|
ISSN 1725-2571 doi:10.3000/17252571.L_2010.346.gle |
||
|
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
Eagrán Speisialta ( *1 ) |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Reachtaíocht |
Imleabhar 53 |
|
Clár |
|
I Gníomhartha reachtacha |
Leathanach |
|
|
|
RIALACHÁIN |
|
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
|
|
|
|
|
(*1) Faoin tagairt L 346 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh. |
|
GA |
Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo. Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu. |
I Gníomhartha reachtacha
RIALACHÁIN
|
30.12.2010 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
1 |
RIALACHÁN (AE) Uimh. 1232/2010 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 15 Nollaig 2010
maidir le ranníocaíochtaí airgeadais ón Aontas Eorpach leis an gCiste Idirnáisiúnta d’Éirinn (2007-2010)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 175 agus Airteagal 352(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach agus leis an gceanglas le haghaidh aontoilíochta sa Chomhairle dá bhforáiltear sa chéad abairt d’Airteagal 352(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (2),
De bharr an méid seo a leanas:
|
(1) |
Le linn ceann de na cuspóirí a shonraítear i gComhaontú Angla-Éireannach an 15 Samhain 1985 a chur chun feidhme, bunaíodh an Ciste Idirnáisiúnta d’Éirinn (an Ciste) sa bhliain 1986 le Comhaontú an 18 Meán Fómhair 1986 idir Rialtas na hÉireann agus Rialtas Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann maidir leis an gCiste Idirnáisiúnta d’Éirinn (an Comhaontú) d’fhonn dul chun cinn eacnamaíoch agus sóisialta a chur chun cinn, agus d’fhonn teagmháil, idirphlé agus athmhuintearas a chothú idir náisiúnaithe agus aontachtaithe ar fud na hÉireann. |
|
(2) |
Tá ranníocaíochtaí airgeadais á dtabhairt ag an Aontas don Chiste ón mbliain 1989 i leith, mar go n-aithníonn an tAontas gurb ionann cuspóirí an Chiste agus na cuspóirí atá á saothrú aige féin. Sa tréimhse 2005 go 2006, gealladh EUR 15 mhilliún in aghaidh na bliana ó bhuiséad an Chomhphobail do na blianta 2005 agus 2006 i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 177/2005 ón gComhairle an 24 Eanáir 2005 maidir le ranníocaíochtaí airgeadais ón gComhphobal leis an gCiste Idirnáisiúnta d’Éirinn (3). Chuaigh an Rialachán sin in éag an 31 Nollaig 2006. |
|
(3) |
Daingnítear leis na measúnuithe a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 177/2005 go bhfuil gá le tuilleadh tacaíochta do ghníomhaíochtaí an Chiste, ach leanúint d’athneartú a dhéanamh ar an tsineirgíocht idir cuspóirí an Chiste agus ar an gcomhordú le hidirghabhálacha faoi na Cistí Struchtúracha, go háirithe leis an gClár Speisialta um Shíocháin agus Athmhuintearas i dTuaisceart Éireann agus i gContaetha Teorann na hÉireann (clár PEACE) a cuireadh ar bun i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1260/1999 ón gComhairle an 21 Meitheamh 1999 ag leagan síos forálacha ginearálta maidir leis na Cistí Struchtúracha (4). |
|
(4) |
Ar mhaithe leis an bpróiseas síochána i dTuaisceart Éireann, is gá leanúint ar aghaidh, tar éis an 31 Nollaig 2006, leis an tacaíocht a thugann an tAontas don Chiste. Mar aitheantas ar an iarracht speisialta a dhéantar maidir leis an bpróiseas síochána, táthar tar éis tacaíocht bhreise ó na Cistí Struchtúracha a chionroinnt ar chlár PEACE don tréimhse 2007 go 2013 de bhun mhír 22 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle an 11 Iúil 2006 lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa agus leis an gCiste Comhtháthaithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1260/1999 (5). |
|
(5) |
Ag a cruinnithe sa Bhruiséil an 15 agus an 16 Nollaig 2005, d’iarr an Chomhairle Eorpach ar an gCoimisiún na bearta riachtanacha a dhéanamh d’fhonn leanúint ar aghaidh leis an tacaíocht a thugann an Comhphobal don Chiste agus tús á chur leis an gcéim dheireanach fhíor-thábhachtach d’obair an Chiste a mhairfidh go dtí 2010. |
|
(6) |
Is é is príomhchuspóir don Rialachán seo ná tacaíocht a thabhairt don tsíocháin agus don athmhuintearas trí réimse gníomhaíochtaí atá níos leithne ná iad siúd atá cumhdaithe faoi na Cistí Struchtúracha, agus a théann níos faide ná raon feidhme bheartas an Aontais um chomhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta. |
|
(7) |
Ba cheart go mbeadh rannchuidiú an Aontais leis an gCiste i bhfoirm ranníocaíochtaí airgeadais do na blianta 2007, 2008, 2009 agus 2010 agus, ar an dóigh sin, tiocfaidh deireadh leis an rannchuidiú sin an tráth céanna a dtiocfaidh deireadh leis an gCiste. |
|
(8) |
Le linn ranníocaíochtaí airgeadais an Aontais a chionroinnt, ba cheart go dtabharfaí tús áite do thionscadail de chineál trasteorann nó trasphobail, ar shlí ina gcomhlánóidh siad na gníomhaíochtaí arna maoiniú faoi chlár PEACE don tréimhse 2007 go 2010. |
|
(9) |
I gcomhréir leis an gComhaontú, ba cheart go mbeadh na ranníocóirí uile leis an gCiste páirteach mar bhreathnadóirí ag cruinnithe de chuid Bhord an Chiste. |
|
(10) |
Tá sé thar a bheith tábhachtach comhordú cuí a áirithiú idir gníomhaíochtaí an Chiste agus na gníomhaíochtaí sin a mhaoinítear faoi na Cistí Struchtúracha agus dá bhforáiltear le hAirteagal 175 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, go háirithe clár PEACE. |
|
(11) |
Leis an Rialachán seo, leagtar síos clúdach airgeadais le haghaidh ré iomlán an Chiste, arb é a bheidh ann ná an tagairt phríomha, de réir bhrí phointe 37 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 17 Bealtaine 2006 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir leis an smacht buiséadach agus le bainistíocht fhónta airgeadais (6), don údarás buiséadach i rith an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil. |
|
(12) |
Ba cheart gur EUR 15 mhilliún in aghaidh na bliana, do na blianta 2007, 2008, 2009 agus 2010, arna shloinneadh de réir luachanna reatha, a bheadh i méid ranníocaíochtaí an Aontais leis an gCiste. |
|
(13) |
Tá an straitéis a seoladh don chéim dheireanach de ghníomhaíochtaí an Chiste (ó 2006 go 2010) agus dar teideal “Sharing this Space” dírithe ar cheithre phríomhréimse: bunsraitheanna a leagan síos le haghaidh athmhuintearais sna pobail is imeallaithe, naisc a chothú ar mhaithe le teagmháil idir pobail scoilte, bogadh i dtreo sochaí níos comhtháthaithe, agus oidhreacht a fhágáil. Dá dhroim sin, is é an aidhm bhunúsach atá leis an gCiste agus leis an Rialachán seo ná athmhuintearas idirphobail a spreagadh. |
|
(14) |
Rannchuideoidh an tacaíocht ón Aontas le hathneartú a dhéanamh ar an dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit agus idir pobail na mBallstát. |
|
(15) |
Níor cheart a mheas gur cúnamh éifeachtach é an cúnamh ón gCiste ach amháin a mhéid a chruthaíonn sé feabhas eacnamaíoch agus sóisialta atá inbhuanaithe agus a mhéid nach n-úsáidtear é mar chiste malartach ar chaiteachas poiblí nó príobháideach eile. |
|
(16) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1968/2006 ón gComhairle an 21 Nollaig 2006 maidir le ranníocaíochtaí airgeadais ón gComhphobal leis an gCiste Idirnáisiúnta d’Éirinn (2007 go 2010) (7), bunaíodh an méid tagartha airgeadais a bhaineann le cur chun feidhme an Chiste sa tréimhse 2007 go 2010. |
|
(17) |
Rinne an Chúirt Bhreithiúnais Rialachán (CE) Uimh. 1968/2006 a neamhniú ina breithiúnas ar an 3 Meán Fómhair 2009 i gCás C-166/07 (Parlaimint na hEorpa v Comhairle an Aontais Eorpaigh) (8), toisc go raibh an Rialachán sin bunaithe ar Airteagal 308 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh (Conradh CE), agus ar an Airteagal sin amháin, agus rialaigh sí gurb iad an tríú mír d’Airteagal 159 de Chonradh CE agus Airteagal 308 de Chonradh CE araon na bunúis dlí iomchuí. Rialaigh an Chúirt freisin, áfach, go gcoimeádfaí éifeachtaí Rialachán (CE) Uimh. 1968/2006 i bhfeidhm go dtí cibé tráth, laistigh de thréimhse réasúnach, a dtiocfadh rialachán nua i bhfeidhm arna ghlacadh ar an mbunús dlí iomchuí agus nach ndéanfadh neamhniú Rialachán (CE) Uimh. 1968/2006 difear do bhailíocht aon íocaíochtaí a rinneadh nó aon ghealltanas a tugadh faoin Rialachán sin. I ndáil leis sin, ar mhaithe leis an deimhneacht dhlíthiúil, is gá foráil a dhéanamh maidir le hAirteagal 6 den Rialachán seo a chur i bhfeidhm le héifeacht aisghníomhach mar go mbaineann sé le tréimhse iomlán an chláir ó 2007 go 2010, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
EUR 60 milliún a bheidh sa chlúdach airgeadais i gcomhair chur chun feidhme an Chiste Idirnáisiúnta d’Éirinn (an Ciste) sa tréimhse 2007 go 2010.
Is é an t-údarás buiséadach a údaróidh na leithreasaí bliantúla faoi chuimsiú theorainn an chreata airgeadais.
Airteagal 2
Déanfaidh an Ciste na ranníocaíochtaí a úsáid i gcomhréir le Comhaontú an 18 Meán Fómhair 1986 idir Rialtas na hÉireann agus Rialtas Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann maidir leis an gCiste Idirnáisiúnta d’Éirinn (an Comhaontú).
Le linn na ranníocaíochtaí a chionroinnt, tabharfaidh an Ciste tús áite do thionscadail de chineál trasteorann nó trasphobail, ar shlí ina gcomhlánóidh siad na gníomhaíochtaí a mhaoinítear leis na Cistí Struchtúracha, agus go háirithe na gníomhaíochtaí sin a bhaineann leis an gClár Speisialta um Shíocháin agus Athmhuintearas i dTuaisceart Éireann agus i gContaetha Teorann na hÉireann (clár PEACE).
Úsáidfear na ranníocaíochtaí ar shlí ina gcruthófar feabhas inbhuanaithe de chineál eacnamaíoch agus sóisialta sna limistéir sin lena mbaineann. Ní úsáidfear iad mar chiste malartach ar chaiteachas poiblí agus príobháideach eile.
Airteagal 3
Déanfaidh an Coimisiún ionadaíocht, i gcáil breathnadóra, thar ceann an Aontais ag cruinnithe de chuid Bhord an Chiste.
Beidh ionadaíocht i gcáil breathnadóra ag an gCiste ag cruinnithe de chuid Choiste Faireacháin chlár PEACE, agus de chuid aon idirghabhálacha eile a bhaineann leis na Cistí Struchtúracha de réir mar is iomchuí.
Airteagal 4
Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar le Bord an Chiste, nósanna imeachta iomchuí a chinneadh chun comhordú a chothú ar gach leibhéal idir an Ciste agus na húdaráis bhainistíochta agus na comhlachtaí cur chun feidhme a chuirtear ar bun faoi na hidirghabhálacha Cistí Struchtúracha lena mbaineann, go háirithe faoi chlár PEACE.
Airteagal 5
Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar le Bord an Chiste, poiblíocht iomchuí agus nósanna imeachta faisnéise iomchuí chun ranníocaíochtaí an Aontais leis na tionscadail arna maoiniú ag an gCiste a phoibliú.
Airteagal 6
Faoin 30 Meitheamh 2008, déanfaidh an Ciste a straitéis maidir lena ghníomhaíochtaí a thabhairt chun deiridh (straitéis chlabhsúir) a chur faoi bhráid an Choimisiúin, lena n-áirítear:
|
(a) |
plean gníomhaíochta ina mbeidh íocaíochtaí réamh-mheasta agus dáta beartaithe don fhoirceannadh; |
|
(b) |
nós imeachta um dhíscor; |
|
(c) |
an chaoi ina ndéileálfar le haon mhéideanna iarmharacha agus le haon ús a fhaightear tráth clabhsúir an Chiste. |
Beidh íocaíochtaí a dhéanfar leis an gCiste ina dhiaidh sin faoi réir an choinníll go bhformheasfaidh an Coimisiún an straitéis chlabhsúir. Mura gcuirfear an straitéis chlabhsúir faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh 2008, cuirfear stop leis na híocaíochtaí leis an gCiste go dtí go bhfaightear an straitéis.
Airteagal 7
1. Is é an Coimisiún a dhéanfaidh na ranníocaíochtaí a riaradh.
Faoi réir mhír 2, déanfar an ranníocaíocht bhliantúil a íoc, ina tráthchodanna, mar a leanas:
|
(a) |
déanfar an chéad réamhíocaíocht 40 % nuair a bheidh gealltanas faighte ag an gCoimisiún, arna shíniú ag Cathaoirleach Bhord an Chiste agus á rá go gcomhlíonfaidh an Ciste na coinníollacha a bhaineann le deonú na ranníocaíochta agus a leagtar amach sa Rialachán; |
|
(b) |
déanfar an dara réamhíocaíocht 40 % sé mhí ina dhiaidh sin; |
|
(c) |
déanfar an íocaíocht deiridh 20 % tar éis don Choimisiún tuarascáil bhliantúil an Chiste ar a chuid gníomhaíochtaí agus cuntais iniúchta an Chiste don bhliain i dtrácht a fháil agus a ghlacadh. |
2. Sula ndéanfaidh an Coimisiún tráthchuid a íoc, déanfaidh sé measúnú ar riachtanais airgeadais an Chiste ar bhonn iarmhéid airgid an Chiste an tráth a bheidh sceidealta do gach íocaíocht. Más rud é, tar éis an mheasúnaithe sin, nach bhfuil riachtanais airgeadais an Chiste ina údar cuí le ceann de na tráthchodanna sin a íoc, cuirfear an íocaíocht lena mbaineann ar fionraí. Athbhreithneoidh an Coimisiún an fionraí sin ar bhonn aon fhaisnéise nua a sholáthróidh an Ciste agus leanfaidh sé leis na híocaíochtaí a luaithe a mheasfar go bhfuil údar cuí leo.
Airteagal 8
Ní fhéadfar ranníocaíocht ón gCiste a chionroinnt ar aon oibríocht a fhaigheann cúnamh airgid faoi idirghabháil Chistí Struchtúracha, nó a bhfuil airgead dlite di faoi idirghabháil den sórt sin, ach amháin más rud é nach bhfuil suim an chúnaimh airgeadais sin, móide 40 % den ranníocaíocht ón gCiste, níos mó ná 75 % de chostais iomlána cháilithe na hoibríochta.
Airteagal 9
Cuirfear tuarascáil chríochnaitheach faoi bhráid an Choimisiúin sé mhí roimh dháta an fhoirceanta dá bhforáiltear sa straitéis chlabhsúir nó sé mhí tar éis na híocaíochta deiridh dá dtagraítear i bpointe (c) den dara fomhír d’Airteagal 7(1), cibé acu is túisce, agus beidh an fhaisnéis go léir is gá san áireamh sa tuarascáil chun a chumasú don Choimisiún luacháil a dhéanamh ar chur chun feidhme an chúnaimh sin agus ar bhaint amach chuspóirí an Chiste.
Airteagal 10
Déanfar an ranníocaíocht don bhliain dheireanach a íoc tar éis an anailís ar riachtanais airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 7(2) a dhéanamh agus ar choinníoll go n-urramaítear feidhmíocht an Chiste sa straitéis chlabhsúir.
Airteagal 11
Is é an 31 Nollaig 2013 an dáta deireanach a mbeidh caiteachas cáilithe.
Airteagal 12
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm ag Airteagal 6 amhail ón 1 Eanáir 2007.
Rachaidh an Rialachán seo in éag an 31 Nollaig 2010.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 15 Nollaig 2010.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
J. BUZEK
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
O. CHASTEL
(1) Tuairim an 29 Aibreán 2010 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Meitheamh 2010 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 10 Nollaig 2010.
(3) IO L 30, 3.2.2005, lch. 1.
(4) IO L 161, 26.6.1999, lch. 1.
(5) IO L 210, 31.7.2006, lch. 25.
(6) IO C 139, 14.6.2006, lch. 1.
(7) IO L 409, 30.12.2006, lch. 86.
(8) Cás C-166/07 An Pharlaimint v An Chomhairle [2009] ECR I-7135.
|
30.12.2010 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
5 |
RIALACHÁN (AE) Uimh. 1233/2010 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 15 Nollaig 2010
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 lena mbunaítear clár chun cabhrú leis an téarnamh eacnamaíoch trí chúnamh airgeadais Comhphobail a dheonú ar thionscadail i réimse an fhuinnimh
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe pointe (c) d’Airteagal 194(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2)
De bharr an méid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) bunaíodh Clár Fuinnimh Eorpach do Théarnamh (an CFET) chun cabhrú leis an téarnamh eacnamaíoch trí imchlúdach airgeadais EUR 3,98 billiún a dheonú do na blianta 2009 agus 2010. |
|
(2) |
Ba cheart go mbeadh an Rialachán seo gan dochar don aidhm cibé méid is féidir den imchlúdach airgeadais EUR 3,98 billiún a dheonú faoi dheireadh 2010 ar na fochláir dá dtagraítear i gCaibidil II de Rialachán (CE) Uimh. 663/2009. Táthar tar éis a shuíomh, áfach, nach ndéanfar gealltanas i leith cuid den mhéid sin faoi na fochláir sin. |
|
(3) |
De réir mheon straitéis Eoraip 2020 ar mhaithe leis an bhforás inbhuanaithe agus leis an bhfostaíocht, agus i gcomhréir le pacáiste aeráide agus fuinnimh an AE agus le Plean Gníomhaíochta 2006 maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh, rannchuideodh forbairt tuilleadh foinsí fuinnimh in-athnuaite agus cur chun cinn éifeachtúlachta fuinnimh le forás glas, le geilleagar iomaíoch inbhuanaithe a thógáil agus le dul i ngleic leis an athrú aeráide. Trí thacú leis na beartais sin, cruthóidh an tAontas poist nua agus deiseanna don mhargadh glas, rud a chothóidh geilleagar a bheidh iomaíoch, daingean agus inbhuanaithe. Tá comhoibriú idir na leibhéil éagsúla rialtais (rialachas il-leibhéil) riachtanach sa chomhthéacs seo. |
|
(4) |
Is ionann breis dreasachtaí airgeadais a sholáthar agus eilimint thábhachtach sa phróiseas a ghabhann le hísliú na gconstaicí atá ann mar gheall ar na hardchostais tosaigh agus le spreagadh feabhsúchán i ndáil le fuinneamh inbhuanaithe. Ba cheart, dá bhrí sin, saoráid airgeadais thiomnaithe (an tsaoráid) a chruthú chun úsáid a bhaint as an gcistiúchán faoi Chaibidil II de Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 nach féidir gealltanas a dhéanamh ina leith faoi dheireadh 2010. Ba cheart go mbreithneofaí cruthú na saoráide i bhfianaise an Tionscnaimh Maoinithe don Fhuinneamh Inbhuanaithe atá molta ag an gCoimisiún. Ba cheart go dtacódh an tsaoráid le forbairt tionscadal éifeachtúlachta fuinnimh agus fuinnimh in-athnuaite agus go n-éascódh sí maoiniú clár infheistíochta a bhaineann le héifeachtúlacht fuinnimh agus fuinneamh in-athnuaite, is é sin, maoiniú ag na húdaráis áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta go háirithe i suímh uirbeacha. Le linn an phróisis seo, ba cheart aird a thabhairt ar shineirgí le hacmhainní airgeadais eile atá ar fáil sna Ballstáit, amhail na Cistí Struchtúracha agus Comhtháthaithe, an tSaoráid Eorpach um Chúnamh Áitiúil Fuinnimh (ELENA) agus Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa faoi Rialachán (CE) Uimh. 397/2009 (4) d’fhonn forluí le hionstraimí airgeadais eile a sheachaint. |
|
(5) |
Is féidir leis an tacaíocht infheistíochta san fhuinneamh inbhuanaithe a bheith an-éifeachtach agus an-tairbheach nuair a dhírítear í ar an leibhéal áitiúil. I gcásanna cuí-réasúnaithe, áfach, d’fhéadfadh sé a bheith níos éifeachtaí díriú ar an leibhéal náisiúnta, e.g. ar chúiseanna a bhaineann le hinfhaighteacht nó feidhmiú struchtúr riaracháin ábhartha. |
|
(6) |
Chun tionchar chistiúchán an Aontais a uasmhéadú sa ghearrthéarma, ba cheart d’idirghabhálaí airgeadais amháin nó níos mó amhail institiúidí airgeadais idirnáisiúnta an tsaoráid a bhainistiú. Ba cheart roghnú na n-idirghabhálaithe airgeadais sin a dhéanamh ar bhonn an chumais atá léirithe acu an cistiúchán a úsáid ar an mbealach is éifeachtúla agus is éifeachtaí agus é mar chuspóir aige sin ná rannpháirtíocht infheisteoirí poiblí agus infheisteoirí príobháideacha eile a uasmhéadú laistigh den tréimhse is giorra is féidir agus an ghiaráil is airde idir cistiúchán an Aontais agus an infheistíocht iomlán d’fhonn infheistíochtaí suntasacha a bhaint amach san Aontas. Tráth géarchéimeanna airgeadais agus eacnamaíocha a bhfuil éifeacht dhochrach ar leith acu ar chúrsaí airgeadas údarás áitiúil agus údarás réigiúnach, áfach, ba cheart go n-áiritheofaí nach gcuireann staid dheacair bhuiséadach na n-údarás sin bac orthu i dtaca lena gcumas chun rochtain a fháil ar an gcistiúchán. |
|
(7) |
I gcomhlíonadh Rialachán (CE) Uimh. 663/2009, níor cheart go ndéanfaí tionscadail infheistíochta a mhaoiniú faoin tsaoráid ach amháin i gcás ina mbeadh tionchar tapa, intomhaiste, substaintiúil acu ar théarnamh eacnamaíoch laistigh den Aontas, ar mhéadú slándála fuinnimh agus ar laghdú astaíochtaí gás ceaptha teasa. Rannchuidíonn tionscadail infheistíochta den sórt sin le forás glas, le forbairt geilleagair iomaíoch, cheangailte, inbhuanaithe agus ghlais chomh maith le rannchuidiú le cosaint fostaíochta, cruthú post agus dul i ngleic le hathrú aeráide, i gcomhréir le cuspóirí «Eoraip 2020». |
|
(8) |
Ba cheart na critéir atá leagtha amach i Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 a bheith infheidhme i leith roghnú agus cháilitheacht na dtionscadal a mhaoineofar faoin tsaoráid. Ba cheart cothromaíocht gheografach na dtionscadal a chur san áireamh freisin mar ghné shár-riachtanach, chun tionchar an Rialacháin seo ar théarnamh eacnamaíoch ar fud an Aontais a áirithiú agus mar aitheantas nach bhfuil aon mhaoiniú faighte ag tionscadail, nó nach bhfuil maoiniú faighte ach go páirteach ag tionscadail, i roinnt Ballstát faoi Chaibidil II den Rialachán (CE) Uimh. 663/2009. |
|
(9) |
I bhfianaise thionchar gearrthéarmach eacnamaíoch riachtanach an Rialacháin seo, níor cheart gur faide ná sé mhí an tréimhse idir an tráth a bhfaightear iarratas ar thionscadal agus an tráth a ndéantar an cinneadh deiridh faoin iarratas. |
|
(10) |
Ba cheart gealltanais dhlíthiúla aonair lena gcuirfí gealltanais bhuiséadacha chun feidhme faoi Chaibidil IIa a dhéanamh faoin 31 Márta 2011. |
|
(11) |
Ba cheart nach mbeadh an tsaoráid ina fasach maidir le húsáid bhuiséad ginearálta an Aontais agus maidir le bearta maoiniúcháin a d’fhéadfadh a bheith ann sa todhchaí, lena n-áirítear san earnáil fuinnimh, ach ba cheart go measfaí ina leith gur beart eisceachtúil é arna ghlacadh le linn tréimhse deacrachta eacnamaíche. |
|
(12) |
Toisc an ghá phráinnigh atá ann aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim eacnamaíoch, ba cheart go mbeadh caiteachas arna thabhú faoi Chaibidil II de Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 cáilithe amhail ón 13 Iúil 2009 ós rud é gur iarr cuid mhór iarratasóirí go mbeadh an caiteachas cáilithe ón tráth a thíolactar an t-iarratas ar dheontas i gcomhréir le hAirteagal 112 de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach (5) (an Rialachán Airgeadais). Ba cheart go mbeadh caiteachas arna thabhú faoi Chaibidil II cáilithe amhail ón 1 Eanáir 2011. |
|
(13) |
Toisc an ghá phráinnigh atá ann aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim eacnamaíoch, ba cheart go dtiocfadh an Rialachán seo i bhfeidhm láithreach tar éis é a fhoilsiú, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 663/2009
Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 leis seo mar a leanas:
|
(1) |
In Airteagal 1, cuirtear an mhír seo a leanas leis: “Leis an Rialachán seo, déantar foráil maidir le cruthú saoráide airgeadais (an tsaoráid) chun tacú le tionscnaimh a bhaineann le héifeachtúlacht fuinnimh agus fuinneamh in-athnuaite.”; |
|
(2) |
Leasaítear Airteagal 3 mar a leanas;
|
|
(3) |
Cuirtear isteach an Chaibidil seo a leanas: “CAIBIDIL IIa SAORÁID AIRGEADAIS Airteagal 21a Cistí nach féidir gealltanas a dhéanamh ina leith faoi Chaibidil II 1. Déanfar an cistiúchán nach féidir, de réir Airteagal 3(2), a bheith faoi réir gealltanas dlíthiúil aonair faoi Chaibidil II, ar cistiúchán é le haghaidh shuim EUR 146 344 644,50 a chur ar fáil don tsaoráid dá dtagraítear sa cheathrú mír d’Airteagal 1, chun ionstraimí oiriúnacha cistiúcháin a fhorbairt i gcomhar le hinstitiúidí airgeadais, ionas go ndéanfar mórspreagadh a thabhairt do thionscadail éifeachtúlachta fuinnimh agus do thionscadail chun foinsí fuinnimh in-athnuaite a shaothrú. 2. Cuirfear an tsaoráid chun feidhme de réir Iarscríbhinn II. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 23(1) maidir leis an tsaoráid. 3. Beidh an méid a bheidh an tAontas faoi lé na saoráide, lena n-áirítear táillí bainistíochta agus costais cháilithe eile, teoranta do mhéid ranníocaíocht an Aontais leis an tsaoráid sin, a shonraítear i mír 1, agus ní bheidh aon dliteanas eile ar bhuiséad ginearálta an Aontais.”; |
|
(4) |
Scriostar Airteagal 22; |
|
(5) |
Leasaítear Airteagal 23 mar a leanas:
|
|
(6) |
Leasaítear Airteagal 27 mar a leanas:
|
|
(7) |
in Airteagal 28, cuirtear an mhír seo a leanas leis: “Beidh faisnéis sa tuarascáil faoi na forchostais go léir a bhaineann le bunú agus cur chun feidhme na saoráide arna bunú faoi Chaibidil IIa.”; |
|
(8) |
athainmnítear an Iarscríbhinn mar “Iarscríbhinn I” agus cuirtear isteach an Iarscríbhinn seo a leanas: “IARSCRÍBHINN II SAORÁID AIRGEADAIS A. Cur chun feidhme na saoráide airgeadais le haghaidh tionscadal fuinnimh inbhuanaithe 1. Raon feidhme na saoráide Déanfar an tsaoráid airgeadais («an tsaoráid») a úsáid chun tionscadail spárála fuinnimh, éifeachtúlachta fuinnimh agus fuinnimh in-athnuaite a fhorbairt agus éascóidh sé maoiniú infheistíochtaí sna réimsí sin ag údaráis áitiúla, ag údaráis réigiúnacha agus, i gcásanna cuí-réasúnaithe, ag údaráis náisiúnta phoiblí. Cuirfear an tsaoráid chun feidhme i gcomhréir leis na forálacha maidir le tarmligean na gcúraimí feidhmithe buiséid atá leagtha síos sa Rialachán Airgeadais agus sna rialacha cur chun feidhme a ghabhann leis. Úsáidfear an tsaoráid le haghaidh tionscadal fuinnimh inbhuanaithe go háirithe i suímh uirbeacha. I measc na dtionscadal sin, áireofar go háirithe tionscadail a bhaineann leis na nithe seo a leanas:
Féadfar an tsaoráid a úsáid freisin chun dreasachtaí agus cúnamh teicniúil a sholáthar chomh maith le feasacht na n-údarás áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta a mhéadú, lena áirithiú go mbaintear an leas is fearr as na Cistí Struchtúracha agus Comhtháthaithe, go háirithe sna réimsí a bhaineann le feabhsúcháin ar éifeachtúlacht fuinnimh agus ar fhuinneamh in-athnuaite i dtithe agus i bhfoirgnimh de chineálacha eile. Cothóidh an tsaoráid tionscadail infheistíochta a léiríonn inmharthanacht eacnamaíoch agus airgeadais, chun na hinfheistíochtaí a leithdháilfidh an tsaoráid a aisíoc agus chun infheistíochtaí poiblí agus infheistíochtaí príobháideacha a mhealladh. Dá bhrí sin, féadfaidh an tsaoráid, inter alia, leithdháileadh soláthair agus caipitil i gcomhair iasachtaí, ráthaíochtaí, cothromais agus táirgí eile airgeadais a áireamh. Ina theannta sin, féadfar suas le 15 % den chistiúchán dá dtagraítear in Airteagal 21a a úsáid chun cúnamh teicniúil a sholáthar d’údaráis áitiúla, réigiúnacha nó náisiúnta maidir le tionscadail éifeachtúlachta fuinnimh agus fuinnimh in-athnuaite a chur ar bun agus maidir le céim tosaigh úsáide teicneolaíochta a bhaineann leis na tionscadail sin. 2. Sineirgí Nuair atá cúnamh airgeadais nó cúnamh teicniúil á dheonú, tabharfar aird freisin ar shineirgí le hacmhainní airgeadais eile atá ar fáil sna Ballstáit, amhail na Cistí Struchtúracha agus na Cistí Comhtháthaithe agus saoráid ELENA chun forluí le hionstraimí eile a sheachaint. 3. Tairbhithe Is iad na húdaráis phoiblí, ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal réigiúnach de rogha, agus eintitis phoiblí nó eintitis phríobháideacha atá ag gníomhú thar ceann na n-údarás poiblí sin a bheidh ina dtairbhithe de chuid na saoráide. B. Comhar le hidirghabhálaithe airgeadais 1. Ceanglais i ndáil le roghnú agus ceanglais ghinearálta, lena n-áirítear costais Cuirfear an tsaoráid ar bun i gcomhar le hidirghabhálaí airgeadais amháin nó níos mó agus beidh infheisteoirí iomchuí in ann a bheith rannpháirteach inti. Déanfar roghnú na n-idirghabhálaithe airgeadais ar bhonn a gcumais chruthaithe an cistiúchán a úsáid ar an mbealach is éifeachtúla agus is éifeachtaí agus i gcomhréir leis na rialacha agus na critéir atá leagtha amach san Iarscríbhinn seo. Déanfaidh an Coimisiún a áirithiú go bhfanfaidh méid iomlán na bhforchostas a bhainfidh le bunú agus cur chun feidhme na saoráide, lena n-áirítear táillí bainistíochta agus costais cháilithe eile, arna sonrascadh ag na hidirghabhálaithe airgeadais, chomh teoranta agus is féidir, i gcomhréir leis an gcleachtas is fearr le haghaidh ionstraimí comhchosúla agus cáilíocht riachtanach na saoráide á cosaint ag an am céanna. Déanfaidh an Coimisiún ranníocaíocht an Aontais leis an tsaoráid a chur chun feidhme i gcomhréir leis na forálacha atá leagtha amach in Airteagal 53 agus in Airteagal 54 den Rialachán Airgeadais. Comhlíonfaidh na hidirghabhálaithe airgeadais na ceanglais ábhartha a bhaineann le tarmligean na gcúraimí feidhmithe buiséid atá leagtha amach sa Rialachán Airgeadais agus sna rialacha cur chun feidhme a ghabhann leis, go háirithe maidir le rialacha an tsoláthair, leis an rialú inmheánach, leis an gcuntasaíocht agus leis an iniúchadh seachtrach. Ní dhéanfar aon chistiúchán seachas táillí bainistíochta nó costais a bhaineann le bunú agus cur chun feidhme na saoráide a chur ar fáil do na hidirghabhálaithe airgeadais sin. Déanfar na téarmaí agus na coinníollacha mionsonraithe maidir le bunú agus creatchoinníollacha na saoráide, lena n-áirítear faireachán agus rialú, a leagan síos i gcomhaontú amháin nó níos mó idir an Coimisiún agus na hidirghabhálaithe airgeadais. 2. Faisnéis a bheith ar fáil Déanfaidh an tsaoráid an fhaisnéis uile maidir le bainistiú cláir, ar faisnéis í atá ábhartha do pháirtithe leasmhara, a chur ar fáil ar líne. Áireofar san fhaisnéis sin, go háirithe, nósanna imeachta maidir le hiarratais, faisnéis maidir leis na cleachtais is fearr agus forléargas ar thionscadail agus ar thuarascálacha. C. Coinníollacha maidir le cistiúchán agus critéir maidir le cáilitheacht agus roghnú 1. Raon feidhme an mhaoinithe I gcomhréir leis an Iarscríbhinn seo, beidh an tsaoráid teoranta do mhaoiniú le haghaidh na nithe seo a leanas:
2. Fachtóirí a bheidh le cur san áireamh Maidir le roghnú na dtionscadal, tabharfar aird ar leith ar an gcothromaíocht gheoghrafach. Maidir le maoiniú tionscadal infheistíochta, tabharfar aird chuí ar fhachtóir suntasach giarála a bhaint amach idir an infheistíocht iomlán agus cistiúchán an Aontais chun infheistíochtaí suntasacha a chruinniú san Aontas. D’fhéadfadh, áfach, an fachtóir giarála do thionscadail infheistíochta aonair athrú, ag brath ar roinnt fachtóirí amhail méid iarbhír agus cineál iarbhír an tionscadail agus ar dhálaí áitiúla lena n-áirítear méid agus acmhainneacht airgeadais an tairbhí. 3. Coinníollacha a bhaineann le rochtain ag údaráis phoiblí ar mhaoiniú faoin tsaoráid Déanfaidh údaráis phoiblí a iarrfaidh maoiniú le haghaidh tionscadal infheistíochta nó cúnamh teicniúil le haghaidh tionscadal éifeachtúlachta fuinnimh agus fuinnimh in-athnuaite na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:
4. Critéir maidir le cáilitheacht agus roghnú le haghaidh tionscadal infheistíochta arna maoiniú faoin tsaoráid Comhlíonfaidh na tionscadail infheistíochta arna maoiniú faoin tsaoráid na critéir seo a leanas maidir le cáilitheacht agus roghnú:
5. Critéir maidir le cáilitheacht agus roghnú le haghaidh tionscadal cúnaimh theicniúil arna maoiniú faoin tsaoráid. Comhlíonfaidh tionscadail chúnaimh theicniúil arna maoiniú faoin tsaoráid seo na critéir maidir le cáilitheacht agus roghnú dá dtagraítear i bpointe 4(a), (c), (e), (f) agus (g).”. |
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 15 Nollaig 2010.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
J. BUZEK
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
O. CHASTEL
(1) Tuairim an 15 Meán Fómhair 2010 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Samhain 2010 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 7 Nollaig 2010.
(3) IO L 200, 31.7.2009, lch. 31.
(4) Rialachán (CE) Uimh. 397/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1080/2006 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa i ndáil le hincháilitheacht infheistíochtaí in éifeachtúlacht fuinnimh agus i bhfuinneamh inathnuaite san earnáil tithíochta (IO L 126, 21.5.2009, lch. 3).
|
30.12.2010 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
11 |
RIALACHÁN (AE) Uimh. 1234/2010 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 15 Nollaig 2010
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (Rialachán CEM Aonair) maidir leis an gcabhair a dheonaítear faoi chuimsiú Mhonaplacht Alcóil na Gearmáine
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 42 agus Airteagal 43(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),
De bharr an méid seo a leanas:
|
(1) |
Na rialacha sonracha maidir leis an gcabhair a fhéadfaidh an Ghearmáin a dheonú faoi chuimsiú Mhonaplacht Alcóil na Gearmáine (an Mhonaplacht) dá bhforáiltear in Airteagal 182(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 an 22 Deireadh Fómhair 2007 lena mbunaítear comheagrú na margaí talmhaíochta agus maidir le forálacha sonracha i gcás táirgí áirithe talmhaíochta (Rialachán CEM Aonair) (3), rachaidh siad in éag an 31 Nollaig 2010. |
|
(2) |
De réir na tuarascála a thíolaic an Coimisiún de bhun Airteagal 184(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007, tá laghdú tagtha ar thábhacht na Monaplachta le blianta beaga anuas. Idir na blianta 2001 agus 2008, d'fhág tuairim is 70 banna-dhrioglann talmhaíochta (landwirtschaftliche Verschlussbrennereien) an Mhonaplacht. Tháinig laghdú ar na toirteanna a dhíol an Mhonaplacht ó bhí an bhliain 2003 ann agus tháinig laghdú ar an mbuiséad ó EUR 110 milliún in 2003 go EUR 80 milliún in 2008. I ngeall air sin, tá iarrachtaí déanta ag roinnt drioglann cheana féin iad féin a ullmhú chun dul isteach sa saormhargadh trí chomharchumainn a chruthú, trí infheistíocht a dhéanamh i dtrealamh a úsáideann níos lú fuinnimh, chun costais táirgthe a laghdú, agus trí níos mó margaíochta dírí a dhéanamh ar a gcuid alcóil. Ar a shon sin, tá gá le níos mó ama chun an próiseas oiriúnúcháin sin a éascú agus chun a chumasú do dhriogairí maireachtáil sa saormhargadh. Meastar go bhfuil fadú a mhairfidh roinnt blianta breise ag teastáil chun an próiseas a bhaineann le deireadh a chur leis an Monaplacht, agus leis an gcabhair freisin, a thabhairt chun críche, agus chun an Mhonaplacht a chéimniú amach go cinntitheach. |
|
(3) |
I roinnt codanna den Ghearmáin, tá drioglanna alcóil nasctha go traidisiúnta le feirmeacha beaga agus meánmhéide agus tá ról tábhachtach acu i dtaca leis na feirmeacha do leanúint dá ngníomhaíochtaí trí ioncam breise a sholáthar d'fheirmeoirí agus trí fhostaíocht a áirithiú i limistéir thuaithe. Ba cheart, dá bhrí sin, go leanfadh banna-dhrioglanna talmhaíochta a phróiseálann gránaigh agus prátaí go príomha de bheith in ann cabhair a fháil tríd an Monaplacht go dtí an 31 Nollaig 2013. Faoin dáta sin, ba cheart gach drioglann a bheith tar éis dul isteach sa saormhargadh. Tá an spriocdháta sin i gcomhthráth le tosach na tréimhse nua cláreagraithe i gcomhair forbartha tuaithe, 2014-2020, rud a fhágann go bhféadfadh an Ghearmáin codanna de na cistí a úsáidtear le haghaidh na Monaplachta a aistriú chuig a clár forbartha tuaithe. |
|
(4) |
Rannchuidíonn drioglanna beagscála cothromráta (Abfindungsbrennereien), úsáideoirí drioglainne (Stoffbesitzer) agus drioglanna comharchumainn torthaí (Obstgemeinschaftsbrennereien) go háirithe le tírdhreacha traidisiúnta agus bithéagsúlacht a chaomhnú trí chabhair a thabhairt maidir le húlloird a sholáthraíonn amhábhair do na driogairí a chaomhnú. Agus an méid sin á chur san áireamh, agus ós rud é gur táirgeadh áitiúil an-teoranta atá i dtáirgeadh na ndrioglann sin, ba cheart go leanfaidís de bheith in ann tairbhe a bhaint as an gcabhair a dheonaítear faoin Monaplacht go ceann tréimhse deiridh go dtí an 31 Nollaig 2017. Tá deireadh le cur leis an Monaplacht faoin dáta sin. Chun a áirithiú go bhfuil an chabhair sin á céimniú amach iarbhír, ba cheart don Ghearmáin pleananna céimnithe amach a thíolacadh gach bliain amhail ón mbliain 2013. |
|
(5) |
Faoi chuimsiú na Monaplachta, tá táirgeadh alcóil eitiligh teoranta agus, faoi láthair, freagraíonn sé do mhéid is lú ná 10 % de tháirgeadh iomlán alcóil eitiligh de thionscnamh na talmhaíochta sa Ghearmáin. Ós rud é, go háirithe, go mbeidh gach banna-dhrioglann tar éis dul isteach sa saormhargadh faoin 31 Nollaig 2013, tiocfaidh laghdú suntasach ar an gcéatadán sin tar éis an dáta sin. |
|
(6) |
Chun comhleanúnachas a áirithiú le linn an chabhair a dheonú, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo amhail ón 1 Eanáir 2011. |
|
(7) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
In Airteagal 182 de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:
“4. Maidir leis an maolú atá ann sa dara mír d'Airteagal 180 den Rialachán seo, beidh feidhm aige maidir le híocaíochtaí cabhrach a dheonaíonn an Ghearmáin faoi chuimsiú chreat náisiúnta Mhonaplacht Alcóil na Gearmáine (an Mhonaplacht) atá ann cheana, i gcás táirgí a mhargaíonn an Mhonaplacht, tar éis iad a chlaochlú tuilleadh, mar alcól eitileach de thionscnamh na talmhaíochta arna liostú in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Maidir leis an maolú sin, oibreoidh sé go dtí an 31 Nollaig 2017, agus go dtí an dáta sin amháin, beidh sé gan dochar d'fheidhm Airteagal 108(1) agus na chéad abairte d'Airteagal 108(3) CFAE, agus beidh de choinníoll ag gabháil leis go gcomhlíontar na forálacha seo a leanas:
|
(a) |
maidir le táirgeacht iomlán an alcóil eitiligh faoin Monaplacht, ar táirgeacht í a bhaineann tairbhe as an gcabhair, tiocfaidh laghdú uirthi de réir a chéile ó uasmhéid 600 000 hl in 2011, go 420 000 hl in 2012, agus go 240 000 hl in 2013, agus féadfaidh uasmhéid 60 000 hl a bheith inti in aghaidh na bliana ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2017, dáta a scoirfidh an Mhonaplacht de bheith ar marthain; |
|
(b) |
maidir le táirgeacht banna-dhrioglann talmhaíochta a bhaineann tairbhe as an gcabhair, tiocfaidh laghdú de réir a chéile uirthi ó 540 000 hl in 2011, go 360 000 hl in 2012, agus go 180 000 hl in 2013. Faoin 31 Nollaig 2013, fágfaidh gach banna-dhrioglann talmhaíochta an Mhonaplacht. Tar éis an Mhonaplacht a fhágáil, ceadófar do gach banna-dhrioglann talmhaíochta cabhair chúiteach EUR 257,50 in aghaidh an hl de chearta driogtha ainmniúla a fháil, de réir bhrí na reachtaíochta Gearmánaí is infheidhme. Féadfar an chabhair chúiteach sin a dheonú tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2013. Féadfar í a íoc, áfach, i roinnt tráthchodanna a ndéanfar an tráthchuid dheireanach díobh a íoc tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2017; |
|
(c) |
maidir leis an gcabhair a dheonaíonn an Mhonaplacht, féadfaidh drioglanna beagscála cothromráta, úsáideoirí drioglainne agus drioglanna comharchumainn torthaí tairbhe a bhaint aisti go dtí an 31 Nollaig 2017, ar choinníoll nach dtéann an táirgeacht a bhaineann tairbhe as an gcabhair thar 60 000 hl in aghaidh na bliana; |
|
(d) |
ní rachaidh iomlán na cabhrach a íocfar ón 1 Eanáir 2011 go dtí an 31 Nollaig 2013 thar EUR 269,9 milliún, agus ní rachaidh méid iomlán na cabhrach a íocfar ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2017 thar EUR 268 milliún; agus |
|
(e) |
gach bliain roimh an 30 Meitheamh, cuirfidh an Ghearmáin tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin maidir le feidhmiú na Monaplachta agus maidir leis an gcabhair a deonaíodh faoina cuimsiú an bhliain roimhe sin. Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil sin ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. Ina theannta sin, áireofar sna tuarascálacha bliantúla a bheidh le tíolacadh sna blianta 2013 go 2016 plean bliantúil céimnithe amach don bhliain ina dhiaidh sin, ar plean é a bhainfidh leis na drioglanna beagscála cothromráta, le húsáideoirí drioglainne agus le drioglanna comharchumainn torthaí.”. |
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige amhail ón 1 Eanáir 2011.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg, 15 Nollaig 2010.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
J. BUZEK
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
O. CHASTEL
(1) Tuairim an 15 Meán Fómhair 2010 (nar foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Samhain 2010 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 10 Nollaig 2010.