|
ISSN 1725-2571 doi:10.3000/17252571.L_2011.192.gle |
||
|
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
Eagrán Speisialta ( *1 ) |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Reachtaíocht |
Imleabhar 54 |
|
|
|
Ceartúchán |
|
|
|
* |
|
|
|
|
|
(*1) Faoin tagairt L 192 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh. |
|
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE |
|
GA |
Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo. Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu. |
I Gníomhartha reachtacha
RIALACHÁIN
|
22.7.2011 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
1 |
RIALACHÁN (AE) Uimh. 691/2011 ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 6 Iúil 2011
maidir le Cuntais Eorpacha Eacnamaíocha Chomhshaoil
(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 338(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),
De bharr an méid seo a leanas:
|
(1) |
Déantar foráil, inter alia, le hAirteagal 3(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach go n-oibreoidh “an tAontas ar mhaithe le forbairt inbhuanaithe na hEorpa arna fothú ar an bhfás eacnamaíoch cothromúil agus ar chobhsaíocht praghsanna, ar gheilleagar sóisialta margaidh ina bhfuil iomaíocht ghéar agus arb é is aidhm dó an lánfhostaíocht agus an dul chun cinn sóisialta, agus ar ardleibhéal cosanta don chomhshaol agus ar ardleibhéal feabhsaithe ar a cháilíocht”. |
|
(2) |
Dearbhaíodh i gCinneadh Uimh. 1600/2002/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Iúil 2002 lena leagtar síos an Séú Clár Gníomhaíochta Comhshaoil de chuid an Chomhphobail (2) go bhfuil faisnéis fhónta ar staid an chomhshaoil agus ar na príomhthreochtaí, ar na príomhbhrúnna agus ar na príomhghníomhaithe i ndáil le hathrú comhshaoil, sár-riachtanach chun beartas éifeachtach a fhorbairt agus an beartas sin a chur chun feidhme, agus chun saoránaigh a chumhachtú ar shlí níos ginearálta. Ba cheart ionstraimí a fhorbairt d’fhonn cur le feasacht an phobail maidir leis na hiarmhairtí comhshaoil a ghabhann le gníomhaíocht eacnamaíoch. |
|
(3) |
Beidh cur chuige fónta ó thaobh na heolaíochta de i leith ganntanas acmhainní a thomhas rí-thábhachtach sa todhchaí maidir le forbairt inbhuanaithe an Aontais. |
|
(4) |
I gCinneadh Uimh. 1578/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2007 maidir leis an gClár Staidrimh Comhphobail 2008 go 2012 (3), déantar tagairt shoiléir don ghá atá ann le staidreamh ardchaighdeáin agus cuntais ardchaighdeáin i réimse an chomhshaoil. Thairis sin, faoi na príomhthionscnaimh i gcomhair 2008 go 2012, sonraítear gur cheart bunúis dlí a fhorbairt, i gcás inarb iomchuí, le haghaidh príomhréimsí um bailiú sonraí comhshaoil ar príomhréimsí iad nach gcumhdaítear faoi láthair faoi ghníomhartha dlí. |
|
(5) |
D’aithin an Coimisiún ina Theachtaireacht an 20 Lúnasa 2009, dar teideal: “OTI agus dul thairsti: an dul chun cinn a thomhas”, an gá atá ann maidir leis na táscairí atá ann cheana a fhorlíonadh le sonraí lena n-ionchorpraítear gnéithe comhshaoil agus sóisialta chun gur féidir ceapadh beartais a dhéanamh ar shlí níos comhtháite agus níos cuimsithí. Chuige sin, tugtar deis le cuntais eacnamaíocha chomhshaoil, faireachán a dhéanamh ar na brúnna a chuireann an geilleagar ar an gcomhshaol agus tá deis ann freisin féachaint ar conas arbh fhéidir na brúnna sin a mhaolú. Léirítear le cuntais eacnamaíocha chomhshaoil an idirghníomhaíocht idir fachtóirí eacnamaíocha, teaghlaigh agus comhshaoil, agus is mó faisnéis a thugtar leo, dá bhrí sin, ná mar a thugtar le cuntais náisiúnta amháin. Is foinse shuntasach sonraí iad le haghaidh cinntí comhshaoil agus ba cheart don Choimisiún breathnú orthu agus measúnuithe iarmharta á ndréachtú aige. I gcomhréir le dearbhphrionsabail na forbartha inbhuanaithe agus leis an gcuspóir geilleagar íseal-truaillithe atá éifeachtúil ó thaobh acmhainní de a ghnóthú, ar dearbhphrionsabail iad atá neadaithe sa Straitéis Eoraip 2020 agus i mórthionscnaimh éagsúla eile, is móide an ríthábhacht a bhaineann le creat sonraí a fhorbairt lena ndéantar saincheisteanna comhshaoil mar aon le saincheisteanna eacnamaíocha a áireamh go comhsheasmhach. |
|
(6) |
Is é Córas Eorpach na gCuntas (CEC), arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 2223/96 ón gComhairle an 25 Meitheamh 1996 maidir leis an gCóras Eorpach um chuntais náisiúnta agus réigiúnacha sa Chomhphobal (4) (“CEC 95”), ar córas é atá ar comhréir le Córas na gCuntas Náisiúnta (CCN), arna ghlacadh ag Coimisiún Staidrimh na Náisiún Aontaithe i mí Feabhra 1993, an phríomhuirlis i leith staidreamh eacnamaíoch an Aontais mar aon le go leor táscairí eacnamaíocha eile (lena n-áirítear OTI). Féadtar creat CEC a úsáid chun anailís agus meastóireacht a dhéanamh ar ghnéithe éagsúla den gheilleagar (e.g. struchtúr an gheilleagair, codanna sonracha de, forbairt an gheilleagair le himeacht ama), ach i gcás roinnt riachtanas sonrach sonraí, amhail anailís ar an idirghníomhaíocht idir an comhshaol agus an geilleagar, is í an réiteach is fearr cuntais satailíte ar leithligh a tharraingt suas. |
|
(7) |
Ina conclúidí i mí an Mheithimh 2006, d’iarr an Chomhairle Eorpach ar an Aontas agus ar a Bhallstáit na cuntais náisiúnta a shíneadh chun príomhghnéithe na forbartha inbhuanaithe a áireamh. Ba cheart cuntais náisiúnta a fhorlíonadh, dá bhrí sin, le cuntais chomtháite eacnamaíocha chomhshaoil lena soláthrófar sonraí atá comhsheasmhach go hiomlán. |
|
(8) |
Tá sé an-tábhachtach, a luaithe is a bheidh an córas i bhfeidhm go hiomlán go ndéanfaí cuntais Eorpacha eacnamaíocha chomhshaoil a úsáid go gníomhach agus go cruinn i ngach Ballstát agus le linn beartais ábhartha uile an Aontais a cheapadh, mar ionchur lárnach i measúnuithe iarmharta, i bpleananna gníomhaíochta, i dtograí reachtacha agus i dtorthaí suntasacha eile an phróisis um beartais. |
|
(9) |
D’fhéadfaí sonraí ní ba thráthúla a tháirgeadh trí gar-réamhaisnéis a dhéanamh, ina mbaintear leas as teicnící staidrimh amhail na cinn a úsáidtear sa réamhaisnéis chun meastúcháin iontaofa a dhéanamh. |
|
(10) |
Tugtar le cuntais satailíte an deis, ar shlí sholúbtha, cumas anailíseach na cuntasaíochta náisiúnta a leathnú maidir le réimsí ar leithligh is cúis le hábhar imní sóisialta amhail brúnna ar an gcomhshaol de bharr gníomhaíochtaí daonna agus é sin gan ualach ró-mhór a chur ar an gcóras lárnach ná gan cur isteach air. Ba cheart cuntais satailíte a chur ar fáil don phobal go rialta agus i bhfoirm sothuigthe. |
|
(11) |
Is córas satailíte de chuid CCN é Córas na gCuntas Comhtháite Eacnamaíoch Comhshaoil (CCEC), arna fhorbairt ag na Náisiúin Aontaithe, an Coimisiún Eorpach, an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta agus an Banc Domhanda i dteannta a chéile. Cruinnítear leis faisnéis eacnamaíoch agus chomhshaoil i gcreat coiteann chun rannchuidiú an chomhshaoil leis an ngeilleagar agus tionchar an gheilleagair ar an gcomhshaol a thomhas. Soláthraítear leis táscairí agus staidreamh tuairiscithe do lucht ceaptha beartas chun faireachán a dhéanamh ar na hidirghníomhaíochtaí sin, mar aon le bunachar sonraí le haghaidh pleanála straitéisí agus anailíse beartais chun bealaí forbartha níos inbhuanaithe a aimsiú. |
|
(12) |
Déantar le CCEC catagóirí éagsúla na gcuntas eacnamaíoch comhshaoil a shintéisiú agus a chomhtháthú a mhéid is féidir. Go ginearálta, déantar leis na catagóirí sin ar fad coincheapa CCN atá ann cheana maidir le costas, foirmiú caipitil agus stoc caipitil a leathnú tríd na coincheapa sin a fhorlíonadh le sonraí breise i dtéarmaí fisiciúla chun an costas comhshaoil agus úsáid sócmhainní nádúrtha i dtáirgeadh a chuimsiú, nó trí leasú a dhéanamh orthu tríd na hiarmhairtí sin a ionchorprú i dtéarmaí airgeadaíochta. Laistigh den treoshuíomh ginearálta sin, tá difríochtaí suntasacha idir na catagóirí éagsúla atá ann cheana ó thaobh na modheolaíochta de agus ó thaobh na n-ábhar imní comhshaoil a dtugtar fúthu. |
|
(13) |
Rinne an Coimisiún a chéad straitéis ar “cuntasaíocht ghlas” a thíolacadh i 1994. Ó shin i leith, tá modhanna cuntasaíochta forbartha agus tástáilte ag an gCoimisiún (Eurostat) agus ag na Ballstáit a mhéid sin go soláthraíonn roinnt Ballstát céad thacair cuntas eacnamaíoch comhshaoil go rialta. Is iad na cuntais ar shreabhadh fisiciúil i leith astaíochtaí aeir (lena n-áirítear gáis cheaptha teasa) agus ar thomhaltas ábhair, agus na cuntais airgeadaíochta maidir le caiteachas cosanta comhshaoil agus cánacha comhshaoil na cuntais is coitianta. |
|
(14) |
Mar cheann de na cuspóirí don tréimhse a chumhdaítear faoi Chlár Staidrimh an Chomhphobail 2008 go 2012, beartaítear tionscnaimh a ghlacadh chun reachtaíocht de chuid an Aontais a chur in ionad chomhaontuithe i réimsí áirithe ina ndéantar staidreamh Eorpach a tháirgeadh go rialta, ar staidreamh é a bhfuil aibíocht leordhóthanach bainte amach aige. |
|
(15) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Staidreamh Eorpach (5) déantar creat tagartha a sholáthar le haghaidh cuntas Eorpach eacnamaíoch comhshaoil. Ceanglaítear go háirithe go gcomhlíontar le staidreamh Eorpach, prionsabail um neamhspleáchas gairmiúil, neamhchlaontacht, oibiachtúlacht, iontaofacht, rúndacht staidrimh agus cost-éifeachtacht. |
|
(16) |
Ós rud é go bhfuil na tacair éagsúla de chuid na gcuntas eacnamaíoch comhshaoil á bhforbairt agus go bhfuil siad ag céimeanna éagsúla aibíochta, ba cheart struchtúr modúlach lena soláthrófar solúbthacht leordhóthanach, lena gcumasófar inter alia tuilleadh modúl a thabhairt isteach, a ghlacadh. |
|
(17) |
Ba cheart clár staidéar piolóta a bhunú chun cáilíocht an tuairiscithe agus cáilíocht na sonraí a fheabhsú, chun cur le modheolaíochtaí agus chun ullmhú do thuilleadh forbairtí. |
|
(18) |
Ba cheart measúnú indéantachta a dhéanamh sula dtabharfar isteach ceanglais bhreise maidir le tuairisciú. |
|
(19) |
Ba cheart go mbeadh an Coimisiún i dteideal maoluithe a dheonú ar Ballstáit i rith na n-idirthréimhsí sa mhéid go bhfuil gá le hoiriúnuithe móra ar a gcuid córas náisiúnta staidrimh. |
|
(20) |
Ba cheart go spreagfadh an tAontas tabhairt isteach cuntas eacnamaíoch comhshaoil i dtríú tíortha, go háirithe sna tíortha sin a roinneann acmhainní comhshaoil (uisce go príomha) le Ballstáit. |
|
(21) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo a bhaint amach go leordhóthanach, eadhon creat coiteann a bhunú um bailiú, thiomsú, tharchur agus mheastóireacht na gcuntas Eorpach eacnamaíoch comhshaoil, agus gur fearr, dá bhrí sin, is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach. |
|
(22) |
Ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na modúil a chur in oirúint d’fhorbairtí comhshaoil, eacnamaíocha agus teicniúla, mar aon le treoir mhodheolaíochta a sholáthar. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear comhairliúcháin ar leibhéal saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, nuair a dhéanann sé gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur go comhuaineach, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. |
|
(23) |
Chun coinníollacha comhionanna a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (6). |
|
(24) |
Chuathas i gcomhairle leis an gCoiste um an gCóras Staidrimh Eorpach, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ábhar
Bunaítear leis an Rialachán seo comhchreat i gcomhair bhailiú, thiomsú, tharchur agus mheastóireacht na gcuntas Eorpach eacnamaíoch comhshaoil chun cuntais eacnamaíocha chomhshaoil a bhunú mar chuntais satailíte i leith CEC 95, trí mhodheolaíocht, chomhchaighdeáin, chomhshainmhínithe, chomhaicmithe agus chomhrialacha cuntasaíochta a sholáthar atá ceaptha chun cuntais eacnamaíocha chomhshaoil a thiomsú.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
(1) |
ciallaíonn “astaíocht aeir” sreabh fisiciúil ábhar gásach nó cáithníneach ón ngeilleagar náisiúnta (próisis táirgthe nó tomhaltais) go dtí an t-atmaisféar, (mar chuid den chóras comhshaoil); |
|
(2) |
ciallaíonn “cáin a bhaineann leis an gcomhshaol” cáin ar aonad fisiciúil é a bhonn cánach (nó seachaonad d’aonad fisiciúil) agus is aonad é sin de ní éigin a bhfuil tionchar cruthaithe, sonrach, diúltach aige ar an gcomhshaol agus ar ní é a shainaithnítear in CEC 95 mar cháin; |
|
(3) |
ciallaíonn “cuntais ar shreabhadh ábhar uile-gheilleagair (EW-MFA)” ionchuir ábhar i ngeilleagair náisiúnta, athruithe ar an stoc ábhar laistigh den gheilleagar agus aschuir ábhar go dtí geilleagair eile nó go dtí an comhshaol a thiomsú go comhsheasmhach. |
Airteagal 3
Modúil
1. Déanfar na cuntais eacnamaíocha chomhshaoil atá le tiomsú laistigh den chreat coiteann dá dtagraítear in Airteagal 1 a ghrúpáil sna modúil seo a leanas:
|
(a) |
modúl le haghaidh cuntas ar astaíochtaí aeir, mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn I; |
|
(b) |
modúl le haghaidh cánacha a bhaineann leis an gcomhshaol, de réir gníomhaíochta eacnamaíche, mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn II; |
|
(c) |
modúl le haghaidh cuntas ar shreabhadh ábhar uile-gheilleagair, mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn III. |
2. Beidh an fhaisnéis seo a leanas i ngach Iarscríbhinn:
|
(a) |
na cuspóirí a bhfuil na cuntais le tiomsú ina leith; |
|
(b) |
an méid atá cumhdaithe sna cuntais; |
|
(c) |
liosta na saintréithe a bhfuil sonraí le tiomsú agus le tarchur ina leith; |
|
(d) |
an chéad bhliain tagartha, an mhinicíocht agus na spriocanna tarchuir le haghaidh thiomsú na gcuntas; |
|
(e) |
na táblaí tuairiscithe; |
|
(f) |
uasré na n-idirthréimhsí dá dtagraítear in Airteagal 8 a bhféadfadh an Coimisiún maoluithe a dheonú lena linn. |
3. Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcás inar gá sin chun forbairtí comhshaoil, eacnamaíocha agus teicniúla a chur san áireamh, i gcomhréir le hAirteagal 9:
|
(a) |
chun treoir mhodheolaíochta a sholáthar; agus |
|
(b) |
chun na hIarscríbhinní dá dtagraítear i mír 1 a nuashonrú maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 2(c) go (e). |
Le linn dó a chumhacht a fheidhmiú de bhun na míre seo, áiritheoidh an Coimisiún nach gcuirfidh a ghníomhartha tarmligthe ualaigh suntasacha breise riaracháin ar na Ballstáit agus ar na haonaid is freagróirí.
Airteagal 4
Staidéir phíolóta
1. Déanfaidh an Coimisiún clár a dhreachtú le haghaidh staidéar píolóta atá le déanamh ag na Ballstáit ar bhonn deonach chun an tuairisciú a fhorbairt agus cáilíocht na sonraí a fheabhsú, sraitheanna ama fada a bhunú agus an mhodheolaíocht a fhorbairt. Áireofar sa chlár seo staidéir píolóta chun tástáil a dhéanamh ar a indéanta atá sé modúil nua cuntas eacnamaíoch comhshaoil a thabhairt isteach. Áiritheoidh an Coimisiún, agus an clár á tharraingt suas aige, nach gcuirfear aon ualaigh breise riaracháin ná airgeadais ar na Ballstáit ná ar na haonaid is freagróirí.
2. Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar thorthaí na staidéar piolóta agus déanfaidh sé iad a fhoilsiú, agus na sochair a bhaineann le fáil a bheith ar shonraí i ndáil le costas bailithe agus a bhaineann leis an ualach riaracháin a bhaineann le freagairtí a thabhairt á gcur san áireamh. Cuirfear na torthaí seo san áireamh sna tograí le haghaidh modúl nua cuntas comhshaoil a thabhairt isteach, ar tograí iad a fhéadfaidh an Coimisiún a chur isteach sa tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 10.
Airteagal 5
Sonraí a bhailiú
1. I gcomhréir leis na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo, baileoidh na Ballstáit na sonraí is gá chun na saintréithe dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(c) a bhreathnú.
2. Baileoidh na Ballstáit na sonraí is gá trí theaglam de chuid na bhfoinsí éagsúla a shonraítear thíos a úsáid, agus cuirfear prionsabal an tsimplithe riaracháin i bhfeidhm:
|
(a) |
suirbhéanna; |
|
(b) |
nósanna imeachta um meastachán staidrimh i gcásanna nár breathnaíodh cuid de na saintréithe le haghaidh na n-aonad ar fad; |
|
(c) |
foinsí riaracháin. |
3. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas agus soláthróidh siad mionsonraí maidir leis na modhanna agus na foinsí a úsáideadh.
Airteagal 6
Tarchur chuig an gCoimisiún (Eurostat)
1. Déanfaidh Ballstáit na sonraí atá leagtha amach sna hIarscríbhinní, lena n-áirítear na sonraí rúnda, a tharchur chuig an gCoimisiún (Eurostat) laistigh de na teorainneacha ama atá sonraithe sna hIarscríbhinní sin.
2. Tarchuirfear na sonraí i bhformáid theicniúil chuí, atá le leagan síos ag an gCoimisiún trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(2).
Airteagal 7
Measúnú cáilíochta
1. Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na critéir cháilíochta dá dtagraítear in Airteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 maidir leis na sonraí atá le tarchur.
2. Déanfaidh Ballstáit tuarascáil ar cháilíocht na sonraí arna dtarchur a sholáthar don Choimisiún (Eurostat).
3. Le linn na critéir cháilíochta dá dtagraítear i mír 1 a chur i bhfeidhm maidir leis na sonraí a chumhdaítear faoin Rialachán seo, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme d’fhonn modhanna, struchtúr agus tréimhsiúlacht na dtuarascálacha cáilíochta a shainiú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(2).
4. Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) cáilíocht na sonraí arna dtarchur a mheasúnú agus féadfaidh sé, laistigh d’aon mhí amháin tar éis na sonraí a fháil, iarraidh ar an mBallstát i dtrácht faisnéis bhreise maidir leis na sonraí nó tacar sonraí athbhreithnithe a thíolacadh, de réir mar is iomchuí.
Airteagal 8
Maoluithe
1. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh d’fhonn maoluithe a dheonú do na Ballstáit le linn na n-idirthréimhsí dá dtagraítear sna hIarscríbhinní, a mhéid a cheanglaítear mór-oiriúnuithe a dhéanamh ar chórais staidrimh náisiúnta. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(2).
2. Chun maolú a fháil faoi mhír 1, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann iarraidh chuí-réasúnaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 12 Samhain 2011.
Airteagal 9
An tarmligean a fheidhmiú
1. Is faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2. Déanfar tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 3(3) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 11 Lúnasa 2011. Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 3(3) a chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.
4. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth chéanna.
5. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 3(3) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoin ngníomh sin nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Airteagal 10
Tuarascáil agus athbhreithniú
Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 31 Nollaig 2013 agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin. Leis an tuarascáil sin déanfar meastóireacht go háirithe ar cháilíocht na sonraí arna dtarchur, ar na modhanna bailithe sonraí, ar an ualach riaracháin atá ar na Ballstáit agus ar na haonaid is freagróirí, mar aon le hindéantacht agus le héifeachtacht an staidrimh sin chomh maith.
Déanfar an méid seo a leanas a chur i dteannta na tuarascála, más iomchuí sin, agus na torthaí dá dtagraítear in Airteagal 4(2) á gcur san áireamh:
|
— |
tograí chun modúil nua cuntas eacnamaíoch comhshaoil a thabhairt isteach, amhail Caiteachas agus Ioncam i leith Chosaint an Chomhshaoil (CICC)/Cuntais ar Chaiteachas i leith Chosaint an Chomhshaoil (CCCC), An Earnáil um Earraí agus um Sheirbhísí Comhshaoil (EESC), Cuntais Fuinnimh, Aistrithe a bhaineann leis an gComhshaol (fóirdheontais), Cuntais ar Chaiteachas i leith Úsáid agus Bainistiú Acmhainní (CCUBA), Cuntais Uisce (cainníochtúil agus cáilíochtúil), Cuntais Dramhaíle, Cuntais Fhoraoiseacha, Cuntais sheirbhísí Éiceachórais, Cuntais Stoc Ábhair Uile-Gheilleagair (EW-MSA) agus maidir le hábhair chré thochailte nár úsáideadh (lena n-áirítear ithir) a thomhas, |
|
— |
tograí atá ceaptha chun cáilíocht sonraí agus modhanna bailithe sonraí a fheabhsú tuilleadh, ionas go ndéantar ar an tslí sin cumhdach agus inchomparáideacht na sonraí a fheabhsú agus an t-ualach riaracháin atá ar ghnó agus ar riarachán a laghdú. |
Airteagal 11
Coiste
1. Déanfaidh an Coiste um an gCóras Staidrimh Eorpach arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
Airteagal 12
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 20ú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 6 Iúil 2011.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
J. BUZEK
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. DOWGIELEWICZ
(1) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Meitheamh 2011 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 21 Meitheamh 2011.
(2) IO L 242, 10.9.2002, lch. 1.
(3) IO L 344, 28.12.2007, lch. 15.
(4) IO L 310, 30.11.1996, lch. 1.
IARSCRÍBHINN I
MODÚL LE hAGHAIDH CUNTAS AR ASTAÍOCHTAÍ AEIR
Roinn 1
CUSPÓIRÍ
Le cuntais ar astaíochtaí aeir, déantar sonraí ar astaíochtaí aeir a thaifeadadh agus a thíolacadh ar shlí atá comhoiriúnach do chóras na gcuntas náisiúnta. Déantar astaíochtaí aeir na ngeilleagar náisiúnta a thaifeadadh leo, agus déantar na hastaíochtaí sin a mhiondealú leo de réir gníomhaíochtaí astaithe eacnamaíocha mar atá sonraithe in CEC 95. Cumhdaítear táirgeadh agus tomhaltas i ngníomhaíochtaí eacnamaíocha.
Sainítear san Iarscríbhinn seo na sonraí atá le bailiú, le tiomsú agus le tarchur ag na Ballstáit le haghaidh na gcuntas ar astaíochtaí aeir, mar aon leis na sonraí a bhfuil meastóireacht le déanamh orthu ag na Ballstáit chuige sin. Forbrófar na sonraí sin ar shlí lena nascfar astaíochtaí leis na gníomhaíochtaí eacnamaíocha táirgthe agus tomhaltais de chuid na dtionscal agus na dteaghlach. Comhcheanglófar na sonraí maidir le hastaíochtaí díreacha, ar sonraí iad a thuairiscítear faoin Rialachán seo, leis na táblaí ionchuir-aschuir eacnamaíoch, leis na táblaí soláthair agus úsáide agus leis na sonraí faoi thomhaltas teaghlaigh, ar sonraí iad sin a thuairiscítear cheana don Choimisiún (Eurostat) mar chuid de thuairisciú CEC 95.
Roinn 2
CUMHDACH
Tá na teorainneacha córais céanna ag cuntais ar astaíochtaí aeir agus atá ag CEC 95, agus tá siad bunaithe ar phrionsabal an chónaithe freisin.
I gcomhréir le CEC 95, tá coincheap an chónaithe bunaithe ar an bprionsabal seo a leanas: deirtear gurb ionann aonad agus aonad cónaitheach tíre nuair atá lárionad leasa eacnamaíoch an aonaid i gcríoch eacnamaíoch na tíre sin, is é a rá, nuair a bhíonn sé ag gabháil do ghníomhaíochtaí eacnamaíocha ar feadh tréimhse fadaithe (bliain amháin nó níos mó) sa chríoch sin.
Le cuntais ar astaíochtaí aeir, déantar astaíochtaí a eascraíonn as gníomhaíochtaí gach aonaid chónaithigh a thaifeadadh, gan spleáchas don áit as a dtagann na hastaíochtaí sin go geografach.
Le cuntais ar astaíochtaí aeir, déantar sreafaí ábhar gásach iarmharach agus ábhar cáithníneach iarmharach de thionscnamh an gheilleagair náisiúnta agus a shreabhann isteach san atmaisféar a thaifeadadh. Chun críche an Rialacháin seo, tagraítear leis an téarma “atmaisféar” do chomhpháirt an chórais comhshaoil. Baineann teorainn an chórais leis an líne teorann idir an geilleagar náisiúnta (mar chuid den chóras eacnamaíoch) agus an t-atmaisféar (mar chuid den chóras comhshaoil). Tar éis teorainn an chórais a thrasnú, níl na substaintí astaithe faoi smacht daonna a thuilleadh agus tagann siad chun bheith ina gcuid de thimthriallacha na n-ábhar nádúrtha agus féadfaidh siad a bheith ina gcúis le roinnt cineál iarmhairtí comhshaoil.
Roinn 3
LIOSTA NA SAINTRÉITHE
Cuirfidh na Ballstáit staidreamh ar fáil maidir le hastaíochtaí na dtruailleán aeir seo a leanas:
|
Ainm astaíochta aeir |
Siombal astaíochta aeir |
Aonad tuairiscithe |
|
Dé-ocsaíd charbóin gan astaíochtaí ó bhithmhais |
CO2 |
1 000 tona (Gg) |
|
Dé-ocsaíd charbóin ó bhithmhais |
CO2 ó bhithmhais |
1 000 tona (Gg) |
|
Ocsaíd nítriúil |
N2O |
tonaí (Mg) |
|
Meatán |
CH4 |
tonaí (Mg) |
|
Sárfhluaracarbóin |
PFCanna |
tonaí (Mg) coibhéisí CO2 |
|
Hidreafluaracarbóin |
HFCanna |
tonaí (Mg) coibhéisí CO2 |
|
Heicseafluairíd sulfair |
SF6 |
tonaí (Mg) coibhéisí CO2 |
|
Ocsaídí nítrigine |
NOX |
tonaí (Mg) coibhéisí NO2 |
|
Comhdhúile orgánacha so-ghalaithe neamh-mheatáin |
NMVOCanna |
tonaí (Mg) |
|
Aonocsaíd charbóin |
CO |
tonaí (Mg) |
|
Ábhar cáithníneach < 10 μm |
PM10 |
tonaí (Mg) |
|
Ábhar cáithníneach < 2,5 μm |
PM2,5 |
tonaí (Mg) |
|
Dé-ocsaíd sulfair |
SO2 |
tonaí (Mg) |
|
Amóinia |
NH3 |
tonaí (Mg) |
Tuairisceofar na sonraí ar fad go dtí an chéad ionad deachúlach.
Roinn 4
AN CHÉAD BHLIAIN TAGARTHA, AN MHINICÍOCHT AGUS NA SPRIOCDHÁTAÍ TARCHURTHA
|
1. |
Déanfar an staidreamh a thiomsú agus a tharchur ar bhonn bliantúil. |
|
2. |
Déanfar an staidreamh a tharchur laistigh de 21 mí ó dheireadh na bliana tagartha. |
|
3. |
Chun riachtanais na n-úsáideoirí le haghaidh tacair shonraí atá críochnúil agus tráthúil a shásamh, cuirfidh an Coimisiún (Eurostat) meastacháin d’iomláin an AE-27 ar fáil do phríomh-chomhiomláin an mhodúil sin chomh luath is a bheidh sonraí leordhóthanacha i ndáil le tíortha ar fáil. Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat), i ngach cás inar féidir, meastacháin i ndáil le sonraí nach bhfuil tarchurtha ag na Ballstáit laistigh den sprioc a shonraítear i bpointe 2 a tháirgeadh agus a fhoilsiú. |
|
4. |
Is é an chéad bhliain tagartha an bhliain ina dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm. |
|
5. |
Sa chéad tarchur sonraí, áireoidh na Ballstáit freisin sonraí bliantúla ó 2008 go dtí an chéad bhliain tagartha. |
|
6. |
I gcás gach tarchuir sonraí chuig an gCoimisiún ina dhiaidh sin, soláthróidh na Ballstáit sonraí bliantúla le haghaidh na mblianta n-4, n-3, n-2, n-1 agus n, i gcás inarb ionann n agus an bhliain tagartha. |
Roinn 5
TÁBLAÍ TUAIRISCITHE
|
1. |
I gcás gach ceann de na saintréithe dá dtagraítear i Roinn 3, táirgfear sonraí trí a aicmiú de réir ordlathais ghníomhaíochtaí eacnamaíocha, is é sin le rá NACE Rev.2 (leibhéal comhiomlán A*64), rud a luíonn go hiomlán le CEC 95. Chomh maith leis sin, soláthrófar sonraí le haghaidh an méid seo a leanas:
|
|
2. |
Is mar seo a leanas atá an t-aicmiú de réir ordlathais dá dtagraítear i mír 1:
Astaíochtaí aeir de réir tionscail — NACE Rev.2 (A*64) Astaíochtaí aeir a thagann ó theaghlaigh
Ítimí nasctha Iomlán na gcuntas ar astaíochtaí aeir (tionscal + teaghlaigh)
|
Roinn 6
UASRÉ NA nIDIRTHRÉIMHSÍ
Maidir le cur chun feidhme fhorálacha na hIarscríbhinne seo, is é 2 bhliain ón gcéad spriocdháta tarchurtha uasré na hidirthréimhse.
(1) Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Athrú Aeráide.
(2) Coinbhinsiún ar Thruailliú Aeir Trasteorann Fadraoin.
IARSCRÍBHINN II
MODÚL LE hAGHAIDH CÁNACHA A BHAINEANN LEIS AN gCOMHSHAOL, DE RÉIR GNÍOMHAÍOCHTA EACNAMAÍCHE
Roinn 1
CUSPÓIRÍ
Leis an staidreamh maidir le cánacha a bhaineann leis an gcomhshaol, déantar sonraí a thaifeadadh agus a thíolacadh, agus an méid sin á dhéanamh ó thaobh pheirspictíocht na n-eintiteas a íocann na cánacha, agus déantar an méid sin ar shlí a luíonn go hiomlán leis na sonraí a thuairiscítear faoi CEC 95. Déantar ioncam cánach na ngeilleagar náisiúnta, ar ioncaim é a bhaineann leis an gcomhshaol, a thaifeadadh leo de réir gníomhaíochta eacnamaíche. Cumhdaítear táirgeadh agus tomhaltas le gníomhaíochtaí eacnamaíocha.
Sainítear san Iarscríbhinn seo na sonraí atá le bailiú, le tiomsú, le tarchur, agus a bhfuil meastóireacht le déanamh ag na Ballstáit orthu, maidir le hioncaim chánach a bhaineann leis an gcomhshaol, de réir gníomhaíochta eacnamaíche.
Féadtar, leis an staidreamh cánach a bhaineann leis an gcomhshaol, úsáid a bhaint go díreach as an staidreamh cánach agus as staidreamh maidir le hairgeadas rialtais, ach tá roinnt buntáistí ann ag baint le húsáid na sonraí cánach a thuairiscítear faoi CEC 95 más féidir é sin.
Bunaítear an staidreamh cánach a bhaineann leis an gcomhshaol ar na suimeanna arna bhfianú le measúnuithe agus dearbhuithe nó le fáltais airgid arna gcoigeartú de réir ama, chun comhsheasmhacht le CEC 95 a áirithiú agus chun inchomparáideacht idirnáisiúnta a fheabhsú.
Áirítear chomh maith in CEC 95 faisnéis i dtaobh cén tionscadail agus cén earnálacha a íocann na cánacha. Féadtar teacht ar fhaisnéis maidir le cánacha a thuairiscítear faoi CEC 95 sna cuntais earnála institiúideacha agus sna táblaí soláthair agus úsáide.
Roinn 2
CUMHDACH
Tá na teorainneacha córais céanna ag cánacha a bhaineann leis an gcomhshaol agus atá ag CEC 95, agus is ionann na cánacha sin agus íocaíochtaí éigeantacha, gan chomaoin, in airgead tirim nó i gcomhchineál, arna dtobhach ag rialtas ginearálta nó ag institiúidí an Aontais.
Tagann na cánacha a bhaineann leis an gcomhshaol faoi réim na gcatagóirí CEC 95 seo a leanas:
|
— |
cánacha ar tháirgeadh agus ar allmhairí (D.2), |
|
— |
cánacha reatha ar ioncam, ar rachmas, etc. (D.5), |
|
— |
cánacha caipitiúla (D.91). |
Roinn 3
LIOSTA NA SAINTRÉITHE
Déanfaidh Ballstáit staidreamh a tháirgeadh maidir le cánacha a bhaineann leis an gcomhshaol de réir na saintréithe seo a leanas:
|
— |
cánacha fuinnimh, |
|
— |
cánacha iompair, |
|
— |
cánacha truaillithe, |
|
— |
cánacha acmhainne. |
Tuairisceofar na sonraí ar fad san airgeadra náisiúnta de réir milliúin.
Roinn 4
AN CHÉAD BHLIAIN TAGARTHA, AN MHINICÍOCHT AGUS NA SPRIOCDHÁTAÍ TARCHURTHA
|
1. |
Déanfar staidreamh a thiomsú agus a tharchur ar bhonn bliantúil. |
|
2. |
Déanfar staidreamh a tharchur laistigh de 21 mí ó dheireadh na bliana tagartha. |
|
3. |
Chun riachtanais úsáideoirí le haghaidh tacair shonraí atá críochnúil agus tráthúil a shásamh, déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) meastacháin i leith iomláin AE-27 a tháirgeadh do phríomh-chomhiomláin an mhodúil seo, agus sin chomh luath is a bheidh sonraí leordhóthanacha ar fáil i ndáil le tíortha. I ngach cás inar féidir, déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) meastacháin le haghaidh sonraí nár tharchuir Ballstáit laistigh den spriocdháta a shonraítear i bpointe 2 a tháirgeadh agus a fhoilsiú. |
|
4. |
Is í an chéad bhliain tagartha an bhliain ina dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm. |
|
5. |
Sa chéad tarchur sonraí, déanfaidh Ballstáit sonraí bliantúla ó 2008 go dtí an chéad bhliain tagartha a áireamh. |
|
6. |
Le gach tarchur sonraí chuig an gCoimisiún ina dhiaidh sin, soláthróidh Ballstáit sonraí bliantúla le haghaidh na mblianta n-4, n-3, n-2, n-1 agus n, i gcás inarb ionann n agus an bhliain tagartha. |
Roinn 5
TÁBLAÍ TUAIRISCITHE
I gcás gach ceann de na saintréithe dá dtagraítear i Roinn 3, tuairisceofar sonraí ó thaobh pheirspictíocht na n-eintiteas a íocann na cánacha.
I gcás táirgeoirí, tuairisceofar sonraí i bhfoirm miondealaithe de réir aicmithe ordlathais na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha, is é sin le rá NACE Rev.2 (leibhéal comhiomlánaithe A*64 mar a leagtar amach in CEC 95).
I gcás tomhaltóirí, tuairisceofar sonraí i leith na nithe seo a leanas:
|
— |
teaghlaigh, |
|
— |
neamhchónaitheoirí. |
I gcás nach féidir an cháin a chur i leith ceann amháin de na grúpaí gníomhaíochtaí thuasluaite, tuairisceofar na sonraí mar shonraí nach ndearnadh cionroinnt ina leith.
Roinn 6
UASRÉ NA nIDIRTHRÉIMHSÍ
Maidir le cur chun feidhme fhorálacha na hIarscríbhinne seo, is é 2 bhliain ón gcéad spriocdháta tarchurtha, uasré na hidirthréimhse.
IARSCRÍBHINN III
MODÚL LE hAGHAIDH CUNTAS AR SHREABHADH ÁBHAR UILE-GHEILLEAGAIR (EW-MFA)
Roinn 1
CUSPÓIRÍ
Le EW-MFA, déantar gach ábhar soladach, gásach agus leachtach a chumhdach, seachas sreafaí aeir agus uisce, arna dtomhas in aonaid mhaise in aghaidh na bliana. Dála chóras na gcuntas náisiúnta, tá dhá phríomhchuspóir ag gabháil le EW-MFA. Soláthraítear le sreafaí ábhair mionsonraithe bunachar sonraí saibhir eimpíreach le haghaidh staidéar anailíseach iomadúil. Úsáidtear iad freisin chun táscairí éagsúla maidir le sreabhadh ábhair uile-gheilleagair a thiomsú le haghaidh geilleagar náisiúnta.
Sainítear san Iarscríbhinn seo na sonraí atá le bailiú, le tiomsú, le tarchur, agus a bhfuil meastóireacht le déanamh orthu, ag na Ballstáit le haghaidh EW-MFA.
Roinn 2
CUMHDACH
Tá an t-idirdhealú idir stoic agus sreafaí ina bhunphrionsabal de chuid an chórais um shreabhadh ábhar. Go ginearálta, is athróg é sreabhadh lena dtomhaistear cainníocht áirithe in aghaidh tréimhse ama, ach is éard is stoc ann ná athróg lena dtomhaistear cainníocht ag pointe áirithe ama. Is coincheap sreabha é EW-MFA. Tomhaistear leis sreafaí ionchuir ábhair agus aschuir ábhair agus athruithe ar an stoc laistigh den gheilleagar in aonaid mhaise in aghaidh na bliana.
Tá EW-MFA comhsheasmhach le prionsabail chóras na gcuntas náisiúnta, amhail prionsabal an chónaithe. Áirítear leis sreafaí ábhair a bhaineann le gníomhaíochtaí gach aonaid chónaithigh ar fad atá i ngeilleagar náisiúnta, gan spleáchas do shuíomh geografach na n-aonad sin.
In EW-MFA, tá dhá chineál sreafaí ábhair thar theorainneacha córais atá ábhartha:
|
1. |
sreafaí ábhair idir an geilleagar náisiúnta agus a thimpeallacht nádúrtha. Is ionann sin agus eastóscadh ábhar (i.e., amhábhair, garbhábhair, ógh-ábhair) ón gcomhshaol nádúrtha agus sceitheadh ábhar (dá ngairtear iarmharaigh go minic) isteach sa chomhshaol nádúrtha; |
|
2. |
sreafaí ábhair idir an geilleagar náisiúnta agus an chuid eile de gheilleagar an domhain. Áirítear allmhairí agus onnmhairí leis seo. |
Áirítear in EW-MFA na sreafaí go léir a thrasnaíonn na teorainneacha córais sin, mar aon leis na méideanna a chuirtear le stoic de dhéantús an duine. Ní léirítear aon sreafaí ábhair eile laistigh den gheilleagar in EW-MFA. Ciallaíonn sé sin go ndéantar plé sa EW-MFA leis an ngeilleagar náisiúnta ina iomláine agus nach ndéantar, mar shampla, cur síos ar sheachadtaí táirgí idir thionscail. Ar an tslí chéanna, déantar sreafaí nádúrtha laistigh den chomhshaol nádúrtha a eisiamh chomh maith.
Roinn 3
LIOSTA NA SAINTRÉITHE
Déanfaidh Ballstáit staidreamh a tháirgeadh i ndáil leis na saintréithe atá liostaithe i Roinn 5 le haghaidh EW-MFA, i gcás inarb infheidhme.
|
1. |
Cumhdaítear le heastóscadh intíre (EI) méid bliantúil ábhar soladach, leachtach agus gásach (gan aer ná uisce a áireamh) a eastósctar as an gcomhshaol nádúrtha le húsáid mar ionchur sa gheilleagar. |
|
2. |
Cumhdaítear le hallmhairí fisiciúla agus le honnmhairí fisiciúla gach tráchtearra allmhairithe nó onnmhairithe in aonaid mhaise. Áirítear le tráchtearraí trádáilte, earraí ag gach céim phróiseála ó amhtháirgí go hearraí críochnaithe. |
Roinn 4
AN CHÉAD BHLIAIN TAGARTHA, AN MHINICÍOCHT AGUS NA SPRIOCDHÁTAÍ TARCHURTHA
|
1. |
Déanfar an staidreamh a thiomsú agus a tharchur ar bhonn bliantúil. |
|
2. |
Déanfar an staidreamh a tharchur laistigh de 24 mhí ó dheireadh na bliana tagartha. |
|
3. |
Chun riachtanais úsáideoirí le haghaidh tacair shonraí atá críochnúil agus tráthúil a shásamh, déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) meastacháin i leith iomláin AE-27 a tháirgeadh do phríomh-chomhiomláin an mhodúil seo, agus sin chomh luath is a bheidh sonraí leordhóthanacha ar fáil i ndáil le tíortha. I ngach cás inar féidir, déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) meastacháin le haghaidh sonraí nár tharchuir Ballstáit laistigh den spriocdháta a shonraítear i bpointe 2 a tháirgeadh agus a fhoilsiú. |
|
4. |
Is í an chéad bhliain tagartha an bhliain ina dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm. |
|
5. |
Sa chéad tarchur sonraí, déanfaidh Ballstáit sonraí bliantúla ó 2008 go dtí an chéad bhliain tagartha a áireamh. |
|
6. |
Le gach tarchur sonraí chuig an gCoimisiún ina dhiaidh sin, soláthróidh Ballstáit sonraí bliantúla le haghaidh na mblianta n-4, n-3, n-2, n-1 agus n, i gcás inarb ionann n agus an bhliain tagartha. |
Roinn 5
TÁBLAÍ TUAIRISCITHE
Déanfar sonraí, arna sloinneadh in aonaid mhaise, a tháirgeadh le haghaidh na saintréithe atá liostaithe sna táblaí seo a leanas.
Tábla A — Eastóscadh intíre (EI)
|
1 Bithmhais 1.1 Barra (gan barra farae a áireamh) 1.1.1 Gránbharra 1.1.2 Fréamhacha, tiúbair 1.1.3 Barra siúcra 1.1.4 Barra piseánacha 1.1.5 Cnónna 1.1.6 Barra olúla 1.1.7 Glasraí 1.1.8 Torthaí 1.1.9 Snáithíní 1.1.10 Barra eile g.a.e. 1.2 Iarmhair barr (úsáidte), barra farae agus bithmhais innilte 1.2.1 Iarmhair barr (úsáidte) 1.2.1.1 Tuí 1.2.1.2 Iarmhair barr eile (duilleoga biatais siúcra agus duilleoga biatais farae, nithe eile) 1.2.2 Barra farae agus bithmhais innilte 1.2.2.1 Barra farae (lena n-áirítear fómhar bithmhaise ó thalamh féaraigh) 1.2.2.2 Bithmhais innilte 1.3 Adhmad (ina theannta sin, tuairisciú roghnach ar ghlanincrimint an stoic adhmaid) 1.3.1 Adhmad (lomáin chruinne thionsclaíoch) 1.3.2 Adhmad tine agus eastóscadh eile 1.4 Gabháil éisc fiáin, plandaí uisceacha/ainmhithe uisceacha, fiach agus cnuasach 1.4.1 Gabháil éisc fiáin 1.4.2 Na hainmhithe uisceacha agus plandaí uisceacha eile ar fad 1.4.3 Fiach agus cnuasach 2 Mianta miotail (ollmhianta) 2.1 Iarann 2.2 Miotal neamhfheiriúil 2.2.1 Copar (ina theannta sin, tuairisciú roghnach ar an gcion miotail) 2.2.2 Nicil (ina theannta sin, tuairisciú roghnach ar an gcion miotail) 2.2.3 Luaidhe (ina theannta sin, tuairisciú roghnach ar an gcion miotail) 2.2.4 Sinc (ina theannta sin, tuairisciú roghnach ar an gcion miotail) 2.2.5 Stán (ina theannta sin, tuairisciú roghnach ar an gcion miotail) 2.2.6 Ór, airgead, platanam agus miotail lómhara eile 2.2.7 Báicsít agus alúmanam eile 2.2.8 Úráiniam agus tóiriam 2.2.9 Eile g.a.e. 3 Mianraí neamh-mhiotalacha 3.1 Marmar, eibhear, gaineamhchloch, porfaire, basalt, cloch eile ornáideach nó cloch tógála (gan slinn a áireamh) 3.2 Cailc agus dolaimít 3.3 Slinn 3.4 Mianraí ceimiceacha agus mianraí leasacháin 3.5 Salann 3.6 Aolchloch agus gipseam 3.7 Créanna agus caoilín 3.8 Gaineamh agus gairbhéal 3.9 Eile g.a.e. 3.10 Ábhair chré thochailte (lena n-áirítear ithir), ach amháin i gcás ina n-úsáidtear iad (tuairisciú roghnach) 4 Ábhair fuinnimh iontaise/iompróirí fuinnimh iontaise 4.1 Gual agus ábhair/iompróirí fuinnimh sholadaigh eile 4.1.1 Lignít (gual donn) 4.1.2 Gual crua 4.1.3 Sceall ola agus gainimh tharra 4.1.4 Móin 4.2 Ábhair fuinnimh leachtaigh agus ghásaigh 4.2.1 Amhola, comhdhlútháin agus leachtanna gáis nádúrtha 4.2.2 Gás nádúrtha |
Tábla B (Allmhairí — Trádáil iomlán), Tábla C (Allmhairí — Trádáil lasmuigh den AE), Tábla D (Onnmhairí — Trádáil iomlán), Tábla E (Onnmhairí — Trádáil lasmuigh den AE)
|
1 Bithmhais agus táirgí bithmhaise 1.1 Barra, amh agus próiseáilte 1.1.1 Gránaigh, amh agus próiseáilte 1.1.2 Fréamhacha, tiúbair, amh agus próiseáilte 1.1.3 Barra siúcra, amh agus próiseáilte 1.1.4 Barra piseánacha amh agus próiseáilte 1.1.5 Cnónna, amh agus próiseáilte 1.1.6 Barra olúla, amh agus próiseáilte 1.1.7 Glasraí, amh agus próiseáilte 1.1.8 Torthaí, amh agus próiseáilte 1.1.9 Snáithíní, amh agus próiseáilte 1.1.10 Barra eile g.a.e., amh agus próiseáilte 1.2 Iarmhair barr agus barra farae 1.2.1 Iarmhair barr (úsáidte), amh agus próiseáilte 1.2.1.1 Tuí 1.2.1.2 Iarmhair eile barr 1.2.2 Barra farae 1.2.2.1 Barra farae 1.3 Adhmad agus táirgí adhmaid 1.3.1 Adhmad, amh agus próiseáilte 1.3.2 Adhmad tine agus eastóscadh eile, amh agus próiseáilte 1.4 Gabháil éisc agus ainmhithe uisceacha agus plandaí uisceacha eile, amh agus próiseáilte 1.4.1 Gabháil éisc 1.4.2 Na hainmhithe uisceacha agus na plandaí uisceacha eile ar fad 1.5 Ainmhithe beo seachas na hainmhithe atá in 1.4, agus táirgí ainmhithe 1.5.1 Ainmhithe beo seachas na hainmhithe atá in 1.4 1.5.2 Feoil agus ullmhóidí feola 1.5.3 Táirgí déiríochta, uibheacha éan agus mil 1.5.4 Táirgí eile a fhaightear ó ainmhithe (snáithíní ainmhithe, seithí, fionnadh, leathar, etc.) 1.6 Táirgí a fhaightear go príomha ó bhithmhais 2 Mianta miotail agus comhdhlúthúcháin, amh agus próiseáilte 2.1 Mianta iarainn agus comhdhlúthúcháin iarainn, iarann agus cruach, amh agus próiseáilte 2.2 Mianta miotail neamhfheiriúla agus comhdhlúthúcháin miotail neamhfheiriúla, amh agus próiseáilte 2.2.1 Copar 2.2.2 Nicil 2.2.3 Luaidhe 2.2.4 Sinc 2.2.5 Stán 2.2.6 Ór, airgead, platanam agus miotail lómhara eile 2.2.7 Báicsít agus alúmanam eile 2.2.8 Úráiniam agus tóiriam 2.2.9 Eile g.a.e. 2.3 Táirgí a fhaightear go príomha ó mhiotail 3 Mianraí neamh-mhiotalacha, amh agus próiseáilte 3.1 Marmar, eibhear, gaineamhchloch, porfaire, basalt agus cloch eile ornáideach nó cloch tógála (gan slinn a áireamh) 3.2 Cailc agus dolaimít 3.3 Slinn 3.4 Mianraí ceimiceacha agus mianraí leasacháin 3.5 Salann 3.6 Aolchloch agus gipseam 3.7 Créanna agus caoilín 3.8 Gaineamh agus gairbhéal 3.9 Eile g.a.e. 3.10 Ábhair chré thochailte (lena n-áirítear ithir), ach amháin i gcás ina n-úsáidtear iad (tuairisciú roghnach) 3.11 Táirgí a fhaightear go príomha ó mhianraí neamh-mhiotalacha 4 Ábhair fuinnimh iontaise/iompróirí fuinnimh iontaise, amh agus próiseáilte 4.1 Gual agus táirgí fuinnimh sholadaigh eile, amh agus próiseáilte 4.1.1 Lignít (gual donn) 4.1.2 Gual crua 4.1.3 Sceall ola agus gainimh tharra 4.1.4 Móin 4.2 Táirgí fuinnimh leachtaigh agus ghásaigh eile, amh agus próiseáilte 4.2.1 Amhola, comhdhlútháin agus leachtanna gáis nádúrtha 4.2.2 Gás nádúrtha 4.3 Táirgí a fhaightear go príomha ó tháirgí fuinnimh iontaise 5 Táirgí eile 6 Dramhaíl allmhairithe (Tábla B agus Tábla C)/onnmhairithe (Tábla D agus Tábla E) le haghaidh cóireála deiridh agus diúscairte |
Áireofar i dTábla B agus i dTábla D na coigeartuithe seo a leanas de bharr phrionsabal an chónaithe:
|
Breosla atá stóráilte ag aonaid chónaitheacha thar lear (le cur le hallmhairí Thábla B) agus breosla atá stóráilte ag aonaid neamhchónaitheacha ar an gcríoch náisiúnta (le cur le honnmhairí Thábla D)
|
Roinn 6
UASRÉ NA nIDIRTHRÉIMHSÍ
Maidir le cur chun feidhme fhorálacha na hIarscríbhinne seo, is é 2 bhliain ón gcéad spriocdháta tarchurtha uasré na hidirthréimhse.
|
22.7.2011 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
17 |
RIALACHÁN (AE) UIMH. 692/2011 ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 6 Iúil 2011
maidir le staidreamh Eorpach ar thurasóireacht agus lena n-aisghairtear Treoir 95/57/CE ón gComhairle
(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 338(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),
De bharr an méid seo a leanas:
|
(1) |
Ina Conclúidí Uachtaránachta an 14 Nollaig 2007, chuir an Chomhairle Eorpach béim ar ról fíorthábhachtach na turasóireachta maidir le forás agus le poist a ghiniúint san Aontas, agus d’iarr sí ar an gCoimisiún, ar na Ballstáit, ar an tionscal agus ar gheallsealbhóirí eile teacht le chéile chun an Clár Oibre le haghaidh na turasóireachta Eorpaí inbhuanaithe agus iomaíche a chur chun feidhme go tráthúil. |
|
(2) |
Tá ionad tábhachtach ag tionscal turasóireachta an Aontais i ngeilleagar na mBallstát, agus is ionann gníomhaíochtaí turasóireachta agus foinse mhór fhéideartha fostaíochta. Chun breithmheas a dhéanamh ar iomaíochas thionscal turasóireachta an Aontais, is gá eolas maith a bheith ar mhéid na turasóireachta, ar a saintréithe, ar phróifíl an turasóra agus ar chaiteachas ar thurasóireacht agus ar na tairbhí do gheilleagair na mBallstát. |
|
(3) |
Tá gá le sonraí míosúla chun na tionchair shéasúracha atá ag an éileamh ar acmhainneacht chóiríochta turasóireachta a thomhas, agus tríd sin cabhair a thabhairt d’údaráis phoiblí agus d’oibreoirí eacnamaíocha chun straitéisí agus beartais níos oiriúnaí a fhorbairt chun raon séasúrach laethanta saoire agus gníomhaíochtaí turasóireachta a fheabhsú. |
|
(4) |
Is gnóthaí beaga nó meánmhéide iad formhór na ngnóthaí Eorpacha atá ag feidhmiú sa tionscal turasóireachta, agus níl tábhacht straitéiseach na bhfiontar beag agus meánmhéide (FBManna) i dturasóireacht na hEorpa teoranta dá luach eacnamaíoch agus dá gcumas suntasach maidir le poist a chruthú. Tugann siad buntaca freisin do chobhsaíocht agus do rathúnas pobal áitiúil, agus coimircíonn siad fáilteachas agus féiniúlacht áitiúil, atá mar shaintréith den turasóireacht i réigiúin éagsúla na hEorpa. Mar gheall ar mhéid na FBManna, is gá an t-ualach riaracháin ionchasach a bhreithniú, agus ba cheart córas tairseach a thabhairt isteach ionas gur féidir freastal ar riachtanais na n-úsáideoirí agus, ag an am céanna, laghdú a dhéanamh ar ualach na freagartha ar na páirtithe atá freagrach as sonraí staidrimh a sholáthar, go háirithe FBManna. |
|
(5) |
Ciallaíonn an t-athrú ar iompraíocht turasóireachta ó tháinig Treoir 95/57/CE ón gComhairle an 23 Samhain 1995 maidir le faisnéis staidrimh a bhailiú i réimse na turasóireachta (2) i bhfeidhm, agus an tábhacht mhéadaitheach atá le turais ghairide agus cuairteanna aon lae a rannchuidíonn go mór leis an ioncam ó thurasóireacht i mórán réigiún nó tíortha, an tábhacht mhéadaitheach atá le cóiríocht nach cóiríocht ar cíos í nó cóiríocht i mbunachais níos lú, agus tionchar méadaitheach an idirlín ar iompraíocht áirithinte turasóirí agus ar thionscal na turasóireachta, gur cheart táirgeadh an staidrimh turasóireachta a oiriúnú. |
|
(6) |
Chun a chumasú tábhacht mhaicreacnamaíoch na turasóireachta i ngeilleagair na mBallstát a mheasúnú ar bhonn chreat cuntasaíochta satailíte na turasóireachta a nglactar leis go hidirnáisiúnta agus lena léirítear éifeachtaí na turasóireachta ar an ngeilleagar agus ar phoist, tá gá le feabhas a chur ar infhaighteacht, ar iomláine agus ar chuimsitheacht an bhunstaidrimh turasóireachta mar ionchur chun na cuntais sin a thiomsú, agus, má mheasann an Coimisiún gur gá, mar ullmhúchán do thogra reachtach maidir le tarchur na dtáblaí comhchuibhithe do chuntais satailíte turasóireachta. Éilíonn sé sin go ndéanfar nuashonrú ar na ceanglais dhlíthiúla atá leagtha síos faoi láthair i dTreoir 95/57/CE. |
|
(7) |
Chun mór-shaincheisteanna in earnáil na turasóireachta lena ngabhann ábhar imní de chineál eacnamaíoch agus sóisialta a scrúdú, go háirithe saincheisteanna nua a bhfuil gá le taighde sonrach ina leith, tá micreashonraí ag teastáil ón gCoimisiún. Is turasóireacht laistigh den Eoraip í tromlach na turasóireachta san Aontas, rud a fhágann go ndéanann na micreashonraí a thagann ó staidreamh comhchuibhithe Eorpach maidir le héileamh ar thurasóireacht amach foinse staidrimh a sholáthar cheana féin maidir leis an éileamh ar thurasóireacht isteach don Bhallstát cinn scríbe, gan ualach breise a fhorchur, agus, ar an dóigh sin, seachnaítear breathnú dúbailte ar an sreabhadh turasóireachta. |
|
(8) |
Le turasóireacht shóisialta, ceadaítear a mhéid daoine is féidir a bheith rannpháirteach sa turasóireacht agus, thairis sin, is féidir léi rannchuidiú le séasúracht a chomhrac, le nóisean na saoránachta Eorpaí a threisiú agus le forbairt réigiúnach a chur chun cinn, de bhreis ar fhorbairt geilleagar áitiúil sonrach a éascú. Chun rannpháirtíocht grúpaí soch-dhéimeagrafacha éagsúla sa turasóireacht a mheasúnú agus chun faireachán a dhéanamh ar chláir an Aontais i réimse na turasóireachta sóisialta, tá gá ag an gCoimisiún le sonraí rialta maidir le rannpháirtíocht sa turasóireacht agus maidir le hiompar turasóireachta na ngrúpaí sin. |
|
(9) |
Is féidir le creat aitheanta ar leibhéal an Aontais cabhrú chun sonraí iontaofa, mionsonraithe agus inchomparáide a ráthú agus, uaidh sin, cumasófar faireachán cuí ar struchtúr agus ar fhorbairt an tsoláthair agus an éilimh turasóireachta. Tá sé riachtanach go mbeidh inchomparáideacht leordhóthanach ann ar leibhéal an Aontais maidir le modheolaíocht, sainmhínithe agus clár na sonraí agus na meiteashonraí staidrimh. |
|
(10) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Staidreamh Eorpach (3), arb é an creat tagartha é don Rialachán seo, foráiltear go bhfuil staidreamh le bailiú de réir caighdeán ard maidir le neamhchlaontacht, trédhearcacht, iontaofacht, oibiachtúlacht, neamhspleáchas eolaíochta, cost-éifeachtacht agus rúndacht staidrimh. |
|
(11) |
Le linn staidreamh Eorpach a tháirgeadh agus a scaipeadh faoin Rialachán seo, ba cheart do na húdaráis staidrimh ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais na prionsabail atá leagtha amach i gCód Cleachtais an Staidrimh Eorpaigh a chur san áireamh, ar Cód é a ghlac an Coiste um an gClár Staidrimh an 24 Feabhra 2005 agus atá i gceangal leis an Moladh ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2005 maidir le neamhspleáchas, iomláine agus cuntasacht údarás staidrimh náisiúnta agus Comhphobail. |
|
(12) |
Chun forbairtí eacnamaíocha, sóisialta agus teicniúla a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis na spriocdhátaí a bhaineann le tarchur sonraí agus na hIarscríbhinní a oiriúnú, cé is moite de chineál roghnach na sonraí a éilítear agus de theorainn an raoin feidhme faoi mar a shainítear sna hIarscríbhinní. Ba cheart go gcumhachtófaí don Choimisiún freisin na sainmhínithe a oiriúnú do na hathruithe sna sainmhínithe idirnáisiúnta. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, nuair atá gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar doiciméid ábhartha a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí. |
|
(13) |
Chun coinníollacha comhionanna a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (4). |
|
(14) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon creat coiteann a bhunú maidir le forbairt chórasach, táirgeadh córasach agus scaipeadh córasach staidrimh Eorpaigh ar thurasóireacht, a bhaint amach go leordhóthanach, mar gheall ar easpa gnéithe coiteanna staidrimh agus ceanglas coiteann cáilíochta agus mar gheall ar easpa trédhearcachta modheolaíochta, ach gur fearr is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais trí chreat coiteann staidrimh a chur i bhfeidhm ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach. |
|
(15) |
I bhfianaise na n-athruithe i dtionscal na turasóireachta agus sa chineál sonraí a bhfuil gá leo ag an gCoimisiún agus ag úsáideoirí eile an staidrimh Eorpaigh ar thurasóireacht, níl forálacha Threoir 95/57/CE ábhartha a thuilleadh. Ós rud é gur cheart an reachtaíocht sa réimse seo a nuashonrú, ba cheart Treoir 95/57/CE a aisghairm. |
|
(16) |
Rialachán is ea an bealach iomchuí chun úsáid caighdeán coiteann agus táirgeadh staidrimh inchomparáide a áirithiú. |
|
(17) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um an gCóras Staidrimh Eorpach, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ábhar
Leis an Rialachán seo, bunaítear creat coiteann maidir le forbairt chórasach, táirgeadh córasach agus scaipeadh córasach staidrimh Eorpaigh ar thurasóireacht.
Chuige sin, déanfaidh Ballstáit staidreamh comhchuibhithe ar sholáthar agus éileamh turasóireachta a bhailiú, a thiomsú, a phróiseáil agus a tharchur.
Airteagal 2
Sainmhínithe
1. Chun críocha an Rialacháin seo:
|
(a) |
ciallaíonn “tréimhse thagartha” tréimhse dá dtagraíonn sonraí; |
|
(b) |
ciallaíonn “bliain tagartha” tréimhse thagartha aon bhliana féilire amháin; |
|
(c) |
ciallaíonn “NACE Rev. 2” aicmiú coiteann staidrimh na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha laistigh den Aontas, arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5); |
|
(d) |
ciallaíonn “NUTS” aicmiú coiteann na n-aonad críochach i dtaca le táirgeadh staidrimh réigiúnaigh laistigh den Aontas, arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6); |
|
(e) |
ciallaíonn “gnáth-thimpeallacht” an limistéar geografach, cé nach gá gur limistéar aonair gan aon bhriseadh é, ar laistigh de a sheolann duine aonair a ghnáthaimh rialta saoil agus déanfar é a chinneadh ar bhonn na gcritéar seo a leanas: teorainneacha riaracháin a thrasnú nó an fad ón áit ghnáthchónaithe, ré na cuairte, minicíocht na cuairte, cuspóir na cuairte; |
|
(f) |
ciallaíonn “turasóireacht” an ghníomhaíocht arb é atá ann ná cuairteoirí i mbun turais chuig príomhcheann scríbe lasmuigh dá ngnáth-thimpeallacht, ar feadh tréimhse is giorra ná bliain amháin, ar phríomhchuspóir ar bith, lena n-áirítear gnó, fóillíocht nó cuspóir pearsanta eile, seachas chun bheith ar fostú ag eintiteas cónaitheach san áit a dtugtar cuairt uirthi; |
|
(g) |
ciallaíonn “turasóireacht intíre” cuairteanna laistigh de Bhallstát ar thaobh cuairteoirí ar cónaitheoirí de chuid an Bhallstáit sin iad; |
|
(h) |
ciallaíonn “turasóireacht isteach” cuairteanna chuig Ballstát ar thaobh cuairteoirí nach cónaitheoirí de chuid an Bhallstáit sin iad; |
|
(i) |
ciallaíonn “turasóireacht amach” cuairteanna ar thaobh cónaitheoirí Ballstáit chuig áiteanna lasmuigh den Bhallstát sin; |
|
(j) |
ciallaíonn “turasóireacht náisiúnta” turasóireacht intíre agus turasóireacht amach; |
|
(k) |
ciallaíonn “turasóireacht laistigh” turasóireacht intíre agus turasóireacht isteach; |
|
(l) |
ciallaíonn “bunachas cóiríochta turasóireachta” aonad áitiúil cineáil gníomhaíochta, mar atá sainmhínithe san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 696/93 ón gComhairle an 15 Márta 1993 maidir leis na haonaid staidrimh i ndáil le breathnú agus anailísiú an chórais táirgeachta sa Chomhphobal (7), ar aonad é trína ndéantar seirbhísí cóiríochta gearrthéarma nó gearrfhanachta, de réir mar a thuairiscítear i ngrúpa 55.1 (óstáin agus cóiríocht chomhchosúil), i ngrúpa 55.2 (cóiríocht saoire agus cóiríocht eile ghearrfhanachta) agus i ngrúpa 55.3 (tailte campála, páirceanna feithiclí áineasa agus páirceanna leantóirí) de chuid NACE Rev. 2 a sholáthar mar sheirbhís íoctha — cé go bhféadfadh fóirdheontas páirteach nó fóirdheontas iomlán a bheith ann i leith an phraghais; |
|
(m) |
ciallaíonn “cóiríocht nach cóiríocht ar cíos í”, inter alia, cóiríocht arna soláthar gan mhuirear ag daoine den teaghlach nó ag cairde agus cóiríocht i dtithe saoire úinéir-áitithe, lena n-áirítear maoin amroinnte; |
|
(n) |
ciallaíonn “cuairteanna aon lae” cuairteanna gan fanacht thar oíche arna dtabhairt ag cónaitheoirí ar áiteanna lasmuigh dá ngnáth-thimpeallachat agus arna dtionscnamh ón áit ghnáthchónaithe. |
2. Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 11, maidir le leasuithe ar na sainmhínithe i mír 1 den Airteagal seo chun na sainmhínithe sin a oiriúnú do na hathruithe ar shainmhínithe idirnáisiúnta.
Airteagal 3
Na hábhair a chumhdaítear agus saintréithe na sonraí a éilítear
1. Chun críocha an Rialacháin seo, bainfidh na sonraí atá le tarchur ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 9 leis na nithe seo a leanas:
|
(a) |
turasóireacht laistigh, i dtéarmaí acmhainneacht agus áitíocht na mbunachas cóiríochta turasóireachta, maidir leis na hathróga, an tréimhsiúlacht agus na miondealuithe atá leagtha síos i Roinn 1, i Roinn 2 agus i Roinn 3 d’Iarscríbhinn I; |
|
(b) |
turasóireacht laistigh, i dtéarmaí oícheanta turasóireachta a chaitear i gcóiríocht nach cóiríocht ar cíos í, maidir leis na hathróga, an tréimhsiúlacht agus na miondealuithe atá leagtha síos i Roinn 4 d’Iarscríbhinn I; |
|
(c) |
turasóireacht náisiúnta, i dtéarmaí an éilimh ar thurasóireacht, a bhaineann le rannpháirtíocht i dturasóireacht agus saintréithe na dturas turasóireachta agus na gcuairteoirí, maidir leis na hathróga, an tréimhsiúlacht agus na miondealuithe atá leagtha síos i Roinn 1 agus i Roinn 2 d’Iarscríbhinn II; |
|
(d) |
turasóireacht náisiúnta, i dtéarmaí an éilimh ar thurasóireacht, a bhaineann le saintréithe na gcuairteanna aon lae, maidir leis na hathróga, an tréimhsiúlacht agus na miondealuithe atá leagtha síos i Roinn 3 d’Iarscríbhinn II. |
2. Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 11, i gcás inar gá sin, ar gníomhartha iad a bhaineann le hoiriúnú na nIarscríbhinní, cé is moite de chineál roghnach na sonraí a éilítear agus den teorainn ar an raon feidhme faoi mar a shainítear sna hIarscríbhinní, chun forbairtí eacnamaíocha, sóisialta nó teicniúla a chur san áireamh. Le linn dó a chumhacht a fheidhmiú de bhun na forála seo, déanfaidh an Coimisiún a áirithiú, maidir le haon ghníomhartha tarmligthe a ghlactar, nach ndéanann siad ualaí suntasacha bhreise riaracháin a fhorchur ar na Ballstáit agus ar na freagróirí.
Airteagal 4
Raon feidhme na breathnadóireachta
Is mar a leanas a bheidh raon feidhme na breathnadóireachta maidir leis na ceanglais atá leagtha síos sna hAirteagail seo a leanas:
|
(a) |
in Airteagal 3(1)(a), na bunachais chóiríochta turasóireachta go léir mar atá sainmhínithe in Airteagal 2(1)(l), mura sonraítear a mhalairt in Iarscríbhinn I; |
|
(b) |
in Airteagal 3(1)(b), na hoícheanta turasóireachta go léir a chaith cónaitheoirí agus neamhchónaitheoirí i gcóiríocht nach cóiríocht ar cíos í; |
|
(c) |
in Airteagal 3(1)(c), maidir leis na sonraí ar rannpháirtíocht i dturasóireacht, na daoine aonair go léir atá ina gcónaí i gcríoch an Bhallstáit, mura sonraítear a mhalairt i Roinn 1 d’Iarscríbhinn II; |
|
(d) |
in Airteagal 3(1)(c), maidir leis na sonraí ar shaintréithe na dturas turasóireachta agus na gcuairteoirí, na turais turasóireachta go léir ar lena linn a chaith an daonra cónaitheach oíche amháin ar a laghad lasmuigh den ghnáth-thimpeallacht agus a chríochnaigh le linn na tréimhse tagartha, mura sonraítear a mhalairt i Roinn 2 d’Iarscríbhinn II; |
|
(e) |
in Airteagal 3(1)(d), maidir le saintréithe na gcuairteanna aon lae, na cuairteanna aon lae go léir mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1)(n), mura sonraítear a mhalairt i Roinn 3 d’Iarscríbhinn II. |
Airteagal 5
Staidéir phíolóta
1. Tarraingeoidh an Coimisiún clár suas do staidéir phíolóta a fhéadfaidh na Ballstáit a dhéanamh ar bhonn saorálach chun forbairt, táirgeadh agus scaipeadh na dtáblaí comhchuibhithe do chuntais satailíte turasóireachta a ullmhú agus chun measúnú a dhéanamh ar thairbhí i gcoibhneas le costas an tiomsaithe.
2. Tarraingeoidh an Coimisiún clár suas freisin do staidéir phíolóta a fhéadfaidh na Ballstáit a dhéanamh ar bhonn saorálach chun córas a fhorbairt maidir le tiomsú sonraí lena léireofar éifeachtaí na turasóireachta ar an gcomhshaol.
Airteagal 6
Critéir cháilíochta agus tuarascálacha
1. Déanfaidh na Ballstáit cáilíocht na sonraí a tharchuirtear a áirithiú.
2. Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na critéir cháilíochta arna leagan síos in Airteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.
3. Gach bliain, soláthróidh na Ballstáit tuarascáil don Choimisiún (Eurostat) ar cháilíocht na sonraí a bhaineann leis na tréimhsí tagartha sa bhliain tagartha, agus ar aon athruithe modheolaíochta a rinneadh. Soláthrófar an tuarascáil laistigh de naoi mí tar éis dheireadh na bliana tagartha.
4. Le linn na critéir cáilíochta dá dtagraítear i mír 2 a chur i bhfeidhm maidir leis na sonraí a chumhdaítear leis an Rialachán seo, déanfaidh an Coimisiún na socruithe do na tuarascálacha cáilíochta, agus struchtúr na dtuarascálacha cáilíochta, a shainiú i bhfoirm gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12(2).
Airteagal 7
Tuarascáil mheastóireachta
Faoin 12 Lúnasa 2016 agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil mheastóireachta faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le staidreamh arna thiomsú de bhun an Rialacháin seo agus, go háirithe, maidir lena ábharthacht agus maidir leis an ualach ar ghnóthaí.
Airteagal 8
Foinsí sonraí
Maidir leis an mbonn ar a mbailítear na sonraí, déanfaidh na Ballstáit aon bhearta is iomchuí leo chun cáilíocht na dtorthaí a choimeád ar bun. Féadfaidh na Ballstáit na sonraí staidrimh riachtanacha a tháirgeadh trí theaglaim de na foinsí éagsúla seo a leanas a úsáid:
|
(a) |
suirbhéanna, i gcás ina n-iarrtar ar aonaid tuairiscithe sonraí tráthúla, cruinne agus iomlána a thabhairt; |
|
(b) |
foinsí iomchuí eile, lena n-áirítear sonraí riaracháin, má tá siad iomchuí i dtéarmaí tráthúlachta agus ábharthachta; |
|
(c) |
nósanna imeachta iomchuí maidir le meastacháin staidrimh a dhéanamh. |
Airteagal 9
Tarchur sonraí
1. Déanfaidh na Ballstáit na sonraí, lena n-áirítear sonraí rúnda, a tharchur chuig an gCoimisiún (Eurostat) i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.
2. Déanfaidh na Ballstáit na sonraí atá liostaithe in Iarscríbhinn I, agus i Roinn 1 agus i Roinn 3 d’Iarscríbhinn II a tharchur, i bhfoirm táblaí comhiomlána, i gcomhréir le caighdeán cómhalartaithe arna shonrú ag an gCoimisiún (Eurostat). Déanfar na sonraí a tharchur nó a uaslódáil trí mhodh leictreonach chuig an bpointe iontrála aonair do shonraí ag an gCoimisiún (Eurostat). Déanfaidh an Coimisiún na socruithe praiticiúla don tarchur sonraí a ghlacadh i bhfoirm gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12(2).
3. Déanfaidh na Ballstáit na sonraí atá liostaithe i Roinn 2 d’Iarscríbhinn II a tharchur i bhfoirm comhad micreashonraí — agus gach turas breathnaithe mar thaifead aonair sa tacar sonraí a tharchuirtear — agus déanfar na comhaid sin a sheiceáil go hiomlán, a chur in eagar agus, i gcás inar gá, a iontráil go barúlach, i gcomhréir le caighdeán cómhalartaithe arna shonrú ag an gCoimisiún (Eurostat). Déanfar na sonraí a tharchur nó a uaslódáil trí mhodh leictreonach chuig an bpointe iontrála aonair do shonraí ag an gCoimisiún (Eurostat). Déanfaidh an Coimisiún na socruithe praiticiúla don tarchur sonraí a ghlacadh i bhfoirm gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12(2).
4. Déanfaidh na Ballstáit:
|
(a) |
na sonraí bliantúla atá liostaithe i Roinn 1 agus i Roinn 2 d’Iarscríbhinn I a tharchur laistigh de sé mhí tar éis dheireadh na tréimhse tagartha, mura sonraítear a mhalairt in Iarscríbhinn I; |
|
(b) |
na sonraí míosúla atá liostaithe i Roinn 2 d’Iarscríbhinn I a tharchur laistigh de thrí mhí tar éis dheireadh na tréimhse tagartha; |
|
(c) |
na heochairtháscairí meara a bhaineann le hoícheanta a chaith cónaitheoirí agus neamhchónaitheoirí i mbunachais chóiríochta turasóireachta, mar atá liostaithe i Roinn 2 d’Iarscríbhinn I, a tharchur laistigh d’ocht seachtaine tar éis dheireadh na tréimhse tagartha; |
|
(d) |
na sonraí atá liostaithe i Roinn 4 d’Iarscríbhinn I a tharchur laistigh de naoi mí tar éis dheireadh na tréimhse tagartha, má dhéanann an Ballstát lena mbaineann rogha i bhfabhar iad a tharchur; |
|
(e) |
na sonraí atá liostaithe in Iarscríbhinn II a tharchur laistigh de sé mhí tar éis dheireadh na tréimhse tagartha. |
5. Chun forbairtí eacnamaíocha, sóisialta nó teicniúla a chur san áireamh, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 11, i gcás inar gá sin, ar gníomhartha iad a bhaineann le leasuithe ar na spriocdhátaí tarchuir atá leagtha síos i mír 4 den Airteagal seo. Le haon leasuithe den sórt sin, déanfar na cleachtais atá sna Ballstáit cheana féin maidir le bailiú sonraí a chur san áireamh.
6. Maidir leis na sonraí go léir a éilítear leis an Rialachán seo, tosóidh an chéad tréimhse thagartha an 1 Eanáir 2012, mura sonraítear a mhalairt.
Airteagal 10
Lámhleabhar modheolaíoch
Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat), i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, lámhleabhar modheolaíoch a tharraingt suas agus a nuashonrú go rialta, ar lámhleabhar é ina mbeidh treoirlínte maidir leis an staidreamh arna tháirgeadh de bhun an Rialacháin seo, lena n-áirítear sainmhínithe a bheidh le cur i bhfeidhm maidir le saintréithe na sonraí a éilítear agus maidir le caighdeáin choiteanna arna gceapadh chun cáilíocht na sonraí a áirithiú.
Airteagal 11
An tarmligean a fheidhmiú
1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún na gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2. Maidir le tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 2(2), in Airteagal 3(2) agus in Airteagal 9(5), tabharfar don Choimisiún é go ceann tréimhse 5 bliana ón 11 Lúnasa 2011. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 2(2), Airteagal 3(2) agus Airteagal 9(5) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.
4. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.
5. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 2(2), Airteagal 3(2) agus Airteagal 9(5) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Airteagal 12
An Coiste
1. Déanfaidh an Coiste um an gCóras Staidrimh Eorpach arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
Airteagal 13
Aisghairm
Aisghairtear leis seo Treoir 95/57/CE.
Déanfaidh Ballstáit torthaí a sholáthar i gcomhréir le Treoir 95/57/CE do gach tréimhse tagartha don bhliain 2011.
Airteagal 14
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 20ú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 6 Iúil 2011.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
J. BUZEK
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. DOWGIELEWICZ
(1) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 6 Aibreán 2011 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 21 Meitheamh 2011.
(2) IO L 291, 6.12.1995, lch. 32.
(3) IO L 87, 31.3.2009, lch. 164.
(4) IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.
(5) IO L 393, 30.12.2006, lch. 1.
IARSCRÍBHINN I
TURASÓIREACHT LAISTIGH
Roinn 1
ACMHAINNEACHT NA mBUNACHAS CÓIRÍOCHTA TURASÓIREACHTA
A. Athróga agus miondealuithe atá le tarchur
(1) Ar an leibhéal réigiúnach NUTS 2 agus ar leibhéal náisiúnta, le tarchur le haghaidh sonraí bliantúla
|
Cineál cóiríochta |
Athróga |
Miondealuithe |
|
NACE 55.1 |
Líon na mbunachas Líon na n-áiteanna leapa Líon na seomraí leapa |
Cineál ceantair (a) agus (b) |
|
NACE 55.2 |
Líon na mbunachas Líon na n-áiteanna leapa |
Cineál ceantair (a) agus (b) |
|
NACE 55.3 |
Líon na mbunachas Líon na n-áiteanna leapa |
Cineál ceantair (a) agus (b) |
(2) [roghnach] Ar leibhéal náisiúnta, le tarchur le haghaidh sonraí bliantúla
|
Cineál cóiríochta |
Athróga |
Miondealuithe |
|
NACE 55.1 |
Líon na mbunachas Líon na n-áiteanna leapa Líon na seomraí leapa |
Aicme mhéide |
(3) Ar an leibhéal náisiúnta, le tarchur le haghaidh sonraí tríbhliantúla
|
Cineál cóiríochta |
Athróga |
Miondealuithe |
|
NACE 55.1 |
Líon na mbunachas a bhfuil seomra leapa amháin nó níos mó iontu atá inrochtana do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, lena n-áirítear úsáideoirí cathaoireacha rotha |
|
B. Teorainn leis an raon feidhme
|
(1) |
I dtaca le “óstáin agus cóiríocht chomhchosúil” agus i dtaca le “cóiríocht saoire agus cóiríocht eile ghearrfhanachta”, beidh gach bunachas cóiríochta turasóireachta ina bhfuil 10 n-áit leapa nó níos mó san áireamh ar a laghad i raon feidhme na breathnadóireachta. |
|
(2) |
I dtaca le “tailte campála, páirceanna feithiclí áineasa agus páirceanna leantóirí”, beidh gach bunachas cóiríochta turasóireachta ina bhfuil 10 láthair nó níos mó san áireamh ar a laghad i raon feidhme na breathnadóireachta. |
|
(3) |
Féadfaidh Ballstáit ar ina leith atá an líon bliantúil oícheanta a chaitear i mbunachais chóiríochta turasóireachta níos lú ná 1 % de líon iomlán bliantúil na n-oícheanta a chaitear i mbunachais chóiríochta turasóireachta san Aontas Eorpach raon feidhme na breathnadóireachta a laghdú tuilleadh chun go n-áireofar ar a laghad gach bunachas cóiríochta turasóireachta ina bhfuil 20 áit leapa nó níos mó (20 láthair nó níos mó). |
C. Tréimhsiúlacht
Is í an bhliain 2015 an chéad bhliain tagartha don athróg thríbhliantúil atá liostaithe faoi cheannteideal A(3).
Roinn 2
ÁITÍOCHT NA mBUNACHAS CÓIRÍOCHTA TURASÓIREACHTA (INTÍRE AGUS ISTEACH)
A. Athróga agus miondealuithe atá le tarchur le haghaidh sonraí bliantúla
(1) Ar leibhéal réigiúnach NUTS 2 agus ar leibhéal náisiúnta
|
Cineál cóiríochta |
Athróga |
Miondealuithe |
|
Iomlán (gach cineál bunachas cóiríochta turasóireachta) |
Líon na n-oícheanta a chaith cónaitheoirí i mbunachais chóiríochta turasóireachta Líon na n-oícheanta a chaith neamhchónaitheoirí i mbunachais chóiríochta turasóireachta |
Cineál ceantair (a) agus (b) |
|
NACE 55.1 |
Líon na n-oícheanta a chaith cónaitheoirí i mbunachais chóiríochta turasóireachta Líon na n-oícheanta a chaith neamhchónaitheoirí i mbunachais chóiríochta turasóireachta |
|
|
Teacht na gcónaitheoirí go bunachais chóiríochta turasóireachta Teacht na neamhchónaitheoirí go bunachais chóiríochta turasóireachta |
|
|
|
Glanrátaí áitíochta áiteanna leapa Glanráta áitíochta seomraí leapa |
|
|
|
NACE 55.2 |
Líon na n-oícheanta a chaith cónaitheoirí i mbunachais chóiríochta turasóireachta Líon na n-oícheanta a chaith neamhchónaitheoirí i mbunachais chóiríochta turasóireachta |
|
|
Teacht na gcónaitheoirí go bunachais chóiríochta turasóireachta Teacht na neamchchónaitheoirí go bunachais chóiríochta turasóireachta |
|
|
|
NACE 55.3 |
Líon na n-oícheanta a chaith cónaitheoirí i mbunachais chóiríochta turasóireachta Líon na n-oícheanta a chaith neamhchónaitheoirí i mbunachais chóiríochta turasóireachta |
|
|
Teacht na gcónaitheorí go bunachais chóiríochta turasóireachta Teacht na neamhchónaitheoirí go bunachais chóiríochta turasóireachta |
|
(2) Ar leibhéal náisiúnta
|
Cineál cóiríochta |
Athróga |
Miondealuithe |
|
NACE 55.1 |
Líon na n-oícheanta a chaith cónaitheoirí i mbunachais chóiríochta turasóireachta Líon na n-oícheanta a chaith neamhchónaitheoirí i mbunachais chóiríochta turasóireachta |
Cineál ceantair (a) agus (b) An tír nó an limistéar geografach ina gcónaíonn an t-aoi [roghnach] Aicmí méide |
|
Teacht na gcónaitheoirí go bunachais chóiríochta turasóireachta Teacht na neamhchónaitheoirí go bunachais chóiríochta turasóireachta |
An tír nó an limistéar geografach ina gcónaíonn an t-aoi |
|
|
Glanrátaí áitíochta áiteanna leapa Glanráta áitíochta seomraí leapa |
[roghnach] Aicmí méide |
|
|
NACE 55.2 |
Líon na n-oícheanta a chaith cónaitheoirí i mbunachais chóiríochta turasóireachta Líon na n-oícheanta a chaith neamhchónaitheoirí i mbunachais chóiríochta turasóireachta |
Cineál ceantair (a) agus (b) An tír nó an limistéar geografach ina gcónaíonn an t-aoi |
|
Teacht na gcónaitheoirí go bunachais chóiríochta turasóireachta Teacht na neamhchónaitheoirí go bunachais chóiríochta turasóireachta |
An tír nó an limistéar geografach ina gcónaíonn an t-aoi |
|
|
NACE 55.3 |
Líon na n-oícheanta a chaith cónaitheoirí i mbunachais chóiríochta turasóireachta Líon na n-oícheanta a chaith neamhchónaitheoirí i mbunachais chóiríochta turasóireachta |
Cineál ceantair (a) agus (b) An tír nó an limistéar geografach ina gcónaíonn an t-aoi |
|
Teacht na gcónaitheoirí go bunachais chóiríochta turasóireachta Teacht na neamhchónaitheoirí go bunachais chóiríochta turasóireachta |
An tír nó an limistéar geografach ina gcónaíonn an t-aoi |
B. Athróga agus miondealuithe atá le tarchur le haghaidh sonraí míosúla ar an leibhéal náisiúnta
|
Cineál cóiríochta |
Athróga |
Miondealuithe |
|
NACE 55.1 |
Líon na n-oícheanta a chaith cónaitheoirí i mbunachais chóiríochta turasóireachta Líon na n-oícheanta a chaith neamhchónaitheoirí i mbunachais chóiríochta turasóireachta |
|
|
Teacht na gcónaitheoirí go bunachais chóiríochta turasóireachta Teacht na neamhchónaitheoirí go bunachais chóiríochta turasóireachta |
|
|
|
Glanrátaí áitíochta áiteanna leapa Glanráta áitíochta seomraí leapa |
|
|
|
NACE 55.2 |
Líon na n-oícheanta a chaith cónaitheoirí i mbunachais chóiríochta turasóireachta Líon na n-oícheanta a chaith neamhchónaitheoirí i mbunachais chóiríochta turasóireachta |
|
|
Teacht na gcónaitheoirí go bunachais chóiríochta turasóireachta Teacht na neamhchónaitheoirí go bunachais chóiríochta turasóireachta |
|
|
|
NACE 55.3 |
Líon na n-oícheanta a chaith cónaitheoirí i mbunachais chóiríochta turasóireachta Líon na n-oícheanta a chaith neamhchónaitheoirí i mbunachais chóiríochta turasóireachta |
|
|
Teacht na gcónaitheoirí go bunachais chóiríochta turasóireachta Teacht na neamhchónaitheoirí go bunachais chóiríochta turasóireachta |
|
C. Teorainn leis an raon feidhme
|
(1) |
I dtaca le “óstáin agus cóiríocht chomhchosúil” agus i dtaca le “cóiríocht saoire agus cóiríocht eile ghearrfhanachta”, beidh gach bunachas cóiríochta turasóireachta ina bhfuil 10 n-áit leapa nó níos mó san áireamh ar a laghad i raon feidhme na breathnadóireachta. |
|
(2) |
I dtaca le “tailte campála, páirceanna feithiclí áineasa agus páirceanna leantóirí”, beidh gach bunachas cóiríochta turasóireachta ina bhfuil 10 láthair nó níos mó san áireamh ar a laghad i raon feidhme na breathnadóireachta. |
|
(3) |
Féadfaidh Ballstáit ar ina leith atá líon iomlán bliantúil na n-oícheanta a chaitear i mbunachais chóiríochta turasóireachta níos lú ná 1 % de líon iomlán bliantúil na n-oícheanta a chaitear i mbunachais chóiríochta turasóireachta san Aontas Eorpach raon na breathnadóireachta a laghdú tuilleadh chun go n-áireofar ar a laghad gach bunachas cóiríochta turasóireachta ina bhfuil 20 áit leapa nó níos mó (20 láthair nó níos mó). |
|
(4) |
Nuair a chuirtear teorainn leis an raon feidhme i bhfeidhm, mar a thuairiscítear faoi (1), (2) nó (3), déanfar meastachán a tharchur go bliantúil ar líon iomlán na n-oícheanta atá caite ag cónaitheoirí agus ag neamhchónaitheoirí le linn na bliana tagartha sna bunachais chóiríochta turasóireachta atá eisiata ó raon feidhme na breathnadóireachta. |
|
(5) |
Maidir leis an gcéad bhliain tagartha a bhfuil gá le sonraí ina leith faoin Rialachán seo, déanfar an meastachán a thuairiscítear faoi (4) a tharchur laistigh de 12 mhí tar éis dheireadh na tréimhse tagartha. |
|
(6) |
Féadfaidh Ballstáit raon feidhme na breathnadóireachta maidir le glanráta áitíochta na seomraí leapa in óstáin agus i gcóiríocht chomhchosúil a laghdú tuilleadh chun go n-áireofar ar a laghad gach bunachas cóiríochta turasóireachta ina bhfuil 25 seomra leapa nó níos mó. |
D. Eochairtháscairí meara
Is iad na heochairtháscairí meara dá dtagraítear in Airteagal 9(4)(c) den Rialachán seo na hathróga a thagraíonn do líon na n-oícheanta a chaitear mar atá liostaithe faoi cheannteidil B den Roinn seo.
Roinn 3
AICMÍ ATÁ LE CUR I bhFEIDHM DO ROINN 1 AGUS DO ROINN 2
A. Cineál cóiríochta
Is iad na trí chatagóir seo a leanas a úsáidfear do chineál cóiríochta, agus tagairt á déanamh do ghrúpa NACE 55.1, do ghrúpa NACE 55.2 agus do ghrúpa NACE 55.3:
|
— |
óstáin agus cóiríocht chomhchosúil, |
|
— |
cóiríocht saoire agus cóiríocht eile ghearrfhanachta, |
|
— |
tailte campála, páirceanna feithiclí áineasa agus páirceanna leantóirí. |
B. Cineál ceantair (a)
Is iad na trí chatagóir seo a leanas a úsáidfear do chineál ceantair (a), agus tagairt á déanamh do chéim uirbithe an bhardais (nó aonad áitiúil riaracháin choibhéiseach) ina bhfuil na bunachais chóiríochta turasóireachta suite:
|
— |
ceantar dlúthdhaonra, |
|
— |
ceantar idirmheánach, |
|
— |
ceantar tearcdhaonra. |
C. Cineál ceantair (b)
Is iad an dá chatagóir seo a leanas a úsáidfear do chineál ceantair (b), agus tagairt á déanamh do shuíomh an bhardais cóngarach don mhuir (nó aonad áitiúil riaracháin choibhéiseach), áit a bhfuil na bunachais chóiríochta turasóireachta suite:
|
— |
ar an gcósta, |
|
— |
neamhchósta. |
D. Aicme mhéide
Is iad na trí chatagóir seo a leanas a úsáidfear d’aicme mhéide, agus tagairt á déanamh do líon na seomraí leapa sna bunachais chóiríochta turasóireachta:
|
— |
bunachais bheaga: níos lú ná 25 seomra leapa, |
|
— |
bunachais mheánmhéide: idir 25 agus 99 seomra leapa, |
|
— |
bunachais mhóra: 100 seomra leapa nó níos mó; le tuairisciú ar leithligh agus ar bhonn roghnach: “idir 100 agus 249 seomra leapa” agus “250 seomra leapa nó níos mó”. |
E. Tíortha agus limistéir gheografacha
Is iad na catagóirí seo a leanas a úsáidfear don tír nó don limistéar geografach ina gcónaíonn aíonna a fhanann i mbunachais chóiríochta turasóireachta:
|
— |
an tAontas Eorpach (an tAontas); le tuairisciú ar leithligh: gach Ballstát ar leith, |
|
— |
Comhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE); le tuairisciú ar leithligh: an Íoslainn, an Iorua, an Eilvéis (lena n-áirítear Lichtinstéin), |
|
— |
tíortha Eorpacha eile (seachas an tAontas nó CSTE; gan an Rúis, an Tuirc, an Úcráin a áireamh), |
|
— |
an Rúis, |
|
— |
an Tuirc, |
|
— |
an Úcráin, |
|
— |
an Afraic; le tuairisciú ar leithligh: an Afraic Theas, |
|
— |
Meiriceá Thuaidh; le tuairisciú ar leithligh: Stáit Aontaithe Mheiriceá, Ceanada, |
|
— |
Meiriceá Theas agus Láir; le tuairisciú ar leithligh: an Bhrasaíl, |
|
— |
an Áise; le tuairisciú ar leithligh: Daon-Phoblacht na Síne, an tSeapáin, Poblacht na Cóiré, |
|
— |
an Astráil, an Aigéine agus críocha eile; le tuairisciú ar leithligh: an Astráil. |
Roinn 4
TURASÓIREACHT LAISTIGH I gCÓIRÍOCHT NACH CÓIRÍOCHT AR CÍOS Í
A. Athróga atá le tarchur le haghaidh sonraí bliantúla
[roghnach] Líon na n-oícheanta turasóireachta a caitheadh i gcóiríocht nach cóiríocht ar cíos í le linn na bliana tagartha.
B. Miondealú
[roghnach] Déanfar an athróg atá liostaithe faoi cheannteideal A a mhiondealú de réir thír chónaithe na gcuairteoirí a mhéid a bhaineann le cónaitheoirí de chuid an Aontais, agus déanfar cuairteoirí atá ina gcónaí lasmuigh den Aontas a ghrúpáil in aon chatagóir bhreise amháin.
IARSCRÍBHINN II
TURASÓIREACHT NÁISIÚNTA
Roinn 1
RANNPHÁIRTÍOCHT SA TURASÓIREACHT CHUN CRÍOCHA PEARSANTA
A. Athróga agus miondealuithe atá le tarchur le haghaidh sonraí bliantúla
|
Athróga |
Miondealuithe de réir ré agus de réir cheann scríbe na dturas turasóireachta chun críocha pearsanta |
Miondealuithe soch-dhéimeagrafacha |
||||||||||||||||||||||||||||||||
|
|
|
Déanfar miondealuithe de réir ré agus de réir ceann scríbe na dturas turasóireachta chun críocha pearsanta a chomhcheangal leis na miondealuithe soch-dhéimeagrafacha.
B. Athróga agus miondealuithe atá le tarchur le haghaidh sonraí tríbhliantúla
|
Athróga |
Miondealuithe de réir na bpríomhchúiseanna nár glacadh páirt sa turasóireacht chun críocha pearsanta le linn na bliana tagartha (le deis a chur ar fáil do na freagróirí freagraí iolracha a thabhairt) |
Miondealuithe soch-dhéimeagrafacha |
||||||||||||||||||||||||||
|
|
|
Déanfar na miondealuithe de réir na bpríomhchúiseanna nár glacadh páirt sa turasóireacht chun críocha pearsanta le linn na bliana tagartha a chomhcheangal leis na miondealuithe soch-dhéimeagrafacha.
Is í an bhliain 2013 an chéad bhliain tagartha do na hathróga tríbhliantúla.
C. Aicmí atá le cur i bhfeidhm maidir le miondealuithe soch-dhéimeagrafacha
(1) Inscne:: fireannach, baineannach.
(2) Aoisghrúpa: níos óige ná 15 [roghnach], 15-24, 25-34, 35-44, 45-54, 55-64, 65 nó os a chionn, agus fo-iomláin do 25-44 agus 45-64.
(3) Leibhéal oideachais.: íochtarach (ISCED 0, 1 nó 2), meánach (ISCED 3 nó 4), uachtarach (ISCED 5 nó 6).
(4) Staid fhostaíochta: fostaithe (fostaí nó féinfhostaithe), dífhostaithe, mac léinn (nó dalta), daoine eile nach bhfuil sa lucht oibre.
(5) Ioncam teaghlaigh: i gceathairíleanna.
Roinn 2
TURAIS TURASÓIREACHTA AGUS CUAIRTEOIRÍ A RINNE NA TURAIS
A. Athróga atá le tarchur
|
|
Athróga |
Catagóirí atá le tarchur |
Tréimhsiúlacht |
||||||||||||
|
1. |
Mí imeachta |
|
Bliantúil |
||||||||||||
|
2. |
Ré an turais de réir líon na n-oícheanta |
|
Bliantúil |
||||||||||||
|
3. |
[Do thurais amach amháin] Ré an turais: líon na n-oícheanta a caitheadh ar an gcríoch intíre |
|
Tríbhliantúil |
||||||||||||
|
4. |
Príomhthír chinn scríbe |
De réir an liosta tíortha sa lámhleabhar modheolaíoch arna tharraingt suas faoi Airteagal 10 den Rialachán seo |
Bliantúil |
||||||||||||
|
5. |
Príomhchuspóir leis an turas |
|
Bliantúil |
||||||||||||
|
6. |
[Do thurais chun críocha pearsanta amháin] Cineál cinn scríbe, agus deis a bheith ann freagraí iolracha a thabhairt |
|
Tríbhliantúil |
||||||||||||
|
7. |
[Do thurais chun críocha pearsanta amháin] Bhí leanaí sa ghrúpa taistil |
|
Tríbhliantúil |
||||||||||||
|
8. |
Príomh-mhodh iompair |
|
Bliantúil |
||||||||||||
|
9. |
Príomh-mhodhanna cóiríochta |
|
Bliantúil |
||||||||||||
|
10. |
An turas a chur in áirithe: úsáideadh tionscnóir turas nó gníomhaireacht taistil chun an príomh-mhodh iompair a chur in áirithe |
|
Tríbhliantúil |
||||||||||||
|
11. |
An turas a chur in áirithe: úsáideadh tionscnóir turas nó gníomhaireacht taistil chun an príomh-mhodh cóiríochta a chur in áirithe |
|
Tríbhliantúil |
||||||||||||
|
12. |
[Do thurais ar ina leith nár úsáideadh tionscnóir turas nó gníomhaireacht taistil chun príomh-mhodh iompair nó príomh-mhodh cóiríochta a chur in áirithe, agus do thurais den sórt sin amháin] An turas a chur in áirithe (neamhspleách) |
|
Tríbhliantúil |
||||||||||||
|
13. |
An turas a chur in áirithe: turas láneagraithe |
|
Tríbhliantúil |
||||||||||||
|
14. |
An turas a chur in áirithe: úsáideadh an t-idirlíon chun an príomh-mhodh iompair a chur in áirithe |
|
Tríbhliantúil |
||||||||||||
|
15. |
An turas a chur in áirithe: úsáideadh an t-idirlíon chun an príomh-mhodh cóiríochta a chur in áirithe |
|
Tríbhliantúil |
||||||||||||
|
16. |
Caiteachas an turasóra aonair ar iompar le linn an turais |
|
Bliantúil |
||||||||||||
|
17. |
Caiteachas an turasóra aonair ar chóiríocht le linn an turais |
|
Bliantúil |
||||||||||||
|
18. |
[roghnach] Caitheachas an tuarasóra aonair ar bhia agus ar dheochanna i gcaiféanna agus i mbialanna le linn an turais |
|
Bliantúil |
||||||||||||
|
19. |
Caiteachas eile an turasóra aonair le linn an turais; (19a) le tuairisciú ar leithligh: buanearraí agus earraí luachmhara |
|
Bliantúil |
||||||||||||
|
20. |
Próifíl an chuairteora: inscne, agus úsáid á baint as na catagóirí seo a leanas |
|
Bliantúil |
||||||||||||
|
21. |
Próifíl an chuairteora: aois, i mblianta iomlána |
|
Bliantúil |
||||||||||||
|
22. |
Próifíl an chuairteora: tír chónaithe |
|
Bliantúil |
||||||||||||
|
23. |
[roghnach] Próifíl an chuairteora: leibhéal oideachais |
|
Bliantúil |
||||||||||||
|
24. |
[roghnach] Próifíl an chuairteora: staid fhostaíochta |
|
Bliantúil |
||||||||||||
|
25. |
[roghnach] Próifíl an chuairteora: ioncam teaghlaigh i gceathairíleanna |
|
Bliantúil |
B. Teorainn leis an raon feidhme
Is é a bheidh i raon feidhme na breathnadóireachta ná gach turas turasóireachta a bhfuil fanacht thar oíche amháin ar a laghad i gceist leis lasmuigh den ghnáth-thimpeallacht arna dhéanamh ag an daonra cónaitheach atá 15 bliana agus os a chionn agus a chríochnaigh le linn na tréimhse tagartha. Féadfar na sonraí ar an daonra atá faoi bhun 15 bliana d’aois a tharchur go leithleach ar bhonn roghnach.
C. Tréimhsiúlacht
|
(1) |
Is í an bhliain 2013 an chéad bhliain tagartha do na hathróga agus na catagóirí tríbhliantúla atá liostaithe faoi cheannteideal A(3), faoi cheannteideal A(6) agus faoi cheannteideal A(7). |
|
(2) |
Is í an bhliain 2014 an chéad bhliain tagartha do na hathróga agus na catagóirí tríbhliantúla atá liostaithe faoi cheannteideal A(10) go ceannteideal A(15). |
Roinn 3
CUAIRTEANNA AON LAE
A. Athróga agus miondealuithe atá le tarchur ar bhonn bliantúil (cuairteanna amach aon lae)
|
Athróga |
[roghnach] Miondealuithe |
[roghnach] Miondealuithe soch-dhéimeagrafacha |
||||||||||||||||
|
|
|
||||||||||||||||
|
|
B. Athróga agus miondealuithe atá le tarchur ar bhonn tríbhliantúil (cuairteanna intíre aon lae)
|
Athróga |
[roghnach] Miondealuithe |
[roghnach] Miondealuithe soch-dhéimeagrafacha |
||||||||||||||
|
|
|
||||||||||||||
|
|
C. Aicmí atá le cur i bhfeidhm maidir le miondealuithe soch-dhéimeagrafacha
Is iad na haicmí atá le cur i bhfeidhm maidir le miondealuithe soch-dhéimeagrafacha ná iad siúd atá liostaithe i gceannteideal C de Roinn 1 den Iarscríbhinn seo.
D. Teorainn leis an raon feidhme
Is é a bheidh i raon feidhme na breathnadóireachta gach cuairt aon lae lasmuigh den ghnáth-thimpeallacht, ar cuairteanna iad arna dtabhairt ag an daonra cónaitheach atá 15 bliana nó os a chionn. Is féidir na sonraí a bhaineann leis an daonra faoi bhun 15 bliana d’aois a tharchur go leithleach ar bhonn roghnach.
E. Tréimhsiúlacht agus na chéad tréimhsí tagartha
|
(1) |
Déanfar saintréithe na gcuairteanna aon lae atá liostaithe faoi cheannteideal A a tharchur ar bhonn bliantúil, agus déanfar na ceithre ráithe den bhliain féilire roimhe sin a thuairisciú go leithleach. Tosóidh an chéad tréimhse tagartha an 1 Eanáir 2014. |
|
(2) |
Déanfar saintréithe na gcuairteanna aon lae atá liostaithe faoi cheannteideal B a tharchur gach 3 bliana, agus déanfar na ceithre ráithe den bhliain féilire roimhe sin a thuairisciú go leithleach. Tosóidh an chéad tréimhse tagartha an 1 Eanáir 2015. Maidir leis an gcéad tréimhse tagartha amháin, beidh an tarchur roghnach. |
|
22.7.2011 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
33 |
RIALACHÁN (AE) Uimh. 693/2011 ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 6 Iúil 2011
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 861/2006 ón gComhairle lena mbunaítear bearta airgeadais Comhphobail maidir le cur chun feidhme an chomhbheartais iascaigh agus i réimse Dhlí na Farraige
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),
De bharr an méid seo a leanas:
|
(1) |
Déantar foráil le Rialachán (CE) Uimh. 861/2006 ón gComhairle (3) maidir le maoiniú sna réimsí seo a leanas: caidreamh idirnáisiúnta, rialachas, bailiú sonraí agus comhairle eolaíochta agus rialú agus forfheidhmiú an Chomhbheartais Iascaigh (“CBI”). |
|
(2) |
I ngach réimse gníomhaíochta, forlíontar Rialachán (CE) Uimh. 861/2006 le rialacháin ghaolmhara eile nó le cinntí gaolmhara eile. Tá forbairt déanta ar roinnt eilimintí den reachtaíocht ghaolmhar sin ó thráth glactha an Rialacháin sin agus ba cheart an Rialachán sin a leasú anois chun comhleanúnachas idir eilimintí uile an chreata reachtaigh a áirithiú. |
|
(3) |
I bhfianaise na taithí a fuarthas, is léir freisin gur gá Rialachán (CE) Uimh. 861/2006 a leasú trí mhionoiriúnú a dhéanamh ar roinnt forálacha dá chuid chun go n-oirfidh siad níos fearr don staid reatha. |
|
(4) |
Is gá freisin raon feidhme na mbeart a mhaoinítear a shoiléiriú, i gcás inarb iomchuí sin, agus dréachtú roinnt airteagal a fheabhsú. |
|
(5) |
Féadfar comhpháirtíochtaí sa réimse idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích ar leibhéal déthaobhach, réigiúnach nó iltaobhach. |
|
(6) |
Rinneadh stádas mar chomhlachtaí a bhfuil aidhm is díol leasa ghinearálta Eorpaigh á saothrú acu a dheonú do na Comhairlí Comhairleacha Réigiúnacha i gCinneadh 2007/409/CE ón gComhairle an 11 Meitheamh 2007 lena leasaítear Cinneadh 2004/585/CE lena mbunaítear Comhairlí Comhairleacha Réigiúnacha faoin gComhbheartas Iascaigh (4), agus ba cheart an méid sin a léiriú sa Rialachán seo. |
|
(7) |
Maidir le cruinnithe ullmhúcháin an Choiste Chomhairligh um Iascach agus Dobharshaothrú (“ACFA”), ba cheart go mbeadh féidearthacht ann chun tacaíocht airgeadais a dheonú d’ionadaithe seachas ionadaithe ó Eagraíochtaí Trádála Eorpacha agus chun maoiniú i gcomhair na gcostas aistriúcháin, ateangaireachta agus fruilithe seomraí a lamháil. Ba cheart nuashonrú a dhéanamh ar liosta na gcomhlachtaí comhairleacha a n-ainmníonn coiste iomlánach an ACFA ionadaí dá gcruinnithe. |
|
(8) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 199/2008 ón gComhairle an 25 Feabhra 2008 maidir le creat Comhphobail a bhunú chun sonraí san earnáil iascaigh a bhailiú, a bhainistiú agus a úsáid agus maidir le tacaíocht do chomhairle eolaíochta faoin gComhbheartas Iascaigh (5), leathnaíodh an raon feidhme a ghabhann le bailiú sonraí chun bailiú, bainistiú agus úsáid sonraí a chuimsiú ann, agus ba cheart an méid sin a admháil go sainráite sa Rialachán seo. |
|
(9) |
Le Cinneadh 2008/949/CE ón gCoimisiún an 6 Samhain 2008 lena nglactar clár ilbhliantúil Comhphobail de bhun Rialachán (CE) Uimh. 199/2008 ón gComhairle (6), foráiltear go mbeidh athróga socheacnamaíocha le bheith san áireamh sna sonraí a bhailítear. |
|
(10) |
Tá bearta cáilithe i dtaca le tacaíocht airgeadais Aontais a fháil sa réimse a bhaineann le bailiú sonraí agus comhairle eolaíochta leagtha amach i Rialachán (CE) Uimh. 199/2008, agus ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 861/2006 a ailíniú leis na forálacha sin. |
|
(11) |
Tá na clárbhearta sa réimse a bhaineann le bailiú sonraí agus comhairle eolaíochta leagtha amach i Rialachán (CE) Uimh. 199/2008 agus i Rialachán (CE) Uimh. 665/2008 ón gCoimisiún an 14 Iúil 2008 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 199/2008 ón gComhairle (7). |
|
(12) |
Maidir le roinnt forálacha de chuid Chinneadh 2000/439/CE ón gComhairle an 29 Meitheamh 2000 maidir le ranníocaíocht airgeadais ón gComhphobal i gcomhair caiteachais a thabhaíonn na Ballstáit le linn dóibh sonraí a bhailiú, agus chun staidéir agus tionscadail phíolóta a bhaineann le cur i gcrích an chomhbheartais iascaigh a mhaoiniú (8), níor áiríodh i Rialachán (CE) Uimh. 861/2006 iad ná níor tiontaíodh iad ina rialacha cur chun feidhme. Chruthaigh sé sin folús sa dlí don bhliain 2007 agus don bhliain 2008, ar thréimhse í sin ar lena linn a lean an Coimisiún de na rialacha a bhí i bhfeidhm roimhe sin a chur i bhfeidhm, mar atá leagtha síos i gCinneadh 2000/439/CE. Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil, ba cheart foráil a dhéanamh ar bhonn cúlghabhálach á rá gur lean na rialacha sin de bheith infheidhme le linn na tréimhse sin. |
|
(13) |
Maidir le caiteachas i réimse na comhairle eolaíochta, ba cheart go mbeadh caiteachas san áireamh ann i ndáil le conarthaí comhpháirtíochta leis na comhlachtaí idirnáisiúnta atá i bhfeighil measúnú a dhéanamh ar stoic. |
|
(14) |
Ba cheart na tásca a bhaineann leis an gcaiteachas cáilithe i réimse an rialaithe a thíolacadh ar bhealach níos soiléire agus níos mionsonraithe agus ba cheart nasc a dhéanamh le Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú (9) agus le Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 lena mbunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíchur (10). |
|
(15) |
Cé go ndéanann rannpháirtithe i gcláir oiliúna i réimse rialaithe agus forfheidhmithe rialacha an CBI ionadaíocht thar ceann údaráis Ballstáit, ní hionann sin is a rá gur státseirbhísigh iad de riachtanas. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh caiteachas a thabhaítear ar oiliúint pearsanra eile cáilithe le haghaidh beart airgeadais freisin. |
|
(16) |
Ní hé amháin go ndéanann an Lárionad Taighde Chomhpháirtigh anailís ar chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí rialaithe, ach tugann sé comhairle freisin agus tá baint aige le forbairt teicneolaíochtaí nua. |
|
(17) |
Is gá na clár-rialacha maidir le rialú caiteachais a oiriúnú chun bainistíocht fhónta airgeadais a fheabhsú, go háirithe trí luathú a dhéanamh ar an dáta chun na hiarratais ar thacaíocht airgeadais Aontais a thíolacadh, agus trí shonrú breise a dhéanamh maidir leis an bhfaisnéis atá le cur in iúl i ndáil leis na tionscadail agus maidir leis an bhformáid inar ceart í a sholáthar. |
|
(18) |
Ba cheart teideal agus téarmaí achtacháin Rialachán (CE) Uimh. 861/2006 a athrú chun teacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, an 1 Nollaig 2009, a chur san áireamh. |
|
(19) |
Chun coinníollacha comhionanna a áirithiú maidir le cur chun feidhme na mbeart i réimse an rialaithe agus an fhorfheidhmithe agus go háirithe maidir le caiteachas a thabhaíonn na Ballstáit le linn na córais faireacháin agus rialaithe atá infheidhme maidir leis an CBI, chomh maith le bearta maidir le bailiú, bainistiú agus úsáid sonraí bunúsacha, a chur chun feidhme, ba cheart go dtabharfaí cumhachtaí cur chun feidhme don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (11). |
|
(20) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 861/2006 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 861/2006 leis seo mar a leanas:
|
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil: “ Rialachán (CE) Uimh. 861/2006 ón gComhairle an 22 Bealtaine 2006 lena mbunaítear bearta airgeadais Aontais maidir le cur chun feidhme an chomhbheartais iascaigh agus i réimse Dhlí na Farraige ”; |
|
(2) |
sna téarmaí achtacháin, cé is moite de thagairtí don Ghníomhaireacht Chomhphobail um Rialú ar Iascach in Airteagal 4(c), cuirfear an focal “Aontas” in ionad na bhfocal “Comhphobal” agus “Comhphobail”. Cuirfear na focail “uiscí AE” in ionad na bhfocal “uiscí Comhphobail”. Déanfar aon choigeartuithe gramadaí is gá; |
|
(3) |
in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):
|
|
(4) |
in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):
|
|
(5) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5: “Airteagal 5 Cuspóirí sonracha sa réimse a bhaineann le sonraí a bhailiú, a bhainistiú agus a úsáid agus le comhairle eolaíochta Rannchuideoidh na bearta airgeadais Aontais dá dtagraítear in Airteagal 9, in Airteagal 10 agus in Airteagal 11 leis an gcuspóir feabhsú a dhéanamh i dtaca le bailiú, le bainistiú agus le húsáid sonraí agus le comhairle eolaíochta faoi staid na n-acmhainní, faoi leibhéal na hiascaireachta, faoin tionchar atá ag an iascach ar na hacmhainní agus ar an éiceachóras muirí, faoi ghnéithe eacnamaíocha an iascaigh agus an dobharshaothraithe, agus faoi fheidhmíocht thionscal na hiascaireachta, laistigh d’uiscí AE agus lasmuigh díobh, trí thacaíocht airgeadais a sholáthar do na Ballstáit chun tacair sonraí ilbhliantúla comhiomlánaithe agus eolaíocht-bhunaithe a bhunú ina gcorprófar faisnéis bhitheolaíoch, theicniúil, chomhshaoil agus shocheacnamaíoch.”; |
|
(6) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c) de mhír 1 d’Airteagal 7:
|
|
(7) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8: “Airteagal 8 Bearta i réimse an rialaithe agus an fhorfheidhmithe 1. I réimse rialaithe agus forfheidhmithe rialacha CBI, beidh an caiteachas seo a leanas cáilithe le haghaidh beart airgeadais Aontais:
2. Féadfaidh an Coimisiún rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm phointe (a) de mhír 1 a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 30(2).”; |
|
(8) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9: “Airteagal 9 Bearta sa réimse a bhaineann le sonraí bunúsacha a bhailiú, a bhainistiú agus a úsáid 1. Maidir le sonraí bunúsacha a bhailiú, a bhainistiú agus a úsáid, beidh an caiteachas cáilithe le haghaidh tacaíochta airgeadais Aontais faoi chuimsiú na gclár náisiúnta ilbhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 199/2008 ón gComhairle an 25 Feabhra 2008 maidir le creat Comhphobail a bhunú chun sonraí san earnáil iascaigh a bhailiú, a bhainistiú agus a úsáid agus maidir le tacaíocht do chomhairle eolaíochta faoin gComhbheartas Iascaigh (*1):
2. Féadfaidh an Coimisiún rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm mhír 1 a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 30(2). |
|
(9) |
leasaítear Airteagal 10 mar a leanas:
|
|
(10) |
in Airteagal 11, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):
|
|
(11) |
leasaítear Airteagal 12 mar a leanas:
|
|
(12) |
in Airteagal 13(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):
|
|
(13) |
leasaítear Airteagal 16 mar a leanas:
|
|
(14) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad cheannteideal Airteagal 17: “Rátaí cómhaoinithe sa réimse a bhaineann le sonraí breise a bhailiú, a bhainistiú agus a úsáid”; |
|
(15) |
in Airteagal 18, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2 agus mhír 3: “2. De réir comhaontaithe ar mhaoiniú leis an gCoimisiún, cionroinnfear cearta tarraingthe ar gach eagraíocht ionadaíoch ar comhalta í de choiste iomlánach an ACFA, i gcomhréir leis na teidlíochtaí laistigh de choiste iomlánach an ACFA agus ag brath ar na hacmhainní airgeadais atá ar fáil. 3. Is ar bhonn na gceart tarraingthe sin agus ar bhonn an mheánchostais ar thuras arna dhéanamh ag comhalta d’eagraíocht ionadaíoch a chinnfear líon na dturas a mbeidh freagracht airgeadais ar gach eagraíocht astu, ar turais iad a dhéantar chun críche cruinnithe ullmhúcháin. Laistigh de theorainn fhoriomlán an chirt tarraingthe, coinneoidh gach eagraíocht ionadaíoch 20 % den chaiteachas cáilithe iarbhír mar chnapshuim chun an chuid sin dá costais eagrúcháin agus riaracháin, nach mbaineann ach le heagrú na gcruinnithe ullmhúcháin amháin, a chlúdach.”; |
|
(16) |
leasaítear Airteagal 20 mar a leanas:
|
|
(17) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad cheannteideal Roinn 2 de Chaibidil V: “ Nósanna imeachta sa réimse a bhaineann le sonraí a bhailiú, a bhainistiú agus a úsáid ”; |
|
(18) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 22: “Airteagal 22 Foráil réamhráiteach Maidir le ranníocaíocht airgeadais an Aontais leis an gcaiteachas arna thabhú ag na Ballstáit chun na sonraí bunúsacha dá dtagraítear in Airteagal 9 a bhailiú, a bhainistiú agus a úsáid, soláthrófar í i gcomhréir leis na nósanna imeachta atá leagtha amach sa Roinn seo.”; |
|
(19) |
scriostar Airteagal 23; |
|
(20) |
leasaítear Airteagal 24 mar a leanas:
|
|
(21) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 30: “Airteagal 30 Nós imeachta coiste 1. Déanfaidh an Coiste Comhairleach um Iascach agus Dobharshaothrú arna bhunú le hAirteagal 30(1) de Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (*2). 2. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. |
|
(22) |
scriostar Airteagal 31; |
|
(23) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 32: “Airteagal 32 Gníomhartha atá tite as feidhm a aisghairm Aisghairtear leis seo Rialachán (CE) Uimh. 657/2000 agus Cinneadh 2000/439/CE agus Cinneadh 2004/465/CE le héifeacht ón 1 Eanáir 2007. Ar a shon sin, beidh feidhm analógach ag na rialacha atá leagtha amach sa dara fleasc d’Airteagal 3 agus in Airteagal 4 agus in Airteagal 6 de Chinneadh 2000/439/CE agus san Iarscríbhinn a ghabhann leis, de réir mar is infheidhme an 31 Nollaig 2006, maidir leis na cláir náisiúnta a bhaineann le sonraí a bhailiú, a bhainistiú agus a úsáid don bhliain 2007 agus don bhliain 2008.”. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm ag pointe 23 d’Airteagal 1 ón 1 Eanáir 2007.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 6 Iúil 2011.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
J. BUZEK
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. DOWGIELEWICZ
(1) IO C 44, 11.2.2011, lch. 171.
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 6 Aibreán 2011 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 21 Meitheamh 2011.
(3) IO L 160, 14.6.2006, lch. 1.
(4) IO L 155, 15.6.2007, lch. 68.
(5) IO L 60, 5.3.2008, lch. 1.
(6) IO L 346, 23.12.2008, lch. 37.
(7) IO L 186, 15.7.2008, lch. 3.
(8) IO L 176, 15.7.2000, lch. 42.
(9) IO L 343, 22.12.2009, lch. 1.
Ceartúchán
|
22.7.2011 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
39 |
Ceartúchán ar Rialachán (CE) Uimh. 767/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le beatha a chur ar an margadh agus a úsáid, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 agus lena n-aisghairtear Treoracha 79/373/CEE, 80/511/CEE, 82/471/CEE, 83/228/CEE, 93/74/CEE, 93/113/CE agus 96/25/CE agus Cinneadh 2004/217/CE
( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 229 an 1 Meán Fómhair 2009 )
(Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 52 Eagrán Speisialta Gaeilge)
Ar leathanach 17, in Iarscríbhinn I, pointe 6:
in ionad:
“Ar choinníoll nach leagtar síos aon leibhéal eile in Iarscríbhinn IV nó sa Chatalóg dá dtagraítear in Airteagal 24, caithfear cion taise an chomhábhair bheatha a lua má théann sé:”,
léitear:
“Ar choinníoll nach leagtar síos aon leibhéal eile in Iarscríbhinn V nó sa Chatalóg dá dtagraítear in Airteagal 24, caithfear cion taise an chomhábhair bheatha a lua má théann sé:”.