ISSN 1725-2571

doi:10.3000/17252571.L_2011.116.gle

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L NaN

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

54
5 Bealtaine 2011


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHA NÓS IMEACHTA

 

 

Parlaimint na hEorpa

 

*

Rialacha Nós Imeachta — 7ú téarma parlaiminteach — Márta 2011

1

 


 

(1)   Faoin tagairt L 116 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

GA


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHA NÓS IMEACHTA

Parlaimint na hEorpa

5.5.2011   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/1


RIALACHA NÓS IMEACHTA

7ú téarma parlaiminteach

Márta 2011

Nóta don léitheoir:

I gcomhréir le cinntí na Parlaiminte maidir le húsáid a bhaint as teanga atá neodrach ó thaobh inscne de ina cuid doiciméad, tá oiriúnú déanta ar na Rialacha Nós Imeachta chun aird a thabhairt ar na treoirlínte ar an ábhar sin a d’fhormheas an Grúpa Ardleibhéil um Chomhionannas Inscne agus Éagsúlacht an 13 Feabhra 2008 agus ar aontaigh an Biúró leo an 19 Bealtaine 2008.

Tá léirmhínithe ar na Rialacha (de bhun Riail 211) i gcló iodálach.

CLÁR

TEIDEAL I

FEISIRÍ, COMHLACHTAÍ PARLAIMINTE AGUS GRÚPAÍ POLAITIÚLA

CAIBIDIL 1

FEISIRÍ PHARLAIMINT NA hEORPA

Riail 1

Parlaimint na hEorpa

Riail 2

Sainordú an neamhspleáchais

Riail 3

Fíorú na ndintiúr

Riail 4

Téarma oifige na bhFeisirí

Riail 5

Pribhléidí agus díolúintí

Riail 6

Díolúine a tharscaoileadh

Riail 7

Nósanna imeachta i leith díolúine

Riail 8

Reacht na bhFeisirí a Chur Chun Feidhme

Riail 9

Leasanna airgeadais na bhFeisirí, caighdeáin iompair agus rochtain ar an bParlaimint

Riail 10

Imscrúduithe inmheánacha arna seoladh ag an Oifig Eorpach Fhrith-Chalaoise (OLAF)

Riail 11

Breathnadóirí

CAIBIDIL 2

OIFIGIGH NA PARLAIMINTE

Riail 12

An Cathaoirleach Sealadach

Riail 13

Ainmniúcháin agus forálacha ginearálta

Riail 14

Toghadh an Uachtaráin — aitheasc tosaigh

Riail 15

Toghadh na Leas-Uachtarán

Riail 16

Toghadh na gCaestóirí

Riail 17

Téarma oifige na nOifigeach

Riail 18

Folúntais

Riail 19

Luath-fhoirceannadh oifige

CAIBIDIL 3

COMHLACHTAÍ AGUS DUALGAIS

Riail 20

Dualgais an Uachtaráin

Riail 21

Dualgais na Leas-Uachtarán

Riail 22

Comhdhéanamh an Bhiúró

Riail 23

Dualgais an Bhiúró

Riail 24

Comhdhéanamh Chomhdháil na nUachtarán

Riail 25

Dualgais Chomhdháil na nUachtarán

Riail 26

Dualgais na gCaestóirí

Riail 27

Comhdháil Chathaoirligh na gCoistí

Riail 28

Comhdháil Chathaoirligh na dToscaireachtaí

Riail 29

Cuntasacht an Bhiúró agus Chomhdháil na nUachtarán

CAIBIDIL 4

GRÚPAÍ POLAITIÚLA

Riail 30

Bunú na ngrúpaí polaitiúla

Riail 31

Gníomhaíochtaí agus staid dhlíthiúil na ngrúpaí polaitiúla

Riail 32

Idirghrúpaí

Riail 33

Feisirí neamhcheangailte

Riail 34

Leithroinnt na suíochán sa Seomra

TEIDEAL II

NÓSANNA IMEACHTA REACHTACHA, BUISÉADACHA AGUS EILE

CAIBIDIL 1

NÓSANNA IMEACHTA REACHTACHA — FORÁLACHA GINEARÁLTA

Riail 35

Clár Oibre an Choimisiúin

Riail 36

Urraim do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh

Riail 37

An bunús dlí a fhíorú

Riail 37a

Cumhachtaí reachtacha a tharmligean

Riail 38

Comhréireacht airgeadais a fhíorú

Riail 38a

Scrúdú a dhéanamh ar urraim do phrionsabal na coimhdeachta

Riail 39

Rochtain ar dhoiciméid agus faisnéis a sholáthar don Pharlaimint

Riail 40

Ionadaíocht na Parlaiminte i gcruinnithe den Chomhairle

Riail 41

Cearta tionscnaimh arna dtabhairt don Pharlaimint leis na Conarthaí

Riail 42

Tionscnamh de bhun Airteagal 225 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Riail 43

Doiciméid reachtacha a bhreithniú

Riail 44

Nósanna imeachta reachtacha maidir le tionscnaimh a thagann ó Bhallstáit

CAIBIDIL 2

AN NÓS IMEACHTA SA CHOISTE

Riail 45

Tuarascálacha reachtacha

Riail 46

Nós imeachta simplithe

Riail 47

Tuarascálacha neamhreachtacha

Riail 48

Tuarascálacha Féintionscnaimh

Riail 49

Tuairimí na gcoistí

Riail 50

An nós imeachta le haghaidh coistí comhlachaithe

Riail 51

An nós imeachta le haghaidh cruinnithe coiste comhpháirteacha

Riail 52

Tuarascálacha a dhréachtú

CAIBIDIL 3

AN CHÉAD LÉAMH

Céim an choiste

Riail 53

Modhnú ar thogra le haghaidh gnímh reachtaigh

Riail 54

Seasamh an Choimisiúin agus na Comhairle ar leasuithe

An chéim sa suí iomlánach

Riail 55

An chéad léamh a thabhairt chun críche

Riail 56

Diúltú do thogra ón gCoimisiún

Riail 57

Leasuithe ar thogra ón gCoimisiún a ghlacadh

Nós imeachta leantach

Riail 58

Obair Leantach ar sheasamh na Parlaiminte

Riail 59

Tarchur athnuaite chuig an bParlaimint

Riail 60

Scriosta

CAIBIDIL 4

AN DARA LÉAMH

Céim an choiste

Riail 61

Seasamh na Comhairle a chur in iúl

Riail 62

Teorainneacha ama a fhadú

Riail 63

Tarchur chuig an gcoiste freagrach agus an nós imeachta sa choiste freagrach

An chéim iomlánach

Riail 64

An dara léamh a thabhairt chun críche

Riail 65

Diúltú do sheasamh na Comhairle

Riail 66

Leasuithe ar sheasamh na Comhairle

CAIBIDIL 5

AN TRÍÚ LÉAMH

Idir-réiteach

Riail 67

An Coiste Idir-réitigh a chomóradh

Riail 68

Toscaireacht chuig an gCoiste Idir-réitigh

An chéim iomlánach

Riail 69

Téacs comhpháirteach

CAIBIDIL 6

AN NÓS IMEACHTA REACHTACH A THABHAIRT CHUN CRÍCHE

Riail 70

Caibidlíochtaí idirinstitiúideacha i nósanna imeachta reachtacha

Riail 71

Comhaontú ar an gcéad léamh

Riail 72

Comhaontú ar an dara léamh

Riail 73

Ceanglais maidir le dréachtú gníomhartha reachtacha

Riail 74

Gníomhartha glactha a shíniú

CAIBIDIL 6a

GNÓTHAÍ BUNREACHTÚLA

Riail 74a

Gnáth-athbhreithniú ar na Conarthaí

Riail 74b

Athbhreithniú simplithe ar na Conarthaí

Riail 74c

Conarthaí aontachais

Riail 74d

Tarraingt siar ón Aontas

Riail 74e

Ballstát do dhéanamh sárú ar phrionsabail bhunúsacha

Riail 74f

Comhdhéanamh na Parlaiminte

Riail 74g

Comhar feabhsaithe idir Ballstáit

CAIBIDIL 7

NÓSANNA IMEACHTA BUISÉADACHA

Riail 75

An creat airgeadais ilbhliantúil

Riail 75a

Doiciméid oibre

Riail 75b

Breithniú an dréachtbhuiséid — an chéad chéim

Riail 75c

Cruinnithe tríthaobhacha airgeadais

Riail 75d

Idir-réiteach buiséadach

Riail 75e

An buiséad a ghlacadh go cinntitheach

Riail 75f

Córas na ndóú codanna déag sealadacha

Riail 76

Urscaoileadh don Choimisiún i ndáil leis an mbuiséad a chur chun feidhme

Riail 77

Nósanna imeachta eile maidir le hurscaoileadh

Riail 78

Rialú parlaiminteach ar chur chun feidhme an bhuiséid

CAIBIDIL 8

NÓSANNA IMEACHTA BUISÉADACHA INMHEÁNACHA

Riail 79

Meastacháin na Parlaiminte

Riail 79a

An nós imeachta atá le cur i bhfeidhm le linn meastacháin na Parlaiminte a tharraingt suas

Riail 80

An chumhacht chun caiteachas a thabhú agus a ghlanadh

CAIBIDIL 9

AN NÓS IMEACHTA MAIDIR LE TOILIÚ

Riail 81

An nós imeachta maidir le toiliú

CAIBIDIL 10

SCRIOSTA

Riail 82

Scriosta

CAIBIDIL 11

NÓSANNA IMEACHTA EILE

Riail 83

An nós imeachta maidir le tuairimí a thabhairt de bhun Airteagal 140 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Riail 84

Nósanna imeachta a bhaineann le hagallamh idir na comhpháirtithe sóisialta

Riail 85

Nósanna imeachta maidir le comhaontuithe deonacha a ghrinnscrúdú

Riail 86

Códú

Riail 87

Athmhúnlú

Riail 87a

Gníomhartha tarmligthe

Riail 88

Bearta cur chun feidhme

TEIDEAL IIA

CAIDREAMH SEACHTRACH

CAIBIDIL 12

COMHAONTUITHE IDIRNÁISIÚNTA

Riail 89

Scriosta

Riail 90

Comhaontuithe idirnáisiúnta

Riail 91

Nósanna Imeachta atá bunaithe ar Airteagal 218 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh i gcás comhaontuithe idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm go sealadach nó a chur ar fionraí nó i gcás seasamh an Aontais a bhunú i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú idirnáisiúnta

CAIBIDIL 13

IONADAÍOCHT SHEACHTRACH THAR CEANN AN AONTAIS AGUS AN COMHBHEARTAS EACHTRACH AGUS SLÁNDÁLA

Riail 92

Scriosta

Riail 93

Ionadaithe speisialta

Riail 94

Scriosta

Riail 95

Ionadaíocht idirnáisiúnta

Riail 96

Comhairliúchán leis an bParlaimint agus faisnéis a sholáthar don Pharlaimint faoi chuimsiú an chomhbheartais eachtraigh agus slándála

Riail 97

Moltaí faoi chuimsiú an chomhbheartais eachtraigh agus slándála

Riail 98

Sárú ar chearta an duine

CAIBIDIL 14

SCRIOSTA

Riail 99

Scriosta

Riail 100

Scriosta

Riail 101

Scriosta

CAIBIDIL 15

SCRIOSTA

Riail 102

Scriosta

TEIDEAL III

TRÉDHEARCACHT GNÓ

Riail 103

Trédhearcacht ghníomhaíochtaí na Parlaiminte

Riail 104

Rochtain phoiblí ar dhoiciméid

TEIDEAL IV

CAIDREAMH LE COMHLACHTAÍ EILE

CAIBIDIL 1

CEAPACHÁIN

Riail 105

Toghadh Uachtarán an Choimisiúin

Riail 106

Toghadh an Choimisiúin

Riail 107

Tairiscint cháinte an Choimisiúin

Riail 107a

Ainmniú na mBreithiúna agus na nAbhcóidí Ginearálta i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

Riail 108

Comhaltaí na Cúirte Iniúchóirí a Cheapadh

Riail 109

Comhaltaí Bhord Feidhmiúcháin an Bhainc Cheannais Eorpaigh a Cheapadh

CAIBIDIL 2

RÁITIS

Riail 110

Ráitis ón gCoimisiún, ón gComhairle agus ón gComhairle Eorpach

Riail 111

Ráitis ina mínítear cinntí ón gCoimisiún

Riail 112

Ráitis ón gCúirt Iniúchóirí

Riail 113

Ráitis ón mBanc Ceannais Eorpach

Riail 114

Moladh ar na treoirlínte ginearálta maidir le beartais eacnamaíocha

CAIBIDIL 3

CEISTEANNA PARLAIMINTEACHA

Riail 115

Ceisteanna i gcomhair freagra ó bhéal maille le díospóireacht

Riail 116

Tráth na gCeisteanna

Riail 117

Ceisteanna i gcomhair freagra scríofa

Riail 118

Ceisteanna arna ndíriú chuig an mBanc Ceannais Eorpach i gcomhair freagra scríofa

CAIBIDIL 4

TUARASCÁLACHA Ó INSTITIÚIDÍ EILE

Riail 119

Tuarascálacha bliantúla agus tuarascálacha eile ó institiúidí eile

CAIBIDIL 5

RÚIN AGUS MOLTAÍ

Riail 120

Tairiscintí i gcomhair rún

Riail 121

Moltaí don Chomhairle

Riail 122

Díospóireachtaí ar chásanna a bhaineann le sáruithe ar chearta an duine, ar an daonlathas agus ar an smacht reachta

Riail 123

Dearbhuithe i scríbhinn

Riail 124

Dul i gcomhairle le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Riail 125

Dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún

Riail 126

Iarrataí chuig Gníomhaireachtaí Eorpacha

CAIBIDIL 6

COMHAONTUITHE IDIRINSTITIÚIDEACHA

Riail 127

Comhaontuithe idirinstitiúideacha

CAIBIDIL 7

ÁBHAIR ARNA dTARCHUR CHUIG CÚIRT BHREITHIÚNAIS AN AONTAIS EORPAIGH

Riail 128

Imeachtaí os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

Riail 129

Scriosta

TEIDEAL V

CAIDREAMH LE PARLAIMINTÍ NÁISIÚNTA

Riail 130

Malartú faisnéise, teagmhálacha agus saoráidí cómhalartacha

Riail 131

Comhdháil na gCoistí um Ghnóthaí Eorpacha (COSAC)

Riail 132

Comhdháil na bParlaimintí

TEIDEAL VI

SEISIÚIN

CAIBIDIL 1

SEISIÚIN NA PARLAIMINTE

Riail 133

Téarma parlaiminteach, seisiúin, páirtseisiúin, suíonna

Riail 134

Comóradh na Parlaiminte

Riail 135

Ionad na suíonna agus na gcruinnithe

Riail 136

Freastal na bhFeisirí ar shuíonna

CAIBIDIL 2

ORD GNÓ NA PARLAIMINTE

Riail 137

Dréacht den chlár oibre

Riail 138

An nós imeachta sa suí iomlánach gan leasú agus gan díospóireacht

Riail 139

Tíolacadh gairid

Riail 140

An clár oibre a ghlacadh agus a leasú

Riail 141

Díospóireacht urghnách

Riail 142

An nós imeachta i gcás práinne

Riail 143

Comhdhíospóireacht

Riail 144

Teorainneacha Ama

CAIBIDIL 3

RIALACHA GINEARÁLTA MAIDIR LE SUÍONNA A SHEOLADH

Riail 145

Rochtain ar an Seomra

Riail 146

Teangacha

Riail 147

Socrú idirthréimhseach

Riail 148

Doiciméid a dháileadh

Riail 149

Leithdháileadh ama labhartha agus liosta na gcainteoirí

Riail 150

Óráidí aon nóiméid amháin

Riail 151

Ráitis phearsanta

CAIBIDIL 4

BEARTA A GHLACFAR I gCÁS NACH gCOMHLÍONTAR CAIGHDEÁIN IOMPAIR NA bhFEISIRÍ

Riail 152

Bearta láithreacha

Riail 153

Pionóis

Riail 154

Nósanna imeachta maidir le hachomharc inmheánach

CAIBIDIL 5

CÓRAM AGUS VÓTÁIL

Riail 155

Córam

Riail 156

Leasuithe a chur síos agus a thairiscint

Riail 157

Inghlacthacht na leasuithe

Riail 158

An nós imeachta vótála

Riail 159

Comhionannas vótaí

Riail 160

Prionsabail lena rialaítear an vótáil

Riail 161

An t-ord ina ndéanfar vótáil ar leasuithe

Riail 162

Coiste do bhreithniú leasuithe de chuid suí iomlánaigh

Riail 163

Vótáil dheighilte

Riail 164

Ceart chun vóta a chaitheamh

Riail 165

Vótáil

Riail 166

Vótáil chríochnaitheach

Riail 167

Vótáil le glaoch rolla

Riail 168

Vótáil leictreonach

Riail 169

Vótáil le ballóid rúnda

Riail 170

Mínithe ar vótáil

Riail 171

Díospóidí maidir leis an vótáil

CAIBIDIL 6

TAIRISCINTÍ IDIRAGARTHA AGUS NÓS IMEACHTA

Riail 172

Tairiscintí nós imeachta

Riail 173

Pointí oird

Riail 174

Neamh-inghlacthacht ábhair a thairiscint

Riail 175

Tarchur ar ais chuig coiste

Riail 176

Díospóireacht a chríochnú

Riail 177

Díospóireacht agus vótáil a chur ar atráth

Riail 178

An suí a chur ar fionraí nó a chríochnú

CAIBIDIL 7

TAIFEAD POIBLÍ AR NA hIMEACHTAÍ

Riail 179

Miontuairiscí

Riail 180

Téacsanna a ghlactar

Riail 181

Tuarascálacha focal ar fhocal

Riail 182

Taifead closamhairc ar na himeachtaí

TEIDEAL VII

COISTÍ AGUS TOSCAIREACHTAÍ

CAIBIDIL 1

COISTÍ — CUR AR BUN AGUS CUMHACHTAÍ

Riail 183

Buanchoistí a chur ar bun

Riail 184

Coistí speisialta a chur ar bun

Riail 185

Coistí fiosrúcháin

Riail 186

Comhdhéanamh na gcoistí

Riail 187

Comhaltaí ionaid

Riail 188

Dualgais na gcoistí

Riail 189

An coiste atá freagrach as fíorú dintiúr

Riail 190

Fochoistí

Riail 191

Biúrónna na gcoistí

Riail 192

Comhordaitheoirí coiste agus scáth-rapóirtéirí

CAIBIDIL 2

COISTÍ — FEIDHMIÚ

Riail 193

Cruinnithe coiste

Riail 194

Miontuairiscí cruinnithe coiste

Riail 195

Vótáil i gcoiste

Riail 196

Forálacha a bhaineann le suíonna iomlánacha agus is infheidhme i gcoiste

Riail 197

Tráth na gCeisteanna i gcoiste

CAIBIDIL 3

TOSCAIREACHTAÍ IDIRPHARLAIMINTEACHA

Riail 198

Toscaireachtaí idirpharlaiminteacha a chur ar bun agus dualgais na dtoscaireachtaí sin

Riail 199

Comhar le Tionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa

Riail 200

Comhchoistí parlaiminteacha

TEIDEAL VIII

ACHAINÍOCHA

Riail 201

Ceart achainí

Riail 202

Achainíocha a scrúdú

Riail 203

Fógra maidir le hachainíocha

TEIDEAL IX

AN tOMBUDSMAN

Riail 204

Toghadh an Ombudsman

Riail 205

Gníomhaíochtaí an Ombudsman

Riail 206

An tOmbudsman a chur as oifig

TEIDEAL X

ARDRÚNAÍOCHT NA PARLAIMINTE

Riail 207

An Ardrúnaíocht

TEIDEAL XI

CUMHACHTAÍ AGUS FREAGRACHTAÍ A BHAINEANN LE PÁIRTITHE POLAITIÚLA AR LEIBHÉAL EORPACH

Riail 208

Cumhachtaí agus freagrachtaí an Uachtaráin

Riail 209

Cumhachtaí agus freagrachtaí an Bhiúró

Riail 210

Cumhachtaí agus freagrachtaí an choiste fhreagraigh agus shuí iomlánach na Parlaiminte

TEIDEAL XII

NA RIALACHA NÓS IMEACHTA A CHUR I bhFEIDHM AGUS A LEASÚ

Riail 211

Na Rialacha Nós Imeachta a chur i bhfeidhm

Riail 212

Na Rialacha Nós Imeachta a Leasú

TEIDEAL XIII

FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA

Riail 213

Siombailí an Aontais

Riail 214

Gnó gan chríochnú

Riail 215

Leagan amach na n-iarscríbhinní

Riail 216

Ceartúcháin

IARSCRÍBHINN I

Forálacha lena rialaítear feidhm Riail 9(1) — Trédhearcacht agus leasanna airgeadais na bhFeisirí

IARSCRÍBHINN II

Tráth na gCeisteanna a sheoladh faoi Riail 116

IARSCRÍBHINN III

Treoirlínte maidir le ceisteanna i gcomhair freagra scríofa faoi Riail 117 agus faoi Riail 118

IARSCRÍBHINN IV

Treoirlínte agus prionsabail ghinearálta atá le leanúint nuair atá ábhair á roghnú lena gcur ar an gclár oibre le haghaidh díospóireachta ar chásanna a bhaineann le sáruithe ar chearta an duine, ar an daonlathas agus ar an smacht reachta agus dá bhforáiltear faoi Riail 122

IARSCRÍBHINN V

Scriosta

IARSCRÍBHINN VI

Nós imeachta maidir le breithniú agus glacadh cinntí chun urscaoileadh a dheonú

IARSCRÍBHINN VII

Cumhachtaí agus freagrachtaí na mbuanchoistí

IARSCRÍBHINN VIII

Doiciméid rúnda agus doiciméid íogaire agus faisnéis rúnda agus faisnéis íogair

IARSCRÍBHINN IX

Forálacha mionsonraithe lena rialaítear feidhmiú cheart fiosrúcháin Pharlaimint na hEorpa

IARSCRÍBHINN X

Forálacha lena rialaítear cur i bhfeidhm Riail 9(4) — Brústocaireacht sa Pharlaimint

IARSCRÍBHINN XI

Comhlíonadh Dhualgais an Ombudsman

IARSCRÍBHINN XII

Calaois, éilliú agus aon ghníomhaíocht mhídhleathach a dhéanann dochar do leasanna na gComhphobal a chosc

IARSCRÍBHINN XIII

Comhaontú idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún maidir le nósanna imeachta chun Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle ag leagan síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún, arna leasú le Cinneadh 2006/512/CE, a chur chun feidhme

IARSCRÍBHINN XIV

Creat-Chomhaontú maidir leis an gcaidreamh idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún Eorpach

IARSCRÍBHINN XV

Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid

IARSCRÍBHINN XVI

Treoirlínte maidir le léirmhíniú ar chaighdeáin iompair na bhFeisirí

IARSCRÍBHINN XVII

Treoirlínte maidir le formheas an Choimisiúin

IARSCRÍBHINN XVIII

An nós imeachta maidir le húdarú a dheonú chun tuarascálacha féintionscnaimh a tharraingt suas

IARSCRÍBHINN XIX

An Eoraip a chur i láthair trí chomhpháirtíocht

IARSCRÍBHINN XX

Dearbhú Comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún an 13 Meitheamh 2007 maidir le socruithe praiticiúla i ndáil leis an nós imeachta comhchinnteoireachta (Airteagal 251 de Chonradh CE)

IARSCRÍBHINN XXI

Cód iompair maidir le caibidlíocht i gcomhthéacs an ghnáthnós imeachta reachtaigh

TEIDEAL I

FEISIRÍ, COMHLACHTAÍ PARLAIMINTE AGUS GRÚPAÍ POLAITIÚLA

CAIBIDIL 1

Feisirí Pharlaimint na hEorpa

Riail 1

Parlaimint na hEorpa

1.

Is í Parlaimint na hEorpa an tionól arna thoghadh de bhun na gConarthaí, de bhun Ionstraim an 20 Meán Fómhair 1976 maidir le toghadh fheisirí Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach agus de bhun reachtaíochta náisiúnta a thig ó na Conarthaí.

2.

Is mar a leanas a ghairfear de dhaoine a thoghfar chuig Parlaimint na hEorpa:

 

“Членове на Европейския парламент” sa Bhulgáiris,

 

“Diputados al Parlamento Europeo” sa Spáinnis,

 

“Poslanci Evropského parlamentu” sa tSeicis,

 

“Medlemmer af Europa–Parlamentet” sa Danmhairgis,

 

“Mitglieder des Europäischen Parlaments” sa Ghearmáinis,

 

“Euroopa Parlamendi liikmed” san Eastóinis,

 

“Βoυλευτές τoυ Ευρωπαϊκoύ Κoιvoβoυλίoυ” sa Ghréigis,

 

“Members of the European Parliament” sa Bhéarla,

 

“Députés au Parlement européen” sa Fhraincis,

 

“Feisirí de Pharlaimint na hEorpa” sa Ghaeilge,

 

“Deputati al Parlamento europeo” san Iodáilis,

 

“Eiropas Parlamenta deputāti” sa Laitvis,

 

“Europos Parlamento nariai” sa Liotuáinis,

 

“Európai Parlamenti Képviselők” san Ungáiris,

 

“Membri tal-Parlament Ewropew” sa Mháltais,

 

“Leden van het Europees Parlement” san Ollainnis,

 

“Posłowie do Parlamentu Europejskiego” sa Pholainnis,

 

“Deputados ao Parlamento Europeu” sa Phortaingéilis,

 

“Deputați în Parlamentul European” sa Rómáinis,

 

“Poslanci Európskeho parlamentu” sa tSlóvaicis,

 

“Poslanci Evropskega parlamenta” sa tSlóivéinis,

 

“Euroopan parlamentin jäsenet” san Fhionlainnis,

 

“Ledamöter av Europaparlamentet” sa tSualainnis.

Riail 2

Sainordú an neamhspleáchais

Feidhmeoidh Feisirí de Pharlaimint na hEorpa a sainordú go neamhspleách. Ní bheidh siad faoi cheangal ag aon teagaisc ná ní ghlacfaidh siad le haon sainordú ceangailteach.

Riail 3

Fíorú na ndintiúr

1.

Tar éis toghchán chuig Parlaimint na hEorpa, iarrfaidh an tUachtarán ar údaráis inniúla na mBallstát ainmneacha na bhFeisirí tofa a chur in iúl don Pharlaimint gan mhoill ionas go bhféadfaidh na Feisirí go léir a gcuid suíochán sa Pharlaimint a ghlacadh le héifeacht ó oscailt an chéad suí tar éis na dtoghchán.

Ag an am céanna, tarraingeoidh an tUachtarán aird na n–údarás sin ar fhorálacha ábhartha Ionstraim an 20 Meán Fómhair 1976 agus iarrfaidh sé orthu na bearta is gá a ghlacadh chun aon neamhréireacht le hoifig Feisire de Pharlaimint na hEorpa a sheachaint.

2.

Déanfaidh na Feisirí a mbeidh a dtoghadh curtha in iúl don Pharlaimint dearbhú i scríbhinn, sula nglacfaidh siad a suíocháin sa Pharlaimint, á rá nach bhfuil siad i seilbh aon oifige atá ar neamhréir le hoifig Feisire de Pharlaimint na hEorpa de réir bhrí Airteagal 7(1) nó (2) d’Ionstraim an 20 Meán Fómhair 1976. Tar éis olltoghchán, déanfar an dearbhú, nuair is féidir, tráth nach déanaí ná sé lá roimh shuí bunaithe na Parlaiminte. Go dtí an tráth a mbeidh dintiúir na bhFeisirí fíoraithe nó go dtí go mbeidh rialú tugtha ar aon díospóid, agus ar choinníoll go mbeidh an dearbhú i scríbhinn thuasluaite sínithe roimh ré ag na Feisirí, tógfaidh siad a suíochán sa Pharlaimint agus ar a cuid comhlachtaí agus teachtfaidh siad na cearta go léir a ghabhann leis sin.

I gcás ina suitear, ó fhíorais is infhíoraithe ó fhoinsí atá ar fáil don phobal, go bhfuil Feisire i seilbh oifige atá ar neamhréir le hoifig Feisire de Pharlaimint na hEorpa, de réir bhrí Airteagal 7(1) agus (2) d’Ionstraim an 20 Meán Fómhair 1976, déanfaidh an Pharlaimint, ar bhonn na faisnéise arna soláthar ag a hUachtarán, a shuíomh go bhfuil folúntas ann.

3.

Ar bhonn tuarascála ón gcoiste atá freagrach as fíorú na ndintiúr, fíoróidh an Pharlaimint na dintiúir gan mhoill agus rialóidh sí ar bhailíocht shainordú gach Feisire nuathofa dá cuid agus rialóidh sí freisin ar aon díospóid arna tarchur chuici de bhun fhorálacha Ionstraim an 20 Meán Fómhair 1976, seachas díospóidí atá bunaithe ar dhlíthe náisiúnta toghcháin.

4.

Beidh tuarascáil an choiste bunaithe ar fhógra oifigiúil ó gach Ballstát faoi thorthaí iomlána an toghcháin, ar fógra é ina sonrófar ainmneacha na n–iarrthóirí tofa agus ainmneacha aon chomhaltaí ionaid mar aon lena rangú i gcomhréir le torthaí na vótála.

Ní fhéadfar bailíocht sainordaithe Feisire a dhaingniú mura rud é go ndéantar na dearbhuithe i scríbhinn a éilítear faoin Riail seo agus faoi Iarscríbhinn I a ghabhann leis na Rialacha seo.

Ar bhonn tuarascála ón gcoiste, féadfaidh an Pharlaimint rialú a dhéanamh, tráth ar bith, ar aon díospóid maidir le bailíocht shainordú aon duine dá cuid Feisirí.

5.

I gcás ina gceapfar Feisire mar gheall ar iarrthóirí do tharraingt siar ón liosta céanna, áiritheoidh an coiste gur tharla na tarraingtí siar atá i dtrácht i gcomhréir le meon agus ábhar Ionstraim an 20 Meán Fómhair 1976 agus Riail 4(3).

6.

Áiritheoidh an coiste go ndéanfaidh údaráis na mBallstát nó an Aontais aon fhaisnéis a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’fheidhmiú dualgas Feisire de Pharlaimint na hEorpa nó do rangú na gcomhaltaí ionaid a chur ar aghaidh gan mhoill chuig an bParlaimint agus go léireofar an dáta feidhme i gcás ceapacháin.

Más rud é go dtionscnóidh údaráis inniúla na mBallstát nós imeachta as a bhféadfaí Feisire a dhícháiliú ó bheith i seilbh oifige, iarrfaidh an tUachtarán orthu é féin a choinneáil ar an eolas go rialta faoin gcéim den nós imeachta a bheidh bainte amach agus tarchuirfidh sé an cheist chuig an gcoiste freagrach. Ar thogra ón gcoiste sin, féadfaidh an Pharlaimint seasamh a ghlacadh ar an ábhar.

Riail 4

Téarma oifige na bhFeisirí

1.

Cuirfear tús le téarma oifige Feisire agus tiocfaidh deireadh leis an téarma sin de réir mar a leagtar síos in Ionstraim an 20 Meán Fómhair 1976. Tiocfaidh deireadh leis an téarma freisin má fhaigheann an Feisire bás nó má éiríonn sé nó sí as oifig.

2.

Fanfaidh gach Feisire in oifig go dtí oscailt an chéad suí den Pharlaimint tar éis na dtoghchán.

3.

Déanfaidh Feisirí a éiríonn as oifig fógra a thabhairt don Uachtarán faoina n-éirí as agus faoin dáta a mbeidh éifeacht leis an éirí as sin, ar dáta é nach mbeidh níos déanaí ná trí mhí tar éis an fógra a thabhairt. Beidh an fógra i bhfoirm taifid oifigiúil arna tharraingt suas i láthair an Ard-Rúnaí nó a ionadaí, agus é sínithe ag an Ard-Rúnaí nó ag a ionadaí agus ag an bhFeisire lena mbaineann, agus cuirfear faoi bhráid an choiste fhreagraigh láithreach é agus cuirfidh an coiste sin ar a chlár oibre é don chéad chruinniú tar éis an doiciméad a fháil.

Má mheasann an coiste freagrach nach bhfuil an t-éirí as i gcomhréir le meon nó ábhar Ionstraim an 20 Meán Fómhair 1976 cuirfidh sé an méid sin in iúl don Pharlaimint ionas gur féidir leis an bParlaimint cinneadh a dhéanamh i dtaobh an bhfuil nó nach bhfuil folúntas le cruthú.

Thairis sin, cruthófar an folúntas le héifeacht ón dáta a bheidh léirithe sa taifead oifigiúil ag an bhFeisire a bheidh ag éirí as oifig. Ní bheidh aon vótáil sa Pharlaimint ar an ábhar.

Tá nós imeachta simplithe tugtha isteach i gcomhair imthosca eisceachtúla áirithe, go háirithe i gcás ina dtionóltar páirtseisiún amháin nó níos mó idir dáta feidhme an éirí as agus an chéad chruinniú den choiste freagrach agus más rud é, de bhrí nár cruthaíodh an folúntas, nach mbeidh ar chumas an ghrúpa pholaitiúil lena mbaineann an Feisire atá ag éirí as oifig Feisire ionaid a fháil i rith na bpáirtseisiún sin. Faoin nós imeachta sin, beidh de chumhacht ag rapóirtéir an choiste fhreagraigh, agus a mbeidh na cásanna sin curtha faoina chúram nó faoina cúram, aon éirí as arna chur in iúl go cuí a scrúdú láithreach agus, más rud é go mbeadh aon mhoill i mbreithniú an fhógra dochrach, an t–ábhar a tharchur chuig cathaoirleach an choiste, á iarraidh air nó uirthi, de bhun mhír 3:

a chur in iúl don Uachtarán thar ceann an choiste go bhféadfar folúntas a chruthú, nó

cruinniú urghnách den choiste a thionól chun aon deacrachtaí sonracha arna dtabhairt ar aird ag an rapóirtéir a scrúdú.

4.

I gcás ina dtugann údarás inniúil Ballstáit fógra don Uachtarán á rá go bhfuil deireadh le téarma oifige Feisire de Pharlaimint na hEorpa de bhun fhorálacha dhlí an Bhallstáit sin, mar thoradh ar neamhréireachtaí de réir bhrí Airteagal 7(3) d’Ionstraim an 20 Meán Fómhair 1976 nó mar thoradh ar tharraingt siar an tsainordaithe de bhun Airteagal 13(3) den Ionstraim sin, cuirfidh an tUachtarán in iúl don Pharlaimint gur tháinig deireadh leis an sainordú ar an dáta arna chur in iúl ag an mBallstát agus iarrfaidh sé ar an mBallstát an suíochán folamh a líonadh gan mhoill.

I gcás ina dtugann údaráis inniúla na mBallstát nó an Aontais nó an Feisire lena mbaineann fógra don Uachtarán faoi cheapachán nó toghadh chuig oifig atá ar neamhréir le hoifig Feisire de Pharlaimint na hEorpa, de réir bhrí Airteagal 7(1) nó (2) d’Ionstraim an 20 Meán Fómhair 1976, cuirfidh an tUachtarán an méid sin in iúl don Pharlaimint, agus suífidh an Pharlaimint go bhfuil folúntas ann.

5.

Déanfaidh údaráis na mBallstát nó an Aontais aon sannadh a bheartaíonn siad a thabhairt d’Fheisire a chur in iúl don Uachtarán. Déanfaidh an tUachtarán an cheist i dtaobh an bhfuil an sannadh beartaithe ar comhréir le hábhar agus meon Ionstraim an 20 Meán Fómhair 1976 a tharchur chuig an gcoiste freagrach agus cuirfidh sé na conclúidí a dtiocfaidh an coiste sin orthu in iúl don Pharlaimint, don Fheisire agus do na húdaráis lena mbaineann.

6.

Is iad na dátaí seo a leanas a measfar ina leith gurb é an dáta é a dtagann deireadh leis an téarma oifige agus gurb é dáta feidhme an fholúntais é:

i gcás éirí as oifig: an dáta a shuífidh an Pharlaimint an folúntas, i gcomhréir leis an bhfógra faoi éirí as,

i gcás ceapacháin nó toghadh chuig oifig atá ar neamhréir le hoifig Feisire de Pharlaimint na hEorpa de réir bhrí Airteagal 7(1) nó (2) d’Ionstraim an 20 Meán Fómhair 1976: an dáta arna fhógairt ag údaráis inniúla na mBallstát nó an Aontais nó ag an bhFeisire lena mbaineann.

7.

I gcás ina suíonn an Pharlaimint go bhfuil folúntas ann, cuirfidh sí an méid sin in iúl don Bhallstát lena mbaineann agus iarrfaidh sí air an suíochán a líonadh gan mhoill.

8.

Déanfar aon díospóid a bhaineann le bailíocht ceapacháin Feisire a mbeidh a chuid dintiúr nó a cuid dintiúr fíoraithe cheana féin a tharchur chuig an gcoiste freagrach, agus tuairisceoidh an coiste sin don Pharlaimint gan mhoill agus ag tráth nach déanaí ná tús an chéad pháirtseisiúin eile.

9.

I gcás inar dealraitheach go bhfuil glacadh le hoifig nó foirceannadh oifige bunaithe ar mhíchruinneas ábhartha nó ar thoiliú truaillithe, forchoimeádfaidh an Pharlaimint an ceart chun a dhearbhú go bhfuil an ceapachán atá á bhreithniú neamhbhailí nó chun diúltú an folúntas a chruthú.

Riail 5

Pribhléidí agus díolúintí

1.

Teachtfaidh na Feisirí pribhléidí agus díolúintí i gcomhréir leis an bPrótacal ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh.

2.

Déanfaidh Uachtarán na Parlaiminte pasanna lena dtugtar cead saorghluaiseachta sna Ballstáit do na Feisirí a eisiúint chuig na Feisirí a luaithe a thugtar fógra dó faoina dtoghadh.

3.

Beidh Feisirí i dteideal aon chomhaid atá i seilbh na Parlaiminte nó i seilbh coiste a iniúchadh, seachas comhaid agus cuntais phearsanta, arb iad na Feisirí lena mbaineann siad amháin a fhéadfaidh iad a iniúchadh. Tá eisceachtaí ón riail seo maidir le láimhseáil doiciméad a bhféadfar rochtain phoiblí orthu a dhiúltú de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid de chuid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin leagtha síos in Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacha Nós Imeachta seo.

Riail 6

Díolúine a tharscaoileadh

1.

I bhfeidhmiú a cumhachtaí i ndáil le pribhléidí agus díolúintí, féachfaidh an Pharlaimint go príomha lena hiomláine mar thionól reachtach daonlathach a chaomhnú agus féachfaidh sí le neamhspleáchas a Feisirí a áirithiú le linn dóibh a gcuid dualgas a chomhlíonadh.

2.

Maidir le haon iarraidh ó údarás inniúil Ballstáit chuig an Uachtarán chun díolúine Feisire a tharscaoileadh, déanfar í a fhógairt sa Pharlaimint agus a tharchur chuig an gcoiste freagrach.

3.

Maidir le haon iarraidh ó Fheisire nó ó iarFheisire chuig an Uachtarán chun pribhléidí agus díolúintí a chosaint, déanfar í a fhógairt sa Pharlaimint agus a tharchur chuig an gcoiste freagrach.

Féadfaidh Feisire eile ionadaíocht a dhéanamh thar ceann an Fheisire nó an iarFheisire. Ní fhéadfaidh Feisire eile an iarraidh a dhéanamh gan comhaontú a fháil ón bhFeisire lena mbaineann.

4.

Ar bhonn práinne, in imthosca ina ndéantar Feisirí a ghabháil nó ina gcuirtear bac ar a saorghluaiseacht de shárú dealraitheach ar a gcuid pribhléidí agus díolúintí, féadfaidh an tUachtarán, tar éis dul i gcomhairle le cathaoirleach agus rapóirtéir an choiste fhreagraigh, gníomhú ar a thionscnamh féin chun pribhléidí agus díolúintí an Fheisire lena mbaineann a dhearbhú. Tabharfaidh an tUachtarán fógra faoin tionscnamh sin don choiste agus cuirfidh sé an Pharlaimint ar an eolas faoi.

Riail 7

Nósanna imeachta i leith díolúine

1.

Déanfaidh an coiste freagrach iarrataí ar tharscaoileadh díolúine nó iarrataí ar chosaint díolúine agus pribhléidí a bhreithniú gan mhoill agus san ord inar tíolacadh iad.

2.

Déanfaidh an coiste togra i gcomhair cinnidh réasúnaithe ina molfar go nglacfar leis an iarraidh ar tharscaoileadh díolúine nó leis an iarraidh ar chosaint díolúine agus pribhléidí, nó go ndiúltófar don iarraidh sin.

3.

Féadfaidh an coiste a iarraidh ar an údarás lena mbaineann aon fhaisnéis nó míniú a sholáthar a mheasann an coiste a bheith riachtanach chun go dtiocfaidh sé ar thuairim i dtaobh an ceart díolúine a tharscaoileadh nó a chosaint. Tabharfar deis don Fheisire lena mbaineann éisteacht a fháil, féadfaidh sé nó sí aon doiciméid nó aon fhianaise eile i scríbhinn a mheasfaidh sé nó sí a bheith ábhartha a thíolacadh agus féadfaidh Feisire eile ionadaíocht a dhéanamh thar ceann an Fheisire sin.

4.

I gcás ina lorgaítear tarscaoileadh díolúine ar roinnt scór san iarraidh, féadfaidh gach ceann díobh sin a bheith ina ábhar do chinneadh ar leithligh. Féadfar a mholadh i dtuarascáil an choiste, ar bhonn eisceachtúil, gur ceart feidhm a bheith ag an tarscaoileadh díolúine maidir le himeachtaí ionchúisimh amháin agus, go dtí go ndéantar an phianbhreith chríochnaitheach a ghearradh, gur ceart go mbeadh an Feisire díolmhaithe ó aon chineál coinneála nó athchuir nó ó aon bheart eile a chuirfeadh cosc ar an bhFeisire sin na dualgais is cuí don sainordú a chomhlíonadh.

5.

I gcás ina gceanglaítear ar Fheisirí láithriú mar fhinnéithe nó mar fhinnéithe saineolacha, ní gá tarscaoileadh díolúine a iarraidh, ar choinníoll:

nach mbeidh oibleagáid orthu láithriú ar dháta nó ag tráth a chuirfeadh cosc orthu a gcuid dualgas parlaiminteach a chomhlíonadh, nó a d’fhágfadh go mbeadh sé deacair dóibh na dualgais sin a chomhlíonadh, nó go mbeidh siad in ann ráiteas a thabhairt i scríbhinn nó in aon fhoirm eile nach bhfágann go mbeadh sé deacair dóibh a ndualgais pharlaiminteacha a chomhlíonadh,

nach bhfuil oibleagáid orthu fianaise a thabhairt maidir le faisnéis a fhaightear faoi rún i bhfeidhmiú a sainordaithe dóibh agus ar faisnéis í nach cuí leo í a nochtadh.

6.

I gcásanna a bhaineann le díolúine nó pribhléidí a chosaint, luafaidh an coiste an ionann na himthosca agus srian riaracháin nó srian eile arna fhorchur ar shaorghluaiseacht Feisirí agus iad ag taisteal go dtí áit chruinnithe na Parlaiminte nó ón áit sin, nó ar thuairim a tugadh nó ar vóta a caitheadh i gcomhlíonadh an tsainordaithe, nó an dtagann siad faoi réim gnéithe d’Airteagal 10 den Phrótacal ar Phribhléidí agus Díolúintí nach ábhar do dhlí náisiúnta iad, agus déanfaidh an coiste togra chun a iarraidh ar an údarás lena mbaineann teacht ar na conclúidí is gá.

7.

Féadfaidh an coiste tuairim réasúnaithe a thabhairt i dtaobh inniúlacht an údaráis i dtrácht agus i dtaobh inghlacthacht na hiarrata, ach ní dhéanfaidh sé, in imthosca ar bith, tuairim a thabhairt i dtaobh chiontacht nó éigiontacht an Fheisire nó i dtaobh an údar maith ionchúisimh iad na tuairimí nó na gníomhartha a chuirtear ina leith, fiú amháin más rud é, agus an t-iarratas á bhreithniú aige, go bhfaigheann sé eolas mionsonraithe faoi fhíorais an cháis.

8.

Déanfar tuarascáil an choiste a chur isteach mar chéad mhír ar chlár oibre an chéad suí tar éis an lae a gcuirfear síos í. Ní fhéadfar aon leasú a chur síos ar an togra nó ar na tograí i gcomhair cinnidh.

Beidh an plé teoranta do na cúiseanna i bhfabhar agus i gcoinne gach togra chun díolúine a tharscaoileadh nó díolúine a chaomhnú, nó chun díolúine nó pribhléid a chosaint.

Gan dochar do Riail 151, ní ceadmhach don Fheisire arb iad a chuid pribhléidí nó díolúintí nó a cuid pribhléidí nó díolúintí atá á mbreithniú labhairt sa díospóireacht.

Maidir leis an togra nó na tograí i gcomhair cinnidh atá sa tuarascáil, déanfar vótáil air nó orthu ag an gcéad am vótála tar éis na díospóireachta.

Tar éis don Pharlaimint an t-ábhar a bhreithniú, glacfar vótáil ar leithligh ar gach ceann de na tograí atá sa tuarascáil. Má dhiúltaítear do thogra, measfar gurb é a mhalairt de chinneadh a bheidh glactha.

9.

Cuirfidh an tUachtarán cinneadh na Parlaiminte in iúl láithreach don Fheisire lena mbaineann agus d’údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann, maille le hiarraidh go gcuirfear an tUachtarán ar an eolas faoi aon fhorbairtí sna himeachtaí ábhartha agus faoi aon rialuithe breithiúnacha a dhéantar mar thoradh air sin. Nuair a gheobhaidh an tUachtarán an fhaisnéis sin, tarchuirfidh sé chuig an bParlaimint í ar an tslí is oiriúnaí, dar leis, agus tar éis dul i gcomhairle leis an gcoiste freagrach más gá sin.

10.

I gcás ina mbainfidh an tUachtarán úsáid as na cumhachtaí a thugtar dó le Riail 6(4), tabharfaidh an coiste freagrach aitheantas do thionscnamh an Uachtaráin ag a chéad chruinniú eile. I gcás ina measann an coiste gur gá sin féadfaidh sé tuarascáil a ullmhú lena cur faoi bhráid na Parlaiminte.

11.

Maidir leis na nithe sin agus le haon doiciméid a fhaightear, déileálfaidh an coiste leo mar ábhar fíor-rúnda.

12.

Féadfaidh an coiste, tar éis dul i gcomhairle leis na Ballstáit, liosta táscach a tharraingt suas d’údaráis na mBallstát atá inniúil chun iarraidh ar tharscaoileadh díolúine Feisire a thíolacadh.

13.

Is i gcomhréir leis na rialacha thuas a dhéileálfar le haon fhiosrú arna dhéanamh ag údarás inniúil maidir le scóip pribhléidí agus díolúintí Feisirí.

Riail 8

Reacht na bhFeisirí a chur chun feidhme

Déanfaidh an Pharlaimint Reacht Fheisirí Pharlaimint na hEorpa, agus aon mhodhnuithe a dhéantar air, a ghlacadh ar bhonn togra ón gcoiste freagrach. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Riail 138(1). Beidh an Biúró freagrach as cur i bhfeidhm na rialacha seo agus cinnfidh sé na himchlúdaigh airgeadais ar bhonn an bhuiséid bhliantúil.

Riail 9

Leasanna airgeadais na bhFeisirí, caighdeáin iompair agus rochtain ar an bParlaimint

1.

Déanfaidh an Pharlaimint rialacha a leagan síos lena rialófar trédhearcacht leasanna airgeadais a cuid Feisirí, agus beidh na rialacha sin ag gabháil mar iarscríbhinn leis na Rialacha Nós Imeachta seo (1).

Ní dhéanfaidh na rialacha sin dochar ar aon slí d’Fheisirí, ná ní chuirfidh siad srian orthu ar aon slí, i bhfeidhmiú a n-oifige nó i bhfeidhmiú aon ghníomhaíochta polaitiúla gaolmhaire nó aon ghníomhaíochta gaolmhaire eile.

2.

Léireoidh iompar na bhFeisirí urraim fhrithpháirteach, beidh sé bunaithe ar na luachanna agus ar na prionsabail a leagtar síos sna téacsanna bunúsacha agus ar a bhfuil an tAontas Eorpach fothaithe, tabharfaidh sé urraim do dhínit na Parlaiminte agus ní bhainfidh sé an bonn de sheoladh réidh ghnó na Parlaiminte nó ní chuirfidh sé isteach ar an suaimhneas in aon cheann d’áitribh na Parlaiminte. Comhlíonfaidh na Feisirí rialacha na Parlaiminte maidir leis an tslí ina ndéileáiltear le faisnéis rúnda.

I gcás nach gcomhlíontar na caighdeáin agus na rialacha sin, d’fhéadfaí bearta a chur i bhfeidhm i gcomhréir le Riail 152, le Riail 153 agus le Riail 154.

3.

Ní hé a leanfaidh as feidhmiú na Rialach seo ná baint, ar aon slí, de bhríomhaireacht na ndíospóireachtaí parlaiminteacha ná an bonn a bhaint de shaoirse cainte na bhFeisirí.

Beidh feidhmiú na Rialach seo bunaithe ar lánurraim do shainchumais na bhFeisirí, faoi mar a leagtar síos sa dlí príomha agus i Reacht na bhFeisirí.

Beidh feidhmiú na Rialach seo bunaithe ar phrionsabal na trédhearcachta agus déanfar í a fheidhmiú ar shlí ina ndéantar na forálacha ábhartha a chur ar a súile go soiléir do na Feisirí, a gcuirfear a gcearta agus a n–oibleagáidí in iúl dóibh ina nduine agus ina nduine.

4.

Beidh na Caestóirí freagrach as pasanna ainmneacha a bheidh bailí ar feadh tréimhse bliana ar a mhéid a eisiúint chuig na daoine ar mian leo dul isteach in áitribh na Parlaiminte go minic chun faisnéis a sholáthar do na Feisirí faoi chuimsiú chreat a sainordaithe pharlaimintigh ar mhaithe leo féin nó ar mhaithe le tríú páirtithe.

Ar a shon sin, ceanglófar ar na daoine sin:

an cód iompair atá foilsithe mar iarscríbhinn a ghabhann leis na Rialacha Nós Imeachta seo a urramú (2),

an clár arna choinneáil ag na Caestóirí a shíniú.

Cuirfear an clár sin ar fáil don phobal, arna iarraidh sin, i ngach áit oibre de chuid na Parlaiminte agus, san fhoirm a bheidh leagtha síos ag na Caestóirí, ina cuid oifigí faisnéise sna Ballstáit.

Déanfar na forálacha lena rialófar feidhmiú na míre seo a leagan síos in iarscríbhinn a ghabhann leis na Rialacha Nós Imeachta seo (3).

5.

Déanfar cód iompair agus cearta agus pribhléidí iarFheisirí a leagan síos le cinneadh de chuid an Bhiúró. Ní dhéanfar aon idirdhealú sa tslí ina ndéileáiltear le hiarFheisirí.

Riail 10

Imscrúduithe inmheánacha arna seoladh ag an Oifig Eorpach Fhrith-Chalaoise (OLAF)

Maidir leis na rialacha coiteanna atá leagtha síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999, ar rialacha iad a bhaineann le himscrúduithe inmheánacha arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Fhrith-Chalaoise (OLAF) agus arb é atá iontu ná na bearta is gá chun reáchtáil réidh na n-imscrúduithe arna seoladh ag an Oifig a éascú, beidh siad infheidhme sa Pharlaimint, de bhun Chinneadh na Parlaiminte a ghabhann mar iarscríbhinn leis na Rialacha Nós Imeachta seo (4).

Riail 11

Breathnadóirí

1.

I gcás Conradh ar aontachas Stáit don Aontas Eorpach a bheith sínithe, féadfaidh an tUachtarán, tar éis comhaontú Chomhdháil na nUachtarán a fháil, a iarraidh ar pharlaimint an Stáit aontaithe líon áirithe breathnadóirí atá comhionann le líon na suíochán a leithdháilfear ar an Stát sin i bParlaimint na hEorpa ina dhiaidh sin a cheapadh as measc a comhaltaí féin.

2.

Glacfaidh na breathnadóirí sin páirt in imeachtaí na Parlaiminte fad a bheidh teacht i bhfeidhm an Chonartha Aontachais ar feitheamh, agus beidh ceart labhartha acu i gcoistí agus i ngrúpaí polaitiúla. Ní bheidh ceart acu chun vótáil a dhéanamh ná chun seasamh lena dtoghadh chuig poist sa Pharlaimint. Ní bheidh aon éifeacht dhlíthiúil ag a rannpháirtíocht ar imeachtaí na Parlaiminte.

3.

Déanfar an chóir a chuirfear orthu a asamhlú leis an gcóir a chuirtear ar Fheisire den Pharlaimint maidir le húsáid shaoráidí na Parlaiminte agus maidir le haisíoc caiteachas arna dtabhú ar a gcuid gníomhaíochtaí mar bhreathnadóirí.

4.

Beidh feidhm mutatis mutandis ag mír 1 go dtí go dtiocfaidh an socrú (5) i bhfeidhm trína leithroinntear líon áirithe suíochán breise sa Pharlaimint ar Bhallstáit áirithe go dtí deireadh an seachtú téarma parlaiminteach. Iarrfar ar na Ballstáit lena mbaineann breathnadóirí a ainmniú i gcomhréir lena ndlí náisiúnta.

CAIBIDIL 2

Oifigigh na Parlaiminte

Riail 12

An Cathaoirleach Sealadach

1.

Ag an suí dá bhforáiltear faoi Riail 134(2), agus ag aon suí eile a thionóltar chun an tUachtarán agus an Biúró a thoghadh, is é nó í an sean-Uachtarán, nó murab ann dó nó di, is duine de na seanLeas-Uachtaráin in ord tosaíochta, nó murab ann d’aon duine díobh sin, is é nó í an Feisire is faide i seilbh oifige, a rachaidh sa chathaoir go dtí go dtoghtar an tUachtarán.

2.

Ní dhéanfar aon ghnó fad a bheidh Feisire sa chathaoir go sealadach de bhua mhír 1 mura rud é go mbaineann sé le toghadh an Uachtaráin nó fíorú na ndintiúr.

Déanann an Feisire atá sa chathaoir go sealadach de bhua mhír 1 cumhachtaí an Uachtaráin dá dtagraítear sa dara fomhír de Riail 3(2) a fheidhmiú. Déantar aon ábhar eile a bhaineann le fíorú dintiúr agus a ardaítear nuair atá an Feisire sin sa chathaoir a tharchur chuig an gcoiste atá freagrach as fíorú na ndintiúr.

Riail 13

Ainmniúcháin agus forálacha ginearálta

1.

Déanfar an tUachtarán, na Leas-Uachtaráin agus na Caestóirí a thoghadh le ballóid rúnda, i gcomhréir le Riail 169. Is le toiliú na n-iarrthóirí a dhéanfar na hainmniúcháin. Ní fhéadfaidh ach grúpa polaitiúil nó 40 Feisire ar a laghad ainmniúcháin a dhéanamh. Mura mbeidh an líon ainmniúchán níos mó ná an líon suíochán a bheidh le líonadh, áfach, féadfar na hiarrthóirí a thoghadh d’aon gháir.

2.

Le linn an tUachtarán, na Leas-Uachtaráin agus na Caestóirí a thoghadh, is ceart aird a thabhairt ar an ngá lena chinntiú go bhfuil ionadaíocht chothrom fhoriomlán ann i leith Ballstát agus tuairimí polaitiúla.

Riail 14

Toghadh an Uachtaráin — aitheasc tosaigh

1.

Déanfar an tUachtarán a thoghadh ar dtús. Roimh gach ballóid, déanfar na hainmniúcháin a thabhairt don Fheisire atá sa chathaoir go sealadach de bhua Riail 12 agus fógróidh seisean nó sise don Pharlaimint iad. Más rud é, tar éis trí bhallóid, nach mbeidh tromlach glan de na vótaí a chaitear faighte ag aon iarrthóir, ní bheidh sa cheathrú ballóid ach an bheirt Fheisirí a fuair an líon is airde vótaí sa tríú ballóid. I gcás comhionannais vótaí, dearbhófar gurb é nó í an t-iarrthóir is sine atá tofa.

2.

A luaithe a thoghtar an tUachtarán, fágfaidh an Feisire atá sa chathaoir go sealadach de bhua Riail 12 an chathaoir. Is é an tUachtarán tofa amháin a fhéadfaidh aitheasc tosaigh a thabhairt.

Riail 15

Toghadh na Leas-Uachtarán

1.

Déanfar na Leas-Uachtaráin a thoghadh ansin ar pháipéar ballóide aonair. Maidir leis na daoine sin, suas go dtí ceithre dhuine dhéag, arb iad na daoine iad a gheobhaidh tromlach glan de na vótaí a chaitear ar an gcéad bhallóid, dearbhófar iad a bheith tofa in ord uimhriúil a gcuid vótaí. I gcás ina bhfuil an líon iarrthóirí a thoghtar níos lú ná an líon suíochán atá le líonadh, seolfar an dara ballóid faoi na coinníollacha céanna chun na suíocháin atá fágtha a líonadh. I gcás ina bhfuil gá leis an tríú ballóid, is leor tromlach coibhneasta chun na suíocháin atá fágtha a líonadh. I gcás comhionannais vótaí, dearbhófar gurb é nó í an t-iarrthóir is sine atá tofa.

Murab ionann agus Riail 14(1), cé nach ndéantar foráil go sainráite leis an Riail seo maidir le hainmniúcháin nua a thabhairt isteach idir ballóidí le linn thoghadh na Leas-Uachtarán, beidh gníomh den sórt sin incheadaithe mar nach mór don Pharlaimint, ós rud é gur comhlacht ceannasach í, a bheith in ann gach iarrthóir féideartha a mheas, go háirithe mar go bhféadfaí bac a chur ar sheoladh réidh an toghcháin mura mbeadh rogha den sórt sin ann.

2.

Faoi réir fhorálacha Riail 18(1), beidh tosaíocht ag na Leas-Uachtaráin san ord ina dtoghtar iad agus, i gcás comhionannais vótaí, de réir aoise.

I gcás nach dtoghtar le ballóid rúnda iad, is de réir an oird ina léifidh an tUachtarán a n-ainmneacha amach sa Teach a chinnfear an t-ord tosaíochta.

Riail 16

Toghadh na gCaestóirí

Tar éis thoghadh na Leas-Uachtarán, toghfaidh an Pharlaimint cúigear Caestóirí.

Déanfar an Caestóirí a thoghadh leis an nós imeachta céanna atá ann do thoghadh na Leas-Uachtarán.

Riail 17

Téarma oifige na nOifigeach

1.

Dhá bhliain go leith a bheidh i dtéarma oifige an Uachtaráin, na Leas-Uachtarán agus na gCaestóirí.

I gcás ina n-athraíonn Feisirí ó ghrúpa polaitiúil amháin go ceann eile, déanfaidh siad, ar feadh an chuid eile den téarma oifige dhá bhliain go leith, aon suíochán atá acu sa Bhiúró nó i gColáiste na gCaestóirí a choinneáil.

2.

Más rud é go dtarlaíonn folúntas do cheann amháin de na poist sin sula rachaidh an téarma sin in éag, ní fhónóidh an Feisire a thoghtar ach ar feadh na tréimhse a bheidh fágtha de théarma oifige a réamhtheachtaí.

Riail 18

Folúntais

1.

Más gá duine eile a chur in ionad an Uachtaráin, in ionad Leas-Uachtaráin nó in ionad Caestóra, toghfar a chomharba nó a comharba de réir na rialacha thuas.

Glacfaidh Leas-Uachtarán nuathofa ionad a réamhtheachtaí san ord tosaíochta.

2.

Más rud é go dtiocfaidh suíochán an Uachtaráin chun bheith folamh, gníomhóidh an chéad Leas-Uachtarán mar Uachtarán go dtí go dtoghtar Uachtarán nua.

Riail 19

Luath-fhoirceannadh oifige

Féadfaidh Comhdháil na nUachtarán, ag gníomhú le tromlach trí chúigiú de na vótaí a chaitear, agus ionadaíocht ó thrí ghrúpa pholaitiúla ar a laghad a bheith ann sna vótaí sin, togra a chur faoi bhráid na Parlaiminte go ndéanfaidh sí seilbh oifige an Uachtaráin, Leas-Uachtaráin, Caestóra, Cathaoirligh nó Leaschathaoirligh coiste, Cathaoirligh nó Leaschathaoirligh toscaireachta idirpharlaimintí, nó aon sealbhóra oifige eile arna thoghadh nó arna toghadh laistigh den Pharlaimint, a fhoirceannadh i gcás ina measann sí go bhfuil an Feisire atá i gceist ciontach i mí-iompar tromchúiseach. Ceadóidh an Pharlaimint togra den sórt sin le tromlach dhá thrian de na vótaí a chaitear, ach tromlach na gComhaltaí a chomhdhéanann í a bheith ann sa líon vótaí sin.

CAIBIDIL 3

Comhlachtaí agus dualgais

Riail 20

Dualgais an Uachtaráin

1.

Stiúrfaidh an tUachtarán gníomhaíochtaí go léir na Parlaiminte agus gníomhaíochtaí go léir a cuid comhlachtaí faoi na coinníollacha atá leagtha síos sna Rialacha seo agus teachtfaidh sé na cumhachtaí go léir is gá chun bheith i gceannas ar imeachtaí na Parlaiminte agus chun a chinntiú go ndéantar iad a sheoladh go cuí.

Is féidir an fhoráil seo a léirmhíniú mar riail a chiallaíonn go n–áirítear ar na cumhachtaí a thugtar léi an chumhacht chun deireadh a chur le húsáid iomarcach tairiscintí amhail pointí oird, tairiscintí nós imeachta, mínithe ar vóta agus iarrataí ar vóta ar leithligh, ar vóta deighilte nó ar vóta ar ghlaoch rolla i gcás inar deimhin leis an Uachtarán gur follasach go bhfuil na nithe sin beartaithe chun bac fada tromaí a chur ar imeachtaí an Tí nó ar chearta Feisirí eile, agus go mbeadh bac den sórt sin ann mar thoradh ar na nithe sin.

Áirítear ar na cumhachtaí a thugtar leis an bhforáil seo an chumhacht chun a chur faoi deara go ndéanfar vótáil ar théacsanna in ord seachas an t-ord atá leagtha amach sa doiciméad a bhfuil vótáil le déanamh ina leith. Dála mar is amhlaidh i gcás Riail 161(7), féadfaidh an tUachtarán comhaontú na Parlaiminte a lorg sula ndéanfaidh sé sin.

2.

Is iad na dualgais a bheidh ar an Uachtarán ná suíonna a oscailt, a chur ar fionraí agus a dhúnadh; rialú a dhéanamh ar inghlacthacht leasuithe, ar cheisteanna chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún, agus ar chomhréireacht tuarascálacha leis na Rialacha seo; a chinntiú go ndéantar de réir na Rialacha seo, ord a choinneáil, cainteoirí a ghairm, díospóireachtaí a dhúnadh, nithe a chur chun vóta agus torthaí na vótála a fhógairt; agus aon chumarsáid a bhaineann le coistí a tharchur chucu.

3.

Ní fhéadfaidh an tUachtarán labhairt i ndíospóireacht ach amháin chun achoimre a dhéanamh nó chun cainteoirí a ghairm chun oird. Más rud é gur mian leis páirt a ghlacadh i ndíospóireacht, fágfaidh sé an chathaoir agus ní fhillfidh uirthi go dtí go mbeidh an díospóireacht thart.

4.

Is é an tUachtarán a dhéanfaidh ionadaíocht thar ceann na Parlaiminte i gcaidreamh idirnáisiúnta, ar ócáidí searmanais agus i leith ábhar riaracháin, dlí agus airgeadais agus féadfaidh an tUachtarán na cumhachtaí sin a tharmligean.

Riail 21

Dualgais na Leas-Uachtarán

1.

Más rud é nach bhfuil an tUachtarán i láthair nó nach bhfuil ar a chumas a chuid dualgas a urscaoileadh, nó más rud é gur mian leis páirt a ghlacadh i ndíospóireacht de bhun Riail 20(3), glacfaidh duine de na Leas-Uachtaráin a ionad i gcomhréir le Riail 15(2).

2.

Déanfaidh na Leas-Uachtaráin na dualgais a thugtar dóibh faoi Riail 23, faoi Riail 25(3) agus (5) agus faoi Riail 68(3) a chomhlíonadh freisin.

3.

Féadfaidh an tUachtarán aon dualgais ar nós ionadaíocht a dhéanamh thar ceann na Parlaiminte ag searmanais shonracha nó i leith gníomhartha sonracha a tharmligean chuig na Leas-Uachtaráin. Go sonrach, féadfaidh an tUachtarán Leas-Uachtarán a ainmniú chun ceannas a ghlacadh ar na freagrachtaí a thugtar don Uachtarán i Riail 116(3) agus i Riail 117(2).

Riail 22

Comhdhéanamh an Bhiúró

1.

Beidh an Biúró comhdhéanta d’Uachtarán na Parlaiminte agus de 14 Leas-Uachtarán na Parlaiminte.

2.

Beidh na Caestóirí ina gcomhaltaí den Bhiúró i gcáil chomhairleach.

3.

Más é is toradh ar vótáil sa Bhiúró ná comhionannas vótaí, beidh an vóta réitigh ag an Uachtarán.

Riail 23

Dualgais an Bhiúró

1.

Comhlíonfaidh an Biúró na dualgais a shanntar dó faoi na Rialacha Nós Imeachta.

2.

Glacfaidh an Biúró cinntí airgeadais, eagrúcháin agus riaracháin ar nithe a bhaineann le heagrú inmheánach na Parlaiminte, a hArdrúnaíochta agus a comhlachtaí.

3.

Ar thogra ón Ardrúnaí nó ó ghrúpa polaitiúil, glacfaidh an Biúró cinntí airgeadais, eagrúcháin agus riaracháin ar nithe a bhaineann leis na Feisirí.

4.

Glacfaidh an Biúró cinntí ar nithe a bhaineann le seoladh suíonna.

Folaíonn an téarma “seoladh suíonna” iompar na bhFeisirí laistigh d’áitribh go léir na Parlaiminte.

5.

Glacfaidh an Biúró na forálacha dá dtagraítear i Riail 33 maidir le Feisirí Neamhcheangailte.

6.

Cinnfidh an Biúró plean bunaíochta na hArdrúnaíochta agus leagfaidh sé síos rialacháin maidir le staid riaracháin agus airgeadais na n-oifigeach agus na seirbhíseach eile.

7.

Tarraingeoidh an Biúró suas réamhdhréacht de mheastacháin bhuiséid na Parlaiminte.

8.

Glacfaidh an Biúró treoirlínte do na Caestóirí i gcomhréir le Riail 26.

9.

Is é an Biúró an t–údarás a bheidh freagrach as údarú a thabhairt maidir le cruinnithe coistí in áiteanna seachas na gnátháiteanna oibre, maidir le héisteachtaí agus maidir le haistir staidéir agus cuairteanna faisnéise ag rapóirtéirí.

I gcás ina n–údaraítear cruinnithe den sórt sin, cinnfear na socruithe teanga ar bhonn na dteangacha oifigiúla a úsáideann agus a iarrann comhaltaí agus comhaltaí ionaid an choiste lena mbaineann.

Beidh feidhm ag an bhforáil chéanna maidir le toscaireachtaí, ach amháin i gcás ina gcomhaontaíonn na comhaltaí agus na comhaltaí ionaid a mhalairt.

10.

Ceapfaidh an Biúró an tArdrúnaí i gcomhréir le Riail 207.

11.

Leagfaidh an Biúró síos na rialacha cur chun feidhme a bhaineann le Rialachán (CE) Uimh. 2004/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na rialacháin lena rialaítear páirtithe polaitiúla ar leibhéal Eorpach agus maidir leis na rialacha i ndáil lena maoiniú. Le linn an Rialachán sin a chur chun feidhme, glacfaidh sé air féin na cúraimí a thugtar dó leis na Rialacha Nós Imeachta seo.

12.

Déanfaidh an Biúró rialacha a leagan síos maidir leis an tslí ina ndéileálfaidh an Pharlaimint agus a comhlachtaí, sealbhóirí oifige agus Feisirí eile le faisnéis rúnda, agus aon chomhaontú idirinstitiúideach arna thabhairt i gcrích i ndáil le nithe den sórt sin á chur san áireamh. Déanfar na rialacha sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus cuirfear i gceangal leis na Rialacha Nós Imeachta seo iad mar iarscríbhinn.

13.

Féadfaidh an tUachtarán agus/nó an Biúró cúraimí ginearálta nó cúraimí sainiúla a thagann faoi réim inniúlacht an Uachtaráin agus/nó an Bhiúró a chur ar chomhalta amháin nó níos mó den Bhiúró. Ag an am céanna, leagfar síos na bealaí agus na slite chun na cúraimí sin a chur i gcrích.

14.

Ainmneoidh an Biúró beirt Leas-Uachtarán a mbeidh cur chun feidhme an chaidrimh leis na parlaimintí náisiúnta mar chúram orthu.

Tuairisceoidh siad go rialta do Chomhdháil na nUachtarán maidir lena ngníomhaíochtaí ina leith sin.

15.

Nuair a thoghtar Parlaimint nua, fanfaidh Biúró na seanPharlaiminte in oifig go dtí tráth an chéad suí den Pharlaimint nua.

Riail 24

Comhdhéanamh Chomhdháil na nUachtarán

1.

Beidh Comhdháil na nUachtarán comhdhéanta d’Uachtarán na Parlaiminte agus de Chathaoirligh na ngrúpaí polaitiúla. Féadfaidh Cathaoirleach grúpa pholaitiúil socrú a dhéanamh go bhfeidhmeoidh comhalta den ghrúpa sin thar a cheann nó thar a ceann.

2.

Iarrfaidh Uachtarán na Parlaiminte ar dhuine de na Feisirí neamhcheangailte freastal ar chruinnithe de chuid Chomhdháil na nUachtarán, ach ní bheidh aon cheart vótála ag an duine sin.

3.

Féachfaidh Comhdháil na nUachtarán le teacht ar chomhthoil faoi nithe a tharchuirtear chuige.

I gcás nach féidir teacht ar chomhthoil, vótálfar ar an ábhar faoi réir ualaithe atá bunaithe ar an líon Feisirí i ngach grúpa polaitiúil.

Riail 25

Dualgais Chomhdháil na nUachtarán

1.

Comhlíonfaidh Comhdháil na nUachtarán na dualgais a shanntar di faoi na Rialacha Nós Imeachta seo.

2.

Déanfaidh Comhdháil na nUachtarán cinntí ar eagrú obair na Parlaiminte agus ar nithe a bhaineann le pleanáil reachtach.

3.

Is í Comhdháil na nUachtarán an t-údarás atá freagrach as nithe a bhaineann leis an gcaidreamh le hinstitiúidí agus comhlachtaí eile an Aontais Eorpaigh agus le parlaimintí náisiúnta na mBallstát.

4.

Is í Comhdháil na nUachtarán an t-údarás atá freagrach as nithe a bhaineann leis an gcaidreamh le tíortha nach ballstáit iad agus le hinstitiúidí agus eagraíochtaí nach cuid den Aontas iad.

5.

Beidh Comhdháil na nUachtarán freagrach as comhairliúchán struchtúrtha a eagrú le sochaí shibhialta na hEorpa ar mhórthopaicí. D’fhéadfadh sé go n-áireofaí sa fhreagracht sin díospóireachtaí poiblí ar ábhair is díol spéise ginearálta Eorpaí a sheoladh ar díospóireachtaí iad a mbeadh saoránaigh leasmhara in ann páirt a ghlacadh iontu. Ceapfaidh an Biúró Leas-Uachtarán chun bheith freagrach as comhairliúcháin den sórt sin a chur chun feidhme agus tuairisceoidh an Leas-Uachtarán sin ar ais do Chomhdháil na nUachtarán.

6.

Tarraingeoidh Comhdháil na nUachtarán suas an dréacht de chlár oibre pháirtseisiúin na Parlaiminte.

7.

Is í Comhdháil na nUachtarán an t-údarás atá freagrach as comhdhéanamh agus inniúlacht na gcoistí, na gcoistí fiosrúcháin, na gcomhchoistí parlaiminteacha, na mbuantoscaireachtaí agus na dtoscaireachtaí ad hoc.

8.

Cinnfidh Comhdháil na nUachtarán, de bhun Riail 34, conas a leithroinnfear suíocháin sa Seomra.

9.

Is í Comhdháil na nUachtarán an t-údarás atá freagrach as údarú a thabhairt maidir le tarraingt suas tuarascálacha féintionscnaimh.

10.

Déanfaidh Comhdháil na nUachtarán tograí maidir le nithe riaracháin agus nithe buiséadacha a bhaineann leis na grúpaí polaitiúla a chur faoi bhráid an Bhiúró.

Riail 26

Dualgais na gCaestóirí

Beidh na Caestóirí freagrach as nithe riaracháin agus nithe airgeadais a bhaineann go díreach le Feisirí, i gcomhréir le treoirlínte arna leagan síos ag an mBiúró.

Riail 27

Comhdháil Chathaoirligh na gCoistí

1.

Beidh Comhdháil Chathaoirligh na gCoistí comhdhéanta de Chathaoirligh na mbuanchoistí nó na gcoistí sealadacha go léir. Toghfaidh sí a Cathaoirleach féin.

I gcás nach bhfuil an Cathaoirleach i láthair, rachaidh an Feisire is sine i gceannas ar an gcruinniú den Chomhdháil nó, i gcás nach bhfuil an Feisire sin i láthair, rachaidh an Feisire is sine atá i láthair i gceannas ar an gcruinniú.

2.

Féadfaidh Comhdháil Chathaoirligh na gCoistí moltaí a chur faoi bhráid Chomhdháil na nUachtarán faoi obair na gcoistí agus faoi dhréachtú chlár oibre na bpáirtseisiún.

3.

Féadfaidh an Biúró agus Comhdháil na nUachtarán a threorú do Chomhdháil Chathaoirligh na gCoistí cúraimí sonracha a chomhall.

Riail 28

Comhdháil Chathaoirligh na dToscaireachtaí

1.

Beidh Comhdháil Chathaoirligh na dToscaireachtaí comhdhéanta de Chathaoirligh na mbuantoscaireachtaí idirpharlaiminteacha go léir. Toghfaidh sí a Cathaoirleach féin.

I gcás nach bhfuil an Cathaoirleach i láthair, rachaidh an Feisire is sine i gceannas ar an gcruinniú den Chomhdháil nó, i gcás nach bhfuil an Feisire sin i láthair, rachaidh an Feisire is sine atá i láthair i gceannas ar an gcruinniú.

2.

Féadfaidh Comhdháil Chathaoirligh na dToscaireachtaí moltaí a chur faoi bhráid Chomhdháil na nUachtarán maidir le hobair na dtoscaireachtaí.

3.

Féadfaidh an Biúró agus Comhdháil na nUachtarán a threorú do Chomhdháil Chathaoirligh na dToscaireachtaí cúraimí sonracha a chomhall.

Riail 29

Cuntasacht an Bhiúró agus Chomhdháil na nUachtarán

1.

Déanfar miontuairiscí an Bhiúró agus Chomhdháil na nUachtarán a aistriú isteach sna teangacha oifigiúla, a chló agus a dháileadh ar na Feisirí Parlaiminte go léir agus beidh rochtain ag an bpobal orthu, mura rud é, ar chúiseanna rúndachta, mar atá leagtha síos in Airteagal 4(1) go (4) de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, go gcinnfidh an Biúró nó Comhdháil na nUachtarán a mhalairt, go heisceachtúil, maidir le míreanna áirithe de na miontuairiscí.

2.

Féadfaidh aon Fheisire ceisteanna a chur a bhaineann le hobair an Bhiúró, obair Chomhdháil na nUachtarán agus obair na gCaestóirí. Cuirfear ceisteanna den sórt sin faoi bhráid an Uachtaráin i scríbhinn, fógrófar do na Feisirí iad agus déanfar iad a fhoilsiú, maille leis na freagraí a thugtar orthu, ar láithreán gréasáin na Parlaiminte laistigh de 30 lá ón tráth a chuirtear síos iad.

CAIBIDIL 4

Grúpaí polaitiúla

Riail 30

Bunú na ngrúpaí polaitiúla

1.

Féadfaidh na Feisirí iad féin a bhunú i ngrúpaí de réir a gcleamhnachtaí polaitiúla.

Ní bheidh call don Pharlaimint de ghnáth meastóireacht a dhéanamh ar chleamhnacht pholaitiúil comhaltaí grúpa. Nuair a bhunaíonn Feisirí grúpa le chéile faoin Riail seo, glacann na Feisirí lena mbaineann leis, uaidh sin, go bhfuil cleamhnacht pholaitiúil eatarthu. Más rud é go séanfaidh na Feisirí lena mbaineann nach amhlaidh atá, is sa chás sin amháin a bheidh ar an bParlaimint a mheas an ndearnadh an grúpa a chomhdhéanamh i gcomhréir leis na Rialacha.

2.

Beidh grúpa polaitiúil comhdhéanta d’Fheisirí arna dtoghadh sa cheathrú cuid ar a laghad de na Ballstáit. 25 Feisire a bheidh sa líon íosta Feisirí is gá chun grúpa polaitiúil a bhunú.

3.

Má thiteann grúpa polaitiúil faoin tairseach is gá, féadfaidh an tUachtarán, le comhaontú Chomhdháil na nUachtarán, cead a thabhairt don ghrúpa lena mbaineann leanúint de bheith ar marthain go dtí an chéad suí bunaithe eile de chuid na Parlaiminte, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

go leanann a líon feisirí de bheith ionadaitheach don chúigiú cuid ar a laghad de na Ballstáit,

go bhfuil an grúpa ar marthain ar feadh tréimhse is faide ná aon bhliain amháin.

Ní chuirfidh an tUachtarán an maolú seo i bhfeidhm i gcás ina bhfuil dóthain fianaise ann is ábhar d’amhras go bhfuil drochúsáid á baint as.

4.

Ní fhéadfaidh Feisire a bheith i níos mó ná grúpa polaitiúil amháin.

5.

Nuair a chuirtear grúpa polaitiúil ar bun, cuirfear an méid sin in iúl don Uachtarán i ráiteas. Déanfar ainm an ghrúpa, ainmneacha a chomhaltaí agus ainmneacha chomhaltaí a bhiúró a shonrú sa ráiteas sin.

6.

Foilseofar an ráiteas in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Riail 31

Gníomhaíochtaí agus staid dhlíthiúil na ngrúpaí polaitiúla

1.

Déanfaidh na grúpaí polaitiúla a gcuid dualgas a chomhall mar chuid de ghníomhaíochtaí an Aontais, lena n-áirítear na cúraimí a leithroinntear orthu leis na Rialacha Nós Imeachta seo. Déanfar rúnaíocht ar bhonn phlean bunaíochta na hArdrúnaíochta, saoráidí riaracháin agus na leithreasaí a thaifeadfar chun na críche sin i mbuiséad na Parlaiminte a sholáthar do na grúpaí polaitiúla.

2.

Leagfaidh an Biúró síos na rialacha a bhaineann le soláthar, cur chun feidhme agus faireachán na saoráidí agus na leithreasaí sin, chomh maith le rialacha a bhaineann le tarmligean gaolmhar chumhachtaí cur chun feidhme an bhuiséid.

3.

Leis na rialacha sin, cinnfear na hiarmhairtí riaracháin agus airgeadais a bheidh ann i gcás ina ndéantar grúpa polaitiúil a dhíscaoileadh.

Riail 32

Idirghrúpaí

1.

Féadfaidh feisirí aonair idirghrúpaí a bhunú le grúpálacha neamhoifigiúla eile Feisirí chun malartú neamhfhoirmiúil tuairimí a dhéanamh maidir le saincheisteanna sonracha, ar malartú é a mbeidh grúpaí éagsúla polaitiúla agus comhaltaí de choistí éagsúla parlaiminteacha páirteach ann, agus chun teagmháil idir Feisirí agus an tsochaí shibhialta a chur chun cinn.

2.

Ní fhéadfaidh grúpálacha den sórt sin gabháil d’aon ghníomhaíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis lena cheapadh gurb ionann iad agus gníomhaíochtaí oifigiúla de chuid na Parlaiminte nó a cuid comhlachtaí. Ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha arna leagan síos i rialacha lena rialaítear bunú grúpálacha den sórt sin agus arna nglacadh ag an mBiúró, féadfaidh grúpaí polaitiúla a gcuid gníomhaíochtaí a éascú trí thacaíocht lóistíochta a sholáthar. Dearbhóidh grúpálacha den sórt sin aon tacaíocht sheachtrach i gcomhréir le hIarscríbhinn I.

Riail 33

Feisirí neamhcheangailte

1.

Soláthrófar rúnaíocht d’Fheisirí nach mbaineann le grúpa polaitiúil. Déanfaidh an Biúró, ar thogra ón Ardrúnaí, na socruithe mionsonraithe a leagan síos.

2.

Déanfaidh an Biúró stádas agus cearta parlaiminteacha na bhFeisirí sin a chinneadh.

3.

Leagfaidh an Biúró síos na rialacha a bhainfidh le soláthar, cur chun feidhme agus iniúchadh na leithreasaí a thaifeadfar i mbuiséad na Parlaiminte chun costais rúnaíochta agus saoráidí riaracháin na bhFeisirí neamhcheangailte a chlúdach.

Riail 34

Leithroinnt na suíochán sa Seomra

Cinnfidh Comhdháil na nUachtarán conas a bheidh suíocháin sa Seomra le leithroinnt ar na grúpaí polaitiúla, ar na Feisirí Neamhcheangailte agus ar institiúidí an Aontais Eorpaigh.

TEIDEAL II

NÓSANNA IMEACHTA REACHTACHA, BUISÉADACHA AGUS EILE

CAIBIDIL 1

Nósanna imeachta reachtacha — forálacha ginearálta

Riail 35

Clár Oibre an Choimisiúin

1.

Oibreoidh an Pharlaimint in éineacht leis an gCoimisiún agus leis an gComhairle chun pleanáil reachtach an Aontais Eorpaigh a chinneadh.

Comhoibreoidh an Pharlaimint agus an Coimisiún le chéile le linn Clár Oibre an Choimisiúin a ullmhú — is é sin, rannchuidiú an Choimisiúin i ndáil le cláir oibre bhliantúla agus ilbhliantúla an Aontais — i gcomhréir leis an tráthchlár agus na socruithe atá comhaontaithe idir an dá institiúid agus atá ag gabháil leis na Rialacha Nós Imeachta seo mar iarscríbhinn (6).

2.

In imthosca práinneacha agus gan choinne, féadfaidh institiúid, ar a tionscnamh féin agus i gcomhréir leis na nósanna imeachta atá leagtha síos sna Conarthaí, a mholadh go gcuirfear beart reachtach leis na bearta sin atá molta i gClár Oibre an Choimisiúin.

3.

Déanfaidh an tUachtarán an rún arna ghlacadh ag an bParlaimint a chur ar aghaidh chuig na hinstitiúidí eile atá páirteach i nós imeachta reachtach an Aontais Eorpaigh agus chuig parlaimintí na mBallstát.

Iarrfaidh an tUachtarán ar an gComhairle tuairim a thabhairt ar Chlár Oibre an Choimisiúin agus ar rún na Parlaiminte.

4.

I gcás nach bhfuil institiúid in ann an tráthchlár atá leagtha síos a chomhlíonadh, tá sé de cheangal uirthi na cúiseanna atá leis an moill a chur in iúl do na hinstitiúidí eile agus tráthchlár nua a mholadh.

Riail 36

Urraim do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh

1.

Déanfaidh an Pharlaimint, ina cuid gníomhaíochtaí uile, na cearta bunúsacha mar atá leagtha síos i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a urramú go hiomlán.

Déanfaidh an Pharlaimint na cearta agus na prionsabail atá cumhdaithe in Airteagal 2 agus in Airteagal 6(2) agus (3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach a urramú go hiomlán freisin.

2.

I gcás ina bhfuil an coiste atá freagrach as an ábhar, grúpa polaitiúil nó 40 Feisire ar a laghad den tuairim nach gcomhlíonann togra le haghaidh gnímh reachtaigh, nó codanna de thogra den sórt sin, na cearta atá cumhdaithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, déanfar an t-ábhar, arna iarraidh sin dóibh, a tharchur chuig an gcoiste atá freagrach as an gCairt a léiriú. Déanfar tuairim an choiste sin a chur i gceangal le tuarascáil an choiste atá freagrach as an ábhar.

Riail 37

An bunús dlí a fhíorú

1.

I gcás gach togra le haghaidh gníomhartha reachtacha, agus i gcás gach doiciméid eile de chineál reachtach, déanfaidh an coiste atá freagrach as an ábhar an bunús dlí a fhíorú ar dtús.

2.

Má dhíospóideann an coiste sin bailíocht nó oiriúnacht an bhunúis dlí, lena n-áirítear an bunús dlí i gcomhthéacs an fhíoraithe faoi Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, iarrfaidh sé tuairim ar an gcoiste atá freagrach as gnóthaí dlíthiúla.

3.

Féadfaidh an coiste atá freagrach as gnóthaí dlíthiúla freisin, ar a thionscnamh féin, ceisteanna a ardú a bhaineann le bunús dlí na dtograí le haghaidh gníomhartha reachtacha. I gcásanna den sórt sin, cuirfidh sé an coiste atá freagrach as an ábhar ar an eolas go cuí.

4.

Má chinneann an coiste atá freagrach as gnóthaí dlíthiúla bailíocht nó oiriúnacht an bhunúis dlí a dhíospóid, tuairisceoidh sé a chuid conclúidí don Pharlaimint. Vótálfaidh an Pharlaimint air sin sula ndéantar vótáil ar shubstaint an togra.

5.

Maidir le leasuithe arna gcur síos sa Pharlaimint chun bunús dlí togra le haghaidh gnímh reachtaigh a athrú, gan an coiste atá freagrach as an ábhar nó an coiste atá freagrach as gnóthaí dlíthúla a bheith tar éis bailíocht nó oiriúnacht an bhunúis dlí a dhíospóid, ní bheidh siad inghlactha.

6.

Mura n-aontaíonn an Coimisiún modhnú a dhéanamh ar a thogra chun bheith de réir an bhunúis dlí arna fhormheas ag an bParlaimint, féadfaidh rapóirtéir nó Cathaoirleach an choiste atá freagrach as gnóthaí dlíthiúla nó an choiste atá freagrach as an ábhar a mholadh go gcuirfear an vótáil ar shubstaint an togra ar atráth go dtí suí ina dhiaidh sin.

Riail 37a

Cumhachtaí reachtacha a tharmligean

1.

Le linn don Pharlaimint grinnscrúdú a dhéanamh ar thogra le haghaidh gnímh reachtaigh lena dtarmligtear cumhachtaí chuig an gCoimisiún, de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tabharfaidh sí aird ar leith ar chuspóirí, inneachar, raon feidhme agus ré an tarmligin agus ar na coinníollacha a mbeidh an tarmligean sin faoina réir.

2.

Féadfaidh an coiste atá freagrach as an ábhar tuairim an choiste atá freagrach as léirmhíniú agus cur i bhfeidhm dhlí an Aontais a iarraidh aon tráth.

3.

Féadfaidh an coiste atá freagrach as léirmhíniú agus cur i bhfeidhm dhlí an Aontais, ar a thionscnamh féin, déileáil freisin le ceisteanna maidir le tarmligean cumhachtaí reachtacha. I gcásanna den sórt sin, cuirfidh sé an coiste atá freagrach as an ábhar ar an eolas go cuí.

Riail 38

Comhréireacht airgeadais a fhíorú

1.

I gcás ina bhfuil impleachtaí airgeadais ag gabháil le togra le haghaidh gnímh reachtaigh, suífidh an Pharlaimint an bhfuil acmhainní dóthanacha airgeadais á soláthar.

2.

Gan dochar do Riail 43, déanfaidh an coiste atá freagrach as an ábhar fíorú i ndáil le comhréireacht airgeadais aon togra le haghaidh gnímh reachtaigh, nó comhréireacht airgeadais aon doiciméid eile de chineál reachtach, leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil.

3.

I gcás ina leasaíonn an coiste atá freagrach as an ábhar dearlaic airgeadais an ghnímh atá á bhreithniú aige, iarrfaidh sé tuairim an choiste atá freagrach as saincheisteanna buiséadacha.

4.

Féadfaidh an coiste atá freagrach as saincheisteanna buiséadacha, ar a thionscnamh féin, ceisteanna a ardú freisin ar ceisteanna iad a bhaineann le comhréireacht airgeadais tograí le haghaidh gníomhartha reachtacha. I gcásanna den sórt sin, cuirfidh sé an coiste atá freagrach as an ábhar ar an eolas go cuí.

5.

Má chinneann an coiste atá freagrach as saincheisteanna buiséadacha comhréireacht airgeadais an togra a dhíospóid, tuairisceoidh sé a chuid conclúidí don Pharlaimint agus vótálfaidh an Pharlaimint orthu.

6.

Féadfaidh an Pharlaimint gníomh a dhearbhaítear a bheith neamhréireach a ghlacadh, ach sin faoi réir chinntí an Údaráis Bhuiséadaigh.

Riail 38a

Scrúdú a dhéanamh ar urraim do phrionsabal na coimhdeachta

1.

Le linn an scrúdaithe ar thogra le haghaidh gnímh reachtaigh, tabharfaidh an Pharlaimint aird ar leith ar urraim do phrionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta.

2.

Féadfaidh an coiste atá freagrach as urraim do phrionsabal na coimhdeachta a chinneadh moltaí a thabhairt ar aird don choiste atá freagrach as an ábhar i ndáil le haon togra le haghaidh gnímh reachtaigh.

3.

Má sheolann parlaimint náisiúnta tuairim réasúnaithe chuig an Uachtarán i gcomhréir le hAirteagal 3 den Phrótacal maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach agus i gcomhréir le hAirteagal 6 den Phrótacal maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm, tarchuirfear an doiciméad sin chuig an gcoiste atá freagrach as an ábhar agus cuirfear ar aghaidh é mar eolas chuig an gcoiste atá freagrach as urraim do phrionsabal na coimhdeachta.

4.

Ach amháin sna cásanna práinne dá dtagraítear in Airteagal 4 den Phrótacal maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, ní rachaidh an coiste atá freagrach as an ábhar ar aghaidh lena vótáil chríochnaitheach sula rachaidh an tréimhse ocht seachtaine in éag mar atá leagtha síos in Airteagal 6 den Phrótacal maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm.

5.

I gcás inarb ionann líon na dtuairimí réasúnaithe á rá nach gcomhlíonann togra le haghaidh gnímh reachtaigh prionsabal na coimhdeachta agus trian ar a laghad de na vótaí uile arna leithroinnt ar na parlaimintí náisiúnta nó an ceathrú cuid de na vótaí sin i gcás togra le haghaidh gnímh reachtaigh arna thíolacadh ar bhonn Airteagal 76 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ní ghlacfaidh an Pharlaimint cinneadh go dtí go gcuirfidh údar an togra in iúl conas a bheartaíonn sé leanúint ar aghaidh.

6.

Más rud é, faoin ngnáthnós imeachta reachtach, gurb ionann líon na dtuairimí réasúnaithe á rá nach gcomhlíonann togra le haghaidh gnímh reachtaigh prionsabal na coimhdeachta agus tromlach simplí ar a laghad de na vótaí uile arna leithroinnt ar na parlaimintí náisiúnta, féadfaidh an coiste atá freagrach as an ábhar, tar éis dó na tuairimí réasúnaithe arna dtíolacadh ag na parlaimintí náisiúnta agus ag an gCoimisiún a bhreithniú, agus tar éis dó éisteacht a thabhairt do thuairimí an choiste atá freagrach as urraim do phrionsabal na coimhdeachta, moladh a dhéanamh don Pharlaimint an togra a dhiúltú ar an bhforas go sáraítear prionsabal na coimhdeachta nó féadfaidh sé aon mholadh eile a chur faoi bhráid na Parlaiminte ar moladh é a bhféadfaidh barúlacha a bheith ann maidir le leasuithe a bhaineann le hurraim do phrionsabal na coimhdeachta. Déanfar an tuairim a thabharfaidh an coiste atá freagrach as urraim do phrionsabal na coimhdeachta a chur i gceangal le haon mholadh den sórt sin.

Cuirfear an moladh sin faoi bhráid na Parlaiminte i gcomhair díospóireachta agus vótála. Má dhéantar moladh chun diúltú don togra a ghlacadh le tromlach na vótaí a chaitear, dearbhóidh an tUachtarán go bhfuil an nós imeachta tugtha chun críche. I gcás nach ndiúltaíonn an Pharlaimint don togra, leanfaidh an nós imeachta ar aghaidh, agus aon mholtaí a fhormheasfaidh an Pharlaimint á gcur san áireamh.

Riail 39

Rochtain ar dhoiciméid agus faisnéis a sholáthar don Pharlaimint

1.

Déanfaidh an Pharlaimint agus a cuid coistí, ar fud an nós imeachta reachtaigh, rochtain ar na doiciméid go léir a bhaineann le tograí le haghaidh gníomhartha reachtacha a iarraidh faoi na coinníollacha céanna atá i gceist i gcás na Comhairle agus a cuid meithleacha oibre.

2.

Le linn togra le haghaidh gnímh reachtaigh a bheith á scrúdú, iarrfaidh an coiste freagrach ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle é a choimeád ar an eolas faoin dul chun cinn ar an togra sin sa Chomhairle agus ina meithleacha oibre agus, go háirithe, é a chur ar an eolas faoi aon chomhghéilleadh a thagann chun cinn agus lena ndéanfar an togra bunaidh a leasú go substaintiúil nó faoi é a bheith ar intinn ag údar an togra a thogra a tharraingt siar.

Riail 40

Ionadaíocht na Parlaiminte i gcruinnithe den Chomhairle

I gcás ina n-iarrann an Chomhairle ar an bParlaimint páirt a ghlacadh i gcruinniú den Chomhairle ar cruinniú é ina ngníomhaíonn an Chomhairle i gcáil reachtach, iarrfaidh an tUachtarán ar Chathaoirleach nó ar rapóirtéir an choiste fhreagraigh, nó ar Fheisire eile a bheidh ainmnithe ag an gcoiste, ionadaíocht a dhéanamh thar ceann na Parlaiminte.

Riail 41

Cearta tionscnaimh arna dtabhairt don Pharlaimint leis na Conarthaí

I gcásanna ina dtugann na Conarthaí ceart tionscnaimh don Pharlaimint, féadfaidh an coiste freagrach a chinneadh tuarascáil féintionscnaimh a tharraingt suas.

Is é a bheidh sa tuarascáil:

(a)

tairiscint i gcomhair rúin;

(b)

más cuí, dréachtchinneadh nó dréacht-togra;

(c)

ráiteas míniúcháin lena n-áirítear, más cuí, ráiteas airgeadais.

Más rud é go mbeidh formheas nó toiliú na Comhairle agus tuairim nó toiliú an Choimisiúin de dhíth chun go nglacfaidh an Pharlaimint gníomh, féadfaidh an Pharlaimint, tar éis vóta a chaitheamh ar an ngníomh beartaithe agus ar thogra ón rapóirtéir, a chinneadh an vóta ar thairiscint i gcomhair rúin a chur ar atráth go dtí go mbeidh a seasamh ina leith tugtha ag an gComhairle nó ag an gCoimisiún.

Riail 42

Tionscnamh de bhun Airteagal 225 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

1.

Féadfaidh an Pharlaimint a iarraidh ar an gCoimisiún, de bhun Airteagal 225 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, aon togra cuí maidir le gníomh nua a ghlacadh nó maidir le leasú aon ghnímh atá ann cheana a chur faoina bráid trí rún a ghlacadh ar bhonn tuarascála féintionscnaimh ón gcoiste freagrach arna tarraingt suas ag an gcoiste freagrach i gcomhréir le Riail 48. Glacfar an rún le tromlach na bhFeisirí a chomhdhéanann an Pharlaimint sa vóta críochnaitheach. Féadfaidh an Pharlaimint, ag an am céanna, spriocam a shocrú do thíolacadh togra den sórt sin.

2.

Féadfaidh aon Fheisire togra i gcomhair gnímh Aontais a chur síos ar bhonn an chirt tionscnaimh arna dheonú don Pharlaimint faoi Airteagal 225 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

3.

Cuirfear an togra faoi bhráid an Uachtaráin agus tarchuirfidh an tUachtarán chuig an gcoiste freagrach é lena bhreithniú. Sula ndéantar an tarchur sin, déanfar an togra a aistriú go dtí na teangacha oifigiúla sin a mheasann Cathaoirleach an choiste sin a bheith riachtanach chun gur féidir breithniú achomair a dhéanamh ina leith. Déanfaidh an coiste cinneadh i dtaobh tuilleadh gníomhaíochta laistigh de thrí mhí ón tráth a tharchuirtear é agus tar éis éisteacht a thabhairt d’údar an togra.

I gcás ina gcinnfidh an coiste an togra a chur faoi bhráid na Parlaiminte i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha amach i Riail 48, déanfar údar an togra a ainmniú i dteideal an togra.

4.

Léireoidh rún na Parlaiminte an bunús dlí cuí agus beidh moltaí mionsonraithe i dteannta leis maidir lena bhfuil sna tograí a éilítear, agus urramófar cearta bunúsacha agus prionsabal na coimhdeachta.

5.

I gcás ina bhfuil impleachtaí airgeadais ag gabháil le togra, léireoidh an Pharlaimint conas is féidir acmhainní dóthanacha airgeadais a sholáthar.

6.

Déanfaidh an coiste freagrach faireachán ar an dul chun cinn maidir le hullmhú aon togra le haghaidh gnímh bheartaithe reachtaigh a tharraingítear suas tar éis iarrata ar leith ón bParlaimint.

Riail 43

Doiciméid reachtacha a bhreithniú

1.

Déanfaidh an tUachtarán tograí le haghaidh gníomhartha reachtacha agus doiciméid eile de chineál reachtach a tharchur chuig an gcoiste freagrach lena mbreithniú.

I gcásanna amhrais, féadfaidh an tUachtarán Riail 188(2) a chur i bhfeidhm sula ndéantar an tarchur chuig an gcoiste freagrach a fhógairt sa Pharlaimint.

I gcásanna ina bhfuil togra liostaithe i gClár Oibre an Choimisiúin, féadfaidh an coiste freagrach a chinneadh rapóirtéir a cheapadh chun céim ullmhúcháin an togra a leanúint.

Déanfaidh an tUachtarán comhairliúcháin ón gComhairle nó iarrataí ón gCoimisiún ar thuairim a chur ar aghaidh chuig an gcoiste freagrach le go ndéanfaidh sé breithniú ar an togra lena mbaineann.

Maidir leis na forálacha don chéad léamh, mar atá leagtha amach i Rialacha 36 go 42, i Rialacha 53 go 59 agus i Riail 71, beidh feidhm acu maidir le tograí le haghaidh gníomhartha reachtacha is cuma cibé acu léamh amháin, dhá léamh nó trí léamh is gá ina leith.

2.

Déanfar seasaimh ón gComhairle a tharchur i gcomhair a mbreithnithe chuig an gcoiste freagrach ag an gcéad léamh.

Maidir leis na forálacha don dara léamh, mar atá leagtha amach i Rialacha 61 go 66 agus i Riail 72, beidh feidhm acu maidir le seasaimh ón gComhairle.

3.

I rith an nós imeachta idir-réitigh idir an Pharlaimint agus an Chomhairle tar éis an dara léamh, ní dhéanfar aon tarchur ar ais chuig an gcoiste.

Maidir leis na forálacha don tríú léamh, mar atá leagtha amach i Riail 67, i Riail 68 agus i Riail 69, beidh feidhm acu maidir leis an nós imeachta idir-réitigh.

4.

Ní bheidh feidhm ag Rialacha 45, 46, 49, 55(1) agus (3), 56, 57 agus 175 i rith an dara léamh agus an tríú léamh.

5.

I gcás foráil de na Rialacha Nós Imeachta a bhaineann leis an dara léamh agus leis an tríú léamh a bheith ar neamhréir le haon fhoráil eile de na Rialacha, beidh forlámhas ag an bhforáil a bhaineann leis an dara léamh agus leis an tríú léamh.

Riail 44

Nósanna imeachta reachtacha maidir le tionscnaimh a thagann ó Bhallstáit

1.

Maidir le tionscnaimh a thagann ó Bhallstáit de bhun Airteagal 76 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, déileálfar leo de bhun na Rialach seo agus Rialacha 36 go 39, Riail 43 agus Riail 55.

2.

Féadfaidh an coiste freagrach a iarraidh ar ionadaithe de chuid na mBallstát tionscnaimh a dtionscnamh a thíolacadh don choiste. Féadfaidh Uachtaránacht na Comhairle a bheith i dteannta na n-ionadaithe.

3.

Sula dtéann an coiste freagrach ar aghaidh leis an vótáil, fiafróidh sé den Choimisiún an bhfuil tuairim ar an tionscnamh á hullmhú aige. Má tá, ní ghlacfaidh an coiste a thuarascáil sula bhfaighidh sé tuairim an Choimisiúin.

4.

I gcás ina ndéantar dhá thogra nó níos mó, arna dtionscnamh ag an gCoimisiún agus/nó ag Ballstáit, ar tograí iad a bhfuil an cuspóir reachtach céanna acu, a chur faoi bhráid na Parlaiminte ag an am céanna nó laistigh de thréimhse ghearr ama óna chéile, déileálfaidh an Pharlaimint leo i dtuarascáil aonair. Léireoidh an coiste freagrach, ina thuarascáil, cén téacs a bhfuil leasuithe molta aige ina leith agus tagróidh sé do gach téacs eile sa rún reachtach.

CAIBIDIL 2

An nós imeachta sa choiste

Riail 45

Tuarascálacha reachtacha

1.

Déanfaidh Cathaoirleach an choiste a ndéantar togra le haghaidh gnímh reachtaigh a tharchur chuige an nós imeachta a bheidh le leanúint a mholadh don choiste sin.

2.

Tar éis cinneadh a ghlacadh ar an nós imeachta a bheidh le leanúint, agus mura bhfuil feidhm ag Riail 46, déanfaidh an coiste rapóirtéir ar an togra le haghaidh gnímh reachtaigh a cheapadh as measc a chomhaltaí nó a mbuanchomhaltaí ionaid mura mbeidh sé sin déanta cheana ar bhonn Chlár Oibre an Choimisiúin arna chomhaontú faoi Riail 35.

3.

Is é a bheidh i dtuarascáil an choiste:

(a)

leasuithe, más ann, ar an togra mar aon le réasúnuithe gearra, más cuí, ar réasúnuithe iad a mbeidh an rapóirtéir freagrach astu agus nach ndéanfar vótáil orthu;

(b)

dréachtrún reachtach, i gcomhréir le Riail 55(2);

(c)

más cuí, ráiteas míniúcháin, lena n-áirítear ráiteas airgeadais ina suitear méid aon tionchair airgeadais a ghabhann leis an tuarascáil agus comhréireacht na tuarascála leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil.

Riail 46

Nós imeachta simplithe

1.

Tar éis an chéad phlé ar thogra le haghaidh gnímh reachtaigh, féadfaidh an Cathaoirleach a mholadh go bhformheasfar é gan aon leasú. Mura rud é go gcuireann an deichiú cuid ar a laghad de chomhaltaí an choiste ina aghaidh, tíolacfaidh an Cathaoirleach tuarascáil don Pharlaimint ag formheas an togra. Beidh feidhm ag Riail 138(1), an dara fomhír, (2) agus (4).

2.

Mar mhalairt air sin, féadfaidh an Cathaoirleach a mholadh go ndréachtóidh an Cathaoirleach nó an rapóirtéir sraith leasuithe ina léirítear plé an choiste. Má chomhaontaíonn an coiste amhlaidh, cuirfear na leasuithe sin chuig comhaltaí an choiste. Mura rud é go gcuireann an deichiú cuid ar a laghad de chomhaltaí an choiste in aghaidh na sraithe leasuithe sin laistigh de theorainn ama réamhshocraithe nach giorra ná 21 lá ó dháta seolta na leasuithe, measfar an tuarascáil a bheith arna glacadh ag an gcoiste. Sa chás sin, cuirfear an dréachtrún reachtach agus na leasuithe faoi bhráid na Parlaiminte gan díospóireacht de bhun Riail 138(1), an dara fomhír, (2) agus (4).

3.

Más rud é go gcuireann an deichiú cuid ar a laghad de chomhaltaí an choiste in aghaidh na sraithe leasuithe, déanfar vótáil ar na leasuithe ag an gcéad chruinniú eile den choiste.

4.

Beidh feidhm mutatis mutandis ag an gcéad abairt agus ag an dara habairt de mhír 1, ag an gcéad abairt, ag an dara habairt agus ag an tríú habairt de mhír 2 agus ag mír 3 maidir le tuairimí an choiste de réir bhrí Riail 49.

Riail 47

Tuarascálacha neamhreachtacha

1.

I gcás ina dtarraingíonn coiste tuarascáil neamhreachtach suas, ceapfaidh sé rapóirtéir as measc a chomhaltaí nó a bhuanchomhaltaí ionaid.

2.

Beidh an rapóirtéir freagrach as tuarascáil an choiste a ullmhú agus as an tuarascáil sin a thíolacadh don Pharlaimint thar ceann an choiste.

3.

Is é a bheidh i dtuarascáil an choiste:

(a)

tairiscint i gcomhair rúin;

(b)

ráiteas míniúcháin lena n-áirítear ráiteas airgeadais ina suitear méid aon tionchair airgeadais a ghabhann leis an tuarascáil agus comhréireacht na tuarascála leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil;

(c)

téacsanna aon tairiscintí i gcomhair rún atá le cur san áireamh faoi Riail 120(4).

Riail 48

Tuarascálacha Féintionscnaimh

1.

Aon choiste a bhfuil sé ar intinn aige tuarascáil a tharraingt suas agus tairiscint i gcomhair rúin a chur faoi bhráid na Parlaiminte ar ábhar a thagann faoi réim a inniúlachta ach nach bhfuil comhairliúchán ná iarraidh ar thuairim ina leith tarchurtha chuige faoi Riail 188(1), ní fhéadfaidh sé déanamh amhlaidh ach amháin le húdarú ó Chomhdháil na nUachtarán. I gcás ina gcoinnítear údarú den sórt sin siar, ní mór an chúis a lua i gcónaí. Más rud é gurb é ábhar na tuarascála togra arna chur síos ag Feisire de bhun Riail 42(2), ní fhéadfar údarú a choinneáil siar ach amháin i gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha amach in Airteagal 5 de Reacht na bhFeisirí agus in Airteagal 225 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Maidir le hiarrataí ar údarú chun tuarascálacha a tharraingt suas, ar iarrataí iad arna dtíolacadh de bhun mhír 1, glacann Comhdháil na nUachtarán cinneadh ina leith ar bhonn forálacha cur chun feidhme a leagann an Chomhdháil féin síos. Má dhéantar agóid in aghaidh inniúlachta coiste chun tuarascáil ar iarr sé údarú ina leith a tharraingt suas, glacann Comhdháil na nUachtarán cinneadh laistigh de shé seachtaine ar bhonn molta ó Chomhdháil Chathaoirligh na gCoistí, nó, mura bhfuil aon mholadh den sórt sin ann, ar bhonn molta óna Cathaoirleach. Más rud é nach nglacann Comhdháil na nUachtarán cinneadh laistigh den tréimhse sin, dearbhaítear an moladh a bheith arna fhormheas.

2.

Déanfaidh an Pharlaimint tairiscintí i gcomhair rún i dtuarascálacha féintionscnaimh a scrúdú faoin nós imeachta um thíolacadh gairid atá leagtha amach i Riail 139. Ní bheidh leasuithe ar thairiscintí i gcomhair rún den sórt sin inghlactha lena mbreithniú i suí iomlánach ach amháin i gcás ina gcuireann an rapóirtéir síos iad chun faisnéis nua a chur san áireamh nó i gcás ina gcuireann an deichiú cuid ar a laghad d’Fheisirí na Parlaiminte síos iad. Féadfaidh grúpaí polaitiúla tairiscintí malartacha i gcomhair rún a chur síos i gcomhréir le Riail 157(4). Ní bheidh feidhm ag an mír seo i gcásanna ina gcáilíonn ábhar na tuarascála le haghaidh díospóireachta lárnaí i suí iomlánach, i gcás ina dtarraingítear suas an tuarascáil de bhun an chirt tionscnaimh dá dtagraítear i Riail 41 nó i Riail 42, nó i gcás inar féidir a mheas gur tuarascáil straitéiseach an tuarascáil de réir na gcritéar atá leagtha síos ag Comhdháil na nUachtarán (7).

3.

I gcás ina dtagann ábhar na tuarascála faoi réim an chirt tionscnaimh dá dtagraítear i Riail 41, ní fhéadfar údarú a choinneáil siar ach amháin ar an bhforas nach bhfuil na coinníollacha atá leagtha amach sna Conarthaí arna gcomhlíonadh.

4.

Sna cásanna dá dtagraítear i Riail 41 agus i Riail 42, glacfaidh Comhdháil na nUachtarán cinneadh laistigh de dhá mhí.

Riail 49

Tuairimí na gcoistí

1.

Más rud é gur mian leis an gcoiste ar tarchuireadh ábhar chuige i dtosach barúlacha coiste eile a chloisteáil, nó más rud é gur mian le coiste eile a chuid barúlacha ar thuarascáil an choiste ar tarchuireadh ábhar chuige i dtosach a chur in iúl, féadfaidh na coistí sin a iarraidh ar an Uachtarán, i gcomhréir le Riail 188(3), coiste amháin a ainmniú mar an coiste freagrach agus an coiste eile a ainmniú mar an coiste ar iarradh tuairim air.

2.

I gcás doiciméad de chineál reachtach de réir bhrí Riail 43(1), is é a bheidh sa tuairim ná leasuithe ar an téacs a tarchuireadh chuig an gcoiste mar aon le réasúnuithe gearra, más cuí. Beidh an rapóirtéir don tuairim freagrach as réasúnuithe den sórt sin agus ní dhéanfar vótáil orthu. Más gá, féadfaidh an coiste ar iarradh air tuairim a thabhairt réasúnú gearr don tuairim ina hiomláine a thíolacadh i scríbhinn.

I gcás téacsanna neamhreachtacha, is é a bheidh sa tuairim ná moltaí i ndáil le codanna den tairiscint i gcomhair rúin arna tíolacadh ag an gcoiste freagrach.

Déanfaidh an coiste freagrach vótáil ar na leasuithe nó ar na moltaí sin.

Ní dhéileálfaidh na tuairimí ach amháin leis na nithe sin a thagann faoi réimsí freagrachta an choiste ar iarradh air tuairim a thabhairt.

3.

Socróidh an coiste freagrach tréimhse ama ar laistigh di nach mór don choiste ar iarradh tuairim air an tuairim sin a thabhairt ionas go bhféadfaidh an coiste freagrach í a chur san áireamh. Déanfaidh an coiste freagrach aon athruithe ar an tráthchlár fógartha a chur in iúl don choiste/do na coistí ar iarradh tuairim air/orthu. Ní thiocfaidh an coiste freagrach ar a chuid conclúidí críochnaitheacha sula mbeidh an teorainn ama sin imithe in éag.

4.

Déanfar gach tuairim a ghlactar a chur i gceangal le tuarascáil an choiste fhreagraigh.

5.

Is é an coiste freagrach amháin a fhéadfaidh leasuithe a chur síos i suí iomlánach.

6.

Iarrfar ar Chathaoirleach agus ar rapóirtéir an choiste ar iarradh tuairim air páirt a ghlacadh i gcáil chomhairleach i gcruinnithe den choiste freagrach, sa mhéid go mbaineann na cruinnithe sin leis an ábhar is díol spéise comhchoitinne dóibh.

Riail 50

An nós imeachta le haghaidh coistí comhlachaithe

I gcás ina ndéantar ceist inniúlachta a tharchur chuig Comhdháil na nUachtarán de bhun Riail 188(2) nó Riail 48, agus go measann Comhdháil na nUachtarán, ar bhonn Iarscríbhinn VII, go dtagann an t-ábhar, ar bhonn comhionann beagnach, faoi réim inniúlacht dhá choiste nó níos mó nó go dtagann codanna éagsúla den ábhar faoi réim inniúlacht dhá choiste nó níos mó, beidh feidhm ag Riail 49 agus na forálacha breise seo a leanas ag gabháil léi:

comhaontóidh na coistí lena mbaineann an tráthchlár go comhpháirteach,

coimeádfaidh na rapóirtéirí lena mbaineann a chéile ar an eolas agus féachfaidh siad le teacht ar chomhaontú faoi na téacsanna a chuirfidh siad mar thogra chuig a gcoistí agus faoina seasamh maidir le leasuithe,

déanfaidh na Cathaoirligh agus na rapóirtéirí lena mbaineann réimsí den téacs a thagann faoi réim a n-inniúlachta eisiaiche féin nó a thagann faoi réim a n-inniúlachtaí comhpháirteacha a shainaithint go comhpháirteach agus tiocfaidh siad ar chomhaontú maidir leis na socruithe beachta dá gcomhoibriú le chéile. I gcás easaontais maidir le teorainneacha a n-inniúlachtaí, déanfar an t-ábhar a tharchur, ar iarraidh ó cheann amháin de na coistí lena mbaineann, chuig Comhdháil na nUachtarán agus féadfaidh an Chomhdháil sin cinneadh a dhéanamh faoi cheist na n-inniúlachtaí faoi seach nó féadfaidh sí a chinneadh go mbeidh feidhm ag an nós imeachta le haghaidh cruinnithe coiste comhpháirteacha faoi Riail 51; beidh feidhm mutatis mutandis ag an dara fomhír de Riail 188(2),

glacfaidh an coiste freagrach, gan vótáil, le leasuithe ó choiste comhlachaithe i gcás ina mbaineann siad le nithe a thagann faoi inniúlacht eisiach an choiste chomhlachaithe. Más rud é, maidir le leasuithe ar nithe a thagann faoi réim inniúlacht chomhpháirteach an choiste fhreagraigh agus coiste chomhlachaithe, go ndiúltóidh an chéad choiste a luaitear do na leasuithe sin, féadfaidh an dara coiste a luaitear na leasuithe sin a chur síos go díreach i suí iomlánach,

má tharlaíonn nós imeachta idir-réitigh ar an togra, beidh rapóirtéir aon choiste chomhlachaithe san áireamh i dtoscaireacht na Parlaiminte.

Ní leagann foclaíocht na Rialach seo síos aon teorainneacha ar a raon feidhme. Tá iarrataí ar chur i bhfeidhm an nós imeachta i gcás coistí comhlachaithe maidir le tuarascálacha neamhreachtacha atá bunaithe ar Riail 48(1) agus ar Riail 119(1) agus (2) inghlactha.

Chun críocha an scrúdaithe ar chomhaontuithe idirnáisiúnta faoi Riail 90, ní fhéadfar an nós imeachta le haghaidh coistí comhlachaithe atá leagtha amach sa Riail seo a chur i bhfeidhm i ndáil leis an nós imeachta maidir le toiliú faoi Riail 81.

Maidir le cinneadh Chomhairle na nUachtarán chun an nós imeachta le haghaidh coistí comhlachaithe a chur i bhfeidhm, tá feidhm aige ag gach céim den nós imeachta i dtrácht.

Is é an coiste ceannais a fheidhmíonn na cearta a ghabhann le stádas mar “coiste freagrach”. Le linn na cearta sin a fheidhmiú, ní mór don choiste ceannais aird chuí a thabhairt ar shainchumais an choiste chomhlachaithe agus, go háirithe, ní mór dó an oibleagáid a chomhlíonadh a bhaineann le hurramú phrionsabal an chomhair dháiríre i dtaca leis an tráthchlár agus ní mór dó urraim a thabhairt do cheart an choiste chomhlachaithe chun cinneadh a dhéanamh maidir leis na leasuithe a thíolactar i suí iomlánach agus a thagann faoi réim a inniúlachta eisiataí.

I gcás ina ndéanfaidh an coiste ceannais neamhshuim de shainchumais an choiste chomhlachaithe, leanfaidh cinntí de chuid an choiste chéadluaite de bheith bailí ach féadfaidh an coiste comhlachaithe leasuithe a chur síos go díreach i suí iomlánach laistigh de theorainneacha a inniúlachta eisiataí.

Riail 51

An nós imeachta le haghaidh cruinnithe coiste comhpháirteacha

I gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha amach i Riail 49(1) agus i Riail 50, féadfaidh Comhdháil na nUachtarán, más deimhin léi go mbaineann tábhacht mhór leis an ábhar, a chinneadh go ndéanfar nós imeachta le haghaidh cruinnithe coiste comhpháirteacha, mar aon le vóta comhpháirteach, a chur i bhfeidhm. Sa chás sin, déanfaidh na rapóirtéirí lena mbaineann dréacht-tuarascáil aonair a tharraingt suas, agus déanfaidh na coistí a bheidh páirteach sna cruinnithe comhpháirteacha, arna seoladh faoi chomhchathaoirleacht Chathaoirligh na gcoistí lena mbaineann, an dréacht-tuarascáil sin a scrúdú agus déanfaidh siad vótáil uirthi. Féadfaidh na coistí lena mbaineann meithleacha idirchoiste a chur ar bun chun na cruinnithe comhpháirteacha agus na vótálacha a ullmhú.

Riail 52

Tuarascálacha a dhréachtú

1.

Beidh an rapóirtéir freagrach as an ráiteas míniúcháin agus ní dhéanfar vótáil air. Ní mór, áfach, go mbeidh sé ag teacht le téacs na tairisceana i gcomhair rúin faoi mar a glacadh é agus le haon leasuithe arna moladh ag an gcoiste. Mura mbeidh sé amhlaidh, féadfaidh Cathaoirleach an choiste an ráiteas míniúcháin a scriosadh.

2.

Luafar sa tuarascáil toradh na vótála a dhéantar ar an tuarascáil ina hiomláine. Ina theannta sin, má iarrann an tríú cuid ar a laghad de na comhaltaí atá i láthair amhlaidh nuair a dhéantar an vótáil, léireofar sa tuarascáil conas a vótáil gach comhalta.

3.

I gcás nach tuairim d’aon toil í tuairim an choiste, déanfar achoimre ar an tuairim mhionlaigh a thabhairt sa tuarascáil freisin. Tabharfar tuairimí mionlaigh nuair a dhéantar an vótáil ar an téacs ina iomláine agus féadfar, ar iarraidh óna n-údair, iad a bheith ina n-ábhar do dhearbhú i scríbhinn nach faide ná 200 focal, ar dearbhú é a chuirfear i gceangal leis an ráiteas míniúcháin.

Réiteoidh an Cathaoirleach aon díospóidí a éireoidh mar thoradh ar chur i bhfeidhm na bhforálacha seo.

4.

Ar thogra óna bhiúró, féadfaidh an coiste tréimhse ama a shocrú ar laistigh di nach mór don rapóirtéir an dréacht-tuarascáil a thíolacadh. Féadfar an tréimhse ama sin a fhadú nó féadfar rapóirtéir nua a cheapadh.

5.

Nuair atá an tréimhse ama imithe in éag, féadfaidh an coiste treoir a thabhairt dá Chathaoirleach a iarraidh go dtarchuirfear an t-ábhar chuige lena chur ar chlár oibre ceann de na chéad suíonna eile den Pharlaimint. Féadfar na díospóireachtaí a sheoladh ar bhonn tuarascála ó bhéal ón gcoiste lena mbaineann.

CAIBIDIL 3

An chéad léamh

Céim an choiste

Riail 53

Modhnú ar thogra le haghaidh gnímh reachtaigh

1.

Má chuireann an Coimisiún in iúl don Pharlaimint, nó má fhaigheann an coiste freagrach amach ar shlí eile, go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún togra a mhodhnú, cuirfidh an coiste freagrach a scrúdú ar an ábhar ar atráth go dtí go mbeidh an togra nua nó leasuithe an Choimisiúin faighte aige.

2.

Má dhéanann an Chomhairle modhnú suntasach ar an togra le haghaidh gnímh reachtaigh, beidh feidhm ag forálacha Riail 59.

Riail 54

Seasamh an Choimisiúin agus na Comhairle ar leasuithe

1.

Sula leanann an coiste freagrach ar aghaidh leis an vótáil chríochnaitheach ar thogra le haghaidh gnímh reachtaigh, iarrfaidh sé ar an gCoimisiún a sheasamh ar na leasuithe go léir ar an togra atá glactha ag an gcoiste a lua, agus iarrfaidh sé ar an gComhairle tuairim a thabhairt.

2.

Mura mbeidh an Coimisiún in ann ráiteas den sórt sin a dhéanamh nó má dhearbhaíonn sé nach bhfuil sé sásta glacadh leis na leasuithe go léir atá glactha ag an gcoiste, ansin féadfaidh an coiste an vótáil chríochnaitheach a chur ar atráth.

3.

Más cuí, cuirfear seasamh an Choimisiúin san áireamh sa tuarascáil.

An chéim sa suí iomlánach

Riail 55

An chéad léamh a thabhairt chun críche

1.

Scrúdóidh an Pharlaimint an togra le haghaidh gnímh reachtaigh ar bhonn na tuarascála a bheidh tarraingthe suas ag an gcoiste freagrach de bhun Riail 45.

2.

Ar dtús, vótálfaidh an Pharlaimint ar na leasuithe ar an togra lena mbaineann tuarascáil an choiste fhreagraigh, ansin vótálfaidh sí ar an togra, arna leasú nó a mhalairt, ansin vótálfaidh sí ar na leasuithe ar an dréachtrún reachtach, ansin vótálfaidh sí ar an dréachtrún reachtach ina iomláine, ar dréachtrún é nach mbeidh ann ach ráiteas i dtaobh an bhformheasann an Pharlaimint an togra le haghaidh gnímh reachtaigh, an ndiúltaíonn sí dó, nó an molann sí leasuithe air, maille le haon iarrataí nós imeachta.

Tabharfar an chéad léamh chun críche má ghlactar an dréachtrún reachtach. Mura nglacann an Pharlaimint an rún reachtach, déanfar an togra a tharchur ar ais chuig an gcoiste freagrach.

Maidir le gach tuarascáil a chuirtear síos faoin nós imeachta reachtach, ba chóir go mbeadh sí i gcomhréir le forálacha Riail 37, Riail 43 agus Riail 45. Maidir le haon tairiscint neamhreachtach i gcomhair rúin arna cur síos ag coiste, ba chóir go mbeadh sí i gcomhréir leis na nósanna imeachta tarchuir dá bhforáiltear i Riail 48 nó i Riail 188.

3.

Déanfaidh an tUachtarán téacs an togra, arna fhormheas ag an bParlaimint, agus an rún a bheidh ag gabháil leis, a chur ar aghaidh, mar sheasamh na Parlaiminte, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

Riail 56

Diúltú do thogra ón gCoimisiún

1.

Mura bhfaighidh togra ón gCoimisiún tromlach na vótaí a chaitear, nó má ghlactar tairiscint chun diúltú do thogra den sórt sin, ar tairiscint í a fhéadfaidh an coiste freagrach nó 40 Feisire ar a laghad a chur síos, déanfaidh an tUachtarán, sula vótálfaidh an Pharlaimint ar an dréachtrún reachtach, a iarraidh ar an gCoimisiún an togra a tharraingt siar.

2.

Má dhéanann an Coimisiún amhlaidh, dearbhóidh an tUachtarán go bhfuil an nós imeachta tugtha chun críche agus cuirfidh sé an méid sin in iúl don Chomhairle.

3.

Más rud é nach dtarraingíonn an Coimisiún a thogra siar, tarchuirfidh an Pharlaimint an cheist ar ais chuig an gcoiste freagrach gan vótáil ar an dréachtrún reachtach mura rud é, ar thogra ó Chathaoirleach nó rapóirtéir an choiste fhreagraigh nó ó ghrúpa polaitiúil nó ó 40 Feisire ar a laghad, go leanfaidh an Pharlaimint ar aghaidh chun vóta a chaitheamh ar an dréachtrún reachtach.

I gcás ina ndéantar tarchur ar ais chuig an gcoiste, cinnfidh an coiste freagrach an nós imeachta a bheidh le leanúint agus déanfaidh sé, ó bhéal nó i scríbhinn, tuairisc a thabhairt don Pharlaimint laistigh de thréimhse a chinnfidh an Pharlaimint, ar tréimhse í nach bhféadfaidh a bheith níos faide ná dhá mhí.

Tar éis ábhar a tharchur ar ais chuig coiste de bhun Riail 56(3), ní mór don choiste ceannais, roimh chinneadh a dhéanamh maidir leis an nós imeachta atá le leanúint, a cheadú do choiste comhlachaithe, de réir mar a fhoráiltear i Riail 50, roghanna a dhéanamh i dtaobh na leasuithe a thagann faoi réim a inniúlachta eisiataí, agus go háirithe a roghnú cé na leasuithe a bheidh le hathchur faoi bhráid suí iomlánaigh.

Tá feidhm ag an teorainn ama a leagtar síos sa dara fomhír maidir leis an tuarascáil ón gcoiste freagrach a chur síos i scríbhinn nó maidir le tíolacadh na tuarascála sin ó bhéal. Níl feidhm aici maidir le cinneadh na Parlaiminte i dtaobh an trátha iomchuí chun leanúint den nós imeachta i dtrácht a bhreithniú.

4.

Mura bhfuil an coiste freagrach in ann an méid sin a dhéanamh laistigh den tréimhse ama sin, iarrfaidh sé tarchur ar ais chuig an gcoiste de bhun Riail 175(1). Más gá, féadfaidh an Pharlaimint teorainn ama nua a shocrú de bhun Riail 175(5). Mura nglactar le hiarraidh an choiste, rachaidh an Pharlaimint ar aghaidh chuig an vótáil ar an dréachtrún reachtach.

Riail 57

Leasuithe ar thogra ón gCoimisiún a ghlacadh

1.

I gcás ina bhformheastar togra ón gCoimisiún ina iomláine, ach ar bhonn leasuithe a bheidh glactha freisin, cuirfear an vótáil ar an dréachtrún reachtach ar atráth go dtí go dtugann an Coimisiún ráiteas faoina sheasamh ar gach ceann de leasuithe na Parlaiminte.

Mura bhfuil an Coimisiún in ann ráiteas den sórt sin a dhéanamh tar éis don Pharlaimint vótáil ar a thogra, cuirfidh sé in iúl don Uachtarán nó don choiste freagrach cén uair a bheidh sé in ann an méid sin a dhéanamh; cuirfear an togra ar an dréachtchlár oibre ansin don chéad pháirtseisiún eile ina dhiaidh sin.

2.

Má fhógraíonn an Coimisiún nach bhfuil sé ar intinn aige leasuithe uile na Parlaiminte a ghlacadh, déanfaidh rapóirtéir an choiste fhreagraigh nó Cathaoirleach an choiste sin togra foirmiúil a thíolacadh don Pharlaimint i dtaobh ar chóir leanúint ar aghaidh leis an vótáil ar an dréachtrún reachtach. Sula dtíolactar an togra sin, féadfaidh rapóirtéir nó Cathaoirleach an choiste fhreagraigh a iarraidh ar an Uachtarán breithniú na míre a chur ar fionraí.

Más rud é go gcinneann an Pharlaimint an vótáil a chur ar atráth, measfar an t-ábhar a bheith arna tharchur ar ais chuig an gcoiste freagrach le hathbhreithniú a dhéanamh air.

Sa chás sin, tabharfaidh an coiste freagrach tuairisc don Pharlaimint, ó bhéal nó i scríbhinn, laistigh de thréimhse a chinnfidh an Pharlaimint, ar tréimhse í nach bhféadfaidh a bheith níos faide ná dhá mhí.

Mura bhfuil an coiste freagrach in ann an méid sin a dhéanamh laistigh den tréimhse sin, déanfar an nós imeachta dá bhforáiltear i Riail 56(4) a chur i bhfeidhm.

Ní bheidh inghlactha ag an gcéim seo ach leasuithe arna gcur síos ag an gcoiste freagrach, ar leasuithe iad a fhéachann le teacht ar chomhréiteach leis an gCoimisiún.

3.

Ní ionann cur i bhfeidhm mhír 2 agus cosc a chur ar Fheisirí eile iarraidh ar tharchur a chur síos de bhun Riail 175.

Maidir le coiste a bhfuil ábhar tarchurtha ar ais chuige faoi mhír 2, is é a cheanglaítear air, go príomha, faoi théarmaí an tarchuir sin ná tuairisciú a dhéanamh laistigh den tréimhse ama a leagtar síos agus, más cuí, leasuithe a fhéachann le teacht ar chomhréiteach leis an gCoimisiún a chur síos, ach gan athbhreithniú a dhéanamh ar na forálacha go léir atá formheasta ag an bParlaimint.

De réir bhrí na dtéarmaí tagartha seo, áfach, i bhfianaise éifeacht fionraíochta an tarchuir, tá saoirse níos mó ag an gcoiste agus féadfaidh sé, nuair is gá sin ar mhaithe leis an gcomhréiteach, a mholadh go ndéanfar forálacha a raibh vótáil fabhrach ann ina leith sa Pharlaimint a athbhreithniú.

I gcásanna den sórt sin, ó tharla nach nglactar le haon leasuithe ón gcoiste seachas na leasuithe sin a fhéachann le teacht ar chomhréiteach, agus d’fhonn ceannasacht na Parlaiminte a chaomhnú, ní mór, maidir leis an tuarascáil dá dtagraítear i mír 2, go luafar go soiléir inti, i ndáil leis na forálacha atá formheasta cheana, cad iad na forálacha díobh a thitfeadh ar lár dá nglacfaí na leasuithe atá molta.

Nós imeachta leantach

Riail 58

Obair Leantach ar sheasamh na Parlaiminte

1.

Sa tréimhse tar éis don Pharlaimint a seasamh ar thogra ón gCoimisiún a ghlacadh, déanfaidh Cathaoirleach agus rapóirtéir an choiste fhreagraigh faireachán ar dhul chun cinn an togra le linn an nós imeachta a mbeidh glacadh ag an gComhairle mar thoradh air, go háirithe chun a chinntiú go n-urramaítear go cuí na gealltanais arna dtabhairt ag an gComhairle nó ag an gCoimisiún don Pharlaimint i ndáil lena seasamh.

2.

Féadfaidh an coiste freagrach a iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle an t-ábhar a phlé leis.

3.

Féadfaidh an coiste freagrach, ag céim ar bith den nós imeachta leantach, má mheasann sé gur gá sin, tairiscint i gcomhair rúin a chur síos faoin Riail seo á mholadh go ndéanfaidh an Pharlaimint:

a iarraidh ar an gCoimisiún a thogra a tharraingt siar, nó

a iarraidh ar an gCoimisiún nó ar an gComhairle an t-ábhar a tharchur chuig an bParlaimint athuair de bhun Riail 59, nó a iarraidh ar an gCoimisiún togra nua a thíolacadh, nó

cinneadh chun cibé gníomh eile is cuí léi a ghlacadh.

Cuirfear an tairiscint seo ar dhréachtchlár oibre an pháirtseisiúin a bheidh ann tar éis don choiste cinneadh a dhéanamh.

Riail 59

Tarchur athnuaite chuig an bParlaimint

An gnáthnós imeachta reachtach

1.

Déanfaidh an tUachtarán, ar iarraidh ón gcoiste freagrach, a iarraidh ar an gCoimisiún a thogra a tharchur athuair chuig an bParlaimint sna cásanna seo a leanas:

i gcás ina dtarraingíonn an Coimisiún a thogra tosaigh siar tar éis don Pharlaimint a seasamh a ghlacadh chun téacs eile a chur ina áit, ach amháin i gcás ina ndéantar sin chun seasamh na Parlaiminte a chur san áireamh, nó

i gcás ina leasaíonn an Coimisiún a thogra tosaigh go suntasach, nó go bhfuil sé ar intinn aige a thogra tosaigh a leasú go suntasach, ach amháin i gcás ina ndéantar sin chun seasamh na Parlaiminte a chur san áireamh, nó

más rud é, trí imeacht aimsire nó trí athruithe in imthosca, go dtagann athrú suntasach ar an gcineál faidhbe lena mbaineann an togra, nó

i gcás ina bhfuil toghcháin nua chun na Parlaiminte tar éis a bheith ann ón tráth ar ghlac sí a seasamh, agus go measann Comhdháil na nUachtarán gurb inmhianaithe an togra a tharchur athuair.

2.

Déanfaidh an Pharlaimint, ar iarraidh ón gcoiste freagrach, a iarraidh ar an gComhairle togra arna thíolacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 294 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharchur chuig an bParlaimint athuair i gcás ina bhfuil sé ar intinn ag an gComhairle bunús dlí an togra a mhodhnú agus gurb é an toradh a bheadh air sin ná nach mbeidh feidhm a thuilleadh ag an ngnáthnós imeachta.

Nósanna imeachta eile

3.

Ar iarraidh ón gcoiste freagrach, iarrfaidh an tUachtarán ar an gComhairle dul i gcomhairle leis an bParlaimint athuair sna himthosca céanna agus faoi na coinníollacha céanna atá leagtha amach i mír 1, agus freisin i gcás ina ndéanann an Chomhairle leasú suntasach ar an togra ar ar thug an Pharlaimint a tuairim ar dtús, nó i gcás ina bhfuil sé ar intinn ag an gComhairle sin a dhéanamh, ach amháin i gcás ina ndéantar sin chun leasuithe na Parlaiminte a ionchorprú ann.

4.

Iarrfaidh an tUachtarán freisin togra i gcomhair gnímh a tharchur chuig an bParlaimint athuair sna himthosca atá sainithe sa Riail seo i gcás ina gcinneann an Pharlaimint amhlaidh ar thogra ó ghrúpa polaitiúil nó ó 40 Feisire ar a laghad.

Riail 60

Scriosta

CAIBIDIL 4

An dara léamh

Céim an choiste

Riail 61

Seasamh na Comhairle a chur in iúl

1.

Déantar seasamh na Comhairle de bhun Airteagail 294 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur in iúl nuair a fhógraíonn an tUachtarán sa Pharlaimint é. Déanfaidh an tUachtarán an fhógairt tar éis na doiciméid ina bhfuil an seasamh féin, na dearbhuithe go léir arna ndéanamh i miontuairiscí na Comhairle nuair a ghlac sí an seasamh, na cúiseanna a thug ar an gComhairle a seasamh a ghlacadh agus seasamh an Choimisiúin a fháil, agus iad aistrithe go cuí go teangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh. Déanfar fógairt an Uachtaráin le linn an pháirtseisiúin a tharlaíonn tar éis na doiciméid sin a fháil.

Sula ndéantar an fhógairt, déanann an tUachtarán, tar éis dul i gcomhairle le Cathaoirleach an choiste fhreagraigh agus/nó leis an rapóirtéir, a shuíomh gur seasamh na Comhairle ar an gcéad léamh go deimhin é an téacs atá faighte agus nach bhfuil feidhm ag na himthosca a thuairiscítear i Riail 59. Dá éagmais sin, féachann an tUachtarán, i dteannta leis an gcoiste freagrach agus, más féidir, le comhaontú na Comhairle, le réiteach cuí a fháil.

2.

Déanfar liosta de chumarsáidí den sórt sin, mar aon le hainm an choiste fhreagraigh, a fhoilsiú i miontuairiscí an tsuí.

Riail 62

Teorainneacha ama a fhadú

1.

Déanfaidh an tUachtarán, ar iarraidh ó Chathaoirleach an choiste fhreagraigh i gcás teorainneacha ama don dara léamh, nó ar iarraidh ó thoscaireacht idir-réitigh na Parlaiminte i gcás teorainneacha ama d’idir-réiteach, na teorainneacha i dtrácht a fhadú i gcomhréir le hAirteagal 294(14) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

2.

Déanfaidh an tUachtarán aon fhadú ar theorainneacha ama de bhun Airteagal 294(14) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur in iúl don Pharlaimint, cibé acu ar thionscnamh na Parlaiminte nó ar thionscnamh na Comhairle a dhéantar an fadú sin.

Riail 63

Tarchur chuig an gcoiste freagrach agus an nós imeachta sa choiste freagrach

1.

An lá a gcuirtear seasamh na Comhairle in iúl don Pharlaimint de bhun Riail 61(1), measfar an seasamh sin a bheith tarchurtha go huathoibríoch chuig an gcoiste freagrach agus chuig na coistí ar iarradh a dtuairim orthu ag an gcéad léamh.

2.

Cuirfear seasamh na Comhairle isteach mar an chéad mhír ar chlár oibre an chéad chruinnithe den choiste freagrach tar éis an dáta ar cuireadh an seasamh in iúl. Féadfar a iarraidh ar an gComhairle a seasamh a chur i láthair.

3.

Mura rud é go gcinntear a mhalairt, is é nó is í an rapóirtéir céanna a bheidh ann ag an dara léamh agus a bhí ann ag an gcéad léamh.

4.

Beidh feidhm ag na forálacha do dhara léamh na Parlaiminte atá i Riail 66(2), (3) agus (5) maidir leis na himeachtaí sa choiste freagrach; ní fhéadfaidh ach comhaltaí nó buanchomhaltaí ionaid den choiste sin tograí i gcomhair diúltaithe nó leasuithe a chur síos. Déanfaidh an coiste cinneadh de réir thromlach na vótaí a chaitear.

5.

Sula ndéanfar an vótáil, féadfaidh an coiste a iarraidh ar an gCathaoirleach agus ar an rapóirtéir na leasuithe a bheidh curtha síos sa choiste a phlé le hUachtarán na Comhairle nó le hionadaí Uachtarán na Comhairle agus leis an gCoimisinéir freagrach atá i láthair. Féadfaidh an rapóirtéir leasuithe comhréitigh a chur síos tar éis an phlé sin.

6.

Tíolacfaidh an coiste freagrach moladh don dara léamh á mholadh go bhformheasfar nó go leasófar an seasamh arna ghlacadh ag an gComhairle, nó go ndiúltófar don chomhsheasamh sin. Beidh réasúnú gairid don chinneadh a mholtar san áireamh sa mholadh sin.

An chéim iomlánach

Riail 64

An dara léamh a thabhairt chun críche

1.

Déanfar seasamh na Comhairle agus, i gcás é a bheith ar fáil, an moladh don dara léamh ón gcoiste freagrach a chur go huathoibríoch ar an dréachtchlár oibre don pháirtseisiún a bhfuil Céadaoin an tseisiúin sin ar an gCéadaoin is gaire roimh an lá a dtéann an tréimhse trí mhí nó, má fhadaítear an tréimhse sin i gcomhréir le Riail 62, an tréimhse ceithre mhí, in éag mura rud é gur déileáladh leis an ábhar ag páirtseisiún níos túisce.

Is ionann na moltaí do dhara léamh arna gcur isteach ag coistí parlaiminteacha agus ráiteas míniúcháin ina dtugann an coiste réasúnú dá sheasamh i ndáil le seasamh na Comhairle. Ní dhéantar aon vótáil ar na téacsanna sin.

2.

Tabharfar an dara léamh chun críche nuair a fhormheasann nó nuair a leasaíonn an Pharlaimint seasamh na Comhairle, nó nuair a dhiúltaíonn sí don seasamh sin, laistigh de na teorainneacha ama agus i gcomhréir leis na coinníollacha atá leagtha síos le hAirteagal 294 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Riail 65

Diúltú do sheasamh na Comhairle

1.

Féadfaidh an coiste freagrach, grúpa polaitiúil nó 40 Feisire ar a laghad, i scríbhinn agus roimh spriocam arna shocrú ag an Uachtarán, togra a chur síos chun diúltú do sheasamh na Comhairle. Chun go nglacfar le togra den sórt sin, beidh gá le vótaí thromlach na bhFeisirí a chomhdhéanann an Pharlaimint. Déanfar vótáil maidir le diúltú do sheasamh na Comhairle sula ndéanfar vótáil ar aon leasuithe.

2.

D’ainneoin vótáil ag an bParlaimint in aghaidh an togra tosaigh chun diúltú do sheasamh na Comhairle, féadfaidh an Pharlaimint, ar mholadh ón rapóirtéir, togra eile i gcomhair diúltaithe a bhreithniú i ndiaidh vótáil a dhéanamh ar na leasuithe agus i ndiaidh ráiteas ón gCoimisiún de bhun Riail 66(5) a éisteacht.

3.

Má dhiúltaítear do sheasamh na Comhairle, fógróidh an tUachtarán sa Pharlaimint go bhfuil deireadh leis an nós imeachta reachtach.

Riail 66

Leasuithe ar sheasamh na Comhairle

1.

Féadfaidh an coiste freagrach, grúpa polaitiúil nó 40 Feisire ar a laghad leasuithe ar sheasamh na Comhairle a chur síos lena mbreithniú sa Pharlaimint.

2.

Ní bheidh leasú ar sheasamh na Comhairle inghlactha ach amháin i gcás ina bhfuil sé i gcomhréir le forálacha Riail 156 agus Riail 157 agus go bhféachtar leis an leasú sin:

(a)

leis an seasamh arna ghlacadh ag an bParlaimint ag a céad léamh a aisiriú go hiomlán nó go páirteach; nó

(b)

le comhréiteach a bhaint amach idir an Chomhairle agus an Pharlaimint; nó

(c)

le leasú a dhéanamh ar chuid de théacs sheasamh na Comhairle nach raibh sa togra a cuireadh isteach ag an gcéad léamh, nó atá éagsúil ó thaobh inneachair de, leis an togra a cuireadh isteach ag an gcéad léamh, agus nach ionann é agus athrú suntasach de réir bhrí Riail 59; nó

(d)

le fíoras nua nó cúinse dlíthiúil nua atá tagtha chun cinn ó bhí an chéad léamh ann a chur san áireamh.

Ní fhéadfar rogha an Uachtaráin maidir lena dhearbhú go bhfuil leasú inghlactha nó neamh-inghlactha a cheistiú.

3.

Má bhí toghcháin nua ann ón tráth a rinneadh an chéad léamh, ach nár agraíodh Riail 59, féadfaidh an tUachtarán a chinneadh na srianta ar inghlacthacht atá leagtha síos i mír 2 a tharscaoileadh.

4.

Ní ghlacfar leasú ach amháin má fhaigheann sé vótaí thromlach na bhFeisirí a chomhdhéanann an Pharlaimint.

5.

Sula ndéantar vótáil ar na leasuithe, féadfaidh an tUachtarán a iarraidh ar an gCoimisiún a sheasamh a lua agus a iarraidh ar an gComhairle a tuairim a thabhairt.

CAIBIDIL 5

An tríú léamh

Idir-réiteach

Riail 67

An Coiste Idir-réitigh a chomóradh

I gcás ina gcuireann an Chomhairle in iúl don Pharlaimint nach bhfuil sí in ann gach leasú de chuid na Parlaiminte ar sheasamh na Comhairle a fhormheas, déanfaidh an tUachtarán, i dteannta leis an gComhairle, am agus áit a chomhaontú don chéad chruinniú den Choiste Idir-réitigh. Mairfidh an tréimhse sé seachtaine nó, má fhadaítear í, an tréimhse ocht seachtaine dá bhforáiltear in Airteagal 294(10) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ón lá a dtagann an Coiste le chéile den chéad uair.

Riail 68

Toscaireacht chuig an gCoiste Idir-réitigh

1.

Beidh toscaireacht na Parlaiminte chuig an gCoiste Idir-réitigh comhdhéanta de líon comhaltaí a bheidh comhionann le líon comhaltaí thoscaireacht na Comhairle.

2.

Comhfhreagróidh comhdhéanamh polaitíochta na toscaireachta do chomhdhéanamh na Parlaiminte de réir na ngrúpaí polaitiúla. Cinnfidh Comhdháil na nUachtarán an líon beacht Feisirí a thiocfaidh ó gach grúpa polaitiúil.

3.

Is iad na grúpaí polaitiúla a cheapfaidh comhaltaí na toscaireachta le haghaidh gach cáis idir-réitigh, agus is fearr go roghnófaí as measc chomhaltaí na gcoistí lena mbaineann iad, seachas triúr comhaltaí a cheapfar mar bhuanchomhaltaí de thoscaireachtaí comhleanúnacha ar feadh tréimhse 12 mhí. Is iad na grúpaí polaitiúla a cheapfaidh an triúr buanchomhaltaí as measc na Leas-Uachtarán agus beidh siad ionadaitheach ar dhá ghrúpa pholaitiúla éagsúla ar a laghad. I ngach cás, beidh Cathaoirleach agus rapóirtéir an choiste fhreagraigh ina gcomhaltaí den toscaireacht.

4.

Déanfaidh na grúpaí polaitiúla a bhfuil ionadaíocht acu ar an toscaireacht comhaltaí ionaid a cheapadh.

5.

Féadfaidh gach grúpa polaitiúil, agus féadfaidh Feisirí Neamhcheangailte, nach bhfuil ionadaíocht acu ar an toscaireacht ionadaí amháin a chur chuig aon réamhchruinniú inmheánach de chuid na toscaireachta.

6.

Is é an tUachtarán nó duine den triúr buanchomhaltaí a bheidh i gceannas ar an toscaireacht.

7.

Is trí thromlach a comhaltaí a thiocfaidh an toscaireacht ar chinneadh. Ní dhéanfar pléití na toscaireachta go poiblí.

Leagfaidh Comhdháil na nUachtarán síos tuilleadh treoirlínte nós imeachta i gcomhair obair na toscaireachta chuig an gCoiste Idir-réitigh.

8.

Tabharfaidh an toscaireacht tuairisc ar thorthaí an idir-réitigh don Pharlaimint.

An chéim iomlánach

Riail 69

Téacs comhpháirteach

1.

I gcás ina dtagtar ar chomhaontú maidir le téacs comhpháirteach laistigh den Choiste Idir-réitigh, cuirfear an t-ábhar ar chlár oibre suí den Pharlaimint a thionólfar laistigh de shé seachtaine nó, má fhadaítear an tréimhse, laistigh d’ocht seachtaine ón dáta a bhformheasann an Coiste Idir-réitigh an téacs comhpháirteach.

2.

Déanfaidh an Cathaoirleach nó comhalta ainmnithe eile de thoscaireacht na Parlaiminte chuig an gCoiste Idir-réitigh ráiteas ar an téacs comhpháirteach agus beidh tuarascáil ag gabháil leis an ráiteas sin.

3.

Ní fhéadfar aon leasuithe ar an téacs comhpháirteach a chur síos.

4.

Beidh an téacs comhpháirteach ina iomláine ina ábhar do vótáil aonair. Formheasfar an téacs comhpháirteach má fhaigheann sé tromlach na vótaí a chaitear.

5.

Más rud é nach dtagtar ar chomhaontú maidir le téacs comhpháirteach laistigh den Choiste Idir-réitigh, déanfaidh an Cathaoirleach nó comhalta ainmnithe eile de thoscaireacht na Parlaiminte chuig an gCoiste Idir-réitigh ráiteas. Beidh díospóireacht ann tar éis an ráiteas sin a thabhairt.

CAIBIDIL 6

An nós imeachta reachtach a thabhairt chun críche

Riail 70

Caibidlíochtaí idirinstitiúideacha i nósanna imeachta reachtacha

1.

Maidir leis na caibidlíochtaí leis na hinstitiúidí eile, ar caibidlíochtaí iad a mbeidh sé mar aidhm leo teacht ar chomhaontú i rith an nós imeachta reachtaigh, déanfar iad ag féachaint don Chód Iompair maidir le caibidlíochtaí i gcomhthéacs an ghnáthnós imeachta reachtaigh (8).

2.

Sula gcuirtear tús le caibidlíochtaí den sórt sin, ba cheart don choiste freagrach, i bprionsabal, cinneadh a dhéanamh le tromlach a chuid comhaltaí chun sainordú, treochtaí nó tosaíochtaí a ghlacadh.

3.

Má leanann comhréiteach leis an gComhairle as na caibidlíochtaí, tar éis don choiste tuarascáil a ghlacadh, rachfar i gcomhairle athuair leis an gcoiste, agus déanfar amhlaidh ar aon chuma roimh an vótáil i suí iomlánach.

Riail 71

Comhaontú ar an gcéad léamh

Más rud é, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, go gcuireann an Chomhairle in iúl don Pharlaimint go bhfuil seasamh na Parlaiminte formheasta aici, déanfaidh an tUachtarán, tar éis bailchríoch a chur ar an téacs i gcomhréir le Riail 180, a fhógairt sa Pharlaimint go bhfuil glactha leis an togra de réir na foclaíochta a chomhfhreagraíonn do sheasamh na Parlaiminte.

Riail 72

Comhaontú ar an dara léamh

I gcás nach ndéantar aon tairiscint chun diúltú do sheasamh na Comhairle ná aon leasú ar an seasamh sin a ghlacadh faoi Riail 65 agus faoi Riail 66 laistigh de na teorainneacha ama arna socrú le haghaidh leasuithe nó tograí i gcomhair diúltaithe a chur síos agus le haghaidh vótáil a dhéanamh orthu, fógróidh an tUachtarán sa Pharlaimint go bhfuil glactha go críochnaitheach leis an ngníomh beartaithe. Déanfaidh sé, in éineacht le hUachtarán na Comhairle, an gníomh beartaithe a shíniú agus déanfaidh siad socrú lena fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Riail 74.

Riail 73

Ceanglais maidir le dréachtú gníomhartha reachtacha

1.

Déanfar cineál an ghnímh iomchuí, agus an tsraithuimhir, an dáta a glacadh é agus léiriú ar a ábhar arna dtaispeáint ina dhiaidh sin, a thaispeáint ar ghníomhartha a ghlacann an Pharlaimint agus an Chomhairle go comhpháirteach i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach.

2.

Beidh an méid seo a leanas san áireamh i ngníomhartha arna nglacadh go comhpháirteach ag an bParlaimint agus ag an gComhairle:

(a)

“Tá Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh”;

(b)

tagairt do na forálacha faoina nglactar an gníomh, agus na focail “Ag féachaint do” roimh an tagairt sin;

(c)

lua ina bhfuil tagairt do na tograí a tíolacadh, do na tuairimí a fuarthas agus do na comhairliúcháin a seoladh;

(d)

ráiteas ar na cúiseanna ar a bhfuil an gníomh bunaithe, ag tosú leis na focail “De bharr an méid seo a leanas”;

(e)

abairt ar nós “tar éis an Rialachán seo a ghlacadh” nó “tar éis an Treoir seo a ghlacadh” nó “tar éis an Cinneadh seo a ghlacadh” nó “tar éis a chinneadh mar a leanas”, agus corp an ghnímh ina dhiaidh sin.

3.

Beidh gníomhartha roinnte ina n-airteagail agus, más cuí, na hairteagail arna ngrúpáil ina gcaibidlí agus ina ranna.

4.

Déanfar an dáta a thiocfaidh an gníomh i bhfeidhm a shonrú san airteagal deireanach den ghníomh, i gcás ina bhfuil an dáta sin roimh an bhfichiú lá tar éis a fhoilsithe nó ina dhiaidh.

5.

Beidh an méid seo a leanas i ndiaidh an airteagail dheireanaigh de ghníomh:

an fhoclaíocht chuí, de réir fhorálacha iomchuí na gConarthaí, maidir lena infheidhmeacht,

“Arna dhéanamh i/sa …” agus an dáta ar glacadh an gníomh ina dhiaidh sin,

“Thar ceann Pharlaimint na hEorpa An tUachtarán”, “Thar ceann na Comhairle An tUachtarán”, agus, ina dhiaidh sin, ainm Uachtarán na Parlaiminte agus ainm Uachtarán–in–Oifig na Comhairle an tráth ar glacadh an gníomh.

Riail 74

Gníomhartha glactha a shíniú

Tar éis bailchríoch a chur ar an téacs arna ghlacadh i gcomhréir le Riail 180 agus a luaithe a fhíoraítear go bhfuil na nósanna imeachta go léir curtha i gcrích go cuí, déanfaidh an tUachtarán agus an tArd-Rúnaí na gníomhartha arna nglacadh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach a shíniú agus foilseoidh Ard-Rúnaithe na Parlaiminte agus na Comhairle in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh iad.

CAIBIDIL 6a

Gnóthaí bunreachtúla

Riail 74a

Gnáth-athbhreithniú ar na Conarthaí

1.

I gcomhréir le Riail 41 agus Riail 48, féadfaidh an coiste freagrach tuarascáil a chur faoi bhráid na Parlaiminte ina mbeidh moltaí don Chomhairle maidir le leasú a dhéanamh ar na Conarthaí.

2.

I gcás ina dtéitear i gcomhairle leis an bParlaimint, i gcomhréir le hAirteagal 48(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, ar thogra le haghaidh cinnidh ón gComhairle Eorpach i bhfabhar scrúdú a dhéanamh ar leasuithe ar na Conarthaí, déanfar an t-ábhar a tharchur chuig an gcoiste freagrach. Déanfaidh an coiste tuarascáil a tharraingt suas ina mbeidh an méid seo a leanas:

tairiscint i gcomhair rúin ina luaitear an bhformheasann an Pharlaimint an cinneadh beartaithe, nó an ndiúltaíonn sí dó, agus féadfaidh tograí a bheith sa tairiscint sin a thabharfar ar aird an Choinbhinsiúin nó a thabharfar ar aird chomhdháil ionadaithe rialtais na mBallstát,

más cuí, ráiteas míniúcháin.

3.

Má chinneann an Chomhairle Eorpach Coinbhinsiún a chomóradh, déanfaidh an Pharlaimint ionadaithe na Parlaiminte a cheapadh ar thogra ó Chomhdháil na nUachtarán.

Toghfaidh toscaireacht na Parlaiminte a ceannaire agus a hiarrthóirí chun bheith mar chomhaltaí d’aon ghrúpa stiúrtha nó d’aon bhiúró a chuirfidh an Coinbhinsiún ar bun.

4.

I gcás ina n-iarrann an Chomhairle Eorpach toiliú na Parlaiminte i ndáil le cinneadh gan Coinbhinsiún a chomóradh chun leasuithe beartaithe ar na Conarthaí a scrúdú, déanfar an t-ábhar a tharchur chuig an gcoiste freagrach i gcomhréir le Riail 81.

Riail 74b

Athbhreithniú simplithe ar na Conarthaí

1.

I gcomhréir le Riail 41 agus Riail 48, féadfaidh an coiste freagrach, i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 48(6) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, tuarascáil a chur faoi bhráid na Parlaiminte ina mbeidh moltaí don Chomhairle Eorpach maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar fhorálacha uile, nó ar chuid d’fhorálacha, Chuid a Trí den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

2.

I gcás ina dtéitear i gcomhairle leis an bParlaimint, i gcomhréir le hAirteagal 48(6) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, ar thogra le haghaidh cinnidh ón gComhairle Eorpach lena leasaítear Cuid a Trí den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, beidh feidhm mutatis mutandis ag Riail 74a(2). Sa chás sin, ní fhéadfaidh ach tograí le haghaidh leasuithe ar fhorálacha Chuid a Trí den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a bheith sa tairiscint i gcomhair rúin.

Riail 74c

Conarthaí aontachais

1.

Déanfar aon iarratas ó Stát Eorpach chun bheith ina chomhalta den Aontas Eorpach a tharchur chuig an gcoiste freagrach lena bhreithniú.

2.

Féadfaidh an Pharlaimint a chinneadh, ar thogra ón gcoiste freagrach, ó ghrúpa polaitiúil nó ó 40 Feisire ar a laghad, go n-iarrfar ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle páirt a ghlacadh i ndíospóireacht sula gcuirtear tús le caibidlíochtaí leis an Stát is iarratasóir.

3.

Déanfaidh an Coimisiún agus an Chomhairle, ar fud na gcaibidlíochtaí, an coiste freagrach a chur ar an eolas go rialta agus go hiomlán faoin dul chun cinn sna caibidlíochtaí agus, más gá, déanfar amhlaidh ar bhonn rúnda.

4.

Ag aon chéim de na caibidlíochtaí, féadfaidh an Pharlaimint, ar bhonn tuarascála ón gcoiste freagrach, moltaí a ghlacadh agus a cheangal go gcuirfear na moltaí sin san áireamh sula ndéantar Conradh a thabhairt i gcrích maidir le haontachas Stáit is iarratasóir leis an Aontas Eorpach.

5.

Nuair atá na caibidlíochtaí tugtha chun críche, ach sula ndéantar aon chomhaontú a shíniú, cuirfear an dréachtchomhaontú faoi bhráid na Parlaiminte lena toiliú a fháil i gcomhréir le Riail 81.

Riail 74d

Tarraingt siar ón Aontas

Má chinneann Ballstát, de bhun Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, tarraingt siar ón Aontas, déanfar an t-ábhar a tharchur chuig an gcoiste freagrach. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Riail 74c. Déanfaidh an Pharlaimint cinneadh, le tromlach na vótaí a chaitear, maidir le toiliú le comhaontú ar an tarraingt siar.

Riail 74e

Ballstát do dhéanamh sárú ar phrionsabail bhunúsacha

1.

Féadfaidh an Pharlaimint, ar bhonn tuarascála sonraí ón gcoiste freagrach arna tarraingt suas i gcomhréir le Riail 41 agus Riail 48:

(a)

vótáil a dhéanamh ar thogra réasúnaithe á iarraidh ar an gComhairle gníomhú de bhun Airteagal 7(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach;

(b)

vótáil a dhéanamh ar thogra á iarraidh ar an gCoimisiún nó ar na Ballstáit togra a thíolacadh de bhun Airteagal 7(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach;

(c)

vótáil a dhéanamh ar thogra á iarraidh ar an gComhairle gníomhú de bhun Airteagal 7(3), nó ina dhiaidh sin, de bhun Airteagal 7(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

2.

Déanfar aon iarraidh ón gComhairle ar thoiliú maidir le togra arna thíolacadh de bhun Airteagal 7(1) agus (2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, mar aon leis na barúlacha arna dtíolacadh ag an mBallstát lena mbaineann, a fhógairt don Pharlaimint agus a tharchur chuig an gcoiste freagrach i gcomhréir le Riail 81. Ach amháin in imthosca práinneacha agus inchosanta, glacfaidh an Pharlaimint a cinneadh ar thogra ón gcoiste freagrach.

3.

Maidir le cinntí a ghlactar faoi mhír 1 agus faoi mhír 2, beidh tromlach de dhá thrian de na vótaí a chaitear ag teastáil ina leith agus beidh an tromlach sin in ionannas le tromlach de na Feisirí a chomhdhéanann an Pharlaimint.

4.

Faoi réir údaraithe ó Chomhdháil na nUachtarán, féadfaidh an coiste freagrach tairiscint tionlacain i gcomhair rúin a thíolacadh. Sa tairiscint sin i gcomhair rúin, leagfar amach tuairimí na Parlaiminte ar shárú tromchúiseach ag Ballstát, ar na smachtbhannaí cuí agus ar athrú nó ar chúlghairm na smachtbhannaí sin.

5.

Cinnteoidh an coiste freagrach go gcoimeádtar an Pharlaimint go hiomlán ar an eolas agus, más gá, go n-iarrtar a cuid tuairimí maidir leis na bearta leantacha go léir a bhaineann lena toiliú arna thabhairt i gcomhréir le mír 3. Iarrfar ar an gComhairle achoimre a thabhairt ar fhorbairtí de réir mar is cuí. Ar thogra ón gcoiste freagrach, arna tharraingt suas le húdarú ó Chomhdháil na nUachtarán, féadfaidh an Pharlaimint moltaí a bheidh le cur faoi bhráid na Comhairle a ghlacadh.

Riail 74f

Comhdhéanamh na Parlaiminte

In am trátha roimh dheireadh téarma pharlaimintigh, féadfaidh an Pharlaimint, ar bhonn tuarascála arna tarraingt suas ag an gcoiste freagrach i gcomhréir le Riail 41, togra a dhéanamh chun a comhdhéanamh a mhodhnú. Déanfar dréachtchinneadh na Comhairle Eorpaí lena mbunaítear comhdhéanamh na Parlaiminte a scrúdú i gcomhréir le Riail 81.

Riail 74g

Comhar feabhsaithe idir Ballstáit

1.

Déanfaidh an tUachtarán iarrataí chun comhar feabhsaithe idir Ballstáit a thabhairt isteach de bhun Airteagal 20 den Chonradh ar an Aontas Eorpach a chur faoi bhráid an choiste fhreagraigh lena mbreithniú. Beidh feidhm ag Rialacha 37, 38, 39, 43, 53 go 59 agus 81, de réir mar is cuí.

2.

Fíoróidh an coiste freagrach go bhfuil Airteagal 20 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus Airteagail 326 go 334 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh á gcomhlíonadh.

3.

Maidir le gníomhartha ina dhiaidh sin a bheidh beartaithe faoi chomhar feabhsaithe, tar éis é a bhunú, déileálfar leo sa Pharlaimint faoi na nósanna imeachta céanna atá ann nuair nach bhfuil feidhm ag comhar feabhsaithe. Beidh feidhm ag Riail 43.

CAIBIDIL 7

Nósanna imeachta buiséadacha

Riail 75

An creat airgeadais ilbhliantúil

I gcás ina n-iarrann an Chomhairle toiliú na Parlaiminte i ndáil leis an togra le haghaidh rialacháin lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil, déanfar an t-ábhar a tharchur chuig an gcoiste freagrach i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos i Riail 81. Beidh vótaí thromlach na bhFeisirí a chomhdhéanann an Pharlaimint ag teastáil chun toiliú na Parlaiminte a fháil.

Riail 75a

Doiciméid oibre

1.

Déanfar na doiciméid seo a leanas a chur ar fáil do na Feisirí:

(a)

an dréachtbhuiséad arna thíolacadh ag an gCoimisiún;

(b)

achoimre ón gComhairle ar a cuid pléití ar an dréachtbhuiséad;

(c)

seasamh na Comhairle ar an dréachtbhuiséad arna tharraingt suas de bhun Airteagal 314(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;

(d)

aon dréachtchinneadh maidir leis na dóú codanna déag sealadacha de bhun Airteagal 315 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

2.

Tarchuirfear na doiciméid sin chuig an gcoiste freagrach. Féadfaidh aon choiste lena mbaineann tuairim a thabhairt.

3.

Más mian le coistí eile tuairimí a thabhairt, socróidh an tUachtarán an teorainn ama ar laistigh di a chuirfear na tuairimí sin in iúl don choiste freagrach.

Riail 75b

Breithniú an dréachtbhuiséid — an chéad chéim

1.

Faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha amach thíos, féadfaidh aon Fheisire dréachtleasuithe ar an dréachtbhuiséad a chur síos agus labhairt i bhfabhar na ndréachtleasuithe sin.

2.

Ní bheidh dréachtleasuithe inghlactha ach amháin má thíolactar i scríbhinn iad agus go bhfuil síniú 40 Feisire ar a laghad orthu nó go gcuirtear síos thar ceann grúpa pholaitiúil nó coiste iad, go sonraíonn siad an ceannteideal buiséid lena mbaineann siad agus go gcinntítear go gcoimeádtar cóimheá idir ioncam agus caiteachas. Beidh an fhaisnéis iomchuí go léir maidir leis na tuairimí atá le hiontráil faoin gceannteideal buiséid i dtrácht san áireamh sna dréachtleasuithe.

Ní mór réasúnú i scríbhinn a thabhairt i ndáil leis na dréachtleasuithe go léir ar an dréachtbhuiséad.

3.

Socróidh an tUachtarán an teorainn ama maidir le dréachtleasuithe a chur síos.

4.

Tabharfaidh an coiste freagrach a thuairim ar na téacsanna a chuirtear faoina bhráid sula bpléitear sa Pharlaimint iad.

Maidir le dréachtleasuithe a mbeidh diúltaithe dóibh ag an gcoiste freagrach, ní dhéanfar vótáil orthu sa Pharlaimint mura rud é go n-iarrann coiste nó 40 Feisire ar a laghad amhlaidh i scríbhinn, roimh spriocam a bheidh le socrú ag an Uachtarán; ní fhéadfaidh an spriocam sin, ar aon chúis, a bheith níos lú ná 24 huaire an chloig roimh thús na vótála.

5.

Ní dhéanfar dréachtleasuithe ar mheastacháin na Parlaiminte a bheidh comhchosúil leo sin ar dhiúltaigh an Pharlaimint dóibh cheana an tráth a tarraingíodh suas na meastacháin a phlé ach amháin i gcás tuairim fhabhrach a bheith tugtha ag an gcoiste freagrach ina leith.

6.

D’ainneoin Riail 55(2), déanfaidh an Pharlaimint vótálacha ar leithligh agus comhleanúnacha ar na nithe seo a leanas:

gach dréachtleasú,

gach roinn den dréachtbhuiséad,

tairiscint i gcomhair rúin maidir leis an dréachtbhuiséad.

Mar sin féin, beidh feidhm ag Riail 161(4) go (8).

7.

Measfar go bhfuil airteagail, caibidlí, teidil agus ranna den dréachtbhuiséad nár cuireadh síos aon dréachtleasuithe ina leith arna nglacadh.

8.

Beidh vótaí thromlach na bhFeisirí a chomhdhéanann an Pharlaimint riachtanach chun dréachtleasuithe a ghlacadh.

9.

Má leasaíonn an Pharlaimint an dréachtbhuiséad, déanfar an dréachtbhuiséad, arna leasú amhlaidh, a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún, mar aon leis na réasúnuithe.

10.

Déanfar miontuairiscí an tsuí ar lena linn a thug an Pharlaimint a tuairim ar an dréachtbhuiséad a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

Riail 75c

Cruinnithe tríthaobhacha airgeadais

Beidh an tUachtarán rannpháirteach i gcruinnithe tráthrialta idir Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Uachtarán na Comhairle agus Uachtarán an Choimisiúin arna gcomóradh, ar thionscnamh an Choimisiúin, faoi na nósanna imeachta buiséadacha dá dtagraítear i dTeideal II de Chuid a Sé den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Déanfaidh an tUachtarán gach beart is gá chun comhairliúchán, agus comhréiteach sheasaimh na n-institiúidí, a chur chun cinn d’fhonn cur chun feidhme na nósanna imeachta réamhráite a éascú.

Féadfaidh Uachtarán na Parlaiminte an cúram seo a tharmligean chuig Leas-Uachtarán a bhfuil taithí aige nó aici ar chúrsaí buiséid nó chuig Cathaoirleach an choiste atá freagrach as saincheisteanna buiséadacha.

Riail 75d

Idir-réiteach buiséadach

1.

Comórfaidh an tUachtarán Coiste Idir-réitigh i gcomhréir le hAirteagal 314(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

2.

Beidh an toscaireacht a dhéanfaidh ionadaíocht ar an bParlaimint ag cruinnithe an Choiste Idir-réitigh sa nós imeachta buiséadach comhdhéanta de líon comhaltaí a bheidh comhionann leis an líon a bheidh ar thoscaireacht na Comhairle.

3.

Déanfaidh na grúpaí polaitiúla comhaltaí na toscaireachta a cheapadh gach bliain roimh vóta na Parlaiminte ar sheasamh na Comhairle, agus is fearr na comhaltaí sin a cheapadh as measc chomhaltaí an choiste atá freagrach as saincheisteanna buiséadacha agus as measc na gcoistí eile lena mbaineann. Is é Uachtarán na Parlaiminte a bheidh i gceannas ar an toscaireacht. Féadfaidh an tUachtarán an ról sin a tharmligean chuig Leas-Uachtarán a bhfuil taithí aige nó aici ar chúrsaí buiséid nó chuig Cathaoirleach an choiste atá freagrach as saincheisteanna buiséadacha.

4.

Beidh feidhm ag Riail 68(2), (4), (5), (7) agus (8).

5.

I gcás ina dtagtar ar chomhaontú maidir le téacs comhpháirteach laistigh den Choiste Idir-réitigh, cuirfear an t-ábhar ar chlár oibre suí den Pharlaimint a thionólfar laistigh de 14 lá ó dháta an chomhaontaithe sin. Cuirfear an téacs comhpháirteach ar fáil do na Feisirí. Beidh feidhm ag Riail 69(2) agus (3).

6.

Beidh an téacs comhpháirteach ina iomláine faoi réir vótála aonair. Déanfar an vótáil mar vótáil le glaoch rolla. Measfar an téacs comhpháirteach a bheith formheasta mura rud é go ndiúltóidh tromlach na bhFeisirí a chomhdhéanann an Pharlaimint dó.

7.

Más rud é go bhformheasann an Pharlaimint an téacs comhpháirteach ach go ndiúltaíonn an Chomhairle dó, féadfaidh an coiste freagrach leasuithe uile, nó cuid de leasuithe, na Parlaiminte ar sheasamh na Comhairle a chur síos lena ndearbhú i gcomhréir le pointe (d) d’Airteagal 314(7) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Déanfar an vóta ar an dearbhú a chur ar chlár oibre suí den Pharlaimint a thionólfar laistigh de 14 lá ón dáta a gcuirfidh an Chomhairle in iúl gur dhiúltaigh sí don téacs comhpháirteach.

Measfar na leasuithe a bheith arna ndearbhú má fhormheastar iad le tromlach na bhFeisirí a chomhdhéanann an Pharlaimint agus le trí chúigiú de na vótaí a chaitear.

Riail 75e

An buiséad a ghlacadh go cinntitheach

I gcás inar deimhin leis an Uachtarán gur glacadh an buiséad i gcomhréir le forálacha Airteagal 314 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, dearbhóidh sé sa Pharlaimint go bhfuil an buiséad arna ghlacadh go cinntitheach. Déanfaidh sé socrú lena fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Riail 75f

Córas na ndóú codanna déag sealadacha

1.

Déanfar aon chinneadh ón gComhairle lena n-údaraítear caiteachas is mó ná an dóú cuid déag sealadach don chaiteachas a tharchur chuig an gcoiste freagrach.

2.

Féadfaidh an coiste freagrach dréachtchinneadh a chur síos chun an caiteachas dá dtagraítear i mír 1 a laghdú. Déanfaidh an Pharlaimint cinneadh ina leith laistigh de 30 lá tar éis ghlacadh chinneadh na Comhairle.

3.

Gníomhóidh an Pharlaimint trí thromlach na bhFeisirí a chomhdhéanann í.

Riail 76

Urscaoileadh don Choimisiún i ndáil leis an mbuiséad a chur chun feidhme

Tá na forálacha a bhaineann leis na nósanna imeachta maidir le cur chun feidhme an chinnidh chun urscaoileadh a dheonú don Choimisiún i ndáil leis an mbuiséad a chur chun feidhme i gcomhréir le forálacha airgeadais an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais i gceangal leis na Rialacha seo mar iarscríbhinn (9). Glacfar an iarscríbhinn sin i gcomhréir le Riail 212(2).

Riail 77

Nósanna imeachta eile maidir le hurscaoileadh

Maidir leis na forálacha lena rialaítear an nós imeachta a bhaineann le hurscaoileadh a dheonú don Choimisiún i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid, beidh feidhm acu freisin maidir leis an nós imeachta a bhaineann le hurscaoileadh a dheonú dóibh seo a leanas:

Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Pharlaimint na hEorpa,

na daoine atá freagrach as cur chun feidhme bhuiséid na n-institiúidí agus na gcomhlachtaí eile de chuid an Aontais Eorpaigh, mar shampla an Chomhairle (maidir lena gníomhaíochtaí mar fheidhmeannacht), Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, an Chúirt Iniúchóirí, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún,

an Coimisiún, i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Chiste Eorpaigh Forbraíochta,

na comhlachtaí atá freagrach as bainistiú buiséadach a dhéanamh ar eintitis atá neamhspleách go dlíthiúil agus a chomhallann cúraimí an Aontais, sa mhéid go dtagann a gcuid gníomhaíochtaí faoi réir forálacha dlíthiúla lena gceanglaítear urscaoileadh ag Parlaimint na hEorpa.

Riail 78

Rialú parlaiminteach ar chur chun feidhme an bhuiséid

1.

Déanfaidh an Pharlaimint faireachán ar chur chun feidhme bhuiséad na bliana reatha. Tabharfaidh an Pharlaimint an cúram seo do na coistí atá freagrach as an mbuiséad agus as rialú buiséadach agus do na coistí eile lena mbaineann.

2.

Gach bliain, roimh an gcéad léamh ar an dréachtbhuiséad don bhliain airgeadais dár gcionn, breithneoidh sí na fadhbanna a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid reatha agus, nuair is cuí, déanfar sin ar bhonn tairisceana i gcomhair rúin arna cur síos ag a coiste freagrach.

CAIBIDIL 8

Nósanna imeachta buiséadacha inmheánacha

Riail 79

Meastacháin na Parlaiminte

1.

Déanfaidh an Biúró réamhdhréacht de na meastacháin a tharraingt suas ar bhonn tuarascála arna hullmhú ag an Ardrúnaí.

2.

Cuirfidh an tUachtarán an réamhdhréacht de na meastacháin ar aghaidh chuig an gcoiste freagrach agus déanfaidh an coiste sin an dréacht de na meastacháin a tharraingt suas agus tuairisc a thabhairt don Pharlaimint.

3.

Socróidh an tUachtarán teorainn ama chun leasuithe ar an dréacht de na meastacháin a chur síos.

Tabharfaidh an coiste freagrach a thuairim ar na leasuithe sin.

4.

Glacfaidh an Pharlaimint na meastacháin.

5.

Cuirfidh an tUachtarán na meastacháin ar aghaidh chuig an gCoimisiún agus chuig an gComhairle.

6.

Beidh feidhm ag na forálacha sin roimhe seo freisin maidir le meastacháin leasaitheacha.

Riail 79a

An nós imeachta atá le cur i bhfeidhm le linn meastacháin na Parlaiminte a tharraingt suas

1.

Maidir le buiséad na Parlaiminte, glacfaidh an Biúró agus an coiste atá freagrach as saincheisteanna buiséadacha cinntí i gcéimeanna comhleanúnacha ar na nithe seo a leanas:

(a)

an plean bunaíochta;

(b)

an réamhdhréacht agus na dréachtmheastacháin.

2.

Déanfar na cinntí a bhaineann leis an bplean bunaíochta a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta seo a leanas:

(a)

déanfaidh an Biúró an plean bunaíochta a tharraingt suas do gach bliain airgeadais;

(b)

cuirfear tús le nós imeachta idir-réitigh idir an Biúró agus an coiste atá freagrach as saincheisteanna buiséadacha i gcásanna nach ionann tuairim an choiste fhreagraigh sin agus na cinntí tosaigh a ghlac an Biúró;

(c)

ag deireadh an nós imeachta, glacfaidh an Biúró an cinneadh críochnaitheach ar na meastacháin don phlean bunaíochta, i gcomhréir le Riail 207(3), ach sin gan dochar do na cinntí a ghlactar de bhun Airteagal 314 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

3.

Maidir leis na meastacháin féin, cuirfear tús leis an nós imeachta chun na meastacháin a tharraingt suas a luaithe agus a bheidh an cinneadh críochnaitheach glactha ag an mBiúró ar an bplean bunaíochta. Is iad céimeanna an nós imeachta sin ná na céimeanna sin a leagtar síos i Riail 79. Cuirfear tús le nós imeachta idir-réitigh i gcásanna ina mbeidh seasamh an choiste atá freagrach as saincheisteanna buiséadacha agus seasamh an Bhiúró an-éagsúil lena chéile.

Riail 80

An chumhacht chun caiteachas a thabhú agus a ghlanadh

1.

Déanfaidh an tUachtarán, nó cuirfidh an tUachtarán faoi deara, an caiteachas atá clúdaithe leis na rialacháin airgeadais inmheánacha arna n-eisiúint ag an mBiúró, tar éis dul i gcomhairle leis an gcoiste cuí, a thabhú agus a ghlanadh.

2.

Cuirfidh an tUachtarán na dréachtchuntais bhliantúla ar aghaidh chuig an gcoiste freagrach.

3.

Ar bhonn tuarascála ón gcoiste freagrach, formheasfaidh an Pharlaimint a cuid cuntas agus déanfaidh cinneadh maidir le hurscaoileadh a dheonú.

CAIBIDIL 9

An nós imeachta maidir le toiliú

Riail 81

An nós imeachta maidir le toiliú

1.

I gcás ina n-iarrtar ar an bParlaimint a toiliú a thabhairt maidir le gníomh beartaithe, déanfaidh sí cinneadh ar bhonn molta ón gcoiste freagrach chun an gníomh a fhormheas nó chun diúltú don ghníomh.

Is trí vótáil aonair a dhéanfaidh an Pharlaimint cinneadh ar an ngníomh a bhfuil gá le toiliú uaithi ina leith faoin gConradh ar an Aontas Eorpach nó faoin gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus ní fhéadfar aon leasuithe a chur síos. Is é an tromlach a bheidh riachtanach chun go nglacfar an toiliú ná an tromlach arna léiriú san airteagal den Chonradh ar an Aontas Eorpach nó den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh arb é is bunús dlí don ghníomh beartaithe.

2.

I gcás conarthaí aontachais agus comhaontuithe idirnáisiúnta, agus i gcás cinneadh a dhéanamh ar sárú tromchúiseach agus leanúnach ar chomhphrionsabail ag Ballstát, beidh feidhm ag Riail 74c, ag Riail 74e agus ag Riail 90 faoi seach. Maidir leis an nós imeachta um chomhar feabhsaithe i réimse atá clúdaithe leis an ngnáthnós imeachta reachtach, beidh feidhm ag Riail 74g.

3.

I gcás ina bhfuil gá le toiliú na Parlaiminte i gcomhair gnímh reachtaigh nó i gcomhair comhaontaithe idirnáisiúnta atá le tabhairt i gcrích, féadfaidh an coiste freagrach a chinneadh, ar mhaithe le toradh dearfach ar an nós imeachta a éascú, tuarascáil eatramhach ar thogra an Choimisiúin a thíolacadh don Pharlaimint, lena n-áirítear tairiscint i gcomhair rúin ina bhfuil moltaí chun an gníomh beartaithe a mhodhnú nó a chur chun feidhme.

CAIBIDIL 10

Scriosta

Riail 82

Scriosta

CAIBIDIL 11

Nósanna imeachta eile

Riail 83

An nós imeachta maidir le tuairimí a thabhairt de bhun Airteagal 140 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

1.

Nuair a théitear i gcomhairle leis an bParlaimint ar mholtaí ón gComhairle de bhun Airteagal 140(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, déanfaidh an Pharlaimint, tar éis don Chomhairle na moltaí sin a thíolacadh i suí iomlánach, an t-ábhar a bhreithniú ar bhonn togra arna thíolacadh ó bhéal nó i scríbhinn ag an gcoiste dá cuid atá freagrach as an ábhar, ar togra é ina moltar na moltaí a ndeachthas i gcomhairle leis an bParlaimint ina dtaobh a fhormheas nó ina moltar diúltú do na moltaí sin.

2.

Déanfaidh an Pharlaimint comhvótáil aonair ar na moltaí ansin, agus ní fhéadfar aon leasuithe a chur síos ina leith.

Riail 84

Nósanna imeachta a bhaineann le hagallamh idir na comhpháirtithe sóisialta

1.

Déanfaidh an tUachtarán aon doiciméad arna tharraingt suas ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 154 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh nó aon chomhaontuithe a dtagann na comhpháirtithe sóisialta orthu de bhun Airteagal 155(1) den Chonradh, agus aon mholtaí arna dtíolacadh ag an gCoimisiún faoi Airteagal 155(2) den Chonradh, a tharchur chuig an gcoiste freagrach lena mbreithniú.

2.

I gcás ina gcuireann na comhpháirtithe sóisialta in iúl don Choimisiún gur mian leo an próiseas dá bhforáiltear in Airteagal 155 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a thionscnamh, féadfaidh an coiste freagrach tuarascáil a tharraingt suas ar an tsaincheist shubstainteach i dtrácht.

3.

I gcás ina bhfuil na comhpháirtithe sóisialta tar éis teacht ar chomhaontú agus go n-iarrann siad i gcomhpháirt lena chéile go gcuirfear an comhaontú chun feidhme le cinneadh ón gComhairle ar thogra ón gCoimisiún faoi Airteagal 155(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, déanfaidh an coiste freagrach tairiscint i gcomhair rúin a chur síos á mholadh go bhformheasfar an iarraidh nó go ndiúltófar di.

Riail 85

Nósanna imeachta maidir le comhaontuithe deonacha a ghrinnscrúdú

1.

I gcás ina gcuireann an Coimisiún in iúl don Pharlaimint go bhfuil sé ar intinn aige scrúdú a dhéanamh ar úsáid a bhaint as comhaontuithe deonacha mar mhalairt ar reachtaíocht, féadfaidh an coiste freagrach tuarascáil a tharraingt suas ar an tsaincheist shubstainteach i dtrácht de bhun Riail 48.

2.

Nuair a fhógraíonn an Coimisiún go bhfuil sé ar intinn aige comhaontú deonach a dhéanamh, féadfaidh an coiste freagrach tairiscint i gcomhair rúin a chur síos á mholadh go bhformheasfar an togra nó go ndiúltófar dó, agus á mholadh cad iad na coinníollacha faoina ndéanfar amhlaidh.

Riail 86

Códú

1.

Nuair a dhéantar togra maidir le códú reachtaíochta Aontais a chur faoi bhráid na Parlaiminte, tarchuirfear chuig an gcoiste atá freagrach as gnóthaí dlíthiúla é. Scrúdóidh an coiste sin é i gcomhréir leis na socruithe arna gcomhaontú ar leibhéal idirinstitiúideach (10) d’fhonn a fhionnachtain gur códú díreach atá i gceist leis agus nach bhfuil aon athruithe de chineál substainteach i gceist.

2.

Féadfar a iarraidh ar an gcoiste a bhí freagrach as na gníomhartha atá le códú, ar iarraidh uaidh féin nó ar iarraidh ón gcoiste atá freagrach as gnóthaí dlíthiúla, a thuairim a thabhairt ar inmhianaitheacht an chódaithe.

3.

Ní bheidh leasuithe ar théacs an togra inghlactha.

Mar sin féin, arna iarraidh sin ag an rapóirtéir, féadfaidh Cathaoirleach an choiste atá freagrach as gnóthaí dlíthiúla leasuithe a bhaineann le hoiriúnuithe teicniúla a thíolacadh, lena bhformheas ag an gcoiste sin, ar choinníoll go bhfuil na hoiriúnuithe sin riachtanach d’fhonn a chinntiú go gcomhlíonfaidh an togra na rialacha códúcháin agus nach bhfuil aon athrú substainteach ar an togra i gceist leo.

4.

Má thagann an coiste atá freagrach as gnóthaí dlíthiúla ar an gconclúid nach bhfuil aon athrú substainteach ar reachtaíocht Aontais i gceist leis an togra, tarchuirfidh sé chuig an bParlaimint é lena fhormheas.

Má tá an coiste den tuairim go bhfuil athrú substainteach i gceist leis an togra, molfaidh sé go ndiúltóidh an Pharlaimint don togra.

I gceachtar cás, glacfaidh an Pharlaimint cinneadh trí vótáil aonair, gan leasú ná díospóireacht.

Riail 87

Athmhúnlú

1.

Nuair a dhéantar togra lena n-athmhúnlaítear reachtaíocht Aontais a chur faoi bhráid na Parlaiminte, tarchuirfear é chuig an gcoiste atá freagrach as gnóthaí dlíthiúla agus chuig an gcoiste atá freagrach as ábhar an togra.

2.

Déanfaidh an coiste atá freagrach as gnóthaí dlíthiúla an togra a scrúdú i gcomhréir leis na socruithe arna gcomhaontú ar leibhéal idirinstitiúideach (11) d’fhonn a sheiceáil nach bhfuil aon athruithe substainteacha i gceist seachas na hathruithe sin a shainaithnítear sa togra mar athruithe den sórt sin.

Chun críche an scrúdaithe sin, ní bheidh leasuithe ar théacs an togra inghlactha. Beidh feidhm, áfach, ag an dara fomhír de Riail 86(3) maidir leis na forálacha a fhanann gan athrú sa togra athmhúnlúcháin.

3.

Má mheasann an coiste atá freagrach as gnóthaí dlíthiúla nach bhfuil aon athruithe substainteacha i gceist leis an togra, seachas na hathruithe sin a shainaithnítear sa togra mar athruithe den sórt sin, cuirfidh sé an méid sin in iúl don choiste freagrach.

I gcás den sórt sin, de bhreis ar na coinníollacha atá leagtha síos i Riail 156 agus i Riail 157, ní bheidh leasuithe inghlactha laistigh den choiste atá freagrach as an ábhar ach amháin má bhaineann siad leis na codanna sin den togra ina bhfuil athruithe.

Más rud é, áfach, i gcomhréir le pointe 8 den Chomhaontú Idirinstitiúideach, go mbeartaíonn an coiste freagrach leasuithe ar na codanna códaithe den togra a thíolacadh freisin, tabharfaidh sé fógra láithreach don Chomhairle agus don Choimisiún á rá go mbeartaíonn sé déanamh amhlaidh, agus is ceart don Choimisiún, roimh an vótáil de bhun Riail 54, a chur in iúl don choiste cén seasamh atá aige ar na leasuithe agus cibé acu atá nó nach bhfuil sé ar intinn aige an togra athmhúnlúcháin a tharraingt siar.

4.

Má mheasann an coiste atá freagrach as gnóthaí dlíthiúla go bhfuil athruithe substainteacha i gceist leis an togra, seachas na hathruithe sin a shainaithnítear sa togra mar athruithe den sórt sin, molfaidh sé go ndiúltóidh an Pharlaimint don togra agus cuirfidh sé in iúl don choiste atá freagrach as an ábhar go bhfuil sé sin déanta aige.

I gcás den sórt sin, iarrfaidh an tUachtarán ar an gCoimisiún an togra a tharraingt siar. Má dhéanann an Coimisiún amhlaidh, cinnfidh an tUachtarán go bhfuil an nós imeachta iomarcach agus cuirfidh sé an Chomhairle ar an eolas dá réir. Más rud é nach dtarraingíonn an Coimisiún siar a thogra, tarchuirfidh an Pharlaimint an cheist ar ais chuig an gcoiste atá freagrach as an ábhar, agus breithneoidh an coiste sin é i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta.

Riail 87a

Gníomhartha tarmligthe

Más rud é, maidir le gníomh reachtach, go ndéantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún leis ar cumhacht í chun eilimintí neamhriachtanacha áirithe de ghníomh reachtach a fhorlíonadh nó a leasú:

déanfaidh an coiste freagrach aon dréachtghníomh tarmligthe a scrúdú i gcás ina dtarmligtear é chun na Parlaiminte lena ghrinnscrúdú,

féadfaidh an coiste freagrach aon togra iomchuí a chur faoi bhráid na Parlaiminte i dtairiscint i gcomhair rúin i gcomhréir le forálacha an ghnímh reachtaigh.

Beidh feidhm mutatis mutandis ag Riail 88(1), (2) agus (3).

Riail 88

Bearta cur chun feidhme

1.

I gcás ina gcuireann an Coimisiún dréacht de bhearta cur chun feidhme ar aghaidh chuig an bParlaimint, tarchuirfidh an tUachtarán an dréacht de na bearta ar aghaidh chuig an gcoiste atá freagrach as an ngníomh as a n–eascraíonn na bearta cur chun feidhme. Más rud é go ndearnadh an nós imeachta le haghaidh coistí comhlachaithe a chur i bhfeidhm maidir leis an ngníomh bunúsach, iarrfaidh an coiste freagrach ar gach ceann de na coistí comhlachaithe a dtuairimí a lua ó bhéal nó i litir.

2.

Socróidh Cathaoirleach an choiste fhreagraigh teorainn ama ar laistigh di is féidir leis na Feisirí a mholadh go gcuirfidh an coiste in aghaidh an dréachta de na bearta. Má mheasann an coiste gur cuí sin, féadfaidh sé a chinneadh rapóirtéir a cheapadh as measc a chomhaltaí nó a bhuanchomhaltaí ionaid. Má chuireann an coiste in aghaidh an dréachta de bhearta, cuirfidh sé síos tairiscint i gcomhair rúin ina gcuirfear i gcoinne ghlacadh an dréachta de bhearta agus ina bhféadfar a léiriú freisin cad iad na hathruithe is ceart a dhéanamh ar an dréacht de bhearta.

Más rud é, laistigh den teorainn ama is infheidhme, arna ríomh óna dáta a bhfaightear an dréacht de bhearta, go nglacfaidh an Pharlaimint rún den sórt sin, iarrfaidh an tUachtarán ar an gCoimisiún an dréacht de bhearta a tharraingt siar nó a leasú nó togra a thíolacadh faoin nós imeachta reachtach cuí.

3.

Más rud é nach bhfuil aon pháirtseisiún ann sula dtéann an teorainn ama in éag, measfar an ceart freagartha a bheith arna tharmligean chuig an gcoiste freagrach. Beidh an freagra sin i bhfoirm litreach ó Chathaoirleach an choiste chuig an gComhalta den Choimisiún atá freagrach agus tabharfar ar aird Fheisirí uile na Parlaiminte é.

4.

Má thagann na bearta cur chun feidhme arna samhlú ag an gCoimisiún faoi réim an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú, ní bheidh feidhm ag mír 3 agus déanfar mír 1 agus mír 2 a fhorlíonadh mar a leanas:

(a)

tosóidh an tréimhse ama don ghrinnscrúdú a luaithe a bheidh an dréacht de bhearta curtha faoi bhráid na Parlaiminte i ngach ceann de na teangacha oifigiúla. I gcás ina bhfuil feidhm ag teorainneacha ama níos giorra (Airteagal 5a(5)(b) de Chinneadh 1999/468/CE ón gComhairle ag leagan síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún) agus i gcásanna práinne (Airteagal 5a(6) de Chinneadh 1999/468/CE), tosóidh an tréimhse ama don ghrinnscrúdú, mura rud é go ndéanann Cathaoirleach an choiste fhreagraigh agóid ina aghaidh, ón dáta a bhfaigheann an Pharlaimint an dréacht críochnaitheach de na bearta cur chun feidhme sna leaganacha teanga a cuireadh faoi bhráid chomhaltaí an coiste arna chur ar bun i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE. Ní bheidh feidhm ag Riail 146 sa chás seo;

(b)

féadfaidh an Pharlaimint, ag gníomhú di le tromlach de na Feisirí a chomhdhéanann í, cur i gcoinne ghlacadh an dréachta de bhearta, agus a seasamh ina choinne á réasúnú aici trína léiriú go dtéann an dréacht de bhearta thar na cumhachtaí cur chun feidhme dá bhforáiltear san ionstraim bhunúsach, nach bhfuil sé i gcomhréir le haidhm nó le hinneachar na hionstraime bunúsaí nó nach n-urramaíonn sé prionsabal na coimhdeachta nó prionsabal na comhréireachta;

(c)

más rud é go bhfuil an dréacht de bhearta bunaithe ar mhír 5 nó ar mhír 6 d’Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE, lena bhforordaítear teorainneacha ama ciorraithe ar laistigh díobh a fhéadfaidh an Pharlaimint cur ina choinne, féadfaidh Cathaoirleach an choiste fhreagraigh tairiscint i gcomhair rúin a chur síos ina gcuirfear in aghaidh ghlacadh an dréachta de bhearta más rud é nach mbeidh an coiste sin in ann cruinniú a thionól san am a bheidh ar fáil.

TEIDEAL IIA

CAIDREAMH SEACHTRACH

CAIBIDIL 12

Comhaontuithe idirnáisiúnta

Riail 89

Scriosta

Riail 90

Comhaontuithe idirnáisiúnta

1.

I gcás ina mbeartaítear caibidlíocht a thosú maidir le comhaontú idirnáisiúnta a thabhairt chun críche, a athnuachan nó a leasú, féadfaidh an coiste freagrach a chinneadh tuarascáil a tharraingt suas nó faireachán a dhéanamh, ar shlí eile, ar an nós imeachta agus Comhdháil Chathaoirligh na gCoistí a chur ar an eolas faoin gcinneadh sin. Más iomchuí, féadfar a iarraidh ar choistí eile tuairim a thabhairt de bhun Riail 49(1). Beidh feidhm ag Riail 188(2), ag Riail 50 nó ag Riail 51 más iomchuí.

Déanfaidh Cathaoirligh agus rapóirtéirí an choiste fhreagraigh agus aon choistí comhlachaithe gníomh cuí go comhpháirteach chun a áirithiú go soláthraíonn an Chomhairle agus an Coimisiún faisnéis láithreach, rialta, iomlán don Pharlaimint, ar bhonn rúnda más gá sin, ag gach céim de chaibidliú agus de thabhairt i gcrích comhaontuithe idirnáisiúnta, lena n-áirítear an dréacht-théacs de threoracha caibidlíochta agus an téacs deiridh de na treoracha sin de réir mar a ghlactar iad, agus chun a áirithiú go soláthraítear an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 agus:

déanfaidh an Coimisiún amhlaidh i gcomhréir lena oibleagáidí faoin gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus lena ngealltanais faoin gCreat-Chomhaontú maidir leis an gcaidreamh idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún Eorpach, agus

déanfaidh an Chomhairle amhlaidh i gcomhréir lena hoibleagáidí faoin gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

2.

Féadfaidh an Pharlaimint, ar thogra ón gcoiste freagrach, ó ghrúpa polaitiúil nó ó 40 Feisire ar a laghad, a iarraidh ar an gComhairle gan tosú caibidlíochta a údarú go dtí go mbeidh a seasamh ar an sainordú caibidlíochta beartaithe tugtha ag an bParlaimint, ar bhonn tuarascála ón gcoiste freagrach.

3.

Gheobhaidh an coiste freagrach amach ón gCoimisiún, an tráth a bhfuil na caibidlíochtaí le tosú, cad é an bunús dlí atá roghnaithe chun na comhaontuithe idirnáisiúnta dá dtagraítear i mír 1 a thabhairt chun críche. Déanfaidh an coiste freagrach an bunús dlí atá roghnaithe a fhíorú i gcomhréir le Riail 37. I gcás ina mainníonn an Coimisiún bunús dlí a ainmniú, nó i gcás amhras a bheith ann faoi oiriúnacht an bhunúis dlí sin, beidh feidhm ag Riail 37.

4.

Ag aon tráth den chaibidlíocht, féadfaidh an Pharlaimint, ar bhonn tuarascála ón gcoiste freagrach, agus tar éis aon togra iomchuí arna chur síos de bhun Riail 121 a bhreithniú, moltaí a ghlacadh agus féadfaidh sí a éileamh go gcuirfear na moltaí sin san áireamh sula ndéantar an comhaontú idirnáisiúnta atá á bhreithniú a thabhairt chun críche.

5.

Nuair a bheidh an chaibidlíocht tugtha chun críche, ach sula ndéantar aon chomhaontú a shíniú, cuirfear an dréachtchomhaontú faoi bhráid na Parlaiminte lena tuairim a fháil ina leith nó lena toiliú a fháil ina leith. I gcás an nós imeachta maidir le toiliú, beidh feidhm ag Riail 81.

6.

Sula ndéantar vótáil ar an toiliú, féadfaidh an coiste freagrach, grúpa polaitiúil nó an deichiú cuid ar a laghad de na Feisirí a mholadh go lorgóidh an Pharlaimint tuairim ón gCúirt Bhreithiúnais maidir le comhréireacht comhaontaithe idirnáisiúnta leis na Conarthaí. Más rud é go bhformheasann an Pharlaimint moladh den sórt sin, cuirfear an vótáil ar an toiliú ar atráth go dtí go mbeidh a tuairim tugtha ag an gCúirt.

7.

Déanfaidh an Pharlaimint a tuairim nó a toiliú maidir le tabhairt chun críche, athnuachan nó leasú comhaontaithe idirnáisiúnta nó prótacail airgeadais arna thabhairt chun críche ag an Aontas Eorpach i vótáil aonair le tromlach de na vótaí a chaitear. Ní bheidh aon leasú ar théacs an chomhaontaithe nó an phrótacail inghlactha.

8.

Más tuairim neamhfhabhrach í an tuairim a ghlacann an Pharlaimint, iarrfaidh an tUachtarán ar an gComhairle gan an comhaontú i dtrácht a thabhairt chun críche.

9.

Má choimeádann an Pharlaimint siar a toiliú le comhaontú idirnáisiúnta, cuirfidh an tUachtarán in iúl don Chomhairle nach féidir an comhaontú i dtrácht a thabhairt chun críche.

Riail 91

Nósanna Imeachta atá bunaithe ar Airteagal 218 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh i gcás comhaontuithe idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm go sealadach nó a chur ar fionraí nó i gcás seasamh an Aontais a bhunú i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú idirnáisiúnta

I gcás ina ndéanfaidh an Coimisiún, i gcomhréir lena oibleagáidí faoin gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus faoin gCreat-Chomhaontú maidir le caidreamh idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún Eorpach, an Pharlaimint agus an Chomhairle a chur ar an eolas go bhfuil sé beartaithe aige comhaontú idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm go sealadach nó a chur ar fionraí, déanfar ráiteas sa Pharlaimint agus beidh díospóireacht ann i ndiaidh an ráitis sin. Féadfaidh an Pharlaimint moltaí a eisiúint de bhun Riail 90 nó Riail 97.

Beidh feidhm ag an nós imeachta céanna nuair a chuireann an Coimisiún an Pharlaimint ar an eolas faoi thogra a bhaineann leis na seasaimh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gcomhlacht idirnáisiúnta arna chur ar bun le comhaontú idirnáisiúnta.

CAIBIDIL 13

Ionadaíocht sheachtrach thar ceann an aontais agus an comhbheartas eachtrach agus slándála

Riail 92

Scriosta

Riail 93

Ionadaithe speisialta

1.

I gcás ina mbeartaíonn an Chomhairle ionadaí speisialta a cheapadh faoi Airteagal 33 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, déanfaidh an tUachtarán, ar iarraidh ón gcoiste freagrach, a iarraidh ar an gComhairle ráiteas a dhéanamh agus ceisteanna a fhreagairt maidir leis an sainordú, maidir leis na cuspóirí agus maidir le nithe iomchuí eile a bhaineann leis na cúraimí agus an ról a bheidh le comhlíonadh ag an ionadaí speisialta.

2.

Nuair a cheaptar an t-ionadaí speisialta, ach sula rachaidh sé nó sí i mbun an phoist, féadfar a iarraidh ar an té a beidh ceaptha láithriú os comhair an choiste fhreagraigh chun ráiteas a dhéanamh agus ceisteanna a fhreagairt.

3.

Laistigh de thrí mhí ón éisteacht, féadfaidh an coiste moladh a dhéanamh de bhun Riail 121 ar moladh é a bhaineann go díreach leis an ráiteas a rinneadh agus na freagraí a tugadh.

4.

Iarrfar ar an ionadaí speisialta an Pharlaimint a choimeád ar an eolas go hiomlán agus go rialta maidir le feidhmiú praiticiúil an tsainordaithe.

5.

Maidir le hionadaí speisialta a bheidh ceaptha ag an gComhairle agus ag a mbeidh sainordú i ndáil le saincheisteanna áirithe beartais, féadfaidh an Pharlaimint a iarraidh ar an ionadaí speisialta sin, nó féadfaidh an t-ionadaí speisialta sin a iarraidh go n-iarrfar air nó uirthi, ráiteas a dhéanamh os comhair an choiste fhreagraigh.

Riail 94

Scriosta

Riail 95

Ionadaíocht idirnáisiúnta

1.

Nuair atá ceann toscaireachta seachtraí de chuid an Aontais le ceapadh, féadfar a iarraidh ar an ainmnitheach láithriú os comhair an chomhlachta iomchuí den Pharlaimint chun ráiteas a dhéanamh agus ceisteanna a fhreagairt.

2.

Laistigh de thrí mhí ón éisteacht dá bhforáiltear i mír 1, féadfaidh an coiste freagrach rún a ghlacadh nó moladh a dhéanamh, de réir mar is cuí, ar rún nó moladh é a bhaineann go díreach leis an ráiteas a rinneadh agus leis na freagraí a tugadh.

Riail 96

Comhairliúchán leis an bParlaimint agus faisnéis a sholáthar don Pharlaimint faoi chuimsiú an chomhbheartais eachtraigh agus slándála

1.

Nuair a théitear i gcomhairle leis an bParlaimint de bhun Airteagal 36 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, tarchuirfear an t-ábhar chuig an gcoiste freagrach agus féadfaidh an coiste sin moltaí a dhéanamh de bhun Riail 97.

2.

Féachfaidh na coistí lena mbaineann lena chinntiú go ndéanann Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála faisnéis a sholáthar dóibh go rialta agus go tráthúil maidir le forbairt agus cur chun feidhme chomhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais, maidir leis na costais a shamhlaítear gach uair a dhéantar cinneadh lena ngabhann caiteachas a ghlacadh faoin mbeartas sin agus maidir le haon ghnéithe eile airgeadais a bhaineann le cur chun feidhme gníomhaíochtaí faoin mbeartas sin. Go heisceachtúil, ar iarraidh ón Leas-Uachtarán/ón Ardionadaí, féadfaidh coiste a chinneadh a chuid imeachtaí a sheoladh i seomra iata.

3.

Seolfar díospóireacht dhá uair sa bhliain ar an doiciméad comhairliúcháin arna bhunú ag an Leas-Uachtarán/Ardionadaí maidir le príomhghnéithe agus bunroghanna an chomhbheartais eachtraigh agus slándála, lena n-áirítear an comhbheartas slándála agus cosanta agus na himpleachtaí airgeadais do bhuiséad an Aontais. Beidh feidhm ag na nósanna imeachta atá leagtha síos i Riail 110.

(Féach freisin an léirmhíniú faoi Riail 121.)

4.

Iarrfar ar an Leas-Uachtarán/Ardionadaí freastal ar gach uile dhíospóireacht iomlánach a bhaineann leis an mbeartas eachtrach, leis an mbeartas slándála nó leis an mbeartas cosanta.

Riail 97

Moltaí faoi chuimsiú an chomhbheartais eachtraigh agus slándála

1.

Féadfaidh an coiste atá freagrach as an gcomhbheartas eachtrach agus slándála moltaí a tharraingt suas don Chomhairle ina réimsí freagrachta tar éis údarú a fháil ó Chomhdháil na nUachtarán nó ar thogra faoi Riail 121.

2.

I gcásanna práinneacha, féadfaidh an tUachtarán an t-údarú dá dtagraítear i mír 1 a dheonú agus féadfaidh an tUachtarán cruinniú éigeandála den choiste lena mbaineann a údarú freisin.

3.

Ní bheidh feidhm ag Riail 146 le linn an nós imeachta maidir leis na moltaí sin a ghlacadh, ar moltaí iad nach mór vótáil a dhéanamh orthu i bhfoirm téacs scríofa, agus beidh leasuithe ó bhéal inghlactha.

Ní féidir feidhm Riail 146 a chealú ach amháin sa choiste agus ní féidir sin a dhéanamh ach amháin i gcásanna práinneacha. Ní fhéadfar imeacht ó fhorálacha Riail 146 ag cruinnithe coiste nach ndearbhaítear ina leith gur cruinnithe práinneacha iad ná i suí iomlánach.

Maidir leis an bhforáil á rá go bhfuil leasuithe ó bhéal inghlactha, ciallaíonn sí nach bhféadfaidh Feisirí cur in aghaidh vótáil a dhéanamh ar leasuithe ó bhéal sa choiste.

4.

Déanfar moltaí a tharraingeofar suas ar an tslí seo a chur san áireamh sa chlár oibre don chéad pháirtseisiún eile ina dhiaidh sin. I gcásanna práinneacha arna gcinneadh ag an Uachtarán, féadfar moltaí a chur san áireamh sa chlár oibre le haghaidh páirtseisiúin reatha. Measfar moltaí a bheith arna nglacadh mura rud é, roimh thús an pháirtseisiúin, go dtíolacann 40 Feisire ar a laghad agóid i scríbhinn, agus sa chás sin cuirfear moltaí an choiste san áireamh i gclár oibre an pháirtseisiúin chéanna chun díospóireacht agus vótáil a dhéanamh orthu. Féadfaidh grúpa polaitiúil nó 40 Feisire ar a laghad leasuithe a chur síos.

Riail 98

Sárú ar chearta an duine

Ag gach páirtseisiún, féadfaidh na coistí freagracha, gan gá le húdarú, tairiscint i gcomhair rúin a chur síos faoin nós imeachta céanna atá leagtha síos i Riail 97(4) maidir le cásanna a bhaineann le sáruithe ar chearta an duine.

CAIBIDIL 14

Scriosta

Riail 99

Scriosta

Riail 100

Scriosta

Riail 101

Scriosta

CAIBIDIL 15

Scriosta

Riail 102

Scriosta

TEIDEAL III

TRÉDHEARCACHT GNÓ

Riail 103

Trédhearcacht ghníomhaíochtaí na Parlaiminte

1.

Cinnteoidh an Pharlaimint go seoltar an a cuid gníomhaíochtaí ar an tslí is trédhearcaí is féidir, i gcomhréir leis an dara mír d’Airteagal 1 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, le hAirteagal 15 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus le hAirteagal 42 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

2.

Is go poiblí a bheidh na díospóireachtaí sa Pharlaimint.

3.

Is go poiblí a bheidh cruinnithe na gCoistí de ghnáth. Féadfaidh siad a chinneadh, áfach, ar a dhéanaí nuair a ghlactar an clár oibre do chruinniú, an clár oibre sin a roinnt ina mhíreanna a mbeidh cuid acu oscailte don phobal agus a mbeidh an chuid eile acu dúnta don phobal. Má sheoltar cruinniú i seomra iata, áfach, féadfaidh an coiste, faoi réir Airteagal 4(1) go (4) de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, doiciméid agus miontuairiscí a bhaineann leis an gcruinniú a oscailt le go mbeidh rochtain phoiblí orthu. Beidh feidhm ag Riail 153 i gcás ina ndéantar aon sárú ar na rialacha lena rialaítear rúndacht.

4.

Maidir leis an mbreithniú a dhéanfaidh an coiste freagrach ar iarrataí a bhaineann le nósanna imeachta ar dhíolúine faoi Riail 7, déanfar é i seomra iata i gcónaí.

Riail 104

Rochtain phoiblí ar dhoiciméid

1.

Tá ag gach saoránach den Aontas agus ag aon duine nádúrtha nó dlítheanach a chónaíonn i mBallstát, nó a bhfuil a oifig nó a hoifig chláraithe aige nó aici i mBallstát, ceart rochtana ar dhoiciméid de chuid na Parlaiminte i gcomhréir le hAirteagal 15 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ach sin faoi réir na bprionsabal, na gcoinníollacha agus na dteorainneacha atá leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus de bhun na bhforálacha sonracha atá sna Rialacha Nós Imeachta seo.

A mhéid is féidir, déanfar rochtain ar dhoiciméid de chuid na Parlaiminte a dheonú do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha eile ar an tslí chéanna.

Foilseofar Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 mar fhaisnéis i dteannta leis na Rialacha Nós Imeachta.

2.

Chun críocha rochtana ar dhoiciméid, ciallaíonn an téarma “doiciméid de chuid na Parlaiminte” aon ábhar de réir bhrí Airteagal 3(a) de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 arna tharraingt suas nó arna fháil ag oifigigh na Parlaiminte de réir bhrí Theideal I, Caibidil 2, de na Rialacha seo, ag comhlachtaí rialaithe na Parlaiminte, ag coistí nó ag toscaireachtaí idirpharlaiminteacha, nó ag Ardrúnaíocht na Parlaiminte.

Chun críocha rochtana ar dhoiciméid, is ionann doiciméid arna dtarraingt suas ag Feisirí aonair nó ag na grúpaí polaitiúla agus doiciméid de chuid na Parlaiminte má chuirtear síos iad faoi na Rialacha Nós Imeachta.

Leagfaidh an Biúró síos rialacha lena chinntiú go ndéantar na doiciméid go léir de chuid na Parlaiminte a chlárú.

3.

Bunóidh an Pharlaimint clár de dhoiciméid de chuid na Parlaiminte. Déanfar rochtain dhíreach ar dhoiciméid reachtacha agus ar chatagóirí áirithe eile doiciméad a chur ar fáil tríd an gclár i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001. A mhéid is féidir, déanfar tagairtí do dhoiciméid eile de chuid na Parlaiminte a chur san áireamh sa chlár.

Déanfar catagóirí na ndoiciméad a bhfuil rochtain dhíreach orthu a leagan amach i liosta arna ghlacadh ag an mBiúró agus arna fhoilsiú ar láithreán gréasáin na Parlaiminte. Ní chuirfidh an liosta sin srian ar an gceart rochtana ar dhoiciméid nach dtagann faoi réim na gcatagóirí atá liostaithe; déanfar na doiciméid sin a chur ar fáil ar iarratas i scríbhinn a fháil.

Féadfaidh an Biúró rialacha a ghlacadh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001, ar rialacha iad lena leagtar síos socruithe i gcomhair rochtana agus foilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh iad.

4.

Ainmneoidh an Biúró na comhlachtaí a bheidh freagrach as iarratais tosaigh a láimhseáil (Airteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001) agus glacfaidh sé cinntí ar iarratais daingniúcháin (Airteagal 8 den Rialachán) agus as iarratais ar dhoiciméid íogaire (Airteagal 9 den Rialachán).

5.

Ainmneoidh Comhdháil na nUachtarán ionadaithe na Parlaiminte ar an gcoiste idirinstitiúideach arna bhunú de bhun Airteagal 15(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001.

6.

Beidh duine de na Leas-Uachtaráin freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an tslí a láimhseáiltear iarratais ar rochtain ar dhoiciméid.

7.

Déanfaidh coiste freagrach na Parlaiminte, ar bhonn faisnéise arna soláthar ag an mBiúró agus arna fáil ó fhoinsí eile, an tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a ullmhú agus a chur faoi bhráid an tsuí iomlánaigh.

Déanfaidh an coiste freagrach na tuarascálacha arna nglacadh ag na hinstitiúidí agus ag na gníomhaireachtaí eile i gcomhréir le hAirteagal 17 den Rialachán a scrúdú agus a mheasúnú freisin.

TEIDEAL IV

CAIDREAMH LE COMHLACHTAÍ EILE

CAIBIDIL 1

Ceapacháin

Riail 105

Toghadh Uachtarán an Choimisiúin

1.

Nuair a mholann an Chomhairle Eorpach iarrthóir le haghaidh oifig Uachtarán an Choimisiúin, iarrfaidh an tUachtarán ar an iarrthóir ráiteas a dhéanamh agus a chuid nó a cuid treoirlínte polaitiúla a thíolacadh don Pharlaimint. Beidh díospóireacht ann i ndiaidh an ráitis.

Iarrfar ar an gComhairle Eorpach páirt a ghlacadh sa díospóireacht.

2.

Toghfaidh an Pharlaimint Uachtarán an Choimisiúin le tromlach na bhFeisirí a chomhdhéanann í.

Déanfar an vótáil le ballóid rúnda.

3.

Má thoghtar an t-iarrthóir, cuirfidh an tUachtarán an méid sin in iúl don Chomhairle, á iarraidh uirthi agus ar Uachtarán tofa an Choimisiúin ainmnithigh a mholadh de thoil a chéile do na poist éagsúla mar Choimisinéirí.

4.

Más rud é nach bhfaigheann an t-iarrthóir an tromlach is gá, iarrfaidh an tUachtarán ar an gComhairle Eorpach iarrthóir nua a mholadh laistigh d’aon mhí amháin agus beidh an t-iarrthóir sin le toghadh i gcomhréir leis an nós imeachta céanna.

Riail 106

Toghadh an Choimisiúin

1.

Déanfaidh an tUachtarán, tar éis dul i gcomhairle le hUachtarán tofa an Choimisiúin, a iarraidh ar na hainmnithigh arna moladh ag Uachtarán tofa an Choimisiúin agus ag an gComhairle do na poist éagsúla mar Choimisinéirí láithriú os comhair na gcoistí cuí de réir na réimsí ionchasacha freagrachta a bheidh acu. Is go poiblí a sheolfar na héisteachtaí sin.

2.

Iarrfaidh an coiste cuí nó na coistí cuí ar an gCoimisinéir ainmnithe ráiteas a dhéanamh agus ceisteanna a fhreagairt. Déanfar na héisteachtaí a eagrú ar shlí a fhágann go mbeidh ar chumas na gCoimisinéirí ainmnithe an fhaisnéis iomchuí go léir a nochtadh don Pharlaimint. Déanfar forálacha a bhaineann le heagrú na n-éisteachtaí a leagan síos in iarscríbhinn a ghabhann leis na Rialacha Nós Imeachta seo (12).

3.

Cuirfidh an tUachtarán tofa coláiste na gCoimisinéirí agus a gclár i láthair ag suí den Pharlaimint a dtabharfar cuireadh don Chomhairle iomlán a bheith i láthair aige. Beidh díospóireacht ann i ndiaidh an ráitis.

4.

Chun an díospóireacht a thabhairt chun críche, féadfaidh aon ghrúpa polaitiúil nó 40 Feisire ar a laghad tairiscint i gcomhair rúin a chur síos. Beidh feidhm ag Riail 110(3), (4) agus (5).

Tar éis na vótála ar thairiscint i gcomhair rúin, toghfaidh an Pharlaimint an Coimisiún, nó diúltóidh sí dó, le tromlach na vótaí a chaitear.

Déanfar an vótáil le glaoch rolla.

Féadfaidh an Pharlaimint an vótáil a chur siar go dtí an chéad suí eile.

5.

Cuirfidh an tUachtarán in iúl don Chomhairle cibé acu a toghadh an Coimisiún nó a diúltaíodh dó.

6.

I gcás ina dtarlaíonn athrú substaintiúil ar chúraimí le linn théarma oifige an Choimisiúin, le linn folúntas a líonadh nó le linn Coimisinéir nua a cheapadh tar éis aontachais Ballstáit nua, iarrfar ar na Coimisinéirí lena mbaineann láithriú os comhair na gcoistí atá freagrach as na réimsí freagrachta i dtrácht i gcomhréir le mír 2.

Riail 107

Tairiscint cháinte an Choimisiúin

1.

Féadfaidh an deichiú cuid de na Feisirí a chomhdhéanann an Pharlaimint tairiscint cháinte an Choimisiúin a chur faoi bhráid an Uachtaráin.

2.

Tabharfar “tairiscint cáinte” ar an tairiscint agus tabharfar cúiseanna mar thacaíocht léi. Cuirfear ar aghaidh chuig an gCoimisiún í.

3.

Láithreach tar éis tairiscint cáinte a fháil, tabharfaidh an tUachtarán fógra do na Feisirí á rá go bhfuil an tairiscint cáinte curtha síos.

4.

Ní bheidh an díospóireacht ar cháineadh ann go dtí 24 huaire an chloig ar a laghad tar éis fógra a thabhairt do na Feisirí á rá go bhfuarthas tairiscint cáinte.

5.

Is trí ghlaoch rolla a dhéanfar an vótáil ar an tairiscint agus ní dhéanfar an vótáil go dtí 48 n-uaire an chloig ar a laghad tar éis thús na díospóireachta.

6.

Beidh an díospóireacht agus an vótáil ann, ar a dhéanaí, i rith an pháirtseisiúin i ndiaidh thíolacadh na tairisceana.

7.

Glacfar an tairiscint cáinte má fhaigheann sé tromlach dhá thrian de na vótaí a chaitear, ar tromlach é de na Feisirí a chomhdhéanann an Pharlaimint. Cuirfear toradh na vótála in iúl d’Uachtarán na Comhairle agus d’Uachtarán an Choimisiúin.

Riail 107a

Ainmniú na mBreithiúna agus na nAbhcóidí Ginearálta i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

Ar mholadh óna coiste freagrach, ceapfaidh an Pharlaimint a hainmnitheach chuig painéal de sheachtar a mbeidh sé de chúram orthu grinnscrúdú a dhéanamh ar oiriúnacht na n-iarrthóirí chun oifig a shealbhú mar Bhreitheamh nó mar Abhcóide Ginearálta sa Chúirt Breithiúnais agus sa Chúirt Ghinearálta.

Riail 108

Comhaltaí na Cúirte Iniúchóirí a Cheapadh

1.

Iarrfar ar iarrthóirí a bheidh ainmnithe mar Chomhaltaí den Chúirt Iniúchóirí ráiteas a dhéanamh os comhair an choiste fhreagraigh agus ceisteanna a chuireann comhaltaí an choiste a fhreagairt. Déanfaidh an coiste vótáil ar leithligh, le ballóid rúnda, ar gach ainmniúchán.

2.

Déanfaidh an coiste freagrach moladh don Pharlaimint i dtaobh an ceart an t-ainmniúchán a fhormheas agus déanfar sin i bhfoirm tuarascála ina mbeidh togra ar leithligh i gcomhair cinnidh ar gach ainmniúchán.

3.

Déanfar an vótáil i suí iomlánach laistigh de dhá mhí ón tráth a fhaightear an t-ainmniúchán mura rud é go gcinnfidh an Pharlaimint a mhalairt, ar iarraidh ón gcoiste freagrach, ó ghrúpa polaitiúil nó ó 40 Feisire ar a laghad. Déanfaidh an Pharlaimint vótáil ar leithligh, le ballóid rúnda, ar gach ainmniúchán agus déanfaidh an Pharlaimint a cinneadh trí thromlach na vótaí a chaitear.

4.

Más tuairim neamhfhabhrach í an tuairim a ghlacann an Pharlaimint ar ainmniúchán ar leith, iarrfaidh an tUachtarán ar an gComhairle an t-ainmniúchán a tharraingt siar agus ainmniúchán nua a chur faoi bhráid na Parlaiminte.

Riail 109

Comhaltaí Bhord Feidhmiúcháin an Bhainc Cheannais Eorpaigh a Cheapadh

1.

Iarrfar ar an iarrthóir a bheidh ainmnithe mar Uachtarán an Bhainc Cheannais Eorpaigh ráiteas a dhéanamh os comhair an choiste fhreagraigh agus ceisteanna a chuireann comhaltaí an choiste a fhreagairt.

2.

Déanfaidh an coiste freagrach moladh don Pharlaimint i dtaobh an ceart an t-ainmniúchán a fhormheas.

3.

Déanfar an vótáil laistigh de dhá mhí ón tráth a fhaightear an t-ainmniúchán mura rud é go gcinnfidh an Pharlaimint a mhalairt, ar iarraidh ón gcoiste freagrach, ó ghrúpa polaitiúil nó ó 40 Feisire ar a laghad.

4.

Más tuairim neamhfhabhrach í an tuairim a ghlacann an Pharlaimint, iarrfaidh an tUachtarán ar an gComhairle an t-ainmniúchán a tharraingt siar agus ainmniúchán nua a chur faoi bhráid na Parlaiminte.

5.

Beidh feidhm ag an nós imeachta céanna i gcomhair ainmniúchán do Leas-Uachtarán, agus do Chomhaltaí eile Bhord Feidhmiúcháin, an Bhainc Cheannais Eorpaigh.

CAIBIDIL 2

Ráitis

Riail 110

Ráitis ón gCoimisiún, ón gComhairle agus ón gComhairle Eorpach

1.

Féadfaidh Comhaltaí den Choimisiún, den Chomhairle agus den Chomhairle Eorpach cead a iarraidh ar Uachtarán na Parlaiminte aon tráth chun ráiteas a dhéanamh. Déanfaidh Uachtarán na Comhairle Eorpaí ráiteas tar éis gach ceann dá cuid cruinnithe. Cinnfidh Uachtarán na Parlaiminte an tráth a bhféadfar an ráiteas a dhéanamh agus déanfaidh sé cinneadh i dtaobh an mbeidh díospóireacht iomlán ann ina dhiaidh nó an mbeidh 30 nóiméad de cheisteanna gearra, achoimre ó na Feisirí ann.

2.

Nuair atá ráiteas fara díospóireacht á chur ar a clár oibre ag an bParlaimint, déanfaidh sí cinneadh i dtaobh an dtabharfar, nó nach dtabharfar, an díospóireacht chun deiridh le rún. Ní dhéanfaidh sí amhlaidh má tá tuarascáil ar an ábhar céanna sceidealta lena tógáil sa pháirtseisiún céanna nó sa pháirtseisiún ina dhiaidh sin, mura rud é go molann an tUachtarán a mhalairt ar chúiseanna eisceachtúla. Má chinneann an Pharlaimint an díospóireacht a thabhairt chun deiridh le rún, féadfaidh coiste, grúpa polaitiúil nó 40 Feisire ar a laghad tairiscint i gcomhair rúin a chur síos.

3.

Déanfar vótáil ar thairiscintí i gcomhair rúin an lá céanna. Déanfaidh an tUachtarán cinneadh ar aon eisceachtaí. Beidh mínithe ar an vótáil inghlactha.

4.

Glacfaidh comhthairiscint i gcomhair rúin ionad na dtairiscintí i gcomhair rún arna gcur síos roimhe sin ag a sínitheoirí, ach ní ghlacfaidh sí ionad na dtairiscintí sin arna gcur síos ag coistí eile, ag grúpaí polaitiúla eile nó ag Feisirí eile.

5.

Tar éis rún a ghlacadh, ní fhéadfar vótáil a dhéanamh ar aon tairiscintí eile mura rud é go gcinneann an tUachtarán a mhalairt go heisceachtúil.

Riail 111

Ráitis ina mínítear cinntí ón gCoimisiún

Tar éis dul i gcomhairle le Comhdháil na nUachtarán, féadfaidh an tUachtarán a iarraidh ar Uachtarán an Choimisiúin, ar an gCoimisinéir atá freagrach as caidreamh le Parlaimint na hEorpa nó, trí chomhaontú, ar Choimisinéir eile ráiteas a dhéanamh sa Pharlaimint tar éis gach cruinnithe den Choimisiún, ar ráiteas é ina mínítear na príomhchinntí a glacadh. Beidh díospóireacht a mhairfidh 30 nóiméad ar a laghad ann tar éis an ráitis agus féadfaidh Feisirí ceisteanna gearra, achoimre a chur lena linn.

Riail 112

Ráitis ón gCúirt Iniúchóirí

1.

I gcomhthéacs an nós imeachta maidir le hurscaoileadh nó ghníomhaíochtaí na Parlaiminte i réimse an rialaithe bhuiséadaigh, féadfar a iarraidh ar Uachtarán na Cúirte Iniúchóirí labhairt sa Pharlaimint chun barúlacha atá sa Tuarascáil Bhliantúil, i dtuarascálacha speisialta nó i dtuairimí na Cúirte a thíolacadh, nó chun clár oibre na Cúirte a mhíniú.

2.

Féadfaidh an Pharlaimint a chinneadh díospóireacht ar leithligh a sheoladh ar aon cheisteanna a ardaítear i ráitis den sórt sin, agus an Coimisiún agus an Chomhairle a bheith rannpháirteach inti, go háirithe nuair a bheifear tar éis neamhréireachtaí a thuairisciú maidir le bainistíocht airgeadais.

Riail 113

Ráitis ón mBanc Ceannais Eorpach

1.

Déanfaidh Uachtarán an Bhainc Cheannais Eorpaigh Tuarascáil Bhliantúil an Bhainc ar ghníomhaíochtaí an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus ar bheartas airgeadaíochta na bliana roimhe sin agus na bliana reatha a thíolacadh don Pharlaimint.

2.

Beidh díospóireacht ghinearálta ann i ndiaidh an tíolactha sin.

3.

Iarrfar ar Uachtarán an Bhainc Cheannais Eorpaigh freastal ar chruinnithe den choiste freagrach ceithre huaire sa bhliain ar a laghad chun ráiteas a dhéanamh agus ceisteanna a fhreagairt.

4.

Má iarrann siadsan nó an Pharlaimint amhlaidh, iarrfar ar an Uachtarán, ar Leas-Uachtarán agus ar Chomhaltaí eile Bhord Feidhmiúcháin an Bhainc Cheannais Eorpaigh freastal ar chruinnithe breise.

5.

Déanfar tuarascáil focal ar fhocal de na himeachtaí faoi mhír 3 agus faoi mhír 4 a tharraingt suas sna teangacha oifigiúla.

Riail 114

Moladh ar na treoirlínte ginearálta maidir le beartais eacnamaíocha

1.

Déanfar an moladh ón gCoimisiún ar threoirlínte ginearálta maidir le beartais eacnamaíocha na mBallstát agus an Aontais a thíolacadh don choiste freagrach agus cuirfidh an coiste sin tuarascáil faoi bhráid na Parlaiminte.

2.

Iarrfar ar an gComhairle inneachar a molta, mar aon leis an seasamh arna ghlacadh ag an gComhairle Eorpach, a chur in iúl don Pharlaimint.

CAIBIDIL 3

Ceisteanna parlaiminteacha

Riail 115

Ceisteanna i gcomhair freagra ó bhéal maille le díospóireacht

1.

Féadfaidh coiste, grúpa polaitiúil nó 40 Feisire ar a laghad ceisteanna a dhíriú chuig an gComhairle nó chuig an gCoimisiún agus féadfar a iarraidh go gcuirfear ar chlár oibre na Parlaiminte iad.

Cuirfear ceisteanna den sórt sin faoi bhráid an Uachtaráin i scríbhinn agus tarchuirfidh seisean láithreach chuig Comhdháil na nUachtarán iad.

Déanfaidh Comhdháil na nUachtarán cinneadh i dtaobh an ceart ceisteanna a chur ar an gclár oibre agus i dtaobh cén t-ord ina gcuirfear ar an gclár oibre iad. Maidir le ceisteanna nach gcuirtear ar chlár oibre na Parlaiminte laistigh de thrí mhí ón tráth a thíolactar iad, titfidh siad ar lár.

2.

Ní mór ceisteanna arna ndíriú chuig an gCoimisiún a tharchur chuig an institiúid sin seachtain amháin ar a laghad roimh an suí iomlánach a mbeidh na ceisteanna sin ar a chlár oibre agus ní mór ceisteanna arna ndíriú chuig an gComhairle a tharchur chuici trí seachtaine ar a laghad roimh an dáta sin.

3.

I gcás ina mbaineann na ceisteanna le nithe dá dtagraítear in Airteagal 42 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, ní bheidh feidhm ag an teorainn ama dá bhforáiltear i mír 2 den Riail seo, agus ní mór don Chomhairle freagra a thabhairt sách pras chun an Pharlaimint a choimeád ar an eolas go cuí.

4.

Féadfaidh duine de na ceistitheoirí an cheist a thairiscint ar feadh cúig nóiméad. Freagróidh comhalta amháin den institiúid lena mbaineann.

Tá údar na ceiste i dteideal an tréimhse iomlán ama labhartha atá luaite a úsáid.

5.

Beidh feidhm mutatis mutandis ag Riail 110(2) go (5).

Riail 116

Tráth na gCeisteanna

1.

Seolfar Tráth na gCeisteanna leis an gComhairle agus leis an gCoimisiún ag gach páirtseisiún ag tráthanna a chinnfidh an Pharlaimint ar thogra ó Chomhdháil na nUachtarán.

2.

Ní fhéadfaidh aon Fheisire níos mó ná ceist amháin a chur ar an gComhairle agus ceist amháin ar an gCoimisiún ag aon pháirtseisiún ar leith.

3.

Cuirfear ceisteanna faoi bhráid an Uachtaráin i scríbhinn, agus rialóidh seisean ar a n-inghlacthacht agus ar an ord ina dtógfar iad. Tabharfar fógra faoin gcinneadh sin don cheistitheoir láithreach.

4.

Beidh an nós imeachta mionsonraithe faoi rialú treoirlínte arna leagan síos in iarscríbhinn a ghabhann leis na Rialacha Nós Imeachta seo (13).

5.

I gcomhréir le treoirlínte arna mbunú ag Comhdháil na nUachtarán, féadfar Tráth na gCeisteanna sonrach a thionól do cheisteanna ar Uachtarán an Choimisiúin, do cheisteanna ar Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus do cheisteanna ar Uachtarán an Ghrúpa Euro.

Riail 117

Ceisteanna i gcomhair freagra scríofa

1.

Féadfaidh aon Fheisire ceisteanna i gcomhair freagra scríofa a dhíriú chuig Uachtarán na Comhairle Eorpaí, chuig an gCoimisiún nó chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála i gcomhréir le treoirlínte arna leagan síos in iarscríbhinn a ghabhann leis na Rialacha Nós Imeachta seo (14). Is ar údair na gceisteanna a bheidh an fhreagracht iomlán as ábhar na gceisteanna sin.

2.

Cuirfear ceisteanna faoi bhráid an Uachtaráin i scríbhinn agus cuirfidh seisean ar aghaidh chuig na seolaithe iad. Is é an tUachtarán a shocróidh aon amhras faoi inghlacthacht ceiste. Cuirfear a chinneadh in iúl don cheistitheoir.

3.

Más rud é nach féidir ceist a fhreagairt laistigh den teorainn ama a bheidh socraithe, déanfar, ar iarraidh ón údar, í a chur ar an gclár oibre don chéad chruinniú eile den choiste freagrach. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Riail 116.

4.

Maidir le ceisteanna a bhfuil gá le freagra láithreach orthu ach nach bhfuil gá le taighde mionsonraithe ina leith (ceisteanna tosaíochta), freagrófar iad laistigh de thrí seachtaine ón tráth a chuirtear ar aghaidh chuig na seolaithe iad. Féadfaidh gach Feisire ceist tosaíochta amháin a chur síos gach mí.

Freagrófar ceisteanna eile (ceisteanna neamhthosaíochta) laistigh de shé seachtaine ón tráth a chuirtear ar aghaidh chuig na seolaithe iad.

Sonróidh na Feisirí an cineál ceiste atá á tíolacadh acu. Is é an tUachtarán a ghlacfaidh an cinneadh críochnaitheach.

5.

Foilseofar ceisteanna agus freagraí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Riail 118

Ceisteanna arna ndíriú chuig an mBanc Ceannais Eorpach i gcomhair freagra scríofa

1.

Féadfaidh aon Fheisire ceisteanna i gcomhair freagra scríofa a dhíriú chuig an mBanc Ceannais Eorpach i gcomhréir le treoirlínte arna leagan síos in iarscríbhinn a ghabhann leis na Rialacha Nós Imeachta seo (15).

2.

Cuirfear ceisteanna den sórt sin faoi bhráid Chathaoirleach an choiste fhreagraigh i scríbhinn agus cuirfidh seisean nó sise ar aghaidh chuig an mBanc Ceannais Eorpach iad.

3.

Foilseofar na ceisteanna agus na freagraí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

4.

Más rud é nach mbeidh freagra faighte ar an gceist faoin spriocdháta riachtanach, déanfar, ar iarraidh ón údar, í a chur ar an gclár oibre don chéad chruinniú eile idir an coiste freagrach agus Uachtarán an Bhainc Cheannais Eorpaigh.

CAIBIDIL 4

Tuarascálacha ó institiúidí eile

Riail 119

Tuarascálacha bliantúla agus tuarascálacha eile ó institiúidí eile

1.

Maidir le tuarascálacha bliantúla, agus maidir le tuarascálacha eile ó institiúidí eile, ar ina leith a dhéantar foráil leis na Conarthaí á rá go rachfar i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa nó i gcás ina gceanglaítear le forálacha dlíthiúla eile tuairim Pharlaimint na hEorpa a fháil ina leith, déileálfar leo i dtuarascáil a chuirfear faoi bhráid an tsuí iomlánaigh.

2.

Déanfar tuarascálacha bliantúla agus tuarascálacha eile ó institiúidí eile nach gclúdaítear le raon feidhme mhír 1 a tharchur chuig an gcoiste freagrach agus féadfaidh an coiste sin togra a dhéanamh go ndéanfar tuarascáil a tharraingt suas faoi Riail 48.

CAIBIDIL 5

Rúin agus moltaí

Riail 120

Tairiscintí i gcomhair rún

1.

Féadfaidh aon Fheisire tairiscint i gcomhair rúin a chur síos ar ábhar a thagann faoi réim ghníomhaíocht an Aontais Eorpaigh.

Ní fhéadfaidh níos mó ná 200 focal a bheith sa tairiscint.

2.

Déanfaidh an coiste freagrach cinneadh i dtaobh cén nós imeachta a bheidh le glacadh.

Féadfaidh sé an tairiscint i gcomhair rúin a chónascadh le tairiscintí eile i gcomhair rúin nó le tuarascálacha.

Féadfaidh sé tuairim a ghlacadh a fhéadfaidh a bheith i bhfoirm litreach.

Féadfaidh sé a chinneadh tuarascáil a tharraingt suas faoi Riail 48.

3.

Cuirfear cinntí an choiste agus cinntí Chomhdháil na nUachtarán in iúl d’údair tairisceana i gcomhair rúin.

4.

Beidh téacs na tairisceana i gcomhair rúin san áireamh sa tuarascáil.

5.

Is é an tUachtarán a dhéanfaidh tuairimí i bhfoirm litreach chuig institiúidí eile de chuid an Aontais Eorpaigh a chur ar aghaidh.

6.

Beidh údar nó údair tairisceana i gcomhair rúin a chuirtear síos faoi Riail 110(2), faoi Riail 115(5) nó faoi Riail 122(2) i dteideal an tairiscint a tharraingt siar sula ndéantar an vótáil chríochnaitheach.

7.

Féadfaidh údar, údair nó chéad sínitheoir tairisceana i gcomhair rúin a chuirtear síos i gcomhréir le mír 1 an tairiscint sin a tharraingt siar sula ndéanann an coiste freagrach cinneadh, i gcomhréir le mír 2, chun tuarascáil a tharraingt suas uirthi.

Ón tráth a ghlacann an coiste an tairiscint ar láimh amhlaidh, is é an coiste amháin a mbeidh sé de chumhacht aige í a tharraingt siar go dtí go gcuirfear tús leis an vótáil chríochnaitheach.

8.

Féadfaidh grúpa, coiste nó an líon céanna Feisirí atá i dteideal tairiscint i gcomhair rúin a chur síos tairiscint den sórt sin a tarraingíodh siar a ghlacadh ar láimh agus a chur síos arís láithreach.

Tá dualgas ar na Coistí a chinntiú, maidir le tairiscintí i gcomhair rún a chuirtear síos faoin Riail seo agus a chomhlíonann na ceanglais atá leagtha síos, go dtabharfar i gcrích iad agus go dtagraítear go cuí dóibh sna doiciméid a chuirtear ar fáil mar thoradh orthu.

Riail 121

Moltaí don Chomhairle

1.

Féadfaidh grúpa polaitiúil nó 40 Feisire ar a laghad togra i gcomhair molta don Chomhairle a chur síos maidir le hábhair faoi Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach, nó i gcás nach ndeachthas i gcomhairle leis an bParlaimint ar chomhaontú idirnáisiúnta a thagann faoi réim raon feidhme Riail 90 nó Riail 91.

2.

Tarchuirfear tograí den sórt sin chuig an gcoiste freagrach lena mbreithniú.

Más cuí, tarchuirfidh an coiste an t-ábhar chuig an bParlaimint i gcomhréir leis na nósanna imeachta atá leagtha síos sna Rialacha seo.

3.

Má thíolacann sé tuarascáil, déanfaidh an coiste freagrach togra i gcomhair molta don Chomhairle a chur faoi bhráid na Parlaiminte, mar aon le ráiteas gearr míniúcháin agus, más cuí, mar aon le tuairimí na gcoistí a ndeachthas i gcomhairle leo.

Níl gá le húdarú roimh ré ó Chomhairle na nUachtarán chun an mhír seo a chur i bhfeidhm.

4.

Beidh feidhm ag forálacha Riail 97.

Riail 122

Díospóireachtaí ar chásanna a bhaineann le sáruithe ar chearta an duine, ar an daonlathas agus ar an smacht reachta

1.

Féadfaidh coiste, toscaireacht idirpharlaiminteach, grúpa polaitiúil nó 40 Feisire ar a laghad a iarraidh, i scríbhinn, ar an Uachtarán díospóireacht a sheoladh ar chás práinneach a bhaineann le sárú ar chearta an duine, ar an daonlathas agus ar an smacht reachta (Riail 137(3)).

2.

Tarraingeoidh Comhdháil na nUachtarán suas liosta ábhar a bheidh le cur san áireamh sa dréacht críochnaitheach den chlár oibre don chéad díospóireacht eile ar chásanna a bhaineann le sáruithe ar chearta an duine, ar an daonlathas agus ar an smacht reachta ar bhonn na n-iarrataí dá dtagraítear i mír 1 agus i gcomhréir le forálacha Iarscríbhinn IV. Ní bheidh líon iomlán na n-ábhar a bheidh san áireamh sa chlár oibre níos mó ná trí, lena n-áirítear fochaibidlí.

I gcomhréir le Riail 140, féadfaidh an Pharlaimint topaic a raibh díospóireacht le déanamh uirthi a thréigean agus topaic neamhsceidealta a chur ina hionad sa díospóireacht. Déanfar tairiscintí i gcomhair rún ar na hábhair a roghnaítear a chur síos faoi thráthnóna an lae a nglactar an clár oibre. Socróidh an tUachtarán an spriocam beacht le haghaidh tairiscintí i gcomhair rún den sórt sin a chur síos.

3.

Déanfar an t-am labhartha iomlán do na grúpaí polaitiúla agus do na Feisirí neamhcheangailte a leithroinnt i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos i Riail 149(4) agus (5) laistigh den am uasta i gcomhair díospóireachtaí, is é sin, 60 nóiméad in aghaidh an pháirtseisiúin.

Maidir le haon am atá fágtha tar éis an t-am a bheidh ag teastáil chun na tairiscintí i gcomhair rún a thabhairt isteach agus chun vótáil a dhéanamh orthu, mar aon le haon am labhartha a leithroinntear chuig an gCoimisiún agus chuig an gComhairle, a asbhaint, déanfar é a mhiondealú idir na grúpaí polaitiúla agus na Feisirí neamhcheangailte.

4.

Beidh vótáil ann láithreach ag deireadh na díospóireachta. Ní bheidh feidhm ag Riail 170.

Féadfar vótálacha a dhéantar faoin Riail seo a eagrú ar bhonn comhpháirteach faoi fhreagracht an Uachtaráin agus Chomhdháil na nUachtarán.

5.

Má dhéantar dhá thairiscint i gcomhair rún, nó níos mó, a chur síos ar an ábhar céanna, beidh feidhm ag an nós imeachta atá leagtha amach i Riail 110(4).

6.

Féadfaidh an tUachtarán agus cathaoirligh na ngrúpaí polaitiúla a chinneadh go ndéanfar vótáil ar thairiscint i gcomhair rúin gan aon díospóireacht a bheith ann. Beidh aontú d’aon toil ó Chathaoirligh uile na ngrúpaí polaitiúla ag teastáil chun cinneadh den sórt sin a ghlacadh.

Níl feidhm ag forálacha Riail 174, Riail 175 agus Riail 177 maidir le tairiscintí i gcomhair rún atá ar an gclár oibre le haghaidh díospóireachta ar chásanna a bhaineann le sáruithe ar chearta an duine, ar an daonlathas agus ar an smacht reachta.

Ní dhéantar tairiscintí i gcomhair rún a chur síos le haghaidh díospóireachta ar chásanna a bhaineann le sáruithe ar chearta an duine, ar an daonlathas agus ar an smacht reachta ach amháin tar éis liosta na n-ábhar a bheith glactha. Maidir le tairiscintí i gcomhair rún nach féidir déileáil leo san am a leithroinntear don díospóireacht, titfidh siad ar lár. Baineann sé sin freisin le tairiscintí i gcomhair rún a suitear ina leith, tar éis iarrata faoi Riail 155(3), nach bhfuil córam i láthair. Tá Feisirí i dteideal tairiscintí den sórt sin a chur síos athuair lena mbreithniú i gcoiste faoi Riail 120 nó le haghaidh díospóireachta ar chásanna a bhaineann le sáruithe ar chearta an duine, ar an daonlathas agus ar an smacht reachta ag an gcéad pháirtseisiún eile.

Ní fhéadfar ábhar a chur san áireamh sa chlár oibre le haghaidh díospóireachta ar chásanna a bhaineann le sáruithe ar chearta an duine, ar an daonlathas agus ar an smacht reachta má tá sé ar an gclár oibre don pháirtseisiún sin cheana féin.

Níl aon fhorálacha ann sna Rialacha lena gceadaítear comhdhíospóireacht ar thairiscint i gcomhair rúin arna cur síos de réir mhír 2, an dara fomhír, agus ar thuarascáil ó choiste faoin ábhar céanna.

* * *

I gcás ina ndéantar iarraidh faoi Riail 155(3) go suífear an bhfuil córam i láthair, ní bheidh an iarraidh sin bailí ach amháin don tairiscint i gcomhair rúin a bhfuiltear le vótáil a dhéanamh uirthi agus ní do na tairiscintí sin a bheidh ann ina dhiaidh sin.

Riail 123

Dearbhuithe i scríbhinn

1.

Féadfaidh suas go cúigear Feisirí dearbhú i scríbhinn nach faide ná 200 focal a thíolacadh ar ábhar a thagann faoi réim inniúlachtaí an Aontais Eorpaigh agus nach gcuimsíonn saincheisteanna is ábhar do phróiseas reachtach leanúnach reatha. Tabharfaidh an tUachtarán an t-údarú ar bhonn gach cáis ar leithligh. Déanfar dearbhuithe i scríbhinn a chló sna teangacha oifigiúla agus dáilfear iad. Taifeadfar i gclár iad i dteannta le hainmneacha na sínitheoirí. Clár poiblí a bheidh sa chlár sin agus coinneofar é lasmuigh den bhealach isteach chuig an Seomra le linn na bpáirtseisiún agus, idir na páirtseisiúin, coinneofar é i suíomh cuí arna chinneadh ag Coláiste na gCaestóirí.

Ní bheidh níos mó i gceist le hinneachar dearbhaithe i scríbhinn ná go mbeidh sé i bhfoirm dearbhaithe agus, go háirithe, ní bheidh aon chinneadh ann ar nithe a bhfuil nósanna imeachta sonracha agus inniúlachtaí sonracha leagtha síos sna Rialacha Nós Imeachta seo maidir lena nglacadh.

2.

Féadfar síniú aon Fheisire a chur le dearbhú atá taifeadta sa chlár.

3.

I gcás ina mbeidh dearbhú sínithe ag tromlach na bhFeisirí a chomhdhéanann an Pharlaimint, tabharfaidh an tUachtarán fógra dá réir don Pharlaimint agus foilseoidh sé nó sí ainmneacha na sínitheoirí sna miontuairiscí agus foilseoidh sé nó sí an dearbhú mar théacs arna ghlacadh.

4.

Cuirfear deireadh leis an nós imeachta tríd an dearbhú, maille le hainmneacha na sínitheoirí, a chur ar aghaidh chuig na seolaithe, ag deireadh an pháirtseisiúin.

5.

Maidir le dearbhú i scríbhinn a fhanann sa chlár ar feadh tréimhse is faide ná trí mhí agus nach mbeidh sínithe ag an leathchuid ar a laghad de na Feisirí a chomhdhéanann an Pharlaimint, titfidh sé ar lár.

Riail 124

Dul i gcomhairle le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

1.

I gcás ina ndéanann an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh foráil maidir le comhairliúchán leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, tionscnóidh an tUachtarán an nós imeachta comhairliúcháin agus cuirfidh sé an Pharlaimint ar an eolas ina thaobh sin.

2.

Féadfaidh coiste a iarraidh go rachfar i gcomhairle le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa ar nithe de chineál ginearálta nó ar phointí sonracha.

Léireoidh an coiste an teorainn ama ar laistigh di nach mór do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa a thuairim a thabhairt.

Déanfaidh an Pharlaimint iarraidh maidir le dul i gcomhairle le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa a fhormheas gan aon díospóireacht.

3.

Déanfar tuairimí arna gcur ar aghaidh ag an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa a tharchur chuig an gcoiste freagrach.

Riail 125

Dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún

1.

I gcás ina ndéanann an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh foráil maidir le comhairliúchán le Coiste na Réigiún, tionscnóidh an tUachtarán an nós imeachta comhairliúcháin agus cuirfidh sé an Pharlaimint ar an eolas ina thaobh sin.

2.

Féadfaidh coiste a iarraidh go rachfar i gcomhairle le Coiste na Réigiún ar nithe de chineál ginearálta nó ar phointí shonracha.

Léireoidh an coiste an teorainn ama ar laistigh di nach mór do Choiste na Réigiún a thuairim a thabhairt.

Déanfaidh an Pharlaimint iarraidh maidir le dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún a fhormheas gan aon díospóireacht.

3.

Déanfar tuairimí arna gcur ar aghaidh ag Coiste na Réigiún a tharchur chuig an gcoiste freagrach.

Riail 126

Iarrataí chuig Gníomhaireachtaí Eorpacha

1.

I gcásanna ina bhfuil sé de cheart ag an bParlaimint iarraidh a chur faoi bhráid Gníomhaireachta Eorpaí, féadfaidh aon Fheisire iarraidh den sórt sin a chur faoi bhráid Uachtarán na Parlaiminte i scríbhinn. Beidh baint ag iarrataí den sórt sin le nithe a thagann faoi réim mhisean na Gníomhaireachta lena mbaineann agus beidh faisnéis chúlra ag gabháil leo ina mínítear an tsaincheist agus leas an Aontais.

2.

Déanfaidh an tUachtarán, tar éis dul i gcomhairle leis an gcoiste freagrach, an iarraidh a chur ar aghaidh chuig an nGníomhaireacht nó déanfaidh sé aon bheart cuí eile. Cuirfear an beart a dhéantar in iúl láithreach don Fheisire a thíolacann an iarraidh. Beidh teorainn ama i gcomhair freagra san áireamh in aon iarraidh a chuireann an tUachtarán chuig Gníomhaireacht.

3.

Má mheasann an Ghníomhaireacht nach bhfuil sé ar a cumas freagra a thabhairt ar an iarraidh faoi mar atá sí ceaptha, nó má fhéachann sí leis an iarraidh a mhodhnú, cuirfidh sí an méid sin in iúl don Uachtarán láithreach agus déanfaidh an tUachtarán aon bheart cuí tar éis dul i gcomhairle leis an gcoiste freagrach de réir mar is gá.

CAIBIDIL 6

Comhaontuithe idirinstitiúideacha

Riail 127

Comhaontuithe idirinstitiúideacha

1.

Féadfaidh an Pharlaimint comhaontuithe a dhéanamh le hinstitiúidí eile i gcomhthéacs fheidhmiú na gConarthaí nó chun nósanna imeachta a fheabhsú nó a shoiléiriú.

D’fhéadfadh sé gurb é a bheidh i gcomhaontuithe den sórt sin ná dearbhuithe comhpháirteacha, malartú litreacha, cóid iompair nó ionstraimí cuí eile. Síneoidh an tUachtarán iad tar éis don choiste atá freagrach as gnóthaí bunreachtúla iad a scrúdú agus tar éis don Pharlaimint iad a fhormheas. Féadfar, mar eolas, iad a chur mar iarscríbhinn a ghabhann leis na Rialacha Nós Imeachta.

2.

I gcás inar gá, mar thoradh ar chomhaontuithe den sórt sin, athruithe a dhéanamh ar chearta nós imeachta nó oibleagáidí atá ann cheana d’Fheisirí nó do chomhlachtaí Parlaiminte, nó i gcás ina mbunaíonn comhaontuithe den sórt sin cearta nua nós imeachta nó oibleagáidí nua d’Fheisirí nó do chomhlachtaí Parlaiminte, nó i gcás inar gá, mar thoradh ar chomhaontuithe den sórt sin, leasú nó léirmhíniú a dhéanamh ar shlí eile ar na Rialacha Nós Imeachta, tarchuirfear an t-ábhar chuig an gcoiste freagrach le go mbreithneoidh sé é i gcomhréir le Riail 211(2) go (6) sula síneofar an comhaontú.

CAIBIDIL 7

Ábhair arna dtarchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

Riail 128

Imeachtaí os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

1.

Déanfaidh an Pharlaimint, laistigh de na teorainneacha ama atá sonraithe sna Conarthaí agus i Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcomhair caingne ag institiúidí an Aontais agus ag aon duine nádúrtha nó dlítheanach, reachtaíocht an Aontais agus na bearta cur chun feidhme a ghabhann léi a scrúdú lena chinntiú gur comhlíonadh na Conarthaí go hiomlán, go háirithe i gcás ina bhfuil cearta na Parlaiminte i gceist.

2.

Tuairisceoidh an coiste freagrach don Pharlaimint, ó bhéal más gá, i gcás ina bhfuil drochamhras air gur sáraíodh dlí an Aontais.

3.

Tionscnóidh an tUachtarán caingean thar ceann na Parlaiminte i gcomhréir le moladh ón gcoiste freagrach.

Ag tús an pháirtseisiúin ina dhiaidh sin, féadfaidh an tUachtarán a iarraidh ar an suí iomlánach cinneadh a dhéanamh i dtaobh an ceart an chaingean a choimeád ar bun. Más rud é go rialaíonn an suí iomlánach in aghaidh na caingne le tromlach na vótaí a chaitear, tarraingeoidh sé siar í.

Más rud é go dtionscnóidh an tUachtarán caingean contrártha don mholadh ón gcoiste freagrach, cuirfidh sé an cinneadh faoi thionscnamh na caingne faoi bhráid an tsuí iomlánaigh ag tús an pháirtseisiúin ina dhiaidh sin.

4.

Tar éis dul i gcomhairle leis an gcoiste freagrach, déanfaidh an tUachtarán tuairimí a thíolacadh, nó déanfaidh sé idirghabháil, in imeachtaí cúirte thar ceann na Parlaiminte.

Má bheartaíonn an tUachtarán imeacht ó mholadh an choiste fhreagraigh, cuirfidh sé an méid sin in iúl don choiste agus tarchuirfidh sé an t-ábhar chuig Comhdháil na nUachtarán agus a chúiseanna á lua aige.

Más rud é go bhfuil Comhdháil na nUachtarán den tuairim nár cheart don Pharlaimint, go heisceachtúil, tuairimí a thíolacadh nó idirghabháil a dhéanamh os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcás bailíocht dhlíthiúil gnímh de chuid na Parlaiminte a bheith á ceistiú, cuirfear an t-ábhar faoi bhráid suí iomlánaigh gan mhoill.

I gcásanna práinneacha, féadfaidh an tUachtarán gníomh réamhchúraim a ghlacadh chun na teorainneacha ama arna bhforordú ag an gcúirt lena mbaineann a chomhlíonadh. I gcásanna den sórt sin, déanfar an nós imeachta dá bhforáiltear sa mhír seo a chur chun feidhme a luaithe is féidir.

Ní choisceann aon ní atá sna Rialacha seo ar an gcoiste freagrach cinneadh a dhéanamh ar shocruithe cuí nós imeachta i gcomhair tharchur tráthúil a mholta i gcásanna práinneacha.

Le Riail 90(6) de na Rialacha Nós Imeachta, leagtar síos nós imeachta sonrach ar tríd is féidir leis an bParlaimint cinneadh a dhéanamh i dtaobh an bhfeidhmeofar a sainchumas, de bhun Airteagal 218(11) CFAE, chun tuairim a lorg ón gCúirt Bhreithiúnais maidir le comhoiriúnacht comhaontaithe idirnáisiúnta leis na Conarthaí; is ionann an fhoráil sin agus “lex specialis” a bhfuil tosaíocht aige ar an bhforáil ghinearálta a leagtar síos i Riail 128 de na Rialacha Nós Imeachta.

Nuair nach mór cinneadh a dhéanamh i dtaobh ar cheart don Pharlaimint a cearta vis-à-vis an Chúirt Bhreithiúnais a fheidhmiú, agus i gcás nach bhfuil an gníomh i dtrácht clúdaithe le Riail 128 de na Rialacha Nós Imeachta, ba cheart go mbeadh feidhm mutatis mutandis ag an nós imeachta dá bhforáiltear sa riail seo.

Riail 129

Scriosta

TEIDEAL V

CAIDREAMH LE PARLAIMINTÍ NÁISIÚNTA

Riail 130

Malartú faisnéise, teagmhálacha agus saoráidí cómhalartacha

1.

Déanfaidh an Pharlaimint parlaimintí náisiúnta na mBallstát a choimeád ar an eolas go rialta faoina cuid gníomhaíochtaí.

2.

Déanfar eagrú agus cur chun cinn éifeachtúil tráthrialta an chomhair idirpharlaimintigh san Aontas, de bhun Airteagal 9 den Phrótacal maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, a chaibidil ar bhonn sainordaithe a thabharfaidh Comhdháil na nUachtarán tar éis di dul i gcomhairle le Comhdháil Chathaoirligh na gCoistí.

Déanfaidh an Pharlaimint aon chomhaontuithe ar nithe den sórt sin a fhormheas i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos i Riail 127.

3.

Féadfaidh coiste dul i mbun cainteanna díreacha leis na parlaimintí náisiúnta ar leibhéal coiste, ach sin laistigh de theorainneacha na leithreasaí buiséadacha a bheidh curtha i leataobh chun na críche sin. D’fhéadfadh cineálacha cuí comhair réamhreachtaigh agus iar-reachtaigh a bheith i gceist leis sin.

4.

Déanfar aon doiciméad a bhaineann le nós imeachta reachtach ar leibhéal an Aontais agus a tharchuirfidh parlaimint náisiúnta go hoifigiúil chuig Parlaimint na hEorpa, a chur ar aghaidh chuig an gcoiste atá freagrach as an ábhar a ndéileáiltear leis sa doiciméad sin.

5.

Féadfaidh Comhdháil na nUachtarán sainordú a thabhairt don Uachtarán chun dul i mbun caibidlíochta faoi shaoráidí do pharlaimintí náisiúnta na mBallstát, ar bhonn cómhalartach, agus aon bhearta eile a mholadh chun teagmháil leis na parlaimintí náisiúnta a éascú.

Riail 131

Comhdháil na gCoistí um Ghnóthaí Eorpacha (COSAC)

1.

Ar thogra ón Uachtarán, ainmneoidh Comhdháil na nUachtarán comhaltaí thoscaireacht na Parlaiminte chuig COSAC agus féadfaidh sí sainordú a thabhairt don toscaireacht sin. Beidh Leas-Uachtarán amháin de chuid Pharlaimint na hEorpa atá freagrach as caidreamh leis na parlaimintí náisiúnta a chur chun feidhme agus Cathaoirleach an choiste atá freagrach as nithe institiúideacha i gceannas ar an toscaireacht.

2.

Roghnófar na comhaltaí eile den toscaireacht i bhfianaise na n-ábhar a bheidh le plé ag cruinniú COSAC agus, a mhéid is féidir, is ionadaithe ó na coistí atá freagrach as na hábhair sin a bheidh ar an toscaireacht sin. Tíolacfaidh an toscaireacht tuarascáil tar éis gach cruinnithe.

3.

Tabharfar aird chuí ar an gcóimheá pholaitiúil fhoriomlán laistigh den Pharlaimint.

Riail 132

Comhdháil na bparlaimintí

Ainmneoidh Comhdháil na nUachtarán comhaltaí thoscaireacht na Parlaiminte chuig aon chomhdháil nó aon chomhlacht comhchosúil a bhfuil ionadaithe ó pharlaimintí bainteach leis agus déanfaidh sí sainordú a bheidh i gcomhréir le haon rúin Pharlaiminte iomchuí a thabhairt don toscaireacht. Toghfaidh an toscaireacht a Cathaoirleach féin agus, más cuí, toghfaidh sí Leas-Chathaoirleach amháin nó níos mó.

TEIDEAL VI

SEISIÚIN

CAIBIDIL 1

Seisiúin na Parlaiminte

Riail 133

Téarma parlaiminteach, seisiúin, páirtseisiúin, suíonna

1.

Is é a bheidh sa téarma parlaiminteach ná téarma atá comhthráthach le téarma oifige na bhFeisirí dá bhforáiltear in Ionstraim an 20 Meán Fómhair 1976.

2.

Is é a bheidh sa seisiún ná an tréimhse bhliantúil arna forordú leis an Ionstraim agus leis na Conarthaí.

3.

Is é a bheidh sa pháirtseisiún ná cruinniú na Parlaiminte arna chomóradh de ghnáth gach mí agus arna fhoroinnt ina shuíonna laethúla.

Measfar gur aon suí amháin atá i suíonna den Pharlaimint a sheoltar an lá céanna.

Riail 134

Comóradh na Parlaiminte

1.

Tiocfaidh an Pharlaimint le chéile, gan aon ghá lena comóradh, an dara Máirt de mhí an Mhárta gach bliain agus socróidh an Pharlaimint féin fad na dtréimhsí a gcuirfear an seisiún ar atráth lena linn.

2.

Ina theannta sin, tiocfaidh an Pharlaimint le chéile, gan aon ghá lena comóradh, an chéad Mháirt tar éis tréimhse míosa a bheith caite ó dheireadh na tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 10(1) d’Ionstraim an 20 Meán Fómhair 1976.

3.

Féadfaidh Comhdháil na nUachtarán, agus a cuid cúiseanna á lua aici, fad na dtréimhsí a mbeidh an seisiún ar atráth lena linn, arna socrú de bhun mhír 1, a athrú dhá sheachtain ar a laghad roimh an dáta a bheidh socraithe roimhe sin ag an bParlaimint chun athchromadh ar an seisiún; ní chuirfear an dáta athchromtha siar níos faide ná dhá sheachtain, áfach.

4.

Ar bhonn eisceachtúil, tar éis dul i gcomhairle le Comhdháil na nUachtarán, comórfaidh an tUachtarán an Pharlaimint ar iarraidh ó thromlach de na Feisirí a chomhdhéanann í nó ar iarraidh ón gCoimisiún nó ón gComhairle.

Ar bhonn eisceachtúil, le formheas Chomhdháil na nUachtarán, féadfaidh an tUachtarán an Pharlaimint a chomóradh i gcásanna práinne.

Riail 135

Ionad na suíonna agus na gcruinnithe

1.

Seolfaidh an Pharlaimint a cuid suíonna agus a cuid cruinnithe coiste i gcomhréir le forálacha na gConarthaí.

Ní bheidh ach tromlach de na vótaí a chaitear ag teastáil i gcomhair tograí le haghaidh páirtseisiún breise sa Bhruiséil agus le haghaidh aon leasuithe ar thograí den sórt sin.

2.

Féadfaidh aon choiste cinneadh a ghlacadh chun a iarraidh go seolfar cruinniú amháin nó níos mó in áit éigin eile. Is chuig an Uachtarán a dhéanfar an iarraidh sin, maille le cúiseanna mar thacaíocht léi, agus cuirfidh an tUachtarán os comhair an Bhiúró í. Más ábhar práinneach atá ann, féadfaidh an tUachtarán an cinneadh a dhéanamh é féin. I gcás ina ndiúltóidh an Biúró nó an tUachtarán don iarraidh, déanfar na cúiseanna leis an diúltú a lua.

Riail 136

Freastal na bhFeisirí ar shuíonna

1.

Beidh clár tinrimh ar oscailt lena shíniú ag na Feisirí ag gach suí.

2.

Déanfar ainmneacha na bhFeisirí atá i láthair, faoi mar a thaispeántar sa chlár tinrimh, a thaifeadadh i miontuairiscí gach suí.

CAIBIDIL 2

Ord gnó na Parlaiminte

Riail 137

Dréacht den chlár oibre

1.

Roimh gach páirtseisiún, déanfaidh Comhdháil na nUachtarán dréacht den chlár oibre a tharraingt suas ar bhonn moltaí ó Chomhdháil Chathaoirligh na gCoistí, agus Clár Oibre comhaontaithe an Choimisiúin dá dtagraítear i Riail 35 á chur san áireamh.

Ar chuireadh ón Uachtarán, féadfaidh an Coimisiún agus an Chomhairle freastal ar phléití Chomhdháil na nUachtarán ar an dréacht den chlár oibre.

2.

Féadfar amanna vótála do mhíreanna áirithe a bheidh le breithniú a thaispeáint sa dréacht den chlár oibre.

3.

Féadfar tréimhse amháin nó dhá thréimhse, ar 60 nóiméad a fad iomlán nó a bhfad comhiomlán, a chur ar leataobh sa dréacht den chlár oibre le haghaidh díospóireachtaí, de bhun Riail 122, ar chásanna a bhaineann le sáruithe ar chearta an duine, ar an daonlathas agus ar an smacht reachta.

4.

Déanfar an dréacht críochnaitheach den chlár oibre a dháileadh ar na Feisirí trí huaire an chloig ar a laghad roimh thús an pháirtseisiúin.

Riail 138

An nós imeachta sa suí iomlánach gan leasú agus gan díospóireacht

1.

Déanfar aon togra le haghaidh gnímh reachtaigh (an chéad léamh) agus aon tairiscint neamhreachtach i gcomhair rúin, arna glacadh i gcoiste, agus níos lú ná an deichiú cuid de chomhaltaí an choiste a bheith tar éis vótáil ina coinne, a chur ar an dréacht de chlár oibre na Parlaiminte i gcomhair vótála gan leasú.

Beidh an mhír faoi réir vótála aonair ansin mura rud é go ndéanfaidh grúpaí polaitiúla nó Feisirí aonair arb ionann a líon agus an deichiú cuid d’Fheisirí na Parlaiminte, a iarraidh i scríbhinn, sula dtarraingeofar suas an dréacht críochnaitheach den chlár oibre, go mbeidh an mhír faoi réir a leasaithe, agus sa chás sin socróidh an tUachtarán teorainn ama chun leasuithe a chur síos.

2.

Maidir le míreanna a chuirtear ar an dréacht críochnaitheach den chlár oibre i gcomhair vótála gan leasú, ní dhéanfar díospóireacht orthu ach oiread mura rud é go ndéanfaidh an Pharlaimint, le linn an clár oibre a ghlacadh ag tús páirtseisiúin, cinneadh dá mhalairt ar thogra ó Chomhdháil na nUachtarán nó arna iarraidh sin ag grúpa polaitiúil nó ag 40 Feisire ar a laghad.

3.

Le linn dréacht críochnaitheach de chlár oibre páirtseisiúin a tharraingt suas, féadfaidh Comhdháil na nUachtarán a mholadh go dtógfar míreanna eile gan leasú nó gan díospóireacht. Le linn a clár oibre a ghlacadh, ní fhéadfaidh an Pharlaimint glacadh le haon togra den sórt sin más rud é go bhfuil grúpa polaitiúil nó 40 Feisire ar a laghad tar éis agóid a chur síos ina aghaidh i scríbhinn uair an chloig ar a laghad sula gcuirtear tús leis an bpáirtseisiún.

4.

I gcás ina dtógtar mír gan díospóireacht, féadfaidh an rapóirtéir nó Cathaoirleach an choiste fhreagraigh ráiteas a dhéanamh díreach roimh an vótáil ar ráiteas é nach mbeidh níos faide ná dhá nóiméad.

Riail 139

Tíolacadh gairid

Arna iarraidh sin ag an rapóirtéir nó ar thogra ó Chomhdháil na nUachtarán, féadfaidh an Pharlaimint a chinneadh freisin, maidir le mír nach bhfuil díospóireacht iomlán riachtanach lena haghaidh, go ndéileálfar léi trí thíolacadh gairid ag an rapóirtéir sa suí iomlánach. Sa chás sin, beidh deis freagartha ag an gCoimisiún agus, ina dhiaidh sin, beidh díospóireacht deich nóiméad ann tráth a bhféadfaidh an tUachtarán deis labhartha, ar feadh nóiméad amháin an duine, a thabhairt do na Feisirí a dtarraingítear a aird orthu.

Riail 140

An clár oibre a ghlacadh agus a leasú

1.

Ag tús gach páirtseisiúin, déanfaidh an Pharlaimint cinneadh ar an dréacht críochnaitheach den chlár oibre. Féadfaidh coiste, grúpa polaitiúil nó 40 Feisire ar a laghad leasuithe a thairiscint. Ní mór aon tograí den sórt sin a bheith faighte ag an Uachtarán uair an chloig ar a laghad sula gcuirfear tús leis an bpáirtseisiún. Féadfaidh an tUachtarán cead cainte a thabhairt don té a dhéanann an tairiscint, do chainteoir amháin i bhfabhar na tairisceana agus do chainteoir amháin ina coinne, ar feadh tréimhse nach faide ná nóiméad amháin i ngach cás.

2.

Tar éis an clár oibre a ghlacadh, ní fhéadfar é a leasú, ach amháin de bhun Riail 142 nó Rialacha 174 go 178 nó ar thogra ón Uachtarán.

Má dhiúltaítear do thairiscint nós imeachta chun an clár oibre a leasú, ní fhéadfar í a chur síos arís i rith an pháirtseisiúin sin.

3.

Sula gcuirtear deireadh leis an suí, fógróidh an tUachtarán dáta, am agus clár oibre an chéad suí eile.

Riail 141

Díospóireacht urghnách

1.

Féadfaidh grúpa polaitiúil nó 40 Feisire ar a laghad a iarraidh go ndéanfar díospóireacht urghnách ar ábhar ar díol mór spéise é agus a bhaineann le beartas an Aontais Eorpaigh a chur ar chlár oibre na Parlaiminte. De ghnáth, ní sheolfar níos mó ná díospóireacht urghnách amháin i rith gach páirtseisiúin.

2.

Cuirfear an iarraidh faoi bhráid an Uachtaráin i scríbhinn trí huaire an chloig ar a laghad roimh thús an pháirtseisiúin a bhfuil an díospóireacht urghnách le sheoladh lena linn. Déanfar an vótáil ar an iarraidh sin ag tús an pháirtseisiúin nuair a ghlacann an Pharlaimint a clár oibre.

3.

Mar fhreagra ar imeachtaí a tharlaíonn tar éis clár oibre a ghlacadh le haghaidh páirtseisiúin, féadfaidh an tUachtarán, tar éis dul i gcomhairle le cathaoirligh na ngrúpaí polaitiúla, díospóireacht urghnách a mholadh. Déanfar vótáil ar aon mholadh den sórt sin ag tús suí nó ag am sceidealta vótála, ar fhógra a bheith tugtha do na Feisirí uair an chloig ar a laghad roimh ré.

4.

Cinnfidh an tUachtarán an t-am a mbeidh díospóireacht den sórt sin le seoladh. Ní rachaidh fad foriomlán na díospóireachta thar 60 nóiméad. Déanfar am labhartha a leithroinnt ar na grúpaí polaitiúla agus ar na Feisirí neamhcheangailte i gcomhréir le Riail 149(4) agus (5).

5.

Cuirfear deireadh leis an díospóireacht gan rún a ghlacadh.

Riail 142

An nós imeachta i gcás práinne

1.

Maidir le hiarraidh go ndéileálfar mar ábhar práinneach le díospóireacht ar thogra a ndeachthas i gcomhairle leis an bParlaimint maidir leis de bhun Riail 43(1), féadfaidh an tUachtarán, coiste, grúpa polaitiúil, 40 Feisire ar a laghad, an Coimisiún nó an Chomhairle an iarraidh sin a dhéanamh chun na Parlaiminte. Déanfar an iarraidh sin i scríbhinn agus tabharfar cúiseanna mar thacaíocht léi.

2.

A luaithe a bheidh iarraidh ar dhíospóireacht phráinneach faighte ag an Uachtarán, fógrófar an méid sin don Pharlaimint. Déanfar an vótáil ar an iarraidh ag tús an tsuí a bheidh ann i ndiaidh an tsuí a ndearnadh an fógra lena linn, ar choinníoll go mbeifear tar éis an togra lena mbaineann an iarraidh a dháileadh sna teangacha oifigiúla. I gcás roinnt iarrataí a bheith ann ar dhíospóireacht phráinneach ar an ábhar céanna, beidh feidhm ag formheas na hiarrata, nó ag diúltú don iarraidh, ar dhíospóireacht phráinneach i gcás na n-iarrataí go léir ar an ábhar céanna.

3.

Roimh an vótáil, ní fhéadfar éisteacht a thabhairt ach amháin don té a dhéanfaidh an tairiscint, do chainteoir amháin i bhfabhar na tairisceana, do chainteoir amháin ina coinne, agus do Chathaoirleach agus/nó do rapóirtéir an choiste fhreagraigh, ar feadh tréimhse nach faide ná trí nóiméad i ngach cás.

4.

Maidir le ceisteanna a bhfuiltear chun déileáil leo tríd an nós imeachta i gcás práinne, tabharfar tosaíocht dóibh ar na míreanna eile ar an gclár oibre. Cinnfidh an tUachtarán an t-am don díospóireacht agus don vótáil.

5.

Féadfar díospóireacht phráinneach a sheoladh d’uireasa tuarascála nó, go heisceachtúil, ar bhonn tuarascála ó bhéal ón gcoiste freagrach.

Riail 143

Comhdhíospóireacht

Féadfar cinneadh a ghlacadh aon tráth chun comhdhíospóireacht a dhéanamh ar mhíreanna gnó atá comhchosúil nó gaolmhar lena chéile.

Riail 144

Teorainneacha ama

Ach amháin sna cásanna práinneacha dá dtagraítear i Riail 122 agus i Riail 142, ní chuirfear tús le díospóireacht ná vótáil ar théacs mura rud é gur dáileadh é 24 huaire an chloig ar a laghad roimh ré.

CAIBIDIL 3

Rialacha ginearálta maidir le suíonna a sheoladh

Riail 145

Rochtain ar an Seomra

1.

Ní fhéadfaidh aon duine dul isteach sa Seomra ach amháin Feisirí Parlaiminte, Comhaltaí den Choimisiún nó den Chomhairle, Ardrúnaí na Parlaiminte, daoine den fhoireann nach mór dóibh a bheith ann mar gheall ar na dualgais atá orthu, agus saineolaithe nó oifigigh de chuid an Aontais Eorpaigh.

2.

Ní cheadófar isteach sna háiléir ach sealbhóirí cárta iontrála arna eisiúint go cuí ag Uachtarán nó ag Ardrúnaí na Parlaiminte.

3.

Fanfaidh daoine den phobal a cheadaítear isteach sna háiléir ina suí agus ina dtost. Déanfaidh na huiséirí aon duine a léiríonn a shástacht nó a mhíshástacht a chur amach láithreach.

Riail 146

Teangacha

1.

Déanfar gach doiciméad de chuid na Parlaiminte a tharraingt suas sna teangacha oifigiúla.

2.

Beidh an ceart ag na Feisirí go léir labhairt sa Pharlaimint sa teanga oifigiúil dá rogha féin. Déanfar ateangaireacht go comhuaineach ar óráidí a thugtar in aon cheann de na teangacha oifigiúla go dtí na teangacha oifigiúla eile agus go dtí aon teanga eile a mheasfaidh an Biúró a bheith riachtanach.

3.

Soláthrófar ateangaireacht i gcruinnithe coiste agus toscaireachta ó na teangacha oifigiúla agus go dtí na teangacha oifigiúla a úsáideann agus a iarrann comhaltaí agus comhaltaí ionaid an choiste nó na toscaireachta sin.

4.

Ag cruinnithe coiste agus toscaireachta a sheoltar in áit eile seachas sa ghnátháit oibre, soláthrófar ateangaireacht ó theangacha agus go dtí teangacha na gcomhaltaí a dhaingníonn go mbeidh siad i láthair ag an gcruinniú. Féadfar na socruithe sin a dhéanamh níos solúbtha, ar bhonn eisceachtúil, i gcás ina gcomhaontaíonn comhaltaí an choiste nó na toscaireachta amhlaidh. I gcás easaontais, déanfaidh an Biúró an cinneadh.

I gcás ina suitear, tar éis toradh vótála a bheidh fógartha, go bhfuil neamhréireachtaí ann idir leaganacha i dteangacha éagsúla, déanann an tUachtarán cinneadh i dtaobh an bhfuil an toradh a fógraíodh bailí de bhun Riail 171(5). Má dhearbhaíonn sé go bhfuil an toradh bailí, ní mór dó a chinneadh cén leagan a measfar ina leith gur glacadh é. Ní féidir glacadh leis, mar riail ghinearálta, gurb é an leagan bunaidh an téacs oifigiúil, áfach, de bhrí go bhféadfadh cás a bheith ann go mbeadh gach teanga eile éagsúil leis an téacs bunaidh.

Riail 147

Socrú idirthréimhseach

1.

I rith idirthréimhse a mhaireann go dtí deireadh an seachtú téarma parlaiminteach (16), beidh maoluithe ar Riail 146 ceadaithe más rud é, agus sa mhéid, nach bhfuil dóthain ateangairí nó aistritheoirí ar fáil do theanga oifigiúil áirithe, d’ainneoin réamhchúraimí oiriúnacha a ghlacadh.

2.

Déanfaidh an Biúró, ar thogra ón Ardrúnaí, a fháil amach, maidir le gach ceann de na teangacha oifigiúla, an bhfuil na coinníollacha atá leagtha amach i mír 1 comhlíonta agus déanfaidh sé athbhreithniú ar a chinneadh ag eatraimh sé mhí ar athbhreithniú é a bheidh bunaithe ar thuarascáil faoi dhul chun cinn ón Ardrúnaí. Glacfaidh an Biúró na rialacha cur chun feidhme is gá.

3.

Beidh feidhm ag na socruithe speisialta sealadacha arna nglacadh ag an gComhairle ar bhonn na gConarthaí maidir le dréachtú gníomhartha dlíthiúla, seachas rialacháin a ghlacann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle go comhpháirteach.

4.

Ar mholadh réasúnaithe ón mBiúró, féadfaidh an Pharlaimint a chinneadh, aon tráth, an Riail seo a aisghairm go luath nó a ré a fhadú ag deireadh na tréimhse a luaitear i mír 1.

Riail 148

Doiciméid a dháileadh

Déanfar na doiciméid arb iad is bonn do dhíospóireachtaí agus do chinntí na Parlaiminte a chló agus a dháileadh ar na Feisirí. Foilseofar liosta de na doiciméid sin i miontuairiscí shuíonna na Parlaiminte.

Gan dochar do chur i bhfeidhm na chéad mhíre, beidh rochtain dhíreach ag Feisirí agus ag grúpaí polaitiúla ar chóras ríomhaireachta inmheánach Pharlaimint na hEorpa chun féachaint ar aon doiciméad ullmhúcháin neamhrúnda (dréacht-tuarascáil, dréachtmholadh, dréacht-tuairim, doiciméad oibre, leasuithe arna gcur síos i gcoiste).

Riail 149

Leithdháileadh ama labhartha agus liosta na gcainteoirí

1.

Féadfaidh Comhdháil na nUachtarán a mholadh don Pharlaimint go ndéanfar am labhartha a leithdháileadh i gcomhair díospóireachta ar leith. Déanfaidh an Pharlaimint cinneadh ar an moladh sin gan díospóireacht.

2.

Ní fhéadfaidh Feisirí labhairt mura rud é go nglaonn an tUachtarán orthu déanamh amhlaidh. Labhróidh na Feisirí óna n-áit féin agus díreoidh siad a gcaint chun an Uachtaráin. Má imíonn cainteoirí ón ábhar, glaofaidh an tUachtarán chun oird iad.

3.

Féadfaidh an tUachtarán liosta cainteoirí a tharraingt suas don chéad chuid de dhíospóireacht ar leith ar liosta é ina mbeidh babhta amháin nó níos mó de chainteoirí ó gach grúpa polaitiúil ar mian leo labhairt, in ord mhéid na ngrúpaí, mar aon le Feisire neamhcheangailte amháin.

4.

Déanfar am labhartha don chuid seo de dhíospóireacht a leithdháileadh i gcomhréir leis na critéir seo a leanas:

(a)

déanfar an chéad chodán den am labhartha a roinnt go cothrom i measc na ngrúpaí polaitiúla go léir;

(b)

déanfar codán eile a roinnt i measc na ngrúpaí polaitiúla i gcoibhneas le líon iomlán a gcomhaltaí;

(c)

déanfar am labhartha foriomlán a leithdháileadh ar na Feisirí neamhcheangailte agus é bunaithe ar na codáin arna leithdháileadh ar gach grúpa polaitiúil faoi phointe (a) agus faoi phointe (b).

5.

I gcás ina ndéantar am labhartha iomlán a leithdháileadh le haghaidh roinnt míreanna ar an gclár oibre, déanfaidh na grúpaí polaitiúla an codán dá gcuid ama labhartha a úsáidfear le haghaidh gach míre aonair a chur in iúl don Uachtarán. Cinnteoidh an tUachtarán go n-urramófar na hamanna labhartha.

6.

Ní dhéanfar an chuid eile den am i gcomhair díospóireachta a leithdháileadh go sonrach roimh ré. Ina ionad sin, glaofaidh an tUachtarán ar Fheisirí chun labhairt gan níos mó ná aon nóiméad amháin a cheadú i gcoitinne. Cinnteoidh an tUachtarán — a mhéid is féidir — go dtugtar éisteacht i ndiaidh a chéile do chainteoirí a bhfuil tuairimí polaitiúla éagsúla acu agus do chainteoirí ó Bhallstáit éagsúla.

7.

Ar iarraidh a fháil, féadfar tosaíocht a thabhairt do Chathaoirleach nó do rapóirtéir an choiste fhreagraigh agus do Chathaoirligh na ngrúpaí polaitiúla ar mian leo labhairt thar ceann a ngrúpaí, nó do chainteoirí atá ag ionadú dóibh.

8.

Féadfaidh an tUachtarán cead cainte a thabhairt d’Fheisirí a léiríonn, trí chárta gorm a ardú, gur mian leo ceist nach mairfidh níos faide ná leath nóiméid a chur ar Fheisire eile le linn óráid an Fheisire sin, má aontaíonn an cainteoir leis sin agus más deimhin leis an Uachtarán nach leanfaidh cur isteach ar an díospóireacht as sin.

9.

Ní fhéadfaidh aon Fheisire labhairt ar feadh níos faide ná nóiméad amháin ar aon cheann de na nithe seo a leanas: miontuairiscí an tsuí, tairiscintí nós imeachta nó leasuithe ar an dréacht críochnaitheach den chlár oibre nó ar an gclár oibre.

10.

Gan dochar dá chuid cumhachtaí araíonachta eile, féadfaidh an tUachtarán a chur faoi deara go ndéanfar óráidí Feisirí nár glaodh orthu chun labhairt nó a leanann orthu de bheith ag labhairt tar éis an ama atá tugtha dóibh a scriosadh as tuarascálacha focal ar fhocal ar dhíospóireachtaí na suíonna.

11.

Tabharfar éisteacht don Choimisiún agus don Chomhairle i ndíospóireacht ar thuarascáil agus déanfar amhlaidh, de ghnáth, díreach tar éis don rapóirtéir an tuarascáil a thíolacadh. Féadfar éisteacht a thabhairt don Choimisiún, don Chomhairle agus don rapóirtéir athuair, go háirithe chun freagra a thabhairt ar ráitis a dhéanann Feisirí.

12.

Féadfaidh Feisirí nár labhair i ndíospóireacht ráiteas scríofa nach faide ná 200 focal a thabhairt isteach uair amháin ar a mhéid in aghaidh an pháirtseisiúin agus cuirfear an ráiteas sin mar aguisín leis an tuarascáil focal ar fhocal ar an díospóireacht.

13.

Gan dochar d’Airteagal 230 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, féachfaidh an tUachtarán le teacht ar réiteach leis an gCoimisiún, leis an gComhairle agus le hUachtarán na Comhairle Eorpaí maidir le leithdháileadh cuí ama labhartha dóibh.

Riail 150

Óráidí aon nóiméid amháin

Ar feadh tréimhse nach faide ná 30 nóiméad i rith an chéad suí de gach páirtseisiún, glaofaidh an tUachtarán ar na Feisirí ar mian leo aird na Parlaiminte a tharraingt ar ábhar a bhfuil tábhacht pholaitiúil leis. Ní rachaidh am labhartha gach Feisire thar aon nóiméad amháin. Féadfaidh an tUachtarán tréimhse eile den sórt sin a cheadú níos faide anonn sa pháirtseisiún céanna.

Riail 151

Ráitis phearsanta

1.

Aon Fheisirí a iarrann ráiteas pearsanta a dhéanamh, tabharfar éisteacht dóibh ag deireadh an phlé ar an mír den chlár oibre a bhfuiltear ag déileáil léi nó nuair atá miontuairiscí an tsuí lena mbaineann an iarraidh ar chead labhartha á mbreithniú lena bhformheas.

Ní fhéadfaidh na Feisirí labhairt ar nithe substainteacha ach teorannóidh siad a gcuid barúlacha do fhrisnéis a dhéanamh maidir le haon ráiteas a rinneadh faoina bpearsa le linn na díospóireachta nó maidir le haon tuairimí a cuireadh ina leith, nó do cheartúchán a dhéanamh maidir le haon bharúlacha a thug siad féin.

2.

Mura rud é go gcinnfidh an Pharlaimint a mhalairt, ní bheidh aon ráiteas pearsanta níos faide ná trí nóiméad.

CAIBIDIL 4

Bearta a ghlacfar i gcás nach gcomhlíontar caighdeáin iompair na bhFeisirí

Riail 152

Bearta láithreacha

1.

Déanfaidh an tUachtarán aon Fheisire a chuireann isteach ar sheoladh réidh na n-imeachtaí nó nach bhfuil a iompar nó a hiompar de réir fhorálacha iomchuí Riail 9 a ghlaoch chun oird.

2.

Má dhéantar an cion an athuair, glaofaidh an tUachtarán an Feisire chun oird arís, agus déanfar an méid sin a thaifeadadh sna miontuairiscí.

3.

Má leantar den chur isteach, nó má dhéantar cion eile, féadfaidh an tUachtarán an ceart labhartha a shéanadh ar an gciontóir agus é nó í a chur amach as an Seomra ar feadh an chuid eile den suí. Féadfaidh an tUachtarán, freisin, dul i muinín an bhirt is déanaí atá luaite láithreach agus d’uireasa an dara glao chun oird i gcásanna fíor-thromchúiseacha. Féachfaidh an tArdrúnaí chuige, gan mhoill, go gcuirtear na bearta araíonachta sin i bhfeidhm le cabhair ó na huiséirí agus, más gá, le cabhair ó Sheirbhís Slándála na Parlaiminte.

4.

Más baolach go gcuirfidh cur isteach bac ar ghnó an Tí, dúnfaidh an tUachtarán an suí nó cuirfidh sé an suí ar fionraí go ceann tréimhse sonraí chun an t-ord a athbhunú. Mura bhfuil an tUachtarán in ann éisteacht a fháil, fágfaidh sé an chathaoir; beidh d’éifeacht leis sin go mbeidh an suí ar fionraí. Athchomórfaidh an tUachtarán an suí.

5.

Déanfar na cumhachtaí dá bhforáiltear i míreanna 1 go 4 a dhílsiú, mutatis mutandis, d’oifigigh cheannais comhlachtaí, coistí agus toscaireachtaí de réir mar a fhoráiltear dóibh sna Rialacha Nós Imeachta.

6.

Nuair is cuí, agus ag féachaint do thromchúis an tsáraithe ar chaighdeáin iompair na bhFeisirí, féadfaidh an Feisire atá sa Chathaoir, tráth nach déanaí ná an chéad pháirtseisiún eile nó an chéad chruinniú eile den chomhlacht, den choiste nó den toscaireacht lena mbaineann, a iarraidh ar an Uachtarán Riail 153 a chur i bhfeidhm.

Riail 153

Pionóis

1.

I gcásanna fíor-thromchúiseacha mí-oird nó cur isteach ar an bParlaimint de shárú ar na prionsabail atá leagtha síos i Riail 9, déanfaidh an tUachtarán, tar éis éisteacht a thabhairt don Fheisire lena mbaineann, cinneadh réasúnaithe a ghlacadh ina leagfar síos an pionós cuí agus, sula bhfógróidh sé an cinneadh sin don suí iomlánach, cuirfidh sé in iúl don Fheisire lena mbaineann é agus d’oifigigh cheannais na gcomhlachtaí, na gcoistí agus na dtoscaireachtaí ar a bhfónann an Feisire.

2.

Nuair a bheidh an t-iompar a breathnaíodh á mheas, déanfar cineál eisceachtúil, athfhillteach nó buan agus tromchúis an iompair sin a chur san áireamh, ar bhonn na dtreoirlínte atá ag gabháil mar iarscríbhinn leis na Rialacha Nós Imeachta seo (17).

3.

D’fhéadfadh ceann amháin nó níos mó de na bearta seo a leanas a bheith sa phionós:

(a)

iomardú;

(b)

an teideal chuig an liúntas cothaithe laethúil a fhorghéilleadh ar feadh tréimhse idir dhá lá agus deich lá;

(c)

gan dochar don cheart chun vótáil i suí iomlánach, agus, sa chás seo, faoi réir dhianchomhlíonadh chaighdeáin iompair na bhFeisirí, fionraí sealadach ar feadh tréimhse idir dhá lá chomhleanúnacha agus deich lá chomhleanúnacha a dtagann an Pharlaimint nó aon cheann dá comhlachtaí, dá coistí nó dá toscaireachtaí le chéile, ó rannpháirtíocht i ngach ceann de ghníomhaíochtaí na Parlaiminte, nó i gcuid díobh;

(d)

togra a chur faoi bhráid Chomhdháil na nUachtarán, i gcomhréir le Riail 19, chun an Feisire a chur ar fionraí ó cheann amháin nó níos mó de na hoifigí tofa atá ag an bhFeisire sa Pharlaimint, nó an Feisire sin a chur as ceann amháin nó níos mó de na hoifigí sin.

Riail 154

Nósanna imeachta maidir le hachomharc inmheánach

Féadfaidh an Feisire lena mbaineann achomharc inmheánach a thaisceadh leis an mBiúró laistigh de dhá sheachtain ón tráth a thugtar an fógra i dtaobh an phionóis arna fhorchur ag an Uachtarán. Beidh d’éifeacht ag achomharc den sórt sin go gcuirfear feidhmiú an phionóis sin ar fionraí. Féadfaidh an Biúró, tráth nach déanaí ná ceithre seachtaine tar éis thaisceadh an achomhairc, an pionós a forchuireadh a neamhniú, a dhaingniú nó a laghdú, ach sin gan dochar do na cearta atá ar fáil don Fheisire achomharc seachtrach a dhéanamh. Más rud é nach nglacfaidh an Biúró cinneadh laistigh den teorainn ama atá leagtha síos, dearbhófar go bhfuil an pionós ar neamhní.

CAIBIDIL 5

Córam agus vótáil

Riail 155

Córam

1.

Féadfaidh an Pharlaimint plé a dhéanamh, a clár oibre a shocrú agus na miontuairiscí a fhormheas, is cuma cá mhéad Feisire atá i láthair.

2.

Beidh córam ann nuair atá trian de na Feisirí a chomhdhéanann an Pharlaimint i láthair sa Seomra.

3.

Beidh na vótaí go léir bailí is cuma cá mhéad vótálaí atá ann mura rud é go suífidh an tUachtarán, ar iarraidh arna déanamh ag 40 Feisire ar a laghad roimh an vótáil, nach bhfuil córam i láthair ag tráth na vótála. Má léiríonn an vótáil nach bhfuil córam i láthair, cuirfear an vótáil ar an gclár oibre don chéad suí eile.

Caithfidh iarraidh ar chóram a shuíomh teacht ó 40 Feisire ar a laghad. Níl iarraidh thar ceann grúpa pholaitiúil inghlactha.

Nuair atá toradh na vótála á shuíomh, ní mór, i gcomhréir le mír 2, na Feisirí go léir atá i láthair sa Seomra a chur san áireamh agus ní mór, i gcomhréir le mír 4, na Feisirí go léir a d’iarr go suífí an córam a chur san áireamh. Ní féidir an córas vótála leictreonach a úsáid chun na críche seo. Ní fhéadfar doirse an tSeomra a dhúnadh.

Mura bhfuil an líon Feisirí atá ag teastáil chun córam a dhéanamh i láthair, ní fhógróidh an tUachtarán toradh na vótála ach dearbhóidh sé nach bhfuil córam i láthair.

Ní bheidh feidhm ag an abairt deiridh de mhír 3 maidir le vótálacha ar thairiscintí nós imeachta agus ní bheidh feidhm aici ach amháin maidir le vótálacha ar an ábhar féin.

4.

Áireofar Feisirí a d’iarr go suífí an córam mar Fheisirí atá i láthair de réir bhrí mhír 2, fiú mura bhfuil siad sa Seomra a thuilleadh.

Ní mór do na Feisirí a d’iarr go suífí an córam a bheith i láthair sa Seomra nuair a dhéantar an iarraidh.

5.

Má tá níos lú ná 40 Feisire i láthair, féadfaidh an tUachtarán a rialú nach ann don chóram.

Riail 156

Leasuithe a chur síos agus a thairiscint

1.

Féadfaidh an coiste freagrach, grúpa polaitiúil nó 40 Feisire ar a laghad leasuithe a chur síos lena mbreithniú sa Pharlaimint.

Déanfar leasuithe a chur síos i scríbhinn agus beidh siad sínithe ag a n-údair.

Féadfaidh réasúnú gearr a bheith i dteannta le leasuithe ar dhoiciméid de chineál reachtach de réir bhrí Riail 43(1). Is é nó í an t-údar a bheidh freagrach as réasúnuithe den sórt sin agus ní dhéanfar vótáil orthu.

2.

Faoi réir na dteorainneacha atá leagtha síos i Riail 157, féadfaidh leasú féachaint le haon chuid de théacs a athrú, agus féadfaidh sé a bheith dírithe ar fhocail nó ar fhigiúirí a scriosadh nó ar fhocail bhreise nó ar fhigiúirí breise a chur isteach, nó ar fhocail nó ar fhigiúirí nua a chur in ionad focal nó figiúirí áirithe.

Sa Riail seo agus i Riail 157, ciallaíonn an téarma “téacs” an tairiscint iomlán i gcomhair rúin/i gcomhair dréachta de rún reachtach, nó togra iomlán i gcomhair cinnidh nó togra le haghaidh gnímh reachtaigh.

3.

Socróidh an tUachtarán teorainn ama le haghaidh leasuithe a chur síos.

4.

Féadfaidh údar an leasaithe nó aon Fheisire eile arna cheapadh nó arna ceapadh ag an údar chun a ionad nó a hionad a ghlacadh leasú a thairiscint le linn na díospóireachta.

5.

I gcás ina dtarraingíonn an t-údar a leasú siar, titfidh sé ar lár mura rud é go nglacfaidh Feisire eile ar láimh láithreach é.

6.

Ní dhéanfar vótáil ar leasuithe go dtí go mbeidh siad clóite agus dáilte sna teangacha oifigiúla go léir, mura rud é go gcinnfidh an Pharlaimint a mhalairt. Ní fhéadfaidh an Pharlaimint a mhalairt a chinneadh má dhéanann 40 Feisire a laghad agóid ina aghaidh sin. Seachnóidh an Pharlaimint cinntí a d’fhágfadh go mbeadh Feisirí a úsáideann teanga áirithe faoi mhíbhuntáiste go feadh méid neamh-inghlactha.

I gcás inar lú ná 100 an líon Feisirí atá i láthair, ní fhéadfaidh an Pharlaimint a mhalairt a chinneadh más rud é go ndéanann an deichiú cuid ar a laghad de na Feisirí atá i láthair agóid ina aghaidh sin.

Féadfar vótáil a dhéanamh ar leasuithe ó bhéal a chuirtear síos i gcoiste mura rud é go ndéanann duine de chomhaltaí an choiste agóid ina aghaidh sin.

Riail 157

Inghlacthacht na leasuithe

1.

Ní bheidh aon leasú inghlactha más rud é:

(a)

nach mbaineann sé go díreach leis an téacs a bhféachtar lena leasú leis;

(b)

go bhféachann sé le téacs iomlán a scriosadh nó le téacs nua a chur in ionad téacs iomláin;

(c)

go bhféachann sé le níos mó ná ceann amháin de na hairteagail nó na míreanna aonair den téacs lena mbaineann sé a leasú. Ní bheidh feidhm ag an bhforáil seo maidir le leasuithe comhréitigh ná maidir le leasuithe a fhéachann le hathruithe comhionanna a dhéanamh ar leagan áirithe focal ar fud an téacs;

(d)

go suitear, maidir leis an téacs a fhéachtar lena athrú leis an leasú, nach gá leasú a dhéanamh ar an bhfoclaíocht i dteanga oifigiúil amháin ar a laghad den téacs sin; sa chás sin, lorgóidh an tUachtarán réiteach oiriúnach teanga i gcomhar leis na daoine lena mbaineann.

2.

Titfidh leasú ar lár má tá sé ar neamhréir le cinntí a glacadh roimhe sin ar an téacs i rith na vótála céanna.

3.

Cinnfidh an tUachtarán an bhfuil leasuithe inghlactha.

Ní dhéanann an tUachtaráin a chinneadh faoi mhír 3 maidir le hinghlacthacht leasuithe a bhunú go heisiach ar fhorálacha mhír 1 agus mhír 2 den Riail seo ach bunaíonn sé é ar fhorálacha na Rialacha i gcoitinne.

4.

Féadfaidh grúpa polaitiúil nó 40 Feisire ar a laghad tairiscint mhalartach i gcomhair rúin a chur síos lena cur in ionad tairisceana neamhreachtaí i gcomhair rúin atá i dtuarascáil ó choiste.

I gcás den sórt sin, ní fhéadfaidh an grúpa ná na Feisirí lena mbaineann leasuithe a chur síos ar an tairiscint i gcomhair rúin ón gcoiste freagrach. Ní fhéadfaidh an tairiscint mhalartach i gcomhair rúin a bheith níos faide ná tairiscint an choiste i gcomhair rúin. Déanfar vótáil aonair uirthi sa Pharlaimint gan leasú.

Beidh feidhm mutatis mutandis ag Riail 110(4).

Riail 158

An nós imeachta vótála

1.

Beidh feidhm ag an nós imeachta vótála seo a leanas maidir le tuarascálacha:

(a)

ar dtús, vótáil ar aon leasuithe ar an téacs lena mbaineann tuarascáil an choiste fhreagraigh;

(b)

ansin, vótáil ar an téacs sin ina iomláine, cibé acu arna leasú nó a mhalairt;

(c)

ina dhiaidh sin, vótáil ar leasuithe ar an tairiscint i gcomhair rúin/i gcomhair dréachta de rún reachtach;

(d)

agus ar deireadh, vótáil ar an tairiscint i gcomhair rúin/i gcomhair dréachta de rún reachtach ina hiomláine (an vótáil chríochnaitheach).

Ní dhéanfaidh an Pharlaimint vótáil ar an ráiteas míniúcháin atá sa tuarascáil.

2.

Beidh feidhm ag an nós imeachta seo a leanas maidir leis an dara léamh:

(a)

i gcás nach gcuirtear síos aon togra chun diúltú do sheasamh na Comhairle, nó chun an comhsheasamh sin a leasú, measfar an seasamh sin a bheith arna fhormheas i gcomhréir le Riail 72;

(b)

déanfar vótáil ar thogra chun diúltú do sheasamh na Comhairle roimh an vótáil ar aon leasuithe (féach Riail 65(1));

(c)

i gcás ina gcuirtear síos roinnt leasuithe ar sheasamh na Comhairle, déanfar vótáil orthu san ord atá leagtha amach i Riail 161;

(d)

i gcás ina bhfuil vótáil déanta ag an bParlaimint d’fhonn seasamh na Comhairle a leasú, ní fhéadfar vótáil eile ar an téacs ina iomláine a dhéanamh ach amháin i gcomhréir le Riail 65(2).

3.

Beidh feidhm ag an nós imeachta atá leagtha amach i Riail 69 maidir leis an tríú léamh.

4.

Le linn vótáil a dhéanamh ar théacsanna reachtacha agus ar thairiscintí neamhreachtacha i gcomhair rún, déanfar an vótáil a bhaineann leis na codanna substainteacha ar dtús agus, ina dhiaidh sin, déanfar an vótáil a bhaineann le luanna agus le haithris. Titfidh leasuithe ar lár má tá siad ar neamhréir le vótáil roimhe sin.

5.

Is é nó í an rapóirtéir an t-aon Fheisire amháin a mbeidh cead labhartha aige nó aici le linn na vótála, agus beidh deis aige nó aici tuairimí an choiste fhreagraigh ar na leasuithe a ndéantar vótáil orthu a chur in iúl go hachomair.

Riail 159

Comhionannas vótaí

1.

I gcás ina dtarlaíonn comhionannas vótaí faoi Riail 158(1)(b) nó (d), tarchuirfear an téacs ina iomláine ar ais chuig an gcoiste. Beidh feidhm aige sin freisin maidir le vótálacha faoi Riail 3 agus faoi Riail 7 agus maidir le vótálacha críochnaitheacha faoi Riail 186 agus faoi Riail 198, ar an tuiscint, i gcás an dá Riail sin, go dtarchuirfear an t-ábhar ar ais chuig Comhdháil na nUachtarán.

2.

I gcás ina dtarlaíonn comhionannas vótaí maidir leis an gclár oibre ina iomláine (Riail 140) nó maidir leis na miontuairiscí ina n-iomláine (Riail 179), nó maidir le téacs a ndéantar vótáil dheighilte air faoi Riail 163, measfar an téacs a bheith arna ghlacadh.

3.

I ngach cás eile ina dtarlaíonn comhionannas vótaí, measfar gur diúltaíodh don téacs nó don togra, ach sin gan dochar do na Rialacha sin lena gceanglaítear tromlaigh cháilithe a bheith ann.

Riail 160

Prionsabail lena rialaítear an vótáil

1.

Is ar bhonn molta ón gcoiste freagrach a dhéanfar an vótáil ar thuarascáil. Féadfaidh an coiste an cúram seo a tharmligean chuig a Chathaoirleach agus chuig a rapóirtéir.

2.

Féadfaidh an coiste a mholadh go ndéanfar vótáil chomhchoiteann ar na leasuithe go léir, nó ar roinnt leasuithe, go nglacfar leo nó go diúltófar dóibh, nó go ndearbhófar iad a bheith ar neamhní.

Féadfaidh sé leasuithe comhréitigh a mholadh freisin.

3.

I gcás ina molann an coiste go ndéanfar vótáil chomhchoiteann ar leasuithe, déanfar an vótáil chomhchoiteann ar na leasuithe sin ar dtús.

4.

I gcás ina molann an coiste leasú comhréitigh, tabharfar tosaíocht don leasú comhréitigh sin sa vótáil.

5.

I gcás leasuithe a n-iarrtar vótáil le glaoch rolla ina leith, déanfar vótáil aonair ar gach ceann acu.

6.

Ní bheidh vótáil dheighilte inghlactha i gcás vótála comhchoitinne nó vótála ar leasú comhréitigh.

Riail 161

An t-ord ina ndéanfar vótáil ar leasuithe

1.

Beidh tosaíocht ag leasuithe ar an téacs lena mbaineann siad agus déanfar vótáil orthu sula ndéantar vótáil ar an téacs sin.

2.

Má dhéantar dhá leasú nó níos mó atá éagsúil go hiomlán lena chéile a chur síos ar an gcuid chéanna de théacs, beidh tosaíocht ag an leasú is mó a imíonn ón téacs bunaidh agus déanfar vótáil ar an leasú sin ar dtús. Má ghlactar an leasú sin measfar go bhfuil diúltaithe do na leasuithe eile; má dhiúltaítear dó, déanfar vótáil ar an gcéad leasú eile san ord tosaíochta agus déanfar amhlaidh i gcás gach ceann de na leasuithe eile atá fágtha. I gcás amhrais faoin ord tosaíochta, is é an tUachtarán a dhéanfaidh cinneadh ina leith. Má dhiúltaítear do na leasuithe go léir, measfar an téacs bunaidh a bheith arna ghlacadh mura rud é go n-iarrtar vótáil ar leithligh laistigh den teorainn ama shonraithe.

3.

Féadfaidh an tUachtarán a chur faoi deara go ndéanfar vótáil ar an téacs bunaidh ar dtús, nó go ndéanfar vótáil ar leasú atá níos gaire don téacs bunaidh roimh an leasú is faide a imíonn ón téacs bunaidh.

Má fhaigheann ceachtar rogha díobh sin tromlach, titfidh gach leasú eile a cuireadh síos ar an téacs céanna ar lár.

4.

Ar bhonn eisceachtúil, ar thogra ón Uachtarán, féadfar vótáil a dhéanamh ar leasuithe a chuirtear síos tar éis dheireadh na díospóireachta más leasuithe comhréitigh iad nó má tá fadhbanna teicniúla ann. Gheobhaidh an tUachtarán comhaontú na Parlaiminte chun vótáil a dhéanamh ar leasuithe den sórt sin.

Faoi Riail 157(3), cinneann an tUachtarán an bhfuil leasuithe inghlactha. I gcás leasuithe comhréitigh arna gcur síos tar éis dheireadh na díospóireachta, faoin mír seo, déanann an tUachtarán cinneadh ar a n-inghlacthacht agus cinntear gach cás ar leithligh óna chéile, ag féachaint do chineál comhréitigh na leasuithe.

Féadfar na critéir ghinearálta seo a leanas maidir le hinghlacthacht a chur i bhfeidhm:

mar riail ghinearálta, ní fhéadfaidh leasuithe comhréitigh a bheith bainteach le codanna den téacs nach raibh leasú curtha síos ina leith roimh dheireadh na teorann ama le haghaidh leasuithe a chur síos,

mar riail ghinearálta, ní fhéadfaidh ach grúpaí polaitiúla nó Cathaoirligh nó rapóirtéirí na gcoistí lena mbaineann nó údair leasuithe eile leasuithe comhréitigh a chur síos,

mar riail ghinearálta, tá sé intuigthe go ndéanfar leasuithe eile ar an sliocht céanna a tharraingt siar nuair a chuirtear síos leasuithe comhréitigh.

Is é an tUachtarán amháin a fhéadfaidh a mholadh go mbreithneofar leasú comhréitigh. Ionas go bhféadfar vótáil a dhéanamh ar leasú comhréitigh, ní mór don Uachtarán comhaontú na Parlaiminte a fháil trína fhiafraí an bhfuil aon agóid in aghaidh vótáil den sórt sin á déanamh. Má dhéantar agóid, déanann an Pharlaimint cinneadh ar an ábhar trí thromlach na vótaí a chaitear.

5.

I gcás ina bhfuil sraith leasuithe ar an téacs lena mbaineann an tuarascáil curtha síos ag an gcoiste freagrach, cuirfidh an tUachtarán faoi deara go ndéanfar vótáil chomhchoiteann orthu, mura rud é go n-iarrann grúpa polaitiúil nó 40 Feisire ar a laghad go ndéanfar vótálacha ar leithligh nó mura rud é go mbeifear tar éis leasuithe eile a chur síos.

6.

Féadfaidh an tUachtarán a chur faoi deara go ndéanfar vótáil chomhchoiteann ar leasuithe eile i gcás inar leasuithe comhlántacha iad. I gcásanna den sórt sin, leanfaidh sé an nós imeachta atá leagtha síos i mír 5. Féadfaidh údair na leasuithe sin vótálacha comhchoiteanna den sórt sin a mholadh i gcás inar leasuithe comhlántacha iad a gcuid leasuithe.

7.

Féadfaidh an tUachtarán a chinneadh, tar éis leasú ar leith a ghlacadh nó tar éis diúltú dó, go ndéanfar vótáil chomhchoiteann ar roinnt leasuithe eile a bhfuil ábhar comhchosúil iontu nó a bhfuil cuspóirí comhchosúla acu. Féadfaidh an tUachtarán comhaontú na Parlaiminte a lorg sula ndéanfaidh sé amhlaidh.

Féadfaidh sraith leasuithe den sórt sin a bheith bainteach le codanna éagsúla den téacs bunaidh.

8.

I gcás dhá leasú nó níos mó atá comhionann lena chéile a bheith curtha síos ag údair éagsúla, déanfar vótáil orthu mar aon leasú amháin.

Riail 162

Coiste do bhreithniú leasuithe de chuid suí iomlánaigh

I gcás ina ndéantar leasuithe agus iarrataí ar vótáil dheighilte nó ar vótáil ar leithligh ar thuarascáil, ar mó ná 50 a líon ina n-iomláine, a chur síos lena mbreithniú sa Pharlaimint, féadfaidh an tUachtarán, tar éis dul i gcomhairle le Cathaoirleach an choiste fhreagraigh, a iarraidh ar an gcoiste freagrach teacht le chéile chun na leasuithe sin nó na hiarrataí sin a bhreithniú. Ní dhéanfar vótáil sa Pharlaimint ar aon leasú ná ar aon iarraidh ar vótáil dheighilte nó ar vótáil ar leithligh nach bhfaigheann vótaí fabhracha an tráth sin ón deichiú cuid ar a laghad de chomhaltaí an choiste.

Riail 163

Vótáil dheighilte

1.

I gcás ina bhfuil dhá fhoráil nó níos mó, nó tagairtí do dhá phointe nó níos mó, san áireamh sa téacs a bhfuil vótáil le déanamh air nó gur féidir an téacs a roinnt ina dhá chuid nó níos mó, agus brí shainiúil agus/nó luach normatach acu, féadfaidh grúpa polaitiúil nó 40 Feisire ar a laghad vótáil dheighilte a iarraidh.

2.

Déanfar an iarraidh an tráthnóna roimh an vótáil mura rud é go socraíonn an tUachtarán teorainn ama eile. Déanfaidh an tUachtarán cinneadh ar an iarraidh.

Riail 164

Ceart chun vóta a chaitheamh

Is ceart pearsanta é an ceart chun vóta a chaitheamh.

Caithfidh na Feisirí a gcuid vótaí ar a gconlán féin agus i bpearsa.

Meastar aon sárú ar an Riail seo a bheith ina chás tromchúiseach mí-oird dá dtagraítear i Riail 153(1) agus beidh na hiarmhairtí dlíthiúla atá luaite sa Riail sin ag gabháil leis.

Riail 165

Vótáil

1.

Mar riail ghinearálta, vótálfaidh an Pharlaimint le taispeáint lámh.

2.

Má chinneann an tUachtarán go bhfuil amhras ann faoi thoradh, déanfar vótáil eile trí úsáid a bhaint as an gcóras vótála leictreonach agus, mura bhfuil an córas sin ag feidhmiú, trí shuí agus seasamh.

3.

Déanfar toradh na vótála a thaifeadadh.

Riail 166

Vótáil chríochnaitheach

Le linn vótáil á dhéanamh ar aon togra le haghaidh gnímh reachtaigh, cibé acu le vótáil aonair agus/nó le vótáil chríochnaitheach, vótálfaidh an Pharlaimint le glaoch rolla trí úsáid a bhaint as an gcóras vótála leictreonach.

Riail 167

Vótáil le glaoch rolla

1.

De bhreis ar na cásanna dá bhforáiltear faoi Riail 106(4), faoi Riail 107(5) agus faoi Riail 166, déanfar an vótáil le glaoch rolla má iarrann grúpa polaitiúil nó 40 Feisire ar a laghad amhlaidh an tráthnóna roimh an vótáil mura rud é go socraíonn an tUachtarán teorainn ama eile.

2.

Déanfar an vótáil le glaoch rolla trí úsáid a bhaint as an gcóras vótála leictreonach. I gcás nach féidir an córas sin a úsáid ar chúiseanna teicniúla glaofar an rolla in ord aibítre, ag tosú le hainm Feisire a tharraingeofar trí chrannchur. Is é an tUachtarán an duine deiridh a ghlaofar chun vóta a chaitheamh.

Is ó bhéal a dhéanfar an vótáil agus déanfar sin trí “Tá”, “Níl”, nó “Staonaim” a rá. Le linn an ríomh a dhéanamh i dtaobh an bhfuil glactha le tairiscint nó ar diúltaíodh di, ní chuirfear san áireamh ach na vótaí a caitheadh i bhfabhar na tairisceana agus na vótaí a caitheadh ina coinne. Suífidh an tUachtarán toradh na vótála agus fógróidh sé é.

Déanfar na vótaí a thaifeadadh i miontuairiscí an tsuí de réir grúpa pholaitiúil in ord aibítre ainmneacha na bhFeisirí, agus léireofar an tslí ar vótáil siad.

Riail 168

Vótáil leictreonach

1.

Féadfaidh an tUachtarán, aon tráth, a chinneadh go ndéanfar na hoibríochtaí vótála a luaitear i Riail 165, i Riail 167 agus i Riail 169 a chur i gcrích tríd an gcóras vótála leictreonach.

I gcás nach féidir an córas vótála leictreonach a úsáid ar chúiseanna teicniúla, déanfar an vótáil i gcomhréir le Riail 165, Riail 167(2) nó Riail 169.

Déanfar na socruithe teicniúla maidir le húsáid an chórais vótála leictreonaigh a rialú le treoracha ón mBiúró.

2.

I gcás ina ndéantar vótáil leictreonach, is é toradh uimhriúil na vótála, agus an méid sin amháin, a thaifeadfar.

Mar sin féin, má iarrtar vótáil trí ghlaoch rolla i gcomhréir le Riail 167(1), déanfar na vótaí a thaifeadadh i miontuairiscí an tsuí de réir grúpa pholaitiúil in ord aibítre ainmneacha na bhFeisirí.

3.

Maidir leis an vótáil le glaoch rolla, déanfar í i gcomhréir le Riail 167(2) má iarrann tromlach na bhFeisirí atá i láthair amhlaidh. Féadfar an córas a luaitear i mír 1 den Riail seo a úsáid lena chinneadh an bhfuil tromlach ann.

Riail 169

Vótáil le ballóid rúnda

1.

I gcás ceapachán, déanfar an vótáil le ballóid rúnda, ach sin gan dochar do Riail 13(1), Riail 186(1) agus Riail 191(2), an dara fomhír.

Le linn an líon vótaí a caitheadh a ríomh, ní chuirfear san áireamh ach na páipéir bhallóide ar a bhfuil ainmneacha na bhFeisirí a ainmníodh.

2.

Féadfar an vótáil a dhéanamh le ballóid rúnda freisin má iarrann an cúigiú cuid ar a laghad de na Feisirí a chomhdhéanann an Pharlaimint amhlaidh. Ní mór iarrataí den sórt sin a dhéanamh sula dtosaíonn an vótáil.

Nuair a dhéanann an cúigiú cuid ar a laghad de na Feisirí a chomhdhéanann an Pharlaimint iarraidh ar bhallóid rúnda sula dtosaíonn an vótáil, ní mór don Pharlaimint vótáil den sórt sin a sheoladh.

3.

Maidir le hiarraidh ar bhallóid rúnda, beidh tosaíocht aici ar iarraidh ar vótáil le glaoch rolla.

4.

Déanfaidh idir beirt agus seisear Feisirí, arna roghnú trí chrannchur, na vótaí a chaitear i mballóid rúnda a chomhaireamh mura rud é go ndéantar vótáil leictreonach.

I gcás vótálacha faoi mhír 1, ní ghníomhóidh iarrthóirí mar áiritheoirí.

Déanfar ainmneacha na bhFeisirí a ghlac páirt i mballóid rúnda a thaifeadadh i miontuairiscí an tsuí ar lena linn a seoladh an bhallóid.

Riail 170

Mínithe ar vótáil

1.

A luaithe a chuirtear deireadh leis an díospóireacht ghinearálta, féadfaidh aon Fheisire míniú ó bhéal a thabhairt ar an vótáil chríochnaitheach ar feadh tréimhse nach faide ná aon nóiméad amháin nó féadfaidh sé nó sí míniú i scríbhinn a thabhairt nach faide ná 200 focal agus cuirfear an ráiteas sin san áireamh i dtuarascáil focal ar fhocal na n-imeachtaí.

Féadfaidh aon ghrúpa polaitiúil míniú nach mairfidh níos faide ná dhá nóiméad a thabhairt ar an vótáil.

A luaithe atá tús curtha leis an gcéad mhíniú ar vótáil, ní ghlacfar le haon iarrataí eile ar mhínithe a thabhairt ar vótáil.

Tá mínithe ar vótáil inghlactha don vótáil chríochnaitheach ar aon ábhar a chuirtear faoi bhráid na Parlaiminte. Chun críocha na Rialach seo, ní bhaineann an téarma “vótáil chríochnaitheach” leis an gcineál vótála, ach ciallaíonn sé an vótáil deiridh ar aon mhír.

2.

Ní bheidh mínithe ar vótáil inghlactha i gcás vótálacha ar ábhair nós imeachta.

3.

I gcás ina mbeidh togra le haghaidh gnímh reachtaigh nó tuarascáil san áireamh ar chlár oibre na Parlaiminte de bhun Riail 138, féadfaidh Feisirí mínithe i scríbhinn ar vótáil a thíolacadh i gcomhréir le mír 1.

Ní mór baint dhíreach a bheith ag mínithe ar vótáil, cibé acu ó bhéal nó i scríbhinn, leis an téacs a bhfuil vótáil á déanamh air.

Riail 171

Díospóidí maidir leis an vótáil

1.

Dearbhóidh an tUachtarán vótálacha a bheith arna n-oscailt nó arna gcríochnú.

2.

A luaithe a dhearbhóidh an tUachtarán go bhfuil vótáil arna hoscailt, ní bheidh cead ag aon duine seachas an tUachtarán labhairt go dtí go ndearbhaítear go bhfuil an vótáil arna críochnú.

3.

Féadfar pointí oird maidir le bailíocht vótála a ardú tar éis don Uachtarán a dhearbhú go bhfuil an vótáil arna críochnú.

4.

Tar éis toradh vótála le taispeáint lámh a fhógairt, féadfaidh Feisire a iarraidh go seiceálfar an toradh trí úsáid a bhaint as an gcóras vótála leictreonach.

5.

Déanfaidh an tUachtarán cinneadh i dtaobh an bhfuil an toradh a fógraíodh bailí. Cinneadh críochnaitheach a bheidh sa chinneadh sin.

CAIBIDIL 6

Tairiscintí idiragartha agus nós imeachta

Riail 172

Tairiscintí nós imeachta

1.

Maidir le hiarrataí ar thairiscint nós imeachta a mholadh, eadhon:

(a)

neamh-inghlacthacht ábhair (Riail 174);

(b)

tarchur ar ais chuig coiste (Riail 175);

(c)

díospóireacht a chríochnú (Riail 176);

(d)

díospóireacht agus vótáil a chur ar atráth (Riail 177); nó

(e)

suí a chur ar fionraí nó a thabhairt chun críche (Riail 178),

beidh tosaíocht acu ar iarrataí eile chun labhairt.

De bhreis ar an té a dhéanfaidh an tairiscint, is iad seo a leanas amháin a gheobhaidh éisteacht ar na tairiscintí sin: cainteoir amháin i bhfabhar na tairisceana agus cainteoir amháin ina coinne mar aon le Cathaoirleach nó rapóirtéir an choiste fhreagraigh.

2.

Ní rachaidh an t-am labhartha thar aon nóiméad amháin.

Riail 173

Pointí oird

1.

Féadfar cead a thabhairt d’Fheisirí labhairt chun aird an Uachtaráin a tharraingt ar aon mhainneachtain Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte a chomhlíonadh. Déanfaidh siad an Riail a bhfuil tagairt á déanamh acu di a shonrú ar dtús.

2.

Beidh tosaíocht ag iarraidh ar phointe oird a ardú thar gach iarraidh eile chun labhairt.

3.

Ní rachaidh an t-am labhartha thar aon nóiméad amháin.

4.

Glacfaidh an tUachtarán cinneadh láithreach ar phointí oird i gcomhréir leis na Rialacha Nós Imeachta agus fógróidh sé an cinneadh láithreach tar éis an pointe oird a ardú. Ní dhéanfar aon vótáil ar chinneadh an Uachtaráin.

5.

Ar bhonn eisceachtúil, féadfaidh an tUachtarán a lua go bhfógróidh sé an cinneadh ag tráth níos déanaí, ach ní bheidh an tráth sin níos faide ná 24 huaire an chloig tar éis an pointe oird a ardú. Ní chuirfear an díospóireacht ar atráth mar gheall ar rialú a chur siar. Féadfaidh an tUachtarán an t-ábhar a tharchur chuig an gcoiste freagrach.

Ní mór iarraidh ar phointe oird a ardú a bheith bainteach leis an mír den chlár oibre atá á plé. Féadfaidh an tUachtarán glacadh le pointe oird maidir le hábhar eile ag tráth iomchuí, e.g. tar éis na díospóireachta ar an mír den chlár oibre atá i dtrácht nó sula gcuirtear an suí ar fionraí.

Riail 174

Neamh-inghlacthacht ábhair a thairiscint

1.

Ag tús na díospóireachta faoi mhír shonrach ar an gclár oibre, féadfar a thairiscint go bhfuil an mhír sin neamh-inghlactha. Déanfar vótáil láithreach ar thairiscint den sórt sin.

Tabharfar fógra don Uachtarán 24 huaire an chloig ar a laghad roimh ré go bhfuil sé ar intinn neamh-inghlacthacht a thairiscint agus cuirfidh an tUachtarán an méid sin in iúl don Pharlaimint láithreach.

2.

Má éiríonn leis an tairiscint, rachaidh an Pharlaimint ar aghaidh láithreach go dtí an chéad mhír eile ar an gclár oibre.

Riail 175

Tarchur ar ais chuig coiste

1.

Féadfaidh grúpa polaitiúil nó 40 Feisire ar a laghad a iarraidh go ndéanfar tarchur ar ais chuig coiste nuair atá an clár oibre socraithe nó sula dtosaíonn an díospóireacht.

Tabharfar fógra don Uachtarán 24 huaire an chloig ar a laghad roimh ré go bhfuil sé ar intinn tarchur ar ais chuig coiste a thairiscint agus cuirfidh an tUachtarán an méid sin in iúl don Pharlaimint láithreach.

2.

Ina theannta sin, féadfaidh grúpa polaitiúil nó 40 Feisire ar a laghad a iarraidh, roimh an vótáil nó le linn na vótála, go ndéanfar tarchur ar ais chuig coiste. Déanfar vótáil láithreach ar thairiscint den sórt sin.

3.

Ní fhéadfar iarraidh a dhéanamh ach uair amháin ag gach ceann de na céimeanna nós imeachta difriúla sin.

4.

Cuirfear an plé ar an mír ar fionraí nuair a tharchuirtear ar ais chuig coiste í.

5.

Féadfaidh an Pharlaimint teorainn ama a shocrú ar laistigh di nach mór don choiste tuairisc a thabhairt ar a chuid conclúidí.

Riail 176

Díospóireacht a chríochnú

1.

Féadfar díospóireacht a chríochnú sula mbeidh an liosta de na cainteoirí ídithe ar thogra ón Uachtarán nó ar iarraidh ó ghrúpa polaitiúil nó ó 40 Feisire ar a laghad. Déanfar vótáil láithreach ar thogra den sórt sin.

2.

Má éiríonn leis an togra nó leis an iarraidh, ní bheidh cead labhartha ach amháin ag Feisire amháin ó gach grúpa polaitiúil nár chuir cainteoir ar fáil go dtí sin sa díospóireacht sin.

3.

Tar éis na n-óráidí dá dtagraítear i mír 2, críochnófar an díospóireacht agus vótálfaidh an Pharlaimint ar an ábhar a bhfuil díospóireacht ar siúl ina leith, ach amháin i gcás ina ndearnadh an tráth don vótáil a shocrú roimh ré.

4.

Má dhiúltaítear don togra nó don iarraidh, ní fhéadfaidh aon duine seachas an tUachtarán é nó í a chur síos arís le linn na díospóireachta céanna.

Riail 177

Díospóireacht agus vótáil a chur ar atráth

1.

Ag tús díospóireachta faoi mhír ar an gclár oibre, féadfaidh grúpa polaitiúil nó 40 Feisire ar a laghad a thairiscint go gcuirfear an díospóireacht ar atráth go dtí dáta agus am sonrach. Déanfar vótáil láithreach ar thairiscint den sórt sin.

Tabharfar fógra don Uachtarán 24 huaire an chloig ar a laghad roimh ré go bhfuil sé ar intinn atráth a thairiscint agus cuirfidh an tUachtarán an méid sin in iúl don Pharlaimint láithreach.

2.

Má éiríonn leis an tairiscint, rachaidh an Pharlaimint ar aghaidh go dtí an chéad mhír eile ar an gclár oibre. Maidir leis an díospóireacht a cuireadh ar atráth, athchromfar uirthi ar an dáta agus ag an am sonraithe.

3.

Má dhiúltaítear don tairiscint, ní fhéadfar í a chur síos arís i rith an pháirtseisiúin chéanna.

4.

Roimh vótáil, nó le linn vótála, féadfaidh grúpa polaitiúil nó 40 Feisire ar a laghad a thairiscint go gcuirfear an vótáil ar atráth. Déanfar vótáil láithreach ar thairiscint den sórt sin.

Maidir le haon chinneadh de chuid na Parlaiminte chun díospóireacht a chur ar atráth go dtí páirtseisiún ina dhiaidh sin, sonrófar ann an páirtseisiún a mbeidh an díospóireacht le cur san áireamh ar a chlár oibre, ar an tuiscint go ndéantar an clár oibre don pháirtseisiún sin a tharraingt suas i gcomhréir le Riail 137 agus Riail 140.

Riail 178

An suí a chur ar fionraí nó a chríochnú

Féadfar an suí a chur ar fionraí nó a chríochnú i rith díospóireachta nó vótála má chinneann an Pharlaimint amhlaidh ar thogra ón Uachtarán nó ar iarraidh ó ghrúpa polaitiúil nó ó 40 Feisire ar a laghad. Déanfar vótáil láithreach ar thogra nó ar iarraidh den sórt sin.

CAIBIDIL 7

Taifead poiblí ar na himeachtaí

Rule 179

Miontuairiscí

1.

Déanfar miontuairiscí gach suí, ina dtugtar mionsonraí ar imeachtaí agus ar chinntí na Parlaiminte agus ar ainmneacha na gcainteoirí, a dháileadh leathuair an chloig ar a laghad sula dtosóidh tréimhse iarnóin an chéad suí eile ina dhiaidh sin.

I gcomhthéacs imeachtaí reachtacha, measfar, maidir le haon leasuithe a ghlacann an Pharlaimint, gur cinntí iad freisin de réir bhrí na forála seo, fiú má dhiúltaítear do thogra iomchuí an Choimisiúin nó do chomhsheasamh na Comhairle sa deireadh, i gcomhréir le Riail 56(1) nó Riail 65(3) faoi seach.

2.

Ag tús na tréimhse iarnóin de gach suí, cuirfidh an tUachtarán miontuairiscí an tsuí roimhe sin os comhair na Parlaiminte lena bhformheas.

3.

Má ardaítear aon agóidí i leith na miontuairiscí, déanfaidh an Pharlaimint cinneadh, más gá, i dtaobh an ceart na hathruithe a iarradh a bhreithniú. Ní fhéadfaidh aon Fheisire labhairt ar an ábhar ar feadh tréimhse is faide ná aon nóiméad amháin.

4.

Síneoidh an tUachtarán agus an tArdrúnaí na miontuairiscí agus caomhnófar i dtaifid na Parlaiminte iad. Foilseofar laistigh d’aon mhí amháin iad in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Riail 180

Téacsanna a ghlactar

1.

Déanfar téacsanna a ghlacann an Pharlaimint a fhoilsiú láithreach i ndiaidh na vótála. Cuirfear os comhair na Parlaiminte iad in éineacht le miontuairiscí an tsuí ábhartha agus caomhnófar i dtaifid na Parlaiminte iad.

2.

Maidir le téacsanna a ghlacann an Pharlaimint déanfar bailchríoch dhlítheangeolaíoch a chur orthu faoi fhreagracht an Uachtaráin. I gcás ina nglactar téacsanna den sórt sin ar bhonn comhaontaithe idir an Pharlaimint agus an Chomhairle, déanfaidh an dá institiúid sin an bhailchríoch sin a chur i gcrích agus iad ag gníomhú i ndlúthchomhar lena chéile agus trí chomhaontú frithpháirteach.

3.

Chun comhleanúnachas agus cáilíocht an téacs a áirithiú i gcomhréir le toil na Parlaiminte, beidh feidhm ag an nós imeachta a leagtar síos i Riail 216 i gcás inar gá oiriúnuithe sa bhreis ar cheartúcháin ar earráidí cló nó ar cheartúcháin atá riachtanach chun comhchordacht na leaganacha teanga go léir, mar aon le cirte na teanga agus comhréireacht téarmaíochta sna leaganacha sin, a áirithiú.

4.

Is i bhfoirm téacs chomhdhlúite a bheidh na seasaimh a ghlacann an Pharlaimint faoin ngnáthnós imeachta reachtach. I gcás nach bhfuil vótáil na Parlaiminte bunaithe ar chomhaontú leis an gComhairle, déanfar aon leasuithe a glacadh a shainaithint sa téacs comhdhlúite.

5.

Tar éis bailchríoch a chur ar na téacsanna a ghlactar, síneoidh an tUachtarán agus an tArdrúnaí iad agus foilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh iad.

Riail 181

Tuarascálacha focal ar fhocal

1.

Déanfar tuarascáil focal ar fhocal d’imeachtaí gach suí a tharraingt suas sna teangacha oifigiúla go léir.

2.

Déanfaidh na cainteoirí ceartúcháin ar chlóscríbhinní dá gcuid óráidí a chur chuig an Rúnaíocht laistigh d’aon seachtain amháin.

3.

Foilseofar an tuarascáil focal ar fhocal mar iarscríbhinn a ghabhann le hIris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

4.

Féadfaidh Feisirí a iarraidh go ndéanfar sleachta as an tuarascáil focal ar fhocal a aistriú ar gearrfhógra.

Riail 182

Taifead closamhairc ar na himeachtaí

Díreach tar éis an tsuí, déanfar taifead closamhairc ar na himeachtaí, lena n-áirítear an fuaimrian ó na bothanna ateangaireachta go léir, a ullmhú agus cuirfear ar fáil ar an idirlíon é.

TEIDEAL VII

COISTÍ AGUS TOSCAIREACHTAÍ

CAIBIDIL 1

Coistí — cur ar bun agus cumhachtaí

Riail 183

Buanchoistí a chur ar bun

Ar thogra ó Chomhdháil na nUachtarán, déanfaidh an Pharlaimint buanchoistí a chur ar bun a ndéanfar a gcuid cumhachtaí a shainiú in iarscríbhinn a ghabhann leis na Rialacha Nós Imeachta seo (18). Toghfar a gcuid comhaltaí i rith an chéad pháirtseisiúin tar éis atoghadh na Parlaiminte agus arís dhá bhliain go leith ina dhiaidh sin.

Is féidir cumhachtaí buanchoistí a chinneadh ag tráth seachas an tráth a gcuirtear an coiste ar bun.

Riail 184

Coistí speisialta a chur ar bun

Ar thogra ó Chomhdháil na nUachtarán, féadfaidh an Pharlaimint, aon tráth, coistí speisialta a chur ar bun, a ndéanfar a gcuid cumhachtaí, a gcomhdhéanamh agus a dtéarma oifige a shainiú ag an am céanna a ghlactar an cinneadh chun iad a chur ar bun; ní fhéadfaidh a dtéarma oifige dul thar 12 mhí, ach amháin i gcás ina bhfadaíonn an Pharlaimint an téarma sin ar dhul in éag dó.

De bhrí go ndéantar cumhachtaí, comhdhéanamh agus téarma oifige na gcoistí speisialta a chinneadh ag an am céanna a chuirtear na coistí sin ar bun, ní féidir leis an bParlaimint a chinneadh ina dhiaidh sin a gcuid cumhachtaí a athrú trína méadú nó trína laghdú.

Riail 185

Coistí fiosrúcháin

1.

Féadfaidh an Pharlaimint, ar iarraidh ón gceathrú cuid de na Feisirí a chomhdhéanann í, coiste fiosrúcháin a chur ar bun chun imscrúdú a dhéanamh ar sháruithe líomhnaithe ar dhlí an Aontais nó ar dhrochriarachán líomhnaithe i ndáil le feidhmiú dhlí an Aontais ar sárú nó drochriarachán é ar dealraitheach ina leith gur gníomh é de chuid institiúide nó comhlachta den Aontas Eorpach, nó de chuid comhlachta riaracháin phoiblí Ballstáit, nó de chuid daoine a gcumhachtaítear dóibh le dlí an Aontais an dlí sin a chur chun feidhme.

Maidir leis an gcinneadh chun coiste fiosrúcháin a chur ar bun, foilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é laistigh d’aon mhí amháin. De bhreis air sin, glacfaidh an Pharlaimint na bearta go léir is gá chun eolas ar an gcinneadh sin a scaipeadh chomh forleathan agus is féidir.

2.

Rialófar modus operandi coiste fiosrúcháin leis na forálacha de na Rialacha seo a bhaineann le coistí, ach amháin nuair a fhoráiltear a mhalairt go sonrach sa Riail seo agus sa Chinneadh ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún an 19 Aibreán 1995 maidir leis na forálacha mionsonraithe lena rialaítear feidhmiú cheart fiosrúcháin Pharlaimint na hEorpa, ar cinneadh é a ghabhann leis na Rialacha seo mar iarscríbhinn (19).

3.

Maidir leis an iarraidh chun coiste fiosrúcháin a chur ar bun, ní mór ábhar an fhiosrúcháin a shonrú go beacht inti agus ní mór ráiteas mionsonraithe ar na forais is bun leis an bhfiosrúchán a bheith san áireamh inti. Ar thogra ó Chomhdháil na nUachtarán, déanfaidh an Pharlaimint cinneadh i dtaobh an gcuirfear coiste ar bun agus, má chinneann sí déanamh amhlaidh, cinnfidh sí comhdhéanamh an choiste i gcomhréir le Riail 186.

4.

Tabharfaidh coiste fiosrúcháin a chuid oibre chun críche trí thuarascáil a thíolacadh laistigh de thréimhse nach faide ná 12 mhí. Féadfaidh an Pharlaimint a chinneadh faoi dhó an tréimhse sin a fhadú ar feadh tréimhse trí mhí.

Ní fhéadfaidh ach lánchomhaltaí amháin nó, i gcás iad a bheith as láthair, buanchomhaltaí ionaid vótáil i gcoiste fiosrúcháin.

5.

Toghfaidh coiste fiosrúcháin a Chathaoirleach féin agus beirt Leas-Chathaoirleach agus ceapfaidh sé rapóirtéir amháin nó níos mó. Féadfaidh an coiste, freisin, freagrachtaí, dualgais nó cúraimí sonracha a shannadh dá chomhaltaí agus ní mór do na comhaltaí sin tuairisc mhionsonraithe ina leith sin a thabhairt don choiste ina dhiaidh sin.

Sa tréimhse idir cruinniú amháin agus ceann eile, déanfaidh biúró an choiste, i gcásanna práinne nó riachtanais, cumhachtaí an choiste a fheidhmiú, ach sin faoi réir daingnithe ag an gcéad chruinniú eile.

6.

Má mheasann coiste fiosrúcháin go bhfuil sárú déanta ar aon cheart dá chuid, molfaidh sé go nglacfaidh an tUachtarán bearta cuí.

7.

Féadfaidh coiste fiosrúcháin teagmháil a dhéanamh leis na hinstitiúidí nó leis na daoine dá dtagraítear in Airteagal 3 den Chinneadh dá dtagraítear i mír 2 d’fhonn éisteacht a sheoladh nó doiciméid a fháil.

Is iad institiúidí agus comhlachtaí an Aontais a iompróidh costais taistil agus cóiríochta a gcuid comhaltaí agus oifigeach. Is í Parlaimint na hEorpa a dhéanfaidh costais taistil agus cóiríochta daoine eile a láithríonn os comhair coiste fiosrúcháin a íoc i gcomhréir leis na rialacha lena rialaítear éisteachtaí saineolaithe.

Féadfaidh daoine a ghairtear chun fianaise a thabhairt os comhair coiste fiosrúcháin na cearta a éileamh a bheadh acu dá mbeadh siad ag láithriú mar fhinné os comhair binse ina dtír tionscnaimh. Ní mór na cearta sin a chur in iúl dóibh sula dtabharfaidh siad ráiteas don choiste.

Maidir leis na teangacha a úsáidfear, cuirfidh coiste fiosrúcháin forálacha Riail 146 i bhfeidhm. Mar sin féin:

féadfaidh biúró an choiste ateangaireacht a shrianadh do theangacha oifigiúla na ndaoine a bheidh páirteach sa phlé, má mheasann sé gur gá sin ar chúiseanna rúndachta,

déanfaidh biúró an choiste cinneadh faoi aistriúchán ar na doiciméid a fhaightear a sholáthar ar shlí ina n-áiritheofar gur féidir leis an gcoiste a phlé a dhéanamh go héifeachtach agus go tapa agus go n-urramaítear an tsicréideacht agus an rúndacht is gá.

8.

Cinnteoidh Cathaoirleach coiste fiosrúcháin, i gcomhar leis an mbiúró, go n-urramaítear sicréideacht agus rúndacht an phlé agus tabharfaidh sé nó sí fógra cuí do na comhaltaí á rá sin.

Tagróidh an Cathaoirleach go sainráiteach freisin d’fhorálacha Airteagal 2(2) den Chinneadh dá dtagraítear thuas. Beidh feidhm ag Cuid A d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacha Nós Imeachta seo.

9.

Déanfar doiciméid shicréideacha nó doiciméid rúnda a chuirfear ar aghaidh a scrúdú trí úsáid a bhaint as bearta teicniúla lena chinntiú nach mbeidh rochtain phearsanta ar na doiciméid sin ag aon duine seachas na comhaltaí atá freagrach as an gcás. Tabharfaidh na comhaltaí atá i dtrácht gealltanas sollúnta nach gceadóidh siad d’aon duine eile rochtain a fháil ar fhaisnéis shicréideach nó ar fhaisnéis rúnda, i gcomhréir leis an Riail seo, agus nach mbainfidh siad úsáid as an bhfaisnéis sin ach amháin chun a dtuarascáil a tharraingt suas don choiste fiosrúcháin. Seolfar cruinnithe in áitreabh atá trealmhaithe ar shlí a fhágann nach bhfuil sé indéanta ag aon duine neamhúdaraithe éisteacht leis na himeachtaí.

10.

Tar éis do choiste fiosrúcháin a chuid oibre a thabhairt chun críche, cuirfidh sé tuarascáil ar thorthaí a chuid oibre faoi bhráid na Parlaiminte, ar tuarascáil í ina mbeidh tuairimí mionlaigh, más cuí, i gcomhréir leis na coinníollacha atá leagtha síos i Riail 52. Foilseofar an tuarascáil.

Ar iarraidh a fháil ón gcoiste fiosrúcháin, seolfaidh an Pharlaimint díospóireacht ar an tuarascáil ag an bpáirtseisiún tar éis an tuarascáil a thíolacadh.

Féadfaidh an coiste dréachtmholadh arna dhíriú ar institiúidí nó ar chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh nó ar na Ballstáit a chur faoi bhráid na Parlaiminte freisin.

11.

Treoróidh an tUachtarán don choiste freagrach, faoi Iarscríbhinn VII, faireachán a dhéanamh ar an ngníomh a dhéantar i leith thorthaí obair an choiste fiosrúcháin agus, más cuí, tuairisc a thabhairt air sin agus déanfaidh sé aon bhearta breise a mheastar is cuí lena chinntiú go ndéantar gníomh praiticiúil i ndáil le conclúidí an fhiosrúcháin.

Is é an togra ó Chomhdháil na nUachtarán maidir le comhdhéanamh coiste fiosrúcháin (mír 3), agus an togra sin amháin, a bhféadfar leasú a dhéanamh air, i gcomhréir le Riail 186(2).

Ní fhéadfar leasú a dhéanamh ar ábhar an fhiosrúcháin arna shainiú ag an gceathrú cuid de na Feisirí a chomhdhéanann an Pharlaimint (mír 3) ná ar an tréimhse atá leagtha síos i mír 4.

Riail 186

Comhdhéanamh na gcoistí

1.

Toghfar comhaltaí coistí agus coistí fiosrúcháin tar éis do na grúpaí polaitiúla agus do na Feisirí neamhcheangailte ainmniúcháin a chur isteach. Cuirfidh Comhdháil na nUachtarán tograí faoi bhráid na Parlaiminte. Léireoidh comhdhéanamh na gcoistí, a mhéid is féidir, comhdhéanamh na Parlaiminte.

I gcás ina n-athraíonn Feisirí ó ghrúpa polaitiúil amháin go ceann eile coinneoidh siad, ar feadh an chuid eile dá dtéarma oifige dhá bhliain go leith, aon suíochán atá acu i gcoistí parlaiminteacha. Mar sin féin, más é is éifeacht le hathrú Feisire ó ghrúpa polaitiúil amháin go ceann eile ná go gcuirtear as d’ionadaíocht chothrom na dtuairimí polaitiúla i gcoiste, déanann Comhdháil na nUachtarán tograí nua maidir le comhdhéanamh an choiste sin i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos i mír 1, an dara habairt, ionas go ráthófar cearta aonair an Fheisire lena mbaineann.

Ní fhéadfaidh an chomhréireacht i dtaca le dáileadh suíochán coiste i measc na ngrúpaí polaitiúla imeacht ón tslánuimhir chuí is gaire. Má chinneann grúpa gan suíocháin a ghlacadh ar choiste, fanfaidh na suíocháin sin de bheith folamh agus laghdófar líon comhaltaí an choiste dá réir. Ní fhéadfar malartú suíochán idir grúpaí polaitiúla a cheadú.

2.

Ní bheidh leasuithe ar thograí Chomhdháil na nUachtarán inghlactha ach amháin i gcás ina gcuireann 40 Feisire ar a laghad síos iad. Vótálfaidh an Pharlaimint ar leasuithe den sórt sin le ballóid rúnda.

3.

Measfar comhaltaí a bheith tofa ar bhonn tograí ó Chomhdháil na nUachtarán, arna leasú, má leasaítear, i gcomhréir le mír 2.

4.

I gcás nach gcuireann grúpa polaitiúil ainmniúcháin isteach le haghaidh comhaltais de choiste fiosrúcháin i gcomhréir le mír 1 laistigh de theorainn ama a bheidh socraithe ag Comhdháil na nUachtarán, ní dhéanfaidh Comhdháil na nUachtarán ach na hainmniúcháin a bheidh faighte aici laistigh den teorainn ama sin a chur faoi bhráid na Parlaiminte.

5.

Féadfaidh Comhdháil na nUachtarán a chinneadh aon fholúntas ar choiste a líonadh go sealadach le comhaontú na ndaoine a bheidh le ceapadh, agus aird á tabhairt ar mhír 1.

6.

Cuirfear aon athruithe den sórt sin os comhair na Parlaiminte lena ndaingniú ag an gcéad suí eile.

Riail 187

Comhaltaí ionaid

1.

Féadfaidh na grúpaí polaitiúla agus na Feisirí neamhcheangailte líon áirithe buanchomhaltaí ionaid a cheapadh do gach coiste ar líon é a bheidh comhionann le líon na lánchomhaltaí a dhéanann ionadaíocht thar a gceann ar an gcoiste. Cuirfear an tUachtarán ar an eolas dá réir sin. Beidh na buanchomhaltaí ionaid sin i dteideal freastal ar chruinnithe coiste agus labhairt lena linn agus, má tá an lánchomhalta as láthair, páirt a ghlacadh sa vótáil.

2.

De bhreis air sin, i gcás ina bhfuil an lánchomhalta as láthair agus nach bhfuil aon bhuanchomhaltaí ionaid arna gceapadh nó go bhfuil siad as láthair, féadfaidh an lánchomhalta den choiste socrú a dhéanamh go ndéanfaidh comhalta eile den ghrúpa polaitiúil céanna ionadaíocht thar a cheann nó thar a ceann agus beidh an comhalta eile sin i dteideal vótáil. Déanfar ainm an chomhalta ionaid a chur in iúl do Chathaoirleach an choiste roimh thús an tseisiúin vótála.

Beidh feidhm mutatis mutandis ag mír 2 maidir le Feisirí neamhcheangailte.

Ní mór an fógra roimh ré dá bhforáiltear san abairt deiridh de mhír 2 a thabhairt roimh dheireadh na díospóireachta nó roimh thús na vótála ar an mír nó ar na míreanna a bhfuil ionadú á dhéanamh ar an lánchomhalta ina leith.

* * *

Cuimsíonn forálacha na Rialach seo dhá choincheap atá sainmhínithe go soiléir leis an téacs seo:

ní fhéadfaidh an líon buanchomhaltaí ionaid atá ag grúpa polaitiúil le haghaidh coiste ar leith a bheith níos mó ná an líon lánchomhaltaí atá aige le haghaidh an choiste sin,

is grúpaí polaitiúla amháin atá i dteideal buanchomhaltaí ionaid a cheapadh, ar an gcoinníoll amháin go gcuirfidh siad an tUachtarán ar an eolas ina leith sin.

Dá bhrí sin:

braitheann stádas buanchomhaltaí ionaid go heisiach ar chomhaltas aon ghrúpa pholaitiúil ar leith,

má thagann athrú ar líon lánchomhaltaí grúpa pholaitiúil i gcoiste, tagann athrú dá réir sin ar an líon uasta buanchomhaltaí ionaid a fhéadfaidh an grúpa sin a cheapadh chuig an gcoiste sin,

ní fhéadfaidh Feisirí a athraíonn ó ghrúpa polaitiúil amháin go ceann eile an stádas mar bhuanchomhalta ionaid a bhí acu mar chomhaltaí dá ngrúpa bunaidh a choinneáil,

ní fhéadfaidh comhalta coiste, in aon imthosca, a bheith ina chomhalta ionaid nó ina comhalta ionaid do chomhghleacaí a bhaineann le grúpa polaitiúil eile.

Riail 188

Dualgais na gcoistí

1.

Scrúdóidh buanchoistí ceisteanna a tharchuireann an Pharlaimint chucu nó, le linn an seisiún a bheith ar atráth, ceisteanna a tharchuireann an tUachtarán chucu thar ceann Chomhdháil na nUachtarán. Déanfar freagrachtaí coistí speisialta agus coistí fiosrúcháin a shainiú nuair a chuirtear ar bun iad; ní bheidh siad i dteideal tuairimí a thabhairt do choistí eile.

(Féach an léirmhíniú faoi Riail 184.)

2.

Más rud é go ndearbhaíonn buanchoiste ina leith féin nach bhfuil sé inniúil ar cheist áirithe a bhreithniú, nó más rud é go dtagann coimhlint chun cinn maidir le hinniúlacht dhá bhuanchoiste nó níos mó, tarchuirfear ceist na hinniúlachta chuig Comhdháil na nUachtarán laistigh de cheithre seachtaine oibre ón tráth a dhéantar tarchur chuig coiste a fhógairt sa Pharlaimint.

Déanfaidh Comhdháil na nUachtarán cinneadh laistigh de shé seachtaine ar bhonn molta ó Chomhdháil Chathaoirligh na gCoistí nó, mura dtagann moladh den sórt sin ón gComhdháil sin, ar bhonn molta ó chathaoirleach na Comhdhála sin. Más rud é nach ndéanann Comhdháil na nUachtarán cinneadh laistigh den tréimhse sin, measfar go bhfuil an moladh arna fhormheas.

Féadfaidh Cathaoirligh coistí comhaontú a dhéanamh le Cathaoirligh eile coistí maidir le mír a shannadh do choiste ar leith, ach sin faoi réir nós imeachta a údarú le haghaidh coistí comhlachaithe faoi Riail 50, más gá sin.

3.

Más rud é go bhfuil dhá bhuanchoiste nó níos mó inniúil chun déileáil le ceist, ainmneofar coiste amháin mar an coiste freagrach agus ainmneofar na coistí eile mar choistí a n-iarrfar tuairimí orthu.

Ach ní dhéanfar ceist a tharchur go comhuaineach chuig níos mó ná trí choiste, mura rud é go ndéantar cinneadh, ar chúiseanna fónta, imeacht ón riail seo faoi na coinníollacha atá leagtha síos i mír 1.

4.

Féadfaidh aon dá choiste nó níos mó nó aon dá fhochoiste nó níos mó nithe a thagann faoi réim a n-inniúlachta a bhreithniú go comhpháirteach, ach ní fhéadfaidh siad cinneadh a ghlacadh.

5.

Féadfaidh aon choiste, le comhaontú ó Bhiúró na Parlaiminte, treoir a thabhairt do dhuine amháin nó níos mó dá chomhaltaí tabhairt faoi staidéar nó faoi mhisean aimsithe fíoras.

Riail 189

An coiste atá freagrach as fíorú dintiúr

I measc an gcoistí a chuirtear ar bun i gcomhréir le forálacha na Rialacha seo, beidh coiste amháin freagrach as fíorú dintiúr agus as ullmhú cinntí ar aon agóidí a bhaineann le bailíocht na dtoghchán.

Riail 190

Fochoistí

1.

Faoi réir údarú a fháil roimh ré ó Chomhdháil na nUachtarán, féadfaidh buanchoiste nó coiste speisialta, ar mhaithe lena chuid oibre, fochoiste amháin nó níos mó a cheapadh agus, ag an am céanna, déanfaidh sé comhdhéanamh an fhochoiste nó na bhfochoistí sin a chinneadh i gcomhréir le Riail 186 agus déanfaidh sé réimsí freagrachta an fhochoiste nó na bhfochoistí sin a chinneadh freisin. Tuairisceoidh fochoistí don choiste a chuir ar bun iad.

2.

Beidh an nós imeachta d’fhochoistí mar a chéile leis an nós imeachta do choistí.

3.

Beidh cead ag comhaltaí ionaid a bheith ar fhochoistí faoi na coinníollacha céanna le comhaltaí ionaid ar choistí.

4.

Le linn na forálacha seo a chur i bhfeidhm, ní mór an t-idirspleáchas idir fochoiste agus an coiste a chuir ar bun é a choimirciú. Chun na críche sin, roghnófar na lánchomhaltaí go léir de chuid fochoiste as measc chomhaltaí an mháthairchoiste.

Riail 191

Biúrónna na gcoistí

1.

Ag an gcéad chruinniú de chuid coiste tar éis thoghadh chomhaltaí an choiste de bhun Riail 186, toghfaidh an coiste biúró a bheidh comhdhéanta de chathaoirleach agus de leas-chathaoirligh agus toghfar iad i mballóidí ar leithligh. Ar bhonn togra ó Chomhdháil na nUachtarán, cinnfidh an Pharlaimint líon na leas-chathaoirleach a bheidh le toghadh.

Ní choisceann an Riail seo ar Chathaoirleach an phríomhchoiste ról a thabhairt do Chathaoirligh na bhfochoistí in obair an bhiúró ná cead a thabhairt dóibh feidhmiú mar Chathaoirleach le linn díospóireachtaí ar shaincheisteanna a bpléann na fochoistí atá i dtrácht leo go sonrach — a mhalairt atá ann, ceadaítear an méid sin — ar choinníoll go ndéantar an modh oibre sin a chur faoi bhráid an bhiúró le go mbreithneoidh sé é agus le go bhfaighfear comhaontú ón mbiúró ina leith.

2.

I gcás an líon ainmniúchán a bheith comhionann leis an líon suíochán atá le líonadh, féadfar na hiarrthóirí a thoghadh d’aon gháir.

Más rud é nach amhlaidh an cás, nó ar iarraidh ón séú cuid de chomhaltaí an choiste, déanfar an toghchán le ballóid rúnda.

Mura bhfuil ach aon iarrthóir amháin ann, gnóthófar an toghchán le tromlach glan de na vótaí a chaitear agus áirítear sna vótaí sin na vótaí a chaitear i bhfabhar an iarrthóra agus na vótaí a chaitear i gcoinne an iarrthóra.

Má tá níos mó ná aon iarrthóir amháin ann sa chéad bhallóid, toghfar an t-iarrthóir a fhaigheann tromlach glan de na vótaí a chaitear, faoi mar a shainítear san fhomhír sin roimhe seo. Ag an dara ballóid, is é an t-iarrthóir a fhaigheann an líon is airde vótaí a thoghfar. I gcás comhionannas vótaí a bheith ann, toghfar an t-iarrthóir is sine.

I gcás ina bhfuil gá le dara ballóid, féadfar iarrthóirí nua a ainmniú.

Riail 192

Comhordaitheoirí coiste agus scáth-rapóirtéirí

1.

Féadfaidh na grúpaí polaitiúla duine dá gcuid comhaltaí a ainmniú mar chomhordaitheoir.

2.

Maidir leis na comhordaitheoirí coistí, déanfaidh Cathaoirleach a gcoiste iad a thabhairt le chéile, más gá, chun cinntí a bheidh le glacadh ag an gcoiste a ullmhú, go háirithe cinntí maidir leis an nós imeachta agus maidir le ceapadh na rapóirtéirí. Féadfaidh an coiste an chumhacht chun cinntí áirithe a ghlacadh a tharmligean chuig na comhordaitheoirí, cé is moite de chinntí a bhaineann le tuarascálacha, tuairimí nó leasuithe a ghlacadh. Féadfar a iarraidh ar na Leas-Chathaoirligh a bheith páirteach i gcruinnithe na gcomhordaitheoirí coiste agus ról comhairleach a bheith acu ag na cruinnithe sin. Féachfaidh na comhordaitheoirí le teacht ar chomhthoil. Nuair nach féidir teacht ar chomhthoil, ní fhéadfaidh siad gníomhú ach amháin le tromlach a sheasann go soiléir do thromlach mór den choiste, ag féachaint do mhéid na ngrúpaí éagsúla faoi seach.

3.

Féadfaidh na grúpaí polaitiúla scáth-rapóirtéir a ainmniú le haghaidh gach tuarascála chun dul chun cinn na tuarascála iomchuí a leanúint agus chun teacht ar chomhréitigh laistigh den choiste thar ceann an ghrúpa. Cuirfear a n-ainmneacha in iúl do Chathaoirleach an choiste. Féadfaidh an coiste go háirithe, ar thogra ó na comhordaitheoirí, cinneadh a dhéanamh go mbeidh ról ag na scáth-rapóirtéirí maidir le féachaint le teacht ar chomhaontú leis an gComhairle i ngnáthnósanna imeachta reachtacha.

CAIBIDIL 2

Coistí — feidhmiú

Riail 193

Cruinnithe coiste

1.

Tiocfaidh coiste le chéile nuair a chomórfaidh a Chathaoirleach é nó ar iarraidh ón Uachtarán.

2.

Féadfaidh an Coimisiún agus an Chomhairle páirt a ghlacadh i gcruinnithe coiste má iarrann Cathaoirleach coiste orthu, thar ceann an choiste, déanamh amhlaidh.

Le cinneadh speisialta de chuid coiste, féadfar a iarraidh ar aon duine eile freastal ar chruinniú agus labhairt lena linn.

A dhála sin, is de rogha gach coiste ar leith a dhéanfar an cinneadh i dtaobh an gceadófar do chúntóirí Feisirí a bheith i láthair ag cruinnithe coiste.

Féadfaidh an coiste freagrach, faoi réir formheas a fháil ón mBiúró, éisteacht saineolaithe a eagrú má mheasann sé go bhfuil éisteacht den sórt sin riachtanach chun a chuid oibre ar ábhar áirithe a sheoladh go héifeachtach.

Féadfaidh coistí a n-iarrtar a dtuairimí orthu freastal ar an éisteacht más mian leo déanamh amhlaidh.

Déanfar forálacha na míre seo a fhorléiriú i gcomhréir le pointe 50 den Chreat-Chomhaontú maidir leis an gcaidreamh idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún Eorpach  (20).

3.

Gan dochar do Riail 49(6) agus mura rud é go gcinnfidh an coiste atá i gceist a mhalairt, féadfaidh Feisirí freastal ar chruinnithe coistí nach comhaltaí díobh iad ach ní fhéadfaidh siad páirt a ghlacadh ina bpléití.

Féadfaidh an coiste cead a thabhairt d’Fheisirí den sórt sin, áfach, páirt a ghlacadh sna himeachtaí i gcáil chomhairleach.

Riail 194

Miontuairiscí cruinnithe coiste

Déanfar miontuairiscí gach cruinnithe coiste a dháileadh ar a chuid comhaltaí go léir agus cuirfear faoi bhráid an choiste iad ag a chéad chruinniú eile le formheas an choiste a fháil ina leith.

Riail 195

Vótáil i gcoiste

1.

Féadfaidh aon Fheisire leasuithe a chur síos lena mbreithniú i gcoiste.

2.

Féadfaidh coiste vótáil a dhéanamh go bailí nuair atá an ceathrú cuid dá chomhaltaí i láthair iarbhír. Má iarrann an séú cuid dá chuid comhaltaí é, áfach, sula gcuirtear tús leis an vótáil, ní bheidh an vótáil bailí ach amháin má tá tromlach na gcomhaltaí a chomhdhéanann an coiste páirteach inti.

3.

Is le taispeáint lámh a dhéanfar vótáil i gcoiste, mura rud é go n-iarrann an ceathrú cuid de chomhaltaí an choiste vótáil le glaoch rolla. Sa chás sin, déanfar an vótáil de réir Riail 167(2).

4.

Féadfaidh an Cathaoirleach páirt a ghlacadh i bpléití agus féadfaidh sé nó sí vótáil, ach ní bheidh vóta réitigh aige nó aici.

5.

I bhfianaise na leasuithe a chuirtear síos, féadfaidh an coiste, seachas dul ar aghaidh leis an vótáil, a iarraidh ar an rapóirtéir dréacht nua a chur faoina bhráid agus an oiread sin de na leasuithe is féidir á chur san áireamh. Socrófar teorainn ama nua ansin i gcomhair leasuithe ar an dréacht sin.

Riail 196

Forálacha a bhaineann le suíonna iomlánacha agus is infheidhme i gcoiste

Beidh feidhm mutatis mutandis ag Rialacha 12, 13, 14, 17, 18, 36 go 44, 148, 149(2) agus (10), 152, 154, 156 go 159, 161, 163(1), 164, 165, 168, 169, 171 go 174, 177 agus 178 maidir le cruinnithe coiste.

Riail 197

Tráth na gCeisteanna i gcoiste

Féadfar Tráth na gCeisteanna a sheoladh i gcoiste má chinneann coiste amhlaidh. Cinnfidh gach coiste a chuid rialacha féin maidir le seoladh Thráth na gCeisteanna.

CAIBIDIL 3

Toscaireachtaí idirpharlaiminteacha

Riail 198

Toscaireachtaí idirpharlaiminteacha a chur ar bun agus dualgais na dtoscaireachtaí sin

1.

Ar thogra ó Chomhdháil na nUachtarán, cuirfidh an Pharlaimint buantoscaireachtaí idirpharlaiminteacha ar bun agus déanfaidh sí a gcineál agus líon a gcomhaltaí a chinneadh i bhfianaise na ndualgas a bheidh orthu. Toghfar na comhaltaí i rith an chéad pháirtseisiúin nó an dara páirtseisiún tar éis atoghadh na Parlaiminte agus toghfar iad go ceann ré an téarma pharlaimintigh.

2.

Toghfar comhaltaí na dtoscaireachtaí tar éis do ghrúpaí polaitiúla agus d’Fheisirí neamhcheangailte ainmniúcháin a chur faoi bhráid Chomhdháil na nUachtarán. Cuirfidh Comhdháil na nUachtarán tograí faoi bhráid na Parlaiminte, ar tograí iad a bheidh ceaptha chun a chinntiú, a mhéid is féidir, go mbeidh ionadaíocht chothrom ar Bhallstáit agus ar thuairimí polaitiúla iontu. Beidh feidhm ag Riail 186(2), (3), (5) agus (6).

3.

Déanfar biúrónna na dtoscaireachtaí a chomhdhéanamh i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos do na buanchoistí i Riail 191.

4.

Cinnfidh an Pharlaimint cumhachtaí ginearálta gach toscaireachta aonair. Féadfaidh sí a chinneadh, aon tráth, na cumhachtaí sin a mhéadú nó a shrianadh.

5.

Déanfaidh Comhdháil na nUachtarán, ar thogra ó Chomhdháil Chathaoirligh na dToscaireachtaí, na forálacha cur chun feidhme a ghlacadh is gá chun a chumasú do na toscaireachtaí a gcuid oibre a dhéanamh.

6.

Déanfaidh Cathaoirleach toscaireachta tuarascáil ar ghníomhaíochtaí na toscaireachta a chur faoi bhráid an choiste atá freagrach as gnóthaí eachtracha agus slándáil.

7.

Tabharfar deis do Chathaoirleach toscaireachta éisteacht a fháil os comhair coiste más rud é go mbaineann mír ar an gclár oibre le réimse freagrachta na toscaireachta sin. Beidh feidhm ag an bhforáil chéanna i leith Chathaoirleach nó rapóirtéir an choiste sin i gcás cruinnithe de chuid na toscaireachta.

Riail 199

Comhar le Tionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa

1.

Comhoibreoidh comhlachtaí na Parlaiminte, go háirithe na coistí, lena gcomhlachtaí macasamhla i dTionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa i réimsí leasa fhrithpháirtigh, agus an aidhm acu go háirithe feabhas a chur ar éifeachtúlacht a gcuid oibre agus dúblú iarrachta a sheachaint.

2.

Déanfaidh Comhdháil na nUachtarán, i gcomhaontú le húdaráis inniúla Thionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa, na socruithe a chinneadh i gcomhair chur chun feidhme na bhforálacha seo.

Riail 200

Comhchoistí parlaiminteacha

1.

Féadfaidh Parlaimint na hEorpa comhchoistí parlaiminteacha a chur ar bun i gcomhar le parlaimintí de chuid Stát atá i gcomhlachas leis an Aontas nó le parlaimintí de chuid Stát a bhfuil caibidlíocht aontachais tionscanta leo.

Féadfaidh coistí den sórt sin moltaí a fhoirmiú do na parlaimintí lena mbaineann. I gcás Pharlaimint na hEorpa, déanfar na moltaí sin a tharchur chuig an gcoiste freagrach agus cuirfidh an coiste sin tograí ar aghaidh maidir leis an ngníomh a bheidh le déanamh.

2.

Saineoidh Parlaimint na hEorpa freagrachtaí ginearálta na gcomhchoistí parlaiminteacha éagsúla agus saineofar iad freisin leis na comhaontuithe leis na tríú tíortha.

3.

Déanfar na comhchoistí parlaiminteacha a rialú leis na nósanna imeachta arna leagan síos sa chomhaontú iomchuí. Beidh na nósanna imeachta sin bunaithe ar phrionsabal na cothroime amhail idir toscaireacht Pharlaimint na hEorpa agus toscaireacht na parlaiminte lena mbaineann.

4.

Tarraingeoidh comhchoistí parlaiminteacha suas a gcuid rialacha nós imeachta féin agus cuirfidh siad faoi bhráid bhiúró Pharlaimint na hEorpa agus bhiúró na parlaiminte lena mbaineann iad lena bhformheas.

5.

Déanfar toghadh chomhaltaí thoscaireachtaí Pharlaimint na hEorpa chuig comhchoistí parlaiminteacha agus comhdhéanamh bhiúrónna na dtoscaireachtaí sin a chur i gcrích i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos le haghaidh toscaireachtaí idirpharlaiminteacha.

TEIDEAL VIII

ACHAINÍOCHA

Riail 201

Ceart achainí

1.

Beidh ag gach saoránach den Aontas Eorpach agus ag aon duine nádúrtha nó dlítheanach a chónaíonn nó a bhfuil a oifig chláraithe nó a hoifig chláraithe aige nó aici i mBallstát, ar a chonlán féin nó ar a conlán féin, nó i gcomhlachas le saoránaigh nó daoine eile, an ceart chun achainí a chur os comhair na Parlaiminte ar ábhar a thig faoi réimsí gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh agus a bhaineann go díreach leis nó léi.

2.

Beidh ainm, náisiúntacht agus seoladh buan gach achainígh ar taispeáint ar achainíocha chun na Parlaiminte.

3.

I gcás achainí a bheith sínithe ag roinnt daoine nádúrtha nó dlítheanacha, ainmneoidh na sínitheoirí ionadaí agus leas-ionadaí agus measfar gurb iadsan na hachainígh chun críocha chur chun feidhme an Teidil seo.

I gcás nach n-ainmnítear aon ionadaí den sórt sin, measfar gurb é nó í an chéad sínitheoir an t-achainíoch nó gur duine cuí eile a bheidh ina achainíoch.

4.

Féadfaidh gach achainíoch a thacaíocht nó a tacaíocht don achainí a tharraingt siar tráth ar bith.

Tar éis do na hachainígh go léir a dtacaíocht a tharraingt siar, beidh an achainí ar neamhní.

5.

Ní mór achainíocha a bheith scríofa i gceann amháin de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh.

Ní bhreithneofar achainíocha atá scríofa in aon teanga eile ach amháin i gcás ina ndéanann an t-achainíoch aistriúchán i dteanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh a chur i gceangal léi. Déanfar an teanga oifigiúil ina mbeidh an t-aistriúchán tarraingthe suas a úsáid i gcomhfhreagras na Parlaiminte leis an achainíoch.

Féadfaidh an Biúró a chinneadh go bhféadfar achainíocha agus comhfhreagras le hachainígh a tharraingt suas i dteangacha eile a úsáidtear i mBallstát.

6.

Déanfar na hachainíocha a thaifeadadh i gclár san ord ina bhfaightear iad má chomhlíonann siad na coinníollacha atá leagtha síos i mír 2; déanfar na hachainíocha nach gcomhlíonann na coinníollacha sin a chomhdú, agus cuirfear na cúiseanna ina leith sin in iúl don achainíoch.

7.

Cuirfidh an tUachtarán achainíocha a thaifeadfar sa chlár ar aghaidh chuig an gcoiste freagrach, agus suífidh an coiste sin ar dtús inghlacthacht nó neamh-inghlacthacht na hachainí i gcomhréir le hAirteagal 227 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Mura dtagann an coiste freagrach ar chomhthoil maidir le hinghlacthacht na hachainí, dearbhófar go bhfuil an achainí inghlactha má iarrann an ceathrú cuid ar a laghad de chomhaltaí an choiste amhlaidh.

8.

Déanfar na hachainíocha a dhearbhóidh an coiste a bheith neamh-inghlactha a chomhdú; cuirfear an cinneadh agus na cúiseanna i leith an chinnidh sin in iúl don achainíoch. Nuair is féidir, féadfar bealach eile sásaimh a mholadh.

9.

Mar riail ghinearálta, is doiciméid phoiblí iad achainíocha ón tráth a gcláraítear iad agus féadfaidh an Pharlaimint, ar chúiseanna trédhearcachta, ainm an achainígh agus ábhar na hachainí a fhoilsiú.

10.

D’ainneoin na bhforálacha atá i mír 9, féadfaidh an t-achainíoch a iarraidh go gcoinneofar siar a ainm nó a hainm chun a phríobháideacht nó a príobháideacht a chosaint, agus sa chás sin ní mór don Pharlaimint an iarraidh a chomhlíonadh.

Más rud é nach féidir gearán an achainígh a imscrúdú ar chúiseanna anaithnideachta, rachfar i gcomhairle leis an achainíoch maidir leis na bearta eile a bheidh le glacadh.

11.

Féadfaidh an t-achainíoch a iarraidh go ndéileálfar go rúnda lena achainí nó lena hachainí, agus sa chás sin glacfaidh an Pharlaimint réamhchúraimí oiriúnacha lena áirithiú nach gcuirfear ábhar na hachainí ar fáil don phobal. Déanfar na coinníollacha beachta faoina mbeidh feidhm ag an bhforáil seo a chur in iúl don achainíoch.

12.

I gcás ina measann an coiste gur cuí déanamh amhlaidh, féadfaidh sé an t-ábhar a tharchur chuig an Ombudsman.

13.

Déanfar achainíocha arna ndíriú chuig an bParlaimint ag daoine nádúrtha nó ag daoine dlítheanacha nach saoránaigh de chuid an Aontais Eorpaigh iad nó nach bhfuil cónaí orthu i mBallstát nó nach bhfuil a n-oifig chláraithe acu i mBallstát a chlárú agus a chomhdú ar leithligh ó achainíocha eile. Déanfaidh an tUachtarán taifead míosúil de na hachainíocha sin a fhaigheann sé i rith na míosa roimhe sin, ar taifead é ina léireofar ábhar na n-achainíocha, a sheoladh chuig an gcoiste atá freagrach as achainíocha a bhreithniú, agus féadfaidh an coiste sin na hachainíocha ar mian leis breithniú a dhéanamh orthu a iarraidh.

Riail 202

Achainíocha a scrúdú

1.

Déanfaidh an coiste freagrach achainíocha inghlactha a bhreithniú i gcúrsa a ghnáthghníomhaíochtaí, trí phlé a dhéanamh ag cruinniú rialta nó trí nós imeachta i scríbhinn. Féadfar a iarraidh ar achainígh páirt a ghlacadh i gcruinnithe de chuid an choiste má tá plé le déanamh ar a n-achainí, nó féadfaidh na hachainígh a iarraidh a bheith i láthair. Is faoi rogha an Chathaoirligh a bheidh sé ceart labhartha a thabhairt d’achainígh.

2.

Féadfaidh an coiste, i ndáil le hachainí inghlactha, a chinneadh tuarascáil féintionscnaimh a tharraingt suas i gcomhréir le Riail 48(1) nó tairiscint ghearr i gcomhair rúin a thíolacadh don Pharlaimint, ar choinníoll nach bhfuil aon agóid ina aghaidh sin ag Comhdháil na nUachtarán. Cuirfear tairiscintí i gcomhair rún den sórt sin ar an dréachtchlár oibre don pháirtseisiún a bheidh ann tráth nach déanaí ná ocht seachtaine tar éis don choiste iad a ghlacadh. Déanfar vótáil aonair orthu agus ní dhéanfar aon díospóireacht orthu mura rud é go gcinneann Comhdháil na nUachtarán, ar bhonn eisceachtúil, Riail 139 a chur i bhfeidhm.

Féadfaidh an coiste tuairimí ó choistí eile a bhfuil freagracht shonrach orthu as an tsaincheist atá á breithniú a iarraidh i gcomhréir le Riail 49 agus le hIarscríbhinn VII.

3.

I gcás ina ndéileálann tuarascáil, go háirithe, le cur i bhfeidhm nó léirmhíniú dhlí an Aontais, nó go moltar athruithe inti ar an dlí láithreach, déanfar an coiste atá freagrach as an ábhar a chomhlachú i gcomhréir le Riail 49(1) agus leis an gcéad fhleasc agus an dara fleasc de Riail 50. Glacfaidh an coiste freagrach, gan vóta, le moltaí maidir le codanna den tairiscint i gcomhair rúin a fhaightear ón gcoiste atá freagrach as an ábhar agus a dhéileálann le cur i bhfeidhm nó léirmhíniú dhlí an Aontais nó a dhéileálann le hathruithe sa dlí láithreach. Más rud é nach nglacfaidh an coiste freagrach le moltaí den sórt sin, féadfaidh an coiste comhlachaithe iad a chur síos go díreach i suí iomlánach.

4.

Cuirfear clár leictreonach ar bun ar clár é ina bhféadfaidh saoránaigh tacaíocht a thabhairt d’achainíoch nó a tharraingt siar ó achainíoch, agus a síniú leictreonach féin a chur i gceangal le hachainíocha ar dearbhaíodh ina leith go bhfuil siad inghlactha agus atá taifeadta sa chlár.

5.

Le linn achainíocha a imscrúdú, fíorais a shuíomh nó réitigh a lorg, féadfaidh an coiste cuairteanna aimsithe faisnéise chuig an mBallstát nó chuig an réigiún lena mbaineann an achainí a eagrú.

Déanfaidh na rannpháirtithe tuarascálacha ar na cuairteanna a tharraingt suas. Cuirfear ar aghaidh chuig an Uachtarán iad, tar éis don choiste iad a fhormheas.

6.

Féadfaidh an coiste cúnamh a iarraidh ar an gCoimisiún, go háirithe i bhfoirm faisnéise ar chur i bhfeidhm dhlí an Aontais nó ar chomhlíonadh an dlí sin, agus i bhfoirm faisnéise nó doiciméad a bhaineann leis an achainí. Iarrfar ar ionadaithe an Choimisiúin freastal ar chruinnithe de chuid an choiste.

7.

Féadfaidh an coiste a iarraidh ar an Uachtarán tuairim nó moladh an choiste a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún, chuig an gComhairle nó chuig údarás an Bhallstáit lena mbaineann i gcomhair gníomhaíochta nó freagra.

8.

Cuirfidh an coiste toradh a chuid pléití in iúl don Pharlaimint gach sé mhí.

Déanfaidh an coiste, go háirithe, na bearta a bheidh glactha ag an gComhairle nó ag an gCoimisiún maidir le hachainíocha arna dtarchur ag an bParlaimint chucu a chur in iúl don Pharlaimint.

9.

Déanfar an cinneadh a ghlacfaidh an coiste agus na cúiseanna leis an gcinneadh sin a chur in iúl don achainíoch.

Nuair a thabharfar an breithniú ar achainí inghlactha chun críche, dearbhófar go bhfuil sé arna chríochnú agus cuirfear an méid sin iúl don achainíoch.

Riail 203

Fógra maidir le hachainíocha

1.

Tabharfar fógra sa Pharlaimint maidir leis na hachainíocha a thaifeadtar sa chlár dá dtagraítear i Riail 201(6) agus maidir leis na príomhchinntí ar an nós imeachta atá le leanúint i ndáil le hachainíocha sonracha. Taifeadfar na fógraí sin i miontuairiscí na n-imeachtaí.

2.

Déanfar teideal agus achoimre téacsanna achainíocha arna dtaifeadadh sa chlár, mar aon le téacsanna na dtuairimí agus na gcinntí is tábhachtaí a cuireadh ar aghaidh i dtaca le scrúdú na n-achainíocha, a chur ar fáil don phobal i mbunachar sonraí, ar choinníoll go n-aontaíonn an t-achainíoch leis sin. Déanfar achainíocha rúnda a chaomhnú i dtaifid na Parlaiminte, áit a mbeidh siad ar fáil do na Feisirí lena n-iniúchadh.

TEIDEAL IX

AN tOMBUDSMAN

Riail 204

Toghadh an Ombudsman

1.

Ag tús gach téarma pharlaimintigh, díreach tar éis thoghadh an Uachtaráin nó sna cásanna dá dtagraítear i mír 8, iarrfaidh an tUachtarán ainmniúcháin i gcomhair oifig an Ombudsman agus socróidh sé teorainn ama leis na hainmniúcháin sin a thíolacadh. Déanfar fógra ina n-iarrfar ainmniúcháin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.

Maidir le hainmniúcháin, ní mór tacaíocht a bheith acu ó 40 Feisire ar a laghad agus náisiúnaigh de chuid dhá Bhallstát éagsúla ar a laghad a bheith ina measc.

Ní fhéadfaidh aon Fheisire tacú le níos mó ná ainmniúchán amháin.

Déanfar na doiciméid tacaíochta go léir is gá lena léiriú go críochnaitheach go gcomhlíonann an t-ainmnitheach na coinníollacha a éilítear leis na Rialacháin ar an Ombudsman a chur ag gabháil le hainmniúcháin.

3.

Cuirfear ainmniúcháin ar aghaidh chuig an gcoiste freagrach agus féadfaidh an coiste sin a iarraidh éisteacht a thabhairt do na hainmnithigh.

Beidh éisteachtaí den sórt sin oscailte do na Feisirí go léir.

4.

Déanfar vótáil ansin sa Pharlaimint ar liosta ainmniúchán inghlactha in ord aibítre.

5.

Déanfar an vótáil le ballóid rúnda ar bhonn thromlach na vótaí a chaitear.

Más rud é nach dtoghtar aon iarrthóir tar éis an chéad dá bhallóid, ní fhéadfaidh ach an dá iarrthóir a gheobhaidh an líon is mó vótaí sa dara ballóid fanacht san iomaíocht.

I gcás comhionannais vótaí, ceapfar an t-iarrthóir is sine.

6.

Sula gcuirtear tús leis an vótáil, cinnteoidh an tUachtarán go bhfuil an leathchuid ar a laghad de líon na bhFeisirí a chomhdhéanann an Pharlaimint i láthair.

7.

Iarrfar láithreach ar an té a thoghtar mionn a ghlacadh os comhair na Cúirte Breithiúnais.

8.

Feidhmeoidh an tOmbudsman a chuid dualgas go dtí go rachaidh a chomharba i mbun oifige, ach amháin i gcás ina bhfaigheann sé bás nó ina gcuirtear as oifig é.

Riail 205

Gníomhaíochtaí an Ombudsman

1.

Tá an cinneadh maidir leis na rialacháin agus na coinníollacha ginearálta lena rialaítear comhlíonadh fheidhmeanna an Ombudsman agus na forálacha lena gcuirtear an cinneadh sin chun feidhme faoi mar atá glactha ag an Ombudsman in iarscríbhinn atá ag gabháil, mar eolas, leis na Rialacha Nós Imeachta seo (21).

2.

Déanfaidh an tOmbudsman, i gcomhréir le hAirteagal 3(6) agus (7) den chinneadh thuasluaite, an Pharlaimint a chur ar an eolas faoi chásanna drochriaracháin, ar cásanna iad a bhféadfaidh an coiste freagrach tuarascáil a tharraingt suas maidir leo. Déanfaidh an tOmbudsman, i gcomhréir le hAirteagal 3(8) den chinneadh sin, tuarascáil a chur faoi bhráid na Parlaiminte freisin ag deireadh gach seisiúin bhliantúil maidir le torthaí a chuid fiosrúchán. Déanfaidh an coiste freagrach tuarascáil a tharraingt suas air sin agus cuirfear an tuarascáil sin faoi bhráid na Parlaiminte i gcomhair díospóireachta.

3.

Féadfaidh an tOmbudsman faisnéis a sholáthar don choiste freagrach freisin nuair a iarrann an coiste sin amhlaidh nó, féadfaidh an tOmbudsman éisteacht a fháil ón gcoiste sin, arna iarraidh sin ag an Ombudsman.

Riail 206

An tOmbudsman a chur as oifig

1.

Féadfaidh an deichiú cuid den líon Feisirí a chomhdhéanann an Pharlaimint a iarraidh go gcuirfear an tOmbudsman as oifig más rud é nach gcomhallann sé a thuilleadh na coinníollacha is gá chun a chuid dualgas a chomhlíonadh nó má tá sé ciontach i mí-iompar tromchúiseach.

2.

Cuirfear an iarraidh ar aghaidh chuig an Ombudsman agus chuig an gcoiste freagrach, agus má chinneann an coiste freagrach trí thromlach a chomhaltaí go bhfuil foras ar fónamh leis na cúiseanna cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid na Parlaiminte. Má iarrann an tOmbudsman amhlaidh, tabharfar éisteacht dó sula ndéantar vótáil ar an tuarascáil. Tar éis díospóireachta, déanfaidh an Pharlaimint cinneadh le ballóid rúnda.

3.

Sula gcuirtear tús leis an vótáil, cinnteoidh an tUachtarán go bhfuil an leathchuid de na Feisirí a chomhdhéanann an Pharlaimint i láthair.

4.

Má tá an vótáil i bhfabhar an tOmbudsman a chur as oifig agus i gcás nach n-éiríonn sé as oifig dá réir sin déanfaidh an tUachtarán, ar a dhéanaí faoin bpáirtseisiún i ndiaidh an chinn ar lena linn a seoladh an vótáil, iarratas a chur chuig an gCúirt Bhreithiúnais chun an tOmbudsman a chur as oifig agus iarrfaidh sé go ndéanfar rialú gan mhoill.

Beidh deireadh leis an nós imeachta nuair a éiríonn an tOmbudsman as oifig.

TEIDEAL X

ARDRÚNAÍOCHT NA PARLAIMINTE

Riail 207

An Ardrúnaíocht

1.

Tabharfaidh Ardrúnaí arna cheapadh ag an mBiúró cúnamh don Pharlaimint.

Tabharfaidh an tArdrúnaí gealltanas sollúnta os comhair an Bhiúró go gcomhlíonfaidh sé a chuid dualgas go coinsiasach agus go hiomlán neamhchlaon.

2.

Beidh an tArdrúnaí i gceannas ar Ardrúnaíocht a gcinnfidh an Biúró a comhdhéanamh agus a heagrúchán.

3.

Cinnfidh an Biúró plean bunaíochta na hArdrúnaíochta agus leagfaidh sé síos rialacháin maidir le staid riaracháin agus airgeadais na n-oifigeach agus na seirbhíseach eile.

Cinnfidh an Biúró freisin cad iad na catagóirí oifigeach agus seirbhíseach eile a mbeidh feidhm ag Airteagail 11 go 13 den Phrótacal ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh maidir leo go hiomlán nó go páirteach.

Cuirfidh Uachtarán na Parlaiminte institiúidí cuí an Aontais Eorpaigh ar an eolas dá réir sin.

TEIDEAL XI

CUMHACHTAÍ AGUS FREAGRACHTAÍ A BHAINEANN LE PÁIRTITHE POLAITIÚLA AR LEIBHÉAL EORPACH

Riail 208

Cumhachtaí agus freagrachtaí an Uachtaráin

Déanfaidh an tUachtarán ionadaíocht thar ceann na Parlaiminte ina caidreamh le páirtithe polaitiúla ar leibhéal Eorpach, i gcomhréir le Riail 20(4).

Riail 209

Cumhachtaí agus freagrachtaí an Bhiúró

1.

Déanfaidh an Biúró cinneadh ar aon iarratas ar mhaoiniú arna thíolacadh ag páirtí polaitiúil ar leibhéal Eorpach agus ar dháileadh na leithreasaí i measc na bpáirtithe polaitiúla is tairbhithe. Tarraingeoidh sé suas liosta de na tairbhithe agus na méideanna a bheidh le leithroinnt.

2.

Déanfaidh an Biúró cinneadh i dtaobh an ndéanfar maoiniú a chur ar fionraí nó a laghdú agus i dtaobh an ndéanfar méideanna a íocadh go mícheart a ghnóthú.

3.

Tar éis dheireadh na bliana buiséadaí, formheasfaidh an Biúró tuarascáil chríochnaitheach gníomhaíochta agus ráiteas críochnaitheach airgeadais na bpáirtithe polaitiúla is tairbhithe.

4.

Faoi na téarmaí agus na coinníollacha atá leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh. 2004/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, féadfaidh an Biúró cúnamh teicniúil a dheonú do pháirtithe polaitiúla ar leibhéal Eorpach i gcomhréir lena gcuid tograí. Maidir le cineálacha sonracha cinntí a bhaineann le cúnamh teicniúil a thabhairt, féadfaidh an Biúró iad a tharmligean chuig an Ardrúnaí.

5.

Sna cásanna go léir atá leagtha amach i míreanna 1 go 4, gníomhóidh an Biúró ar bhonn togra ón Ardrúnaí. Ach amháin sna cásanna atá leagtha amach i mír 1 agus i mír 4, déanfaidh an Biúró, sula nglacfaidh sé cinneadh, éisteacht a thabhairt d’ionadaithe na bpáirtithe polaitiúla lena mbaineann. Féadfaidh an Biúró, aon tráth, dul i gcomhairle le Comhdháil na nUachtarán.

6.

I gcás ina suíonn an Pharlaimint, tar éis fíorú a dhéanamh, go bhfuil scortha ag páirtí polaitiúil ar leibhéal Eorpach de bheith ag urramú phrionsabail na saoirse, an daonlathais, na hurraime do chearta an duine agus saoirsí bunúsacha mar aon leis an smacht reachta, cinnfidh an Biúró go ndéanfar an páirtí polaitiúil sin a eisiamh ó mhaoiniú.

Riail 210

Cumhachtaí agus freagrachtaí an choiste fhreagraigh agus shuí iomlánach na Parlaiminte

1.

Ar iarraidh a fháil ón gceathrú cuid d’Fheisirí na Parlaiminte, agus ionadaíocht ó thrí ghrúpa pholaitiúla ar a laghad ina measc, déanfaidh an tUachtarán, tar éis malartú tuairimí i gComhdháil na nUachtarán, a iarraidh ar an gcoiste freagrach a fhíorú an bhfuil nó nach bhfuil páirtí polaitiúil ar leibhéal Eorpach ag leanúint de bheith ag urramú na bprionsabal ar a bhfuil an tAontas Eorpach fothaithe (go háirithe ina chlár agus ina chuid gníomhaíochtaí), eadhon prionsabail na saoirse, an daonlathais, na hurraime do chearta an duine agus saoirsí bunúsacha mar aon leis an smacht reachta.

2.

Sula gcuirtear togra i gcomhair cinnidh faoi bhráid na Parlaiminte, tabharfaidh an coiste freagrach éisteacht d’ionadaithe de chuid an pháirtí pholaitiúil lena mbaineann. Iarrfaidh sé agus breithneoidh sé tuairim ó choiste daoine neamhspleácha oirirce, de réir mar a fhoráiltear i Rialachán (CE) Uimh. 2004/2003.

3.

Vótálfaidh an Pharlaimint (trí thromlach na vótaí a chaitear) ar an togra i gcomhair cinnidh á shuíomh go n-urramaíonn nó nach n-urramaíonn an páirtí polaitiúil lena mbaineann na prionsabail atá leagtha amach i mír 1. Ní fhéadfar aon leasú a chur síos. I gceachtar cás, mura bhfaighidh an togra i gcomhair cinnidh tromlach, measfar cinneadh dá mhalairt a bheith glactha.

4.

Beidh feidhm ag cinneadh na Parlaiminte le héifeacht ón lá ar cuireadh síos an iarraidh a dtagraítear i mír 1.

5.

Déanfaidh an tUachtarán ionadaíocht thar ceann na Parlaiminte sa choiste daoine neamhspleácha oirirce.

6.

Tarraingeoidh an coiste freagrach suas an tuarascáil dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 2004/2003 maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin sin agus maidir leis na gníomhaíochtaí a maoiníodh, agus cuirfidh sé an tuarascáil sin faoi bhráid suí iomlánaigh.

TEIDEAL XII

NA RIALACHA NÓS IMEACHTA A CHUR I bhFEIDHM AGUS A LEASÚ

Riail 211

Na Rialacha Nós Imeachta a chur i bhfeidhm

1.

Más rud é go bhfuil aon amhras ann faoi chur i bhfeidhm nó léirmhíniú na Rialacha Nós Imeachta seo, féadfaidh an tUachtarán an t-ábhar a tharchur chuig an gcoiste freagrach le scrúdú a dhéanamh ina leith.

Féadfaidh Cathaoirligh na gcoistí an rud céanna a dhéanamh nuair a thagann amhras den sórt sin chun cinn le linn obair an choiste agus go mbaineann an t-amhras sin leis an obair sin.

2.

Déanfaidh an coiste cinneadh i dtaobh an gá leasú ar na Rialacha Nós Imeachta a mholadh. Más amhlaidh an cás, feidhmeoidh sé i gcomhréir le Riail 212.

3.

Más rud é go gcinneann an coiste gur leor léirmhíniú ar na Rialacha láithreacha, cuirfidh sé a léirmhíniú ar aghaidh chuig an Uachtarán agus cuirfidh an tUachtarán an méid sin in iúl don Pharlaimint ag an gcéad pháirtseisiún eile.

4.

Más rud é go ndéanann grúpa polaitiúil nó 40 Feisire ar a laghad agóid i gcoinne léirmhíniú an choiste, déanfar vótáil ar an ábhar sa Pharlaimint. Glacfar leis an téacs le tromlach na vótaí a chaitear ar choinníoll go bhfuil an tríú cuid ar a laghad de líon na bhFeisirí a chomhdhéanann an Pharlaimint i láthair. I gcás diúltaithe, tarchuirfear an t-ábhar ar ais chuig an gcoiste.

5.

Déanfar léirmhínithe neamhagóidithe agus léirmhínithe arna nglacadh ag an bParlaimint a chur i gceangal leis an Riail iomchuí nó leis na Rialacha iomchuí, agus beidh na léirmhínithe sin i gcló iodálach mar nótaí míniúcháin.

6.

Beidh léirmhínithe ina bhfasaigh i gcomhair fheidhmiú agus léirmhíniú na Rialacha lena mbaineann as sin amach.

7.

Déanfaidh an coiste freagrach na Rialacha Nós Imeachta agus na léirmhínithe a athbhreithniú go rialta.

8.

I gcás ina dtugann na Rialacha seo cearta do líon sonrach Feisirí, déanfar an líon sin a choigeartú go huathoibríoch go dtí an tslánuimhir is gaire a sheasann don chéatadán céanna de chomhaltas na Parlaiminte aon uair a mhéadaítear méid iomlán na Parlaiminte, go háirithe tar éis méaduithe ar an Aontas Eorpach.

Riail 212

Na Rialacha Nós Imeachta a leasú

1.

Féadfaidh aon Fheisire leasuithe ar na Rialacha seo agus ar na hiarscríbhinní a ghabhann leo a mholadh agus, más cuí, réasúnuithe gearra a chur in éineacht leo.

Déanfar leasuithe beartaithe den sórt sin a aistriú, a chló, a dháileadh agus a tharchur chuig an gcoiste freagrach agus scrúdóidh an coiste sin iad agus déanfaidh sé cinneadh i dtaobh an gcuirfear faoi bhráid na Parlaiminte iad.

Chun Riail 156, Riail 157 agus Riail 161 a chur i bhfeidhm maidir le breithniú ar leasuithe beartaithe den sórt sin sa Pharlaimint, measfar, maidir le tagairtí a dhéantar sna Rialacha sin do “téacs bunaidh” nó do “togra le haghaidh gnímh reachtaigh”, gur tagairtí iad don fhoráil atá i bhfeidhm an tráth áirithe sin.

2.

Glacfar leasuithe ar na Rialacha seo má fhaigheann siad vótaí thromlach na bhFeisirí a chomhdhéanann an Pharlaimint, agus sa chás sin amháin.

3.

Mura rud é go sonraítear a mhalairt nuair a dhéantar an vótáil, tiocfaidh leasuithe ar na Rialacha seo agus ar na hiarscríbhinní atá ag gabháil leo i bhfeidhm ar an gcéad lá den pháirtseisiún tar éis a nglactha.

TEIDEAL XIII

FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA

Riail 213

Siombailí an Aontais

1.

Aithneoidh agus glacfaidh an Pharlaimint na siombailí seo a leanas de chuid an Aontais:

an bhratach ar a dtaispeántar ciorcal ina bhfuil dháréag réalta órga ar chúlra gorm,

an roscamhrán atá bunaithe ar an “Óid don Aoibhneas” ón Naoú Siansa le Ludwig van Beethoven,

an mana “Aontaithe san éagsúlacht”.

2.

Ceiliúrfaidh an Pharlaimint Lá na hEorpa ar an 9 Bealtaine.

3.

Cuirfear an bhratach ar foluain ag gach áitreabh de chuid na Parlaiminte agus tráth ócáidí oifigiúla. Úsáidfear an bhratach i ngach seomra cruinnithe de chuid na Parlaiminte.

4.

Seinnfear an roscamhrán ag oscailt gach suí bunaithe agus ag suíonna sollúnta eile, go háirithe chun fáilte a chur roimh cheannairí Stáit nó rialtais nó chun fáilte a chur roimh Bhallstáit nua tar éis méaduithe.

5.

Déanfar an mana a atáirgeadh ar dhoiciméid oifigiúla na Parlaiminte.

6.

Scrúdóidh an Biúró úsáidí eile le haghaidh na siombailí laistigh den Pharlaimint. Leagfaidh an Biúró síos forálacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme na Rialach seo.

Riail 214

Gnó gan chríochnú

Ag deireadh an pháirtseisiúin deiridh roimh thoghcháin, measfar go mbeidh gnó uile na Parlaiminte nach mbeidh críochnaithe tar éis titim ar lár, ach sin faoi réir fhorálacha an dara mír.

Ag tús gach téarma pharlaimintigh, glacfaidh Comhdháil na nUachtarán cinneadh ar iarrataí réasúnaithe a fháil ó choistí parlaiminteacha agus ó institiúidí eile go n-athchromfar ar bhreithniú na n-ábhar sin nó go leanfar de bhreithniú na n-ábhar sin.

Ní bheidh feidhm ag na forálacha seo maidir le hachainíocha agus cumarsáidí nach gá cinneadh a dhéanamh ina leith.

Riail 215

Leagan amach na n-iarscríbhinní

Déanfar na hiarscríbhinní a ghabhann leis na Rialacha Nós Imeachta seo a leagan amach faoi na ceithre cheannteideal seo a leanas:

(a)

forálacha cur chun feidhme maidir le nósanna imeachta faoi na Rialacha seo, arna nglacadh le tromlach na vótaí a chaitear (Iarscríbhinn VII);

(b)

forálacha arna nglacadh le linn téarmaí sonracha na Rialacha Nós Imeachta a chur chun feidhme agus i gcomhréir leis na nósanna imeachta agus na rialacha tromlaigh atá leagtha síos iontu (Iarscríbhinní I, II, III, IV, VI, VIII(A), (C) agus (D), agus X);

(c)

comhaontuithe idirinstitiúideacha nó forálacha eile arna nglacadh i gcomhréir leis na Conarthaí agus is infheidhme laistigh den Pharlaimint nó a bhfuil baint acu le hoibriú na Parlaiminte. Maidir le cinntí chun forálacha den sórt sin a chur mar iarscríbhinn a ghabhann leis na Rialacha Nós Imeachta, glacfaidh an Pharlaimint iad le tromlach na vótaí a chaitear, ar thogra óna coiste freagrach (Iarscríbhinní VIII(B), IX, XI, XII, XIII, XIV, XV, XIX agus XX);

(d)

treoirlínte agus cóid iompair arna nglacadh ag comhlachtaí iomchuí na Parlaiminte (Iarscríbhinní XVI, XVII, XVIII agus XXI).

Riail 216

Ceartúcháin

1.

Más rud é go sainaithnítear earráid i dtéacs arna ghlacadh ag an bParlaimint, déanfaidh an tUachtarán, más cuí, dréachtcheartúchán a tharchur chuig an gcoiste freagrach.

2.

Más rud é go bhfeictear go bhfuil earráid i dtéacs arna ghlacadh ag an bParlaimint agus arna chomhaontú leis na hinstitiúidí eile, lorgóidh an tUachtarán comhaontú na n-institiúidí sin maidir leis na ceartúcháin is gá sula leantar ar aghaidh i gcomhréir le mír a haon.

3.

Scrúdóidh an coiste freagrach an dréachtcheartúchán agus cuirfidh sé faoi bhráid na Parlaiminte é más deimhin leis gur tharla earráid is féidir a cheartú ar an tslí atá molta.

4.

Fógrófar an ceartúchán ag an bpáirtseisiún ina dhiaidh sin. Measfar an ceartúchán sin a bheith formheasta mura rud é, tráth nach déanaí ná 48 n-uaire an chloig tar éis é a fhógairt, go n-iarrann grúpa polaitiúil nó 40 Feisire ar a laghad go ndéanfar vótáil air. Mura bhformheastar an ceartúchán, tarchuirfear ar ais chuig an gcoiste freagrach é agus féadfaidh an coiste sin ceartúchán leasaithe a mholadh nó an nós imeachta a thabhairt chun críche.

5.

Foilseofar ceartúcháin fhormheasta ar an tslí chéanna leis an téacs lena mbaineann siad. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Riail 72, ag Riail 73 agus ag Riail 74.


(1)  Féach Iarscríbhinn I.

(2)  Féach Iarscríbhinn X.

(3)  Féach Iarscríbhinn X.

(4)  Féach Iarscríbhinn XII.

(5)  De bhun chonclúidí na Comhairle Eorpaí a tionóladh an 11 agus 12 Nollaig 2008.

(6)  Féach Iarscríbhinn XIV.

(7)  Féach an cinneadh iomchuí ó Chomhdháil na nUachtarán atá leagtha amach in Iarscríbhinn XVIII a ghabhann leis na Rialacha Nós Imeachta seo.

(8)  Féach Iarscríbhinn XXI.

(9)  Féach Iarscríbhinn VI.

(10)  Comhaontú Idirinstitiúideach an 20 Nollaig 1994, Modh oibre luathaithe maidir le códú oifigiúil téacsanna reachtacha, pointe 4 (IO C 102, 4.4.1996, lch. 2).

(11)  Comhaontú Idirinstitiúideach an 28 Samhain 2001 maidir le húsáid níos struchtúrtha theicníocht an athmhúnlaithe do ghníomhartha reachtacha, pointe 9 (IO C 77, 28.3.2002, lch. 1).

(12)  Féach Iarscríbhinn XVII.

(13)  Féach Iarscríbhinn II.

(14)  Féach Iarscríbhinn III.

(15)  Féach Iarscríbhinn III.

(16)  Arna fhadú le cinneadh na Parlaiminte an 11 Márta 2009.

(17)  Féach Iarscríbhinn XVI.

(18)  Féach Iarscríbhinn VII.

(19)  Féach Iarscríbhinn IX.

(20)  Féach Iarscríbhinn XIV.

(21)  Féach Iarscríbhinn XI.


IARSCRÍBHINN I

FORÁLACHA LENA RIALAÍTEAR FEIDHM RIAIL 9(1) — TRÉDHEARCACHT AGUS LEASANNA AIRGEADAIS NA bhFEISIRÍ

Airteagal 1

1.   Déanfaidh aon Fheisire a bhfuil leas airgeadais díreach aige nó aici san ábhar a bheidh faoi chaibidil an leas sin a nochtadh ó bhéal don chruinniú sula labhróidh sé nó sí sa Pharlaimint nó i gceann dá cuid comhlachtaí nó má mholtar an Feisire mar rapóirtéir.

2.   Sula bhféadfar Feisirí a ainmniú go bailí mar shealbhóirí oifige de chuid na Parlaiminte nó de chuid aon cheann dá comhlachtaí, faoi Riail 13, faoi Riail 191 nó faoi Riail 198(2), nó sula bhféadfaidh siad a bheith páirteach i dtoscaireacht oifigiúil, faoi Riail 68 nó faoi Riail 198(2), ní mór an dearbhú dá bhforáiltear in Airteagal 2 a bheith comhlánaithe go cuí acu.

Airteagal 2

Coinneoidh na Caestóirí clár ina ndéanfaidh gach Feisire dearbhú pearsanta, mionsonraithe maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

a gcuid gníomhaíochtaí gairmiúla agus aon fheidhmeanna nó gníomhaíochta eile a bhfaigheann siad luach saothair ina leith;

(b)

aon tuarastal a fhaigheann Feisirí chun sainordú a fheidhmiú i bparlaimint eile;

(c)

aon tacaíocht, cibé acu tacaíocht airgeadais nó tacaíocht i dtéarmaí foirne nó ábhair, de bhreis ar an tacaíocht a sholáthraíonn an Pharlaimint agus ar tacaíocht í a thugann tríú páirtithe dóibh i ndáil lena gcuid gníomhaíochtaí polaitiúla agus déanfar céannacht na dtríú páirtithe sin a nochtadh.

Ní ghlacfaidh Feisirí Parlaiminte aon bhronntanas nó sochar i ndáil le comhlíonadh a gcuid dualgas.

Déanfar na dearbhuithe a bheidh sa chlár faoi fhreagracht phearsanta an Fheisire agus ní mór iad a thabhairt cothrom le dáta gach bliain.

Féadfaidh an Biúró, ó am go ham, liosta a tharraingt suas de na nithe a mheasann sé ba cheart a dhearbhú sa chlár.

Más rud é, tar éis na hiarrata cuí a fháil, nach gcomhlíonann na Feisirí a n-oibleagáid chun dearbhú a thíolacadh faoi (a) agus (b), meabhróidh an tUachtarán dóibh uair amháin eile an dearbhú a thíolacadh laistigh de dhá mhí. Mura dtíolactar an dearbhú laistigh den teorainn ama, déanfar ainmneacha na bhFeisirí lena mbaineann, mar aon le léiriú ar an sárú, a fhoilsiú i miontuairiscí an chéad lae de gach páirtseisiún tar éis dheireadh na teorann ama. Má leanann na Feisirí lena mbaineann de dhiúltú an dearbhú a thíolacadh tar éis an sárú a bheith foilsithe, rachaidh an tUachtarán i mbun gnímh i gcomhréir le Riail 153 chun iad a chur ar fionraí.

Beidh ar Chathaoirligh grúpálacha Feisirí, is é sin le rá, idirghrúpaí agus grúpálacha neamhoifigiúla eile Feisirí, aon tacaíocht, cibé acu in airgead nó tacaíocht chomhchineáil (e.g. cúnamh rúnaíochta), a dhearbhú ar tacaíocht í a chaithfí a dhearbhú faoin Airteagal seo dá gcuirfí ar fáil d’Fheisirí mar dhaoine aonair í.

Beidh na Caestóirí freagrach as clár a choinneáil agus as rialacha mionsonraithe a tharraingt suas le haghaidh na ndearbhuithe maidir le tacaíocht sheachtrach a fhaigheann grúpálacha den sórt sin.

Airteagal 3

Beidh an clár ar fáil don phobal lena iniúchadh.

Féadfar an clár a chur ar fáil don phobal lena iniúchadh go leictreonach.

Airteagal 4

Maidir le sócmhainní a dhearbhú, beidh na Feisirí faoi réir na n-oibleagáidí a fhorchuirtear orthu le reachtaíocht an Bhallstáit ina dtoghtar iad.


IARSCRÍBHINN II

TRÁTH NA gCEISTEANNA A SHEOLADH FAOI RIAIL 116

A.   TREOIRLÍNTE

1.

Ní bheidh ceisteanna inghlactha ach amháin más rud é

go bhfuil siad gonta agus dréachtaithe ar shlí go bhféadfar freagra gearr a thabhairt orthu,

go dtagann siad faoi réim inniúlacht agus réimse freagrachta an Choimisiúin agus na Comhairle agus go bhfuil leas ginearálta ag baint leo,

nach bhfuil ar an institiúid lena mbaineann staidéar nó taighde forleathan a dhéanamh roimh ré ina leith,

go bhfuil siad soiléir agus go mbaineann siad le hábhar sonrach,

nach bhfuil dearbhuithe nó tuairimí iontu,

nach mbaineann siad le nithe atá go hiomlán pearsanta,

nach bhfuil siad dírithe ar dhoiciméid nó faisnéis staitistiúil a fháil,

go bhfuil siad i bhfoirm cheisteach.

2.

Ní bheidh ceist inghlactha má tá socrú sa chlár oibre cheana féin chun an t-ábhar a phlé agus an institiúid lena mbaineann a bheith rannpháirteach sa phlé sin.

3.

Ní bheidh ceist inghlactha más rud é go ndearnadh ceist chomhionann nó ceist chomhchosúil a chur síos agus a fhreagairt i rith na dtrí mhí roimhe sin, nó a mhéid nach n-iarrtar aon ní léi seachas faisnéis faoin méid atá déanta mar fhreagairt ar rún sonrach ón bParlaimint agus de chineál a sholáthair an Coimisiún cheana féin i gcumarsáid i scríbhinn faoin méid atá déanta, mura rud é go bhfuil forbairtí nua ann nó go bhfuil an t-údar ag lorg tuilleadh faisnéise. Sa chéad chás, tabharfar cóip den cheist agus den fhreagra don údar.

Ceisteanna forlíontacha

4.

Féadfaidh gach Feisire ceist fhorlíontach a chur i ndáil le freagra aon cheiste agus féadfaidh siad dhá cheist fhorlíontacha san iomlán a chur.

5.

Beidh ceisteanna forlíontacha faoi réir na rialacha maidir le hinghlacthacht atá leagtha síos sna Treoirlínte seo.

6.

Rialóidh an tUachtarán ar inghlacthacht ceisteanna forlíontacha agus cuirfidh sé teorainn le líon na gceisteanna sin ionas go bhféadfaidh gach Feisire a chuir ceist síos freagra a fháil uirthi.

Ní bheidh oibleagáid ar an Uachtarán a dhearbhú go bhfuil ceist fhorlíontach inghlactha, fiú amháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha inghlacthachta thuasluaite ina leith, más rud é:

(a)

gur dócha go gcuirfidh sí isteach ar ghnáthsheoladh Thráth na gCeisteanna; nó

(b)

go bhfuil an phríomhcheist lena mbaineann sí clúdaithe go leordhóthanach i gceisteanna forlíontacha eile; nó

(c)

nach bhfuil aon tionchar díreach aici ar an bpríomhcheist.

Freagraí ar cheisteanna

7.

Cinnteoidh an institiúid lena mbaineann go bhfuil freagraí gonta agus go mbaineann siad le hábhar na ceiste.

8.

Má cheadaíonn inneachar na gceisteanna lena mbaineann é, féadfaidh an tUachtarán a chinneadh, tar éis dul i gcomhairle leis na ceistitheoirí, gur cheart don institiúid na ceisteanna sin a fhreagairt le chéile.

9.

Ní fhéadfar ceist a fhreagairt ach amháin i gcás ina bhfuil an ceistitheoir i láthair nó i gcás ina bhfuil ainm Feisire ionaid curtha in iúl i scríbhinn don Uachtarán ag an gceistitheoir sula dtosaíonn Tráth na gCeisteanna.

10.

Mura bhfuil an ceistitheoir ná an Feisire ionaid i láthair, titfidh an cheist ar lár.

11.

Má chuireann Feisire ceist síos, ach nach bhfuil an Feisire sin ná Feisire ionaid i láthair ag Tráth na gCeisteanna, meabhróidh an tUachtarán i scríbhinn don Fheisire go bhfuil an fhreagracht air nó uirthi a bheith i láthair nó Feisire ionaid a bheith aige nó aici. Má tá ar an Uachtarán litir den sórt sin a sheoladh trí huaire in imeacht aon tréimhse dhá mhí dhéag, caillfidh an Feisire an ceart chun ceisteanna a chur síos ag Tráth na gCeisteanna ar feadh tréimhse sé mhí.

12.

Déanfar ceisteanna nach bhfreagraítear de bharr easpa ama a fhreagairt i gcomhréir le Riail 117(4), an chéad fhomhír, mura rud é go n-iarrann údair na gceisteanna go gcuirfear Riail 117(3) i bhfeidhm.

13.

Déanfar an nós imeachta i gcomhair freagraí i scríbhinn a rialú le Riail 117(3) agus (5).

Teorainneacha ama

14.

Cuirfear ceisteanna síos seachtain amháin ar a laghad sula dtosaíonn Tráth na gCeisteanna. Féadfar ceisteanna nach gcuirtear síos laistigh den teorainn ama sin a ghlacadh i rith Thráth na gCeisteanna le toiliú na hinstitiúide lena mbaineann.

Déanfar ceisteanna a dhearbhaítear a bheith inghlactha a dháileadh ar na Feisirí agus a chur ar aghaidh chuig na hinstitiúidí lena mbaineann.

B.   MOLTAÍ

(sliocht as rún Parlaiminte an 13 Samhain 1986.)

Tá Parlaimint na hEorpa,

1.

Á mholadh go ndéanfar na treoirlínte ar sheoladh Thráth na gCeisteanna faoi Riail 43 (1), agus go háirithe pointe 1 de na treoirlínte sin a bhaineann le hinghlacthacht, a chur i bhfeidhm níos déine;

2.

Á mholadh go mbainfear úsáid níos minice as an gcumhacht a thugtar d’Uachtarán Pharlaimint na hEorpa le Riail 43(3) (2) chun ceisteanna i gcomhair Thráth na gCeisteanna a ghrúpáil de réir ábhair; measann sí, áfach, gurb iad na ceisteanna atá sa chéad leath de liosta na gceisteanna atá curtha síos i gcomhair aon pháirtseisiúin ar leith, agus iad sin amháin, ba cheart a bheith faoi réir grúpála den sórt sin;

3.

Á mholadh, i ndáil le ceisteanna forlíontacha, gur cheart go gceadódh an tUachtarán, mar riail ghinearálta, ceist fhorlíontach amháin ón gceistitheoir agus ceist fhorlíontach amháin, nó péire ar a mhéid, arna cur ag Feisirí a bhaineann, go hinmhianta, le grúpa polaitiúil agus/nó le Ballstát atá éagsúil le grúpa polaitiúil agus/nó le Ballstát údar na príomhcheiste; meabhraíonn sí nach mór go mbeadh ceisteanna forlíontacha gonta agus i bhfoirm cheisteach agus molann sí nach mbeidís níos faide ná 30 soicind;

4.

Á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle, de bhun phointe 7 de na treoirlínte, a chinntiú go bhfuil na freagraí gonta agus go mbaineann siad le hábhar na ceiste.


(1)  Riail 116 anois.

(2)  Riail 116(3) anois.


IARSCRÍBHINN III

TREOIRLÍNTE MAIDIR LE CEISTEANNA I gCOMHAIR FREAGRA SCRÍOFA FAOI RIAIL 117 AGUS FAOI RIAIL 118

1.

I ndáil le ceisteanna i gcomhair freagra scríofa:

sonrófar iontu go soiléir an seolaí chuig a bhfuil siad le tarchur trí na gnáthbhealaí idirinstitiúideacha,

tiocfaidh siad faoi réim inniúlacht agus réimse freagrachta an tseolaí agus beidh leas ginearálta ag baint leo,

beidh siad gonta agus beidh ceist intuigthe iontu,

ní bheidh aon chaint mhaslach iontu,

ní bhainfidh siad le nithe atá go hiomlán pearsanta.

2.

Más rud é nach bhfuil ceist de réir na dtreoirlínte seo, tabharfaidh an Ardrúnaíocht comhairle don údar i dtaobh conas a d’fhéadfaí an cheist a dhréachtú ionas go mbeidh sí inghlactha.

3.

Más rud é go ndearnadh ceist chomhionann nó ceist chomhchosúil a chur síos agus a fhreagairt i rith na sé mhí roimhe sin, nó a mhéid nach n-iarrtar aon ní le ceist seachas an méid atá déanta mar fhreagairt ar rún sonrach ón bParlaimint agus de chineál a sholáthair an Coimisiún cheana féin i gcumarsáid i scríbhinn faoin méid atá déanta, cuirfidh an Rúnaíocht cóip den cheist sin roimhe sin agus cóip den fhreagra chuig an údar. Ní chuirfear an cheist athnuaite ar aghaidh chuig an seolaí mura rud é go n-agraíonn an t-údar forbairtí suntasacha nua nó go bhfuil sé nó sí ag lorg tuilleadh faisnéise.

4.

Más faisnéis fhíorasach nó faisnéis staitistiúil atá á lorg le ceist agus go bhfuil an fhaisnéis sin ar fáil cheana féin i leabharlann na Parlaiminte, cuirfidh an leabharlann an méid sin in iúl don Fheisire agus féadfaidh sé nó sí an cheist a tharraingt siar.

5.

Féadfar ceisteanna a bhaineann le nithe gaolmhara a fhreagairt le chéile.


IARSCRÍBHINN IV

TREOIRLÍNTE AGUS PRIONSABAIL GHINEARÁLTA ATÁ LE LEANÚINT NUAIR ATÁ ÁBHAIR Á ROGHNÚ LENA gCUR AR AN gCLÁR OIBRE LE hAGHAIDH DÍOSPÓIREACHTA AR CHÁSANNA A BHAINEANN LE SÁRUITHE AR CHEARTA AN DUINE, AR AN DAONLATHAS AGUS AR AN SMACHT REACHTA AGUS DÁ bhFORÁILTEAR FAOI RIAIL 122

Prionsabail bhunúsacha

1.

Tabharfar tosaíocht, roimh ócáid ar leith, do thairiscintí i gcomhair rún a bhfuil sé beartaithe ina leith go leanfaidh vótáil sa Pharlaimint astu, ar tairiscintí iad atá dírithe ar an gComhairle, ar an gCoimisiún, ar na Ballstáit, ar thríú tíortha nó ar chomhlachtaí idirnáisiúnta, ar choinníoll gurb é an páirtseisiún reatha an t-aon pháirtseisiún de Pharlaimint na hEorpa ag a bhféadfar an vótáil a dhéanamh in am.

2.

Ní rachaidh tairiscintí i gcomhair rún thar 500 focal.

3.

Tabharfar tosaíocht d’ábhair a bhaineann le freagrachtaí an Aontais Eorpaigh faoi mar atá leagtha síos sna Conarthaí, ar choinníoll go bhfuil tábhacht mhór leo.

4.

Maidir leis an líon ábhar a roghnófar, is líon é a cheadóidh díospóireacht a dhéanamh atá i gcomhréir le tábhacht na n-ábhar sin agus níor cheart go rachfaí thar thrí cinn, agus na fochaibidlí san áireamh.

Mionsonraí praiticiúla

5.

Déanfar na prionsabail bhunúsacha a chuirfear i bhfeidhm le linn cinneadh a dhéanamh faoin rogha ábhar a bheidh le cur san áireamh i ndíospóireacht ar chásanna a bhaineann le sáruithe ar chearta an duine, ar an daonlathas agus ar an smacht reachta a chur in iúl don Pharlaimint agus do na grúpaí polaitiúla.

Teorannú agus leithroinnt ama labhartha

6.

Chun úsáid níos fearr a bhaint as an am a bheidh ar fáil, déanfaidh an tUachtarán, tar éis dul i gcomhairle le Cathaoirligh na ngrúpaí polaitiúla, comhaontú a chur i gcrích leis an gComhairle agus leis an gCoimisiún maidir le teorannú an ama labhartha dá gcuid ráiteas faoi seach, más ann, sa díospóireacht ar chásanna a bhaineann le sáruithe ar chearta an duine, ar an daonlathas agus ar an smacht reachta.

Spriocam chun leasuithe a chur síos

7.

Tabharfaidh an spriocam chun leasuithe a chur síos dóthain ama idir an t-am a dháiltear iad sna teangacha oifigiúla agus an t-am a bheidh socruithe don díospóireacht ar na tairiscintí i gcomhair rún ionas go mbeidh ar chumas na bhFeisirí agus na ngrúpaí polaitiúla iad a bhreithniú go cuí.


IARSCRÍBHINN V

Scriosta


IARSCRÍBHINN VI

NÓS IMEACHTA MAIDIR LE BREITHNIÚ AGUS GLACADH CINNTÍ CHUN URSCAOILEADH A DHEONÚ

Airteagal 1

Doiciméid

1.   Déanfar na doiciméid seo a leanas a chló agus a dháileadh:

(a)

an cuntas ioncaim agus caiteachais, an anailís airgeadais agus an clár comhardaithe arna gcur ar aghaidh ag an gCoimisiún;

(b)

an Tuarascáil Bhliantúil agus tuarascálacha speisialta na Cúirte Iniúchóirí, i dteannta le freagraí na nInstitiúidí;

(c)

an ráiteas dearbhaithe i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuireann an Chúirt Iniúchóirí ar fáil de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;

(d)

an moladh ón gComhairle.

2.   Tarchuirfear na doiciméid sin chuig an gcoiste freagrach. Féadfaidh aon choiste lena mbaineann tuairim a thabhairt.

3.   Más mian le coistí eile tuairimí a thabhairt, socróidh an tUachtarán an teorainn ama ar laistigh di a chuirfear na tuairimí sin in iúl don choiste freagrach.

Airteagal 2

Tuarascáil a bhreithniú

1.   Breithneoidh an Pharlaimint tuarascáil ón gcoiste freagrach maidir le hurscaoileadh faoin 30 Aibreán sa bhliain tar éis ghlacadh Thuarascáil Bhliantúil na Cúirte Iniúchóirí faoi mar a éilítear leis an Rialachán Airgeadais.

2.   Beidh feidhm ag Rialacha na Parlaiminte i ndáil le leasuithe agus vótáil mura rud é bhforáiltear a mhalairt san Iarscríbhinn seo.

Airteagal 3

Inneachar na Tuarascála

1.   Is é a beidh sa tuarascáil maidir le hurscaoileadh arna tarraingt suas ag an gcoiste freagrach ná:

(a)

togra i gcomhair cinnidh chun urscaoileadh a dheonú nó chun cinneadh ar urscaoileadh a chur siar (vótáil i bpáirtseisiún mhí Aibreáin) nó togra i gcomhair cinnidh chun urscaoileadh a dheonú nó chun diúltú d’urscaoileadh a dheonú (vótáil i bpáirtseisiún mhí Dheireadh Fómhair);

(b)

togra i gcomhair cinnidh chun na cuntais a bhaineann le hioncam, caiteachas, sócmhainní agus dliteanais uile an Aontais a dhúnadh;

(c)

tairiscint i gcomhair rúin ina bhfuil tuairimí a ghabhann leis an togra i gcomhair cinnidh dá dtagraítear i bpointe (a) lena n-áirítear measúnú ar bhainistiú buiséadach an Choimisiúin thar an mbliain airgeadais agus barúlacha i ndáil le cur chun feidhme an chaiteachais don todhchaí;

(d)

mar Iarscríbhinn, liosta de na doiciméid a fuarthas ón gCoimisiún agus de na doiciméid a iarradh ach nach bhfuarthas;

(e)

tuairimí na gcoistí lena mbaineann.

2.   Má bheartaíonn an coiste freagrach an cinneadh ar urscaoileadh a chur siar, déanfar an méid seo a leanas, inter alia, a leagan amach freisin sa tairiscint iomchuí i gcomhair rúin:

(a)

na cúiseanna lena chur siar;

(b)

an gníomh breise a bhfuiltear ag súil leis go nglacfaidh an Coimisiún é agus na spriocamanna chun déanamh amhlaidh;

(c)

na doiciméid a bheidh ag teastáil le go bhféadfaidh an Pharlaimint cinneadh feasach a ghlacadh.

Airteagal 4

Breithniú agus vótáil sa Pharlaimint

1.   Déanfar aon tuarascáil ón gcoiste freagrach maidir le hurscaoileadh a chur san áireamh i gclár oibre an chéad pháirtseisiúin tar éis í a chur síos.

2.   Ní bheidh inghlactha ach leasuithe ar thairiscint i gcomhair rúin arna cur síos i gcomhréir le hAirteagal 3(1)(c).

3.   Mura sonraítear a mhalairt in Airteagal 5, beidh an vótáil ar na tograí i gcomhair cinnidh agus ar an tairiscint i gcomhair rúin san ord atá leagtha amach in Airteagal 3.

4.   I gcomhréir le hAirteagal 231 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, glacfaidh an Pharlaimint cinneadh le tromlach na vótaí a chaitear.

Airteagal 5

Malairtí don nós imeachta

1.   Vótáil i bpáirtseisiún mhí Aibreáin

Ar an gcéad ásc, beidh togra sa tuarascáil ar urscaoileadh go ndéanfar urscaoileadh a dheonú nó a chur siar.

(a)

Má fhaigheann togra chun urscaoileadh a dheonú tromlach, deonófar an t-urscaoileadh. Is ionann sin freisin agus na cuntais a dhúnadh.

Más rud é nach bhfaigheann togra chun urscaoileadh a dheonú tromlach, measfar an t-urscaoileadh a bheith arna chur siar agus cuirfidh an coiste freagrach tuarascáil nua síos laistigh de shé mhí ar tuarascáil í ina mbeidh togra nua chun urscaoileadh a dheonú nó chun diúltú urscaoileadh a dheonú.

(b)

Má ghlactar togra chun urscaoileadh a chur siar, cuirfidh an coiste freagrach tuarascáil nua síos laistigh de shé mhí ar tuarascáil í ina mbeidh togra nua chun urscaoileadh a dheonú nó chun diúltú urscaoileadh a dheonú. Sa chás sin, cuirfear dúnadh na gcuntas siar freisin agus cuirfear síos athuair é in éineacht leis an tuarascáil nua.

Más rud é nach bhfaigheann togra chun urscaoileadh a chur siar tromlach, measfar go bhfuil an t-urscaoileadh arna dheonú. Sa chás seo, is ionann an cinneadh freisin agus na cuntais a dhúnadh. Féadfar vótáil a dhéanamh fós ar an tairiscint i gcomhair rúin.

2.   Vótáil i bpáirtseisiún mhí Dheireadh Fómhair

Ar an dara hásc, beidh togra sa tuarascáil ar urscaoileadh go ndéanfar urscaoileadh a dheonú nó go ndiúltófar urscaoileadh a dheonú.

(a)

Má fhaigheann togra chun urscaoileadh a dheonú tromlach, deonófar an t-urscaoileadh. Is ionann sin freisin agus na cuntais a dhúnadh.

Más rud é nach bhfaigheann togra chun urscaoileadh a dheonú tromlach, measfar go bhfuil diúltaithe don urscaoileadh. Ag an bpáirtseisiún ina dhiaidh sin, tíolacfar togra foirmiúil chun na cuntais don bhliain atá i gceist a dhúnadh agus iarrfar ar an gCoimisiún ráiteas a dhéanamh ag an bpáirtseisiún sin.

(b)

Má fhaigheann togra chun diúltú d’urscaoileadh tromlach, tíolacfar togra foirmiúil ag páirtseisiún ina dhiaidh sin ar togra é chun na cuntais don bhliain atá i gceist a dhúnadh agus iarrfar ar an gCoimisiún ráiteas a dhéanamh ag an bpáirtseisiún sin.

Más rud é nach bhfaigheann togra chun diúltú d’urscaoileadh tromlach, measfar go bhfuil an t-urscaoileadh arna dheonú. Sa chás sin, is ionann an cinneadh freisin agus na cuntais a dhúnadh. Féadfar vótáil a dhéanamh fós ar an tairiscint i gcomhair rúin.

3.   I gcás ina bhfuil forálacha a bhréagnaíonn vótáil na Parlaiminte ar urscaoileadh san áireamh sa tairiscint i gcomhair rúin nó sa togra maidir le dúnadh, féadfaidh an tUachtarán, tar éis dul i gcomhairle le cathaoirleach an choiste fhreagraigh, an vótáil a chur siar agus spriocam nua a shocrú chun leasuithe a chur síos.

Airteagal 6

Cinntí ar urscaoileadh a chur chun feidhme

1.   Déanfaidh an tUachtarán aon chinneadh nó rún Parlaiminte de bhun Airteagal 3 a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún agus chuig gach ceann de na hinstitiúidí eile agus déanfaidh sé socrú chun iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh sa tsraith is iomchuí do ghníomhartha de chineál reachtach.

2.   Tuairisceoidh an coiste freagrach don Pharlaimint uair amháin ar a laghad sa bhliain maidir leis an ngníomh a ghlacann na hinstitiúidí mar fhreagra ar na barúlacha a bheidh in éineacht leis na cinntí ar urscaoileadh agus ar na barúlacha eile a bheidh i rúin Pharlaiminte maidir le cur chun feidhme an chaiteachais.

3.   Ar bhonn tuarascála ón gcoiste atá freagrach as rialú buiséadach, féadfaidh an tUachtarán, ag gníomhú dó thar ceann na Parlaiminte, caingean a thabhairt os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh in aghaidh na hinstitiúide lena mbaineann, de bhun Airteagal 265 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, maidir le mainneachtain na hoibleagáidí a chomhlíonadh a chineann ó na barúlacha atá in éineacht leis an gcinneadh ar urscaoileadh nó na rúin eile a bhaineann le cur chun feidhme an chaiteachais.


IARSCRÍBHINN VII

CUMHACHTAÍ AGUS FREAGRACHTAÍ NA mBUANCHOISTÍ  (1)

I.   An Coiste um Ghnóthaí Eachtracha

Tá an coiste freagrach as na nithe seo a leanas:

1.

an comhbheartas eachtrach agus slándála (CBES) agus beartas slándála agus cosanta na hEorpa (BSCE). Sa chomhthéacs seo tugann fochoiste um shlándáil agus um chosaint cúnamh don choiste;

2.

caidreamh le hinstitiúidí agus comhlachtaí eile de chuid an AE, le hEagraíocht na Náisiún Aontaithe agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta eile agus le tionóil idirpharlaiminteacha maidir le nithe a thagann faoina chúram;

3.

neartú an chaidrimh pholaitiúil le tríú tíortha, go háirithe na tíortha sin atá i ngarchomharsanacht don Aontas, trí mhórchláir chomhair agus chúnaimh nó trí chomhaontuithe idirnáisiúnta ar nós comhaontuithe comhlachais agus comhpháirtíochta;

4.

caibidlíocht maidir le haontachas Stát Eorpach leis an Aontas a oscailt, faireachán a dhéanamh ar an gcaibidlíocht sin agus í a thabhairt chun críche;

5.

saincheisteanna a bhaineann le cearta an duine, cosaint mionlach agus cur chun cinn luachanna daonlathacha i dtríú tíortha. Sa chomhthéacs sin, tugann fochoiste um chearta an duine cúnamh don choiste. Gan dochar do na rialacha iomchuí, iarrfar ar chomhaltaí ó choistí agus ó chomhlachtaí eile a bhfuil freagrachtaí sa réimse seo orthu freastal ar chruinnithe de chuid an fhochoiste.

Comhordaíonn an coiste obair na gcomhchoistí parlaiminteacha agus na gcoistí um chomhar parlaiminteach chomh maith le hobair na dtoscaireachtaí idirpharlaiminteacha agus na dtoscaireachtaí ad hoc mar aon le misin bhreathnadóireachta toghcháin a thagann faoina réimse freagrachtaí.

II.   An Coiste um Fhorbairt

Tá an coiste freagrach as na nithe seo a leanas:

1.

cur chun cinn, cur chun feidhme agus faireachán i ndáil le beartas forbartha agus comhair an Aontais, go háirithe:

(a)

comhagallamh polaitíochta le tíortha atá i mbéal forbartha, go déthaobhach agus sna heagraíochtaí idirnáisiúnta agus sna fóraim idirpharlaiminteacha iomchuí;

(b)

cabhair do thíortha atá i mbéal forbartha agus comhaontuithe comhair leo;

(c)

luachanna daonlathacha, dea-rialachas agus cearta an duine a chur chun cinn i dtíortha atá i mbéal forbartha;

2.

nithe a bhaineann le Comhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE agus caidreamh leis na comhlachtaí iomchuí;

3.

rannpháirtíocht na Parlaiminte i misin bhreathnadóireachta toghcháin, nuair is cuí i gcomhar le coistí agus toscaireachtaí iomchuí eile.

Comhordaíonn an coiste obair na dtoscaireachtaí idirpharlaiminteacha agus na dtoscaireachtaí ad hoc a thagann faoina réimse freagrachtaí.

III.   An Coiste um Thrádáil Idirnáisiúnta

Tá an coiste freagrach as na nithe seo a leanas:

nithe a bhaineann le bunú agus le cur chun feidhme chomhbheartas tráchtála an Aontais agus a chaidrimh eacnamaíoch sheachtraigh, go háirithe:

1.

caidreamh airgeadais, eacnamaíoch agus trádála le tríú tíortha agus le heagraíochtaí réigiúnacha;

2.

bearta a bhaineann le comhchuibhiú teicniúil nó caighdeánú sna réimsí atá clúdaithe in ionstraimí dlí idirnáisiúnta;

3.

caidreamh le heagraíochtaí idirnáisiúnta iomchuí agus le heagraíochtaí a chuireann lánpháirtiú réigiúnach eacnamaíoch agus tráchtála chun cinn lasmuigh den Aontas;

4.

caidreamh leis an Eagraíocht Dhomhanda Trádála, lena n-áirítear a gné pharlaiminteach.

Déanann an coiste idirchaidreamh leis na toscaireachtaí idirpharlaiminteacha agus ad hoc iomchuí a phléann leis na gnéithe eacnamaíocha agus trádála den chaidreamh le tríú tíortha.

IV.   An Coiste um Buiséid

Tá an coiste freagrach as na nithe seo a leanas:

1.

an creat ilbhliantúil airgeadais le haghaidh ioncam agus chaiteachas an Aontais agus córas acmhainní dílse an Aontais;

2.

sainchumais bhuiséadacha na Parlaiminte, eadhon buiséad an Aontais chomh maith le caibidlíocht agus cur chun feidhme i ndáil le comhaontuithe idirinstitiúideacha sa réimse seo;

3.

meastacháin na Parlaiminte de réir an nós imeachta atá sainithe sna Rialacha;

4.

buiséad na gcomhlachtaí díláraithe;

5.

gníomhaíochtaí airgeadais an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta;

6.

buiséadú Chiste Forbraíochta na hEorpa, gan dochar do chumhachtaí an choiste atá freagrach as Comhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE;

7.

impleachtaí airgeadais agus comhréireacht le Creat Airgeadais ilbhliantúil na ngníomhartha Aontais go léir, gan dochar do chumhachtaí na gcoistí iomchuí;

8.

breithniú leanúnach agus measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme an bhuiséid reatha d’ainneoin Riail 78(1), aistrithe leithreasaí, nósanna imeachta a bhaineann leis na pleananna bunaíochta, leithreasaí riaracháin agus tuairimí i dtaca le tionscadail a bhaineann le foirgnimh agus a bhfuil impleachtaí suntasacha airgeadais ag gabháil leo;

9.

an Rialachán Airgeadais, gan nithe a bhaineann le cur chun feidhme, bainistiú agus rialú an bhuiséid a áireamh.

V.   An Coiste um Rialú Buiséadach

Tá an coiste freagrach as na nithe seo a leanas:

1.

rialú agus cur chun feidhme bhuiséad an Aontais agus Chiste Forbraíochta na hEorpa, agus na cinntí ar urscaoileadh atá le glacadh ag an bParlaimint, lena n-áirítear an nós imeachta urscaoilte inmheánach agus gach beart eile a ghabhann leis na cinntí sin nó lena gcuirtear na cinntí sin chun feidhme;

2.

dúnadh, tíolacadh agus iniúchadh chuntais agus chláir chomhardaithe an Aontais, a chuid institiúidí agus aon chomhlachtaí a ndéanann sé maoiniú orthu, lena n-áirítear leithreasaí a bhunú atá le tabhairt ar aghaidh agus réiteach na gcomharduithe;

3.

rialú ghníomhaíochtaí airgeadais an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta;

4.

faireachán ar chost-éifeachtacht na gcineálacha éagsúla maoinithe Aontais le linn beartais an Aontais a chur chun feidhme;

5.

breithniú a dhéanamh ar chalaois agus ar mhírialtachtaí i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais, bearta atá dírithe ar chásanna den sórt sin a chosc agus a ionchúiseamh, agus leasanna airgeadais an Aontais a chosaint i gcoitinne;

6.

caidreamh leis an gCúirt Iniúchóirí, ceapadh a cuid comhaltaí agus breithniú a dhéanamh ar a cuid tuarascálacha;

7.

an Rialachán Airgeadais, a mhéid a bhaineann le cur chun feidhme, bainistiú agus rialú an bhuiséid.

VI.   An Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta

Tá an coiste freagrach as na nithe seo a leanas:

1.

beartais eacnamaíochta agus airgeadaíochta an Aontais, feidhmiú an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus chóras airgeadaíochta agus airgeadais na hEorpa (lena n-áirítear caidreamh leis na hinstitiúidí nó leis na heagraíochtaí iomchuí);

2.

saorghluaiseacht caipitil agus íocaíochtaí (íocaíochtaí trasteorann, limistéar íocaíochta aonair, comhardú íocaíochtaí, gluaiseachtaí caipitil agus an beartas maidir le hairgead a fháil ar iasacht agus a thabhairt ar iasacht, rialú gluaiseachtaí caipitil de thionscnamh tríú tíortha, bearta chun onnmhairiú chaipiteal an Aontais a spreagadh);

3.

an córas airgeadaíochta agus airgeadais idirnáisiúnta (lena n-áirítear caidreamh le hinstitiúidí agus le heagraíochtaí airgeadais agus airgeadaíochta);

4.

rialacha ar iomaíocht agus ar chabhair Stáit nó ar chabhair phoiblí;

5.

forálacha cánach;

6.

rialáil agus maoirseacht a dhéanamh ar sheirbhísí airgeadais, ar institiúidí airgeadais agus ar mhargaí airgeadais lena n-áirítear tuairisciú airgeadais, iniúchadh, rialacha cuntasaíochta, rialachas corparáideach agus nithe eile dlí cuideachtaí a bhaineann go sonrach le seirbhísí airgeadais.

VII.   An Coiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta

Tá an coiste freagrach as na nithe seo a leanas:

1.

beartas fostaíochta agus gach gné den bheartas sóisialta ar nós coinníollacha oibre, slándáil shóisialta agus cosaint shóisialta;

2.

bearta sláinte agus sábháilteachta san ionad oibre;

3.

Ciste Sóisialta na hEorpa;

4.

beartas gairmoiliúna, lena n-áirítear cáilíochtaí gairmiúla;

5.

saorghluaiseacht oibrithe agus pinsinéirí;

6.

an comhagallamh sóisialta;

7.

gach cineál idirdhealaithe san ionad oibre agus sa mhargadh saothair ach amháin na cineálacha sin atá bunaithe ar ghnéas;

8.

caidreamh leo seo a leanas:

an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop),

an Foras Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú,

Fondúireacht Oiliúna na hEorpa,

an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair,

chomh maith le caidreamh le comhlachtaí AE agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta iomchuí eile.

VIII.   An Coiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia

Tá an coiste freagrach as na nithe seo a leanas:

1.

beartas comhshaoil agus bearta cosanta comhshaoil, go háirithe beartais agus bearta a bhaineann leis na nithe seo a leanas:

(a)

truailliú aeir, ithreach agus uisce, bainistiú agus athchúrsáil dramhaíola, substaintí agus ullmhóidí contúirteacha, leibhéil torainn, athrú aeráide, cosaint na bithéagsúlachta;

(b)

forbairt inbhuanaithe;

(c)

bearta agus comhaontuithe idirnáisiúnta agus réigiúnacha atá dírithe ar chosaint an chomhshaoil;

(d)

damáiste comhshaoil a dheisiú;

(e)

cosaint shibhialta;

(f)

an Ghníomhaireacht Chomhshaoil Eorpach;

(g)

an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán;

2.

sláinte phoiblí, go háirithe:

(a)

cláir agus gníomhartha sonracha i réimse na sláinte poiblí;

(b)

táirgí cógaisíochta agus táirgí cosmaideacha;

(c)

gnéithe sláinte den bhithsceimhlitheoireacht;

(d)

an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach agus an Lárionad Eorpach um Chosc agus Rialú Galar;

3.

saincheisteanna sábháilteachta bia, go háirithe:

(a)

lipéadú agus sábháilteacht earraí bia;

(b)

reachtaíocht tréidliachta maidir le cosaint in aghaidh rioscaí do shláinte an duine; seiceálacha sláinte poiblí ar earraí bia agus ar chórais táirgthe bia;

(c)

Údarás Sábháilteachta Bia na hEorpa agus Oifig Bia agus Tréidliachta na hEorpa.

IX.   An Coiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh

Tá an coiste freagrach as na nithe seo a leanas:

1.

beartas tionsclaíochta an Aontais agus cur i bhfeidhm teicneolaíochtaí nua, lena n-áirítear bearta a bhaineann le fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide;

2.

beartas taighde an Aontais, lena n-áirítear scaipeadh agus saothrú torthaí taighde;

3.

beartas spáis;

4.

gníomhaíochtaí an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde agus an Bhiúró Lárnaigh le haghaidh Tomhas Núicléach, chomh maith le JET, ITER agus tionscadail eile sa réimse céanna;

5.

bearta an Aontais a bhaineann leis an mbeartas fuinnimh i gcoitinne, slándáil an tsoláthair fuinnimh agus éifeachtacht fuinnimh lena n-áirítear gréasáin thraseorpacha a bhunú agus a fhorbairt in earnáil an bhonneagair fuinnimh;

6.

Conradh Euratom agus Gníomhaireacht Soláthair Euratom; sábháilteacht núicléach, díchoimisiúnú agus diúscairt dramhaíola san earnáil núicléach;

7.

sochaí na faisnéise agus teicneolaíocht na faisnéise, lena n-áirítear gréasáin thraseorpacha a bhunú agus a fhorbairt in earnáil an bhonneagair teileachumarsáide.

X.   An Coiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra

Tá an coiste freagrach as na nithe seo a leanas:

1.

ar leibhéal an Aontais, comhordú a dhéanamh ar an reachtaíocht náisiúnta i réimse an mhargaidh inmheánaigh agus an aontais custaim, go háirithe:

(a)

saorghluaiseacht earraí, lena n-áirítear comhchuibhiú na gcaighdeán teicniúil;

(b)

ceart bunaíochta;

(c)

an tsaoirse seirbhísí a sholáthar ach amháin sna hearnálacha airgeadais agus poist;

2.

bearta atá dírithe ar chonstaicí a d’fhéadfadh a bheith ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a aithint agus deireadh a chur leis na constaicí sin;

3.

leasanna eacnamaíocha na dtomhaltóirí a chur chun cinn agus a chosaint, seachas saincheisteanna sláinte poiblí agus sábháilteachta bia, i gcomhthéacs bhunú an mhargaidh inmheánaigh.

XI.   An Coiste um Iompar agus um Thurasóireacht

Tá an coiste freagrach as na nithe seo a leanas:

1.

nithe a bhaineann le forbairt comhbheartais um iarnróid, bóithre, uiscebhealaí intíre, iompar muirí agus aeriompar, go háirithe:

(a)

comhrialacha is infheidhme maidir le hiompar laistigh den Aontas Eorpach;

(b)

gréasáin thraseorpacha a bhunú agus a fhorbairt i réimse an bhonneagair iompair;

(c)

soláthar seirbhísí iompair agus caidrimh le tríú tíortha i réimse an iompair;

(d)

sábháilteacht iompair;

(e)

caidreamh le comhlachtaí agus eagraíochtaí iompair idirnáisiúnta;

2.

seirbhísí poist;

3.

turasóireacht.

XII.   An Coiste um Fhorbairt Réigiúnach

Tá an coiste freagrach as na nithe seo a leanas:

beartas réigiúnach agus comhtháthaithe, go háirithe:

(a)

Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, an Ciste Comhtháthaithe agus ionstraimí eile de chuid bheartas réigiúnach an Aontais;

(b)

measúnú ar thionchar bheartais eile an Aontais ar chomhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta;

(c)

comhordú ar ionstraimí struchtúracha an Aontais;

(d)

na réigiúin agus na hoileáin is forimeallaí chomh maith le comhar trasteorann agus idir-réigiúnach;

(e)

caidreamh le Coiste na Réigiún, le heagraíochtaí comhair idir-réigiúnaigh agus le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha.

XIII.   An Coiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe

Tá an coiste freagrach as na nithe seo a leanas:

1.

oibriú agus forbairt an chomhbheartais talmhaíochta;

2.

forbairt na tuaithe, lena n-áirítear gníomhaíochtaí na n-ionstraimí airgeadais iomchuí;

3.

reachtaíocht maidir leis na hábhair seo a leanas:

(a)

nithe a bhaineann le tréidliacht agus folláine plandaí, ábhair bheatha d’ainmhithe ar choinníoll nach bhfuil cosaint ar rioscaí do shláinte an duine i gceist le bearta den sórt sin;

(b)

fearachas agus leas ainmhithe;

4.

feabhsú a dhéanamh ar cháilíocht táirgí talmhaíochta;

5.

soláthairtí amhábhar talmhaíochta;

6.

Oifig an Chomhphobail maidir le Cineálacha Plandaí;

7.

foraoiseacht.

XIV.   An Coiste um Iascach

Tá an coiste freagrach as na nithe seo a leanas:

1.

oibriú agus forbairt an chomhbheartais iascaigh agus bainistiú an chomhbheartais sin;

2.

caomhnú na n-acmhainní iascaigh;

3.

comheagrú an mhargaidh i ndáil le táirgí iascaigh;

4.

an beartas struchtúrach sna hearnálacha iascaigh agus dobharshaothraithe, lena n-áirítear na hionstraimí airgeadais um threoraíocht iascaigh;

5.

comhaontuithe idirnáisiúnta iascaigh.

XV.   An Coiste um Chultúr agus um Oideachas

Tá an coiste freagrach as na nithe seo a leanas:

1.

gnéithe cultúrtha an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe:

(a)

feabhas a chur ar an eolas ar chultúr agus ar scaipeadh an chultúir;

(b)

éagsúlacht chultúrtha agus éagsúlacht teanga a chosaint agus a chur chun cinn;

(c)

an oidhreacht chultúrtha, malartuithe cultúrtha agus cruthaíocht ealaíonta a chaomhnú agus a choimirciú;

2.

beartas oideachais an Aontais, lena n-áirítear réimse ardoideachais na hEorpa mar aon le córas na scoileanna Eorpacha agus foghlaim ar feadh an tsaoil a chur chun cinn;

3.

an beartas closamhairc agus gnéithe cultúrtha agus oideachais de shochaí na faisnéise;

4.

beartas óige agus forbairt a dhéanamh ar bheartas spóirt agus áineasa;

5.

beartas faisnéise agus meán;

6.

comhar le tríú tíortha i réimsí an chultúir agus an oideachais agus caidreamh leis na heagraíochtaí agus na hinstitiúidí idirnáisiúnta iomchuí.

XVI.   An Coiste um Ghnóthaí Dlíthiúla

Tá an coiste freagrach as na nithe seo a leanas:

1.

léirmhíniú agus cur i bhfeidhm dhlí an Aontais agus comhlíonadh an dlí phríomha i dtaca le gníomhartha an Aontais de, go háirithe rogha na mbunús dlí agus urraim do phrionsabal na coimhdeachta agus do phrionsabal na comhréireachta;

2.

léirmhíniú agus cur i bhfeidhm an dlí idirnáisiúnta, a mhéid a dhéantar difear don Aontas Eorpach;

3.

simpliú dhlí an Aontais, go háirithe tograí reachtacha i gcomhair chódú oifigiúil an dlí sin;

4.

cosaint dhlíthiúil chearta agus shainchumais na Parlaiminte, lena n-áirítear rannpháirtíocht na Parlaiminte i gcaingne os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh;

5.

gníomhartha an Aontais lena ndéantar difear d’ord dlíthiúil na mBallstát, eadhon sna réimsí seo a leanas:

(a)

an dlí sibhialta agus tráchtála;

(b)

an dlí cuideachtaí;

(c)

dlí na maoine intleachtúla;

(d)

an dlí nós imeachta;

6.

bearta a bhaineann le comhar breithiúnach agus riaracháin in ábhair shibhialta;

7.

dliteanas agus smachtbhannaí comhshaoil in aghaidh coireachta comhshaoil;

8.

ceisteanna eitice a bhaineann le teicneolaíochtaí nua, an nós imeachta le haghaidh coistí comhlachaithe a chur i bhfeidhm i gcomhar leis na coistí iomchuí;

9.

Reacht na bhFeisirí agus Rialacháin Foirne an Aontais Eorpaigh;

10.

pribhléidí agus díolúintí chomh maith le fíorú dhintiúir na bhFeisirí;

11.

eagrúchán agus reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh;

12.

an Oifig um Chomhchuibhiú sa Mhargadh Inmheánach.

XVII.   An Coiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile

Tá an coiste freagrach as na nithe seo a leanas:

1.

cearta na saoránach, cearta an duine agus cearta bunúsacha, lena n-áirítear cosaint do mhionlaigh, mar atá leagtha síos sna Conarthaí agus i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, a chosaint laistigh de chríoch an Aontais;

2.

na bearta is gá chun gach cineál idirdhealaithe a chomhrac, seachas na cineálacha sin atá bunaithe ar ghnéas nó a tharlaíonn san ionad oibre agus sa mhargadh saothair;

3.

reachtaíocht i réimse na trédhearcachta agus i réimse na cosanta daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta;

4.

limistéar saoirse, slándála agus ceartais a bhunú agus a fhorbairt, go háirithe:

(a)

bearta a bhaineann le hiontráil agus gluaiseacht daoine, le tearmann agus le himirce;

(b)

bearta a bhaineann le bainistiú lánpháirtithe na gcomhtheorainneacha;

(c)

bearta a bhaineann le comhar póilíneachta agus le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla;

5.

an Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus Andúil i nDrugaí agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, Europol, Eurojust, Cepol agus comhlachtaí agus gníomhaireachtaí eile sa réimse céanna;

6.

cinneadh a dhéanamh i dtaca le baol soiléir a bheith ann go bhfuil sárú tromchúiseach déanta ag Ballstát ar na prionsabail is coiteann do na Ballstáit.

XVIII.   An Coiste um Ghnóthaí Bunreachtúla

Tá an coiste freagrach as na nithe seo a leanas:

1.

na gnéithe institiúideacha de phróiseas na lánpháirtíochta Eorpaí, go háirithe a mhéid a bhaineann le hullmhú coinbhinsiún agus comhdhálacha idir-rialtasacha agus le himeachtaí i ndáil leis an gcéanna;

2.

cur chun feidhme Chonradh AE agus measúnú a dhéanamh ar oibriú Chonradh CE;

3.

na hiarmhairtí institiúideacha a ghabhann le caibidlíocht ar mhéadú an Aontais;

4.

caidreamh idirinstitiúideach, lena n-áirítear scrúdú a dhéanamh ar chomhaontuithe idirinstitiúideacha de bhun Riail 127(2) de na Rialacha Nós Imeachta, ag féachaint don fhormheas nach mór don Pharlaimint a thabhairt dóibh;

5.

nós imeachta toghcháin aonfhoirmeach;

6.

páirtithe polaitiúla ar leibhéal Eorpach, gan dochar d’inniúlachtaí an Bhiúró;

7.

cinneadh a dhéanamh maidir le sárú leanúnach tromchúiseach a bheith déanta ag Ballstát ar na prionsabail is coiteann do na Ballstáit;

8.

léirmhíniú agus cur i bhfeidhm na Rialacha Nós Imeachta agus tograí i gcomhair leasuithe orthu.

XIX.   An Coiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne

Tá an coiste freagrach as na nithe seo a leanas:

1.

sainmhíniú, cur chun cinn agus cosaint chearta na mban san Aontas agus bearta gaolmhara de chuid an Aontais;

2.

cearta na mban a chur chun cinn i dtríú tíortha;

3.

beartas um dheiseanna comhionanna, lena n-áirítear comhionannas idir fir agus mná a mhéid a bhaineann le deiseanna sa mhargadh saothair agus le cóir chomhionann ag an obair;

4.

deireadh a chur le gach cineál idirdhealaithe atá bunaithe ar ghnéas;

5.

príomhshruthú inscne a chur chun feidhme agus a fhorbairt tuilleadh sna hearnálacha beartais go léir;

6.

obair leantach ar chomhaontuithe agus ar choinbhinsiúin idirnáisiúnta a bhaineann le cearta na mban agus iad a chur chun feidhme;

7.

beartas faisnéise maidir le mná.

XX.   An Coiste um Achainíocha

Tá an coiste freagrach as na nithe seo a leanas:

1.

achainíocha;

2.

caidreamh leis an Ombudsman Eorpach.


(1)  Arna ghlacadh le cinneadh ón bParlaimint an 6 Bealtaine 2009.


IARSCRÍBHINN VIII

DOICIMÉID RÚNDA AGUS DOICIMÉID ÍOGAIRE AGUS FAISNÉIS RÚNDA AGUS FAISNÉIS ÍOGAIR

A.   Doiciméid rúnda arna gcur chuig an bParlaimint a bhreithniú

An nós imeachta chun doiciméid rúnda arna gcur chuig Parlaimint na hEorpa a bhreithniú (1)

1.

Ciallóidh doiciméid rúnda doiciméid agus faisnéis a bhféadfar rochtain phoiblí a dhiúltú ina leith de réir Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus folóidh siad doiciméid íogaire arna sainmhíniú in Airteagal 9 den Rialachán sin.

I gcás ina gceistíonn ceann de na hinstitiúidí cineál rúnda na ndoiciméad arna bhfáil ag an bParlaimint, tarchuirfear an t-ábhar chuig an gcoiste idirinstitiúideach arna bhunú de bhun Airteagal 15(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001.

Nuair a chuirtear doiciméid rúnda chuig an bParlaimint faoi chlúdach rúndachta, cuirfidh cathaoirleach choiste freagrach na Parlaiminte an nós imeachta rúndachta atá leagtha amach i mír 3 thíos i bhfeidhm go huathoibríoch.

2.

Beidh aon choiste de chuid Pharlaimint na hEorpa i dteideal an nós imeachta rúndachta a chur i bhfeidhm ar mhír faisnéise nó ar dhoiciméad a léiríonn duine dá chuid comhaltaí in iarraidh i scríbhinn nó in iarraidh ó bhéal. Beidh tromlach dhá thrian de na comhaltaí atá i láthair ag teastáil i gcomhair cinnidh chun an nós imeachta rúndachta a chur i bhfeidhm.

3.

A luaithe a dhearbhaíonn cathaoirleach an choiste go bhfuil na himeachtaí faoi rún, ní fhéadfaidh a bheith i láthair ach amháin comhaltaí an choiste agus oifigigh agus saineolaithe a bheidh ainmnithe roimh ré ag an gcathaoirleach agus a mbeidh sé fíor-riachtanach go mbeidh siad i láthair.

Déanfar na doiciméid, a bheidh uimhrithe, a dháileadh ag tús an chruinnithe agus baileofar arís iad ag an deireadh. Ní fhéadfar aon nótaí díobh sin a ghlacadh, agus thar aon rud eile ní fhéadfar fótachóip a dhéanamh díobh.

Ní dhéanfar an plé ar an mír a tógadh faoin nós imeachta rúndachta a lua i miontuairiscí an chruinnithe. Ní fhéadfar ach an cinneadh ábhartha, más ann, a thaifeadadh.

4.

Féadfaidh triúr comhaltaí de choiste a mbeidh nós imeachta rúndachta curtha i bhfeidhm aige a iarraidh go mbreithneofar sárú rúndachta, agus féadfar an méid sin a chur ar an gclár oibre. Féadfaidh an coiste, trí thromlach a chomhaltaí, a chinneadh go gcuirfear breithniú ar shárú rúndachta ar an gclár oibre don chéad chruinniú tar éis an iarraidh a chur faoi bhráid an chathaoirligh.

5.

Pionóis: i gcásanna sáruithe, gníomhóidh cathaoirleach an choiste i gcomhréir le Rialacha 9(2), 152, 153 agus 154.

B.   Rochtain ag an bParlaimint ar fhaisnéis íogair i réimse an bheartais slándála agus cosanta

Comhaontú Idirinstitiúideach an 20 Samhain 2002 idir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle maidir le rochtain ag Parlaimint na hEorpa ar fhaisnéis íogair de chuid na Comhairle i réimse an bheartais slándála agus cosanta (2)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS AN CHOMHAIRLE,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Luaitear in Airteagal 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach go rachaidh Uachtaránacht na Comhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa maidir le príomhghnéithe agus bunroghanna an chomhbheartais eachtraigh agus slándála agus go n-áiritheoidh sí go dtabharfar aird chuí ar dhearcadh Pharlaimint na hEorpa. Sonraítear leis an Airteagal sin freisin go gcoimeádfaidh Uachtaránacht na Comhairle agus an Coimisiún Parlaimint na hEorpa ar an eolas go tráthrialta faoi fhorbairt an chomhbheartais eachtraigh agus slándála. Ba cheart sásra a thabhairt isteach lena áirithiú go bhfeidhmítear na prionsabail sin sa réimse seo.

(2)

I bhfianaise cineáil shonraigh agus inneachair thar a bheith íogair faisnéise atá aicmithe mar fhaisnéis an-rúnda i réimse an bheartais slándála agus cosanta, ba cheart socruithe speisialta a thabhairt isteach maidir le láimhseáil doiciméad ina bhfuil faisnéis den sórt sin.

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 9(7) de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid de chuid Pharlaimint na hEorpa, de chuid na Comhairle agus de chuid an Choimisiúin (3), tá an Chomhairle chun Parlaimint na hEorpa a chur ar an eolas faoi dhoiciméid íogaire, faoi mar a shainmhínítear in Airteagal 9(1) den Rialachán sin, i gcomhréir leis na socruithe atá comhaontuithe idir na hinstitiúidí.

(4)

I bhformhór na mBallstát, tá sásraí sonracha ann i ndáil le faisnéis rúnda a tharchur agus a láimhseáil idir rialtais náisiúnta agus parlaimintí. Ba cheart go ndéanfadh an Comhaontú Idirinstitiúideach seo socrú atá bunaithe ar an dea-chleachtais sna Ballstáit a sholáthar do Pharlaimint na hEorpa,

TAR ÉIS AN COMHAONTÚ IDIRINSTITIÚIDEACH SEO A DHÉANAMH:

1.   Raon feidhme

1.1.

Déileálann an Comhaontú Idirinstitiúideach seo le rochtain ag Parlaimint na hEorpa ar fhaisnéis íogair, i.e. faisnéis rúnda atá aicmithe mar “TRÈS SECRET/TOP SECRET”, “SECRET” nó “CONFIDENTIAL”, is cuma cén bunadh atá aici, cén meán ina bhfuil sí nó cén staid chríochnaithe ina bhfuil sí, ar faisnéis í atá i seilbh na Comhairle i réimse an bheartais slándála agus cosanta agus le láimhseáil na ndoiciméad atá aicmithe amhlaidh.

1.2.

Déanfar faisnéis arna tionscnamh i dtríú Stát nó in eagraíocht idirnáisiúnta a tharchur le comhaontú an Stáit nó na heagraíochta sin.

Más rud é go ndéantar faisnéis a thionscnaíonn i mBallstát a tharchur chuig an gComhairle gan srianadh sainráite a bheith ann maidir lena scaipeadh chuig institiúidí eile seachas í a bheith aicmithe mar fhaisnéis rúnda, beidh feidhm ag na rialacha i roinn 2 agus i roinn 3 den Chomhaontú Idirinstitiúideach seo. Thairis sin, tarchuirfear an fhaisnéis sin le comhaontú ón mBallstát i dtrácht.

I gcás ina ndiúltaítear faisnéis a thionscnaíonn i dtríú Stát, in eagraíocht idirnáisiúnta nó i mBallstát a tharchur, tabharfaidh an Chomhairle na cúiseanna ina leith sin.

1.3.

Beidh feidhm ag forálacha an Chomhaontaithe Idirinstitiúidigh seo i gcomhréir leis an dlí is infheidhme agus gan dochar do Chinneadh 95/167/CE, Euratom, CEGC ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún an 19 Aibreán 1995 maidir leis na forálacha mionsonraithe lena rialaítear feidhmiú cheart fiosrúcháin Pharlaimint na hEorpa (4) agus gan dochar do na comhaontuithe atá ann cheana féin, go háirithe Comhaontú Idirinstitiúideach an 6 Bealtaine 1999 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach agus feabhsú ar an nós imeachta buiséadach (5).

2.   Rialacha ginearálta

2.1.

Gníomhóidh an dá institiúid i gcomhréir lena ndualgais fhrithpháirteacha i leith comhair dháiríre agus de mheon an iontaoibh fhrithpháirtigh chomh maith le gníomhú i gcomhréir leis na forálacha Conartha iomchuí. Maidir le tarchur agus láimhseáil na faisnéise atá clúdaithe sa Chomhaontú Idirinstitiúideach seo, ní mór aird chuí a thabhairt, lena linn sin, ar na leasanna atá aicmiú mar fhaisnéis rúnda ceaptha a chosaint, agus go háirithe aird chuí a thabhairt ar leas an phobail chomh fada agus a bhaineann le slándáil agus cosaint an Aontais Eorpaigh nó ceann amháin nó níos mó dá chuid Ballstát nó le bainistiú géarchéime míleata nó neamh-mhíleata.

2.2.

Ar iarraidh a fháil ó dhuine de na daoine dá dtagraítear i bpointe 3.1, déanfaidh Uachtaránacht na Comhairle nó an tArdrúnaí/an tArdionadaí, le gach dithneas cuí, inneachar aon fhaisnéise íogaire is gá le haghaidh fheidhmiú na gcumhachtaí a thugtar do Pharlaimint na hEorpa leis an gConradh ar an Aontas Eorpach sa réimse atá clúdaithe sa Chomhaontú Idirinstitiúideach seo a chur in iúl dóibh, agus aird á tabhairt ar leas an phobail in ábhair a bhaineann le slándáil agus cosaint an Aontais Eorpaigh nó ceann amháin nó níos mó dá chuid Ballstát nó le bainistiú géarchéime míleata nó neamh-mhíleata, i gcomhréir leis na socruithe atá leagtha síos i roinn 3.

3.   Socruithe i gcomhair rochtana ar fhaisnéis íogair agus i gcomhair faisnéis íogair a láimhseáil

3.1.

I gcomhthéacs an Chomhaontaithe Idirinstitiúidigh seo, féadfaidh Uachtarán Pharlaimint na hEorpa nó Cathaoirleach Choistí Pharlaimint na hEorpa um Ghnóthaí Eachtracha, um Chearta an Duine agus um an gComhbheartas Slándála agus Cosanta a iarraidh go ndéanfaidh Uachtaránacht na Comhairle nó an tArdrúnaí/an tArdionadaí faisnéis a thabhairt don choiste lena mbaineann ar fhorbairtí i mbeartas slándála agus cosanta na hEorpa, lena n-áirítear faisnéis íogair a bhfuil feidhm ag pointe 3.3 maidir léi.

3.2.

I gcás géarchéime nó ar iarraidh a fháil ó Uachtarán Pharlaimint na hEorpa nó ó Chathaoirleach an Choiste um Ghnóthaí Eachtracha, um Chearta an Duine agus um an gComhbheartas Slándála agus Cosanta, soláthrófar an fhaisnéis sin chomh luath agus is féidir.

3.3.

Faoina chuimsiú sin, cuirfidh Uachtaránacht na Comhairle nó an tArdrúnaí/an tArdionadaí inneachar na faisnéise íogaire in iúl d’Uachtarán Pharlaimint na hEorpa agus do choiste speisialta a bheidh faoi cheannas Chathaoirleach an Choiste um Ghnóthaí Eachtracha, um Chearta an Duine agus um an gComhbheartas Slándála agus Cosanta agus a bheidh comhdhéanta de cheithre chomhalta arna n-ainmniú ag Comhdháil na nUachtarán nuair atá gá leis an bhfaisnéis sin ar mhaithe le feidhmiú na gcumhachtaí a thugtar do Pharlaimint na hEorpa leis an gConradh ar an Aontas Eorpach sa réimse atá clúdaithe sa Chomhaontú Idirinstitiúideach seo. Féadfaidh Uachtarán Pharlaimint na hEorpa agus an coiste speisialta a iarraidh go bhféachfar ar na doiciméid i dtrácht in áitreabh na Comhairle.

Más rud é gur cuí agus gurb indéanta sin i bhfianaise chineál agus inneachar na faisnéise nó na ndoiciméad lena mbaineann, cuirfear iad ar fáil d’Uachtarán Pharlaimint na hEorpa agus roghnóidh Uachtarán Pharlaimint na hEorpa ceann de na roghanna seo a leanas:

(a)

faisnéis atá beartaithe do chathaoirleach an Choiste um Ghnóthaí Eachtracha, um Chearta an Duine agus um an gComhbheartas Slándála agus Cosanta;

(b)

rochtain ar fhaisnéis atá srianta do chathaoirleach an Choiste um Ghnóthaí Eachtracha, um Chearta an Duine agus um an gComhbheartas Slándála agus Cosanta;

(c)

plé sa Choiste um Ghnóthaí Eachtracha, um Chearta an Duine agus um an gComhbheartas Slándála agus Cosanta, i ndáil chomhairle i seomra iata dóibh, i gcomhréir le socruithe a d’fhéadfadh athrú teacht orthu de bhua an méid rúndachta atá ann;

(d)

doiciméid a sheoladh a bhfuil faisnéis bainte amach astu i bhfianaise an méid sicréideachta atá ag teastáil.

Níl na roghanna sin infheidhme má tá faisnéis íogair aicmithe mar “TRÈS SECRET/TOP SECRET”.

Maidir le faisnéis nó doiciméid atá aicmithe mar “SECRET” nó “CONFIDENTIAL”, déanfar roghnú ceann amháin de na roghanna sin ag Uachtarán Pharlaimint na hEorpa a chomhaontú roimh ré leis an gComhairle.

Ní fhoilseofar an fhaisnéis nó na doiciméid i dtrácht ná ní chuirfear ar aghaidh chuig aon seolaí eile iad.

4.   Forálacha críochnaitheacha

4.1.

Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, agus gach ceann ar leith díobh ar a chonlán féin, na bearta go léir a ghlacadh is gá chun cur chun feidhme an Chomhaontaithe Idirinstitiúidigh seo a áirithiú, lena n-áirítear na bearta is gá le haghaidh imréiteach slándála na ndaoine lena mbaineann.

4.2.

Tá an dá institiúid toilteanach Comhaontuithe Idirinstitiúideacha inchomparáideacha a chlúdaíonn faisnéis rúnda i réimsí eile de ghníomhaíochtaí na Comhairle a phlé, ar an tuiscint nach ionann forálacha an Chomhaontaithe Idirinstitiúidigh seo agus fasach do réimsí eile gníomhaíochta an Aontais nó an Chomhphobail agus nach ndéanfaidh siad difear do shubstaint aon Chomhaontuithe Idirinstitiúideacha eile.

4.3.

Déanfar an Comhaontú Idirinstitiúideach seo a athbhreithniú tar éis dhá bhliain má iarrann ceachtar den dá institiúid sin amhlaidh i bhfianaise na taithí a fhaightear le linn é a chur chun feidhme.

IARSCRÍBHINN

Cuirfear an Comhaontú Idirinstitiúideach seo chun feidhme i gcomhréir leis na rialacháin infheidhmithe iomchuí agus go háirithe i gcomhréir leis an bprionsabal ar dá réir atá toiliú an tionscnóra ina choinníoll riachtanach maidir leis an bhfaisnéis rúnda, faoi mar atá leagtha síos i bpointe 1.2, a tharchur.

Is i seomra daingnithe in áitreabh na Comhairle a fhéachfaidh comhaltaí de Choiste Speisialta de chuid Pharlaimint na hEorpa ar dhoiciméid íogaire.

Tiocfaidh an Comhaontú Idirinstitiúideach seo i bhfeidhm tar éis do Pharlaimint na hEorpa bearta slándála inmheánaí a ghlacadh atá i gcomhréir leis na prionsabail atá leagtha síos i bpointe 2.1 agus atá inchomparáideach leo sin atá ag na hinstitiúidí eile chun leibhéal comhionann cosanta don fhaisnéis íogair lena mbaineann a áirithiú.

C.   Cur chun feidhme an Chomhaontaithe Idirinstitiúidigh lena rialaítear rochtain ag an bParlaimint ar fhaisnéis íogair i réimse an bheartais slándála agus cosanta

Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Deireadh Fómhair 2002 maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Idirinstitiúidigh lena rialaítear rochtain ag Parlaimint na hEorpa ar fhaisnéis íogair de chuid na Comhairle i réimse an bheartais slándála agus cosanta (6)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint d’Airteagal 9, agus go háirithe mír 6 agus mír 7 den Airteagal sin, de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid de chuid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin (7),

ag féachaint do phointe 1 d’Iarscríbhinn VII (8), cuid A dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint d’Airteagal 20 den Chinneadh ón mBiúró an 28 Samhain 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid na Parlaiminte (9),

ag féachaint don Chomhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle maidir le rochtain ag Parlaimint na hEorpa ar fhaisnéis íogair de chuid na Comhairle i réimse an bheartais slándála agus cosanta,

ag féachaint don togra ón mBiúró,

ag féachaint do chineál sonrach agus do shubstaint thar a bheith íogair roinnt míreanna an-rúnda faisnéise i réimse an bheartais slándála agus cosanta,

de bhrí, i gcomhréir leis na forálacha atá comhaontaithe idir na hinstitiúidí, go bhfuil ar an gComhairle faisnéis faoi dhoiciméid íogaire a chur ar fáil don Pharlaimint,

de bhrí nach mór, maidir le Feisirí de Pharlaimint na hEorpa atá ar an gcoiste speisialta arna chur ar bun leis an gComhaontú Idirinstitiúideach, imréiteach a dhéanamh ina leith i gcomhair rochtana ar fhaisnéis íogair i gcomhréir leis an bprionsabal “eolas ar bhonn riachtanais”,

ag féachaint don ghá atá le socruithe sonracha a leagan síos maidir le faisnéis íogair arna cur ar aghaidh ag an gComhairle, ag Ballstáit, ag tríú Stáit nó ag eagraíochtaí idirnáisiúnta a ghlacadh, maidir le déileáil leis an bhfaisnéis sin agus maidir leis an bhfaisnéis sin a choimirciú,

TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:

Airteagal 1

Leis an gCinneadh seo, glactar bearta breise atá ag teastáil chun an Comhaontú Idirinstitiúideach lena rialaítear rochtain ag Parlaimint na hEorpa ar fhaisnéis íogair de chuid na Comhairle i réimse an bheartais slándála agus cosanta a chur chun feidhme.

Airteagal 2

Maidir le hiarrataí ón bParlaimint ar rochtain ar fhaisnéis íogair de chuid na Comhairle, déileálfaidh an Chomhairle leo ar shlí atá ag teacht lena rialacha iomchuí. Más rud é gur institiúidí eile, Ballstáit, tríú tíortha nó eagraíochtaí idirnáisiúnta a tharraing suas na doiciméid a iarrtar, ní chuirfear ar aghaidh iad ach amháin le comhaontú na n-institiúidí, na Stát nó na n-eagraíochtaí lena mbaineann.

Airteagal 3

Beidh Uachtarán na Parlaiminte freagrach as cur chun feidhme an Chomhaontaithe Idirinstitiúidigh laistigh den Institiúid.

Chuige sin, glacfaidh sé nó sí gach beart is gá chun a ráthú go ndéileálfar go rúnda le faisnéis a fhaightear go díreach ó Uachtarán na Comhairle nó ón Ardrúnaí/Ardionadaí, nó le faisnéis a fhaightear le linn a bheith ag féachaint ar dhoiciméid íogaire in áitreabh na Comhairle.

Airteagal 4

I gcás ina n-iarrann Uachtarán na Parlaiminte nó cathaoirleach an Choiste um Ghnóthaí Eachtracha, um Chearta an Duine agus um an gComhbheartas Slándála agus Cosanta ar Uachtaránacht na Comhairle nó ar an Ardrúnaí/Ardionadaí faisnéis íogair a sholáthar don choiste speisialta arna chur ar bun leis an gComhaontú Idirinstitiúideach, soláthrófar an fhaisnéis sin chomh luath agus is féidir. Chuige sin, feisteoidh an Pharlaimint seomra a bheidh deartha go speisialta chun cruinnithe a thionól chun déileáil le faisnéis íogair. Roghnófar an seomra d’fhonn a ráthú go mbeidh leibhéal cosanta ann atá comhionann leis an leibhéal cosanta atá leagtha síos don chineál seo cruinnithe le Cinneadh 2001/264/CE ón gComhairle an 19 Márta 2001 lena nglactar rialacháin slándála na Comhairle (10).

Airteagal 5

Déanfar an cruinniú faisnéise a sheoladh i seomra iata faoi cheannas Uachtarán na Parlaiminte nó chathaoirleach an choiste thuasluaite.

Cé is moite den cheathrar Feisirí arna gceapadh ag Comhdháil na nUachtarán, ní bheidh rochtain ar an seomra cruinnithe ag aon duine eile seachas na hoifigigh sin ar ina leith, de bhua a ndualgas nó i gcomhréir lena riachtanais oibríochta, a bheidh imréiteach déanta agus údarú tugtha i ndáil le dul isteach sa seomra cruinnithe, ach sin faoi réir an phrionsabail “eolas ar bhonn riachtanais”.

Airteagal 6

De bhun mhír 3.3 den Chomhaontú Idirinstitiúideach thuasluaite, más rud é go gcinnfidh Uachtarán na Parlaiminte nó cathaoirleach an choiste thuasluaite údarú a iarraidh chun féachaint ar dhoiciméid ina bhfuil faisnéis íogair, féachfar ar na doiciméid sin in áitreabh na Comhairle.

Féachfar ar na doiciméid ar an láthair i cibé leagan ina bhfuil siad ar fáil.

Airteagal 7

Beidh na Feisirí den Pharlaimint a bheidh le freastal a dhéanamh ar chruinnithe faisnéise nó a mbeidh rochtain acu ar dhoiciméid íogaire faoi réir nós imeachta imréitigh a bheidh cosúil leis an nós imeachta sin a bhaineann le Comhaltaí na Comhairle agus le Comhaltaí an Choimisiúin. Chuige sin, déanfaidh Uachtarán na Parlaiminte na bearta is gá i leith na n-údarás inniúil náisiúnta.

Airteagal 8

Déanfar oifigigh a mbeidh rochtain acu ar fhaisnéis íogair a imréiteach i gcomhréir leis na forálacha atá leagtha síos do na hinstitiúidí eile. Iarrfar ar oifigigh a bheidh imréitithe ar an tslí seo faoi réir an phrionsabail “eolas ar bhonn riachtanais” freastal ar na cruinnithe faisnéise thuasluaite nó na doiciméid i dtrácht a iniúchadh. Chuige sin, déanfaidh an tArdrúnaí, tar éis dul i gcomhairle le húdaráis inniúla na mBallstát, imréiteach a dheonú ar bhonn an fhiosrúcháin slándála a sheolann na húdaráis sin.

Airteagal 9

Ní dhéanfar an fhaisnéis a fhaightear ag cruinnithe den sórt sin nó le linn féachaint ar dhoiciméid den sórt sin ar áitreabh na Comhairle a nochtadh, a scaipeadh nó a atáirgeadh, go hiomlán nó go páirteach, in aon fhoirm. Ar an gcaoi chéanna, ní údarófar aon taifeadadh a dhéanamh ar shonraí a bhaineann leis an bhfaisnéis íogair arna soláthar ag an gComhairle.

Airteagal 10

Beidh Feisirí na Parlaiminte a bheidh ainmnithe ag Comhdháil na nUachtarán le rochtain a bheith acu ar an bhfaisnéis íogair faoi cheangal ag an gceanglas maidir le rúndacht a chaomhnú. Bainfear aon Fheisire a sháraíonn an ceanglas sin den choiste speisialta agus cuirfear Feisire eile arna ainmniú ag Comhdháil na nUachtarán ina ionad. Chuige sin, féadfaidh an Feisire atá ciontach i sárú an cheanglais éisteacht a fháil ó Chomhdháil na nUachtarán sula mbaintear den choiste speisialta é nó í, agus tionólfaidh Comhdháil na nUachtarán cruinniú speisialta i seomra iata. Chomh maith lena bhaint nó lena baint den choiste speisialta, d’fhéadfadh sé, más cuí, go ndéanfar an Feisire atá freagrach as sceitheadh faisnéise a chur faoi réir imeachtaí breithiúnacha de bhun na reachtaíochta iomchuí atá i bhfeidhm.

Airteagal 11

Maidir le hoifigigh arna n-imréiteach go cuí chun rochtain a bheith acu ar fhaisnéis íogair i gcomhréir leis an bprionsabal “eolas ar bhonn riachtanais”, beidh siad faoi cheangal ag an gceanglas maidir le rúndacht a chaomhnú. Déanfar aon oifigeach a sháraíonn an riail sin a chur faoi réir fiosrúcháin a sheolfar faoi údarás an Uachtaráin agus, más cuí, a chur faoi réir imeachtaí araíonachta i gcomhréir leis na Rialacháin Foirne (statut des fonctionnaires). Más rud é go dtionscnaítear imeachtaí breithiúnacha, glacfaidh an tUachtarán gach beart is gá lena chur ar chumas na n-údarás inniúil náisiúnta na nósanna imeachta cuí a chur chun feidhme.

Airteagal 12

Beidh an Biúró inniúil ar thabhairt faoi aon athbhreithniú, leasú nó léirmhíniú atá riachtanach de bharr chur chun feidhme an Chinnidh seo.

Airteagal 13

Beidh an Cinneadh seo mar iarscríbhinn a ghabhann le Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte agus tiocfaidh sé i bhfeidhm an lá a fhoilsítear in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é.

D.   Coimhlintí pearsanta leasa

Le formheas ón mBiúró, féadfar, ar bhonn cinnte réasúnaithe, an ceart chun iniúchadh a dhéanamh ar dhoiciméad de chuid na Parlaiminte a cheilt ar Fheisire más rud é, tar éis éisteacht a thabhairt don Fheisire lena mbaineann, go gcinneann an Biúró go mbeadh an t-iniúchadh sin ina chúis le damáiste neamh-inghlactha do leasanna institiúideacha na Parlaiminte nó do leas an phobail, agus go bhfuil an Feisire lena mbaineann ag féachaint leis an doiciméad a iniúchadh ar chúiseanna príobháideacha pearsanta. Féadfaidh an Feisire achomharc i scríbhinn a thaisceadh i gcoinne cinnte den sórt sin laistigh de mhí amháin tar éis fógra a fháil ina leith, agus ní mór cúiseanna a bheith san áireamh san achomharc. Déanfaidh an Pharlaimint cinneadh ar an achomharc gan díospóireacht le linn an pháirtseisiúin tar éis an t-achomharc a thaisceadh.


(1)  Arna ghlacadh le cinneadh ón bParlaimint an 15 Feabhra 1989 agus arna leasú le cinneadh uaithi an 13 Samhain 2001.

(2)  IO C 298, 30.11.2002, lch. 1.

(3)  IO L 145, 31.5.2001, lch. 43.

(4)  IO L 113, 19.5.1995, lch. 1.

(5)  IO C 172, 18.6.1999, lch. 1.

(6)  IO C 298, 30.11.2002, lch. 4.

(7)  IO L 145, 31.5.2001, lch. 43.

(8)  Iarscríbhinn VIII anois.

(9)  IO C 374, 29.12.2001, lch. 1.

(10)  IO L 101, 11.4.2001, lch. 1.


IARSCRÍBHINN IX

FORÁLACHA MIONSONRAITHE LENA RIALAÍTEAR FEIDHMIÚ CHEART FIOSRÚCHÁIN PHARLAIMINT NA hEORPA

Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún an 19 Aibreán 1995 maidir leis na forálacha mionsonraithe lena rialaítear feidhmiú cheart fiosrúcháin Pharlaimint na hEorpa (1)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA, AN CHOMHAIRLE AGUS AN COIMISIÚN,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach, agus go háirithe Airteagal 20b de,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 193 de,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 107b de,

De bhrí gur cheart na forálacha mionsonraithe lena rialaítear feidhmiú cheart fiosrúcháin Pharlaimint na hEorpa a chinneadh agus aird chuí á tabhairt ar na forálacha atá leagtha síos leis na Conarthaí ag bunú na gComhphobal Eorpach;

De bhrí nach mór do choistí sealadacha fiosrúcháin na hacmhainní is gá chun a gcuid dualgas a chomhlíonadh a bheith acu; de bhrí, chun na críche sin, go bhfuil sé riachtanach go nglacfaidh na Ballstáit agus institiúidí agus comhlachtaí na gComhphobal Eorpach gach beart chun comhlíonadh na ndualgas sin a éascú;

De bhrí nach mór sicréideacht agus rúndacht imeachtaí coistí sealadacha fiosrúcháin a chosaint;

De bhrí, ar iarraidh ó cheann amháin de na trí institiúid lena mbaineann, go bhféadfar na forálacha mionsonraithe lena rialaítear feidhmiú an cheart fiosrúcháin a athbhreithniú ó dheireadh théarma reatha Pharlaimint na hEorpa i bhfianaise na taithí,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH DE THOIL A CHÉILE:

Airteagal 1

Maidir leis na forálacha mionsonraithe lena rialaítear feidhmiú cheart fiosrúcháin Pharlaimint na hEorpa, beidh siad mar atá leagtha síos leis an gCinneadh seo, i gcomhréir le hAirteagal 20b de Chonradh CEGC, le hAirteagal 193 de Chonradh CE agus le hAirteagal 107b de Chonradh CEFA.

Airteagal 2

1.   Faoi réir na gcoinníollacha agus na dteorainneacha atá leagtha síos leis na Conarthaí dá dtagraítear in Airteagal 1 agus i gcúrsa a dualgas, féadfaidh Parlaimint na hEorpa, arna iarraidh sin ag an gceathrú cuid dá Feisirí, coiste sealadach fiosrúcháin a chur ar bun chun imscrúdú a dhéanamh ar sháruithe líomhnaithe nó ar dhrochriarachán líomhnaithe le linn dlí an Chomhphobail a chur chun feidhme, ar nithe iad ar dealraitheach iad a bheith ina ngníomh de chuid institiúide nó comhlachta de chuid na gComhphobal Eorpach, nó de chuid chomhlachta riaracháin phoiblí Ballstáit, nó de chuid daoine a bhfuil an chumhacht acu, faoi dhlí an Chomhphobail, chun an dlí sin a chur chun feidhme.

Cinnfidh Parlaimint na hEorpa comhdhéanamh agus rialacha nós imeachta coistí sealadacha fiosrúcháin.

Maidir leis an gcinneadh chun coiste sealadach fiosrúcháin a chur ar bun, ar cinneadh é ina sonrófar go háirithe a chuspóir agus an teorainn ama chun a thuarascáil a thíolacadh, foilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é.

2.   Comhallfaidh an coiste sealadach fiosrúcháin a dhualgais i gcomhréir leis na cumhachtaí a thugtar d’institiúidí agus do chomhlachtaí na gComhphobal Eorpach leis na Conarthaí.

Beidh ar chomhaltaí an choiste shealadaigh fiosrúcháin agus ar aon duine eile a bheidh, de dhroim a ndualgas, tar éis teacht ar fhíorais, ar fhaisnéis, ar eolas, ar dhoiciméid nó ar rudaí nach mór sicréideacht a chaomhnú ina leith de bhun forálacha arna nglacadh ag Ballstát nó ag institiúid Comhphobail, na nithe sin a choinneáil faoi rún, fiú amháin tar éis a gcuid dualgas a bheith tagtha chun deiridh, gan iad a lua le haon duine neamhúdaraithe ná leis an bpobal.

Is go poiblí a bheidh éisteachtaí agus tabhairt na fianaise. Seolfar na himeachtaí i seomra iata má iarrann an ceathrú cuid de chomhaltaí an choiste fiosrúcháin, an Comhphobal nó na húdaráis náisiúnta amhlaidh, nó i gcás ina bhfuil faisnéis shicréideach á breithniú ag an gcoiste sealadach fiosrúcháin. Beidh de cheart ag finnéithe agus ag saineolaithe ráiteas a dhéanamh nó fianaise a thabhairt i seomra iata.

3.   Ní fhéadfaidh coiste sealadach fiosrúcháin nithe a imscrúdú atá ina saincheist os comhair cúirte dlí náisiúnta nó Comhphobail go dtí cibé tráth a mbeidh na himeachtaí dlíthiúla tugtha chun críche.

Laistigh de thréimhse dhá mhí ón tráth a ndéantar foilsiú i gcomhréir le mír 1 nó ón tráth a ndéantar líomhain faoi shárú ar dhlí an Chomhphobail ag Ballstát, arna déanamh os comhair coiste shealadaigh fiosrúcháin, a chur in iúl don Choimisiún, féadfaidh an Coimisiún fógra a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa á rá go mbeidh ní a bheidh le scrúdú ag coiste sealadach fiosrúcháin ina ábhar do nós imeachta réamhdhlíthíochta Comhphobail; i gcásanna den sórt sin glacfaidh an coiste sealadach fiosrúcháin gach beart is gá chun a chur ar chumas an Choimisiúin na cumhachtaí a thugtar dó leis na Conarthaí a fheidhmiú go hiomlán.

4.   Scoirfidh an coiste sealadach fiosrúcháin de bheith ar marthain ar thíolacadh a thuarascála dó laistigh den teorainn ama arna leagan síos nuair a cuireadh an coiste ar bun nó, ar a dhéanaí, ag deireadh tréimhse nach faide ná dhá mhí dhéag ón dáta a cuireadh ar bun é, agus ar aon chuma ag deireadh an téarma pharlaimintigh.

Trí chinneadh réasúnaithe, féadfaidh Parlaimint na hEorpa an tréimhse dhá mhí dhéag a fhadú ar feadh trí mhí eile agus féadfar fadú den sórt sin a dhéanamh dhá uair. Foilseofar cinneadh den sórt sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

5.   Maidir le nithe ar ina leith a sheol coiste sealadach fiosrúcháin fiosrúchán cheana, ní fhéadfar coiste sealadach fiosrúcháin a chur ar bun ná a athbhunú i ndáil leis na nithe sin go dtí go mbeidh dhá mhí dhéag ar a laghad caite ón tráth a tíolacadh an tuarascáil ar an bhfiosrúchán sin nó ón tráth ar tháinig deireadh lena chúraimí agus mura rud é go mbeidh fíorais nua tagtha chun solais.

Airteagal 3

1.   De réir na gcoinníollacha atá leagtha amach thíos, déanfaidh an coiste sealadach fiosrúcháin na fiosrúcháin is gá chun fíorú a dhéanamh maidir le sáruithe líomhnaithe nó le drochriarachán líomhnaithe le linn dlí an Chomhphobail a chur chun feidhme.

2.   Féadfaidh coiste sealadach fiosrúcháin a iarraidh ar institiúid nó ar chomhlacht de chuid na gComhphobal Eorpach nó ar Rialtas Ballstáit duine dá líon a ainmniú chun páirt a ghlacadh sna himeachtaí.

3.   Ar iarratas réasúnaithe ón gcoiste sealadach fiosrúcháin, Déanfaidh na Ballstáit lena mbaineann agus na hinstitiúidí nó na comhlachtaí de chuid na gComhphobal Eorpach an t-oifigeach nó an seirbhíseach a ainmniú a bheidh údaraithe acu chun láithriú os comhair an choiste shealadaigh fiosrúcháin, mura rud é, ar fhorais sicréideachta nó ar fhorais slándála poiblí nó náisiúnta, gur gá a mhalairt de bhua reachtaíochta náisiúnta nó Comhphobail.

Labhróidh na hoifigigh nó na seirbhísigh i dtrácht thar ceann na Rialtas nó na n-institiúidí lena mbaineann siad agus de réir mar a threoraíonn na Rialtais nó na hinstitiúidí sin dóibh. Leanfaidh siad de bheith faoi cheangal ag na hoibleagáidí a eascraíonn as na rialacha a bhfuil siad faoina réir.

4.   Déanfaidh údaráis na mBallstát agus na hinstitiúidí nó na comhlachtaí de chuid na gComhphobal Eorpach na doiciméid atá riachtanach i gcomhair chomhlíonadh a dhualgas ag coiste sealadach fiosrúcháin a sholáthar don choiste sealadach fiosrúcháin nuair a iarrann an coiste sin amhlaidh nó ar a dtionscnamh féin, ach amháin i gcás ina gcoisctear déanamh amhlaidh ar chúiseanna sicréideachta nó ar chúiseanna slándála poiblí nó náisiúnta a eascraíonn as reachtaíocht nó rialacha náisiúnta nó Comhphobail.

5.   Beidh mír 3 agus mír 4 gan dochar d’aon fhorálacha eile de chuid na mBallstát lena dtoirmisctear oifigigh ó láithriú nó lena dtoirmisctear doiciméid a chur ar aghaidh.

Maidir le haon chonstaic a eascraíonn as cúiseanna sicréideachta, as slándáil phoiblí nó náisiúnta nó as na forálacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfaidh ionadaí atá údaraithe chun gealltanas a thabhairt thar ceann Rialtas an Bhallstáit lena mbaineann nó thar ceann na hinstitiúide fógra ina leith sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa.

6.   Ní dhéanfaidh institiúidí nó comhlachtaí de chuid na gComhphobal Eorpach doiciméid arna dtionscnamh i mBallstát a sholáthar don choiste sealadach fiosrúcháin gan an méid sin a chur in iúl don Stát lena mbaineann ar dtús.

Ní dhéanfaidh siad aon doiciméid, a bhfuil feidhm ag mír 5 leo, a thabhairt don choiste sealadach fiosrúcháin gan toiliú an Bhallstáit lena mbaineann a fháil ar dtús.

7.   Beidh feidhm ag mír 3, ag mír 4 agus ag mír 5 maidir le daoine nádúrtha nó daoine dlítheanacha dá gcumhachtaítear le dlí an Chomhphobail an dlí sin a chur chun feidhme.

8.   A mhéid is gá le haghaidh chomhlíonadh a chuid dualgas, féadfaidh an coiste sealadach fiosrúcháin a iarraidh ar aon duine eile fianaise a thabhairt os a chomhair. Cuirfidh an coiste sealadach fiosrúcháin aon duine a ainmnítear i gcúrsa fiosrúcháin ar an eolas ina leith sin, ar duine é nó í a bhféadfadh an t-ainmniú sin dochar a dhéanamh dó nó di; tabharfaidh sé éisteacht do dhuine den sórt sin má iarrann an duine sin amhlaidh.

Airteagal 4

1.   Ní dhéanfar faisnéis a fhaigheann an coiste sealadach fiosrúcháin a úsáid ach amháin chun a chuid dualgas a chomhlíonadh. Ní féadfar í a phoibliú má tá ábhar de chineál sicréideach nó rúnda nó ainmneacha daoine inti.

Glacfaidh Parlaimint na hEorpa na bearta riaracháin agus na rialacha nós imeachta is gá chun sicréideacht agus rúndacht imeachtaí coistí sealadacha fiosrúcháin a chosaint.

2.   Cuirfear tuarascáil an choiste shealadaigh fiosrúcháin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus féadfaidh an Pharlaimint a chinneadh an tuarascáil a phoibliú, ach sin faoi réir fhorálacha mhír 1.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa aon mholtaí a ghlacann sí ar bhonn thuarascáil an choiste shealadaigh fiosrúcháin a chur ar aghaidh chuig institiúidí nó comhlachtaí na gComhphobal Eorpach nó chuig na Ballstáit. Déanfaidh siad na conclúidí a mheasann siad is cuí a bhaint as sin.

Airteagal 5

Maidir le haon chumarsáid a bheidh dírithe ar údaráis náisiúnta na mBallstát chun críocha chur i bhfeidhm an Chinnidh seo, déanfar an chumarsáid sin chuig an Aontas Eorpach trí Bhuanionadaíochtaí na mBallstát.

Airteagal 6

Ar iarraidh a fháil ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle nó ón gCoimisiún, féadfar na rialacha thuas a athbhreithniú amhail ó dheireadh théarma reatha Pharlaimint na hEorpa i bhfianaise na taithí ina leith.

Airteagal 7

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá a fhoilsítear in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é.


(1)  IO L 113, 19.5.1995, lch. 1.


IARSCRÍBHINN X

FORÁLACHA LENA RIALAÍTEAR CUR I bhFEIDHM RIAIL 9(4) — BRÚSTOCAIREACHT SA PHARLAIMINT

Airteagal 1

Pasanna

1.   Is é a bheidh sa phas ná cárta plaisteach, a mbeidh grianghraf den sealbhóir air agus ar a dtaispeánfar sloinne agus céadainmneacha an tsealbhóra mar aon le hainm an ghnólachta, na heagraíochta nó an duine dá n-oibríonn an sealbhóir.

Beidh an pas á chaitheamh go feiceálach i gcónaí ag na pas-sealbhóirí agus iad i ngach áitreabh de chuid na Parlaiminte. Mura ndéantar amhlaidh, d’fhéadfaí an pas a tharraingt siar.

Beidh cruth agus dath éagsúil ar na pasanna i gcomparáid leis na pasanna a eisítear do chuairteoirí ócáideacha.

2.   Ní dhéanfar pasanna a athnuachan ach amháin i gcás inar chomhlíon na sealbhóirí na hoibleagáidí dá dtagraítear i Riail 9(4).

Déanfar aon díospóid ó Fheisire maidir le gníomhaíocht ionadaí nó brústocaire a tharchur chuig na Caestóirí agus fiosróidh na Caestóirí an t-ábhar agus féadfaidh siad a chinneadh cibé acu a choimeádfar an pas lena mbaineann ar marthain nó a tharraingeofar siar é.

3.   Ní fhágfaidh pasanna, in imthosca ar bith, go mbeidh sealbhóirí i dteideal freastal ar chruinnithe den Pharlaimint nó ar chruinnithe dá comhlachtaí seachas na cruinnithe sin a ndearbhaítear ina leith go bhfuil siad ar oscailt don phobal agus ní fhágfaidh siad, sa chás sin, go bhfuil an sealbhóir i dteideal maolú a fháil ar na rialacha rochtana is infheidhme maidir le gach saoránach eile de chuid an Aontais.

Airteagal 2

Cúntóirí

1.   Ag tús gach téarma pharlaimintigh, cinnfidh na Caestóirí an líon uasta cúntóirí a fhéadfaidh gach Feisire a chlárú.

Tar éis dul i mbun a gcuid dualgas, déanfaidh na cúntóirí cláraithe dearbhú i scríbhinn maidir lena ngníomhaíochtaí gairmiúla agus maidir le haon fheidhmeanna nó gníomhaíochtaí eile a bhfaigheann siad luach saothair ina leith.

2.   Beidh rochtain acu ar an bParlaimint faoi na coinníollacha céanna le foireann na hArdrúnaíochta nó le foireann na ngrúpaí polaitiúla.

3.   Ní bheidh rochtain ar an bParlaimint ag gach duine eile, lena n-áirítear na daoine a oibríonn go díreach le Feisirí, ach amháin faoi na coinníollacha atá leagtha síos i Riail 9(4).

Airteagal 3

Cód iompair

1.   I gcomhthéacs a gcaidreamh leis an bParlaimint, is mar a leanas a ghníomhóidh na daoine a mbeidh a n-ainmneacha sa chlár dá bhforáiltear i Riail 9(4):

(a)

comhlíonfaidh siad forálacha Riail 9 agus forálacha na hIarscríbhinne seo;

(b)

déanfaidh siad an leas nó na leasanna a bhfeidhmíonn siad ar a shon nó ar a son a lua ina dteagmháil leis na Feisirí den Pharlaimint, le daoine dá bhfoireann nó le hoifigigh na Parlaiminte;

(c)

staonfaidh siad ó aon ghníomh atá ceaptha chun faisnéis a fháil go mímhacánta;

(d)

ní éileoidh siad go bhfuil aon chaidreamh foirmiúil acu leis an bParlaimint in aon phlé le tríú páirtithe;

(e)

ní dhéanfaidh siad cóipeanna de dhoiciméid arna bhfáil ón bParlaimint a scaipeadh ar thríú páirtithe le haghaidh brabúis;

(f)

déanfaidh siad forálacha Iarscríbhinn I, Airteagal 2, an dara fomhír, a chomhlíonadh go docht;

(g)

deimhneoidh siad dóibh féin go ndéantar aon chúnamh a thugtar de réir fhorálacha Iarscríbhinn I, Airteagal 2 a dhearbhú sa chlár cuí;

(h)

comhlíonfaidh siad forálacha na Rialachán Foirne le linn iaroifigigh de chuid na n-institiúidí a earcú;

(i)

comhlíonfaidh siad aon rialacha arna leagan síos ag an bParlaimint maidir le cearta agus freagrachtaí iarFheisirí;

(j)

chun coimhlintí leasa a d’fhéadfadh tarlú a sheachaint, gheobhaidh siad toiliú roimh ré ón bhFeisire nó ó na Feisirí lena mbaineann maidir le haon chaidreamh conartha le cúntóir Feisire nó maidir le cúntóir Feisire a fhostú, agus deimhneoidh siad dóibh féin go ndéantar an méid sin a dhearbhú sa chlár dá bhforáiltear i Riail 9(4).

2.   Is é a d’fhéadfadh leanúint as an gCód Iompair seo a shárú ná go dtarraingeofar siar an pas a eisíodh chuig na daoine lena mbaineann agus, más cuí, chuig a ngnólachtaí.


IARSCRÍBHINN XI

COMHLÍONADH DHUALGAIS AN OMBUDSMAN

A.   Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa maidir leis na rialacháin agus na coinníollacha ginearálta lena rialaítear comhlíonadh dhualgais an Ombudsman  (1)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

Ag féachaint do na Conarthaí ag bunú na gComhphobal Eorpach, agus go háirithe d’Airteagal 195(4) den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh agus d’Airteagal 107d(4) den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach,

Ag féachaint don tuairim ón gCoimisiún,

Ag féachaint d’fhormheas na Comhairle,

De bhrí gur cheart na rialacháin agus na coinníollacha ginearálta lena rialaítear comhlíonadh dhualgais an Ombudsman a leagan síos, i gcomhréir le forálacha na gConarthaí ag bunú na gComhphobal Eorpach;

De bhrí gur cheart na coinníollacha faoina bhféadfar gearán a tharchur chuig an Ombudsman a bhunú mar aon leis an ngaolmhaireacht idir comhlíonadh dhualgais an Ombudsman agus imeachtaí dlíthiúla nó riaracháin;

De bhrí nach mór rochtain a bheith ag an Ombudsman, a fhéadfaidh gníomhú ar a thionscnamh féin freisin, rochtain a bheith aige ar na nithe go léir atá riachtanach i gcomhair chomhlíonadh a dhualgas; de bhrí, chun na críche sin, go bhfuil oibleagáid ar institiúidí agus ar chomhlachtaí an Chomhphobail aon fhaisnéis a iarrann sé orthu a sholáthar don Ombudsman gan dochar d’oibleagáid an Ombudsman gan faisnéis den sórt sin a nochtadh; de bhrí gur cheart go mbeadh rochtain ar fhaisnéis nó ar dhoiciméid rúnda, go háirithe ar dhoiciméid íogaire de réir bhrí Airteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 (2), faoi réir chomhlíonadh na rialacha ar shlándáil na hinstitiúide Comhphobail nó an chomhlachta Comhphobail lena mbaineann; de bhrí gur cheart do na hinstitiúidí nó do na comhlachtaí a sholáthraíonn faisnéis nó doiciméid rúnda mar atá luaite sa chéad fhomhír d’Airteagal 3(2) an tOmbudsman a chur ar an eolas faoin rúndacht sin; de bhrí, maidir le cur chun feidhme na rialacha dá bhforáiltear sa chéad fhomhír d’Airteagal 3(2), gur cheart go mbeadh comhaontú déanta roimh ré ag an Ombudsman leis an institiúid nó leis an gcomhlacht lena mbaineann maidir leis na coinníollacha faoina ndéileáiltear le faisnéis nó doiciméid rúnda agus le faisnéis eile atá clúdaithe faoi oibleagáid na rúndachta gairmiúla; de bhrí, más rud é go measann an tOmbudsman nach bhfuil an cúnamh a iarrtar á fháil, go gcuirfidh sé an méid sin in iúl do Pharlaimint na hEorpa, agus déanfaidh an Pharlaimint na huiríll chuí;

De bhrí gur gá na nósanna imeachta atá le leanúint a leagan síos nuair a thugann fiosrúcháin an Ombudsman cásanna drochriaracháin chun solais; de bhrí gur cheart a fhoráil freisin go ndéanfaidh an tOmbudsman tuarascáil chuimsitheach a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa ag deireadh gach seisiúin bhliantúil;

De bhrí go bhfuil an tOmbudsman agus a fhoireann faoi oibleagáid déileáil i modh rúin le haon fhaisnéis a fhaigheann siad le linn a ndualgais a chomhlíonadh; de bhrí go bhfuil an tOmbudsman faoi oibleagáid, áfach, na húdaráis inniúla a chur ar an eolas faoi fhíorais a measann sé ina leith go bhféadfadh baint a bheith acu leis an dlí coiriúil ar fíorais iad a tháinig chun suntais dó i gcúrsa a chuid fiosrúchán;

De bhrí gur cheart a fhoráil go mbeadh féidearthacht ann maidir le comhoibriú idir an tOmbudsman agus údaráis den chineál céanna i mBallstáit áirithe, i gcomhréir leis na dlíthe náisiúnta is infheidhme;

De bhrí gur faoi Pharlaimint na hEorpa atá sé an tOmbudsman a cheapadh ag tús théarma a sainordaithe agus go ceann an téarma sin, agus é a roghnú as measc daoine ar saoránaigh den Aontas iad agus a thugann gach ráthaíocht riachtanach maidir le neamhspleáchas agus inniúlacht;

De bhrí gur cheart coinníollacha a leagan síos maidir le dualgais an Ombudsman a scor;

De bhrí nach mór don Ombudsman a dhualgais a chomhlíonadh go hiomlán neamhspleách agus nach mór dó gealltanas sollúnta a thabhairt os comhair Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach á rá go ndéanfaidh sé amhlaidh ar dhul i mbun a dhualgas dó; de bhrí gur cheart gníomhaíochtaí atá ar neamhréir le dualgais an Ombudsman a leagan síos agus gur cheart luach saothair, pribhléidí agus díolúintí an Ombudsman a leagan síos;

De bhrí gur cheart forálacha a leagan síos maidir le hoifigigh agus seirbhísigh rúnaíocht an Ombudsman a chabhróidh leis agus maidir leis an mbuiséad don rúnaíocht sin; de bhrí gur cheart gur ag suíomh Pharlaimint na hEorpa a bheidh suíomh an Ombudsman;

De bhrí gur faoin Ombudsman atá sé forálacha cur chun feidhme an Chinnidh seo a ghlacadh; de bhrí gur cheart, ina theannta sin, forálacha idirthréimhseacha áirithe a leagan síos don chéad Ombudsman a cheapfar tar éis theacht i bhfeidhm Chonradh AE,

TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:

Airteagal 1

1.   Déanfar na rialacháin agus na coinníollacha ginearálta lena rialaítear comhlíonadh dhualgais an Ombudsman a leagan síos leis an gCinneadh seo i gcomhréir le hAirteagal 195(4) den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus Airteagal 107d(4) den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach.

2.   Comhlíonfaidh an tOmbudsman a dhualgais i gcomhréir leis na cumhachtaí a thugtar leis na Conarthaí d’institiúidí agus do chomhlachtaí Comhphobail.

3.   Ní fhéadfaidh an tOmbudsman idiragairt a dhéanamh i gcásanna atá os comhair na gcúirteanna ná ní fhéadfaidh sé fóntacht rialaithe cúirte a cheistiú.

Airteagal 2

1.   Faoi chuimsiú na gConarthaí réamhráite agus na gcoinníollacha atá leagtha síos iontu, tabharfaidh an tOmbudsman cabhair maidir le drochriarachán i ngníomhaíochtaí institiúidí agus comhlachtaí Comhphobail, cés moite den Chúirt Bhreithiúnais agus den Chúirt Chéadchéime ag gníomhú dóibh ina ról breithiúnach, a nochtadh agus déanfaidh sé moltaí d’fhonn deireadh a chur leis an drochriarachán sin. Ní fhéadfaidh aon ghníomh a dhéanann aon údarás nó duine eile a bheith ina ábhar gearáin don Ombudsman.

2.   Féadfaidh aon saoránach den Aontas nó aon duine nádúrtha nó dlítheanach a chónaíonn nó a bhfuil a oifig chláraithe aige i mBallstát de chuid an Aontais gearán a tharchur chuig an Ombudsman, go díreach nó trí Fheisire de Pharlaimint na hEorpa, maidir le cás drochriaracháin i ngníomhaíochtaí institiúidí nó comhlachtaí Comhphobail, cé is moite den Chúirt Bhreithiúnais agus den Chúirt Chéadchéime ag gníomhú dóibh ina ról breithiúnach. Cuirfidh an tOmbudsman an institiúid nó an comhlacht lena mbaineann ar an eolas a luaithe a tharchuirtear gearán chuige.

3.   Ní mór, maidir leis an ngearán, gur féidir an duine a thaisceann an gearán agus ábhar an ghearáin a shainaithint; féadfaidh an duine a thaisceann an gearán a iarraidh go gcoinnítear an gearán faoi rún.

4.   Déanfar gearán laistigh de dhá bhliain ón dáta a dtagann an duine a thaisceann an gearán ar an eolas faoi na fíorais ar a bhfuil an gearán bunaithe agus ní mór teagmháil iomchuí a bheith déanta roimh ré leis na hinstitiúidí agus leis na comhlachtaí lena mbaineann.

5.   Féadfaidh an tOmbudsman a rá leis an duine a thaisceann an gearán é a dhíriú ar údarás eile.

6.   Ní dhéanfaidh gearáin a chuirtear faoi bhráid an Ombudsman difear do theorainneacha ama maidir le hachomhairc in imeachtaí riaracháin nó breithiúnacha.

7.   Nuair nach mór don Ombudsman, mar gheall ar imeachtaí dlíthúla atá ar siúl nó atá críochnaithe agus a bhaineann leis na fíorais atá curtha chun cinn, a dhearbhú nach bhfuil gearán inghlactha nó breithniú an ghearáin a fhoirceannadh, déanfar toradh aon fhiosrúcháin atá déanta go dtí sin a chomhdú go cinntitheach.

8.   Ní fhéadfar aon ghearán a dhéanamh chuig an Ombudsman a bhaineann leis an gcaidreamh oibre idir institiúidí agus comhlachtaí Comhphobail agus a gcuid oifigeach agus seirbhíseach eile mura rud é go bhfuil leas bainte ag an duine lena mbaineann as na féidearthachtaí go léir i dtaca le hiarratais agus gearáin riaracháin inmheánaigh a thíolacadh, go háirithe na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 90(1) agus (2) de na Rialacháin Foirne, agus go bhfuil na teorainneacha ama i gcomhair freagraí ón údarás a achainíodh amhlaidh tar éis dul in éag.

9.   Déanfaidh an tOmbudsman an duine a thaisceann an gearán a chur ar an eolas a luaithe is féidir faoin ngníomh atá déanta aige ina leith.

Airteagal 3

1.   Déanfaidh an tOmbudsman, ar a thionscnamh féin nó tar éis gearán a fháil, na fiosrúcháin go léir a sheoladh a mheasann sé údar maith a bheith leo chun aon drochamhras faoi dhrochriarachán i ngníomhaíochtaí institiúidí agus comhlachtaí Comhphobail a shoiléiriú. Cuirfidh sé gníomh den sórt sin in iúl don institiúid nó don chomhlacht lena mbaineann agus féadfaidh an institiúid nó an comhlacht sin aon bharúil úsáideach a chur faoina bhráid.

2.   Beidh oibleagáid ar na hinstitiúidí agus ar na comhlachtaí Comhphobail aon fhaisnéis a iarrann an tOmbudsman orthu a sholáthar dó agus rochtain a thabhairt dó ar na comhaid lena mbaineann. Beidh rochtain ar fhaisnéis nó ar dhoiciméid rúnda, go háirithe doiciméid íogaire de réir bhrí Airteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001, faoi réir chomhlíonadh na rialacha ar shlándáil na hinstitiúide Comhphobail nó an chomhlachta Comhphobail lena mbaineann.

Maidir leis na hinstitiúidí nó na comhlachtaí a sholáthraíonn faisnéis nó doiciméid rúnda mar atá luaite san fhomhír sin roimhe seo, cuirfidh siad an rúndacht sin in iúl don Ombudsman.

Maidir le cur chun feidhme na rialacha dá bhforáiltear sa chéad fhomhír, beidh na coinníollacha faoina ndéileáiltear le faisnéis nó doiciméid rúnda agus le haon fhaisnéis eile atá clúdaithe le hoibleagáid na rúndachta gairmiúla comhaontaithe roimh ré ag an Ombudsman leis an institiúid nó leis an gcomhlacht lena mbaineann.

Ní thabharfaidh na hinstitiúidí nó na comhlachtaí lena mbaineann rochtain ar dhoiciméid de thionscnamh Ballstáit, ar doiciméid iad atá aicmithe le dlí nó le rialachán mar dhoiciméid shicréideacha ach amháin i gcás ina mbeidh a aontú tugtha roimh ré ag an mBallstát sin.

Tabharfaidh siad rochtain ar dhoiciméid eile de thionscnamh Ballstáit tar éis an Ballstát lena mbaineann a chur ar an eolas.

Sa dá chás sin, i gcomhréir le hAirteagal 4, ní fhéadfaidh an tOmbudsman ábhar na ndoiciméad sin a nochtadh.

Ní mór d’oifigigh agus do sheirbhísigh eile institiúidí agus comhlachtaí Comhphobail fianaise a thabhairt arna iarraidh sin ag an Ombudsman; leanfaidh siad de bheith faoi cheangal ag rialacha iomchuí na Rialachán Foirne, go háirithe a ndualgas maidir le rúndacht ghairmiúil.

3.   Aon uair a iarrfaidh an tOmbudsman amhlaidh, beidh údaráis na mBallstát faoi oibleagáid aon fhaisnéis a d’fhéadfadh a bheith ina chabhair maidir le soiléiriú a thabhairt ar chásanna drochriaracháin ag institiúidí nó ag comhlachtaí Comhphobail a sholáthar don Ombudsman, trí Bhuanionadaíochtaí na mBallstát chuig na Comhphobail Eorpacha, mura rud é go bhfuil an fhaisnéis sin clúdaithe le dlíthe nó rialacháin ar rúndacht nó le forálacha lena gcoisctear í a chur in iúl. Mar sin féin, sa chás is deireanaí atá luaite, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann cead a thabhairt don Ombudsman an fhaisnéis sin a bheith aige ar choinníoll go ngeallann sé nach nochtfaidh sé í.

4.   Más rud é nach bhfaigheann sé an cúnamh a iarrann sé, cuirfidh an tOmbudsman an méid sin in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus déanfaidh an Pharlaimint na huiríll chuí.

5.   A mhéid is féidir, féachfaidh an tOmbudsman le réiteach a fháil in éineacht leis an institiúid nó leis an gcomhlacht lena mbaineann chun deireadh a chur leis an gcás drochriaracháin agus chun an gearán a shásamh.

6.   Má chinneann an tOmbudsman go raibh drochriarachán ann, cuirfidh sé an institiúid nó an comhlacht lena mbaineann ar an eolas faoin méid sin agus, i gcás inarb iomchuí, déanfaidh sé dréachtmholtaí. Déanfaidh an institiúid nó an comhlacht a chuirtear ar an eolas amhlaidh tuairim mhionsonraithe a chur chuig an Ombudsman laistigh de thrí mhí.

7.   Déanfaidh an tOmbudsman tuarascáil a chur ansin chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an institiúid nó chuig an gcomhlacht lena mbaineann. Féadfaidh sé moltaí a dhéanamh ina thuarascáil. Cuirfidh an tOmbudsman an duine a thaisceann an gearán ar an eolas faoi thoradh na bhfiosrúchán, faoin tuairim arna léiriú ag an institiúid nó ag an gcomhlacht lena mbaineann agus faoi aon mholtaí arna ndéanamh ag an Ombudsman.

8.   Ag deireadh gach seisiúin bhliantúil, cuirfidh an tOmbudsman tuarascáil ar thorthaí a chuid fiosrúchán faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa.

Airteagal 4

1.   Beidh de cheangal ar an Ombudsman agus ar a fhoireann, a mbeidh feidhm ag Airteagal 287 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh agus ag Airteagal 194 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach ina leith, gan aon fhaisnéis ná doiciméid a fhaigheann siad i gcúrsa a gcuid fiosrúchán a nochtadh. Ceanglófar orthu, go háirithe, gan aon fhaisnéis rúnda ná aon doiciméad a sholáthraítear don Ombudsman a nochtadh, go háirithe doiciméid íogaire de réir bhrí Airteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001, nó doiciméid a thagann faoi raon feidhme reachtaíocht an Chomhphobail maidir le cosaint sonraí pearsanta, chomh maith le haon fhaisnéis a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh don duine a thaisceann an gearán nó d’aon duine eile atá bainteach leis, ach sin gan dochar do mhír 2.

2.   Más rud é, i gcúrsa na bhfiosrúchán, go bhfaigheann an tOmbudsman amach faoi fhíorais a measann sé ina leith go bhféadfadh baint a bheith acu leis an dlí coiriúil, tabharfaidh sé fógra láithreach do na húdaráis inniúla náisiúnta trí Bhuanionadaíochtaí na mBallstát chuig na Comhphobail Eorpacha agus, a mhéid a thagann an cás faoi réim a chumhachtaí, don institiúid inniúil Chomhphobail, don chomhlacht inniúil Comhphobail nó don tSeirbhís inniúil Chomhphobail atá i gceannas ar chalaois a chomhrac; más iomchuí, tabharfaidh an tOmbudsman fógra freisin don institiúid Chomhphobail nó don chomhlacht Comhphobail ag a bhfuil údarás ar an oifigeach nó ar an seirbhíseach lena mbaineann agus féadfaidh sé an dara mír d’Airteagal 18 den Phrótacal ar Phribhléidí agus Díolúintí na gComhphobal Eorpach a chur i bhfeidhm. Féadfaidh an tOmbudsman an institiúid Chomhphobail nó an comhlacht Comhphobail lena mbaineann a chur ar an eolas freisin faoi fhíorais a chaitheann amhras ar iompar duine dá bhfoireann ó thaobh araíonachta de.

Airteagal 4a

Maidir le hiarrataí ar rochtain phoiblí ar dhoiciméid, seachas na doiciméid sin dá dtagraítear in Airteagal 4(1), déileálfaidh an tOmbudsman agus a fhoireann leo i gcomhréir leis na coinníollacha agus leis na teorainneacha dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001.

Airteagal 5

1.   A mhéid a bheidh sé ina chabhair maidir lena fhiosrúcháin a dhéanamh níos éifeachtúla agus a bheidh coimirce níos fearr ann le haghaidh chearta agus leasanna na ndaoine a chuireann gearáin faoi bhráid an Ombudsman, féadfaidh an tOmbudsman comhoibriú le húdaráis den chineál céanna i mBallstáit áirithe ar choinníoll go gcomhlíonann sé an dlí náisiúnta is infheidhme. Ní fhéadfaidh an tOmbudsman a éileamh, tríd an meán sin, doiciméid a fheiceáil nach mbeadh rochtain aige orthu faoi Airteagal 3.

2.   De réir raon feidhme a chuid dualgas mar atá leagtha síos in Airteagal 195 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh agus in Airteagal 107d den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus aon dúblú á sheachaint i dtaca le gníomhaíochtaí institiúidí nó comhlachtaí eile, féadfaidh an tOmbudsman, faoi na coinníollacha céanna, comhoibriú le hinstitiúidí agus le comhlachtaí na mBallstát a bhfuil cur chun cinn agus cosaint na gceart bunúsach mar chúram orthu.

Airteagal 6

1.   Tar éis gach toghcháin chuig Parlaimint na hEorpa, ceapfaidh Parlaimint na hEorpa an tOmbudsman go ceann ré a sainordaithe. Beidh sé cáilithe lena athcheapadh.

2.   Roghnófar an tOmbudsman as measc daoine ar saoránaigh de chuid an Aontais iad, a bhfuil lánchearta sibhialta agus polaitíochta acu, a thugann gach ráthaíocht neamhspleáchais, a chomhlíonann na coinníollacha is gá chun an oifig bhreithiúnachta is airde ina dtír féin a fheidhmiú nó a bhfuil inniúlacht agus taithí aitheanta acu chun dul i mbun dhualgais an Ombudsman.

Airteagal 7

1.   Scoirfidh an tOmbudsman dá chuid dualgas a fheidhmiú ag deireadh a théarma oifige nó ar éirí as oifig dó nó tar éis é a chur as oifig.

2.   Ach amháin i gcás ina gcuirtear as oifig é, fanfaidh an tOmbudsman in oifig go dtí go gceapfar a chomharba.

3.   I gcás luathscor de na dualgais, ceapfar comharba laistigh de thrí mhí ón tráth a thagann an oifig chun bheith folamh agus beidh an comharba sin arna cheapadh go ceann an chuid den téarma parlaiminteach atá fágtha.

Airteagal 8

Féadfaidh Cúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach, ar iarraidh a fháil ó Pharlaimint na hEorpa, Ombudsman nach gcomhlíonann a thuilleadh na coinníollacha atá riachtanach le haghaidh chomhlíonadh a chuid dualgas nó atá ciontach i mí-iompar tromchúiseach a chur as oifig.

Airteagal 9

1.   Comhlíonfaidh an tOmbudsman a chuid dualgas go hiomlán neamhspleách, ar mhaithe le leas ginearálta na gComhphobal agus shaoránaigh an Aontais. Le linn a chuid dualgas a chomhlíonadh, ní iarrfaidh sé treoracha ar aon rialtas nó comhlacht eile ná ní ghlacfaidh sé treoracha ó aon rialtas ná comhlacht eile. Staonfaidh sé ó aon ghníomh atá ar neamhréir le cineál a chuid dualgas.

2.   Nuair a rachaidh sé i mbun a chuid dualgas, tabharfaidh an tOmbudsman gealltanas sollúnta os comhair Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach á rá go gcomhlíonfaidh sé a chuid dualgas go hiomlán neamhspleách agus neamhchlaon agus go ndéanfaidh sé, le linn a théarma oifige agus dá éis sin, na hoibleagáidí a urramú a eascraíonn as sin, go háirithe a dhualgas chun feidhmiú go macánta agus go discréideach maidir le ceapacháin nó sochair áirithe a ghlacadh tar éis dó scor dá oifig a shealbhú.

Airteagal 10

1.   Le linn a théarma oifige, ní fhéadfaidh an tOmbudsman a bheith ag gabháil d’aon dualgais pholaitíochta nó riaracháin, nó d’aon slí bheatha eile, cibé acu sochrach nó neamhshochrach.

2.   Beidh an chéim chéanna ag an Ombudsman ó thaobh luach saothair, liúntas agus pinsin de agus atá ag breitheamh de Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach.

3.   Beidh feidhm ag Airteagail 12 go 15 agus ag Airteagal 18 den Phrótacal ar Phribhléidí agus Díolúintí na gComhphobal Eorpach maidir leis an Ombudsman agus maidir le hoifigigh agus seirbhísigh a rúnaíochta.

Airteagal 11

1.   Gheobhaidh an tOmbudsman cúnamh ó rúnaíocht agus ceapfaidh an tOmbudsman príomhoifigeach na rúnaíochta sin.

2.   Beidh oifigigh agus seirbhísigh rúnaíocht an Ombudsman faoi réir na rialacha agus na rialachán is infheidhme maidir le hoifigigh agus seirbhísigh eile na gComhphobal Eorpach. Glacfar a líon gach bliain mar chuid den nós imeachta buiséadach.

3.   Déanfar Oifigigh de chuid na gComhphobal Eorpach agus de chuid na mBallstát a cheaptar chuig rúnaíocht an Ombudsman a iasachtú ar mhaithe le leasanna na seirbhíse agus beidh ráthaíocht acu go ndéanfar iad a athbhunú go huathoibríoch ina n-institiúid bhunaidh.

4.   I dtaca le nithe a bhaineann lena fhoireann, beidh an stádas céanna ag an Ombudsman atá ag na hinstitiúidí de réir bhrí Airteagal 1 de Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach.

Airteagal 12

Scriosta

Airteagal 13

Beidh suíomh an Ombudsman suite ag suíomh Pharlaimint na hEorpa.

Airteagal 14

Glacfaidh an tOmbudsman na forálacha cur chun feidhme don Chinneadh seo.

Airteagal 15

Déanfar an chéad Ombudsman a bheidh le ceapadh tar éis theacht i bhfeidhm Chonradh AE a cheapadh go ceann an chuid den téarma parlaiminteach atá fágtha.

Airteagal 16

Scriosta

Airteagal 17

Foilseofar an Cinneadh seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Tiocfaidh sé i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe.

B.   Cinneadh ón Ombudsman Eorpach lena nglactar forálacha cur chun feidhme  (3)

Airteagal 1

Sainmhínithe

Sna forálacha cur chun feidhme seo,

(a)

ciallaíonn “institiúid lena mbaineann” an institiúid Chomhphobail nó an comhlacht Comhphobail is ábhar do ghearán nó is ábhar d’fhiosrúchán féintionscnaimh;

(b)

ciallaíonn “an Reacht” na rialacháin agus na coinníollacha ginearálta lena rialaítear comhlíonadh dhualgais an Ombudsman;

(c)

maidir le doiciméid agus faisnéis, is é a chiallaíonn “rúnda” ná “gan bheith le nochtadh”.

Airteagal 2

Gearáin a fháil

2.1.

Déantar gearáin a shainaithint, a chlárú agus a uimhriú nuair a fhaightear iad.

2.2.

Déantar admháil á rá go bhfuarthas gearán a chur chuig an ngearánach, ar admháil í ina dtugtar uimhir chláraithe an ghearáin agus ainm an oifigigh dlí atá ag déileáil leis an gcás.

2.3.

Déileáiltear mar ghearán le hachainí a aistríonn Parlaimint na hEorpa, le toiliú an achainígh, chuig an Ombudsman.

2.4.

I gcásanna cuí agus le toiliú an ghearánaigh, féadfaidh an tOmbudsman gearán a aistriú chuig Parlaimint na hEorpa chun go ndéileálfar leis mar achainí.

2.5.

I gcásanna cuí agus le toiliú an ghearánaigh, féadfaidh an tOmbudsman gearán a aistriú chuig údarás inniúil eile.

Airteagal 3

Inghlacthacht gearán

3.1.

Ar bhonn na gcritéar atá leagtha síos sa Chonradh agus sa Reacht, déanann an tOmbudsman cinneadh i dtaobh an dtagann gearán faoi réim a shainordaithe agus, má thagann, an bhfuil sé inghlactha; féadfaidh sé a iarraidh ar an ngearánach tuilleadh faisnéise nó doiciméad a sholáthar sula ndéanann sé an bhreith.

3.2.

Más rud é nach dtagann gearán faoi réim an tsainordaithe, nó má tá sé neamh-inghlactha, dúnann an tOmbudsman an comhad ar an ngearán. Cuireann sé a chinneadh agus na cúiseanna leis an gcinneadh sin in iúl don ghearánach. Féadfaidh an tOmbudsman a rá leis an ngearánach go bhféadfaidh sé nó sí iarratas a dhéanamh chuig údarás eile.

Airteagal 4

Fiosrúcháin maidir le gearáin inghlactha

4.1.

Déanann an tOmbudsman cinneadh i dtaobh an bhfuil forais leordhóthanacha ann chun go mbeadh údar maith ann le fiosrúcháin a dhéanamh maidir le gearán inghlactha.

4.2.

Más rud é nach bhfaigheann sé forais leordhóthanacha chun go mbeadh údar maith ann le fiosrúcháin a dhéanamh, dúnann an tOmbudsman an comhad ar an ngearán agus cuireann sé an gearánach ar an eolas dá réir. Féadfaidh an tOmbudsman an institiúid lena mbaineann a chur ar an eolas freisin.

4.3.

Má fhaigheann an tOmbudsman forais leordhóthanacha chun go mbeadh údar maith ann le fiosrúcháin a dhéanamh, cuireann sé an méid sin in iúl don ghearánach agus don institiúid lena mbaineann. Cuireann sé cóip den ghearán chuig an institiúid lena mbaineann agus iarrann sé uirthi tuairim a thíolacadh laistigh de thréimhse ama shonraithe nach faide, de ghnáth, ná trí mhí. Féadfar gnéithe ar leith den ghearán, nó saincheisteanna sonracha, ar cheart déileáil leo sa tuairim, a shonrú san iarraidh a chuirtear chuig an institiúid.

4.4.

Ní chuimseoidh an tuairim aon fhaisnéis nó doiciméid a measann an institiúid lena mbaineann ina leith go bhfuil siad rúnda.

4.5.

Féadfaidh an institiúid lena mbaineann a iarraidh nach nochtfar codanna áirithe dá tuairim ach leis an ngearánach amháin. Déanfaidh sí na codanna lena mbaineann a shainaithint go soiléir agus míneoidh sí an chúis nó na cúiseanna lena hiarraidh.

4.6.

Cuireann an tOmbudsman tuairim na hinstitiúide lena mbaineann chuig an ngearánach. Tá an deis ag an ngearánach barúlacha a chur faoi bhráid an Ombudsman, laistigh de thréimhse ama shonraithe nach faide, de ghnáth, ná aon mhí amháin.

4.7.

Má mheasann sé go bhfuil sé úsáideach, déanfaidh an tOmbudsman tuilleadh fiosrúchán. Baineann pointe 4.3 go 4.6 le tuilleadh fiosrúchán, ach amháin gurb é atá sa teorainn ama maidir le freagra a fháil ón institiúid lena mbaineann ná aon mhí amháin de ghnáth.

4.8.

Má mheasann sé gurb iomchuí déanamh amhlaidh, féadfaidh an tOmbudsman nós imeachta simplithe a úsáid d’fhonn réiteach tapa a bhaint amach.

4.9.

Nuair atá a fhiosrúcháin curtha i gcrích, dúnann an tOmbudsman an cás le cinneadh réasúnaithe agus cuireann sé an gearánach agus an institiúid lena mbaineann ar an eolas.

Airteagal 5

Cumhachtaí maidir le himscrúdú

5.1.

Faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos sa Reacht, féadfaidh an tOmbudsman a cheangal ar institiúidí agus ar chomhlachtaí Comhphobail agus ar údaráis na mBallstát faisnéis nó doiciméid a sholáthar, laistigh de thréimhse ama réasúnach, chun críocha fiosrúcháin. Déanfaidh siad aon fhaisnéis nó doiciméid a mheasann siad a bheith rúnda a shainaithint go soiléir.

5.2.

Féadfaidh an tOmbudsman comhad na hinstitiúide lena mbaineann a iniúchadh. Déanfaidh an institiúid lena mbaineann aon doiciméid atá sa chomhad agus a measann sí ina leith go bhfuil sí rúnda a shainaithint go soiléir. Féadfaidh an tOmbudsman cóipeanna a dhéanamh den chomhad iomlán nó de dhoiciméid shonracha atá sa chomhad. Cuireann an tOmbudsman in iúl don ghearánach go bhfuil iniúchadh déanta.

5.3.

Féadfaidh an tOmbudsman a cheangal ar oifigigh nó ar sheirbhísigh eile de chuid institiúidí nó comhlachtaí Comhphobail fianaise a thabhairt faoi na coinníollacha atá leagtha síos sa Reacht. Féadfaidh an tOmbudsman a chinneadh, maidir leis an duine a thugann fianaise, go ndéanfaidh sé amhlaidh faoi rún.

5.4.

Féadfaidh an tOmbudsman a iarraidh ar institiúidí agus ar chomhlachtaí Comhphobail socruithe a dhéanamh chun go bhféadfaidh sé a chuid fiosrúchán a dhéanamh ar an láthair.

5.5.

Féadfaidh an tOmbudsman cibé staidéir nó tuarascálacha saineolaí a choimisiúnú a mheasann sé is gá chun go mbeidh rath ar fhiosrúchán.

Airteagal 6

Réitigh chairdiúla

6.1.

Má aimsíonn an tOmbudsman drochriarachán, comhoibríonn sé a mhéid is féidir leis an institiúid lena mbaineann chun teacht ar réiteach cairdiúil chun deireadh a chur leis an drochriarachán agus chun an gearánach a shásamh.

6.2.

Má mheasann an tOmbudsman gur éirigh le comhoibriú den sórt sin, dúnann sé an cás le cinneadh réasúnaithe. Cuireann sé an gearánach agus an institiúid lena mbaineann ar an eolas faoin gcinneadh.

6.3.

Má mheasann an tOmbudsman nach féidir teacht ar réiteach cairdiúil, nó nár éirigh leis an iarracht teacht ar réiteach cairdiúil, dúnann sé an cás le cinneadh réasúnaithe a bhféadfadh ráiteas cáinte a bheith ann nó tugann sé tuarascáil ina bhfuil dréachtmholtaí.

Airteagal 7

Ráiteas cáinte

7.1.

Déanfaidh an tOmbudsman ráiteas cáinte má mheasann sé:

(a)

nach féidir leis an institiúid lena mbaineann a thuilleadh deireadh a chur leis an gcás drochriaracháin; agus

(b)

nach bhfuil aon impleachtaí ginearálta ag an gcás drochriaracháin.

7.2.

Nuair a dhúnann an tOmbudsman an cás le ráiteas cáinte, cuireann sé an méid sin in iúl don ghearánach agus don institiúid lena mbaineann.

Airteagal 8

Tuarascálacha agus moltaí

8.1.

Tugann an tOmbudsman tuarascáil ina bhfuil dréachtmholtaí don institiúid lena mbaineann má mheasann sé

(a)

gur féidir leis an institiúid lena mbaineann deireadh a chur leis an gcás drochriaracháin; nó

(b)

go bhfuil impleachtaí ginearálta ag an gcás drochriaracháin.

8.2.

Cuireann an tOmbudsman cóip dá thuarascáil agus dá dhréachtmholtaí chuig an institiúid lena mbaineann agus chuig an ngearánach.

8.3.

Cuireann an institiúid lena mbaineann tuairim mhionsonraithe chuig an Ombudsman laistigh de thrí mhí. D’fhéadfadh sé gurb é atá sa tuairim mhionsonraithe ná glacadh le cinneadh an Ombudsman agus tuairisc ar na bearta atá glactha chun na dréachtmholtaí a chur chun feidhme.

8.4.

Más rud é nach measann an tOmbudsman go bhfuil an tuairim mhionsonraithe sásúil, féadfaidh sé tuarascáil speisialta a tharraingt suas do Pharlaimint na hEorpa i ndáil leis an gcás drochriaracháin. D’fhéadfadh moltaí a bheith sa tuarascáil sin. Cuireann an tOmbudsman cóip den tuarascáil chuig an institiúid lena mbaineann agus chuig an ngearánach.

Airteagal 9

Fiosrúcháin féintionscnaimh

9.1.

Féadfaidh an tOmbudsman a chinneadh go ndéanfar fiosrúcháin ar a thionscnamh féin.

9.2.

Le linn fiosrúcháin féintionscnaimh a sheoladh, tá cumhachtaí an Ombudsman maidir le himscrúdú comhionann leis na cumhachtaí atá aige i bhfiosrúcháin arna dtionscnamh tar éis gearán a fháil.

9.3.

Mar an gcéanna, tá feidhm ag na nósanna imeachta a leantar i bhfiosrúcháin arna dtionscnamh tar éis gearán a fháil maidir le fiosrúcháin féintionscnaimh freisin.

Airteagal 10

Pointí nós imeachta

10.1.

Má iarrann an gearánach amhlaidh, déanann an tOmbudsman gearán a aicmiú mar ghearán faoi rún. Má mheasann sé gur gá leasanna an ghearánaigh nó leasanna tríú páirtí a chosaint, féadfaidh an tOmbudsman, ar a thionscnamh féin, gearán a aicmiú mar ghearán faoi rún.

10.2.

Má mheasann sé gur cuí déanamh amhlaidh, féadfaidh an tOmbudsman bearta a dhéanamh lena chinntiú go ndéileáiltear le gearán mar ábhar tosaíochta.

10.3.

Má thionscnaítear imeachtaí dlíthiúla i ndáil le nithe a bhíonn á n-imscrúdú ag an Ombudsman, dúnann sé an cás. Déantar toradh aon fhiosrúchán atá déanta aige go dtí sin a chomhdú gan aon ghníomh eile a dhéanamh.

10.4.

Cuireann an tOmbudsman na húdaráis náisiúnta iomchuí agus más cuí, institiúid nó comhlacht Comhphobail, ar an eolas faoi aon nithe a bhaineann leis an dlí coiriúil agus a thagann chun suntais dó i gcúrsa fiosrúcháin. Féadfaidh an tOmbudsman institiúid nó comhlacht Comhphobail a chur ar an eolas freisin faoi fhíorais a d’fhéadfadh, ina thuairim féin, a bheith ina n-údar maith le himeachtaí araíonachta.

Airteagal 11

Tuarascálacha do Pharlaimint na hEorpa

11.1.

Cuireann an tOmbudsman tuarascáil bhliantúil ar a chuid gníomhaíochtaí ina n-iomláine, lena n-áirítear toradh a chuid fiosrúchán, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa.

11.2.

Chomh maith le tuarascálacha speisialta arna dtabhairt faoi Airteagal 8.4 thuas, féadfaidh an tOmbudsman aon tuarascálacha speisialta eile a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa a mheasann sé is cuí chun a chuid freagrachtaí faoi na Conarthaí agus faoin Reacht a chomhlíonadh.

11.3.

Féadfaidh cibé moltaí a mheasann an tOmbudsman a bheith cuí chun a chuid freagrachtaí faoi na Conarthaí agus faoin Reacht a chomhlíonadh a bheith ina chuid tuarascálacha bliantúla agus ina chuid tuarascálacha speisialta.

Airteagal 12

Comhoibriú le hoifigí ombudsman agus le comhlachtaí comhchosúla i mBallstáit

Féadfaidh an tOmbudsman oibriú i gcomhar le hoifigí ombudsman agus le comhlachtaí comhchosúla sna Ballstáit d’fhonn feabhas a chur ar éifeachtúlacht a chuid fiosrúchán féin agus na bhfiosrúchán sin arna ndéanamh ag oifigí ombudsman agus ag comhlachtaí comhchosúla sna Ballstáit agus d’fhonn foráil níos éifeachtúla a dhéanamh maidir le cosaint ceart agus leasanna faoi dhlí an Aontais Eorpaigh agus an Chomhphobail Eorpaigh.

Airteagal 13

Ceart an ghearánaigh an comhad a fheiceáil

13.1.

Beidh an gearánach i dteideal comhad an Ombudsman ar a ghearán nó ar a gearán a fheiceáil, ach sin faoi réir Airteagal 13.3 thíos.

13.2.

Féadfaidh an gearánach an ceart an comhad a fheiceáil ar an láthair a fheidhmiú. Féadfaidh sé nó sí a iarraidh ar an Ombudsman cóip den chomhad iomlán nó de dhoiciméid ar leith sa chomhad a sholáthar.

13.3.

Ní bheidh rochtain ag an ngearánach ar na nithe seo a leanas:

(a)

doiciméid nó faisnéis a fhaightear de bhua Airteagal 5.1 nó Airteagal 5.2 thuas agus ar nithe iad ar léiríodh don Ombudsman ina leith go bhfuil siad rúnda;

(b)

fianaise a thugtar faoi rún i gcomhréir le hAirteagal 5.3 thuas.

Airteagal 14

Rochtain phoiblí ar dhoiciméid a shealbhaíonn an tOmbudsman

14.1.

Beidh rochtain ag an bpobal ar dhoiciméid a shealbhaíonn an tOmbudsman agus nach mbaineann le fiosrúcháin, ach sin faoi réir na gcoinníollacha agus na dteorainneacha céanna leo sin atá leagtha síos le Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 (4) maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid de chuid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin agus faoi réir Airteagal 14.2 thíos.

14.2.

Féadfaidh daoine den phobal rochtain a iarraidh ar dhoiciméid a bhaineann le fiosrúcháin agus a shealbhaíonn an tOmbudsman, ar choinníoll nár aicmíodh an gearán mar ábhar rúnda arna iarraidh sin don ghearánach nó don Ombudsman de bhun Airteagal 10.1 thuas. Ní thabharfar rochtain ar na nithe seo a leanas:

(a)

doiciméid nó faisnéis a fhaightear de bhua Airteagal 5.1 nó Airteagal 5.2 thuas ar nithe iad ar léiríodh don Ombudsman ina leith go bhfuil siad rúnda;

(b)

fianaise a thugtar faoi rún i gcomhréir le hAirteagal 5.3 thuas;

(c)

na codanna sin dá thuairim ná freagraí ar aon fhiosrúcháin bhreise ar nithe iad, de réir Airteagal 4.5 thuas, ar iarr an institiúid lena mbaineann gan iad a nochtadh ach amháin don ghearánach. Cuirfear an gearánach ar an eolas faoin gcúis nó faoi na cúiseanna a thug an institiúid lena mbaineann maidir lena hiarraidh;

(d)

doiciméad a dhéanfadh dochar d’iontaofacht fiosrúcháin leanúnaigh dá nochtfaí é.

14.3.

Is i scríbhinn a dhéanfar iarratais ar rochtain ar dhoiciméid (litir, facs nó ríomhphost) agus déanfar é ar shlí a bheidh beacht a dhóthain chun go mbeifear in ann an doiciméad a shainaithint.

14.4.

Tugtar rochtain ar an láthair nó tugtar rochtain trí chóip a sholáthar. Féadfaidh an tOmbudsman muirir réasúnacha a ghearradh chun cóipeanna a sholáthar. Mínítear modh ríofa aon mhuirir.

14.5.

Déantar cinntí maidir le hiarratais ar rochtain phoiblí a thabhairt laistigh de 15 lá oibre ón tráth a fhaightear an t-iarratas. I gcásanna eisceachtúla, féadfar an teorainn ama a leathnú go ceann15 lá oibre eile; cuirtear an t-iarratasóir ar an eolas roimh ré maidir leis an leathnú agus tugtar cúiseanna mionsonraithe.

14.6.

Má dhiúltaítear d’iarratas ar rochtain ar dhoiciméad go hiomlán nó go páirteach, tugtar cúiseanna leis an diúltú.

Airteagal 15

Teangacha

15.1.

Féadfar gearán a chur faoi bhráid an Ombudsman in aon cheann de na teangacha Conartha. Níl aon cheangal ar an Ombudsman déileáil le gearáin a chuirtear faoina bhráid i dteangacha eile.

15.2.

Is é a bheidh i dteanga na n-imeachtaí arna seoladh ag an Ombudsman ná ceann de na teangacha Conartha; i gcás gearáin, is í an teanga ina scríobhtar an gearán a úsáidtear.

15.3.

Cinneann an tOmbudsman cad iad na doiciméid atá le tarraingt suas i dteanga na n-imeachtaí.

Airteagal 16

Tuarascálacha a fhoilsiú

16.1.

Déanfaidh an tOmbudsman Eorpach fógraí maidir le glacadh na dtuarascálacha bliantúla agus speisialta a fhoilsiú san Iris Oifigiúil, agus poibleoidh sé an bealach ina bhféadfaidh gach duine ar spéis leo é rochtain a fháil ar théacs iomlán na ndoiciméad.

16.2.

Déantar aon tuarascálacha nó achoimrí ar chinntí an Ombudsman maidir le gearáin rúnda a fhoilsiú i bhfoirm a fhágann nach bhféadfar an gearánach a aithint.

Airteagal 17

Teacht i bhfeidhm

17.1.

Déantar na forálacha cur chun feidhme a glacadh an 16 Deireadh Fómhair 1997 a aisghairm.

17.2.

Tiocfaidh an cinneadh seo i bhfeidhm an 1 Eanáir 2003.

17.3.

Cuirfear glacadh an chinnidh seo in iúl d’Uachtarán Pharlaimint na hEorpa. Déanfar fógra a fhoilsiú san Iris Oifigiúil freisin.


(1)  Arna ghlacadh ag an bParlaimint an 9 Márta 1994 (IO L 113, 4.5.1994, lch. 15) agus arna leasú le cinntí uaithi an 14 Márta 2002 (IO L 92, 9.4.2002, lch. 13) agus an 18 Meitheamh 2008 (IO L 189, 17.7.2008, lch. 25).

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid de chuid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).

(3)  Arna ghlacadh an 8 Iúil 2002 agus arna leasú le cinneadh ón Ombudsman an 5 Aibreán 2004.

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid de chuid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).


IARSCRÍBHINN XII

CALAOIS, ÉILLIÚ AGUS AON GHNÍOMHAÍOCHT MHÍDHLEATHACH A DHÉANANN DOCHAR DO LEASANNA NA gCOMHPHOBAL A CHOSC

Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha i gcomhair imscrúduithe inmheánacha i ndáil le calaois, éilliú agus aon ghníomhaíocht mhídhleathach a dhéanann dochar do leasanna na gComhphobal a chosc (1)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 199 de,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach, agus go háirithe Airteagal 25 de,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 112 de,

Ag féachaint dá Rialacha Nós Imeachta, agus go háirithe Riail 186(c) (2) díobh,

De bharr an méid seo a leanas:

Le Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus le Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (4) maidir le himscrúduithe arna seoladh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise, foráiltear go bhfuil an Oifig le himscrúduithe riaracháin a thionscnamh agus a sheoladh laistigh de na hinstitiúidí, de na comhlachtaí agus de na hoifigí agus na gníomhaireachtaí arna mbunú le Conradh CE nó le Conradh Euratom, nó ar bhonn Chonradh CE nó Chonradh Euratom;

Síneann freagracht na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise, arna bunú ag an gCoimisiún, níos faide ná leasanna airgeadais a chosaint agus folaíonn sí na gníomhaíochtaí go léir a bhaineann leis an ngá atá le leasanna an Chomhphobail a choimirciú i gcoinne iompair mhírialta a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le himeachtaí riaracháin nó coiriúla;

Ba cheart scóip an chomhraic i gcoinne na calaoise a leathnú agus a éifeachtacht a fheabhsú tríd an saineolas atá ann cheana i réimse na n-imscrúduithe riaracháin a shaothrú;

Dá bhrí sin, ar bhonn a neamhspleáchais riaracháin, ba cheart do na hinstitiúidí, do chomhlachtaí agus do na hoifigí agus na gníomhaireachtaí go léir cúram a ghabhann le seoladh na n-imscrúduithe riaracháin inmheánacha a thabhairt don Oifig d’fhonn staideanna tromchúiseacha a bhaineann le comhlíonadh dualgas gairmiúil a thabhairt chun solais ar staideanna iad a d’fhéadfadh a bheith ina mainneachtain oibleagáidí oifigigh agus sheirbhísigh na gComhphobal a chomhlíonadh, dá dtagraítear in Airteagail 11, 12, an dara mír agus an tríú mír, 13, 14, 16 agus 17, an chéad mhír, de Rialacháin Foirne Oifigigh, agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile, na gComhphobal Eorpach (dá ngairtear “na Rialacháin Foirne” anseo ina dhiaidh seo), ar mainneachtain í a dhéanfadh dochar do leasanna na gComhphobal sin agus a bhféadfadh imeachtaí araíonachta, nó i gcásanna iomchuí, imeachtaí coiriúla, a bheith mar thoradh uirthi, nó ina mí-iompar tromchúiseach, dá dtagraítear in Airteagal 22 de na Rialacháin Foirne, nó ina mainneachtain déanamh de réir oibleagáidí analógacha Fheisirí nó fhoireann Pharlaimint na hEorpa nach bhfuil faoi réir na Rialachán Foirne;

Ba cheart imscrúduithe den sórt sin a sheoladh agus na forálacha iomchuí de na Conarthaí ag bunú na gComhphobal Eorpach, go háirithe an Prótacal ar phribhléidí agus díolúintí, de na dtéacsanna lena gcuirtear chun feidhme iad agus de na Rialacháin Foirne á gcomhlíonadh go hiomlán;

Ba cheart imscrúduithe den sórt sin a dhéanamh faoi choinníollacha coibhéiseacha sna hinstitiúidí, sna comhlachtaí, agus sna hoifigí agus sna gníomhaireachtaí Comhphobail go léir; níor cheart go ndéanfadh sannadh an chúraim seo chuig an Oifig difear do fhreagrachtaí na n-institiúidí, na gcomhlachtaí, na n-oifigí nó na ngníomhaireachtaí iad féin agus níor cheart go laghdódh sé, ar aon slí, cosaint dhlíthiúil na ndaoine lena mbaineann;

Fad a bheifear ag feitheamh ar leasú ar na Rialacháin Foirne, ba cheart socruithe praiticiúla a leagan síos ina sonrófar conas a chomhoibreoidh comhaltaí na n-institiúidí agus na gcomhlachtaí, bainisteoirí na n-oifigí agus na ngníomhaireachtaí agus oifigigh agus seirbhísigh na n-institiúidí, na gcomhlachtaí agus na n-oifigí agus na ngníomhaireachtaí le chéile i ndáil le hoibriú réidh na n-imscrúduithe inmheánacha,

TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:

Airteagal 1

An dualgas chun comhoibriú leis an Oifig

Beidh ar an Ardrúnaí agus ar sheirbhísí Pharlaimint na hEorpa agus ar aon oifigeach nó seirbhíseach de chuid Pharlaimint na hEorpa comhoibriú go hiomlán le gníomhairí na hOifige agus aon chúnamh atá ag teastáil a thabhairt don imscrúdú. Agus an méid sin mar aidhm acu, soláthróidh siad gach faisnéis úsáideach agus gach míniú úsáideach do ghníomhairí na hOifige.

Gan dochar do na forálacha iomchuí de na Conarthaí ag bunú na gComhphobal Eorpach, go háirithe an Prótacal ar phribhléidí agus díolúintí, agus de na téacsanna lena gcuirtear chun feidhme iad, comhoibreoidh na Feisirí go hiomlán leis an Oifig.

Airteagal 2

An dualgas chun faisnéis a sholáthar

Aon oifigeach nó seirbhíseach de chuid Pharlaimint na hEorpa a thagann chun bheith ar an eolas faoi fhianaise is cúis le toimhde go bhféadfadh sé gurb ann do chásanna calaoise nó éillithe nó d’aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanfadh dochar do leasanna na gComhphobal, nó gurb ann do staideanna tromchúiseacha a bhaineann le comhlíonadh dualgas gairmiúil agus a d’fhéadfadh a bheith ina mainneachtain déanamh de réir oibleagáidí oifigigh nó sheirbhísigh na gComhphobal nó na foirne nach bhfuil faoi réir na Rialachán Foirne, ar mainneachtain í ar dóigh ina leith go leanfadh imeachtaí araíonachta nó, i gcásanna iomchuí, imeachtaí coiriúla aisti, déanfaidh sé an méid sin a chur in iúl gan mhoill dá Cheann Seirbhíse nó dá Ardstiúrthóir nó, má mheasann sé gur fóinteach déanamh amhlaidh, dá Ardrúnaí nó go díreach don Oifig, i gcás oifigigh, seirbhísigh nó duine den fhoireann nach bhfuil faoi réir na Rialachán Foirne nó, i gcás mainneachtana déanamh de réir oibleagáidí analógacha na bhFeisirí, d’Uachtarán Pharlaimint na hEorpa.

Déanfaidh Uachtarán, Ardrúnaí, Ardstiúrthóirí agus Cinn Seirbhíse Pharlaimint na hEorpa aon fhianaise a bhfuil siad ar an eolas ina leith agus a bhféadfaí a thoimhde aisti gurb ann do mhírialtachtaí dá dtagraítear sa chéad mhír a tharchur gan mhoill chuig an Oifig.

Ní ceadmhach déileáil go héagothrom nó go hidirdhealaitheach le hoifigigh nó le seirbhísigh de chuid Pharlaimint na hEorpa mar thoradh ar an bhfaisnéis dá dtagraítear sa chéad mhír agus sa dara mír a chur in iúl.

Déanfaidh Feisirí a fhaigheann eolas ar fhíorais den chineál dá dtagraítear sa chéad mhír an méid sin a chur in iúl d’Uachtarán an Parlaiminte nó, má mheasann siad gur fóinteach déanamh amhlaidh, go díreach don Oifig.

Tá feidhm ag an airteagal seo gan dochar do na ceanglais rúndachta atá leagtha síos sa dlí nó i Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa.

Airteagal 3

Cúnamh ón oifig slándála

Ar iarraidh a fháil ó Stiúrthóir na hOifige, tabharfaidh oifig slándála Pharlaimint na hEorpa cúnamh don Oifig maidir le seoladh praiticiúil imscrúduithe.

Airteagal 4

Díolúine agus an ceart chun diúltú fianaise a thabhairt

Ní bheidh aon athrú ar na rialacha lena rialaítear díolúine pharlaiminteach na bhFeisirí agus an ceart chun diúltú fianaise a thabhairt.

Airteagal 5

An páirtí leasmhar a chur ar an eolas

I gcás ina bhféadfadh sé go mbeadh Feisire, oifigeach nó seirbhíseach bainteach le himscrúdú, cuirfear an páirtí leasmhar ar an eolas go mear ar choinníoll nach ndéanfadh sé sin dochar don imscrúdú. Ar aon chuma, tar éis an t-imscrúdú a chríochnú, ní fhéadfar teacht ar chonclúidí ina ndéantar tagairt, faoina ainm, d’Fheisire, d’oifigeach nó do sheirbhíseach de chuid Pharlaimint na hEorpa gan a chumasú don pháirtí leasmhar a thuairimí a thabhairt ar na fíorais go léir a bhaineann leis féin.

I gcásanna inar gá sicréideacht iomlán a choimeád ar marthain chun críocha an imscrúdaithe agus inar gá úsáid a bhaint as nósanna imeachta imscrúdaitheacha a thagann faoi réim chúraimí údaráis bhreithiúnaigh náisiúnta, féadfar, maidir le comhlíonadh na hoibleagáide chun a iarraidh ar an bhFeisire, ar an oifigeach nó ar an seirbhíseach de chuid Pharlaimint na hEorpa a chuid tuairimí a thabhairt, an comhlíonadh sin a chur siar le comhaontú an Uachtaráin, i gcás Feisire, nó le comhaontú an Ardrúnaí, i gcás oifigigh nó seirbhísigh.

Airteagal 6

Faisnéis ar dhúnadh an imscrúdaithe gan aon ghníomh eile a ghlacadh

Más rud é, tar éis imscrúdaithe inmheánaigh, nach féidir aon chás a dhéanamh in aghaidh Feisire, oifigigh nó seirbhísigh de chuid Pharlaimint na hEorpa a ndearnadh líomhaintí ina aghaidh, déanfar an t-imscrúdú inmheánach ina thaobh a dhúnadh le cinneadh ó Stiúrthóir na hOifige, agus ní ghlacfar aon ghníomh eile ina leith, agus cuirfidh Stiúrthóir na hOifige an méid sin in iúl don pháirtí leasmhar i scríbhinn.

Airteagal 7

Díolúine a tharscaoileadh

Déanfar aon iarraidh ó údarás náisiúnta póilíneachta nó breithiúnach i ndáil le tarscaoileadh na díolúine ó imeachtaí breithiúnacha atá ag oifigigh nó seirbhísigh de chuid Pharlaimint na hEorpa, ar imeachtaí iad a bhaineann le cásanna féideartha calaoise nó éillithe nó le haon ghníomhaíocht mhídhleathach eile, a tharchur chuig Stiúrthóir na hOifige chun a thuairim a fháil. Má bhaineann iarraidh ar tharscaoileadh díolúine le Feisire de Pharlaimint na hEorpa, cuirfear an Oifig ar an eolas.

Airteagal 8

Dáta éifeachta

Beidh éifeacht leis an gCinneadh seo ar an dáta a nglacfaidh Parlaimint na hEorpa é.


(1)  Arna ghlacadh an 18 Samhain 1999.

(2)  Riail 215(c) anois.

(3)  IO L 136, 31.5.1999, lch. 1.

(4)  IO L 136, 31.5.1999, lch. 8.


IARSCRÍBHINN XIII

COMHAONTÚ IDIR PARLAIMINT NA hEORPA AGUS AN COIMISIÚN MAIDIR LE NÓSANNA IMEACHTA CHUN CINNEADH 1999/468/CE ÓN gCOMHAIRLE AG LEAGAN SÍOS NA NÓSANNA IMEACHTA MAIDIR LE FEIDHMIÚ NA gCUMHACHTAÍ CUR CHUN FEIDHME ARNA dTABHAIRT DON CHOIMISIÚN, ARNA LEASÚ LE CINNEADH 2006/512/CE, A CHUR CHUN FEIDHME

Faisnéis do Parlaimint na hEorpa

1.

De bhun Airteagal 7(3) de Chinneadh 1999/468/CE (1), cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa ar an eolas go rialta faoi imeachtaí na gcoistí (2) i gcomhréir leis na socruithe lena n-áirithítear go bhfuil an córas tarchurtha trédhearcach agus éifeachtúil agus go ndéantar an fhaisnéis a chuirtear ar aghaidh agus na céimeanna éagsúla den nós imeachta a shainaithint. Chuige sin, gheobhaidh sí, ag an am céanna le comhaltaí na gcoistí agus ar na téarmaí céanna, na dréachtchláir oibre do chruinnithe coiste, na dréachtbhearta cur chun feidhme arna dtíolacadh do na coistí sin de bhun ionstraimí bunúsacha arna nglacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear le hAirteagal 251 den Chonradh, torthaí na vótála, taifid achoimre de na cruinnithe agus liostaí de na húdaráis lena mbaineann na daoine atá ainmnithe ag na Ballstáit le hionadaíocht a dhéanamh orthu.

An Clár

2.

Bunóidh an Coimisiún clár ina mbeidh na doiciméid go léir a chuirtear ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa (3). Beidh rochtain dhíreach ag Parlaimint na hEorpa ar an gclár sin. I gcomhréir le hAirteagal 7(5) de Chinneadh 1999/468/CE, poibleofar sonraí tagartha na ndoiciméad go léir a tharchuirtear chuig Parlaimint na hEorpa.

3.

I gcomhréir leis na gealltanais atá tugtha ag an gCoimisiún ina ráiteas ar Airteagal 7(3) de Chinneadh 1999/468/CE (4), agus tar éis na socruithe teicniúla cuí a bheith curtha i gcrích, beifear in ann na nithe seo a leanas, go háirithe, a dhéanamh trí bhíthin an chláir dá bhforáiltear i mír 2:

na doiciméid a chlúdaítear leis an nós imeachta céanna agus aon athruithe ar an mbeart cur chun feidhme ag gach céim den nós imeachta a shainaithint go soiléir,

léiriú a fháil faoin gcéim den nós imeachta agus faoin tráthchlár,

idirdhealú soiléir a dhéanamh idir na dréachtbhearta a fhaigheann Parlaimint na hEorpa ag an am céanna leis na comhaltaí coiste, i gcomhréir leis an gceart chun faisnéise, agus an dréacht críochnaitheach tar éis tuairim an choiste a fháil a chuirtear ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa,

aon mhodhnú, i gcomparáid leis na doiciméid atá curtha ar aghaidh cheana féin chuig Parlaimint na hEorpa, a shainaithint go soiléir.

4.

Más rud é, tar éis idirthréimhse a thosóidh ar theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, go dtiocfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún ar an gconclúid go bhfuil an córas feidhmiúil agus sásúil, déanfar tarchur na ndoiciméad go dtí Parlaimint na hEorpa le fógra leictreonach ina mbeidh nasc leis an gclár dá bhforáiltear i mír 2. Déanfar an cinneadh sin trí mhalartú litreacha idir uachtaráin an dá institiúid. I rith na hidirthréimhse, cuirfear na doiciméid ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa mar cheangaltán a ghabhann le teachtaireacht ríomhphoist.

5.

Ina theannta sin, comhaontaíonn an Coimisiún dréachtbhearta sonracha lena gcuirtear ionstraimí bunúsacha chun feidhme, ar bearta iad a bhfuil tábhacht ar leith leo do Pharlaimint na hEorpa cé nár glacadh iad i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear le hAirteagal 251 den Chonradh, a chur ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa mar eolas agus arna iarraidh sin don choiste freagrach parlaiminteach. Iontrálfar na bearta sin sa chlár dá bhforáiltear i mír 2 agus cuirfear fógra ina leith sin chuig Parlaimint na hEorpa.

6.

De bhreis ar na taifid achoimre dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh Parlaimint na hEorpa rochtain a iarraidh ar mhiontuairiscí cruinnithe coiste (5). Scrúdóidh an Coimisiún gach iarraidh, ar bhonn gach cáis ar leith, faoi na rialacha rúndachta atá leagtha amach in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an gCreat-Chomhaontú maidir leis an gcaidreamh idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún (6).

Doiciméid rúnda

7.

Déanfar doiciméid rúnda a phróiseáil i gcomhréir leis na nósanna imeachta riaracháin inmheánacha a tharraingeoidh gach aon institiúid suas d’fhonn na ráthaíochtaí riachtanacha go léir a thabhairt.

Rúin ó Pharlaimint na hEorpa faoi Airteagal 8 de Chinneadh 1999/468/CE

8.

De bhun Airteagal 8 de Chinneadh 1999/468/CE, féadfaidh Parlaimint na hEorpa a léiriú, i rún ina leagtar amach na forais ar a bhfuil sé bunaithe, go rachadh na dréachtbhearta chun ionstraim bhunúsach a chur chun feidhme, arna glacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear le hAirteagal 251 den Chonradh, thar na cumhachtaí cur chun feidhme dá bhforáiltear san ionstraim bhunúsach sin.

9.

Glacfaidh Parlaimint na hEorpa rúin den sórt sin i gcomhréir lena Rialacha Nós Imeachta; beidh tréimhse aon mhí amháin aici chun déanamh amhlaidh, dar tús an dáta a bhfaightear an dréacht críochnaitheach de na bearta cur chun feidhme sna leaganacha teanga arna gcur faoi bhráid chomhaltaí an choiste lena mbaineann.

10.

Comhaontaíonn Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún gur cuí teorainn ama níos giorra a bhunú ar bhonn buan do chineálacha áirithe beart práinneach cur chun feidhme nach mór cinneadh a ghlacadh ina leith laistigh de thréimhse ama níos giorra ar mhaithe le dea-bhainistíocht. Baineann sé seo go háirithe le cineálacha áirithe beart a bhaineann le gníomhaíocht sheachtrach, lena n-áirítear cabhair dhaonnúil agus cabhair éigeandála, le cosaint sláinte agus sábháilteachta, le slándáil agus sábháilteacht iompair agus le díolúintí ó na rialacha maidir le soláthar poiblí. Le comhaontú idir Comhalta an Choimisiúin agus Cathaoirleach an choiste fhreagraigh pharlaimintigh leagfar síos na cineálacha beart lena mbaineann agus na teorainneacha ama is infheidhme. Féadfaidh ceachtar taobh comhaontú den sórt sin a chúlghairm aon tráth.

11.

Gan dochar do na cásanna dá dtagraítear i mír 10, beidh an teorainn ama níos giorra i gcásanna práinne agus i gcás beart a bhaineann le cúrsaí riaracháin ó lá go lá agus/nó i gcás beart lena ngabhann tréimhse theoranta bailíochta. D’fhéadfadh an teorainn ama sin a bheith an-ghearr i gcásanna fíorphráinneacha, go háirithe ar fhorais sláinte poiblí. Socróidh an Comhalta den Choimisiún a bheidh freagrach an teorainn ama chuí agus tabharfaidh sé nó sí an chúis leis an teorainn ama sin. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa, i gcásanna den sórt sin, nós imeachta a úsáid lena ndéantar feidhmiú Airteagal 8 de Chinneadh 1999/468/CE a tharmligean chuig an gcoiste freagrach parlaiminteach agus féadfaidh an coiste sin freagra a chur chuig an gCoimisiún laistigh den teorainn ama ábhartha.

12.

A luaithe a fheictear do sheirbhísí an Choimisiúin go bhféadfadh sé nach mór na dréachtbhearta atá clúdaithe le mír 10 agus le mír 11 a chur faoi bhráid coiste, cuirfidh siad an méid sin in iúl go neamhfhoirmiúil do rúnaíocht an choiste fhreagraigh pharlaimintigh nó na gcoistí freagracha parlaiminteacha. A luaithe a bheidh dréachtbhearta tosaigh curtha faoi bhráid chomhaltaí an choiste, tabharfaidh seirbhísí an Choimisiúin fógra do rúnaíocht an choiste pharlaimintigh nó na gcoistí parlaiminteacha faoin bpráinn a bhaineann leo agus faoi na teorainneacha ama a bheidh i bhfeidhm tar éis an dréacht críochnaitheach a bheith tíolactha.

13.

Tar éis do Pharlaimint na hEorpa rún dá dtagraítear i mír 8 a ghlacadh nó freagra dá dtagraítear i mír 11 a thabhairt, cuirfidh an Comhalta den Choimisiún a bheidh freagrach Parlaimint na hEorpa nó, más cuí, an coiste freagrach parlaiminteach, ar an eolas faoin ngníomhaíocht a bheartaíonn an Coimisiún a ghlacadh ina leith.

14.

Déanfar sonraí de bhun mhíreanna 10 go 13 a iontráil sa chlár.

An nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú

15.

I gcás ina bhfuil feidhm ag an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú, agus tar éis na vótála sa choiste, cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoi na teorainneacha ama is infheidhme. Faoi réir mhír 16, ní thosóidh na teorainneacha ama sin go dtí go mbeidh na leaganacha teanga go léir faighte ag Parlaimint na hEorpa.

16.

I gcás ina bhfuil feidhm ag teorainneacha ama níos giorra (Airteagal 5a(5)(b) de Chinneadh 1999/468/CE) agus i gcásanna práinne (Airteagal 5a(6) de Chinneadh 1999/468/CE), tosóidh na teorainneacha ama ón dáta a bhfaigheann an Pharlaimint an dréacht críochnaitheach de na bearta cur chun feidhme sna leaganacha teanga a cuireadh faoi bhráid chomhaltaí an choiste, mura rud é go gcuireann Cathaoirleach an choiste pharlaimintigh ina choinne sin. In aon chás, féachfaidh an Coimisiún le gach leagan teanga a chur ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa a luaithe is féidir. A luaithe is a fheictear do sheirbhísí an Choimisiúin go bhféadfadh sé nach mór dréachtbhearta atá clúdaithe le hAirteagal 5a(5)(b) nó (6) a chur faoi bhráid coiste, cuirfidh siad an méid sin in iúl go neamhfhoirmiúil do rúnaíocht an choiste fhreagraigh pharlaimintigh nó na gcoistí freagracha parlaiminteacha.

Seirbhísí airgeadais

17.

I gcomhréir lena ráiteas maidir le hAirteagal 7(3) de Chinneadh 1999/468/CE, geallann an Coimisiún, i ndáil le seirbhísí airgeadais:

a chinntiú go ndéanfaidh oifigeach an Choimisiúin atá i gceannas ar chruinniú coiste Parlaimint na hEorpa a chur ar an eolas, arna iarraidh sin don Pharlaimint, tar éis gach cruinnithe faoi aon phlé a bhaineann le dréachtbhearta cur chun feidhme a cuireadh faoi bhráid an choiste sin,

freagra ó bhéal nó freagra i scríbhinn a thabhairt ar aon cheisteanna maidir le plé i ndáil le dréachtbhearta cur chun feidhme a cuireadh faoi bhráid coiste.

Ar deireadh, cinnteoidh an Coimisiún go ndéanfar na gealltanais a tugadh ag suí iomlánach na Parlaiminte an 5 Feabhra 2002 (7) agus a athluadh ag a suí iomlánach an 31 Márta 2004 (8), mar aon leis na gealltanais sin dá dtagraítear i bpointí 1 go 7 de litir an 2 Deireadh Fómhair 2001 (9) ón gCoimisinéir Bolkestein chuig Cathaoirleach Choiste Pharlaimint na hEorpa um Ghnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais a urramú i leith na hearnála iomláine seirbhísí airgeadais (lena n-áirítear urrúis, bainc, árachas, pinsin agus cuntasaíocht).

Féilire d’obair na Parlaiminte

18.

Ach amháin i gcás ina bhfuil feidhm ag teorainneacha ama níos giorra nó i gcásanna práinne, beidh aird ag an gCoimisiún, agus é ag tarchur dréachtbhearta cur chun feidhme faoin gComhaontú seo, ar thréimhsí sosa Pharlaimint na hEorpa (geimhreadh, samhradh agus na toghcháin Eorpacha), chun a chinntiú go mbeidh an Pharlaimint in ann a cuid sainchumas a fheidhmiú laistigh de na teorainneacha ama atá leagtha amach i gCinneadh 1999/468/CE agus sa Chomhaontú seo.

Comhar idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún

19.

Léiríonn an dá institiúid go bhfuil siad ullamh chun cabhrú lena chéile d’fhonn lán-chomhar a chinntiú agus iad ag déileáil le bearta sonracha cur chun feidhme. Chun na críche sin, déanfar teagmhálacha cuí a bhunú ar leibhéal riaracháin.

Comhaontuithe roimhe seo

20.

Cuirtear an Comhaontú seo, leis seo, in ionad Chomhaontú 2000 idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún maidir le nósanna imeachta chun Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle a chur chun feidhme (10). Measann Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún go ngabhann an comhaontú seo ionad na gcomhaontuithe seo a leanas agus dá bhrí sin nach bhfuil aon éifeacht acu a mhéid a bhaineann na comhaontuithe sin leis an bParlaimint agus leis an gCoimisiún: comhaontú Plumb/Delors 1988, comhaontú Samland/Williamson 1996 agus modus vivendi 1994 (11).


(1)  IO L 184, 17.7.1999, lch. 23. Cinneadh arna leasú le Cinneadh 2006/512/CE (IO L 200, 22.7.2006, lch. 11).

(2)  Ar fud an Chomhaontaithe seo, measfar, maidir leis an bhfocal “coiste”, gur tagairt é do na coistí arna mbunú i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE, ach amháin i gcás ina sonraítear gur tagairt do choiste eile atá ann.

(3)  Is é an spriocdháta do bhunú an chláir sin ná an 31 Márta 2008.

(4)  IO C 171, 22.7.2006, lch. 21.

(5)  Féach breithiúnas Chúirt Chéadchéime na gComhphobal Eorpach an 19 Iúil 1999 i gCás T-188/97 Rothmans v Commission [1999] ECR II-2463.

(6)  IO C 117 E, 18.5.2006, lch. 123.

(7)  IO C 284 E, 21.11.2002, lch. 19.

(8)  IO C 103 E, 29.4.2004, lch. 446 agus Tuarascáil Focal ar Fhocal (CRE) ar Imeachtaí do shuí iomlánach na Parlaiminte an 31 Márta 2004, faoi “Vóta”.

(9)  IO C 284 E, 21.11.2002, lch. 83.

(10)  IO L 256, 10.10.2000, lch. 19.

(11)  IO C 102, 4.4.1996, lch. 1.


IARSCRÍBHINN XIV

CREAT-CHOMHAONTÚ MAIDIR LEIS AN gCAIDREAMH IDIR PARLAIMINT NA hEORPA AGUS AN COIMISIÚN EORPACH

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA (1) AGUS AN COIMISIÚN EORPACH (DÁ nGAIRTEAR “AN DÁ INSTITIÚID” ANSEO INA DHIAIDH SEO),

ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), go háirithe Airteagal 295 de, agus don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (dá ngairtear “na Conarthaí” anseo ina dhiaidh seo),

ag féachaint do na Comhaontuithe Idirinstitiúideacha agus do na téacsanna lena rialaítear an caidreamh idir an dá Institiúid,

ag féachaint do Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte (2), agus go háirithe Riail 105, Riail 106 agus Riail 127 chomh maith le hIarscríbhinn VIII agus Iarscríbhinn XIV a ghabhann leo,

ag féachaint do na treoirlínte polaitiúla agus do na ráitis ábhartha a rinne Uachtarán toghaí an Choimisiúin an 15 Meán Fómhair 2009 agus an 9 Feabhra 2010 agus do na ráitis a rinne gach duine de Chomhaltaí iarrthacha an Choimisiúin le linn a n-éisteachtaí ag coistí parlaiminteacha.

A.

de bhrí go neartaíonn Conradh Liospóin dlisteanacht dhaonlathach phróiseas cinnteoireachta an Aontais Eorpaigh,

B.

de bhrí go measann an dá Institiúid go bhfuil sé fíorthábhachtach go ndéanfar dlí an Aontais a thrasuí agus a chur chun feidhme go héifeachtach,

C.

de bhrí nach ndéanann an Creat-Chomhaontú seo difear do chumhachtaí ná do shainchumais na Parlaiminte, an Choimisiúin nó aon institiúide nó orgáin eile de chuid an Aontais Eorpaigh ach go bhféachann sé lena chinntiú go bhfeidhmítear na cumhachtaí agus na sainchumais sin chomh héifeachtach agus is féidir,

D.

de bhrí gur cheart an Creat-Chomhaontú seo a léirmhíniú i gcomhréir leis an gcreat institiúideach arna eagrú leis na Conarthaí,

E.

de bhrí go dtabharfaidh an Coimisiún aird chuí ar na róil faoi seach a thugtar leis na Conarthaí don Pharlaimint agus don Chomhairle, agus go háirithe ag féachaint don phrionsabal bunúsach um chóir chomhionann a leagtar síos faoi phointe 9,

F.

de bhrí gur cuí an Creat-Chomhaontú a tugadh i gcrích i mí na Bealtaine 2005 (3) a uasdátú agus an téacs seo a leanas a chur ina ionad,

TAR ÉIS A CHOMHAONTÚ MAR A LEANAS:

I.   RAON FEIDHME

1.

Chun léiriú níos fearr a thabhairt ar an “comhpháirtíocht speisialta” nua idir an Pharlaimint agus an Coimisiún, comhaontaíonn an dá Institiúid na bearta seo a leanas chun freagracht pholaitiúil agus dlisteanacht an Choimisiúin a neartú, chun comhagallamh cuiditheach a leathnú, chun sreabhadh faisnéise idir an dá Institiúid a fheabhsú agus chun feabhas a chur ar chomhar i dtaca le nósanna imeachta agus pleanáil.

Déanann siad forálacha sonracha a chomhaontú freisin:

maidir le cruinnithe an Choimisiúin le saineolaithe náisiúnta, mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn 1,

maidir le faisnéis rúnda a chur ar aghaidh chuig an bParlaimint, mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn 2,

maidir le caibidlíocht agus tabhairt chun críche comhaontuithe idirnáisiúnta, mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn 3, agus

maidir le tráthchlár le haghaidh Chlár Oibre an Choimisiúin, mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn 4.

II.   FREAGRACHT PHOLAITIÚIL

2.

Tar éis don Chomhairle Eorpach Uachtarán an Choimisiúin a ainmniú, déanfaidh Uachtarán ainmnithe an Choimisiúin treoirlínte polaitiúla dá théarma oifige nó dá téarma oifige a chur faoi bhráid na Parlaiminte ionas go bhféadfar malartú eolasach dearcaí a dhéanamh sa Pharlaimint sula ndéanfaidh an Pharlaimint vótáil ar thoghadh Uachtarán an Choimisiúin.

3.

I gcomhréir le Riail 106 dá Rialacha Nós Imeachta, déanfaidh an Pharlaimint teagmháil le hUachtarán toghaí an Choimisiúin in am trátha roimh thús na nósanna imeachta i ndáil lena toiliú a thabhairt i leith an Choimisiúin nua. Déanfaidh an Pharlaimint na nithe a deir an tUachtarán toghaí a chur san áireamh.

Cinnteoidh Comhaltaí ainmnithe an Choimisiúin go ndéanfar an fhaisnéis ábhartha go léir a nochtadh go hiomlán, i gcomhréir leis an oibleagáid neamhspleáchais atá leagtha síos in Airteagal 245 CFAE.

Beidh na nósanna imeachta leagtha amach ar shlí a chinnteoidh go ndéanfar an Coimisiún ainmnithe ina iomláine a mheasúnú i modh oscailte, cothrom agus comhchuí.

4.

Glacfaidh gach Comhalta den Choimisiún freagracht pholaitiúil as gníomhaíocht sa réimse a bhfuil sé nó sí féin i gceannas air, ach sin gan dochar do phrionsabal choláisteacht an Choimisiúin.

Beidh Uachtarán an Choimisiúin freagrach go hiomlán as aon choimhlint leasa a shainaithint a d’fhágfadh nach mbeadh ar chumas Comhalta den Choimisiún a chuid dualgas nó a cuid dualgas a chomhlíonadh.

Beidh Uachtarán an Choimisiúin freagrach freisin as aon ghníomhaíocht a ghlactar ina dhiaidh sin in imthosca den sórt sin agus cuirfidh an tUachtarán an méid sin in iúl d’Uachtarán na Parlaiminte láithreach agus i scríbhinn.

Déantar rannpháirtíocht Chomhaltaí an Choimisiúin i bhfeachtais toghcháin a rialú leis an gCód Iompair do Choimisinéirí.

Ba cheart do Chomhaltaí an Choimisiúin a ghlacfaidh páirt ghníomhach i bhfeachtais toghcháin mar iarrthóirí i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa saoire toghcháin gan phá a thógáil le héifeacht ó dheireadh an pháirtseisiúin dheireanaigh roimh na toghcháin.

Cuirfidh Uachtarán an Choimisiúin an Pharlaimint ar an eolas in am trátha maidir lena chinneadh/cinneadh saoire den sórt sin a dheonú agus luafaidh sé an Comhalta den Choimisiún a ghlacfaidh na freagrachtaí ábhartha ar feadh na tréimhse saoire sin.

5.

Má iarrann an Pharlaimint ar Uachtarán an Choimisiúin muinín i gComhalta ar leith den Coimisiún a tharraingt siar, déanfaidh sé/sí breithniú dáiríre i dtaobh an iarrfaidh sé/sí ar an gComhalta sin éirí as oifig, i gcomhréir le hAirteagal 17(6) CAE. Déanfaidh an tUachtarán a cheangal ar an gComhalta éirí as oifig nó déanfaidh sé/sí na cúiseanna le diúltú déanamh amhlaidh a thabhairt os comhair na Parlaiminte sa pháirtseisiún ina dhiaidh sin.

6.

I gcás inar gá socrú a dhéanamh chun duine eile a chur in ionad Comhalta den Choimisiún le linn a théarma nó a téarma oifige de bhun an dara mír d’Airteagal 246 CFAE, déanfaidh Uachtarán an Choimisiúin breithniú dáiríre ar thoradh chomhairliúchán na Parlaiminte sula n-aontóidh sé/sí cinneadh na Comhairle.

Cinnteoidh an Pharlaimint go seolfar a cuid nósanna imeachta leis an oiread dithnis is féidir, ionas go bhféadfaidh Uachtarán an Choimisiúin an tuairim ón bParlaimint a bhreithniú go dáiríre sula gceapfar an Comhalta nua.

Ar an gcaoi chéanna, de bhun an tríú mír d’Airteagal 246 CFAE, nuair nach bhfuil fágtha ach beagán ama de théarma oifige an Choimisiúin, breithneoidh Uachtarán an Choimisiúin go dáiríre seasamh na Parlaiminte.

7.

Má bheartaíonn Uachtarán an Choimisiúin athdháileadh na bhfreagrachtaí a athrú i measc Chomhaltaí an Choimisiúin le linn a théarma oifige de bhun Airteagal 248 CFAE, cuirfidh sé/sí an Pharlaimint ar an eolas in am trátha don chomhairliúchán ábhartha parlaiminteach maidir leis na hathruithe sin. Beidh feidhm láithreach ag cinneadh an Uachtaráin maidir le hathdháileadh na bhfreagrachtaí.

8.

Nuair a dhéanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar Chód Iompair na gCoimisinéirí maidir le coimhlint leasa nó iompraíocht eitice, iarrfaidh sé tuairim ón bParlaimint.

III.   COMHAGALLAMH CUIDITHEACH AGUS SREABHADH FAISNÉISE

(i)   Forálacha ginearálta

9.

Ráthaíonn an Coimisiún go ndéanfaidh sé an prionsabal bunúsach um chóir chomhionann don Pharlaimint agus don Chomhairle a chur i bhfeidhm, go háirithe maidir le rochtain ar chruinnithe agus soláthar tuairimí agus faisnéis eile, go háirithe maidir le nithe reachtacha agus nithe buiséadacha.

10.

Laistigh dá inniúlachtaí, déanfaidh an Coimisiún bearta chun rannpháirtíocht na Parlaiminte a fheabhsú ar shlí ina ndéanfar tuairimí na Parlaiminte a chur san áireamh a mhéid is féidir i réimse an Chomhbheartais Eachtraigh agus Slándála.

11.

Déantar roinnt socruithe chun “an chomhpháirtíocht speisialta” idir an Pharlaimint agus an Coimisiún a chur i bhfeidhm, mar a leanas:

beidh cruinniú ag Uachtarán an Choimisiúin le Comhdháil na nUachtarán, arna iarraidh sin don Pharlaimint, dhá uair sa bhliain ar a laghad chun saincheisteanna comhleasa a phlé,

mar chuid den chomhagallamh sin, ba cheart go dtabharfaí cuireadh d’Uachtarán na Parlaiminte freastal ar chruinnithe de chuid Choláiste na gCoimisinéirí,

iarrfar ar Uachtarán an Choimisiúin nó ar an Leas-Uachtarán atá freagrach as an gcaidreamh idirinstitiúideach freastal ar chruinnithe de chuid Chomhdháil na nUachtarán agus Comhdháil Chathaoirligh na gCoistí nuair a bheidh saincheisteanna sonracha a bhaineann le socrú chlár oibre an tsuí iomlánaigh, le caidreamh idirinstitiúideach idir an Pharlaimint agus an Coimisiún agus le nithe reachtacha agus buiséadacha le plé,

beidh cruinnithe ann ar bhonn bliantúil idir Comhdháil na nUachtarán agus Comhdháil Chathaoirligh na gCoistí agus Coláiste na gCoimisinéirí chun saincheisteanna ábhartha a phlé, lena n-áirítear ullmhú agus cur chun feidhme Chlár Oibre an Choimisiúin,

cuirfidh Comhdháil na nUachtarán agus Comhdháil Chathaoirligh na gCoistí an Coimisiún ar an eolas in am trátha maidir le torthaí na bpléití dá gcuid ag a bhfuil gné idirinstitiúideach. Déanfaidh an Pharlaimint an Coimisiún a choimeád ar an eolas go hiomlán go rialta maidir le toradh cruinnithe dá cuid a bhaineann le hullmhú na bpáirtseisiún, agus tuairimí an Choimisiúin á gcur san áireamh. Beidh sé seo gan dochar do phointe 45,

chun sreabhadh rialta faisnéise ábhartha a chinntiú idir an dá institiúid, tiocfaidh Ardrúnaithe na Parlaiminte agus an Choimisiúin le chéile ar bhonn rialta.

12.

Cinnteoidh gach Comhalta den Choimisiún go bhfuil sreabhadh rialta agus díreach faisnéise ann idir an Comhalta den Choimisiún agus cathaoirleach an choiste pharlaimintigh ábhartha.

13.

Ní dhéanfaidh an Coimisiún aon togra reachtach, nó aon tionscnamh nó cinneadh suntasach, a chur ar fáil go poiblí gan fógra maidir leis an méid sin a thabhairt don Pharlaimint i scríbhinn.

Ar bhonn Chlár Oibre an Choimisiúin, déanfaidh an dá Institiúid, trí chomhaontú comhchoiteann, na tionscnaimh lárnacha a bheidh le tíolacadh sa suí iomlánach a shainaithint roimh ré. I bprionsabal, tíolacfaidh an Coimisiún na tionscnaimh sin sa suí iomlánach ar dtús agus is ina dhiaidh sin amháin a thíolacfar don phobal iad.

Ar an gcaoi chéanna, sainaithneoidh siad na tograí agus na tionscnaimh sin a mbeidh faisnéis le soláthar ina leith os comhair Chomhdháil na nUachtarán nó a bheidh le cur in iúl, ar mhodh cuí, don choiste parlaiminteach ábhartha nó dá chathaoirleach.

Glacfar na cinntí sin faoi chuimsiú an chomhagallaimh rialta idir an dá Institiúid, de réir mar a fhoráiltear i bpointe 11, agus uasdátófar iad ar bhonn rialta, agus aird chuí á tabhairt ar aon fhorbairtí polaitiúla.

14.

Más rud é go ndéantar doiciméad inmheánach Coimisiúin — nach bhfuil an Pharlaimint curtha ar an eolas ina thaobh de bhun an Chreat-Chomhaontaithe seo — a scaipeadh lasmuigh de na hInstitiúidí, féadfaidh Uachtarán na Parlaiminte a iarraidh go gcuirfear an doiciméad lena mbaineann ar aghaidh chuig an bParlaimint gan mhoill, chun é a chur ar fáil d’aon Fheisire Parlaiminte a iarrann é.

15.

Soláthróidh an Coimisiún an fhaisnéis agus na doiciméid ar fad maidir lena chruinnithe le saineolaithe náisiúnta, faoi chuimsiú a chuid oibre ar ullmhú agus cur chun feidhme reachtaíocht an Aontais, lena n-áirítear dlí bog agus gníomhartha tarmligthe. Má iarrann an Pharlaimint amhlaidh, féadfaidh an Coimisiún freisin a iarraidh ar shaineolaithe na Parlaiminte freastal ar na cruinnithe seo.

Tá na forálacha ábhartha leagtha síos in Iarscríbhinn 1.

16.

Laistigh de thrí mhí tar éis rún parlaiminteach a ghlacadh, soláthróidh an Coimisiún faisnéis i scríbhinn don Pharlaimint ar ghníomhaíocht a ghlactar mar fhreagra ar iarrataí sonracha a dhírítear chuige i rúin ón bParlaimint, lena n-áirítear i gcásanna nach rabhthas in ann déanamh de réir dhearcadh na Parlaiminte. Féadfar an tréimhse sin a ghiorrú más iarraidh phráinneach atá ann. Féadfar í a fhadú mí amháin i gcás inar gá obair níos uileghabhálaí a dhéanamh i leith na hiarrata agus ina dtabharfar bunús chuí leis sin. Cinnteoidh an Pharlaimint go ndáilfear an fhaisnéis sin go forleathan laistigh den institiúid.

Féachfaidh an Pharlaimint le ceisteanna ó bhéal agus i scríbhinn a sheachaint maidir le saincheisteanna a mbeidh an Coimisiún tar éis a sheasamh ina dtaobh a chur in iúl cheana don Pharlaimint trí chumarsáid i scríbhinn faoi staid reatha an ábhair lena mbaineann.

Geallfaidh an Coimisiún go dtabharfaidh sé tuairisc ar an méid a dhéantar iarbhír maidir le haon iarraidh togra a thíolacadh de bhun Airteagal 225 CFAE (tuarascáil maidir le tionscnamh reachtach) laistigh de thrí mhí tar éis an rún comhfhreagrach a ghlacadh sa suí iomlánach. Cuirfidh an Coimisiún togra reachtach ar aghaidh bliain amháin dá éis sin ar a dhéanaí nó cuirfidh sé an togra san áireamh ina Chlár Oibre don bhliain dár gcionn. Mura dtíolacfaidh an Coimisiún togra, tabharfaidh sé mínithe sonraithe ar na cúiseanna don Pharlaimint.

Geallfaidh an Coimisiún freisin go gcomhoibreoidh sé go dlúth agus go luath leis an bParlaimint ar aon iarrataí maidir le tionscnamh reachtach a thagann ó thionscnaimh saoránach.

Maidir leis an nós imeachta a bhaineann le hurscaoileadh, beidh feidhm ag na forálacha sonracha atá leagtha síos i bpointe 31.

17.

I gcás ina ndéanfar tionscnaimh, moltaí nó iarrataí ar ghníomhartha reachtacha de bhun Airteagal 289(4) de CFAE, cuirfidh an Coimisiún an Pharlaimint ar an eolas, má iarrtar amhlaidh, faoina sheasamh ar na tograí sin os comhair an choiste pharlaimintigh ábhartha.

18.

Comhaontaíonn an dá Institiúid comhoibriú a dhéanamh lena chéile i réimse an chaidrimh le Parlaimintí náisiúnta.

Comhoibreoidh an Pharlaimint agus an Coimisiún ar chur chun feidhme Phrótacal Uimh. 2 CFAE maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm. Folóidh comhoibriú den sórt sin socruithe a bhaineann le haon aistriúchán riachtanach ar thuairimí réasúnaithe arna dtíolacadh ag na Parlaimintí náisiúnta.

Nuair a chomhlíontar na tairseacha a luaitear in Airteagal 7 de Phrótacal Uimh. 2 CFAE, déanfaidh an Coimisiún aistriúcháin ar na tuairimí réasúnaithe uile arna dtíolacadh ag na Parlaimintí náisiúnta a sholáthar i dteannta a sheasaimh ina leith.

19.

Déanfaidh an Coimisiún an liosta grúpaí saineolaithe a chuirtear ar bun chun cabhrú leis an gCoimisiún i bhfeidhmiú a chirt tionscnaimh a chur in iúl don Pharlaimint. Déanfar an liosta sin a uasdátú ar bhonn rialta agus cuirfear ar fáil go poiblí é.

Laistigh den chreat seo, déanfaidh an Coimisiún, ar iarraidh shonrach réasúnaithe a fháil ó chathaoirleach an choiste pharlaimintigh inniúil, an coiste sin a chur ar an eolas, i modh cuí, faoi ghníomhaíochtaí agus faoi chomhdhéanamh na ngrúpaí sin.

20.

Beidh comhagallamh cuiditheach ann idir an dá Institiúid, trí na sásraí cuí, ar comhagallamh é a bhainfidh le ceisteanna maidir le cúrsaí tábhachtacha riaracháin, go háirithe saincheisteanna a bhfuil impleachtaí díreacha acu ar riarachán na Parlaiminte féin.

21.

Lorgóidh an Pharlaimint tuairim ón gCoimisiún nuair atá athbhreithniú a chur ar aghaidh aici ar a Rialacha Nós Imeachta ar athbhreithniú é a bhaineann leis an gcaidreamh leis an gCoimisiún.

22.

I gcás ina n-agraítear rúndacht maidir le haon chuid den fhaisnéis a chuirtear ar aghaidh de bhun an Chreat-Chomhaontaithe seo, déanfar na forálacha atá leagtha síos in Iarscríbhinn 2 a chur i bhfeidhm.

(ii)   Comhaontuithe idirnáisiúnta agus méadú

23.

Déanfar an Pharlaimint a chur ar an eolas láithreach ag gach céim de chaibidlíocht agus de thabhairt chun críche comhaontuithe idirnáisiúnta, lena n-áirítear sainmhíniú ar threoracha caibidlíochta. Gníomhóidh an Coimisiún ar shlí ina dtabharfar lánéifeacht dá oibleagáidí faoi Airteagal 218 CFAE, ach ról gach Institiúide á urramú ag an am céanna i gcomhréir le hAirteagal 13(2) CAE.

Déanfaidh an Coimisiún na socruithe atá leagtha amach in Iarscríbhinn 3 a chur i bhfeidhm.

24.

Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe 23 a sholáthar don Pharlaimint sách luath chun go mbeidh ar a cumas a tuairim a thabhairt, más cuí, agus chun go mbeidh ar chumas an Choimisiúin tuairimí na Parlaiminte a chur san áireamh a mhéid is féidir. Mar riail ghinearálta, déanfar an fhaisnéis sin a sholáthar don Pharlaimint tríd an gcoiste parlaiminteach freagrach agus, más cuí, ag suí iomlánach. I gcásanna cuí-réasúnaithe, soláthrófar í do níos mó ná aon choiste parlaiminteach amháin.

Geallann an Pharlaimint agus an Coimisiún nósanna imeachta iomchuí agus coimircí iomchuí maidir le faisnéis rúnda a chur ar aghaidh ón gCoimisiún go dtí an Pharlaimint a bhunú i gcomhréir le forálacha Iarscríbhinn 2.

25.

Admhaíonn an dá Institiúid, de bharr a ról éagsúil institiúideach go ndéanfaidh an Coimisiún ionadaíocht ar an Aontas Eorpach i gcaibidlíochtaí idirnáisiúnta, cé is moite de chaibidlíochtaí a bhaineann leis an gComhbheartas Eachtrach agus Slándála agus cásanna eile amhail dá bhforáiltear sna Conarthaí.

I gcás ina ndéanann an Coimisiún ionadaíocht ar an Aontas i gcomhdhálacha idirnáisiúnta, éascóidh sé, arna iarraidh sin don Pharlaimint, toscaireacht d’Fheisirí de chuid Pharlaimint na hEorpa a chur san áireamh mar bhreathnadóirí i dtoscaireachtaí an Aontais, sa chaoi go bhféadfar í a chur ar an eolas láithreach agus go hiomlán faoi imeachtaí na comhdhála. Geallann an Coimisiún, más infheidhme, toscaireacht na Parlaiminte a chur ar an eolas go córasach maidir le toradh na gcaibidlíochtaí.

Ní fhéadfaidh Feisirí de chuid Pharlaimint na hEorpa páirt a ghlacadh go díreach sna caibidlíochtaí sin. Faoi réir na bhféidearthachtaí dlíthiúla, teicniúla agus taidhleoireachta, féadfaidh an Coimisiún stádas breathnadóra a thabhairt dóibh. I gcás diúltaithe, cuirfidh an Coimisiún na cúiseanna leis sin in iúl don Pharlaimint.

Ina theannta sin, éascóidh an Coimisiún rannpháirtíocht Feisirí de chuid Pharlaimint na hEorpa mar bhreathnadóirí sna cruinnithe uile ábhartha a thagann faoina fhreagracht roimh na seisiúin chaibidlíochta agus ina ndiaidh.

26.

Faoi na coinníollacha céanna, coimeádfaidh an Coimisiún an Pharlaimint ar an eolas go córasach maidir le cruinnithe comhlachtaí arna gcur ar bun le comhaontuithe idirnáisiúnta iltaobhacha a bhfuil an tAontas bainteach leo, aon uair a iarrtar ar na comhlachtaí sin cinntí a ghlacadh lena n-éilítear toiliú na Parlaiminte nó a bhféadfadh gá a bheith le glacadh gníomhartha dlíthiúla i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach de bharr cinntí den sórt sin a chur chun feidhme, agus éascóidh an Coimisiún rochtain mar bhreathnadóirí ar na cruinnithe céanna d’Fheisirí de chuid Pharlaimint na hEorpa mar chuid de thoscaireachtaí Aontais.

27.

Tabharfaidh an Coimisiún rochtain do thoscaireacht na Parlaiminte atá san áireamh i dtoscaireachtaí an Aontais chuig comhdhálacha idirnáisiúnta ionas go mbeidh teacht ag toscaireacht na Parlaiminte ar shaoráidí uile na dtoscaireachtaí Aontais ar na hócáidí seo, i gcomhréir le prionsabal ginearálta an dea-chomhair idir na hinstitiúidí agus na cúrsaí lóistíochta á gcur san áireamh.

Tráth nach déanaí ná 4 seachtaine roimh thús na comhdhála lena mbaineann, cuirfidh Uachtarán na Parlaiminte togra chuig Uachtarán an Choimisiúin i ndáil le toscaireacht ón bParlaimint a chur san áireamh i dtoscaireacht an Aontais ar togra é ina sonrófar ceann thoscaireacht na Parlaiminte agus an líon Feisirí ó Pharlaimint na hEorpa a bheidh le cur san áireamh. I gcásanna cuí-réasúnaithe, is féidir an spriocam sin a ghiorrú go heisceachtúil.

Beidh an líon Feisirí ó Pharlaimint na hEorpa a áireofar i dtoscaireacht na Parlaiminte agus an líon foirne tacaíochta i gcomhréir le méid fhoriomlán thoscaireacht an Aontais.

28.

Coimeádfaidh an Coimisiún an Pharlaimint go hiomlán ar an eolas faoi dhul chun cinn caibidlíochtaí aontachais agus go háirithe faoi aon mhórghnéithe agus mórfhorbairtí, ionas go mbeidh sí in ann a cuid tuairimí a thabhairt in am trátha trí na nósanna imeachta parlaiminteacha cuí.

29.

Nuair a ghlacann an Pharlaimint moladh ar nithe dá dtagraítear i bpointe 28, de bhun Riail 90(4) dá Rialacha Nós Imeachta, agus nuair a chinneann an Coimisiún, ar chúiseanna tábhachtacha, nach féidir leis tacú le moladh den sórt sin, míneoidh sé na cúiseanna os comhair na Parlaiminte, ag suí iomlánach nó ag an gcéad chruinniú eile den choiste parlaiminteach ábhartha.

(iii)   Cur chun feidhme buiséadach

30.

Sula ndéantar aon ghealltáin airgeadais ag comhdhálacha deontóirí, ar gealltáin iad a mbaineann gealltanais nua airgeadais leo agus a n-éilítear comhaontú ón údarás buiséadach maidir leo, cuirfidh an Coimisiún an t-údarás buiséadach ar an eolas agus scrúdóidh sé tuairimí an údaráis sin.

31.

Maidir leis an urscaoileadh bliantúil a rialaítear le hAirteagal 319 CFAE, déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis go léir is gá chun maoirsiú a dhéanamh ar chur chun feidhme an bhuiséid don bhliain i dtrácht a chur ar aghaidh, arna iarraidh sin air chun na críche sin ag cathaoirleach an choiste pharlaimintigh atá freagrach as an nós imeachta maidir le hurscaoileadh de bhun Iarscríbhinn VII de Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte.

Má thagann gnéithe nua chun solais maidir le blianta roimhe sin ar tugadh urscaoileadh ina leith cheana, cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis riachtanach go léir ar an ábhar ar aghaidh d’fhonn teacht ar réiteach atá inghlactha ag an dá thaobh.

(iv)   Caidreamh le gníomhaireachtaí rialála

32.

Ba cheart go dtiocfadh ainmnithigh do phost mar Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar ghníomhaireachtaí rialála chuig éisteachtaí coistí parlaiminteacha.

Ina theannta sin, i gcomhthéacs phléití an Ghrúpa Oibre idirinstitiúidigh ar Ghníomhaireachtaí arna chur ar bun i Márta 2009, beidh d’aidhm ag an gCoimisiún agus ag an bParlaimint cur chuige coiteann a bheith acu maidir le ról agus seasamh na ngníomhaireachtaí díláraithe ar ardán institiúideach an Aontais, agus beidh treoirlínte coiteanna ann i ndáil le cruthú, struchtúr agus oibriú na ngníomhaireachtaí sin, mar aon le treoirlínte coitinne i ndáil le saincheisteanna a bhaineann le maoiniú, leis an mbuiséad, le maoirseacht agus le bainistíocht.

IV.   COMHOIBRIÚ MAIDIR LEIS NA NÓSANNA IMEACHTA REACHTACHA AGUS MAIDIR LE PLEANÁIL

(i)   Clár Oibre an Choimisiúin agus cláir an Aontais Eorpaigh

33.

Tionscnóidh an Coimisiún cláir bhliantúla agus ilbhliantúla an Aontais, d’fhonn comhaontuithe idirinstitiúideacha a bhaint amach.

34.

Tíolacfaidh an Coimisiún a Chlár Oibre gach bliain.

35.

Comhoibreoidh an dá Institiúid lena chéile i gcomhréir leis an tráthchlár atá leagtha amach in Iarscríbhinn 4.

Beidh aird ag an gCoimisiún ar na tosaíochtaí a léireoidh an Pharlaimint.

Tabharfaidh an Coimisiún dóthain mionsonraí i dtaobh cad a shamhlaítear a bheidh i gceist faoi gach pointe ina Chlár Oibre.

36.

Tabharfaidh an Coimisiún míniú i gcás nach féidir leis tograí ar leithligh atá ina Chlár Oibre a thabhairt i gcrích don bhliain i dtrácht nó nuair a imíonn sé ón gClár Oibre. Geallann Leas-Uachtarán an Choimisiúin atá freagrach as an gcaidreamh idirinstitiúideach go dtuairisceoidh sé do Chomhdháil Chathaoirligh na gCoistí go rialta, trí achoimre a thabhairt ar chur chun feidhme polaitiúil Chlár Oibre an Choimisiúin don bhliain i dtrácht.

(ii)   Nósanna imeachta maidir le gníomhartha a ghlacadh

37.

Geallann an Coimisiún na leasuithe ar a chuid tograí reachtacha arna nglacadh ag an bParlaimint a scrúdú go cúramach, d’fhonn iad a chur san áireamh in aon togra leasaithe.

Nuair atá a thuairim á thabhairt ag an gCoimisiún ar leasuithe na Parlaiminte faoi Airteagal 294 CFAE, geallann sé an aird is mó is féidir a thabhairt ar na leasuithe arna nglacadh ag an dara léamh; más rud é go gcinneann sé, ar chúiseanna tábhachtacha agus tar éis don Choláiste an t-ábhar a bhreithniú, gan na leasuithe sin a ghlacadh nó gan tacú leo, míneoidh sé a chinneadh os comhair na Parlaiminte, agus ar aon chuma ina thuairim ar leasuithe na Parlaiminte de bhua phointe (c) d’Airteagal 294(9) CFAE.

38.

Geallann an Pharlaimint nach ndéanfaidh sí, le linn di déileáil le tionscnamh arna thíolacadh ag aon cheathrú ar a laghad de na Ballstáit, i gcomhréir le hAirteagal 76 CFAE, aon tuarascáil a ghlacadh sa choiste ábhartha sula bhfaighidh sí tuairim ón gCoimisiún i ndáil leis an tionscnamh.

Geallann an Coimisiún a thuairim faoi thionscnamh den sórt sin a eisiúint tráth nach déanaí ná 10 seachtaine tar éis an tionscnamh a chur faoina bhráid.

39.

Déanfaidh an Coimisiún míniú mionsonraithe a sholáthar in am trátha sula dtarraingeoidh sé siar aon tograí a bhfuil seasamh léirithe ag an bParlaimint cheana féin ina leith ar an gcéad léamh.

Rachaidh an Coimisiún ar aghaidh le hathbhreithniú ar na tograí go léir atá ar feitheamh ag tús théarma nua oifig an Choimisiúin, chun na tograí a dhaingniú go polaitiúil nó chun iad a tharraingt siar, agus aird chuí á tabhairt ar na tuairimí arna léiriú ag an bParlaimint.

40.

Maidir le nósanna imeachta reachtach speisialta nach mór dul i gcomhairle leis an bParlaimint ina leith, lena n-áirítear nósanna imeachta eile amhail an ceann sinn atá leagtha síos in Airteagal 148 CFAE, déanfaidh an Coimisiún:

(i)

bearta a dhéanamh chun rannpháirtíocht na Parlaiminte a fheabhsú ar shlí ina ndéantar tuairimí na Parlaiminte a chur san áireamh a mhéid is féidir, go háirithe chun a áirithiú go mbeidh an t-am a bheidh ag teastáil ag an bParlaimint chun togra an Choimisiúin a bhreithniú;

(ii)

a áirithiú go meabhraítear in am trátha do chomhlachtaí na Comhairle gan teacht ar chomhaontú polaitiúil ar a chuid tograí sula mbeidh a tuairim glactha ag an bParlaimint. Iarrfaidh sé go ndéanfar an plé a thabhairt chun críche ag leibhéal aireachta tar éis tréimhse réasúnach ama a bheith tugtha do chomhaltaí na Comhairle chun tuairim na Parlaiminte a scrúdú;

(iii)

a áirithiú go gcloíonn an Chomhairle leis na rialacha arna bhforbairt ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, ar rialacha iad lena gceanglaítear go rachfar i gcomhairle athuair leis an bParlaimint i gcás ina leasaíonn an Chomhairle togra ón gCoimisiún go substaintiúil. Déanfaidh an Coimisiún aon mheabhrúchán don Chomhairle maidir leis an ngá le dul i gcomhairle athuair a chur in iúl don Pharlaimint;

(iv)

a gheallúint, más cuí, togra reachtach ar dhiúltaigh an Pharlaimint dó a tharraingt siar. Más rud é, ar chúiseanna tábhachtacha agus tar éis don Choláiste an t-ábhar a bhreithniú, go gcinneann an Coimisiún a thogra a choimeád ar marthain, míneoidh sé na cúiseanna leis an gcinneadh sin i ráiteas os comhair na Parlaiminte.

41.

Óna taobh féin de, chun an phleanáil reachtach a fheabhsú, geallann an Pharlaimint:

(i)

na ranna reachtacha dá cláir oibre a phleanáil, á dtabhairt i gcomhréir le Clár Oibre reatha an Choimisiúin agus leis na rúin atá glactha aici ar an gclár sin, go háirithe d’fhonn feabhas a chur ar phleanáil na ndíospóireachtaí tosaíochta;

(ii)

spriocamanna réasúnacha a chomhlíonadh, a mhéid atá fónta don nós imeachta, le linn a seasamh a ghlacadh ag an gcéad léamh faoin ngnáthnós imeachta reachtach nó le linn a tuairim a ghlacadh faoin nós imeachta comhairliúcháin;

(iii)

a luaithe a ghlactar Clár Oibre an Choimisiúin, rapóirtéirí a cheapadh ar thograí atá le bheith ann, a mhéid is féidir sin;

(iv)

iarrataí ar athchomhairliúchán a bhreithniú mar ábhar fíorthosaíochta ar choinníoll go bhfuil an fhaisnéis riachtanach go léir curtha ar aghaidh chuici.

(iii)   Saincheisteanna a bhaineann le reachtóireacht níos fearr

42.

Cinnteoidh an Coimisiún go seolfar a mheasúnuithe tionchair faoina fhreagracht trí nós imeachta trédhearcach lena ráthaítear measúnú neamhspleách. Foilseofar measúnuithe tionchair in am trátha, agus roinnt cúinsí éagsúla á gcur san áireamh, lena n-áirítear rogha “gan aon ní a dhéanamh” agus, i bprionsabal, tíolacfar os comhair an choiste pharlaimintigh ábhartha iad le linn na céime a bhaineann le faisnéis a sholáthar do na Parlaimintí náisiúnta faoi Phrótacal Uimh. 1 agus faoi Phrótacal Uimh. 2 CFAE.

43.

I réimsí ina bhfuil ról ag an bParlaimint sa phróiseas reachtach de ghnáth, bainfidh an Coimisiún úsáid as dlí bog, más cuí sin agus ar bhonn cuí-réasúnaithe, tar éis deis a thabhairt don Pharlaimint a tuairimí a chur in iúl. Soláthróidh an Coimisiún míniú mionsonraithe don Pharlaimint maidir le conas a cuireadh a tuairimí san áireamh nuair a ghlacann sé togra.

44.

Chun faireachán níos fearr ar thrasuí agus ar chur i bhfeidhm dhlí an Aontais a áirithiú, féachfaidh an Coimisiún agus an Pharlaimint le táblaí comhghaoil éigeantacha agus teorainn ama ceangailteach don trasuí, ar teorainn ama í nár cheart a bheith níos faide na dhá bhliain i gcás treoracha, a chur san áireamh.

I dteannta tuarascálacha sonracha agus na tuarascála bliantúla maidir le cur i bhfeidhm dhlí an Aontais, déanfaidh an Coimisiún faisnéis achomair a chur ar fáil don Pharlaimint maidir leis na nósanna imeachta go léir i leith sáruithe ar an litir maidir le fógra foirmiúil, lena n-áirítear, má iarrann an Pharlaimint amhlaidh, ar bhonn gach cáis ar leithligh agus na rialacha rúndachta á n-urramú, go háirithe na cinn arna n-aithint ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, faisnéis achomair maidir leis na saincheisteanna a mbaineann an nós imeachta i leith sáruithe leo.

V.   RANNPHÁIRTÍOCHT AN CHOIMISIÚIN IN IMEACHTAÍ NA PARLAIMINTE

45.

Má iarrtar ar an gCoimisiún a bheith i láthair ag suíonna iomlánacha den Pharlaimint nó ag cruinnithe chomhlachtaí eile na Parlaiminte, tabharfaidh sé tosaíocht do na suíonna agus do na cruinnithe sin thar ócáidí nó thar chuirí comhthráthacha eile.

Cinnteoidh an Coimisiún, go háirithe, go mbeidh Comhaltaí den Choimisiún i láthair ag suíonna iomlánacha le haghaidh míreanna den chlár oibre a thagann faoina bhfreagracht, aon uair a iarrann an Pharlaimint amhlaidh. Tá sé seo infheidhme maidir leis na réamh-dhréachtchláir oibre arna bhformheas ag Comhdháil na nUachtarán le linn an pháirtseisiúin roimhe sin.

Féachfaidh an Pharlaimint lena chinntiú, mar riail ghinearálta, go ndéanfar míreanna den chlár oibre sna páirtseisiúin a thagann faoi fhreagracht Comhalta áirithe den Choimisiún a ghrúpáil le chéile.

46.

Arna iarraidh sin ag an bParlaimint, déanfar foráil maidir le hUair an Chloig de Cheisteanna a bheith ann go rialta le hUachtarán an Choimisiúin. Beidh dhá chuid san Uair an Chloig de Cheisteanna: beidh ceannairí na ngrúpaí polaitiúla nó a n-ionadaithe páirteach sa chéad chuid a sheolfar ar bhonn spontáineach go hiomlán; beidh an dara cuid tiomnaithe do théama beartais arna chomhaontú roimh ré, ar a dhéanaí an Déardaoin roimh an bpáirtseisiún ábhartha, ach ní bheidh aon cheisteanna ullmhaithe ann.

Ina theannta sin, déanfar Uair an Chloig de Cheisteanna le Comhaltaí an Choimisiúin, lena n-áirítear an Leas-Uachtarán do Chaidreamh Eachtrach/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, a thabhairt isteach agus é bunaithe ar an Uair an Chloig de Cheisteanna le hUachtarán an Choimisiúin, agus é mar aidhm aige Tráth na gCeisteanna reatha a athchóiriú. Bainfidh an Uair an Chloig de Cheisteanna le cúram Chomhaltaí an Choimisiúin faoi seach.

47.

Tabharfar éisteacht do Chomhaltaí den Choimisiún nuair a iarrann siad sin.

Gan dochar d’Airteagal 230 CFAE, comhaontóidh na hInstitiúidí rialacha ginearálta maidir le dáileadh an ama labhartha idir na hInstitiúidí.

Comhaontaíonn an dá Institiúid gur cheart an t-am labhartha a dháiltear orthu go táscach a urramú.

48.

D’fhonn a chinntiú go mbeidh Comhaltaí an Choimisiúin i láthair, geallann an Pharlaimint a dícheall a dhéanamh gan athruithe a dhéanamh ar na dréachtaí críochnaitheacha dá clár oibre.

I gcás ina leasaíonn an Pharlaimint an dréacht críochnaitheach dá clár oibre, nó i gcás ina n-aistríonn sí ionad míreanna sa chlár oibre laistigh de pháirtseisiún, cuirfidh an Pharlaimint an méid sin in iúl don Choimisiún láithreach. Déanfaidh an Coimisiún gach iarracht chun a chinntiú go mbeidh an Comhalta den Choimisiún atá freagrach i láthair.

49.

Féadfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná cruinniú Chomhdháil na nUachtarán a chinneann an dréacht críochnaitheach de chlár oibre páirtseisiúin, a mholadh go gcuirfear míreanna áirithe san áireamh sa chlár oibre. Tabharfaidh an Pharlaimint lánaird ar mholtaí den sórt sin.

50.

Féachfaidh coistí parlaiminteacha lena chinntiú nach ndéantar aon athrú ar na dréachtaí dá gcláir oibre ná ar a gcláir oibre.

Aon uair a leasaíonn coiste parlaiminteach an dréacht dá chlár oibre nó a chlár oibre, cuirfear an méid sin in iúl don Choimisiún láithreach. Go háirithe, féachfaidh na coistí parlaiminteacha le spriocam réasúnach a urramú chun deis a thabhairt do Chomhaltaí an Choimisiúin a bheith i láthair ag a gcruinnithe.

I gcás nach n-éilítear go sonrach go mbeidh Comhalta den Choimisiún i láthair ag cruinniú de choiste parlaiminteach, cinnteoidh an Coimisiún go mbeidh oifigeach inniúil ar leibhéal cuí i láthair mar ionadaí thar a cheann.

Féachfaidh coistí parlaiminteach lena n-obair a chomhordú, lena n-áirítear cruinnithe comhthreomhara ar an tsaincheist chéanna a sheachaint, agus gan imeacht ón dréachtchlár oibre, sa chaoi gur féidir leis an gCoimisiún leibhéal cuí ionadaíochta a chinntiú.

Má iarrtar ar oifigeach ardleibhéil (Ard-Stiúrthóir nó Stiúrthóir) a bheith i láthair ag cruinniú coiste a bheidh ag déileáil le togra ón gCoimisiún, beidh cead ag ionadaí an Choimisiúin idirghabháil a dhéanamh.

VI.   FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

51.

Daingníonn an Coimisiún a thiomantas i leith scrúdú a dhéanamh a luaithe agus is féidir ar na gníomhartha reachtacha nár oiriúnaíodh don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú roimh theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, chun measúnú a dhéanamh i dtaobh an gá na hionstraimí sin a oiriúnú do réimeas na ngníomhartha tarmligthe arna thabhairt isteach le hAirteagal 290 CFAE.

Mar sprioc dheireanach, ba cheart córas comhleanúnach gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme, agus é i gcomhréir go hiomlán leis an gConradh, a bhaint amach trí mheasúnú forásach a dhéanamh ar chineál agus inneachar na mbeart atá faoi réir an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú faoi láthair, chun iad a oiriúnú in am trátha don réimeas atá leagtha síos in Airteagal 290 CFAE.

52.

Comhlánaíonn forálacha an Chreat-Chomhaontaithe seo an Comhaontú Idirinstitiúideach ar reachtóireacht níos fearr (4) gan difear a dhéanamh dó agus tá siad gan dochar d’aon athbhreithniú eile air. Gan dochar do chaibidlíochtaí a bheidh ann idir an Pharlaimint, an Coimisiún agus an Chomhairle, geallann an dá Institiúid athruithe tábhachtacha a chomhaontú sna hullmhúcháin ar chaibidlíochtaí sa todhchaí maidir leis an gComhaontú Idirinstitiúideach ar reachtaíocht níos fearr a oiriúnú do na forálacha nua arna dtabhairt isteach le Conradh Liospóin, agus cleachtais reatha agus an Creat-Chomhaontú seo á gcur san áireamh.

Comhaontaíonn siad freisin go bhfuil gá leis an sásra teagmhála idirinstitiúideach atá ann faoi láthair, ar leibhéal polaitiúil agus teicniúil, a neartú i ndáil le reachtóireacht níos fearr, ionas go n-áiritheofar comhar éifeachtach idirinstitiúideach idir an Pharlaimint, an Coimisiún agus an Chomhairle.

53.

Geallann an Coimisiún cláir bhliantúla agus ilbhliantúla an Aontais a thionscnamh go mear d’fhonn comhaontuithe idirinstitiúideach a bhaint amach, i gcomhréir le hAirteagal 17 CAE.

Is é Clár Oibre an Choimisiúin rannchuidiú an Choimisiúin le cláir bhliantúla agus ilbhliantúla an Aontais. Tar éis don Choimisiún é a ghlacadh, ba cheart go mbeadh cruinniú tríthaobhach ann idir an Pharlaimint, an Chomhairle agus an Coimisiún d’fhonn teacht ar chomhaontú maidir le cláir an Aontais.

Sa chomhthéacs seo agus a luaithe a thiocfaidh an Pharlaimint, an Chomhairle agus an Coimisiún ar chomhthuiscint maidir le cláir an Aontais, déanfaidh an dá Institiúid athbhreithniú ar na forálacha den Chreat-Chomhaontú seo a bhaineann le cláir.

Iarrann an Pharlaimint agus an Coimisiún ar an gComhairle dul i mbun pléití a luaithe is féidir maidir le cláir an Aontais mar a fhoráiltear in Airteagal 17 CAE.

54.

Déanfaidh an dá Institiúid cur chun feidhme praiticiúil an Chreat-Chomhaontaithe seo agus na hIarscríbhinní a ghabhann leis a mheasúnú go tréimhsiúil. Déanfar athbhreithniú faoi dheireadh 2011, i bhfianaise na taithí praiticiúla.

IARSCRÍBHINN 1

CRUINNITHE AN CHOIMISIÚIN LE SAINEOLAITHE NÁISIÚNTA

San Iarscríbhinn seo, leagtar síos na modúlachtaí maidir le cur chun feidhme phointe 15 den Chreat-Chomhaontú.

1.   Raon feidhme

Baineann forálacha phointe 15 den Chreat-Chomhaontú leis na cruinnithe seo a leanas:

(1)

cruinnithe de chuid an Choimisiúin a thionóltar laistigh de chreat na ngrúpaí saineolaithe arna mbunú ag an gCoimisiún, ar cruinnithe iad a n-iarrtar ar údaráis náisiúnta ó na Ballstáit uile freastal orthu, i gcás ina mbaineann siad le hullmhú agus cur chun feidhme reachtaíocht an Aontais, lena n-áirítear dlí bog agus gníomhartha tarmligthe;

(2)

cruinnithe ad hoc de chuid an Choimisiúin a n-iarrtar ar shaineolaithe náisiúnta ó na Ballstáit uile freastal orthu, i gcás ina mbaineann siad le hullmhú agus cur chun feidhme reachtaíocht an Aontais, lena n-áirítear dlí bog agus gníomhartha tarmligthe.

Tá cruinnithe de chuid coistí coisteolaíochta eisiata, ach sin gan dochar do shocruithe sonracha atá ann cheana agus a bheidh ann sa todhchaí agus a bhaineann le faisnéis a sholáthar don Pharlaimint i ndáil le feidhmiú chumhachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin (5).

2.   Faisnéis a bheidh le tarchur chuig an bParlaimint

Geallann an Coimisiún na doiciméid chéanna a sheolann sé chuig údaráis náisiúnta maidir leis na cruinnithe thuasluaite a sheoladh chuig an bParlaimint. Tarchuirfidh an Coimisiún na doiciméid sin, lena n-áirítear cláir oibre, chuig bosca ríomhphoist feidhmiúil na Parlaiminte ag an am céanna a sheoltar chuig na saineolaithe náisiúnta iad.

3.   Cuireadh a thabhairt do shaineolaithe na Parlaiminte

Tar éis iarraidh a fháil ón bParlaimint, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar an bParlaimint saineolaithe na Parlaiminte a chur chuig cruinnithe de chuid an Choimisiúin le saineolaithe náisiúnta de réir mar a shainaithnítear i bpointe 1 iad.

IARSCRÍBHINN 2

FAISNÉIS RÚNDA A CHUR AR AGHAIDH CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA

1.   Raon Feidhme

1.1.

Leis an Iarscríbhinn seo, déanfar rialú ar an tslí ina gcuirtear faisnéis rúnda ar aghaidh chuig an bParlaimint ón gCoimisiún agus ina láimhseáiltear an fhaisnéis sin, ar faisnéis í a bhaineann le feidhmiú na sainchumas parlaiminteach maidir leis na nósanna imeachta reachtacha agus buiséadacha, a bhaineann leis an nós imeachta le haghaidh urscaoileadh a thabhairt agus, i dtéarmaí ginearálta, a bhaineann le feidhmiú chumhachtaí na Parlaiminte i ndáil le grinnscrúdú. Gníomhóidh an dá Institiúid i gcomhréir lena ndualgais fhrithpháirteacha i leith comhair dhílis, de mheon lán-iontaofachta frithpháirtí agus, go feadh an méid is mó is féidir, i gcomhréir leis na forálacha ábhartha de na Conarthaí, go háirithe Airteagal 6 agus Airteagal 46 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus Airteagal 276 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh.

1.2.

Ciallóidh “faisnéis” aon fhaisnéis i scríbhinn nó ó bhéal, is cuma cén meán ina bhfuil sé agus cé hé nó cé hí an t-údar.

1.2.1.

Ciallóidh “faisnéis rúnda”“faisnéis AE atá aicmithe mar fhaisnéis rúnda” (EUCI) agus “faisnéis rúnda eile” nach bhfuil aicmithe mar fhaisnéis rúnda.

1.2.2.

Ciallóidh “faisnéis AE atá aicmithe mar fhaisnéis rúnda” (EUCI) aon fhaisnéis agus ábhar, atá aicmithe mar “TRÈS SECRET UE/EU TOP SECRET”, “SECRET UE”, “CONFIDENTIEL UE” nó “RESTREINT UE” nó ar a bhfuil marcálacha coibhéiseacha aicmiúcháin náisiúnta nó idirnáisiúnta, a bhféadfadh nochtadh neamhúdaraithe ina leith a bheith ina chúis le leibhéil éagsúla dochair do leasanna an Aontais, nó do Bhallstát amháin nó níos mó, cibé acu a thionscnaíonn an fhaisnéis sin laistigh den Aontas nó a fhaightear í ó Bhallstáit, ó thríú Stáit nó ó eagraíochtaí idirnáisiúnta.

(a)   TRÈS SECRET UE/EU TOP SECRET: ní chuirfear an t-aicmiúchán seo i bhfeidhm ach amháin maidir le faisnéis agus ábhar a bhféadfadh nochtadh neamhúdaraithe ina leith a bheith ina chúis le dochar thar a bheith tromchúiseach a dhéanamh do leasanna bunriachtanacha an Aontais nó do leasanna bunriachtanacha ceann amháin nó níos mó dá Bhallstáit.

(b)   SECRET UE: ní chuirfear an t-aicmiúchán seo i bhfeidhm ach amháin maidir le faisnéis agus ábhar a bhféadfadh nochtadh neamhúdaraithe ina leith díobháil thromchúiseach a dhéanamh do leasanna bunriachtanacha an Aontais nó do leasanna bunriachtanacha ceann amháin nó níos mó dá Bhallstáit.

(c)   CONFIDENTIEL UE: cuirfear an t-aicmiúchán seo i bhfeidhm maidir le faisnéis agus ábhar a bhféadfadh nochtadh neamhúdaraithe ina leith díobháil a dhéanamh do leasanna bunriachtanacha an Aontais nó do leasanna bunriachtanacha ceann amháin nó níos mó dá Bhallstáit.

(d)   RESTREINT UE: cuirfear an t-aicmiúchán seo i bhfeidhm maidir le faisnéis agus ábhar a bhféadfadh nochtadh neamhúdaraithe ina leith a bheith míbhuntáistiúil do leasanna an Aontais nó do leasanna ceann amháin nó níos mó dá Bhallstáit.

1.2.3.

Ciallóidh “faisnéis rúnda eile” aon fhaisnéis rúnda eile, lena n-áirítear faisnéis atá clúdaithe faoi oibleagáid na rúndachta gairmiúla, arna hiarraidh ag an bParlaimint agus/nó arna cur ar aghaidh ag an gCoimisiún.

1.3.

Cinnteoidh an Coimisiún go dtabharfar rochtain ar fhaisnéis rúnda don Pharlaimint, i gcomhréir forálacha na hIarscríbhinne seo, aon uair a fhaigheann sé iarraidh ó cheann de na comhlachtaí parlaiminteacha nó na sealbhóirí oifige atá luaite i bpointe 1.4, ar iarraidh í a bhaineann le faisnéis rúnda a chur ar aghaidh. Ina theannta sin, féadfaidh an Coimisiún aon fhaisnéis rúnda a chur ar aghaidh chuig an bParlaimint, ar a thionscnamh féin, i gcomhréir le forálacha na hIarscríbhinne seo.

1.4.

I gcomhthéacs na hIarscríbhinne seo, féadfaidh siad seo a leanas faisnéis rúnda a iarraidh ar an gCoimisiún:

Uachtarán na Parlaiminte,

cathaoirligh na gcoistí parlaiminteacha lena mbaineann,

an Biúró agus Comhdháil na nUachtarán, agus

ceannaire thoscaireacht na Parlaimint atá san áireamh i dtoscaireacht an Aontais ag comhdháil idirnáisiúnta.

1.5.

Beidh faisnéis ar nósanna imeachta i gcás sáraithe agus ar nósanna imeachta a bhaineann le hiomaíocht agus faisnéis a bhaineann le cosaint leasanna airgeadais an Aontais eisiata ón Iarscríbhinn seo, a mhéid nach bhfuil siad clúdaithe le cinneadh críochnaitheach ón gCoimisiún nó le breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ar an dáta a bhfaightear an iarraidh ó cheann de na comhlachtaí parlaiminteacha/sealbhóirí oifige atá luaite i bpointe 1.4, agus faisnéis a bhaineann le cosaint leasanna airgeadais an Aontais, eiscthe ó raon feidhme na hIarscríbhinne seo. Tá an méid sin gan dochar do phointe 44 den Chreat-Chomhaontú agus do chearta rialaithe buiséid na Parlaiminte.

1.6.

Beidh feidhm ag na forálacha seo gan dochar do Chinneadh 95/167/CE, Euratom, CEGC ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún an 19 Aibreán 1995 maidir leis na forálacha mionsonraithe lena rialaítear feidhmiú cheart fiosrúcháin Pharlaimint na hEorpa (6) agus gan dochar do na forálacha ábhartha de Chinneadh 1999/352/CE, CEGC, Euratom ón gCoimisiún an 28 Aibreán 1999 lena mbunaítear an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) (7).

2.   Rialacha ginearálta

2.1.

Ar iarraidh a fháil ó cheann de na comhlachtaí parlaiminteacha/sealbhóirí oifige dá dtagraítear i bpointe 1.4, déanfaidh an Coimisiún aon fhaisnéis rúnda a bhfuil gá léi maidir le feidhmiú shainchumais agus inniúlachtaí na Parlaiminte a chur ar aghaidh le gach dithneas cuí chuig an gcomhlacht parlaiminteach/sealbhóir oifige sin. I gcomhréir lena gcumhachtaí agus a bhfreagrachtaí faoi seach, urramóidh an dá Institiúid na nithe seo a leanas:

cearta bunúsacha an duine, lena n-áirítear an ceart ar thriail chothrom agus an ceart ar chosaint na príobháideachta,

forálacha lena rialaítear nósanna imeachta breithiúnacha agus araíonachta,

cosaint na rúndachta gnó agus an chaidrimh tráchtála,

cosaint leasanna an Aontais, go háirithe na leasanna sin a bhaineann le sábháilteacht an phobail, cosaint, caidreamh idirnáisiúnta, cobhsaíocht airgeadaíochta agus leasanna airgeadais.

I gcás easaontais, tarchuirfear an t-ábhar chuig Uachtaráin an dá Institiúid ionas go bhféadfaidh siad an díospóid a réiteach.

Ní dhéanfar faisnéis rúnda ó Stát, ó institiúid nó ó eagraíocht idirnáisiúnta a chur ar aghaidh ach amháin le toiliú ón Stát, ón institiúid nó ón eagraíocht lena mbaineann.

2.2.

Déanfar faisnéis AE atá aicmithe mar fhaisnéis rúnda a chur ar aghaidh chuig an bParlaimint, agus láimhseálfaidh agus cosnóidh an Pharlaimint í, i gcomhréir leis na caighdeáin íosta choiteanna slándála a chuirtear i bhfeidhm in Institiúidí eile an Aontais, go háirithe sa Choimisiún.

Nuair atá faisnéis á haicmiú ag an gCoimisiún, agus nuair is faisnéis í arb é an Coimisiún an tionscnóir ina leith, cinnteoidh an Coimisiún go gcuirfidh sé na leibhéil iomchuí aicmiúcháin i bhfeidhm i gcomhréir leis na caighdeáin agus na sainmhínithe idirnáisiúnta agus i gcomhréir lena rialacha inmheánacha, agus aird chuí á tabhairt aige ag an am céanna ar an ngá go mbeadh an Pharlaimint in ann rochtain a fháil ar dhoiciméid aicmithe i gcomhair fheidhmiú éifeachtach a hinniúlachtaí agus a sainchumas.

2.3.

I gcás ina bhfuil aon amhras ann faoi chineál rúnda aon mhíre faisnéise nó faoin leibhéal cuí aicmiúcháin ina leitj, nó i gcás inar gá na socruithe cuí a leagan síos maidir leis an mír faisnéise sin a chur ar aghaidh i gcomhréir le ceann de na roghanna atá leagtha amach i bpointe 3.2, rachaidh an dá Institiúid i gcomhairle lena chéile gan mhoill agus sula dtarchuirfear an doiciméad. Le linn an chomhairliúcháin sin, déanfaidh cathaoirleach an chomhlachta pharlaimintigh lena mbaineann ionadaíocht ar an bParlaimint agus,, más gá, beidh an rapóirtéir nó an sealbhóir oifige a thíolaic an iarraidh in éineacht leis an gcathaoirleach sin. Déanfaidh an Comhalta den Choimisiún atá freagrach as an réimse sin ionadaíocht ar an gCoimisiún, tar éis dul i gcomhairle leis an gComhalta den Choimisiún atá freagrach as cúrsaí slándála. I gcás easaontais, tarchuirfear an t-ábhar chuig Uachtaráin an dá Institiúid ionas go bhféadfaidh siad an díospóid a réiteach.

2.4.

Más rud é, ag deireadh an nós imeachta dá dtagraítear i bpointe 2.3, nach dtagtar ar aon chomhaontú, déanfaidh Uachtarán na Parlaiminte, mar fhreagra ar iarraidh réasúnaithe ón gcoiste parlaiminteach/sealbhóir oifige a thíolaic an iarraidh, a iarraidh ar an gCoimisiún an fhaisnéis rúnda atá i dtrácht a chur ar aghaidh laistigh den spriocam a léireofar go cuí, agus roghnófar na socruithe as measc na roghanna atá leagtha síos i bpointe 3.3 den Iarscríbhinn seo. Sula rachaidh an spriocam sin in éag, cuirfidh an Coimisiún a sheasamh críochnaitheach in iúl don Pharlaimint i scríbhinn, agus forchoimeádann an Pharlaimint an ceart, más cuí sin, chun a ceart a fheidhmiú maidir sásamh a lorg.

2.5.

I gcás fhaisnéis AE atá aicmithe mar fhaisnéis rúnda, tabharfar rochtain uirthi i gcomhréir leis na rialacha atá infheidhme maidir le himréiteach slándála pearsanta.

2.5.1.

Ní fhéadfar rochtain a thabhairt ar fhaisnéis atá aicmithe mar “TRÈS SECRET UE /EU TOP SECRET”, “SECRET UE” agus “CONFIDENTIEL UE” ach amháin d’oifigigh de chuid na Parlaiminte agus do na fostaithe sin de chuid na Parlaiminte atá ag obair do ghrúpaí polaitiúla a bhfuil géarghá acu leis an bhfaisnéis sin, a bheidh ainmnithe roimh ré ag an gcomhlacht parlaiminteach/sealbhóir oifige mar dhaoine ar gá dóibh a bheith ar an eolas ina leith agus a mbeidh an t-imréiteach slándála cuí tugtha dóibh.

2.5.2.

I bhfianaise shainchumais agus inniúlachtaí na Parlaiminte, i gcás Feisirí nach mbeidh imréiteach slándála pearsanta tugtha dóibh, déanfar rochtain ar dhoiciméid “CONFIDENTIEL UE” a thabhairt dóibh faoi shocruithe praiticiúla arna sainiú le comhthoil, lena n-áirítear dearbhú sollúnta a shíniú á rá nach ndéanfaidh siad inneachar na ndoiciméad sin a nochtadh d’aon tríú duine.

Tabharfar rochtain ar dhoiciméid “SECRET UE” d’Fheisirí a mbeidh imréiteach slándála pearsanta iomchuí tugtha dóibh.

2.5.3.

Déanfar socruithe le tacaíocht ón gCoimisiún lena chinntiú gur féidir leis an bParlaimint an rannchuidiú riachtanach ó na húdaráis náisiúnta, faoi chuimsiú an nós imeachta imréitigh, a fháil chomh tapa agus is féidir.

Déanfar mionsonraí maidir le catagóir nó catagóirí na ndaoine a mbeidh rochtain acu ar an bhfaisnéis rúnda a chur in iúl i gcomhthráth leis an iarraidh.

Sula dtabharfar rochtain ar fhaisnéis den sórt sin, déanfar an leibhéal rúndachta lena mbaineann agus na hoibleagáidí slándála iarmhartacha a chur in iúl do gach duine lena mbaineann.

I gcomhthéacs an athbhreithnithe ar an Iarscríbhinn seo agus ar shocruithe slándála amach anseo, dá dtagraítear i bpointe 4.1 agus i bpointe 4.2, déanfar athscrúdú ar shaincheist na n-imréiteach slándála.

3.   Socruithe maidir le rochtain ar fhaisnéis rúnda agus maidir le láimhseáil faisnéise rúnda

3.1.

Déanfar faisnéis rúnda arna cur ar aghaidh i gcomhréir leis na nósanna imeachta atá leagtha amach i bpointe 2.3 agus, más cuí, i bpointe 2.4 a chur ar fáil i gcomhréir leis na coinníollacha seo a leanas, faoi fhreagracht an Uachtaráin nó faoi fhreagracht Comhalta den Choimisiún, don chomhlacht parlaiminteach/sealbhóir oifige a thíolaic an iarraidh:

 

Cinnteoidh an Pharlaimint agus an Coimisiún clárú agus inrianaitheacht na faisnéise rúnda.

 

Go sonrach, cuirfear EUCI arna aicmiú mar “CONFIDENTIEL UE” agus “SECRET UE” ar aghaidh ó phríomhchlárlann Ard-Rúnaíocht an Choimisiúin chuig an tseirbhís inniúil choibhéiseach sa Parlaimint agus beidh an tseirbhís sin freagrach as an bhfaisnéis sin a cur ar fáil faoi na socruithe comhaontaithe don chomhlacht parlaiminteach/sealbhóir oifige a thíolaic an iarraidh.

 

Beidh cur ar aghaidh EUCI arna aicmiú mar “TRÈS SECRET UE/EU TOP SECRET” faoi réir socruithe breise, arna gcomhaontú idir an Coimisiún agus an comhlacht parlaimintach/sealbhóir oifige a thíolaic an iarraidh, ar socruithe iad a bheidh dírithe ar leibhéal cosanta atá i gcomhréir leis an aicmiúchán a chinntiú.

3.2.

Gan dochar d’fhorálacha phointe 2.2 agus phointe 2.4 agus gan dochar do na socruithe slándála amach anseo dá dtagraítear i bpointe 4.1, déanfar socruithe maidir le rochtain, agus na socruithe a bheidh ceaptha chun rúndacht na faisnéise a chaomhnú, a leagan síos le comhaontú sula gcuirfear an fhaisnéis ar aghaidh. Leis an gcomhaontú sin idir an Comhalta den Choimisiún atá freagrach as an réimse beartais lena mbaineann agus an comhlacht parlaiminteach (a ndéanann a chathaoirleach ionadaíocht thar a cheann)/sealbhóir oifige a thíolaic an iarraidh, déanfar foráil maidir le roghnú ceann amháin de na roghanna atá leagtha amach i bpointe 3.2.1 agus i bpointe 3.2.2 chun an leibhéal cuí rúndachta a chinntiú.

3.2.1.

Maidir le seolaithe na faisnéise rúndachta, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le ceann amháin de na roghanna seo a leanas:

i gcásanna a mbeidh údar maith leo ar fhorais fhíoreisceachtúla, faisnéis atá beartaithe d’Uachtarán na Parlaiminte amháin,

an Biúró agus/nó Comhdháil na nUachtarán,

cathaoirleach agus rapóirtéir an choiste ábhartha pharlaimintigh,

comhaltaí uile (lánchomhaltaí agus comhaltaí ionaid) an choiste ábhartha pharlaimintigh,

Feisirí uile Pharlaimint na hEorpa.

Ní fhéadfar an fhaisnéis rúnda atá i dtrácht a fhoilsiú ná a chur ar aghaidh chuig aon seolaí eile gan toiliú an Choimisiúin a fháil.

3.2.2.

Maidir leis na socruithe a bhaineann le láimhseáil na faisnéise rúnda, ba cheart foráil a dhéanamh maidir leis na roghanna seo a leanas:

(a)

scrúdú a dhéanamh ar na doiciméid i seomra léitheoireachta daingean má tá an fhaisnéis aicmithe mar “CONFIDENTIEL UE” agus os a chionn;

(b)

an cruinniú a thionól i seomra iata, gan ach comhaltaí an Bhiúró, comhaltaí Chomhdháil na nUachtarán nó lánchomhaltaí nó comhaltaí ionaid an choiste inniúil pharlaimintigh, chomh maith le hoifigigh de chuid na Parlaiminte agus na fostaithe sin de chuid na Parlaiminte atá ag obair do ghrúpaí polaitiúla agus a bheidh ainmnithe roimh ré ag an gcathaoirleach mar dhaoine ar gá dóibh a bheith ar an eolas faoin bhfaisnéis agus a bhfuil géarghá lena láithreacht, ar choinníoll go bhfuil an leibhéal imréitigh slándála a bheidh ag teastáil tugtha dóibh, a bheith i láthair, agus na coinníollacha seo a leanas á gcur san áireamh:

féadfar aon doiciméid a uimhriú, a dháileadh ag tús an chruinnithe agus a bhailiú arís ag an deireadh. Ní fhéadfar aon nótaí a thógáil maidir leis na doiciméid sin agus ní fhéadfar aon fhótachóipeanna a dhéanamh díobh,

ní dhéanfar an plé ar an mír a tógadh faoin nós imeachta rúndachta a lua i miontuairiscí an chruinnithe.

Sula dtarchuirfear iad, féadfar na sonraí pearsanta uile a bhaint amach sa na doiciméid.

Beidh faisnéis rúnda arna soláthar ó bhéal d’fhaighteoirí sa Pharlaimint faoi réir an leibhéil choibhéisigh cosanta a thugtar d’fhaisnéis rúnda a sholáthraítear i bhfoirm scríofa. D’fhéadfaí dearbhú sollúnta ó fhaighteoirí na faisnéise sin a bheith i gceist á rá nach ndéanfar inneachar na faisnéise sin a nochtadh d’aon tríú duine.

3.2.3.

Nuair a bheidh faisnéis i scríbhinn le scrúdú i seomra léitheoireachta daingean, cinnteoidh an Pharlaimint go bhfuil na socruithe seo a leanas ann:

córas daingean stórála d’fhaisnéis rúnda,

seomra léitheoireachta daingean (gan meaisíní fótachóipeála, teileafóin, saoráidí facs, scanóirí nó aon trealamh teicniúil eile chun doiciméid a atáirgeadh agus a tharchur, etc.),

socruithe slándála lena rialaítear rochtain ar an seomra léitheoireachta, lena n-áirítear ceanglais maidir le síniú a chur i gclár rochtana agus dearbhú sollúnta a thabhairt gan an fhaisnéis rúnda a scrúdaítear a scaipeadh.

3.2.4.

Ní choisceann an méid sin thuas socruithe coibhéiseacha eile arna gcomhaontú idir na hInstitiúidí.

3.3.

I gcás nach gcomhlíontar na socruithe seo, beidh feidhm ag na forálacha a bhaineann le pionósú Feisirí agus atá leagtha amach in Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte agus, i gcás oifigigh agus fhostaithe na Parlaiminte, beidh feidhm ag forálacha infheidhme Airteagal 86 de na Rialacháin Foirne (8) nó ag Airteagal 49 de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile na gComhphobal Eorpach.

4.   Forálacha críochnaitheacha

4.1.

Déanfaidh an Coimisiún agus an Pharlaimint gach beart is gá chun forálacha na hIarscríbhinne seo a chur chun feidhme.

Chun na críche sin, déanfaidh seirbhísí inniúla an Choimisiúin agus na Parlaiminte cur chun feidhme na hIarscríbhinne seo a chomhordú go dlúth. Áireoidh sé seo fíorú inrianaitheacht na faisnéise rúnda agus comhfhaireachán tréimhsiúil ar shocruithe agus ar chaighdéain slándála a chuirtear i bhfeidhm.

Geallann an Pharlaimint a forálacha inmheánacha a oiriúnú, más gá, ionas go ndéanfar na rialacha slándála a bhaineann le faisnéis rúnda agus atá leagtha síos leis an Iarscríbhinn seo a chur chun feidhme.

Geallann an Pharlaimint a socruithe slándála todhchaí a ghlacadh chomh luath agus is féidir agus na socruithe sin a fhíorú le comhaontú leis an gCoimisiún, d’fhonn caighdeáin slándála coibhéiseacha a bhunú. Tabharfaidh sé sin éifeacht don Iarscríbhinn seo maidir leis na nithe seo a leanas:

forálacha teicniúla slándála agus caighdeáin theicniúla slándála i ndáil le faisnéis rúnda a láimhseáil agus a stóráil, lena n-áirítear bearta slándála sa réimse slándála fisicí, pearsanta, doiciméad agus teicneolaíochta faisnéise,

coiste formhaoirseachta arna bhunú go speisialta a bhunú, ar coiste é ina mbeidh Feisirí a bheidh imréitithe go hiomchuí chun EUCI arna aicmiú mar “TRÈS SECRET UE/EU TOP SECRET” a láimhseáil.

4.2.

Déanfaidh an Pharlaimint agus an Coimisiún athbhreithniú ar an Iarscríbhinn seo agus, más gá, é a oiriúnú tráth nach déanaí ná tráth an athbhreithnithe dá dtagraítear i bpointe 54 den Chreat-Chomhaontú, i bhfianaise forbairtí maidir leis na nithe seo a leanas:

socruithe slándála todhchaí don Pharlaimint agus don Choimisiún,

socruithe nó gníomhartha dlíthiúla eile atá ábhartha maidir le faisnéis a chur ar aghaidh idir na hInstitiúidí.

IARSCRÍBHINN 3

COMHAONTUITHE IDIRNÁISIÚNTA A CHAIBIDIL AGUS A THABHAIRT I gCRÍCH

Leis an Iarscríbhinn seo leagtar síos socruithe mionsonraithe i dtaca le faisnéis a sholáthar don Pharlaimint maidir le caibidlíocht agus tabhairt i gcrích comhaontuithe idirnáisiúnta dá dtagraítear i bpointe 23, i bpointe 24 agus i bpointe 25 den Chreat-Chomhaontú:

1.

Nuair a bheartaíonn an Coimisiún a mholadh go gcuirfear tús le caibidlíochtaí, cuirfidh sé an méid sin in iúl don Pharlaimint an tráth céanna a chuirfidh sé in iúl don Chomhairle é.

2.

I gcomhréir le forálacha phointe 24 den Chreat-Chomhaontú, nuair a dhéanann an Coimisiún togra maidir le dréacht-treoracha caibidilíochta d’fhonn go nglacfaidh an Chomhairle iad, tíolacfaidh sé don Pharlaimint iad an tráth céanna.

3.

Tabharfaidh an Coimisiún aird chuí ar thuairimí na Parlaiminte le linn na gcaibidlíochtaí ar fad.

4.

I gcomhréir le forálacha phointe 23 den Chreat-Chomhaontú, coimeádfaidh an Coimisiún an Pharlaimint ar an eolas go rialta agus go pras faoi sheoladh na gcaibidlíochtaí go dtí go ndéanfar an comhaontú a inisealú, agus tabharfaidh sé míniú i dtaobh ar ionchorpraíodh tuairimí na Parlaiminte sna téacsanna faoi chaibidlíocht agus conas a ionchorpraíodh iad agus, murar ionchorpraíodh iad, cén fáth nach ndearnadh amhlaidh.

5.

I gcás comhaontuithe idirnáisiúnta ar gá toiliú na Parlaiminte i leith iad a thabhairt i gcrích, déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis uile ábhartha a chuireann sé sé ar fáil don Chomhairle (nó don choiste speisialta arna cheapadh ag an gComhairle) a chur ar fáil don Pharlaimint le linn an phróisis caibidlíochta. Áireofar san fhaisnéis sin dréacht-leasuithe ar threoracha caibidlíochta arna nglacadh, dréacht-téacsanna caibidlíochta, airteagail chomhaontaithe, an dáta comhaontaithe chun an comhaontú a inisealú agus téacs an chomhaontaithe a bheidh le hinisealú. Déanfaidh an Coimisiún aon doiciméid ábhartha a fhaightear ó thríú páirtithe a tharchur chuig an bParlaimint, mar a tharchuirfidh sé chuig an gComhairle iad (nó chuig an gcoiste speisialta arna cheapadh ag an gComhairle), ach sin faoi réir toiliú an tionscnóra a fháil ina leith sin. Coimeádfaidh an Coimisiún an coiste parlaiminteach freagrach ar an eolas maidir le forbairtí sna caibidlíochtaí agus, go háirithe, tabharfaidh sé míniú i dtaobh conas a cuireadh tuairimí na Parlaiminte san áireamh.

6.

I gcás comhaontuithe idirnáisiúnta nach gá n-éilíonn toiliú na Parlaiminte i leith iad a thabhairt i gcrích, cinnteoidh an Coimisiún go gcuirfear an Pharlaimint ar an eolas láithreach agus go hiomlán, trí fhaisnéis a sholáthar a chlúdaíonn ar a laghadh na dréacht-treoracha caibidlíochta, na treoracha caibidlíochta arna nglacadh, seoladh na gcaibidlíochtaí ina dhiaidh sin agus tabhairt i gcrích na gcaibidlíochtaí.

7.

I gcomhréir le forálacha phointe 24 den Chreat-Chomhaontú, tabharfaidh an Coimisiún faisnéis chríochnúil don Pharlaimint in am trátha nuair a dhéantar comhaontú idirnáisiúnta a inisealú, agus cuirfidh sé an Pharlaimint ar an eolas chomh luath agus is féidir nuair a bheartaíonn sé a mholadh don Chomhairle é a chur i bhfeidhm go sealadach agus faoi na cúiseanna leis sin, mura rud é go gcoisctear air déanamh amhlaidh de bharr cúiseanna práinne.

8.

Cuirfidh an Coimisiún an Chomhairle agus an Pharlaimint ar an eolas go comhuaineach agus in am trátha go mbeartaíonn sé a mholadh don Chomhairle comhaontú idirnáisiúnta a chur ar fionraí agus faoi na cúiseanna leis sin.

9.

Maidir le comhaontuithe idirnáisiúnta a thiocfadh faoi nós imeachta an toilithe dá bhforáiltear leis an CFAE, coimeádfaidh an Coimisiún an Pharlaimint go hiomlán ar an eolas freisin sula bhformheasfaidh sé modhnuithe ar chomhaontú arna n-údarú ag an gComhairle, ar mhodh maolaithe, i gcomhréir le hAirteagal 218(7) CFAE.

IARSCRÍBHINN 4

TRÁTHCHLÁR DO CHLÁR OIBRE AN CHOIMISIÚIN

Beidh liosta tograí reachtacha agus tograí neamhreachtacha do na blianta dár gcionn ag gabháil le Clár Oibre an Choimisiúin. Clúdaíonn Clár Oibre an Choimisiúin an chéad bhliain eile atá i dtrácht agus déantar léiriú mionsonraithe ar thosaíochtaí an Choimisiúin a sholáthar ann do na blianta ina dhiaidh sin. Dá bharr sin, is féidir le Clár Oibre an Choimisiúin a bheith ina bhonn i gcomhair comhagallaimh struchtúrtha leis an bParlaimint, d’fhonn comhthuiscint a lorg.

Áireofar i gClár Oibre an Choimisiúin freisin tionscnaimh phleanáilte maidir le dlí bog, tarraingtí siar agus simpliú.

1.

Sa chéad seimeastar de bhliain ar leith, rachfaidh Comhaltaí an Choimisiúin i mbun comhagallaimh leanúnaigh rialta leis na coistí parlaiminteacha comhfhreagracha maidir le cur chun feidhme Chlár Oibre an Choimisiúin don bhliain sin agus maidir le hullmhú Chlár Oibre todhchaí an Choimisiúin. Ar bhonn an chomhagallaimh sin, déanfaidh gach coiste parlaiminteach toradh an chomhagallaimh a thuairisciú do Chomhdháil Chathaoirligh na gCoistí.

2.

San am céanna, déanfaidh Comhdháil Chathaoirligh na gCoistí malartú tuairimí a sheoladh go rialta leis an Leas-Chathaoirleach den Choimisiún ar a bhfuil freagracht as caidreamh idirinstitiúideach, chun measúnú a dhéanamh ar an staid maidir le cur chun feidhme Chlár Oibre reatha an Choimisiúin, chun plé a dhéanamh ar ullmhú Chlár Oibre todhchaí an Choimisiúin, agus chun torthaí an chomhagallaimh leanúnaigh dhéthaobhaigh idir na coistí parlaiminteacha lena mbaineann agus Comhaltaí ábhartha an Choimisiúin a mheas.

3.

I mí an Mheithimh, cuirfidh Comhdháil Chathaoirligh na gCoistí tuarascáil achomair faoi bhráid Chomhdháil na nUachtarán, agus ba cheart go n-áireofaí sa tuarascáil sin torthaí an mhionscrúdaithe ar chur chun feidhme Chlár Oibre an Choimisiúin chomh maith le tosaíochtaí na Parlaiminte maidir leis an gcéad Chlár Oibre eile de cuid an Choimisiúin agus cuirfidh an Pharlaimint an Coimisiún ar an eolas ina leith sin.

4.

Ar bhonn na tuarascála achoimre sin, glacfaidh an Pharlaimint rún ag páirtseisiún mhí Iúil, ar rún é ina ndéanfar cur síos ar a seasamh agus, go háirithe, ina n-áireofar iarrataí atá bunaithe ar thuarascálacha ar thionscnaimh reachtacha.

5.

Gach bliain sa chéad pháirtseisiún i Meán Fómhair, tionólfar díospóireacht faoi Staid an Aontais agus tabharfaidh Uachtarán an Choimisiúin aitheasc sa díospóireacht sin, ar aitheasc é ina ndéanfar an bhliain reatha á meas agus ina bhféachfar ar aghaidh chuig na tosaíochtaí do na blianta ina dhiaidh sin. Chuige sin, agus ag an am céanna, déanfaidh Uachtarán an Choimisiúin na príomheilimintí lena dtreorófar ullmhú Chlár Oibre an Choimisiúin don bhliain ina dhiaidh sin a leagan amach i scríbhinn don Pharlaimint.

6.

Ó thús Mheán Fómhair, féadfaidh na coistí parlaiminteacha inniúla agus Comhaltaí ábhartha an Choimisiúin teacht le chéile chun tuairimí a mhalartú ar shlí níos mionsonraithe maidir le tosaíochtaí todhchaí i ngach réimse beartais. Tabharfar na cruinnithe sin chun críche le cruinniú idir Comhdháil Chathaoirligh na gCoistí agus Coláiste na gCoimisinéirí agus le cruinniú idir Comhdháil na nUachtarán agus Uachtarán an Choimisiúin, de réir mar is cuí.

7.

I mí Dheireadh Fómhair, glacfaidh an Coimisiún a Chlár Oibre don bhliain dár gcionn. Ina dhiaidh sin, cuirfidh Uachtarán an Choimisiúin an Clár Oibre sin faoi bhráid na Parlaiminte ar leibhéal cuí.

8.

Féadfaidh an Pharlaimint díospóireacht a thionól agus rún a ghlacadh ag páirtseisiún mhí na Nollag.

9.

Cuirfear an tráthchlár seo i bhfeidhm maidir le gach timthriall rialta do leagan amach cláir, ach amháin i mblianta toghcháin na Parlaiminte atá ann i gcomhthráth le deireadh théarma oifige an Choimisiúin.

10.

Ní dhéanfaidh an tráthchlár seo dochar d’aon chomhaontú amach anseo maidir le leagan amach cláir idirinstitiúidigh.


(1)  Cinneadh ón bParlaimint an 20 Deireadh Fómhair 2010.

(2)  IO L 44, 15.2.2005, lch. 1.

(3)  IO C 117 E, 18.5.2006, lch. 125.

(4)  IO C 321, 31.12.2003, lch. 1.

(5)  Déantar an fhaisnéis a bheidh le soláthar don Pharlaimint maidir le hobair na gcoistí coisteolaíochta agus maidir le sainchumais na Parlaiminte i dtaca le hoibriú nósanna imeachta coisteolaíochta a shainiú go soiléir in ionstraimí eile: (1) Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar síos nósanna imeachta maidir le feidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (IO L 184, 17.7.1999, lch. 23); (2) comhaontú idirinstitiúideach an 3 Meitheamh 2008 idir an Pharlaimint agus an Coimisiún ar nósanna imeachta coisteolaíochta; agus (3) na hionstraimí is gá maidir le cur chun feidhme Airteagal 291 CFAE.

(6)  IO L 113, 19.5.1995, lch. 1.

(7)  IO L 136, 31.5.1999, lch. 20.

(8)  Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle an 29 Feabhra 1968 lena leagtar síos Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile na gComhphobal Eorpach agus lena dtionscnaítear bearta speisialta is infheidhme ar bhonn sealadach maidir le hoifigigh an Choimisiúin.


IARSCRÍBHINN XV

RIALACHÁN (CE) UIMH. 1049/2001 MAIDIR LE ROCHTAIN PHOIBLÍ AR DHOICIMÉID

Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid de chuid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin (1)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 255(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 den Chonradh (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Sa dara fomhír d’Airteagal 1 den Chonradh ar an Aontas Eorpach sainítear coincheap na hoscailteachta, á rá gur céim nua sa síorphróiseas ionsar aontas buandlúite a chur ar bun idir pobail na hEorpa is ea an Conradh, ina nglactar cinntí ar dhóigh chomh hoscailte agus is féidir agus ar leibhéal chomh gar do na saoránaigh agus is féidir.

(2)

Cumasaíonn oscailteacht do na saoránaigh páirt níos dlúithe a ghlacadh sa phróiseas cinnteoireachta agus ráthaítear léi go bhfuil dlisteanacht níos mó ag an gcóras riaracháin agus go bhfuil sé níos éifeachtaí agus níos cuntasaí don saoránach i gcóras daonlathach. Ranchuidíonn oscailteacht le neartú phrionsabail an daonlathais agus na hurraime do chearta bunúsacha mar atá leagtha síos in Airteagal 6 de Chonradh AE agus i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

(3)

Chuir conclúidí chruinnithe na Comhairle Eorpaí a tionóladh in Birmingham, i nDún Éideann agus i gCóbanhávan béim ar an ngá atá le tuilleadh trédhearcachta a thabhairt isteach in obair institiúidí an Aontais. Leis an Rialachán seo, comhdhlúthaítear na tionscnaimh atá curtha i gcrích cheana ag na hinstitiúidí d’fhonn trédhearcacht an phróisis chinnteoireachta a fheabhsú.

(4)

Is é is cuspóir don Rialachán seo ná an éifeacht is iomláine agus is féidir a thabhairt don cheart rochtana poiblí ar dhoiciméid agus na prionsabail ghinearálta agus na teorainneacha ar an rochtain sin a leagan síos i gcomhréir le hAirteagal 255(2) de Chonradh CE.

(5)

Ós rud é nach bhfuil an cheist maidir le rochtain ar dhoiciméid clúdaithe le forálacha an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach ná le forálacha an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, ba cheart do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún, i gcomhréir le Dearbhú Uimh. 41 atá i gceangal le hIonstraim Chríochnaitheach Chonradh Amstardam, treoir a ghlacadh ón Rialachán seo maidir le doiciméid a bhaineann leis na gníomhaíochtaí atá clúdaithe leis an dá Chonradh sin.

(6)

Ba cheart go ndeonófaí rochtain níos leithne ar dhoiciméid i gcásanna ina bhfuil na hinstitiúidí ag gníomhú ina gcáil reachtach, lena n-áirítear faoi chumhachtaí tarmligthe agus, ag an am céanna, éifeachtacht phróiseas cinnteoireachta na n-institiúidí á caomhnú. Go feadh an méid is mó is féidir, ba cheart go mbeadh rochtain dhíreach ar dhoiciméid den sórt sin.

(7)

I gcomhréir le hAirteagal 28(1) agus le hAirteagal 41(1) de Chonradh AE, tá feidhm ag an gceart rochtana freisin maidir le doiciméid a bhaineann leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála agus le comhar póilíneachta agus breithiúnach in ábhair choiriúla. Ba cheart do gach institiúid a rialacha slándála féin a urramú.

(8)

Chun a áirithiú go ndéanfar an Rialachán seo a chur i bhfeidhm go hiomlán maidir le gníomhaíochtaí uile an Aontais, ba cheart do na gníomhaireachtaí go léir arna mbunú ag na hinstitiúidí na prionsabail atá leagtha síos sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm.

(9)

Mar gheall ar an ábhar fíoríogair atá i ndoiciméid áirithe, ba cheart déileáil ar shlí speisialta leis na doiciméid sin. Chun Parlaimint na hEorpa a chur ar an eolas faoin ábhar atá i ndoiciméid den sórt sin, ba cheart socruithe a dhéanamh trí chomhaontú idirinstitiúideach.

(10)

Chun go mbeidh tuilleadh oscailteachta ann in obair na n-institiúidí, ba cheart do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún rochtain ar dhoiciméid a dheonú ní amháin i gcás doiciméad arna dtarraingt suas ag na hinstitiúidí ach freisin i gcás doiciméad a fhaigheann siad. Sa chomhthéacs seo, meabhraítear go bhforáiltear le Dearbhú Uimh. 35 atá i gceangal le hIonstraim Chríochnaitheach Chonradh Amstardam go bhféadfaidh Ballstát a iarraidh ar an gCoimisiún nó ar an gComhairle gan doiciméad arna thionscnamh sa Stát sin a chur ar fáil do thríú páirtithe gan comhaontú a fháil roimh ré ón Stát sin.

(11)

I bprionsabal, ba cheart go mbeadh rochtain ag an bpobal ar dhoiciméid uile na n-institiúidí. Mar sin féin, ba cheart leasanna áirithe poiblí agus leasanna áirithe príobháideacha a chosaint ar mhodh eisceachtaí. Ba cheart go mbeadh na hinstitiúidí i dteideal a gcomhairliúcháin agus a bpléití inmheánacha a chosaint i gcás inar gá sin chun coimirciú a dhéanamh i ndáil lena gcumas chun a gcuid cúraimí a chur i gcrích. Le linn measúnú a dhéanamh maidir leis na heisceachtaí, ba cheart do na hinstitiúidí aird a thabhairt ar na prionsabail atá i reachtaíocht an Chomhphobail agus a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta, i ngach réimse de ghníomhaíochtaí an Aontais.

(12)

Maidir leis na rialacha go léir a bhaineann le rochtain ar dhoiciméid de chuid na n-institiúidí, ba cheart go mbeidís i gcomhréir leis an Rialachán seo.

(13)

Chun a áirithiú go ndéantar an ceart rochtana a urramú go hiomlán, ba cheart go mbeadh feidhm ag nós imeachta riaracháin dhá chéim, mar aon leis an bhféidearthacht bhreise i ndáil le himeachtaí cúirte a thionscnamh nó gearáin a dhéanamh chuig an Ombudsman.

(14)

Ba cheart do gach institiúid na bearta a dhéanamh is gá chun an pobal a chur ar an eolas faoi na forálacha nua a bheidh i bhfeidhm agus chun daoine dá bhfoireann a oiliúint chun cabhrú le saoránaigh a gcearta faoin Rialachán seo a fheidhmiú. Chun go mbeidh sé níos éasca do shaoránaigh a gcearta a chur i bhfeidhm, ba cheart do gach institiúid rochtain ar chlár doiciméad a sholáthar.

(15)

Cé nach é is cuspóir nó is éifeacht don Rialachán seo leasú a dhéanamh ar an reachtaíocht náisiúnta maidir le rochtain ar dhoiciméid, is léir dá ainneoin sin, de bhua phrionsabal an chomhair dhílis lena rialaítear an caidreamh idir na hinstitiúidí agus na Ballstáit, gur cheart do Bhallstáit cúram a ghlacadh gan cur isteach ar chur i bhfeidhm cuí an Rialacháin seo agus gur cheart dóibh rialacha slándála na n-institiúidí a urramú.

(16)

Tá an Rialachán seo gan dochar do na cearta rochtana láithreacha ar dhoiciméid i gcás Ballstát, údarás breithiúnach nó comhlachtaí imscrúdúcháin.

(17)

I gcomhréir le hAirteagal 255(3) de Chonradh CE, déanann gach institiúid forálacha sonracha maidir le rochtain ar a doiciméid a leagan síos ina rialacha nós imeachta. Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 93/731/CE ón gComhairle an 20 Nollaig 1993 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid de chuid na Comhairle (4), Cinneadh 94/90/CEGC, CE, Euratom ón gCoimisiún an 8 Feabhra 1994 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid de chuid an Choimisiúin (5), Cinneadh 97/632/CE, CEGC, Euratom ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Iúil 1997 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid de chuid Pharlaimint na hEorpa (6), agus na rialacha ar rúndacht dhoiciméid Schengen a mhodhnú nó a aisghairm, más gá sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuspóir

Is é is cuspóir don Rialachán seo:

(a)

na prionsabail, na coinníollacha agus na teorainneacha, ar mhaithe le leas an phobail nó ar mhaithe le leas príobháideach, lena rialaítear an ceart rochtana ar dhoiciméid de chuid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin (dá ngairtear “na hinstitiúidí” anseo feasta) dá bhforáiltear in Airteagal 255 de Chonradh CE a shainiú ar shlí ina n-áiritheofar go mbeidh an rochtain is leithne agus is féidir ann ar dhoiciméid;

(b)

rialacha a bhunú lena n-áirithiú gur féidir an ceart seo a fheidhmiú ar an tslí is éasca is féidir; agus

(c)

dea-chleachtas riaracháin a chur chun cinn maidir le rochtain ar dhoiciméid.

Airteagal 2

Tairbhithe agus raon feidhme

1.   Tá ceart ag aon saoránach den Aontas, agus ag aon duine nádúrtha nó dlítheanach a chónaíonn nó a bhfuil a oifig chláraithe aige i mBallstát, chun rochtain a fháil ar dhoiciméid de chuid na n-institiúidí, ach sin faoi réir na bprionsabal, na gcoinníollacha agus na dteorainneacha atá sainithe sa Rialachán seo.

2.   Féadfaidh na hinstitiúidí, faoi réir na bprionsabal, na gcoinníollacha agus na dteorainneacha céanna, rochtain ar dhoiciméid a dheonú d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach nach gcónaíonn, nó nach bhfuil a oifig chláraithe aige, i mBallstát.

3.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na doiciméid go léir a shealbhaíonn institiúid, is é sin le rá, doiciméid arna dtarraingt suas aici nó a fhaigheann sí agus a shealbhaíonn sí, i ngach réimse gníomhaíochta de chuid an Aontais Eorpaigh.

4.   Gan dochar d’Airteagal 4 agus d’Airteagal 9, beidh rochtain ag an bpobal ar dhoiciméid tar éis iarratas i scríbhinn a dhéanamh nó cuirfear rochtain dhíreach ar fáil i bhfoirm leictreonach nó trí chlár. Go háirithe, cuirfear rochtain dhíreach ar fáil, i gcomhréir le hAirteagal 12, i gcás doiciméad arna dtarraingt suas nó arna bhfáil le linn nós imeachta reachtaigh.

5.   Maidir le doiciméid íogaire, arna sainmhíniú in Airteagal 9(1), déileálfar leo ar shlí speisialta i gcomhréir leis an Airteagal sin.

6.   Beidh an Rialachán seo gan dochar do chearta rochtana poiblí ar dhoiciméid a shealbhaíonn na hinstitiúidí agus a d’fhéadfadh eascairt as ionstraimí de chuid an dlí idirnáisiúnta nó as gníomhartha de chuid na n-institiúidí lena gcuirtear na hionstraimí sin chun feidhme.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críche an Rialacháin seo:

(a)

ciallóidh “doiciméad” aon ábhar is cuma cén meán ina bhfuil sé (i scríbhinn ar pháipéar nó arna stóráil i bhfoirm leictreonach nó mar fhuaimthaifeadadh, mar amharcthaifeadadh nó mar thaifeadadh closamhairc) ar ábhar é a bhfuil baint aige le ní a bhaineann le beartais, gníomhaíochtaí agus cinntí a thagann faoi réim raon freagrachta na hinstitiúide;

(b)

ciallóidh “tríú páirtí” aon duine nádúrtha nó dlítheanach, nó aon eintiteas lasmuigh den institiúid lena mbaineann, lena n-áirítear na Ballstáit, institiúidí agus comhlachtaí eile Comhphobail nó neamh-Chomhphobail eile agus tríú tíortha.

Airteagal 4

Eisceachtaí

1.   Diúltóidh na hinstitiúidí rochtain ar dhoiciméad i gcás ina mbainfí de chosaint na nithe seo a leanas dá nochtfaí an doiciméad sin:

(a)

leas an phobail maidir leis an méid seo a leanas:

slándáil phoiblí,

cúrsaí cosanta agus míleata,

caidreamh idirnáisiúnta,

beartas airgeadais, airgeadaíochta nó eacnamaíoch ar thaobh an Chomhphobail nó ar thaobh Ballstáit;

(b)

príobháideachas agus iomláine an duine aonair, go háirithe i gcomhréir le reachtaíocht an Chomhphobail maidir le cosaint sonraí pearsanta.

2.   Diúltóidh na hinstitiúidí rochtain ar dhoiciméad i gcás ina mbainfí de chosaint na nithe seo a leanas dá nochtfaí an doiciméad sin:

leasanna tráchtála duine nádúrtha nó dhlítheanaigh, lena n-áirítear maoin intleachtúil,

imeachtaí cúirte agus comhairle dhlíthiúil,

cuspóir cigireachtaí, imscrúduithe agus iniúchtaí,

mura rud é go bhfuil leas sáraitheach poiblí ann i dtaca le nochtadh an doiciméid lena mbaineann.

3.   Maidir le rochtain ar dhoiciméad, arna tharraingt suas ag institiúid le haghaidh úsáide inmheánaí nó arna fháil ag institiúid, ar doiciméad é a bhaineann le hábhar nach bhfuil cinneadh déanta ina leith ag an institiúid, diúltófar rochtain a thabhairt ar an doiciméad sin más rud é go mbainfeadh nochtadh an doiciméid go mór de phróiseas cinnteoireachta na hinstitiúide, mura rud é go bhfuil leas sáraitheach poiblí ann i dtaca le nochtadh an doiciméid lena mbaineann.

Maidir le rochtain ar dhoiciméad ina bhfuil tuairimí le haghaidh úsáide inmheánaí mar chuid de phléití agus de réamhchomhairliúcháin laistigh den institiúid lena mbaineann, diúltófar rochtain a thabhairt ar an doiciméad sin fiú amháin tar éis cinneadh ina leith a bheidh déanta más rud é go mbainfeadh nochtadh an doiciméid go mór de phróiseas cinnteoireachta na hinstitiúide, mura rud é go bhfuil leas sáraitheach poiblí ann i dtaca le nochtadh an doiciméid lena mbaineann.

4.   Maidir le doiciméid tríú páirtí, rachaidh an institiúid i gcomhairle leis an tríú páirtí d’fhonn a mheas an bhfuil eisceacht atá luaite i mír 1 nó i mír 2 infheidhme, mura rud é gur léir go bhfuil an doiciméad le nochtadh nó nach bhfuil an doiciméad le nochtadh.

5.   Féadfaidh Ballstát a iarraidh ar an institiúid gan doiciméad arna thionscnamh sa Bhallstát sin a nochtadh gan comhaontú an Bhallstáit a fháil roimh ré.

6.   Más rud é nach bhfuil ach codanna den doiciméad iarrtha clúdaithe le haon cheann de na heisceachtaí, déanfar na codanna eile den doiciméad a scaoileadh.

7.   Ní bheidh feidhm ag na heisceachtaí atá leagtha síos i mír 1 go mír 3 ach amháin ar feadh na tréimhse ar lena linn a bheidh údar maith leis an gcosaint, ar bhonn ábhar an doiciméid. Féadfaidh na heisceachtaí leanúint i bhfeidhm ar feadh tréimhse uasta 30 bliain. I gcás doiciméad atá clúdaithe leis na heisceachtaí a bhaineann le príobháideachas nó leasanna tráchtála agus, i gcás doiciméad íogair, féadfaidh na heisceachtaí leanúint i bhfeidhm tar éis na tréimhse sin, más gá sin.

Airteagal 5

Doiciméid i mBallstáit

I gcás ina bhfaigheann Ballstát iarratas ar dhoiciméad atá ina sheilbh, ar doiciméad é de thionscnamh institiúide, agus mura rud é gur léir go bhfuil an doiciméad le nochtadh nó nach bhfuil sé le nochtadh, rachaidh an Ballstát i gcomhairle leis an institiúid lena mbaineann chun cinneadh a dhéanamh nach gcuireann baint amach chuspóirí an Rialacháin seo i gcontúirt.

Ina ionad sin, féadfaidh an Ballstát an iarraidh a tharchur chuig an institiúid.

Airteagal 6

Iarratais

1.   Maidir le hiarratais ar rochtain ar dhoiciméad, déanfar iad in aon fhoirm i scríbhinn, lena n-áirítear foirm leictreonach, agus i gceann de na teangacha dá dtagraítear in Airteagal 314 de Chonradh CE agus ar shlí a bheidh sách beacht chun a chumasú don institiúid an doiciméad a shainaithint. Níl aon oibleagáid ar an iarratasóir cúiseanna leis an iarratas a lua.

2.   Más rud é nach bhfuil iarratas sách beacht, iarrfaidh an institiúid ar an iarratasóir an t-iarratas a shoiléiriú agus tabharfaidh cúnamh don iarratasóir déanamh amhlaidh, mar shampla, trí fhaisnéis a sholáthar faoi úsáid chláir phoiblí na ndoiciméad.

3.   I gcás iarratais a bhaineann le doiciméad an-fhada nó a bhaineann le líon an-mhór doiciméad, féadfaidh an institiúid lena mbaineann dul i gcomhairle leis an iarratasóir go neamhfhoirmiúil d’fhonn réiteach cothrom a fháil.

4.   Soláthróidh na hinstitiúidí faisnéis agus cúnamh do shaoránaigh maidir le conas is féidir iarratais a dhéanamh ar rochtain ar dhoiciméid agus maidir le cá háit inar féidir déanamh amhlaidh.

Airteagal 7

Iarratais tosaigh a phróiseáil

1.   Déanfar iarratas ar rochtain ar dhoiciméad a láimhseáil go pras. Seolfar admháil chuig an iarratasóir á rá go bhfuarthas an t-iarratas. Laistigh de 15 lá oibre ón tráth a chláraítear an t-iarratas, déanfaidh an institiúid rochtain a thabhairt ar an doiciméad a iarradh agus tabharfaidh rochtain de réir Airteagal 10 laistigh den tréimhse sin nó, i bhfreagra scríofa, luafaidh sí na cúiseanna le diúltú iomlán nó le diúltú páirteach agus cuirfidh in iúl don iarratasóir go bhfuil ceart aige nó aici iarratas daingniúcháin a dhéanamh i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo.

2.   I gcás diúltaithe iomláin nó diúltaithe pháirtigh, féadfaidh an t-iarratasóir, laistigh de 15 lá oibre ón tráth a fhaigheann sé nó sí freagra na hinstitiúide, iarratas daingniúcháin a dhéanamh á iarraidh ar an institiúid athbhreithniú a dhéanamh ar a seasamh.

3.   I gcásanna eisceachtúla, mar shampla i gcás iarratais a bhaineann le doiciméad an-fhada nó a bhaineann le líon an-mhór doiciméad, féadfar an teorainn ama dá bhforáiltear i mír 1 a fhadú 15 lá oibre, ar choinníoll go dtugtar fógra ina leith sin don iarratasóir roimh ré agus go dtugtar cúiseanna mionsonraithe.

4.   Más rud é nach dtugann an institiúid freagra laistigh den teorainn ama fhorordaithe, beidh an t-iarratasóir i dteideal iarratas daingniúcháin a dhéanamh.

Airteagal 8

Iarratais daingniúcháin a phróiseáil

1.   Déanfar iarratas daingniúcháin a láimhseáil go pras. Laistigh de 15 lá oibre ón tráth a chláraítear an t-iarratas sin, déanfaidh an institiúid rochtain a thabhairt ar an doiciméad a iarradh agus tabharfaidh rochtain de réir Airteagal 10 laistigh den tréimhse sin nó, i bhfreagra scríofa, luafaidh sí na cúiseanna le diúltú iomlán nó le diúltú páirteach. I gcás diúltaithe iomláin nó diúltaithe pháirtigh, déanfaidh an institiúid na leigheasanna atá ar fáil don iarratasóir a chur in iúl dó nó di, eadhon, imeachtaí cúirte a thionscnamh in aghaidh na hinstitiúide agus/nó gearán a dhéanamh chuig an Ombudsman, faoi na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 230 agus in Airteagal 195 de Chonradh CE, faoi seach.

2.   I gcásanna eisceachtúla, mar shampla i gcás iarratais a bhaineann le doiciméad an-fhada nó a bhaineann le líon an-mhór doiciméad, féadfar an teorainn ama dá bhforáiltear i mír 1 a fhadú 15 lá oibre, ar choinníoll go dtugtar fógra ina leith sin don iarratasóir roimh ré agus go dtugtar cúiseanna mionsonraithe.

3.   Más rud é nach dtugann an institiúid freagra laistigh den teorainn ama fhorordaithe, measfar gur freagra diúltach atá tugtha agus beidh an t-iarratasóir i dteideal, dá bharr sin, imeachtaí cúirte a thionscnamh in aghaidh na hinstitiúide agus/nó gearán a dhéanamh chuig an Ombudsman, faoi na forálacha ábhartha de Chonradh CE.

Airteagal 9

Déileáil le doiciméid íogaire

1.   Is é atá i ndoiciméid íogaire ná doiciméid de thionscnamh na n-institiúidí nó na ngníomhaireachtaí arna mbunú acu, de thionscnamh na mBallstát, de thionscnamh tríú tíortha nó de thionscnamh Eagraíochtaí Idirnáisiúnta, ar doiciméid iad atá aicmithe mar “TRÉS SECRET/TOP SECRET”, “SECRET” nó “CONFIDENTIEL” i gcomhréir le rialacha na hinstitiúide lena mbaineann, agus ar doiciméid iad a thugann cosaint do leasanna bunúsacha an Aontais Eorpaigh nó do leasanna ceann amháin nó níos mó dá chuid Ballstát sna réimsí atá clúdaithe le hAirteagal 4(1)(a), go háirithe slándáil phoiblí, cosaint agus cúrsaí míleata.

2.   Maidir le hiarratais ar rochtain ar dhoiciméid íogaire faoi na nósanna imeachta atá leagtha síos in Airteagal 7 agus in Airteagal 8, ní dhéileálfaidh aon duine leo seachas na daoine sin a bhfuil ceart acu eolas a fháil faoin na doiciméid sin. Gan dochar d’Airteagal 11(2), déanfaidh na daoine sin measúnú freisin i dtaobh cad iad na tagairtí do dhoiciméid íogaire a fhéadfar a chur isteach sa chlár poiblí.

3.   Ní dhéanfar doiciméid íogaire a thaifeadadh sa chlár nó a scaoileadh ach amháin le toiliú an tionscnóra.

4.   Aon institiúid a chinneann rochtain ar dhoiciméad íogair a dhiúltú, tabharfaidh sí na cúiseanna lena cinneadh ar shlí nach ndéanfaidh díobháil do na leasanna atá cosanta in Airteagal 4.

5.   Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí lena chinntiú go n-urramaítear prionsabail an Airteagail seo agus prionsabail Airteagal 4 nuair atá iarratais ar dhoiciméid íogaire á láimhseáil.

6.   Poibleofar rialacha na n-institiúidí maidir le doiciméid íogaire.

7.   Cuirfidh an Coimisiún agus an Chomhairle Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoi dhoiciméid íogaire i gcomhréir le socruithe a comhaontaítear idir na hinstitiúidí.

Airteagal 10

Rochtain tar éis iarratas a dhéanamh

1.   Beidh rochtain ag an iarratasóir ar dhoiciméid trí fhéachaint orthu ar an láthair nó trí chóip díobh a fháil, lena n-áirítear cóip leictreonach, má tá a leithéid ar fáil, de réir mar a roghnóidh an t-iarratasóir. Féadfar muirear a ghearradh ar an iarratasóir i leith an chostais a ghabhann le hullmhú agus seoladh na gcóipeanna. Ní bheidh an muirear sin níos mó ná an costas iarbhír a ghabhann le hullmhú agus seoladh na gcóipeanna. Beidh féachaint ar dhoiciméid ar an láthair, cóipeanna ar lú a líon ná 20 leathanach A4 agus rochtain dhíreach i bhfoirm leictreonach nó tríd an gclár saor in aisce.

2.   I gcás doiciméad a bheith scaoilte cheana ag an institiúid lena mbaineann agus i gcás ina bhfuil fáil ag an iarratasóir air go héasca, féadfaidh an institiúid, maidir lena hoibleagáid chun rochtain a dheonú ar dhoiciméid, an oibleagáid sin a chomhall tríd an t-iarratasóir a chur ar an eolas i dtaobh conas an doiciméad iarrtha a fháil.

3.   Soláthrófar doiciméid sa leagan agus san fhormáid ina bhfuil siad cheana (lena n-áirítear go leictreonach nó i bhformáid mhalartach amhail Braille, i gcló mór nó ar théip) agus lánaird á tabhairt ar rogha an iarratasóra.

Airteagal 11

Cláir

1.   Ionas go mbeidh cearta na saoránach faoin Rialachán seo éifeachtach, soláthróidh gach institiúid rochtain phoiblí ar a clár doiciméad. Ba cheart rochtain a thabhairt ar an gclár i bhfoirm leictreonach. Déanfar tagairtí do dhoiciméid a thaifeadadh sa chlár gan mhoill.

2.   I gcás gach doiciméid, beidh na nithe seo a leanas sa chlár: uimhir thagartha (lena n-áirítear an tagairt idirinstitiúideach, más infheidhme), an t-ábhar agus/nó tuairisc ghearr ar inneachar an doiciméid agus an dáta a bhfuarthas é nó ar tarraingíodh suas é agus ar taifeadadh sa chlár é. Déanfar na tagairtí ar shlí nach mbainfear an bonn ó chosaint na leasanna atá in Airteagal 4.

3.   Maidir leis na bearta is gá chun clár a bhunú, déanfaidh na hinstitiúidí láithreach iad agus beidh an clár i bhfeidhm faoin 3 Meitheamh 2002.

Airteagal 12

Rochtain dhíreach i bhfoirm leictreonach nó trí chlár

1.   Déanfaidh na hinstitiúidí, a mhéid is féidir, rochtain dhíreach ar dhoiciméid a thabhairt don phobal i bhfoirm leictreonach nó trí chlár i gcomhréir le rialacha na hinstitiúide lena mbaineann.

2.   Go háirithe, ba cheart, faoi réir Airteagal 4 agus Airteagal 9, rochtain dhíreach a thabhairt ar dhoiciméid reachtacha, is é sin le rá, doiciméid arna dtarraingt suas nó arna bhfáil le linn nósanna imeachta chun gníomhartha atá ceangailteach de réir dlí sna Ballstáit nó ar na Ballstáit a ghlacadh.

3.   I gcás inar féidir, ba cheart rochtain dhíreach a thabhairt ar dhoiciméid eile, go háirithe doiciméid a bhaineann le forbairt beartais nó straitéise.

4.   I gcás nach dtugtar rochtain dhíreach tríd an gclár, tabharfar léiriú sa chlár, a mhéid is féidir, faoin áit ina bhfuil an doiciméad.

Airteagal 13

Foilsiú san Iris Oifigiúil

1.   De bhreis ar na gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 254(1) agus (2) de Chonradh CE agus sa chéad mhír d’Airteagal 163 de Chonradh Euratom, foilseofar na doiciméid seo a leanas san Iris Oifigiúil, ach sin faoi réir Airteagal 4 agus Airteagal 9 den Rialachán seo:

(a)

tograí ón gCoimisiún;

(b)

comhsheasaimh arna nglacadh ag an gComhairle i gcomhréir leis na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 agus in Airteagal 252 de Chonradh CE agus na cúiseanna is bonn leis na comhsheasaimh sin, chomh maith le seasaimh Pharlaimint na hEorpa sna nósanna imeachta sin;

(c)

creat-chinntí agus cinntí dá dtagraítear in Airteagal 34(2) de Chonradh AE;

(d)

coinbhinsiúin arna mbunú ag an gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 34(2) de Chonradh AE;

(e)

coinbhinsiúin arna síniú ag na Ballstáit ar bhonn Airteagal 293 de Chonradh CE;

(f)

comhaontuithe idirnáisiúnta arna dtabhairt i gcrích ag an gComhphobal nó arna dtabhairt i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 24 de Chonradh AE.

2.   A mhéid is féidir, foilseofar na doiciméid seo a leanas san Iris Oifigiúil:

(a)

tionscnaimh arna dtíolacadh don Chomhairle ag Ballstát de bhun Airteagal 67(1) de Chonradh CE nó de bhun Airteagal 34(2) de Chonradh AE;

(b)

comhsheasaimh dá dtagraítear in Airteagal 34(2) de Chonradh AE;

(c)

treoracha seachas na treoracha dá dtagraítear in Airteagal 254(1) agus (2) de Chonradh CE, cinntí seachas na cinntí dá dtagraítear in Airteagal 254(1) de Chonradh CE, moltaí agus tuairimí.

3.   Féadfaidh gach institiúid a shuíomh, ina cuid rialacha nós imeachta, cad iad na doiciméid eile a fhoilseofar san Iris Oifigiúil.

Airteagal 14

Faisnéis

1.   Déanfaidh gach institiúid na bearta is gá chun an pobal a chur ar an eolas faoi na cearta atá acu faoin Rialachán seo.

2.   Comhoibreoidh na Ballstáit leis na hinstitiúidí chun faisnéis a sholáthar do na saoránaigh.

Airteagal 15

Cleachtas riaracháin sna hinstitiúidí

1.   Forbróidh na hinstitiúidí dea-chleachtais riaracháin chun feidhmiú an chirt rochtana arna ráthú leis an Rialachán seo a éascú.

2.   Bunóidh na hinstitiúidí coiste idirinstitiúideach chun an dea-chleachtas a scrúdú, chun aghaidh a thabhairt ar choimhlintí a d’fhéadfadh a bheith ann agus chun plé a dhéanamh ar fhorbairtí amach anseo maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid.

Airteagal 16

Atáirgeadh doiciméad

Beidh an Rialachán seo gan dochar d’aon rialacha atá ann cheana maidir le cóipcheart ar rialacha iad a d’fhéadfadh teorainn a chur le ceart tríú páirtí atáirgeadh nó saothrú a dhéanamh ar dhoiciméid arna scaoileadh.

Airteagal 17

Tuarascálacha

1.   Foilseoidh gach institiúid tuarascáil go bliantúil maidir leis an mbliain roimhe sin agus áireofar sa tuarascáil sin an líon cásanna inar dhiúltaigh an institiúid rochtain a thabhairt ar dhoiciméid, na cúiseanna leis na diúltuithe sin agus an líon doiciméad íogair nár taifeadadh sa chlár.

2.   Faoin 31 Eanáir 2004 ar a dhéanaí, foilseoidh an Coimisiún tuarascáil ar chur chun feidhme phrionsabail an Rialacháin seo agus déanfaidh sé moltaí, lena n-áirítear, más iomchuí, tograí i gcomhair athbhreithniú an Rialacháin seo mar aon le clár gníomhaíochta maidir le bearta a bheidh le déanamh ag na hinstitiúidí.

Airteagal 18

Bearta maidir le cur i bhfeidhm

1.   Déanfaidh gach institiúid a cuid rialacha nós imeachta a oiriúnú d’fhorálacha an Rialacháin seo. Beidh éifeacht leis na hoiriúnuithe ón 3 Nollaig 2001.

2.   Laistigh de shé mhí ón tráth a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm, déanfaidh an Coimisiún scrúdú i dtaobh a mhéid atá Rialachán (CEE, Euratom) Uimh. 354/83 ón gComhairle an 1 Feabhra 1983 maidir le cartlann stairiúil Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach a oscailt don phobal (7) i gcomhréir leis an Rialachán seo chun caomhnú agus cartlannú doiciméad a chinntiú go feadh an méid is mó is féidir.

3.   Laistigh de shé mhí ón tráth a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm, déanfaidh an Coimisiún scrúdú i dtaobh a mhéid atá na rialacha atá cheana ann maidir le rochtain ar dhoiciméid i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Airteagal 19

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh sé infheidhme ón 3 Nollaig 2001.


(1)  IO L 145, 31.5.2001, lch. 43.

(2)  IO C 177 E, 27.6.2000, lch. 70.

(3)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 3 Bealtaine 2001 agus Cinneadh ón gComhairle an 28 Bealtaine 2001.

(4)  IO L 340, 31.12.1993, lch. 43. Cinneadh arna leasú go deireanach le Cinneadh 2000/527/CE (IO L 212, 23.8.2000, lch. 9).

(5)  IO L 46, 18.2.1994, lch. 58. Cinneadh arna leasú le Cinneadh 96/567/CE, CEGC, Euratom (IO L 247, 28.9.1996, lch. 45).

(6)  IO L 263, 25.9.1997, lch. 27.

(7)  IO L 43, 15.2.1983, lch. 1.


IARSCRÍBHINN XVI

TREOIRLÍNTE MAIDIR LE LÉIRMHÍNIÚ AR CHAIGHDEÁIN IOMPAIR NA bhFEISIRÍ

1.

Ba cheart idirdhealú a dhéanamh idir gníomhartha infheicthe, a bhféadfar glacadh leo, ar choinníoll nach bhfuil siad maslach agus/nó clúmhillteach, go bhfanann siad laistigh de theorainneacha réasúnacha agus nach leanann coimhlint astu, agus gníomhartha a chuireann isteach go gníomhach ar aon ghníomhaíocht pharlaiminteach d’aon chineál.

2.

Measfar na Feisirí a bheith freagrach as aon mhainneachtain ag daoine atá ar fostú acu nó a socraíonn siad rochtain chun na Parlaiminte dóibh na caighdeáin iompair is infheidhme maidir le Feisirí a chomhlíonadh le linn do na daoine sin a bheith in áitreabh na Parlaiminte.

Féadfaidh an tUachtarán nó a chuid ionadaithe cumhachtaí araíonachta a fheidhmiú ar dhaoine den sórt sin agus ar aon duine seachtrach eile atá in áitreabh na Parlaiminte.


IARSCRÍBHINN XVII

TREOIRLÍNTE MAIDIR LE FORMHEAS AN CHOIMISIÚIN

1.   Beidh feidhm ag na prionsabail, na critéir agus na socruithe seo a leanas chun coláiste iomlán an Choimisiúin a chur faoi réir vóta toilíochta na Parlaiminte:

(a)   An bunús don mheasúnacht

Déanfaidh an Pharlaimint meastóireacht ar na Coimisinéirí ainmnithe ar bhonn a n-inniúlachta ginearálta, a dtiomantais i leith na hEorpa agus a neamhspleáchais phearsanta. Déanfaidh sí measúnú ar a n-eolas faoina réimse freagrachta ionchasach agus ar a gcuid scileanna cumarsáide.

Tabharfaidh an Pharlaimint aird ar leith ar chóimheá inscne. Féadfaidh sí a barúil a thabhairt faoi na cúraimí a leithdháilfidh an tUachtarán toghaí i ndáil leis na réimsí éagsúla freagrachta.

Féadfaidh an Pharlaimint aon fhaisnéis a lorg atá ábhartha maidir le teacht ar chinneadh faoi inniúlacht na gCoimisinéirí ainmnithe. Beidh sí ag súil go ndéanfar nochtadh iomlán faisnéise i ndáil lena gcuid leasanna airgeadais.

(b)   Éisteachtaí

Iarrfar ar gach Coimisinéir ainmnithe láithriú os comhair an choiste iomchuí nó na gcoistí iomchuí le haghaidh éisteachta aonair. Tionólfar na héisteachtaí go poiblí.

Eagróidh Comhdháil na nUachtarán agus Comhdháil Chathaoirligh na gCoistí na héisteachtaí go comhpháirteach. Déanfar socruithe iomchuí chun na coistí ábhartha a bheith rannpháirteach freisin i gcás réimsí freagrachta measctha a bheith ann. Tá trí rogha ann:

(i)

má thagann cúram an Choimisinéara ainmnithe faoi réimse freagrachta aon choiste amháin, is é an coiste sin amháin a thabharfaidh éisteacht don Choimisinéir ainmnithe;

(ii)

má thagann cúram an Choimisinéara ainmnithe go cothrom, a bheag nó a mhór, faoi réimse freagrachta níos mó ná coiste amháin, is iad na coistí sin a thabharfaidh éisteacht go comhpháirteach don Choimisinéir ainmnithe; agus

(iii)

má thagann cúram an Choimisinéara ainmnithe faoi réimse freagrachta coiste amháin den chuid is mó agus nach dtagann ach cuid bheag den chúram faoi réimse freagrachta coiste amháin eile ar a laghad, is é an coiste is mó freagracht a thabharfaidh éisteacht don Choimisinéir ainmnithe agus tabharfaidh an coiste sin cuireadh don choiste eile nó do na coistí eile chun freastal ar an éisteacht.

Rachfar i gcomhairle go hiomlán le hUachtarán toghaí an Choimisiúin faoi na socruithe.

Cuirfidh na coistí ceisteanna i scríbhinn faoi bhráid na gCoimisinéirí ainmnithe in am trátha roimh na héisteachtaí. Beidh líon na gceisteanna substainteacha i scríbhinn teoranta do chúig cheist in aghaidh an choiste fhreagraigh.

Seolfar na héisteachtaí faoi chúinsí agus faoi choinníollacha ina mbeidh deis chomhionann agus chothrom ag na Coimisinéirí ainmnithe iad féin a chur in iúl agus a gcuid tuairimí a chur i láthair.

Iarrfar ar na Coimisinéirí ainmnithe ráiteas tosaigh ó bhéal a dhéanamh nach mairfidh níos faide ná 20 nóiméad. Is é a bheidh mar aidhm ag na héisteachtaí ná comhrá polaitiúil iolraíoch a fhorbairt idir na Coimisinéirí ainmnithe agus na Feisirí. Roimh dheireadh na héisteachta, tabharfar an deis do na Coimisinéirí ainmnithe ráiteas gairid deiridh a dhéanamh.

(c)   Meastóireacht

Déanfar fístaifeadadh innéacsaithe de na héisteachtaí a chur ar fáil don taifead poiblí laistigh de 24 huaire an chloig.

Tiocfaidh na coistí le chéile gan mhoill tar éis na héisteachta chun meastóireacht a dhéanamh ar na Coimisinéirí ainmnithe ar leithligh. Seolfar na cruinnithe sin i seomra iata. Iarrfar ar an coistí a rá, dar leo, an bhfuil na Coimisinéirí ainmnithe cáilithe chun bheith ina gcomhaltaí den choláiste agus chun na dualgais áirithe atá sannta dóibh a chomhlíonadh. Más rud é nach bhfuil an coiste in ann teacht ar chomhthoil maidir leis an dá phointe sin, socróidh an Cathaoirleach, mar rogha dheiridh, go ndéanfar vótáil le ballóid rúnda ar an dá chinneadh. Déanfar ráitis meastóireachta na gcoistí a chur ar fáil go poiblí agus tíolacfar iad ag cruinniú comhpháirteach de Chomhdháil na nUachtarán agus de Chomhdháil Chathaoirligh na gCoistí, ar cruinniú é a sheolfar i seomra iata. Tar éis tuairimí a mhalartú, fógróidh Comhdháil na nUachtarán agus Comhdháil Chathaoirligh na gCoistí go bhfuil deireadh leis na héisteachtaí mura rud é go gcinnfidh siad tuilleadh faisnéise a lorg.

Déanfaidh Uachtarán toghaí an Choimisiúin Coláiste iomlán na gCoimisinéirí ainmnithe agus a gclár a thíolacadh ag suí den Pharlaimint agus tabharfar cuireadh don Chomhairle iomlán a bheith i láthair ag an suí sin. Beidh díospóireacht ann i ndiaidh an tíolactha. Chun an díospóireacht a thabhairt chun críche, féadfaidh aon ghrúpa polaitiúil nó 40 Feisire ar a laghad tairiscint i gcomhair rúin a chur síos. Beidh feidhm ag Riail 110(3), (4) agus (5). Tar éis na vótála ar an tairiscint i gcomhair rúin, déanfaidh an Pharlaimint vótáil i dtaobh an dtugann sí, nó nach dtugann sí, a toiliú le ceapadh an Uachtaráin thoghaí agus na gCoimisinéirí ainmnithe mar chomhlacht. Déanfaidh an Pharlaimint cinneadh le tromlach na vótaí a chaitear, trí ghlaoch rolla. Féadfaidh sí an vótáil a chur siar go dtí an chéad suí eile.

2.   Beidh feidhm ag na socruithe seo a leanas i gcás ina dtagann athrú ar chomhdhéanamh Choláiste na gCoimisinéirí nó i gcás ina ndéantar athrú substaintiúil ar réimse freagrachta Coimisinéara le linn an téarma oifige:

(a)

nuair atá folúntas a tharlaíonn mar gheall ar éirí as oifig, scor éigeantach nó bás le líonadh, déanfaidh an Pharlaimint, ag gníomhú di le dithneas, a iarraidh ar an gCoimisinéir ainmnithe páirt a ghlacadh in éisteacht faoi na coinníollacha céanna atá leagtha síos i mír 1;

(b)

i gcás aontachais Ballstáit nua, iarrfaidh an Pharlaimint ar an gCoimisinéir ainmnithe páirt a ghlacadh in éisteacht faoi na coinníollacha céanna atá leagtha síos i mír 1;

(c)

i gcás ina dtarlaíonn athrú substaintiúil ar réimse freagrachta Coimisinéara, iarrfar ar na Coimisinéirí a ndéanann an t-athrú difear dóibh láithriú os comhair na gcoistí lena mbaineann sula rachaidh siad i mbun a gcuid freagrachtaí nua.

De mhaolú ar an nós imeachta atá leagtha síos i mír 1(c), an tríú fomhír, nuair a bhainfidh an vóta sa suí iomlánach le ceapadh Coimisinéara aonair, is le ballóid rúnda a dhéanfar an vótáil.


IARSCRÍBHINN XVIII

AN NÓS IMEACHTA MAIDIR LE hÚDARÚ A DHEONÚ CHUN TUARASCÁLACHA FÉINTIONSCNAIMH A THARRAINGT SUAS

CINNEADH Ó CHOMHDHÁIL NA nUACHTARÁN AN 12 NOLLAIG 2002 (1)

TÁ COMHDHÁIL NA nUACHTARÁN,

ag féachaint do Rialacha 25, 27, 119, 120, 35, 42, 45, 47, 48, 50, 202(2) agus 205(2) de na Rialacha Nós Imeachta;

ag féachaint don togra ó Chomhdháil Uachtaráin na gCoistí agus ón Meitheal ar Athchóiriú Parlaiminteach;

de bhrí, mar thoradh ar an gcinneadh ó Chomhdháil na nUachtarán an 12 Nollaig 2007, gur cheart an cinneadh ón gComhdháil an 12 Nollaig 2002 a leasú,

TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:

Airteagal 1

Forálacha ginearálta

1.   Beidh feidhm ag an gcinneadh seo maidir leis na catagóirí tuarascálacha féintionscnaimh seo a leanas:

(a)

Tuarascálacha Féintionscnaimh Reachtacha, a tharraingítear suas ar bhonn Airteagal 192 de Chonradh CE agus ar bhonn Riail 42 de na Rialacha Nós Imeachta;

(b)

Tuarascálacha Straitéiseacha, a tharraingítear suas ar bhonn tionscnamh neamhreachtach, idir thionscnaimh straitéiseacha agus thionscnaimh thosaíochta, a áirítear i gclár reachtach agus oibre bliantúil an Choimisiúin;

(c)

Tuarascálacha Féintionscnaimh Neamhreachtacha, nach dtarraingítear suas ar bhonn doiciméid de chuid Institiúide nó comhlachta eile den Aontas Eorpach nó a tharraingítear suas ar bhonn doiciméid a chuirtear ar aghaidh chuig an bParlaimint mar eolas, ach sin gan dochar d’Airteagal 2(3);

(d)

Tuarascálacha Bliantúla maidir le Gníomhaíochtaí agus Faireachán (mar a liostaítear in Iarscríbhinn 1) (2);

(e)

Tuarascálacha Cur Chun Feidhme ar thrasuí reachtaíocht an AE sa dlí náisiúnta agus ar chur chun feidhme agus ar fhorfheidhmiú na reachtaíochta sin sna Ballstáit.

2.   Féadfaidh gach coiste parlaiminteach suas go dtí sé cinn de thuarascálacha féintionscnaimh a tharraingt suas i gcomhthráth lena chéile. I gcás coistí ag a bhfuil fochoistí, méadófar an cuóta sin d’aon tuarascáil amháin in aghaidh gach fochoiste. Déanfaidh an fochoiste an tuarascáil bhreise sin a tharraingt suas.

Ní bheidh na tuarascálacha seo a leanas faoi réir na huasteorann sin:

tuarascálacha féintionscnaimh reachtacha,

tuarascálacha cur chun feidhme; féadfaidh gach coiste suas go dtí aon tuarascáil amháin den sórt sin a tharraingt suas in aghaidh na bliana.

3.   Ní fhéadfaidh an coiste parlaiminteach a bhfuil údarú á lorg aige an tuarascáil atá i dtrácht a ghlacadh laistigh de na trí mhí tar éis dháta an údaraithe nó, i gcás ina dtugtar fógra, laistigh de na trí mhí tar éis dháta an chruinnithe de Chomhdháil Chathaoirligh na gCoistí ar lena linn a tugadh an fógra maidir leis an tuarascáil.

Airteagal 2

Coinníollacha maidir le húdarú

1.   Ní dhéileálfaidh an tuarascáil atá beartaithe le nithe a bhaineann le gníomhaíochtaí anailíse agus taighde a bhféadfaí déileáil leo i slite eile, trí staidéir mar shampla.

2.   Ní dhéileálfaidh an tuarascáil atá beartaithe le nithe atá ina n-ábhar do thuarascáil a glacadh i suí iomlánach i gcaitheamh an 12 mhí roimhe sin, ach amháin, ar bhonn eisceachtúil, i gcás ina bhfuil údar maith léi mar gheall ar fhaisnéis nua.

3.   Maidir le tuarascálacha atá le tarraingt suas ar bhonn doiciméid a cuireadh ar aghaidh chuig an bParlaimint mar eolas, beidh feidhm ag na coinníollacha seo a leanas:

ní mór, maidir leis an mbundoiciméad, gur doiciméad oifigiúil é ó institiúid nó ó chomhlacht de chuid an Aontais Eorpaigh, agus

(a)

gur cuireadh ar aghaidh go hoifigiúil é chuig an bParlaimint ar mhaithe le comhairliúchán nó mar eolas; nó

(b)

gur foilsíodh é in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh chun críche comhairliúchán le páirtithe leasmhara; nó

(c)

gur doiciméad é ó institiúid nó ó chomhlacht de chuid an Aontais Eorpaigh, is é sin, gur doiciméad é a cuireadh faoi bhráid na Comhairle Eorpaí go hoifigiúil, nó gur doiciméad é arna ullmhú ag an gComhairle Eorpach,

ní mór an doiciméad a chur ar aghaidh i ngach teanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh,

ní mór an iarraidh ar údarú a thíolacadh tráth nach déanaí ná ceithre mhí tar éis an dáta ar cuireadh an doiciméad ar aghaidh chuig an bParlaimint nó ar foilsíodh é san Iris Oifigiúil.

4.   Ní dhéileálfaidh tuarascálacha nach bhfuil tagairt iontu do bhundoiciméad ó institiúid de chuid an Chomhphobail le nithe a bhfuil tagairt shonrach déanta dóibh sa chlár reachtach agus oibre bliantúil arna thíolacadh ag an gCoimisiún agus arna fhormheas ag an bParlaimint don bhliain reatha.

Airteagal 3

Nós Imeachta

1.   Déanfar an t-údarú le haghaidh na dtuarascálacha seo a leanas a dheonú go huathoibríoch tar éis an iarraidh a chur in iúl do Chomhdháil Chathaoirligh na gCoistí:

tuarascálacha cur chun feidhme,

tuarascálacha maidir le gníomhaíochtaí agus faireachán, mar a liostaítear in Iarscríbhinn 1.

2.   Déanfar iarrataí cuí-réasúnaithe ar údarú a chur ar aghaidh chuig Comhdháil Chathaoirligh na gCoistí agus déanfaidh an Chomhdháil sin cinneadh i dtaobh an gcomhlíonann siad na critéir a leagtar amach in Airteagal 1 agus in Airteagal 2 agus an gcomhlíonann siad an cuóta a bhunaítear in Airteagal 1. I ngach iarratas den sórt sin, cuirfear in iúl cineál agus teideal cruinn na tuarascála agus an bhundoiciméid nó na mbundoiciméad, más ann.

3.   Maidir le hiarrataí ar údarú chun tuarascálacha straitéiseacha a tharraingt suas, géillfidh Comhdháil Chathaoirligh na gCoistí dóibh tar éis aon choimhlint inniúlachta a réiteach. Arna iarraidh sin go sonrach ag grúpa polaitiúil, féadfaidh Comhdháil na nUachtarán aon údarú den sórt sin a chúlghairm laistigh de thréimhse nach faide ná ceithre seachtaine gnó pharlaimintigh.

4.   Maidir le hiarrataí chun tuarascálacha féintionscnaimh reachtacha agus tuarascálacha féintionscnaimh neamhreachtacha a tharraingt suas, ar iarrataí iad a bhfuil measúnú déanta ina leith á rá go bhfuil siad i gcomhréir leis na critéir agus leis an gcuóta atá leithroinnte, déanfaidh Comhdháil Chathaoirligh na gCoistí na hiarrataí sin a chur ar aghaidh chuig Comhdháil na nUachtarán lena n-údarú. Ag an am céanna, tabharfaidh Comhdháil Chathaoirligh na gCoistí fógra do Chomhdháil na nUachtarán faoi aon tuarascálacha bliantúla maidir le gníomhaíochtaí nó faireachán, mar a liostaítear in Iarscríbhinn 1 agus in Iarscríbhinn 2, agus faoi aon tuarascálacha cur chun feidhme agus aon tuarascálacha straitéiseacha a bhfuil údarú tugtha ina dtaobh.

5.   Maidir le hiarrataí ar údarú chun tuarascálacha féintionscnaimh reachtacha agus tuarascálacha féintionscnaimh neamhreachtacha a tharraingt suas, déanfaidh Comhdháil na nUachtarán cinneadh a ghlacadh ina leith laistigh de thréimhse nach faide ná ceithre seachtaine gnó pharlaimintigh tar éis do Chomhdháil Chathaoirligh na gCoistí na hiarrataí a chur ar aghaidh, mura rud é gcinnfidh sí, ar fhorais eisceachtúla, an spriocdháta sin a fhadú.

6.   Má dhéantar agóid in aghaidh inniúlachta coiste chun tuarascáil a tharraingt suas, glacfaidh Comhdháil na nUachtarán cinneadh laistigh de shé seachtaine gnó pharlaimintigh ar bhonn molta ó Chomhdháil Chathaoirligh na gCoistí nó, mura bhfuil aon mholadh den sórt sin ann, ar bhonn molta óna Cathaoirleach. Más rud é nach ndéanann Comhdháil na nUachtarán cinneadh a ghlacadh laistigh den tréimhse sin, dearbhófar go bhfuil an moladh arna fhormheas (3).

Airteagal 4

Cur i bhfeidhm Riail 50 de na Rialacha Nós Imeachta — an nós imeachta le haghaidh coistí comhlachaithe (4)

1.   Déanfar iarrataí ar chur i bhfeidhm Riail 50 de na Rialacha Nós Imeachta a thíolacadh tráth nach déanaí ná an Luan roimh an gcruinniú de Chomhdháil Chathaoirligh na gCoistí ar lena linn a dhéileálfar le hiarrataí chun tuarascálacha féintionscnaimh a tharraingt suas.

2.   Is le linn a cruinnithe míosúla a dhéileálfaidh Comhdháil Chathaoirligh na gCoistí le hiarrataí ar údarú chun tuarascálacha féintionscnaimh a tharraingt suas agus le hiarrataí ar chur i bhfeidhm Riail 50.

3.   Más rud é nach dtagann na coistí lena mbaineann ar chomhaontú maidir leis an iarraidh ar chur i bhfeidhm Riail 50, glacfaidh Comhdháil na nUachtarán cinneadh laistigh de shé seachtaine gnó pharlaimintigh ar bhonn molta ó Chomhdháil Chathaoirligh na gCoistí nó, mura bhfuil aon mholadh den sórt sin ann, ar bhonn molta óna Cathaoirleach. Más rud é nach ndéanann Comhdháil na nUachtarán cinneadh a ghlacadh laistigh den tréimhse sin, dearbhófar go bhfuil an moladh arna fhormheas (5).

Airteagal 5

Forálacha críochnaitheacha

1.   Agus an Pharlaimint ag druidim le deireadh a téarma, ní mór, maidir le hiarrataí ar údarú chun tuarascálacha féintionscnaimh a tharraingt suas, na hiarrataí sin a thíolacadh tráth nach déanaí ná mí Iúil sa bhliain roimh na toghcháin. Tar éis an dáta sin, ní údarófar ach iarrataí eisceachtúla cuí-réasúnaithe.

2.   Gach dhá bhliain go leith, déanfaidh Comhdháil Chathaoirligh na gCoistí tuarascáil a chur faoi bhráid Chomhdháil na nUachtarán maidir leis an dul chun cinn i ndáil le tuarascálacha féintionscnaimh.

3.   Tiocfaidh an cinneadh seo i bhfeidhm an 12 Nollaig 2002. Cealaítear na cinntí seo a leanas leis agus glacann sé ionad na gcinntí sin:

cinneadh ó Chomhdháil na nUachtarán an 9 Nollaig 1999 i ndáil leis an nós imeachta maidir le húdarú a dheonú chun tuarascálacha féintionscnaimh a tharraingt suas de réir bhrí Riail 48 de na Rialacha Nós Imeachta, agus cinntí ó Chomhdháil na nUachtarán an 15 Feabhra agus an 17 Bealtaine 2001 lena ndéantar an iarscríbhinn a ghabhann leis an gcinneadh sin a nuashonrú,

cinneadh ó Chomhdháil na nUachtarán an 15 Meitheamh 2000 i ndáil leis an nós imeachta maidir le húdarú a dheonú chun tuarascálacha a tharraingt suas ar dhoiciméid arna gcur ar aghaidh mar eolas chuig Parlaimint na hEorpa ag institiúidí nó ag comhlachtaí de chuid an Aontais Eorpaigh.

IARSCRÍBHINN 1

TUARASCÁLACHA BLIANTÚLA MAIDIR LE GNÍOMHAÍOCHTAÍ AGUS FAIREACHÁN ATÁ FAOI RÉIR A n-ÚDARAITHE GO hUATHOIBRÍOCH AGUS ATÁ FAOI RÉIR NA hUASTEORANN AR DÁ RÉIR NACH nDÉANFAR NÍOS MÓ NÁ SÉ THUARASCÁIL A DHRÉACHTÚ I gCOMHTHRÁTH LENA CHÉILE (DE BHUN AIRTEAGAL 1(2) AGUS AIRTEAGAL 3 DEN CHINNEADH)

 

Tuarascáil ar chearta an duine ar fud an domhain agus ar bheartas an AE faoin ábhar seo — (An Coiste um Ghnóthaí Eachtracha)

 

Tuarascáil Bhliantúil na Comhairle i gcomhréir le Foráil Oibríoch 8 de Chód Iompair an Aontais Eorpaigh um Onnmhairiú Arm — (An Coiste um Ghnóthaí Eachtracha)

 

Tuarascáil ar fhaireachán agus ar chur i bhfeidhm dhlí an Chomhphobail — (An Coiste um Ghnóthaí Dlíthiúla)

 

Dlíthe níos fearr a dhéanamh — Cur i bhfeidhm phrionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta — (An Coiste um Ghnóthaí Dlíthiúla)

 

Tuarascáil ar obair Chomhthionól Parlaiminteach an ACC-AE — (An Coiste um Fhorbairt)

 

Tuarascáil ar staid na gceart bunúsach san Aontas Eorpach — (An Coiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile)

 

Tuarascáil ar chomhionannas idir fir agus mná san Aontas Eorpach — (An Coiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne)

 

Cur chuige lánpháirtithe maidir le comhionannas idir fir agus mná in obair an choiste (tuarascáil bhliantúil) — (An Coiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne)

 

Tuarascáil ar chomhtháthú — (An Coiste um Fhorbairt Réigiúnach)

 

Cosaint leasanna airgeadais na gComhphobal, an comhrac i gcoinne na calaoise — (An Coiste um Rialú Buiséadach)

 

Tuarascáil Bhliantúil ar an BEI — (An Coiste um Rialú Buiséadach/Coiste um Ghnóthaí Airgeadaíochta agus Eacnamaíochta — gach re bliain)

 

Airgeadas Poiblí san Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta (AEA) — (An Coiste um Ghnóthaí Airgeadaíochta agus Eacnamaíochta)

 

Staid eacnamaíoch na hEorpa: tuarascáil réamhullmhúcháin ar threoirlínte do bheartas comhtháite, go háirithe maidir le treoirlínte leathana do bheartas eacnamaíochta — (An Coiste um Ghnóthaí Airgeadaíochta agus Eacnamaíochta)

 

Tuarascáil bhliantúil an BCE — (An Coiste um Ghnóthaí Airgeadaíochta agus Eacnamaíochta)

 

Tuarascáil ar an mBeartas Iomaíochais — (An Coiste um Ghnóthaí Airgeadaíochta agus Eacnamaíochta)

 

Tuarascáil Bhliantúil ar scórchlár an mhargaidh inmheánaigh — (An Coiste um an Margadh Inmheánach)

 

Tuarascáil Bhliantúil ar chosaint tomhaltóirí — (An Coiste um an Margadh Inmheánach)

 

Tuarascáil Bhliantúil ar Solvit — (An Coiste um an Margadh Inmheánach)

IARSCRÍBHINN 2

TUARASCÁLACHA BLIANTÚLA MAIDIR LE GNÍOMHAÍOCHTAÍ AGUS FAIREACHÁN ATÁ FAOI RÉIR A n-ÚDARAITHE GO hUATHOIBRÍOCH AGUS AG FÉACHAINT GO SONRACH DO NA RIALACHA NÓS IMEACHTA (AR TUARASCÁLACHA IAD NACH bhFUIL FAOI RÉIR NA hUASTEORANN AR DÁ RÉIR NACH nDÉANTAR NÍOS MÓ NÁ SÉ THUARASCÁIL A DHRÉACHTÚ I gCOMHTHRÁTH LENA CHÉILE)

 

Tuarascáil Bhliantúil ar rochtain phoiblí ar dhoiciméid de chuid na Parlaiminte, Riail 104(7) — (An Coiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile)

 

Tuarascáil ar Pháirtithe Polaitiúla na hEorpa, Riail 210(6) — (An Coiste um Ghnóthaí Bunreachtúla)

 

Tuarascáil ar phléití an Choiste um Achainíocha, Riail 202(8) — (An Coiste um Achainíocha)

 

Tuarascáil ar thuarascáil bhliantúil an Ombudsman, Riail 205(2) — an dara cuid — (An Coiste um Achainíocha)


(1)  Leasaíodh an cinneadh seo le cinneadh ó Chomhdháil na nUachtarán an 26 Meitheamh 2003 agus comhdhlúthaíodh é an 3 Bealtaine 2004. Leasaíodh tuilleadh é le cinneadh arna ghlacadh i suí iomlánach an 15 Meitheamh 2006 maidir le léirmhíniú Riail 48 de na Rialacha Nós Imeachta agus le cinneadh ó Chomhdháil na nUachtarán an 14 Feabhra 2008.

(2)  Déanfaidh coistí Parlaiminteacha a bheartaíonn tuarascálacha ar ghníomhaíochtaí agus ar fhaireachán a tharraingt suas de bhun Riail 119(1) de na Rialacha Nós Imeachta nó de bhun forálacha dlíthiúla eile (a áirítear in Iarscríbhinn 2) réamhfhógra ina leith sin a thabhairt do Chomhdháil Chathaoirligh na gCoistí agus tabharfaidh siad léiriú go háirithe ar an mbunús dlíthiúil ábhartha a éiríonn as na Conarthaí agus as forálacha dlíthiúla eile lena n-áirítear Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte. Déanfaidh Comhdháil Chathaoirligh na gCoistí Comhdháil na nUachtarán a chur ar an eolas maidir le haon tuarascálacha den sórt sin. Déanfar tuarascálacha den sórt sin a údarú go huathoibríoch agus ní bheidh siad faoi réir an chuóta dá dtagraítear in Airteagal 1(2).

(3)  Cuireadh isteach an mhír seo mar thoradh ar an gcinneadh arna ghlacadh i suí iomlánach an 15 Meitheamh 2006 ar cinneadh é a bhaineann le léirmhíniú Riail 48 de na Rialacha Nós Imeachta.

(4)  Cuireadh isteach an t-airteagal seo trí bhíthin cinnidh ó Chomhdháil na nUachtarán an 26 Meitheamh 2003.

(5)  Cuireadh isteach an mhír seo mar thoradh ar an gcinneadh arna ghlacadh i suí iomlánach an 15 Meitheamh 2006 ar cinneadh é a bhaineann le léirmhíniú Riail 48 de na Rialacha Nós Imeachta.


IARSCRÍBHINN XIX

AN EORAIP A CHUR I LÁTHAIR TRÍ CHOMHPHÁIRTÍOCHT

Cuspóirí agus prionsabail

1.

Leagann Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún Eorpach tábhacht an-mhór ar fheabhsú na cumarsáide i dtaobh saincheisteanna de chuid an AE chun a chumasú do shaoránaigh na hEorpa a gceart a fheidhmiú maidir lena bheith rannpháirteach i saol daonlathach an Aontais, ar Aontas é ina nglacfar cinntí chomh hoscailte agus is féidir agus chomh gar agus is féidir do na saoránaigh, agus prionsabail an iolrachais, na rannpháirtíochta, na hoscailteachta agus na trédhearcachta á n-urramú.

2.

Is mian leis na trí institiúid cóineasú tuairimí maidir le tosaíochtaí cumarsáide an Aontais Eorpaigh ina iomláine a spreagadh, breisluach chur chuige AE faoi chumarsáid i leith saincheisteanna Eorpacha a chur chun cinn, malartú faisnéise agus dea-chleachtas a éascú agus sineirgí a fhorbairt idir na hInstitiúidí agus iad i mbun cumarsáide i dtaobh na dtosaíochtaí sin, mar aon le comhar i measc na nInstitiúidí agus na mBallstát a éascú de réir mar is iomchuí.

3.

Aithníonn na trí Institiúid go bhfuil gá le tiomantas polaitiúil ar thaobh Institiúidí an AE agus na mBallstát chun cumarsáid a dhéanamh maidir leis an Aontas Eorpach, agus go bhfuil freagracht ar na Ballstáit chun dul i mbun cumarsáide leis na saoránaigh i dtaobh an AE.

4.

Creideann na trí Institiúid gur cheart gurbh é a leanfadh as gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide i dtaobh saincheisteanna Eorpacha ná go dtabharfaí rochtain do gach aon duine ar fhaisnéis chóir agus ilchineálach faoin Aontas Eorpach agus go gcumasófaí do shaoránaigh a gceart a fheidhmiú maidir lena mbarúlacha a chur in iúl agus maidir lena bheith rannpháirteach go gníomhach sa díospóireacht phoiblí ar shaincheisteanna a bhaineann leis an Aontas Eorpach.

5.

Déanann na trí Institiúid urraim don ilteangachas agus don éagsúlacht chultúrtha a chur chun cinn le linn gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a chur chun feidhme.

6.

Tá na trí Institiúid tiomanta go polaitiúil i leith na cuspóirí thuas a bhaint amach. Spreagann siad na hinstitiúidí agus na comhlachtaí eile de chuid an AE chun tacú lena n-iarrachtaí agus chun rannchuidiú leis an gcur chuige seo más mian leo déanamh amhlaidh.

Cur chuige comhpháirtíochta

7.

Aithníonn na trí Institiúid an tábhacht a bhaineann le aghaidh a thabhairt, trí chomhpháirtíocht idir na Ballstáit agus institiúidí an AE, ar dhúshlán na cumarsáide faoi shaincheisteanna AE ionas go n-áiritheofar go bhfuil cumarsáid éifeachtach agus faisnéis oibiachtúil ann don dream daoine is leithne agus is féidir ar an leibhéal iomchuí.

Is mian leo sineirgí a fhorbairt le húdaráis náisiúnta, le húdaráis réigiúnacha agus le húdaráis áitiúla, agus le hionadaithe na sochaí sibhialta freisin.

Chun na críche sin, ba mhaith leo cur chuige pragmatach comhpháirtíochta a chothú.

8.

I dtaca leis seo de, meabhraíonn siad ról tábhachtach an Ghrúpa Idirinstitiúidigh um Fhaisnéis (GIE) a fhónann mar chreat ardleibhéil do na hInstitiúidí chun díospóireacht pholaitiúil ar ghníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann leis an AE a spreagadh chun sineirge agus comhlántacht a chothú. Chun na críche sin, tagann an GIE le chéile, i bprionsabal, dhá uair sa bhliain agus ionadaithe ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún Eorpach ina gcomhchathaoirligh air agus Coiste na Réigiún agus Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa rannpháirteach ann mar bhreathnadóirí.

Creat chun oibriú le chéile

Tá sé beartaithe ag na trí Institiúid comhoibriú lena chéile ar an mbonn seo a leanas:

9.

Agus urraim á tabhairt do fhreagracht ar leithligh gach institiúide agus Ballstáit de chuid an AE as an straitéis chumarsáide agus as na tosaíochtaí cumarsáide a bheidh aici nó aige, déanfaidh na trí Institiúid, faoi chuimsiú an GIE, líon teoranta tosaíochtaí coiteanna cumarsáide a shainaithint gach bliain.

10.

Beidh na tosaíochtaí sin bunaithe ar na tosaíochtaí cumarsáide arna sainaithint ag Institiúidí agus comhlachtaí an AE i gcomhréir lena nósanna imeachta inmheánacha agus trí thuairimí straitéiseacha agus iarrachtaí na mBallstát sa réimse seo a chomhlánú, más iomchuí, agus ionchais na saoránach á gcur san áireamh.

11.

Déanfaidh na trí Institiúid agus na Ballstáit iarracht an tacaíocht iomchuí a chur chun cinn maidir leis na tosaíochtaí a shainaithnítear a chur in iúl.

12.

Ba cheart go mbeadh idirchaidreamh ann idir na seirbhísí atá freagrach as an gcumarsáid sna Ballstáit agus institiúidí an AE chun a áirithiú go ndéantar na tosaíochtaí coiteanna cumarsáide, mar aon le gníomhaíochtaí eile a bhaineann le cumarsáid an AE, a chur chun feidhme go rathúil agus sin a dhéanamh, más gá, ar bhonn socruithe iomchuí riaracháin.

13.

Iarrtar ar na hInstitiúidí agus ar na Ballstáit faisnéis a mhalartú faoi ghníomhaíochtaí eile cumarsáide a bhaineann leis an AE, go háirithe faoi ghníomhaíochtaí cumarsáide earnálacha a mbeartaíonn na hInstitiúidí agus na comhlachtaí dul ina mbun, nuair is é a leanann as gníomhaíochtaí den sórt sin ná feachtais fhaisnéise sna Ballstáit.

14.

Iarrtar ar an gCoimisiún tuairisc a thabhairt d’institiúidí eile an AE i dtosach gach bliana maidir leis na nithe is mó atá bainte amach i dtaca le cur chun feidhme thosaíochtaí coiteanna cumarsáide na bliana roimhe sin.

15.

Síníodh an dearbhú polaitiúil seo an dara lá is fiche de Dheireadh Fómhair sa bhliain dhá mhíle a hocht.


IARSCRÍBHINN XX

DEARBHÚ COMHPHÁIRTEACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA, ÓN gCOMHAIRLE AGUS ÓN gCOIMISIÚN AN 13 MEITHEAMH 2007 MAIDIR LE SOCRUITHE PRAITICIÚLA I nDÁIL LEIS AN NÓS IMEACHTA COMHCHINNTEOIREACHTA (AIRTEAGAL 251 DE CHONRADH CE) (1)

PRIONSABAIL GHINEARÁLTA

1.

Tugann Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún, dá ngairtear “na hinstitiúidí” le chéile anseo feasta, dá n-aire go bhfuil sé cruthaithe gur fiú go mór é an cleachtas reatha ina dtarlaíonn cainteanna idir Uachtaránacht na Comhairle, an Coimisiún agus cathaoirligh na gcoistí ábhartha agus/nó rapóirtéirí Pharlaimint na hEorpa agus idir comhchathaoirligh an Choiste Idir-réitigh.

2.

Daingníonn na hinstitiúidí go léir nach mór leanúint den chleachtas sin atá forbartha ag gach céim den nós imeachta comhchinnteoireachta a spreagadh. Geallann na hinstitiúidí scrúdú a dhéanamh ar a mhodhanna oibre d’fhonn úsáid níos éifeachtaí fós a bhaint as raon feidhme iomlán an nós imeachta comhchinnteoireachta arna bhunú le Conradh CE.

3.

Leis an Dearbhú Comhpháirteach seo, déantar soiléiriú ar na modhanna oibre sin agus ar na socruithe praiticiúla a bhaineann le saothrú na modhanna oibre sin. Comhlánaíonn sé an Comhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (2) agus, go sonrach, na forálacha de chuid an Chomhaontaithe sin a bhaineann leis an nós imeachta comhchinnteoireachta. Geallann na hinstitiúidí gealltanais den sórt sin a urramú go hiomlán i gcomhréir le prionsabail na trédhearcachta, na cuntasachta agus na héifeachtúlachta. I dtaca leis sin de, ba cheart do na hinstitiúidí aird ar leith a thabhairt ar dhul chun cinn a dhéanamh maidir le tograí simpliúcháin agus an acquis communautaire á urramú ag an am céanna.

4.

Comhoibreoidh na hInstitiúidí de mheon macánta le linn an nós imeachta ar fad d’fhonn a seasaimh a thabhairt chun réitigh a mhéid is féidir agus, ar an dóigh sin, an bealach a réiteach, i gcás inarb iomchuí, do ghlacadh an ghnímh lena mbaineann ag céim luath den nós imeachta.

5.

Agus an méid sin mar aidhm acu, comhoibreoidh siad trí theagmhálacha cuí idirinstitiúideacha chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn na hoibre agus déanfaidh siad anailís ar mhéid an chóineasaithe ag gach céim den nós imeachta comhchinnteoireachta.

6.

Geallann na hinstitiúidí, i gcomhréir lena rialacha nós imeachta inmheánacha, faisnéis a mhalartú go rialta maidir le dul chun cinn na gcomhad comhchinnteoireachta. Cinnteoidh siad go ndéanfar a bhféilirí oibre faoi seach a chomhordú a mhéid is féidir chun a chumasú imeachtaí a sheoladh ar shlí chomhleanúnach, chóineasaithe. Féachfaidh siad, dá bhrí sin, le tráthchlár táscach a bhunú do na céimeanna éagsúla as a leanann ghlacadh críochnaitheach tograí éagsúla reachtacha, agus cineál polaitiúil an phróisis cinnteoireachta á urramú go hiomlán ag an am céanna.

7.

Maidir le comhar idir na hinstitiúidí i gcomhthéacs na comhchinnteoireachta, is minic a tharlaíonn sé i bhfoirm cruinnithe tríthaobhacha. Maidir leis an gcóras cruinnithe tríthaobhacha sin, is léir go bhfuil acmhainneacht agus a sholúbacht ag baint leis i dtaca le méadú suntasach a dhéanamh ar na féidearthachtaí i gcomhair comhaontú a bhaint amach ag céim an chéad léimh agus ag céim an dara léimh, chomh maith le rannchuidiú le hullmhú obair an Choiste Idir-réitigh.

8.

Seoltar cruinnithe tríthaobhacha den sórt sin i gcreat neamhfhoirmiúil de ghnáth. Féadtar iad a thionól ag gach céim den nós imeachta agus ag leibhéil éagsúla ionadaíochta, ag brath ar chineál an phlé a bhfuiltear ag súil leis. Déanfaidh gach institiúid, i gcomhréir lena rialacha nós imeachta féin, a rannpháirtithe i ngach cruinniú a ainmniú, a shainordú le haghaidh na gcaibidlíochtaí a shainiú agus na hinstitiúidí eile a chur ar an eolas in am trátha maidir le socruithe le haghaidh na gcruinnithe.

9.

A mhéid is féidir, déanfar aon dréacht-téacsanna comhréitigh a bheidh le plé ag cruinniú atá le bheith ann a scaipeadh roimh ré ar na rannpháirtithe go léir. Chun an trédhearcacht a fheabhsú, déanfar cruinnithe tríthaobhacha a tharlaíonn laistigh de Pharlaimint na hEorpa agus den Chomhairle a fhógairt, más indéanta.

10.

Féachfaidh Uachtaránacht na Comhairle le freastal ar chruinnithe na gcoistí parlaiminteacha. Déanfaidh sí breithniú cúramach ar aon iarraidh a gheobhaidh sí chun faisnéis a bhaineann le seasamh na Comhairle a sholáthar, de réir mar is cuí.

AN CHÉAD LÉAMH

11.

Comhoibreoidh na hinstitiúidí le chéile de mheon macánta d’fhonn a seasaimh a thabhairt chun réitigh a mhéid is féidir, ionas gur féidir gníomhartha a ghlacadh ag an gcéad léamh aon uair is féidir sin.

Comhaontú ag céim an chéad léimh i bParlaimint na hEorpa

12.

Déanfar teagmhálacha cuí a bhunú chun seoladh imeachtaí ag an gcéad léamh a éascú.

13.

Déanfaidh an Coimisiún teagmhálacha den sórt sin a éascú agus feidhmeoidh sé a cheart tionscnaimh ar bhealach cuiditheach d’fhonn seasaimh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a thabhairt chun réitigh, agus aird cuí á tabhairt ar an gcóimheá idir na hinstitiúidí agus ar an ról a thugtar dó leis an gConradh.

14.

I gcás ina mbaintear comhaontú amach trí chruinnithe tríthaobhacha neamhfhoirmiúla, déanfaidh cathaoirleach Coreper, i litir chuig cathaoirleach an choiste pharlaimintigh ábhartha, mionsonraí faoi shubstaint an chomhaontaithe a chur ar aghaidh i bhfoirm leasuithe ar thogra an Choimisiúin. Léireoidh an litir sin toilteanas na Comhairle glacadh leis an toradh sin, ach sin faoi réir fíorúcháin dhlítheangeolaíoch, más rud é go ndaingneofar é le vótáil sa suí iomlánach. Cuirfear cóip den litir sin ar aghaidh chuig an gCoimisiún.

15.

Sa chomhthéacs seo, i gcás ina bhfuiltear ar tí sainchomhad a thabhairt i gcrích ag an gcéad léamh, ba cheart faisnéis á rá go bhfuil sé beartaithe an comhaontú a thabhairt i gcrích a chur ar fáil chomh luath agus is féidir.

Comhaontú ag céim chomhsheasamh na Comhairle

16.

I gcás nach mbaintear comhaontú amach ag céad léamh Pharlaimint na hEorpa, féadfar leanúint de theagmháil d’fhonn comhaontú a thabhairt i gcrích ag céim an chomhsheasaimh.

17.

Déanfaidh an Coimisiún teagmhálacha den sórt sin a éascú agus feidhmeoidh sé a cheart tionscnaimh ar bhealach cuiditheach d’fhonn seasaimh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a thabhairt chun réitigh, agus aird cuí á tabhairt ar an gcóimheá idir na hinstitiúidí agus ar an ról a thugtar dó leis na Conarthaí.

18.

I gcás ina mbaintear comhaontú amach ag an gcéim seo, déanfaidh cathaoirleach an choiste ábhartha pharlaimintigh, i litir chuig chathaoirleach COREPER, a mholadh a léiriú don suí iomlánach, ar moladh é chun comhsheasamh na Comhairle a ghlacadh gan leasú, ach sin faoi réir dhaingniú an chomhsheasaimh ag an gComhairle agus fíorúcháin dhlítheangeolaíoch. Cuirfear cóip den litir ar aghaidh chuig an gCoimisiún.

AN DARA LÉAMH

19.

Ina ráiteas ar na cúiseanna, déanfaidh an Chomhairle na cúiseanna ba chúis le glacadh a comhsheasaimh aici a mhíniú ar bhealach chomh soiléir agus is féidir. Le linn a dara léamh, tabharfaidh Parlaimint na hEorpa an méid is mó airde is féidir ar na cúiseanna sin agus ar sheasamh na Comhairle.

20.

Sula dtarchuirfidh sí an comhsheasamh, féachfaidh an Chomhairle le breithniú a dhéanamh, i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an gCoimisiún, ar an dáta a tharchuirfear é chun éifeachtúlacht uasta an nós imeachta reachtaigh ag an dara léamh a chinntiú.

Comhaontú ag céim an dara léamh i bParlaimint na hEorpa

21.

Leanfar de theagmháil chuí ar aghaidh a luaithe a chuirfear comhsheasamh na Comhairle ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa, d’fhonn tuiscint níos fearr a bhaint amach maidir leis na seasaimh faoi seach agus, ar a dóigh sin, an nós imeachta reachtach a thabhairt i gcrích chomh tapa agus is féidir.

22.

Déanfaidh an Coimisiún teagmháil den sórt sin a éascú agus tabharfaidh sé a thuairim d’fhonn na seasaimh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a thabhairt chun réitigh agus aird cuí á tabhairt ar an gcóimheá idir na hinstitiúidí agus ar an ról a thugtar dó leis an gConradh.

23.

I gcás ina mbaintear comhaontú amach trí chruinnithe tríthaobhacha neamhfhoirmiúla, déanfaidh cathaoirleach COREPER, i litir chuig cathaoirleach an choiste pharlaimintigh ábhartha, sonraí faoi shubstaint an chomhaontaithe a chur ar aghaidh, i bhfoirm leasuithe ar chomhsheasamh na Comhairle. Léireoidh an litir sin toilteanas na Comhairle glacadh leis an toradh sin, ach sin faoi réir fíorúcháin dhlítheangeolaíoch, más rud é go ndaingneofar é le vótáil sa suí iomlánach. Cuirfear cóip den litir ar aghaidh chuig an gCoimisiún.

IDIR-RÉITEACH

24.

Má éiríonn sé soiléir nach mbeidh an Chomhairle in ann glacadh le leasuithe uile Pharlaimint na hEorpa ag an dara léamh agus nuair a bheidh an Chomhairle réidh chun a seasamh a thíolacadh, eagrófar an chéad chruinniú tríthaobhach. Déanfaidh gach institiúid, i gcomhréir lena rialacha nós imeachta féin, a rannpháirtithe i ngach cruinniú a ainmniú agus a shainordú a shainiú le haghaidh na gcaibidlíochtaí. Déanfaidh an Coimisiún an seasamh a bheartaíonn sé a ghlacadh maidir le leasuithe Pharlaimint na hEorpa ag an dara léamh a chur in iúl don dá thoscaireacht ag an gcéim is luaithe is féidir.

25.

Tionólfar cruinnithe tríthaobhacha ar fud an nós imeachta idir-réitigh agus é mar aidhm acu na saincheisteanna atá gan réiteach fós a réiteach agus an bealach a ullmhú do chomhaontú a bheidh le baint amach sa Choiste Idir-réitigh. Déanfar torthaí na gcruinnithe tríthaobhacha a phlé, agus a fhormheas b’fhéidir, ag cruinnithe de chuid na n-institiúidí faoi seach.

26.

Comórfaidh Uachtarán na Comhairle an Coiste Idir-réitigh le comhaontú Uachtarán Pharlaimint na hEorpa agus aird chuí á tabhairt ar fhorálacha an Chonartha.

27.

Glacfaidh an Coimisiún páirt sna himeachtaí idir-réitigh agus rachaidh sé i mbun na dtionscnamh go léir is gá d’fhonn seasaimh Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle a thabhairt chun réitigh. Féadfaidh dréacht-téacsanna comhréitigh a bheith san áireamh sna tionscnaimh sin agus aird á tabhairt ar sheasaimh Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle agus aird chuí á thabhairt ar an ról a thugtar don Choimisiún leis an gConradh.

28.

Beidh Uachtarán Pharlaimint na hEorpa agus Uachtarán na Comhairle ina gcomhchathaoirligh ar an gCoiste Idir-réitigh. Beidh gach comhchathaoirleach díobh ina chathaoirleach ar a sea ar chruinnithe coiste.

29.

Déanfaidh na comhchathaoirligh dátaí agus cláir oibre chruinnithe an Choiste Idir-réitigh a shocrú go comhpháirteach ar mhaithe le dea-fheidhmiú an Choiste Idir-réitigh ar fud an nós imeachta idir-réitigh. Rachfar i gcomhairle leis an gCoimisiún faoi na dátaí a bheidh á mbeartú. Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ar mhaithe le treoraíocht, dátaí cuí a chur i leataobh i gcomhair imeachtaí idir-réitigh agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi na dátaí sin.

30.

Féadfaidh na comhchathaoirligh roinnt sainchomhad a chur ar chlár oibre aon chruinnithe áirithe de chuid an Choiste Idir-réitigh. Chomh maith leis an bpríomhábhar (“B-mhír”), i gcás nach bhfuil comhaontú bainte amach fós, féadfar nósanna imeachta idir-réitigh maidir le hábhair eile a oscailt agus/nó a dhúnadh gan na míreanna sin a phlé (“A-mhír”).

31.

Agus forálacha an Chonartha maidir le teorainneacha ama á n-urramú, tabharfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle aird, a mhéid agus is féidir, ar na ceanglais a bhaineann le sceidealú go háirithe na cinn a leanann as sosanna i ngníomhaíochtaí na n-institiúidí agus as toghcháin Pharlaimint na hEorpa. Ar aon chaoi, beidh na sosanna sna gníomhaíochtaí chomh gearr agus is féidir.

32.

Tiocfaidh an Coiste Idir-réitigh le chéile in áitreabh Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ar a sea, d’fhonn saoráidí a roinnt go cothrom, lena n-áirítear saoráidí ateangaireachta.

33.

Beidh an togra ón gCoimisiún, an comhsheasamh ón gComhairle agus an tuairim ón gCoimisiún ina leith sin, na leasuithe arna moladh ag Parlaimint na hEorpa agus tuairim ón gCoimisiún ina leith sin agus doiciméad oibre comhpháirteach ó thoscaireachtaí Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ar fáil don Choiste Idir-réitigh. Ba cheart go gcumasódh an doiciméad oibre sin d’úsáideoirí na saincheisteanna atá i gceist a shainaithint agus tagairt a dhéanamh dóibh go héifeachtúil. Déanfaidh an Coimisiún, mar riail ghinearálta, a thuairim a thíolacadh laistigh de thrí seachtaine ón tráth a fhaightear toradh vóta Pharlaimint na hEorpa a fháil go hoifigiúil agus, ar a dhéanaí, roimh thús imeachtaí idir-réitigh.

34.

Féadfaidh na comhchathaoirligh téacsanna a thíolacadh lena bhformheas ag an gCoiste Idir-réitigh.

35.

Déanfar comhaontú ar théacs comhpháirteach a shuíomh ag cruinniú de chuid an Choiste Idir-réitigh nó, ina dhiaidh sin, trí litreacha a mhalartú idir na comhchathaoirligh. Cuirfear cóipeanna de na litreacha ar aghaidh chuig an gCoimisiún.

36.

Má bhaineann an Coiste Idir-réitigh comhaontú amach maidir le téacs comhpháirteach, déanfar an téacs, tar éis fíorúcháin dhlítheangeolaíoch, a chur faoi bhráid na gcomhchathaoirleach lena fhormheas go foirmiúil. I gcásanna eisceachtúla, áfach, chun na spriocamma a urramú, féadfar dréacht-téacs comhpháirteach a chur faoi bhráid na gcomhchathaoirleach lena fhormheas.

37.

Déanfaidh na comhchathaoirligh an téacs comhpháirteach formheasta a chur ar aghaidh chuig Uachtarán Pharlaimint na hEorpa agus chuig Uachtarán na Comhairle ar mhodh litreach arna síniú go comhpháirteach. I gcás nach féidir leis an gCoiste Idir-réitigh comhaontú a bhaint amach maidir le téacs comhpháirteach, Déanfaidh na comhchathaoirligh an méid sin a chur in iúl d’Uachtarán Pharlaimint na hEorpa agus d’Uachtarán na Comhairle i litir arna síniú go comhpháirteach. Beidh na litreacha sin ina dtaifead oifigiúil. Cuirfear cóipeanna de na litreacha sin ar aghaidh chuig an gCoimisiún mar fhaisnéis. Beidh na doiciméid oibre arna n-úsáid le linn an nós imeachta idir-réitigh ar fáil i gClárlann gach institiúide nuair a bheidh an nós imeachta tugtha chun críche.

38.

Gníomhóidh Ardrúnaíocht Pharlaimint na hEorpa agus Ardrúnaíocht na Comhairle go comhpháirteach mar rúnaíocht an Choiste Idir-réitigh, i gcomhar le hArdrúnaíocht an Choimisiúin.

FORÁLACHA GINEARÁLTA

39.

I gcás ina measfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle go bhfuil sé riachtanach na teorainneacha ama dá dtagraítear in Airteagal 251 den Chonradh a fhadú, déanfaidh siad an méid sin a chur in iúl láithreach d’Uachtarán na hinstitiúide eile agus don Choimisiún.

40.

I gcás ina mbaintear comhaontú amach ag an gcéad léamh nó ag an dara léamh, nó le linn an idir-réitigh, déanfaidh seirbhísí dlítheangeolaíochta Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle bailchríoch a chur ar an téacs comhaontaithe, ag gníomhú dóibh i ndlúthchomhar lena chéile agus trí chomhaontú frithpháirteach.

41.

Ní dhéanfar aon athruithe ar aon téacsanna comhaontaithe gan comhaontú sainráite, ar an leibhéal iomchuí, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle araon.

42.

Déanfar an bhailchríoch a thabhairt i gcrích agus aird chuí á tabhairt ar nósanna imeachta éagsúla Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, go háirithe maidir le spriocamanna maidir le tabhairt chun críche nósanna imeachta inmheánacha. Geallann na hinstitiúidí nach mbainfidh siad úsáid as na teorainneacha ama atá leagtha síos maidir le bailchríoch na ngníomhartha chun pléití ar shaincheisteanna substainteacha a athoscailt.

43.

Comhaontóidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar thíolacadh comhpháirteach na dtéacsanna arna n-ullmhú go comhpháirteach ag na hinstitiúidí sin.

44.

A mhéid is féidir, geallann na hinstitiúidí clásail chaighdeánacha atá inghlactha go frithpháirteach a úsáid, ar clásail iad a bheidh le hionchorprú sna gníomhartha arna nglacadh faoi comhchinnteoireacht, go háirithe maidir le forálacha i ndáil le feidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme (i gcomhréir leis an gcinneadh ar “coisteolaíocht” (3)), i ndáil le teacht i bhfeidhm, trasuí agus cur i bhfeidhm na ngníomhartha agus i ndáil le hurraim do cheart tionscnaimh an Choimisiúin.

45.

Féachfaidh na hinstitiúidí le comhdháil preasa chomhpháirteach a thionól chun toradh rathúil an phróisis reachtaigh ag an gcéad léamh nó ag an dara léamh nó le linn an idir-réitigh a fhógairt. Féachfaidh siad freisin le preasráitis chomhpháirteacha a eisiúint.

46.

Tar éis do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle gníomh reachtach a ghlacadh faoin nós imeachta comhchinnteoireachta, tíolacfar an téacs chuig Uachtarán Pharlaimint na hEorpa agus ag Uachtarán na Comhairle, lena shíniú, agus tíolacfar freisin chuig Ardrúnaithe na n-institiúidí sin é.

47.

Maidir leis an téacs atá le síniú, gheobhaidh Uachtaráin Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina dteangacha féin faoi seach agus, a mhéid is féidir, síneoidh siad an téacs le chéile ag searmanas comhpháirteach a bheidh le heagrú ar bhonn míosúil d’fhonn gníomhartha tábhachtacha a shíniú os comhair na meán cumarsáide.

48.

Déanfar an téacs, arna shíniú go comhpháirteach, a chur ar aghaidh lena fhoilsiú in Irish Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Foilseofar é de ghnáth laistigh de dhá mhí tar éis do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle an gníomh reachtach a ghlacadh.

49.

Má shainaithníonn ceann de na hinstitiúidí earráid chléireachais nó earráid fhollasach i dtéacs (nó i gceann de na leaganacha teanga de), cuirfidh sé an méid sin in iúl do na hinstitiúidí eile láithreach. Má bhaineann an earráid le gníomh nach bhfuil glactha fós ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle, ullmhóidh seirbhísí dlítheangeolaíochta Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle an ceartúchán is gá i ndlúthchomhar lena chéile. Má bhaineann an earráid le gníomh atá glactha cheana ag ceann amháin de na hinstitiúidí nó ag an dá cheann acu, cibé acu atá sé foilsithe nó nach bhfuil, déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, trí chomhaontú comhchoiteann, ceartúchán a ghlacadh arna tharraingt suas faoina nósanna imeachta faoi seach.


(1)  IO C 145, 30.6.2007, lch. 5.

(2)  IO C 321, 31.12.2003, lch. 1.

(3)  Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (IO L 184, 17.7.1999, lch. 23). Cinneadh arna leasú le Cinneadh 2006/512/CE (IO L 200, 22.7.2006, lch. 11).


IARSCRÍBHINN XXI

CÓD IOMPAIR MAIDIR LE CAIBIDLÍOCHT I gCOMHTHÉACS AN GHNÁTHNÓS IMEACHTA REACHTAIGH  (1)

1.   Réamhrá

Sa chód iompair seo, leagtar amach na prionsabail ghinearálta de chuid na Parlaiminte i dtaobh conas caibidlíochtaí a sheoladh ag gach céim den ghnáthnós imeachta reachtach agus é mar aidhm leis sin trédhearcacht agus cuntasacht na gcaibidlíochtaí sin a mhéadú, go háirithe ag céim luath den nós imeachta (2). Is ionann an cód iompair seo agus comhlánú ar “an Dearbhú Comhpháirteach maidir le socruithe praiticiúla i ndáil leis an nós imeachta comhchinnteoireachta” a comhaontaíodh idir an Pharlaimint, an Chomhairle agus an Coimisiún (3) agus inar mó an fócas ar an gcaidreamh idir na hinstitiúidí sin.

Laistigh den Pharlaimint, is é an coiste ceannais parlaiminteach an príomhchomhlacht freagrach i rith caibidlíochtaí ag an gcéad léamh agus ag an dara léamh araon.

2.   An cinneadh chun dul i mbun caibidlíochtaí

Mar riail ghinearálta, bainfidh an Pharlaimint leas as na féidearthachtaí go léir a bheidh ar fáil ag an uile chéim den ghnáthnós imeachta reachtach. Maidir leis an gcinneadh chun iarracht a dhéanamh comhaontú a bhaint amach go luath sa phróiseas reachtach, déanfar an cinneadh sin ó chás go cás agus tréithe sainiúla gach comhaid ar leithligh á gcur san áireamh. Beidh údar maith polaitiúil leis an gcinneadh sin, mar shampla ó thaobh tosaíochtaí polaitiúla; ó thaobh an togra a bheith de chineál neamhchonspóideach nó “teicniúil”; ó thaobh cás práinne a bheith ann agus/nó ó thaobh dhearcadh Uachtaránachta ar leith faoi chomhad sonrach.

Déanfaidh an rapóirtéir an fhéidearthacht maidir le dul i mbun caibidlíochta leis an gComhairle a thíolacadh don choiste iomlán agus glacfar cinneadh maidir le tabhairt faoi ghníomhaíocht den sórt sin le comhthoil fhorleathan nó, más gá, le vóta.

3.   Comhdhéanamh na foirne caibidlíochta

Beidh cinneadh maidir le comhdhéanamh fhoireann chaibidlíochta Pharlaimint na hEorpa san áireamh i gcinneadh an choiste chun dul i mbun caibidlíochta leis an gComhairle agus leis an gCoimisiún d’fhonn teacht ar chomhaontú. Mar phrionsabal ginearálta, tabharfar urraim don chothromaíocht pholaitiúil agus, sna caibidlíochtaí sin, déanfar ionadaíocht ar na grúpaí polaitiúla go léir, ar a laghad ar leibhéal foirne.

Beidh an tseirbhís ábhartha d’Ardrúnaíocht Pharlaimint na hEorpa freagrach as eagrú praiticiúil na gcaibidlíochtaí.

4.   Sainordú na foirne caibidlíochta

Mar riail ghinearálta, beidh na leasuithe a ghlacfar sa choiste nó sa suí iomlánach mar bhonn do shainordú fhoireann chaibidlíochta Pharlaimint na hEorpa. Féadfaidh an coiste tosaíochtaí agus teorainn ama do na caibidlíochtaí a shocrú freisin.

Sa chás eisceachtúil go ndéanfar caibidlíochtaí ar chomhaontú ar an gcéad léamh a sheoladh roimh an vóta sa choiste, tabharfaidh an coiste treoir d’fhoireann chaibidlíochta Pharlaimint na hEorpa.

5.   Eagrú na gcruinnithe tríthaobhacha

Mar bhonn prionsabail agus chun an trédhearcacht a fheabhsú, déanfar cruinnithe tríthaobhacha a tharlaíonn laistigh de Pharlaimint na hEorpa agus den Chomhairle a fhógairt.

Beidh caibidlíochtaí i gcruinnithe tríthaobhacha bunaithe ar aon doiciméad comhpháirteach amháin, ina dtabharfar seasamh gach institiúide faoi seach i ndáil le gach leasú ar leithligh, agus lena n-áirítear freisin aon téacsanna comhréitigh arna scaipeadh ag cruinnithe tríthaobhacha (e.g. an cleachtas seanbhunaithe maidir le doiciméad ceithre cholún). A mhéid is féidir, déanfar téacsanna comhréitigh a bheidh le plé ag cruinniú atá le bheith ann a scaipeadh roimh ré ar na rannpháirtithe go léir.

Más gá, ba cheart saoráidí ateangaireachta a sholáthar d’fhoireann chaibidlíochta Pharlaimint na hEorpa (4).

6.   Aiseolas agus cinneadh maidir leis an gcomhaontú ar thángthas air

Tar éis gach cruinnithe thríthaobhaigh, tabharfaidh an fhoireann chaibidlíochta tuairisc don choiste maidir le toradh na gcaibidlíochtaí agus déanfaidh sí gach téacs a scaipeadh a chur ar fáil don choiste. Más rud é nach bhfuil sé sin indéanta mar gheall ar chúinsí ama, beidh cruinniú ag an bhfoireann chaibidlíochta leis na scáth-rapóirtéirí chun nuashonrú iomlán a thabhairt, agus más gá déanfar amhlaidh in éineacht leis na comhordaitheoirí.

Breithneoidh an coiste aon chomhaontú ar thángthas air nó déanfaidh sé sainordú na foirne caibidlíochta a nuashonrú i gcás ina bhfuil gá le tuilleadh caibidlíochtaí. Más rud é nach bhfuil sé sin indéanta mar gheall ar chúinsí ama, go háirithe ag céim an dara léamh, is iad an rapóirtéir agus na scáth-rapóirtéirí, in éineacht le cathaoirleach an choiste agus leis na comhordaitheoirí, más gá, a ghlacfaidh an cinneadh maidir leis an gcomhaontú. Ní mór dóthain ama a bheith ann idir deireadh na gcaibidlíochtaí agus an vótáil sa suí iomlánach chun deis a thabhairt do na grúpaí polaitiúla a seasamh críochnaitheach a ullmhú.

7.   Cúnamh

Déanfar na hacmhainní go léir is gá chun a cuid oibre a sheoladh go cuí a sholáthar don fhoireann chaibidlíochta. Ba cheart go mbeadh “foireann tacaíochta riaracháin”, ina mbeidh rúnaíocht an choiste, comhairleoir polaitiúil an rapóirtéara, an rúnaíocht chomhchinnteoireachta agus an tseirbhís dlí, san áireamh sna hacmhainní sin. D’fhéadfaí an fhoireann sin a mhéadú, ach sin ag brath ar an gcomhad ar leithligh agus ar an gcéim de na caibidlíochtaí.

8.   Tabhairt chun críche

Déanfar an comhaontú idir an Pharlaimint agus an Chomhairle a dhaingniú i scríbhinn le litir oifigiúil. Ní dhéanfar aon athruithe ar aon téacsanna comhaontaithe gan comhaontú sainráite, ar an leibhéal iomchuí, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle araon.

9.   Idir-réiteach

Beidh na prionsabail a leagtar síos sa chód iompair seo infheidhme freisin maidir leis an nós imeachta idir-réitigh agus, ina leith sin, is é toscaireacht Pharlaimint na hEorpa a bheidh mar phríomhchomhlacht freagrach laistigh den Pharlaimint.


(1)  Arna fhormheas ag Comhdháil na nUachtarán an 18 Meán Fómhair 2008.

(2)  Is gá aird ar leith a thabhairt ar chaibidlíocht a tharlaíonn ag na céimeanna sin den nós imeachta, tráth a bhfuil infheictheacht an-teoranta laistigh den Pharlaimint. Is amhlaidh an cás maidir le caibidlíochtaí: roimh vóta an choiste ar an gcéad léamh agus é mar aidhm aige sin teacht ar chomhaontú ar an gcéad léamh; tar éis an chéad léimh sa Pharlaimint agus é mar aidhm aige sin teacht ar chomhaontú luath ar an dara léamh.

(3)  Féach Iarscríbhinn XX.

(4)  I gcomhréir leis an gcinneadh arna ghlacadh ag an mBiúró an 10 Nollaig 2007.