ISSN 1977-0839

doi:10.3000/19770839.L_2012.044.gle

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

Eagrán Speisialta ( *1 )

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

Imleabhar 55
16 Feabhra 2012


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) Uimh. 121/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Feabhra 2012 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1290/2005 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle maidir le táirgí bia a dháileadh ar na daoine is díothaí san Aontas

1

 


 

(*1)   Faoin tagairt L 44 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

GA

Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo.

Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu.


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

16.2.2012   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) UIMH. 121/2012 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Feabhra 2012

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1290/2005 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle maidir le táirgí bia a dháileadh ar na daoine is díothaí san Aontas

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad mhír d’Airteagal 42 agus Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint do na tuairimí ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CEE) Uimh. 3730/87 ón gComhairle an 10 Nollaig 1987 lena leagtar síos na rialacha ginearálta maidir le bia a sholáthar ó stoic idirghabhála chuig eagraíochtaí ainmnithe lena dháileadh ar na daoine is díothaí sa Chomhphobal (4), ar Rialachán é a aisghaireadh ina dhiaidh sin agus a ionchorpraíodh i Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2007 lena mbunaítear comheagrú na margaí talmhaíochta agus maidir le forálacha sonracha i gcás táirgí áirithe talmhaíochta (an Rialachán maidir le CEM Aonair) (5), tá scéim iontaofa le táirgí bia a dháileadh ar na daoine is díothaí san Aontas (scéim um dháileadh bia) á cur ar fáil le breis agus 20 bliain agus is rannchuidiú tábhachtach é le comhtháthú sóisialta an Aontais trí éagothromaíocht shóisialta agus eacnamaíoch a laghdú.

(2)

Áirítear ar chuspóirí an chomhbheartais talmhaíochta (CBT), a shainmhínítear in Airteagal 39(1) den Chonradh, margaí a chobhsú agus a áirithiú go mbeidh soláthairtí á bhfáil ag tomhaltóirí ar phraghsanna réasúnta. I gcaitheamh na mblianta, d’éirigh leis an scéim um dháileadh bia tacú le comhlíonadh an dá chuspóir agus, trí easlándáil an tsoláthair bhia i measc na ndaoine is díothaí san Aontas a laghdú, tá sé léirithe gur uirlis fhíor-riachtanach í a rannchuidíonn lena ráthú go mbíonn bia ar fáil go forleathan laistigh den Aontas agus stoic idirghabhála á laghdú ag an am céanna.

(3)

Ina rún an 7 Iúil 2011, d’iarr Parlaimint na hEorpa ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle réiteach idirthréimhseach a fhorbairt i gcomhair na mblianta atá fágtha den chreat airgeadais ilbhliantúil reatha, d’fhonn ciorrú trom ar chúnamh bia a sheachaint de dheasca an laghdaithe ar chistiú ó EUR 500 milliún go EUR 113 milliún agus d’fhonn a áirithiú nach mbainfidh ocras do dhaoine atá ag brath ar chúnamh bia.

(4)

Leis an scéim reatha um dháileadh bia, táthar ag brath ar dháileadh táirgí ó stoic idirghabhála an Aontais agus, ar bhonn sealadach, ar cheannacháin ar an margadh a chuirtear leis na táirgí sin. Mar sin féin, is é an toradh atá ar na hathbhreithnithe a rinneadh ar an CBT agus ar fhorbairtí fabhracha ar phraghsanna táirgeoirí go bhfuil laghdú de réir a chéile tagtha ar na stoic idirghabhála agus ar réimse na dtáirgí atá ar fáil. Leis an leagan reatha de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007, ní cheadaítear ceannacháin ar an margadh ach amháin i gcás nach mbeadh táirgí ar fáil ar bhonn sealadach. I bhfianaise bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta i gCás T-576/08 (6), ní féidir ceannacháin bia ar mhargadh an Aontais a chur go tráthrialta in ionad stoic idirghabhála laghdaithe. Sna cúinsí sin, is cosúil gur iomchuí deireadh a chur leis an scéim um dháileadh bia. Ionas go mbeidh dóthain ama ag eagraíochtaí carthanachta sna Ballstáit a bhfuil leas á bhaint acu as an scéim um dháileadh bia atá ann faoi láthair iad féin a chur in oiriúint don staid nua, ba cheart an scéim um dháileadh bia a leasú sa tslí is go ndéanfar foráil do thréimhse chéimniú-amach, ar lena linn ar cheart do cheannacháin ar an margadh a bheith mar ghnáthfhoinse soláthair don scéim um dháileadh bia d’fhonn stoic idirghabhála a chomhlánú i gcás nach mbeidh stoic idirghabhála oiriúnacha ar fáil. Ba cheart go dtiocfadh deireadh leis an tréimhse chéimniú-amach tráth a dtabharfar plean bliantúil 2013 chun críche.

(5)

Ba cheart go mbeadh feidhm ag scéim an Aontais um dháileadh bia gan dochar d’aon scéimeanna náisiúnta um dháileadh bia.

(6)

Chun bainistiú buiséadach fónta a áirithiú, is gá uasteorainn sheasta a leagan síos do chúnamh ón Aontas. Ba cheart an scéim um dháileadh bia a chur leis an liosta de chaiteachas in Airteagal 3(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1290/2005 ón gComhairle an 21 Meitheamh 2005 maidir le maoiniú an chomhbheartais talmhaíochta (7), a mhaoineofar leis an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT).

(7)

Léirítear le taithí go bhfuil gá le feabhsuithe áirithe ar bhainistiú na scéime um dháileadh bia. Ba cheart don Choimisiún, dá bhrí sin, pleananna bliantúla a bhunú chun an scéim um dháileadh bia a chur chun feidhme sa bhliain 2012 agus sa bhliain 2013, ar pleananna iad a bheadh bunaithe ar iarrataí ó Bhallstáit arna gcur chuig an gCoimisiún agus ar fhaisnéis eile a mheastar a bheith ábhartha. Ba cheart do na Ballstáit a n-iarrataí ar tháirgí bia a bhunú ar chláir náisiúnta um dháileadh bia, ina leagtar amach cuspóirí agus tosaíochtaí na mBallstát maidir le bia a dháileadh ar na daoine is díothaí, lenar cheart breithnithe cothaitheacha a áireamh. Sa chomhthéacs sin, is iomchuí é a bheith de rogha ag na Ballstáit cóir fhabhrach a thabhairt do tháirgí de thionscnamh an Aontais. Ar deireadh, chun a áirithiú go gcumhdófar go cuí na costais a bhaineann le cur chun feidhme na bpleananna bliantúla, is gá foráil a dhéanamh go mbeidh sé de rogha ag na Ballstáit a chinneadh costais áirithe a thabhaíonn eagraíochtaí ainmnithe i dtaobh riaracháin, iompair agus stórála de a aisíoc faoi chuimsiú na n-acmhainní a chuirtear ar fáil trí na pleananna bliantúla.

(8)

Ba cheart do na Ballstáit rialuithe riaracháin agus fisiceacha atá leormhaith a dhéanamh agus pionóis a fhorchur i gcás neamhrialtachtaí chun a áirithiú go gcuirfear na pleananna bliantúla chun feidhme i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme.

(9)

Chun a áirithiú go mbeidh an scéim reatha um dháileadh bia ag feidhmiú i gcónaí, ionas gur féidir é a chéimniú amach ar bhealach éifeachtúil, ba cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo ón 1 Eanáir 2012 go dtí go dtabharfar plean bliantúil 2013 chun críche.

(10)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1290/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 3(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1290/2005, cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

“(g)

an scéim um dháileadh bia ar na daoine is díothaí san Aontas dá bhforáiltear in Airteagal 27 de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007.”.

Airteagal 2

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 27:

“Airteagal 27

Scéim um dháileadh bia ar na daoine is díothaí san Aontas

1.   Bunaítear scéim do 2012 agus 2013 trína bhféadfar táirgí bia a dháileadh ar na daoine is díothaí san Aontas trí eagraíochtaí, nach gnóthais tráchtála iad, arna n-ainmniú ag na Ballstáit. Chun críche na scéime seo um dháileadh bia, cuirfear táirgí de chuid stoc idirghabhála ar fáil nó, i gcás nach bhfuil stoic idirghabhála ann atá oiriúnach don scéim um dháileadh bia, ceannófar táirgí bia ar an margadh.

Chun críocha na scéime dá bhforáiltear sa chéad fhomhír ciallaíonn ‘na daoine is díothaí’ daoine corpartha, lena n-áirítear teaghlaigh nó grúpaí ina bhfuil daoine den sórt sin, a ndéantar a thaifeadadh nó a aithint ar bhonn critéar cáilitheachta arna nglacadh ag na húdaráis inniúla náisiúnta mar dhaoine spleácha ó thaobh cúrsaí sóisialta nó airgeadais de, nó a mheastar a bheith amhlaidh ar bhonn critéar arna n-úsáid ag na heagraíochtaí ainmnithe agus atá formheasta ag na húdaráis inniúla náisiúnta sin.

2.   Maidir le Ballstáit atá ag iarraidh páirt a ghlacadh sa scéim um dháileadh bia dá bhforáiltear i mír 1 cuirfidh siad faoi bhráid an Choimisiúin cláir um dháileadh bia a mbeidh an méid seo a leanas ar áireamh iontu:

(a)

sonraí phríomhthréithe agus phríomhchuspóirí na gclár sin;

(b)

na heagraíochtaí ainmnithe;

(c)

na hiarrataí ar mhéideanna táirgí bia atá le dáileadh gach bliain agus aon fhaisnéis ábhartha eile.

Roghnóidh na Ballstáit na táirgí bia ar bhonn critéar oibiachtúil, lena n-áirítear luachanna cothaitheacha agus oiriúnacht chun dáilte. Chun na críche sin, féadfaidh na Ballstáit tosaíocht a thabhairt do tháirgí bia de thionscnamh an Aontais.

3.   Glacfaidh an Coimisiún pleananna bliantúla a bheidh bunaithe ar na hiarrataí agus ar fháisnéis ábhartha eile dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír de mhír 2 arna seoladh isteach ag na Ballstáit mar chuid dá scéimeanna um dháileadh bia.

Leagfar amach i ngach plean bliantúil cionrannta airgeadais bliantúla ag an Aontas de réir an Bhallstáit.

I gcás nach bhfuil táirgí bia a áirítear sa phlean bliantúil ar fáil i stoic idirghabhála an Bhallstáit ina bhfuil gá leis na táirgí sin, déanfaidh an Coimisiún foráil sa phlean bliantúil go n-aistreofar na táirgí sin go dtí an Ballstát sin ó Bhallstáit ina bhfuil siad ar fáil sna stoic idirghabhála.

Féadfaidh an Coimisiún plean bliantúil a athbhreithniú i bhfianaise aon fhorbairtí ábhartha a dhéanann difear dá chur i gcrích.

4.   Cuirfear na táirgí ar fáil saor in aisce d’eagraíochtaí ainmnithe.

Maidir leis na táirgí bia a dháilfear ar na daoine is díothaí, dáilfear iad:

(a)

saor in aisce; nó

(b)

ar phraghas nach mbeidh in aon chás níos airde ná an praghas a mbeidh bonn cirt leis de réir na gcostas a thabhóidh na heagraíochtaí ainmnithe agus iad á ndáileadh, nach costais iad atá incháilithe faoi phointe (a) agus faoi phointe (b) den dara fomhír de mhír 7.

5.   Déanfaidh na Ballstáit atá rannpháirteach sa scéim um dháileadh bia, dá bhforáiltear i mír 1 an méid seo a leanas:

(a)

tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme na gclár um dháileadh bia a chur faoi bhráid an Choimisiúin;

(b)

an Coimisiún a choinneáil ar an eolas ar bhealach tráthúil maidir le forbairtí a dhéanann difear do chur chun feidhme na gclár um dháileadh bia.

6.   Déanfaidh an tAontas na costais atá incháilithe faoin scéim a mhaoiniú. Ní rachaidh an maoiniú sin thar EUR 500 milliún in aghaidh na bliana buiséid.

7.   Is iad seo a leanas na costais a bheidh incháilithe faoin scéim:

(a)

costas na dtáirgí bia a thagann ó stoic idirghabhála;

(b)

costas na dtáirgí bia a cheannaítear ar an margadh; agus

(c)

costais iompair idir Ballstáit na dtáirgí bia atá i stoic idirghabhála.

Laistigh de na hacmhainní airgeadais atá ar fáil chun na pleananna bliantúla a chur chun feidhme i ngach Ballstát, féadfaidh na húdaráis inniúla náisiúnta a mheas gur costais incháilithe na costais seo a leanas:

(a)

costais iompair na dtáirgí bia chuig iostaí stórála na n-eagraíochtaí ainmnithe;

(b)

na costais seo a leanas a thabhóidh na heagraíochtaí ainmnithe, a mhéid a bhaineann siad go díreach le cur chun feidhme na bpleananna bliantúla:

(i)

costais riaracháin;

(ii)

costais iompair idir iostaí stórála na n-eagraíochtaí ainmnithe agus na pointí dáilte deiridh; agus

(iii)

costais stórála.

8.   Déanfaidh na Ballstáit rialuithe riaracháin agus fisiceacha lena áirithiú go gcuirtear na pleananna bliantúla chun feidhme i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme agus bunóidh siad na pionóis is infheidhme i gcásanna neamhrialtachtaí.

9.   Beidh na focail ‘cúnamh ón Aontas Eorpach’ agus suaitheantas an Aontais Eorpaigh marcáilte go soiléir ar phacáistíocht an bhia a dháilfear trí na pleananna bliantúla agus ag na pointí dáilte freisin.

10.   Beidh an scéim um dháileadh bia dá bhforáiltear i mír 1 gan dochar d’aon scéimeanna náisiúnta trína ndáiltear táirgí bia ar na daoine is díothaí, ar scéimeanna iad atá i gcomhréir le dlí an Aontais.”;

(2)

in Airteagal 204, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“6.   Beidh feidhm ag Airteagal 27 ón 1 Eanáir 2012 go dtí go dtabharfar an plean bliantúil don bhliain 2013 chun críche.”.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an seachtú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo infheidhme ón 1 Eanáir 2012 go dtí go dtabharfar an plean bliantúil don bhliain 2013 chun críche.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 15 Feabhra 2012.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

N. WAMMEN


(1)  Tuairim an 20 Eanáir 2011 (IO C 84, 17.3.2011, lch. 49) agus tuairim an 8 Nollaig 2011 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)   IO C 104, 2.4.2011, lch. 44.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 26 Márta 2009 (IO C 117 E, 6.5.2010, lch. 258) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 23 Eanáir 2012 (IO C 38 E, 11.2.2012, lch. 1). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Feabhra 2012 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(4)   IO L 352, 15.12.1987, lch. 1.

(5)   IO L 299, 16.11.2007, lch. 1.

(6)  Cás T-576/08 an Ghearmáin v an Coimisiún, breithiúnas an 13 Aibreán 2011 (nár foilsíodh fós).

(7)   IO L 209, 11.8.2005, lch. 1.