|
ISSN 1725-2571 doi:10.3000/17252571.L_2011.259.gle |
||
|
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
Eagrán Speisialta ( *1 ) |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Reachtaíocht |
Imleabhar 54 |
|
|
|
|
|
(*1) Faoin tagairt L 259 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh. |
|
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE |
|
GA |
Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo. Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu. |
I Gníomhartha reachtacha
RIALACHÁIN
|
4.10.2011 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
1 |
RIALACHÁN (AE) Uimh. 954/2011 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 14 Meán Fómhair 2011
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 maidir le comhar idir na húdaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú
(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),
De bharr an méid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 (3), leagtar síos na coinníollacha ar fúthu atá na húdaráis inniúla sna Ballstáit, arb iad na húdaráis iad atá ainmnithe mar na húdaráis atá freagrach as na dlíthe lena gcosnaítear leasanna na dtomhaltóirí a fhorfheidhmiú, chun dul i gcomhar le chéile agus leis an gCoimisiún chun a áirithiú go gcomhlíonfar na dlíthe sin agus go bhfeidhmeoidh an margadh inmheánach go réidh agus chun cosaint leasanna eacnamaíocha na dtomhaltóirí a fheabhsú. |
|
(2) |
Le pointe (a) d'Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004, sainmhínítear “na dlíthe lena gcosnaítear leasanna na dtomhaltóirí” mar na Treoracha, mar a thrasuitear i ndlíchórais inmheánacha na mBallstát iad, agus na Rialacháin a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán sin (“an Iarscríbhinn”). |
|
(3) |
Ó theacht i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004, rinneadh roinnt de na gníomhartha reachtacha a liostaítear san Iarscríbhinn a aisghairm, agus rinneadh reachtaíocht nua a ghlacadh. |
|
(4) |
Rinneadh Treoir 84/450/CEE (4) a aisghairm le Treoir 2006/114/CE (5), agus cuireadh Treoir 2006/114/CE in ionad Threoir 84/450/CEE. Dá bhrí sin, ba cheart an tagairt do Threoir 84/450/CEE a bhaint den Iarscríbhinn agus tagairt do na hAirteagail shonracha de Threoir 2006/114/CE atá dírithe ar chosaint leasanna na dtomhaltóirí a chur ina hionad. |
|
(5) |
Cé go ndearnadh Treoir 87/102/CEE (6) a aisghairm le Treoir 2008/48/CE (7) agus gur cuireadh Treoir 2008/48/CE in ionad Threoir 87/102/CEE, ní luaitear go sonrach i dTreoir 2008/48/CE go bhfuil tagairtí do Threoir 87/102/CEE atá aisghairthe le forléiriú mar thagairtí do Threoir 2008/48/CE. Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil, ba cheart, dá bhrí sin, tagairt do Threoir 2008/48/CE a chur in ionad na tagartha do Threoir 87/102/CEE san Iarscríbhinn. |
|
(6) |
Rinneadh Treoir 89/552/CEE (8) a aisghairm le Treoir 2010/13/AE (9) agus cuireadh Treoir 2010/13/AE in ionad Threoir 89/552/CEE. De bhun an dara mír d'Airteagal 34 de Threoir 2010/13/AE, tá tagairtí do Threoir 89/552/CEE le forléiriú mar thagairtí do Threoir 2010/13/AE. Ar mhaithe le soiléireacht, áfach, ba cheart tagairt do na hAirteagail ábhartha de Threoir 2010/13/AE a chur in ionad na tagartha do Threoir 89/552/CEE san Iarscríbhinn. |
|
(7) |
Ní dhearnadh Treoir 93/13/CEE (10) a leasú le Cinneadh 2002/995/CE (11). Dá bhrí sin, ba cheart an tagairt don Chinneadh sin a bhaint den Iarscríbhinn. |
|
(8) |
Rinneadh Treoir 94/47/CE (12) a aisghairm le Treoir 2008/122/CE (13) agus cuireadh Treoir 2008/122/CE in ionad Threoir 94/47/CE. De bhun an dara mír d’Airteagal 18 de Threoir 2008/122/CE, tá tagairtí do Threoir 94/47/CE le forléiriú mar thagairtí do Threoir 2008/122/CE. Ar mhaithe le soiléireacht, áfach, ba cheart tagairt do Threoir 2008/122/CE a chur in ionad na tagartha do Threoir 94/47/CE san Iarscríbhinn. |
|
(9) |
Is Treoir leasaitheach í Treoir 97/55/CE (14) lena leasaítear Treoir 84/450/CEE atá aisghairthe. Dá bhrí sin, ba cheart an tagairt do Threoir 97/55/CE a bhaint den Iarscríbhinn. |
|
(10) |
Ba cheart an Iarscríbhinn a leasú dá réir. |
|
(11) |
Is gá measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht agus ar shásraí oibríochtúla Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus dianscrúdú a dhéanamh i dtaobh an bhféadfaí dlíthe breise lena gcosnaítear leasanna tomhaltóirí a áireamh san Iarscríbhinn, d'fhonn go bhféadfaí an Rialachán sin a athbhreithniú ar athbhreithniú é a bheadh dírithe ar mhodhanna feabhsaithe a sholáthar d'údaráis phoiblí forfheidhmiúcháin chun sáruithe atá díobhálach do chomhleasanna tomhaltóirí i staideanna trasteorann a bhrath agus a imscrúdú agus chun a chur faoi deara go scoirfear de sháruithe den sórt sin nó go dtoirmiscfear iad. Chuige sin, ba cheart don Choimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle a luaithe is féidir, agus, in aon chás, tráth nach déanaí ná deireadh na bliana 2014, agus, más iomchuí, togra reachtach a chur in éineacht leis an tuarascáil sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 leis seo mar a leanas:
|
(1) |
cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach: “Airteagal 21a Athbhreithniú Faoin 31 Nollaig 2014, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, ar tuarascáil í ina ndéanfar measúnú ar éifeachtacht agus ar shásraí oibríochtúla an Rialacháin seo agus ina ndéanfar dianscrúdú a dhéanamh i dtaobh an bhféadfaí dlíthe breise lena gcosnaítear leasanna tomhaltóirí a áireamh san Iarscríbhinn. Beidh an tuarascáil bunaithe ar mheastóireacht sheachtrach agus ar chomhairliúchán forleathan leis na geallsealbhóirí ábhartha go léir agus, i gcás inarb iomchuí, beidh togra reachtach in éineacht léi.”; |
|
(2) |
déantar an Iarscríbhinn a leasú i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg an 14 Meán Fómhair 2011.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
J. BUZEK
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. DOWGIELEWICZ
(1) Tuairim a tugadh an 5 Bealtaine 2011 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 5 Iúil 2011 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 27 Iúil 2011.
(3) Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2004 maidir le comhar idir na húdaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú (an Rialachán maidir le comhar ar mhaithe le cosaint tomhaltóirí) (IO L 364, 9.12.2004, lch. 1).
(4) Treoir 84/450/CEE ón gComhairle an 10 Meán Fómhair 1984 a bhaineann le fógraíocht mhíthreorach agus chomparáideach (IO L 250, 19.9.1984, lch. 17).
(5) Treoir 2006/114/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 a bhaineann le fógraíocht mhíthreorach agus chomparáideach (IO L 376, 27.12.2006, lch. 21).
(6) Treoir 87/102/CEE ón gComhairle an 22 Nollaig 1986 chun dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin na mBallstát a bhaineann le creidmheas tomhaltais a chomhfhogasú (IO L 42, 12.2.1987, lch. 48).
(7) Treoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 maidir le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 87/102/CEE ón gComhairle (IO L 133, 22.5.2008, lch. 66).
(8) Treoir 89/552/CEE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Deireadh Fómhair 1989 maidir le comhordú forálacha áirithe a leagtar síos le dlí, le rialachán nó le gníomhaíocht riaracháin sna Ballstáit agus a bhaineann le seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (An Treoir maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc) (IO L 298, 17.10.1989, lch. 23).
(9) Treoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2010 maidir le comhordú forálacha áirithe a leagtar síos le dlí, le rialachán nó le gníomhaíocht riaracháin sna Ballstáit agus a bhaineann le seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (An Treoir maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc) (IO L 95, 15.4.2010, lch. 1).
(10) Treoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra (IO L 95, 21.4.1993, lch. 29).
(11) Cinneadh 2002/995/CE ón gCoimisiún an 9 Nollaig 2002 lena leagtar síos bearta eatramhacha coimirce maidir le hallmhairiú táirgí de thionscnamh ainmhíoch le haghaidh tomhaltais phearsanta (IO L 353, 30.12.2002, lch. 1).
(12) Treoir 94/47/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 1994 maidir le ceannaitheoirí a chosaint i ndáil le gnéithe áirithe de chonarthaí a bhaineann leis an gceart chun maoin dhochorraithe a úsáid ar bhonn amroinnte a cheannach (IO L 280, 29.10.1994, lch. 83).
(13) Treoir 2008/122/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Eanáir 2009 maidir le tomhaltóirí a chosaint i ndáil le gnéithe áirithe de chonarthaí amroinnte, de chonarthaí um tháirgí saoire fadtéarmacha, de chonarthaí athdhíola agus de chonarthaí malairte (IO L 33, 3.2.2009, lch. 10).
(14) Treoir 97/55/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 1997 lena leasaítear Treoir 84/450/CEE a bhaineann le fógraíocht mhíthreorach chun fógraíocht chomparáideach a chur san áireamh (IO L 290, 23.10.1997, lch. 18).
IARSCRÍBHINN
Déantar an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 a leasú leis seo mar a leanas:
|
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhonóta ()
|
|
(2) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1:
|
|
(3) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 3 agus phointe 4:
|
|
(4) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 6 agus phointe 7:
|
|
(5) |
scriostar pointe 9. |
|
4.10.2011 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
5 |
RIALACHÁN (AE) Uimh. 955/2011 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 14 Meán Fómhair 2011
lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1541/98 ón gComhairle maidir le cruthúnas tionscnaimh le haghaidh táirgí teicstíle áirithe a thagann faoi réim Roinn XI den Ainmníocht Chomhcheangailte agus a scaoiltear le haghaidh saorchúrsaíochta sa Chomhphobal agus maidir leis na coinníollacha a ghabhann le glacadh leis an gcruthúnas sin, agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3030/93 ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh allmhairí táirgí teicstíle áirithe ó thríú tíortha
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),
De bharr an méid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1541/98 (2), leagtar síos na rialacha maidir le cruthúnas tionscnaimh le haghaidh táirgí teicstíle áirithe de thionscnamh tríú tíortha a bhfuil comhaontuithe déthaobhacha, prótacail nó socruithe eile tugtha i gcrích ag an Aontas leo, agus le haghaidh táirgí teicstíle a bhfuil córas faireachais bunaithe ag an Aontas ina leith chun faireachán a dhéanamh ar threochtaí allmhairithe táirgí nó a gcuireann sé bearta speisialta coimirce i bhfeidhm maidir leo. |
|
(2) |
Tá roinnt mórfhorbairtí tar éis tarlú ó thráth glactha Rialachán (CE) Uimh. 1541/98. Tá laghdú de réir a chéile tagtha ar líon agus ar thionchar na mbeart i leith allmhairí a chuireann an tAontas i bhfeidhm maidir le táirgí teicstíle a thagann faoi réim Roinn XI den Ainmníocht Chomhcheangailte agus is bearta de chineál iarmharach anois iad, i dtéarmaí na gceannteideal den Ainmníocht Chomhcheangailte atá cumhdaithe agus na dtíortha lena mbaineann. |
|
(3) |
Le hAirteagal 26 de Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 1992 lena mbunaítear Cód Custaim an Chomhphobail (3), foráiltear go bhféadfaidh na húdaráis custaim, i gcás ina bhfuil ábhair thromaí amhrais ann, aon chruthúnas breise tionscnaimh a éileamh. |
|
(4) |
I ngach cás, ní mór tír thionscnaimh na dtáirgí allmhairithe a léiriú i mbosca 34 den Doiciméad Riaracháin Aonair atá le comhlánú i gcomhréir le Nótaí Míniúcháin an Doiciméid Riaracháin Aonair atá in Iarscríbhinn 37 a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2454/93 ón gCoimisiún an 2 Iúil 1993 lena leagtar síos forálacha chun Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle lena mbunaítear Cód Custaim an Chomhphobail a chur chun feidhme (4). Tá an léiriú sin faoi réir na ngnáthnósanna imeachta fíorúcháin, lena n-áirítear an fhéidearthacht go n-éileoidh na húdaráis custaim cruthúnas breise, más iomchuí, ar bhonn gach cáis faoi leith. |
|
(5) |
Tá an oibleagáid maidir le cruthúnas breise tionscnaimh a sholáthar, ar bhonn córasach, maidir leis na táirgí teicstíle dá dtagraítear in aithris 1 tar éis teacht chun bheith díréireach i gcoibhneas le haidhm na hoibleagáide sin arb é atá inti ná bearta áirithe i leith allmhairí a fhorlíonadh, ar bearta iad nach bhfuil in úsáid a thuilleadh den chuid is mó. Dá bhrí sin, cuireann an oibleagáid sin ualach nach bhfuil gá leis ar oibreoirí eacnamaíocha. |
|
(6) |
Ós rud é gur féidir na táirgí teicstíle i dtrácht a allmhairiú gan aon srianta agus go bhfuil údaráis custaim in ann faisnéis bhreise a éileamh, mar atá luaite in aithris 4, go háirithe i gcás amhrais maidir le tionscnamh na dtáirgí allmhairithe, ní gá a thuilleadh na ceanglais bhreise riaracháin dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1541/98 a choimeád ar bun. |
|
(7) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1541/98 a aisghairm. |
|
(8) |
Ba cheart Rialachán (CEE) Uimh. 3030/93 ón gComhairle (5), ar faoi a fhéadfar, i gcásanna áirithe, glacadh leis an gcruthúnas tionscnaimh dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1541/98, a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Aisghairtear leis seo Rialachán (CE) Uimh. 1541/98.
Airteagal 2
Scriostar an dara habairt sa chéad fhomhír d'Airteagal 1(6) de Rialachán (CEE) Uimh. 3030/93.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg an 14 Meán Fómhair 2011.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
J. BUZEK
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. DOWGIELEWICZ
(1) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Meitheamh 2011 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 27 Iúil 2011.
(2) IO L 202, 18.7.1998, lch. 11.
(3) IO L 302, 19.10.1992, lch. 1.