18.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 253/25


Foilsiú an doiciméid aonair leasaithe tar éis mionleasú a fhormheas de bhun an dara fomhír d’Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012

(2023/C 253/08)

Tá an mionleasú sin formheasta ag an gCoimisiún Eorpach i gcomhréir leis an tríú fomhír d’Airteagal 6(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014 ón gCoimisiún (1).

Is féidir an t-iarratas ar fhormheas an mhionleasaithe sin a cheadú sa bhunachar sonraí eAmbrosia de chuid an Choimisiúin.

DOICIMÉAD AONAIR

‘MEISSNER FUMMEL’

Uimh. AE: PGI-DE-0079-AM01 – 21.4.2022

ATFC ( ) TGFC (X )

1.   Ainm

‘Meißner Fummel’

2.   Ballstát nó tríú tír

An Ghearmáin

3.   Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó ar an táirge bia

3.1.   Cineál táirge

Aicme 2.3. Arán, cístí, cácaí, milseogra, brioscaí agus earraí eile báicéara

3.2.   Tuairisc ar an táirge lena mbaineann an t-ainm in (1)

Is táirge taosráin fadré speisialta é ‘Meißner Fummel’, is é sin císte cuasach aerlíonta ar an méid agus ar an gcruth céanna le builín beag aráin agus tá clúdach taosráin an-tanaí air atá éasca le briseadh. Is iad saill, siúcra, plúr agus salann na comhábhair.

Measctar na comhábhair uile (saill (thart ar 100 g), siúcra, plúr agus salann) chun taos teann a dhéanamh. Déantar píosaí taois a bhfuil meáchan 50-100 g iontu a rolladh amach le go mbeidh siad cruinn agus tanaí, taisrítear leath amháin le huisce nó le hubh, filltear an leath eile agus brúitear na corra go daingean le chéile. Séidtear aer isteach le sop agus bácáiltear an císte ag 240 °C ar feadh 3 nóiméad.

3.3.   Beatha (i gcás táirgí de thionscnamh ainmhíoch amháin) agus amhábhair (i gcás táirgí próiseáilte amháin)

3.4.   Bearta sonracha den táirgeadh nach mór a dhéanamh sa limistéar geografach sainithe

Is sa limistéar geografach a dtugtar tuairisc air i Roinn 4 a dhéantar an próiseas iomlán chun ‘Meißner Fummel’ a tháirgeadh.

3.5.   Sainrialacha maidir le slisniú, grátáil, pacáistiú, etc. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

3.6.   Sainrialacha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

Cuirfear lipéad leis na focail ‘Meißner Fummel g.g.A.’ ar na cineálacha uile pacáistíochta.

4.   Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach

Tá an limistéar geografach tionscnaimh ‘Meißner Fummel’ teoranta do chathair Meißen na Sacsaine.

5.   Nasc leis an limistéar geografach

De réir an fhinscéil, téann an tásc geografach ‘Meißner Fummel’ siar go dtí 1710 agus meastar gur cuid speisialta de chathair Meißen é go dtí an lá inniu. Tagann an t-ainm ó speisialtacht de chuid Meißen a bhfuil clú agus cáil uirthi ar fud na Sacsaine. De réir béaloidis, tá ‘Meißner Fummel’ á bhácáil in Meißner ó bhí Toghthóir Augustus ‘An Láidir’ i réim (1670-1733). Téann an chéad thagairt dhoiciméadach do chíste ó Meißen, a dtugtar ‘Fommel’ air, siar go dtí 1747.

Tá faisnéis faoi ‘Meißner Fummel’ i bhfógraí Chumann Staire Chathair Meißen 1891, rud a léiríonn go raibh sé ina speisialtacht sa chathair chomh fada siar le 1747. Fianaise bhreise ar chlú ‘Meißner Fummel’ is ea go ndéantar an tagairt seo a leanas dó i mbróisiúr ó 1956:

‘Thaistil teachtaire de chuid Thoghthóir na Sacsaine go rialta idir Dresden agus Meißen. Ó tharla gur ól sé an iomarca fíona Meißen, ní raibh sé in ann a bheith ina shuí go seasta i ndiallait a chapall. Dá réir sin, d’ordaigh Toghthóir na Sacsaine, Augustus “An Láidir”, do chuallacht na mbáicéirí in Meißen císte a bhí éasca le briseadh a dhéanamh agus bhí ar an teachtaire an císte slán sin a bhronnadh ar an Toghthóir tar éis dó cuairt a thabhairt ar an gcathair.’

Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta táirge

https://register.dpma.de/DPMAregister/geo/detail.pdfdownload/42319


(1)  IO L 179, 19.6.2014, lch. 17.