ISSN 1977-0839 doi:10.3000/19770839.L_2013.287.gle |
||
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L NaN |
|
An t-eagrán Gaeilge |
Reachtaíocht |
56 |
|
|
Ceartúcháin |
|
|
* |
|
|
|
(1) Faoin tagairt L 287 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh. |
|
(2) Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE |
GA |
I Gníomhartha reachtacha
RIALACHÁIN
29.10.2013 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L NaN/1 |
RIALACHÁN (AE) Uimh. 1021/2013 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE
an 9 Deireadh Fómhair 2013
lena leasaítear Treoir 1999/4/CE agus Treoir 2000/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2001/111/CE, Treoir 2001/113/CE agus Treoir 2001/114/CE ón gComhairle maidir leis na cumhachtaí atá le tabhairt don Choimisiún
(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) agus Airteagal 114(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),
De bharr an méid seo a leanas:
(1) |
Le Treoir 1999/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Feabhra 1999 maidir le húisc chaife agus le húisc siocaire (3), le Treoir 2000/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meitheamh 2000 maidir le táirgí cócó agus seacláide atá ceaptha mar bhia don duine (4), le Treoir 2001/111/CE ón gComhairle an 20 Nollaig 2001 maidir le siúcraí áirithe atá ceaptha mar bhia don duine (5), le Treoir 2001/113/CE ón gComhairle an 20 Nollaig 2001 maidir le subha, glóthacha agus marmaláidí torthaí agus purée castáin milsithe atá ceaptha mar bhia don duine (6) agus le Treoir 2001/114/CE ón gComhairle an 20 Nollaig 2001 maidir le bainne leasaithe áirithe atá díhiodrátaithe go páirteach nó go hiomlán mar bhia don duine (7), tugtar cumhachtaí don Choimisiún roinnt d’fhorálacha na dTreoracha sin a chur chun feidhme. Rinneadh na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos i dTreoir 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (8). Is iomchuí, tar éis theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, tabhairt na gcumhachtaí sin a ailíniú le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). |
(2) |
Go háirithe, le Treoir 2000/36/CE, le Treoir 2001/111/CE, le Treoir 2001/113/CE agus le Treoir 2001/114/CE, tugtar cumhachtaí don Choimisiún bearta a ghlacadh atá riachtanach chun na Treoracha sin a chur chun feidhme maidir leis an oiriúnú don dul chun cinn teicniúil. Faoi láthair, tá bearta den sórt sin faoi réir an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú i gcás Threoir 2000/36/CE, agus faoi réir an nós imeachta rialúcháin i gcás Threoir 2001/111/CE, Threoir 2001/113/CE agus Threoir 2001/114/CE. Is iomchuí, tar éis theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, tabhairt na gcumhachtaí sin a ailíniú le hAirteagal 290 CFAE agus ba cheart raon feidhme na gcumhachtaí sin a athbhreithniú. |
(3) |
Tá eilimintí teicniúla sna hIarscríbhinní a ghabhann le Treoir 2000/36/CE, le Treoir 2001/111/CE agus le Treoir 2001/113/CE a bhféadfadh sé gur gá iad a oiriúnú nó a uasdátú chun forbairtí sna caighdeáin ábhartha idirnáisiúnta a chur san áireamh. Le Treoir 2000/36/CE agus le Treoir 2001/111/CE, áfach, ní thugtar na cumhachtaí iomchuí don Choimisiún chun na hIarscríbhinní a ghabhann leo a leasú go pras chun forbairtí den sórt sin a chur san áireamh. Dá bhrí sin, chun a áirithiú go gcuirfear Treoir 2000/36/CE agus Treoir 2001/111/CE chun feidhme ar bhealach comhleanúnach, ba cheart cumhachtaí breise a tharmligean don Choimisiún chun Roinn C agus Roinn D d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2000/36/CE agus Cuid B den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 2001/111/CE a leasú chun forbairtí sna caighdeáin ábhartha idirnáisiúnta a chur san áireamh. Thairis sin, le Treoir 2001/113/CE tugtar cumhachtaí don Choimisiún an Treoir sin a oiriúnú le forbairtí i gcaighdeáin ábhartha idirnáisiúnta i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin. Is iomchuí, tar éis theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, tabhairt na gcumhachtaí sin a ailíniú le hAirteagal 290 CFAE agus ba cheart raon feidhme na gcumhachtaí sin a athbhreithniú. |
(4) |
Dá bhrí sin, chun an dul chun cinn teicniúil agus forbairtí sna caighdeáin ábhartha idirnáisiúnta a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean don Choimisiún i ndáil leis an méid seo a leanas: Roinn C agus Roinn D d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2000/36/CE a leasú; Cuid B den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 2001/111/CE a leasú; agus Iarscríbhinn II agus Cuid B d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2001/113/CE a leasú. Tá tábhacht ar leith leis go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, agus gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú agus á dtarraingt suas aige, a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí. |
(5) |
Tar éis ghlacadh Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta in ábhair a bhaineann le sábháilteacht bia (9) a bhfuil feidhm aige maidir le gach céim den phróiseas táirgthe, próiseála agus leithdháilte bia agus beatha ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, tá forálacha ginearálta Aontais maidir le bia-ábhair infheidhme go díreach ar na táirgí a chumhdaítear le Treoir 1999/4/CE, le Treoir 2000/36/CE, le Treoir 2001/111/CE, le Treoir 2001/113/CE agus le Treoir 2001/114/CE. Dá bhrí sin, ní gá a thuilleadh na cumhachtaí a bheith ag an gCoimisiún le go ndéanfaí forálacha na dTreoracha sin a ailíniú le forálacha ginearálta Aontais maidir le bia-ábhair. Ba cheart, dá bhrí sin, na forálacha lena dtugtar na cumhachtaí sin a scriosadh. |
(6) |
Tá an Rialachán seo teoranta do na cumhachtaí atá tugtha don Choimisiún cheana faoi Threoir 1999/4/CE, faoi Threoir 2000/36/CE, faoi Threoir 2001/111/CE, faoi Threoir 2001/113/CE agus faoi Threoir 2001/114/CE a ailíniú le hAirteagal 290 CFAE agus, i gcás inarb iomchuí, athbhreithniú a dhéanamh ar raon feidhme na gcumhachtaí sin. Ós rud é gurb amhlaidh i gcónaí é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na dTreoracha sin a baint amach go leordhóthanach agus gur fearr, dá bhrí sin, is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun a chuspóirí a bhaint amach. |
(7) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 1999/4/CE, Treoir 2000/36/CE, Treoir 2001/111/CE, Treoir 2001/113/CE agus Treoir 2001/114/CE a leasú dá réir. |
(8) |
Ós rud é nach mbaineann na leasuithe a rinneadh ar Threoir 1999/4/CE, ar Threoir 2000/36/CE, ar Threoir 2001/111/CE, ar Threoir 2001/113/CE agus ar Threoir 2001/114/CE ach le cumhachtaí an Choimisiúin amháin, ní gá do na Ballstáit iad a thrasuí, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Threoir 1999/4/CE
Scriostar Airteagal 4 agus Airteagal 5 de Threoir 1999/4/CE.
Airteagal 2
Leasuithe ar Threoir 2000/36/CE
Leasaítear Treoir 2000/36/CE leis seo mar a leanas:
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5: “Airteagal 5 Chun an dul chun cinn teicniúil agus forbairtí i gcaighdeáin ábhartha idirnáisiúnta a chur san áireamh, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 6 chun Roinn C agus Roinn D d’Iarscríbhinn I a leasú.”; |
(2) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6: “Airteagal 6 1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh. 2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 5 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana ón 18 Samhain 2013. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuirfidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse. 3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 5 a chúlghairm tráth ar bith. Cuirfidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh le tarmligean na cumhachta a shonraítear sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis an cinneadh a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana. 4. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. 5. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 5 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle.”. |
Airteagal 3
Leasuithe ar Threoir 2001/111/CE
Leasaítear Treoir 2001/111/CE leis seo mar a leanas:
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4: “Airteagal 4 Chun an dul chun cinn teicniúil agus forbairtí i gcaighdeáin ábhartha idirnáisiúnta a chur san áireamh, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 5 chun Cuid B den Iarscríbhinn a leasú.”; |
(2) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5: “Airteagal 5 1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh. 2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 4 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana ón 18 Samhain 2013. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuirfidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse. 3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 4 a chúlghairm tráth ar bith. Cuirfidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh le tarmligean na cumhachta a shonraítear sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis an cinneadh a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana. 4. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. 5. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 4 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle.”. |
Airteagal 4
Leasuithe ar Threoir 2001/113/CE
Leasaítear Treoir 2001/113/CE leis seo mar a leanas:
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5: “Airteagal 5 Chun an dul chun cinn teicniúil agus forbairtí i gcaighdeáin ábhartha idirnáisiúnta a chur san áireamh, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 6 chun Iarscríbhinn II agus Cuid B d’Iarscríbhinn III a leasú.”; |
(2) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6: “Airteagal 6 1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh. 2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 5 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana ón 18 Samhain 2013. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuirfidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse. 3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 5 a chúlghairm tráth ar bith. Cuirfidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh le tarmligean na cumhachta a shonraítear sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis an cinneadh a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana. 4. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. 5. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 5 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle.”. |
Airteagal 5
Leasuithe ar Threoir 2001/114/CE
Scriostar Airteagal 5 agus Airteagal 6 de Threoir 2001/114/CE.
Airteagal 6
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg an 9 Deireadh Fómhair 2013.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
M. SCHULZ
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
V. LEŠKEVIČIUS
(1) IO C 229, 31.7.2012, lch. 143.
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Meán Fómhair 2013 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 26 Meán Fómhair 2013.
(3) IO L 66, 13.3.1999, lch. 26.
(4) IO L 197, 3.8.2000, lch. 19.
(5) IO L 10, 12.1.2002, lch. 53.
(6) IO L 10, 12.1.2002, lch. 67.
(7) IO L 15, 17.1.2002, lch. 19.
(8) IO L 184, 17.7.1999, lch. 23.
(9) IO L 31, 1.2.2002, lch. 1.
29.10.2013 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L NaN/5 |
RIALACHÁN (AE) Uimh. 1022/2013 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE
an 22 Deireadh Fómhair 2013
lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) a mhéid a bhaineann le cúraimí sonracha a chur ar an mBanc Ceannais Eorpach de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),
De bharr an méid seo a leanas:
(1) |
An 29 Meitheamh 2012, d'iarr Ceannairí Stáit nó Rialtais an Limistéir Euro ar an gCoimisiún tograí a thíolacadh chun foráil a dhéanamh maidir le sásra aonair maoirseachta a mbeidh baint ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE) leis. Ina chonclúidí an 29 Meitheamh 2012, thug an Chomhairle Eorpach cuireadh dá hUachtarán plean oibre sonrach uainithe a fhorbairt, i ndlúthchomhar le hUachtarán an Choimisiúin, le hUachtarán an Ghrúpa Euro agus le hUachtarán BCE, chun fíoraontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta a bhaint amach, plean ina n-áireofar tograí nithiúla maidir le haontachas agus sláine an mhargaidh inmheánaigh a chaomhnú i seirbhísí airgeadais. |
(2) |
Is í an fhoráil seo maidir le sásra aonair maoirseachta an chéad chéim i dtreo aontas baincéireachta Eorpach a bhunú, ar aontas é a mbeidh leabhar rialacha aonair dílis le haghaidh seirbhísí airgeadais agus creataí nua le haghaidh árachais taiscí agus le haghaidh réitigh mar bhuntaca leis. |
(3) |
Chun foráil a dhéanamh maidir le sásra aonair maoirseachta, cuireann Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle (4) cúraimí sonracha ar BCE maidir le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta a dhéanamh ar institiúidí creidmheasa sna Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu agus ceadaíonn sé do Bhallstáit eile dlúthchomhar le BCE a bhunú. |
(4) |
Le cúraimí maoirseachta a chur ar BCE maidir le hinstitiúidí creidmheasa i roinnt de na Ballstáit, níor cheart go gcuirfí isteach ar shlí ar bith ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh i réimse na seirbhísí airgeadais. Ba cheart don Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) ('ÚBE'), a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) dá bhrí sin, an ról atá aige a chothabháil agus na cumhachtaí agus na cúraimí uile atá aige cheana a choinneáil: ba cheart go leanfadh sé de leabhar rialacha aonair is infheidhme maidir leis na Ballstáit uile a fhorbairt, agus rannchuidiú le cur i bhfeidhm comhsheasmhach an leabhair rialacha sin, agus ba cheart go leanfadh sé de chóineasú na gcleachtas maoirseachta ar fud an Aontais ina iomláine a fheabhsú. |
(5) |
Tá sé ríthábhachtach go mbeadh sásraí cuntasachta daonlathacha ann san aontas baincéireachta. |
(6) |
Le linn do ÚBE na cúraimí a chuirtear air a dhéanamh, agus aird chuí á tabhairt ar an gcuspóir sábháilteacht agus fóntacht institiúidí creidmheasa a áirithiú, ba cheart go dtabharfadh sé lánaird ar éagsúlacht na n-institiúidí creidmheasa, ar a méid agus a samhlacha gnó, agus ar thairbhí sistéamacha na héagsúlachta sa tionscal baincéireachta Eorpach. |
(7) |
Chun dea-chleachtais mhaoirseachta sa mhargadh inmheánach a chur chun cinn, tá tábhacht bhunúsach ag baint leis go mbeadh lámhleabhar maoirseachta Eorpach maidir le maoirseacht insititiúidí airgeadais, arna tharraingt suas ag ÚBE i gcomhar i gcomhairle leis na húdaráis inniúla, ag gabháil leis an leabhar rialacha aonair. Ba cheart go ndéanfaí na dea-chleachtais ar fud an Aontais, a mhéid a bhaineann le modheolaíochtaí agus próisis mhaoirseachta, a shainaithint sa lámhleabhar maoirseachta sin chun a comhlíonadh croíphrionsabail idirnáisiúnta agus Aontais a ghnóthú. Níor cheart gur i bhfoirm gníomhartha atá ceangailteach ó thaobh dlí a bheadh an lámhleabhar ná níor cheart go srianfaí leis maoirseacht bunaithe ar bhreithniú an cháis. Ba cheart go gcuimseofaí ann na hábhair go léir a thagann faoi raon freagrachtaí ÚBE, lena n-áirítear, a mhéid is infheidhme, cosaint tomhaltóirí agus an comhrac i gcoinne an sciúrtha airgid. Ba cheart go leagfaí amach ann méadracht agus modheolaíochtaí i ndáil le measúnú riosca, le luathrabhaidh agus le critéir do ghníomhaíocht mhaoirseachta. Ba cheart d'údaráis inniúla úsáid a bhaint as an lámhleabhar. Ba cheart go mbreathnófaí ar úsáid an lámhleabhair mar ghné shuntasach sa mheasúnú ar chóineasú na gcleachtas maoirseachta agus don athbhreithniú piaraí faoi Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. |
(8) |
Ba cheart go mbeadh ÚBE in ann faisnéis a iarraidh ó insititiúidí airgeadais i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 maidir le haon fhaisnéis ar a bhfuil rochtain dhlíthiúil ag na hinstitiúidí airgeadais sin, lena n-áirítear faisnéis atá i seilbh daoine a fhaigheann luach saothair ó na hinstitiúidí airgeadais sin as gníomhaíochtaí ábhartha a dhéanamh, iniúchtaí a sholáthraíonn iniúchóirí seachtracha do na hinstitiúidí airgeadais sin chomh maith le cóipeanna de dhoiciméid, leabhair agus taifid ábhartha. |
(9) |
Ba cheart údar maith a bheith le hiarrataí ar fhaisnéis a dhéanann ÚBE agus ba cheart iad a bheith réasúnaithe go cuí. Maidir le hagóidí i gcoinne iarrataí sonracha ar fhaisnéis, arna ndéanamh ar fhorais neamhchomhlíonadh Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, ba cheart go ndéanfaí iad i gcomhréir leis na nósanna imeachta ábhartha. I gcás ina ndéanann seolaí iarrata ar fhaisnéis agóidí den sórt sin, níor cheart go scaoilfeadh an méid sin an seolaí ón bhfaisnéis a iarradh a sholáthar. Ba cheart gurb í Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a bheadh inniúil lena chinneadh, i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, cibé an gcomhlíonann iarraidh shonrach ar fhaisnéis, arna déanamh ag ÚBE, an Rialachán sin. |
(10) |
Ba cheart an margadh inmheánach agus comhtháthú an Aontais a áirithiú agus sa chomhthéacs sin ba cheart ábhair imní a bhaineann le rialachas agus le socruithe vótála ÚBE a bhreithniú go cúramach agus ba cheart cóir chomhionann idir na Ballstáit atá páirteach sa Sásra Aonair Maoirseachta (SAM) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 agus Ballstáit eile a ráthú. |
(11) |
Ós rud é go ndearnadh ÚBE, ina bhfuil cearta comhionanna ag gach Ballstát atá rannpháirteach ann, a bhunú agus é mar aidhm leis cur i bhfeidhm comhsheasmhach an leabhair rialacha aonair a fhorbairt, agus rannchuidiú leis an leabhar rialacha sin, agus feabhas a chur ar chomhleanúnachas na gcleachtas maoirseachta laistigh den Aontas, agus ós rud é go bhfuil ról ceannródaíoch ag BCE laistigh de SAM, ba cheart an ÚBE a fheistiú le hionstraimí leormhaithe a chuirfeadh ar a chumas na cúraimí a chuirtear air maidir le sláine an mhargaidh inmheánaigh a dhéanamh go héifeachtúil. |
(12) |
I bhfianaise na gcúraimí maoirseachta a chuirtear ar BCE le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013, ba cheart go mbeadh an ÚBE in ann a chúraimí a chomhlíonadh i ndáil leis an BCE freisin ar an tslí chéanna agus a dhéanann sé é i ndáil leis na húdaráis inniúla eile. Ba cheart, go háirithe, go ndéanfaí na sásraí atá ann cheana i ndáil le heasaontais a réiteach agus le gníomhaíochtaí i staideanna éigeandála a choigeartú dá réir sin chun go leanfaidís de bheith éifeachtach. |
(13) |
Chun a bheith in ann a ról maidir le héascú agus comhordú a chomhlíonadh i gcúinsí éigeandála, ba cheart an ÚBE a chur ar an eolas go hiomlán maidir le haon fhorbairtí ábhartha, agus ba cheart do na húdaráis inniúla ábhartha a iarraidh air páirt a ghlacadh mar bhreathnóir in aon chruinniú ábhartha, lena n-áirítear an ceart labhairt ag an gcruinniú nó aon rannchuidiú eile a dhéanamh. |
(14) |
Chun a áirithiú go bhfuil leasanna na mBallstát uile á gcur san áireamh ar bhealach iomchuí, agus chun gur féidir le ÚBE feidhmiú go cuí d'fhonn an margadh inmheánach le haghaidh seirbhísí airgeadais a chothabháil agus a threisiú, ba cheart na socruithe maidir le vótáil laistigh dá Bhord Maoirseoirí a oiriúnú. |
(15) |
Ba cheart do phainéal neamhspleách atá comhdhéanta de chomhaltaí an Bhoird Maoirseoirí a bhfuil vóta acu agus nach mbaineann aon choinbhleachtaí leasa leo, arna cheapadh ag an mBord Maoirseoirí, scrúdú a dhéanamh ar chinntí a bhaineann le sáruithe ar dhlí an Aontais agus a bhaineann le réiteach easaontas. Ba cheart na cinntí a mholann an painéal don Bhord Maoirseoirí a ghlacadh trí thromlach simplí de na comhaltaí sin den Bhord Maoirseoirí a bhfuil vóta acu, ar cheart go n-áireofaí ann tromlach simplí dá chomhaltaí ó údaráis inniúla Ballstát atá páirteach i SAM ("Ballstáit rannpháirteacha") agus tromlach simplí dá chomhaltaí ó údaráis inniúla Ballstát nach bhfuil páirteach ("Ballstáit nach bhfuil rannpháirteach") ann. |
(16) |
Ba cheart cinntí a bhaineann le gníomhaíochtaí le linn staideanna éigeandála a ghlacadh le tromlach simplí den Bhord Maoirseoirí lenar cheart go n-áireofaí tromlach simplí dá chomhaltaí ó údaráis inniúla Ballstát rannpháirteacha agus tromlach simplí dá chomhaltaí ó údaráis inniúla Ballstát nach bhfuil rannpháirteach. |
(17) |
Ba cheart go ndéanfaí cinntí a bhaineann le gníomhartha a shonraítear in Airteagal 10 go hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 agus bearta agus cinntí a ghlactar faoin tríú fomhír d'Airteagal 9(5) agus faoi Chaibidil VI den Rialachán sin a ghlacadh trí thromlach cáilithe den Bhord Maoirseoirí, lenar cheart go n-áireofaí ann ar a laghad tromlach simplí dá chomhaltaí ó údaráis inniúla Ballstát rannpháirteach i SAM agus tromlach simplí dá chomhaltaí ó údaráis inniúla Ballstát nach bhfuil rannpháirteach. |
(18) |
Ba cheart do ÚBE rialacha nós imeachta a fhorbairt don phainéal a áiritheoidh go mbeidh sé neamhspleách agus oibiachtúil. |
(19) |
Ba cheart cothromaíocht a bheith i gcomhdhéanamh an Bhoird Bainistíochta agus ba cheart go ndéanfadh sé ionadaíocht chuí do na Ballstáit nach bhfuil rannpháirteach. |
(20) |
Maidir le ceapacháin na gcomhaltaí do chomhlachtaí agus coistí inmheánacha an ÚBE, ba cheart cothromaíocht gheografach i measc na mBallstát a áirithiú leo. |
(21) |
Chun a áirithiú go bhfeidhmíonn an ÚBE go cuí agus go dtugtar ionadaíocht leormhaith do na Ballstáit uile, ba cheart faireachán a dhéanamh ar na socruithe vótála, ar chomhdhéanamh an Bhoird Bainistíochta agus ar chomhdhéanamh an phainéil neamhspleách. Ba cheart athbhreithniú a dhéanamh orthu tar éis tréimhse iomchuí ama, ag cur san áireamh aon taithí a fuarthas agus forbairtí a tharla i rith na tréimhse sin. |
(22) |
Níor cheart idirdhealú a dhéanamh ar Bhallstát nó ar ghrúpa Ballstát, go díreach nó go hindíreach, mar ionad do sheirbhísí airgeadais. |
(23) |
Ba cheart go ndéanfaí na hacmhainní iomchuí airgeadais agus daonna a sholáthar do ÚBE le cur ar a chumas aon chúraimí breise a chuirtear air faoin Rialachán seo a chomhlíonadh go leordhóthanach. Ba cheart go ndéanfaí aird chuí a thabhairt ar na cúraimí breise sin sa nós imeachta maidir lena bhuiséad a bhunú, a chur chun feidhme agus a rialú de réir mar a leagtar amach iad in Airteagal 63 agus in Airteagal 64 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. Ba cheart do ÚBE a áirithiú go ndéantar na caighdeáin is airde éifeachtúlachta a chomhlíonadh. |
(24) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon ardleibhéal rialála agus maoirseachta stuamachta, atá éifeachtach agus comhsheasmhach, a áirithiú ar fud na mBallstát uile, sláine, éifeachtúlacht agus feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh a chosaint agus cobhsaíocht an chórais airgeadais a chothabháil, a ghnóthú go leordhóthanach ach gur fearr, dá bhrí sin, de bharr fhairsinge na gníomhaíochta, is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach. |
(25) |
Ba cheart dá bhrí sin Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 mar a leanas:
(1) |
Leasaítear Airteagal 1 mar a leanas:
|
(2) |
in Airteagal 2(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (f):
|
(3) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3: "Airteagal 3 Cuntasacht na nÚdarás Beidh na hÚdaráis dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (d) d'Airteagal 2(2) cuntasach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. Beidh an Banc Ceannais Eorpach cuntasach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le feidhmiú na gcúraimí maoirseachta a chuirtear air le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 i gcomhréir leis an Rialachán sin."; |
(4) |
i bpointe (2) d'Airteagal 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (i):
|
(5) |
Leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:
|
(6) |
Leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:
|
(7) |
Leasaítear Airteagal 18 mar a leanas:
|
(8) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre d'Airteagal 19(1): "1. Gan dochar do na cumhachtaí a leagtar síos in Airteagal 17, i gcás ina n-easaontaíonn údarás inniúil maidir leis an nós imeachta nó leis an inneachar a bhaineann le gníomhaíocht nó le neamhghníomhaíocht ar thaobh údaráis inniúil eile sna cásanna a shonraítear sna gníomhartha de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1(2), féadfaidh an tÚdarás, arna iarraidh sin ag ceann amháin nó níos mó de na húdaráis inniúla lena mbaineann, cúnamh a thabhairt do na húdaráis inniúla chun teacht ar chomhaontú i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i mír 2 go mír 4 den Airteagal seo."; |
(9) |
Cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas: "Airteagal 20a Cóineasú an phróisis athbhreithnithe maoirseachta Cuirfidh an tÚdarás, faoi réir raon feidhme a chumhachtaí, cóineasú an phróisis athbhreithnithe agus meastóireachta maoirseachta chun cinn i gcomhréir le Treoir 2013/36/ AE chun caighdeáin láidre mhaoirseachta a thabhairt i gcrích san Aontas." |
(10) |
Leasaítear Airteagal 21 mar a leanas:
|
(11) |
In Airteagal 22, cuirtear an mhír seo a leanas isteach: "1a. Ar a laghad uair sa bhliain, cinnfidh an tÚdarás an bhfuil sé iomchuí measúnuithe a dhéanamh ar fud an Aontais ar stóinseacht na n-institiúidí airgeadais i gcomhréir le hAirteagal 32 agus cuirfidh sé a chuid réasúnaithe in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún. I gcás ina ndéantar na measúnuithe sin ar fud an Aontais nochtfaidh an tÚdarás, i gcás inarb iomchuí, na torthaí maidir le gach institiúid airgeadais rannpháirteach."; |
(12) |
in Airteagal 25, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: "1. Rannchuideoidh an tÚdarás le forbairt agus comhordú pleananna téarnaimh agus réitigh le haghaidh institiúidí airgeadais ar pleananna iad atá éifeachtach comhsheasmhach agus cothrom le dáta agus glacfaidh sé páirt ghníomhach san fhorbairt agus sa chomhordú sin. Cuideoidh an tÚdarás freisin i gcás ina ndéantar foráil dó sna gníomhartha de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1(2) le nósanna imeachta i staideanna éigeandála agus bearta coisctheacha a fhorbairt chun an tionchar sistéamach a ghabhann le haon chliseadh a íoslaghdú."; |
(13) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre d'Airteagal 27(2): "2. Cuirfidh an tÚdarás measúnú ar an ngá atá le córas sásraí comhleanúnacha, daingne inchreidte cistiúcháin a bheith ann ar fáil, mar aon le hionstraimí airgeadais iomchuí a bheadh nasctha le sraith socruithe comhordaithe um bainistiú géarchéime."; |
(14) |
In Airteagal 29(2), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis: "Chun críche cultúr coiteann maoirseachta a chothú, déanfaidh an tÚdarás, agus cleachtais gnó agus samhlacha gnó athraitheacha institiúidí airgeadais, inter alia, á gcur san áireamh, lámhleabhar maoirseachta Eorpach maidir le maoirseacht ar institiúidí airgeadais a fhorbairt agus a choimeád cothrom le dáta san Aontas ina iomláine. Leagfar amach sa lámhleabhar maoirseachta Eorpach dea-chleachtas maoirseachta do mhodheolaíochtaí agus do phróisis."; |
(15) |
in Airteagal 30, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3: "3. Ar bhonn athbhreithnithe piaraí, féadfaidh an tÚdarás treoirlínte agus moltaí a eisiúint de bhun Airteagal 16. I gcomhréir le hAirteagal 16(3), féachfaidh na húdaráis inniúla le déanamh de réir na dtreoirlínte agus na moltaí sin. Nuair a bheidh dréachtchaighdeáin theicniúla rialála á bhforbairt nó nuair a bheidh dréachtchaighdeáin theicniúla á gcur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 15 cuirfidh an tÚdarás toradh an athbhreithnithe piaraí san áireamh, mar aon le haon fhaisnéis eile a fhaigheann sé le linn dó a chuid cúraimí a dhéanamh, chun cóineasú ar na caighdeáin agus na cleachtais is airde a áirithiú. 3a. Déanfaidh an tÚdarás tuairim a chur faoi bhráid an Choimisiúin i gcás ina léiríonn an t-athbhreithniú piaraí nó aon fhaisnéis eile a fhaightear le linn dó a chuid cúraimí a dhéanamh gur gá tionscnamh reachtach chun a áirithiú go ndéantar rialacha stuamachta a chomhchuibhiú tuilleadh."; |
(16) |
in Airteagal 31, leasaítear an dara fomhír mar a leanas:
|
(17) |
Leasaítear Airteagal 32 mar a leanas:
|
(18) |
Leasaítear Airteagal 35 mar a leanas:
|
(19) |
Leasaítear Airteagal 36 mar a leanas:
|
(20) |
Leasaítear Airteagal 37 mar a leanas:
|
(21) |
Leasaítear Airteagal 40 mar a leanas:
|
(22) |
In Airteagal 41, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2, mhír 3 agus mhír 4: "1a. Chun críocha Airteagal 17, déanfaidh an Bord Maoirseoirí painéal neamhspleách a ghairm, agus is Cathaoirleach an Bhoird Maoirseoirí agus seisear comhaltaí eile a bheidh ar an bpainéal, nach ionadaithe iad thar ceann an údaráis inniúil a líomhnaítear go bhfuil dlí an Aontais sáraithe acu agus nach bhfuil aon leas acu san ábhar ná naisc dhíreacha acu leis an údarás inniúil lena mbaineann. Beidh vóta amháin ag gach comhalta den phainéal. Glacfar cinntí an phainéil i gcásanna ina vótálann ar a laghad ceathrar comhaltaí ina bhfabhar. 2. Chun críocha Airteagal 19, déanfaidh an Bord Maoirseoirí painéal neamhspleách a chomóradh, agus is Cathaoirleach an Bhoird Maoirseoirí agus seisear comhaltaí eile a bheidh ar an bpainéal, nach ionadaithe iad de chuid na n-údarás inniúil atá ina bpáirtithe san easaontas iad agus nach bhfuil aon leas sa choinbhleacht acu, ná naisc dhíreacha acu leis na húdaráis inniúla lena mbaineann. Beidh vóta amháin ag gach comhalta den phainéal. Glacfar cinntí an phainéil i gcásanna ina vótálann ar a laghad ceathrar comhaltaí ina bhfabhar. 3. Molfaidh na painéil dá dtagraítear san Airteagal seo cinntí faoi Airteagal 17 nó faoi Airteagal 19 lena nglacadh go críochnaitheach ag an mBord Maoirseoirí. 4. Is é an Bord Maoirseoirí a ghlacfaidh rialacha nós imeachta do na painéil dá dtagraítear san Airteagal seo." |
(23) |
In Airteagal 42, cuirtear an mhír seo a leanas leis: "Tá an chéad mhír agus an dara mír gan dochar do na cúraimí a chuirtear ar an mBanc Ceannais Eorpach le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013."; |
(24) |
Leasaítear Airteagal 44 mar a leanas:
|
(25) |
in Airteagal 45(1)i bhfomhír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír: "Dhá bhliain go leith a bheidh i dtéarma oifige na gcomhaltaí arna dtoghadh ag an Bord Maoirseoirí. Féadfar an téarma sin a fhadú uair amháin. Beidh comhdhéanamh an Bhoird Bhainistíochta cothrom, comhréireach agus léireoidh sé an tAontas ina iomláine. Ar an mBord Bainistíochta beidh beirt ionadaí ar a laghad ó na Ballstáit nach Ballstáit rannpháirteacha iad. Beidh tréimhsí forluiteacha sainordaithe ann agus beidh feidhm ag socrú uainíochta iomchuí."; |
(26) |
in Airteagal 47, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4: "4. Glacfaidh an Bord Bainistíochta plean beartais foirne an Údaráis agus, de bhun Airteagal 68(2), na bearta cur chun feidhme is gá ó na Rialacháin Foirne.": |
(27) |
cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas: "Airteagal 49a Caiteachais Poibleoidh an Cathaoirleach na cruinnithe arna dtionól agus an fáilteachas arna fháil. Déanfar caiteachais a thaifead go poiblí i gcomhréir leis na Rialacháin Foirne."; |
(28) |
cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas: "Airteagal 52a Caiteachais Poibleoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin cruinnithe arna dtionól agus fáilteachas arna fháil. Déanfar caiteachais a thaifead go poiblí i gcomhréir leis na Rialacháin Foirne."; |
(29) |
in Airteagal 63, scriostar mír 7; |
(30) |
in Airteagal 81, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3: "3. Maidir le saincheist na maoirseachta dírí ar institiúidí nó ar bhonneagair réimse uile-Eorpaigh agus forbairtí margaidh, cobhsaíocht an mhargaidh inmheánaigh agus comhtháthú an Aontais ina iomláine á gcur san áireamh, tarraingeoidh an Coimisiún suas tuarascáil bhliantúil maidir lena hiomchuí a bheadh sé tuilleadh freagrachtaí maoirseachta sa réimse seo a chur ar an Údarás."; |
(31) |
cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas: "Airteagal 81a Athbhreithniú ar na socruithe vótála Amhail ón dáta arb ionann agus ceithre Bhallstát líon na mBallstát nach Ballstáit rannpháirteacha iad, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú agus tuairisciú do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle Eorpach agus don Chomhairle maidir leis na socruithe vótála a gcuirtear síos orthu in Airteagal 41 agus Airteagal 44, agus aon taithí a fuarthas le linn chur i bhfeidhm an Rialacháin seo á cur san áireamh." |
Airteagal 2
Gan dochar d'Airteagal 81 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, faoin 31 Nollaig 2015, foilseoidh an Coimisiún tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm fhorálacha an Rialacháin seo i ndáil leis an méid seo a leanas:
(a) |
comhdhéanamh an Bhoird Bhainistíochta; agus |
(b) |
comhdhéanamh na bpainéal neamhspleách dá dtagraítear in Airteagal 41 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, a ullmhaíonn cinntí chun críocha Airteagal 17 agus Airteagal 19 den Rialachán sin. |
Sa tuarascáil, cuirfear san áireamh, go háirithe, aon athruithe ar líon na mBallstát rannpháirteach, agus déanfar scrúdú chun féachaint an bhfuil gá le tuilleadh coigeartuithe ar na forálacha sin i bhfianaise na n-athruithe sin, lena áirithiú go ndéantar cinntí ÚBE ar mhaithe leis an margadh inmheánach do sheirbhísí airgeadais a chothabháil agus a neartú.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg an 22 Deireadh Fómhair 2013.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
M. SCHULZ
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
V. LEŠKEVIČIUS
(1) IO C 30, 1.2.2013, lch. 6.
(2) IO C 11, 15.1.2013, lch. 34.
(3) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Meán Fómhair 2013 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2013.
(4) (Féach leathanach 63 den Iris Oifigiúil seo).
(5) IO L 331, 15.12.2010, lch. 12.
(6) IO L 176, 27.6.2013, lch. 1.
(7) OJ L 176, 27.6.2013, lch. 338.
(8) Council Regulation (EU) No 1024/2013 of 15 October 2013 conferring specific tasks on the European Central Bank concerning policies relating to the prudential supervision of credit institutions (OJ L 287, 29.10.2013, lch. 63)";
(9) IO L 56, 4.3.1968, lch. 1.":
29.10.2013 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L NaN/15 |
RIALACHÁN (AE) Uimh. 1023/2013 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE
an 22 Deireadh Fómhair 2013
lena leasaítear Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 336 de,
Ag féachaint don Phrótacal ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 12 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach, a tíolacadh tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste um Rialacháin Foirne,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ón gCúirt Bhreithiúnais (1),
Ag féachaint don tuairim ón gCúirt Iniúchóirí (2),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),
De bharr an méid seo a leanas:
(1) |
Ba cheart go leanfadh riarachán poiblí Eorpach d'ardcháilíocht a bheith ag an Aontas Eorpach agus ag na breis is 50 institiúid agus gníomhaireacht a bhaineann leis, ionas go mbeidh sé in ann a chuspóirí a chur i gcrích, a bheartais agus a ghníomhaíochtaí a chur chun feidhme agus a chúraimí a chomhlíonadh ar an gcaighdeán is fearr is féidir i gcomhréir leis na Conarthaí chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin, idir dhúshláin inmheánacha agus dhúshláin sheachtracha, a bheidh ann dó amach anseo agus chun fónamh do shaoránaigh an Aontais. |
(2) |
Dá dhroim sin, is gá creat a áirithiú chun foireann ardcháilithe agus ilteangach a tharraingt, a earcú agus a choinneáil, ar foireann í a gheofar ar an mbonn geografach is leithne is féidir as measc shaoránaigh na mBallstát, agus ag féachaint go cuí don chothromaíocht inscne, agus ar foireann í atá neamhspleách agus a chloíonn leis na caighdeáin ghairmiúla is airde, agus chun foireann den sórt sin a chumasú a ndualgais a chur i gcrích chomh héifeachtach agus chomh héifeachtúil agus is féidir. Chuige sin, is gá an lámh in uachtar a fháil ar na deacrachtaí reatha atá ag na hinstitiúidí chun oifigigh nó comhaltaí foirne a earcú ó Bhallstáit áirithe. |
(3) |
I bhfianaise mhéid na seirbhíse sibhialta Eorpaí nuair a thomhaistear í le hais chuspóirí an Aontais agus a dhaonra, níor cheart go leanfadh as laghdú ar líon foirne institiúidí agus ghníomhaíochtaí an Aontais go mbeadh aon lagú ar a gcúraimí, a ndualgais agus ar a bhfeidhmeanna a bheith á gcomhlíonadh acu i gcomhréir leis na hoibleagáidí agus leis na cumhachtaí faoi na Conarthaí. Chuige sin, is gá trédhearcacht a bheith ann i ndáil leis na costais phearsanra a thabhóidh gach institiúid agus gníomhaireacht maidir leis an bhfoireann atá fostaithe acu. |
(4) |
Bítear ag súil leis go ngníomhaíonn an tseirbhís shibhialta Eorpach de réir na gcaighdeán is airde d'eiticí gairmiúla agus go bhfanann sí neamhspleách i gcónaí. Chuige sin, ba cheart Teideal II de na Rialacháin Foirne (4), a sholáthraíonn creat do chearta agus d'oibleagáidí, a shoiléiriú tuilleadh. Má mhainníonn oifigigh nó iaroifigigh na hoibleagáidí seo a chomhlíonadh, ba cheart go ndlífí gníomh araíonachta a thabhairt ina gcoinne. |
(5) |
Tá luach na seirbhíse sibhialta Eorpaí ag brath ar shlí chomhionann ar éagsúlacht chultúrtha agus teanga, rud nach féidir a áirithiú ach amháin má fhaightear cothromaíocht iomchuí maidir le náisiúntacht na n-oifigeach. Ba cheart a áirithiú le hearcaíocht agus le ceapacháin go bhfostófaí an fhoireann ar an mbonn geografach is leithne is féidir as measc náisiúnaigh Bhallstáit uile an Aontais Eorpaigh, gan poist a bheith curtha in áirithe do náisiúnaigh Ballstáit ar leith, áfach. Chuige sin agus chun aghaidh a thabhairt ar mhíchothromaíochtaí suntasacha a d'fhéadfadh a bheith ann idir náisiúntachtaí i measc oifigeach, míchothromaíocht nach bhfuil údar maith leo de réir critéar oibiachtúil, ba cheart go dtabharfaí an deis do gach institiúid bearta a bhfuil údar maith leo agus bearta iomchuí a ghlacadh. Níor cheart critéir earcaíochta a bhunú choíche ar bhearta den sórt sin, cé is moite de chritéir a bheidh bunaithe ar thuillteanas. Ba cheart go dtuairisceodh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis na bearta iomchuí a bheith á gcur chun feidhme ag na hinstitiúidí. |
(6) |
Chun earcaíocht a dhéanamh ar an mbonn geografach is leithne is féidir, ba cheart do na hinstitiúidí gach dícheall a dhéanamh oideachas ilteangach agus ilchultúrtha do leanaí a thacú do leanaí a bhfoirne. Tá sé inmhianaithe go ndéanfaí ranníocaíocht ón Aontas le haghaidh mhaoiniú na Scoileanna Eorpacha, arna cinneadh ag an údarás buiséadach i gcomhréir leis na rialacha ábhartha, a ghearradh ar bhuiséad an Aontais. I gcás inar gá sin ar mhaithe le feidhmiú na n-institiúidí, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann a iarraidh ar na húdaráis inniúla athbhreithniú a dhéanamh ar shuíomh scoile Eorpaí nua. |
(7) |
Ba cheart é a bheith mar aidhm níos leithne bainistiú na n-acmhainní daonna a optamú i seirbhís shibhialta Eorpach a bhfuil a feabhas, a hinniúlacht, a neamhspleáchas, a dílseacht, a neamhchlaontacht agus a cobhsaíocht mar shaintréithe aici, chomh maith leis an éagsúlacht chultúrtha agus teanga agus coinníollacha tarraingteacha earcaíochta. |
(8) |
Ba cheart d'oifigigh tréimhse phromhaidh naoi mí a dhéanamh. Le linn dó cinneadh a dhéanamh maidir le bunú oifigigh, ba cheart go ndéanfadh an t-údarás ceapacháin an tuarascáil ar an tréimhse phromhaidh a rinneadh ag deireadh na tréimhse sin agus iompar an phromhóra maidir lena oibleagáidí faoi na Rialacháin Foirne a chur san áireamh. Ba cheart go mbeifí in ann tuarascáil ar an bpromhóir a dhéanamh tráth ar bith más léir obair an phromhóra a bheith míshásúil. Ina éagmais sin, níor cheart tuarascáil a dhéanamh ach amháin ag deireadh na tréimhse promhaidh. |
(9) |
Chun a ráthú go bhforbróidh cumhacht ceannaigh oifigigh agus sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh i gcomhthreo le cumhacht ceannaigh seirbhíseach sibhialta náisiúnta i rialtais lárnacha na mBallstát, tá sé bunriachtanach prionsabal an tsásra ilbhliantúil i gcomhair uasdátaithe pá, ar a dtugtar 'an modh', a chaomhnú trína chur i bhfeidhm a áirithiú go dtí deireadh 2023 le hathbhreithniú ag tús 2022, agus sásra chun an modh a fhadú go sealadach a bheith ar áireamh. Thairis sin, chun na deacrachtaí maidir le cur i bhfeidhm an mhodha san am a chuaigh thart a leigheas, ba cheart foráil a dhéanamh do mhodh lena bhféadfadh sé go mbeadh uasdátú uathoibríoch bliantúil ar na tuarastail, ar na pinsin agus ar na liúntais go léir, lena n-áirítear clásal uathoibríoch géarchéime. Chuige sin, ba cheart go dtuigfí na méideanna ábhartha atá sna Rialacháin Foirne agus i gCoinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh mar mhéideanna tagartha atá faoi réir uasdátaithe rialta agus uathoibríoch. Ba cheart don Choimisiún, chun críocha faisnéise, na méideanna uasdátaithe sin a fhoilsiú i sraith C d'Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Ba cheart an sásra uasdátaithe seo a úsáid mar an gcéanna i ngach cás eile lena bhforáiltear d'uasdátú den sórt sin. |
(10) |
Tá sé tábhachtach go n-áiritheofar cáilíocht na sonraí staidrimh a úsáidtear chun luach saothair agus pinsin a uasdátú. I gcomhréir le prionsabal na neamhchlaontachta, ba cheart d'institiúidí staidrimh náisiúnta nó údaráis eile iomchuí sna Ballstáit na sonraí a bhailiú ar an leibhéal náisiúnta agus iad a tharchur chuig Eurostat. |
(11) |
Na buntáistí a d'fhéadfadh a bheith ann d'oifigigh agus do sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh de bharr chur i bhfeidhm an mhodha, ba cheart iad a chothromú trí chóras 'tobhaigh' a thabhairt isteach an athuair. Féadfar cur i bhfeidhm an tobhaigh dlúthpháirtíochta, faoi mar a dhéantar i gcás an mhodha, a fhadú go sealadach. Is dealraitheach gurb iomchuí sna himthosca atá ann faoi láthair an tobhach dlúthpháirtíochta a mhéadú, i gcomparáid le leibhéal an tobhaigh speisialta ab infheidhme ó 2004 go 2012, agus foráil a dhéanamh do ráta níos forchéimnithí. Tá sé sin chun an comhthéacs eacnamaíoch agus sóisialta atá fíordheacair san Aontas a thabhairt i gcuntas, mar aon lena iarmhairtí don airgeadas poiblí ar fud an Aontais. Leis an ngá chun an t-airgeadas poiblí san Aontas a chomhdhlúthú, lena n-áirítear sa ghearrthéarma, éilítear iarracht sciobtha agus shonrach dlúthpháirtíochta ar thaobh fhoireann institiúidí an Aontais. Ba cheart go mbeadh feidhm, dá bhrí sin, ag tobhach dlúthpháirtíochta den sórt sin maidir le gach oifigeach agus seirbhíseach eile den Aontas amhail ón 1 Eanáir 2014. |
(12) |
Ina chonclúidí an 8 Feabhra 2013 maidir leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil, chuir an Chomhairle Eorpach i bhfios go n-éilítear leis an ngá le hairgeadas poiblí a chomhdhlúthú sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma iarracht ar leith a bheith á déanamh ag gach riarachán poiblí agus ag a fhoireann chun éifeachtúlacht agus éifeachtacht a fheabhsú agus chun dul in oiriúint don chomhthéacs eacnamaíoch atá ag athrú. Leis an nglao sin, cuireadh in iúl athuair cuspóir thogra 2011 ón gCoimisiúin lena leasaítear Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh, ar cuspóir é a d'fhéach le costéifeachtacht a áirithiú agus a d'admhaigh go n-éilíonn na dúshláin a bhfuil an Eoraip ag tabhairt aghaidh orthu anois go ndéanfaidh gach riarachán poiblí agus gach uile chomhalta dá chuid foirne iarracht ar leith éifeachtúlacht a fheabhsú agus dul in oiriúint don chomhthéacs eacnamaíoch agus sóisialta atá ag athrú san Eoraip. D'iarr an Chomhairle Eorpach lena chois sin, mar chuid d'athchóiriú na Rialachán Foirne, go ndéanfaí luach saothair agus pinsin fhoireann uile institiúidí an Aontais a choigeartú tríd an modh tuarastail a chur ar fionraí ar feadh dhá bhliain agus go dtabharfaí an tobhach nua dlúthpháirtíochta isteach athuair mar chuid d'athchóiriú an mhodha tuarastail. |
(13) |
I bhfianaise na gconclúidí sin agus chun freagairt do shrianta buiséadacha a bheidh ann amach anseo agus chun dlúthpháirtíocht ar thaobh na seirbhíse sibhialta Eorpaí leis na dianbhearta atá glactha ag na Ballstáit mar thoradh ar an ngéarchéim airgeadais gan réamhshampla agus ar an gcomhthéacs sóisialta agus eacnamaíoch fíordheacair sna Ballstáit agus san Aontas trí chéile a léiriú, is gá foráil a dhéanamh don mhodh a chur ar fionraí ar feadh dhá bhliain do luach saothair, do phinsin agus do liúntais uile na n-oifigeach agus an tobhach dlúthpháirtíochta a chur i bhfeidhm d'ainneoin fionraí den sórt sin. |
(14) |
De dheasca athruithe déimeagrafacha agus de dheasca struchtúr aoise an daonra lena mbaineann atá ag athrú, is gá an aois phinsin a mhéadú, ach é sin faoi réir beart idirthréimhseach i gcomhair oifigigh agus sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh atá sa tseirbhís cheana. Tá gá leis na bearta idirthréimhseacha sin ionas go n-urramófar cearta faighte atá ag oifigigh atá sa tseirbhís cheana agus a rinne ranníocaíochtaí leis an gciste pinsean barúlach i gcomhair oifigigh an Aontais Eorpaigh. Ba cheart go ndéanfaí an aois phinsin níos solúbtha trína dhéanamh níos éasca don fhoireann oibriú go saorálach go dtí 67 mbliana d'aois agus trína chumasú dóibh, i gcúinsí eisceachtúla agus faoi choinníollacha áirithe, oibriú go dtí 70 bliain d'aois. |
(15) |
Ós rud é gur comhardú achtúireach atá i scéim pinsin an Aontais Eorpaigh agus nach mór an comhardú sin a choinneáil sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma, ba cheart an fhoireann a fostaíodh roimh 1 Eanáir 2014 a chúiteamh as a ranníocaíochtaí pinsin trí bhíthin beart idirthréimhseach, amhail ráta fabhraithe coigeartaithe i gcomhair na mblianta seirbhíse i ndiaidh na haoise inphinsin (dreasacht Barcelona) a shlánú agus trí leath an laghdaithe a chur i bhfeidhm i gcás luathscoir idir 60 bliain d'aois agus an aois scoir reachtúil. |
(16) |
De réir an chleachtais achtúirigh a nglactar leis i gcoitinne, ní mór tréimhse breathnuithe ar an am a chuaigh thart, de idir 20 bliain agus 40 bliain, a úsáid i gcás rátaí úis agus fáis tuarastail d'fhonn comhardú scéimeanna pinsin a áirithiú. Ba cheart, dá bhrí sin, na meáin shoghluaiste i gcomhair rátaí úis agus fáis tuarastail a fhadú go 30 bliain le hidirthréimhse seacht mbliana. |
(17) |
D'iarr an Chomhairle ar an gCoimisiún staidéar a dhéanamh agus moltaí iomchuí a chur faoina bráid maidir le hAirteagal 5(4), le hIarscríbhinn I, Roinn A agus le hAirteagal 45(1) de na Rialacháin Foirne d'fhonn nasc soiléir a bhunú idir freagrachtaí agus grád agus chun a áirithiú go mbeidh breis béime ar leibhéal na bhfreagrachtaí nuair a dhéantar comparáid idir tuillteanais i gcomhthéacs an ardaithe céime. |
(18) |
Agus an iarraidh sin á cur san áireamh, is iomchuí ardú céime go grád níos airde a chur ar bhonn coinníll tiomantais phearsanta, scileanna agus inniúlachtaí a fheabhsú, agus dualgais a chomhlíonadh, ar de thábhacht iad a údar maith a thabhairt le ceapadh an oifigigh go grád níos airde. |
(19) |
Ba cheart an sruth gairmréime i ngrúpa feidhme AD agus i ngrúpa feidhme AST a athstruchtúrú sa chaoi go mbeidh na gráid is airde forchoimeádta i gcomhair líon teoranta oifigeach a mbíonn an leibhéal is airde freagrachtaí á bhfeidhmiú acu. Dá réir sin, ní fhéadfaidh riarthóirí ardú céime a fháil ach go dtí grád AD 12 mura rud é go gceaptar iad do phost ar leith os cionn an ghráid sin, agus ba cheart grád AD 13 agus grád AD 14 a fhorchoimeád don fhoireann sin a bhfuil freagrachtaí suntasacha ag baint lena róil. Ar an gcuma chéanna, ní fhéadfaidh oifigigh de ghrád AST 9 ardú céime a fháil go grád AST 10 ach amháin i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 4 agus in Airteagal 29(1) de na Rialacháin Foirne. |
(20) |
D'fhonn struchtúir ghairmréime i réimsí reatha fhoireann AST a choigeartú tuilleadh do leibhéil éagsúla freagrachta agus mar rannchuidiú sár-riachtanach chun speansais riaracháin a theorannú, ba cheart grúpa feidhme nua "AST/SC" a thabhairt isteach i gcomhair foirne rúnaíochta agus cléireachais. Le tuarastail agus rátaí ardaithe céime, ba cheart comhghaol oiriúnach a bhunú idir leibhéal na freagrachta agus leibhéal an luacha saothair. Ar an dóigh sin, beifear in ann seirbhís shibhialta Eorpach atá cobhsaí agus cuimsitheach a chaomhnú. Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an scála agus ar na héifeachtaí maidir leis an ngrúpa feidhme nua seo a thabhairt isteach, agus aird faoi leith á tabhairt ar staid na mban, ionas go bhféadfar caomhnú seirbhíse sibhialta Eorpaí a bheadh cobhsaí agus cuimsitheach a áirithiú agus ba cheart dó tuairisciú ar an méid sin. |
(21) |
Coinnítear an íosmhéid de dhá bhliain sa ghrád sula dtabharfar ardú céime d'oifigeach go dtí an chéad ghrád eile is airde chun arduithe céime níos tapúla a cheadú do dhaoine ardfheidhmíochta. Ba cheart do gach institiúid a áirithiú go n-úsáideann a beartais inmheánacha acmhainní daonna na féidearthachtaí a sholáthraítear sna Rialacháin Foirne chun gairmréimeanna iomchuí i gcomhair oifigeach ardacmhainneachta agus ardfheidhmíochta a cheadú. |
(22) |
Ba cheart na huaireanta oibre atá i bhfeidhm sna hinstitiúidí a ailíniú leis na huaireanta oibre sin atá i bhfeidhm i mBallstáit áirithe de chuid an Aontais Eorpaigh chun laghdú fhoireann na n-institiúidí a chúiteamh. Ba cheart go gcuirfí san áireamh leis an ailíniú sin na huaireanta oibre atá i bhfeidhm i státseirbhísí na mBallstát. De bharr íoslíon uaireanta oibre sa tseachtain a thabhairt isteach, áiritheofar go mbeidh an fhoireann a fhostaíonn na hinstitiúidí in ann an ualach oibre a bhíonn ann de thoradh chuspóirí beartais an Aontais Eorpaigh a dhéanamh agus, ag an am céanna, comhchuibheofar na dálaí oibre sna hinstitiúidí, ar mhaithe le dlúthpháirtíocht ar fud sheirbhís shibhialta an Aontais. |
(23) |
Cuid bhunriachtanach de riarachán poiblí nua-aimseartha agus éifeachtúil is ea socruithe solúbtha maidir le ham oibre a chuireann dálaí oibre a thacaíonn le teaghlaigh ar fáil agus a éascaíonn cothromaíocht oiriúnach inscne sna hinstitiúidí. Dá bhrí sin, is gá tagairt shainráite do na socruithe sin a thabhairt isteach sna Rialacháin Foirne. |
(24) |
Ba cheart na rialacha maidir le ham taistil bliantúil agus íocaíocht bhliantúil na speansas taistil idir an áit fostaíochta agus an áit bhunaidh a nuachóiriú, a réasúnú agus a nascadh le stádas easaoránach, d'fhonn cur i bhfeidhm na rialacha sin a bheith níos simplí agus níos trédhearcaí. Ba cheart, go háirithe, saoire sa bhaile a chur in ionad an ama taistil bhliantúil agus í a theorannú go dtí dhá lá go leith ar a mhéad. |
(25) |
Ar an dóigh chéanna, ba cheart na rialacha maidir le haisíocaíocht chostas aistrithe a shimpliú, chun a gcur i bhfeidhm a éascú i gcomhair an riaracháin agus na gcomhaltaí foirne lena mbaineann araon. Chuige sin, ba cheart uasteorainneacha costais a thabhairt isteach lena gcuirfear san áireamh staid teaghlaigh an oifigigh nó an ghníomhaire agus meánchostas aistrithe agus an árachais a bhaineann leis. |
(26) |
Bíonn ar chomhaltaí foirne áirithe dul ar misean go minic chuig príomhionaid oibre eile a n-institiúide. Ní leor mar a chuirtear na cásanna sin san áireamh sna rialacha maidir le misin faoi láthair. Ba cheart na rialacha sin a oiriúnú dá bhrí sin, ionas go mbeifí in ann i gcásanna den sórt sin costais lóistín a aisíoc ar bhonn suime ar ráta comhréidh. |
(27) |
Is iomchuí dálaí oibre maidir le comhaltaí foirne atá fostaithe i dtríú tíortha a nuachóiriú agus na dálaí sin a dhéanamh níos costéifeachtaí agus coigilteas costais á ghiniúint ag an am céanna. Ba cheart teidlíochtaí do shaoire bhliantúil a choigeartú, agus ba cheart foráil a dhéanamh go bhféadfaí raon níos leithne paraiméadar a chur san áireamh chun an liúntas i leith dálaí maireachtála a shocrú, gan difear a dhéanamh don aidhm fhoriomlán coigilteas costais a ghiniúint. Ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar na coinníollacha chun liúntas lóistín a dheonú chun gur fearr a dhéanfar coinníollacha áitiúla a chur san áireamh agus chun an t-ualach riaracháin a laghdú. |
(28) |
Is iomchuí creat níos solúbtha a sholáthar chun foireann ar conradh a fhostú. Ba cheart, dá bhrí sin, institiúidí an Aontais a chumasú foireann ar conradh a fhostú ar feadh uastréimhse sé bliana chun cúraimí a chomhlíonadh faoi mhaoirseacht oifigeach nó gníomhairí sealadacha. Thairis sin, cé go leanfar d'fhormhór mór na n-oifigeach a earcú ar bhonn comórtas oscailte, ba cheart na hinstitiúidí a údarú comórtais inmheánacha a eagrú a fhéadfaidh go heisceachtúil agus faoi réir coinníollacha sonracha a bheith ar oscailt d'fhoireann ar conradh. |
(29) |
Ba cheart socruithe idirthréimhseacha a leagan síos ionas gur féidir na rialacha nua agus na bearta nua a chur i bhfeidhm de réir a chéile, agus urraim á léiriú do chearta faighte agus d'ionchais dhlisteanacha na foirne arna fostú roimh theacht i bhfeidhm na leasuithe seo ar na Rialacháin Foirne. |
(30) |
Tá foireann na ngníomhaireachtaí, mar atá foireann eile a bhfuil feidhm ag na Rialacháin Foirne maidir leo, clúdaithe ag scéim pinsin AE. Faoi láthair, íocann na gníomhaireachtaí atá féinmhaoinithe go hiomlán ranníocaíocht na bhfostóirí leis an scéim. Chun trédhearcacht bhuiséadach agus comhroinnt dualgas níos cothromaithe a áirithiú, ba cheart go n-íocfadh gníomhaireachtaí atá maoinithe go páirteach ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh an chuid sin de ranníocaíochtaí na bhfostóirí a chomhfhreagraíonn don choibhneas idir ioncaim na gníomhaireachta gan an fóirdheontas ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh agus a ioncaim fhoriomlána. Ós rud é go bhféadfadh sé go n-éileofaí leis an bhforáil nua seo coigeartú a dhéanamh ar na rialacha ábhartha maidir leis na táillí a bhaileoidh na gníomhaireachtaí, is amhail ón 1 Eanáir 2016 amháin ar cheart di feidhm a bheith aici. I gcás inarb iomchuí, ba cheart don Choimisiún tograí a chur isteach maidir leis na rialacha sin a ghlacadh. |
(31) |
Ar mhaithe le simpliúchán agus le beartas foirne comhsheasmhach, ba cheart go mbeadh feidhm ag na rialacha arna nglacadh ag an gCoimisiún chun na Rialacháin Foirne a chur chun feidhme de réir analaí maidir leis na gníomhaireachtaí. Mar sin féin, chun a áirithiú go bhféadfar staid shonrach gníomhaireachtaí a chur san áireamh más gá, ba cheart gníomhaireachtaí a bheith i dteideal údarú ón gCoimisiún a iarraidh chun rialacha cur chun feidhme a ghlacadh lena maolófaí ar na rialacha sin arna nglacadh ag an gCoimisiún, nó gan rialacha an Choimisiúin a chur i bhfeidhm in aon chor. |
(32) |
Ba cheart clár de na rialacha ar fad arna nglacadh chun na Rialacháin Foirne a chur chun feidhme a chur ar bun agus a riar laistigh de Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Leis an gclár sin, ar clár é a mbeidh na hinstitiúidí, na gníomhaireachtaí agus na Ballstáit uile in ann a cheadú, éascófar an trédhearcacht agus déanfar cur i bhfeidhm comhsheasmhach na Rialachán Foirne a chur chun cinn. |
(33) |
Chun comhchuibhiú agus soiléiriú a dhéanamh ar na rialacha maidir le forálacha cur chun feidhme a ghlacadh, agus ag féachaint dá gcineál inmheánach agus riaracháin, is iomchuí na cumhachtaí cinnteoireachta ábhartha a thabhairt don údarás ceapacháin agus don údarás arna údarú le conarthaí a thabhairt i gcrích. |
(34) |
Agus líon mór na foirne sealadaí sna gníomhaireachtaí á chur san áireamh, chomh maith leis an ngá beartas foirne comhsheasmhach a shainiú, is gá catagóir nua d'fhoireann shealadach a chruthú agus rialacha sonracha a leagan síos maidir leis an gcatagóir sin. |
(35) |
Ba cheart don Choimisiún leanúint d'fhaireachán a dhéanamh ar staid bhuiséadach na Comhscéime um Árachas Breoiteachta agus na bearta go léir is gá a dhéanamh i gcás míchothromaíocht struchtúrach a bheith sa chóras. |
(36) |
Foráiltear in Airteagal 15 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh go bhfuil sonraí áirithe maidir le hoifigigh agus seirbhísigh eile le cur in iúl do rialtais na mBallstát. |
(37) |
Chun na cuspóirí a leagtar amach sna Rialacháin Foirne a bhaint amach, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún go háirithe i ndáil le gnéithe áirithe de dhálaí oibre. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur go comhuaineach, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh mar seo a leanas:
(1) |
Leasaítear Airteagal 1d mar a leanas:
|
(2) |
In Airteagal 1e, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: '1. Beidh rochtain ag oifigigh a bhfuil stádas gníomhach acu ar bhearta de chineál sóisialta, lena n-áirítear bearta sonracha chun réiteach a dhéanamh idir an saol oibre agus saol an teaghlaigh, arna nglacadh ag na hinstitiúidí, agus ar sheirbhísí arna soláthar ag na comhlachtaí leasa shóisialta dá dtagraítear in Airteagal 9. Féadfaidh iaroifigigh rochtain a bheith acu ar bhearta sonracha teoranta de chineál sóisialta.'; |
(3) |
Leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:
|
(4) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6: 'Airteagal 6 1. Cuirfear in iúl sa phlean bunaíochta atá i gceangal leis an roinn den bhuiséad a bhaineann le gach institiúid líon na bpost i ngach grád agus i ngach grúpa feidhme. 2. Gan dochar do phrionsabal an ardaithe céime bunaithe ar thuillteanas mar a leagtar síos in Airteagal 45, áiritheoidh an plean sin, maidir le gach institiúid, go gcomhfhreagróidh líon na bhfolúntas ag gach grád den phlean bunaíochta an 1 Eanáir gach bliain do líon na n-oifigeach sa ghrád níos ísle a bhfuil stádas gníomhach acu an 1 Eanáir an bhliain roimhe sin, arna iolrú faoi na rátaí a leagtar síos in Iarscríbhinn I, Roinn B, don ghrád sin. Cuirfear na rátaí sin i bhfeidhm ar bhonn mheán na gcúig bliana ón 1 Eanáir 2014. 3. Na rátaí a leagtar síos in Iarscríbhinn I, Roinn B, beidh siad mar chuid den tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 113. 4. Beidh cur chun feidhme na bhforálacha i ndáil le grúpa feidhme AST/SC agus cur chun feidhme na bhforálacha idirthréimhseacha a leagtar síos in Airteagal 31 d'Iarscríbhinn XIII, agus an t-athrú a thagann ar an ngá le foireann a dhéanann cúraimí rúnaíochta agus cléireachais i ngach institiúid agus an t-athrú a thagann ar na poist bhuana agus shealadacha i ngrúpa feidhme AST agus i ngrúpa feidhme AST/SC á chur san áireamh, mar chuid den tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 113.'; |
(5) |
Leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:
|
(6) |
Sa dara habairt den chéad fhomhír d'Airteagal 10, cuirtear na focail 'údaráis cheapacháin na n-institiúidí' in ionad na bhfocal 'na n-institiúidí'; |
(7) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11: 'Airteagal 11 Comhlíonfaidh oifigeach a chuid dualgas agus iompróidh sé é féin agus leasanna an Aontais, agus iad sin amháin, ar a intinn aige. Ní iarrfaidh sé treoracha ar aon rialtas, ar aon údarás, ar aon eagraíocht ná ar aon duine lasmuigh dá institiúid, ná ní ghlacfaidh sé treoracha uathu. Comhlíonfaidh sé na dualgais a shanntar dó ar bhealach oibiachtúil agus neamhchlaonta de réir a dhualgais dílseachta don Aontas. Ní dhéanfaidh oifigeach, gan cead a fháil ón údarás ceapacháin, aon onóir, oirneas, fabhar, bronntanas ná íocaíocht de chineál ar bith, seachas i leith seirbhísí a thug sé sular ceapadh é nó le linn saoire speisialta i gcomhair seirbhíse míleata nó i gcomhair seirbhíse náisiúnta eile agus i ndáil leis an tseirbhís sin a ghlacadh ó aon rialtas nó ó fhoinse ar bith eile lasmuigh den institiúid lena mbaineann sé. Sula gceapfar oifigeach, scrúdóidh an t-údarás ceapacháin an bhfuil aon leas pearsanta de chineál a chuirfeadh isteach ar a neamhspleáchas nó aon choinbhleacht leasa eile ag an iarrthóir. Chuige sin, cuirfidh an t-iarrthóir an t-údarás ceapacháin ar an eolas, trí úsáid a bhaint as foirm shonrach, maidir le haon choinbhleacht leasa iarbhír nó aon choinbhleacht leasa a d'fhéadfadh a bheith ann. I gcásanna den sórt sin, cuirfidh an t-údarás ceapacháin é sin san áireamh i dtuairim chuí-réasúnaithe. Más gá sin, glacfaidh an t-údarás ceapacháin na bearta dá dtagraítear in Airteagal 11a(2). Beidh feidhm ag an Airteagal seo de réir analaí maidir le hoifigigh a bheidh ag filleadh ó shaoire ar fhorais phearsanta.'; |
(8) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 16: 'Airteagal 16 Leanfar den cheangaltas a bheith ar an oifigeach, tar éis dó an tseirbhís a fhágáil, é féin a iompar le hionracas agus le discréid maidir le ceapacháin áirithe nó sochair áirithe a ghlacadh. Déanfaidh oifigigh a bhfuil sé ar intinn acu gabháil do ghníomhaíocht ghairme, cibé acu sochrach nó gan a bheith sochrach, laistigh de dhá bhliain ón tseirbhís a fhágáil, a n-institiúid a chur ar an eolas faoi trí úsáid a bhaint as foirm shonrach. Má bhaineann an ghníomhaíocht sin leis an obair a rinne an t-oifigeach le linn na dtrí bliana deireanacha seirbhíse agus dá bhféadfadh sí a bheith i gcoinbhleacht le leasanna dlisteanacha na hinstitiúide, féadfaidh an t-údarás ceapacháin, ag féachaint do leasanna na seirbhíse, cosc a chur air gabháil don ghníomhaíocht sin nó cead a thabhairt dó faoi réir aon choinníollacha is cuí leis. Déanfaidh an t-údarás ceapacháin, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gComhchoiste, a chinneadh a fhógairt laistigh de 30 lá oibre tar éis é sin a bheith curtha in iúl dó. I gcás nach mbeidh fógra den sórt sin tugtha ag deireadh na tréimhse sin, measfar leis sin gur glacadh go hintuigthe leis. I gcás iaroifigeach sinsearach mar a shainítear sna bearta cur chun feidhme, déanfaidh an t-údarás ceapacháin, i bprionsabal, iad a chosc, le linn an 12 mhí tar éis dóibh an tseirbhís a fhágáil a bheith ag gabháil do bhrústocaireacht nó do thathaint maidir le foireann a n-iarinstitiúide le haghaidh a ngnó, a gcliant nó a bhfostóirí ar ábhair a raibh siad freagrach astu le linn na dtrí bliana deireanacha sa tseirbhís. I gcomhlíonadh Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (5), déanfaidh gach institiúid go bliantúil faisnéis a fhoilsiú maidir le cur i bhfeidhm an tríú fomhír, lena n-áirítear liosta de na cásanna a measúnaíodh. |
(9) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 18(1): '1. Is leis an Aontas Eorpach na cearta go léir maidir le haon scríbhinní nó le hobair eile a dhéanfaidh aon oifigeach le linn dó a chuid dualgas a chomhlíonadh i gcás ina mbainfidh scríbhinní nó obair den sórt sin lena ghníomhaíochtaí nó, i gcás ina mbainfidh scríbhinní nó obair den sórt sin le gníomhaíochtaí an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, is leis an gComhphobal sin iad. Beidh sé de cheart ag an Aontas nó, más infheidhme, ag an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, cóipcheart oibreacha den sórt sin a fháil go héigeantach.'; |
(10) |
Cuirtear an méid a leanas in ionad Airteagal 19: 'Airteagal 19 Ní dhéanfaidh oifigeach, gan cead ón údarás ceapacháin, faisnéis a bheidh ar eolas aige de bharr a dhualgas, a nochtadh, ar fhorais ar bith in aon imeachtaí dlíthiúla. Ní dhiúltófar cead a thabhairt ach amháin má theastaíonn sin de réir leasanna an Aontais agus nach mbeadh iarmhairtí coiriúla ann don oifigeach mar thoradh ar dhiúltú den sórt sin. Beidh oifigeach fós faoi cheangal ag an oibleagáid seo tar éis dó an tseirbhís a fhágáil. Ní bheidh feidhm ag forálacha na chéad mhíre maidir le hoifigeach nó le hiaroifigeach a bheidh ag tabhairt fianaise os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh nó os comhair Bhord Araíonachta institiúide maidir le hábhar a bhaineann le seirbhíseach nó le hiarsheirbhíseach an Aontais Eorpaigh'; |
(11) |
In Airteagal 21a, cuirtear an mhír seo a leanas leis: '3. Maidir le hoifigeach a chuireann a oifigigh uachtaracha ar an eolas faoi orduithe a mheasann sé a bheith neamhrialta nó gur dócha go n-eascróidh deacrachtaí tromchúiseacha astu, ní dhéanfar aon dochar dó faoi sin.'; |
(12) |
Cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas: 'Airteagal 22c I gcomhréir le hAirteagal 24 agus le hAirteagal 90, cuirfidh gach institiúid nós imeachta i bhfeidhm i ndáil le láimhseáil gearán a dhéanann oifigigh maidir leis an mbealach ar déileáladh leo tar éis na hoibleagáidí faoi Airteagal 22a nó faoi Airteagal 22b a bheith comhlíonta acu nó mar thoradh ar na hoibleagáidí sin a bheith comhlíonta acu. Déanfaidh an institiúid lena mbaineann a áirithiú go ndéileálfar leis na gearáin sin go rúnda agus, i gcás ina ndlífear é sin leis na himthosca, roimh dul in éag na spriocdhátaí a leagtar amach in Airteagal 90. Déanfaidh údarás ceapacháin gach hinstitiúide rialacha inmheánacha a leagan síos maidir le, inter alia:
|
(13) |
In Airteagal 26a, cuirtear na focail 'údaráis cheapacháin na n-institiúidí' in ionad na bhfocal 'na hinstitiúidí' |
(14) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 27: 'Airteagal 27 Déanfar earcú a dhíriú ar sheirbhísí oifigeach ag a mbeidh an caighdeán is airde cumais, éifeachtúlachta agus ionracais agus a earcófar ar an mbonn geografach is leithne is féidir as measc náisiúnaigh Bhallstáit an Aontais Eorpaigh. Ní choimeádfar aon phoist do náisiúnaigh d'aon Bhallstát ar leith. De réir phrionsabal chomhionannas shaoránaigh an Aontais, beidh cead ag gach institiúid bearta iomchuí a ghlacadh tar éis míchothromaíocht shuntasach a bheith ann idir náisiúntachtaí i measc oifigeach nach bhfuil údar maith léi de réir critéar oibiachtúil. Ní mór údar maith a thabhairt maidir leis na bearta iomchuí sin agus ní bhunófar critéir earcaíochta choíche orthu cé is moite de chritéir a bheidh bunaithe ar thuillteanas. Sula nglacfar bearta iomchuí den sórt sin, glacfaidh údarás ceapacháin na hinstitiúide lena mbaineann forálacha ginearálta chun éifeacht a thabhairt don mhír seo i gcomhréir le hAirteagal 110. Tar éis tréimhse trí bliana dar tús 1 Eanáir 2014, tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur chun feidhme an dara mír. Chun earcaíocht ar an mbonn geografach is leithne is féidir a éascú, déanfaidh na hinstitiúidí gach dícheall oideachas ilteangach agus ilchultúrtha a thacú do leanaí a bhfoirne.'; |
(15) |
In Airteagal 29, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: '1. Sula ndéanfaidh sé folúntas in institiúid a líonadh, déanfaidh an t-údarás ceapacháin breithniú, ar dtús, ar na nithe seo a leanas:
nó an nós imeachta le haghaidh comórtas a leanúint ar bhonn cáilíochtaí nó trialacha, nó ar bhonn cáilíochtaí agus trialacha araon. Leagtar síos le hIarscríbhinn III an nós imeachta comórtais. Ar an dóigh chéanna, d'fhéadfaí an nós imeachta a leanúint chun painéal a chruthú le haghaidh earcaíochta sa todhchaí. Agus an prionsabal á choinneáil go mbeidh formhór mór na n-oifigeach le hearcú ar bhonn comórtas oscailte, féadfaidh an t-údarás ceapacháin a chinneadh, de mhaolú ar phointe (d) agus i gcásanna eisceachtúla amháin, comórtas a reáchtáil laistigh den institiúid a bheidh ar oscailt d'fhoireann ar conradh freisin mar a shainmhínítear in Airteagal 3a agus in Airteagal 3b de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh. Beidh an catagóir foirne sin faoi réir srianta maidir leis an bhféidearthacht mar a leagtar síos in Airteagal 82(7) de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh agus maidir leis na cúraimí sonracha a bhí siad i dteideal a chomhlíonadh mar fhoireann ar conradh.'; |
(16) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 30: 'Airteagal 30 Maidir le gach comórtas, déanfaidh an t-údarás ceapacháin bord roghnúcháin a cheapadh. Cuirfidh an bord seo liosta d'iarrthóirí oiriúnacha le chéile. Cinnfidh an t-údarás ceapacháin cé na hiarrthóirí astu sin a cheapfar do na folúntais. Beidh rochtain ag na hiarrthóirí seo ar fhaisnéis leormhaith maidir le folúntais iomchuí arna bhfoilsiú ag na hinstitiúidí agus ag na gníomhaireachtaí;' |
(17) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte den chéad fhomhír d'Airteagal 31(2): 'Gan dochar d'Airteagal 29(2), ní earcófar oifigigh ach ag grád SC 1 go grád SC 2, ag grád AST 1 go grád AST 4 nó ag grád AD 5 go grád AD 8.' |
(18) |
Sa tríú fomhír d'Airteagal 32, cuirtear na focail 'údarás ceapacháin gach institiúide' in ionad na bhfocal 'na hinstitiúidí'; |
(19) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 34: 'Airteagal 34 1. Déanfaidh oifigigh tréimhse phromhaidh naoi mí sula bhféadfar iad a bhunú. Glacfar an cinneadh oifigeach a bhunú ar bhonn na tuarascála dá dtagraítear i mír 3 agus ar bhonn na ngnéithe atá ar fáil don údarás ceapacháin maidir le hiompar an phromhóra i dtaca le Teideal II. I gcás ina gcuirfear cosc ar oifigeach, le linn a thréimhse phromhaidh, a chuid dualgas a chomhlíonadh ar feadh tréimhse leanúnaí míosa amháin ar a laghad de thoradh breoiteachta, de thoradh saoire máithreachais faoi Airteagal 58, nó de thoradh tionóisce, féadfaidh an t-údarás ceapacháin síneadh a chur lena thréimhse phromhaidh ar feadh tréimhse a chomhfhreagraíonn don tréimhse sin. I gcúinsí ar bith, ní bheidh fad iomlán na tréimhse promhaidh níos faide ná 15 mhí. 2. Féadfar tuarascáil maidir leis an bpromhóir a dhéanamh ag aon am roimh dheireadh na tréimhse promhaidh má fheictear go soiléir go bhfuil a chuid oibre míshásúil. Cuirfear an tuarascáil sin chuig an duine lena mbaineann agus beidh sé de cheart ag an duine sin a bharúlacha a chur isteach i scríbhinn laistigh d'ocht lá oibre. Déanfaidh garoifigeach uachtarach an phromhóra an tuarascáil agus na barúlacha a tharchur láithreach chuig an údarás ceapacháin, agus laistigh de thrí seachtaine, gheobhaidh an t-údarás ceapacháin an tuairim ón gComhchoiste um Thuarascálacha maidir leis an ngníomhaíocht a bheidh le glacadh. Féadfaidh an t-údarás ceapacháin cinneadh a dhéanamh an promhóir a bhriseadh as a phost roimh dheireadh na tréimhse promhaidh, trí fhógra míosa amháin á thabhairt dó, nó an t-oifigeach a shannadh do roinn eile ar feadh na tréimhse a bheidh fágtha sa tréimhse phromhaidh. 3. Mí amháin ar a dhéanaí roimh dhul in éag na tréimhse promhaidh, déanfar tuarascáil maidir le cumas an phromhóra na dualgais a bhaineann lena phost a chomhlíonadh agus maidir lena éifeachtúlacht agus maidir lena iompar sa tseirbhís freisin. Cuirfear an tuarascáil sin in iúl don phromhóir agus beidh sé de cheart aige a bharúlacha a chur isteach i scríbhinn laistigh d'ocht lá oibre. I gcás ina molfar sa tuarascáil go mbrisfear an promhóir as a phost nó, i gcúinsí eisceachtúla, go gcuirfear leis an tréimhse phromhaidh i gcomhréir le mír 1, déanfaidh garoifigeach uachtarach an phromhóra an tuarascáil agus na barúlacha a tharchur láithreach chuig an údarás ceapacháin, agus rachaidh an t-údarás ceapacháin i gcomhairle leis an gComhchoiste um Thuarascálacha, laistigh de thrí seachtaine, maidir leis an ngníomhaíocht a bheidh le glacadh. Maidir le promhóir nach mbeidh a chuid oibre nó a chuid iompair sásúil chun é a bhunú ina phost, brisfear as a phost é. 4. Gheobhaidh promhóir a bhrisfear as a phost cúiteamh a bheidh cothrom le buntuarastal trí mhí má tá níos mó ná bliain amháin seirbhíse déanta aige, buntuarastal dhá mhí má tá sé mhí seirbhíse ar a laghad déanta aige agus buntuarastal aon mhí má tá níos lú ná sé mhí seirbhíse déanta aige, ach amháin i gcás ina mbeidh ar a chumas tosú ag obair arís láithreach in áit éigin eile. 5. Ní bheidh feidhm ag mír 2, ag mír 3, agus ag mír 5 maidir le hoifigigh a éireoidh as a bpost roimh dheireadh a dtréimhse promhaidh.'; |
(20) |
In Airteagal 35, cuirtear an pointe seo a leanas leis:
|
(21) |
Sa dara fleasc de phointe (b) d'Airteagal 37, cuirtear na focail 'údaráis cheapacháin na n-institiúidí' in ionad an fhocail 'institiúidí'; |
(22) |
Leasaítear Airteagal 40 mar a leanas:
|
(23) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 42a: 'Airteagal 42a Beidh oifigeach i dteideal suas le sé mhí a thógáil ar saoire do thuismitheoirí gan bhuntuarastal i gcás gach linbh, ar saoire í a bheidh le tógáil i gcaitheamh an chéad dá bhliain déag ón uair a shaolófar an leanbh nó ón uair a uchtófar é. Féadfar fad na saoire a dhúbailt do thuismitheoirí aonair a aithnítear faoi na forálacha ginearálta cur chun feidhme arna nglacadh ag údarás ceapacháin gach institiúide agus do thuismitheoirí leanaí cleithiúnacha a bhfuil géarbhreoiteacht orthu nó atá faoi mhíchumas, ar géarbhreoiteacht í arna haithint nó ar míchumas é arna aithint ag oifigeach liachta na hinstitiúide. Caithfear ar a laghad mí a thógáil le chéile tráth ar bith a mbeidh saoire á tógáil. Leanfaidh oifigeach de bheith páirteach sa scéim slándála sóisialta fad a bheidh sé amuigh ar saoire do thuismitheoirí; déanfar gnóthú cearta pinsin, liúntas linbh chleithiúnaigh agus liúntas oideachais a choimeád. Coimeádfaidh an t-oifigeach an post a bhí aige, agus beidh sé i dteideal i gcónaí dul céim níos airde nó ardú céime a fháil i ngrád. Féadfar an tsaoire a thógáil mar shaoire lánaimseartha nó mar shaoire leathaimseartha. Más mar shaoire leathaimseartha a thógfar saoire do thuismitheoirí, déanfar an uastréimhse dá bhforáiltear sa chéad mhír a dhúbailt. Beidh oifigigh i dteideal liúntas EUR 911,73 in aghaidh na míosa agus é amuigh ar saoire do thuismitheoirí, nó 50 % den tsuim sin más ar saoire leathaimseartha a bheidh sé ach ní fhéadfaidh sé gabháil d'aon fhostaíocht shochrach eile. Is ar an institiúid a thitfidh sé an ranníocaíocht iomlán a íoc maidir leis an scéim slándála sóisialta dá bhforáiltear in Airteagal 72 agus in Airteagal 73 agus is bunaithe ar bhuntuarastal an oifigigh a ríomhfar an ranníocaíocht sin. I gcás saoire leathaimseartha, áfach, ní bheidh feidhm ag an bhforáil seo ach amháin maidir leis an difríocht idir an buntuarastal iomlán agus an buntuarastal a bheidh laghdaithe go comhréireach. Maidir leis an gcuid sin den bhuntuarastal a gheofar iarbhír, déanfar ranníocaíocht an oifigigh a ríomh trí leas a bhaint as na céatadáin chéanna a mbainfí leas astu amhail is gur fostaithe go lánaimseartha a bheadh sé. Is é EUR 1 215,63 in aghaidh na míosa a bheidh sa liúntas, nó 50 % den tsuim sin más ar saoire leathaimseartha a bheidh an t-oifigeach, i gcás tuismitheoirí aonair agus tuismitheoirí leanaí cleithiúnacha a bhfuil géarbhreoiteacht orthu nó atá faoi mhíchumas, ar géarbhreoiteacht í arna haithint nó ar míchumas é arna aithint ag an oifigeach liachta dá dtagraítear sa chéad mhír agus i gcaitheamh na chéad trí mhí de shaoire do thuismitheoirí más é an t-athair a thógfaidh an tsaoire sin agus an mháthair amuigh ar saoire mháithreachais nó más é ceachtar de na tuismitheoirí a thógfaidh an tsaoire díreach i ndiaidh saoire máithreachais nó le linn saoire uchtála nó díreach ina dhiaidh sin. Féadfar saoire do thuismitheoirí a fhadú ar feadh sé mhí breise lena ngabhfaidh liúntas a bheidh teoranta do 50 % den mhéid dá dtagraítear sa dara mír. Maidir le tuismitheoirí aonair amhail dá dtagraítear sa chéad mhír, féadfar an tsaoire do thuismitheoirí a fhadú ar feadh dhá mhí dhéag breise lena ngabhfaidh liúntas a bheidh teoranta do 50 % den mhéid dá dtagraítear sa tríú mír. Na méideanna sin a luaitear san Airteagal seo, déanfar iad a uasdátú ionas go mbeidh siad ar aon dul le luach saothair.'; |
(24) |
I gCaibidil 2 de Theideal III, cuirtear isteach an Roinn seo a leanas: ' Saoire ar mhaithe leis an tseirbhís Airteagal 42c Cúig bliana, ar a luaithe, roimh aois inphinsin an oifigigh, maidir le hoifigeach ag a mbeidh deich mbliana seirbhíse ar a laghad, féadfar, trí chinneadh ón údarás ceapacháin, é a chur ar saoire ar mhaithe leis an tseirbhís le haghaidh riachtanas eagraíochtúil atá nasctha le hinniúlachtaí nua a fháil laistigh de na hinstitiúidí. Maidir le líon iomlán na n-oifigeach a chuirtear ar saoire gach bliain ar mhaithe leis an tseirbhís, ní airde ná 5 % de na hoifigigh sna hinstitiúidí go léir a chuaigh ar scor an bhliain roimhe a bheidh sé. Déanfar an líon iomlán, arna ríomh amhlaidh, a leithroinnt do gach institiúid de réir a líon oifigeach faoi seach an 31 Nollaig an bhliain roimhe sin. Déanfar toradh na leithroinnte sin a shlánú suas go dtí an slánuimhir is gaire i ngach institiúid. Ní hionann saoire den sórt sin agus beart araíonachta. Comhfhreagróidh fad na saoire i bprionsabal leis an tréimhse go dtí go slánóidh an t-oifigeach an aois inphinsin. Féadfaidh an t-údarás ceapacháin a chinneadh i staideanna eisceachtúla, áfach, deireadh a chur leis an tsaoire agus an t-oifigeach a athcheapadh. Maidir leis an oifigeach a bheidh curtha ar saoire ar mhaithe leis an tseirbhís, nuair a shlánóidh sé an aois inphinsin, cuirfear ar scor go huathoibríoch é. Beidh saoire ar mhaithe leis an tseirbhís á rialú ag na rialacha seo a leanas:
Gheobhaidh oifigeach a chuirfear ar saoire amhlaidh liúntas arna ríomh i gcomhréir le hIarscríbhinn IV. Ar iarraidh ón oifigeach, beidh an liúntas faoi réir ranníocaíochtaí leis an scéim pinsin, ríofa ar bhonn an liúntais sin. I gcás den sórt sin, déanfar an tréimhse seirbhíse ar saoire ar mhaithe leis an tseirbhís a chur san áireamh chun críche blianta seirbhíse inphinsin a ríomh de réir bhrí Airteagal 2 d'Iarscríbhinn VIII. Ní bheidh an liúntas faoi réir comhéifeachta ceartúcháin.'; |
(25) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 43: 'Airteagal 43 Beidh cumas, éifeachtúlacht agus iompar gach oifigigh agus iad i mbun seirbhíse faoi réir tuarascála bliantúla faoi mar a fhorálann údarás ceapacháin gach institiúide i gcomhréir le hAirteagal 110. Luafar sa tuarascáil sin cibé acu a bhí nó nach raibh leibhéal feidhmíochta an oifigigh sin sásúil. Leagfaidh údarás ceapacháin gach institiúide síos forálacha lena dtabharfar an ceart achomharc a thaisceadh laistigh den nós imeachta um thuairisciú, ceart a chaithfear a fheidhmiú sula ndéanfar gearán amhail dá dtagraítear in Airteagal 90(2). I gcás ghrád AST 5, féadfar tuairim a bheith sa tuarascáil freisin maidir leis an oifigeach, ar bhonn a fheidhmíochta, i dtaobh cibé acu atá nó nach bhfuil cumas ag an oifigeach sin feidhm riarthóra a chur i gcrích. Cuirfear an tuarascáil in iúl don oifigeach. Beidh sé i dteideal aon bharúlacha a thabhairt maidir lena bhfuil ann, má mheasann sé go mbaineann na barúlacha sin le hábhar.'; |
(26) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 44: 'Airteagal 44 Maidir le hoifigeach a bheidh ag céim nár leith sa ghrád ina bhfuil sé ar feadh dhá bhliain, rachaidh sé chuig an gcéad chéim eile sa ghrád sin go huathoibríoch, mura rud é gur measadh a fheidhmíocht a bheith míshásúil de bhun na tuarascála bliantúla is deireanaí dá dtagraítear in Airteagal 43. Rachaidh oifigeach chuig an gcéad chéim eile ina ghrád tráth nach déanaí ná ceithre bliana, mura rud é go ndéantar an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 51(1) a chur i bhfeidhm. Má cheaptar oifigeach mar cheann aonaid, mar stiúrthóir nó mar ard-stiúrthóir sa ghrád céanna, agus ar choinníoll go raibh a fheidhmíocht sásúil de réir bhrí Airteagal 43 le linn na chéad naoi mí tar éis a cheapacháin, bainfidh sé tairbhe, go haisghníomhach, as dul chuig céim amháin níos airde sa ghrád sin tráth a dtiocfaidh an ceapachán i bhfeidhm. Tiocfaidh ardú ar a bhuntuarastal míosúil mar gheall ar an gcéim in airde seo, ardú a chomhfhreagróidh don chéatadán idir an chéad chéim agus an dara céim i ngach grád. Más rud é gur lú an t-ardú ná an céatadán sin nó más rud é go mbeidh an chéim dheireanach den ghrád sin sroichte ag an oifigeach cheana féin, tiocfaidh ardú ar a bhuntuarastal sa tslí is go bhfaighidh sé an t-ardú pá a bheadh i gceist idir an chéad chéim agus an dara céim go dtí go mbeidh éifeacht ag an gcéad ardú céime eile.'; |
(27) |
Leasaítear Airteagal 45 mar a leanas:
|
(28) |
Leasaítear Airteagal 45a mar a leanas:
|
(29) |
Sa tríú mír d'Airteagal 48, cuirtear na focail 'grúpa feidhme AST agus grúpa feidhme AST/SC' in ionad na bhfocal 'grúpa feidhme AST'; |
(30) |
San ochtú mír d'Airteagal 50, cuirtear na focail 'ocht mbliana is caoga' in ionad na bhfocal 'cúig bliana is caoga'; |
(31) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 51: 'Airteagal 51 1. Saineoidh údarás ceapacháin gach institiúide nósanna imeachta lena ndéanfar cásanna neamhinniúlachta a shainaithint, lena ndéileálfar leo agus lena ndéanfar iad a leigheas go tráthúil agus ar bhealach iomchuí. Agus forálacha inmheánacha á nglacadh aige, déanfaidh údarás ceapacháin gach institiúide na ceanglais seo a leanas a urramú:
2. Beidh sé de cheart ag an oifigeach a chomhad pearsanta iomlán a fháil agus cóipeanna de na doiciméid uile a bhaineann leis an nós imeachta a thógáil leis. Beidh 15 lá, ar a laghad, aige, ach ní bheidh níos mó ná 30 lá aige, ón dáta a bhfaighidh sé an moladh chun cás a chur le chéile. Féadfaidh sé cúnamh a fháil ó dhuine a roghnóidh sé féin. Féadfaidh an t-oifigeach barúlacha a chur isteach i scríbhinn. Tabharfaidh an Comhchoiste Comhairleach éisteacht dó. Féadfaidh an t-oifigeach glaoch ar fhinnéithe freisin. 3. Déanfaidh oifigeach a ainmneoidh an t-údarás ceapacháin, chun na críche sin, ionadaíocht thar ceann na hinstitiúide os comhair an Chomhchoiste Chomhairligh. Beidh na cearta céanna ag an oifigeach sin agus a bheidh ag an oifigeach lena mbaineann. 4. I bhfianaise an mholta faoi phointe (b) de mhír 1 agus i bhfianaise aon ráiteas i scríbhinn nó aon ráiteas ó bhéal ón oifigeach lena mbaineann nó aon ráiteas ó fhinnéithe, tabharfaidh an Comhchoiste Comhairleach tuairim réasúnaithe uaidh, le tromlach vótaí, á sonrú an beart a mheasann sé is cóir a dhéanamh i bhfianaise na bhfíricí a shuífear arna iarraidh sin aige. Cuirfidh sé an tuairim sin ar aghaidh chuig an údarás ceapacháin agus chuig an oifigeach lena mbaineann laistigh de dhá mhí ón dáta a dtarchuirfear an cás chuige. Ní chaithfidh an cathaoirleach vóta maidir le cinntí an Chomhchoiste Chomhairligh, ach amháin maidir le ceisteanna nós imeachta agus i gcás ina mbeadh an dá thaobh ar cothrom tar éis na vótaí a chaitheamh. 5. Oifigeach a bhrisfear as a phost toisc é a bheith neamhinniúil, beidh sé i dteideal liúntas dífhostaithe míosúil a fháil ar feadh na tréimhse a shainmhínítear i mír 6, liúntas a bheidh comhionann leis an mbuntuarastal míosúil a bheidh á fháil ag oifigeach ag an gcéad chéim i ngrád AST 1. Beidh an t-oifigeach i dteideal na liúntais teaghlaigh dá bhforáiltear in Airteagal 67 a fháil freisin i gcaitheamh na tréimhse céanna. Déanfar an liúntas tí a ríomh ar bhonn an bhuntuarastail mhíosúil a bheidh á fháil ag oifigeach de ghrád AST 1 i gcomhréir le hAirteagal 1 d'Iarscríbhinn VII. Ní íocfar an liúntas má éiríonn an t-oifigeach as tar éis tús a bheith curtha leis an nós imeachta dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 nó má bhíonn sé i dteideal íocaíocht láithreach den phinsean iomlán a fháil. Má bhíonn sé i dteideal sochar dífhostaíochta a fháil faoi scéim náisiúnta dífhostaíochta, déanfar luach an tsochair sin a asbhaint ó na liúntais a luaitear thuas. 6. Beidh na nithe seo a leanas i gceist leis an tréimhse ina ndéanfar na híocaíochtaí dá dtagraítear i mír 5:
7. Oifigigh a dhéanfar a íosghrádú ar fhorais neamhinniúlachta, féadfaidh siad a iarraidh, tar éis tréimhse sé bliana, go scriosfaí gach tagairt don bheart sin óna gcomhaid phearsanta. 8. I gcás nach ndéanfar cinneadh ag deireadh na n-imeachtaí dá bhforáiltear san Airteagal seo maidir le hoifigeach a bhriseadh as a phost nó a íosghrádú, beidh sé i dteideal aisíocaíocht a fháil ar chaiteachais réasúnacha a tabhaíodh ar a thionscnamh féin le linn na n-imeachtaí sin, lena n-áirítear táillí is iníoctha do chomhairleoir cosanta nach comhairleoir don institiúid é.'; |
(32) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 52: 'Airteagal 52 Gan dochar d'fhorálacha Airteagal 50, cuirfear oifigeach ar scor:
Mar sin féin, féadfaidh oifigeach, ar a iarraidh féin, agus i gcás ina measfaidh an t-údaras ceapacháin údar maith a bheith leis ar mhaithe leis an tseirbhís, leanúint air ag obair go dtí go mbeidh sé 67 mbliana d'aois, nó ar bhonn eisceachtúil, go dtí go mbeidh sé 70 bliain d'aois, agus sa chás sin cuirfear amach ar scor é go huathoibríoch an lá deireanach den mhí ina slánóidh sé an aois sin. I gcás ina gcinnfidh an t-údarás ceapacháin oifigeach a údarú fanacht i mbun seirbhíse tar éis 66 bliana d'aois, deonófar an t-údarú sin ar feadh tréimhse bliana ar a mhéad. Féadfar é a athnuachan ar iarraidh ón oifigeach.'; |
(33) |
Leasaítear Airteagal 55 mar a leanas:
|
(34) |
In Airteagal 55a, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: '2. Beidh an t-oifigeach i dteideal údaraithe sna cásanna seo a leanas:
I gcás ina n-iarrfar obair pháirtaimseartha chun páirt a ghlacadh in oiliúint bhreise, nó le linn na dtrí bliana deireanacha sula slánófar an aois inphinsin, ach gan roimh 58 mbliana d'aois, ní fhéadfaidh an t-údarás ceapacháin diúltú údarú a thabhairt nó ní fhéadfaidh sé an dáta a dtiocfadh an t-údarú sin i bhfeidhm a chur siar ach amháin i gcúinsí eisceachtúla agus ar chúiseanna sáraitheacha a bhaineann leis an tseirbhís. I gcás ina mbainfear leas as an údarú sin chun aire a thabhairt do chéile nó do ghaol sa líne shinsearach, nó do ghaol sa líne shliochtach, nó do dheartháir nó do dheirfiúr i gcás iad a bheith go dona tinn nó faoi mhíchumas, nó i gcás ina mbainfear leas as an údarú sin chun páirt a ghlacadh in oiliúint bhreise, ní rachaidh iomlán na dtréimhsí sin thar cúig bliana i gcaitheamh ghairmréim uile an oifigigh.'; |
(35) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú mír d'Airteagal 56: 'Mar a fhoráiltear in Iarscríbhinn VI, de bharr ragoibre a dhéanfaidh oifigigh de ghrád SC 1 go grád SC 6 agus de ghrád AST 1 go grád AST 4, beidh siad i dteideal saoire chúiteach a fháil nó luach saothair a fháil i gcás nach bhféadfaidh siad saoire chúiteach a thógáil mar gheall ar riachtanais na seirbhíse le linn an dá mhí i ndiaidh na míosa sin a ndearnadh an ragobair.'; |
(36) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír d'Airteagal 56a: 'Tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste um Rialacháin Foirne, cinnfidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 111 agus le hAirteagal 112, na catagóirí d'oifigigh a bheidh i dteideal liúntais den sórt sin a fháil, na coinníollacha maidir leis na liúntais sin a dheonú agus na rátaí a bhaineann leo.'; |
(37) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír d'Airteagal 56b: 'Tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste um Rialacháin Foirne, cinnfidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 111 agus le hAirteagal 112, na catagóirí d'oifigigh a bheidh i dteideal liúntais den sórt sin a fháil, na coinníollacha maidir leis na liúntais sin a dheonú agus na rátaí a bhaineann leo a chinneadh.'; |
(38) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír d'Airteagal 56c: 'Tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste um Rialacháin Foirne, cinnfidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 111 agus le hAirteagal 112, na catagóirí d'oifigigh a bheidh i dteideal na liúntais speisialta a fháil, na coinníollacha maidir le liúntais den sórt sin a dheonú agus na rátaí a bhaineann leo a chinneadh.'; |
(39) |
Sa chéad mhír d'Airteagal 57, cuirtear na focail 'údaráis cheapacháin na n-institiúidí' in ionad na bhfocal 'na hinstitiúidí'; |
(40) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 58: 'Airteagal 58 Beidh mná torracha i dteideal 20 seachtain saoire a thógáil, i dteannta na saoire dá bhforáiltear in Airteagal 57, ar thabhairt ar aird teastais liachta. Ní fhéadfar an tsaoire sin a thógáil níos luaithe ná sé seachtaine roimh an dáta tuartha luí seoil a bheidh thíos sa teastas agus ní fhéadfar teacht ar ais ón tsaoire sin níos luaithe ná 14 seachtaine tar éis an dáta luí seoil. I gcás ina saolaítear níos mó ná leanbh amháin, i gcás breithe anabaí nó i gcás ina saolaítear leanbh agus é faoi mhíchumas nó breoiteacht thromchúiseach air, 24 seachtaine a bheidh i gceist leis an tsaoire sin. Is éard atá i gceist le breith anabaí chun críocha na forála seo, nuair a shaolaítear leanbh roimh dheireadh an 34ú seachtain toirchis.'; |
(41) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 61: 'Airteagal 61 Déanfar liostaí de laethanta saoire poiblí a tharraingt suas trí chomhaontú idir údaráis cheapacháin de chuid institiúidí an Aontais tar éis dóibh dul i gcomhairle leis an gCoiste um Rialacháin Foirne'; |
(42) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 63: 'Airteagal 63 Is in euro a shloinnfear luach saothair na n-oifigeach. Is in airgeadra na tíre ina mbeidh a chuid dualgas á gcomhlíonadh ag an oifigeach a íocfar é nó in euro. Luach saothair a íocfar in airgeadra eile seachas in euro, déanfar é a ríomh ar bhonn na rátaí malairte ar baineadh leas astu chun buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh a chur chun feidhme an 1 Iúil an bhliain sin. Déanfar na rátaí malairte a uasdátú go haisghníomhach gach bliain tráth an uasdátaithe bhliantúil ar luach saothair dá bhforáiltear in Airteagal 65.'; |
(43) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 64: 'Airteagal 64 Tar éis do na hasbhaintí éigeantacha a leagtar amach sna Rialacháin Foirne seo nó in aon rialacháin cur chun feidhme a bheith curtha i bhfeidhm, déanfar luach saothair oifigigh arna shloinneadh in euro a ualú ar ráta a bheidh os cionn 100 %, faoina bhun sin nó cothrom leis sin, ag brath ar na dálaí maireachtála sna háiteanna fostaíochta éagsúla. Déanfar na comhéifeachtaí ceartúcháin a chruthú nó a tharraingt siar agus déanfar iad a uasdátú go bliantúil freisin i gcomhréir le hIarscríbhinn XI. Maidir leis an uasdátú, déanfar na luachanna go léir a thuiscint mar luachanna tagartha. Foilseoidh an Coimisiún, chun críocha faisnéise, na luachanna uasdátaithe laistigh de dhá sheachtain tar éis an uasdátaithe i sraith C d'Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Ní bheidh aon chomhéifeacht cheartúcháin infheidhme sa Bheilg nó i Lucsamburg, ag féachaint don ról speisialta tagartha atá ag na hionaid fostaíochta sin mar shuímh phríomha agus bhunaidh an chuid is mó de na hinstitiúidí.'; |
(44) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 65: 'Airteagal 65 1. Déanfar luach saothair oifigigh agus sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh a uasdátú gach bliain, trí bheartas eacnamaíoch agus sóisialta an Aontais a chur san áireamh. Cuirfear san áireamh go háirithe aon ardú ar thuarastail i státseirbhís na mBallstát mar aon leis na riachtanais a bheidh ann maidir le hearcaíocht. Déanfar an t-uasdátú ar an luach saothair a chur chun feidhme i gcomhréir le hIarscríbhinn XI. Déanfar an t-uasdátú sin roimh dheireadh gach bliana i bhfianaise tuarascála a dhéanfaidh an Coimisiún bunaithe ar shonraí staidrimh arna gcur le chéile ag Oifig Staidrimh an Aontais Eorpaigh i gcomhaontú le hoifigí náisiúnta staidrimh na mBallstát; leis na sonraí staidrimh, léireofar an staid faoi mar atá sí an 1 Iúil i ngach ceann de na Ballstáit. Sa tuarascáil sin, beidh sonraí a bhaineann le tionchar an bhuiséid ar luach saothair agus ar phinsin oifigigh an Aontais. Déanfar í a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. Na méideanna dá dtagraítear sa dara mír agus sa tríú mír d'Airteagal 42a, in Airteagal 66 agus in Airteagal 69, in Airteagail 1(1), 2(1), 3(1) agus (2), 4(1), 7(2), 8(2), 10(1) d'Iarscríbhinn VII agus in Airteagal 8(2) d'Iarscríbhinn XIII, agus i sean-Airteagal 4a d'Iarscríbhinn VII atá le huasdátú i gcomhréir le hAirteagal 18(1) d'Iarscríbhinn XIII, na méideanna dá dtagraítear in Airteagal 24(3), sa dara fomhír d'Airteagal 28a(3), in Airteagal 28a(7), in Airteagal 93, in Airteagal 94, sa dara fomhír d'Airteagal 96(3) agus in Airteagail 96(7), 133, 134 agus 136 de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile, na méideanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír d'Airteagal 1(1) de Rialachán (CEGC, CEE, Euratom) Uimh. 300/76 ón gComhairle (6), agus an chomhéifeacht le haghaidh na méideanna dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 260/68 ón gComhairle (7) Eagrán Speisialta Béarla, Sraith I, Imleabhar 1968(I), lch. 37)., déanfar iad a uasdátú go bliantúil i gcomhréir le hIarscríbhinn XI. Foilseoidh an Coimisiún, chun críocha faisnéise, na méideanna uasdátaithe laistigh de dhá sheachtain tar éis an uasdátaithe i sraith C d'Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. 2. I gcás athraithe shuntasaigh ar an gcostas maireachtála, déanfar na méideanna dá dtagraítear i mír 1 agus na hualuithe dá dtagraítear in Airteagal 64 a uasdátú i gcomhréir le hIarscríbhinn XI. Foilseoidh an Coimisiún, chun críocha faisnéise, na méideanna uasdátaithe agus na hualuithe uasdátaithe laistigh de dhá sheachtain tar éis an uasdátaithe i sraith C d'Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. 3. Déanfar na méideanna dá dtagraítear i mír 1 agus na hualuithe dá dtagraítear in Airteagal 64 a thuiscint mar mhéideanna agus ualuithe a bhfuil a luach iarbhír ag pointe ama ar leith faoi réir uasdátaithe gan idirghabháil ó ghníomh dlíthiúil eile. 4. Gan dochar d'Airteagal 3(5) agus (6) d'Iarscríbhinn XI, ní dhéanfar aon uasdátú dá bhforáiltear i mír 1 agus i mír 2 sna blianta 2013 agus 2014.'; |
(45) |
Leasaítear Airteagal 66 mar a leanas:
|
(46) |
cuirtear an méid a leanas in ionad Airteagal 66a: 'Airteagal 66a 1. De mhaolú ar Airteagal 3(1) de Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 260/68 agus chun cur i bhfeidhm an mhodha lena n-uasdátaítear luach saothair agus pinsin oifigeach, a chur san áireamh, gan dochar d'Airteagal 65(3), cuirfear beart sealadach, ar a dtabharfar an 'tobhach dlúthpháirtíochta', i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2023 maidir le luach saothair arna íoc ag an Aontas le comhaltaí foirne a bhfuil stádas gníomhach acu. 2. Is é 6 % a bheidh i ráta an tobhaigh dlúthpháirtíochta seo agus beidh feidhm aige maidir leis an mbonn a shainmhínítear i mír 3. Is é 7 % a bheidh sa ráta d'oifigigh de ghrád AD 15, céim 2, agus os a chionn sin, áfach.
4. Déanfar an tobhach dlúthpháirtíochta a asbhaint gach mí ag an bhfoinse; iontrálfar na fáltais mar ioncam i mbuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh.'; |
(47) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 67(3): '3. Féadfar an liúntas linbh chleithiúnaigh a dhúbailt, trí chinneadh speisialta réasúnaithe a dhéanfaidh an t-údarás ceapacháin, ar cinneadh é a bheidh bunaithe ar dhoiciméid liachta lena suífear go bhfuil an leanbh lena mbaineann faoi mhíchumas nó go bhfuil breoiteacht fhadtréimhseach air agus go bhfuil caiteachas trom ar an oifigeach dá dheasca.'; |
(48) |
Leasaítear Airteagal 72 mar a leanas:
|
(49) |
In Airteagal 73(1), cuirtear na focail 'údaráis cheapacháin institiúidí' in ionad an fhocail 'institiúidí'; |
(50) |
Sa dara habairt d'Airteagal 76a, cuirtear na focail 'údaráis cheapacháin na n-institiúidí' in ionad na bhfocal 'na hinstitiúidí'; |
(51) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 77: 'Airteagal 77 Aon oifigeach a bhfuil deich mbliana seirbhíse críochnaithe aige, beidh sé i dteideal pinsean scoir a fháil. Beidh sé i dteideal pinsean den sórt sin a fháil, áfach, beag beann ar fhad a sheirbhíse, má tá sé níos sine ná an aois inphinsin, i gcás nach rabhthas in ann é a athbhunú i rith tréimhse nach raibh stádas gníomhach aige lena linn nó i gcás scoir ar mhaithe leis an tseirbhís. Is é an t-uasphinsean scoir a bheidh ann 70 % den bhuntuarastal deiridh a ghabhann leis an ngrád deiridh inar aicmíodh an t-oifigeach ar feadh tréimhse nach lú ná bliain amháin ar a laghad. Beidh 1,80 % den bhuntuarastal deiridh sin iníoctha le hoifigeach le haghaidh gach bliana seirbhíse a dhéanfar a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 3 d'Iarscríbhinn VIII. I gcás oifigeach, áfach, a bhí ag cuidiú le duine a shealbhaíonn oifig dá bhforáiltear sa Chonradh ar an Aontas Eorpach nó sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, le hUachtarán tofa ceann d'institiúidí nó d'orgáin an Aontais nó le Cathaoirleach tofa ceann de na grúpaí polaitiúla i bParlaimint na hEorpa, déanfar an teidlíocht chun pinsean a chomhfhreagraíonn do líon na mblianta de sheirbhís inphinsin a fuarthas le linn a bheith ag obair sa cháil sin a ríomh faoi threoir an bhuntuarastail deiridh a fuarthas le linn na tréimhse sin más rud é gur mó an buntuarastal a fuarthas ná an buntuarastal sin a sonraíodh mar threoir chun críocha an dara mír den Airteagal seo. Ní fhéadfaidh méid an phinsin scoir a bheith níos lú ná 4 % den fhigiúr cothaithe is lú atá ann in aghaidh na bliana seirbhíse. Is é 66 bliana d'aois an aois inphinsin a bheidh ann. Déanfar an aois inphinsin a mheasúnú gach cúig bliana dar tús an 1 Eanáir 2014 ar bhonn tuarascála ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. Déanfar scrúdú sa tuarascáil, go háirithe, ar an athrú a thagann ar an aois inphinsin maidir leis an bhfoireann i státseirbhísí na mBallstát agus ar an athrú a thagann ar ionchas saoil maidir le hoifigigh na n-institiúidí. I gcás inarb iomchuí, déanfaidh an Coimisiún togra lena leasófar an aois inphinsin i gcomhréir le conclúidí na tuarascála sin, agus aird ar leith á tabhairt ar na forbairtí sna Ballstáit.'; |
(52) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 78: 'Airteagal 78 Beidh oifigeach i dteideal, sa tslí dá bhforáiltear in Airteagal 13 go hAirteagal 16 d'Iarscríbhinn VIII, liúntas easláine a fháil i gcás ina mbeadh sé ina easlán go huile is go hiomlán ar bhonn buan sa chaoi is nach mbeadh sé in ann na dualgais a chomhfhreagraíonn do phost sa ghrúpa feidhme ina bhfuil sé a chomhlíonadh. Beidh feidhm ag Airteagal 52 de réir analaí maidir le daoine a fhaigheann liúntas easláine. Má théann duine a fhaigheann liúntas easláine ar scor roimh 66 bliana d'aois gan an uasteidlíocht pinsin a bheith slánaithe aige, cuirfear na rialacha ginearálta maidir le pinsin scoir i bhfeidhm. Beidh méid an phinsin scoir bunaithe ar an tuarastal don ghrád agus don chéim a bhí ag an oifigeach nuair a bhuail an easláine é. Beidh an liúntas easláine comhionann le 70 % de bhuntuarastal deiridh an oifigigh. Ní fhéadfaidh sé a bheith níos lú ná an t-íosfhigiúr cothaithe, áfach. Beidh an liúntas easláine faoi réir ranníocaíochtaí leis an scéim pinsin, ríofa ar bhonn an liúntais sin. I gcás ina n-eascróidh an easláine as tionóisc a tharla le linn don oifigeach a bheith i mbun a chuid dualgas a chomhlíonadh nó i dtaca leis an oifigeach a bheith i mbun a chuid dualgas a chomhlíonadh, nó i gcás ina n-eascróidh sí as galar ceirde, nó as beart a rinneadh ar mhaithe le leas an phobail nó as a bheatha a chur i mbaol chun duine eile a shábháil, ní fhéadfaidh an liúntas easláine a bheith níos lú ná 120 % den íosfhigiúr cothaithe. Ina theannta sin, i gcásanna den sórt sin, íocfar ranníocaíochtaí leis an scéim pinsin go hiomlán as buiséad na hinstitiúide nó an chomhlachta dá dtagraítear in Airteagal 1b.'; |
(53) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an séú mír d'Airteagal 80: 'Beidh feidhm ag teidlíocht, mar a fhoráiltear sa chéad mhír, sa dara mír agus sa tríú mír, i gcás báis iaroifigigh a bhí i dteideal liúntas a fháil faoi Airteagal 50 de na Rialacháin Foirne, faoi Airteagal 5 de Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (8), faoi Airteagal 3 de Rialachán (Euratom, CEGC, CEE) Uimh. 2530/72 ón gComhairle (9) nó faoi Airteagal 3 de Rialachán (CEGC, CEE, Euratom) Uimh. 1543/73 ón gComhairle (10) agus i gcás báis iaroifigigh a d'fhág an tseirbhís sular shlánaigh sé an aois inphinsin agus a d'iarr go gcuirfí siar a phinsean scoir go dtí an chéad lá den mhí féilire a tháinig i ndiaidh na míosa inar shlánaigh sé an aois inphinsin slánaithe.'; |
(54) |
Leasaítear Airteagal 81a(1) mar a leanas:
|
(55) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 82(2): '2. I gcás ina ndéanfar luach saothair a uasdátú i gcomhréir le hAirteagal 65(1), cuirfear an t-uasdátú céanna i bhfeidhm maidir le pinsin.'; |
(56) |
Scriostar an dara fomhír d'Airteagal 83(1).; |
(57) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2, 3, 4 agus 5 d'Airteagal 83a: '2. 'Gníomhaireachtaí nach bhfaigheann fóirdheontas as buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh, íocfaidh siad isteach sa bhuiséad sin méid iomlán na ranníocaíochtaí a theastóidh chun an scéim a mhaoiniú. Ón 1 Eanáir 2016, gníomhaireachtaí a mhaoinítear i bpáirt as an mbuiséad sin, íocfaidh siad an chuid de ranníocaíochtaí na bhfostóirí a chomhfhreagraíonn don chomhréir idir ioncaim na gníomhaireachta gan an fóirdheontas as buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh agus a hioncam iomlán. 3. Déanfar comhardú na scéime pinsin a áirithiú leis an aois inphinsin agus leis an ráta ranníocaíochta don scéim. Nuair a dhéanfar an measúnú achtúireach gach cúig bliana i gcomhréir le hIarscríbhinn XII, déanfar an ráta ranníocaíochta leis an scéim pinsin a uasdátú chun comhardú na scéime a áirithiú. 4. Gach bliain, déanfaidh an Coimisiún an measúnú achtúireach dá dtagraítear i mír 3 a uasdátú, i gcomhréir le hAirteagal 1(2) d'Iarscríbhinn XII. I gcás ina dtaispeánfar go bhfuil bearna de 0,25 pointe ar a laghad idir an ráta ranníocaíochta atá i bhfeidhm faoi láthair agus an ráta is gá chun comhardú achtúireach a choimeád, déanfar an ráta a uasdátú, i gcomhréir leis na socruithe a leagtar síos in Iarscríbhinn XII. 5. Chun críocha mhír 3 agus mhír 4 den Airteagal seo, déanfar an figiúr tagartha a leagtar amach in Airteagal 83(2) a uasdátú. Foilseoidh an Coimisiún, chun críche faisnéise, an ráta ranníocaíochta uasdátaithe a bheidh mar thoradh air sin laistigh de dhá sheachtain tar éis an uasdátaithe i sraith C d'Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.'; |
(58) |
Scriostar Teideal VIII; |
(59) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 110: 'Airteagal 110 1. Glacfaidh údarás ceapacháin gach institiúide na forálacha ginearálta lena gcuirfear na Rialacháin Foirne seo chun feidhme tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste Foirne agus leis an gCoiste um Rialacháin Foirne. 2. Rialacha cur chun feidhme arna nglacadh ag an gCoimisiún chun éifeacht a thabhairt do na Rialacháin Foirne seo, lena n-áirítear na forálacha ginearálta cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1, beidh feidhm de réir analaí acu maidir leis na gníomhaireachtaí. Chun na críche sin, cuirfidh an Coimisiún na gníomhaireachtaí ar an eolas maidir le haon riail cur chun feidhme den sórt sin gan mhoill tar éis ghlacadh na rialacha sin. Tiocfaidh rialacha cur chun feidhme den sórt sin i bhfeidhm sna gníomhaireachtaí naoi mí tar éis theacht i bhfeidhm na rialacha sin sa Choimisiún nó naoi mí tar éis an dáta a gcuirfidh an Coimisiún na gníomhaireachtaí ar an eolas maidir le glacadh na rialach cur chun feidhme faoi seach, cibé acu is déanaí. D'ainneoin an méid roimhe sin, féadfaidh gníomhaireacht a chinneadh freisin go dtiocfaidh rialacha cur chun feidhme den sórt sin i bhfeidhm ar dháta níos luaithe. De mhaolú ar an méid sin, féadfaidh gníomhaireacht, sula rachaidh an tréimhse naoi mí dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo in éag agus tar éis di dul i gcomhairle lena Coiste Foirne, rialacha cur chun feidhme a chur faoi bhráid an Choimisiúin lena chomhaontú, ar rialacha cur chun feidhme iad atá éagsúil ó na cinn sin arna nglacadh ag an gCoimisiún. Faoi na coinníollacha céanna, féadfaidh gníomhaireacht comhaontú an Choimisiúin a iarraidh gan cinn áirithe de na rialacha cur chun feidhme sin a chur i bhfeidhm. Sa chás deireanach sin, in ionad glacadh leis an iarraidh nó diúltú di, féadfaidh an Coimisiún a cheangal ar an ngníomhaireacht rialacha cur chun feidhme nach ionann leis na cinn arna nglacadh ag an gCoimisiún a chur faoina bhráid lena chomhaontú. Déanfar an tréimhse naoi mí dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo a chur ar fionraí ón dáta a n-iarrfaidh an ghníomhaireacht comhaontú an Choimisiúin go dtí an dáta a gcuirfidh an Coimisiún a sheasamh in iúl. Féadfaidh gníomhaireacht freisin, tar éis di dul i gcomhairle lena Coiste Foirne, rialacha cur chun feidhme a chur faoi bhráid an Choimisiúin lena chomhaontú, ar rialacha cur chun feidhme iad a bhaineann le hábhair eile seachas na rialacha cur chun feidhme arna nglacadh ag an gCoimisiún. Chun críocha na rialacha cur chun feidhme a ghlacadh, déanfaidh an bord bainistíochta nó an comhlacht coibhéiseach dá dtagraítear i ngníomh an Aontais lena mbunaítear iad ionadaíocht thar ceann na ngníomhaireachtaí. 3. Chun críocha na rialacha a ghlacadh trí chomhaontú idir na hinstitiúidí, ní dhéileálfar leis na gníomhaireachtaí mar institiúidí. Rachaidh an Coimisiún, áfach, i gcomhairle leis na gníomhaireachtaí sula nglacfar na rialacha sin. 4. Rialacha lena dtabharfar éifeacht do na Rialacháin Foirne seo, lena n-áirítear na forálacha ginearálta cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1, agus rialacha arna nglacadh trí chomhaontú idir údaráis cheapacháin na n-institiúidí, cuirfear an fhoireann ar an eolas mar gheall orthu. 5. Rachaidh ranna riaracháin na n-institiúidí agus na ngníomhaireachtaí i gcomhairle le chéile go rialta maidir le cur i bhfeidhm na Rialachán Foirne seo. Déanfar comhionadaíocht ar ghníomhaireachtaí sna comhairliúcháin sin i gcomhréir le rialacha a shocrófar trí chomhaontú eatarthu. 6. Riarfaidh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh clár de na rialacha arna nglacadh ag údarás ceapacháin gach institiúide chun éifeacht a thabhairt do na Rialacháin Foirne seo, agus de na rialacha sin arna nglacadh ag na gníomhaireachtaí a mhéid a mhaolóidh siad ar na rialacha arna nglacadh ag an gCoimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear i mír 2, lena n-áirítear aon leasuithe air sin. Beidh rochtain dhíreach ag institiúidí agus ag gníomhaireachtaí ar an gclár sin agus beidh sé de láncheart acu a rialacha féin a leasú. Beidh rochtain dhíreach ag na Ballstáit air. Thairis sin, gach trí bliana, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis na rialacha arna nglacadh ag údarás ceapacháin gach institiúide chun éifeacht a thabhairt do na Rialacháin Foirne seo.'; |
(60) |
Cuirtear na hAirteagail seo a leanas leis: 'Airteagal 111 Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 112 i ndáil le gnéithe áirithe de dhálaí oibre, gnéithe áirithe de chur chun feidhme na rialacha maidir le luach saothair agus maidir leis an scéim slándála sóisialta. Airteagal 112 1. Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo. 2. An chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 56a, in Airteagal 56b agus in Airteagal 56c de na Rialacháin Foirne, in Airteagal 13(3) d'Iarscríbhinn VII agus in Airteagal 9 d'Iarscríbhinn XI a ghabhann leo agus in Airteagal 28a(11) agus in Airteagal 96(11) de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile, tabharfar don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama ón 1 Eanáir 2014 í. 3. An tarmligean cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 56a, in Airteagal 56b agus in Airteagal 56c de na Rialacháin Foirne, in Airteagal 13(3) d'Iarscríbhinn VII agus in Airteagal 9 d'Iarscríbhinn XI a ghabhann leo agus in Airteagal 28a(11) agus in Airteagal 96(11) de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile, féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle iad a chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta a shonrófar sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ag dáta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin. 4. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. 5. Gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 56a, Airteagal 56b agus Airteagal 56c de na Rialacháin Foirne, Airteagal 13(3) d'Iarscríbhinn VII nó Airteagal 9 d'Iarscríbhinn XI a ghabhann leo nó Airteagal 28a(11) nó Airteagal 96(11) de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile, ní thiocfaidh sé i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí ó cuireadh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin nó, sula dtéann an tréimhse sin in éag, má tá sé curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle araon nach ndéanfaidh siad agóid ina choinne. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle. Airteagal 113 Faoin 31 Nollaig 2020, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle lena measúnófar feidhmiú na Rialachán Foirne seo.'; |
(61) |
Leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:
|
(62) |
Leasaítear Iarscríbhinn II mar a leanas:
|
(63) |
Leasaítear an tAirteagal Aonair d'Iarscríbhinn IV mar a leanas:
|
(64) |
Leasaítear Iarscríbhinn IVa mar a leanas:
|
(65) |
Leasaítear Iarscríbhinn V mar a leanas:
|
(66) |
Leasaítear Iarscríbhinn VI mar a leanas:
|
(67) |
Leasaítear Iarscríbhinn VII mar a leanas:
|
(68) |
Leasaítear Iarscríbhinn VIII mar a leanas:
|
(69) |
Leasaítear Iarscríbhinn IX mar a leanas:
|
(70) |
Leasaítear Iarscríbhinn X mar a leanas:
|
(71) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn XI: 'IARSCRÍBHINN XI RIALACHA MAIDIR LE HAIRTEAGAL 64 AGUS LE HAIRTEAGAL 65 DE NA RIALACHÁIN FOIRNE A CHUR CHUN FEIDHME CAIBIDIL 1 UASDÁTÚ BLIANTÚIL AR LUACH SAOTHAIR DÁ bhFORÁILTEAR IN AIRTEAGAL 65(1) DE NA RIALACHÁIN FOIRNE
Tosca a chinneann na huasdátuithe bliantúla Airteagal 1 1. Tuarascáil ó Oifig Staidrimh an Aontais Eorpaigh (Eurostat) Chun críche an uasdátaithe dá bhforáiltear in Airteagal 65(1) de na Rialacháin Foirne agus in Airteagal 13 d'Iarscríbhinn X, tarraingeoidh Eurostat tuarascáil suas gach bliain roimh dheireadh Dheireadh Fómhair maidir leis na hathruithe ar an gcostas maireachtála sa Bheilg agus i Lucsamburg, maidir leis na paireachtaí eacnamaíocha idir an Bhruiséil agus áiteanna áirithe eile sna Ballstáit agus i dtríú tíortha i gcás inar gá é, agus maidir le hathruithe i gcumhacht ceannaigh tuarastal i státseirbhísí náisiúnta sa rialtas lárnach. 2. Athruithe ar an gcostas maireachtála sa Bheilg agus i Lucsamburg Tarraingeoidh Eurostat suas innéacs chun athruithe ar an gcostas maireachtála d'oifigigh an Aontais sa Bheilg agus i Lucsamburg a thomhas. Déanfar an t-innéacs sin (dá ngairtear an "tInnéacs Comhpháirteach" anseo feasta) a ríomh trí bhoilsciú náisiúnta (arna thomhas ag Treoiruimhreacha Comhchuibhithe ar Phraghsanna do Thomhaltóirí (HICP) i gcás na Beilge agus ag an Innéacs Praghsanna do Thomhaltóirí (CPI) i gcás Lucsamburg) idir Meitheamh na bliana roimhe agus Meitheamh na bliana reatha a ualú de réir leithdháileadh na foirne i seirbhís sna Ballstáit sin. 3. Athruithe ar an gcostas maireachtála lasmuigh den Bhruiséil
4. Athruithe i gcumhacht ceannaigh thuarastail na státseirbhíseach náisiúnta sa rialtas lárnach (táscairí sonracha)
Airteagal 2 Chun críche Airteagal 15 den Iarscríbhinn seo, déanfaidh an Coimisiún suirbhé rialta faoi riachtanais earcaíochta na n-institiúidí.
Socruithe maidir leis an uasdátú bliantúil ar luach saothair agus ar phinsin Airteagal 3
CAIBIDIL 2 UASDÁTUITHE IDIRMHEÁNACHA AR LUACH SAOTHAIR AGUS AR PHINSIN (AIRTEAGAL 65(2) DE NA RIALACHÁIN FOIRNE) Airteagal 4
Airteagal 5
Airteagal 6
Airteagal 7 Chun críocha Airteagal 6 den Iarscríbhinn seo: Is é méid an uasdátaithe an tInnéacs Comhpháirteach arna iolrú, i gcás inarb iomchuí, faoi leath an táscaire shonraigh arna réamhaisnéisiú i gcás gur diúltach sin. Is iad na comhéifeachtaí ceartúcháin an cóimheas idir an phaireacht ábhartha eacnamaíoch agus an ráta malairte dá bhforáiltear in Airteagal 63 de na Rialacháin Foirne, arna iolrú, más rud é nach sroichtear an tairseach uasdátaithe i gcomhair na Beilge agus Lucsamburg, faoi luach an uasdátaithe. CAIBIDIL 3 AN DÁTA A THIOCFAIDH COMHÉIFEACHT CHEARTÚCHÁIN I bhFEIDHM (ÁITEANNA FOSTAÍOCHTA LENA mBAINEANN MÉADÚ ARDCHOSTAIS MHAIREACHTÁLA) Airteagal 8
CAIBIDIL 4 CRUTHÚ AGUS AISTARRAINGT COMHÉIFEACHTAÍ CEARTÚCHÁIN (AIRTEAGAL 64 DE NA RIALACHÁIN FOIRNE) Airteagal 9
CAIBIDIL 5 CLÁSAIL MHODHNÓIREACHTA AGUS EISCEACHTA Airteagal 10 Beidh luach an táscaire shonraigh a úsáidtear i gcomhair an uasdátaithe bhliantúil faoi réir ag teorainn uachtair 2 % agus faoi réir ag teorainn íochtair – 2 %. Má sháraíonn luach an táscaire shonraigh an teorainn uachtair nó má tá sé faoi bhun na teorann íochtair, déanfar luach na teorann a úsáid chun an luach uasdátaithe a ríomh. Ní bheidh feidhm ag an gcéad mhír nuair a bheidh feidhm ag Airteagal 11. Déanfar iarmhar an uasdátaithe bhliantúil a eascróidh ón difríocht idir an luach uasdátaithe arna ríomh leis an táscaire sonrach agus an luach uasdátaithe arna ríomh leis an teorainn a chur i bhfeidhm amhail ón 1 Aibreán den bhliain dár gcionn. Airteagal 11
CAIBIDIL 6 RÓL EUROSTAT AGUS CAIDREAMH LE hINSTITIÚIDÍ NÁISIÚNTA STAIDRIMH NÓ LE hÚDARÁIS EILE IOMCHUÍ NA mBALLSTÁT Airteagal 12 Beidh sé de chúram ar Eurostat faireachán a dhéanamh ar cháilíocht na mbunsonraí agus na modhanna staitistiúla arna n-úsáid chun na tosca a cuireadh san áireamh i gcomhair an uasdátaithe ar luach saothair a oibriú amach. Go háirithe, déanfaidh sé aon mheasúnuithe nó staidéar is gá i gcomhair faireacháin den sórt sin. Airteagal 13 I Márta gach bliain, tionólfaidh Eurostat cruinniú grúpa oibre ina mbeidh saineolaithe ó oifigí náisiúnta staidrimh na mBallstát nó ó údaráis eile iomchuí sna Ballstáit, ar a dtabharfar 'an Grúpa Oibre maidir le hAirteagal 65 agus le hAirteagal 65 de na Rialacháin Foirne'. Ag an gcruinniú sin, scrúdófar an mhodheolaíocht staitistiúil agus a cur chun feidhme maidir le táscairí sonracha agus le táscairí rialaithe, leis an innéacs comhpháirteach agus le paireachtaí eacnamaíocha. Maidir leis an bhfaisnéis is gá chun réamhaisnéis a sholáthar i leith athruithe i gcumhacht ceannaigh chun críocha uasdátú idirmheánach a dhéanamh ar luach saothair, soláthrófar freisin í, maille leis na sonraí i ndáil le huaireanta oibre i ranna an rialtais lárnaigh. Airteagal 14 Arna iarraidh sin do Eurostat, cuirfidh na Ballstáit Eurostat ar an eolas maidir le haon tosca a bhfuil tionchar díreach nó indíreach acu ar chomhdhéanamh luacha saothair stáitseirbhísigh an rialtais lárnaigh agus athruithe air sin. CAIBIDIL 7 FORÁIL CHRÍOCHNAITHEACH AGUS CLÁSAL ATHBHREITHNITHE Airteagal 15
|
(72) |
Leasaítear Iarscríbhinn XII mar a leanas:
|
(73) |
Leasaítear Iarscríbhinn XIII mar a leanas:
|
Airteagal 2
Leasaítear Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh mar a leanas:
(1) |
Scriostar an dara fleasc d'Airteagal 1.; |
(2) |
Cuirtear an pointe seo a leanas le hAirteagal 2:
|
(3) |
Scriostar Airteagal 3.; |
(4) |
I bpointe (b) d'Airteagal 3b, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (i):
|
(5) |
Sa chéad mhír d'Airteagal 8, cuirtear na focail 'Airteagal 2(a) nó Airteagal 2(f)' in ionad na bhfocal 'Airteagal 2(a)'; |
(6) |
Scriostar Airteagal 10(4); |
(7) |
Leasaítear Airteagal 11 mar a leanas:
|
(8) |
Leasaítear Airteagal 12 mar a leanas:
|
(9) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 14: 'Airteagal 14 1. Beidh ar chomhalta den fhoireann shealadach tréimhse phromhaidh naoi mí a dhéanamh. I gcás ina gcuirfear cosc ar chomhalta den fhoireann shealadach, le linn a thréimhse phromhaidh, a chuid dhualgas a chomhlíonadh ar feadh tréimhse leanúnaí míosa amháin ar a laghad de thoradh saoire breoiteachta, de thoradh saoire máithreachais faoi Airteagal 58 de na Rialacháin Foirne, nó de thoradh tionóisce, féadfaidh an t-údarás dá dtagraítear sa chéad mhír d'Airteagal 6 síneadh a chur lena thréimhse phromhaidh ar feadh tréimhse a chomhfhreagraíonn don tréimhse sin. I gcúinsí ar bith, ní bheidh fad iomlán na tréimhse promhaidh níos faide ná 15 mhí. 2. Féadfar tuarascáil maidir le comhalta den fhoireann shealadach a dhéanamh ag aon am roimh dheireadh na tréimhse promhaidh má fheictear go soiléir go bhfuil a chuid oibre míshásúil. Cuirfear an tuarascáil sin chuig duine lena mbaineann agus beidh sé de cheart ag an duine sin a bharúlacha a chur isteach i scríbhinn laistigh d'ocht lá oibre. Déanfaidh garoifigeach uachtarach an chomhalta den fhoireann shealadach an tuarascáil agus na barúlacha a tharchur láithreach chuig an údarás dá dtagraítear sa chéad mhír d'Airteagal 6. Ar bhonn na tuarascála, féadfaidh an t-údarás dá dtagraítear sa chéad mhír d'Airteagal 6 cinneadh a dhéanamh an comhalta den fhoireann shealadach a bhriseadh as a phost roimh dheireadh na tréimhse promhaidh, trí fhógra míosa amháin á thabhairt dó, nó an comhalta den fhoireann shealadach a shannadh do roinn eile ar feadh na tréimhse a bheidh fágtha sa tréimhse phromhaidh. 3. Mí amháin ar a dhéanaí roimh dhul in éag na tréimhse promhaidh, déanfar tuarascáil maidir le cumas an chomhalta den fhoireann shealadach na dualgais a bhaineann lena phost a chomhlíonadh agus maidir lena éifeachtúlacht agus maidir lena iompar sa tseirbhís freisin. Cuirfear an tuarascáil sin in iúl don chomhalta den fhoireann shealadach agus beidh sé de cheart aige a bharúlacha a chur isteach i scríbhinn laistigh d'ocht lá oibre. I gcás ina molfar sa tuarascáil go mbrisfear an comhalta den fhoireann shealadach as a phost nó, i gcúinsí eisceachtúla, go gcuirfear síneadh leis an tréimhse phromhaidh i gcomhréir le mír 1, déanfaidh garoifigeach uachtarach an chomhalta den fhoireann shealadach an tuarascáil agus na barúlacha a tharchur láithreach chuig an údarás dá dtagraítear sa chéad mhír d'Airteagal 6. Maidir le comhalta den fhoireann shealadach nach mbeidh a chuid oibre nó a chuid iompair sásúil chun é a bhunú ina phost, brisfear as a phost é. Déanfar an cinneadh deiridh ar bhonn na tuarascála dá dtagraítear sa mhír seo agus ar bhonn eilimintí atá ar fáil don údarás dá dtagraítear sa chéad mhír d'Airteagal 6 a bhaineann le hiompar an chomhalta den fhoireann sealadach i dtaca le Teideal II de na Rialacháin Foirne. 4. Maidir le comhalta den fhoireann shealadach a bhrisfear as a phost, beidh sé i dteideal cúiteamh a fháil, ar cúiteamh é a bheidh comhionann le trian dá bhuntuarastal in aghaidh gach míosa den tréimhse phromhaidh a bheidh críochnaithe aige.'; |
(10) |
In Airteagal 15(1), cuirtear an abairt seo a leanas leis an gcéad fhomhír: 'Comhaltaí den fhoireann shealadach arna ngrádú i gcomhréir leis na critéir ghrádúcháin arna nglacadh ag an údarás dá dtagraítear sa chéad mhír d'Airteagal 6, fanfaidh siad ag an leibhéal sinsearachta sin sa chéim a bhaintear amach sa cháil sin má fhostaítear iad mar fhoireann shealadach sa ghrád céanna láithreach bonn tar éis na tréimhse seirbhíse sealadaí roimhe sin.'; |
(11) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 16: 'Airteagal 16 Beidh feidhm de réir analaí ag Airteagal 42a, ag Airteagal 42b agus ag Airteagal 55 go dtí Airteagal 61 de na Rialacháin Foirne a bhaineann le saoire, le huaireanta oibre, le ragobair, le sealobair, le dualgas fuireachais ag an ionad oibre nó sa bhaile agus le saoire phoiblí. Ní rachaidh saoire speisialta agus saoire do thuismitheoirí agus saoire teaghlaigh thar théarma an chonartha. Ina theannta sin, beidh feidhm de réir analaí ag Airteagail 41, 42, 45 agus 46 de na Rialacháin Foirne maidir leis na seirbhísigh shealadacha dá dtagraítear in Airteagal 29 d'Iarscríbhinn XIII de na Rialacháin Foirne, beag beann ar dháta a bhfostaithe. Maidir leis an tsaoire bhreoiteachta íoctha dá bhforáiltear in Airteagal 59 de na Rialacháin Foirne, ní rachaidh sí thar trí mhí nó thar an tréimhse a bheidh caite ag an gcomhalta den fhoireann shealadach ag obair i gcás inar faide an tréimhse sin. Ní rachaidh an tsaoire thar théarma an chonartha. Ar dhul in éag na dteorainneacha ama sin, má bhíonn seirbhíseach ann nach mbeidh a chonradh foirceanta, d'ainneoin nach bhfuil sé in ann dul i mbun a dhualgas arís, cuirfear é ar saoire gan phá. I gcás ina dtolgfaidh seirbhíseach galar ceirde, áfach, nó ina mbainfidh tionóisc de agus a dhualgais á gcomhlíonadh aige, leanfaidh sé de bheith ag fáil a luacha saothair ina iomláine le linn na tréimhse nach mbeidh sé in ann a bheith ag obair go dtí go dtabharfar pinsean easláine dó faoi Airteagal 33.'; |
(12) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 17: 'Airteagal 17 I gcúinsí eisceachtúla d'fhéadfadh sé, arna iarraidh sin dó, go dtabharfaí saoire gan phá do chomhalta den fhoireann shealadach ar fhorais phearsanta dhoshéanta. Leanfaidh Airteagal 12b de na Rialacháin Foirne d'fheidhm a bheith aige le linn na tréimhse saoire gan phá ar fhorais phearsanta. Ní dheonófar an cead faoi Airteagal 12b do chomhalta den fhoireann shealadach chun na críche gabháil do ghníomhaíocht ghairme, cibé acu sochrach nó gan a bheith sochrach, lena mbaineann brústocaireacht nó tathaint maidir lena institiúid agus a bhféadfadh coinbhleacht a bheith ann nó an fhéidearthacht coinbhleacht a bheith ann dá thoradh le leasanna dlisteanacha na hinstitiúide. Is é an t-údarás dá dtagraítear sa chéad mhír d'Airteagal 6 a chinnfidh fad na saoire sin, saoire nach rachaidh thar an gceathrú cuid den am a bheidh caite ag an seirbhíseach ag obair cheana nó:
Aon tréimhse saoire a dheonófar i gcomhréir leis an gcéad mhír, ní áireofar í chun críocha na chéad mhíre d'Airteagal 44 de na Rialacháin Foirne. Le linn do chomhalta den fhoireann shealadach a bheith ar saoire gan phá, déanfar a bhallraíocht den scéim slándála sóisialta dá bhforáiltear in Airteagal 28 a chur ar fionraí. Maidir le duine den fhoireann shealadach nach bhfuil fostaithe go socrach, áfach, féadfaidh sé tráth nach déanaí ná mí sula dtosóidh an tsaoire gan phá, iarratas a dhéanamh chun go leanfadh sé de bheith á gcumhdach in aghaidh na rioscaí dá dtagraítear in Airteagal 28, ar choinníoll go seasfaidh sé leath de chostais na ranníocaíochtaí dá bhforáiltear san Airteagal sin le linn a shaoire; déanfar an ranníocaíocht a ríomh faoi threoir bhuntuarastal deireanach an oifigigh. Thairis sin, maidir le comhalta den fhoireann shealadach a bhfuil feidhm ag Aireagal 2 (c) nó (d) ina leith agus a chruthaíonn nach bhféadfaidh sé cearta pinsin a fháil faoi scéim pinsin eile, féadfaidh sé iarratas a dhéanamh chun leanúint de bheith ag fáil ceart breise pinsin le linn na tréimhse a bheidh sé ar saoire gan phá, ar choinníoll go seasfaidh sé costas na ranníocaíochta arb ionann é agus trí oiread an ráta a leagtar síos in Airteagal 41; déanfar na ranníocaíochtaí a ríomh faoi threoir a bhuntuarastail dá ghrád agus dá chéim. Beidh na mná a dtosóidh a saoire mháithreachais sula gcríochnóidh a gconarthaí i dteideal saoire máithreachais agus íocaíochta máithreachais.'; |
(13) |
Leasaítear Airteagal 20 mar a leanas:
|
(14) |
Leasaítear Airteagal 28a mar a leanas:
|
(15) |
Sa dara fomhír d'Airteagal 33(1), cuirtear na focail "66 bliana d'aois" in ionad na bhfocal "65 bliana d'aois"; |
(16) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 34: 'Airteagal 34 Maidir leo siúd atá i dteideal ceart i ndáil le seirbhíseach a fuair bás, mar a shainmhínítear i gCaibidil 4 d'Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, beidh siad i dteideal phinsean an mharthanóra mar a fhoráiltear in Airteagal 35 go dtí Airteagal 38. I gcás ina bhfaigheann iarsheirbhíseach bás, ar iarsheirbhíseach é a raibh liúntas easláine á fháil aige nó ar iarsheirbhíseach é de réir bhrí Airteagal 2 (a), (c), (d), (e) nó (f) a raibh pinsean scoir á fháil aige nó a d'fhág an tseirbhís roimh an aois inphinsin a bheith slánaithe aige agus a d'iarr go gcuirfí siar a phinsean scoir go dtí an chéad lá den mhí féilire a tháinig i ndiaidh na míosa inar shlánaigh sé an aois inphinsin, beidh na daoine atá i dteideal ceart i ndáil le seirbhíseach a fuair bás, mar a shainmhínítear i gCaibidil 4 d'Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, i dteideal phinsean an mharthanóra mar a fhoráiltear san Iarscríbhinn sin. I gcás nach fios ar feadh níos mó ná bliain cá bhfuil comhalta den fhoireann shealadach nó iarchomhalta den fhoireann shealadach a raibh liúntas easláine nó liúntas scoir á fháil aige, nó iarchomhalta den fhoireann shealadach a d'fhág an tseirbhís roimh an aois inphinsin a bheith slánaithe aige agus a d'iarr go gcuirfí siar a phinsean scoir go dtí an chéad lá den mhí féilire a tháinig i ndiaidh na míosa inar shlánaigh sé an aois inphinsin, beidh feidhm de réir analaí ag forálacha Chaibidil 5 agus Chaibidil 6 d'Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne a bhaineann le pinsin shealadacha maidir le céile an chomhalta sin agus maidir le daoine a n-aithnítear mar chleithiúnaithe dá chuid.'; |
(17) |
Sa tríú abairt den chéad mhír d'Airteagal 36, cuirtear na focail 'Airteagal 2 (a), (c), (d), (e) nó (f)' in ionad na bhfocal 'Airteagal 2 (a), (c) nó (d)'; |
(18) |
Sa cheathrú mír d'Airteagal 37, cuirtear na focail 'aois inphinsin' in ionad na bhfocal '63 bliana d'aois' agus cuirtear na focail 'Airteagal 2 (a), (c), (d), (e) nó (f)' in ionad na bhfocal 'Airteagal 2 (a), (c) nó (d)'; |
(19) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 39(1): '1. Ar imeacht dó ón tseirbhís, beidh seirbhíseach laistigh de bhrí Airteagal 2 i dteideal pinsin scoir, aistriú an luacha chomhionainn achtúirigh nó íocaíocht an deontais téarfa i gcomhréir le Caibidil 3 de Theideal V de na Rialacháin Foirne agus le hIarscríbhinn VIII a ghabhann leo. I gcás ina bhfuil an seirbhíseach i dteideal pinsin scoir, laghdófar a chearta pinsin i gcomhréir leis na méideanna arna n-íoc faoi Airteagal 42.'; |
(20) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre d'Airteagal 42: 'I gcomhréir leis na coinníollacha a leagfaidh an t-údarás dá dtagraítear sa chéad mhír d'Airteagal 6 síos, féadfaidh seirbhíseach iarraidh ar an údarás sin íocaíochtaí a dhéanamh a mbeidh sé de cheangal air a dhéanamh ina thír tionscnaimh ar mhaithe le cearta pinsin a dhéanamh nó a choinneáil.'; |
(21) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 47: 'Airteagal 47 Seachas i gcás scoir de bharr a mbáis, tiocfaidh deireadh le fostaíocht comhalta den fhoireann shealadach:
|
(22) |
Cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas: 'Airteagal 48a Féadfar, in aon téarma parlaiminteach áirithe, Airteagal 50 de na Rialacháin Foirne a chur i bhfeidhm de réir analaí maidir le huasmhéid de chúigear comhaltaí d'fhoireann shealadach shinsearach na ngrúpaí polaitiúla i bParlaimint na hEorpa de ghrád AD 15 nó de ghrád AD 16, ar choinníoll go mbeidh siad cúig bliana is caoga d'aois agus go mbeidh fiche bliain de sheirbhís acu sna hinstitiúidí Eorpacha agus go raibh 2,5 bhliain sinsearachta ar a laghad acu ina ngrád deireanach.'; |
(23) |
Scriostar Airteagal 50c(2); |
(24) |
Cuirtear an Chaibidil seo a leanas le Teideal II: 'CAIBIDIL 11 FORÁLACHA SPEISIALTA MAIDIR LEIS AN BHFHOIREANN SHEALADACH DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 2(F) Airteagal 51 Beidh feidhm ag Airteagal 37, cé is moite de phointe (b) den chéad mhír, agus ag Airteagal 38 de na Rialachán Foirne de réir analaí maidir leis an bhfoireann shealadach dá dtagraítear in Airteagal 2(f). Airteagal 52 De mhaolú ar an tríú mír d'Airteagal 17, féadfaidh an fhoireann shealadach dá dtagraítear in Airteagal 2(f) a bhfuil conradh ar feadh tréimhse éiginnte acu, beag beann ar a shinsearaí atá siad, saoire gan phá a fháil ar feadh tréimhsí nach faide ná bliain amháin. Ní fhéadfaidh fad iomlán saoire den sórt sin a bheith níos faide ná dhá bhliain déag le linn ghairmréim an chomhalta foirne san iomlán. Féadfar duine eile a fhostú do phost an chomhalta sin den fhoireann shealadach. Nuair a rachaidh a thréimhse saoire in éag, ní foláir an comhalta den fhoireann shealadach a athcheapadh sa chéad fholúntas a chomhfhreagraíonn dá ghrád ina ghrúpa feidhme, ar choinníoll go gcomhlíonann sé na ceanglais don phost sin. Má dhiúltaíonn sé an post a thairgtear dó, coinneoidh sé an ceart chun athcheaptha don chéad fholúntas eile a chomhfhreagraíonn dá ghrád ina ghrúpa feidhme faoi réir na bhforálacha céanna; má dhiúltaíonn sé an dara huair, féadfaidh an institiúid a chonradh fostaíochta a fhoirceannadh gan fógra. Go dtí go n-athcheapfar é nó go dtabharfar ar iasacht é, fanfaidh sé ar saoire gan phá ar fhorais phearsanta. Airteagal 53 Fostófar an fhoireann shealadach dá dtagraítear in Airteagal 2(f) ar bhonn nós imeachta roghnúcháin arna eagrú ag gníomhaireacht amháin nó níos mó. Ar iarratas ón ngníomhaireacht nó ó na gníomhaireachtaí lena mbaineann, soláthróidh an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne cúnamh do na gníomhaireachtaí, go háirithe trí ábhar na dtástálacha a shainiú agus trí na nósanna imeachta roghnúcháin a eagrú. Áiritheoidh An Oifig Eorpach um Roghnú Foirne go mbeidh na nósanna imeachta roghnúcháin trédhearcach. I gcás nós imeachta sheachtraigh roghnúcháin, ní fhostófar an fhoireann shealadach dá dtagraítear in Airteagal 2(f) ach ag grád SC 1 go grád SC 2, ag grád AST 1 go grád AST 4 nó ag grád AD 5 go grád AD 8. Féadfaidh an ghníomhaireacht, áfach, i gcás inarb iomchuí agus i gcásanna a mbeidh údar cuí leo, fostú ag grád AD 9, grád AD 10, grád AD 11 nó, ar bhonn eisceachtúil, ag grád AD 12 a údarú, i gcomhair post le freagrachtaí comhfhreagracha agus laistigh de theorainneacha an phlean bunaíochta formheasta. Ní rachaidh líon iomlán na foirne de ghrád AD 9 go grád AD 12 a fhostófar i ngníomhaireacht thar 20 % de líon iomlán na foirne sealadaí de ghrúpa feidhme AD a fhostófar, arna ríomh thar thréimhse rollach cúig bliana. Airteagal 54 I gcás na foirne sealadaí dá dtagraítear in Airteagal 2(f), déanfar an t-aicmiú sa chéad ghrád níos airde eile trí chomhaltaí foirne a roghnú go heisiach as measc comhaltaí foirne a mbeidh dhá bhliain caite acu ar a laghad ag an ngrád ina bhfuil siad, tar éis meastachán a dhéanamh ar thuillteanais chomparáideacha foirne sealadaí den sórt sin agus ar na tuarascálacha a bhaineann leo. Beidh feidhm de réir analaí ag an abairt dheireanach d'Airteagal 45(1) agus d'Airteagal 45(2) de na Rialacháin Foirne. Ní fhéadfar dul thar na rátaí iolrúcháin chun meánchoibhéis ghairmréime a threorú, mar a leagtar amach d'oifigigh i Roinn B d'Iarscríbhinn I a ghabhann leis na Rialacháin Foirne. I gcomhréir le hAirteagal 110 de na Rialacháin Foirne, glacfaidh gach gníomhaireacht forálacha ginearálta maidir le cur chun feidhme an Airteagail seo. Airteagal 55 I gcás ina n-aistríonn comhalta den fhoireann shealadach dá dtagraítear in Airteagal 2(f) go post nua laistigh dá ghrúpa feidhme, tar éis post a fhoilsiú go hinmheánach, ní aicmeofar é ag grád níos ísle nó ag céim níos ísle ná grád nó céim an phoist a bhí aige roimhe sin, ar choinníoll go bhfuil a ghrád i measc na ngrád a leagtar amach san fhógra folúntais. Beidh feidhm ag na forálacha céanna de réir analaí i gcás ina dtugann an comhalta den fhoireann shealadach sin conradh i gcrích le gníomhaireacht díreach tar éis conradh a bheith ag an gcomhalta foirne sealadaí sin le gníomhaireacht eile roimhe sin. Airteagal 56 I gcomhréir le hAirteagal 110(2) de na Rialacháin Foirne, glacfaidh gach gníomhaireacht forálacha ginearálta maidir leis na nósanna imeachta a rialaíonn fostú agus úsáid na foirne sealadaí dá dtagraítear in Airteagal 2(f).'; |
(25) |
Scriostar Teideal III; |
(26) |
In Airteagal 79(2), cuirtear na focail 'an t-údarás dá dtagraítear sa chéad mhír d'Airteagal 6' in ionad na bhfocal 'gach institiúid'; |
(27) |
Leasaítear Airteagal 80 mar a leanas:
|
(28) |
Leasaítear Airteagal 82 mar a leanas:
|
(29) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 84: 'Airteagal 84 1. Aon chomhalta den fhoireann ar conradh a bhfuil a chonradh tugtha i gcrích ar feadh tréimhse bliana ar a laghad, cuirfidh sé tréimhse phromhaidh isteach sa chéad sé mhí dá thréimhse fostaíochta más rud é go mbeidh sé i ngrúpa feidhme I agus sa chéad naoi mí más rud é go mbeidh sé i ngrúpa feidhme ar bith eile. I gcás ina gcuirfear cosc ar chomhalta den fhoireann ar conradh, le linn a thréimhse phromhaidh, a chuid dualgas a chomhlíonadh ar feadh tréimhse leanúnach míosa amháin ar a laghad, de thoradh breoiteachta, de thoradh saoire máithreachais faoi Airteagal 58 de na Rialacháin Foirne nó de thoradh tionóisce, féadfaidh an t-údarás dá dtagraítear sa chéad mhír d'Airteagal 6 síneadh a chur lena thréimhse phromhaidh ar feadh tréimhse a chomhfhreagraíonn don tréimhse sin. I gcúinsí ar bith, ní bheidh fad iomlán na tréimhse promhaidh níos faide ná 15 mhí. 2. Féadfar tuarascáil maidir le comhalta den fhoireann ar conradh a dhéanamh ag aon am roimh dheireadh na tréimhse promhaidh má fheictear go soiléir go bhfuil a chuid oibre míshásúil. Cuirfear an tuarascáil sin chuig an duine lena mbaineann agus beidh sé de cheart ag an duine sin a bharúlacha a chur isteach i scríbhinn laistigh d'ocht lá oibre. Déanfaidh garoifigeach uachtarach an chomhalta den fhoireann ar conradh an tuarascáil agus na barúlacha a tharchur láithreach chuig an údarás dá dtagraítear sa chéad mhír d'Airteagal 6. Ar bhonn na tuarascála, féadfaidh an t-údarás dá dtagraítear sa chéad mhír d'Airteagal 6 cinneadh a dhéanamh an comhalta den fhoireann ar conradh a bhriseadh as a phost roimh dheireadh na tréimhse promhaidh, trí fhógra míosa amháin a thabhairt dó, nó an comhalta den fhoireann ar conradh a shannadh chuig roinn eile ar feadh na tréimhse a bheidh fágtha sa tréimhse phromhaidh. 3. Mí amháin ar a dhéanaí roimh dhul in éag na tréimhse promhaidh, déanfar tuarascáil maidir le cumas an chomhalta den fhoireann ar conradh na dualgais a bhaineann lena phost a chomhlíonadh agus maidir lena éifeachtúlacht agus lena iompar sa tseirbhís freisin. Cuirfear an tuarascáil sin in iúl don chomhalta den fhoireann ar conradh agus beidh sé de cheart aige a bharúlacha a chur isteach i scríbhinn laistigh d'ocht lá oibre. I gcás ina molfar sa tuarascáil go mbrisfear an comhalta den fhoireann ar conradh as a phost nó, i gcúinsí eisceachtúla, go gcuirfear leis an tréimhse phromhaidh i gcomhréir le mír 1, déanfaidh garoifigeach uachtarach an chomhalta den fhoireann ar conradh an tuarascáil agus na barúlacha a tharchur láithreach chuig an údarás dá dtagraitear sa chéad mhír d'Airteagal 6. Maidir le comhalta den fhoireann ar conradh nach mbeidh a chuid oibre nó a chuid iompair sásúil chun é a bhunú ina phost, brisfear as a phost é. Déanfar an cinneadh deiridh ar bhonn na tuarascála dá dtagraítear sa mhír seo agus ar bhonn eilimintí atá ar fáil don údarás dá dtagraítear sa chéad mhír d'Airteagal 6 a bhaineann le hiompar an chomhalta den fhoireann ar conradh i dtaca le Teideal II de na Rialacháin Foirne. 4. Maidir le comhalta den fhoireann ar conradh a bhrisfear as a phost, beidh sé i dteideal cúiteamh a fháil, ar cúiteamh é a bheidh comhionann le trian dá bhuntuarastal in aghaidh gach míosa den tréimhse phromhaidh a bheidh críochnaithe aige.'; |
(30) |
In Airteagal 85(3) cuirtear na focail 'Airteagal 55(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach' in ionad na bhfocal 'Airteagal 314 de Chonradh CE'; |
(31) |
Leasaítear Airteagal 86(1) mar a leanas:
|
(32) |
I bpointe (b) den chéad fhomhír d'Airteagal 88, cuirtear na focail 'sé bliana' in ionad na bhfocal 'trí bliana'; |
(33) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 91: 'Airteagal 91 Beidh feidhm de réir analaí ag Airteagal 16 go dtí Airteagal 18. Ní bheidh an dara habairt d'Airteagal 55(4) de na Rialacháin Foirne infheidhme de réir analaí maidir leis an bhfoireann ar conradh. Ní bheidh an fhoireann ar conradh i ngrúpa feidhme III agus i ngrúpa feidhme IV a dhéanfaidh ragobair i dteideal cúiteamh a fháil nó luach saothair a fháil. Faoi na coinníollacha a leagtar síos in Iarscríbhinn VI de na Rialacháin Foirne, beidh an fhoireann ar conradh i ngrúpa feidhme I agus i ngrúpa feidhme II a dhéanfaidh ragobair, i dteideal saoire chúiteach a fháil nó luach saothair a fháil i gcás nach gceadófar, faoi cheanglais na seirbhíse, saoire chúiteach le linn an dá mhí i ndiaidh na míosa sin a ndearnadh an ragobair.'; |
(34) |
In Airteagal 95, cuirtear na focail 'aois inphinsin' in ionad na bhfocal '63 bliana d'aois'; |
(35) |
Leasaítear Airteagal 96 mar a leanas:
|
(36) |
Sa dara habairt den dara fomhír d'Airteagal 101(1), cuirtear na focail'66 bliana d'aois' in ionad na bhfocal '65 bliana d'aois'; |
(37) |
Leasaítear Airteagal 103 mar a leanas:
|
(38) |
In Airteagal 106(4), cuirtear na focail "an aois inphinsin" in ionad na bhfocal "63 bliana d'aois"; |
(39) |
In Airteagal 120, cuirtear na focail 'an t-údarás dá dtagraítear sa chéad mhír d'Airteagal 6' in ionad na bhfocal 'gach institiúid'; |
(40) |
Cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas: 'Airteagal 132a I gcomhréir leis na bearta cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 125(1) agus ar iarraidh shainráite an Fheisire nó na bhFeisirí faoi seach a dtugann siad tacaíocht dóibh, ní fhéadfar liúntas suiteála nó liúntas athlonnaithe a íoc le cúntóirí parlaiminteacha creidiúnaithe ó liúntas um chúnamh parlaiminteach an Fheisire faoi seach ach an t-aon uair amháin bunaithe ar fhianaise gur gá an áit chónaithe a athrú. Ní bheidh méid an liúntais níos mó ná buntuarastal míosa an chúntóra."; |
(41) |
Leasaítear Airteagal 139 mar seo a leanas:
|
(42) |
In Airteagal 141, cuirtear na focail 'an t-údarás dá dtagraítear sa chéad mhír d'Airteagal 6' in ionad na bhfocal 'gach institiúid'; |
(43) |
Cuirtear an tAirteagal seo a leanas leo: 'Airteagal 142a Faoin 31 Nollaig 2020, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina measúnófar feidhmiú na gCoinníollacha seo Fostaíochta Seirbhíseach Eile.'; |
(44) |
Leasaítear an Iarscríbhinn mar a leanas:
|
Airteagal 3
1. Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
2. Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2014 ach amháin i gcás phointe 44 d'Airteagal 1 agus phointe 73(d) d'Airteagal 1, a bheidh infheidhme amhail ón dáta a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh se infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg an 22 Deireadh Fómhair 2013.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
M. SCHULZ
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
V. LEŠKEVIČIUS
(1) Tuairim an 22 Márta 2012 (nár foilsíodh san Iris Oifigiúil).
(2) IO C 205, 12.7.2012, lch. 1.
(3) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 2 Iúil 2013 agus cinneadh ón gComhairle an 10 Deireadh Fómhair 2013.
(4) Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh, arna leagan síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (IO L 56, 4.3.1968, lch. 1).
(5) Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.01.2001, lch. 1).';
(6) Rialachán (CEGC, CEE, Euratom) Uimh. 300/76 ón gComhairle an 9 Feabhra 1976 lena gcinntear na catagóirí oifigeach atá i dteideal liúntas i leith uainoibre, agus na rátaí agus coinníollacha a bhaineann leo (IO L 38, 13.2.1976, lch. 1).
(7) Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 260/68 ón gComhairle an 29 Feabhra 1968 lena leagtar síos an nós imeachta agus na coinníollacha chun cáin a chur i bhfeidhm ar mhaithe leis na Comhphobail Eorpacha (IO L 56, 4.3.1968, lch. 8.
(8) Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle an 29 Feabhra 1968 lena leagtar síos Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach agus na Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile na gComhphobal Eorpach agus lena dtionscnaítear bearta speisialta is infheidhme ar bhonn sealadach maidir le hoifigigh an Choimisiúin (IO L 56, 4.3.1968, lch. 1).
(9) Rialachán (Euratom, CEGC, CEE) Uimh. 2530/72 ón gComhairle an 4 Nollaig 1972 lena dtugtar isteach bearta speisialta agus bearta sealadacha a bhaineann le hoifigigh na gComhphobal Eorpach a earcú de dhroim aontachas Ballstát nua, agus bearta maidir le seirbhís oifigigh na gComhphobal sin a fhoirceannadh (IO L 272, 5.12.1972, lch. 1).
(10) Rialachán (CEGC, CEE, Euratom) Uimh. 1543/73 ón gComhairle an 4 Meitheamh 1973 lena dtugtar isteach bearta speisialta is infheidhme ar bhonn sealadach maidir le hoifigigh na gComhphobal Eorpach arna n-íoc ó chistí taighde agus ó chistí infheistíochta (IO L 155, 11.6.1973, lch. 1).';
(11) Ní rachaidh líon na bpost mar uiséirí Parlaiminte i bParlaimint na hEorpa thar 85.';
(12) Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).
(13) Rialachán (AE) Uimh. 1023/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 lena leasaítear Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh (IO L 287, 29.10.2013, lch. 15)';
Ceartúcháin
29.10.2013 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L NaN/63 |
Ceartúchán ar Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais
( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 269, 10 Deireadh Fómhair 2013 )
(Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L Eagrán Speisialta Gaeilge)
Leathanach 7, aithris (57), an dara habairt
In ionad:
"(…). Ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha eile ón 1 June 2016.",
Léitear:
"(…). Ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha eile ón 1 Bealtaine 2016.";
Leathanach 88, Airteagal 288, mír 2
In ionad:
"2. Beidh feidhm ag na hAirteagail, seachas na hAirteagail sin dá dtagraítear i mír 1, an chéad lá den chéad mhí tar éis 1 Meitheamh 2016.",
Léitear:
"2. Beidh feidhm ag na hAirteagail, seachas na hAirteagail sin dá dtagraítear i mír 1, ón 1 Bealtaine 2016.".