ISSN 1977-0839

doi:10.3000/19770839.L_2013.340.gle

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L NaN

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

56
17 Nollaig 2013


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 1318/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009 ón gComhairle lena mbunaítear líonra chun sonraí cuntasaíochta ar ioncaim agus oibriú gnó na ngabháltas talmhaíochta sa Chomhphobal Eorpach a bhailiú

1

 


 

(1)   Faoin tagairt L 340 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

GA


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

17.12.2013   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/1


RIALACHÁN (AE) Uimh. 1318/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 22 Deireadh Fómhair 2013

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009 ón gComhairle lena mbunaítear líonra chun sonraí cuntasaíochta ar ioncaim agus oibriú gnó na ngabháltas talmhaíochta sa Chomhphobal Eorpach a bhailiú

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 lena mbunaítear líonra chun sonraí cuntasaíochta ar ioncaim agus oibriú gnó na ngabháltas talmhaíochta sa Chomhphobal Eorpach a bhailiú (3), tugtar cumhachtaí don Choimisiún cuid d’fhorálacha an Rialacháin sin a chur chun feidhme. Mar thoradh ar theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, is gá na cumhachtaí cur chun feidhme sin a ailíniú le hAirteagal 290 agus Airteagal 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (“an Conradh”).

(2)

Chun eilimintí neamhriachtanacha áirithe de Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009 a fhorlíonadh nó a leasú, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh maidir le hIarscríbhinn I i ndáil le rannóga um Líonra Sonraí um Chuntasaíocht Feirme (LSCF) in aghaidh an Bhallstáit a leasú, na rialacha a leagan síos chun an tairseach maidir le toise eacnamaíoch na ngabháltas cuntasaíochta a shocrú agus rialacha lena mbunaítear an plean maidir le roghnú na ngabháltas cuntasaíochta, an tréimhse tagartha don aschur caighdeánach a shocrú, cineálacha ginearálta feirmeoireachta agus príomhchineálacha feirmeoireachta a shainiú lena mionsonraítear na príomhghrúpaí sonraí cuntasaíochta atá le bailiú agus rialacha ginearálta maidir le sonraí cuntasaíochta atá le háireamh sa tuairisceán feirme a ghlacadh. Tá sé ríthábhachtach go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí mar chuid den obair ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur go comhuaineach, go tráthúil agus go hiomchuí, chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

(3)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú do chur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009 agus chun idirdhealú idir feirmeoirí a sheachaint, ba cheart cumhachtaí cur chur feidhme a thabhairt don Choimisiún i ndáil leis an tairseach maidir le toise eacnamaíoch na ngabháltas cuntasaíochta a shocrú, líon na ngabháltas cuntasaíochta in aghaidh an Bhallstáit agus in aghaidh na rannóige LSCF, modhanna agus samhlacha a bhunú agus a nuashonrú chun an Coimisiún a chur ar an eolas faoin bplean roghnúcháin, na nósanna imeachta agus na modhanna ríofa a leagan síos is infheidhme maidir le tíopeolaíocht an Aontais chomh maith le rialacha mionsonraithe maidir le gníomhaíochtaí coistí náisiúnta don líonra sonraí agus do ghníomhaireachtaí idirchaidrimh na mBallstát, agus foirm agus leagan amach an tuairisceán feirme a leagan síos, chomh maithe le rialacha mionsonraithe maidir leis an táille caighdeánach maidir le LSCF. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (4).

(4)

Ar mhaithe le simpliú agus i bhfianaise na taithí a fuarthas trí Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009 a chur i bhfeidhm, ba cheart roinnt forálacha den Rialachán sin a oiriúnú nó a scrios.

(5)

Faoi Airteagal 1(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009, tá tuarascálacha arna mbunú ar shonraí LSCF le cur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle go bliantúil, go háirithe chun críocha shocrú bliantúil na bpraghsanna táirgí talmhaíochta. Mar sin féin, ní thíolactar na tuarascálacha sin chuig na hinstitiúidí sin níos mó chun críoch praghsanna táirgí talmhaíochta a shocrú. Chun rochtain shimplí agus áisiúil ar na tuarascálacha anailíseacha bliantúla arna mbunú ar LSCF le húsáid ag institiúidí eile agus ag an bpobal a áirithiú, ba cheart foráil a dhéanamh go bhfoilseofar tuarascálacha ina gcumhdófar earnálacha roghnaithe ar shuíomh gréasáin tiomnaithe.

(6)

In Airteagal 5(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009 leagtar síos uasmhéid gabháltas cuntasaíochta. Is é is aidhm leis an bhforáil sin teorainn bhuiséadach a shocrú maidir le bailiú shonraí LSCF. Ós rud é go ndéantar an teorainn bhuiséadach sin a leagan síos anois tríd an nós imeachta le haghaidh ullmhú agus ghlacadh bliantúil bhuiséad an Aontais, níl gá a thuilleadh leis an teorainn atá leagtha síos in Airteagal 5(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009.

(7)

I gCaibidil II de Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009 tá rialacha maidir le conas ioncaim gabháltas talmhaíochta a chinneadh, agus tá na rialacha maidir le hanailís gnó a dhéanamh ar ghabháltais talmhaíochta leagtha amach i gCaibidil III den Rialachán sin. Tá an dá chineál suirbhé faoi réir na rialacha céanna go bunúsach agus ar mhaithe le simpliú, is iomchuí, dá bhrí sin, na forálacha sin a chumasc in aon chaibidil amháin a bheidh infheidhme maidir leis an dá chineál suirbhé.

(8)

I Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009 tá tuilleadh forálacha nach léiríonn a thuilleadh an cleachtas faoin Rialachán sin. Go háirithe, ní éilíonn an Coimisiún ar na Ballstáit liosta na n-oifigí cuntasaíochta a sholáthar do ghabháltais chomhairimh chun rogha a dhéanamh as a measc ach tá a chuntasóir nó oifig chuntasaíochta féin ag formhór na ngabháltas a thugann na sonraí do LSCF nó bailíonn an oifig idirchaidrimh nó a conraitheoirí na sonraí go díreach. Ina theannta sin, ní éilíonn an Coimisiún a thuilleadh tuarascálacha ar chur chun feidhme an phlean maidir le roghnú na ngabháltas comhairimh arna bhformheas ag na Coistí Náisiúnta.

(9)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad cheannteideal an Rialacháin:

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Chaibidil I:

“LÍONRA SONRAÍ UM CHUNTASAÍOCHT FEIRME AONTAIS A CHRUTHÚ”;

(3)

leasaítear Airteagal 1 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Bunaítear líonra sonraí um chuntasaíocht feirme san Aontas (‘LSCF’ nó ‘líonra sonraí’) chun sonraí um chuntasaíocht feirme a bhailiú, chun riachtanais an chomhbheartais talmhaíochta a chomhlíonadh.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Fónfaidh na sonraí arna bhfáil de bhun an Rialacháin seo, go háirithe, mar bhonn chun go ndréachtódh an Coimisiún tuarascálacha ar staid na talmhaíochta agus na margaí talmhaíochta chomh maith leis ar ioncaim feirme san Aontas. Cuirfear na tuarascálacha sin ar fáil go poiblí ar láithreán gréasáin tiomnaithe.”;

(4)

leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)

i bpointe (a) cuirtear an focal “feirmeoir” in ionad “oibreoir”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b)

ciallaíonn ‘gabháltas’ gnó feirme i gcomhréir lena úsáid ghinearálta i gcomhthéacs suirbhéanna agus áirimh talmhaíochta san Aontas;

(b)

ciallaíonn ‘catagóir gabháltais’ grúpa gabháltas talmhaíochta a bhaineann leis na catagóirí céanna maidir leis an gcineál feirmeoireachta agus méid eacnamaíoch mar a shainítear i dtíopeolaíocht an Aontais do ghabháltais talmhaíochta;”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

“(d)

ciallaíonn ‘rannóg um Líonra Sonraí um Chuntasaíocht Feirme’ nó ‘rannóg LSCF’ críoch Bhallstáit, nó aon chuid di a theormharcáiltear d’fhonn gabháltais chuntasaíochta a roghnú, (tá liosta de rannóga den sórt sin leagtha amach in Iarscríbhinn I);”;

(d)

cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

“(f)

ciallaíonn ‘aschur caighdeánach’ luach caighdeánach d’olltáirgeacht.”;

(5)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3:

“Airteagal 3

Chun a áirithiú gur féidir liosta na rannóg LSCF a nuashonrú tar éis iarratais ó Bhallstát, tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 19a, lena leasaítear Iarscríbhinn I i ndáil le liosta na rannóg LSCF in aghaidh an Bhallstáit.”;

(6)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Chaibidil II:

“SONRAÍ CHUN IONCAIM A CHINNEADH AGUS CHUN ANAILÍS GNÓ A DHÉANAMH AR GHABHÁLTAIS TALMHAÍOCHTA”;

(7)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4:

“Airteagal 4

Beidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir le bailiú sonraí cuntasaíochta chun críocha ioncaim a chinneadh go bliantúil agus chun anailís gnó a dhéanamh ar ghabháltais talmhaíochta.

Baileofar na sonraí sin trí bhíthin suirbhéanna rialta agus speisialta.”;

(8)

leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Le réimse an tsuirbhé dá dtagraítear in Airteagal 1(2) cumhdófar na gabháltais talmhaíochta atá de thoise eacnamaíoch atá cothrom le, nó níos mó ná, tairseach arna shloinneadh in euro a chomhfhreagraíonn do cheann de na híosteorainneacha aicmí toise eacnamaíoch mar a shainítear i dtíopeolaíocht an Aontais do ghabháltais talmhaíochta a shainítear in Airteagal 5b.

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe, i gcomhréir le hAirteagal 19a, lena leagfar síos na rialacha chun an tairseach dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a shocrú.

Glacfaidh an Coimisiún, ar bhonn sonraí arna bhfáil ó Bhallstáit, gníomhartha cur chun feidhme lena socraítear an tairseach dá dtagraítear sa chéad fhomhír. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 19b(2).”;

(b)

i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

“(c)

ionadaíoch, i gcomhar leis na gabháltais eile agus ar leibhéal gach rannóg LSFC, don suirbhé allamuigh.”;

(c)

scriostar mír 3 agus mír 4;

(9)

cuirtear isteach na hairteagail seo a leanas:

“Airteagal 5a

1.   Dréachtóidh gach Ballstát plean maidir le roghnú na ngabháltas cuntasaíochta lena áiritheofar sampla cuntasaíochta ionadaíoch de réimse an tsuirbhé.

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 19a lena leagtar síos na rialacha ar cheart do na Ballstáit a úsáid chun pleananna mar sin a dhréachtú. Le rialacha den chineál sin, áirithítear an méid seo a leanas i leith pleananna maidir le roghnú na ngabháltas cuntasaíochta:

go ndréachtaítear iad ar bhonn na sonraí staidrimh is déanaí,

go dtíolactar iad i gcomhréir le tíopeolaíocht an Aontais do ghabháltais talmhaíochta, agus

go sonraítear iontu, go háirithe, dáileadh na ngabháltas cuntasaíochta in aghaidh an chatagóra gabháltais agus na rialacha mionsonraithe le go roghnaítear iad.

2.   I gcomhréir leis na rialacha a glacadh i gcomhréir le mír 1, agus ar bhonn sonraí arna bhfáil ó Bhallstáit, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena socrófar líon na ngabháltas cuntasaíochta in aghaidh an Bhallstáit agus in aghaidh na rannóige LSCF. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 19b(2).

3.   Féadfaidh difear de 20 % ar a uasmhéid bheith idir líon na ngabháltas cuntasaíochta a roghnófar in aghaidh na rannóige LSCF agus an líon arna leagan síos sna gníomhartha cur chun feidhme atá le glacadh de bhun mhír 2 i gceachtar treo, ar an gcoinníoll go n-urramaítear líon iomlán ghabháltais chuntasaíochta an Bhallstáit lena mbaineann.

4.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunófar agus lena nuashonrófar samhlacha agus modhanna a bhaineann le foirm agus ábhar na sonraí a chuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas fúthu. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 19b(2).

Airteagal 5b

1.   Déanfar gabháltais talmhaíochta a aicmiú ar bhealach aonfhoirmeach de réir thíopeolaíocht an Aontais do ghabháltais talmhaíochta (‘an tíopeolaíocht’), ag brath ar a gcineál talmhaíocht, an méid eacnamaíocht atá acu agus an tábhacht a atá gníomhaíochtaí sochracha eile ag a bhaineann go díreach leo.

Úsáidfear an tíopeolaíocht go háirithe chun sonraí a chur i láthair, de réir cineál feirmeoireachta agus de réir aicme méid eacnamaíoch, arna mbailiú ó shuirbhéanna struchtúr feirme an Aontais agus ó LSCF.

2.   Cinnfear cineál feirmeoireachta an ghabháltais le rannchuidiú a dhéanfaidh aschur caighdeánach shaintréithe an ghabháltais sin a thabhairt d’aschur iomlán caighdeánach an ghabháltais.

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 19a, lena socrófar tréimhse thagartha an aschuir caighdeánaí sin.

3.   Déanfar gabháltais a aicmiú de réir líon teoranta cineálacha feirmeoireachta. Sonrófar cineálacha ginearálta feirmeoireachta. Ag brath ar na mionsonraí a theastóidh, roinnfear na cineálacha ginearálta feirmeoireachta ina gcineálacha príomha feirmeoireachta.

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 19a maidir leis na cineálacha ginearálta agus príomha feirmeoireachta a chinneadh.

Sonrófar an gaol idir cineálacha ginearálta agus príomha feirmeoireachta agus speisialtóireachtaí feirmeoireachta a bheadh i gcomhréir le cineálacha príomha feirmeoireachta.

4.   Cinnfear méid eacnamaíoch an ghabháltais ar bhonn aschur iomlán an ghabháltais.

5.   Cinnfear tábhacht na ngníomhaíochtaí sochracha a bhaineann go díreach leis an ngabháltas seachas gníomhaíochtaí talmhaíochta an ghabháltais ar bhonn ranníocaíocht na ngníomhaíochtaí sochracha sin d’aschur an ghabháltais.

6.   Maidir leis na haschuir chaighdeánacha agus na sonraí a úsáidtear lena gcinneadh, déanfaidh an ghníomhaireacht idirchaidrimh a ainmneoidh gach Ballstát, nó an chomhlacht ar a dtarmligfear an fheidhm sin, iad sin a tharchur chuig an gCoimisiún (Eurostat) i gcomhréir le hAirteagal 7.

7.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar síos:

modhanna chun cineálacha sonracha speisialtóireachtaí feirmeoireachta dá dtagraítear i mír 3 a ríomh agus chun an gabháltas a shannadh do chineál príomha feirmeoireachta,

an modh lena ríomhfar méid eacnamaíoch an ghabháltais,

aicmí méid eacnamaíocha na ngabháltas, dá dtagraítear i mír 1,

modhanna chun aschur an ghabháltais a ríomh, agus chun rannchuidiú gníomhaíochta sochracha eile don aschur sin a thomhais, chun críocha mhír 5,

an modh ríomha chun na haschuir chaighdeánacha do gach saintréith dá dtagraítear i mír 2 a chinneadh, na nósanna imeachta chun na sonraí comhfhreagracha a bhailiú agus na modhanna agus na spriocdhátaí chun na haschuir chaighdeánacha a tharchur chuig an gCoimisiún, i gcomhréir le mír 6.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 19b(2).”;

(10)

leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Beidh an Coiste Náisiúnta freagrach as roghnú na ngabháltas cuntasaíochta. Chun na críche sin, aireofar ar a chúraimí, go háirithe, formheas an phlean maidir le roghnú na ngabháltas cuntasaíochta.”;

(b)

i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an chéad fhomhír:

“4.   Féadfaidh Ballstáit a bhfuil roinnt rannóg LSCF acu, coiste réigiúnach den líonra sonraí a bhunú (dá ngairtear ‘an Coiste Réigiúnach’ anseo feasta), do gach rannóg LSCF atá faoina ndlínse.”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

“5.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos rialacha mionsonraithe chun an tAirteagal seo a chur chun feidhme. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 19b(2).”;

(11)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7:

“Airteagal 7

1.   Ceapfaidh gach Ballstát gníomhaireacht idirchaidrimh a mbeidh sé de chúram uirthi an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

an Coiste Náisiúnta, na Coistí Réigiúnacha agus na hoifigí cuntasaíochta a chur ar an eolas faoin gcreat rialála is infheidhme agus a áirithiú go gcuirfear chun feidhme go cuí é;

(b)

an plean maidir le roghnú na ngabháltas cuntasaíochta a tharraingt suas, é a chur faoi bhráid an Choiste Náisiúnta lena fhormheas, agus ina dhiaidh sin é a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún;

(c)

tiomsú:

(i)

liosta na ngabháltas comhairimh;

(ii)

nuair is infheidhme, liosta na n-oifigí cuntasaíochta a dteastaíonn uathu tuairisceáin feirme a chomhlánú agus atá ábalta é a dhéanamh;

(d)

na tuairisceáin feirme a chuireann na hoifigí cuntasaíochta chuici a thiomsú;

(e)

a fhíorú gur comhlánaíodh na tuairisceáin feirme go cuí;

(f)

na tuairisceáin feirme arna gcomhlánú go cuí a chur ar ais chuig an gCoimisiún san fhormáid a éilítear agus laistigh den spriocdháta;

(g)

na hiarrataí ar fhaisnéis dá bhforáiltear in Airteagal 17 a tharchur chuig an gCoiste Náisiúnta, chuig na Coistí Réigiúnacha agus chuig na hoifigí cuntasaíochta agus na freagraí ábhartha a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún.

2.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos rialacha mionsonraithe chun an tAirteagal seo a chur chun feidhme. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 19b(2).”;

(12)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2 agus mhír 3 d’Airteagal 8:

“2.   Beidh na sonraí cuntasaíochta arna soláthar i ngach tuairisceán feirme arna chomhlánú go cuí amhlaidh chun gur féidir an méid seo a leanas a dhéanamh:

an gabháltas cuntasaíochta a shaintréithriú trí thagairt a dhéanamh do na príomheilimintí ina thoscaí táirgthe,

rochtain a fháil ar ioncaim an ghabháltais ina fhoirmeacha éagsúla,

fírinneacht na faisnéise arna tabhairt a sheiceáil trí sheiceálacha ar an láthair.

3.   Bainfidh na sonraí maidir leis an tuairisceán feirme le gabháltais talmhaíochta aonair agus le bliain cuntasaíochta aonair de 12 mhí leantacha, agus is leis an ngabháltas talmhaíochta amháin a bhainfidh sé. Tagróidh na sonraí sin do ghníomhaíochta talmhaíochta an ghabháltais féin agus gníomhaíochtaí sochracha eile a bhaineann go díreach leis an ngabháltas. Agus na tuairisceáin feirme á n-ullmhú ní chuirfear san áireamh aon sonraí a bhaineann le gníomhaíochtaí neamh-fheirmeoireachta an tsealbhaitheora ná a mhuintire, ná le haon phinsean, le haon chomharbas, le haon chuntas bainc príobháideach, le haon mhaoin seachas an gabháltas talmhaíochta, le haon chánachas pearsanta ná árachas príobháideach.

Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 19a maidir leis na príomhghrúpaí de shonraí cuntasaíochta a bheidh le bailiú a chinneadh agus maidir leis na rialacha ginearálta chun sonraí a bhailiú.

D’fhonn a áirithiú na sonraí cuntasaíochta a bhailítear trí bhíthin na tuairisceáin feirme inchomparáide, is cuma céard iad na gabháltais chuntasaíochta, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos foirm agus leagan amach an tuairisceán feirme agus na modhanna agus spriocdhátaí le haghaidh a dtíolactha don Choimisiún.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 19b(2).”;

(13)

scriostar Airteagal 9 go hAirteagal 15 agus Airteagal 18;

(14)

leasaítear Airteagal 19 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

táille chaighdeánach is iníoctha leis na Ballstáit as na tuairisceáin feirme arna gcomhlánú go cuí a sheachadadh laistigh den spriocdháta suas go líon uasta na ngabháltas cuntasaíochta mar atá leagtha síos i gcomhréir le hAirteagal 5a(2). I gcás ina bhfuil é líon iomlán na dtuairisceán feirme arna gcomhlánú go cuí agus arna seachadadh i ndáil le rannóg LSCF nó le Ballstát níos lú ná 80 % de líon na ngabháltas cuntasaíochta atá leagtha síos don rannóg LSCF sin nó don Bhallstát lena mbaineann, cuirfear i bhfeidhm táille atá cothrom le 80 % den táille caighdeánach i gcás gach tuairisceán feirme ón rannóg LSCF sin nó ón mBallstát sin lena mbaineann;”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Ní cuirfear san áireamh i mbuiséad ginearálta an Aontais costais i dtaca leis an gCoiste Náisiúnta, Coistí Réigiúnacha agus gníomhaireachtaí idirchaidrimh a bhunú agus a fheidhmiú.”;

(c)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“3.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunófar na nósanna imeachta mionsonraithe maidir leis an táille chaighdeánach dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 19b(2).”;

(15)

cuirtear isteach na hAirteagail seo a leanas:

“Airteagal 19a

1.   Tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo.

2.   Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 3, Airteagal 5(1), Airteagal 5a(1), Airteagal 5b(2) agus (3) agus Airteagal 8(3) ar feadh tréimhse chúig bliana ón 20 Nollaig 2013. Dréachtóidh an Coimisiún tuarascáil maidir le tarmligean cumhachta tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana sin. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 3, Airteagal 5(1), Airteagal 5a(1), Airteagal 5b(2) agus (3) agus Airteagal 8(3) a chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta a bheidh sonraithe sa chinneadh sin. Beidh éifeacht leis an lá tar éis lá foilsithe an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta ina dhiaidh sin a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ag an am céanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 3, Airteagal 5(1), Airteagal 5a(1), Airteagal 5b(2) agus (3) agus Airteagal 8(3) i bhfeidhm ach amháin más rud é nár chuir Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle ina choinne laistigh de thréimhse dhá mhí ó cuireadh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin nó, sula dtéann an tréimhse sin in éag, má tá sé curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle araon don Choimisiún nach gcuirfidh siad ina choinne. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle.

Airteagal 19b

1.   Beidh Coiste dá ngairtear ‘Coiste Líonra Sonraí um Chuntasaíocht Feirme’ de chúnamh ag an gCoimisiún. Is é a bheidh sa choiste sin coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (5).

2.   I gcás ina dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

(16)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Iarscríbhinn I:

“Liosta rannóg LSCF dá dtagraítear in Airteagal 2(d).”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2014.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 22 Deireadh Fómhair 2013.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

V. LEŠKEVIČIUS


(1)  IO C 143, 22.5.2012, lch. 149.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Meán Fómhair 2013 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2013.

(3)  IO L 328, 15.12.2009, lch. 27.

(4)  IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.

(5)  IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.”;