ISSN 1977-0839

doi:10.3000/19770839.L_2012.292.gle

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

Eagrán Speisialta ( *1 )

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

Imleabhar 55
20 Deireadh Fómhair 2012


Clár

 

Ceartúchán

Leathanach

 

*

Ceartúchán ar Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála ( IO L 201, 27.7.2012 ) (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L Eagrán Speisialta Gaeilge)

1

 


 

(*1)   Faoin tagairt L 292 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

GA

Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo.

Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu.


Ceartúchán

20.10.2012   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


Ceartúchán ar Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 201 an 27 Iúil 2012 )

(Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L Eagrán Speisialta Gaeilge)

Ar leathanach 22, Airteagal 11(1), pointe (b):

in ionad:

“(b)

próisis fhoirmiúlaithe”,

léitear:

“(b)

próisis fhoirmiúlaithe atá daingean, láidir agus in-iniúchta chun punanna a réiteach, chun an riosca atá bainteach a bhainistiú; agus chun díospóidí idir páirtithe a shainaithint go luath agus a réiteach, agus chun faireachán a dhéanamh ar luach na gconarthaí atá amuigh.”;

ar leathanach 54, Airteagal 88(1), pointe (c):

in ionad:

“(c)

contrapháirtithe láracha, atá údaraithe seirbhísí agus gníomhaíochtaí a thairiscint san Aontas, agus atá bunaithe san Aontas, agus an cineál seirbhísí nó gníomhaíochtaí a bhfuil siad údaraithe a chur ar fáil nó a chomhlíonadh, lena n-áirítear aicmí na n-ionstraimí airgeadais a chuimsítear faoina n-údarú;”,

léitear:

“(c)

contrapháirtithe lárnacha, atá údaraithe chun seirbhísí nó gníomhaíochtaí a thairiscint san Aontas, agus atá bunaithe san Aontas, agus na seirbhísí nó na gníomhaíochtaí a bhfuil siad údaraithe chun iad a sholáthar nó a chomhlíonadh, lena n-áirítear aicmí na n-ionstraimí airgeadais a chuimsítear faoina n-údarú;”;

ar leathanach 54, Airteagal 88(1), pointe (e):

in ionad:

“(e)

contrapháirtithe láracha, atá údaraithe seirbhísí agus gníomhaíochtaí a thairiscint san Aontas, agus na seirbhísí nó na gníomhaíochtaí a bhfuil siad údaraithe a sholáthar nó a chomhlíonadh, lena n-áirítear aicmí na n-ionstraimí airgeadais a chuimsítear faoina n-údarú;”,

léitear:

“(e)

contrapháirtithe lárnacha, atá údaraithe chun seirbhísí nó gníomhaíochtaí a thairiscint san Aontas, agus atá bunaithe i dtríú tír, agus na seirbhísí nó na gníomhaíochtaí a bhfuil siad údaraithe chun iad a sholáthar nó a chomhlíonadh, lena n-áirítear aicmí na n-ionstraimí airgeadais a chuimsítear faoina n-údarú;”;

ar leathanach 55, Airteagal 89(3), an dara mír:

in ionad:

“I gcás contrapháirtí lárnach a údaraíodh sa Bhallstát ina bhfuil sé bunaithe maidir le seirbhísí imréitigh a sholáthar i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit sin sula nglacfaidh an Coimisiún na caighdeáin theicniúla rialála go léir faoi Airteagail 16, 26, 29, 34, 41, 42, 44, 45, 47 agus 49, déanfaidh sé iarratas ar aitheantas faoi Airteagal 25 chun críocha an Rialacháin seo laistigh de shé mhí ó dháta theacht i bhfeidhm na gcaighdeán teicniúla rialála go léir faoi Airteagail 16, 26, 29, 34, 41, 42, 44, 45, 47 agus 49 a bheith glactha ag an gCoimisiún.”,

léitear:

“I gcás contrapháirtí lárnach atá bunaithe i dtríú tír agus ar tugadh aitheantas dó chun seirbhísí imréitigh a sholáthar i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit sin sula mbeidh an Coimisiún tar éis na caighdeáin theicniúla rialála go léir faoi Airteagail 16, 26, 29, 34, 41, 42, 44, 45, 47 agus 49 a ghlacadh, déanfaidh sé iarratas ar aitheantas faoi Airteagal 25 chun críocha an Rialacháin seo laistigh de shé mhí ó dháta theacht i bhfeidhm na gcaighdeán teicniúil rialála go léir faoi Airteagail 16, 26, 29, 34, 41, 42, 44, 45, 47 agus 49.”.