|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2026/5114 |
29.9.2026 |
Fógra le haghaidh na ndaoine nádúrtha faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2026/2185 ón gComhairle, agus i Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/2184 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin
(C/2026/5114)
Dírítear aird na ndaoine a luaitear san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle (1), arna leasú le Cinneadh (CBES) 2026/2185 ón gComhairle (2), agus in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle (3), arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/2184 ón gComhairle (4) a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, ar an bhfaisnéis seo a leanas.
Ceanglaítear le hAirteagal 9(2) de Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 nach mór do na daoine sin tuairisc a thabhairt, roimh an 1 Meán Fómhair 2022 nó laistigh de 6 seachtaine tar éis dháta an liostaithe in Iarscríbhinn I, cibé acu is déanaí, faoi na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha laistigh de dhlínse Ballstáit ar leo iad nó atá faoina n-úinéireacht, ina seilbh nó faoina rialú, chuig údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha sin suite. Ní mór dóibh oibriú i gcomhar leis an údarás inniúil maidir le fíorú na faisnéise sin. Aon mhainneachtain na hoibleagáidí sin a urramú, measfar gurb éard atá inti, imchéimniú na mbeart maidir le reo sócmhainní agus acmhainní eacnamaíocha.
Ní mór an fhaisnéis atá le tuairisciú a sheoladh chuig údarás inniúil an Bhallstáit ábhartha, trína shuíomh gréasáin mar a shonraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 (5).
(1) IO L 78, 17.3.2014, lch. 16, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2014/145/oj.
(2) IO L, 2026/2185, 28.9.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/2185/oj.
(3) IO L 78, 17.3.2014, lch. 6, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/269/oj.
(4) IO L, 2026/2184, 28.9.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/2184/oj.
(5) Tá an leagan comhdhlúite is déanaí le fáil ag http://data.europa.eu/eli/reg/2014/269/2026-07-08.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/5114/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)