ISSN 1725-2571 |
||
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L NaN |
|
An t-eagrán Gaeilge |
Reachtaíocht |
50 |
Clár |
|
I Gníomhartha arna mbunú ar Chonarthaí CE/CEFA a bhfuil a bhfoilsiú éigeantach |
Leathanach |
|
|
RIALACHÁIN |
|
|
* |
||
|
* |
Rialachán (CE) Uimh. 862/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 maidir le staidreamh Comhphobail i ndáil le himirce agus le cosaint idirnáisiúnta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 311/76 ón gComhairle maidir le staidreamh i ndáil le hoibrithe ón gcoigríoch a thiomsú ( 2 ) |
|
|
* |
||
|
* |
|
|
|
(1) Faoin tagairt L 199 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla an Aontais. |
|
(2) Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE |
GA |
I Gníomhartha arna mbunú ar Chonarthaí CE/CEFA a bhfuil a bhfoilsiú éigeantach
RIALACHÁIN
31.7.2007 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L NaN/1 |
RIALACHÁN (CE) Uimh. 861/2007 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 11 Iúil 2007
lena mbunaítear Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 61(c) agus Airteagal 67 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,
Ag féachaint don Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (2),
De bharr an méid seo a leanas:
(1) |
Tá sé leagtha amach mar chuspóir dó féin ag an gComhphobal limistéar saoirse, slándála agus ceartais a chothabháil agus a fhorbairt ina ndéanfar saorghluaiseacht daoine a áirithiú. Chun go mbunófaí limistéar den sórt sin de réir a chéile, tá an Comhphobal chun bearta a ghlacadh, inter alia, i réimse an chomhair bhreithiúnais in ábhair shibhialta a bhfuil impleachtaí trasteorann acu agus is gá do dhea-oibriú an mhargaidh inmheánaigh. |
(2) |
De réir Airteagal 65(c) den Chonradh, áireofar ar na bearta seo bearta lena ndéanfar constaicí ar dhea-oibriú imeachtaí sibhialta a dhíchur, más gá trí chomhchuibheas na rialacha maidir leis an nós imeachta sibhialta is infheidhme sna Ballstáit a chur chun cinn. |
(3) |
I ndáil leis seo, ghlac an Comhphobal, i measc beart eile, Rialachán (CE) Uimh. 1348/2000 ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 maidir le doiciméid bhreithiúnacha agus sheachbhreithiúnacha in ábhair shibhialta nó tráchtála a sheirbheáil sna Ballstáit (3), Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 ón gComhairle an 22 Nollaig 2000 maidir le dlínse agus aitheantas agus forghníomhú breitheanna in ábhair shibhialta agus tráchtála (4), Cinneadh 2001/470/CE ón gComhairle an 28 Bealtaine 2001 lena mbunaítear Gréasán Breithiúnach Eorpach in ábhair shibhialta agus tráchtála (5), Rialachán (CE) Uimh. 805/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 lena gcruthaítear Ordú Forfheidhmiúcháin Eorpach d'éilimh neamhchonspóidithe (6) agus Rialachán (CE) Uimh. 1896/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 lena gcruthaítear ordú Eorpach maidir le nós imeachta íocaíochta (7). |
(4) |
D'iarr an cruinniú den Chomhairle Eorpach in Tampere an 15 agus 16 Deireadh Fómhair 1999 ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún rialacha nós imeachta comhchoiteanna a bhunú do dhlíthíocht bhrostaithe shimplithe trasteorann maidir le héilimh bheaga tomhaltóirí agus trádála. |
(5) |
An 30 Samhain 2000, ghlac an Chomhairle clár comhpháirteach de chuid an Choimisiúin agus de chuid na Comhairle arbh é a bhí ann bearta chun prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh do chinntí in ábhair shibhialta agus tráchtála a chur chun feidhme (8). Luaitear sa chlár simpliú a dhéanamh ar an gcaoi a socraítear an dlíthíocht trasteorann maidir le héilimh bheaga agus í a bhrostú. Tarraingíodh anuas an méid sin i gClár na Háige (9), a ghlac an Chomhairle Eorpach an 5 Samhain 2004, inar iarradh go ndíreofaí go gníomhach ar cheist na n-éileamh beag. |
(6) |
An 20 Nollaig 2002, ghlac an Coimisiún Páipéar Uaine i ndáil le hordú Eorpach maidir le nós imeachta íocaíochta agus i ndáil le bearta do shimpliú agus do bhrostú na dlíthíochta um éilimh bheaga. Leis an bPáipéar Uaine seoladh próiseas comhairliúcháin maidir le bearta um shimpliú agus um bhrostú na dlíthíochta um éilimh bheaga. |
(7) |
Tá nósanna imeachta sibhialta simplithe tugtha isteach ag go leor Ballstát d'éilimh bheaga ó tharla nach gá i gcónaí go dtiocfadh laghdú a bheadh comhréireach le luach an éilimh ar na costais, ar an moill agus ar na castachtaí a bheadh ag baint leis an dlíthíocht. Is amhlaidh is mó na constaicí a bhíonn ar bhreithiúnas tapa, neamhchostasach i gcásanna trasteorann. Dá bhrí sin, is gá nós imeachta Eorpach d'éilimh bheaga (‘Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga’) a bhunú. Is é an cuspóir ba cheart a bheith ag an nós imeachta sin rochtain ar an gceartas a éascú. De bharr go ndéantar saobhadh ar an iomaíocht laistigh den mhargadh inmheánach de bharr míchothromaíochtaí i bhfeidhmiú na meán nós imeachta a thugtar do chreidiúnaithe i mBallstáit éagsúla, tá gá le reachtaíocht Chomhphobail a ráthódh cothrom na Féinne do chreidiúnaithe agus d'fhéichiúnaithe ó cheann ceann an Aontais Eorpaigh. Ba cheart gur ghá féachaint do phrionsabail na simplíochta, an bhrostaithe agus na comhréireachta agus na costais á socrú a bhaineann le héileamh faoin Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga. Is cuí go bpoibleofaí mionsonraí maidir le costais a ghearrfar agus go mbeadh trédhearcacht ag baint leis na bealaí a bheidh ann chun na costais sin a shocrú. |
(8) |
Ba cheart go ndéanfadh an Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga simpliú agus brostú ar an dlíthíocht maidir le héilimh bheaga i gcásanna trasteorann, agus ag an am céanna go laghdófaí na costais, trí uirlis roghnach a chur ar fáil chomh maith leis na féidearthachtaí atá ann faoi dhlíthe na mBallstát, nach ndéanfar difear dóibh. Ba cheart go simpleodh an Rialachán seo freisin an chaoi le haitheantas a fháil do bhreithiúnas a thabharfar sa Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga i mBallstát eile agus lena chur á fhorghníomhú. |
(9) |
Féachann an Rialachán seo le cearta bunúsacha a chur chun cinn agus cuirtear san áireamh ann, go háirithe, na prionsabail a aithnítear sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Ba chóir go n-urramódh an chúirt nó an binse an ceart chun trialach córa agus prionsabal an phróisis sáraíochta, go háirithe agus cinneadh á dhéanamh maidir le gá a bheith le héisteacht ó bhéal agus maidir leis na meáin chun fianaise a ghlacadh agus a mhéid a ghlacfar fianaise. |
(10) |
Mar éascaíocht agus luach éilimh á ríomh, ba cheart neamhshuim a dhéanamh de gach ús, gach caiteachas agus gach eisíocaíocht. Níor cheart dó seo difear a dhéanamh do chumhacht na cúirte ná do chumhacht an bhinse iad seo a dhámhachtain ina breithiúnas nó ina bhreithiúnas ná do na rialacha náisiúnta maidir le hús a ríomh. |
(11) |
Mar éascaíocht agus tús á chur leis an Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga, ba cheart don éilitheoir iarratas a dhéanamh trí fhoirm chaighdeánach éilimh a líonadh agus a thaisceadh leis an gcúirt nó leis an mbinse. Níor cheart an fhoirm éilimh a thíolacadh ach do chúirt nó do bhinse a bhfuil dlínse aici nó aige. |
(12) |
Ba cheart go gcuirfí aon doiciméid tacaíochta ábhartha isteach leis an bhfoirm éilimh, i gcás inar iomchuí. Ní choisceann sé seo ar an éilitheoir, áfach, fianaise bhreise a chur isteach, i gcás inar iomchuí, le linn an nós imeachta. Ba cheart go gcuirfí an prionsabal céanna i bhfeidhm maidir le freagairt an chosantóra. |
(13) |
Ba cheart go gcinnfí, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, na coincheapa atá i gceist le héileamh ‘ar léir é a bheith gan bhunús’ i gcomhthéacs éileamh a bheith á dhíbhe agus le hiarratas ‘nach inghlactha’ i gcomhthéacs iarratas a bheith á dhíbhe. |
(14) |
Nós imeachta i scríbhinn ba cheart a bheith sa Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga, mura measfaidh an chúirt nó an binse gur gá éisteacht ó bhéal, nó mura n-iarrfaidh páirtí éisteacht ó bhéal. Féadfaidh an chúirt nó an binse iarraidh den sórt sin a dhiúltú. Ní fhéadfar an diúltú sin a chonspóid go leithleach. |
(15) |
Níor cheart go mbeadh sé d'oibleagáid ar na páirtithe dlíodóir ná gairmí eile dlí a bheith acu. |
(16) |
Ba cheart gur de réir bhrí Airteagal 6(3) de Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 a bhainfí brí as an gcoincheap ‘frithéileamh’ mar éileamh a eascraíonn as an gconradh céanna nó as na fíorais chéanna a raibh an t-éileamh bunaidh bunaithe orthu. Ba cheart go mbeadh feidhm mutatis mutandis maidir le frithéilimh ag Airteagal 2 agus ag Airteagal 4, chomh maith le hAirteagal 5(3), (4) agus (5). |
(17) |
I gcásanna ina ndéanann an cosantóir ceart chun fritháirimh a agairt i rith na n-imeachtaí, níor cheart gurbh ionann an t-éileamh sin agus frithéileamh chun críocha an Rialacháin seo. Dá bhrí sin, níor cheart go mbeadh sé d'oibleagáid ar an gcosantóir Foirm chaighdeánach A, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I í, a úsáid chun ceart den sórt sin a agairt. |
(18) |
Chun críocha Airteagal 6 a chur i bhfeidhm, is é an Ballstát a ndíreofar air an Ballstát ina mbeidh seirbheáil le cur i gcrích nó a mbeidh an doiciméad le seoladh ann. Ionas go laghdófar costais agus moill, ba cheart doiciméid a sheirbheáil ar na páirtithe trí sheirbhís poist go príomha agus go dtabharfaí admháil ar iad a fháil lena n-áirítear an dáta a bhfuarthas iad. |
(19) |
Féadfaidh páirtí diúltú glacadh le doiciméad tráth a ndéanfar é a sheirbheáil nó tríd an doiciméad a chur ar ais laistigh de sheachtain mura mbeidh sé scríofa i dteanga oifigiúil an Bhallstáit a bhfuiltear ag díriú air, nó mura mbeidh aistriúchán go dtí an teanga sin ag gabháil leis (nó, má tá líon teangacha oifigiúla sa Bhallstát sin, mura mbeidh sé scríofa i dteanga oifigiúil nó i gceann de theangacha oifigiúla na háite a bhfuil an tseirbheáil le déanamh ann nó a bhfuil an doiciméad le seoladh ann nó mura mbeidh aistriúchán ag gabháil leis go dtí an teanga sin nó go dtí ceann de na teangacha sin) nó mura mbeidh sé scríofa i dteanga a thuigeann an seolaí nó mura mbeidh aistriúchán ag gabháil leis go dtí an teanga sin. |
(20) |
I gcomhthéacs éisteachtaí ó bhéal agus i gcomhthéacs tógáil fianaise, ba cheart go spreagfadh na Ballstáit úsáid teicneolaíochtaí nua-aimseartha cumarsáide, faoi réir dhlí náisiúnta an Bhallstáit ina mbeidh an chúirt nó an binse suite. Ba cheart don chúirt nó don bhinse an modh is simplí agus is lú costas a úsáid chun fianaise a ghlacadh. |
(21) |
Ba cheart go mbeadh faisnéis theicniúil maidir leis na foirmeacha a bheith ar fáil agus a líonadh mar chuid den chúnamh praiticiúil a thabharfar do na páirtithe. |
(22) |
Is féidir le foireann na cúirte nó an bhinse, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, an fhaisnéis a thabhairt freisin maidir le ceisteanna nós imeachta. |
(23) |
Ó tharla gurb é cuspóir an Rialacháin seo dlíthíocht maidir le héilimh bheaga i gcásanna trasteorann a shimpliú agus a bhrostú, ba cheart don chúirt nó don bhinse gníomhú a luaithe is féidir, fiú amháin nuair nach leagfaidh an Rialachán seo síos teorainn ama ar bith do chéim faoi leith den nós imeachta. |
(24) |
Chun teorainneacha ama a ríomh, mar a fhoráiltear sa Rialachán seo, ba cheart go mbeadh feidhm ag Rialachán (CEE, Euratom) Uimh. 1182/71 ón gComhairle an 3 Meitheamh 1971, lena gcinntear na rialacha is infheidhme maidir le tréimhsí, dátaí agus teorainneacha ama (10). |
(25) |
Ionas go ndéanfar gnóthú éileamh beag a bhrostú, ba cheart go mbeadh an breithiúnas infhorghníomhaithe d'ainneoin aon achomhairc a d'fhéadfaí a dhéanamh agus níor cheart go mbeadh sé mar choinníoll go soláthrófaí urrús seachas mar a fhoráiltear sa Rialachán seo. |
(26) |
Ba cheart go n-áireofaí in aon tagairt a dhéanfaí sa Rialachán seo d'achomharc aon mheán achomhairc a d’fhéadfadh a bheith ar fáil faoin dlí náisiúnta. |
(27) |
Caithfidh duine a bheith ar an gcúirt nó ar an mbinse atá cáilithe chun fónamh mar bhreitheamh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. |
(28) |
I gcás ina gceanglófar ar an gcúirt nó ar an mbinse teorainn ama a shocrú, ba chóir go gcuirfí an páirtí lena mbaineann ar an eolas maidir leis na hiarmhairtí a bheidh ann mura gcloífidh sé leis an spriocdháta sin. |
(29) |
Ba cheart don pháirtí nár éirigh leis costais na n-imeachtaí a iompar. Ba cheart go gcinnfí costais na n-imeachtaí i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Ag féachaint do chuspóirí na simplíochta agus na héifeachtúlachta costais, ba cheart don chúirt nó don bhinse a ordú nach n-íocfadh an páirtí nár éirigh leis ach costais na n-imeachtaí, lena n-áirítear mar shampla aon chostais a d'eascair as an bpáirtí eile a bheith á ionadú ag dlíodóir nó ag gairmí eile dlí, nó aon chostais a d'eascair as seirbheáil nó aistriúchán doiciméad agus atá i gcomhréir le luach an éilimh nó ba ghá a thabhú. |
(30) |
D'fhonn aitheantas agus forghníomhú a éascú, ba cheart go dtabharfaí aitheantas do bhreithiúnas a thabharfaí i mBallstát sa Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga agus ba cheart go mbeadh sé infhorghníomhaithe i mBallstát eile, gan aon ghá le dearbhú um infhorghníomhaitheacht agus níor cheart go bhféadfaí cur i gcoinne an aitheantais sin. |
(31) |
Ba cheart go mbeadh caighdeáin íosta ann chun athbhreithniú a dhéanamh ar bhreithiúnas i gcásanna nach raibh an cosantóir in ann an t-éileamh a chonspóid. |
(32) |
Ag féachaint do chuspóirí na simplíochta agus na héifeachtúlachta costais, níor cheart go gceanglófaí ar an bpáirtí a bhfuil forghníomhú á lorg aige ionadaí údaraithe a bheith aige ná seoladh a bheith aige i mBallstát an fhorghníomhaithe, seachas trí bhíthin na ngníomhairí a bhfuil inniúlacht acu i leith an nós imeachta forghníomhaithe i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit sin. |
(33) |
Ba cheart go mbeadh feidhm freisin ag Caibidil III den Rialachán seo maidir le cinneadh na gcostas agus an chaiteachais a rinne oifigigh na cúirte nó oifigigh an bhinse de bharr breithiúnais a thabharfar de bhun an nós imeachta a shonraítear sa Rialachán seo. |
(34) |
Ba chóir na bearta is gá do chur chun feidhme an Rialacháin seo a ghlacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 ag leagan síos na rialacha mionsonraithe maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (11). |
(35) |
Ba cheart, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún bearta a ghlacadh is gá chun na foirmeacha a leagtar amach sna hIarscríbhinní a thabhairt cothrom le dáta nó chun leasuithe teicniúla a dhéanamh orthu. Ó tharla go mbaineann raon feidhme ginearálta leis na bearta sin agus gur ceapadh iad chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú agus/nó chun é a fhorlíonadh trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur leis, ba chóir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE. |
(36) |
Ó tharla nach féidir cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon, nós imeachta a bhunú chun an dlíthíocht a bhaineann le héilimh bheaga i gcásanna trasteorann a shimpliú agus a bhrostú, agus chun costais a laghdú, a bhaint amach go leordhóthanach ar leibhéal na mBallstát agus gur fearr, dá bhrí sin, de bharr fhairsinge agus iarmhairtí an Rialacháin seo, is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú. |
(37) |
I gcomhréir le hAirteagal 3 den Phrótacal maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, tá sé curtha in iúl ag an Ríocht Aontaithe agus ag Éirinn go bhfuil rún acu a bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo. |
(38) |
I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le Airteagal 2 den Phrótacal maidir le seasamh na Danmhairge, a ghabhann leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus ní bheidh sé ina cheangal ar an Danmhairg ná ní bheidh an Danmhairg faoi réir a chur i bhfeidhm, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL I
ÁBHAR AGUS RAON FEIDHME
Airteagal 1
Ábhar
Bunaítear leis an Rialachán seo nós imeachta Eorpach d'éilimh bheaga (dá ngairfear ‘an Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga’ anseo feasta), a ceapadh chun an dlíthíocht a bhaineann le héilimh bheaga i gcásanna trasteorann a shimpliú agus a bhrostú, agus chun costais a laghdú. Beidh teacht ag dlíthithe ar an Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga mar mhalairt ar na nósanna imeachta atá ann faoi dhlíthe na mBallstát.
Cuireann an Rialachán seo deireadh freisin leis na hidirimeachtaí a theastaíonn chun aitheantas a fháil i mBallstáit eile do bhreithiúnais a thabharfar i mBallstát amháin sa Nós Imeachta um Éilimh Bheaga agus chun na breithiúnais sin a chur á bhforghníomhú.
Airteagal 2
Raon feidhme
1. Beidh feidhm ag an Rialachán seo, i gcásanna trasteorann, maidir le hábhair shibhialta agus tráchtála, beag beann ar chineál na cúirte nó an bhinse, i gcás nach rachaidh luach an éilimh thar EUR 2 000 tráth a bhfaighidh an chúirt a bhfuil dlínse aici nó an binse a bhfuil dlínse aige an fhoirm éilimh, gan aon ús, aon chaiteachais ná aon eisíocaíochtaí a áireamh. Ní bheidh feidhm aige, go háirithe, maidir le hábhair ioncaim, custaim ná riaracháin ná le dliteanas an Stáit i leith gníomhartha ná neamhghníomhartha i bhfeidhmiú údarás an Stáit (‘acta jure imperii’).
2. Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le hábhair a bhaineann leis na nithe seo a leanas:
(a) |
stádas nó inniúlacht dhlíthiúil daoine nádúrtha; |
(b) |
maoin-chearta de bhua cóngais phósta, oibleagáidí cothabhála, uachtanna agus comharbais; |
(c) |
féimheacht, imeachtaí a bhaineann le foirceannadh cuideachtaí dócmhainneacha ná daoine dlítheanacha eile atá dócmhainneach, le comhshocraíochtaí breithiúnacha, le imshocraíochtaí agus le himeachtaí cosúil leo; |
(d) |
slándáil shóisialta; |
(e) |
eadráin; |
(f) |
dlí na fostaíochta; |
(g) |
tionóntachtaí maoine dochorraithe, seachas caingne maidir le héilimh ar airgead; |
(h) |
sáruithe príobháideachta agus sáruithe ceart a bhaineann le pearsantacht, lena n-áirítear clúmhilleadh. |
3. Sa Rialachán seo, ciallóidh an téarma ‘Ballstát’ na Ballstáit seachas an Danmhairg.
Airteagal 3
Cásanna trasteorann
1. Chun críocha an Rialacháin seo, is cás trasteorann é cás ina bhfuil sainchónaí nó gnáthchónaí ar pháirtí amháin ar a laghad de na páirtithe i mBallstát seachas Ballstát na cúirte a dtugtar an cás os a comhair nó Ballstát an bhinse a dtugtar an cás os a chomhair.
2. Is i gcomhréir le hAirteagal 59 agus le hAirteagal 60 de Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 a chinnfear sainchónaí.
3. Is é an dáta a bhfaighidh an chúirt a bhfuil dlínse aici nó an binse a bhfuil dlínse aige an fhoirm éilimh an tráth ábhartha chun a chinneadh an cás trasteorann atá i gceist.
CAIBIDIL II
AN NÓS IMEACHTA EORPACH UM ÉILIMH BHEAGA
Airteagal 4
Tosú an Nós Imeachta
1. Tosóidh an t-éilitheoir an Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga trí Fhoirm chaighdeánach éilimh A, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I í, a líonadh agus trína taisceadh leis an gcúirt a bhfuil dlínse aici nó leis an mbinse a bhfuil dlínse aige, go díreach, nó sa phost, nó trí aon mhodh cumarsáide eile, ar nós facs nó ar nós an r-phoist, is inghlactha ag an mBallstát ina dtosaítear an nós imeachta. Beidh cur síos ar an bhfoirm éilimh ar an bhfianaise atá ann chun treisiú leis an éileamh agus beidh doiciméid tacaíochta ábhartha ag gabháil leis an bhfoirm éilimh, i gcás inar iomchuí.
2. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir leis na modhanna cumarsáide is inghlactha acu. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar fáil go poiblí.
3. I gcás nach dtiocfaidh éileamh faoi raon feidhme an Rialacháin seo, cuirfidh an chúirt nó an binse an t-éilitheoir ar an eolas maidir leis sin. Mura dtarraingeoidh an t-éilitheoir siar an t-éileamh, rachaidh an chúirt nó an binse ar aghaidh leis i gcomhréir leis an dlí nós imeachta ábhartha is infheidhme sa Bhallstát ina bhfuil an nós imeachta á sheoladh.
4. I gcás ina measfaidh an chúirt nó an binse nach bhfuil an fhaisnéis a chuir an t-éilitheoir ar fáil leordhóthanach nó sách soiléir, nó mura mbeidh an fhoirm éilimh líonta go cuí, agus mura cosúil gur léir go bhfuil an t-éileamh gan bhunús nó mura cosúil go bhfuil an t-iarratas inghlactha, tabharfaidh an chúirt nó an binse deis don éilitheoir an fhoirm éilimh a líonadh nó a cheartú nó faisnéis bhreise nó doiciméid bhreise a sholáthar nó an t-éileamh a tharraingt siar, laistigh de cibé tréimhse a shonróidh an chúirt nó an binse. Úsáidfidh an chúirt nó an binse Foirm chaighdeánach B, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II í, chun na críche sin.
I gcás inar cosúil gur léir go bhfuil an t-éileamh gan bhunús nó i gcás inar cosúil nach bhfuil an t-iarratas inghlactha, nó i gcás ina mainneoidh an t-éilitheoir an fhoirm éilimh a líonadh nó a cheartú laistigh den tréimhse a sonraíodh, déanfar an t-iarratas a dhíbhe.
5. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an fhoirm éilimh ar fáil sna cúirteanna uile agus sna binsí uile inar féidir tús a chur leis an Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga.
Airteagal 5
Seoladh an Nós Imeachta
1. Nós imeachta i scríbhinn a bheidh sa Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga. Déanfaidh an chúirt nó an binse éisteacht ó bhéal a thionól má mheasann sí nó sé gur gá nó má iarrann páirtí é. Féadfaidh an chúirt nó an binse an iarraidh sin a dhiúltú má mheasann sí nó sé, ag féachaint d'imthosca an cháis, gur léir nach gá éisteacht ó bhéal d'fhonn na himeachtaí a sheoladh go cóir. Tabharfar i scríbhinn na cúiseanna a bhí leis an diúltú. Ní fhéadfar an diúltú a chonspóid go leithleach.
2. Tar éis don chúirt nó don bhinse an fhoirm éilimh arna líonadh go cuí a fháil, líonfaidh sí nó sé Cuid I d'Fhoirm chaighdeánach freagartha C, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn III í.
Déanfar cóip den fhoirm éilimh agus, más infheidhme, de na doiciméid tacaíochta, i dteannta na foirme freagartha arna líonadh amhlaidh, a sheirbheáil ar an gcosantóir i gcomhréir le hAirteagal 13. Seolfar na doiciméid sin laistigh de 14 lá ón bhfoirm éilimh arna líonadh go cuí a fháil.
3. Laistigh de 30 lá ó sheirbheáil na foirme éilimh agus na foirme freagartha, tíolacfaidh an cosantóir a fhreagairt trí Chuid II d'Fhoirm chaighdeánach freagartha C a líonadh agus í a chur ar ais chuig an gcúirt nó chuig an mbinse, agus aon doiciméid tacaíochta ábhartha ag gabháil léi, i gcás inar iomchuí, nó ar dhóigh iomchuí ar bith eile gan an fhoirm freagartha a úsáid.
4. Laistigh de 14 lá ón bhfreagairt a fháil ón gcosantóir, cuirfidh an chúirt nó an binse cóip di, agus aon doiciméid tacaíochta ábhartha ag gabháil léi, chuig an éilitheoir.
5. Má mhaíonn an cosantóir ina fhreagairt gur mó luach éilimh nach éileamh airgid é ná an teorainn a leagtar amach in Airteagal 2(1), cinnfidh an chúirt nó an binse, laistigh de 30 lá ón bhfreagairt a sheoladh chuig an éilitheoir, an bhfuil an t-éileamh laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo. Ní fhéadfar cinneadh den sórt sin a chonspóid go leithleach.
6. Déanfar aon fhrithéileamh, a bheidh le tíolacadh ar Fhoirm chaighdeánach A, agus aon doiciméid tacaíochta ábhartha a sheirbheáil ar an éilitheoir i gcomhréir le hAirteagal 13. Seolfar na doiciméid sin laistigh de 14 lá ón lá a bhfaightear iad.
Beidh 30 lá ag an éilitheoir ó thráth na seirbheála chun aon fhrithéileamh a fhreagairt.
7. Más mó an frithéileamh ná an teorainn a leagtar amach in Airteagal 2(1), ní leanfar leis an éileamh ná leis an bhfrithéileamh sa Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga ach déileálfar leis i gcomhréir leis an dlí nós imeachta ábhartha is infheidhme sa Bhallstát ina seoltar an nós imeachta.
Beidh feidhm ag Airteagal 2 agus Airteagal 4 agus ag míreanna 3, 4 agus 5 den Airteagal seo, mutatis mutandis, maidir le frithéilimh.
Airteagal 6
Teangacha
1. Déanfar an fhoirm éilimh, an fhreagairt, aon fhrithéileamh, aon fhreagairt ar fhrithéileamh agus aon chur síos ar dhoiciméid tacaíochta ábhartha a thíolacadh i dteanga nó i gceann de theangacha na cúirte nó an bhinse.
2. Má bhíonn aon doiciméad eile a fhaigheann an chúirt nó an binse i dteanga seachas an teanga ina seoltar na himeachtaí, ní fhéadfaidh an chúirt ná an binse aistriúchán ar an doiciméad sin a éileamh ach amháin má fheictear gur gá an t-aistriúchán sin chun breithiúnas a thabhairt.
3. I gcás ina ndiúltóidh páirtí glacadh le doiciméad toisc nach bhfuil sé i gceann de na teangacha seo a leanas:
(a) |
i dteanga oifigiúil an Bhallstáit a ndírítear air nó, má tá líon teangacha oifigiúla sa Bhallstát sin, i dteanga nó i gceann de theangacha oifigiúla na háite a bhfuil an tseirbheáil le déanamh nó a bhfuil an doiciméad le seoladh ann; nó |
(b) |
i dteanga a thuigeann an seolaí, |
cuirfidh an chúirt nó an binse an páirtí eile ar an eolas faoi sin chun go soláthróidh sé aistriúchán ar an doiciméad.
Airteagal 7
Críochnú an Nós Imeachta
1. Laistigh de 30 lá ón bhfreagairt a fháil ón gcosantóir nó ón éilitheoir laistigh de na tréimhsí a leagtar síos in Airteagal 5(3) nó (6), tabharfaidh an chúirt nó an binse breithiúnas, nó:
(a) |
éileoidh sí nó sé ar na páirtithe mionsonraí breise maidir leis an éileamh a chur ar fáil laistigh de thréimhse nach faide ná 30 lá; |
(b) |
glacfaidh sé nó sí fianaise i gcomhréir le hAirteagal 9; nó |
(c) |
déanfaidh sí nó sé na páirtithe a thoghairm chuig éisteacht ó bhéal a chomórfar laistigh de 30 lá ón toghairm. |
2. Tabharfaidh an chúirt nó an binse an breithiúnas laistigh de 30 lá ó aon éisteacht ó bhéal nó tar éis di nó dó gach faisnéis a fháil is gá chun an breithiúnas a thabhairt. Déanfar an breithiúnas a sheirbheáil ar na páirtithe i gcomhréir le hAirteagal 13.
3. Mura mbeidh freagra faighte ag an gcúirt nó ag an mbinse ón bpáirtí ábhartha laistigh de na tréimhsí a leagtar síos in Airteagal 5(3) nó (6), tabharfaidh an chúirt nó an binse breithiúnas maidir leis an éileamh nó leis an bhfrithéileamh.
Airteagal 8
Éisteacht ó bhéal
Féadfaidh an chúirt nó an binse éisteacht ó bhéal a thionól trí bhíthin físchomhdhála nó teicneolaíochta cumarsáide eile má tá na modhanna teicniúla ar fáil.
Airteagal 9
Fianaise a ghlacadh
1. Cinnfidh an chúirt nó an binse na modhanna a úsáidfear chun fianaise a ghlacadh agus raon na fianaise is gá dá breithiúnas nó dá bhreithiúnas faoi na rialacha is infheidhme maidir le hinghlacthacht fianaise. Féadfaidh an chúirt nó an binse a cheadú go nglacfar fianaise trí bhíthin ráiteas i scríbhinn ó fhinnéithe, ó shaineolaithe nó ó pháirtithe. Féadfaidh an chúirt nó an binse a cheadú freisin go nglacfar fianaise trí bhíthin físchomhdhála nó teicneolaíochta cumarsáide eile má tá na modhanna teicniúla ar fáil.
2. Ní fhéadfaidh an chúirt ná an binse fianaise ó shaineolaí ná fianaise ó bhéal a ghlacadh mura mbeidh sí riachtanach chun an breithiúnas a thabhairt. Agus cinneadh á dhéanamh aici nó aige, tabharfaidh an chúirt nó an binse aird ar chostais.
3. Úsáidfidh an chúirt nó an binse an modh is simplí agus is lú a bhfuil anró ag baint leis chun fianaise a ghlacadh.
Airteagal 10
Ionadaíocht na bpáirtithe
Ní bheidh ionadaíocht ag dlíodóir ná ag gairmí dlí eile sainordaitheach.
Airteagal 11
Cúnamh do na páirtithe
Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh na páirtithe cúnamh praiticiúil a fháil agus na foirmeacha á líonadh acu.
Airteagal 12
Sainchúram na cúirte nó an bhinse
1. Ní chuirfidh an chúirt ná an binse de cheangal ar na páirtithe aon mheasúnú dlíthiúil a dhéanamh ar an éileamh.
2. Más gá sin, cuirfidh an chúirt nó an binse na páirtithe ar an eolas maidir le ceisteanna nós imeachta.
3. Aon uair is iomchuí, féachfaidh an chúirt nó an binse le teacht ar réiteach idir na páirtithe.
Airteagal 13
Doiciméid a sheirbheáil
1. Déanfar doiciméid a sheirbheáil trí sheirbhís phoist agus dearbhófar sin le hadmháil go bhfuarthas an doiciméad lena n-áirítear an dáta a bhfuarthas an doiciméad.
2. Mura féidir seirbheáil a dhéanamh i gcomhréir le mír 1, féadfar seirbheáil a dhéanamh ar aon cheann de na modhanna dá bhforáiltear in Airteagal 13 nó in Airteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 805/2004.
Airteagal 14
Teorainneacha ama
1. I gcás ina socróidh an chúirt nó an binse teorainn ama, cuirfear an páirtí lena mbaineann ar an eolas maidir leis na hiarmhairtí a bheidh ann mura gcloífidh sé leis an teorainn ama sin.
2. In imthosca eisceachtúla, féadfaidh an chúirt nó an binse síneadh ama a chur leis na teorainneacha ama dá bhforáiltear in Airteagal 4(4), Airteagal 5(3) agus (6) agus Airteagal 7(1), más gá sin chun cearta na bpáirtithe a chaomhnú.
3. Mura bhféadfaidh an chúirt ná an binse, in imthosca eisceachtúla, na teorainneacha ama dá bhforáiltear in Airteagal 5(2) go (6) agus in Airteagal 7 a urramú, déanfaidh sí nó sé a luaithe is féidir, na bearta a cheanglaítear leis na forálacha sin.
Airteagal 15
Infhorghníomhaitheacht an bhreithiúnais
1. Beidh an breithiúnas infhorghníomhaithe d'ainneoin aon achomhairc a d'fhéadfaí a dhéanamh. Ní bheidh gá urrús a sholáthar.
2. Beidh feidhm ag Airteagal 23 freisin i gcás ina mbeidh an breithiúnas le forghníomhú sa Bhallstát inar tugadh é.
Airteagal 16
Costais
Iompróidh an páirtí nár éirigh leis costais na n-imeachtaí. Ar a shon sin, ní dhéanfaidh an chúirt nó an binse costais a dhámhachtain don pháirtí ar éirigh leis sa mhéid go ndearnadh iad a thabhú go neamhriachtanach nó go bhfuil siad díréireach leis an éileamh.
Airteagal 17
Achomharc
1. Cuirfidh na Ballstáit i bhfios don Choimisiún an bhfuil achomharc ar fáil faoina ndlí nós imeachta i gcoinne breithiúnais a thabharfar sa Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga agus cad í an teorainn ama ar laistigh di a dhéanfar an t-achomharc sin a thaisceadh. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar fáil go poiblí.
2. Beidh feidhm ag Airteagal 16 maidir le haon achomharc.
Airteagal 18
Caighdeáin íosta maidir leis an mbreithiúnas a athbhreithniú
1. Beidh an cosantóir i dteideal athbhreithniú ar bhreithiúnas a thabharfar sa Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga a iarraidh os comhair na cúirte a bhfuil dlínse aici nó os comhair an bhinse a bhfuil dlínse aige de chuid an Bhallstáit inar tugadh an breithiúnas sna cásanna seo a leanas:
(a) |
nó |
(b) |
gur coisceadh an cosantóir ar agóid a dhéanamh i gcoinne an éilimh ar chúis force majeure nó de bharr imthosca urghnácha, gan aon locht a bheith air féin, |
ar choinníoll go ngníomhóidh sé go pras i gceachtar den dá chás.
2. Má dhiúltaíonn an chúirt nó an binse an t-athbhreithniú a dhéanamh toisc nach bhfuil feidhm ag aon cheann de na forais dá dtagraítear i mír 1, leanfaidh an breithiúnas de bheith i bhfeidhm.
Má chinneann an chúirt nó an binse go ndlitear athbhreithniú de bharr ceann de na forais a leagtar síos i mír 1, beidh an breithiúnas a tugadh sa Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga ar neamhní.
Airteagal 19
An dlí nós imeachta is infheidhme
Faoi réir fhorálacha an Rialacháin seo, beidh an Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga faoi rialú ag dlí nós imeachta an Bhallstáit ina seoltar an nós imeachta.
CAIBIDIL III
AITHINT AGUS FORGHNÍOMHÚ I mBALLSTÁT EILE
Airteagal 20
Aithint agus forghníomhú
1. Déanfar breithiúnas a thabharfar i mBallstát sa Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga a aithint agus a fhorghníomhú i mBallstát eile gan aon ghá a bheith ann le dearbhú um infhorghníomhaitheacht agus gan aon chaoi a bheith ann chun cur i gcoinne an aitheantais.
2. Arna iarraidh sin ag duine de na páirtithe, eiseoidh an chúirt nó an binse deimhniú maidir le breithiúnas sa Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga ar Fhoirm chaighdeánach D, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn IV í, gan aon chostas breise a bheith i gceist.
Airteagal 21
Nós imeachta um fhorghníomhú
1. Gan dochar d'fhorálacha na Caibidle seo, beidh na nósanna imeachta um fhorghníomhú faoi rialú ag dlí Bhallstát an fhorghníomhaithe.
Déanfar aon bhreithiúnas a thabharfar sa Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga a fhorghníomhú faoi na coinníollacha céanna le breithiúnas a tugadh i mBallstát an fhorghníomhaithe.
2. Tabharfaidh an páirtí a bhfuil forghníomhú á lorg aige na nithe seo a leanas ar aird:
(a) |
cóip den bhreithiúnas a chomhallann na coinníollacha is gá chun a bharántúlacht a shuíomh; agus |
(b) |
cóip den deimhniú dá dtagraítear in Airteagal 20(2) agus, i gcás inar gá, aistriúchán air go dtí teanga oifigiúil Bhallstát an fhorghníomhaithe, nó, má tá líon teangacha oifigiúla sa Bhallstát sin, go dtí teanga oifigiúil nó ceann de theangacha oifigiúla imeachtaí cúirte nó binse na háite ina n-iarrtar an forghníomhú i gcomhréir le dlí an Bhallstáit sin, nó go dtí teanga eile ar chuir Ballstát an fhorghníomhaithe in iúl go bhféadfadh sé glacadh léi. Féadfaidh gach Ballstát an teanga oifigiúil nó na teangacha oifigiúla de chuid institiúidí an Aontais Eorpaigh a chur in iúl, seachas a theanga nó a theangacha féin, atá inghlactha leis le haghaidh an Nós Imeachta Eorpaigh um Éilimh Bheaga. Duine a bheidh cáilithe chun aistriúcháin a dhéanamh i gceann de na Ballstáit a aistreoidh inneachar Fhoirm D. |
3. An páirtí a mbeidh forghníomhú breithiúnais á lorg aige a tugadh sa Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga i mBallstát eile, ní bheidh de cheangal air:
(a) |
ionadaí údaraithe a bheith aige; ná |
(b) |
seoladh poist a bheith aige |
i mBallstát an fhorghníomhaithe, seachas trí bhíthin gníomhairí a bhfuil inniúlacht acu i leith an nós imeachta forghníomhaithe.
4. Ní dhéanfar urrús, banna ná taisce, cibé tuairisc a dhéanfar orthu, a éileamh ar pháirtí a iarrann forghníomhú i mBallstát amháin ar bhreithiúnas arna thabhairt i mBallstát eile sa Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga ar an bhforas gur náisiúnach eachtrach é ná ar an bhforas nach bhfuil sainchónaí ná cónaí air i mBallstát an fhorghníomhaithe.
Airteagal 22
Forghníomhú a dhiúltú
1. Ar iarratas ón duine a n-iarrtar an forghníomhú ina choinne, déanfaidh an chúirt a bhfuil dlínse aici nó an binse a bhfuil dlínse aige i mBallstát an fhorghníomhaithe forghníomhú a dhiúltú má tá an breithiúnas a tugadh sa Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga doréitithe le breithiúnas a tugadh roimhe sin i mBallstát ar bith nó i dtríú tír, ar choinníoll:
(a) |
gurbh é an chúis chaingne chéanna idir na páirtithe céanna a bhí i dtrácht leis an mbreithiúnas ba luaithe; |
(b) |
gur tugadh an breithiúnas ba luaithe i mBallstát an fhorghníomhaithe nó go gcomhallann sé na coinníollacha is gá chun é a aithint i mBallstát an fhorghníomhaithe; agus |
(c) |
nár tugadh an doréititheacht ar aird mar agóid in imeachtaí na cúirte nó in imeachtaí an bhinse sa Bhallstát inar tugadh an breithiúnas sa Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga agus nárbh fhéidir í a thabhairt ar aird. |
2. Ní fhéadfar ar aon chúinse athbhreithniú a dhéanamh i mBallstát an fhorghníomhaithe ar shubstaint bhreithiúnais a thabharfar sa Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga.
Airteagal 23
Forghníomhú a bhac nó a theorannú
I gcás ina ndearna páirtí agóid i gcoinne breithiúnais a tugadh sa Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga nó ina bhfuil dúshlán den sórt sin fós indéanta nó ina ndearna páirtí iarratas ar athbhreithniú de réir bhrí Airteagal 18, féadfaidh an chúirt a bhfuil dlínse aici nó an binse a bhfuil dlínse aige nó an t-údarás inniúil i mBallstát an fhorghníomhaithe, ar iarratas ón bpáirtí a n-iarrtar an forghníomhú ina choinne:
(a) |
na himeachtaí forghníomhaithe a theorannú chuig bearta cosanta; |
(b) |
a chur de choinníoll ar an bhforghníomhú go dtabharfar cibé urrús a chinnfidh sé; nó |
(c) |
in imthosca eisceachtúla, bac a chur ar na himeachtaí um fhorghníomhú. |
CAIBIDIL IV
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 24
Faisnéis
Comhoibreoidh na Ballstáit chun faisnéis a chur ar fáil don phobal i gcoitinne agus do dhreamanna gairmiúla maidir leis an Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga, lena n-áirítear costais, go háirithe tríd an nGréasán Breithiúnach Eorpach in Ábhair Shibhialta agus Tráchtála a bunaíodh i gcomhréir le Cinneadh 2001/470/CE.
Airteagal 25
Faisnéis a bhaineann le dlínse, le modhanna cumarsáide agus le hachomhairc
1. Faoin 1 Eanáir 2008, cuirfidh na Ballstáit na nithe seo a leanas i bhfios don Choimisiún:
(a) |
na cúirteanna nó na binsí a mbeidh dlínse acu chun breithiúnas a thabhairt sa Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga; |
(b) |
na modhanna cumarsáide a ghlacfar chun críocha an Nós Imeachta Eorpaigh um Éilimh Bheaga agus a bheidh ar fáil do na cúirteanna nó do na binsí i gcomhréir le hAirteagal 4(1); |
(c) |
an bhfuil achomharc ar fáil faoina ndlí nós imeachta i gcomhréir le hAirteagal 17 agus cad é an chúirt nó an binse lenar féidir achomharc a thaisceadh; |
(d) |
na teangacha a ghlacfar de bhun Airteagal 21(2)(b); agus |
(e) |
na húdaráis atá inniúil chun críocha forghníomhaithe agus na húdaráis atá inniúil chun críocha Airteagal 23 a chur i bhfeidhm. |
Cuirfidh na Ballstáit aon athruithe a dhéanfar ina dhiaidh sin ar an bhfaisnéis sin i bhfios don Choimisiún.
2. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis a chuirfear i bhfios dó i gcomhréir le mír 1 ar fáil go poiblí trína foilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus trí aon mhodh iomchuí eile.
Airteagal 26
Bearta cur chun feidhme
Na bearta atá ceaptha le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, lena n-áirítear trína fhorlíonadh, agus a bhaineann leis na foirmeacha atá sna hIarscríbhinní a thabhairt cothrom le dáta nó le leasuithe teicniúla a dhéanamh orthu, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 27(2).
Airteagal 27
An Coiste
1. Tabharfaidh Coiste cúnamh don Choimisiún.
2. Nuair a thagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.
Airteagal 28
Athbhreithniú
Faoin 1 Eanáir 2014, tíolacfaidh an Coimisiún le Parlaimint na hEorpa, leis an gComhairle agus le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa tuarascáil mhionsonraithe lena n-athbhreithneofar feidhmiú an Nós Imeachta Eorpaigh um Éilimh Bheaga, lena n-áirítear an teorainn ar luach an éilimh dá dtagraítear in Airteagal 2(1). Beidh sa tuarascáil sin measúnú ar an nós imeachta mar a d'oibrigh sé agus measúnú breisithe tionchair do gach Ballstát.
Chun na críche sin agus chun a áirithiú go ndéanfar dea-chleachtas san Aontas Eorpach a chur san áireamh go cuí agus go léireoidh sé prionsabail na reachtaíochta feabhsaithe, cuirfidh na Ballstáit faisnéis ar fáil don Choimisiún maidir le feidhmiú trasteorann an Nós Imeachta Eorpaigh um Éilimh Bheaga. Folóidh an fhaisnéis sin táillí cúirte, luas an nós imeachta, éifeachtacht, áisiúlacht don úsáideoir agus nósanna imeachta inmheánacha na mBallstát um éilimh bheaga.
Beidh tograí maidir le hoiriúnú in éineacht leis an tuarascáil ón gCoimisiún, i gcás inar iomchuí.
Airteagal 29
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2009, cé is moite d'Airteagal 25 a mbeidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2008.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit, i gcomhréir leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 11 Iúil 2007.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
H.-G. PÖTTERING
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. LOBO ANTUNES
(1) IO C 88, 11.4.2006, lch. 61.
(2) Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Nollaig 2006 (gan foilsiú fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh … ón gComhairle an 13 Meitheamh 2007.
(3) IO L 160, 30.6.2000, lch. 37.
(4) IO L 12, 16.1.2001, lch. 1. Rialachán arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 1791/2006 (IO L 363, 20.12.2006, lch. 1).
(5) IO L 174, 27.6.2001, lch. 25.
(6) IO L 143, 30.4.2004, lch. 15. Rialachán arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 1869/2005 ón gCoimisiún (IO L 300, 17.11.2005, lch. 6).
(7) IO L 399, 30.12.2006, lch. 1.
(8) IO C 12, 15.1.2001, lch. 1.
(9) IO C 53, 3.3.2005, lch. 1.
(10) IO L 124, 8.6.1971, lch. 1.
(11) IO L 184, 17.7.1999, lch. 23. Cinneadh arna leasú le Cinneadh 2006/512/CE (IO L 200, 22.7.2006, lch. 11).
IARSCRÍBHINN I
IARSCRÍBHINN II
IARSCRÍBHINN III
IARSCRÍBHINN IV
31.7.2007 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L NaN/23 |
RIALACHÁN (CE) Uimh. 862/2007 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 11 Iúil 2007
maidir le staidreamh Comhphobail i ndáil le himirce agus le cosaint idirnáisiúnta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 311/76 ón gComhairle maidir le staidreamh i ndáil le hoibrithe ón gcoigríoch a thiomsú
(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 285(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (2),
De bharr an méid seo a leanas:
(1) |
Measadh i gconclúidí na Comhairle um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile an 28-29 Bealtaine 2001, a mhéid a bhaineann le hanailís chomhchoiteann a dhéanamh ar an staidreamh i ndáil le tearmann agus le himirce agus a mhéid a bhaineann le malartuithe feabhsaithe an staidrimh sin, gur gá creat cuimsitheach, uileghabhálach a bheith ann don ghníomhaíocht a dhéanfar amach anseo chun feabhas a chur ar an staidreamh. |
(2) |
I mí Aibreáin 2003, chuir an Coimisiún Cumarsáid chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa inar leagadh amach Plean Gníomhaíochta maidir le Staidreamh Comhphobail a bhailiú i réimse na himirce agus maidir le hanailís a dhéanamh air. Sa phlean sin bhí roinnt athruithe móra a ceapadh chun cur le hiomláine agus le comhchuibhiú an staidrimh sin. Bhí sé d'aidhm ag an gCoimisiún, faoin bPlean Gníomhaíochta, reachtaíocht a bheartú maidir le Staidreamh Comhphobail i ndáil le himirce agus le tearmann. |
(3) |
Ar cheann de chonclúidí na Comhairle Eorpaí in Thessaloniki an 19 agus an 20 Meitheamh 2003, dúradh gur ghá meicníochtaí níos éifeachtaí chun faisnéis a bhailiú maidir le himirce agus le tearmann san Aontas Eorpach agus chun anailís a dhéanamh ar an bhfaisnéis sin. |
(4) |
Dúirt Parlaimint na hEorpa sa rún a rith sí an 6 Samhain 2003 (3) maidir leis an gCumarsáid thuasluaite ón gCoimisiún go raibh gá le reachtaíocht chun a áirithiú go dtáirgfí an staidreamh cuimsitheach ba ghá chun beartais Chomhphobail maidir leis an imirce a fhorbairt a bheadh cóir, éifeachtúil. Tacaíonn an rún sin leis na pleananna atá ag an gCoimisiún reachtaíocht a bheartú maidir le staidreamh i ndáil le himirce agus le tearmann. |
(5) |
De bharr an mhéadaithe ar an Aontas Eorpach, tá gné bhreise gheografach agus pholaitiúil i gceist anois le scála an fheiniméin a luaitear leis an imirce. Chomh maith leis sin, ghéaraigh sé an gá atá le faisnéis staidrimh a bheadh cruinn, tráthúil agus comhchuibhithe. Tá gá méadaitheach freisin ann le faisnéis staidrimh i ndáil leis na gairmeacha atá ag imircigh, leis an oideachas a bhíonn orthu, leis na cáilíochtaí a bhíonn acu agus leis an gcineál gníomhaíochta a dhéanann siad. |
(6) |
Caithfidh staidreamh Comhphobail comhchuibhithe, inchomparáide a bheith ann i ndáil le hinimirce agus le tearmann má táthar chun forbairt agus monatóireacht a dhéanamh ar reachtaíocht agus ar bheartais an Comhphobail a bhaineann le himirce agus le tearmann, agus le saorghluaiseacht daoine. |
(7) |
Is gá tacú le malartú faisnéise staidrimh i ndáil le tearmann agus le hinimirce agus cur le cáilíocht bhailiúcháin agus aschur staidrimh an Chomhphobail, a rinneadh go dtí seo bunaithe ar shraith de chomhaontuithe neamhfhoirmeálta. |
(8) |
Tá sé riachtanach go mbeadh faisnéis ar fáil, fud fad an Aontais Eorpaigh, ionas go mbeifear in ann monatóireacht a dhéanamh ar fhorbairt agus ar chur i bhfeidhm reachtaíocht agus bheartas an Chomhphobail. Is minice ná a mhalairt nach n-áirithíonn an cleachtas reatha mar ba chóir soláthar agus scaipeadh comhionann sonraí comhchuibhithe ar bhealach rialta, tráthúil agus tapa. |
(9) |
Ní fholaíonn an Rialachán seo meastacháin ar líon na ndaoine a bhfuil cónaí orthu go neamhdhlíthiúil sna Ballstáit. Níor cheart do na Ballstáit meastacháin ná sonraí den sórt sin a sholáthar don Choimisiún (Eurostat), maidir leis na daoine sin, cé go bhféadfar iad a áireamh ar na stoic daonra a leagtar amach de bhun suirbhéanna. |
(10) |
I gcás inar féidir ar chor ar bith é, ba cheart na sainmhínithe a úsáidtear chun críche an Rialacháin seo a bhaint as Moltaí na Náisiún Aontaithe maidir le Staidreamh i ndáil leis an Imirce Idirnáisiúnta, as Moltaí na Náisiún Aontaithe do Dhaonáirimh agus d'Áirimh Tithíochta i Réigiún an CEE nó i reachtaíocht an CE, agus ba cheart iad a thabhairt cothrom le dáta ag leanúint na nósanna imeachta ábhartha. |
(11) |
Le riachtanais nua an Chomhphobail maidir le staidreamh i ndáil le himirce agus tearmann tá forálacha Rialachán (CEE) Uimh. 311/76 ón gComhairle an 9 Feabhra 1976 maidir le staidreamh a thiomsú i ndáil le hoibrithe ón gcoigríoch (4) imithe i léig. |
(12) |
Ba cheart dá bhrí sin Rialachán (CEE) Uimh. 311/76 a aisghairm. |
(13) |
Ó tharla nach féidir cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon rialacha comhchoiteanna a bhunú do bhailiú agus do thiomsú staidrimh Chomhphobail i ndáil le himirce agus le cosaint idirnáisiúnta, a ghnóthú go sásúil ar leibhéal na mBallstát agus gur fearr, de bharr fhairsinge na gníomhaíochta, is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach. |
(14) |
Is é Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle an 17 Feabhra 1997 maidir le Staidreamh Comhphobail (5) an creat tagartha atá ann d'fhorálacha an Rialacháin seo. Go háirithe, éilíonn an Rialachán sin go gcloífí le caighdeáin neamhchlaontachta, iontaofachta, oibiachtúlachta, neamhspleáchais eolaíoch, costéifeachtúlachta agus rúndachta staidrimh. |
(15) |
Ba chóir na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 ag leagan síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (6). |
(16) |
Ba cheart, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na sainmhínithe a thabhairt cothrom le dáta, cinneadh a dhéanamh maidir le cnuasach na sonraí agus díchomhiomlánuithe breise agus na rialacha maidir le caighdeáin chruinnis agus cháilíochta a leagan síos. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú agus chun é a fhorlíonadh trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur leis, ba chóir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus a leagtar síos in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE. |
(17) |
Chuathas i gcomhairle leis an gCoiste um an gClár Staidrimh, a bunaíodh le Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle an 19 Meitheamh 1989 lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach (7), i gcomhréir le hAirteagal 3 den Chinneadh sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ábhar
Bunaítear leis an Rialachán seo rialacha comhchoiteanna do bhailiú agus do thiomsú staidrimh Chomhphobail i ndáil leis na nithe seo a leanas:
(a) |
inimirce chuig críocha na mBallstát agus eisimirce ó chríocha na mBallstát, lena n-áirítear sreafaí ó chríoch Ballstáit amháin chuig críoch Ballstáit eile agus sreafaí idir Ballstát agus críoch tríú tír; |
(b) |
saoránacht daoine a bhfuil gnáthchónaí orthu ar chríoch na mBallstát agus an tír inar rugadh na daoine sin; |
(c) |
nósanna imeachta riaracháin agus breithiúnais agus próisis riaracháin sna Ballstáit a bhaineann le hinimirce, le deonú ceada cónaithe, le saoránacht, le tearmann agus le cineálacha eile cosanta idirnáisiúnta agus le cosc ar imirce neamhdhleathach. |
Airteagal 2
Sainmhínithe
1. Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a) |
ciallaíonn ‘gnáthchónaí’ an áit ina gcaitheann duine an tréimhse laethúil scíthe, gan féachaint d'asláithreachtaí sealadacha chun críocha áineasa nó saoire, chun cuairt a thabhairt ar chairde agus ar ghaolta, chun críocha gnó, chun dul faoi chóir leighis nó chun dul ar oilithreacht chreidimh; nó, dá cheal sin, an áit chónaithe dhlíthiúil nó an áit chónaithe chláraithe; |
(b) |
ciallaíonn ‘inimirce’ an gníomh lena dtéann duine chun gnáthchónaithe ar chríoch Ballstáit ar feadh tréimhse atá, nó a bhfuiltear ag súil a bheidh, dhá mhí dhéag ar a laghad ar fad, má bhí gnáthchónaí air nó uirthi roimhe sin i mBallstát eile nó i dtríú tír; |
(c) |
ciallaíonn ‘eisimirce’ an gníomh lena scoireann duine a raibh gnáthchónaí air nó uirthi roimhe sin ar chríoch Ballstát de ghnáthchónaí a bheith air nó uirthi sa Bhallstát sin ar feadh tréimhse atá, nó a bhfuiltear ag súil a bheidh, dhá mhí dhéag ar a laghad ar fad; |
(d) |
ciallaíonn ‘saoránacht’ an nasc dlí faoi leith a bhíonn ann idir duine agus a Stát a rinneadh de bharr gur ann a rugadh é nó í, nó a rinneadh de bharr eadóirseachta, cibé acu an eadóirseacht trí dhearbhú, de rogha nó trí phósadh a bhí ann nó eadóirseacht trí mheán ar bith eile de réir na reachtaíochta náisiúnta; |
(e) |
ciallaíonn ‘an tír inar rugadh é nó í’ an tír ina raibh cónaí ar an máthair tráth ar rugadh an duine (de réir na dteorainneacha atá inniu ann, más ann don fhaisnéis sin) nó, dá éagmais sin, an tír (de réir na dteorainneacha atá inniu ann, más ann don fhaisnéis sin) inar rugadh é nó í; |
(f) |
ciallaíonn ‘inimirceach’ duine atá ag teacht ar inimirce; |
(g) |
ciallaíonn ‘eisimirceach’ duine atá ag dul ar eisimirce; |
(h) |
ciallaíonn ‘cónaitheoir fadtéarma’ cónaitheoir fadtéarma mar a shainmhínítear in Airteagal 2(b) de Threoir 2003/109/CE ón gComhairle an 25 Samhain 2003 é maidir le stádas náisiúnach tríú tíortha ar cónaitheoirí fadtéarmacha iad (8); |
(i) |
ciallaíonn ‘náisiúnach tríú tír’ aon duine nach saoránach de chuid an Aontais é nó í, de réir bhrí Airteagal 17(1) den Chonradh, lena n-áirítear daoine gan stát; |
(j) |
ciallaíonn ‘iarratas ar chosaint idirnáisiúnta’ iarratas ar chosaint idirnáisiúnta mar a shainmhínítear in Airteagal 2(g) de Threoir 2004/83/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 é maidir le caighdeáin íosta do cháiliú agus do stádas náisiúnach tríú tíortha nó daoine gan stát mar dhídeanaithe nó mar dhaoine a mbeadh cosaint idirnáisiúnta ar dhóigh eile de dhíth orthu agus maidir le hinneachar na cosanta a thugtar (9); |
(k) |
ciallaíonn ‘stádas dídeanaithe’ stádas dídeanaithe mar a shainmhínítear in Airteagal 2(d) de Threoir 2004/83/CE é; |
(l) |
ciallaíonn ‘stádas cosanta coimhdí’ stádas cosanta coimhdí mar a shainmhínítear in Airteagal 2(f) de Threoir 2004/83/CE é; |
(m) |
ciallaíonn ‘baill teaghlaigh’ baill teaghlaigh mar a shainmhínítear iad in Airteagal 2(i) de Rialachán (CE) Uimh. 343/2003 ón gComhairle an 18 Feabhra 2003 lena mbunaítear na critéir agus na meicníochtaí leis an mBallstát atá freagrach as iarratas ar dhídean a scrúdú a thaisc náisiúnach tríú tír i gceann de na Ballstáit (10); |
(n) |
ciallaíonn ‘cosaint shealadach’ cosaint shealadach mar a shainmhínítear í in Airteagal 2(a) de Threoir 2001/55/CE ón gComhairle an 20 Iúil 2001 maidir le caighdeáin íosta le cosaint shealadach a thabhairt i gcás mórphlódú isteach de dhaoine asáitithe agus maidir le bearta lena gcuirtear cothromaíocht chun cinn idir iarrachtaí idir Bhallstáit i dtaca leis na daoine sin a ghlacadh agus le hiarmhairtí an ghlactha sin a iompar (11); |
(o) |
ciallaíonn ‘mionaoiseach neamhthionlactha’ mionaoiseach neamhthionlactha mar a shainmhínítear in Airteagal 2(i) de Threoir 2004/83/CE é; |
(p) |
ciallaíonn ‘teorainneacha seachtracha’ teorainneacha seachtracha mar a shainmhínítear iad in Airteagal 2(2) de Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (12); |
(q) |
ciallaíonn ‘náisiúnaigh tríú tíortha a ndiúltaítear cead isteach dóibh’ náisiúnaigh tríú tíortha a ndiúltaítear cead isteach dóibh ag an teorainn sheachtrach mar nach gcomhlíonann siad na coinníollacha iontrála uile a leagtar síos in Airteagal 5(1) de Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 ná nach mbaineann siad leis na catagóirí daoine dá dtagraítear in Airteagal 5(4) den Rialachán sin; |
(r) |
ciallaíonn ‘náisiúnaigh tríú tíortha a fuarthas i láthair go neamhdhlíthiúil’ náisiúnaigh tríú tíortha a chinntear go hoifigiúil a bheith ar chríoch Ballstáit agus nach gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann a thuilleadh na coinníollacha d'fhanacht ná do chónaí sa Bhallstát sin; |
(s) |
ciallaíonn ‘athlonnú’, náisiúnaigh tríú tíortha nó daoine gan stát a aistriú ar bhonn measúnaithe ar an ngá atá acu le cosaint idirnáisiúnta agus le buanréiteach, chuig Ballstát ina dtugtar cead cónaithe dóibh agus stádas slán dlíthiúil. |
2. Tabharfaidh na Ballstáit tuarascáil don Choimisiún (Eurostat) maidir le húsáid meastachán nó modhanna eile chun staidreamh a oiriúnú bunaithe ar shainmhínithe náisiúnta chun go mbeadh sé i gcomhréir leis na sainmhínithe comhchuibhithe a shonraítear i mír 1, agus maidir leis an éifeacht is dóigh a bheidh ag an úsáid sin.
3. Don bhliain tagartha 2008, féadfaidh an staidreamh a sholáthraítear don Choimisiún (Eurostat) faoin Rialachán seo a bheith bunaithe ar a mhalairt de shainmhínithe (náisiúnta). Sna cásanna sin, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún (Eurostat) maidir leis na sainmhínithe malartacha sin.
4. Mura mbeidh Ballstát faoi cheangal ag téacs amháin nó ag breis agus téacs amháin de na téacsanna dlíthiúla dá dtagraítear sna sainmhínithe atá i mír 1, ba chóir dó staidreamh a sholáthar atá inchomparáide leis an staidreamh a éilítear faoin Rialachán seo i gcás inar féidir é a sholáthar faoin reachtaíocht atá ann agus/nó faoi na nósanna imeachta riaracháin atá ann.
Airteagal 3
Staidreamh i ndáil le himirce idirnáisiúnta, leis an bpobal a bhfuil gnáthchónaí air i mBallstát agus le saoránacht a fháil
1. Soláthróidh na Ballstáit staidreamh don Choimisiún (Eurostat) maidir leis na nithe seo a leanas:
(a) |
líon na n-inimirceach a thagann chuig críoch an Bhallstáit, á ndíchomhiomlánú mar a leanas:
|
(b) |
líon na n-eisimirceach a imíonn ó chríoch an Bhallstáit, á ndíchomhiomlánú mar a leanas:
|
(c) |
líon na ndaoine a bhfuil gnáthchónaí orthu sa Bhallstát i ndeireadh na tréimhse tagartha, á ndíchomhiomlánú mar a leanas:
|
(d) |
líon na ndaoine a bhfuil gnáthchónaí orthu ar chríoch an Bhallstáit agus ar tugadh saoránacht an Bhallstáit dóibh le linn na bliana tagartha agus a raibh saoránacht Ballstáit eile acu roimhe sin nó saoránacht tríú tír nó a bhí gan stát roimhe sin, á ndíchomhiomlánú de réir aoise agus de réir inscne, agus de réir na saoránachta a bhí ag na daoine lena mbaineann roimhe sin agus de réir na ndaoine a bhí gan stát roimhe sin. |
2. Bainfidh an staidreamh dá dtagraítear i mír 1 le tréimhsí tagartha bliana féilire amháin agus soláthrófar don Choimisiún (Eurostat) é laistigh de dhá mhí dhéag ó dheireadh na bliana tagartha. Is é 2008 an chéad bhliain tagartha a bheidh i gceist.
Airteagal 4
Staidreamh i ndáil le cosaint idirnáisiúnta
1. Soláthróidh na Ballstáit don Choimisiún (Eurostat) staidreamh i ndáil leis na nithe seo a leanas:
(a) |
líon na ndaoine a chuir isteach iarratas ar chosaint idirnáisiúnta nó a áiríodh in iarratas den sórt sin mar bhall teaghlaigh i rith na tréimhse tagartha; |
(b) |
daoine a fholaítear le hiarratais ar chosaint idirnáisiúnta atá á measúnú ag an údarás náisiúnta atá freagrach, i ndeireadh na tréimhse tagartha; |
(c) |
iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a tarraingíodh siar i rith na tréimhse tagartha. |
Déanfar an staidreamh sin a dhíchomhiomlánú de réir aoise agus de réir inscne, agus de réir shaoránacht na ndaoine lena mbaineann. Bainfidh an staidreamh sin le tréimhsí tagartha míosa féilire amháin agus soláthrófar don Choimisiún (Eurostat) é laistigh de dhá mhí ó dheireadh na míosa tagartha. Eanáir 2008 an chéad mhí tagartha a bheidh i gceist.
2. Soláthróidh na Ballstáit staidreamh don Choimisiún (Eurostat) maidir leis na nithe seo a leanas:
(a) |
líon na ndaoine a fholaítear le cinntí céadchéime nó le breitheanna céadchéime lenar diúltaíodh iarratais ar chosaint idirnáisiúnta, amhail cinntí nó breitheanna inar measadh nach raibh na hiarratais inghlactha nó nach raibh bonn leo agus cinntí nó breitheanna, a rinne comhlachtaí riaracháin nó breithiúnais faoi nós imeachta tosaíochta nó faoi nós imeachta brostaithe i rith na tréimhse tagartha; |
(b) |
daoine a fholaítear le cinntí céadchéime nó le breitheanna céadchéime lenar deonaíodh stádas dídeanaithe nó lenar tarraingíodh siar an stádas sin, a rinne comhlachtaí riaracháin nó breithiúnais i rith na tréimhse tagartha; |
(c) |
daoine a fholaítear le cinntí céadchéime nó le breitheanna céadchéime lenar deonaíodh stádas cosanta coimhdí nó lenar tarraingíodh siar an stádas sin, a rinne comhlachtaí riaracháin nó breithiúnais i rith na tréimhse tagartha; |
(d) |
daoine a fholaítear le cinntí céadchéime nó le breitheanna céadchéime lenar deonaíodh cosaint shealadach nó lenar tarraingíodh siar an chosaint sin, a rinne comhlachtaí riaracháin nó breithiúnais i rith na tréimhse tagartha; |
(e) |
daoine a fholaítear le cinntí céadchéime eile nó le breitheanna céadchéime eile lenar deonaíodh údarú chun fanacht ar chúiseanna daonnachtúla faoin dlí náisiúnta a bhaineann le cosaint idirnáisiúnta nó lenar tarraingíodh siar an t-údarú sin, a rinne comhlachtaí riaracháin nó breithiúnais i rith na tréimhse tagartha. |
Déanfar an staidreamh sin a dhíchomhiomlánú de réir aoise agus de réir inscne agus de réir shaoránacht na ndaoine lena mbaineann. Bainfidh an staidreamh sin le tréimhsí tagartha trí mhí féilire agus soláthrófar don Choimisiún (Eurostat) é laistigh de dhá mhí ó dheireadh na tréimhse tagartha. Eanáir go Márta 2008 an chéad tréimhse tagartha a bheidh i gceist.
3. Soláthróidh na Ballstáit staidreamh don Choimisiún (Eurostat) maidir leis na nithe seo a leanas:
(a) |
líon na n-iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta a measann an t-údarás náisiúnta atá freagrach a bheith ina mionaoisigh neamhthionlactha i rith na tréimhse tagartha; |
(b) |
líon na ndaoine a fholaítear le cinntí críochnaitheacha nó le breitheanna críochnaitheacha lena ndiúltaítear iarratais ar chosaint idirnáisiúnta, amhail cinntí nó breitheanna inar measadh nach raibh na hiarratais inghlactha nó nach raibh bonn leo agus cinntí nó breitheanna a rinne comhlachtaí riaracháin nó breithiúnais faoi nós imeachta tosaíochta nó faoi nós imeachta brostaithe i rith na tréimhse tagartha; |
(c) |
líon na ndaoine a fholaítear le cinntí críochnaitheacha nó le breitheanna críochnaitheacha a rinne comhlachtaí riaracháin nó breithiúnais ar achomharc nó ar athbhreithniú i rith na tréimhse tagartha maidir le stádas dídeanaithe a dheonú nó a tharraingt siar; |
(d) |
líon na ndaoine a fholaítear le cinntí críochnaitheacha nó le breitheanna críochnaitheacha a rinne comhlachtaí riaracháin nó breithiúnais ar achomharc nó ar athbhreithniú i rith na tréimhse tagartha maidir le stádas cosanta coimhdí a dheonú nó a tharraingt siar; |
(e) |
líon na ndaoine a fholaítear le cinntí críochnaitheacha nó le breitheanna críochnaitheacha a rinne comhlachtaí riaracháin nó breithiúnais ar achomharc nó ar athbhreithniú i rith na tréimhse tagartha maidir le cosaint shealadach a dheonú nó a tharraingt siar; |
(f) |
líon na ndaoine a fholaítear le cinntí críochnaitheacha eile nó le breitheanna críochnaitheacha eile a rinne comhlachtaí riaracháin nó breithiúnais ar achomharc nó ar athbhreithniú i rith na tréimhse tagartha maidir le húdarú chun fanacht ar chúiseanna daonnachtúla faoin dlí náisiúnta a bhaineann le cosaint idirnáisiúnta a dheonú nó a tharraingt siar i rith na tréimhse tagartha; |
(g) |
daoine ar deonaíodh údarú dóibh cónaí i mBallstát faoi chuimsiú scéime Comhphobail nó náisiúnta athlonnaithe i rith na tréimhse tagartha, i gcás ina mbeidh scéim den sórt sin á cur i bhfeidhm sa Bhallstát sin. |
Déanfar an staidreamh sin a dhíchomhiomlánú de réir aoise agus de réir inscne agus de réir shaoránacht na ndaoine lena mbaineann. Bainfidh an staidreamh sin le tréimhsí tagartha bliana féilire amháin agus soláthrófar don Choimisiún (Eurostat) é laistigh de thrí mhí ó dheireadh na bliana tagartha. Is é 2008 an chéad bhliain tagartha a bheidh i gceist.
4. Soláthróidh na Ballstáit don Choimisiún (Eurostat) an staidreamh seo a leanas a bhaineann le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 343/2003 agus Rialachán (CE) Uimh. 1560/2003 ón gCoimisiún an 2 Meán Fómhair 2003 lena leagtar síos rialacha sonracha chun Rialachán (CE) Uimh. 343/2003 ón gComhairle (13) a chur i bhfeidhm:
(a) |
líon na n-iarratas ar iarrthóirí tearmainn a thógáil ar ais nó ar dhul ina bhfeighil; |
(b) |
na forálacha a bhfuil na hiarratais dá dtagraítear i mír (a) bunaithe orthu; |
(c) |
na cinntí a rinneadh mar fhreagairt ar na hiarratais dá dtagraítear i mír (a); |
(d) |
líon na n-aistrithe a rinneadh de bharr na gcinntí dá dtagraítear i mír (c); |
(e) |
líon na n-iarratas ar fhaisnéis. |
Bainfidh an staidreamh sin le tréimhsí tagartha bliana féilire amháin agus soláthrófar don Choimisiún (Eurostat) é laistigh de thrí mhí ó dheireadh na bliana tagartha. Is é 2008 an chéad bhliain tagartha a bheidh i gceist.
Airteagal 5
Staidreamh i ndáil le teacht isteach neamhdhleathach agus fanacht neamhdhleathach a chosc
1. Soláthróidh na Ballstáit staidreamh don Choimisiún (Eurostat) maidir leis na nithe seo a leanas:
(a) |
líon na náisiúnach tríú tíortha ar diúltaíodh cead isteach ar chríoch an Bhallstáit dóibh ag an teorainn sheachtrach; |
(b) |
líon na náisiúnach tríú tíortha a fuarthas go neamhdhleathach ar chríoch an Bhallstáit faoi dhlíthe náisiúnta a bhaineann le hinimirce. |
Déanfar an staidreamh faoi phointe (a) a dhíchomhiomlánú i gcomhréir le hAirteagal 13(5) de Rialachán (CE) Uimh. 562/2006.
Déanfar an staidreamh faoi phointe (b) a dhíchomhiomlánú de réir aoise agus de réir inscne, agus de réir shaoránacht na ndaoine lena mbaineann.
2. Bainfidh an staidreamh dá dtagraítear i mír 1 le tréimhsí tagartha bliana féilire amháin agus soláthrófar don Choimisiún (Eurostat) é laistigh de thrí mhí ó dheireadh na bliana tagartha. Is é 2008 an chéad bhliain tagartha a bheidh i gceist.
Airteagal 6
Staidreamh i ndáil le ceadanna cónaithe agus cónaí náisiúnach tríú tíortha
1. Soláthróidh na Ballstáit staidreamh don Choimisiún (Eurostat) maidir leis na nithe seo a leanas:
(a) |
líon na gceadanna cónaithe a eisíodh do dhaoine ar náisiúnaigh tríú tíortha iad, á ndíchomhiomlánú mar a leanas:
|
(b) |
líon na gcónaitheoirí fadtéarma i ndeireadh na tréimhse tagartha, á ndíchomhiomlánú de réir saoránachta. |
2. I gcás ina gceadóidh dlíthe náisiúnta agus cleachtas riaracháin Ballstáit go ndeonófaí catagóirí sonracha de víosaí fadtéarma nó go ndeonófaí stádas inimirce seachas cead cónaithe, beidh víosaí agus deonuithe stádais den chineál sin le háireamh sa staidreamh a éilítear faoi mhír 1.
3. Bainfidh an staidreamh dá dtagraítear i mír 1 le tréimhsí tagartha bliana féilire amháin agus soláthrófar don Choimisiún (Eurostat) é laistigh de shé mhí ó dheireadh na bliana tagartha. Is é 2008 an chéad bhliain tagartha a bheidh i gceist.
Airteagal 7
Staidreamh i ndáil le daoine a chuirtear ar ais
1. Soláthróidh na Ballstáit staidreamh don Choimisiún (Eurostat) maidir leis na nithe seo a leanas:
(a) |
líon na náisiúnach tríú tíortha a shuitear a bheith go neamhdhleathach ar chríoch an Bhallstáit agus atá faoi réir cinnidh riaracháin nó faoi réir breithe breithiúnaí nó faoi réir gnímh bhreithiúnaigh ina ndeirtear nó ina ndearbhaítear go bhfuil a bhfanacht neamhdhleathach agus a chuireann d'oibleagáid orthu críoch an Bhallstáit a fhágáil, á ndíchomhiomlánú de réir shaoránacht na ndaoine lena mbaineann; |
(b) |
líon na náisiúnach tríú tíortha a bhfuil críoch an Bhallstáit fágtha acu, tar éis cinnidh riaracháin nó tar éis breithe breithiúnaí dá dtagraítear i bpointe (a), á ndíchomhiomlánú de réir shaoránacht na ndaoine a cuireadh ar ais. |
2. Bainfidh an staidreamh dá dtagraítear i mír 1 le tréimhsí tagartha bliana féilire amháin agus soláthrófar don Choimisiún (Eurostat) é laistigh de thrí mhí ó dheireadh na bliana tagartha. Is é 2008 an chéad bhliain tagartha a bheidh i gceist.
3. Ní áireofar sa staidreamh dá dtagraítear i mír 1 náisiúnaigh tríú tíortha a aistrítear ó Bhallstát amháin go dtí Ballstát eile faoin meicníocht a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 343/2003 agus le Rialachán (CE) Uimh. 1560/2003.
Airteagal 8
Díchomhiomlánuithe breise
1. Féadfaidh an Coimisiún bearta a ghlacadh a bhaineann le sainmhíniú díchomhiomlánuithe breise, mar a leagtar amach ina dhiaidh seo iad, don staidreamh seo a leanas:
(a) |
do staidreamh a éilítear faoi Airteagal 4 ina iomláine, díchomhiomlánuithe:
|
(b) |
do staidreamh a éilítear faoi Airteagal 4(4), díchomhiomlánuithe:
|
(c) |
do staidreamh a éilítear faoi Airteagal 5(1)(a), díchomhiomlánuithe:
|
(d) |
do staidreamh a éilítear faoi Airteagal 5(1)(b), díchomhiomlánuithe:
|
(e) |
do staidreamh a éilítear faoi Airteagal 6, díchomhiomlánuithe:
|
(f) |
do staidreamh a éilítear faoi Airteagal 7, díchomhiomlánuithe:
|
2. Is astu féin amháin a sholáthrófar na díchomhiomlánuithe breise dá dtagraítear i mír 1, ach ní dhéanfar trasaicmiú orthu leis na díchomhiomlánuithe a éilítear faoi Airteagal 4 go hAirteagal 7.
3. Nuair a bheidh cinneadh á dhéanamh ag an gCoimisiún maidir le díchomhiomlánuithe breise a bheith ag teastáil, breithneoidh sé an gá atá leis an bhfaisnéis sin chun forbairt agus monatóireacht a dhéanamh ar bheartais an Chomhphobail agus breithneoidh sé infhaighteacht na bhfoinsí ábhartha sonraí agus na costais a bheidh i gceist.
Cuirfear tús le caibidlíocht maidir le díchomhiomlánuithe breise a d'fhéadfadh a bheith de dhíth chun Airteagal 4 go hAirteagal 7 a chur i bhfeidhm tráth nach déanaí ná.an 20 Lúnasa 2009. Is é 2010 an bhliain tagartha is luaithe a bheidh ann do chur chun feidhme díchomhiomlánuithe breise.
Airteagal 9
Foinsí sonraí agus caighdeáin cháilíochta
1. Beidh an staidreamh bunaithe ar na foinsí sonraí seo a leanas, de réir mar a bheidh siad ar fáil sa Bhallstát agus i gcomhréir le dlíthe náisiúnta agus le cleachtais náisiúnta:
(a) |
taifid ar ghníomhartha riaracháin agus breithiúnacha; |
(b) |
cláir a bhaineann le gníomhartha riaracháin; |
(c) |
cláir dhaonra na ndaoine nó d'fhoghrúpa faoi leith den daonra sin; |
(d) |
daonáirimh; |
(e) |
suirbhéanna samplacha; |
(f) |
foinsí iomchuí eile. |
Mar chuid de phróiseas an staidrimh, féadfar modhanna meastacháin staidrimh a úsáid a bhfuil bonn eolaíoch fúthu agus a bhfuil tuairisc mhaith orthu.
2. Tabharfaidh na Ballstáit tuairisc don Choimisiún (Eurostat) ar na foinsí sonraí a úsáideadh, ar na fáthanna ar roghnaíodh na foinsí sin agus ar na héifeachtaí a bhí ag na foinsí sonraí a roghnaíodh ar cháilíocht na staitisticí, ar na modhanna meastacháin a úsáideadh agus coinneoidh siad an Coimisiún (Eurostat) ar an eolas maidir le haon athrú a dhéanfar orthu.
3. Ar iarratas ón gCoimisiún (Eurostat), soláthróidh na Ballstáit an fhaisnéis uile dó is gá chun measúnú a dhéanamh ar cháilíocht, ar inchomparáideacht agus ar iomláine na faisnéise staidrimh.
4. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún (Eurostat) ar an eolas gan mhoill má dhéantar leasuithe nó ceartúcháin ar an staidreamh a sholáthraítear faoin Rialachán seo, nó má athraítear na modhanna nó na foinsí sonraí a úsáidtear.
5. Glacfar i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(2) na bearta a bhaineann le sainmhíniú na bhformáidí is iomchuí chun sonraí a tharchur.
Airteagal 10
Bearta cur chun feidhme
1. Glacfar i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(2) na bearta is gá chun an Rialachán seo lena leagtar síos na rialacha maidir leis na formáidí is iomchuí chun sonraí a tharchur mar a fhoráiltear in Airteagal 9 a chur chun feidhme.
2. Glacfar i gcomhréir leis an nós imeachta lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 11(3) na bearta seo a leanas is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme agus a ceapadh chun na heilimintí neamhriachtanacha de a leasú, inter alia, trína fhorlíonadh:
(a) |
na sainmhínithe a leagtar amach in Airteagal 2(1) a thabhairt cothrom le dáta; |
(b) |
na catagóirí a shainiú ina ngrúpaí de réir na tíre inar rugadh na daoine lena mbaineann, de réir na tíre a raibh gnáthchónaí roimhe sin orthu ann agus de réir na chéad tíre eile a ndeachaigh siad chun gnáthchónaithe ann, agus ina ngrúpaí saoránachta mar a fhoráiltear in Airteagal 3(1); |
(c) |
na catagóirí a shainiú de réir na gcúiseanna a bhí leis an gcead, mar a fhoráiltear in Airteagal 6(1)(a); |
(d) |
sainmhíniú a dhéanamh ar na díchomhiomlánuithe breise agus ar leibhéil na ndíchomhiomlánuithe atá le cur i bhfeidhm ar na hathróga, mar a fhoráiltear in Airteagal 8; |
(e) |
na rialacha maidir le caighdeáin chruinnis agus cháilíochta a leagan síos. |
Airteagal 11
An Coiste
1. Tabharfaidh an Coiste um an gClár Staidrimh a bunaíodh le Cinneadh 89/382/CEE, Euratom, cúnamh don Choimisiún agus na bearta cur chun feidhme á nglacadh aige.
2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.
Socrófar ag trí mhí an tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.
3. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.
Airteagal 12
Tuarascáil
Faoin 20 Lúnasa 2012 agus gach trí bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle maidir leis an staidreamh a tiomsaíodh de bhun an Rialacháin seo agus maidir le cáilíocht an staidrimh sin.
Airteagal 13
Aisghairm
Aisghairtear leis seo Rialachán (CEE) Uimh. 311/76.
Airteagal 14
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 11 Iúil 2007
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
H.-G. PÖTTERING
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. LOBO ANTUNES
(1) IO C 185, 8.8.2006, lch. 31.
(2) Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Márta 2007 (gan foilsiú fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 12 Meitheamh 2007.
(3) IO C 83 E, 2.4.2004, lch. 94.
(4) IO L 39, 14.2.1976, lch. 1.
(5) IO L 52, 22.2.1997, lch. 1. Rialachán arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 284, 31.10.2003, lch. 1).
(6) IO L 184, 17.7.1999, lch. 23. Cinneadh arna leasú le Cinneadh 2006/512/CE (IO L 200, 22.7.2006, lch. 11).
(7) IO L 181, 28.6.1989, lch. 47.
(8) IO L 16, 23.1.2004, lch. 44.
(9) IO L 304, 30.9.2004, lch. 12.
(10) IO L 50, 25.2.2003, lch. 1.
(11) IO L 212, 7.8.2001, lch. 12.
(12) IO L 105, 13.4.2006, lch. 1.
(13) IO L 222, 5.9.2003, lch. 3.
31.7.2007 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L NaN/30 |
RIALACHÁN (CE) Uimh. 863/2007 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 11 Iúil 2007
lena mbunaítear meicníocht chun Foirne Mear-Idirghabhála Teorann a chruthú agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 ón gComhairle maidir leis an meicníocht sin agus lena rialaítear cumhachtaí agus cúraimí na n-aoi-oifigeach
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 62(2)(a) agus Airteagal 66 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,
Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (1),
De bharr an méid seo a leanas:
(1) |
An 26 Deireadh Fómhair 2004, ghlac an Chomhairle Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (2) (‘an Ghníomhaireacht’). |
(2) |
Ballstát a dteastóidh breis cabhrach teicniúla agus oibríochtúla uaidh ag a theorainneacha seachtracha, féadfaidh sé, gan dochar d'Airteagal 64(2) den Chonradh agus i gcomhréir le hAirteagal 7 agus le hAirteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004, cúnamh a iarraidh ar an nGníomhaireacht, i bhfoirm comhordaithe, i gcás ina mbeidh Ballstáit eile sa treis. |
(3) |
Cabhraíonn bainistiú éifeachtúil ar theorainneacha seachtracha trí bhíthin seiceálacha agus faireachais leis an gcomhrac i gcoinne na hinimirce neamhdhleathaí agus i gcoinne na gáinneála ar dhaoine agus chun aon bhagairt ar shlándáil inmheánach, ar bheartas poiblí, ar shláinte phoiblí agus ar chaidreamh idirnáisiúnta na mBallstát a chosc. Téann rialú teorann chun leasa an Bhallstáit a gcuirtear i gcrích ag a theorainneacha seachtracha é, ach ní amháin sin, téann sé chun leasa na mBallstát go léir a bhfuil rialú ag teorainneacha inmheánacha díothaithe acu. |
(4) |
Is iad na Ballstáit atá freagrach as rialú na dteorainneacha seachtracha. Ag meabhrú na n-imthosca criticiúla a gcaithfidh na Ballstáit déileáil leo ag a gcuid teorainneacha seachtracha, go háirithe líon mór náisiúnach tríú tíortha a bheith ag teacht ag láithreacha ar na teorainneacha seachtracha agus iad ag iarraidh dul isteach go neamhdhleathach i gcríoch na mBallstát, b'fhéidir go gcaithfí cúnamh a thabhairt do na Ballstáit trí acmhainní cuí leordhóthanacha a sholáthar, go háirithe pearsanra. |
(5) |
Ní mheastar gur leor na féidearthachtaí atá ann faoi láthair chun cabhair phraiticiúil éifeachtach a thabhairt i ndáil le daoine a sheiceáil ag teorainneacha seachtracha agus chun faireachas a dhéanamh ar theorainneacha seachtracha ar leibhéal na hEorpa, go háirithe i gcás ina mbeidh ar Bhallstáit aghaidh a thabhairt ar líon mór náisiúnach de chuid tríú tíortha a bhíonn ag iarraidh dul isteach i gcríoch na mBallstát go neamhdhleathach. |
(6) |
Ba chóir, dá réir sin, go mbeadh Ballstát in ann a iarraidh, faoi chuimsiú na Gníomhaireachta, go n-imscarfaí, ina chríoch féin, Foirne Mear-Idirghabhála Teorann ina mbeadh saineolaithe sainoilte ó Bhallstáit eile, chun cabhrú lena ghardaí teorann náisiúnta ar bhonn sealadach. Cuirfidh imscaradh na bhFoirne Mear-Idirghabhála Teorann le méadú na dlúthpháirtíochta agus an chúnaimh fhrithpháirtigh idir na Ballstáit. |
(7) |
Is i gcásanna eisceachtúla agus práinneacha a ba chóir Foirne Mear-Idirghabhála Teorann a imscaradh chun tacaíocht a thabhairt ar feadh tréimhse teoranta ama. Bheadh cásanna den sórt sin ann nuair a bheadh mórphlódú de náisiúnaigh tríú tíortha ag iarraidh dul isteach go neamhdhleathach i gcríoch Ballstáit agus go mbeadh gá le freagra láithreach agus go gcuirfeadh imscaradh Foirne Mear-Idirghabhála Teorann freagra éifeachtúil ar fáil. Níl Foirne Mear-Idirghabhála Teorann ceaptha cúnamh fadtréimhseach a chur ar fáil. |
(8) |
Beidh Foirne Mear-Idirghabhála Teorann ag brath ar dhualgais phleanáilte, ar fháil a bheith orthu agus ar mhinicíocht an imscartha. Chun a chinntiú go n-oibreoidh na Foirne Mear-Idirghabhála Teorann go héifeachtúil, ba chóir do na Ballstáit líon cuí gardaí teorann (an ‘Díorma Mear’) a chur ar fáil a léireodh go háirithe speisialtóireacht agus méid a n-eagraíochtaí gardaí teorann féin. Dá réir sin, ba chóir do na Ballstáit díormaí náisiúnta saineolaithe a chruthú chun cur le héifeachtúlacht an Rialacháin seo. Ba cheart don Ghníomhaireacht méideanna difriúla na mBallstát agus speisialtóireacht theicniúil a n-eagraíochtaí gardaí teorann a chur san áireamh. |
(9) |
Léiríonn na cleachtais is fearr ó líon mór Ballstát go gcuirtear go mór le héifeachtacht pleanála agus feidhmithe na n-oibríochtaí ach a bheith eolach roimh an imscaradh ar phróifilí na ngardaí teorann a bhíonn ar fáil (ó thaobh scileanna agus cáilíochtaí de). Ba chóir don Ghníomhaireacht, dá bhrí sin, próifílí agus líon iomlán na ngardaí teorann a chuirfear ar fáil do na Foirne Mear-Idirghabhála Teorann a chinneadh. |
(10) |
Ba chóir meicníocht a bhunú le Foirne Mear-Idirghabhála Teorann a chruthú, a bheadh sách solúbtha don Ghníomhaireacht agus do na Ballstáit araon agus a áiritheodh go gcuirfí oibríochtaí i gcrích ar bhealach fíoréifeachtach agus fíoréifeachtúil. |
(11) |
Ba chóir don Ghníomhaireacht, inter alia, comhdhéanamh, oiliúint agus imscaradh na bhFoirne Mear-Idirghabhála Teorann a chomhordú. Dá bhrí sin, ní mór forálacha nua a chur isteach i Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 maidir le ról na Gníomhaireachta i dtaca leis na foirne sin. |
(12) |
Nuair a bheidh mórphlódú de náisiúnaigh tríú tíortha ag iarraidh dul isteach go neamhdhleathach i gcríoch Ballstáit, nó más rud é go mbíonn cás eisceachtúil eile ann a dhéanann difear suntasach d'urscaoileadh cúraimí náisiúnta, féadfaidh an Ballstát sin gan a chuid gardaí teorann náisiúnta a chur ar fáil i gcomhair imscaradh. |
(13) |
Chun go mbeidh siad in ann oibriú go héifeachtúil in éineacht le gardaí teorann náisiúnta, ba chóir go mbeadh comhaltaí na bhfoirne in ann cúraimí a bhaineann le seiceálacha daoine ag teorainneacha seachtracha agus le faireachas ar theorainneacha seachtracha a chomhlíonadh fad a bheidh siad imscartha ar chríoch an Bhallstáit a iarrann a gcúnamh. |
(14) |
Chomh maith céanna, ba chóir éifeachtúlacht na hoibríochtaí comhpháirteacha arna gcomhordú ag an nGníomhaireacht a fheabhsú tuilleadh trí chead a thabhairt, ar bhonn sealadach, d'aoi-oifigigh ó Bhallstáit eile cúraimí a bhaineann le seiceálacha daoine ag teorainneacha seachtracha agus le faireachas ar theorainneacha seachtracha a dhéanamh. |
(15) |
Dá réir sin, ní mór forálacha nua a chur isteach i Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 chomh maith maidir le cúraimí agus cumhachtaí na n-aoi-oifigeach a imscartar i gcríoch Ballstáit ar iarratas ón mBallstát sin faoi chuimsiú na Gníomhaireachta. |
(16) |
Cabhraíonn an Rialachán seo le cur i bhfeidhm ceart Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir leis na rialacha a rialaíonn gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (3). Chuige sin, níor chóir go ndéanfadh comhaltaí na bhfoirne ná na haoi-oifigigh, agus iad i mbun seiceálacha agus faireachais teorann, aon idirdhealú in aghaidh daoine ar na forais seo a leanas: gnéas, bunadh ciníoch nó eitneach, reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó gnéaschlaonadh. Ba chóir go mbeadh aon bhearta a ghlacfar i gcomhlíonadh a gcúraimí agus i bhfeidhmiú a gcumhachtaí i gcomhréir le cuspóirí na mbeart sin. |
(17) |
Urramaítear cearta bunúsacha leis an Rialachán seo mar aon leis na prionsabail a aithnítear, go háirithe, i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Ba chóir é a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hoibleagáidí na mBallstát maidir le cosaint idirnáisiúnta agus neamh-refoulement. |
(18) |
Ba chóir an Rialachán seo a chur i bhfeidhm agus lánurraim á thabhairt do na hoibleagáidí a eascraíonn faoi dhlí idirnáisiúnta na mara, go háirithe chomh fada agus a bhaineann le cuardach agus tarrtháil. |
(19) |
Beidh feidhm ag Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (4) i leith phróiseáil sonraí pearsanta ag na Ballstáit i bhfeidhmiú an Rialacháin seo. |
(20) |
Maidir leis an Íoslainn agus an Iorua, is ionann an Rialachán seo agus forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir leis an mbaint atá ag an dá Stát sin le cur i ngníomh, cur i bhfeidhm agus forbairt acquis Schengen (5) a thagann faoin ábhar dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle (6) maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe sin. |
(21) |
Maidir leis an Eilvéis, is ionann an Rialachán seo agus forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe a síníodh idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir leis an mbaint atá ag Cónaidhm na hEilvéise le cur i ngníomh, cur i bhfeidhm agus forbairt acquis Schengen a thagann faoin ábhar dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh in éineacht le hAirteagal 4(1) de Chinneadh 2004/849/CE (7) ón gComhairle agus de Chinneadh 2004/860/CE (8) ón gComhairle. |
(22) |
I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 den Phrótacal maidir le seasamh na Danmhairge atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus ní bheidh sé ina cheangal ar an Danmhairg ná ní bheidh sí faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é go gcuireann an Rialachán seo le acquis Schengen faoi fhorálacha Theideal IV de Chuid a Trí den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, ba chóir, i gcomhréir le hAirteagal 5 den Phrótacal sin, go gcinnfeadh an Danmhairg laistigh de thréimhse sé mhí tar éis an dáta a nglacfar an Rialachán seo cibé an dtrasuífidh sí ina dlí náisiúnta é nó nach dtrasuífidh. |
(23) |
Is ionann an Rialachán seo agus forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach nglacann an Ríocht Aontaithe páirt iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 maidir leis an iarraidh ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann páirt a ghlacadh i roinnt forálacha de acquis Schengen (9). Dá bhrí sin, níl an Ríocht Aontaithe rannpháirteach ina ghlacadh agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. |
(24) |
Is forbairt é an Rialachán seo ar fhorálacha acquis Schengen nach nglacann Éire páirt iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn páirt a ghlacadh i roinnt forálacha de acquis Schengen (10). Dá réir sin, níl Éire rannpháirteach ina ghlacadh agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. |
(25) |
Sa Rialachán seo, is éard atá i bhforálacha Airteagal 6(8) agus (9), sa mhéid go dtagraíonn siad do rochtain a thabhairt ar Chóras Faisnéise Schengen (SIS), forálacha a chuireann le acquis Schengen nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile de réir bhrí Airteagal 3(2) d'Ionstraim Aontachais 2003 agus Airteagal 4(2) d'Ionstraim Aontachais 2005, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ábhar
1. Leis an Rialachán seo bunaítear meicníocht chun críocha mearchúnamh oibríochtúil a sholáthar ar feadh tréimhse teoranta, i bhfoirm Foirne Mear-Idirghabhála Teorann (dá ngairfear ‘foirne’ anseo feasta), do Bhallstát iarrthach a bhfuil staid de bhrú práinneach agus eisceachtúil ag bagairt air, go háirithe agus líon ard náisiúnach tríú tíortha ag iarraidh teacht isteach go neamhdhleathach i gcríoch an Bhallstáit ag láithreacha ar a theorainneacha seachtracha. Leis an Rialachán seo, sainmhínítear freisin na cúraimí a bheidh ar chomhaltaí na bhfoirne agus na cumhachtaí a fheidhmeoidh siad agus iad i mbun oibríochtaí i mBallstát nach é a mBallstát féin é.
2. Leasaítear leis an Rialachán seo Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 de bharr bhunú na meicníochta dá dtagraítear i mír 1 agus d'fhonn sainmhíniú a thabhairt ar na curaimí a chomhlíonfaidh agus na cumhachtaí a fheidhmeoidh gardaí teorann na mBallstát a ghlacfaidh páirt in oibríochtaí comhpháirteacha agus i dtreoirthionscadail i mBallstát eile.
3. Cuirfear an cúnamh teicniúil is gá ar fáil don Bhallstát iarrthach i gcomhréir le hAirteagal 7 agus le hAirteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004.
Airteagal 2
Raon feidhme
Beidh feidhm ag an Rialachán seo gan dochar do chearta dídeanaithe agus daoine a iarrann cosaint idirnáisiúnta, go háirithe maidir le neamh-refoulement.
CAIBIDIL I
FOIRNE MEAR-IDIRGHABHÁLA TEORANN
Airteagal 3
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
1) |
ciallaíonn ‘an Ghníomhaireacht’ an Ghníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh; |
2) |
ciallaíonn ‘comhaltaí na bhfoirne’ gardaí teorann na mBallstát a bhíonn ar seirbhís leis na Foirne Mear-Idirghabhála Teorann seachas gardaí teorann an Bhallstáit aíochta; |
3) |
ciallaíonn ‘Ballstát iarrthach’ Ballstát a n-iarrann a údaráis inniúla ar an nGníomhaireacht na Foirne Mear-Idirghabhála Teorann a imscaradh ar a chríoch; |
4) |
ciallaíonn ‘Ballstát aíochta’ Ballstát a n-imscartar Foirne Mear-Idirghabhála Teorann ina chríoch; |
5) |
ciallaíonn ‘Ballstát baile’ an Ballstát ar garda teorann den stát sin comhalta den fhoireann. |
Airteagal 4
Comhdhéanamh agus imscaradh na bhFoirne Mear-Idirghabhála Teorann
1. Cinnfidh an Ghníomhaireacht comhdhéanamh na bhfoirne i gcomhréir le hAirteagal 8b de Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 arna leasú leis an Rialachán seo. Beidh a n-imscaradh faoi rialú ag Airteagal 8d den Rialachán sin.
2. Ar thogra ó Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta, cinnfidh Bord Bainistíochta na Gníomhaireachta, trí thromlach de thrí cheathrú, próifílí agus líon iomlán na ngardaí teorann a chuirfear ar fáil do na foirne (An Díorma Mear). Beidh feidhm ag an nós imeachta céanna maidir le haon athruithe ina dhiaidh sin ar phróifílí agus ar líon iomlán na ngardaí teorann sa Díorma Mear. Cuirfidh na Ballstáit leis an Díorma Mear trí bhíthin díorma náisiúnta saineolaithe a bheidh bunaithe ar na próifílí difriúla a shaineofar trí ghardaí teorann a fhreagraíonn do na próifílí a theastaíonn a ainmniú.
3. Cuirfidh na Ballstáit na gardaí teorann ar fáil chun a n-imscartha arna iarraidh sin ag an nGníomhaireacht, mura i ndán agus go mbeidh cás eisceachtúil ina bhagairt ar Bhallstát a dhéanfadh difear suntasach d'urscaoileadh cúraimí náisiúnta. Ní dhéanfar aon difear do neamhspleáchas an Bhallstáit bhaile i dtaca le roghnú na foirne agus le fad ré a n-imscartha.
4. Seasfaidh an Ghníomhaireacht na costais a bhaineann leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 i gcomhréir le hAirteagal 8h de Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004.
Airteagal 5
Treoracha do na Foirne Mear-Idirghabhála Teorann
1. Le linn imscaradh na bhfoirne, eiseoidh an Ballstát aíochta treoracha do na foirne i gcomhréir leis an bplean oibríochta dá dtagraítear in Airteagal 8e de Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004.
2. Trína hoifigeach comhordaithe, dá dtagraítear in Airteagal 8g de Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004, féadfaidh an Ghníomhaireacht a tuairimí maidir leis na treoracha a chur in iúl don Bhallstát aíochta. Má dhéanann sí amhlaidh, cuirfidh an Ballstát aíochta na tuairimí sin i gcuntas.
3. I gcomhréir le hAirteagal 8g de Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004, tabharfaidh an Ballstát aíochta an cúnamh uile is gá don oifigeach comhordaithe, lena n-áirítear rochtain iomlán ar na foirne gach uile thráth le linn an imscartha.
Airteagal 6
Cúraimí agus cumhachtaí chomhaltaí na bhfoirne
1. Beidh sé de chumas ag comhaltaí na bhfoirne gach cúram a chomhlíonadh agus gach cumhacht a fheidhmiú maidir le seiceálacha teorann agus maidir le faireachas teorann i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 562/2006, agus is gá d'fhonn cuspóirí an Rialacháin sin a bhaint amach. Sonrófar mionsonraí do gach imscaradh sa phlean oibríochta don imscaradh sin i gcomhréir le hAirteagal 8e de Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004.
2. Tabharfaidh comhaltaí na bhfoirne, agus iad ag comhlíonadh a gcúraimí agus ag feidhmiú a gcumhachtaí, urraim iomlán do dhínit an duine. Beidh cibé bearta a ghlacfar i gcomhlíonadh a gcúraimí agus i bhfeidhmiú a gcumhachtaí comhréireach le cuspóirí na mbeart sin. Agus iad ag comhlíonadh a gcúraimí agus ag feidhmiú a gcumhachtaí, ní dhéanfaidh comhaltaí na bhfoirne idirdhealú i gcoinne daoine ar na forais seo a leanas: gnéas, bunadh ciníoch nó eitneach, reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó gnéaschlaonadh.
3. Ní fhéadfaidh comhaltaí na bhfoirne cúraimí a chomhlíonadh agus cumhachtaí a fheidhmiú ach amháin faoi threoracha ó ghardaí teorann an Bhallstáit aíochta, agus, mar riail ghinearálta, i láthair na ngardaí sin.
4. Beidh a n-éide féin ar chomhaltaí na bhfoirne agus a gcúraimí á gcomhlíonadh acu agus a gcumhachtaí á bhfeidhmiú acu. Beidh armbhanda gorm ar a mbeidh inchomhartha an Aontais Eorpaigh agus na Gníomhaireachta ar a n-éide acu, mar chomhartha aitheantais go bhfuil siad rannpháirteach in imscaradh de chuid na bhfoirne. Chun críocha aitheantais i dtaca le húdaráis náisiúnta an Bhallstáit aíochta agus lena shaoránaigh, beidh doiciméad creidiúnaithe ar iompar ag comhaltaí na bhfoirne i gcónaí, mar a fhoráiltear in Airteagal 8, agus taispeánfaidh siad é arna iarraidh sin orthu.
5. Agus a gcúraimí á gcomhlíonadh acu agus a gcumhachtaí á bhfeidhmiú acu, féadfaidh comhaltaí na bhfoirne armáin seirbhíse, armlón agus trealamh a iompar mar a údaraítear de réir dhlí náisiúnta an Bhallstáit bhaile. Féadfaidh an Ballstát aíochta, áfach, cosc a chur ar armáin seirbhíse, armlón agus trealamh áirithe a iompar, ar choinníoll go bhfolaíonn a reachtaíocht féin na forálacha céanna dá ghardaí teorann féin. Sula n-imscarfar na foirne, cuirfidh an Ballstát aíochta an Ghníomhaireacht ar an eolas maidir le harmáin seirbhíse, armlón agus trealamh is incheadaithe agus maidir leis na coinníollacha lena n-úsáid. Cuirfidh an Ghníomhaireacht an fhaisnéis sin ar fáil do gach Ballstát a bheidh rannpháirteach san imscaradh.
6. Agus a gcúraimí á gcomhlíonadh acu agus a gcumhachtaí á bhfeidhmiú acu, beidh sé d'údarás ag comhaltaí na bhfoirne forneart a úsáid, lena n-áirítear armáin seirbhíse, armlón agus trealamh, le toiliú an Bhallstáit bhaile agus an Bhallstáit aíochta, i láthair ghardaí teorann an Bhallstáit aíochta agus i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit bhaile.
7. De mhaolú ar mhír 6, féadfar armáin seirbhíse, armlón agus trealamh a úsáid i bhféinchosaint dhlisteanach, i gcosaint dhlisteanach chomhaltaí na bhfoirne nó i gcosaint daoine eile, i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit aíochta.
8. Chun críocha an Rialacháin seo, féadfaidh an Ballstát aíochta comhaltaí na bhfoirne a údarú chun na bunachair shonraí náisiúnta agus Eorpacha dá chuid is gá le haghaidh seiceálacha agus faireachas teorann a cheadú. Ní cheadóidh comhaltaí na bhfoirne ach na sonraí is gá le haghaidh chomhlíonadh a gcúraimí agus le haghaidh fheidhmiú a gcumhachtaí. Sula n-imscarfar na foirne, cuirfidh an Ballstát aíochta an Ghníomhaireacht ar an eolas faoi na bunachair shonraí náisiúnta agus Eorpacha a fhéadfar a cheadú. Cuirfidh an Ghníomhaireacht an fhaisnéis sin ar fáil do gach Ballstát a bheidh rannpháirteach san imscaradh.
9. Déanfar an ceadú dá dtagraítear i mír 8 i gcomhréir le dlí an Chomhphobail agus le dlí náisiúnta an Bhallstáit aíochta i réimse na cosanta sonraí.
10. Is iad gardaí teorann an Bhallstáit aíochta amháin a dhéanfaidh cinntí maidir le cead isteach a dhiúltú i gcomhréir le hAirteagal 13 de Rialachán (CE) Uimh. 562/2006.
Airteagal 7
Stádas, cearta agus oibleagáidí chomhaltaí na bhfoirne
1. Leanfaidh comhaltaí na bhfoirne de bheith ina ngardaí teorann náisiúnta de chuid a mBallstát agus is iad a mBallstáit a íocfaidh iad.
2. Glacfaidh gardaí teorann a chuirfear ar fáil don Díorma Mear de bhun Airteagal 4 páirt in ardtraenáil a bheidh ábhartha dá gcúraimí agus dá gcumhachtaí agus i bhfreachnaimh rialta a chuirfidh an Ghníomhaireacht ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 8c de Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004.
3. Gheobhaidh gardaí teorann liúntas cothaithe laethúil, lena n-áirítear costais chóiríochta, ar feadh ré a rannpháirtíochta i dtraenáil agus i bhfreachnaimh a eagróidh an Ghníomhaireacht, agus ar feadh thréimhsí a n-imscartha i gcomhréir le hAirteagal 8h de Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004.
Airteagal 8
Doiciméad creidiúnaithe
1. Eiseoidh an Ghníomhaireacht, i gcomhar leis an mBallstát aíochta, doiciméad i dteanga oifigiúil an Bhallstáit aíochta agus i dteanga oifigiúil eile de chuid institiúidí an Aontais Eorpaigh chuig comhaltaí na bhfoirne mar chomhartha aitheantais orthu agus mar chruthúnas ar chearta an tsealbhóra na cúraimí a chomhlíonadh agus na cumhachtaí a fheidhmiú dá dtagraítear in Airteagal 6(1). Beidh na tréithe seo a leanas de chuid chomhalta na foirne sa doiciméad:
(a) |
ainm agus náisiúntacht; |
(b) |
céim; agus |
(c) |
grianghraf digitithe a tógadh le deireanas. |
2. Tabharfar an doiciméad ar ais don Ghníomhaireacht ag deireadh thréimhse imscartha na foirne.
Airteagal 9
An dlí is infheidhme
1. Fad a bheidh na cúraimí á gcomhlíonadh acu agus na cumhachtaí á bhfeidhmiú acu dá dtagraítear in Airteagal 6(1), comhlíonfaidh comhaltaí na bhfoirne dlí an Chomhphobail agus dlí náisiúnta an Bhallstáit aíochta.
2. Fad a bheidh na cúraimí á gcomhlíonadh acu agus na cumhachtaí á bhfeidhmiú acu dá dtagraítear in Airteagal 6(1), beidh comhaltaí na bhfoirne faoi réir bhearta araíonachta a mBallstáit bhaile.
3. Leagtar amach rialacha sonracha maidir le hiompar agus úsáid armáin seirbhíse, armlóin agus trealaimh, agus maidir le forneart a úsáid in Airteagal 6(5), (6) agus (7).
4. Leagtar amach rialacha sonracha maidir le dliteanas sibhialta agus coiriúil in Airteagal 10 agus Airteagal 11 faoi seach.
Airteagal 10
Dliteanas sibhialta
1. I gcás ina mbeidh comhaltaí de na foirne ag feidhmiú i mBallstát aíochta, is é an Ballstát sin, i gcomhréir lena dhlí náisiúnta, a bheidh faoi dhliteanas i leith aon damáiste a dhéanfaidh siad le linn a gcuid oibríochtaí.
2. I gcás ina mbeidh damáiste den sórt sin ann mar thoradh ar mhórfhaillí nó ar mhí-iompar toiliúil, féadfaidh an Ballstát aíochta dul i dteagmháil leis an mBallstát baile chun go n-aisíocfadh an Ballstát baile aon suimeanna a bheidh íoctha ag an mBallstát aíochta le híospartaigh nó le daoine a mbíonn teideal acu thar a gceann.
3. Gan dochar d'fheidhmiú a cheart i leith tríú páirtithe, tarscaoilfidh gach Ballstát a chuid éileamh go léir in aghaidh an Bhallstáit aíochta nó in aghaidh aon Bhallstáit eile ar aon damáiste a dhéantar dóibh, ach amháin i gcásanna mórfhaillí nó mí-iompair thoiliúil.
4. Cuirfidh na Ballstáit faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach i gcomhréir le hAirteagal 239 den Chonradh aon díospóid a bhaineann le feidhmiú mhír 2 agus mhír 3 nach féidir a réiteach le caibidlíocht eatarthu.
5. Gan dochar d'fheidhmiú a ceart i leith tríú páirtithe, seasfaidh an Ghníomhaireacht na costais a bhaineann le damáiste a dhéantar do threalamh na Gníomhaireachta le linn imscartha, ach amháin i gcásanna mórfhaillí nó mí-iompair thoiliúil.
Airteagal 11
Dliteanas coiriúil
Le linn imscaradh na bhfoirne, déileálfar le comhaltaí na bhfoirne ar an mbealach céanna a dhéileálfar le feidhmeannaigh de chuid an Bhallstáit aíochta maidir le haon chionta coiriúla a d'fhéadfaí a dhéanamh ina n-aghaidh nó a d'fhéadfadh siadsan a dhéanamh.
CAIBIDIL II
LEASUITHE AR RIALACHÁN (CE) UIMH. 2007/2004
Airteagal 12
Leasuithe
Leasaítear leis seo Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 mar a leanas:
1) |
Déanfar Airteagal 1(4) a scriosadh. |
2) |
Cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas: ‘Airteagal 1a Sainmhínithe Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
3) |
Cuirtear an pointe a leanas le hAirteagal 2(1):
|
4) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8(3): ‘3. Féadfaidh an Ghníomhaireacht trealamh teicniúil i gcomhair seiceálacha agus faireachais ag teorainneacha seachtracha a fháil chun go n-úsáidfeadh a saineolaithe é faoi chuimsiú na bhFoirne Mear-Idirghabhála Teorann fad a mhairfidh a n-imscaradh.’ |
5) |
Cuirtear isteach na hAirteagail seo a leanas: ‘Airteagal 8a Foirne Mear-Idirghabhála Teorann Arna iarraidh sin ag Ballstát a bhfuil staid de bhrú práinneach agus eisceachtúil ag bagairt air, go háirithe agus líon ard náisiúnach tríú tíortha ag iarraidh teacht isteach go neamhdhleathach i gcríocha an Bhallstáit sin ag láithreacha ar theorainneacha seachtracha, féadfaidh an Ghníomhaireacht Foireann Mear-Idirghabhála Teorann (dá ngairfear “foireann (foirne)” anseo feasta) amháin nó níos mó a imscaradh ar feadh tréimhse teoranta chuig an mBallstát iarrthach ar feadh na ré iomchuí, i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh . 863/2007. Airteagal 8b Comhdhéanamh na bhfoirne 1. I gcás staide mar a thuairiscítear in Airteagal 8a, arna iarraidh sin ag an nGníomhaireacht, cuirfidh na Ballstáit in iúl láithreach líon, ainmneacha agus próifílí gardaí teorann óna ndíorma náisiúnta a fhéadfaidh siad a chur ar fáil laistigh de chúig lá le bheith ina gcomhaltaí d'fhoireann. Cuirfidh na Ballstáit na gardaí teorann ar fáil chun a n-imscartha arna iarraidh sin ag an nGníomhaireacht, mura i ndán agus go mbeidh cás eisceachtúil ina bhagairt orthu a dhéanfadh difear suntasach d'urscaoileadh cúraimí náisiúnta. 2. Nuair a bheidh comhdhéanamh foirne i gcomhair imscaradh á chinneadh, cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na himthosca sonracha a bheidh ag bagairt ar an mBallstát iarrthach san áireamh. Beidh an fhoireann comhdhéanta i gcomhréir leis an bplean oibríochta dá dtagraítear in Airteagal 8e. Airteagal 8c Traenáil agus freachnaimh Soláthróidh an Ghníomhaireacht gardaí teorann a bheidh ina gcuid den Díorma Mear, dá dtagraítear in Airteagal 4(2) de Rialachán (CE) Uimh. 863/2007 a mbeidh ardtraenáil faighte acu a bheidh ábhartha dá gcúraimí agus dá gcumhachtaí agus déanfaidh sí freachnaimh rialta a sheoladh leis na gardaí teorann sin i gcomhréir leis an sceideal ardtraenála agus freachnaimh dá dtagraítear i gclár oibre bliantúil na Gníomhaireachta. Airteagal 8d Nós imeachta chun imscaradh na bhfoirne a chinneadh 1. Áireofar in iarratas ar imscaradh na bhfoirne i gcomhréir le hAirteagal 8a cur síos ar an staid, ar na haidhmeanna a d’fhéadfadh a bheith i gceist agus ar na riachtanais a mbeifear ag dréim leo maidir leis an imscaradh. Féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, más gá, saineolaithe a sheoladh ón nGníomhaireacht chun an staid a mheas ag teorainneacha seachtracha an Bhallstáit iarrthaigh. 2. Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Bord Bainistíochta ar an eolas láithreach faoi iarraidh ó Bhallstát ar imscaradh na bhfoirne. 3. Agus cinneadh á dhéanamh aige nó aici faoi iarraidh ó Bhallstát, cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin san áireamh torthaí anailísí riosca na Gníomhaireachta mar aon le haon fhaisnéis ábhartha eile arna soláthar ag an mBallstát iarrthach nó ag Ballstát eile. 4. Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin cinneadh faoi iarraidh ar imscaradh na bhfoirne a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná cúig lá oibre ón dáta a bhfuarthas an t-iarratas. Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Ballstát iarrthach agus an Bord Bainistíochta ar an eolas faoin gcinneadh i scríbhinn ag an am céanna. Luafar sa chinneadh na príomhchúiseanna ar a mbeidh sé bunaithe. 5. Má chinneann an Stiúrthóir Feidhmiúcháin foireann amháin nó níos mó a imscaradh, tarraingeoidh an Ghníomhaireacht agus an Ballstát iarrthach plean oibríochta suas láithreach i gcomhréir le hAirteagal 8e. 6. A luaithe a bheidh an plean oibríochta comhaontaithe, cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Ballstáit ar an eolas faoi líon iarrtha agus faoi phróifílí na ngardaí teorann a imscarfar sna foirne. Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil, i scríbhinn, do na pointí teagmhála náisiúnta a ainmneofar faoi Airteagal 8f agus luafar inti an dáta a dtarlóidh an t-imscaradh. Cuirfear cóip den phlean oibríochta ar fáil dóibh chomh maith. 7. Má bhíonn an Stiúrthóir Feidhmiúcháin as láthair nó mura mbeidh sé nó sí ar fáil, is é nó í an Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin a dhéanfaidh na cinntí a bhaineann le himscaradh na bhfoirne. 8. Cuirfidh na Ballstáit na gardaí teorann ar fáil chun a n-imscartha arna iarraidh sin ag an nGníomhaireacht, mura i ndán agus go mbíonn cás eisceachtúil ina bhagairt orthu a dhéanfadh difear suntasach d'urscaoileadh cúraimí náisiúnta. 9. Déanfar na foirne a imscaradh tráth nach déanaí ná cúig lá oibre tar éis an dáta a n-aontófar an plean oibríochta idir an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus an Ballstát iarrthach. Airteagal 8e An Plean Oibríochta 1. Aontóidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus an Ballstát iarrthach ar phlean oibríochta ina dtabharfar mionsonraí na gcoinníollacha beachta a bhaineann leis na foirne a imscaradh. Áireofar an méid seo a leanas sa phlean oibríochta:
2. Beidh aontú an Stiúrthóra Feidhmiúcháin agus an Bhallstáit iarrthaigh araon ag teastáil maidir le haon leasuithe nó maidir le haon oiriúnuithe ar an bplean oibríochta. Cuirfidh an Ghníomhaireacht cóip den phlean oibríochta leasaithe nó oiriúnaithe láithreach chuig na Ballstáit rannpháirteacha. Airteagal 8f Pointe teagmhála náisiúnta Ainmneoidh na Ballstáit pointe teagmhála náisiúnta chun cumarsáid a dhéanamh leis an nGníomhaireacht ar gach ábhar a bhaineann leis na foirne. Beidh fáil ar an bpointe teagmhála náisiúnta i gcónaí. Airteagal 8g Oifigeach Comhordaithe 1. Ceapfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin saineolaí amháin nó níos mó ó fhoireann na Gníomhaireachta lena imscaradh mar oifigeach comhordaithe. Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Ballstát aíochta ar an eolas faoin gceapachán. 2. Gníomhóidh an t-oifigeach comhordaithe thar ceann na Gníomhaireachta i ngach gné d'imscaradh na bhfoirne. Déanfaidh an t-oifigeach comhordaithe go háirithe an méid seo a leanas:
3. I gcomhréir le hAirteagal 25(3)f, féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an t-oifigeach comhordaithe a údarú chun cuidiú a thabhairt chun aon easaontas faoi fhorghníomhú an phlean oibríochta agus imscaradh na bhfoirne a réiteach. 4. Agus a chuid dualgas á gcomhlíonadh aige, is ón nGníomhaireacht amháin a ghlacfaidh an t-oifigeach comhordaithe treoracha. Airteagal 8h Costais 1. Seasfaidh an Ghníomhaireacht go hiomlán na costais seo a leanas arna dtabhú ag na Ballstáit agus iad ag cur a ngardaí teorann ar fáil chun na gcríoch sin a luaitear in Airteagal 8a agus 8c.
2. Socróidh an Bord Bainistíochta rialacha mionsonracha maidir le híocaíocht an liúntais chothaithe laethúil le comhaltaí na bhfoirne.’; |
6) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10: ‘Airteagal 10 Cúraimí agus cumhachtaí na n-aoi-oifigeach 1. Beidh de chumas ag aoi-oifigigh gach cúram a chomhlíonadh agus gach cumhacht a fheidhmiú maidir le seiceálacha agus le faireachas teorann i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir leis na rialacha a rialaíonn gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (12), mar aon leis na cúraimí agus leis na cumhachtaí sin atá riachtanach chun cuspóirí an Rialacháin sin a bhaint amach. 2. Agus na cúraimí sin á gcomhlíonadh acu agus na cumhachtaí sin á gcur i bhfeidhm acu, comhlíonfaidh na haoi-oifigigh dlí an Chomhphobail agus dlí náisiúnta an Bhallstáit aíochta. 3. Ní fhéadfaidh aoi-oifigigh cúraimí a chomhlíonadh agus cumhachtaí a fheidhmiú ach amháin faoi threoracha ghardaí teorann an Bhallstáit aíochta agus, mar riail ghinearálta, i láthair na ngardaí sin. 4. Beidh a n-éide féin ar aoi-oifigigh agus a gcúraimí á gcomhlíonadh acu agus a gcumhachtaí á bhfeidhmiú acu. Beidh armbhanda gorm ar a mbeidh inchomhartha an Aontais Eorpaigh agus na Gníomhaireachta ar a n-éide acu, mar chomhartha aitheantais go bhfuil siad rannpháirteach in oibríocht chomhpháirteach nó i dtreoirthionscadal. Chun críocha aitheantais i dtaca le húdaráis náisiúnta an Bhallstáit aíochta agus lena shaoránaigh, beidh doiciméad creidiúnaithe ar iompar ag aoi-oifigigh i gcónaí, mar a fhoráiltear in Airteagal 10a, agus taispeánfaidh siad é arna iarraidh sin orthu. 5. De mhaolú ar mhír 2, agus a gcúraimí á gcomhlíonadh acu agus a gcumhachtaí á bhfeidhmiú acu, féadfaidh aoi-oifigigh armáin seirbhíse, armlón agus trealamh a iompar de réir mar a údaraítear de réir dhlí náisiúnta an Bhallstáit bhaile. Féadfaidh an Ballstát aíochta, áfach, cosc a chur ar armáin seirbhíse, armlón agus trealamh áirithe a iompar, ar choinníoll go gcuirfear an cosc céanna sin i bhfeidhm ar a ghardaí teorann féin faoi reachtaíocht an Bhallstáit sin. Sula n-imscarfar na haoi-oifigigh, cuirfidh an Ballstát aíochta an Ghníomhaireacht ar an eolas maidir leis na harmáin seirbhíse, leis an armlón agus leis an trealamh is incheadaithe agus maidir leis na coinníollacha lena n-úsáid. Cuirfidh an Ghníomhaireacht an fhaisnéis sin ar fáil do Bhallstáit. 6. De mhaolú ar mhír 2, agus a gcúraimí á gcomhlíonadh acu agus a gcumhachtaí á bhfeidhmiú acu, beidh sé d'údarás ag aoi-oifigigh forneart a úsáid, lena n-áirítear armáin seirbhíse, armlón agus trealamh, le toiliú an Bhallstáit bhaile agus an Bhallstáit aíochta, agus i láthair ghardaí teorann an Bhallstáit aíochta agus i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit aíochta. 7. De mhaolú ar mhír 6, féadfar armáin seirbhíse, armlón agus trealamh a úsáid i bhféinchosaint dhlisteanach, i gcosaint dhlisteanach aoi-oifigeach nó i gcosaint dhlisteanach daoine eile i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit aíochta. 8. Chun críocha an Rialacháin seo, féadfaidh an Ballstát aíochta aoi-oifigigh a údarú chun na bunachair shonraí náisiúnta agus Eorpacha dá chuid is gá le haghaidh seiceálacha agus faireachas teorann a cheadú. Ní cheadóidh na haoi-oifigigh ach na sonraí is gá le haghaidh chomhlíonadh a gcúraimí agus le haghaidh fheidhmiú a gcumhachtaí. Sula n-imscarfar na haoi-oifigigh, cuirfidh an Ballstát aíochta an Ghníomhaireacht ar an eolas faoi na bunachair shonraí náisiúnta agus Eorpacha a fhéadfar a cheadú. Cuirfidh an Ghníomhaireacht an fhaisnéis sin ar fáil do gach Ballstát a bheidh rannpháirteach san imscaradh. 9. Déanfar an ceadú dá dtagraítear in Airteagal 8 i gcomhréir le dlí an Chomhphobail agus le dlí náisiúnta an Bhallstáit aíochta i réimse na cosanta sonraí. 10. Is iad gardaí teorann an Bhallstáit aíochta amháin a dhéanfaidh cinntí maidir le cead isteach a dhiúltú i gcomhréir le hAirteagal 13 de Rialachán (CE) Uimh. 562/2006. Airteagal 10a Doiciméad creidiúnaithe 1. Eiseoidh an Ghníomhaireacht, i gcomhar leis an mBallstát aíochta, doiciméad i dteanga oifigiúil an Bhallstáit aíochta agus i dteanga oifigiúil eile de chuid institiúidí an Aontais Eorpaigh chuig aoi-oifigigh mar chomhartha aitheantais orthu agus mar chruthúnas ar chearta an tsealbhóra na cúraimí a chomhlíonadh agus na cumhachtaí a fheidhmiú dá dtagraítear in Airteagal 10(1). Beidh na tréithe seo a leanas de chuid an aoi-oifigigh sa doiciméad:
2. Tabharfar an doiciméad ar ais don Ghníomhaireacht ag deireadh na hoibríochta comhpháirtí nó an treoirthionscadail. Airteagal 10b Dliteanas sibhialta 1. I gcás ina mbeidh aoi-oifigigh ag feidhmiú i mBallstát aíochta, is é an Ballstát sin, i gcomhréir lena dhlí náisiúnta, a bheidh faoi dhliteanas i leith aon damáiste a dhéanfaidh siad le linn a gcuid oibríochtaí. 2. I gcás ina mbeidh damáiste den sórt sin ann mar thoradh ar mhórfhaillí nó ar mhí-iompar toiliúil, féadfaidh an Ballstát aíochta dul i dteagmháil leis an mBallstát baile chun go n-aisíocfadh an Ballstát baile aon suimeanna a bheidh íoctha ag an mBallstát aíochta le híospartaigh nó le daoine a mbíonn teideal acu thar a gceann. 3. Gan dochar d'fheidhmiú a cheart i leith tríú páirtithe, tarscaoilfidh gach Ballstát a gcuid éileamh go léir in aghaidh Ballstáit aíochta nó in aghaidh aon Bhallstáit eile ar aon damáiste a dhéantar dóibh, ach amháin i gcásanna mórfhaillí nó mí-iompair thoiliúil. 4. Cuirfidh na Ballstáit faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach aon díospóid a bhainfidh le feidhmiú mhír 2 agus mhír 3 nach féidir a réiteach le caibidlíocht eatarthu, i gcomhréir le hAirteagal 239 den Chonradh. 5. Gan dochar d'fheidhmiú a ceart i leith tríú páirtithe, seasfaidh an Ghníomhaireacht na costais a bhainfidh le damáiste a dhéantar do threalamh na Gníomhaireachta le linn imscaradh, ach amháin i gcásanna mórfhaillí nó mí-iompair thoiliúil. Airteagal 10c Dliteanas coiriúil Le linn imscaradh oibríochta comhpháirtí nó treoirthionscadail, déileálfar le haoi-oifigigh ar an mbealach céanna a dhéileálfar le feidhmeannaigh de chuid an Bhallstáit aíochta maidir le haon chionta coiriúla a d'fhéadfaí a dhéanamh ina n-aghaidh nó a d'fhéadfadh siadsan a dhéanamh. |
CAIBIDIL III
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 13
Meastóireacht
Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo bliain tar éis a theacht i bhfeidhm agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle, agus tograí chun an Rialachán seo a leasú ag gabháil léi, más gá.
Airteagal 14
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát, i gcomhréir leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 11 Iúil 2007
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
H.-G. PÖTTERING
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. LOBO ANTUNES
(1) Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 26 Aibreán 2007 (gan foilsiú fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 12 Meitheamh 2007.
(2) IO L 349, 25.11.2004, lch. 1.
(3) IO L 105, 13.4.2006, lch. 1.
(4) IO L 281, 23.11.1995, lch. 31. Treoir arna leasú le Rialacháin (CE) Uimh. 1882/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 284, 31.10.2003, lch. 1)
(5) IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.
(6) IO L 176, 10.7.1999, lch. 31.
(7) Cinneadh 2004/849/CE ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2004 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus le cur i bhfeidhm sealadach forálacha áirithe den Chomhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir leis an mbaint atá ag Cónaidhm na hEilvéise le cur i ngníomh, cur i bhfeidhm agus forbairt acquis Schengen (IO L 368, 15.12.2004, lch. 26).
(8) Cinneadh 2004/860/CE ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2004 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus le cur i bhfeidhm sealadach forálacha áirithe den Chomhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir leis an mbaint atá ag Cónaidhm na hEilvéise le cur i ngníomh, cur i bhfeidhm agus forbairt acquis Schengen (IO L 370, 17.12.2004, lch. 78).
(9) IO L 131, 1.6.2000, lch. 43.
(10) IO L 64, 7.3.2002, lch. 20.
(11) IO L 199, 31.7.2007, lch. 30.’
(12) IO L 105, 13.4.2006, lch. 1.’
IARSCRÍBHINN
Ráiteas ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún
Aibhsíonn Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún gur chóir iniúchadh a dhéanamh ar gach féidearthacht chun maoiniú a áirithiú i staid ina mbeadh brú práinneach eisceachtúil ag na teorainneacha seachtracha agus go mbeadh gá le hidirghabháil ó Fhoireann Mear-Idirghabhála Teorann agus sa chás go bhféadfadh sé go mbeadh easpa airgid ann i mbuiséad na Gníomhaireachta Eorpaigh chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (FRONTEX) chun an idirghabháil sin a chur i gcrích. Deimhneoidh an Coimisiún, mar chúis fíorphráinne an bhféadfaí cistí a ath-imscaradh. Má tharlaíonn sé go bhfuil gá le cinneadh ón údarás buiséadachta, tionscnóidh an Coimisiún nós imeachta i gcomhréir le forálacha an Rialacháin Airgeadais, eadhon Airteagal 23 agus Airteagal 24, chun cinneadh tráthúil a chinntiú ón dá bhrainse den údarás buiséadach maidir le modh chun maoiniú breise a chur ar fáil do FRONTEX chun Foireann Mear-Idirghabhála Teorann a imscaradh. Tá an t-údarás buiséadach tiomnaithe gníomhú chomh tapa agus is féidir, agus an phráinn á cur san áireamh.
31.7.2007 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L NaN/40 |
RIALACHÁN (CE) Uimh. 864/2007 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 11 Iúil 2007
maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí neamhchonarthacha (‘An Róimh II’)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 61(c) agus 67 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear le hAirteagal 251 den Chonradh i bhfianaise an téacs chomhpháirtigh a d'fhormheas an Coiste Idir-réitigh an 25 Meitheamh 2007 (2),
De bharr an méid seo a leanas:
(1) |
Tá sé leagtha amach mar chuspóir dó féin ag an gComhphobal limistéar saoirse, slándála agus ceartais a chothabháil agus a fhorbairt. Ar mhaithe le limistéar den sórt sin a bhunú go comhleanúnach, tá an Comhphobal le bearta a ghlacadh a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair shibhialta a mbeidh éifeacht thrasteorann acu, a mhéid is gá d'oibriú cuí an mhargaidh inmheánaigh. |
(2) |
De réir Airteagal 65(b) den Chonradh, áireofar sna bearta sin bearta lena ndéanfar comhchuibheas na rialacha is infheidhme sna Ballstáit maidir le heasaontacht dlíthe agus dlínse a chur ar aghaidh. |
(3) |
Rinne an cruinniú den Chomhairle Eorpach in Tampere an 15 agus 16 Deireadh Fómhair 1999 prionsabal aitheantais fhrithpháirtigh breithiúnas agus cinntí eile de chuid údarás breithiúnach a fhormheas mar bhunchloch don chomhar breithiúnach in ábhair shibhialta agus d'iarr an cruinniú ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún clár beart a ghlacadh chun prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh a chur chun feidhme. |
(4) |
An 30 Samhain 2000, ghlac an Chomhairle clár comhpháirteach beart ón gCoimisiún agus ón gComhairle chun prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh cinntí in ábhair shibhialta agus tráchtála a chur chun feidhme (3). Aithnítear sa chlár na bearta a bhaineann le comhchuibhiú rialacha easaontachta dlí mar bhearta a dhéanann aitheantas frithpháirteach breithiúnas a éascú. |
(5) |
I gClár na Háige (4), a ghlac an Chomhairle Eorpach an 5 Samhain 2004, iarradh go mbeifí ag obair go beo ar na rialacha easaontachta dlíthe i dtaca le hoibleagáidí neamhchonarthacha (An Róimh II). |
(6) |
Cruthaíonn oibriú cuí an mhargaidh inmheánaigh gá, d'fhonn feabhas a chur ar intuarthacht thorthaí na dlíthíochta, ar dheimhneacht i dtaca leis an dlí agus ar shaoirse gluaiseachta breithiúnas, go ndéanfadh na rialacha easaontachta dlí sna Ballstáit an dlí náisiúnta céanna a ainmniú, is cuma cén tír ina bhfuil an chúirt ina dtugtar an chaingean. |
(7) |
Ba chóir do raon feidhme substainteach agus d'fhorálacha an Rialacháin seo a bheith ar comhréir le Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 ón gComhairle an 22 Nollaig 2000 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (5) (An Bhruiséil I) agus leis na hionstraimí ina bpléitear leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí conarthacha. |
(8) |
Ba chóir go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo, is cuma cad é cineál na cúirte nó an bhinse a bhfuiltear os a comhair nó os a chomhair. |
(9) |
Ba cheart go n-áireodh éilimh a eascróidh as acta iure imperii éilimh i gcoinne feidhmeannach a ghníomhaíonn thar ceann an Stáit, agus dliteanas i leith gníomhartha údarás poiblí, lena n-áirítear dliteanas sealbhóirí oifige arna gceapadh go poiblí. Dá bhrí sin, ba cheart na hábhair seo a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo. |
(10) |
Ba cheart go bhfolódh caidrimh theaghlaigh tuismíocht, pósadh, cleamhnas agus gaoil chomhthaobhacha. Ba cheart an tagairt atá in Airteagal 1(2) maidir le caidrimh a bhfuil a n-éifeachtaí inchomórtais le pósadh agus caidrimh theaghlaigh eile a léiriú i gcomhréir le dlí an Bhallstáit a bhfuiltear os comhair cúirte ann. |
(11) |
Ní hionann an coincheap a bheadh i mBallstát amháin maidir le hoibleagáid neamhchonarthach agus an coincheap a bheadh i mBallstát eile maidir leis. Dá bhrí sin, chun críocha an Rialacháin seo, tuigfear gur coincheap uathrialach í oibleagáid neamhchonarthach. Ba chóir go gcumhdódh na rialacha easaontachta dlí a leagtar amach sa Rialachán seo oibleagáidí neamhchonarthacha a eascraíonn as diandliteanas chomh maith. |
(12) |
Ba cheart go rialódh an dlí is infheidhme ceist na hinniúlachta ar dhliteanas a thabhú i leith torta nó míghnímh. |
(13) |
Maidir le rialacha comhionanna a chuirtear i bhfeidhm is cuma cén dlí a ainmníonn siad, d'fhéadfadh siad an baol saofa iomaíochta a sheachaint idir dhlíthithe Comhphobail. |
(14) |
Is eilimintí bunúsacha de limistéar ceartais iad an ceangaltas deimhneachta dlíthiúla agus an gá atá ann an ceart a thabhairt i gcásanna aonair. Forálann an Rialachán seo do na nascfhachtóirí is mó is iomchuí chun na cuspóirí sin a bhaint amach. Dá bhrí sin, foráiltear sa Rialachán seo do riail ghinearálta, ach foráiltear ann chomh maith do rialacha sainiúla agus, i bhforálacha áirithe, do ‘chlásal éalaithe’ a cheadaíonn imeacht ó na rialacha sin i gcás inar léir ó imthosca uile an cháis gur follasach gur dlúithe an bhaint atá ag an tort nó ag an míghníomh le tír eile. Dá réir sin, cruthaítear creat solúbtha rialacha easaontachta dlí leis an tsraith rialacha sin. Cuireann sin freisin ar chumas na cúirte a bhfuiltear os a comhair plé le cásanna aonair ar dhóigh is iomchuí. |
(15) |
Is é prionsabal an lex loci delicti commissi an réiteach bunúsach ar oibleagáidí neamhchonarthacha sna Ballstáit uile, geall leis, ach ní hionann cur i bhfeidhm praiticiúil an phrionsabail i gcás ina mbíonn fachtóirí comhpháirte an cháis scaipthe thar líon tíortha. Gineann an staid seo éiginnteacht maidir leis an dlí is infheidhme. |
(16) |
Ba cheart go gcuirfeadh rialacha comhionanna le réamhfheictheacht breithiúnas cúirte agus go n-áiritheodh siad go mbeadh cothromaíocht réasúnta ann idir leasanna an duine a n-éilítear dliteanas a bheith air agus leasanna an duine a ndearnadh damáiste dó. Ach baint a bheith leis an tír ina ndearnadh an damáiste díreach (lex loci damni) aimsítear cothromaíocht chóir idir leasanna an duine a n-éilítear dliteanas a bheith air agus leasanna an duine a ndéantar damáiste dó, agus léiríonn sé freisin an cur chuige nua-aimseartha i leith an dliteanais shibhialta agus forbairt córas diandliteanais. |
(17) |
Ba cheart an dlí is infheidhme a chinneadh ar bhonn na háite ina ndéantar an damáiste, gan aird ar an tír ná ar na tíortha ina bhféadfadh na hiarmhairtí indíreacha tarlú. Dá réir sin, i gcásanna díobhála pearsanta nó damáiste do mhaoin, ba chóir gurbh í an tír ina dtarlaíonn an damáiste an tír ina ndearnadh an díobháil nó ina ndearnadh damáiste don mhaoin, faoi seach. |
(18) |
Ba cheart gurbh í an riail ghinearálta sa Rialachán seo an lex loci damni dá bhforáiltear in Airteagal 4(1). Ba cheart go bhféachfaí ar Airteagal 4(2) mar eisceacht ón bprionsabal ginearálta seo, sa mhéid go gcruthaíonn sé baint speisialta i gcás ina mbíonn gnáthchónaí ar na páirtithe sa tír chéanna. Ba cheart go dtuigfí gur ‘clásal éalaithe’ ó Airteagal 4(1) agus (2) é Airteagal 4(3), i gcás inar léir ó imthosca uile an cháis gur follasach gur dlúithe an bhaint atá ag an tort nó ag an míghníomh le tír eile. |
(19) |
Ba cheart rialacha sonracha a leagan síos do thortanna speisialta nó do mhíghníomhartha speisialta i gcás nach gceadaíonn an riail ghinearálta go dtiocfaí ar chothromaíocht idir na leasanna uile atá i gceist. |
(20) |
Ba cheart go mbainfeadh riail na heasaontachta dlí in ábhair dhliteanais i leith táirgí amach na cuspóirí atá ann na rioscaí a scaipeadh amach go cothrom ar cuid de dhlúth agus d'inneach na sochaí nua-aimseartha ardteicneolaíochta iad, sláinte tomhaltóirí a chosaint, an nuálaíocht a spreagadh, an iomaíocht neamhshaofa a shlánú agus an trádáil a éascú. Réiteach cothrom atá ann, maidir leis na cuspóirí sin, córas easghluaiseachta nascfhachtóirí, mar aon le clásal réamhfheictheachta a chruthú. Is é an chéad rud a chaithfear a chur san áireamh dlí na tíre ina raibh gnáthchónaí ar an duine a ndéantar an damáiste dó nó di nuair a tharla an damáiste, má bhí an táirge á mhargú sa tír sin. Cuirtear siúl faoi eilimintí eile na heasghluaiseachta mura raibh an táirge á mhargú sa tír sin, gan dochar d'Airteagal 4(2) ná don fhéidearthacht gurbh fhollasach go raibh baint níos dlúithe le tír eile i gceist. |
(21) |
Maidir leis an riail speisialta atá in Airteagal 6, ní heisceacht ón riail ghinearálta atá in Airteagal 4(1) í; is amhlaidh a dhéanann sí soiléiriú uirthi. In ábhair iomaíochta éagóraí, ba cheart do riail na heasaontachta dlí iomaitheoirí, tomhaltóirí agus an pobal i gcoitinne a chosaint agus a áirithiú go bhfeidhmeoidh an geilleagar margaidh mar is cuí. Déanann an bhaint le dlí na tíre ina ndéantar, nó inar dócha go ndéanfaí, difear don chaidreamh iomaíoch nó do chomhleasanna na dtomhaltóirí na cuspóirí sin a shásamh, a bheag nó a mhór. |
(22) |
Na hoibleagáidí neamhchonarthacha sin a thig de dhroim srianta ar iomaíocht atá in Airteagal 6(3), ba chóir go bhfolóidís sáruithe ar dhlí iomaíochta náisiúnta agus ar dhlí iomaíochta Comhphobail araon. Ba chóir gurb é an dlí a bheadh infheidhme ar oibleagáidí neamhchonarthacha den sórt sin dlí na tíre ina ndéanfaí, nó inar dócha go ndéanfaí, difear don mhargadh. I gcásanna ina ndéanfar, nó inar dócha go ndéanfaí, difear don mhargadh i mbreis agus tír amháin, ba chóir go mbeadh an t-éilitheoir in ann a roghnú, i gcásanna áirithe, go mbunófaí a éileamh nó a héileamh ar dhlí na cúirte a bhfuiltear os a comhair. |
(23) |
Chun críocha an Rialacháin seo, ba cheart go gcumhdódh coincheap an tsriain ar iomaíocht toirmisc ar chomhaontuithe idir ghnóthais, ar chinntí comhlachas gnóthas agus ar chleachtais chomhbheartaithe arb é a gcuspóir nó a n-éifeacht iomaíocht a chosc, a shrianadh nó a shaobhadh laistigh de Bhallstát nó laistigh den mhargadh inmheánach, agus toirmisc ar mhí-úsáid ceannasachta laistigh de Bhallstát nó laistigh den mhargadh inmheánach má tá toirmeasc ar chomhaontuithe, ar chinntí, ar chleachtais chomhbheartaithe nó ar mhí-úsáid den sórt sin faoi Airteagail 81 agus 82 den Chonradh nó faoi dhlí Ballstáit. |
(24) |
Ba cheart go gciallódh damáiste comhshaoil athrú chun donais ar acmhainn nádúrtha, amhail uisce, talamh nó aer, lagú ar fheidhm a bhí á déanamh ag an acmhainn sin chun tairbhe acmhainne nádúrtha eile nó chun tairbhe an phobail, nó lagú ar an athraitheacht i measc orgánach beo. |
(25) |
Maidir le damáiste don chomhshaol, tugtar bunús daingean d'úsáid phrionsabal an idirdhealaithe i bhfabhar an duine a ndéantar an damáiste dó in Airteagal 174 den Chonradh, lena bhforáiltear gur cheart ardleibhéal cosanta bunaithe ar phrionsabal an réamhchúraim agus ar an bprionsabal gur chóir bearta coisctheacha a ghlacadh, ar an bprionsabal go dtabharfar tosaíocht do bhearta chun damáiste don chomhshaol a cheartú ag an bhfoinse agus ar an bprionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as. Ba cheart gur i gcomhréir le dlí an Bhallstáit a bhfuiltear os comhair na cúirte ann a dhéanfaí cinneadh maidir leis an uair ar féidir leis an duine a bhfuil cúiteamh á lorg aige rogha a dhéanamh maidir leis an dlí is infheidhme. |
(26) |
Maidir le sáruithe ar chearta maoine intleachtúla, ba cheart prionsabal an lex loci protectionis a aithnítear go forleathan, a chaomhnú. Chun críocha an Rialacháin seo, ba cheart an téarma ‘cearta maoine intleachtúla’ a léiriú mar ní a chiallaíonn, mar shampla, cóipcheart, cearta gaolmhara, an ceart sui generis chun bunachair shonraí a chosaint agus cearta maoine tionsclaíche. |
(27) |
Ní hionann go baileach an coincheap a bheadh i mBallstát amháin maidir le gníomhaíocht thionsclaíoch, gníomhaíocht stailce nó frithdhúnadh mar shampla, agus a bheadh i mBallstát eile agus rialaítear le rialacha inmheánacha gach Ballstáit é. Dá bhrí sin, glacann an Rialachán seo chuige féin mar phrionsabal ginearálta gur cheart go mbeadh feidhm ag dlí na tíre ina ndearnadh an ghníomhaíocht thionsclaíoch, ionas go ndéanfaí cearta agus oibleagáidí oibrithe agus fostóirí a chosaint. |
(28) |
Ní dhéanfaidh an riail speisialta maidir le gníomhaíocht thionsclaíoch atá in Airteagal 9 dochar do na coinníollacha a bhaineann le gníomhaíocht den sórt sin a dhéanamh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus gan dochar do stádas dlíthiúil ceardchumann nó na n-eagraíochtaí a ionadaíonn oibrithe de réir mar a fhoráiltear le dlí na mBallstát. |
(29) |
Ba cheart foráil a dhéanamh do rialacha speisialta i gcás inar gníomh nach tort ná míghníomh, a dhéanann an damáiste, amhail saibhriú éagórach nó negotiorum gestio agus culpa in contrahendo. |
(30) |
Chun críocha an Rialacháin seo, is coincheap uathrialach culpa in contrahendo agus ní gá gur cheart é a léirmhíniú de réir bhrí an dlí náisiúnta. Ba cheart go n-áireodh sé sárú ar dhualgas nochta agus briseadh síos caibidlíochtaí conarthacha. Ní fholaíonn Airteagal 12 ach na hoibleagáidí neamhchonarthacha ina bhfuil nasc díreach leis na déileálacha a bhí ann roimh thabhairt i gcrích an chonartha. Ciallaíonn sé seo, má fhulaingíonn duine díobháil phearsanta agus conradh fós á chaibidil, gur cheart go mbeadh feidhm ag Airteagal 4 nó ag forálacha ábhartha eile an Rialacháin seo. |
(31) |
Chun prionsabal neamhspleáchas na bpáirtithe a urramú agus chun cur leis an deimhneacht dhlíthiúil, ba cheart go gceadófaí do na páirtithe rogha a dhéanamh maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáid neamhchonarthach. Ba cheart go gcuirfeadh imthosca an cháis an rogha in iúl nó go léireodh siad í le deimhneacht réasúnta. I gcás ina mbeifear ag suíomh go bhfuil comhaontú ann, caithfidh an chúirt a bhfuil ar intinn ag na páirtithe a urramú. Ba cheart go dtabharfaí cosaint do pháirtithe laga trí choinníollacha áirithe a fhorchur ar an rogha. |
(32) |
Cosnaíonn dálaí leasa phoiblí go dtabharfaí an fhéidearthacht do chúirteanna na mBallstát, in imthosca eisceachtúla, eisceachtaí a chur i bhfeidhm bunaithe ar bheartas poiblí agus forálacha sainordaitheacha a shárú. Go háirithe, maidir le cur i bhfeidhm fhoráil den dlí a ainmnítear sa Rialachán seo a mbeadh sé d'éifeacht aici a bheith ina cúis le damáistí samplacha neamhchúitimh nó le damáistí pionósacha neamhchúitimh de chineál iomarcach a thabhairt ag brath ar imthosca an cháis agus ar ord dlíthiúil Bhallstát na cúirte a bhfuiltear os a comhair, d'fhéadfaí a mheas go bhfuil sin ag cur in aghaidh bheartas poiblí (ordre public) an fhóraim. |
(33) |
De réir na rialacha náisiúnta reatha maidir leis an gcúiteamh a thugtar d'íospartaigh taismí bóthair, agus damáistí á meas do ghortú pearsanta i gcásanna ina dtarlaíonn an taisme i Stát seachas an Stát ina bhfuil gnáthchónaí ar an íobartach, ba cheart go ndéanfadh an chúirt a bhfuiltear os a comhair imthosca ábhartha iarbhír uile an íobartaigh áirithe sin a chur san áireamh, lena n-áirítear go háirithe caillteanais agus costais iarbhír an iarchúraim agus na gcúram leighis. |
(34) |
Chun cothromaíocht réasúnach a aimsiú idir pháirtithe, ní foláir rialacha sábháilteachta agus iompair atá i bhfeidhm sa tír ina ndearnadh an gníomh díobhálach a chur san áireamh, a mhéid is iomchuí, fiú i gcás ina mbeidh an oibleagáid neamhchonarthach á rialú ag dlí tíre eile. Ba cheart go léireofaí leis an mbrí a bhainfí as an téarma ‘rialacha sábháilteachta agus iompair’ go dtagraíonn sé do na rialacháin uile a bhfuil baint acu le sábháilteacht agus le hiompar, lena n-áirítear, mar shampla, rialacha sábháilteachta bóthair i gcás tionóisce. |
(35) |
Ba cheart an staid a sheachaint ina mbeadh rialacha easaontachta dlí scaipthe ar líon rialacha agus ina mbeadh difríochtaí idir na rialacha sin. Ní fhágann an Rialachán seo nach bhféadfaí rialacha easaontachta dlí a bhaineann le hoibleagáidí neamhchonarthacha a áireamh i bhforálacha an dlí Chomhphobail i dtaca le hábhair áirithe. Níor cheart don Rialachán seo dochar a dhéanamh do chur i bhfeidhm ionstraimí eile lena leagtar síos forálacha a ceapadh chun rannchuidiú le hoibriú cuí an mhargaidh inmheánaigh a mhéid nach féidir iad a chur i bhfeidhm i gcomhar leis an dlí a ainmnítear le rialacha an Rialacháin seo. Níor cheart go gcuirfeadh cur i bhfeidhm fhorálacha an dlí is infheidhme a ainmnítear de réir rialacha an Rialacháin seo srian ar shaorghluaiseacht earraí agus seirbhísí a rialaítear le hionstraimí Comhphobail, amhail Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe áirithe dlí de sheirbhísí sochaí faisnéise, an trádáil leictreonach go háirithe, sa Mhargadh Inmheánach (Treoir maidir leis an trádáil leictreonach) (6). |
(36) |
Níor cheart go ligfeadh an urraim do thiomantais idirnáisiúnta a rinne na Ballstáit don Rialachán seo difear a dhéanamh do choinbhinsiúin idirnáisiúnta a bhfuil Ballstát amháin nó níos mó ina bpáirtithe iontu tráth a nglactar an Rialachán seo. Chun gur inrochtanaí na rialacha, ba cheart don Choimisiún liosta de na coinbhinsiún ábhartha a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, ar bhonn faisnéise a chuirfidh na Ballstáit ar fáil. |
(37) |
Déanfaidh an Coimisiún togra chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir leis na nósanna imeachta agus na coinníollacha ar dá réir a bheadh na Ballstáit i dteideal comhaontuithe a chaibidil agus a thabhairt i gcrích thar a gceann féin le tríú tíortha i gcásanna aonair eisceachtúla, maidir le hábhair earnálacha, ina mbeadh forálacha maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí neamhchonarthacha. |
(38) |
Ó tharla nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach agus dá bhrí sin, gur fearr, de bharr fhairsinge agus iarmhairtí an Rialacháin seo, is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach. |
(39) |
I gcomhréir le hAirteagal 3 den Phrótacal maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, tá an Ríocht Aontaithe agus Éire rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo. |
(40) |
I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 den Phrótacal maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus ní bheidh sé ina cheangal ar an Danmhairg ná ní bheidh sí faoi réir a chur i bhfeidhm, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL I
RAON FEIDHME
Airteagal 1
Raon feidhme
1. Beidh feidhm ag an Rialachán seo, i staideanna ina mbeidh easaontacht dlíthe, maidir le hoibleagáidí neamhchonarthacha in ábhair shibhialta agus tráchtála. Ní bheidh feidhm aige, go háirithe, maidir le hábhair ioncaim, custaim ná riaracháin ná le dliteanas an Stáit i leith gníomhartha agus neamhghníomhartha i bhfeidhmiú údarás an Stáit (acta iure imperii).
2. Eisiafar na hábhair seo a leanas ó raon feidhme an Rialacháin seo:
(a) |
oibleagáidí neamhchonarthacha a eascraíonn as gaoil teaghlaigh nó as gaoil a measann an dlí is infheidhme ar ghaoil den sórt sin go bhfuil comhéifeacht acu, lena n-áirítear oibleagáidí cothabhála; |
(b) |
oibleagáidí neamhchonarthacha a eascraíonn as socruithe maidir le maoin phósta nó socruithe maidir le maoin ghaol a measann an dlí is infheidhme ar ghaoil den sórt sin go bhfuil comhéifeacht acu le pósadh, agus uachtanna agus comharbais; |
(c) |
oibleagáidí neamhchonarthacha a eascraíonn as billí malairte, seiceanna, nótaí gealltanais agus ionstraimí soshannta eile a mhéid gur ó shoshanntacht na n-ionstraimí soshannta eile sin a eascraíonn na hoibleagáidí a thagann díobh; |
(d) |
oibleagáidí neamhchonarthacha a eascraíonn as an dlí cuideachtaí agus comhlachtaí eile, corpraithe nó neamhchorpraithe, maidir le hábhair amhail bunú, trí chlárú nó eile, inniúlacht dhlíthiúil, eagraíocht inmheánach nó foirceannadh cuideachtaí agus comhlachtaí eile, corpraithe nó neamhchorpraithe, agus dliteanas pearsanta oifigeach agus comhaltaí, sa cháil sin dóibh, i leith oibleagáidí na cuideachta nó an chomhlachta agus le dliteanas pearsanta iniúchóirí i leith cuideachta nó i leith a comhaltaí in iniúchadh reachtach doiciméad cuntasaíochta; |
(e) |
oibleagáidí neamhchonarthacha a eascraíonn as an gcaidreamh idir socraitheoirí, iontaobhaithe agus tairbhithe iontaobhais a cruthaíodh go saorálach; |
(f) |
oibleagáidí neamhchonarthacha a eascraíonn as damáiste núicléach; |
(g) |
oibleagáidí neamhchonarthacha a eascraíonn as sáruithe príobháideachta agus ceart a bhaineann le pearsantacht, lena n-áirítear clúmhilleadh. |
3. Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le fianaise ná le nós imeachta, gan dochar d'Airteagail 21 agus 22.
4. Chun críocha an Rialacháin seo, ciallóidh ‘Ballstát’ aon Bhallstát seachas an Danmhairg.
Airteagal 2
Oibleagáidí neamhchonarthacha
1. Chun críocha an Rialacháin seo, folóidh damáiste aon iarmhairt a eascróidh as tort nó míghníomh, saibhriú éagórach, negotiorum gestio nó culpa in contrahendo.
2. Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le hoibleagáidí neamhchonarthacha ar dóigh dóibh eascairt.
3. Maidir le tagairtí sa Rialachán seo,
(a) |
aon tagairt do theagmhas as a n-éireoidh damáiste, folóidh sé na teagmhais sin as a n-éireoidh damáiste is dóigh a tharlóidh; agus |
(b) |
aon tagairt do dhamáiste, folóidh sé an damáiste is dóigh a tharlóidh. |
Airteagal 3
Cur i bhfeidhm uilíoch
Déanfar aon dlí a shonraítear leis an Rialachán seo a chur i bhfeidhm cibé acu an dlí nó nach dlí de chuid Ballstáit é.
CAIBIDIL II
TORTANNA NÓ MÍGHNÍOMHARTHA
Airteagal 4
Riail ghinearálta
1. Mura bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo, is é an dlí a bheidh infheidhme maidir le hoibleagáid neamhchonarthach a eascróidh as tort nó as míghníomh dlí na tíre ina dtarlóidh an damáiste, is cuma cén tír inar tharla an teagmhas as ar éirigh an damáiste agus is cuma cén tír ina dtarlóidh iarmhairtí indíreacha an teagmhais sin.
2. Ar a shon sin, i gcás ina mbeidh gnáthchónaí sa tír chéanna ar an duine a éileofar a bheith faoi dhliteanas agus ar an duine a ndéanfar damáiste dó nuair a tharlóidh an damáiste, beidh feidhm ag dlí na tíre sin.
3. I gcás inar léir ó imthosca uile an cháis gur follasach gur dlúithe an bhaint atá ag an tort nó ag an míghníomh le tír seachas an tír a shonraítear i mír 1 nó mír 2, beidh feidhm ag dlí na tíre eile sin. D'fhéadfadh baint ar follasach gur dlúithe í le tír eile a bheith bunaithe go háirithe ar ghaol a bhí ann cheana idir na páirtithe, amhail conradh, a bhfuil dlúthbhaint aige leis an tort nó leis an míghníomh atá i gceist.
Airteagal 5
Dliteanas i leith táirge
1. Gan dochar d'Airteagal 4(2), is é an dlí a bheidh infheidhme maidir le hoibleagáid neamhchonarthach a eascróidh as damáiste arb é táirge is cúis leis:
(a) |
dlí na tíre ina raibh gnáthchónaí ar an duine a ndéanfar an damáiste dó nó di nuair a tharla an damáiste, má bhí an táirge á mhargú sa tír sin; nó, dá uireasa sin, |
(b) |
dlí na tíre ina bhfuarthas an táirge, má bhí an táirge á mhargú sa tír sin; nó, dá uireasa sin, |
(c) |
dlí na tíre inar tharla an damáiste, má bhí an táirge á mhargú sa tír sin. |
Ar a shon sin, is é an dlí a bheidh infheidhme dlí na tíre ina bhfuil gnáthchónaí ar an duine a éileofar a bheith faoi dhliteanas mura réasúnta go réamhfheicfeadh sé nó sí margú an táirge, nó margú táirge dá shamhail, sa tír a mbeidh a dlí infheidhme faoi (a), (b) nó (c).
2. I gcás inar léir ó imthosca uile an cháis gur follasach gur dlúithe an bhaint atá ag an tort nó ag an míghníomh le tír seachas an tír a shonraítear i mír 1, beidh feidhm ag dlí na tíre eile sin. D'fhéadfadh baint ar follasach gur dlúithe í le tír eile a bheith bunaithe go háirithe ar chaidreamh a bhí ann cheana idir na páirtithe, amhail conradh, a bhfuil dlúthbhaint aige leis an tort nó leis an míghníomh atá i gceist.
Airteagal 6
Iomaíocht éagórach agus gníomhartha lena sriantar saoriomaíocht
1. Is é an dlí a bheidh infheidhme maidir le hoibleagáid neamhchonarthach a eascróidh as gníomh iomaíochta éagóraí dlí na tíre ina ndéanfar, nó inar dócha go ndéanfaí, difear don chaidreamh iomaíoch nó do chomhleasanna na dtomhaltóirí.
2. I gcás ina ndéanfaidh gníomh iomaíochta éagóraí difear do leasanna iomaitheora áirithe go heisiach, beidh feidhm ag Airteagal 4.
3. |
|
4. Ní fhéadfar maolú ar an dlí is infheidhme faoin Airteagal seo le comhaontú de bhun Airteagal 14.
Airteagal 7
Damáiste don chomhshaol
Is é an dlí a bheidh infheidhme maidir le hoibleagáid neamhchonarthach a eascróidh as damáiste don chomhshaol nó as damáiste a dhéanfar do dhaoine nó do mhaoin de thoradh an damáiste sin an dlí a chinnfear de bhun Airteagal 4(1), mura roghnóidh an duine a bheidh ag lorg cúitimh as an damáiste sin a éileamh nó a héileamh a bhunú ar dhlí na tíre inar tharla an teagmhas as ar éirigh an damáiste.
Airteagal 8
Sárú ar chearta maoine intleachtúla
1. Is é an dlí a bheidh infheidhme maidir le hoibleagáid neamhchonarthach a eascróidh as sárú ar chearta maoine intleachtúla dlí na tíre a n-éileofar an chosaint ina leith.
2. I gcás oibleagáide neamhchonarthaí a eascróidh as sárú ar cheart aonadach Comhphobail maoine intleachtúla, is é an dlí a bheidh infheidhme, ar aon cheist nach mbeidh faoi rialú ag an ionstraim Chomhphobail ábhartha, dlí na tíre ina ndearnadh an sárú.
3. Ní fhéadfar maolú ar an dlí is infheidhme faoin Airteagal seo le comhaontú de bhun Airteagal 14.
Airteagal 9
Gníomhaíocht thionsclaíoch
Gan dochar d'Airteagal 4(2), is é an dlí a bheidh infheidhme maidir le hoibleagáid neamhchonarthach i ndáil le dliteanas duine ina cháil mar oibrí nó mar fhostóir nó le dliteanas na n-eagraíochtaí a ionadaíonn a leasanna gairmiúla i leith damáistí arb í gníomhaíocht thionsclaíoch, ar feitheamh nó ar siúl, is cúis leo, dlí na tíre ina seolfar nó inar seoladh an ghníomhaíocht.
CAIBIDIL III
SAIBHRIÚ ÉAGÓRACH, NEGOTIORUM GESTIO AGUS CULPA IN CONTRAHENDO
Airteagal 10
Saibhriú éagórach
1. Má bhaineann oibleagáid neamhchonarthach a eascróidh as saibhriú éagórach, lena n-áirítear méideanna a fuarthas go mícheart a íoc, le gaol atá ann idir na páirtithe, ar nós gaoil a eascróidh as conradh nó as tort nó as míghníomh, a mbeidh dlúthbhaint aige leis an saibhriú éagórach sin, beidh sí faoi rialú ag an dlí a rialóidh an gaol sin.
2. I gcás nach féidir an dlí is infheidhme a chinneadh ar bhonn mhír 1 agus ina mbeidh gnáthchónaí ar na páirtithe sa tír chéanna nuair a tharlóidh an teagmhas as a n-éireoidh saibhriú éagórach, beidh feidhm ag dlí na tíre sin.
3. I gcás nach féidir an dlí is infheidhme a chinneadh ar bhonn mhír 1 nó mhír 2, is é an dlí a bheidh infheidhme dlí na tíre inar tharla an saibhriú éagórach.
4. I gcás inar léir ó imthosca uile an cháis gur follasach gur dlúithe an bhaint atá ag an oibleagáid neamhchonarthach a eascróidh as saibhriú éagórach le tír seachas an tír a shonraítear i míreanna 1, 2 agus 3, beidh feidhm ag dlí na tíre eile sin.
Airteagal 11
Negotiorum gestio
1. Má bhaineann oibleagáid neamhchonarthach a eascróidh as gníomh a rinneadh gan údarás cuí i ndáil le gnóthaí duine eile le gaol atá ann idir na páirtithe, ar nós gaoil a eascróidh as conradh nó as tort nó as míghníomh, a bhfuil dlúthbhaint aige leis an oibleagáid neamhchonarthach sin, beidh sí faoi rialú ag an dlí a rialaíonn an gaol sin.
2. I gcás nach féidir an dlí is infheidhme a chinneadh ar bhonn mhír 1 agus ina mbeidh gnáthchónaí ar na páirtithe sa tír chéanna nuair a tharlóidh an teagmhas as a n-éireoidh an damáiste, beidh feidhm ag dlí na tíre sin.
3. I gcás nach féidir an dlí is infheidhme a chinneadh ar bhonn mhír 1 nó mhír 2, is é an dlí a bheidh infheidhme dlí na tíre ina ndearnadh an gníomh.
4. I gcás inar léir ó imthosca uile an cháis gur follasach gur dlúithe an bhaint atá ag an oibleagáid neamhchonarthach a eascróidh as gníomh a rinneadh gan údarás cuí i ndáil le gnóthaí duine eile le tír seachas an tír a shonraítear i míreanna 1, 2 agus 3, beidh feidhm ag dlí na tíre eile sin.
Airteagal 12
Culpa in contrahendo
1. Is é an dlí a bheidh infheidhme maidir le hoibleagáid neamhchonarthach a eascróidh as déileálacha a tharla sular tugadh an conradh i gcrích, gan aird ar tugadh nó nár tugadh an conradh i gcrích iarbhír, an dlí is infheidhme maidir leis an gconradh nó a bheadh infheidhme maidir leis dá mbeadh sé tugtha i gcrích.
2. I gcás nach féidir an dlí is infheidhme a chinneadh ar bhonn mhír 1, is é an dlí seo a leanas a bheidh infheidhme:
(a) |
dlí na tíre ina dtarlóidh an damáiste, is cuma cén tír inar tharla an teagmhas as ar éirigh an damáiste agus is cuma cén tír nó cé na tíortha inar tharla iarmhairtí indíreacha an teagmhais sin; nó |
(b) |
i gcás ina mbeidh gnáthchónaí ar na páirtithe sa tír chéanna nuair a tharlóidh an teagmhas as a n-éireoidh an damáiste, dlí na tíre sin; nó |
(c) |
i gcás inar léir ó imthosca uile an cháis gur follasach gur dlúithe an bhaint atá ag an oibleagáid neamhchonarthach a eascróidh as déileálacha a tharla sular tugadh conradh i gcrích le tír seachas an tír a shonraítear i bpointí (a) agus (b), beidh feidhm ag dlí na tíre eile sin. |
Airteagal 13
Infheidhmeacht Airteagal 8
Chun críocha na Caibidle seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 maidir le hoibleagáidí neamhchonarthacha a eascróidh as sárú ar cheart maoine intleachtúla.
CAIBIDIL IV
SAOIRSE ROGHA
Airteagal 14
Saoirse rogha
1. Féadfaidh na páirtithe comhaontú a n-oibleagáidí neamhchonarthacha a chur faoi réir dlí dá rogha:
(a) |
trí chomhaontú a thabharfar i gcrích tar éis don teagmhas as ar éirigh an damáiste tarlú; nó |
(b) |
i gcás ina bhfuil na páirtithe ag saothrú gníomhaíochta tráchtála, freisin trí chomhaontú arna chaibidil faoi shaoirse sular tharla an teagmhas as ar éirigh an damáiste. |
Déanfar an rogha a shonrú nó a léiriú le deimhneacht réasúnta le himthosca an cháis agus ní dhéanfaidh an rogha difear do chearta tríú páirtithe.
2. I gcás ina mbeidh na heilimintí go léir a bheidh ábhartha maidir leis an staid, tráth tarlaithe an teagmhais as a n-éireoidh an damáiste, lonnaithe i dtír seachas an tír ar roghnaíodh a dlí, ní dhéanfaidh rogha na bpáirtithe dochar do chur i bhfeidhm na bhforálacha sin de dhlí na tíre eile sin nach féidir maolú orthu trí chomhaontú.
3. I gcás ina mbeidh na heilimintí go léir a bheidh ábhartha maidir leis an staid, tráth tarlaithe an teagmhais as a n-éireoidh an damáiste, lonnaithe i gceann amháin nó níos mó de na Ballstáit agus nach dlí de chuid Ballstáit an dlí is infheidhme a roghnaigh na páirtithe, ní dhéanfaidh an rogha sin dochar do chur i bhfeidhm na bhforálacha sin de dhlí an Chomhphobail nach féidir maolú orthu trí chomhaontú, i gcás inar iomchuí de réir mar a chuirfear i bhfeidhm iad i mBallstát an fhóraim.
CAIBIDIL V
RIALACHA COMHCHOITEANNA
Airteagal 15
Raon feidhme an dlí is infheidhme
An dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí neamhchonarthacha faoin Rialachán seo, rialóidh sé go háirithe:
(a) |
bonn agus réim an dliteanais, lena n-áirítear cinneadh na ndaoine a fhéadfar a chur faoi dhliteanas i leith gníomhartha a dhéanfaidh siad; |
(b) |
na forais le díolúine ó dhliteanas, aon teorannú ar dhliteanas agus aon chionroinnt dliteanais; |
(c) |
marthain, cineál agus measúnú an damáiste, nó an leigheas a éileofar; |
(d) |
faoi réim theorainneacha na gcumhachtaí a thabharfar don chúirt lena dlí nós imeachta, na bearta a fhéadfaidh cúirt a ghlacadh chun díobháil nó damáiste a chosc nó deireadh a chur léi nó leis nó chun soláthar cúitimh a áirithiú; |
(e) |
ceist sin an féidir ceart chun damáistí a éileamh nó leigheas a aistriú, lena n-áirítear trí oidhreacht; |
(f) |
daoine a bheidh i dteideal cúitimh ar dhamáiste a rinneadh dóibh go pearsanta; |
(g) |
dliteanas i leith gníomhartha duine eile; |
(h) |
an bealach chun oibleagáidí a mhúchadh agus na rialacha maidir le rúradh agus teorannú, lena n-áirítear na rialacha a bhaineann le tosú, le hidirbhriseadh agus le fionraí tréimhse rúraidh nó tréimhse teorann. |
Airteagal 16
Forálacha sainordaitheacha sáraitheacha
Ní chuirfidh aon ní sa Rialachán seo srian le cur i bhfeidhm fhorálacha dhlí an fhóraim i dtoisc inar forálacha sainordaitheacha iad, is cuma cén dlí is infheidhme ar shlí eile maidir leis an oibleagáid neamhchonarthach.
Airteagal 17
Rialacha sábháilteachta agus iompair
Agus iompar an duine a éileofar a bheith faoi dhliteanas á mheasúnú, tabharfar aird, mar cheist fhíorais agus a mhéid is iomchuí, ar na rialacha sábháilteachta agus iompair a bhí i bhfeidhm san áit inar tharla an teagmhas as a n-éireoidh an dliteanas agus ag an am a tharla.
Airteagal 18
Caingean dhíreach i gcoinne árachóir an duine atá faoi dhliteanas
Féadfaidh an duine a ndearnadh damáiste dó nó di a éileamh nó a héileamh a thabhairt go díreach i gcoinne árachóir an duine a bheidh faoi dhliteanas cúiteamh a sholáthar má fhoráiltear amhlaidh leis an dlí is infheidhme maidir leis an oibleagáid neamhchonarthach nó leis an dlí is infheidhme maidir leis gconradh árachais.
Airteagal 19
Seachaíocht
I gcás ina mbeidh éileamh neamhchonarthach ag duine (‘an creidiúnaí’) ar dhuine eile (‘an féichiúnaí’) agus go mbeidh de dhualgas ar thríú duine an creidiúnaí a shásamh, nó go mbeidh an creidiúnaí sásaithe aige iarbhír mar urscaoileadh ar an dualgas sin, is é an dlí lena rialófar dualgas an tríú duine an creidiúnaí a shásamh a chinnfidh an mbeidh, agus a mhéid a bheidh, an tríú duine i dteideal na cearta sin a fheidhmiú a bhí ag an gcreidiúnaí in aghaidh an fhéichiúnaí faoin dlí lena rialófar a ngaol.
Airteagal 20
Dliteanas iolrach
Má bhíonn éileamh ag creidiúnaí ar líon féichiúnaithe a bhfuil dliteanas orthu i leith an éilimh chéanna agus go bhfuil an t-éileamh sásaithe go hiomlán nó go páirteach ag féichiúnaí amháin, is é an dlí is infheidhme maidir leis an oibleagáid neamhchonarthach a bheidh ar an bhféichiúnaí sin i leith an chreidiúnaí a rialóidh ceart an fhéichiúnaí sin cúiteamh a iarraidh ar na féichiúnaithe eile.
Airteagal 21
Bailíocht fhoirmiúil
Beidh bailíocht fhoirmiúil ag gníomh aontaobhach a mbeartófar éifeacht dhlíthiúil a bheith aige agus a bhainfidh le hoibleagáid neamhchonarthach má shásaíonn sé ceanglais fhoirmiúla an dlí lena rialófar an oibleagáid neamhchonarthach atá i gceist nó ceanglais fhoirmiúla dhlí na tíre ina ndéantar an gníomh.
Airteagal 22
Dualgas cruthúnais
1. Beidh feidhm ag an dlí lena rialófar oibleagáid neamhchonarthach faoin Rialachán seo sa mhéid go mbeidh rialacha ann, in ábhair oibleagáidí neamhchonarthacha, lena mbunófar toimhdí dlí nó lena gcinnfear an dualgas cruthúnais.
2. Féadfar gníomhartha a mbeartófar éifeacht dhlíthiúil a bheith acu a chruthú le haon mhodh cruthúnais a aithneofar le dlí an fhóraim nó le haon cheann de na dlíthe dá dtagraítear in Airteagal 21 faoina mbeidh bailíocht fhoirmiúil ag an ngníomh sin, ar choinníoll gur féidir leis an bhfóram an modh cruthúnais sin a riar.
CAIBIDIL VI
FORÁLACHA EILE
Airteagal 23
Gnáthchónaí
1. Chun críocha an Rialacháin seo, measfar gurb í áit an riaracháin lárnaigh gnáthchónaí cuideachtaí nó gnólachtaí agus comhlachtaí eile, corpraithe nó neamhchorpraithe.
I gcás ina dtarlóidh an teagmhas as a n-éireoidh an damáiste, nó i gcás ina dtarlóidh an damáiste, le linn oibriú brainse, gníomhaireachta nó aon fhorais eile, déileálfar leis an áit a mbeidh an brainse, an ghníomhaireacht nó aon fhoras eile lonnaithe mar an áit ghnáthchónaithe.
2. Chun críocha an Rialacháin seo, is í a phríomháit nó a príomháit gnó a bheidh mar ghnáthchónaí ag duine nádúrtha ag gníomhú dó i rith a ghníomhaíochta gnó nó ag gníomhú di i rith a gníomhaíochta gnó.
Airteagal 24
Renvoi a eisiamh
Ciallaíonn cur i bhfeidhm dhlí aon tíre a shonraítear leis an Rialachán seo cur i bhfeidhm na rialacha dlí a bheidh i bhfeidhm sa tír sin seachas a rialacha dlí idirnáisiúnta phríobháidigh.
Airteagal 25
Stáit a bhfuil níos mó ná córas dlí amháin acu
1. I gcás ina gcuimseofar i Stát aonaid chríochacha leithleacha a mbeidh a rialacha dlí féin ag gach aonad díobh i dtaobh oibleagáidí neamhchonarthacha, féachfar ar gach aonad críche mar thír chun go n-aithneofaí an dlí is infheidhme faoin Rialachán seo.
2. Ballstát ina mbeidh a rialacha dlí féin ag aonaid chríochacha i dtaobh oibleagáidí neamhchonarthacha, ní cheanglófar air an Rialachán seo a chur i bhfeidhm maidir le heasaontachtaí nach bhfuil ann ach idir dhlíthe na n-aonad sin.
Airteagal 26
Beartas poiblí an fhóraim
Ní fhéadfar diúltú foráil dhlí aon tíre a shonraítear leis an Rialachán seo a chur i bhfeidhm ach amháin más follas nach mbeidh an cur i bhfeidhm sin ag luí le beartas poiblí (ordre public) an fhóraim.
Airteagal 27
Gaol le forálacha eile de dhlí an Chomhphobail
Ní dhéanfaidh an Rialachán seo dochar do chur i bhfeidhm forálacha de dhlí an Chomhphobail lena leagfar síos, i dtaca le hábhair áirithe, rialacha easaontachta dlí a bhaineann le hoibleagáidí neamhchonarthacha.
Airteagal 28
Gaol le coinbhinsiúin idirnáisiúnta atá ann
1. Ní dhéanfaidh an Rialachán seo dochar do chur i bhfeidhm coinbhinsiún idirnáisiúnta a mbeidh Ballstát amháin nó níos mó ina bpáirtithe iontu an tráth a nglacfar an Rialachán seo agus lena leagfar síos rialacha easaontachta dlí a bhaineann le hoibleagáidí neamhchonarthacha.
2. Beidh tosaíocht ag an Rialachán seo, áfach, amhail idir Bhallstáit, ar choinbhinsiúin idirnáisiúnta a tugadh i gcrích go heisiach idir dhá Bhallstát nó níos mó sa mhéid go mbaineann na coinbhinsiúin sin le hábhair atá á rialú ag an Rialachán seo.
CAIBIDIL VII
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 29
Liosta coinbhinsiún
1. Faoin 11 Iúil 2008, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na coinbhinsiúin dá dtagraítear in Airteagal 28(1). Tar éis an dáta sin, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi gach séanadh ar na coinbhinsiúin sin.
2. Foilseoidh an Coimisiún in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh laistigh de shé mhí tar éis iad a fháil:
(i) |
liosta na gcoinbhinsiún dá dtagraítear i mír 1; |
(ii) |
na séantaí dá dtagraítear i mír 1. |
Airteagal 30
Clásal athbhreithnithe
1. Tráth nach déanaí ná an 20 Lúnasa 2011, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Beidh tograí chun an Rialachán seo a oiriúnú in éineacht leis an tuarascáil más gá. Áireofar na nithe seo a leanas sa tuarascáil:
(i) |
staidéar ar na héifeachtaí atá ag an dóigh a bpléitear le dlí eachtrannach i ndlínsí éagsúla agus ar a oiread a chuireann cúirteanna sna Ballstáit dlí eachtrannach i bhfeidhm iarbhír de bhun an Rialacháin seo; |
(ii) |
staidéar ar éifeachtaí Airteagal 28 den Rialachán seo i dtaca le Coinbhinsiún na Háige an 4 Bealtaine 1971 maidir leis an dlí is infheidhme maidir le taismí bóthair. |
2. Tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2008, tíolacfaidh an Coimisiún staidéar do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis an staid i réimse an dlí is infheidhme ar oibleagáidí neamhchonarthacha a eascraíonn as sáruithe ar an bpríobháideachas agus ar chearta a bhaineann le pearsantacht, ag cur san áireamh rialacha a bhaineann le saoirse an phreasa agus le saoirse cainte sna meáin, agus na ceisteanna easaontachta dlí a bhaineann le Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (7).
Airteagal 31
Cur i bhfeidhm i dtaca le ham
Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le teagmhais as a n-éireoidh damáiste a tharlóidh tar éis a theacht i bhfeidhm.
Airteagal 32
Dáta cur i bhfeidhm
Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón 11 Eanáir 2009, seachas Airteagal 29, a mbeidh feidhm aige ón 11 Iúil 2008.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát, i gcomhréir leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 11 Iúil 2007.
Thar cheann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
H.-G. PÖTTERING
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. LOBO ANTUNES
(1) IO C 241, 28.9.2004, lch. 1.
(2) Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 6 Iúil 2005 (IO C 157 E, 6.7.2006, lch. 371), Comhsheasamh ón gComhairle an 25 Meán Fómhair 2006 (IO C 289 E, 28.11.2006, lch. 68 agus Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Eanáir 2007 (gan foilsiú fós san Iris Oifigiúil). Rún Reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Iúil 2007 agus Cinneadh ón gComhairle an 28 Meitheamh 2007.
(3) IO C 12, 15.1.2001, lch. 1.
(4) IO C 53, 3.3.2005, lch. 1.
(5) IO L 12, 16.1.2001, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1791/2006 (IO L 363, 20.12.2006, lch. 1).
(6) IO L 178, 17.7.2000, lch. 1.
(7) IO L 281, 23.11.1995, lch. 31.
Dearbhú ón gCoimisiún maidir leis an gClásal athbhreithnithe (Airteagal 30)
Déanfaidh an Coimisiún, tar éis cuireadh a fháil ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle bhfráma Airteagal 30 de Rialachán ‘An Roimh II’ tráth nach déanaí ná Nollaig 2008, staidéar a chur isteach ar an staid i réimse an dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí neamhchonarthacha a eascraíonn as sáruithe príobháideachta agus ceart a bhaineann le pearsantacht. Déanfaidh an Coimisiún gach gné den staid a chur san áireamh agus glacfaidh sé bearta iomchuí más gá.