, 24.01.2008, lch. 1).
(10) Rialachán (CE) Uimh. 1340/2008 ón gComhairle an 8 Nollaig 2008 maidir le trádáil i dtáirgí áirithe cruach idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht na Casacstáine (IO L 348, 24.12.2008, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
LIOSTA NA RIALACHÁN A THIG FAOIN gCOMHBHEARTAS TRÁCHTÁLA AGUS ARNA LEASÚ IN OIRIÚNÚ D'AIRTEAGAL 290 DEN CHONRADH AR FHEIDHMIÚ AN AONTAIS EORPAIGH NÓ D'FHORÁLACHA INFHEIDHME RIALACHÁN (AE) UIMH. 182/2011 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE.
1. Rialachán (CEE) Uimh. 3030/93
Maidir le Rialachán (CEE) Uimh. 3030/93, chun feidhmiú iomchuí an chórais do bhainistiú allmhairí táirgí áirithe teicstíle a áirithiú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán sin a athrú, deiseanna breise a dheonú i dtaobh allmhairithe, teorainneacha cainníochtúla a thabhairt isteach nó a oiriúnú agus bearta cosanta agus córas faireachais a thabhairt isteach. Tá sé thar a bheith tábhachtach go rachaidh sé i mbun comhairle go hiomchuí le linn na hoibre ullmhúcháin, lena n-áirítear le saineolaithe.
Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur an tráth céanna, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.
Chun dálaí aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le Rialachán (CEE) Uimh. 3030/93 a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. Ba cheart an nós imeachta comhairleach a úsáid chun comhairliúcháin a dhéanamh agus a thionscnamh.
Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3030/93 mar seo a leanas:
|
(1) |
tuigfear aon tagairt do "Airteagal 17" mar thagairt do "Airteagal 17(2)". |
|
(2) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2(6): "6. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16a chun na sainmhínithe ar theorainneacha cainníochtúla a leagtar síos in Iarscríbhinn V a oiriúnú agus na catagóirí táirgí a bhfuil feidhm acu maidir leo, i gcás inar gá a leithéid chun a áirithiú nach dtiocfaidh aon laghdú ar na teorainneacha cainníochtúla sin as aon leasú iardain ar an Ainmníocht Chomhcheangailte (AC) nó as aon chinneadh lena leasaítear aicmiú na dtáirgí sin.". |
|
(3) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6(2): "2. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16a chun na hiarscríbhinní a leasú trí na teorainneacha cainníochtúla laistigh díobh a choigeartú chun an scéal dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a leigheas, agus urraim chuí á tabhairt do na téarmaí agus na coinníollacha atá sna comhaontuithe déthaobhacha ábhartha. I gcás ina ndéanfadh moilliú ar fhorchur beart dochar de bharr teicstílí a allmhairiú san Aontas ar phraghsanna as cuimse íseal, ar dochar é ar dheacair é a leigheas, agus dá bhrí sin go bhfuil mórchúiseanna práinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 16b maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlacfar de bhun na chéad fhomhíre.". |
|
(4) |
Leasaítear Airteagal 8 mar seo a leanas:
|
|
(5) |
Leasaítear Airteagal 10 mar seo a leanas:
|
|
(6) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír d'Airteagal 13(3): "Cinnfidh an Coimisiún Iarscríbhinn III a leasú chun córas faireachais a priori nó a posteriori a thabhairt isteach. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16a maidir leis an gcóras faireachais a priori a fhorchur.". |
|
(7) |
In Airteagal 15, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3, mhír 4 agus mhír 5: "3. Má theipeann ar an Aontas agus ar an tír is soláthróir teacht ar réiteach sásúil laistigh den tréimhse a ordaítear in Airteagal 16 agus má thugann an Coimisiún dá aird go bhfuil fianaise shoiléir ann maidir le himchéimniú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 16a maidir le hIarscríbhinn V a leasú chun méid comhionann táirgí de thionscnamh na tíre is soláthróir lena mbaineann a bhaint de na teorainneacha cainníochtúla. I gcás ina dtabharfaidh an Coimisiún dá aire go bhfuil fianaise shoiléir ann maidir le himchéimniú, agus i gcás ina ndéanfadh moilliú ar fhorchur beart dochar ar dheacair é a leigheas, agus dá bhrí sin go n-éileofaí amhlaidh ar mhórchúiseanna práinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 16 b maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlacfar de bhun na chéad fhomhíre. 4. I gcomhréir le forálacha na bprótacal agus comhaontuithe déthaobhacha áirithe a dhéanfar le tríú tíortha, má thaispeántar le fianaise leordhóthanach go ndearnadh dearbhú bréagach maidir le hábhar snáithín teicstíle, méid, tuairisc nó rangú na dtáirgí atá de thionscnamh na dtíortha lena mbaineann, féadfaidh údaráis an Aontais diúltú do na táirgí i gceist a allmhairiú. Fairis sin, má dhealraíonn sé go bhfuil baint ag críoch aon cheann de na tíortha seo in athlastáil nó in athródú táirgí nach de thionscnamh na tíre sin, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16a teorainneacha cainníochtúla a thabhairt isteach i gcoinne na dtáirgí céanna atá de thionscnamh na tíre céanna sin, mura mbeidh siad faoi réir teorainneacha cainníochtúla cheana féin, nó chun gníomhú in aghaidh an cháis dá dtagraítear sa mhír seo trí Iarscríbhinn V a leasú. I gcás ina dtabharfaidh an Coimisiún dá aire go bhfuil fianaise shoiléir ann maidir le himchéimniú, agus i gcás ina ndéanfadh moilliú ar fhorchur beart a thugann aghaidh ar an imchéimniú agus dá bhrí sin go n-éileofaí amhlaidh ar mhórchúiseanna práinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 16b maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlacfar de bhun na chéad fhomhíre. 5. Ina theannta sin, i gcás ina mbeidh fianaise ann go bhfuil baint ag críocha tríú tíortha atá ina mball de EDT ach nach liostaítear in Iarscríbhinn V, leis seo, iarrfaidh an Coimisiún comhairliúcháin leis an tríú tír nó tríú tíortha lena mbaineann i gcomhréir leis an nós imeachta a thuairiscítear in Airteagal 16 d'fhonn gníomh iomchuí a dhéanamh chun an fhadhb a réiteach. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16a chun teorainneacha cainníochtúla a thabhairt isteach in aghaidh an tríú tír nó tríú tíortha lena mbaineann nó chun gníomhú in aghaidh na staide dá dtagraítear sa mhír seo trí Iarscríbhinn V a leasú. I gcás ina ndéanfadh moilliú ar fhorchur beart a thugann aghaidh ar an imchéimniú agus dá bhrí sin ina n-éileofaí amhlaidh ar mhórchúiseanna práinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 16b maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlacfar de bhun na chéad fhomhíre.". |
|
(8) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na bhfocal tosaigh d'Airteagal 16(1): "1. Déanfaidh an Coimisiún na comhairliúcháin dá dtagraítear sa Rialachán seo i gcomhréir leis na rialacha a leanas, tar éis dó an fhaisnéis a chur ar fáil do na Ballstáit:". |
|
(9) |
Cuirtear isteach na hAirteagail seo a leanas: "Airteagal 16a An tarmligean a fheidhmiú 1. Tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo. 2. Maidir leis an gcumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 2(6), Airteagal 6(2), Airteagal 8, Airteagal 10(13), Airteagal 13(3), Airteagal 15(3), (4) agus (5) agus Airteagal 19 den Rialachán seo agus in Airteagal 4(3) d'Iarscríbhinn IV agus in Airteagal 2 agus Airteagal 3(1) agus (3) d'Iarscríbhinn VII a ghabhann leis an Rialachán seo, tabharfar é don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana ón 20 Feabhra 2014. Dréachtóidh an Coimisiún tuarascáil maidir le tarmligean cumhachta tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana sin. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe ar feadh tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuirfidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse. 3. Maidir le tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2(6), Airteagal 6(2), Airteagal 8, Airteagal 10(13), Airteagal 13(3), Airteagal 15(3), (4) agus (5) agus Airteagal 19 den Rialachán seo agus in Airteagal 4(3) d'Iarscríbhinn IV agus in Airteagal 2 agus Airteagal 3(1) agus (3) d'Iarscríbhinn VII a ghabhann leis an Rialachán seo, is féidir le Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle é a chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta a sonrófar sa chinneadh sin. Beidh éifeacht aige ón lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin. 4. A luaithe agus a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. 5. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 2(6), Airteagal 6(2), Airteagal 8, Airteagal 10(13), Airteagal 13(3), Airteagal 15(3), (4) agus (5) agus Airteagal 19 den Rialachán seo agus de bhun Airteagal 4(3) d'Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo i bhfeidhm ach amháin más rud é nár chuir Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle ina choinne laistigh de thréimhse dhá mhí ó cuireadh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin nó, sula dtéann an tréimhse sin in éag, má tá sé curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle araon nach gcuirfidh siad ina choinne. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle. 6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 6(2) den Rialachán seo agus Airteagal 2 agus Airteagal 3(1) agus (3) d'Iarscríbhinn VII a ghabhann leis an Rialachán seo i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear ceithre mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle. Airteagal 16b Nós imeachta práinne 1. Maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlacfar faoin Airteagal seo, tiocfaidh siad i bhfeidhm gan mhoill agus beidh feidhm acu fad nach ndéanfar agóid i gcomhréir le mír 2. Déanfar na cúiseanna le húsáid a bhaint as an nós imeachta práinne a lua san fhógra faoi ghníomhartha tarmligthe a thugtar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. 2. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gnímh tharmligthe i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 16a(5) nó (6). Sa chás sin, déanfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe a aisghairm gan mhoill tar éis do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis an gcinneadh chun agóid a dhéanamh.". |
|
(10) |
In Airteagal 17, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an mhírchinn agus in ionad mhír 1 agus mhír 2: "Airteagal 17 Nós imeachta coiste 1. Tabharfaidh an Coiste Teicstíle arna bhunú le hAirteagal 25 de Rialachán (CE) Uimh. 517/94 (*1) cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste laistigh de bhrí Rialachán (AE) Uimh 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2). 1a. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. 2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. (*1) Rialachán (CE) Uimh. 517/94 an 7 Márta 1994 maidir le comhrialacha d'allmhairí táirgí teicstíle ó thríú tíortha áirithe nach bhfuil folaithe ag comhaontaithe déthaobhacha, prótacail ná comhshocraíochtaí eile, ná ag rialacha sonracha Comhphobail eile ar allmhairí (IO L 67, 10.3.1994, lch. 1)." (*2) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 20.2.2011, lch. 13)."." |
|
(11) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 17a: "Airteagal 17a Féadfaidh an Coimisiún aon ábhar a mheas a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ar ábhar é a tharraingeoidh an Coimisiún anuas ag nó ar iarratas ó Bhallstát." |
|
(12) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 19: "Airteagal 19 Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16a chun na hIarscríbhinní ábhartha a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú nuair is gá chun conclúid, leasú nó dul in éag comhaontuithe, prótacal nó comhshocraíochtaí eile a dhéanfar le tríú tíortha nó leasuithe ar rialacha Aontais maidir le staidreamh, comhshocraíochtaí custaim nó comhrialacha maidir le hallmhairí a chur san áireamh.". |
|
(13) |
Cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas: "Airteagal 19a Tuarascáil Déanfaidh an Coimisiún faisnéis a áireamh maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo ina thuarascáil bhliantúil maidir le bearta cosanta trádála a chur i bhfeidhm agus a chur chun feidhme chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle de bhun Airteagal 22a de Rialachán (CE) Uimh. 1125/2009 (*3). (*3) Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad (IO L 343, 22.12.2009, lch. 51)."." |
|
(14) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3 d'Airteagal 4 d'Iarscríbhinn IV: "3. I gcás ina suífear gur sáraíodh forálacha an Rialacháin seo, agus tar éis comhaontú a fháil ón tír nó ó na tíortha is soláthróir lena mbaineann, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16a den Rialachán seo maidir le leasú na nIarscríbhinní ábhartha a ghabhann leis an Rialachán seo, de réir mar is gá chun atarlú an tsáraithe sin a chosc. I gcás ina ndéanfadh moilliú ar fhorchur beart i gcoinne gníomhaíochtaí lena sáraítear an Rialachán seo dochar ar dheacair é a leigheas agus dá bhrí sin ina n-éileofaí amhlaidh ar mhórchúiseanna práinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 16b den Rialachán seo maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlacfar de bhun na chéad fhomhíre.". |
|
(15) |
In Iarscríbhinn VII, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2: "Airteagal 2 Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16a den Rialachán seo chun ath-allmhairí nach gcumhdaítear san Iarscríbhinn seo a chur faoi réir theorainneacha cainníochtúla sonracha, ar choinníoll go bhfuil na táirgí lena mbaineann faoi réir na dteorainneacha cainníochtúla a leagtar síos in Airteagal 2 den Rialachán seo. I gcás ina ndéanfadh moilliú ar fhorchur beart i gcoinne ath-allmhairí trádála próiseála amach dochar ar dheacair é a leigheas agus dá bhrí sin ina n-éileofaí amhlaidh ar mhórchúiseanna práinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 16b den Rialachán seo maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlacfar de bhun na chéad fhomhíre.". |
|
(16) |
In Iarscríbhinn VII, leasaítear Airteagal 3 mar seo a leanas:
|
2. Rialachán (CE) Uimh. 517/94
Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 517/94, chun feidhmiú iomchuí an chórais do bhainistiú allmhairí táirgí áirithe teicstíle, nach gcumhdaítear le comhaontuithe déthaobhacha, prótacail ná comhshocraíochtaí eile, ná le rialacha sonracha eile Aontais maidir le hallmhairí, a áirithiú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán sin a leasú, na rialacha maidir le hallmhairí a athrú agus i leith bearta cosanta agus bearta faireachais a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis an Rialachán sin. Tá sé thar a bheith tábhachtach go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán go hiomchuí le linn na hoibre ullmhúcháin, lena n-áirítear le saineolaithe.
Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur an tráth céanna, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.
Chun dálaí aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Rialachán (CE) Uimh. 517/94, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
Ba cheart go n-úsáidfí an nós imeachta comhairleach maidir le bearta faireachais a ghlacadh i bhfianaise éifeachtaí na mbeart sin agus a loighce seicheamhaí maidir le glacadh na mbeart cosanta cinntitheach.
Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 517/94 mar seo a leanas:
|
(1) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3(3): "3. Maidir le haon táirge teicstíle dá dtagraítear in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo agus de thionscnamh na dtíortha a léirítear ansin, féadfar é a allmhairiú isteach san Aontas ar choinníoll go mbunaíonn an Coimisiún teorainn chainníochtúil bhliantúil. Beidh aon teorainn chainníochtúil mar sin bunaithe ar shreabha trádála a bhí ann cheana, nó nuair nach ann dóibh sin, ar mheastacháin a bhfuil bonn cirt cuí-réasúnaithe leo ar na sreabha trádála sin. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun na hIarscríbhinní ábhartha a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú i gcomhréir le hAirteagal 25a maidir le bunú na dteorainneacha cainníochtúla bliantúla sin.". |
|
(2) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5: "Airteagal 5 1. Féadfaidh an Coimisiún aon ábhar a mheas a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ar ábhar é a tharraingeoidh an Coimisiún anuas nó ar iarratas ó Bhallstát. 2. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 25a maidir leis na bearta is gá chun Iarscríbhinn III go hIarscríbhinn VII a ghabhann leis an Rialachán seo a oiriúnú nuair a bhraitear fadhbanna maidir lena bhfeidhmiú éifeachtach.". |
|
(3) |
Leasaítear Airteagal 7 mar seo a leanas:
|
|
(4) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8(2): "2. Má mheasann an Coimisiún nach bhfuil gá le bearta faireachais ná cosanta ón Aontas, cinnfidh sé, ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 25(2), deireadh a chur leis na himscrúduithe, agus luafaidh sé príomh-thorthaí na n-imscrúdú.". |
|
(5) |
Leasaítear Airteagal 11 mar seo a leanas:
|
|
(6) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12(3): "3. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 25a maidir leis na bearta dá bhforáiltear i mír 1 agus i mír 2 chun na rialacha maidir le hallmhairiú a athrú i leith an táirge i dtrácht, lena n-áirítear trí na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú.". |
|
(7) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13: "Airteagal 13 I gcásanna éigeandála nuair a dhéanfaí dochar neamh-indeisithe don tionscal Aontais in éagmais beart agus nuair a chinneann an Coimisiún ar a thionscnamh féin nó ar iarraidh ó Bhallstát, go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 12(1) agus (2) agus ina measann sé gur cheart catagóir áirithe táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn I, nach bhfuil faoi réir teorainneacha cainníochtúla ar bith, a chur faoi réir teorainneacha cainníochtúla nó réamhbheart nó beart cúlghabhálach faireachais, agus dá bhí sin go n-éileofaí amhlaidh ar mhórchúiseanna práinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 25b maidir le gníomhartha chur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 12(1) agus (2) a fhorchur chun na rialacha maidir le hallmhairiú i leith an táirge i dtrácht a athrú, lena n-áirítear trí na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú.". |
|
(8) |
In Airteagal 15, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na bhfocal tosaigh: "I gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 25(1a), féadfaidh an Coimisiún an méid a leanas a dhéanamh, dá thionscnamh féin nó ar iarraidh ó Bhallstát, más dócha go dtiocfaidh an cás dá dtagraítear in Airteagal 12(2) chun cinn:". |
|
(9) |
In Airteagal 16, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú mír: "Glacfar na bearta seo i gcomhréir leis an nós imeachta iomchuí is infheidhme maidir le bearta le glacadh de bhun Airteagal 10, Airteagal 11, agus Airteagal 12.". |
|
(10) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad míreanna 1, 2, 3 agus 4 d'Airteagal 25: "Airteagal 25 Nós imeachta coiste 1. Beidh an Coiste Teicstíle de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa gus ón gComhairle (*4). 1a. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. 2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. (*4) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13)."." |
|
(11) |
Cuirtear isteach na hAirteagail seo a leanas: "Airteagal 25a 1. Tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo. 2. Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 3(3), Airteagal 5(2), Airteagal 12(3), Airteagal 13 agus Airteagal 28 go ceann tréimhse cúig bliana ón 20 Feabhra 2014. Dréachtóidh an Coimisiún tuarascáil maidir le tarmligean na cumhachta tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana sin. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe ar feadh tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuirfidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh fadaithe den sórt sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse. 3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 3(3), Airteagal 5(2), Airteagal 12(3), Airteagal 13, Airteagal 28 a chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta a sonrófar sa chinneadh sin. Beidh éifeacht aige ón lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe a bheidh i bhfeidhm cheana féin. 4. A luaithe agus a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. 5. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 5(2), Airteagal 13 agus Airteagal 28 i bhfeidhm ach amháin más rud é nár chuir Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle ina choinne laistigh de thréimhse 2 mhí ó cuireadh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin nó, sula dtéann an tréimhse sin in éag, má tá sé curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle araon don Choimisiún nach gcuirfidh siad ina choinne. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle. 6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 3(3), agus Airteagal 12(3) i bhfeidhm ach amháin más rud é nár chuir Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle ina choinne laistigh de thréimhse dhá mhí ó cuireadh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin nó, sula dtéann an tréimhse sin in éag, má tá sé curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle araon don Choimisiún nach gcuirfidh siad ina choinne. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle. Airteagal 25b 1. Maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlacfar faoin Airteagal seo, tiocfaidh siad i bhfeidhm gan mhoill agus beidh feidhm acu fad nach ndéanfar agóid i gcomhréir le mír 2. Déanfar na cúiseanna le húsáid a bhaint as an nós imeachta práinne a lua san fhógra faoi ghníomhartha tarmligthe a thugtar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. 2. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gnímh tharmligthe i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 25a(5). Sa chás sin, déanfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe a aisghairm gan mhoill tar éis do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis an gcinneadh chun agóid a dhéanamh.". |
|
(12) |
Cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas: "Airteagal 26a Déanfaidh an Coimisiún faisnéis a áireamh maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo ina thuarascáil bhliantúil maidir le bearta cosanta trádála a chur i bhfeidhm agus a chur chun feidhme chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle de bhun Airteagal 22a de Rialachán (CE) 1125/2009 ón gComhairle (*5). (*5) Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad (IO L 343, 22.12.2009, lch. 51)."." |
|
(13) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 28: "Airteagal 28 Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 25a chun na hIarscríbhinní ábhartha a leasú nuair is gá chun conclúid, leasú nó dul in éag comhaontuithe, prótacal nó comhshocraíochtaí eile a dhéanfar le tríú tíortha nó leasuithe ar do rialacha Aontais maidir le staidreamh, comhshocraíochtaí custaim nó comhrialacha maidir le hallmhairí a chur san áireamh.". |
3. Rialachán (CE) Uimh. 953/2003
Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 953/2003, chun táirgí a chur le liosta na dtáirgí a chumhdaítear leis an Rialachán sin, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán sin a leasú. Tá sé thar a bheith tábhachtach go rachaidh sé i mbun comhairle go hiomchuí le linn na hoibre ullmhúcháin, lena n-áirítear le saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur an tráth céanna, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.
Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 953/2003 mar seo a leanas:
|
(1) |
Leasaítear Airteagal 4 mar seo a leanas:
|
|
(2) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5: "Airteagal 5 1. Tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo. 2. Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 4 go ceann tréimhse cúig bliana ón 20 Feabhra 2014. Dréachtóidh an Coimisiún tuarascáil maidir le tarmligean na cumhachta tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana sin. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe ar feadh tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuirfidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh fadaithe den sórt sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse. 3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 4 a chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta a sonrófar sa chinneadh sin. Beidh éifeacht aige an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin. 4. A luaithe agus a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. 5. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 4(4) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí ó cuireadh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin, nó, sula dtéann an tréimhse sin in éag, má tá sé curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle araon don Choimisiún nach gcuirfidh siad ina choinne. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle. 6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 4(9) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí ó cuireadh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin, nó, sula dtéann an tréimhse sin in éag, má tá sé curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle araon don Choimisiún nach gcuirfidh siad ina choinne. Cuirfear ceithre mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle." |
|
(3) |
Cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas: "Airteagal 5a 1. Maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlacfar faoin Airteagal seo, tiocfaidh siad i bhfeidhm gan mhoill agus beidh feidhm acu fad nach ndéanfar agóid i gcomhréir le mír 2. Déanfar na cúiseanna le húsáid a bhaint as an nós imeachta práinne a lua san fhógra faoi ghníomhartha tarmligthe a thugtar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. 2. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gnímh tharmligthe i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 5(5) agus (6). Sa chás sin, déanfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe a aisghairm gan mhoill tar éis do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis an gcinneadh chun agóid a dhéanamh.". |
|
(4) |
leasaítear Airteagal 11 mar a leanas:
|
4. Rialachán (CE) Uimh. 673/2005
Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 673/2005, chun na coigeartuithe is gá a dhéanamh ar na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán sin, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith leasú a dhéanamh ar ráta na dleachta breise nó ar na liostaí in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 673/2005 faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos sa Rialachán sin. Tá sé thar a bheith tábhachtach go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairle go hiomchuí le linn na hoibre ullmhúcháin, lena n-áirítear le saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur an tráth céanna, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.
Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 673/2005 mar seo a leanas:
|
(1) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3(3): "3. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 4 chun coigeartuithe agus leasuithe a dhéanamh faoin Airteagal seo. I gcás ina mbeidh faisnéis maidir le méid na n-íocaíochtaí amach a rinneadh na Stáit Aontaithe curtha ar fáil go déanach sa bhliain, ionas nach féidir spriocanna EDT agus spriocanna reachtúla a bhaint amach trí leas a bhaint as an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 4 agus, i gcás coigeartuithe agus leasuithe ar na hIarscríbhinní, agus dá bhrí sin go n-éileofaí amhlaidh ar mhórchúiseanna práinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 4a maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlacfar de bhun na chéad fhomhíre.". |
|
(2) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4: "Airteagal 4 1. Tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo. 2. Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 3(3) go ceann tréimhse cúig bliana ó 20 Feabhra 2014. Dréachtóidh an Coimisiún tuarascáil maidir le tarmligean na cumhachta tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana sin. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe ar feadh tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuirfidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh fadaithe den sórt sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse. 3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 3(3) a chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta a sonrófar sa chinneadh sin. Beidh éifeacht aige an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin. 4. A luaithe agus a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. 5. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 3(3) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí ó cuireadh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin, nó, sula dtéann an tréimhse sin in éag, má tá sé curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle araon don Choimisiún nach gcuirfidh siad ina choinne. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.". |
|
(3) |
Cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas: "Airteagal 4a 1. Maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlacfar faoin Airteagal seo, tiocfaidh siad i bhfeidhm gan mhoill agus beidh feidhm acu fad nach ndéanfar agóid i gcomhréir le mír 2. Déanfar na cúiseanna le húsáid a bhaint as an nós imeachta práinne a lua san fhógra faoi ghníomhartha tarmligthe a thugtar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. 2. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gnímh tharmligthe i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 4(5). Sa chás sin, déanfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe a aisghairm gan mhoill tar éis do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis an gcinneadh chun agóid a dhéanamh.". |
5. Rialachán (CE) Uimh. 1528/2007
Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 1528/2007, chun oiriúnuithe teicniúla a dhéanamh ar na socruithe do tháirgí de thionscnamh stát áirithe atá mar chuid de Ghrúpa na Stát san Afraic, sa Mhuir Chairib agus san Aigéan Ciúin (ACC) a dhéanamh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith leasú a dhéanamh ar Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin chun réigiúin nó stáit a chur leis agus i leith leasuithe teicniúla a thabhairt isteach ar Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin a mbeidh gá leo de bharr an Iarscríbhinn sin a chur i bhfeidhm. Tá sé thar a bheith tábhachtach go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairle go hiomchuí le linn na hoibre ullmhúcháin, lena n-áirítear le saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur an tráth céanna, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.
Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1528/2007 mar seo a leanas:
|
(1) |
Leasaítear Airteagal 2 mar seo a leanas:
|
|
(2) |
Leasaítear Airteagal 4 mar seo a leanas:
|
|
(3) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 23: "Airteagal 23 Oiriúnú d'fhorbairtí teicniúla Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 24a den Rialachán seo maidir le leasuithe teicniúla ar Airteagal 5 agus ar Airteagal 8 go hAirteagal 22 a bhféadfaidh gá a bheith leo de thoradh difríochtaí idir an Rialachán seo agus comhaontuithe a síneofar le cur i bhfeidhm go sealadach nó a chuirfear i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 218 CFAE leis na réigiúin nó na stáit a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.". |
|
(4) |
Cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas: "Airteagal 24a An tarmligean a fheidhmiú 1. Tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo. 2. Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 2(2) agus (3), Airteagal 4(4) agus Airteagal 23 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana ó 20 Feabhra 2014. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse chúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh fadaithe den sórt sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse. 3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 2(2) agus (3), in Airteagal 4(4) agus in Airteagal 23 a chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta a sonrófar sa chinneadh sin. Beidh éifeacht aige ón lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht gníomhartha tarmligthe ar bith atá i bhfeidhm cheana féin. 4. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. 5. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 4(4) agus Airteagal 23 i bhfeidhm ach amháin más rud é nár chuir Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle ina choinne laistigh de thréimhse dhá mhí ó cuireadh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin nó, sula dtéann an tréimhse sin in éag, má tá sé curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle araon don Choimisiún nach gcuirfidh siad ina choinne. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle. 6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 2(2) agus (3) i bhfeidhm ach amháin más rud é nár chuir Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle ina choinne laistigh de thréimhse 2 mhí ó cuireadh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin nó, sula dtéann an tréimhse sin in éag, má tá sé curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle araon don Choimisiún nach gcuirfidh siad ina choinne. Cuirfear ceithre mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.". |
6. Rialachán (CE) Uimh. 55/2008
Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 55/2008, chun coigeartú an Rialacháin sin a cheadú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith leasuithe is gá i bhfianaise athruithe ar chóid chustaim, nó chun comhaontuithe leis an Moldóiv a chur i gcrích. Tá sé thar a bheith tábhachtach go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairle go hiomchuí le linn na hoibre ullmhúcháin, lena n-áirítear le saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur an tráth céanna, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.
Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 55/2008 mar seo a leanas:
|
(1) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7: "Airteagal 7 Cumhacht a thabhairt Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 8a chun na leasuithe agus coigeartuithe is gá a dhéanamh ar fhorálacha an Rialacháin seo, mar thoradh ar:
|
|
(2) |
Cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas: "Airteagal 8a An tarmligean a fheidhmiú 1. Tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo. 2. Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 7 go ceann tréimhse cúig bliana ón 20 Feabhra 2014. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse chúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh fadaithe den sórt sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse. 3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 7 a chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta a sonrófar sa chinneadh sin. Beidh éifeacht aige an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin. 4. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. 5. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 7 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí ó cuireadh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.". |
|
(3) |
Cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas: "Airteagal 12a Tuarascáil Áiritheoidh an Coimisiún ina thuarascáil bhliantúil maidir le bearta cosanta trádála a chur i bhfeidhm agus a chur chun feidhme faisnéis faoi chur i bhfeidhm ana Rialachán seo de bhun Airteagal 22a de Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle (*7) chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. (*7) Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad (IO L 343, 22.12.2009, lch. 51)."." |
7. Rialachán (CE) Uimh. 1340/2008
Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 1340/2008, chun gur féidir srianta áirithe a riar go héifeachtach, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith leasuithe ar Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán sin. Tá sé thar a bheith tábhachtach go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairle go hiomchuí le linn na hoibre ullmhúcháin, lena n-áirítear le saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur an tráth céanna, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.
Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1340/2008 mar seo a leanas:
|
(1) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5(3): "3. Má theipeann ar an Aontas agus ar Chónaidhm na Casacstáine teacht ar réiteach sásúil agus má thugann an Coimisiún dá aird go bhfuil fianaise shoiléir ann maidir le himchéimniú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16a chun méid comhionann táirgí de thionscnamh Phoblacht na Casacstáine a bhaint de na teorainneacha cainníochtúla agus chun Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú dá réir sin. I gcás ina ndéanfadh moilliú ar ghníomhú chun aghaidh a thabhairt ar fhianaise shoiléir maidir le himchéimniú dochar ar dheacair é a leigheas agus dá bhrí sin go n-éileofaí amhlaidh ar mhórchúiseanna práinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 16b maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlacfar de bhun na chéad fhomhíre.". |
|
(2) |
Cuirtear isteach na hAirteagail seo a leanas: "Airteagal 16a 1. Tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo. 2. Tabharfar an chumhacht don Choimisún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 5(3) go ceann tréimhse cúig bliana ó 20 Feabhra 2014. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse chúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh fadaithe den sórt sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse. 3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 5(3) a chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta a sonrófar sa chinneadh sin. Beidh éifeacht aige an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin. 4. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. 5. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 5(3) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí ó cuireadh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin, nó, sula dtéann an tréimhse sin in éag, má tá sé curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle araon don Choimisiún nach gcuirfidh siad ina choinne. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle. Airteagal 16b 1. Maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlacfar faoin Airteagal seo, tiocfaidh siad i bhfeidhm gan mhoill agus beidh feidhm acu fad nach ndéanfar agóid i gcomhréir le mír 2. Déanfar na cúiseanna le húsáid a bhaint as an nós imeachta práinne a lua san fhógra faoi ghníomhartha tarmligthe a thabharfar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. 2. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gnímh tharmligthe i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 16a(5). Sa chás sin, déanfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe a aisghairm gan mhoill tar éis do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis an gcinneadh chun agóid a dhéanamh." |
(*1) Rialachán (CE) Uimh. 517/94 an 7 Márta 1994 maidir le comhrialacha d'allmhairí táirgí teicstíle ó thríú tíortha áirithe nach bhfuil folaithe ag comhaontaithe déthaobhacha, prótacail ná comhshocraíochtaí eile, ná ag rialacha sonracha Comhphobail eile ar allmhairí (IO L 67, 10.3.1994, lch. 1).
(*2) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 20.2.2011, lch. 13).".
(*3) Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad (IO L 343, 22.12.2009, lch. 51).".
(*4) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).".
(*5) Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad (IO L 343, 22.12.2009, lch. 51).".
(*6) Rialachán (CE) Uimh. 450/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 lena leagtar síos Cód Custaim an Chomhphobail (Cód Custaim Nuachóirithe) (IO L 145, 4.6.2008, lch. 1).";
(*7) Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad (IO L 343, 22.12.2009, lch. 51).".
Ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le Rialachán (CEE) Uimh. 3030/93 agus Rialachán (CE) 517/94
Tugtar dá n-aire go ndéanfar na nósanna imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 2(6), Airteagal 6(2), Airteagal 8 agus Airteagal 10, Airteagal 13(3), Airteagal 15(3), (4) agus (5) agus Airteagal19 de Rialachán (CEE) Uimh. 3030/93, Airteagal 4(3) d'Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 3030/93, agus Airteagal 2, Airteagal 3(1) agus (3) d'Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh 3030/93, agus Airteagal 3(3), Airteagal 5(2), Airteagal 12(3) agus Airteagal 13 agus Airteagal 28 de Rialachán (CE) Uimh 517/94 a thiontú ina nósanna imeachta maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlacadh. Tugtar dá n-aire go dtagraítear le roinnt de na hAirteagail sin do nósanna imeachta cinnteoireachta maidir le bearta cosanta a ghlacadh i réimse na cosanta trádála.
Measann Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún go gcaithfear le bearta cosanta mar bhearta cur chun feidhme. Go heisceachtúil, sna Rialacháin shonracha atá ann cheana dá dtagraítear thuas, is i bhfoirm gníomhartha tarmligthe atá na bearta, toisc gurb i bhfoirm leasuithe ar na hiarscríbhinní ábhartha a ghabhann leis na Bunrialacháin a dhéantar beart cosanta a thabhairt isteach. Eascraíonn sé sin as an struchtúr ar leith a bhaineann go sonrach leis na Rialacháin atá ann cheana dá dtagraítear thuas, agus, mar gheall air sin, ní bheidh sé ina fhasach maidir le hionstraimí cosanta trádála nó bearta cosanta eile a dhréachtú.
Ráiteas ón gCoimisiún maidir le códú
Le glacadh Rialachán (AE) Uimh. 37/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2014 lena leasaítear rialacháin áirithe a bhaineann leis an gcomhbheartas tráchtála maidir leis na nósanna imeachta chun bearta áirithe a ghlacadh agus Rialachán (AE) Uimh. 38/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2014 lena leasaítear rialacháin áirithe a bhaineann leis an gcomhbheartas tráchtála maidir le cumhachtaí tarmligthe agus cur chun feidhme a dheonú chun bearta áirithe a ghlacadh, beidh líon substaintiúil leasuithe ar na gníomhartha i dtrácht i gceist. Chun inléiteacht na ngníomhartha lena mbaineann a fheabhsú, molfaidh an Coimisiún códú na ngníomhartha chomh tapa agus is féidir tar éis an dá Rialachán sin a ghlacadh, agus ar a dhéanaí roimh an 1 Meitheamh 2014.
Ráiteas ón gCoimisiún maidir le gníomhartha tarmligthe
I gcomhthéacs Rialachán (AE) Uimh. 37/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2014 lena leasaítear rialacháin áirithe a bhaineann leis an gcomhbheartas tráchtála maidir leis na nósanna imeachta chun bearta áirithe a ghlacadh agus Rialachán (AE) Uimh. 38/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2014 lena leasaítear rialacháin áirithe a bhaineann leis an gcomhbheartas tráchtála maidir le cumhachtaí tarmligthe agus cur chun feidhme a dheonú chun bearta áirithe a ghlacadh, meabhraíonn an Coimisiún dó an gealltanas a rinne sé i mír 15 den Chomhaontú Réime maidir leis an gcaidreamh idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún Eorpach faisnéis iomlán agus an doiciméadúchán iomlán a bhaineann lena chuid cruinnithe le saineolaithe náisiúnta faoi chuimsiú a chuid oibre ar ghníomhartha tarmligthe a ullmhú a sholáthar don Pharlaimint.
Ceartúcháin
|
21.1.2014 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
70 |
Miontuairisc cheartaitheach maidir le Coinbhinsiún ar dhlínse agus ar aithint agus ar fhorghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála, a siníodh in Lugano an 30 Deireadh Fómhair 2007
( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 147 an 10 Meitheamh 2009 )
(Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L Eagrán Speisialta Gaeilge)
Rinneadh an ceartúchán seo le miontuairisc cheartaitheach a síníodh i mBeirn an 20 Deireadh Fómhair 2011 arb é an Roinn Chónaidhmeach Gnóthaí Eachtracha Chónaidhm na hEilvéise a taiscí.
Ar leathanaigh 33-34, Iarscríbhinn I:
maidir leis na hiontrálacha le haghaidh na Stát thíos, ceartaítear iad mar a leanas:
“— sa Bhulgáir: Airteagal 4, mír 1, pointe 2, de Chód an Dlí Idirnáisiúnta Phríobháidigh,”,
“— san Eastóin: Airteagal 86 de Chód an Nós Imeachta Shibhialta (tsiviilkohtumenetluse seadustik),”,
“— sa Pholainn: Airteagal 1103(4), de Chód an Nós Imeachta Shibhialta (Kodeks postępowania cywilnego),”,
“— sa Phortaingéil: Airteagal 65(1)(b) de Chód an Nós Imeachta Shibhialta (Código de Processo Civil) a mhéid a fhéadfar forais dlínse ainmheasartha a chuimsiú leis, amhail na cúirteanna don áit ina bhfuil an brainse, an ghníomhaireacht nó aon bhunaíocht eile (más sa Phortaingéil atá sé) más é an riarachán lárnach (más i Stát eachtrach atá sé) an páirtí a seirbheáiltear air agus Airteagal 10 de Chód an Nós Imeachta Saothair (Código de Processo do Trabalho) a mhéid a fhéadfar forais dlínse ainmheasartha a chuimsiú leis, amhail na cúirteanna don áit ina bhfuil cónaí ar an ngearánaí in imeachtaí a bhaineann le conarthaí fostaíochta aonair, ar imeachtaí iad a thionscnóidh an fostaí i gcoinne an fhostóra,”,
“— san Eilvéis: Airteagal 4 den Acht Cónaidhme ar Dhlí Príobháideach Idirnáisiúnta (Gerichtsstand des Arrestortes/for du lieu du séquestre/foro del luogo del sequestro),”,
“— san Fhionlainn: mír 1 agus mír 2 de Roinn 18(1) de Chaibidil 10 de Chód an Nós Imeachta Bhreithiúnaigh (oikeudenkäymiskaari/rättegångsbalken),”;
ar leathanaigh 35-36, Iarscríbhinn II:
maidir leis na hiontrálacha le haghaidh na Stát thíos, ceartaítear iad mar a leanas:
“— sa Bhulgáir: an ‘окръжният съд’,”,
“— san Eilvéis: ‘kantonales Vollstreckungsgericht’/‘tribunal cantonal de l’exécution’/‘giudice cantonale dell’esecuzione’,”,
“— sa Ríocht Aontaithe: (…)
|
(b) |
in Albain, an Court of Session nó, i gcás breithiúnais chothabhála, an Sheriff Court trí na Scottish Ministers; |
(…)”;
ar leathanaigh 37-38, Iarscríbhinn III:
maidir leis na hiontrálacha le haghaidh na Stát thíos, ceartaítear iad mar a leanas:
“— sa Spáinn: an ‘Juzgado de Primera Instancia’ a d’eisigh an cinneadh ar cuireadh ina aghaidh agus a bhfuil an t-achomharc le réiteach ag an ‘Audiencia Provincial’,”,
“— san Eilvéis: ardchúirt an chantúin,”;
ar leathanach 43, cuirtear an téacs seo a leanas in ionad Iarscríbhinn IX:
“IARSCRÍBHINN IX
Is iad seo a leanas na Stáit agus na rialacha dá dtagraítear in Airteagal II de Phrótacal 1:
— an Ghearmáin: Airteagail 68, 72, 73 agus 74 de Chód an Nós Imeachta Shibhialta (Zivilprozessordnung) maidir le fógraí tríú páirtí,
— an Eastóin: Airteagal 214(3) agus (4) agus Airteagal 216 de Chód an Nós Imeachta Shibhialta (tsiviilkohtumenetluse seadustik) maidir le fógraí tríú páirtí,
— an Laitvia: Airteagail 78, 79, 80 agus 81 den Dlí um an Nós Imeachta Shibhialta (Civilprocesa likums) maidir le fógraí tríú páirtí,
— an Liotuáin: Airteagal 47 de Chód an Nós Imeachta Shibhialta (Civilinio proceso kodeksas),
— an Ungáir: Airteagail 58 go 60 de Chód an Nós Imeachta Shibhialta (Polgári perrendtartás) maidir le fógraí tríú páirtí,
— an Ostair: Airteagal 21 de Chód an Nós Imeachta Shibhialta (Zivilprozessordnung) maidir le fógraí tríú páirtí,
— an Pholainn: Airteagal 84 agus Airteagal 85 de Chód an Nós Imeachta Shibhialta (Kodeks postępowania cywilnego) maidir le fógraí tríú páirtí,
— an tSlóivéin: Airteagal 204 den Acht um an Nós Imeachta Shibhialta (Zakon o pravdnem postopku) maidir le fógraí tríú páirtí.”.